Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0132

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála agus sa Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, maidir le tuairim fhabhrach i leith an treochláir chuimsithigh a d’fhormheas Rialtas na Seoirsia i ndáil le cur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann le soláthar poiblí agus lena dtugtar aitheantas do thabhairt chun críche chéim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais

COM/2021/132 final

An Bhruiséil,22.3.2021

COM(2021) 132 final

2021/0067(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála agus sa Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, maidir le tuairim fhabhrach i leith an treochláir chuimsithigh a d’fhormheas Rialtas na Seoirsia i ndáil le cur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann le soláthar poiblí agus lena dtugtar aitheantas do thabhairt chun críche chéim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia i ndáil le cumraíocht trádála maidir le cinneadh a bheartaítear a ghlacfar lena dtugtar tuairim fhabhrach i leith an treochláir chuimsithigh a d’fhormheas Rialtas na Seoirsia i ndáil le cur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann le soláthar poiblí agus lena dtugtar aitheantas do thabhairt chun críche chéim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais.

Ina theannta sin, baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia lena ndeonaítear tuilleadh rochtana ar an margadh do na páirtithe faoi mar a fhoráiltear i dTeideal IV den Chomhaontú Comhlachais.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Comhlachais

An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile 1 (‘an Comhaontú’) lena mbunaítear limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála arb é is aidhm dó coinníollacha a leagan síos ar mhaithe le caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála. Áirítear leis sin comhfhogasú céimnitheach na reachtaíochta i réimse an tsoláthair phoiblí. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go hiomlán an 1 Iúil 2016.

2.2.An Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála

Bunaíodh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála le hAirteagal 408(4) den Chomhaontú agus comhlíonann sé na cúraimí a thugtar dó faoi Theideal IV den Chomhaontú, i.e. Trádáil agus Nithe a bhaineann leis an Trádáil.

De réir Airteagal 408(3), beidh an chumhacht ag an gCoiste Comhlachais cinntí a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo. Tá cinntí an Choiste Comhlachais ceangailteach, agus déanfaidh na Páirtithe bearta iomchuí chun iad a chur chun feidhme. Glacann an Coiste Comhlachais a chuid cinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe, agus na nósanna imeachta inmheánacha éagsúla atá i gceist á gcur san áireamh.

2.3.An Chomhairle Comhlachais

Bunaíodh an Chomhairle Comhlachais le hAirteagal 404 den Chomhaontú. Déanann sí maoirseacht agus faireachán ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus déanann sí athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú an Chomhaontaithe i bhfianaise a cuid cuspóirí. I dteannta maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe sin, scrúdóidh an Chomhairle Comhlachais aon saincheist mhór a thiocfaidh chun cinn faoi chuimsiú an Chomhaontaithe, agus aon saincheist dhéthaobhach nó idirnáisiúnta eile a bhaineann leis an leas frithpháirteach.

De réir Airteagal 406 den Chomhaontú, beidh an chumhacht ag an gComhairle Comhlachais cinntí a dhéanamh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe, agus beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe. Go háirithe, ordaítear le Airteagal 419(5) go gcinnfidh an Chomhairle Comhlachais an margadh a oscailt a thuilleadh faoi mar a fhoráiltear don mhéid sin i dTeideal IV, faoi na cumhachtaí a thugtar di in Airteagail 406 agus 408, má chomhaontaíonn na Páirtithe gur cuireadh na bearta is gá a chumhdaítear le Teideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann leis an Trádáil) den Chomhaontú, gur cuireadh na bearta sin chun feidhme agus go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm.

Tá cinntí na Comhairle Comhlachais ceangailteach, agus déanfaidh na Páirtithe bearta iomchuí chun iad a chur chun feidhme. Glacann an Chomhairle Comhlachais a cuid cinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe, tar éis dóibh a gcuid nósanna imeachta inmheánacha féin a thabhairt chun críche.

2.4.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe tuairim fhabhrach a thabhairt i leith an treochláir chuimsithigh um athchóiriú a rinneadh le déanaí i réimse an tsoláthair phoiblí a d’fhormheas rialtas na Seoirsia, agus tabhairt chun críche chéim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú a aithint (Sceideal Ama Táscach maidir le hAthchóiriú Institiúideach, Comhfhogasú agus Rochtain ar an Margadh).

In Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas agus an tSeoirsia, leagtar síos na ceanglais seo a leanas maidir le céim 1 a thabhairt chun críche:

·Airteagal 143(2) agus Airteagal 144 den Chomhaontú sin a chur chun feidhme

·An Straitéis Athchóirithe a leagtar amach in Airteagal 145 den Chomhaontú sin a chomhaontú.

Maidir leis an gcéad cheanglas, luaitear in Airteagal 143(2) go n‑ainmneoidh an tSeoirsia an méid seo a leanas go háirithe:

·comhlacht feidhmiúcháin ar leibhéal an rialtais láir a bhfuil sé de chúram air beartas comhleanúnach a ráthú agus a chur chun feidhme i ngach réimse a bhaineann le soláthar poiblí. Déanfaidh an comhlacht sin cur chun feidhme na Caibidle seo a éascú agus a chomhordú agus treoróidh sé an próiseas maidir le comhfhogasú céimnitheach do acquis an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú sin;

·comhlacht neamhchlaonta neamhspleách a mbeidh sé de chúram air athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí arna ndéanamh ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis chonarthacha le linn conarthaí a dhámhachtain. Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn ‘neamhspleách’ go mbeidh an comhlacht sin ina údarás poiblí ar leithligh ó gach eintiteas conarthach agus gach oibreoir eacnamaíoch. Beifear in ann na cinntí a dhéanfaidh an comhlacht sin a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

Cuireadh na bearta sin i gcrích an 23 Aibreán 2014 le Foraithne Rialtais 306 agus an 2 Iúil 2020 le Dlí Uimh. 6730 na Seoirsia faoi seach.

De réir Airteagal 144, comhlíonfaidh na Páirtithe sraith bunchaighdeán maidir le dámhachtain na gconarthaí go léir faoi mar a shonraítear i míreanna 2 go 15 den Airteagal seo maidir le foilsiú, dámhachtain conarthaí agus cosaint bhreithiúnach. Eascraíonn na bunchaighdeáin sin go díreach ó rialacha agus prionsabail an tsoláthair phoiblí, faoi mar atá siad á rialú in acquis soláthair phoiblí an Aontais, lena n‑áirítear prionsabail an neamh‑idirdhealaithe, na córa comhionainne, na trédhearcachta agus na comhréireachta.

Ionchorpraíodh na prionsabail sin i rialacha soláthair phoiblí na Seoirsia nuair a tugadh isteach córas ríomhsholáthair in 2010 agus nuair a glacadh Dlí 617 na Seoirsia an 6 Aibreán 2017 lena leasaítear an Dlí maidir le Soláthar Stáit.

Maidir leis an dara ceanglas i gcéim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B, is gá treochlár faoi mar a leagtar amach in Airteagal 145 den Chomhaontú a fhormheas. Foráiltear le hAirteagal 145(1) den Chomhaontú Comhlachais go ndéanfaidh an tSeoirsia, sula dtosófar ar chomhfhogasú céimnitheach, treochlár cuimsitheach a chur faoi bhráid an Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála maidir le Caibidil 8 de Theideal IV den Chomhaontú a chur chun feidhme, treochlár ina mbeidh sceidil ama agus garspriocanna. Áireofar sa doiciméad sin, doiciméad a chomhlíonfaidh na céimeanna agus na sceidil ama a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI de réir an Chomhaontaithe Comhlachais, áireofar gach athchóiriú ann maidir le comhfhogasú do acquis an Aontais agus fothú acmhainneachta institiúidí.

An 31 Márta 2016, d’fhormheas Rialtas na Seoirsia Foraithne Uimh. 536 ó Rialtas na Seoirsia i ndáil le formheas an Treochláir ‘Maidir leis na hathruithe atá pleanáilte i réimse an tSoláthair Phoiblí arna mbeartú i gcomhréir leis na hoibleagáidí idir an tSeoirsia agus an tAontas laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála’. Modhnaíodh an fhoraithne sin le Foraitheanta Rialtais Uimh. 154 an 22 Eanáir 2018 agus Uimh. 974 an 12 Meitheamh 2020. Comhlíonann an Treochlár ceanglais Airteagal 145(1).

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 145(2) den Chomhaontú, lena bhforáiltear ‘go measfar gurb é an treochlár an doiciméad tagartha chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme tar éis tuairim fhabhrach ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála. Déanfaidh an tAontas a dhícheall chun cabhrú leis an tSeoirsia agus an treochlár á chur chun feidhme.’ De réir Airteagal 146(3) má aithnítear tabhairt chun críche chéim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B féadfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le gcumraíocht Trádála dul ar aghaidh chuig an meastóireacht ar an gcéad chéim eile.

2.5.An cinneadh atá beartaithe ag an gComhairle Comhlachais maidir le rochtain ar an margadh

Tar éis tabhairt chun críche chéim 1 a aithint, cinnfidh an Chomhairle Comhlachais, i gcomhréir le hAirteagal 146(2) agus 419(5) agus an sceideal maidir le hathchóiriú institiúideach, comhfhogasú agus rochtain ar an margadh atá in Iarscríbhinn XVI-B, cinnfidh sé rochtain chómhalartach ar an margadh a dheonú le haghaidh soláthairtí d’údaráis rialtais láir.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála, is é is aidhm dó tuairim fhabhrach a thabhairt i leith an treochláir a d’fhormheas rialtas na Seoirsia maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann le soláthar poiblí.

Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an togra a aithint go bhfuil céim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B den Chomhaontú (Sceideal Ama Táscach maidir le hAthchóiriú Institiúideach, Comhfhogasú agus Rochtain ar an Margadh) tugtha chun críche ag an tSeoirsia tríd an straitéis chuimsitheach athchóirithe a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 145 agus trí chur chun feidhme Airteagail 143(2) agus 144 den Chomhaontú a aithint.

De réir Airteagal 145(2) den Chomhaontú, tar éis tuairim fhabhrach ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála, ionchorprófar an treochlár mar dhoiciméad tagartha le haghaidh Chaibidil 8 de Theideal IV den Chomhaontú Comhlachais a chur chun feidhme.

An seasamh atá an Chomhairle Comhlachais le glacadh thar ceann an Aontais, is é is aidhm dó cinneadh a dhéanamh maidir le tuilleadh rochtana ar an margadh a dheonú do na páirtithe faoi mar a fhoráiltear don mhéid sin i dTeideal IV den Chomhaontú.

Ba cheart na cinntí sin a mheas i gcomhthéacs níos leithne na n‑iarrachtaí a rinne an tAontas agus an tSeoirsia chun a gcuid reachtaíochta a chomhfhogasú, lena n‑áirítear i réimse an tsoláthair phoiblí, d’fhonn coinníollacha a leagan síos ar mhaithe le caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’ 2 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a cuireadh ar bun le comhaontú, eadhon an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát de pháirt amháin, agus an tSeoirsia den pháirt eile.

An gníomh a iarrtar ar an gComhairle Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 408(3) den Chomhaontú.

An cinneadh ón gComhairle Comhlachais rochtain chómhalartach ar an margadh a dheonú, beidh éifeachtaí dlíthiúla aige i gcríocha na sínitheoirí, de bhun Airteagal 406(1) den Chomhaontú,

Ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú de thoradh na ngníomhartha atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach leis an gcinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus ar ina leith atáthar ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, mar atá an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe le cur chun feidhme chomhbheartas tráchtála an Aontais a áirithiú.

Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) de CFAE an bunús substainteach dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gcinneadh atáthar a bheartú.

5.Foilsiú na ngníomhartha atá beartaithe

De réir Airteagal 145(2), leis an ngníomh ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála déanfar an treochlár a d’fhormheas údaráis na Seoirsia a ionchorprú mar dhoiciméad tagartha le haghaidh Chaibidil 8 de Theideal IV den Chomhaontú, agus aithnítear leis an ngníomh sin tabhairt chun críche chéim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B (Sceideal Ama Táscach maidir le hAthchóiriú Institiúideach, Comhfhogasú agus Rochtain ar an Margadh). Beidh cearta agus oibleagáidí ag gabháil leis an gcinneadh ón gComhairle Comhlachais rochtain chómhalartach ar an margadh a dheonú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na gníomhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a nglactha.

2021/0067 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála agus sa Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, maidir le tuairim fhabhrach i leith an treochláir chuimsithigh a d’fhormheas Rialtas na Seoirsia i ndáil le cur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann le soláthar poiblí agus lena dtugtar aitheantas do thabhairt chun críche chéim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinne an tAontas an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile 3 (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE) 2016/838 ón gComhairle 4 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)Le hAirteagal 145(1) den Chomhaontú ordaítear gur cheart don tSeoirsia treochlár cuimsitheach a chur faoi bhráid an Choiste Comhlachais i ndáil le Cumraíocht Trádála maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann le soláthar poiblí, treochlár ina mbeadh sceidil ama agus garspriocanna, agus ar cheart gach athchóiriú ó thaobh comhfhogasú reachtach do acquis an Aontais a chuimsiú ann.

(3)De bhun Airteagal 145(2) den Chomhaontú, tá gá le tuairim fhabhrach ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála ionas go ndéanfar doiciméad tagartha le haghaidh an phróisis cur chun feidhme den treochlár cuimsitheach, mar atá le haghaidh chomhfhogasú reachtach na reachtaíochta a bhaineann le soláthar poiblí do acquis an Aontais.

(4)I gcomhréir le hAirteagal 146(2) den Chomhaontú, tá an comhfhogasú do acquis an Aontais le déanamh i gcéimeanna leantacha faoi mar a leagtar amach sa sceideal in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú. Cur chun feidhme gach céime díobh, ba cheart don Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála meastóireacht a dhéanamh air, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 408(4) den Chomhaontú, agus tar éis measúnú dearfach ón gCoiste sin ba cheart é a nascadh le deonú cómhalartach rochtana ar an margadh, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú.

(5)Tá an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála le cinneadh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2014 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia an 17 Samhain 2014 maidir le rialacha nós imeachta, cinneadh lena dtabharfar tuairim maidir leis an treochlár a d’fhormheas údaráis na Seoirsia chomh maith le measúnú ar chomhfhogasú dhlí na Seoirsia do dhlí an Aontais go dtí seo i dtabhairt chun críche chéim 1 faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú. D’fhormheas Rialtas na Seoirsia an treochlár i bhForaithne Uimh. 536 an 31 Márta 2016 ó Rialtas na Seoirsia i ndáil le formheas an Treochláir ‘Maidir leis na hathruithe atá pleanáilte i réimse an tSoláthair Phoiblí arna mbeartú i gcomhréir leis na hoibleagáidí idir an tSeoirsia agus an tAontas laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála’, arna leasú le Foraitheanta Uimh. 154 an 22 Eanáir 2018 agus Uimh. 974 an 12 Meitheamh 2020 ó Rialtas na Seoirsia.

(6)Tar éis tabhairt chun críche chéim 1 a aithint, ba cheart don Chomhairle Comhlachais cinneadh a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2014 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia an 17 Samhain 2014 maidir le rialacha nós imeachta, i ndáil le rochtain chómhalartach ar an margadh a dheonú, i gcomhréir le hIarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú, le haghaidh soláthairtí d’údaráis rialtais láir.

(7)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála agus sa Chomhairle Comhlachais, is iomchuí an seasamh sin a leagan síos, ó tharla go mbeidh na cinntí atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála maidir leis an treochlár cuimsitheach a d’fhormheas Rialtas na Seoirsia, agus le tabhairt chun críche chéim 1 faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, bunófar é ar an dréacht‑Chinneadh ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála atá i gceangal leis an gCinneadh seo in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais maidir le rochtain chómhalartach ar an margadh a dheonú i gcomhréir le hIarscríbhinn XVI-B, bunófar é ar an dréacht‑Chinneadh ón gComhairle Comhlachais atá i gceangal leis an gCinneadh seo in Iarscríbhinn II.

Airteagal 3

An Cinneadh ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála dá dtagraítear in Airteagal 1 agus an Cinneadh ón gComhairle Comhlachais dá dtagraítear in Airteagal 2, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a nglactha.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 261, 30.8.2014, lch. 744.
(2)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(3)    IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.
(4)    Cinneadh (AE) 2016/838 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 141, 28.5.2016, lch. 26).
Top

An Bhruiséil,22.3.2021

COM(2021) 132 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála agus sa Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, maidir le tuairim fhabhrach i leith an treochláir chuimsithigh a d’fhormheas Rialtas na Seoirsia i ndáil le cur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann le soláthar poiblí agus lena dtugtar aitheantas do thabhairt chun críche chéim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais


IARSCRÍBHINN I

Cinneadh Uimh .../2021 ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála

an xx.xx.2021

maidir leis an measúnú dearfach ar chéim 1 a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile

AN COISTE COMHLACHAIS I nDÁIL LE CUMRAÍOCHT TRÁDÁLA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 146 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), síníodh é an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)I mBrollach an Chomhaontaithe aithnítear tiomantas na Seoirsia dá cuid reachtaíochta a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais sna hearnálacha ábhartha, i gcomhréir leis an gComhaontú, agus dá cuid reachtaíochta a chur chun feidhme go héifeachtach, rud a rannchuideoidh le comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch na Seoirsia leis an Aontas a dhéanamh níos dlúithe i gcás shaoránaigh uile na Seoirsia, lena n‑áirítear na pobail atá deighilte de bharr coimhlinte.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 147 den Chomhaontú, comhaontaíonn na Páirtithe gur de réir a chéile agus go comhuaineach a bhainfear amach oscailt éifeachtach chómhalartach a margadh.

(4)De bhun Airteagal 146 den Chomhaontú, ba cheart don tSeoirsia a áirithiú go ndéanfar a cuid reachtaíochta maidir le soláthar poiblí a chomhfhogasú de réir a chéile do acquis soláthair phoiblí an Aontais, agus gur ina chéimeanna leantacha a dhéanfar comhfhogasú do acquis an Aontais, faoi mar a leagtar amach sa sceideal in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú arna leasú le Cinneadh Uimh. 2/2019 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia i ndáil le cumraíocht Trádála an 18 Deireadh Fómhair 2019 1 .

(5)I gcomhréir le hAirteagal 146 den Chomhaontú, déanfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála cinneadh maidir le gach ceann de na céimeanna a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú ar bhonn measúnú dearfach ón gCoiste sin.

(6)In Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú arna leasú le Cinneadh Uimh. 2/2019 ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála an 18 Deireadh Fómhair 2019, leagtar síos na ceanglais atá le comhlíonadh ag an tSeoirsia maidir le céim 1 a thabhairt chun críche,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tugtar tuairim fhabhrach i leith an treochláir chuimsithigh a d’fhormheas Rialtas na Seoirsia i bhForaithne Uimh. 536 an 31 Márta 2016 ó Rialtas na Seoirsia ‘Maidir leis na hathruithe atá pleanáilte i réimse an tSoláthair Phoiblí arna mbeartú i gcomhréir leis na hoibleagáidí idir an tSeoirsia agus an tAontas laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála’, arna leasú le Foraitheanta Uimh. 154 an 22 Eanáir 2018 agus Uimh. 974 an 12 Meitheamh 2020 ó Rialtas na Seoirsia.

Airteagal 2

Céim 1 a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú, tugtar measúnú dearfach maidir leis an tSeoirsia an chéim sin a thabhairt chun críche bunaithe ar na cúiseanna a thugtar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tá an cinneadh seo leagtha síos i mBéarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Seoirsis, agus comhúdarás ag gach ceann de na teangacha sin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh in/sa …

Thar ceann an Choiste Comhlachais

i ndáil le cumraíocht Trádála

An Cathaoirleach

Na rúnaithe

IARSCRÍBHINN

I gcomhréir le hIarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, iarscríbhinn dá dtagraítear i gCaibidil 8 den Chomhaontú sin maidir le soláthar poiblí, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas chun céim 1 a thabhairt chun críche:

(1)Airteagal 143(2) agus Airteagal 144 den Chomhaontú a chur chun feidhme;

(2)An Straitéis Athchóirithe a leagtar amach in Airteagal 145 den Chomhaontú a chomhaontú.

Ad 1) a) Maidir leis an gcéad chuid den chéad cheanglas, luaitear in Airteagal 143(2) go ‘n‑ainmneoidh an tSeoirsia an méid seo a leanas go háirithe:

(a)comhlacht feidhmiúcháin ar leibhéal an rialtais láir a bhfuil sé de chúram air beartas comhleanúnach a ráthú agus a chur chun feidhme i ngach réimse a bhaineann le soláthar poiblí. Déanfaidh an comhlacht sin cur chun feidhme na Caibidle seo a éascú agus a chomhordú agus treoróidh sé an próiseas maidir le comhfhogasú céimnitheach do acquis an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú;

(b)comhlacht neamhchlaonta neamhspleách a mbeidh sé de chúram air athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí arna ndéanamh ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis chonarthacha le linn conarthaí a dhámhachtain. Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn ‘neamhspleách’ go mbeidh an comhlacht sin ina údarás poiblí ar leithligh ó gach eintiteas conarthach agus gach oibreoir eacnamaíoch. Beifear in ann na cinntí a dhéanfaidh an comhlacht sin a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach.’

An ceanglas maidir le hAirteagal 143(2)(a), cuireadh i gcrích é an 23 Aibreán 2014 le Foraithne Rialtais Uimh. 306.

Gníomhaireacht Soláthair Stáit (SPA) na Seoirsia, sin é an comhlacht feidhmiúcháin lárnach ar leibhéal rialtais láir na Seoirsia ar a gcuirtear de chúram beartas comhleanúnach a ráthú agus a chur chun feidhme i ngach réimse a bhaineann le soláthar poiblí. Eintiteas dlíthiúil neamhspleách faoin dlí poiblí atá in SPA, eintiteas atá údaraithe le comhlíonadh agus comhall fhorálacha an Dlí maidir le Soláthar Stáit (PPL) a áirithiú.

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Soláthair Stáit le Foraithne Uimh. 223 an 5 Meitheamh 2001 ó Uachtarán na Seoirsia, rud a bhí bunaithe ar PPL a ghlac Parlaimint na Seoirsia an 9 Nollaig 1998. Rinneadh SPA a chumasc le Gníomhaireacht Iomaíochta na Seoirsia (GCA) tráth níos déanaí. Tar éis an Comhaontú Comhlachais a shíniú, roinneadh SPA agus CGA ina dhá n‑institiúid ar leith ar mhaithe le ceanglais an Chomhaontaithe um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a chomhlíonadh go hiomlán. Dá réir sin, cinneadh stádas reatha SPA le Foraithne Uimh. 306 an 23 Aibreán 2014 ó Rialtas na Seoirsia.

Rialaítear gníomhaíochtaí SPA le Bunreacht na Seoirsia, le comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an Comhaontú Comhlachais/an Comhaontú um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, le Dlí SPA agus le Reacht SPA. Is é Rialtas na Seoirsia a chuireann rialú stáit ar ghníomhaíochtaí SPA chun feidhme. Ina theannta sin déanann Rialtas na Seoirsia struchtúr agus Reacht SPA a fhormheas.

Is é an Príomh‑Aire a dhéanann cathaoirleach SPA a cheapadh agus a chur as oifig.

Is i gcomhréir leis an gCód Saothair a earcaítear foireann SPA agus a thugtar ardú céime dóibh. Is é 123 an líon iomlán foirne buaine atá ann faoi láthair, agus tá 22 fhostaí ann atá fostaithe ar bhonn conartha ar feadh tréimhse theoranta – is cosúil gur leor an líon sin i bhfianaise na bhfeidhmeanna atá ar bun ag SPA faoi láthair.

Tá dea-cháil bainte amach ag SPA laistigh de riarachán rialtas na Seoirsia, agus i measc Institiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais, an phobail deontóirí agus páirtithe leasmhara idirnáisiúnta, as a chuid dualgas agus freagrachtaí a fheidhmiú ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach. Oibleagáidí an Chomhaontaithe um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, imríonn SPA ról lárnach maidir le cur chun feidhme na n‑oibleagáidí sin a éascú agus a chomhordú, agus treoraíonn sé próiseas an chomhfhogasaithe chéimnithigh do acquis an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála. Tá an cumas ag SPA tacú go héifeachtach le forbairt an chórais soláthair phoiblí (lena n‑áirítear an tírdhreach agus an t‑éiceachóras iomlán dlíthiúil) sa tSeoirsia.

Leis an raon feidhmeanna a thugann an Dlí do SPA, cumhdaítear na ceanglais ghinearálta a mholtar sa chleachtas idirnáisiúnta d’institiúidí den sórt sin ionas go dtacaítear le feabhsú an chreata dhlíthiúil agus go neartaítear an acmhainn oibríochtúil ar leibhéal na n‑údarás conarthach agus na n‑oibreoirí eacnamaíocha. Déanann SPA an fheidhm rialála, an fheidhm faireacháin, agus feidhmeanna deisce chabhraigh agus oiliúna a fheidhmiú go leordhóthanach.

Is iad seo a leanas feidhmeanna breise SPA:

·Faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas soláthair phoiblí;

·Foghníomhartha normatacha a ullmhú agus a eisiúint chun an próiseas soláthair phoiblí a rialú;

·Staidéar agus anailís a dhéanamh ar an gcás atá ann sa chóras soláthair bunaithe ar na tuarascálacha a fhaightear ó údaráis chonarthacha, agus tograí a chur faoi bhráid Rialtas na Seoirsia chun cinntí ábhartha a dhéanamh;

·Cláir oiliúna agus uirlisí modheolaíochta caighdeánacha agus speisialta a ullmhú, agus seimineáir agus oiliúint a reáchtáil d’údaráis féinrialaithe lárnacha agus áitiúla, d’ionadaithe na mórmheán agus do dhaoine leasmhara eile;

·Bunachar sonraí aontaithe um sholáthar a chruthú, a thabhairt cothrom le dáta agus a mhaoirsiú;

·Seirbhísí comhairleacha a sholáthar d’údaráis chonarthacha;

·Tacú le teicneolaíochtaí nua-aimseartha faisnéise agus cumarsáide a thabhairt isteach sa chóras soláthair;

·Tacú le feidhmiú Chóras Leictreonach Aontaithe an tSoláthair Phoiblí agus sreabhadh leictreonach doiciméad a áirithiú le linn imeachtaí soláthair;

·Díospóidí a thagann chun cinn le linn soláthair a mheas;

·Maoirseacht a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na nósanna imeachta soláthair agus an beartas maidir le rialú imeachtaí soláthair a chinneadh;

·An Liosta Dubh agus an Liosta Bán a choinneáil ar bun;

·Réad soláthair a shainaithint agus/nó a chomhtháthú sa chóras aicmithe;

·Tairiscintí comhdhlúite a dhéanamh le haghaidh réada soláthair áirithe;

·Tuarascáil bhliantúil maidir lena ghníomhaíochtaí a ullmhú agus í a chur faoi bhráid Rialtas na Seoirsia faoin 15 Bealtaine gach bliain, agus an tuarascáil a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin SPA.

An ceanglas maidir le hAirteagal 143(2)(b), cuireadh i gcrích é an 2 Iúil 2020 le Dlí Uimh. 6730 na Seoirsia.

Leis an dlí sin, cuireadh deireadh leis an iarchomhlacht athbhreithnithe, mar atá an ‘Chomhairle um Réiteach Díospóidí’ (aistriúchán foirmiúil ón tSeoirsis), agus bunaíodh comhlacht poiblí neamhspleách neamhchlaonta nua. Feidhmeoidh an comhlacht riaracháin nuabhunaithe mar chomhlacht athbhreithnithe maidir le gearáin i ndáil le soláthar poiblí, Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí agus gníomhaíochtaí lamháltais. Bhí feidhm ag na leasuithe freisin maidir le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí a dhámhachtain trí sholáthar ‘simplithe’ (díreach, foinse aonair), e.g. maidir leis an nós imeachta chun formheas a lorg ón nGníomhaireacht Soláthair Stáit le haghaidh idirbhearta soláthair phoiblí a dhéanamh trí sholáthar ‘simplithe’ ach a dtiocfadh ‘riachtanas práinneach’ i gceist.

Le forálacha Dhlí Uimh. 6730 na Seoirsia an 2 Iúil 2020 foráiltear do ráthaíochtaí iomchuí maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, ráthaíochtaí a cheanglaítear le hAirteagal 143(2)(b) den Chomhaontú.

Ad 1) b) Maidir leis an dara cuid den chéad cheanglas, de réir Airteagal 144 comhlíonfaidh na Páirtithe sraith bunchaighdeán maidir le dámhachtain na gconarthaí go léir faoi mar a ordaítear i míreanna 2 go 15 den Airteagal sin maidir le foilsiú, dámhachtain conarthaí agus cosaint bhreithiúnach. Eascraíonn na bunchaighdeáin sin go díreach ó rialacha agus prionsabail an tsoláthair phoiblí, faoi mar atá siad á rialú in acquis soláthair phoiblí an Aontais, lena n‑áirítear prionsabail an neamh‑idirdhealaithe, na córa comhionainne, na trédhearcachta agus na comhréireachta.

Ionchorpraíodh na prionsabail sin i rialacha soláthair phoiblí na Seoirsia nuair a tugadh isteach córas ríomhsholáthair in 2010 agus nuair a glacadh an leasú ar an Dlí Soláthair Phoiblí a rinneadh le Dlí Uimh. 617 na Seoirsia an 6 Aibreán 2017.

In 2010, thug an tSeoirsia córas ríomhsholáthair isteach tríd an ‘GE-GP’ a chruthú, mar a thugtar air – ‘Córas Leictreonach Aontaithe na Seorsia um Sholáthar Poiblí’. Ó tugadh isteach an córas ríomhsholáthair, is trí ríomhsholáthar a dhéantar 100 % den soláthar poiblí sa tSeoirsia, rud a áirithíonn go bhfuil trédhearcacht ann agus a spreagann iomaíocht. Tá trédhearcacht an chórais ríomhsholáthair ag teacht go hiomlán le ceanglais an Aontais maidir le prionsabail an fhoilsithe, toisc go bhfuil an fhaisnéis ar fad faoi fhógraí tairisceana agus faoi dhámhachtain conarthaí go hiomlán trédhearcach gan aon srian..

Chun cuid de na bunchaighdeáin eile atá in Airteagal 144 den Chomhaontú a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh PPL, d’ullmhaigh SPA dréachtleasuithe ar PPL. Na leasuithe a moladh, d’fhormheas Rialtas na Seoirsia cheana iad i Nollaig 2016 agus chuir sé ar aghaidh chuig Parlaimint na Seoirsia iad ina dhiaidh sin. Ghlac Parlaimint na Seoirsia na leasuithe sin an 6 Aibreán 2017 le Dlí Uimh. 617 na Seoirsia. Bhain na leasuithe leis na treoracha ríthábhachtacha seo a leanas: (a) bunphrionsabail; (b) sonraíochtaí teicniúla; agus (c) teorainneacha ama.

(a)Bhí Airteagal 2(c) agus Airteagal 13 de PPL i gceist leis an leasú ar PPL, agus na hairteagail sin leasaithe chun prionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta a thabhairt isteach, prionsabail nach raibh luaite go sainráite sa Dlí.

(a)Bhí Airteagal 12-1(6) de PPL i gceist leis an leasú ar PPL, agus an t‑airteagal sin leasaithe chun úsáid tuarascála ginearálta ar chritéir feidhmíochta, theicniúla agus/nó fheidhmiúla, chun a húsáid sin a thabhairt isteach maidir le saintréithe na n‑oibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí is gá a shainiú. De bhun na forála nua, beidh údaráis chonarthacha in ann sonraíochtaí a tharraingt suas ar bhonn critéir feidhmíochta, theicniúla agus/nó fheidhmiúla, agus ar an gcaoi sin fágfaidh an fhoráil go mbeifear in ann tairiscintí a chur isteach a léiríonn éagsúlacht na réiteach teicniúil sa mhargadh. Sonraíodh gur do na critéir feidhmíochta agus fheidhmiúla a thabharfar tús áit agus na ceanglais tairisceana á dtarraingt suas;

(b)Tugadh isteach leis an leasú tréimhsí ama réasúnta maidir leis an nglao ar thairiscintí agus le dul i dtaithí ar na téarmaí tairisceana.

Tháinig na leasuithe sin ar PPL i bhfeidhm an 19 Iúil 2017. Ina theannta sin méadaíodh leis na leasuithe nua na teorainneacha ama atá ann chun tairiscintí a chur isteach faoi bhun thairseacha an Aontais. Faoi láthair is iad seo a leanas na teorainneacha ama atá ann le haghaidh gach cineáil nós imeachta, faoi bhun thairseacha an Aontais agus os a gcionn:

An Cineál Nós Imeachta

An Réad

An Tairseach Airgeadaíochta

Na Teorainneacha ama

Tairiscint Leictreonach

Conarthaí soláthairtí agus seirbhísí

Ó 5 000 GEL go 150 000 GEL

7 lá

150 000 GEL agus níos mó

10 lá

Conarthaí oibreacha

Ó 5 000 GEL go 300 000 GEL

10 lá

300 000 GEL agus níos mó

20 lá

Os cionn Thairseacha an Aontais

Conarthaí soláthairtí agus seirbhísí

135 000 EUR agus níos mó

30 lá

Conarthaí oibreacha

5 225 000 EUR agus tuilleadh

Ad 2) Maidir leis an dara ceanglas de chuid chéim I a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú, is gá treochlár faoi mar a leagtar amach in Airteagal 145 den Chomhaontú a fhormheas. Foráiltear le hAirteagal 145(1) den Chomhaontú go ndéanfaidh an tSeoirsia, sula dtosófar ar chomhfhogasú céimnitheach, treochlár cuimsitheach a chur faoi bhráid an Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála maidir le Caibidil 8 de Theideal IV den Chomhaontú a chur chun feidhme, treochlár ina mbeidh sceidil ama agus garspriocanna. Áireofar sa doiciméad sin, doiciméad a chomhlíonfaidh na céimeanna agus na sceidil ama a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI de réir an Chomhaontaithe, áireofar gach athchóiriú ann maidir le comhfhogasú do acquis an Aontais agus fothú acmhainneachta institiúidí.

An 31 Márta 2016, d’fhormheas Rialtas na Seoirsia Foraithne Uimh. 536 i ndáil le formheas an Treochláir ‘Maidir leis na hathruithe atá pleanáilte i réimse an tSoláthair Phoiblí arna mbeartú i gcomhréir leis na hoibleagáidí idir an tSeoirsia agus an tAontas laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála’. Leasaíodh an Fhoraithne sin le Foraitheanta Rialtais Uimh. 154 an 22 Eanáir 2018 agus Uimh. 974 an 12 Meitheamh 2020.

Cuimsítear sa treochlár sin na hathchóirithe go léir maidir le comhfhogasú do acquis an Aontais agus le fothú acmhainneachta institiúidí, agus comhlíonann an treochlár na céimeanna agus na sceidil ama a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú i gcomhréir le hAirteagal 145 den Chomhaontú. 

IARSCRÍBHINN II

Cinneadh Uimh .../2021 ón gComhairle Comhlachais idir AN tAONTAS AGUS AN tSEOIRSIA

an xx.xx.2021

maidir le rochtain chómhalartach ar an margadh a dheonú le haghaidh soláthairtí d’údaráis rialtais láir i gcomhréir le Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile

TÁ AN CHOMHAIRLE COMHLACHAIS,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagail 146, 406 agus Airteagal 419(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), síníodh é an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)I mBrollach an Chomhaontaithe aithnítear tiomantas na Seoirsia dá cuid reachtaíochta a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais sna hearnálacha ábhartha, i gcomhréir leis an gComhaontú, agus dá cuid reachtaíochta a chur chun feidhme go héifeachtach, rud a rannchuideoidh le comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch na Seoirsia leis an Aontas a dhéanamh níos dlúithe i gcás shaoránaigh uile na Seoirsia, lena n‑áirítear na pobail atá deighilte de bharr coimhlinte.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 147 den Chomhaontú, comhaontaíonn na Páirtithe gur de réir a chéile agus go comhuaineach a bhainfear amach oscailt éifeachtach chómhalartach a margadh.

(4)De bhun Airteagal 146 den Chomhaontú, ba cheart don tSeoirsia a áirithiú go ndéanfar a cuid reachtaíochta maidir le soláthar poiblí a chomhfhogasú de réir a chéile do acquis soláthair phoiblí an Aontais, agus gur ina chéimeanna leantacha a dhéanfar comhfhogasú do acquis an Aontais, faoi mar a leagtar amach sa sceideal in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú arna leasú le Cinneadh Uimh. 2/2019 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia i ndáil le cumraíocht trádála an 18 Deireadh Fómhair 2019 2 . I gcomhréir le Cinneadh [1/2021 tbc] ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála an [dáta], tá measúnú dearfach tugtha ag an gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála maidir leis an tSeoirsia céim 1 a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt chun críche

(5)I gcomhréir le hAirteagal 419(5) den Chomhaontú, ba cheart don Chomhairle Comhlachais, faoi na cumhachtaí a thugtar di in Airteagail 406 agus 408 den Chomhaontú, cinneadh a dhéanamh maidir leis an margadh a oscailt a thuilleadh i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin i dTeideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann leis an Trádáil) den Chomhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo deonaítear rochtain chómhalartach ar an margadh le haghaidh soláthar poiblí soláthairtí ag údaráis rialtais láir san Aontas Eorpach don tSeoirsia agus le haghaidh soláthar poiblí soláthairtí ag údaráis rialtais láir na Seoirsia chuig an Aontas Eorpach sna críocha a shonraítear in Airteagal 429 den Chomhaontú.

Airteagal 2

Tá an cinneadh seo leagtha síos i mBéarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Seoirsis, agus comhúdarás ag gach ceann de na teangacha sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh in/sa …

Thar ceann na Comhairle Comhlachais

An Cathaoirleach

Na rúnaithe

(1)    IO L 296, 15.11.2019, lch. 33.
(2)    IO L 296, 15.11.2019, lch. 33.
Top