AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.12.2021
COM(2021) 830 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Samhail-shocrú oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624
Samhail le haghaidh Socrú Oibre lena mBunaítear
Comhar Oibríochtúil idir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus [údarás tríú tír]
An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (dá ngairtear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta), arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach
(dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta) arb é a Stiúrthóir Feidhmiúcháin, […], a ionadaí, de pháirt,
agus
[Údarás Tríú Tír], arb é […] a ionadaí, den pháirt eile,
dá ngairtear ‘Taobh’ anseo feasta nuair is ceann amháin acu a bheidh i gceist nó ‘Taobhanna’ a ghairfear díobh le chéile,
tá sé beartaithe acu dul i mbun comhar oibríochtúil mar a leanas:
1.Raon feidhme
1.1Cuireann na Taobhanna i dtábhacht go bhfuil an comhar oibríochtúil atá beartaithe le forbairt de réir a chéile. Is é is aidhm dóibh oibriú i dtreo comhpháirtíocht oibríochtúil inbhuanaithe i réimse an bhainistithe chomhtháite teorainneacha, lena n-áirítear chun imirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac, agus i réimse an fhillte, i gcomhréir leis na creataí dlíthiúla náisiúnta, idirnáisiúnta agus de chuid an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí pearsanta.
2.Cuspóir
Tá sé beartaithe ag na Taobhanna comhoibriú chun cur chun feidhme éifeachtach an bhainistithe chomhtháite teorainneacha a chur chun cinn, d’fhonn trasnuithe dlisteanacha teorainneacha a éascú, teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh agus [tríú tír] a chosaint ar bhagairtí lena n-áirítear inimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann, agus cur chun feidhme na n-oibleagáidí um fhilleadh agus um athligean isteach a éascú, agus na hionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme á n-urramú ina n-iomláine, go háirithe [scriostar de réir mar is cuí: an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus Coinbhinsiún 1951 na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádais Dídeanaithe agus an Prótacal a ghabhann leis agus an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta]. Cumhdófar leis an gcomhar sin an méid seo a leanas:
a)bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear rialú teorann, cuardach agus tarrtháil, feasacht staide, anailís riosca, malartú faisnéise, fothú acmhainneachta, oiliúint, forfheidhmiú an dlí, rialú cáilíochta agus taighde agus nuálaíocht;
b)filleadh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí réamhfhillte (e.g. comhairleoireacht, sainaithint agus eisiúint doiciméad taistil), filleadh deonach agus neamhdheonach daoine atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Bhallstát den Aontas Eorpach nó ar chríoch Tíre atá Comhlachaithe le Schengen, gníomhaíochtaí iarfhillte (e.g., athligean isteach agus athimeascadh éifeachtach) agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le filleadh.
3.Cineál an Chomhair
3.1Agus comhar oibríochtúil á chur chun feidhme, urramaíonn na Taobhanna a n-oibleagáidí maidir le cearta bunúsacha, go háirithe na hoibleagáidí sin a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus prionsabal an non-refoulement. Áirithíonn na Taobhanna go háirithe go n-urramófar ina n-iomláine le linn na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha ar fad cearta gach duine, go háirithe iad siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, mionaoisigh neamhthionlactha, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus daoine leochaileacha eile.
3.2Ba cheart tabhairt faoin gcomhar idir na Taobhanna i gcomhréir le acquis an Aontais Eorpaigh agus leis an gcreat dlíthiúil lena rialaítear an Ghníomhaireacht, faoi chuimsiú bheartas gníomhaíochta seachtraí an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le creat dlíthiúil [tríú tír].
Malartú Faisnéise
3.3Féadfaidh na Taobhanna faisnéis agus táirgí anailíseacha a roinnt le chéile, faoi réir a rialacha cosanta sonraí féin, d’fhonn feabhas a chur ar fheasacht staide choiteann, ar chomhar le linn gníomhaíochtaí oibríochtúla agus ar anailísí riosca comhpháirteacha chun críoch an bhainistithe chomhtháite teorainneacha.
Chuige sin, féadfaidh na taobhanna socruithe speisialta a bhunú lena rialófar malartú na faisnéise, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le forálacha [cuirtear isteach tagairt don Iarscríbhinn].
3.4Féadfaidh na Taobhanna saineolaithe a cheapadh i réimse na hanailíse riosca agus a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Líonraí réigiúnacha le haghaidh Anailís Riosca arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht a chomhaontaítear go frithpháirteach.
Fothú Acmhainneachta
3.5Féadfaidh na Taobhanna comhoibriú i ngníomhaíochtaí oiliúna agus fothaithe acmhainneachta arb é is aidhm dóibh bainistiú comhtháite teorainneacha a fheabhsú agus tacaíocht a chur ar fáil dó, lena n-áirítear bearta um fhilleadh agus um athimeascadh, tacaíocht do chur chun feidhme lárchuraclaim choiteanna na Gníomhaireachta sa churaclam náisiúnta le haghaidh oiliúint a chur ar ghardaí teorann agus cósta, chomh maith le comhar trí líonra Acadamh Comhpháirtíochta na Gníomhaireachta.
3.6Féadfaidh na Taobhanna dea-chleachtais a mhalartú agus gníomhaíochtaí agus oiliúint chomhpháirteacha a dhéanamh chun na críche sin, lena n-áirítear i réimsí an taighde agus na nuálaíochta, an fhillte, an athligin isteach agus an athimeasctha, an mhalartaithe faisnéise, na calaoise doiciméad, an rialaithe cáilíochta le haghaidh bainistiú teorainneacha (lena n-áirítear measúnuithe leochaileachta), na forbartha cumais (lena n-áirítear chun críoch imscrúdaithe), sainaithint daoine is díol spéise, sainaithint agus tarchur daoine leochaileacha,
chomh maith le réimsí eile leasa choitinn.
3.7Féadfaidh na Taobhanna cuireadh a thabhairt d’ionadaithe a chéile a bheith rannpháirteach i dtionscadail agus i ngníomhaíochtaí leasa choitinn, lena n-áirítear i dtreoirthionscadail nuálaíochta teicneolaíochta, i dtaispeántais teicneolaíochta nó i dtástálacha.
3.8An Ghníomhaireacht, i gcomhar le húdaráis inniúla [tríú tír] agus le húdaráis ábhartha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus na Tíortha atá Comhlachaithe le Schengen, agus i sineirgíocht le gníomhaíochtaí, cláir agus ionstraimí eile arna gcur chun feidhme le tacaíocht ón Aontas Eorpach, féadfaidh sí tionscnaimh a fhorbairt agus tionscadail um chúnamh teicniúil agus oibríochtúil a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí bainistithe chomhtháite teorainneacha [tríú tír] (lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar a acmhainneacht imirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a chosc agus a chomhrac) agus i réimse an fhillte.
Freagairt oibríochtúil
3.9Féadfaidh an Ghníomhaireacht a foireann agus baill foirne ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh chun bheith rannpháirteach gan cumhachtaí feidhmiúcháin i ngníomhaíochtaí oibríochtúla ar chríoch [tríú tír], mar a shainítear sna pleananna sonracha oibríochtúla a chomhaontaítear idir an Ghníomhaireacht agus [tríú tír]. Ba cheart do [tríú tír] na nósanna imeachta a cheanglaítear lena reachtaíocht náisiúnta a éascú chun ceart na bhfoirne agus na mball foirne imscartha cónaí ar chríoch [tríú tír] ar feadh fad a n-imscartha a áirithiú. Chuige sin, féadfaidh [tríú tír óstach] pointe teagmhála a cheapadh. Ina theannta sin, chumhdófaí ábhair a bhaineann le pribhléidí agus díolúintí sa phlean oibríochtúil lena mbaineann.
3.10Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhar teicniúil agus oibríochtúil a éascú agus a chur chun cinn idir gníomhaíochtaí, cláir agus ionstraimí eile arna gcur chun feidhme le tacaíocht ón Aontas Eorpach, óna Bhallstáit agus ó na Tíortha atá Comhlachaithe le Schengen agus ó údaráis inniúla [tríú tír] maidir le gach réimse a chumhdaítear le sainordú na Gníomhaireachta, lena n-áirítear comhar maidir le forfheidhmiú an dlí agus feidhmeanna garda cósta, calaois doiciméad agus chéannachta a bhrath, chomh maith le gníomhaíochtaí oibríochtúla eile faoi Thimthriall Beartais an Aontais Eorpaigh/EMPACT do choireacht idirnáisiúnta eagraithe thromchúiseach.
3.11Féadfaidh an Ghníomhaireacht calafoirt agus aerfoirt [tríú tír] a úsáid chun comhar oibríochtúil a chur chun feidhme (inter alia tacú le faireachas ar theorainneacha, cuardach agus tarrtháil agus filleadh) le sócmhainní muirí agus aeir, mar a shainítear sa phlean oibríochtúil lena mbaineann a chomhaontaítear le [údarás an tríú tír].
Filleadh agus athligean isteach
3.12Féadfaidh na Taobhanna comhar a fhorbairt i réimse an fhillte, an athligin isteach agus an athimeasctha i gcomhréir le beartas agus reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, chun gníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh a chur chun feidhme go héifeachtach agus i ndáil le cearta bunúsacha agus oibleagáidí idirnáisiúnta. Áirítear leis sin, inter alia, comhar ag gach céim den phróiseas um fhilleadh, lena n-áirítear filleadh deonach agus neamhdheonach daoine atá i láthair gan údarú ar chríoch Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh nó ar chríoch Tíre atá Comhlachaithe le Schengen, sainaithint agus doiciméadú náisiúnach tríú tír atá faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh agus cúnamh um athimeascadh.
3.13Féadfaidh na Taobhanna faisnéis a roinnt le chéile atá ábhartha le haghaidh chórais um fhilleadh [tríú tír], Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus na dTíortha atá Comhlachaithe le Schengen, i gcomhréir le pointí 5 go 8 den socrú oibre seo.
Breathnóirí
3.14Féadfar cuireadh a thabhairt d’fhoireann údaráis inniúla [tríú tír] páirt a ghlacadh i dtreoirthionscadail na Gníomhaireachta.
3.15Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ó údaráis inniúla [tríú tír] a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí ina cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-óstáil ag Ballstáit den Aontas Eorpach, Tíortha atá Comhlachaithe le Schengen nó tíortha eile, faoi réir chomhaontú an stáit óstaigh nó na stát óstach. Ba cheart do na Taobhanna teacht ar chomhaontú i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir lena rannpháirtíocht, ar rialacha iad ba cheart a léiriú i bplean cur chun feidhme nó i bplean oibríochtúil na gníomhaíochta nó na hoibríochta, lena n-áirítear rialacha maidir le malartú faisnéise agus comhar le linn a rannpháirtíochta, de réir mar is infheidhme. Ba cheart do na módúlachtaí sin a bheith i gcomhréir go hiomlán leis na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta, go háirithe na forálacha sin a bhaineann le cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint sonraí.
3.16 Féadfaidh [údarás tríú tíre] cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ón nGníomhaireacht a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an socrú oibre seo.
Imeachtaí agus gníomhaíochtaí
3.17Féadfaidh na Taobhanna cuireadh a thabhairt dá chéile a bheith rannpháirteach i gcruinnithe agus/nó in imeachtaí eile a bheidh dírithe ar údaráis atá freagrach as bainistiú teorainneacha agus as filleadh.
Malartú oifigeach idirchaidrimh
3.18Faoi réir na bhforálacha dlíthiúla ábhartha is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht agus le [údarás an tríú tír] faoi seach, féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig [tríú tír].
3.19Ar bhonn cómhalartach, féadfaidh an Ghníomhaireacht glacadh le hoifigigh idirchaidrimh ó [tríú tír].
4.Cearta Bunúsacha
4.1Gach gníomhaíocht a chuirtear chun feidhme ar bhonn an tsocraithe oibre seo, déanfar í i gcomhréir iomlán le hoibleagáidí na dTaobhanna cearta agus saoirsí bunúsacha a urramú, go háirithe urraim do dhínit an duine, an ceart chun na beatha, toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, toirmeasc ar gháinneáil ar dhaoine, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, an ceart chun tearmainn agus chun cosanta i gcás ina dtarlaíonn aistriú nó díbirt, non-refoulement, an neamh-idirdhealú agus cearta an linbh.
4.2Le linn dó a bheith rannpháirteach thar ceann Taoibh i ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme ar bhonn an tsocraithe oibre seo, ní dhéanfaidh aon duine aonair idirdhealú in aghaidh daoine ar aon fhoras lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, claonadh gnéasach nó féiniúlacht inscne.
4.3Féadfaidh oifigeach um chearta bunúsacha na Gníomhaireachta faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán um chearta bunúsacha is infheidhme ag gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ar bhonn an tsocraithe oibre seo, lena n-áirítear obair leantach a dhéanamh ar aon líomhain maidir le sáruithe ar chearta bunúsacha. Féadfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha, nó a ionadaí nó a hionadaí, cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar [tríú tír]; féadfaidh sé nó sí tuairim a eisiúint freisin, obair leantach iomchuí a iarraidh agus stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a chur ar an eolas faoi sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar chearta bunúsacha a bhaineann le gníomhaíocht den sórt sin. Tacóidh [tríú tír] le hiarrachtaí faireacháin an oifigigh um chearta bunúsacha, de réir mar a iarrtar.
4.4Déanfaidh lucht faireacháin ar chearta bunúsacha na Gníomhaireachta measúnú ar chomhlíonadh na gceart bunúsach ag gníomhaíochtaí oibríochtúla arna gcur chun feidhme ar bhonn an tsocraithe oibre seo. Féadfaidh lucht faireacháin ar chearta bunúsacha cuairteanna a thabhairt ar aon limistéir ábhartha maidir le gníomhaíocht oibríochtúil a fheidhmiú. Thairis sin, soláthróidh an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha comhairle agus cúnamh ina leith sin agus rannchuideoidh siad le cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn mar chuid de bhainistiú comhtháite teorainneacha.
5.Malartú Faisnéise faoi chuimsiú chreat EUROSUR
Féadfaidh na Taobhanna faisnéis a mhalartú, a chomhroinnt nó a scaipeadh faoin socrú oibre seo faoi chuimsiú EUROSUR i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach in Iarscríbhinn [cuir isteach an tagairt don Iarscríbhinn] a ghabhann leis an socrú oibre seo. [Tabhair faoi deara: ba cheart téarmaí ábhartha bunaithe ar Shamhailfhorálacha EUROSUR a bheith san iarscríbhinn.]
6.Faisnéis Rúnaicmithe agus Faisnéis Íogair Neamh-rúnaicmithe a Mhalartú
6.1Leagfar amach i socrú riaracháin ar leithligh aon mhalartú, comhroinnt nó scaipeadh faisnéise rúnaicmithe idir na Taobhanna faoi chuimsiú an tsocraithe oibre seo.
6.2Aon mhalartú faisnéise íogair neamh-rúnaicmithe faoin socrú oibre seo:
a)láimhseálfaidh an Ghníomhaireacht é i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún;
b)gheobhaidh sé leibhéal cosanta ag an Taobh a bheidh ag fáil na faisnéise, leibhéal atá comhionann leis an leibhéal cosanta a chuirtear ar fáil leis na bearta a chuirtear i bhfeidhm ar an bhfaisnéis sin ag an Taobh a chuirfidh an fhaisnéis ar fáil i dtéarmaí rúndachta, sláine agus infhaighteachta,
c)déanfar é trí chórais mhalartaithe faisnéise a chomhlíonfaidh critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine le haghaidh faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe, amhail an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán.
6.3Comhlíonfaidh na Taobhanna na cearta maoine intleachtúla a bhaineann le sonraí d’aon chineál a phróiseáiltear faoin socrú oibre seo.
7.Trédhearcacht
7.1Déanfar aon fhaisnéis a gheofar a tharchur ar aghaidh i gcomhréir leis na creataí dlíthiúla lena mbaineann agus faoi na coinníollacha céanna leis na coinníollacha sin a bhaineann leis an tarchur bunaidh agus ní dhéanfar é ach amháin le formheas an Taobh eile roimh ré.
7.2Tá sé beartaithe ag na Taobhanna na bearta uile is gá a ghlacadh chun rúndacht iomchuí na faisnéise a fhaightear faoin socrú oibre seo a áirithiú.
7.3Gan dochar do chreat dlíthiúil an Aontais Eorpaigh maidir le trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, agus go háirithe maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid, chomh maith leis an reachtaíocht ábhartha maidir le trédhearcacht [tríú tír], tá sé beartaithe ag na Taobhanna an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)níor cheart faisnéis a fhaightear faoin socrú oibre seo a úsáid ach amháin chun a bhfreagrachtaí maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha a fheidhmiú agus chun na gcríoch dár tarchuireadh í,
(b)má fhaigheann ceann amháin de na Taobhanna (sealbhóir), faoina rialacha a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, iarratas chun doiciméid de thionscnamh an Taoibh eile a nochtadh, ba cheart don sealbhóir formheas a fháil roimh ré ón Taobh tionscnaimh chun iad a scaoileadh.
8.Cosaint Sonraí Pearsanta
8.1Ní chuirfear sonraí pearsanta in iúl ach amháin más gá an cur in iúl sin chun gur féidir le húdaráis inniúla [tríú tír] nó leis an nGníomhaireacht an comhaontú seo a chur chun feidhme agus beidh sé faoi réir rialacha cosanta sonraí an Taoibh a chuirfidh in iúl iad. Próiseáil sonraí pearsanta ag Taobh i gcás ar leith, lena n-áirítear aistriú sonraí pearsanta den sórt sin chuig an Taobh eile, beidh sé faoi réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir leis an Taobh sin. Áiritheoidh an Taobh na coimircí íosta seo a leanas mar réamhchoinníoll d’aon aistriú sonraí:
(a)ní mór na sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí;
(b)ní mór na sonraí pearsanta a bhailiú chun críche sonraí, sainráite agus dlisteanaí an tsocraithe seo a chur chun feidhme agus ní dhéanfaidh an Taobh a chuireann in iúl iad ná an Taobh a fhaigheann iad tuilleadh próiseála orthu ar bhealach a bheadh ar neamhréir leis an gcríoch sin;
(c)ní mór na sonraí pearsanta a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na críche ar chucu a dhéantar iad a bhailiú agus/nó a phróiseáil tuilleadh; go háirithe, ní fhéadfaidh ach na rudaí seo a leanas a bheith i gceist le sonraí pearsanta a chuirtear in iúl i gcomhréir le dlí is infheidhme an Taoibh a chuireann in iúl iad:
– [Liosta na gcatagóirí sonraí a fhéadfar a mhalartú agus na críocha ar chucu a bhféadfar iad a phróiseáil agus a tharchur]
(d)ní mór na sonraí pearsanta a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ní mór iad a choinneáil cothrom le dáta;
(e)ní mór na sonraí pearsanta a choinneáil i bhfoirm a áirithíonn nach féidir na hábhair shonraí a aithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na críche dar bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu;
(f)ní mór na sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, agus na rioscaí sonracha a bhaineann leis an bpróiseáil á gcur san áireamh, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thimpiste, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (‘sárú ar shonraí’); glacfaidh an Taobh a fhaigheann na sonraí bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon sárú ar shonraí, agus tabharfaidh sé fógra faoi shárú den chineál sin don Taobh a chuireann in iúl iad gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig;
(g)déanfaidh an Taobh a chuireann na sonraí in iúl agus an Taobh a fhaigheann iad araon gach beart réasúnta chun a áirithiú gan mhoill go gceartófaí nó go léirscriosfaí sonraí pearsanta, de réir mar is iomchuí, i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil forálacha an Airteagail seo, go háirithe toisc nach bhfuil na sonraí sin leormhaith, ábhartha, cruinn, nó go bhfuil siad iomarcach i ndáil le cuspóir na próiseála. Áirítear leis sin fógra a thabhairt faoi aon cheartú nó léirscriosadh don Taobh eile;
(h)arna iarraidh sin, cuirfidh an Taobh a fhaigheann na sonraí an Taobh a chuireann ar fáil iad ar an eolas maidir le húsáid na sonraí a chuirtear in iúl;
(i)ní fhéadfar sonraí pearsanta a chur in iúl ach do na húdaráis inniúla seo a leanas:
–[Liosta na n-údarás agus raon feidhme a n-inniúlachtaí]
Chun na sonraí a chur in iúl do chomhlachtaí eile, is gá údarú a fháil roimh ré ón Taobh a chuireann in iúl i dtosach iad;
(j)déanfaidh an Taobh a chuireann na sonraí in iúl agus an Taobh a fhaigheann iad taifead i scríbhinn de chur in iúl agus glacadh na sonraí pearsanta;
(k)beidh maoirseacht neamhspleách i bhfeidhm chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh cosanta sonraí, lena n-áirítear cigireacht a dhéanamh ar na taifid sin; beidh sé de cheart ag ábhair shonraí gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta maoirseachta, agus freagra a fháil gan moill mhíchuí;
(l)beidh sé de cheart ag na hábhair sonraí faisnéis a fháil maidir le próiseáil a sonraí pearsanta, rochtain a fháil ar na sonraí sin agus sonraí míchruinne nó sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach a cheartú nó a léirscriosadh, faoi réir teorainneacha riachtanacha agus comhréireacha ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí;
(m) beidh sé de cheart ag na hábhair shonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil i gcás sárú ar na coimircí thuasluaite.
8.2Déanfaidh gach Taobh athbhreithnithe tréimhsiúla ar a bheartais agus ar a nósanna imeachta féin a chuireann an fhoráil seo chun feidhme. Arna iarraidh sin ag an Taobh eile, déanfaidh an Taobh a fuair an iarraidh athbhreithniú ar a beartais agus a nósanna imeachta maidir le próiseáil sonraí pearsanta d’fhonn a shuí agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí san fhoráil seo á gcur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe in iúl don Taobh a d’iarr an t-athbhreithniú laistigh de thréimhse réasúnta.
8.3Na coimircí cosanta sonraí faoin socrú seo, beidh siad faoi réir formhaoirseachta ag [údarás poiblí neamhspleách nó údarás formhaoirseachta inniúil eile sa tríú tír], mar údarás maoirseachta [tríú tír], agus ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mar údarás maoirseachta na Gníomhaireachta. Comhoibreoidh na taobhanna leis na húdaráis sin.
9.Calaois a Chomhrac
9.1Cuirfidh [údarás tríú tír] an Ghníomhaireacht, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus/nó an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise ar an eolas láithreach má fhaigheann sé amach go bhfuil líomhaintí inchreidte ann maidir le calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh.
9.2I gcás ina mbaineann líomhaintí den sórt sin le cistí de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-íoc amach i ndáil leis an socrú oibre seo, soláthróidh [Údarás Tríú Tír] gach cúnamh is gá don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus/nó d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha ar a chríoch, lena n-áirítear agallaimh, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a éascú (lena n-áirítear rochtain ar chórais faisnéise agus ar bhunachair sonraí i [tríú tír]); agus rochtain a éascú ar aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le bainistiú teicniúil agus airgeadais ábhar a mhaoiníonn an tAontas Eorpach go páirteach nó go hiomlán.
10.An Socrú seo a Chur Chun Feidhme
10.1Tá sé i gceist ag na Taobhanna idirphlé a choinneáil ar bun maidir le cur chun feidhme an tsocraithe oibre seo. Chuige sin, féadfaidh na Taobhanna pleananna comhair ilbhliantúla nó bliantúla a chomhaontú ina leagtar amach na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoi phointe 3.
10.2Chun an socrú oibre seo a chur chun feidhme, is iad na comhordaitheoirí an tAonad um Chomhar Idirnáisiúnta, thar ceann na Ghníomhaireacht, agus [comhordaitheoir tríú tír] le haghaidh [údarás an tríú tír].
10.3Féadfar pointí teagmhála breise a mheas le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha, arna gcomhaontú ag an dá Thaobh.
10.4[I gcás go bhfuil iarscríbhinn ann] Is cuid dhílis den socrú oibre seo an Iarscríbhinn nó na hIarscríbhinní.
11.Gnéithe airgeadais
Féadfar rannpháirtíocht údaráis [tríú tír] i ngníomhaíochtaí arna n-eagrú nó arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht a mhaoiniú faoi théarmaí agus coinníollacha a bheidh le comhaontú ar leithligh idir na Taobhanna ar bhonn cás ar chás.
12.Díospóidí a Réiteach
Socrófar aon díospóid a eascraíonn as léirmhíniú nó cur chun feidhme an tsocraithe oibre seo trí chomhairliúchán agus/nó trí chaibidlíocht.
13.Stádas dlíthiúil
Socrú riaracháin ar an leibhéal teicniúil amháin atá sa socrú oibre seo. Ní hionann é agus comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta. Ní mheastar gur comhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta ag an Aontas Eorpach agus ag a institiúidí ná ag [tríú tír] é a chur chun feidhme praiticiúil.
14.Cur i bhfeidhm, leasú agus scor
14.1Tá sé beartaithe ag na Taobhanna an socrú oibre seo a chur i bhfeidhm ón uair a bheidh sé sínithe ag an dá cheann acu.
14.2Ní fhéadfar an socrú oibre seo a leasú ach amháin le scríbhinn lena n-aontóidh an dá Thaobh.
14.3Féadfaidh na Taobhanna scor den socrú oibre seo trí chomhaontú frithpháirteach nó go haontaobhach i scríbhinn.
Arna shíniú [in áit], an [dáta] in dhá scríbhinn bhunaidh, i mBéarla [Má shínítear an socrú oibre i níos mó ná teanga amháin] agus [i dteanga(cha)].
[Má shínítear an socrú oibre in dhá theanga nó níos mó] Má bhíonn easaontas ann faoi léirmhíniú fhorálacha an tsocraithe oibre seo, is é an leagan Béarla atá i réim.
Sínithe