EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021DC0773

Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le cuntais foghlama phearsanta

COM/2021/773 final

An Bhruiséil,10.12.2021

COM(2021) 773 final

2021/0405(NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cuntais foghlama phearsanta

{SEC(2021) 417 final} - {SWD(2021) 368 final} - {SWD(2021) 369 final} - {SWD(2021) 370 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Braitheann rath an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais araon ar na scileanna cearta a bheith ag oibrithe, agus toisc gur gá gníomhú go tapa, tá éilimh mhóra ar chórais tacaíochta na mBallstát maidir leis an bhfoghlaim leanúnach. Thairis sin, i ngeall ar an athrú déimeagrafach san Eoraip, is gá dúinn poitéinseal iomlán gach duine a chur i ngníomh chun fás inbhuanaithe a áirithiú. Ar deiridh, chun téarnamh tar éis thionchar socheacnamaíoch phaindéim COVID-19, tá gá le beartas neartaithe maidir le scileanna chun tacú le haistrithe rathúla nuair is gá.

Cuid bhunúsach den fhreagairt ar na dúshláin seo is ea forbairt scileanna. Is cuid lárnach de dhóigh bheatha na hEorpa iad scileanna toisc go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo i ndáil le duine a bheith rathúil i margadh saothair a bhíonn ag athrú go tapa. Ach tacar scileanna láidir a bheith ag duine, beidh deiseanna ar fáil dó, beidh gréasán sábháilteachta ann dó le linn amanna éiginnte, agus tacófar lena rannpháirtíocht agus lena dhul chun cinn sa tsochaí. Mar sin féin, ar fud na hEorpa, ní leor na daoine atá ag tabhairt faoin bhfoghlaim leanúnach agus a n-oideachas bunúsach críochnaithe acu. Is iomaí duine atá eisiata ó dheiseanna uasoiliúna nó athoiliúna i ngeall ar a stádas saothair nó a n-imthosca pearsanta amhail easpa airgeadais, ama nó spreagtha chun tabhairt faoi oiliúint. Más beag tuiscint atá ag duine ar a riachtanais scileanna féin, agus más beag trédhearcacht atá ann maidir le deiseanna oiliúna mar aon le héiginnteacht maidir le cáilíocht nó aitheantas cláir áirithe agus na deiseanna atá ar fáil gan a bheith in oiriúint rómhaith dá riachtanais féin, is rudaí iad sin a chuireann le leibhéal íseal spreagtha chun tabhairt faoin oiliúint i gcomhthéacs deiseanna teoranta a bheith ann maidir le tacaíocht airgeadais 1 .

Dá thoradh sin, sa lá atá inniu ann ní thugann ach duine as deich nduine fásta san Eoraip faoi oiliúint in aon tréimhse ceithre seachtaine 2 agus tuairiscíonn níos lú ná leath de na daoine fásta go ndeachaigh siad i mbun aon oideachas foirmiúil nó neamhfhoirmiúil nó gníomhaíochtaí oiliúna le linn thréimhse 12 mhí. Thairis sin, na daoine a thugann faoin oideachas nó faoin oiliúint, ní gá gurb iad siúd is mó a bhfuil gá acu leis. Mar shampla, is mó seans go rachaidh fostaithe buana i mbun foghlama ná daoine fásta eile (45 % le hais 29 %); agus earnálacha, slite beatha agus cineálacha fostaíochta a bhfuil cion níos airde d’oibrithe ag a bhfuil cáilíochtaí níos ísle iontu, is iad siúd atá ag bun an rangaithe uasoiliúna 3 . Ar an iomlán, tá líon na mban a ghlacann páirt san fhoghlaim aosach beagáinín níos mó ná líon na bhfear (38.4 % le hais 36.4 %). Mar sin féin, tá beagán níos mó seans ann go dtuairisceoidh na fir go dtéann siad i mbun foghlama ar chúiseanna a bhaineann le fostaíocht i gcomparáid leis na mná 4 .

Tá lucht saothair oilte ar cheann de na príomhfhachtóirí freisin le haghaidh tháirgiúlacht, inbhuanaitheacht agus nuálaíocht na ngnólachtaí de gach méid agus go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Is rud é a chuireann ar a gcumas dóibh dul i méid agus cur le haistriú rathúil glas agus digiteach, rud a chruthóidh poist ardcháilíochta. Ach na scileanna cearta a thabhairt do dhaoine, beidh gnólachtaí in ann leas a bhaint as ardteicneolaíochtaí.

Mar sin féin, tá mí-mheaitseáil idir scileanna agus bearnaí ar an margadh saothar fós ann agus tá siad ag dul i méid 5 . Mar shampla, cuireann siad srian cheana féin leis an aistriú chuig geilleagar atá níos glaise, rud a chuireann béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i scileanna chun cuspóirí uaillmhianacha an Aontais a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, lena n-áirítear spriocanna maidir le laghdú astaíochtaí 6 . Cuireann siad srian ar an aistriú digiteach freisin i bhfianaise breis agus 70 % de ghnólachtaí a bheith ag tuairisciú go bhfuil easpa foirne ag a bhfuil scileanna digiteacha leordhóthanacha acu agus gur bac ar an infheistíocht é sin 7 . Go háirithe, tá FBManna faoi mhíbhuntáiste le hais cuideachtaí níos mó nuair atá tacaíocht d’fhorbairt scileanna a bhfoirne i gceist. Is mó an seans go nglacfaidh fostaithe i gcuideachtaí móra páirt san oiliúint (55 %) ná fostaithe in FBManna (42 %). Áirítear ar FBManna micrifhiontair ag a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí, agus is minic gurb iadsan is lú a ghlacann páirt san oiliúint (36 %) 8 .

An teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna 9 le haghaidh Iomaíochas Inbhuanaithe, Cothroime Shóisialta agus Athléimneachta, foilsíodh i mí Iúil 2020 í, nuair a bhí paindéim COVID-19 i mbarr a réime. Iarradh inti go ndéanfaí réabhlóid scileanna agus aistriú paraidíme ar bheartais scileanna agus fógraíodh 12 ghníomh chun é sin a bhaint amach. Le ceann de na gníomhaíochtaí a bhí i gceist, fógraíodh tionscnamh maidir le cuntais foghlama phearsanta trínar féidir le daoine teidlíochtaí oiliúna a charnadh agus a chaomhnú agus iad a úsáid le haghaidh oiliúna, treoraíochta nó bailíochtaithe.

Tá tionchar ag an aistriú paraidíme seo maidir le beartais scileanna ar roinnt tionscnaimh thábhachtacha de chuid an Choimisiúin:

·Sa Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta leagan amach an phríomhsprioc uaillmhianach seo a leanas maidir le scileanna: faoi 2030, ba cheart do 60 % de na daoine fásta in aois oibre san Aontas Eorpach a bheith rannpháirteach san oiliúint gach bliain. Chuir ceannairí an Aontais fáilte roimhe sin i nDearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021 agus sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 25 Meitheamh 2021 10 .

·Sa Chomhaontú Glas don Eoraip 11 , aithnítear gur cumasóir riachtanach iad scileanna le haghaidh an aistrithe ghlais chuig geilleagar atá comhaimseartha, tíosach ó thaobh acmhainní de agus iomaíoch. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021, ‘Fit for 55’ [Oiriúnach do 55] 12 , aithnítear nach n-éireoidh leis an aistriú glas murab ann don fhoireann oilte atá ag teastáil ón Aontas chun go leanfaidh sé de bheith iomaíoch.

·San Aitheasc ar Staid an Aontais a thug sí in 2021, chuir an tUachtarán von der Leyen béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha agus ar an ngá atá ann le haird cheannairí an Aontais a tharraingt air sin. In ‘Deacáid Dhigiteach na hEorpa’ 13 , athdhearbhaítear an cuspóir maidir le scileanna digiteacha bunúsacha ar a laghad a bheith ag 80 % de dhaonra an Aontais agus socraítear an sprioc maidir le 20 milliún speisialtóir TFC a bheith fostaithe, agus feabhas á chur ar an gcóineasú inscne, faoi 2030. Sa togra maidir le ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ 14 a glacadh le déanaí, socraítear creat chun an méid sin a chur chun cinn.

·Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i dtaca leis ‘an Straitéis Nua Eorpach maidir le Tionsclaíocht’ 15 , iarrtar go ngníomhófaí go cinntitheach chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur ar fáil do chách agus a áirithiú go mbeidh an t-oideachas agus an oiliúint bord ar bhord agus go gcuideoidh siad leis an dá aistriú a bhaint amach.

·An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 16 , cuid de Next Generation EU, agus an Creat Airgeadais Ilbhliantúil, tá siad ag soláthar maoiniú AE ar leibhéal nach bhfacthas riamh do na Ballstáit chun gur féidir leo infheistíocht a dhéanamh i scileanna. Cuimsíonn gach Plean náisiúnta um Théarnamh agus Athléimneacht a ghlac an Coimisiún go nuige seo bearta le haghaidh uasoiliúint agus athoiliúint a chur ar dhaoine fásta.

Tá gá leis an tionscnamh seo toisc nár leor na tionscnaimh roimhe seo chun rannpháirtíocht daoine fásta san oiliúint a mhéadú go suntasach agus chun na bearnaí tacaíochta a laghdú i ndáil le rochtain ar oiliúint. Cé go bhfuil an cás éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, tá dúshláin chomhchosúla os a gcomhair, mar a léirítear san anailís ar an Seimeastar Eorpach agus sna moltaí tír-shonracha 17 .

Léiríonn an anailís ón Measúnú Tionchair 18 go bhfuil dhá chúis leathana faidhbe ann: Ní faigheann daoine aonair a dhóthain tacaíochta airgeadais le haghaidh na hoiliúna, lena n-áirítear chun na bacainní roimh am a chaitheamh ar an oiliúint a shárú, agus ní leor an spreagadh atá ann chun dul i mbun oiliúna.

Is iomaí iarmhairt atá ag an bhfadhb, idir riosca dífhostaíochta níos airde agus pá níos ísle agus sásamh post níos ísle i gcás an duine aonair, táirgiúlacht cuideachtaí níos ísle, go háirithe in FBManna, agus OTI níos ísle dá réir, agus níos lú athléimneachta sa gheilleagar ina iomláine 19 .

Mura ngníomhófar go daingean, meastar nach sroichfidh rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach ach tuairim agus 49 % faoi 2030, agus ar an gcaoi sin ní bhainfear amach an sprioc 60 %. Sin an fáth a bhfuil cur chuige nua á mholadh ag an gCoimisiún chun tacaíocht a thabhairt d’uasoiliúint agus d’athoiliúint san Aontas Eorpach, i gcomhréir leis an gClár Oibre do Scileanna, lena dtugtar an chumhacht do dhaoine aonair, agus lena dtugtar dóibh an tacaíocht agus na huirlisí a theastaíonn uathu chun dul i mbun foghlama go tráthrialta.

Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo tacú le hathchóirithe sna Ballstáit chun daoine fásta a chumasú le dul i mbun oiliúna, ar mhaithe le rátaí rannpháirtíochta a mhéadú agus le bearnaí scileanna a laghdú. Cumhdaítear leis an togra gach duine fásta atá in aois oibre, beag beann ar a stádas saothair ná ar a stádas gairmiúil 20 . Dá bhrí sin, glacann sé cur chuige iomlán nua i leith foghlaim ar feadh an tsaoil, lena ndéantar teidlíochtaí oiliúna a dhícheangal óna gcisteoir bunaidh agus lena dtugtar úinéireacht iomlán ar na teidlíochtaí do dhaoine aonair. Mar sin, tacóidh an tionscnamh leis an gcuspóir atá ag an Aontas geilleagar margaidh sóisialta a chur chun cinn atá an-iomaíoch d’fhonn lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach. Tugann cásanailísí le fios go méadófaí rannpháirtíocht oiliúna in 2030 go leibhéil os cionn sprioc 60 % an Aontais de thairbhe an chur chuige atá beartaithe 21 .

I dtéarmaí nithiúla, moltar sa togra seo gur cheart do na Ballstáit é a chur ar a gcumas do dhaoine fásta páirt a ghlacadh in oiliúint chun rátaí rannpháirtíochta a mhéadú agus bearnaí scileanna a laghdú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)tacú le gach duine fásta in aois oibre rochtain a fháil ar oiliúint, lena n-áirítear le haghaidh aistrithe gairmiúla agus gan beann ar a stádas saothair ná a stádas gairmiúil;

(b)cur leis na dreasachtaí agus leis an spreagadh atá ag daoine le hoiliúint a lorg.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, sa Mholadh atá beartaithe, iarrtar ar na Ballstáit cuntais foghlama phearsanta a bhunú. Cuimseoidh siad sin an ceart chun foghlama ar feadh an tsaoil trí bhíthin cuntais foghlama phearsanta lena gcuirfear ar a gcumas do dhaoine páirt a ghlacadh in oiliúint ábhartha a bhaineann leis an margadh saothair, agus creat cumasúcháin lena n-áirítear deiseanna treoraíochta agus bailíochtaithe, chun tacú le glacadh iarbhír na hoiliúna. Comhfhreagraíonn sé sin do threoirlíne 6 i gCinneadh 2021 ón gComhairle maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát 22 (‘Treoirlínte Fostaíochta’) lenar deimhníodh leagan 2020 23 , ina leagtar béim ar rochtain ar fhostaíocht agus ar scileanna, agus lena n-iarrtar ar na Ballstáit ‘na forálacha maidir le teidlíochtaí oiliúna pearsanta a neartú agus a n-inaistritheacht a áirithiú le linn aistrithe gairmiúla’.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach le tionscnaimh bheartais an Aontais atá ann cheana agus comhlánaíonn sé iad, ar beartais iad a dhírítear den chuid is mó ar dhearadh sholáthar an oideachais agus na hoiliúna do dhaoine fásta (‘taobh an tsoláthair’), seachas ar rochtain a thabhairt do dhaoine fásta agus iad a spreagadh chun é a úsáid (‘taobh an éilimh’).

Ina theannta sin, is minic a bhíonn raon feidhme na dtionscnamh atá ann cheana teoranta, agus iad dírithe ar ghrúpaí áirithe, seachas ar na daoine fásta uile atá in aois oibre. Mar shampla, agus Moladh 2016 ón gComhairle maidir le Conairí Uasoiliúna á ghlacadh acu 24 (an mórghníomh dlí is déanaí de chuid an Aontais maidir leis an mbeartas um fhoghlaim aosach), chomhaontaigh na Ballstáit cur chuige straitéiseach comhordaithe a ghlacadh i leith deiseanna foghlama a chur ar fáil do na 58 milliún duine fásta atá ar bheagán scileanna san Aontas 25 . Is é an aidhm atá leis cabhrú leo feabhas a chur ar a mbunscileanna (i.e. litearthacht, uimhearthacht, agus scileanna digiteacha), agus/nó tacar scileanna níos leithne a fháil trí dul ar aghaidh chun tabhairt faoi cáilíochtaí níos airde. Tá réimse freagairtí beartais náisiúnta le fáil i dtuarascáil 2019 maidir le cur chun feidhme an Mholta. Cuireann sí i dtábhacht freisin go bhfuil gá le cur chuige sistéamach fadtéarmach chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le hoiliúint a chur ar dhaoine atá ar bheagán scileanna, agus cistiú, for-rochtain agus treoir iomchuí a bheith ag gabháil leis sin, rud nach mbíonn ann go minic. Tá spriocghrúpa agus raon feidhme níos cúinge ag an Moladh ná atá ag an togra seo, toisc go bhfuil sé dírithe den chuid is mó ar dhaoine atá ar bheagán scileanna agus nach moltar tacaíocht airgeadais d’fhoghlaimeoirí aonair ann.

Comhlánaíonn an tionscnamh seo roinnt ionstraimí a luaitear i bplean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 26 ó mhí an Mhárta 2021, ina n-iarrtar ar an Aontas agus ar na Ballstáit beartais scileanna agus infheistíocht a mhéadú:

·I dteannta an togra seo, leagtar amach togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le micridhintiúir, gníomhaíocht de chuid an Chláir Oibre do Scileanna, agus ionstraim ríthábhachtach chun Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 27 . Is é is aidhm dó cabhrú le daoine iad féin a chur in oiriúint do riachtanais athraitheacha an mhargaidh saothair trí cháilíocht, trédhearcacht agus aitheantas na gclár gearroiliúna a chur chun cinn. Is féidir le micridhintiúir cabhrú chun a áirithiú gur féidir le daoine aonair a úsáideann a gcuntais foghlama phearsanta a bheith muiníneach as cáilíocht na hoiliúna agus as aitheantas a n-iarrachtaí ina dhiaidh sin, lena n-áirítear ag a bhfostóirí reatha agus a bhfostóirí amach anseo. I dteannta a chéile, spreagfaidh an dá thionscnamh sin daoine chun an oiliúint a ghlacadh: trí é a chur ar chumas daoine fásta í a dhéanamh, agus trína áirithiú go mbainfidh siad tairbhe aisti.

·Is é is aidhm don Chomhshocrú do Scileanna 28 a seoladh i mí na Samhna 2020, páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí a spreagadh chun gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh ar mhaithe le huasoiliúint agus athoiliúint a chur ar dhaoine ar an margadh saothair, agus, i gcás inarb ábhartha, a n-iarrachtaí a chomhthiomsú i gcomhpháirtíochtaí. Ó shin i leith, tá cruinnithe ardleibhéil tionólta ag an gCoimisiún le hionadaithe tionscail, comhpháirtithe sóisialta agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) d’fhonn comhpháirtíochtaí mórscála a sheoladh in 14 éiceachóras tionsclaíocha de chuid Straitéis an Aontais maidir le Tionsclaíocht. Ó dheireadh mhí na Samhna 2021 ar aghaidh, tá cúig chomhpháirtíocht den sórt sin bunaithe 29 , agus iad tiomanta d’úasoiliúint agus athoiliúint a chur ar 1.5 milliún duine sna blianta amach romhainn. Go dtí seo, tá 500 comhalta tagtha le chéile faoin gComhshocrú do Scileanna, lena n-áirítear eagraíochtaí earnála gnó, cuideachtaí móra agus beaga, ollscoileanna, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, comhpháirtithe sóisialta, comhlachais tráchtála, údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha.

·Le glacadh an togra seo le haghaidh Moladh, éascófar cur chun feidhme an Mholta ón gCoimisiún maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht (EASE) 30 , moladh a glacadh i mí an Mhárta 2021. Cabhróidh sé sin leis na Ballstáit ‘pacáistí beartais a fhorbairt chun aistrithe i margadh an tsaothair a éascú d’oibrithe, go háirithe trí dheiseanna uasoiliúna agus athoiliúna agus bearta tacaíochta a chothú’.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 292 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i gcomhar le hAirteagal 149 CFAE an bunús dlí don Mholadh atá beartaithe, toisc gurb é príomhchuspóir an tionscnaimh seo tacú leis na Ballstáit cuspóirí an bheartais fostaíochta a bhaint amach. Ceadaítear le hAirteagal 149 CFAE bearta neamhcheangailteacha i réimse na fostaíochta arb é is aidhm dóibh anailís chomparáideach agus comhairle a chur ar fáil agus cineálacha cur chuige nuálacha a chur chun cinn. Rannchuideoidh an Moladh le cur chun feidhme Airteagal 145 CFAE, lena gceanglaítear ar na Ballstáit agus ar an Aontas obair a dhéanamh ‘chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte solúbtha agus margaí fostaíochta atá oscailte don athrú eacnamaíoch a chur ar aghaidh’.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá an togra seo i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CFAE).

Cé go bhfuil coinne leis go dtacóidh an tionscnamh le hiarrachtaí náisiúnta agus go gcuirfidh sé dlús leo, urramóidh sé go hiomlán prionsabal na coimhdeachta, trína fhágáil faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis na príomhpharaiméadair deartha, go háirithe foinsí maoiniúcháin, leibhéal na dteidlíochtaí oiliúna, na spriocghrúpaí tosaíochta (i.e. na daoine is mó a bhfuil uasoiliúint agus athoiliúint de dhíth orthu) agus deiseanna oiliúna incháilithe. Cé gur féidir leis na Ballstáit bearta a dhéanamh chun an staid ar an leibhéal náisiúnta a fheabhsú, is féidir le tionscnamh ón Aontas tacú le hiarrachtaí náisiúnta, iad a chomhordú agus dlús a chur leo trí thaithí a roinnt agus cur chuige nuálach a chur chun cinn. Ina theannta sin, is féidir leis ionchais a shocrú agus muinín a chruthú i measc na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara as méadú a dhéanamh ar an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach i scileanna, agus é a chur in iúl dóibh go gcuirfidh gach ceann acu le lucht saothair oilte de chuid an Aontais a bheidh mar shócmhainn chomhroinnte acu, agus go mbainfidh siad tairbhe as. Sa chomhairliúchán poiblí, d’aontaigh 84 % de na freagróirí 31 gur de thoradh an tionscnaimh, d’fhéadfaí leas níos éifeachtúla a bhaint as cistí an Aontais d’fhorbairt scileanna.

Is féidir leis an tionscnamh rochtain ar oiliúint a éascú do líon na saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, líon atá ag fás de réir a chéile, rud a thacóidh le soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas agus le comhtháthú breise an mhargaidh aonair.  32 Is féidir leis freisin cothrom iomaíochta a chruthú le haghaidh chuideachtaí sa mhargadh aonair trí fheabhas a chur ar cháilíocht agus ar thrédhearcacht an mhargaidh oiliúna ar fud an Aontais.

Comhréireacht

Tá an togra seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) CFAE.

Tá na gníomhaíochtaí atá beartaithe i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú i bhfianaise phráinn an dúshláin agus i bhfianaise uaillmhian na mBallstát an rannpháirtíocht i bhfoghlaim aosach a mhéadú go suntasach faoi 2030, méadú os cionn na leibhéal ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go sroichfear iad faoin gcás bunlíne, agus neartú á dhéanamh ar na forálacha maidir le teidlíochtaí oiliúna pearsanta agus a n-inaistritheacht a áirithiú le linn aistrithe gairmiúla.

An Moladh maidir le cuntais phearsanta a bhunú le haghaidh teidlíochtaí oiliúna, tá an Moladh sin comhréireach toisc go gceadaíonn na cuntais sin teidlíochtaí oiliúna a dhícheangal óna gcisteoir bunaidh agus toisc go dtugtar úinéireacht iomlán do dhaoine aonair ar na teidlíochtaí, rud atá bunriachtanach chun inaistritheacht na dteidlíochtaí a áirithiú. Ina theannta sin, i ngeall ar chuntais phearsanta, déanfar samhlacha cistiúcháin solúbtha a éasca trí chostais na dteidlíochtaí oiliúna a roinnt ar lucht maoiniúcháin éagsúla agus trí thacaíocht mhodhnaithe de réir spriocghrúpaí, rud a fhorálfar maidir le réimse leathan samhlacha náisiúnta maoiniúcháin agus cur chun feidhme féideartha. Cur chun feidhme an Mholta atá beartaithe maidir le cuntais foghlama phearsanta agus an creat cumasúcháin, is rud é sin ar féidir leis cur leis na forálacha sna Ballstáit atá ann cheana nó atá beartaithe sna Pleananna Náisiúnta um Théarnamh agus Athléimneacht. Forálann sé maidir le cur chuige difreáilte a léiríonn staideanna éagsúla eacnamaíocha, airgeadais agus sóisialta na mBallstát agus éagsúlacht sna dálaí oideachais agus oiliúna, agus sa mhargadh saothair.

Dá bhrí sin, ní théann ábhar an Mholta seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.

An rogha ionstraime

I bhfianaise an chuspóra (tacú le hathchóiriú sna Ballstáit) agus an bhunúis dlí atá beartaithe, níl ach ionstraimí neamhcheangailteacha á mbreithniú. Is é an chéad rogha athbhreithniú ar na Treoirlínte Fostaíochta a mholadh, chun tacú le hathchóirithe na mBallstát trí phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh agus trí mholtaí tír-shonracha. Sna Treoirlínte is déanaí ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 33 , deimhnítear an leagan ó 2020, ina n-iarrtar ar na Ballstáit cheana féin ‘na forálacha maidir le teidlíochtaí oiliúna pearsanta a neartú agus a n-inaistritheacht a áirithiú le linn aistrithe gairmiúla, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí chuntais foghlama phearsanta’. Ós rud é gur treoirlínte ginearálta iad na Treoirlínte Fostaíochta, áfach, ní thugann siad treoir bhreise maidir leis an gcaoi ar féidir é sin a dhéanamh.

Rogha eile is ea teachtaireacht nó moladh ón gCoimisiún lena bhféadfaí tuilleadh treorach a thabhairt do na Ballstáit agus bonn eolais a chur faoi chur chun feidhme na moltaí tír-shonracha. Ní bheadh úinéireacht pholaitiúil ag na Ballstáit air, áfach, agus dá bhrí sin ní bheadh sé leordhóthanach chun na hathchóirithe riachtanacha a dhreasú.

Is é an rogha tosaíochta togra le haghaidh moladh ón gComhairle. Ar an gcaoi sin, cuirfear moltaí arna gcomhaontú go comhchoiteann os comhair na mBallstát, moltaí maidir le huirlis nithiúil a chuideoidh leo príomhsprioc 2030 an Aontais maidir le rannpháirtíocht oiliúna a bhaint amach. Ina theannta sin, cuirfidh sé creat coiteann chun gníomhaíochta ar fáil, creat a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn d’anailís a dhéanamh ar athchóirithe agus ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin. Cé gur faoi na Ballstáit a bheadh sé cinneadh a dhéanamh maidir leis na paraiméadair dearaidh amhail spriocghrúpaí tosaíochta, cistiú nó deiseanna oiliúna incháilithe, cuireann an togra treoir ar fáil maidir leis an mbealach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha faoin Seimeastar Eorpach, moltaí lena dtugtar aird ar imthosca sonracha gach Ballstáit.

Sa chomhairliúchán poiblí, d’aontaigh 61 % de na freagróirí 34 maidir le Reachtaíocht ón Aontas a gcloífeadh na Ballstáit léi ar bhonn deonach, amhail Moladh ón gComhairle, gur bhealach oiriúnach a bheadh sa reachtaíocht sin chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach.

3.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí an Measúnú Tionchair Tionscanta ar fáil ar líne chun aiseolas a fháil ón bpobal idir an 23 Márta agus an 20 Aibreán 2021. Fuarthas 23 fhreagra san iomlán, inar leagadh béim den chuid is mó ar an tábhacht a bhaineann le cuntais foghlama phearsanta a dhearadh i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, ar an ngá atá ann lena áirithiú go mbeidh an oiliúint ar ardchaighdeán, go mbeidh treoraíocht agus faisnéis ar fáil agus go dtabharfar aird leordhóthanach ar ghrúpaí leochaileacha.

Reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán poiblí 12 seachtaine idir an 23 Aibreán 2021 agus an 16 Iúil. Fuair sé 216 fhreagra ó 78 saoránach, 26 údarás poiblí, 46 chomhlachas gnó agus fiontar, 26 cheardchumann agus 40 eagraíocht neamhrialtasach/freagróir eile. Bhí formhór na bhfreagróirí (35), a raibh 23 díobh ina n-eagraíochtaí ar leibhéal an Aontais, lonnaithe sa Bheilg, agus ansin san Iodáil (24). Ina theannta sin, fuarthas 38 bhfreagra i scríbhinn.

Dearbhaíodh sa chomhairliúchán poiblí sainmhíniú na faidhbe agus an breisluach AE a d’fhéadfadh a bheith ann. Bhí tacaíocht leathan ann d’iarrachtaí beartais chun foghlaim i measc daoine fásta a éascú, ach ní raibh an tacaíocht chomh láidir céanna don oiliúint nach mbaineann leis an láthair oibre. D’aontaigh 84 % de na freagróirí go bhféadfadh cuntais foghlama phearsanta a bheith éifeachtach chun dul i ngleic le srianta airgeadais ar rannpháirtíocht san oiliúint. D’aontaigh 82 % de na freagróirí gur féidir an spreagadh chun páirt a ghlacadh san oiliúint a mhéadú trí chuntais foghlama phearsanta, agus bhí tacaíocht ar an leibhéal comhchosúil do ghairmthreoir, deiseanna maidir le bailíochtú na foghlama neamhfhoirmiúla agus sheachfhoirmiúla, clár poiblí de dheiseanna oiliúna de cháilíocht dhearbhaithe, feachtais ardaithe feasachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus ardán digiteach ilfhreastail. Rinneadh iarraidh ghinearálta ar chastacht agus maorlathas a sheachaint, agus rochtain níos éasca a áirithiú do dhaoine.

Reáchtáladh 11 imeacht comhairliúcháin spriocdhírithe le grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear ar an leibhéal polaitiúil is airde 35 . Le linn na héisteachta a bhí tiomanta do chomhpháirtithe sóisialta 36 , chuir na comhpháirtithe sóisialta in iúl go gcomhaontaíonn siad le cuspóirí ginearálta an tionscnaimh, ach chuir siad i dtreis gur cheart féachaint ar chuntais foghlama phearsanta mar ‘uirlis amháin sa bhosca uirlisí’ chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Sa tuairim a thug sé uaidh 37 , d’aontaigh an Coiste Comhairleach um Ghairmoiliúint (ACVT) go bhféadfadh an tionscnamh feabhas a chur ar spreagadh agus ar rannpháirtíocht daoine fásta san oideachas agus san oiliúint. Ag an am céanna, áitíonn sé gur cheart cuntais foghlama phearsanta comhlánú a dhéanamh ar an soláthar oiliúna reatha atá maoinithe ag an rialtas agus/nó atá á stiúradh ag comhpháirtithe sóisialta, seachas iad a chur in ionad an tsoláthair sin.

Chuir formhór na bpáirtithe leasmhara agus na gcomhpháirtithe sóisialta, agus go háirithe iad siúd ó na Ballstáit a bhfuil córais oiliúna dea-fhorbartha acu, e.g. tíortha Nordacha, béim ar a thábhachtaí atá sé tionscnaimh nua a chomhtháthú leis an mbonneagar oiliúna náisiúnta (nó réigiúnach) atá ann cheana, agus urraim a thabhairt do na comhaontuithe comhchoiteanna le haghaidh oiliúna atá ann cheana, a mbíonn fostóirí, ceardchumainn agus rialtais páirteach iontu de ghnáth. Bhí comhaontú ginearálta ann gur cheart fócas oiliúna an tionscnaimh nua um theidlíochtaí oiliúna a dhíriú ar an margadh saothair agus go bhfeabhsófaí an tionchar i gcás ina ndéanfaí teidlíochtaí oiliúna a chomhordú le treoraíocht, córais de cháilíocht dhearbhuithe agus oiliúint chreidiúnaithe.

Ina tuairim maidir leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna 38 , leagann Parlaimint na hEorpa béim ar na deiseanna a bhaineann le cuntais foghlama phearsanta, ar sásra cistiúcháin é a mheastar a bheith ríthábhachtach chun cuidiú le huasoiliúint agus le hathoiliúint, go háirithe i gcás na ngrúpaí is leochailí.

Sna Conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 maidir le hathoiliúint agus le huasoiliúint 39 , iarrtar ar na Ballstát; ‘samhlacha a d’fhéadfadh a bheith ann do mhaoiniú poiblí agus príobháideach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a scrúdú agus scileanna a fhorbairt ar leibhéal an duine aonair’, agus iarrtar ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí sin.

Ina thuairim an 7 Iúil 2021 maidir leis an bhfoghlaim aosach, mheas Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 40 gur cheart an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a bheith ina stíl mhaireachtála do chách agus í a bheith i bhfeidhm san ionad oibre, agus d’iarr sé ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an sprioc 60 % maidir le rannpháirtíocht i bhfoghlaim aosach a bhaint amach agus a ardú in aghaidh na bliana. Molann sé do na Ballstáit an beartas, an rialachas agus an maoiniú don fhoghlaim aosach a neartú agus rochtain chomhionann ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil a áirithiú do gach duine fásta.

Mheall fóram ardleibhéil maidir le cuntais foghlama phearsanta beagnach 800 rannpháirtí as 48 dtír agus sa cheardlann bailíochtaithe le haghaidh an staidéir tacaíochta ar an Measúnú Tionchair (le thart ar 25 rannpháirtí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus údaráis phoiblí den chuid is mó), díríodh ar an anailís faidhbe agus tionchair.

Bailiú agus úsáid saineolais

Áirítear an méid seo a leanas sa bhonn fianaise faoin tionscnamh:

·staidéar seachtrach chun tacú leis an Measúnú Tionchair;

·sonraí ábhartha ó shuirbhéanna ar leibhéal an Aontais, e.g. an Suirbhé ar an Lucht Saothair, an Suirbhé ar Oideachas Aosach, an Suirbhé ar Ghairmoiliúint Leanúnach, suirbhéanna ábhartha arna reáchtáil ag Eurofound agus ag Cedefop, maidir le rannpháirtíocht agus soláthar i ndáil le foghlaim aosach, agus maidir le bacainní agus dreasachtaí;

·litríocht ábhartha lena gcumhdaítear meastóireachtaí ar thaithí idirnáisiúnta;

·roinnt aschur idirnasctha ón líonra saineolaithe neamhspleách um fhoghlaim aosach: tuarascálacha tíre maidir leis na scéimeanna dreasachta airgeadais atá ar fáil, anailís ar an bhfianaise staidrimh atá ar fáil, agus anailís ar an timpeallacht chun dreasachtaí airgeadais díreacha a chur ar fáil do dhaoine aonair le haghaidh oiliúna;

·fianaise ó chomhairliúcháin maidir leis an gClár Oibre do Scileanna agus Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus torthaí ó chruinnithe comhchéime ardleibhéil maidir leis an gComhshocrú do Scileanna 41 .

Measúnú Tionchair

Rinne an Coimisiún Measúnú Tionchair ar na roghanna beartais ábhartha. Chun tacú leis an obair sin rinneadh comhairliúchán struchtúrtha laistigh den Choimisiún trí Ghrúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse 42 . Pléadh an Measúnú Tionchair leis an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 29 Meán Fómhair 2021. An 1 Deireadh Fómhair 2021, d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach maille le hagúis, ar tugadh aghaidh orthu trí shoiléirithe a chur le raon feidhme an tionscnaimh, leis an gcás bonnlíne, leis an tuairisc ar na tionchair a bhfuil coinne leo agus le rogha na rogha tosaíochta 43 .

Bhí na roghanna beartais éagsúil ó thaobh mhodh soláthair na dteidlíochtaí oiliúna de (dearbháin oiliúna nó cuntais phearsanta), mhéid an spriocghrúpa agus mhéid na saoirse a bheadh ag an duine aonair deiseanna oiliúna a roghnú. Is é an rogha beartais thosaíochta teidlíochtaí oiliúna i bhfoirm cuntas pearsanta a chur ar fáil do na daoine fásta uile atá in aois oibre, ach méid na dteidlíochtaí a mhodhnú de réir riachtanais tacaíochta agus an deis a thabhairt do dhaoine aon chúrsa oiliúna a roghnú, cúrsa a ndéantar a chaighdeán, a ábharthacht ó thaobh an mhargaidh saothair de agus a aitheantas a áirithiú trína chlárú i gclár poiblí. Is é an rogha seo an rogha is éifeachtaí chun cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach toisc go laghdaíonn sé go cuimsitheach bearnaí tacaíochta agus ilroinnt, agus san am céanna cuireann sé an oiliúint in oiriúint do riachtanais phearsanta an duine 44 .

I bhfianaise chuspóirí an tionscnaimh, an bhunúis dlí agus phrionsabail na coimhdeachta, togra le haghaidh Moladh ón gComhairle is ea an ionstraim reachtach thosaíochta. Leis an ionstraim seo, is féidir meascán de theidlíochtaí oiliúna pearsanta agus de dhálaí an chreata cumasúcháin a mholadh, agus ag an am céanna é a fhágáil faoi na Ballstáit na bearta a chur chun feidhme i gcomhréir lena n-imthosca náisiúnta.

Tairbhí na rogha tosaíochta: De réir cásanailísí a rinneadh, dá gcuirfí an rogha thosaíochta chun feidhme, d’fhéadfadh sé go dtiocfaí méadú ar rannpháirtíocht san oiliúint in 2030 go dtí leibhéil atá os cionn sprioc an Aontais, eadhon 60 %, agus go laghdófaí bearnaí rannpháirtíochta ar fud na mBallstát. Is é an príomhthionchar a bhfuil coinne leis go dtiocfadh méadú ar phá daoine, ar tháirgiúlacht gnólachtaí, ar OTI agus ar an gcomhtháthú sóisialta.

Costais na rogha tosaíochta: De réir cásanailísí a rinneadh, meastar gur thart ar EUR 17.6 go EUR 24.5 billiún a bheidh i gceist le costas díreach na dteidlíochtaí oiliúna in aghaidh na bliana 45 . Baineann costais bhreise le níos mó saoire oiliúna íoctha a ghlacadh agus an beart a chur ar bun agus a bhainistiú, ach ceaptar na costais sin a bheith teoranta, i bhfianaise cuid mhór den bhonneagar ábhartha a bheith ar fáil cheana féin i roinnt mhaith de na Ballstáit. Má chuirtear an tionscnamh chun feidhme ar bhealach maith, tugann na ríomhanna costais agus tairbhe le fios gur mó go mór na tairbhí thuasluaite ná na costais.

Éifeacht ar chuideachtaí (lena n-áirítear FBManna): Ceaptar go rachaidh lucht saothair níos oilte agus bearnaí scileanna níos lú chun tairbhe do chuideachtaí, go háirithe do FBManna, ar lú a théann a gcuid fostaithe i mbun oiliúna i láthair na huaire.

Tionchar ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta: Fágtar na socruithe maoiniúcháin faoi na Ballstáit. De réir na ríomhanna costais agus tairbhe, má chuirtear na cuntais foghlama phearsanta chun feidhme i gceart, is mó go mór na buntáistí thuasluaite a bhainfidh leo ná a gcostas, sa chaoi gur féidir airgeadas poiblí inbhuanaithe a chur chun cinn trí shocruithe oiriúnacha maidir le cistiú agus comhroinnt costas.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Faoi Airteagal 14(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sonraítear ‘go bhfuil ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach’: léirítear é sin freisin i bprionsabail 1, 4 agus 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ag an tionscnamh seo ar chearta bunúsacha trí bhearnaí sa rochtain ar oiliúint leanúnach a laghdú. Tá an tionchar sin sách láidir, mar cuimsíonn an tionscnamh gach duine fásta in aois oibre, agus tugann sé tacaíocht shonrach do na daoine is mó a bhfuil uasoiliúint agus athoiliúint de dhíth orthu.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon acmhainn bhreise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh de dhíth ar an tionscnamh seo. Beidh na himpleachtaí do bhuiséid náisiúnta ag brath ar an tsamhail chistiúcháin a roghnóidh an Ballstát lena mbaineann.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Sa Mholadh seo atá beartaithe, iarrtar ar na Ballstáit oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún maidir lena chur chun feidhme. Moltar do na Ballstáit a phrionsabail a chur chun feidhme a luaithe is féidir agus plean a chur isteach ina leagfar amach na bearta atá le déanamh ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na bpleananna a phlé i gcomhthéacs an fhaireachais iltaobhaigh faoin Seimeastar Eorpach sa Choiste Fostaíochta, agus é ag díriú ar na hionstraimí a chuir na Ballstáit ar bun chomh maith leis na torthaí (amhail rannpháirtíocht oiliúna agus torthaí an mhargaidh saothair ina dhiaidh sin).

Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún creat faireacháin a bhunú i gcomhpháirt leis an gCoiste Fostaíochta le táscairí coiteanna cainníochtúla agus cáilíochtúla arna gcomhaontú, mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Mholta seo agus chun é a athbhreithniú. D’fhonn oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát a shruthlíniú, bhainfí úsáid, a mhéid ab fhéidir, as faisnéis a bailíodh cheana trí chreataí faireacháin eile agus sheachnófaí dúbláil faireacháin agus tuairiscithe (e.g. don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus an creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais).

Tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, rachaidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus é mar aidhm dó faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Mholta atá beartaithe, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle tráth nach luaithe ná 5 bliana ó dháta a ghlactha.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

(Míreanna 1-2) Gné nuálach an togra seo is ea go gcuireann sé an duine aonair go díreach i gcroílár na forbartha scileanna. Moltar do na Ballstáit beartais agus ionstraimí a fhorbairt chun tacú le gach duine fásta in aois oibre oiliúint a fháil, lena n-áirítear le haghaidh aistrithe gairmiúla, beag beann ar a stádas saothair nó a stádas gairmiúil, chomh maith le dreasachtaí agus spreagadh a mhéadú i leith daoine aonair chun go mbeidh siad ag lorg oiliúna. Trí bhíthin cuntais foghlama phearsanta agus creat cumasúcháin, lena n-áirítear deiseanna treoraíochta agus bailíochtaithe, is féidir glacadh éifeachtach na hoiliúna sin a chur chun cinn.

(Mír 3) Is é atá sa spriocghrúpa don tionscnamh, gach duine fásta in aois oibre a bhfuil cónaí air go dleathach i mBallstát, beag beann ar a leibhéal oideachais agus ar a stádas reatha ó thaobh an lucht saothair de nó ar an gcineál fostaíochta atá aige faoi láthair, lena n-áirítear daoine fostaithe, daoine féinfhostaithe agus daoine eile i gcineálacha oibre neamhthipiciúla, daoine dífhostaithe agus daoine lasmuigh den fhórsa saothair. Dá bhrí sin, moltar sa togra cuntas foghlama pearsanta a bhunú do gach duine fásta in aois oibre sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air go dleathach.

Mar sin féin, i gcás oibrithe trasteorann an Aontais agus daoine féinfhostaithe ar saoránaigh den Aontas iad agus atá ag obair i mBallstát seachas an Stát ina bhfuil cónaí orthu, tá údar maith le heisceacht. Ós rud é go bhfuil cuntais foghlama phearsanta dírithe go príomha ar scileanna a bhaineann leis an margadh saothair a fhorbairt, ní bheadh an áit chónaithe ina chritéar oiriúnach chun a chinneadh cén Ballstát inar cheart an cuntas foghlama pearsanta a bhunú don ghrúpa sin. Dá bhrí sin, moltar sa togra gurb é an áit fostaíochta nó féinfhostaíochta an critéar lena gcinnfear cén áit ar cheart an cuntas foghlama pearsanta a bhunú le haghaidh oibrithe trasteorann. Bheadh an chóireáil sin i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe idir náisiúnaigh a mhéid a bhaineann le rochtain ar bhuntáistí sóisialta a bhunaítear in Airteagal 7(2) de Rialachán 492/2011. 46

(Míreanna 5-7) Moltar do na Ballstáit cur chuige uilíoch a ghlacadh trí chuntas foghlama pearsanta a bhunú le haghaidh gach duine a chumhdaítear le raon feidhme an tionscnaimh seo agus trí sholáthar bliantúil leordhóthanach na dteidlíochtaí oiliúna pearsanta a áirithiú. Ag an am céanna, iarrtar ar na Ballstáit maoiniú a mhodhnú de réir riachtanais phearsanta an duine. Thacaigh na páirtithe leasmhara leis an gcur chuige ‘uileghabhálach ach difreáilte’ le linn an chomhairliúcháin phoiblí. Moltar sa togra teidlíochtaí oiliúna breise a thabhairt do na daoine is mó a bhfuil uasoiliúint agus athoiliúint de dhíth orthu. Ag brath ar an gcomhthéacs náisiúnta, d’fhéadfadh sé gur daoine iad sin atá i staideanna fostaíochta sonracha (e.g. cineálacha oibre neamhthipiciúla), de réir a stádais saothair (fostaithe, dífhostaithe nó lasmuigh den lucht saothair), ag obair do ghnólachtaí in earnálacha a ndéanann an t-aistriú digiteach nó an t-aistriú glas difear suntasach dóibh, nó cineálacha sonracha cuideachtaí (e.g. micrifhiontair, FBManna, nó iad siúd a bhfuil riachtanais scileanna ar leith acu (amhail daoine atá ar bheagán scileanna), nó in aoisghrúpaí ar leith nó grúpaí leochaileacha. Féadfaidh na grúpaí a fhaigheann teidlíochtaí oiliúna breise a athrú de réir mar a fhorbraíonn an margadh saothair.

(Míreanna 8-9) Tacaíonn cuntais foghlama phearsanta leis an gcoincheap maidir le costais a roinnt, de bhrí go gceadaítear leo ranníocaíochtaí ó fhoinsí éagsúla, amhail údaráis phoiblí agus fostóirí, a chuachadh agus a bhainistiú in aon chuntas amháin. Ar an gcaoi sin, éascófar modhnú na tacaíochta de réir an ghá le huasoiliúint agus le hathoiliúint (e.g. na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí a bheith ag maoiniú na dteidlíochtaí oiliúna pearsanta breise do dhaoine dífhostaithe), agus le breisithe ó fhostóirí dá bhfostaithe, bíodh sin deonach nó mar thoradh ar chomhaontuithe cómhargála.

(Mír 10) Le carnadh na dteidlíochtaí oiliúna pearsanta le linn tréimhse beartaithe i gcuntas pearsanta, is féidir le daoine teidlíochtaí a stóráil go neamhspleách ar a stádas saothair nó gairmiúil, dul i mbun oiliúna atá níos faide nó níos costasaí, tabhairt faoi oiliúint le haghaidh aistrithe idir poist, nó freagairt do riachtanais scileanna atá ag teacht chun cinn le linn tréimhsí géarchéime agus i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Is féidir leis na Ballstáit rialacha a shocrú maidir le huasteorainneacha do charnadh den sórt sin nó maidir le dul in éag teidlíochtaí, d’fhonn daoine aonair a spreagadh chun úsáid a bhaint astu.

(Mír 11) Moltar sa togra go bhfaighidh daoine na teidlíochtaí oiliúna ina n-áit chónaithe dhlíthiúil, cé is moite d’oibrithe trasteorann agus do dhaoine féinfhostaithe a oibríonn i mBallstát seachas an Stát ina bhfuil cónaí orthu agus ar cheart iad a chumhdach sa Bhallstát ina bhfuil siad ag obair. Ós rud é nach dtagann teidlíochtaí faoi raon feidhme na rialacha coiteanna maidir le cearta slándála sóisialta na ndaoine a bhogann laistigh den Aontas a chosaint 47 , moltar go dtabharfadh na Ballstáit cead do dhaoine a gcuntas foghlama pearsanta agus a dteidlíochtaí oiliúna carntha a chaomhnú le linn tréimhsí ina bhfuil cónaí orthu i mBallstát difriúil. Cuireann sé sin ar a gcumas do dhaoine iad a chaitheamh ar a bhfilleadh nó ar thairiscintí cianfhoghlama i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir le cuntais foghlama phearsanta ina mBallstát baile. An tráth céanna, bheadh daoine i dteideal cuntas foghlama pearsanta nua sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu ansin. Éascaíonn sin an tsoghluaisteacht trasteorann agus cuirtear an prionsabal i dtábhacht gur a luaithe a bhronnfar na teidlíochta oiliúna ar dhaoine, is leis na daoine sin iad. Déanfar inaistritheacht na dteidlíochtaí oiliúna idir na Ballstáit a fhiosrú a thuilleadh, nuair a bheidh cuntais foghlama phearsanta náisiúnta bunaithe agus féachfar uirthi sa mheastóireacht ar chur chun feidhme an Mholta seo. Is féidir leis an Aontas plé a éascú maidir le hinaistritheacht teidlíochtaí oiliúna pearsanta idir na Ballstáit.

(Míreanna 12-20) Tá sé ríthábhachtach creat cumasúcháin a bhunú chun go mbeidh sé níos éasca do dhaoine deiseanna maidir le hoiliúint, gairmthreoir agus bailíochtú a ghlacadh. Tá sé beartaithe go n-áireofaí leis sin deiseanna gairmthreorach agus bailíochtaithe, clár náisiúnta poiblí agus tairseach dhigiteach náisiúnta aonair a thacóidh le cuntais foghlama phearsanta trí fhíordheimhniú leictreonach agus ceangal slán leis an gclár a chur ar fáil. Beidh ról ríthábhachtach ag an gcreat maidir le daoine a spreagadh chun cinneadh a dhéanamh dul i mbun oiliúna, de bhrí go gcuirfidh sé rogha de dheiseanna oiliúna iontaofa de cháilíocht dhearbhaithe ar fáil, mar aon le gairmthreoir agus roghanna bailíochtaithe. Beidh comhar idir fostóirí, go háirithe micrifhiontair agus FBManna, ríthábhachtach freisin chun go n-éireofar leis an gcreat a chruthú.

(Mír 12) Sna comhairliúcháin, sainaithníodh seirbhísí gairmthreorach mar an ghné is tábhachtaí de chreat cumasúcháin. Cé go mbíonn seirbhísí den sórt sin ar fáil i bhformhór na mBallstát, is minic a bhíonn teorainn lena bhfor-rochtain. Chun daoine a threorú maidir leis na deiseanna oiliúna is fearr chun aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanas, moltar go gcuirfeadh na Ballstáit feabhas ar an rochtain atá ag gach duine fásta ar ghairmthreoir, chomh maith le rochtain ar sheirbhísí treorach trí mhodhanna digiteacha (go háirithe trí chlár de dheiseanna aitheanta atá soláimhsithe ag úsáideoirí).

Bailíochtú foghlama a rinneadh roimhe seo, sin rud a chuireann ar a gcumas do dhaoine a chruthú go bhfuil scileanna áirithe faighte acu. Sa mheastóireacht a rinneadh le déanaí ar an Moladh ón gComhairle maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú 48 , léirítear dul chun cinn suntasach, ach aithnítear freisin dúshláin leanúnacha agus freagairtí atá beartaithe. Go háirithe, is gá tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine, agus comhordú níos dlúithe le seirbhísí treorach a áirithiú agus tionscnaimh bhailíochtaithe a oiriúnú go héifeachtach do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí leochaileacha. Tá sé mar aidhm ag an togra aghaidh a thabhairt ar na dúshláin bhailíochtaithe atá fós ann trína mholadh go n-áiritheodh na Ballstáit gur féidir cuntais foghlama phearsanta a úsáid chun rochtain a fháil ar dheiseanna bailíochtaithe agus go mbeadh na deiseanna sin, lena n-áirítear measúnú scileanna ar líne nó ar an láthair, ar fáil agus inrochtana. Ar an gcaoi sin, comhlánaíonn sé an togra le haghaidh cur chuige Eorpach i leith micridhintiúir, ar féidir leis bailíochtú agus aithint torthaí oiliúna a éascú freisin.

(Mír 13-17) Le clár poiblí náisiúnta de thairiscintí oiliúna, gairmthreorach agus bailíochtaithe atá de cháilíocht dhearbhaithe agus atá aitheanta, is féidir tacú le daoine a spreagadh chun dul i mbun oiliúna trí na deiseanna atá ar fáil a chur i láthair ar bhealach atá inrochtana go héasca agus trí éiginnteacht a laghdú maidir le cáilíocht agus aithint thorthaí na hoiliúna. Tá cláir chomhchosúla ann cheana féin nó tá siad á bhforbairt in 12 Bhallstát ar a laghad. Moltar sa togra go mbunódh na Ballstáit uile clár den sórt sin agus go gcoinneoidís cothrom le dáta é, mar aon le modh rialachais inbhuanaithe le rialacha trédhearcacha maidir le tairiscintí oiliúna nua a chur leis. Níor cheart ach na tairiscintí oiliúna, gairmthreorach agus bailíochtaithe atá sa chlár a bheith incháilithe le haghaidh maoiniú ó theidlíochtaí oiliúna pearsanta. Ina theannta sin, ba cheart seirbhísí gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe a sholáthraíonn na Ballstáit saor in aisce do dhaoine aonair a áireamh sa chlár sin. Na critéir le haghaidh deiseanna oiliúna a chur sna cláir, ba cheart iad a fhoirmliú ar leibhéal na mBallstát, ar bhonn ceanglais cháilíochta thrédhearcacha agus i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha, agus leas á bhaint as faisnéis scileanna agus creataí inniúlachta Eorpacha 49 . Ba cheart gearrchúrsaí oiliúna atá sa chlár a fhorbairt i gcomhréir leis an gcur chuige Eorpach i leith micridhintiúir chun trédhearcacht a chur chun cinn maidir le cáilíocht agus aitheantas na dtorthaí oiliúna. Moltar do na Ballstáit an clár náisiúnta a oscailt ar bhealach trédhearcach chun deiseanna oiliúna atá á dtairiscint ag soláthraithe i dtíortha eile a chur ar fáil, ar choinníoll go mbeidh cáilíocht iontaofa ag baint leo. De réir mar a deimhníodh sna comhairliúcháin, tá comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha in ann breisluach a chur le rialachas na gclár sin agus tá siad toilteanach é sin a dhéanamh.

(Mír 18) Sa togra, moltar do na Ballstáit tairseach dhigiteach náisiúnta aonair a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar tairseach í a mbeidh rochtain éasca uirthi trí ghléasanna móibíleacha (e.g. trí aip dhigiteach), chun trédhearcacht maidir leis an oiliúint atá ar fáil agus deiseanna tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta a mhéadú agus chun deis a thabhairt d’úsáideoirí rochtain a fháil ar a gcuntais phearsanta féin, athbhreithniú a dhéanamh ar na teidlíochtaí oiliúna pearsanta atá ar fáil dóibh agus an clár náisiúnta a cheadú.

(Mír 19-20) De thairbhe saoire oiliúna íoctha, beidh oibrithe in ann a dtuarastal nó ioncam athsholáthair a choinneáil le linn tréimhsí oiliúna idir cúpla lá agus roinnt míonna. Tá forálacha den sórt sin ann cheana in 24 Bhallstát, ar sínitheoirí Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ar Shaoire Oideachais Íoctha iad 12 cheann díobh 50 . Mar sin féin, is minic a chuirtear srian le rochtain ar shaoire oiliúna íoctha de bharr gnéithe ar leith den chaidreamh fostaíochta. I ngeall ar chritéir shriantacha incháilitheachta agus easpa faisnéise ag tairbhithe féideartha, tá claonadh ag níos lú ná 1 % den daonra fostaithe úsáid a bhaint as na forálacha atá ann faoi láthair 51 . Dá bhrí sin, iarrtar ar na Ballstáit freisin forálacha a ghlacadh maidir le saoire oiliúna íoctha a bheidh ar fáil go huilíoch nó athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha atá ann cheana chun a áirithiú go gcumhdófar leo gach duine fostaithe, agus go n-áireofar leo tacaíocht airgeadais d’fhostóirí a mbaineann a bhfostaithe úsáid as saoire oiliúna íoctha (go háirithe FBManna a bhfuil dúshláin níos mó rompu). Moltar sa togra go neartófaí na naisc idir na forálacha maidir le saoire oiliúna íoctha agus bearta tacaíochta eile atá ar fáil agus na socruithe mionsonraithe a fhágáil faoi na Ballstáit ag an am céanna.

(Mír 21) Moltar sa togra freisin go n-eagródh na Ballstáit gníomhaíochtaí for-rochtana forleathana agus feachtais múscailte feasachta, go háirithe do na daoine is faide ón margadh saothair. Tá siad sin ríthábhachtach chun ráta níos airde rannpháirtíochta a áirithiú do dhaoine fásta ó thaobh deiseanna foghlama de, go háirithe i measc grúpaí a bhfuil feasacht íseal acu ar riachtanais agus ar dheiseanna uasoiliúna agus athoiliúna. Le comhar idir údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara eile, is féidir éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú.

(Mír 22) D’fhonn tacú le cur chun feidhme an tionscnaimh seo, moltar do na Ballstáit socruithe faireacháin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear feabhas leanúnach ar na cuntais foghlama phearsanta agus ar an gcreat cumasúcháin. Coigeartuithe a dhéanfar amach anseo chun cuspóirí an Mholta seo a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla, d’fhéadfaidís a bheith bainteach le líon na dteidlíochtaí oiliúna pearsanta, leis an sainmhíniú ar na daoine is mó a bhfuil uasoiliúint agus athoiliúint de dhíth orthu nó le comhtháthú soláimhsithe na n-eilimintí éagsúla den chreat cumasúcháin.

(Mír 23-26) Is ar an leibhéal náisiúnta a chinnfear na socruithe lena n-áiritheofar maoiniú leordhóthanach inbhuanaithe le haghaidh cuntais foghlama phearsanta, i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna. Cé gur ar an mBallstát atá an fhreagracht i gcónaí maidir leis an Moladh a chur chun feidhme, moltar sa togra é a dhéanamh níos éasca foinsí éagsúla maoiniúcháin, idir phoiblí agus phríobháideach, a mheascadh le chéile, rud a d’fhéadfadh breisithe deonacha ó fhostóirí a bheith i gceist leis mar shampla. Má chuimsíonn a bPleananna um Théarnamh agus um Athléimneacht athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha, d’fhéadfadh na Ballstáit tairbhe a bhaint freisin as tacaíocht ó chistí éagsúla an Aontais, go háirithe cistí um beartas comhtháthaithe lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus 52 , Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 53 agus an Ciste um Aistriú Cóir 54 , chomh maith leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 55 faoi Next Generation EU. Is féidir leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil saineolas saincheaptha a chur ar fáil maidir le dearadh agus cur chun feidhme na n-athchóirithe a thacaíonn le bunú na gcuntas foghlama pearsanta agus a gcreat cumasúcháin.

(Mír 27) Mar a mhínítear thuas, díreofar tacaíocht an Aontais ar leas a bhaint as an maoiniú AE atá ar leibhéal nach bhfacthas riamh roimhe seo agus atá ar fáil do na Ballstáit le haghaidh forbairt scileanna ó Next Generation EU agus ón gcreat airgeadais ilbhliantúil. Tacóidh an tAontas freisin le forbairt scileanna trí thionscnaimh ábhartha amhail an Comhshocrú do Scileanna, an Treoirphlean um Chomhar Earnála maidir le Scileanna, an Chomhghuaillíocht um Scileanna agus Poist Dhigiteacha, an Ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip (EPALE) agus bearta oiriúnacha eile de chuid Erasmus+, agus tionscadail chomhair i measc na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, is féidir leis tacú le foghlaim fhrithpháirteach agus le malartú dea-chleachtas i gcur chun feidhme an Mholta. Nuair a dhéanfar tuilleadh oibre ar ardán Europass, ba cheart díriú ar idir-inoibritheacht a áirithiú, i.e. nascadh le tairseacha digiteacha náisiúnta aonair le haghaidh cuntais foghlama phearsanta.

(Mír 28-30) Beidh tuairisciú agus meastóireacht bunaithe ar fhaireachán ón bhfaireachas iltaobhach a dhéanfar sa Choiste Fostaíochta mar chuid de thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh, é bunaithe ar chreat faireacháin comhaontaithe agus ar shocruithe faireacháin. Moltar do na Ballstáit plean cur chun feidhme a ullmhú laistigh de 12 mhí tar éis ghlacadh an Mholta. Moltar go ndéanfaí an chéad mheastóireacht tráth nach luaithe ná 5 bliana tar éis a ghlactha.

2021/0405 (NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

Maidir le cuntais foghlama phearsanta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292, i gcomhar le hAirteagal 149 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá lucht saothair oilte ríthábhachtach chun iomaíochas inbhuanaithe an Aontais a neartú, chun tacú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19 sa chaoi go gcruthófar poist agus chun aistriú digiteach agus aistriú glas a áirithiú a bheidh cothrom ó thaobh na sochaí de. De réir mar a thagann athrú ar na margaí saothair, ní mór do dhaoine coinneáil suas agus na scileanna atá acu a uasghrádú. Má tá scileanna nua agus scileanna níos fearr ag daoine, is amhlaidh is mó deiseanna atá ann agus tugtar deis do dhaoine ról gníomhach a ghlacadh i mbainistiú aistrithe i margadh an tsaothair agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí, i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh. Ina theannta sin, féadfaidh uasoiliúint daoine fásta a bheith ina huirlis chumhachtach chun cothroime shóisialta agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn le haghaidh aistriú cóir.

(2)In Airteagal 14(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sonraítear go bhfuil ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach. Sonraítear sa chéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 56 go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán agus cuimsitheach chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Baineann ceithre phrionsabal le tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht, chun seasamh leis an gceart atá cách duine cúnamh tráthúil saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar a n-ionchais fostaíochta nó féinfhostaíochta. I bprionsabal a cúig maidir le fostaíocht shlán agus inoiriúnaithe, leagtar béim air gur cheart d’oibrithe, beag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, tá an ceart ag oibrithe cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint.

(3)An 25 Meitheamh 2021, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach príomhspriocanna Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le Dearbhú Porto 57 , rud a thacaíonn leis an sprioc a áirithiú, faoi 2030, go mbeidh ar a laghad 60 % de na daoine fásta uile rannpháirteach san oiliúint gach bliain. Mar sin féin, tá laghdú tagtha ar an rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach san Aontas le deich mbliana anuas; Agus níor bhain 21 Bhallstát sprioc 2020 ar leibhéal an Aontais amach. I gcás go leor daoine fásta, amhail iad siúd atá i gcineálacha oibre neamhthipiciúla, fostaithe fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), daoine dífhostaithe, daoine neamhghníomhacha agus daoine ar bheagán scileanna, is rómhinic a bhíonn deiseanna forbartha scileanna le fáil acu.

(4)Sa Chlár Oibre Eorpach Scileanna 58 , a glacadh i mí Iúil 2020, iarrtar go mbeidh réabhlóid scileanna ann chun deiseanna a thapú san aistriú éiceolaíoch agus digiteach d’fhonn téarnamh pras cothrom a bhaint amach. Fógraíonn sé, inter alia, go bhféachfaidh an Coimisiún ar chuntais foghlama phearsanta mar uirlis chun tacú le daoine fásta atá in aois oibre a uasoiliúint agus a athoiliúint, lena gcomhlánófar gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fhostóirí agus ar sholáthraithe oideachais agus oiliúna.

(5)Beidh scileanna don aistriú glas agus uasoiliúint agus athoiliúint an lucht saothair ag teastáil i gcomhthéacs an aistrithe chuig geilleagar atá comhaimseartha, tíosach ó thaobh acmhainní de agus iomaíoch, mar a leagtar amach faoin gComhaontú Glas don Eoraip 59 ar mhaithe le haeráidneodracht faoi 2050. Aithnítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Oiriúnach do 55’ 60 nach n-éireoidh leis an aistriú glas ach amháin má tá an lucht saothair oilte ag an Aontas is gá chun bheith iomaíoch i rith an ama agus tugann sé aird ar ghníomhaíochtaí suaitheanta an Chláir Oibre Scileanna chun na scileanna is gá do na haistrithe glasa agus digiteacha a thabhairt do dhaoine.

(6)In ‘Deacáid Dhigiteach na hEorpa’ 61 , athdhearbhaítear an cuspóir maidir le scileanna digiteacha bunúsacha ar a laghad a bheith ag 80 % de dhaonra an Aontais faoi 2030, agus socraíodh an sprioc maidir le 20 milliún speisialtóir TFC a bheith fostaithe, agus feabhas á chur ar an gcóineasú inscne, faoi 2030. Moltar sa togra ón gCoimisiún maidir leis an gConair don Deacáid Dhigiteach 62 lena mbunaítear creat chun an méid sin a thabhairt ar aghaidh. Leagtar béim sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 63 ar an ngá atá le modhanna teicneolaíochta a úsáid chun inrochtaineacht deiseanna foghlama a éascú agus chun solúbthacht na ndeiseanna foghlama a neartú, lena n-áirítear uasoiliúint agus athoiliúint.

(7)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip 64 , iarrtar go ngníomhófaí go cinntitheach chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur i gcrích do chách agus chun a áirithiú go mbeidh an t-oideachas agus an oiliúint bord ar bhord leis an dá aistriú agus go gcuideoidh siad leis na hathruithe sin a bhaint amach.

(8)Iarrtar ar na Ballstáit sna Conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 65 samhlacha a d‘fhéadfadh a bheith ann do mhaoiniú poiblí agus príobháideach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a scrúdú agus scileanna a fhorbairt ar leibhéal an duine aonair, agus iarrtar ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí sin.

(9)Tá easpa tacaíochta airgeadais do dhaoine aonair ar cheann de na príomhbhacainní a chuirtear ar an rannpháirtíocht san fhoghlaim. Ar an iomlán, ní leor infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha. Is é an fostóir a íocann as formhór na hoiliúna a bhaineann le poist san Aontas Eorpach. Mar sin féin, ní chuireann a lán cuideachtaí, go háirithe FBManna, oiliúint ar fáil dá bhfoireann ná ní mhaoiníonn na cuideachtaí oiliúint dóibh, agus is lú an rochtain ag daoine aonair a bhfuil obair neamhthipiciúil ar oiliúint arna hurrú ag an bhfostóir nó níl rochtain ag na daoine sin ar an oiliúint sin. Baineann neamhionannais den sórt sin an bonn ó leas agus sláinte daoine aonair, laghdaíonn siad iomaíochas eacnamaíoch, cailltear deiseanna agus cuirtear bacainní ar an nuálaíocht dá bharr agus tá an baol ann go bhfágfaí daoine chun deiridh san aistriú chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha níos inbhuanaithe.

(10)Chomh maith le costais dhíreacha, is tábhachtach an toisc iad srianta ama chun cosc a chur ar dhaoine fásta dul i mbun oiliúna. Sínitheoirí an Choinbhinsiúin maidir le Saoire Oideachais Íoctha de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) is ea formhór na mBallstát agus tá sé trasuite sa dlí náisiúnta acu. Mar sin féin, níl mórán feasachta ann faoi shaoire oiliúna ná níor glacadh mórán le saoire oiliúna i roinnt mhaith Ballstát, agus is minic nach gcumhdaítear oibrithe neamhthipiciúla le forálacha nó nach gceadaítear do dhaoine fásta oideachas agus oiliúint a lorg le linn tréimhsí dífhostaíochta nó gníomhaíochta eacnamaíche íseal.

(11)Ní spreagtar go leor daoine fásta, go háirithe i measc na ndaoine sin atá ar bheagán scileanna is faide ón margadh saothair, le dul i mbun oiliúna. B‘fhéidir nach bhfuil siad ar an eolas faoina riachtanais scileanna féin, b’fhéidir nach bhfuil a fhios acu an bhfuil tacaíocht agus oiliúint ar fáil, an bhfuil an tacaíocht sin agus an oiliúint sin ar ardchaighdeán agus an bhfuil siad aitheanta i margadh an tsaothair. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh daoine spreagtha chun dul i mbun oiliúna a roghnaíodh gan dul i gcomhairle leo roimh ré ná dul i mbun oiliúna nach bhfuil curtha in oiriúint dá riachtanais.

(12)Tá gá le cur chuige nua chun uasoiliúint agus athoiliúint a fháil san Aontas. Ba cheart dó na hionstraimí atá ann cheana a chomhlánú agus obair leantach a dhéanamh ar ghealltanais pholaitiúla lena dtugtar an chumhacht do dhaoine aonair agus tacaíocht agus na huirlisí a theastaíonn uathu a thabhairt dóibh chun uasoiliúint nó athoiliúint a fháil, ar gach leibhéal scile.

(13)Sa Tuairim uaidh i mí Lúnasa 2021 66 maidir le tionscnamh an Aontais Eorpaigh maidir le cuntais foghlama phearsanta agus an soláthar oiliúna san Eoraip a neartú, áitíonn an Coiste Comhairleach um Ghairmoiliúint gur cheart go bhfeabhsódh tionscnamh den sórt sin rannpháirteachas, spreagadh agus rannpháirtíocht daoine fásta san oideachas agus san oiliúint. Is é an príomhdhúshlán feabhas a chur ar mheaitseáil scileanna agus poist agus rochtain ar roghanna éagsúlaithe oiliúna ar ardchaighdeán a áirithiú trí sholáthar atá níos ábhartha agus níos spriocdhírithe.

(14)Is féidir aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a luaitear thuas trí thacaíocht dhíreach airgeadais a thabhairt do dhaoine trí theidlíochtaí oiliúna i gcuntais foghlama phearsanta, agus trí chreat leathan cumasúcháin a bhunú a thabharfaidh rochtain dóibh ar dheiseanna oiliúna, ar fhaisnéis, ar threoir, ar shaoire oiliúna íoctha agus ar aitheantas torthaí oiliúna.

(15)Ba cheart teidlíocht leordhóthanach oiliúna a shainiú ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le riachtanais oiliúna na ndaoine; mar shampla, gníomhaíochtaí oiliúna aitheanta a cheadú do gach duine aonair ar fiú 30 uair an chloig iad, agus méadú go 50 uair an chloig i gcás na ndaoine is mó atá i ngátar. Is féidir éifeachtúlacht an tionscnaimh a mhéadú trí mhaoiniú a mhodhnú de réir na riachtanas. Féadfaidh na Ballstáit teidlíochtaí breise oiliúna a bhunú do na daoine is mó atá i ngátar, ag brath ar an gcomhthéacs náisiúnta agus ar an margadh saothair atá ag athrú. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit cur le cuntais foghlama phearsanta in earnálacha straitéiseacha 67 , chun tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha. Chomh maith le teidlíochtaí airgeadais, is príomhthosca iad ábharthacht, úsáideacht agus aitheantas na hoiliúna. Ba cheart dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha maidir leis na saincheisteanna sin.

(16)Le cuntais foghlama phearsanta, ba cheart go mbeadh daoine in ann teidlíochtaí oiliúna a charnadh agus a úsáid thar thréimhse shocraithe, ionas gur féidir leo dul i mbun oiliúint níos faide nó níos costasaí le linn cora chun donais eacnamaíocha mar fhreagairt ar riachtanais scileanna atá ag teacht chun cinn. Ba cheart go mbeadh daoine aonair in ann a dteidlíochtaí oiliúna aonair a chur i dtaisce, agus iad neamhspleách ar a stádas saothair nó gairmiúil agus ar fud athruithe gairme. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le dul in éag teidlíochtaí lena dtugtar dreasacht d’fhoghlaimeoirí úsáid iomlán a bhaint astu.

(17)Ba cheart go mbeadh daoine aonair in ann úsáid a bhaint as a dteidlíochtaí oiliúna aonair fiú ón gcoigríoch, má lorgaíonn siad rochtain ar oiliúint aitheanta agus ar oiliúint deimhnithe cáilíochta ó chlár náisiúnta a bhaineann lena gcuntais foghlama féin. Gné inmhianaithe is ea inaistritheacht teidlíochtaí idir na Ballstáit san fhadtéarma, agus ní mór scrúdú a dhéanamh uirthi a thuilleadh.

(18)Chun cabhrú le daoine aonair conair oiliúna oiriúnach a shainaithint, agus ar an gcaoi iad a inspreagadh níos mó chun foghlama, chomh maith le rochtain a fháil ar dheiseanna gairmthreorach agus bailíochtaithe, ba cheart clárlanna poiblí cothrom le dáta le haghaidh oiliúint aitheanta a chur ar fáil trí thairseacha aonair digiteacha náisiúnta tiomnaithe atá inrochtana do chách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus ba cheart iad a idirnascadh go hiomchuí leis an ardán Europass.

(19)Ba cheart go bhféadfaí úsáid a bhaint as cuntais foghlama phearsanta chun bailíochtú a rochtain, lena n-áirítear deiseanna measúnaithe scileanna. Sa mheastóireacht a rinneadh le déanaí ar an Moladh ón gComhairle maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú 68 , léirítear dul chun cinn suntasach, ach aithnítear freisin dúshláin leanúnacha agus freagairtí atá beartaithe. Go háirithe, is gá tacaíocht oiriúnaithe a chur ar fáil do dhaoine aonair, agus comhordú níos dlúithe le seirbhísí treorach a áirithiú agus tionscnaimh bailíochtaithe a oiriúnú go héifeachtach do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí leochaileacha. Ba cheart do na Ballstáit soláthar micridhintiúir a spreagadh i gcás inarb ábhartha, bunaithe ar riachtanais shainaitheanta, agus i gcomhréir leis an gcur chuige Eorpach i leith micridhintiúir.

(20)Tacaíonn an Moladh seo le cur chun feidhme saoire oiliúna íoctha. Le soláthar cuí saoire oiliúna íoctha, i gcomhréir le Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Saoire Oideachais Íoctha 69 (arna dhaingniú ag 12 Bhallstát), bheadh cead ag oibrithe a dtuarastal nó a n-ioncam athsholáthair a choinneáil le linn tréimhsí oiliúna ó chúpla lá go roinnt míonna. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun dul i mbun idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le socruithe a chuirfidh ar chumas fostaithe páirt a ghlacadh in oiliúint le linn uaireanta oibre agus a gcuntais foghlama phearsanta á n-úsáid acu. I ndáil leis an méid sin, ba cheart cás sonrach FBManna, agus go háirithe micrifhiontair, a chur san áireamh.

(21)Tá gníomhaíochtaí agus feachtais for-rochtana agus feachtais níos leithne ríthábhachtach chun rátaí arda rannpháirtíochta a áirithiú do dhaoine fásta i ndeiseanna foghlama, go háirithe i measc grúpaí nach bhfuil mórán feasachta acu ar uasoiliúint agus ar athoiliúint, amhail iad siúd is faide ó mhargadh an tsaothair. Leis an gcomhar idir údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara eile, bunaithe ar an gcomhthuiscint gur modh infheistíochta iad uasoiliúint agus athoiliúint, féadfar éifeachtacht gníomhaíochtaí for-rochtana agus múscailte feasachta a mhéadú. Trí aird a thabhairt ar inrochtaineacht, ba cheart go n-éascófaí rannpháirtíocht daoine fásta atá faoi mhíchumas.

(22) Tá socruithe faireacháin agus feabhas leanúnach ar na cuntais foghlama phearsanta agus an creat cumasúcháin ríthábhachtach chun tacú le cur chun feidhme. D’fhéadfadh sé go mbeadh coigeartuithe ina dhiaidh sin ag baint leis an méid teidlíochtaí oiliúna aonair, leis na grúpaí tosaíochta nó le comhtháthú soláimhsithe na n-eilimintí éagsúla den chreat cumasúcháin.

(23)Gné lárnach de scéimeanna rathúla do chuntais foghlama phearsanta is ea maoiniú leordhóthanach. Le cuntais foghlama phearsanta, ba cheart go n-éascófaí comhroinnt costas idir foinsí maoinithe éagsúla, amhail údaráis phoiblí agus fostóirí, trí chead a thabhairt do mhaoinitheoirí éagsúla ranníocaíocht a chur isteach sa chuntas. Le meascán d’fhoinsí maoinithe phoiblí agus phríobháidigh, ba cheart inbhuanaitheacht an tionscnaimh a áirithiú sna Ballstáit, rud atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis. Éascaítear leis sin modhnú a dhéanamh ar thacaíocht agus ar bhreisiú ó fhostóirí dá bhfostaithe, ar bhonn deonach nó mar thoradh ar chomhaontuithe cómhargála.

(24)Is féidir le cistí AE amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus 70 , Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste um Aistriú Cóir, agus, i gcás inarb ábhartha, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoin gClár Next Generation EU 71 , agus saineolas oiriúnaithe tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tacú le cuntais foghlama phearsanta a bhunú agus lena gcreat cumasúcháin. Is féidir leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach, arna éascú ag an gCoimisiún, tacú leis an bpróiseas freisin.

(25)Ba cheart go mbeadh an Moladh seo gan dochar d’inniúlacht eisiach na mBallstát maidir le heagrú agus le hinneachar a gcóras foghlama/oiliúna d’aosaigh. Níor cheart go gcuirfeadh sé cosc orthu forálacha níos airde a choinneáil nó a bhunú maidir le foghlaim/oiliúint aosach ná na forálacha a mholtar anseo.

(26)Ba cheart do na Ballstáit ról a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta agus do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i ndearadh na n-athchóirithe. Níor cheart don Mholadh seo neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a theorannú i gcás ina mbeidh siad freagrach as scéimeanna oiliúna a bhunú agus a bhainistiú.

(27)Níor cheart na bearta a leagtar amach sa Mholadh seo a chur in ionad oiliúint a bheith á soláthar ag fostóirí, ag seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, ag tacaíocht phoiblí le haghaidh institiúidí oideachais agus oiliúna nó ag cineálacha eile tacaíochta.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Cuspóirí

1.Tá sé d’aidhm ag an Moladh seo tacú le hathchóirithe sna Ballstáit chun daoine fásta a chumhachtú le dul i mbun oiliúna, ar mhaithe le rátaí rannpháirtíochta a mhéadú agus le bearnaí scileanna a laghdú. Mar sin, tacóidh sé leis an gcuspóir atá ag an Aontas geilleagar margaidh sóisialta a chur chun cinn atá an-iomaíoch agus a bhfuil sé mar sprioc aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach. Go sonrach, tá sé d’aidhm aige:

(a)tacú le gach duine fásta in aois oibre rochtain a fháil ar oiliúint, lena n-áirítear le haghaidh aistrithe gairmiúla agus gan beann ar a stádas saothair ná gairmiúil;

(b)cur leis na dreasachtaí agus leis an spreagadh atá ag daoine le hoiliúint a lorg.

2.Chun na críche sin, moltar go mbunódh na Ballstáit cuntais foghlama phearsanta mar bhealach chun daoine aonair a chumasú páirt a ghlacadh in oiliúint ábhartha sa mhargadh saothair, agus creat cumasúcháin, lena n-áirítear deiseanna treorach agus bailíochtaithe, chun glacadh éifeachtach na hoiliúna sin a chur chun cinn.

Raon feidhme

3.Cumhdaítear leis an Moladh seo daoine fásta in aois oibre a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstát, neamhspleách ar a leibhéal oideachais agus ar a stádas reatha saothair nó gairmiúil.  Ba cheart do na Ballstáit cuntas foghlama pearsanta a bhunú do gach duine a bhaineann leis an ngrúpa sin.

De mhaolú air sin, ba cheart oibrithe teorann agus daoine féinfhostaithe a oibríonn i mBallstát seachas an Stát ina bhfuil cónaí orthu a bheith cumhdaithe sa Bhallstát ina bhfuil siad ag obair.

Sainmhínithe

4.Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)Ciallaíonn ‘teidlíocht oiliúna aonair’ an ceart rochtain a fháil ar bhuiséad pearsanta atá ar fáil don duine aonair chun na costais dhíreacha a bhaineann le hoiliúint, treoir agus comhairleoireacht, measúnú scileanna nó bailíochtú a bhaineann le margadh an tsaothair, atá incháilithe do mhaoiniú, a chumhdach.

(b)Is modh seachadta teidlíochtaí oiliúna pearsanta é ‘cuntas foghlama pearsanta’. Is cuntas pearsanta é a ligeann do dhaoine aonair a dteidlíochtaí a charnadh agus a chaomhnú le himeacht ama, chun iad a úsáid le haghaidh cibé deis oiliúna, treorach nó bailíochtaithe incháilithe a mheasann siad is úsáidí agus aon uair is mian leo, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta. Deonaítear leis úinéireacht iomlán na dteidlíochtaí, beag beann ar fhoinse an mhaoinithe.

(c)Ciallaíonn ‘inaistritheacht’ teidlíochtaí oiliúna aonair, a luaithe a thugtar iad, go bhfanann na teidlíochtaí sin i seilbh an duine aonair lena mbaineann, lena n-áirítear le linn aistrithe idir poist, ó phost go foghlaim, ó fhostaíocht go dífhostaíocht, agus idir gníomhaíocht agus neamhghníomhaíocht.

(d) Is éard atá i gceist le ‘creat cumasúcháin’ tacaíocht a chuireann chun cinn glacadh éifeachtach teidlíochtaí oiliúna aonair. Áirítear leis sin deiseanna gairmthreorach agus bailíochtaithe, clár náisiúnta deiseanna atá incháilithe do mhaoiniú ó theidlíochtaí oiliúna aonair, tairseach náisiúnta dhigiteach aonair chun rochtain a fháil ar an gcuntas foghlama pearsanta agus ar an gclárlann náisiúnta, agus saoire oiliúna íoctha.

Maidir le cuntais foghlama phearsanta

5.Ba cheart do na Ballstáit cuntas foghlama pearsanta a bhunú le haghaidh gach duine aonair a chumhdaítear le raon feidhme an tionscnaimh seo tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha;

6.Ba cheart do na Ballstáit soláthar leordhóthanach bliantúil a áirithiú do gach cuntas foghlama pearsanta is féidir a charnadh agus a úsáid thar thréimhse shocraithe, chun oiliúint níos substaintiúla a cheadú;

7.Ba cheart do na Ballstáit teidlíochtaí breise oiliúna aonair a chur ar fáil do chuntais na ndaoine aonair is mó a bhfuil uasoiliúint agus athoiliúint de dhíth orthu, bunaithe ar riachtanais náisiúnta nó earnála, lucht saothair nó stádas conartha nó leibhéal cáilíochta an duine aonair, agus aon chúinse ábhartha eile agus i gcomhréir le critéir shoiléire thrédhearcacha, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha;

8.Ba cheart do na Ballstáit a iarraidh ar fhostóirí teidlíochtaí oiliúna pearsanta breise a chur ar fáil do chuntais foghlama phearsanta a gcuid oibrithe agus daoine eile atá ag obair ina slabhra luacha tionsclaíoch, go háirithe iad siúd atá ag obair in FBManna;

9.Ba cheart do na Ballstáit a iarraidh ar sheirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha chun teidlíochtaí breise oiliúna pearsanta a sholáthar do chuntais foghlama phearsanta na ndaoine aonair is mó atá i ngátar uasoiliúint agus athoiliúint;

10.Ba cheart do na Ballstáit na coinníollacha a shocrú faoina bhféadfar teidlíochtaí oiliúna aonair a charnadh agus a stóráil, d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir ligean do dhaoine aonair a dteidlíochtaí a charnadh chun cúrsaí oiliúna níos faide a mhaoiniú agus iad a spreagadh úsáid rialta a bhaint as a dteidlíochtaí ar feadh a saoil oibre;

11.Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go stóráiltear teidlíochtaí oiliúna aonair arna gcarnadh i gcuntas i mBallstát nó gur féidir iad a úsáid le haghaidh deiseanna oiliúna incháilithe, gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe sa Bhallstát sin, fiú le linn tréimhsí ina bhfuil cónaí ar an duine i mBallstát eile.

An creat cumasúcháin

Moltar go ndéanfadh na Ballstáit cuntais foghlama phearsanta a leabú i gcreat cumasúcháin lena n-áirítear an méid seo a leanas:

Gairmthreoir agus bailíochtú

12.Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh seirbhísí gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe 72 , lena n-áirítear deiseanna measúnaithe scileanna, go pearsanta nó ar líne, ar fáil agus go mbeidh rochtain ag gach úinéir ar chuntas foghlama pearsanta, saor in aisce nó trína dteidlíochtaí oiliúna pearsanta a úsáid.

Clár náisiúnta le haghaidh oiliúint, gairmthreoir agus deiseanna bailíochtaithe cáilíochta incháilithe

13.Ba cheart do na Ballstáit clár phoiblí oiliúna, gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe atá incháilithe do mhaoiniú ó theidlíochtaí oiliúna aonair a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta, i gcomhréir leis an tsamhail foghlama Eorpach. Ina theannta sin, ba cheart seirbhísí gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe a sholáthraíonn na Ballstáit saor in aisce do dhaoine aonair a áireamh sa chlár sin;

14.Ba cheart do na Ballstáit rialacha soiléire a bhunú agus a fhoilsiú maidir le foirmeacha éagsúla d’oiliúint, de ghairmthreoir agus de dheiseanna bailíochtaithe ábhartha i margadh an tsaothair a áireamh sa chlár, bunaithe ar cheanglais thrédhearcacha maidir le cáilíocht agus bunaithe ar fhaisnéis scileanna agus i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha. Ba cheart dóibh athbhreithniú a dhéanamh orthu sin go rialta chun freagrúlacht do riachtanais mhargadh an tsaothair a áirithiú;

15.Ba cheart do na Ballstáit soláthraithe deiseanna foghlama foirmiúla agus neamhfhoirmiúla a spreagadh chun a dtairiscint a fhorbairt agus a leathnú ar bhonn riachtanais shainaitheanta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí mhicridhintiúir a sholáthar de réir chur chuige an Aontais 73 agus trí leas a bhaint as creataí inniúlachta náisiúnta agus an Aontais;

16.Ba cheart do na Ballstáit cuireadh a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus do na páirtithe leasmhara ábhartha páirt a ghlacadh sa phróiseas chun na critéir incháilitheachta don oiliúint a áirítear sa chlár a shainiú;

17.Ba cheart do na Ballstáit a gclár náisiúnta a oscailt ar bhealach trédhearcach chun deiseanna oiliúna a chuireann soláthraithe i dtíortha eile ar fáil a chur ar fáil.

Tairseach dhigiteach náisiúnta aonair a thacaíonn le cuntais foghlama phearsanta

18.Ba cheart do na Ballstáit ligean do dhaoine aonair rochtain a fháil ar a gcuntas foghlama pearsanta agus tacú leo agus an chlár a nascleanúint go héasca trí fhíordheimhniú leictreonach slán ar thairseach aonair dhigiteach náisiúnta 74 inrochtana 75 ar féidir rochtain a fháil uirthi go héasca ó ghléasanna móibíleacha agus ba cheart í a idirnascadh leis an ardán Europass.

Saoire oiliúna íoctha

19.Ba cheart do na Ballstáit dul i mbun idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le socruithe a chuirfidh ar chumas fostaithe páirt a ghlacadh in oiliúint le linn uaireanta oibre agus a gcuntais foghlama phearsanta á n-úsáid acu;

20.Ba cheart do na Ballstáit forálacha maidir le saoire oiliúna íoctha a thabhairt isteach nó athbhreithniú a dhéanamh ar leordhóthanacht na bhforálacha atá ann cheana, i gcomhréir le Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Saoire Oideachais Íoctha, ag féachaint don mhéid seo a leanas:

(a)an cumhdach atá acu ar gach cineál caidrimh fostaíochta, agus na daoine féinfhostaithe;

(b)tacaíocht airgeadais agus neamhairgeadais d’fhostóirí (go háirithe FBManna) a mbaineann a bhfostaithe úsáid as saoire oiliúna íoctha;

(c)an gá atá le cur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha sin a áirithiú.

For-rochtain agus múscailt feasachta

21.Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhpháirt le comhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, le heagraíochtaí réigiúnacha agus áitiúla agus le gníomhaithe ábhartha eile, tabhairt faoi ghníomhaíochtaí agus feachtais fhor-rochtana agus múscailte feasachta, atá oiriúnaithe do riachtanais tairbhithe ionchasacha na scéime le haghaidh cuntais foghlama phearsanta, go háirithe iad siúd is mó a bhfuil uasoiliúint agus athoiliúint de dhíth orthu mar a shainmhínítear ar an leibhéal náisiúnta, chun daoine aonair incháilithe a chur ar an eolas agus a spreagadh maidir lena gcearta agus lena sochair i ndáil le cuntais foghlama phearsanta agus leis an gcreat cumasúcháin. Ba cheart go dtabharfaí aghaidh ar oibrithe in FBManna freisin ach go háirithe agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta á gcur i gcrích.

Faireachán agus feabhsú leanúnach

22.Ba cheart do na Ballstáit faireachán agus meastóireacht chórasach a dhéanamh ar oibriú na gcuntas foghlama pearsanta agus ar an gcreat cumasúcháin agus ba cheart dóibh coigeartuithe a dhéanamh de réir mar is gá chun cuspóir an Mholta seo a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla, mar shampla maidir le líon na dteidlíochtaí oiliúna, sainmhíniú na ndaoine is mó a bhfuil uasoiliúint agus athoiliúint de dhíth orthu agus comhtháthú soláimhsithe na ngnéithe éagsúla den chreat cumasúcháin. Ba cheart dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha le linn an phróisis sin.

Maoiniú

 

23.Ba cheart do na Ballstáit maoiniú leordhóthanach agus inbhuanaithe na gcuntas foghlama pearsanta a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar imthosca náisiúnta, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna.

24.Ba cheart go n-éascódh na Ballstáit foinsí éagsúla maoinithe phoiblí agus phríobháidigh a chomhcheangal chun ranníocaíochtaí a chur leis na teidlíochtaí oiliúna aonair, lena n-áirítear mar thoradh ar mhargáil ag comhpháirtithe sóisialta;

25.Ba cheart do na Ballstáit maoiniú leordhóthanach agus inbhuanaithe a áirithiú don chreat cumasúcháin agus do na gníomhaíochtaí for-rochtana agus múscailte feasachta dá dtagraítear thuas;

26.Ba cheart do na Ballstáit an úsáid is mó agus is éifeachtúla is féidir a bhaint as cistí agus ionstraimí an Aontais, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste um Aistriú Cóir, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)cuntais náisiúnta foghlama phearsanta a bhunú, a bheidh leabaithe i gcreat cumasúcháin, lena n-áirítear trí thairseach dhigiteach náisiúnta aonair a fhorbairt le haghaidh na gcuntas foghlama pearsanta agus na seirbhísí aitheanta gaolmhara, agus trí chláir náisiúnta oiliúna aitheanta a chruthú;

(b)teidlíochtaí oiliúna aonair breise a chur ar fáil do chuntais na ndaoine sin is mó atá i ngátar uasoiliúint agus athoiliúint, lena léirítear tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh lena n-áirítear le haghaidh na n-aistrithe glasa agus digiteacha;

(c)gairmthreoir agus deiseanna bailíochtaithe a bhunú agus a chur ar fáil;

(d)gníomhaíochtaí for-rochtana agus múscailte feasachta a eagrú.

Tacaíocht ón Aontas

27.Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún tacú le cur chun feidhme an Mholta seo, agus leas á bhaint as saineolas atá ag an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), ag an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), ag an bhForais Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) agus as saineolas atá ag an Údarás Eorpach Saothair (ELA):

(a)trí fhoghlaim fhrithpháirteach a éascú i measc na mBallstát chun tacú le hathchóirithe iomchuí a cheapadh agus a chur i gcrích chun an Moladh seo a chur chun feidhme;

(b)tríd an mbonn eolais ar chuntais foghlama phearsanta agus ar shaincheisteanna gaolmhara a mhéadú agus ábhar treorach ábhartha a fhorbairt;

(c)trí thuilleadh forbairtí ar an ardán Europass a fhiosrú, go háirithe chun idir-inoibritheacht a áirithiú leis na tairseacha náisiúnta aonair digiteacha le haghaidh na gcuntas foghlama pearsanta, agus trí na deiseanna foghlama, gairmthreorach agus bailíochtaithe ar féidir na teidlíochtaí difriúla náisiúnta oiliúna pearsanta a úsáid ina leith a dhéanamh so-fheicthe.

Tuairisciú agus meastóireacht

28.Ba cheart do na Ballstáit na prionsabail a leagtar amach sa Mholadh seo a chur chun feidhme a luaithe is féidir agus plean a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar amach na bearta comhfhreagracha atá le déanamh ar an leibhéal náisiúnta faoin (cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis don Chomhairle é a ghlacadh). Ba cheart faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na bpleananna i gcomhthéacs an fhaireachais iltaobhaigh sa Choiste Fostaíochta mar chuid de thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh. Leis an gcreat faireacháin, úsáidfear an fhaisnéis a bailíodh cheana féin trí chreataí faireacháin eile, i gcás inarb ábhartha, agus seachnófar dúbláil leo.

29.Faoin (cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis don Chomhairle é a ghlacadh), ba cheart don Choimisiún agus don Choiste Fostaíochta creat faireacháin a bhunú go comhpháirteach ina mbeadh táscairí coitinne cainníochtúla agus cáilíochtúla comhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Mholta seo agus ar a thorthaí, agus ar shocruithe faireacháin lena gcumasaítear a athbhreithniú. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-úsáideann an creat faireacháin fianaise ó chreataí faireacháin eile an Aontais, agus nach gcruthaíonn sé ualach riaracháin míchuí.

30.Tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe sóisialta leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann agus i gcomhréir leis na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Mholta agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle laistigh de 5 bliana ó dháta a ghlactha. Agus measúnú á dhéanamh ar ábharthacht an tionscnaimh, d’fhéadfadh an mheastóireacht seo aghaidh a thabhairt freisin ar inaistritheacht teidlíochtaí oiliúna aonair idir na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Féach Roinn 2.2. den Mheasúnú Tionchar le haghaidh anailís ar na tionscnóirí faidhbe is cúis le rannpháirtíocht íseal agus rannpháirtíocht mhíchothrom san oiliúint.
(2)    Suirbhé ar an Lucht Saothair 2020, athróg TRNG_LFSE_01 .
(3)     Suirbhé ar an Oideachas Aosach 2016 , aoiseanna 25-64, gan oiliúint a bhaineann le treoir ar láthair an phoist a chur san áireamh. Is í sin an bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach sna 12 mhí dheireanacha le fáil ina leith.
(4)    Bhain 79 % d’fhoghlaim sheachfhoirmiúil na bhfear leis an bpost le hais 71 % i gcás na mban. Níl aon sonraí comhfhreagracha ar fáil maidir leis an bhfoghlaim fhoirmiúil.
(5)    In EIB Investment Survey [Suirbhé BEI ar an Infheistíocht], tháinig méadú ó 66 % in 2016 go dtí 76 % in 2019 ar an sciar den fhostóirí san Aontas a mheasann gur bac ar an infheistíochtaí í an deacracht fostaithe ag a bhfuil na scileanna cearta a fháil, agus ní raibh ach laghdú beag air sin go dtí 73 % i mbliain COVD-19, 2020.
(6)    Eagraíocht Saothair Idirnáisiúnta (2019), Skills for a greener future: A global view based on 32 country studies [Scileanna le haghaidh todhchaí níos glaise: Dearcadh domhanda bunaithe ar 32 staidéar tíre].
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha: the European way for the Digital Decade, ( COM/2021/118 final )[Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití]
(8)     Suirbhé ar an Oideachas Aosach 2016 , aoiseanna 25-64, gan oiliúint a bhaineann le treoir ar láthair an phoist a chur san áireamh.
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna le haghaidh Iomaíochas Inbhuanaithe, Cothroime Shóisialta agus Athléimneachta ( COM(2020) 274 final) .
(10)     Dearbhú Porto - Consilium (europa.eu) agus 2425-06-21-euco-conclusions-en.pdf (europa.eu)
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún - an Comhaontú Glas don Eoraip ( COM/2019/640 final ).
(12)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Oiriúnach do 55: sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta ( COM(2021) 550 final ).
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Compás Digiteach 2030: the European way for the Digital Decade, ( COM/2021/118 final )[Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití]
(14)    ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ ( COM(2021)574 ).
(15)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, - Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [An straitéis nua tionsclaíochta don Eoraip a nuashonrú: Margadh aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa], ( COM(2021) 350 final ).
(16)     Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, IO L 57, 18.2.2021, lgh. 17-75) .
(17)    Féach an Measúnú Tionchair, Iarscríbhinn 6.3 le haghaidh sonraí maidir le neamhionannais i rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach, agus Iarscríbhinn 6.4 chun forléargas a fháil ar na moltaí tír-shonracha maidir le scileanna.
(18)    Féach Roinn 2 den Mheasúnú Tionchair.
(19)    Féach roinn 2.3 den Mheasúnú Tionchair.
(20)    Cuimsíonn an téarma ‘stádas saothair’ gach duine atá fostaithe, daoine dífhostaithe agus daoine lasmuigh den lucht saothair. Cuimsíonn an téarma ‘stádas gairmiúil’ gach fostaí, gan beann ar a stádas conarthach, i.e. daoine féinfhostaithe agus daoine eile i bhfoirmeacha oibre neamhthipiciúla san áireamh.
(21)    Féach roinn 6.1 den Mheasúnú Tionchair.
(22)     Cinneadh (AE) 2021/1868 ón gComhairle maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát, IO L 379, 26.10.2021, lgh. 1-5
(23)     Cinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát, lch. 22
(24)     Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uasoiliúna: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta. IO C 484, 24.12.2016, lgh. 1–6
(25)    Suirbhé ar an Lucht Saothair 2020, athróg edat_lfs_9901 .
(26)    Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ( COM(2021) 102 final ).
(27)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 ( COM(2020) 625 final ).
(28)     Comhshocrú do Scileanna.
(29)    Cuimsíonn siad na héiceachórais thionsclaíocha seo a leanas: uathghluaisneach; micrileictreonaic; aeraspás agus cosaint; longthógáil; agus fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta.
(30)    Moladh ón gCoimisiún an 4.3.2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht (EASE) tar éis ghéarchéim COVID-19, (COM(2021) 1372 final ).
(31)    Idir 69 % i gcás gnólachtaí agus 93 % i gcás eagraíochtaí neamhrialtasacha. Bhí comhaontú 12 phointe céatadán níos airde ann i measc freagróirí ó Bhallstáit ina bhfuil rátaí rannpháirtíochta ísle (89 %) le hais Ballstáit le ina bhfuil rátaí rannpháirtíochta níos airde (77 %).
(32)    Féach an Coimisiún Eorpach (2020), Tuarascáil Bhliantúil ar shoghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas , le haghaidh treochtaí maidir le soghluaisteacht saothair an Aontas, agus Dorn agus Zweigmüller (2021), Imirce agus Comhtháthú an Mhargaidh Saothair san Eoraip (Journal of Economic Perspectives) le haghaidh na hargóinte go gcuirtear srian le soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas i ngeall ar easpa scileanna.
(33)     Cinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 344/22) arna athdheimhniú ag Cinneadh (AE) 2021/1868 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2021 (IO L 379/1).
(34)    Idir 49 % i gcás gnólachtaí agus 83 % i gcás eagraíochtaí neamhrialtasacha.
(35)

   Áirítear orthu sin éisteacht thiomanta do chomhpháirtithe sóisialta ar ardleibhéal polaitiúil, comhairliúchán leis an gCoiste Fostaíochta (EMCO), malartú tuairimí le comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (EESC) agus Coiste na Réigiún, malartú tuairimí leis an gCoiste Comhairleach um Ghairmoiliúint (ACVT) agus na hArd-Stiúrthóirí um Ghairmoiliúint (DGVT), agus comhairliúcháin spriocdhírithe le grúpaí páirtithe leasmhara ábhartha eile lena n-áirítear an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) agus Grúpaí Comhairleacha Europass agus Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí.

(36)    Éisteacht le Comhpháirtithe Sóisialta an 15 Aibreán 2021
(37)     Tuairim ó ACVT maidir le Cuntais Foghlama Phearsanta  
(38)     Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2021 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Clár Oibre Eorpach do Scileanna le haghaidh iomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneachta ( 2020/2818(RSP) )
(39)     Conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 maidir le hathoiliúint agus le huasoiliúint mar bhonn chun inbhuanaitheacht agus infhostaitheacht a mhéadú, i gcomhthéacs tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an gcomhtháthú sóisialta.
(40)     Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 7 Iúil 2021 maidir le Foghlaim Aosach.
(41)     Comhshocrú do Scileanna .
(42)    Lena n-áirítear AS CNECT, EAC, ECFIN, ESTAT, GROW, JRC, JUST, LS, REFORM agus SG.
(43)    Féach Iarscríbhinn 1 den Mheasúnú Tionchair.
(44)    Féach Roinn 2.2 agus Roinn 7 den Mheasúnú Tionchair le haghaidh plé níos mionsonraithe ar an gcaoi a dtugann na bearta beartais atá molta sa togra seo aghaidh ar na bacainní arna sainaithint roimh rannpháirtíocht.
(45)    Baintear na meastacháin sin as na cásanailísí a chuirtear i láthair i Roinn 6.1 den mheasúnú tionchair. Tá siad bunaithe ar theidlíocht oiliúna ar fiú 30 uair an chloig í i gcás gach duine fásta in aois oibre agus ar fiú 50 uair an chloig í i gcás na ndaoine is mó a bhfuil uasoiliúint agus athoiliúint de dhíth orthu. Braitheann na costais airgeadaíochta in aghaidh an tairbhí ar chostais oiliúna na mBallstát, agus meastar gurb é atá i meán AE, EUR 381 in aghaidh 30 uair an chloig oiliúna agus EUR 631 in aghaidh 50 uair an chloig oiliúna.
(46)    Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lgh. 1-12)
(47)    Tá teidlíochtaí oiliúna lasmuigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta   (IO   L 166, 30.4.2004, lch. 1-123.
(48)    An Coimisiún Eorpach (2020), Staidéar lena dtacaítear leis an meastóireacht ar an Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú.
(49)    Mar shampla, creataí inniúlachta Eorpacha um inniúlacht dhigiteach (DigiComp), um inniúlachtaí pearsanta, sóisialta agus foghlama chun foghlama (LifeComp), um inniúlachtaí fiontraíochta (EntreComp) agus um inniúlachtaí inbhuanaitheachta (GreenComp).
(50)    Ón 1 Feabhra 2020 i leith, de réir réamhleagan den bhunachar sonraí nuashonraithe ‘Foghlaim Aosach a Mhaoiniú’ de chuid Cedefop (nuashonrú le déanamh air go luath) a leagtar amach in Iarscríbhinn 8.2. Is in 1993 a dhaingnigh Ballstát An Coinbhinsiún maidir le Saoire Oideachais Íoctha de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair den uair dheireanach.
(51)    Cedefop (2012), Saoire Oiliúna. Beartais agus cleachtas san Eoraip .
(52)     Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, IO L 231, 30.6.2021, lch. 21-59.
(53)     Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, IO L 231, 30.6.2021, lgh. 60-93.
(54)    Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir, IO L 231, 30.6.2021, lgh. 1-20.
(55)     Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, IO L 57, 18.2.2021, lgh. 17-75.
(56)

    Colún Eorpach na gCeart Sóisialta .  

(57)     Conclúidí ón gComhairle Eorpach , 24-25 Meitheamh 2021. Tháinig na conclúidí chun cinn as an Dearbhú Porto 8 Bealtaine 2021.
(58)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on a European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht] ( COM(2021) 274 final ).
(59)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún - an Comhaontú Glas don Eoraip ( COM/2019/640 final ).
(60)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Oiriúnach do 55: sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta ( COM(2021) 550 final ).
(61)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Compás Digiteach 2030: the European way for the Digital Decade, ( COM/2021/118 final )[Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití]
(62)    Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Beartais 2030 ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ ( COM(2021)574 ).
(63)     Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa, (COM(2018)022 final).
(64)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [An straitéis nua tionsclaíochta don Eoraip a nuashonrú: Margadh aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa], ( COM(2021) 350 final ).
(65)     Conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 maidir le hathoiliúint agus uasoiliúint chun inbhuanaitheacht agus infhostaitheacht a mhéadú, i gcomhthéacs tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an gcomhtháthú sóisialta.
(66)     Tuairim ó ACVT maidir le Cuntais Foghlama Phearsanta .
(67)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, - Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery ( COM(2021) 350 final ) [An straitéis nua tionsclaíochta don Eoraip a nuashonrú: Margadh aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa], sainaithnítear 14 éiceachóras tionsclaíocha le haghaidh tacaíocht thiomnaithe, lena n-áirítear forbairt scileanna a lucht saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
(68)    An Coimisiún Eorpach (2020), Study supporting the evaluation of the Council Recommendation of 20 December 2012 on the validation of non-formal and informal learning. [Staidéar lena dtacaítear leis an meastóireacht ar an Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú].
(69)    Amhail ón 1 Feabhra 2020, de réir réamhleagan den bhunachar sonraí nuashonraithe ‘Financing Adult Learning’ [Foghlaim Aosach a Mhaoiniú] de chuid Cedefop (nuashonrú amach anseo) a leagtar amach in Iarscríbhinn 8.2. Is in 1993 a dhaingnigh Ballstát An Coinbhinsiún maidir le Saoire Oideachais Íoctha de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair.
(70)     Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, IO L 231, 30.6.2021, lch. 21-59.
(71)    Tá an Clár     Next Generation EU bunaithe ar leas a bhaint as acmhainneacht iomlán bhuiséad an Aontais, chun cuidiú le hEoraip a atógáil atá níos glaise, níos digití agus níos athléimní.
(72)    I gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú. IO C 398, 22.12.2012, lch. 1-5 2012.
(73)    I gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le micridhintiúir i dtaca le foghlaim ar feadh an tsaoil agus le hinfhostaitheacht
(74)    Ba cheart tairseacha a bhunú i gcomhréir le prionsabail na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le Creat Eorpach Idir-inoibritheachta, COM(2017) 134 final .
(75)    I gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta i dTreoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí IO L 151, 7.6.2019, lgh. 70-115.
Top