Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021DC0798

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Straitéis maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh

    COM/2021/798 final

    An Bhruiséil,15.12.2021

    COM(2021) 798 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    Straitéis maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh


    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    Straitéis maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh

    1.Comhthéacs

    De réir mar a leanann an digitiú de bheith ag forleathnú 1 agus de réir mar a théann an tAontas i dtreo a spriocanna digiteacha le haghaidh 2030 2 , tá dúshláin agus deiseanna nua ag teacht chun cinn lena ndéantar gach réimse den tsochaí agus den gheilleagar a mhúnlú, lena náirítear an earnáil airgeadais. Le blianta beaga anuas, tá athrú ó bhonn déanta ag teicneolaíochtaí digiteacha ar an gcaoi a ndéanann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis a tháirgeadh, a chur in iúl agus a úsáid – ar cuisle an airgeadais féin í faisnéis – chun cinntí a dhéanamh. Tá sonraí ag croílár an chlaochlaithe sin.

    Ina straitéis Eorpach maidir le sonraí 3 , leag an Coimisiún béim ar an tábhacht a bhaineann le sonraí mar fhoinse fhéideartha fáis agus nuálaíochta do gheilleagar an Aontais, agus leag sé béim ar an ngá atá le rochtain níos fearr ar shonraí agus ar chomhroinnt sonraí trí spásanna coiteanna sonraí Eorpacha. Ar cheann de phríomhthosaíochtaí straitéis airgeadais dhigitigh an Choimisiúin 4 tá cur chun cinn na nuálaíochta sonraíbhunaithe i réimse an airgeadais. Áirítear leis sin uirlisí chun an méid a leanas a éascú; tuairisciú agus maoirseacht, agus spás coiteann sonraí airgeadais a bhunú, lena gcumhdaítear sonraí ‘gnólacht le gnólacht’, sonraí arna nochtadh go poiblí agus sonraí maoirseachta.

    Ceanglaítear ar institiúidí airgeadais agus ar eintitis eile atá gníomhach ar mhargaí airgeadais raon leathan sonraí maidir lena staid airgeadais agus a ngníomhaíochtaí a thuairisciú. Tá sonraí de dhíth ar an Aontas agus ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí agus ar mhargaí airgeadais. Leis na sonraí cuirtear ar chumas maoirseoirí faireachán a dhéanamh ar rioscaí, cobhsaíocht airgeadais mar aon le sláine an mhargaidh a áirithiú, agus infheisteoirí agus tomhaltóirí seirbhísí airgeadais san Aontas a chosaint.

    Tá méid agus gráinneacht na sonraí a thuairiscítear chun críoch maoirseachta tar éis fás go mór le 10 mbliana anuas. Bíonn institiúidí airgeadais san Aontas faoi réir níos mó ná 500 oibleagáid tuairiscithe ina gcuimsítear níos mó ná 1000 tábla ag a bhfuil níos mó ná 70 000 pointe sonraí aonair. 5 . Bhí oibleagáidí tuairiscithe níos déine ina gcuidiú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí faisnéise arna sainaithint le linn na géarchéime airgeadais domhanda agus comhfhreagraíonn siad do chastacht agus d’idirnascthacht an chórais airgeadais, castacht agus idirnascthacht a bhíonn ag géarú i gcónaí. Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar an maoirseacht sin, tá ualach méadaitheach ar na heintitis tuairiscithe agus ar na húdaráis mhaoirseachta a fhaigheann na sonraí agus a dhéanann anailís orthu.

    Le teicneolaíochtaí digiteacha is féidir an tualach tuairiscithe a laghdú go suntasach agus cuirtear ar chumas maoirseoirí léargais a fháil ó na sonraí tuairiscithe ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Chun aghaidh a thabhairt ar na deiseanna agus ar na dúshláin a bhaineann le maoirseacht sonraíbhunaithe, tá rialtóirí ar fud an domhain ag obair chun nuachóiriú a dhéanamh ar an tuairisciú ina ndlínsí 6 . Ní mór tuairisciú maoirseachta AE agus an chaoi a mbailíonn agus a núsáideann údaráis sonraí a fhorbairt chun fanacht in oiriúint do na forbairtí sin.

    Tá feabhsuithe curtha i gcrích ag an Aontas cheana féin i roinnt réimsí tábhachtacha 7 agus tá ról ceannasach á ghlacadh aige sa phlé idirnáisiúnta 8 chun comhchuibhiú agus ailíniú sonraí airgeadais a chothú ar an leibhéal domhanda. Chun tuilleadh dul chun cinn a áirithiú maidir le héifeachtacht agus éifeachtúlacht chreat tuairiscithe maoirseachta an Aontais, beidh gá le tuilleadh oibre.

    Tá córas tuairiscithe maoirseachta feabhsaithe de dhíth ar an Aontas Eorpach a chuirfidh ar chumas maoirseoirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    ·forbairtí ar fud na margaí, na nionstraimí agus na nearnálacha den chóras airgeadais a leanúint ar bhealach níos beaichte agus níos tapúla;

    ·cinntí níos eolaí agus níos gasta a dhéanamh chun cobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh agus cosaint tomhaltóirí a chosaint agus chun cuspóirí eile a bhaint amach, amhail faireachán a dhéanamh ar thrasuí reachtaíocht an Aontais agus ar fhorfheidhmiú éifeachtach di;

    ·comhordú níos fearr eatarthu féin agus cóineasú maoirseachta a bhaint amach trí thacair sonraí atá níos comhsheasmhaí agus níos idir-inoibrithí;

    ·an tualach comhlíonta a íoslaghdú ag an am céanna, i gcomhréir le prionsabail an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr agus leis an ngealltanas bealaí a lorg go córasach agus go réamhghníomhach chun an tualach a fhorchuirtear leis an reachtaíocht a laghdú 9 .

    Ag tógáil ar phlé fairsing le geallsealbhóirí 10 , tá an straitéis seo á cur i láthair ag an gCoimisiún, ina leagtar amach an cur chuige chun an cuspóir a bhaint amach córas tuairiscithe maoirseachta nua-aimseartha a bheith ann san Aontas Eorpach. Cuireann an straitéis le cuspóirí na straitéise Eorpaí maidir le sonraí agus na straitéise airgeadais dhigitigh chun an nuálaíocht dhigiteach a chur chun cinn san Eoraip. Trí thacú le cóineasú maoirseachta, cuireann sé freisin le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil.

    2.Cúlra: na dúshláin atá ann faoi láthair

    Ar dhéanamh seiceáil oiriúnachta chuimsitheach ar cheanglais tuairiscithe maoirseachta an Aontais dó 11 , tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil gá leis na ceanglais tuairiscithe atá ann faoi láthair i ndlí an Aontais agus go bhfuil siad éifeachtach chun na sonraí ábhartha a sholáthar do mhaoirseoirí. Sainaithníodh neamhéifeachtúlachtaí, áfach, ar an mbealach ina ndéantar ceanglais tuairiscithe a shainiú agus sonraí a bhailiú. Tá drochéifeachtaí iarmhartacha aige sin ar cháilíocht agus ar inúsáidteacht na sonraí a thuairiscítear, rud a laghdaíonn cumas maoirseoirí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. Cruthaíonn neamhéifeachtúlachtaí den sórt sin costais bhreise d’eintitis tuairiscithe freisin, costais a bhféadfadh suas le EUR 4 go 12 bhilliún 12 in aghaidh na bliana a bheith i gceist leo chun ceanglais tuairiscithe an Aontais a chomhlíonadh. Thairis sin, ní bhaineann creataí tuairiscithe úsáid iomlán as uirlisí TF nua-aimseartha.

    Sainaithníodh sa tseiceáil oiriúnachta cúig phríomhréimse a bhféadfaí feabhas a chur orthu:

    ·Comhsheasmhacht agus comhchuibhiú na gceanglas tuairiscithe: Níl na ceanglais tuairiscithe ná sonraíochtaí mionsonraithe na sonraí comhchuibhithe go leormhaith agus cuimsítear iontu roinnt neamhréireachtaí agus débhríochtaí. Ní leor an úsáid a bhaintear as caighdeáin, formáidí agus aitheantóirí coiteanna sonraí.

    ·Comhroinnt sonraí agus úsáidí: Uaireanta bailíonn údaráis éagsúla sonraí atá forluiteach i bpáirt nó sonraí atá an-chosúil lena chéile. Ní dhéantar sonraí a roinnt ná a athúsáid idir na húdaráis go héifeachtúil.

    ·An próiseas reachtach agus ionstraimí:: Ní bhíonn ceanglais tuairiscithe, lena náirítear cumhacht a thabhairt do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt, comhsheasmhach i gcónaí idir creataí tuairiscithe. Cuireann amlínte gearra cur chun feidhme agus athruithe rialta ar na rialacha costais ar eintitis tuairiscithe agus ar mhaoirseoirí araon.

    ·Rialachas: Is minic a fhorbraítear ceanglais tuairiscithe gan beann ar an méid atá i bhfeidhm cheana féin. Tá deis ann le haghaidh tuilleadh comhordaithe agus comhair idir na geallsealbhóirí ábhartha, ón luathchéim dearaidh go comhroinnt sonraí idir na húdaráis.

    ·Teicneolaíocht: De thoisc dhearadh reatha na gceanglas maidir le tuairisciú maoirseachta ní féidir próiseáil uathoibríoch dhíreach sonraí a dhéanamh i ngach réimse. Ina theannta sin, cuireann sonraí nach bhfuil sách caighdeánaithe bac ar chur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua-aimseartha ag eintitis tuairiscithe agus ag údaráis mhaoirseachta.

    Ag tógáil ar na torthaí sin, tá feabhsuithe spriocdhírithe déanta cheana féin ag an gCoimisiún, in éineacht le ÚMEnna, ar thuairisciú maoirseachta i reachtaíocht earnálach éagsúil. Mar sin féin, tá feidhm ag cuid de na saincheisteanna a sainaithníodh maidir le hearnálacha seirbhísí airgeadais agus, dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu mar chuid de chur chuige trasearnála níos leithne i leith sonraí maoirseachta.  

    3.An cuspóir atá againn

    Is é cuspóir fadtéarmach an Choimisiúin tuairisciú maoirseachta an Aontais a nuachóiriú agus córas a chur i bhfeidhm lena soláthrófar sonraí cruinne, comhsheasmhacha agus tráthúla do na húdaráis mhaoirseachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus an t‑ualach tuairiscithe comhiomlán ar na páirtithe ábhartha uile a íoslaghdú ag an am céanna.

    Chun an sprioc sin a bhaint amach, is gá modhnuithe a dhéanamh ar na creataí tuairiscithe maoirseachta atá ann faoi láthair agus ar na modhanna chun sonraí airgeadais a bhailiú agus a phróiseáil. Agus leas á bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ón tseiceáil oiriúnachta agus as tuilleadh plé leis na geallsealbhóirí, chinn an Coimisiún gur cheart na príomhbhloic thógála seo a leanas a áireamh i gcóras tuairiscithe den sórt sin:

    (1)Sonraí comhsheasmhacha caighdeánaithe: Le caighdeánú sonraí agus comhthuiscint ar na sonraí a bhailítear faoi chreataí tuairiscithe éagsúla, beidh sé níos éasca teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid agus déanfar tarchur, bailíochtú agus anailís na sonraí a shimpliú. Ba cheart sonraíochtaí sonraí a bheith ag brath ar théarmaíocht shoiléir choiteann, agus ar chaighdeáin, formáidí agus rialacha coiteanna maidir le húsáid aitheantóirí uathúla. Seachnóidh sé sin débhríocht ina léirmhíniú agus beidh comhlíonadh níos éasca dá bharr.

    (2)Comhroinnt agus athúsáid sonraí: Trí chomhroinnt agus athúsáid sonraí tuairiscithe a éascú i measc maoirseoirí náisiúnta agus maoirseoirí de chuid an Aontais, laghdófar an tualach ar eintitis tuairiscithe trí iarrataí dúblaigh ar shonraí a sheachaint. Ina theannta sin, beidh maoirseoirí in ann bacainní dlíthiúla agus teicniúla a shárú maidir le húsáid a bhaint as sonraí atá i seilbh ag maoirseoir eile. Chun feabhas a chur ar chomhroinnt agus athúsáid sonraí, beidh gá le creat rialála tiomnaithe agus timpeallacht shlán TF chun sreabha sonraí, bailíochtú sonraí gus sásraí malartaithe sonraí a chuíchóiriú. Beidh sé ag brath freisin ar shonraíocht choiteann agus ar chaighdeánú na dtacar sonraí.

    (3)Dearadh feabhsaithe na gceanglas tuairiscithe: Tá reachtaíocht dhea-cheaptha agus dhea-dhréachtaithe riachtanach chun córas tuairiscithe éifeachtach agus éifeachtúil a chur chun feidhme. Ba cheart próiseas feabhsaithe maidir le ceapadh na gceanglas tuairiscithe a bheith bunaithe ar na dea-chleachtais reatha maidir le prionsabail na Rialála Níos Fearr 13 a chur i bhfeidhm maidir le tuairisciú maoirseachta, sa reachtaíocht agus i sonraíocht na gcaighdeán teicniúil araon, agus ba cheart an próiseas sin a leathnú tuilleadh. Ba cheart a áirithiú leis freisin go gcuirtear na prionsabail sin i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go córasach ar fud na gcreataí tuairiscithe, ó fhorbairt na gceanglas tosaigh go dtí athbhreithnithe ina dhiaidh sin.

    (4)Rialachas comhpháirteach: Beidh gá le socruithe rialachais atá sách láidir chun córas tuairiscithe maoirseachta nua-aimseartha agus feabhsaithe a cheapadh, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun. Leis na bearta sin, feabhsófar comhordú agus cothófar comhar níos fearr idir údaráis mhaoirseachta éagsúla agus geallsealbhóirí ábhartha eile, rud a chuirfidh ar a gcumas a gcuid saineolais a roinnt agus faisnéis a mhalartú.

    14 Ach na bloic thógála riachtanacha sin a chur i gcrích, beifear in ann teicneolaíochtaí  nua-aimseartha a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, lena náirítear RegTech agus SupTech. Le húsáid na réiteach sin laghdófar tuilleadh an tualach comhlíonta ar eintitis tuairiscithe agus méadófar cruinneas agus tráthúlacht na sonraí a fhaigheann maoirseoirí agus cuirfear feabhas ar a nacmhainneacht chun anailís a dhéanamh orthu.

    4.tuairisciú maoirseachta a athrú ó bhonn

    Is gealltanas uaillmhianach, casta agus fadtéarmach é córas tuairiscithe maoirseachta atá nua-aimseartha agus níos comhtháite a fhorbairt. Tá difríocht shuntasach idir na creataí tuairiscithe atá ann faoi láthair agus a gcuspóirí ar fud na n‑earnálacha éagsúla seirbhísí airgeadais agus idir an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais. Is minic a bhíonn roinnt údarás neamhspleách i gceist le malartú sonraí. Ní mór don aistriú chuig córas coiteann breithniú a dhéanamh ar phointí tosaigh éagsúla agus ar chuspóirí na gcreataí reachtacha AE agus náisiúnta éagsúla, agus beidh gá le tiomantas agus comhordú ó thionscal na seirbhísí airgeadais agus ó na maoirseoirí araon. Chuige sin, beidh gá roinnt próisis tuairiscithe agus bailithe sonraí a athdhearadh agus réitigh nua a chur in ionad réitigh theicniúla leagáide.

    Cé go meastar go dtiocfaidh tairbhí suntasacha fadtéarmacha agus coigiltí costais as an tuairisciú maoirseachta a nuachóiriú agus a fheabhsú, tugtar le tuiscint leis sin freisin, ar ndóigh, go ndéanfar acmhainní a infheistiú le linn an aistrithe. Dá bhrí sin, maidir le tuairisciú maoirseachta san Aontas a nuachóiriú, beidh gá le cur chuige céimseach chun na rioscaí agus na costais a bhaineann le cur chun feidhme a laghdú. Is éard atá sa chur chuige idir leasuithe spriocdhírithe ar bhearta earnálacha agus feabhsuithe trasearnála níos forleithne agus níos fadtéarmaí.

    Go sonrach, bainfidh an Coimisiún úsáid as an bpróiseas athbhreithniúcháin rialta chun feabhsuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach i bpíosaí aonair reachtaíochta. Áirítear i measc a leithéid d’fheabhsúcháin an méid seo a leanas: (i) deireadh a chur le forluí nó neamhréireachtaí sainaitheanta laistigh de ghníomh reachtach nó thar iliomad gníomhartha; (ii) ceanglais tuairiscithe iomarcacha nó as dáta a bhaint; (iii) sainmhínithe sonracha a sholáthar nó a shoiléiriú; (iv) sreabha sonraí idir údaráis mhaoirseachta a chuíchóiriú; agus (v) i gcás inarb iomchuí, comhréireacht na gceanglas tuairiscithe a neartú.

    Ag an am céanna, agus leas á bhaint as a gcuid saineolais theicniúil, tabharfaidh an Coimisiún sainordú do ÚMEnna measúnú a dhéanamh ar na bearta is gá agus na bearta sin a chur i gcrích chun tuairisciú a chomhtháthú tuilleadh agus feabhas a chur ar chomhsheasmhacht agus caighdeánú sonraí laistigh dá n‑earnálacha.

    I gcéim ina dhiaidh sin, ag tógáil ar an dul chun cinn sna hearnálacha, féachfaidh an Coimisiún le cur chun feidhme na mbloc tógála a thabhairt chun críche agus déanfaidh sé aon bheart breise is gá chun córas tuairiscithe maoirseachta comhtháite AE a bhaint amach ar fud na n‑earnálacha airgeadais go léir. In 2023, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na straitéise agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh.

    4.1.Sonraí comhsheasmhacha caighdeánaithe

    Chun comhsheasmhacht na gceanglas tuairiscithe a fheabhsú, tá feabhsuithe spriocdhírithe tugtha isteach ag an gCoimisiún cheana féin i roinnt creataí reachtacha agus tabharfaidh sé cinn eile isteach mar chuid den athbhreithniú reachtach rialta. Mar sin féin, beidh an Coimisiún ag brath go príomha ar shainorduithe do ÚMEnna chun comhsheasmhacht a áirithiú laistigh de na hearnálacha éagsúla.

    In earnáil na baincéireachta, tá sainordú faighte cheana féin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) 15 chun measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé bailiú sonraí stuamachta, sonraí staitistiúla agus sonraí réitigh a chomhtháthú. Cé go bhfuil an obair dírithe ar earnáil na baincéireachta, cumhdaítear léi comhsheasmhacht agus caighdeánú sonraí chomh maith le príomhghnéithe eile na straitéise, amhail comhroinnt sonraí agus rialachas. Tá earnáil na baincéireachta mór agus casta ó thaobh an tuairiscithe de, rud a fhágann gur féidir dea-chleachtais a fhorbairt inti ar bhonn treoirscéime. I bhfianaise thorthaí agus mholtaí ÚBE, molfaidh an Coimisiún, más gá, oiriúnuithe ar an gcreat dlíthiúil chun comhsheasmhacht, caighdeánú agus comhtháthú a bhaint amach 16 .

    In earnáil an árachais, áirítear sa togra ón gCoimisiún le déanaí le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir ‘Sócmhainneacht II’ 17 sainordú don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) obair a dhéanamh, i gcomhar le ÚMEnna eile agus leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), ar chomhsheasmhacht idir creataí tuairiscithe agus caighdeánú sonraí a mhéadú. Ba cheart do ÚEÁPC tosaíocht a thabhairt do réimsí tuairiscithe sonraí agus díorthach na ngnóthas comhinfheistíochta, i gcás ina bhfuil forluí suntasach ann. Beidh sé d’aidhm ag ÚEÁPC freisin aon réimse dúblála nó neamhréireachtaí le creataí earnála eile a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Leis an athbhreithniú Sócmhainneacht II tugtar isteach freisin simplithe spriocdhírithe agus comhréireacht fheabhsaithe sa tuairisciú.

    Maidir le hearnáil na gcistí infheistíochta, sa togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (AIFMD) 18 a glacadh i bpacáiste Aontas na Margaí Caipitil i mí na Samhna 2021 19 , tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) a chumhachtú chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí ó bhainisteoirí cistí infheistíochta malartacha agus chun comhchuibhiú a dhéanamh ar cheanglais tuairiscithe sonraí do ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochtaí in urrúis inaistrithe (GCUI). Sula ndéanfar teimpléid tuairiscithe nua a leasú nó a fhorbairt, ceanglaítear ar ÚEUM measúnú teicniúil a dhéanamh, ag obair dó le BCE agus ÚEÁPC. Is é cuspóir an mheasúnaithe comhsheasmhacht a áirithiú le ceanglais eile tuairiscithe le haghaidh cistí infheistíochta, lena náirítear go háirithe na sonraí atá bailithe cheana féin ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais chun críocha staidrimh.

    Maidir le tuairisciú sna margaí airgeadais, réitíodh roinnt neamhréireachtaí idir creataí cheana féin sa Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (REFIT EMIR) 20 , agus tá tuilleadh feabhsuithe á ndéanamh ag ÚEUM ar an leibhéal teicniúil. Sa togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFIR) 21 a glacadh sa phacáiste maidir le hAontas na Margaí Caipitil, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na cumhachtaí atá ag ÚEUM chun caighdeáin theicniúla a ghlacadh a ailíniú agus comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú maidir le tuairisciú idirbheart idir na creataí sin. Ina theannta sin, tá sé de chúram ar ÚEUM measúnú a dhéanamh ar roghanna chun tuairisciú a chomhtháthú tuilleadh agus na sreafaí sonraí a chuíchóiriú. Leis an athbhreithniú ar MiFIR cuirtear cruthú teilitéipe comhdhlúite le haghaidh cothromais agus bannaí chun cinn freisin. Is é an aidhm atá ann comhsheasmhacht a áirithiú leis na sonraí a tuairiscíodh cheana agus caighdeáin trédhearcachta a fhorbairt don teilitéip mar fhothacar de na ceanglais tuairiscithe. Cuirfidh sé sin feabhas ar cháilíocht na sonraí agus seachnófar costais bhreise neamhriachtanacha don tionscal.

    Ag tógáil ar na tionscnaimh earnála sin, déanfaidh an Coimisiún comhordú ar fhorbairt foclóra um shonraí comhchoiteanna chun comhsheasmhacht agus caighdeánú a áirithiú ar fud na n‑earnálacha airgeadais. Trí chomhchaighdeáin a bheith ann chun formáid na sonraí a shainiú, beidh sé níos éasca sonraí a chomhroinnt agus a athúsáid chun críoch éagsúil. Ina theannta sin, cuirfidh an foclóir sonraí le spriocanna fadtéarmacha eile amhail ceanglais tuairiscithe a chur in oiriúint le bheith inléite agus inrite ag meaisín.

    Beidh cur síos san fhoclóir ar ábhar agus ar fhormáid na sonraí go léir a bhailítear faoi chreataí tuairiscithe éagsúla ar bhealach struchtúrtha, cuimsitheach, comhsheasmhach agus gan athbhrí, ag baint úsáid as téarmaí atá daingnithe sa reachtaíocht chun nasc soiléir a chruthú idir míreanna sonraí bailithe agus na ceanglais reachtúla ábhartha 22 . Cuirfidh na húdaráis ábhartha gnéithe teicniúla an fhoclóra chun feidhme. Forbróidh an Coimisiún na rialacha maidir lena úsáid agus lena rialachas.

    Agus castacht an chúraim á haithint aige, bainfidh an Coimisiún leas as saineolas teicniúil ÚMEnna agus BCE, a bhfuil taithí acu cheana féin ar fhoclóirí sonraí earnálacha a fhorbairt. Tá tús curtha le déanaí ag ÚEUM le hobair ar fhoclóir sonraí ina réimse féin. Roinneann ÚEÁPC agus ÚBE an mhodheolaíocht chéanna maidir le cur síos ar shonraí agus bíonn siad ag obair ar ailíniú níos dlúithe a bhaint amach maidir lena bhfoclóirí sonraí faoi seach. Bhunaigh CEBC, faoi stiúir BCE, a fhoclóir aonair sonraí le haghaidh tuairisciú staitistiúil san earnáil baincéireachta faoina chreat tuairiscithe comhtháite (IReF) agus leanann sé de bheith ag leathnú an fhoclóra sin 23 . Tá na ceanglais tuairiscithe a bhí ann cheana mapáilte ag an gCoimisiún cheana féin agus rinne sé treoirthionscadal 24 , trí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí meaisínfhoghlama, chun gluais coincheap a thógáil. Liostófar sa ghluais na téarmaí a úsáidtear sa reachtaíocht agus na sainmhínithe a ghabhann leo. Beidh sé ina chabhair chun an tacar coincheap dlíthiúil a úsáidfear san fhoclóir um shonraí comhchoiteanna a shoiléiriú agus a chuíchóiriú, foclóir ina ndéanfar cur síos ar na réimsí sonraí ar leith a bheidh le tuairisciú. Is é is aidhm di go mbeadh na foclóirí sonraí earnálacha bunaithe ar an ngluais coincheap bhunúsach i bhfeidhm faoi 2024.

    Eochairghné chun comhsheasmhacht sonraí a áirithiú is ea úsáid iomlán aitheantóirí coiteanna a nglactar leo go hidirnáisiúnta, amhail an taitheantóir táirge uathúil (UPI), an taitheantóir idirbhirt uathúil (UTI) agus an taitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI). Is cabhair ar leith é LEI, óna bhfaightear sainaithint uathúil gan débhrí ar eintitis agus atá ar an aitheantóir domhanda eintitis is mó a úsáidtear san earnáil airgeadais, chun tacair aonair sonraí a nascadh, rud a éascaíonn maoirseacht. Déanfaidh an Coimisiún, dá bhrí sin, úsáid níos comhsheasmhaí LEI san earnáil airgeadais a leathnú agus a chur chun cinn trí roinnt bearnaí tábhachtacha a líonadh agus trí cheanglais a thabhairt isteach maidir lena húsáid sa reachtaíocht ábhartha 25 . Tar éis moladh a fháil ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), 26 déanfaidh an Coimisiún, faoi 2023, tuarascáil a thabhairt faoi 2023 maidir le cé acu a bheidh nó nach mbeidh an LEI éigeantach i gcás réimse níos leithne d’eintitis dhlíthiúla ar fud an Aontais. Ar deireadh, saothróidh an Coimisiún iarrachtaí i bhfóraim idirnáisiúnta glacadh na naitheantóirí eintitis dhlítheanaigh (LEI) agus aitheantóirí coiteanna eile san earnáil airgeadais a chur chun cinn ar fud an domhain.

    Gníomh 1 Chun comhsheasmhacht agus caighdeánú na sonraí tuairiscithe a mhéadú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    a)sainorduithe a thabhairt agus, i gcás inar gá, moladh a dhéanamh na cumhachtaí do ÚMEnna a neartú i bpríomhphíosaí reachtaíochta chun tuairisciú a chomhtháthú tuilleadh laistigh dá réimsí inniúlachta;

    b)mapáil na gceanglas tuairiscithe san earnáil airgeadais a thabhairt cothrom le dáta agus gluais chuimsitheach a chruthú chun an tacar coincheap dlíthiúil a úsáidtear a shoiléiriú agus a chuíchóiriú;

    c)oibriú le ÚMEnna agus le BCE chun foclóir um shonraí comhchoiteanna a fhorbairt agus a chur chun cinn, ag tosú le foclóirí earnálacha a bhunú faoi 2024;

    d)leasuithe a mholadh i gcreataí tuairiscithe ábhartha chun a cheangal go córasach go ndéanfadh eintitis a bhfuil LEI acu tuairisciú ina leith agus tuairisc a thabhairt, faoi 2023, maidir le cé acu a bheidh nó nach mbeidh an LEI éigeantach le haghaidh réimse níos leithne d’eintitis dhlíthiúla.

    4.2.Comhroinnt agus athúsáid sonraí a fheabhsú

    Níor cheart sonraí a thuairisciú ach aon uair amháin agus ina dhiaidh sin níor cheart iad a roinnt agus a athúsáid ach de réir mar is gá ag na húdaráis éagsúla a dhéanann maoirseacht ar an gcóras airgeadais san Aontas Eorpach. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, córas a chur ar bun ina ndéanann eintitis tuairiscithe sonraí ardcháilíochta a sholáthar agus ina roinneann údaráis na sonraí a bhailíonn siad a oiread agus is éifeachtúla agus is féidir, agus slándáil sonraí agus rúndacht ghairmiúil á gcosaint ag an am céanna.

    Chuige sin, sa togra maidir le hathbhreithniú AIFMD, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na forálacha ábhartha a leasú chun próiseas comhroinnte sonraí níos éifeachtúla idir na húdaráis a áirithiú. Ina theannta sin, san athbhreithniú leanúnach ar an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús (CSD) 27 , a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh sa chéad ráithe de 2022, scrúdaíonn an Coimisiún bealaí chun soláthar trasteorann seirbhísí taisclainne lárnaí urrús a éascú agus chun nósanna imeachta foirmiúla agus caighdeánaithe a bhunú le haghaidh comhair maoirseoirí, lena náirítear sonraí a chomhroinnt. In 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar fhorálacha maidir le comhroinnt sonraí san athbhreithniú a cheanglaítear faoi Airteagal 46 den Rialachán maidir leis an gCiste Margaidh Airgid 28 .

    Tá an Coimisiún ag tacú leis an obair theicniúil leanúnach atá á déanamh ag ÚMEnna chun feabhas a chur ar chomhroinnt agus athúsáid sonraí tuairiscithe ina nearnálacha faoi seach. Tá sé d’aidhm ag ÚEUM a bheith ina mhol sonraí le haghaidh margaí urrús an Aontais agus feabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise ar leibhéal an Aontais d’údaráis, d’infheisteoirí agus do rannpháirtithe margaidh eile. Faoina shainordú comhtháite tuairiscithe, tá ÚBE ag déanamh measúnú ar a indéanta is a bheadh córas tuairiscithe ag a mbeadh clár lárnach sonraí, i.e. pointe teagmhála aonair do na húdaráis inniúla, ag tabhairt tacaíocht agus comhordú breise dóibh chun iarratais sonraí a tharchur agus chun faisnéis a mhalartú. Áirítear cheana féin i mol sonraí EUCLID ÚBE 29 gach sonra maoirseachta agus réitigh de chuid earnáil baincéireachta an Aontais, agus leanfaidh ÚBE de bheith ag tógáil ar an mol sin le linn chéim chur chun feidhme a thionscadail chomhtháite tuairiscithe. Ar deireadh, tá ÚEÁPC ag leanúint dá chreat sonraí a fhorbairt chun sonraí a bhailiú, a bhainistiú, a anailísiú, a scaipeadh agus a fhoilsiú ar bhealach slán. Taisclann lárnach atá ina chroílár de a ndéanfaidh ÚEÁPC í a chothabháil agus feabhsuithe teicniúla á gcur chun feidhme aige ag an am céanna.

    Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le ÚMEnna, leis an BCE agus le húdaráis eile, athbhreithniú faoi 2023 ar an reachtaíocht ábhartha chun constaicí dlíthiúla eile ar chomhroinnt sonraí maoirseachta, staitistiúla agus réitigh a shainaithint agus bíonn sé réidh aghaidh a thabhairt orthu nuair is gá. Leis an obair sin, cuirfear le forálacha i reachtaíocht ábhartha an Aontais lena bhforáiltear cheana do chomhroinnt sonraí idir údaráis ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi choinníollacha dochta. In éineacht le foclóir um shonraí comhchoiteanna, leagfar bonn síos a bhuí leis sin le haghaidh spás um shonraí maoirseachta 30  inar féidir le gach údarás ábhartha sonraí a rochtain, a chomhroinnt agus a athúsáid agus rúndacht agus slándáil sonraí á gcosaint ag an am céanna.

    Molfaidh an Coimisiún sraith rialacha maidir le cearta rochtana sonraí a chinneadh agus freagracht a leithdháileadh as cáilíocht sonraí a mheasúnú, chomh maith le nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag údaráis éagsúla sula gcuirfear le hiarrataí ar thuairisciú, sula ndéanfar iad a mhodhnú agus sula gcuirfear deireadh leo. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún freisin caighdeánú breise a dhéanamh ar thacair sonraí trí úsáid a bhaint as an bhfoclóir um shonraí comhchoiteanna agus tacú le timpeallacht shlán TF a fhorbairt, inar féidir sonraí a rochtain agus a mhalartú go sábháilte, gan beann ar an áit ina bhfuil siad á stóráil. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair i ndlúthchomhar le húdaráis mhaoirseachta, go háirithe ÚMEnna, BCE, BERS agus an Bord Réitigh Aonair (BRA) chun dearadh beacht an spáis um shonraí maoirseachta a chinneadh.

    Ba cheart maoirseoirí a bheith in ann sonraí maoirseachta a chomhcheangal go leanúnach le faisnéis arna nochtadh go poiblí chun léargas níos iomláine a fháil ar an gcóras airgeadais gan iallach a bheith orthu sonraí breise a bhailiú. Cabhróidh an Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) 31 atá beartaithe le maoirseoirí rochtain níos éasca a fháil ar shonraí a fhoilsíonn eintitis rialáilte. Déanfar comhordú ar na sonraíochtaí sonraí agus ar na rialacha ábhartha maidir leis an spás um shonraí maoirseachta agus na rialacha maidir le nochtadh poiblí ag eintitis rialáilte san earnáil airgeadais chun inchomparáideacht agus idir-inoibritheacht na dtacar sonraí faoi seach a áirithiú.

    Ina theannta sin, is féidir nochtadh poiblí áirithe a thiomsú trí úsáid a bhaint as sonraí maoirseachta. Ina phacáiste baincéireachta a glacadh an 27 Deireadh Fómhair 2021 32 , tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an chumhacht a thabhairt do ÚBE chun nochtadh bainc aonair a lárú d’fhonn rochtain ar shonraí stuamachta a mhéadú. Leis an togra cuirtear de cheangal ar ÚBE nochtadh faisnéise banc beag neamhchasta a fhoilsiú bunaithe ar na sonraí a thuairiscítear do mhaoirseoirí, rud a chuireann deireadh le costais bhreise ar na bainc maidir le nochtadh. Leanfaidh an Coimisiún den obair i gcomhar le ÚMEnna chun creat a bheith i bhfeidhm aige chun nochtadh faisnéise ó shonraí maoirseachta a sholáthar agus chun tuilleadh comhordaithe a dhéanamh ar shonraí poiblí agus maoirseachta, go háirithe agus na caighdeáin theicniúla á bhforbairt do ESAP.

    Is ‘stór saibhris’ faisnéise a d’fhéadfadh a bheith ar fónamh na sonraí maoirseachta arna dtuairisciú. Chun a luach a uasmhéadú, i gcás inarb iomchuí agus inar féidir, spreagann an Coimisiún na húdaráis mhaoirseachta tionscnaimh chun anailísí margaidh a tháirgeadh agus faisnéis a scaipeadh ar mhaithe le rialtóirí, le rannpháirtithe sa mhargadh agus leis an bpobal i gcoitinne.

    Breathnóidh an Coimisiún freisin ar bhealaí chun sonraí a chur ar fáil ar bhealach níos fairsinge le haghaidh taighde agus nuálaíochta, agus rúndacht sonraí á cosaint ag an am céanna. Ina thuarascáil ar dhul chun cinn in 2023, déanfaidh an Coimisiún measúnú an féidir aon choigeartuithe rialála a dhéanamh chun comhroinnt agus athúsáid sonraí tuairiscithe chun críoch nuálaíochta a chumasú.

    Gníomh 2 Chun comhroinnt agus athúsáid sonraí a fheabhsú agus chun bunchloch an spáis um shonraí maoirseachta a leagan síos, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, agus é ag obair le ÚMEnna agus le húdaráis eile de chuid an Aontais:

    a)constaicí dlíthiúla agus teicniúla ar chomhroinnt sonraí a shainaithint agus roghanna a chur i láthair maidir le spás um shonraí maoirseachta a dhearadh ina thuarascáil ar dhul chun cinn in 2023;

    b)moladh a dhéanamh go gcuirfear deireadh le haon bhacainn dlí mhíchuí ar chomhroinnt sonraí idir údaráis, lena náirítear sna hathbhreithnithe reachtacha a dhéanfar in 2022 agus in 2023;

    c)tacú le timpeallacht shlán TF a fhorbairt, inar féidir sonraí a rochtain agus a mhalartú go sábháilte;

    d)na sonraíochtaí sonraí a chomhordú idir na ceanglais maidir le tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí, agus caighdeáin theicniúla a fhorbairt freisin tar éis thogra 2021 maidir le ESAP, agus measúnú a dhéanamh ar roghanna chun athúsáid sonraí maoirseachta i ndáil le nochtadh poiblí a chumasú; agus

    e)oibriú leis an Sainghrúpa Airgeadais Dhigitigh ar bhealaí chun sonraí maoirseachta a úsáid le haghaidh taighde agus nuálaíochta.

    4.3.Dearadh feabhsaithe na gceanglas tuairiscithe

    Sa tseiceáil oiriúnachta, leagadh béim ar roinnt easnamh sa chaoi a ndéantar ceanglais maidir le tuairisciú a dhearadh agus a fhorbairt. Bunaithe ar na torthaí sin, cuirfidh an Coimisiún lena iarrachtaí as an úr chun a áirithiú go leanfar go dian prionsabail na Rialála Níos Fearr, chomh maith le ceanglais maidir le tuairisciú maoirseachta a fhorbairt, lena náirítear na feabhsuithe a fógraíodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí maidir le ‘Joining forces to make better EU laws and to prepare for the future’ [Obair as lámha a chéile chun dlíthe an Aontais a fheabhsú agus chun ullmhú don todhchaí] 33 . Mar chuid de na hiarrachtaí sin, iarrann an Coimisiún freisin ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle, agus ceanglais bhreise tuairiscithe á mbreithniú aige, prionsabail na Rialála Níos Fearr a chomhlíonadh 34 .

    Chun a bhfuil i gceist go sonrach le ceanglais tuairiscithe maoirseachta a fhorbairt a léiriú agus aghaidh a thabhairt air; in 2022 ullmhóidh an Coimisiún sraith treoirlínte chun tuilleadh feabhais a chur ar cheapadh agus ar phróiseas dréachtaithe na gceanglas sin laistigh de reachtaíocht an Aontais maidir leis an earnáil airgeadais. Cuimseofar iontu ábhair amhail (i) a áirithiú go leagtar amach sa reachtaíocht ar bhonn níos soiléire ról na gceanglas tuairiscithe maidir le cuspóirí beartais a bhaint amach; (ii) mionsonraí teicniúla sa reachtaíocht a sheachaint agus cumhachtaí ÚMEnna a fheabhsú chun sonraíochtaí comhsheasmhacha beachta a fhorbairt sna caighdeáin theicniúla; (iii) tráthúlacht agus dátaí theacht i bhfeidhm a leagan síos a thabharfaidh a ndóthain ama do ÚMEnna na caighdeáin theicniúla a fhorbairt; (iv) pleanáil athruithe ar cheanglais tuairiscithe a fheabhsú; agus (v) spriocdhátaí le haghaidh tuairiscithe agus mhinicíocht an tuairiscithe a chomhordú ar dhóigh níos fearr.

    Iarrann an Coimisiún freisin ar ÚMEnna, ar údaráis eile de chuid an Aontais agus ar údaráis náisiúnta measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar na dtreoracha tuairiscithe teicniúla a fhorbraíonn siad, i gcomhréir le prionsabail na Rialála Níos Fearr, agus go háirithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

    ·athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na sonraí a bhailítear agus ar a núsáid, agus a áirithiú nach niarrtar ach sonraí a theastaíonn chun cuspóirí beartais a bhaint amach;

    ·téarmaíocht shoiléir, chomhsheasmhach agus chaighdeánach a úsáid i gcreataí éagsúla reachtacha;

    ·caighdeáin, formáidí, múnlaí agus aitheantóirí coiteanna a úsáid;

    ·comhordú a dhéanamh ar fhorbairt na gceanglas tuairiscithe i measc maoirseoirí agus oibriú i ndlúthchomhar le chéile maidir leis an mbonneagar teicniúil a dhearadh chun na sonraí a bhailiú agus a phróiseáil;

    ·an úsáid a bhaintear as ceanglais bhreise tuairiscithe náisiúnta agus iarrataí ad hoc ar shonraí a laghdú a mhéid is féidir agus a áirithiú go mbeidh na hiarrataí sin ag teacht le gnáthphrionsabail dearaidh; agus

    ·a áirithiú go gcuirfear san áireamh sna ceanglais tuairiscithe, a mhéid is féidir, próisis chaighdeánacha gnó.

    Chun cultúr coiteann maoirseachta a bhunú, tá ÚMEnna chun lámhleabhair de chuid an Aontais a fhorbairt agus a choinneáil cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais 35 . Iarrfaidh an Coimisiún ar ÚMEnna dea-chleachtais, modheolaíochtaí agus próisis a bhaineann le bailiú sonraí maoirseachta sna lámhleabhair sin a áireamh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

    Ar deireadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar roghanna, lena n‑áirítear ionstraim dlí nua, chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas reatha fada casta chun caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt le haghaidh tuairisciú maoirseachta. Bheadh sé ina aidhm ag na roghanna sin solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do ÚMEnna agus eilimintí an-teicniúil de na ceanglais á nglacadh nó á modhnú acu, agus ag an am céanna rialú agus cuntasacht leordhóthanach a choimeád.

    Gníomh 3 Chun feabhas a chur ar cheapadh na gceanglas tuairiscithe, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    a)tacar treoirlínte tiomnaithe a fhorbairt in 2022 maidir le ceanglais tuairiscithe a dhréachtú, i gcomhréir le prionsabail na Rialála Níos Fearr;

    b)a iarraidh ar ÚMEnna dea-chleachtais, modheolaíochtaí agus próisis maidir le bailiú sonraí maoirseachta a áireamh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta ina gcuid lámhleabhar maoirseachta chun cóineasú idir cur chuige náisiúnta a neartú; agus

    c)faoi 2023, measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh próiseas rialála níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos solúbtha ann chun eilimintí fíortheicniciúla na gceanglas tuairiscithe maoirseachta a shainiú.

    4.4.Rialachas comhpháirteach agus cur chun feidhme comhpháirteach

    Chun aistriú go córas tuairiscithe maoirseachta feabhsaithe AE atá oiriúnach don todhchaí, beidh gá le hiarracht chomhpháirteach agus tiomantas comhpháirteach ó na geallsealbhóirí go léir. Beidh gá le fóram iomchuí chun tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar na mionsonraí teicniúla agus chun tionscnaimh bhreise a shainaithint a mbeidh gá leo chun an cuspóir fadtéarmach a bhaint amach. Éilítear leis sin struchtúr iomchuí rialachais chun comhar, comhordú agus malartú faisnéise leanúnach a áirithiú idir na húdaráis éagsúla lena mbaineann agus leis an tionscal. Áiritheofar le struchtúr den sórt sin go ndéanfar dul chun cinn ar an obair ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil, agus go ndéanfar comhordú leordhóthanach ar na tionscnaimh earnálacha éagsúla chun a áirithiú gur féidir na droichid thrasearnálacha ina dhiaidh sin a thógáil.

    D’fhonn a áirithiú go néireoidh leis an struchtúr rialachais, ní mór don Choimisiún, do na trí ÚEManna, do BCE, don Bhord Aonair Réitigh agus don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach 36 , a bheith rannpháirteach sa struchtúr rialachais sin, ar leibhéal an bhoird chun tiomantas daingean ó gach páirtí a áirithiú, agus ar an leibhéal teicniúil chun praiticiúlachtaí laethúla tuairiscithe a oibriú amach agus comhairle theicniúil a chur ar fáil maidir le haon ghníomhaíocht reachtach nó neamhreachtach a bhféadfadh gá a bheith leo. Ina theannta sin, ba cheart na húdaráis náisiúnta inniúla (ÚNInna) a chuimsiú in aon struchtúr rialachais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus ba cheart a áireamh ann socruithe chun saineolas an tionscail a thabhairt isteach de réir mar is gá.

    I gcomhréir le cur chuige céimnitheach an Choimisiúin, agus d’fhonn srianta ar acmhainní a íoslaghdú agus iomadú comhlachtaí a bhíonn ag déileáil le tuairisciú maoirseachta a sheachaint, bainfear úsáid as na struchtúir atá ann cheana a mhéid is féidir. Tá comhlacht neamhfhoirmeálta comhordúcháin bunaithe ag an gCoimisiún cheana (an ‘Cruinniú Comhchéime maidir le Tuairisciú Maoirseachta’), ina bhfuil saineolaithe tuairiscithe ó na húdaráis AE go léir a luaitear thuas. Threoraigh an grúpa sin ullmhú na seiceála oiriúnachta ar na ceanglais tuairiscithe maoirseachta agus d’oibrigh sé i gcomhar ó shin chun tuairimí a mhalartú agus chun teacht ar chomhsheasaimh maidir leis an gcóras tuairiscithe a bheidh ann amach anseo. Sa chéad chéim, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag brath ar an ngrúpa sin chun an comhordú agus comhar trasearnála a dhoimhniú tuilleadh agus chun an obair ar gach ceann de na príomhbhloic thógála de a chur chun cinn.

    Faoi 2023, i gcomhar le húdaráis ábhartha an Aontais, cuirfidh an Coimisiún na socruithe rialachais ar bhonn foirmiúil de réir mar a dhéantar dul chun cinn ar an obair i dtaobh na straitéise. Laistigh d’earnáil na baincéireachta, foráiltear cheana leis an sainordú in CRR go bhféadfaí comhchoiste sonraí a chruthú chun forbairt córais tuairiscithe chomhtháite do bhainc a chur chun cinn go héifeachtach agus an tionscadal a aistriú chuig an gcéim cur chun feidhme. D’fhéadfaí an méid sin a úsáid mar threoirphlean do struchtúr rialachais trasearnála a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

    I bhfianaise nádúr domhanda an chórais airgeadais, is gá comhordú agus comhar ní amháin laistigh den Aontas ach lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta freisin. Le hailíniú idirnáisiúnta agus tuairisciú níos comhsheasmhaí ar fud na ndlínsí, is féidir maoirseacht níos éifeachtaí a dhéanamh ar an leibhéal domhanda agus cabhraíonn sé chun arbatráiste idir dlínsí a sheachaint. Is gá freisin an tualach tuairiscithe a laghdú ar an iliomad eintiteas airgeadais mór AE lena mbaineann gníomhaíochtaí idirnáisiúnta agus a bhfuil ceangal orthu tuairisc a thabhairt do na húdaráis i roinnt dlínsí éagsúla. Tá an Coimisiún, i gcomhar le húdaráis eile de chuid an Aontais, rannpháirteach go gníomhach cheana féin i dtionscnaimh idirnáisiúnta éagsúla 37 lena mbaineann an aidhm tuilleadh ilroinnte a chosc agus tuilleadh úsáide a bhaint as gnéithe coiteanna de shonraí maoirseachta a chur chun cinn. Leanfaimid de bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin chun iarrachtaí idirnáisiúnta a bhrú ar aghaidh chun feabhas a chur ar chaighdeánú sonraí agus chun ceanglais tuairiscithe a ailíniú más chun leas an Aontais Eorpaigh é agus chun réitigh agus cineálacha cur chuige an Aontais a chur chun cinn.

    Aithníonn an Coimisiún, i dteannta na mórthairbhí a bhfuil coinne leo ón straitéis sin, go mbeidh costais shuntasacha coigeartaithe ann d’eintitis tuairiscithe agus do mhaoirseoirí a fhabhróidh le himeacht ama. Mar sin féin, leis an gcur chuige céimnithe atá beartaithe, arna thacú ag an gcomhrialachas agus ag an dlúthchomhar leis na geallsealbhóirí, beifear in ann na roghanna is fearr a dhéanamh agus am leordhóthanach a thabhairt don choigeartú agus don chur chun feidhme. Beidh sé sin ina chuidiú chun a áirithiú go n‑íoslaghdófar na costais a bhainfidh le cur chun feidhme an chórais tuairiscithe maoirseachta a bheidh ann amach anseo agus go mbainfear an leas is fearr as na tairbhí do na geallsealbhóirí uile.

    Féachfaidh an Coimisiún agus cothóidh sé samhlacha comhair agus comhinfheistíochta idir grúpaí éagsúla geallsealbhóirí chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ar fáil agus chun na dreasachtaí cearta a chur ar fáil chun an straitéis a chur chun feidhme 38 . Amhail geallsealbhóirí eile, tá cuid shuntasach dá mbuiséid á ndíriú ag údaráis an Aontais cheana féin chun feabhas a chur ar na próisis tuairiscithe agus ar na cumais ghaolmhara. Tá an Coimisiún réidh chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a chuirfidh athchóirithe riaracháin nó struchtúracha chun feidhme, lena náirítear acmhainní sonraí a fhorbairt 39 . Ina theannta sin, tá cláir thiomnaithe de chuid an Aontais 40 , lena dtacaítear le forbairt acmhainní digiteacha an Aontais, ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí agus le tionscadail maidir le caighdeánú chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an mbonneagar teicniúil agus ar na huirlisí atá ag údaráis mhaoirseachta AE agus náisiúnta.

    Gníomh 4 Chun cur chun feidhme éifeachtach na straitéise a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    a)struchtúr rialachais a chur ar bhonn foirmiúil faoi 2023 chun an córas tuairiscithe a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme agus a chothabháil, ag tógáil ar an ‘gCruinniú Comhchéime um Thuairisciú Maoirseachta’; agus

    b)tacú le húdaráis mhaoirseachta an Aontais agus le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta trí chláir chistiúcháin AE atá ar fáil le haghaidh acmhainní digiteacha agus an bonneagar teicniúil a chaighdeánú agus a fhorbairt.

    4.5.Úsáid teicneolaíochtaí nua-aimseartha a chur chun cinn

    Tá ról ríthábhachtach ag teicneolaíochtaí faisnéise nua-aimseartha chun maoirseacht sonraíbhunaithe a éascú. Cuirfidh an straitéis seo na coinníollacha is gá i bhfeidhm chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as uirlisí RegTech agus SupTech. Le RegTech bíonn tuairisciú níos costéifeachtaí agus níos uathoibríche indéanta trí bhíthin an cúnamh a thugtar leis d’eintitis tuairiscithe sonraí a sholáthar ar bhealach níos cruinne agus níos tapa. Is féidir le SupTech cabhrú leis na húdaráis mhaoirseachta trí phróiseáil níos tapa a dhéanamh agus anailísí níos cruinne agus níos sofaisticiúla a dhéanamh ar na sonraí a thuairiscítear chun tacú lena gcinntí. Beidh an teicneolaíocht cheart ag teastáil freisin chun príomhghnéithe an chórais tuairiscithe a bheidh ann amach anseo a chur i bhfeidhm agus a chothabháil, amhail an foclóir coiteann sonraí agus an spás um shonraí maoirseachta.

    Chun cabhrú dlús a chur le glacadh na dteicneolaíochtaí sin, oibreoidh an Coimisiún leis an bhFóram Eorpach um Éascaitheoirí Nuálaíochta 41 chun réitigh theicniúla nua a fhorbairt agus a thástáil. Cuirfidh an Coimisiún freisin le tionscnaimh tuairiscithe na núdarás maoirseachta ar an leibhéal náisiúnta 42 agus, faoi 2024, ullmhóidh sé tuarascáil chun dea-chleachtais a chomhroinnt. Mar a fógraíodh sa straitéis airgeadais dhigitigh, seolfaidh an Coimisiún Ardán Airgeadais Dhigitigh an Aontais Eorpaigh in 2022 chun geallsealbhóirí agus údaráis phoiblí ar fud an Aontais a nascadh le chéile. Cuirfidh sé sin deiseanna ar fáil do ghnólachtaí feidhmchláir nuálacha a fhorbairt agus a thástáil, rud a chuideoidh le nuálaíocht a chothú i dteicneolaíochtaí rialála agus maoirseachta. 

    Feabhas a chur ar shoiléireacht agus ar chomhsheasmhacht na gceanglas maidir le tuairisciú maoirseachta agus caighdeánú sonraí a mhéadú, is iadsan na chéad chéimeanna chun an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí nua-aimseartha i dtuairisciú maoirseachta a chur chun cinn. Ceanglais tuairiscithe agus rialacha soiléire atá comhsheasmhach agus gan débhrí, éascóidh siad réitigh RegTech níos simplí. Rachaidh sé sin chun tairbhe go háirithe d’eintitis tuairiscithe níos lú, ar lú a gcumas íoc as seirbhísí casta TF nó seirbhísí soláthraithe tríú páirtí. Cuirfidh sonraí níos comhsheasmhaí agus ar chaighdeán níos fearr ar chumas maoirseoirí réitigh éifeachtacha SupTech a chur chun feidhme freisin.

    As seo amach, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún go mbeidh ceanglais tuairiscithe inléite agus inrite ag meaisíní (i dteannta foirm a bheidh inléite ag an duine). D’fhéadfadh ceanglais atá inléite agus inrite ag meaisín (MRER 43 ) an tuairisciú maoirseachta a shimpliú go mór trí dheireadh a chur leis an ngá atá le hidirghabháil ó dhaoine chun na hoibleagáidí tuairiscithe a léamh, a léirmhíniú agus a chomhlíonadh. Áiritheofar le MRER go ndíothófar débhríochtaí sainmhínitheacha ina niomláine, bunaithe ar threoracha beachta agus comhsheasmhacha a bheidh oiriúnach dá gcur i gcrích ag meaisín. Tá treoirthionscadal ar bun chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna agus chun na réamhriachtanais don aistriú chuig MRER a shainaithint, agus tá torthaí staidéir sheachtraigh le foilsiú go luath in 2022 44 . Nuair a bheidh sé tugtha chun críche, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar MRER a thabhairt isteach i gcreataí tuairiscithe roghnaithe agus tuairisc a thabhairt air sin ina thuarascáil ar dhul chun cinn in 2023.

    Déanfaidh an Coimisiún cineálacha nua cur chuige maidir le bailiú sonraí a fhiosrú agus a fhorbairt freisin. I margaí airgeadais, d’fhéadfadh teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (DLT) a chur ar chumas maoirseoirí faireachán a dhéanamh ar idirbhearta i bhfíor-am agus é a chur ar a gcumas dóibh tuarascálacha idirbhirt a asbhaint go díreach ó chórais trádála (seachas fanacht ar na páirtithe idirbhirt tuarascálacha a sheoladh). Leis an gcóras treorach teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte le haghaidh bonneagair mhargaidh 45 , a chomhaontaigh na comhreachtóirí le déanaí, tugtar deis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte a úsáid chun críoch tuairiscithe agus an teicneolaíocht a thástáil faoi dhálaí rialaithe. Chun na críche sin, agus ag tógáil ar threoirscéimeanna a bhí ann roimhe seo chun teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte a thástáil maidir le rochtain ar fhaisnéis rialáilte airgeadais 46 , iarrfaidh an Coimisiún ar ÚEUM imscrúdú a dhéanamh ar úsáid teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte i gcomhair tuairisciú maoirseachta. Leis an measúnú sin, cumhdófar freisin margaí na ndíorthach d’fhonn ullmhúchán a dhéanamh chun an córas píolótach a leathnú amach agus chun córais idirbheart atá bunaithe ar theicneolaíochtaí mórleabhar dáilte mar aon le bonneagar iarthrádála a chur ar bhonn foirmiúil. Ag an am céanna, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, tá treoirthionscadal á bheartú ag an gCoimisiún maidir le bunsraitheanna teicniúla na maoirseachta atá leabaithe i dteicneolaíochtaí mórleabhar dáilte. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall tacú le himscrúdú ÚEUM trí leas a bhaint as saineolas arna fháil ó thógáil an Bhonneagair Eorpaigh um Sheirbhísí Blocshlabhra (EBSI) 47 san earnáil phoiblí.

    Gníomh 5. Chun leas iomlán a bhaint as teicneolaíochtaí nua-aimseartha agus chun an úsáid sin a chur chun cinn i dtuairisciú maoirseachta, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    a)oibriú leis an bhFóram Eorpach um Éascaitheoirí Nuálaíochta chun réitigh theicniúla nua a fhorbairt agus a thástáil maidir le tuairisciú maoirseachta a théann chun tairbhe cuideachtaí beaga go háirithe;

    b)ina thuarascáil ar dhul chun cinn in 2023, measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé ceanglais tuairiscithe maoirseachta a fhoilsiú i bhfoirm atá inléite agus inrite ag meaisín i gcreataí roghnaithe, ag cur leis an treoirscéim atá fós ar siúl; agus

    c)staidéar a dhéanamh ar mhaoirseacht atá leabaithe i dteicneolaíochtaí mórleabhar dáilte in 2022 agus iarraidh ar ÚEUM imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a ullmhú maidir le cineálacha nua cur chuige bailithe sonraí faoi chóras píolótach teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte le haghaidh bonneagair mhargaidh.

    5.Conclúid

    Tá maoirseacht ar chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh ag brath ar shonraí atá tráthúil, ábhartha agus ar ardcháilíocht. Tá na ceanglais maidir le tuairisciú maoirseachta atá ann faoi láthair éifeachtach maidir leis na sonraí ábhartha a sholáthar do mhaoirseoirí. Ní mór tuilleadh a dhéanamh, áfach, chun tuairisciú maoirseachta AE a chur in oiriúint don todhchaí – chun neamhéifeachtúlachtaí agus ualaí nach bhfuil gá leo a laghdú, cáilíocht a mhéadú agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na sonraí arna dtuairisciú, agus a chur ar chumas na n‑eintiteas tuairiscithe agus na n‑údarás tuairiscithe leas iomlán a bhaint as na tairbhí a ghabhann le teicneolaíochtaí nua-aimseartha.

    Tá fís fhadtéarmach an Choimisiúin maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais dírithe ar cheithre bhloc tógála: (1) comhsheasmhacht agus caighdeánú méadaithe sonraí, (2) comhroinnt sonraí níos fearr i measc údarás, (3) próiseas feabhsaithe chun ceanglais tuairiscithe a fhorbairt agus a ghlacadh, agus (4) rialachas comhpháirteach. Ach na bloic thógála riachtanacha sin a chur i gcrích, beifear in ann teicneolaíochtaí nua-aimseartha a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.

    Tabharfaidh an Coimisiún faoi roinnt tionscnamh tábhachtach agus cuirfidh sé socruithe rialachais iomchuí i bhfeidhm chun comhar agus comhordú a chothú idir na príomh-gheallsealbhóirí. Ag an am céanna, iarrann an Coimisiún ar mhaoirseoirí ar fud an Aontais oibriú le chéile chun tuairisciú maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais a chuíchóiriú, a shimpliú agus a nuachóiriú. Iarrann an Coimisiún freisin ar an tionscal airgeadais leanúint leis an idirphlé cuiditheach chun réitigh agus teicneolaíochtaí a fhorbairt lena neartófar an mhaoirseacht airgeadais agus lena ndéanfar na costais a bhaineann léi a íoslaghdú.

    Faoi 2023, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar an dul chun cinn agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na tionscnaimh sin.

    (1) Féach https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/desi  
    (2)   COM/2021/118 final
    (3)   COM(2020) 66 final
    (4)   COM (2020) 591 final
    (5) Le haghaidh cur síos mionsonraithe mar aon le comhaireamh i dtaobh na gceanglas tuairiscithe, féach SWD (2019) 402 final , lgh. 52-55
    (6)   Léargais ar chur chun feidhme beartais, Uimh. 29 , Institiúid um Chobhsaíocht Airgeadais BSI.
    (7) Chun forléargas a fháil, féach freisin SWD (2019) 402 final , lgh. 19-23.
    (8) Áirítear leis sin, mar shampla, pléití idirnáisiúnta ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB), ag an gCoiste um Íocaíochtaí agus Bonneagar Margaidh/ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (CPMI-IOSCO) agus ag Coiste Maoirseachta Rialála LEI (ROC).
    (9)   COM(2021) 219 final
    (10)   Bailiú sonraí maoirseachta | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
    (11)   SWD (2019) 402 final  
    (12) Staidéar ar chostais chomhlíonta don earnáil airgeadais’, ICF agus CEPS, 2019, lch. 164 .   Meastar gurb ionann na costais incriminteacha a bhaineann le ceanglais tuairiscithe an Aontais agus thart ar 0.5 % de na costais oibriúcháin.
    (13)     https://ec.europa.eu/info/law/law-making-process/planning-and-proposing-law/better-regulation-why-and-how_en
    (14) Áirítear le RegTech teicneolaíochtaí a chuidíonn le ceanglais rialála a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ná na cumais atá ann cheana. Baineann SupTech úsáid as teicneolaíocht nuálach chun tacú le maoirseacht agus cuidíonn sé le húdaráis mhaoirseachta próisis tuairiscithe agus rialála a dhigitiú. Féach Roinn 4.5
    (15)   Rialachán (AE) 2019/876, Airteagal 430c  
    (16) Foilsíodh an ‘ Páipéar plé maidir le staidéar féidearthachta ar chóras tuairiscithe comhtháite faoi Airteagal 430 de CRR’ ó ÚBE i mí an Mhárta 2021. Tá an staidéar féidearthachta deiridh le foilsiú ag deireadh mhí na Nollag 2021.
    (17)   COM (2021) 581 final
    (18) COM(2021) 721 final
    (19)    COM/2021/720 final
    (20)   Rialachán (AE) 2019/834
    (21) COM(2021) 727 final
    (22) Beidh an foclóir um shonraí ina thaisclann faisnéise ar na sonraí a bheidh le tuairisciú. Déanfar na sonraí a shainiú i dtéarmaí dlí agus gnó agus áireofar ann aon fhaisnéis eile is gá chun na sonraí a úsáid, amhail: luachanna atá ceadaithe, formáid, srianta ar rochtain, an coibhneas le míreanna sonraí eile (e.g. is cuid de mhíreanna sonraí eile é nó is suim na míreanna sonraí eile é). Mar shamplaí, féach CPMI/IOSCO ‘ Eilimintí criticiúla de shonraí díorthach thar an gcuntar a chomhchuibhiú ’ agus an Foclóir Comhtháite um Thuairisciú Bainc ( BIRD ) a d’fhorbair CEBC agus an tionscal baincéireachta.
    (23) Féach tionscnamh Chóras an Euro ó IReF. Tá sé beartaithe go gcuirfear i bhfeidhm é le haghaidh 2024-2027.
    (24) Implementing dictionaries of regulatory concepts and reporting obligations by assisted machine learning’ [Foclóirí de choincheapa rialála agus oibleagáidí tuairiscithe a chur chun feidhme trí mheaisínfhoghlaim chuidithe], Tuarascáil deiridh , arna hullmhú ag Crosslang, ID Lab agus Milieu (2021).
    (25) Mar shampla, molann an Coimisiún úsáid níos mó a bhaint as an LEI le haghaidh íocaíochtaí agus mar chuid den phacáiste reachtach maidir le frithsciúradh airgid.
    (26)   ESRB/2020/12
    (27) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach agus taisclanna lárnacha urrús a fheabhsú agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.
    (28) Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid.
    (29) Féach EBA/DC/2020/335
    (30) Tugadh spásanna sonraí isteach sa straitéis Eorpach níos leithne maidir le sonraí le go mbeadh socruithe nithiúla ann maidir le comhroinnt sonraí agus comhthiomsú sonraí. Féach COM(2020) 66 final.
    (31)    COM(2021) 723 final, COM(2021) 724 final, COM(2021) 725 final
    (32)   COM(2021) 663 final, COM(2021) 664 final, COM(2021) 665 final
    (33)   COM(2021) 219 final
    (34)   I gcomhréir leis na gealltanais a tugadh sa Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO‑L‑123, 12.5.2016, lch. 1).
    (35) Le Rialachán (AE) 2019/2175 tugadh isteach an ceanglas maidir le lámhleabhar maoirseachta cothrom le dáta a fhorbairt agus a choinneáil.
    (36) D’fhéadfadh an tÚdarás nua um fhrithsciúradh airgid agus um an gcomhrac i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta a bheith ar áireamh sa struchtúr amach anseo, mar a mholtar in COM(2021) 421 final.
    (37) Amhail iad siúd atá faoi stiúir an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais, an Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, an CPMI-IOSCO agus an Coiste Formhaoirseachta Rialála (ROC).
    (38) Ar shamplaí díobh tá tionscadal sonraí ÚEUM agus forbairt an chórais le haghaidh ÚCNanna; bonneagar sonraí a chomhfhorbairt idir comhaltaí CEBC arna gcomhordú ag BCE; forbairt uirlise ag ÚEÁPC chun cabhrú le cuideachtaí árachais bheaga tuarascálacha Sócmhainneacht II a ullmhú i bhformáid XBRL; comhpháirtíochtaí poiblí/príobháideacha arna mbunú ag roinnt Ballstát.
    (39) Bunaithe ar Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Tacaíochta Teicniúla chun athchóirithe riaracháin agus struchtúracha a ullmhú agus a chur chun feidhme. Tá tionscadal reatha ar siúl chun cumas ÚCN a fhorbairt chun maoirseacht sonraíbhunaithe a dhéanamh.
    (40) Amhail clár oibre bliantúil an Choimisiúin maidir le caighdeánú Eorpach nó an clár oibre nua don Eoraip Dhigiteach.
    (41) Mar a fógraíodh sa straitéis airgeadais dhigitigh ( COM (2020) 591 final )
    (42) Mar shampla san Ostair (féach https://www.aurep.at/ ), san Iodáil (féach https://www.cooperazionepuma.org/ ) agus sa Danmhairg (féach https://arkitektur.digst.dk/sites/default/files/white_paper_on_a_common_public-sector_digital_architecture_pdfa.pdf )
    (43) Ceanglais, mar shampla, a chuirtear in iúl i seicheamh loighciúil comhsheasmhach atá in oiriúint do chóras ríomhaireachta cinnteachaíoch.
    (44)   Glao ar thairiscintí, FISMA/2020/OP/0001  
    (45)   COM (2020) 594
    (46) Féach an treoirscéim roimhe seo le haghaidh Tairseach Eorpach um Thrédhearcacht Airgeadais ( https://eftg.eu/ ) lenar léiríodh éifeachtúlachtaí ó thaobh sonraí airgeadais a chomhroinnt ar mhaithe le hinrianaitheacht sonraí agus bainistiú sonraí feabhsaithe a chumasú.
    (47)   https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/european-blockchain-services-infrastructure .
    Top