Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0099

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le Rialachán a ghlacadh lena mbunaítear an clár ‘Custaim’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim

COM/2021/99 final

An Bhruiséil,2.3.2021

COM(2021) 99 final

2018/0232(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis

an seasamh ón gComhairle i dtaca le Rialachán a ghlacadh lena mbunaítear an clár ‘Custaim’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim


2018/0232 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis

an seasamh ón gComhairle i dtaca le Rialachán a ghlacadh lena mbunaítear an clár ‘Custaim’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim

1.Cúlra

An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2018) 442 final – 2018/0232 COD):

8 Meitheamh 2018

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

17 Deireadh Fómhair 2018

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

16 Aibreán 2019

An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:

Ní bhaineann le hábhar

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

1 Márta 2021

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Cuidíonn údaráis chustaim le leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint, agus, sa ról atá acu mar chaomhnóirí theorainn sheachtrach AE d'earraí, cosnaíonn siad an pobal ar bhagairtí sceimhlitheoireachta, sláinte, comhshaoil agus ar bhagairtí eile. Ó 2016 i leith, is é Cód Custaim an Aontais an creat custaim dlíthiúil nua. Is iad príomhspriocanna Chód Custaim an Aontais deireadh a chur le nósanna imeachta páipéarbhunaithe agus digitiú idirghníomhaíochtaí idir lucht trádála agus custaim. Níl ach aon bhealach amháin chun Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme ina iomláine, is é sin dlúthchomhar oibríochtúil idir lucht riaracháin custaim na mBallstát, eatarthu féin agus údaráis eile, le lucht trádála agus tríú páirtithe eile.

Leis an gclár atá beartaithe, is é sin an clár a thiocfaidh i gcomharbacht ar an gclár Custam 2020, tacófar le comhar i réimse an chustaim.

Déanfar comhar custaim agus fothú acmhainneachta a chnuasach de réir gníomhaíochtaí i dtaobh líonrú agus fhothú inniúlacht an duine, ar thaobh amháin, agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta teicneolaíochta (TF), ar an taobh eile. Leis an gcéad chnuasach, déanfar malartú dea-chleachtas agus eolais oibríochtúil i measc na mBallstát agus tíortha eile atá rannpháirteach sa chlár a shruthlíniú, agus leagfar béim ar leith ar chomhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe, lena bhféadfar foirmeacha doimhne comhtháite comhair a bhunú idir tíortha rannpháirteacha, rud a réiteoidh an bealach chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Aontas Custaim. Leis an dara cnuasach, beifear in ann córais TF chustaim idirnasctha, lena n‑áirítear córais TF thras‑Eorpacha, a chistiú leis an gclár, agus beifear in ann bonneagar a chistiú leis freisin, lena n‑áirítear idirghníomhaíochtaí idir lucht trádála agus custaim a dhigitiú agus bainistiú riosca a neartú, rud a chuirfidh ar chumas lucht riaracháin custaim an Aontais a ghnó a dhéanamh go hiomlán ar líne agus a thacóidh le huaillmhian Choimisiún von der Leyen an tAontas Custaim a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Leis an seasamh ón gComhairle arna ghlacadh ar an gcéad léamh, léirítear go soiléir an comhaontú ar thángthas air ag an gcruinniú tríthaobhach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, cruinniú a tugadh i gcrích an 15 Nollaig 2020. Maidir le príomhphointí an chomhaontaithe sin, áirítear an méid seo a leanas:

clár oibre a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme ach roinnt gnéithe atá le cur san áireamh sa chlár oibre a chur leis. Tá formhór na ngnéithe sin sainordaitheach cheana féin de réir Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais 1 ;

gach tagairt don Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim a scriosadh ó théacs an Rialacháin ach gan Cinneadh 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála (Cinneadh ríomh‑chustaim roimhe sin) a aisghairm;

oibleagáid nua ar an gCoimisiún liosta táscach na gcóras leictreonach Eorpach a mhaoinítear faoin gclár a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

tuarascáil atá le dréachtú ag an gCoimisiún i leith tharmligean na cumhachta;

is idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027 a bheidh tréimhse an chláir;

tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm ar lá an fhoilsithe agus cuirfear i bhfeidhm é ón 1 Eanáir 2021.

Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú ar thángthas air ag an gcruinniú tríthaobhach, ar comhaontú é lena réitítear an bealach chun an clár nua a ghlacadh go pras. Cuideoidh an clár le hAontas Custaim nua‑aimseartha a chur i bhfeidhm, ina tabharfar tús áite do leasanna ghnó an Aontais agus leasanna shaoránaigh an Aontais. Ábhar imní fós don Choimisiún is ea scriosadh Airteagal 12 agus neamh‑aisghairm Chinneadh 70/2008/CE. Dá bhrí sin, tá ráiteas á thabhairt ag an gCoimisiún ar an ábhar sin ionas go ngabhfaidh an ráiteas leis an nglacadh críochnaitheach, mar a leagtar amach i bpointe 5 thíos:

4.Conclúid

Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle, lena léirítear go soiléir an comhaontú ar tháinig na comhreachtóirí air an 15 Nollaig 2020.

5.Iarscríbhinn: Ráiteas ón gCoimisiún

‘Ina thogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár ‘Custaim’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim, mhol an Coimisiún Cinneadh 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála (Cinneadh ríomh‑chustaim roimhe sin) a aisghairm agus a ionadú. Tá Cinneadh 70/2008/CE ina bhunús dlí don Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim. Mhol an Coimisiún go mbeadh an bunús dlí sin in Airteagal 12 den Rialachán in ionad Chinneadh 70/2008/CE. Ar mhaithe le comhréiteach, ní dhéanann an Coimisiún agóid i gcoinne tagairtí don Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim a scriosadh ón Rialachán ná gan Cinneadh 70/2008/CE a aisghairm. Is oth leis an gCoimisiún nach féidir leis, trí sin a dhéanamh, a ghealltanais a chomhlíonadh go hiomlán faoin gclár oibre maidir le rialáil níos fearr.’

(1)    IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
Top