Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AE6074

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe (níl leagan Gaeilge ann, teideal aistrithe) [COM(2021) 740 final]

    EESC 2021/06074

    IO C 275, 18.7.2022, p. 50–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    18.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 275/50


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe (níl leagan Gaeilge ann, teideal aistrithe)

    [COM(2021) 740 final]

    (2022/C 275/09)

    Rapóirtéir:

    Judith VORBACH

    Comhairliúchán

    An Coimisiún Eorpach, 21.1.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

    Dáta a glactha sa rannóg

    8.2.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    23.2.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    567

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    140/5/38

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Bhí ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí díobhálacha agus ar ghéarchéimeanna i bhfad sular thosaigh paindéim COVID-19. In 2020, d’fhulaing an tAontas Eorpach an cúlú eacnamaíoch ba mheasa dá raibh ann riamh lena linn, agus gan réiteach ar bith ar fáil ar na dúshláin a bhí ann go dtí sin. Rinne an tAontas bearta tacaíochta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin chun an tionchar millteanach a mhaolú agus chun staid éagobhsaí a sheachaint. Mar sin féin, ní mór dul i ngleic leis an bpaindéim ar bhonn trasnáisiúnta agus tá sé á iarraidh ag CESE go mbeadh comhar fadbhreathnaitheach ann maidir le beartas sláinte an Aontais, go gcuirfí borradh faoi leibhéil vacsaínithe agus go nglacfaí cur chuige domhanda, d’fhonn díospóireacht oscailte a bheith ann ar leibhéal an Aontais maidir le tarscaoileadh deonach sealadach ó Chomhaontú TRIPS.

    1.2.

    Tacaíonn CESE le beartas atá dírithe ar an rathúnas agus tacaíonn sé le clár oibre an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht iomaíoch. Ba cheart na ceithre ghné a bhaineann leis — inbhuaine comhshaoil, táirgiúlacht, cothroime agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch — chomh maith leis an iomaíochas, a chur ar comhchéim chun na héifeachtaí atreisithe atá beartaithe a bhaint amach agus chun claochlú rathúil a bhaint amach. Mar shampla, is gnéithe ríthábhachtacha den iomaíochas iad cothroime agus inbhuaine shóisialta agus vice versa. Dá laige rannpháirtíocht na bparlaimintí, na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, is ea is dóichí go dtiocfaidh méadú ar éagothromaíochtaí agus go laghdófar an glacadh, go háirithe maidir le claochlú an gheilleagair chun aeráidneodracht a bhaint amach.

    1.3.

    Ceann de na dúshláin atá romhainn is ea an rathúnas eacnamaíoch a scaradh a mhéid is féidir ó dhíghrádú an chomhshaoil. Arís eile, is cur chuige iomlánaíoch atá de dhíth lena gcuirfear san áireamh damáiste don chomhshaol de gach cineál. Is den ríthábhacht nach caint san aer a bheidh sna gealltanais chun dea-bhail shóisialta a chosaint. Tá sé riachtanach a áirithiú go ndáilfear go cothrom na hiarrachtaí agus na tairbhí a bhaineann leis an aistriú. Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá cúinsí fónta gnó agus a thábhachtaí atá sé slabhraí luacha tionsclaíocha láidre a choinneáil san Eoraip, agus tá sé ag iarraidh ar earnáil tionsclaíochta na hEorpa ról ceannasach a imirt chun inbhuaine a bhaint amach. Ní mór an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a cheapadh ar bhealach éifeachtach agus ba cheart nasc a bheith idir bearta státchabhrach agus poist ardcháilíochta a chruthú agus urraim do chearta oibrithe agus d’oibleagáidí fioscacha. Ar deireadh, tá CESE á chur i bhfios go láidir nár cheart éifeachtaí dáileacháin cúlchéimnitheacha ná bochtaineacht fuinnimh a bheith i gceist le haon athrú i dtreo cánachas comhshaoil.

    1.4.

    Is díol sásaimh do CESE na tograí ón gCoimisiún maidir le hathchóirithe agus infheistíocht agus margadh aonair cothrom a chur chun cinn d’fhonn bonn láidir eacnamaíoch a áirithiú. Tá bearta chun an margadh aonair a chur chun cinn agus chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó ríthábhachtach chun an nuálaíocht agus an táirgiúlacht a chothú. Ina theannta sin, san fhadtéarma, tá cur chuige maidir le táirgiúlacht chóir ina spreagadh lárnach don iomaíochas agus don chóineasú aníos. Mar sin féin, cé gur cearta bunúsacha iad cearta sóisialta agus saothair, ní cuid de shaoirsí an mhargaidh inmheánaigh iad a chosnaítear faoin mbunreacht. Tá sé á iarraidh ag CESE go mbeidh tograí iomchuí maidir le conas rialacha náisiúnta a ráthú nach dtugtar cosaint dóibh sa chonradh. Molann CESE na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le hardú praghsanna fuinnimh ar tháirgeadh agus ar dháileadh a mhaolú agus is díol sásaimh dó go ndéanfar faireachán níos dlúithe ar rioscaí an mhargaidh airgeadais, ar rioscaí iad a eascraíonn as an ngéarchéim aeráide. Trí Aontas na Margaí Caipitil agus an tAontas Baincéireachta a neartú, ba cheart bealaí cistithe a chomhdhlúthú, iarrachtaí infheistíochta a chur chun cinn agus athléimneacht a mhéadú.

    1.5.

    Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go mbeidh na hiarrachtaí a dhéanfar ag an am céanna chun aistriú cothrom, glas agus digiteach a bhaint amach, lena n-éilítear dálaí sóisialta inbhuanaithe, mar bhonn leis an rathúnas agus leis an athléimneacht a bheidh ann amach anseo. Tá beartais dhea-cheaptha maidir leis an margadh saothair agus córais cosanta sóisialta mar bhonn leis an athléimneacht agus leis an bhfás cuimsitheach. Aontaíonn CESE go hiomlán gur cheart do na Ballstáit iarrachtaí a threisiú chun torthaí foghlama a fheabhsú ar fud a gcóras oideachais agus oiliúna agus gur cheart rochtain ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil a áirithiú. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún grinnscrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí dáileacháin na n-eisíocaíochtaí faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus NextGenerationEU (NGEU) agus a áirithiú go rannchuideoidh sé le geilleagar níos glaise agus níos digiteálaithe a fhorbairt, agus le cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach chomh maith.

    1.6.

    Is réamhchoinníollacha do bhuiséid phoiblí inbhuanaithe iad téarnamh eacnamaíoch agus fás cobhsaí cuimsitheach. Ní mór do bheartais a bheith tacúil i gcónaí agus réidh le freagairt ar thurraingí leanúnacha. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an clásal éalaithe ginearálta fós ann. Nuair a chuirfear deireadh leis, beidh gá le breithniú a dhéanamh ar leibhéil na gníomhaíochta eacnamaíche, na fostaíochta agus na bochtaineachta i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim. Thairis sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a chur chun cinn a bheadh dírithe ar idirthréimhse sula dtiocfaidh creat nuachóirithe i bhfeidhm. Tá rabhadh á thabhairt ag CESE faoi bheartais a chur chun cinn lena gcuirfí srian leis an gcaiteachas reatha a bhaineann le costais shóisialta, oideachais agus sláinte agus tá sé ag iarraidh go mbeadh beartais chóra ioncaim ann. Ina theannta sin, cé nár cuireadh san áireamh go leordhóthanach leis an bhfaireachas faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha na hidirghníomhaíochtaí idir dúshláin eacnamaíocha nua atá ag teacht chun cinn, tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfaí faireachán ar mhíchothromaíochtaí sóisialta.

    1.7.

    Feictear do CESE go bhfuilimid ag tabhairt faoi chéim nua den bheartas eacnamaíoch agus gur deis é Seimeastar Eorpach 2022 atá ag teacht chun cinn chun inbhuaine eacnamaíoch, comhshaoil agus shóisialta a fheabhsú. Ba cheart cur chuige cothrom an chláir oibre don inbhuanaitheacht iomaíoch a bheith léirithe sna moltaí tírshonracha atá ar na bacáin, agus is mithid do na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta eagraithe a bheith níos rannpháirtí i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Má tá cur i bhfeidhm na n-athchóirithe fógartha ina choinníoll chun deontais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a eisíoc, is mó tábhacht pholaitiúil a bhainfidh leis na moltaí tírshonracha. Cé gur díol sásaimh an bhéim atreisithe ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tá sé fós doiléir a mhéid a léireofar iad sna moltaí tírshonracha agus sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ní mór an rialachas eacnamaíoch a chomhtháthú i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh sa chaoi is go n-áiritheofar rannpháirtíocht dhaonlathach na bparlaimintí, na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe.

    2.   Barúlacha ginearálta

    2.1.

    Bhí ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí eacnamaíocha agus sóisialta díobhálacha agus ar ghéarchéimeanna sula raibh trácht ar bith ar phaindéim COVID-19, fiú. Tar éis tréimhse fhada cor chun donais eacnamaíoch i ndiaidh ghéarchéim an mhargaidh airgeadais in 2008, tháinig méadú ar deireadh ar gheilleagar an Aontais in 2014 agus ansin baineadh tréimhse fáis amach agus tháinig méadú ar rátaí fostaíochta. Mar sin féin, bhí an infheistíocht phoiblí tite faoi bhun na leibhéal a bhí ag teastáil chun an stoc de chaipiteal poiblí a choinneáil cobhsaí mar sciar den olltáirgeacht intíre. Cé go bhfuil an tAontas ina iomláine sách rathúil de réir caighdeáin dhomhanda, tá éagsúlachtaí idir tíortha agus réigiúin go fóill mar aon le neamhionannais agus bearna idir na hinscní i measc na sochaithe. Bhí bagairt na géarchéime aeráide agus na dúshláin a bhain leis an athrú teicneolaíoch tagtha chun cinn cheana féin.

    2.2.

    I mí an Mhárta 2020, tháinig athrú as cuimse ar chúrsaí de dheasca phaindéim COVID-19 agus na bearta a rinneadh chun í a shrianadh. D’fhulaing an tAontas Eorpach an cúlú eacnamaíoch ba mheasa dá raibh ann riamh lena linn (1), agus gan réiteach ar bith ar fáil ar na dúshláin a bhí ann cheana. Ní hamháin, áfach, nach bhfacthas riamh roimhe sin a leithéid de phaindéim agus na tionchair a ghabh léi ach ghlac an tAontas Eorpach freisin raon gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta nach ndearnadh a leithéid riamh cheana chun an anacair a mhaolú, lena n-áirítear an clásal éalaithe ginearálta agus ionstraim SURE a chur i ngníomh (2). Is mór ag CESE, go háirithe, gur éirigh leis an Aontas tionscnamh leathan amhail NGEU a tharraingt suas agus a ghlacadh le linn géarchéim den chineál sin. Ní hamháin gur cheart don tionscnamh sin cabhrú leis an ngéarchéim a shárú ach ba cheart dó freisin, mar is ceart, cabhrú le dul i ngleic leis an bpróiseas aistrithe. Trí bhorradh a chur faoi mhuinín na bpáirtithe leasmhara, d’éirigh leis an gcur chuige beartais foriomlán maidir le tacaíocht agus comhtháthú tionchar socheacnamaíoch na géarchéime a mhaolú, rud a d’fhéadfadh díchobhsú eacnamaíoch agus polaitiúil a bheith mar thoradh air murach sin.

    2.3.

    Ba léir an dlúthnasc a bhí idir an geilleagar agus an phaindéim freisin nuair a tháinig an geilleagar chuige féin arís i lár 2021 de réir mar a tháinig feabhas ar an staid eipidéimeolaíoch. Tuartar i réamhaisnéis an fhómhair do 2021 nach téarnamh amháin a bheidh i gceist in 2022 ach go dtiocfaidh méadú ar an ngeilleagar agus go mbeidh ráta fáis 4,3 % ann, agus táthar ag súil go mbainfidh an borradh sin le cruthú post freisin (3). I bhfianaise ráig athnuaite na paindéime agus an t-athraitheach Omicron, d’fhéadfadh sé nach dtiocfadh an dea-thuar sin faoin tairngreacht. Tá sé á léiriú ag CESE go bhfuil ardleibhéal éiginnteachta ann agus go bhfuil tionchar suntasach ag an bpaindéim ar ghníomhaíocht eacnamaíoch.

    2.4.

    Ní féidir dul i ngleic leis an bpaindéim ná athraithigh nua den víreas a chosc ar an leibhéal náisiúnta amháin. Ina ionad sin, tá cur chuige trasnáisiúnta de dhíth. Tá CESE ag iarraidh go mbeidh dlúthchomhar fadbhreathnaitheach ann maidir le beartas sláinte an Aontais, rud a chuideoidh ní hamháin leis an ngéarchéim sláinte a shárú ach leis an tionchar a bheidh aici ar an ngeilleagar a laghdú freisin. Molann CESE gur cheart méadú na leibhéal vacsaínithe a bheith ina phríomhthosaíocht i gcónaí agus tá sé ag iarraidh go mbeadh cur chuige domhanda ann, go háirithe toisc go bhfuil soláthar leordhóthanach vacsaíní ar fud an domhain chun leasa an Aontais féin freisin. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún díospóireacht oscailte a stiúradh ar leibhéal an Aontais maidir le tarscaoileadh deonach sealadach ó Chomhaontú TRIPS a mbeadh feidhm aige maidir le vacsaíní, cóireálacha agus tástálacha COVID-19 (4).

    2.5.

    Is díol sásaimh do CESE cur chuige ilghnéitheach an chláir oibre don inbhuanaitheacht iomaíoch a leagtar amach sa Suirbhé ar Fhás Inbhuanaithe. Tá an méid sin i gcomhréir le cur chuige beartais lena ndírítear ar an rathúnas, a mhol CESE i dtuairimí roimhe seo, ina n-iarrtar go ndéanfaí breithniú ar roinnt cuspóirí: inbhuaine shóisialta agus comhshaoil, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, lánfhostaíocht agus obair ardcháilíochta, dáileadh cothrom, sláinte agus cáilíocht saoil, cobhsaíocht na margaí airgeadais, cobhsaíocht praghsanna, trádáil chothrom bunaithe ar struchtúr tionsclaíoch agus eacnamaíoch atá cóir agus iomaíoch, agus airgeadas poiblí cobhsaí. Tá na cuspóirí sin comhsheasmhach freisin leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus tá dlúthnasc eatarthu. Mar shampla, tá cur chuige maidir leis an bhfás inbhuanaithe a bhfuil cuspóirí eile aige seachas cuspóir fáis olltáirgeachta intíre amháin ríthábhachtach má táthar chun geilleagar atá aeráidneodrach a bhaint amach in 2050.

    2.6.

    Thairis sin, tá dlúthnasc idir na ceithre ghné den chlár oibre don inbhuaine iomaíoch — inbhuaine comhshaoil, táirgiúlacht, cothroime agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch — agus baineann an tábhacht chéanna leo ar fad. Bheadh lúb ar lár dá mbeadh aon cheann acu in easnamh mar sin ní hé go mbaineann tábhacht ar leith le haon ghné amháin díobh nach mbaineann leis na cinn eile. Tá an Coimisiún á chur i bhfios go láidir, mar is cuí, gur cheart do na gnéithe sin a bheith ag treisiú a chéile. Is díol sásaimh do CESE an méid sin, ach tá sé á chur in iúl freisin an baol a bhaineann le héifeachtaí crapthacha. Dá laige rannpháirtíocht na bparlaimintí, na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, is ea is dóichí go mbeidh éagothromaíochtaí idir na ceithre ghné sin.

    2.7.

    Cuireann CESE in iúl freisin go bhfuil na ceithre ghné idirnasctha agus ní hamháin sin ach go bhfuil dlúthbhaint ag an iomaíochas leo freisin agus an tábhacht chéanna ag baint leo ar fad, mar an gcéanna leis an trádáil chothrom, atá ar cheann de na príomhchuspóirí eacnamaíocha. Mar shampla, is gnéithe ríthábhachtacha den iomaíochas iad cothroime agus inbhuaine shóisialta agus vice versa. Is gnéithe ríthábhachtacha d’iomaíochas an Aontais iad an múnla sóisialta Eorpach agus, go háirithe, colún Eorpach na gceart sóisialta. Ar an gcaoi chéanna, a mhalairt atá fíor freisin agus is réamhriachtanas tábhachtach í an trádáil chothrom atá bunaithe ar struchtúr tionsclaíoch agus eacnamaíoch atá cothrom agus iomaíoch d’fhás cuimsitheach, do chothroime agus d’inbhuaine shóisialta an Aontais.

    3.   Barúlacha sonracha

    3.1.   Inbhuaine comhshaoil

    3.1.1.

    Ceann de phríomhdhúshláin an chéid seo is ea an rathúnas eacnamaíoch a scaradh a mhéid is féidir ó dhíghrádú an chomhshaoil nó ón gcomhshaol a chur i mbaol. Aontaíonn CESE go hiomlán leis an gCoimisiún go bhfuil gníomhú láithreach de dhíth de dheasca an athraithe aeráide agus dhíghrádú an chomhshaoil. Cé go bhfuil CESE ag tacú go hiomlán leis an sprioc maidir leis an ngéarchéim aeráide a chomhrac, tá sé ag iarraidh go mbeidh cur chuige iomlánaíoch ann lena gcuirfear san áireamh go cothrom an dochar don chomhshaol de gach cineál, amhail bagairtí don bhithéagsúlacht, d’uisce agus d’ithir, truailliú aeir agus dramhaíl núicléach agus cineálacha eile dramhaíola tocsainí.

    3.1.2.

    Tá aird chuí á tabhairt ag an gCoimisiún ar ghnéithe sóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe sin agus tá sé á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an rathúnas agus an dea-bhail a chosaint. Tá CESE á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach nach caint san aer a bheidh sna forógraí sin i ndeireadh na dála agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún mapáil agus anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an aistriú ar fhostaíocht agus ar scileanna (5). Chomh maith leis sin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndáilfear go cothrom na hiarrachtaí agus na tairbhí a bhaineann leis an aistriú. D’fhonn an méid sin a bhaint amach, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE an ríthábhacht a bhaineann leis an idirphlé sóisialta, le hurraim iomlán do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, le treisiú na cómhargála, le rialachas corparáideach fónta ina mbeidh oibrithe rannpháirteach (6) agus le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe i gceapadh beartas. Chomh maith le húinéireacht ar an aistriú a áirithiú, tá na gnéithe sin fíor-riachtanach freisin chun a áirithiú, thar aon ní eile, go ndéanfar an t-aistriú ar bhealach cothrom cuimsitheach.

    3.1.3.

    Ní mór dlús a chur leis an rannpháirtíocht sin go háirithe sa phacáiste “Oiriúnach do 55” ina bhfuil líon mór tograí beartais forleathana. Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé slabhraí luacha tionsclaíocha láidre a choinneáil san Eoraip, agus tá sé ag iarraidh go mbeidh earnáil tionsclaíochta na hEorpa ar thús cadhnaíochta i dtaca le hinbhuaine comhshaoil a bhaint amach. Leis an togra le haghaidh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, d’fhéadfaí an fhostaíocht a neartú i gcuideachtaí claochlaithe atá neamhdhíobhálach don aeráid agus, dá bhrí sin, tá an sásra sin ríthábhachtach agus ní mór é a cheapadh ar bhealach éifeachtach. I gcomhthéacs aon athrú i dtreo cánachas comhshaoil, amhail cánacha a ghearradh ar ghníomhaíochtaí truaillitheacha, tá sé ríthábhachtach go gcoiscfear éifeachtaí dáileacháin cúlchéimnitheacha agus bochtaineacht fuinnimh. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an ualach cánach ar shaothar i ndáil leis sin.

    3.1.4.

    Tá sé á chur in iúl ag an gCoimisiún go mbeidh infheistíochtaí suntasacha de dhíth ar fiú thart ar EUR 520 billiún in aghaidh na bliana iad chun clár oibre uaillmhianach an Aontais maidir leis an gComhaontú Glas a chur i gcrích. Beidh infheistíochtaí breise ag teastáil chun tacú le haistrithe i margadh an tsaothair. Sa chomhthéacs sin, tá sé á léiriú ag CESE go bhfuil tuilleadh infheistíochta de dhíth i ngeall ar an aistriú digiteach, chomh maith leis an gcúram sláinte, an t-oideachas agus an oiliúint, an chosaint shóisialta agus an taighde agus an fhorbairt. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil sé ríthábhachtach infheistíocht phríobháideach agus infheistíocht phoiblí araon a atreorú agus a mhéadú d’fhonn leibhéal leordhóthanach infheistíochta a áirithiú. Is chun leas an phobail é inbhuaine comhshaoil a bhaint amach, ach tá an baol ann leis sin go gclisfidh ar an margadh.

    3.1.5.

    Tá ról ríthábhachtach ag an infheistíocht phríobháideach sa timthriall eacnamaíoch chun forbairt eacnamaíoch agus cruthú post a chur chun cinn. Tá gá le hinfheistíocht agus nuálaíocht go háirithe san earnáil phríobháideach chun an sprioc maidir le hinbhuaine comhshaoil a bhaint amach, mar shampla i réimse na gcadhnraí nua le haghaidh gluaisteán agus i réimse an táirgthe cruaiche gan astaíochtaí CO2. Tá sé á chur i dtábhacht ag CESE an gá atá le cúinsí fónta gnó agus is díol sásaimh dó na hiarrachtaí atá á ndéanamh cistiúchán príobháideach a dhíriú i dtreo athléimneacht aeráide agus inbhuaine comhshaoil, mar atá beartaithe leis an straitéis nua maidir le maoiniú inbhuanaithe (7). Tacaíonn CESE freisin leis an ról atá ag an earnáil phoiblí — go háirithe InvestEU agus bearta ábhartha NGEU — maidir le hinfheistíocht phríobháideach a fhormhuiniú trí thacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil agus Airteagal 107 CFAE á urramú go hiomlán. Tá CESE ag iarraidh, áfach, go mbeadh dlúthbhaint ag na bearta státchabhrach le cruthú post ardcháilíochta agus le cearta oibrithe, caighdeáin chomhshaoil agus oibleagáidí fioscacha a urramú.

    3.2.   Táirgiúlacht

    3.2.1.

    Baineann táirgiúlacht le héifeachtúlacht an táirgthe eacnamaíoch agus sainmhínítear go bunúsach í de réir an chóimheasa ionchuir/aschuir. Cuireann méadú táirgiúlachta atá cóir agus inbhuanaithe leis an iomaíochas, an rathúnas agus an cóineasú aníos san fhadtéarma. Os a choinne sin, dá nglacfaí leis an éagóir agus leis an neamh-inbhuaine agus an táirgiúlacht á tóraíocht, d’fhéadfadh sé go gcuirfí níos mó brú ar fhostaithe agus ar fhostóirí, agus go ndéanfaí cur isteach ar an inbhuaine comhshaoil, an iomaíocht a shaobhadh, an neamhionannas a mhéadú agus bac a chur ar an bpróiseas aistrithe. I bhfianaise an méid thuas, is díol sásaimh do CESE cur chuige an Choimisiúin maidir le táirgiúlacht a fheabhsú ar bhealach a bheidh dírithe ar an rathúnas trí ardteicneolaíochtaí agus nuálaíocht a chur chun cinn, trí scileanna daoine a neartú, oiliúint agus oideachas a mhéadú, aistriú agus luachshocrú an eolais a neartú agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn. Tá sé á chur i dtreis ag CESE go háirithe gur gné thábhachtach den chur chuige maidir le táirgiúlacht chothrom í an inbhuaine shóisialta freisin.

    3.2.2.

    Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le hinfheistíochtaí nua go ginearálta agus go háirithe san earnáil dhigiteach agus tacaíonn sé go sainráite le hiarraidh an Choimisiúin go ndíreofar freisin ar acmhainneachtaí digiteacha ceannródaíocha a thógáil agus a imscaradh leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Go deimhin, is féidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta cabhrú leis na Ballstáit infheistíochtaí agus athchóirithe a dhéanamh lena gcumasófar, i measc nithe eile, intleacht shaorga, ríomhaireacht ardfheidhmíochta, cibearshlándáil, comhpháirteanna micrileictreonacha agus leictreonacha agus nascacht shlán, agus ba cheart sin a dhéanamh. Chomh maith le borradh a chur faoi scileanna digiteacha ar gach leibhéal, beidh an méid sin mar bhonn láidir leis an táirgiúlacht agus leis an iomaíochas a fheabhsú agus, dá bhrí sin, cuirfear bonn láidir eacnamaíoch agus rathúnas chun cinn san fhadtéarma.

    3.2.3.

    Cuirfear fás agus fostaíocht atá inbhuanaithe agus cuimsitheach chun cinn i margadh aonair atá cothrom agus dea-fheidhmiúil. Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún gur tosca tábhachtacha iad urraim don smacht reachta, córais cheartais ardcháilíochta agus éifeachtúla, struchtúir éifeachtacha frith-éillithe, riarachán éifeachtúil lena n-áirítear riarachán cánach, agus creataí frithsciúrtha airgid agus frithchalaoise chun feabhas a chur ar thimpeallacht an ghnó agus chun iomaíocht chóir idir cuideachtaí a chosaint. Ar an drochuair, tá éagothroime fós ann idir saoirsí eacnamaíocha agus cearta sóisialta agus cearta i margadh an tsaothair. Cé gur cearta bunúsacha iad cearta sóisialta agus saothair, ní cuid de shaoirsí an mhargaidh inmheánaigh iad a chosnaítear faoin mbunreacht. Féachtar uaireanta ar chearta náisiúnta chun fostaithe a chosaint mar bhacainní riaracháin ar an margadh. Dá dheasca sin, feictear do roinnt mhaith oibrithe gur bagairt é an margadh inmheánach. Tá sé á iarraidh ag CESE go mbeidh tograí iomchuí maidir leis an gcaoi is fearr leis an míchothromaíocht sin a chur ina cheart agus maidir le conas rialacha náisiúnta a ráthú nach dtugtar cosaint dóibh sa chonradh. Thairis sin, molann CESE go láidir iarrachtaí a shaothrú go leanúnach sa tionscnamh “Beyond GDP” [De Bhreis ar Olltáirgeacht Intíre] (8).

    3.2.4.

    Molann CESE go mór aghaidh a thabhairt ar na drochéifeachtaí eacnamaíocha agus dáileacháin a bhaineann le méadú praghsanna fuinnimh. D’fhéadfadh an méadú sin ar phraghsanna a bheith mar thoradh ar théarnamh láidir i ngníomhaíocht eacnamaíoch nó ar shuaitheadh i dtaobh an tsoláthair agus d’fhéadfadh sé go dtiocfaidh réiteach air nuair a bheidh dálaí eacnamaíocha níos cobhsaí. Cuireann sé ualach láithreach bonn, áfach, ar tháirgeacht agus ar iomaíochas an tionscail. Ina theannta sin, is mó an seans go mbeidh tionchar ag praghsanna arda mórdhíola fuinnimh ar phraghsanna miondíola, rud a chuirfidh ualach breise ar phraghsanna bia. Cé nach bhfuil na héifeachtaí sin buan, d’fhéadfaidís brú anuas a chruthú ar chumhacht ceannaigh pá, rud lena bhféadfaí teaghlaigh ar ioncam íseal a chur i mbaol na bochtaineachta. Tá CESE ag tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun gníomhú i gcoinne na bhforbairtí sin.

    3.3.   An chothroime

    3.3.1.

    I bhfad sular thosaigh géarchéim COVID-19, bhí fadhb le cosaint lag shóisialta, le míchothromaíochtaí agus le neamhionannais. Agus i bhfad níos mó ná 20 % de shaoránaigh an Aontais i mbaol bochtaineachta agus eisiata sóisialta, tháinig an Banc Ceannais Eorpach (BCE) ar an gconclúid in 2016 go bhfuil dáileadh an ghlansaibhris thar a bheith claonta (9). De réir thuarascáil an Bhainc Dhomhanda maidir leis an mbochtaineacht dhomhanda (2018) (10), bhí beagán os cionn billiún duine tagtha as an bhfíorbhochtaineacht le 20 nó 30 bliain anuas, mar gheall ar laghdú na bochtaineachta sa tSín den chuid is mó. Chuir an phaindéim moill ar an dul chun cinn sin. Mar sin féin, le 25 bliana anuas, tá níos mó saibhris faighte ag lucht an airgid agus tá formhór an tsaibhris ag scothaicme eacnamaíoch go fóill (11). Tá sé á chur i bhfios ag an gCoimisiún, mar is ceart, go bhfuil an neamhionannas ag dul i méid de dheasca na paindéime. Ní hamháin gur fadhb ann féin é an neamhionannas, ach cuireann sé srian freisin leis an bhforbairt eacnamaíoch trí laghdú a dhéanamh ar an éileamh príobháideach agus trí thús a chur le teannas sóisialta. Dá bhrí sin, baineann ríthábhacht le feabhas a chur ar phoist ardcháilíochta, le híocaíocht agus dálaí oibre fónta a bheith ann, le fostaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus leis an gceart chun cómhargála. Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé urraim a thabhairt don chaidreamh tionsclaíoch náisiúnta agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus na beartais sin á gcur chun cinn.

    3.3.2.

    Is mór ag CESE gur mhaígh an Coimisiún gur cheart cothroime a bheith i gcroílár an téarnaimh. I bhfianaise na héagothroime achrannaí agus rátaí bochtaineachta agus teannas polaitiúil ar ábhar imní iad, is spriocanna tábhachtacha iontu féin iad an inbhuaine shóisialta, comhionannas inscne, comhdheiseanna, an neamh-idirdhealú agus dáileadh cothrom. Dá bhrí sin, molann CESE go mór go ndíreofaí ní hamháin ar an aistriú glas agus digiteach, ach go ndéanfaí iarracht an inbhuaine shóisialta a bhaint amach taobh leis sin. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go mbeidh na hiarrachtaí a dhéanfar ag an am céanna chun aistriú cothrom, glas agus digiteach a bhaint amach, lena n-éilítear dálaí sóisialta inbhuanaithe, mar bhonn leis an rathúnas agus leis an athléimneacht a bheidh ann amach anseo.

    3.3.3.

    Is bonn leis an athléimneacht agus leis an bhfás cuimsitheach iad beartais ghníomhacha dhea-cheaptha maidir leis an margadh saothair, seirbhísí fostaíochta poiblí agus córais cosanta sóisialta, a chabhraíonn le daoine a gcaighdeáin mhaireachtála a chaomhnú le linn suaitheadh eacnamaíoch agus i gcás riachtanais aonair freisin. Chabhraigh cur chun feidhme na mbeart coinneála post, amhail socruithe maidir le hobair ghearr-ama, go cinntitheach chun dul i ngleic le tionchair dhiúltacha na géarchéime ar mhargaí saothair. Cé gur chuir tacaíocht ioncaim agus líontáin sábhála shóisialta cosc ar laghdú mór ar ioncam, léiríodh le paindéim COVID-19 go bhfuil bearnaí sa rochtain ar chosaint shóisialta. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh cóineasú sóisialta aníos ann a chuirfeadh le hathléimneacht foriomlán an Aontais i leith géarchéimeanna.

    3.3.4.

    Ní mór aird ar leith a thabhairt ar thionchar sóisialta an aistrithe dhigitigh, go háirithe toisc gur chuir an phaindéim dlús leis an bpróiseas sin. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil aird á tabhairt ag an gCoimisiún ar — i measc nithe eile — an rochtain mhíchothrom ar an bhfoghlaim ar líne, a bhféadfadh iarmhairtí fadtéarmacha a bheith aige, lena n-áirítear leibhéil ísle bunscileanna, rud a d’fhéadfadh éagothromaíochtaí san oideachas a ghéarú. Aontaíonn CESE go hiomlán gur cheart do na Ballstáit iarrachtaí a threisiú chun torthaí foghlama a fheabhsú ar fud a gcóras oideachais agus oiliúna. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna agus chun na bearnaí méadaitheacha sóisialta a chosc, ní mór an ceart chun foghlaim ar feadh an tsaoil a aithint agus rochtain uirthi a áirithiú. Ní mór cistiú poiblí a chur ar fáil lena aghaidh sin chun cuidiú le fiontair fhreagracha oiliúint ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Chun an bhearna dhigiteach a laghdú, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar inrochtaineacht ar sheirbhísí digiteacha do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta.

    3.3.5.

    Is fiú EUR 1 824 thrilliún an Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua (CAI) agus NextGenerationEU, agus go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, rud a thacóidh leis na Ballstáit agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún grinnscrúdú a dhéanamh le deimhniú go bhfuil na bearta beartais a fógraíodh á gcur chun feidhme i gceart, ionas go gcuirfear cuspóirí an aistrithe ghlais agus dhigitigh chun cinn go soiléir trí leithdháileadh na gcistí. Thar aon ní eile, níor cheart é a bheith inghlactha caiteachas atá beartaithe cheana féin a chur san áireamh sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. A bhuí leis sin, ní bheadh gá le ranníocaíochtaí náisiúnta a mhéadú nó le caiteachas ó bhuiséad an Aontais a laghdú.

    3.3.6.

    Ina theannta sin, ní mór faireachán cúramach a dhéanamh freisin ar éifeachtaí dáileacháin eisíocaíochtaí na gcistí agus ar an tionchar sóisialta a bheidh acu chun a áirithiú go rannchuideoidh siad leis an gcóineasú sóisialta aníos. Tá aird chuí á tabhairt ag an gCoimisiún ar ghnéithe éagsúla de thionchar neamhshiméadrach na géarchéime ar ghrúpaí, earnálacha agus réigiúin éagsúla den daonra. Dá bhrí sin, tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfar iarrachtaí ar leith chun teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim agus daoine leochaileacha a chosaint, arb iad is mó atá thíos le haon phróiseas géarchéime agus aistrithe. Níor cheart infheistíochtaí a mhaoiniú ach amháin má chruthaítear glanfhostaíocht agus má urramaítear cearta oibrithe leo. Tá sé tábhachtach, ar an iomlán, go bhfaigheadh na glúnta atá le teacht luach airgid ó chaiteachas an lae inniu.

    3.4.   Cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch

    3.4.1.

    Ní hamháin gur tháinig méadú ar na leochaileachtaí a bhí ann roimh ré de dheasca na paindéime agus gur cuireadh moill ar laghdú na míchothromaíochtaí idir na Ballstáit ach tá níos mó éiginnteachta ann freisin dá barr. Dá bhrí sin, ní hamháin gur gá do bheartais eacnamaíocha agus airgeadaíochta tacaíocht a thabhairt i gcónaí ach ní mór dóibh a bheith corraitheach agus réidh le freagairt ar aon suaitheadh nó turraing agus ní mór dóibh athléimneacht an Aontais a áirithiú. Ar an gcúis sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil an clásal éalaithe ginearálta fós ann. Nuair a chuirfear deireadh leis, beidh gá le breithniú a dhéanamh ar leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche mar aon leis na figiúirí fostaíochta agus bochtaineachta i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim. Thairis sin, ba cheart beartais fhioscacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais mar aon le beartais airgeadaíochta a chomhordú ar bhealach stuama chun na héifeachtaí tacaíochta agus cobhsaíochta atá beartaithe a atreisiú go frithpháirteach.

    3.4.2.

    Tá sé á iarraidh ag CESE go réiteofaí an bealach don athrú i dtreo rialachas eacnamaíoch a bheadh dírithe ar an rathúnas, mar atá leagtha amach i dtuairimí éagsúla (12). Dá bhrí sin, tar éis stop a chur leis mar gheall ar an bpaindéim, is mithid an t-athbhreithniú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch a athsheoladh d’fhonn beartais fhioscacha iomchuí a chur chun cinn in aimsir an rátha agus in am an ghátair araon. Ba léir fiú in 2020 na heasnaimh a bhí sa chreat fioscach reatha, ach tá dúshláin níos tromchúisí fós ann de dheasca na géarchéime. Tugtar le fios tar éis anailís a dhéanamh nach gcomhlíonfaidh 23 Bhallstát an critéar easnaimh agus nach gcomhlíonfaidh 13 Bhallstát an critéar fiachais.

    3.4.3.

    Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún nár cheart nós imeachta um easnamh iomarcach a thionscnamh i gcoinne aon Bhallstáit agus aontaíonn sé leis an moladh ón gCoimisiún gur cheart do na Ballstáit leanúint de thacaíocht fhioscach a chur ar fáil agus san am céanna, an inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma a choimirciú nuair is féidir sin ag brath ar na dálaí eacnamaíocha. Tá an méid sin i gcomhréir le ráiteas CESE go dtacaíonn sé le fás inbhuanaithe, rud a fhágann gur féidir an t-airgeadas poiblí a neartú (13). Tá CESE ag iarraidh freisin, áfach, go n-aithneofaí an géarghá le dlús a chur leis an infheistíocht chun dul i ngleic leis an bpróiseas aistrithe. Anuas air sin, ba cheart don Choimisiún, sula dtiocfaidh an creat athbhreithnithe i bhfeidhm, treoirlínte a chur i láthair a bheadh dírithe ar idirthréimhse nach ndéanfaí an nós imeachta um easnamh iomarcach a thionscnamh lena linn agus faoina bhféadfaí dul i muinín an chlásail teagmhais neamhghnách ar bhonn tírshonrach (14).

    3.4.4.

    Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún go bhféadfadh sé nár cuireadh san áireamh go leordhóthanach leis an bhfaireachas faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha na hidirghníomhaíochtaí idir dúshláin eacnamaíocha nua atá ag teacht chun cinn, go háirithe brúnna comhshaoil (15). Ina theannta sin, ní mór faireachán a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí sóisialta chun cur i gcoinne phríomhacht na gceanglas fioscach agus maicreacnamaíoch (16). Toisc go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha trasteorann a bheith ag míchothromaíochtaí sóisialta agus fostaíochta, tá sé tábhachtach iad a bhrath agus iad a chur ina gceart go luath. Ar deireadh, is díol sásaimh do CESE an obair atá déanta ag an gCoimisiún maidir leis an mbuiséadú glas.

    3.4.5.

    Is réamhchoinníollacha do bhuiséid phoiblí inbhuanaithe agus bunú maolán fioscach iad téarnamh eacnamaíoch agus fás cobhsaí cuimsitheach. Ós rud é go leanfaidh infheistíocht phoiblí arna maoiniú go náisiúnta de ról lárnach a bheith aici, is den riachtanas é an “riail óir” a chur i bhfeidhm gan inbhuanaitheacht fhioscach mheántéarmach ná luach an euro a chur i mbaol, má tá rath le bheith ar an bpróiseas aistrithe. Mar sin féin, i bhfianaise ardleibhéal neamhchinnteachta, tá rabhadh á thabhairt ag CESE freisin gan an caiteachas reatha a bhaineann le costais shóisialta, oideachais agus sláinte a chiorrú. Tá cobhsaitheoirí uathoibríocha dea-fheidhmiúla ríthábhachtach chun cruatan sóisialta a chosc, éileamh a chobhsú agus athléimneacht in aghaidh géarchéime a áirithiú. Ar an taobh eile, cuireann beartais chánach mhíchothroma lena mbaineann calaois chánach agus pleanáil ionsaitheach chánach an tsolúbthacht fhioscach i mbaol, ar rud í atá riachtanach chun freagairt ar thurraingí agus chun dul i ngleic leis an bpróiseas aistrithe. Dá bhrí sin, is díol sásaimh iad barúlacha an Choimisiúin maidir le cúrsaí ioncaim. Is fíor sin freisin i gcás na n-athchóirithe atá beartaithe i gcomhthéacs na saoráide téarnaimh agus athléimneachta, maidir le héifeachtúlacht mhéadaithe i riarachán cánach d’fhonn feabhas a chur ar bhailiú cánach agus costais chomhlíonta a laghdú do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair.

    3.4.6.

    Gné thábhachtach den chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch is ea cobhsaíocht na margaí airgeadais. Trí Aontas na Margaí Caipitil agus an tAontas Baincéireachta a neartú, ba cheart díriú ar na bealaí cistithe a neartú agus ar rannchuidiú na hearnála príobháidí i dtaca leis na hiarrachtaí infheistíochta a chur chun cinn. Agus an méid sin á dhéanamh, tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfaí an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir comhroinnt riosca agus laghdú riosca agus is díol sásaimh dó go háirithe na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an faireachán ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as an ngéarchéim aeráide a neartú. Thairis sin, tá sé tábhachtach freisin aird a thabhairt ar na rioscaí inbhuanaitheachta sóisialta, rioscaí lena gcuirtear an comhtháthú sóisialta i mbaol de dheasca mhéadú na mbearnaí dáileacháin. Ba cheart do rialáil an mhargaidh airgeadais tosaíocht a thabhairt don éifeachtúlacht seachas don chastacht agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a chur ar fáil.

    3.5.   Dul chun cinn an tSeimeastair Eorpaigh

    3.5.1.

    Tá sé á chur i dtábhacht ag CESE go bhfuil céim nua den bheartas eacnamaíoch bainte amach ag an Aontas le NextGenerationEU agus go bhfuil céim chinntitheach chun tosaigh á tógáil aige i dtreo na dlúthpháirtíochta. Tugtar deis le Seimeastar Eorpach 2022 atá ag forbairt chun inbhuaine eacnamaíoch, comhshaoil agus shóisialta a fheabhsú. Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí chun cinn fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, lánfhostaíocht agus cruthú post ardchaighdeáin chomh maith leis an seasamh daonlathach a neartú go diongbháilte. Thairis sin, tá rannpháirtíocht bhreise na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe i bpróiseas an tseimeastair de dhíth le fada an lá.

    3.5.2.

    Le bainistiú agus cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, tá tábhacht níos mó ag baint leis an bpróiseas. Chomh maith leis sin, is mó an tábhacht pholaitiúil a bhaineann leis na moltaí tírshonracha má tá nasc idir eisíocaíocht na dtráinsí agus cur chun feidhme na n-athchóirithe a leagtar amach sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus atá bunaithe go mór ar na moltaí tírshonracha sin. Fágann sé sin go bhfuil sé éigeantach go mbeidh baint níos mó ag na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta eagraithe le forbairt agus le cur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá sé á iarraidh ag CESE go leagfaí síos caighdeáin íosta do chomhairliúchán den sórt sin (17). Ba cheart rialacha dochta an bheartais chomhtháthaithe maidir le comhairliúchán le geallsealbhóirí agus prionsabal na comhpháirtíochta a ghlacadh, ar a laghad, mar threoirphlean le haghaidh nósanna imeachta na Saoráide (18).

    3.5.3.

    Tá raon staidéar eimpíreach ann a chuireann i bhfios go ndírítear i bhformhór na moltaí tírshonracha ar bhorradh a chur faoin iomaíochas agus ar chomhdhlúthú na mbuiséad poiblí. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige cothrom an chláir oibre maidir le hinbhuanaitheacht iomaíoch a úsáid sna chéad mholtaí tír-shonracha eile. Ba cheart béim ar leith a leagan ar athchóirithe a mholadh amhail beartais ghníomhacha chuimsitheacha maidir leis an margadh saothair agus scéimeanna don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear cláir dírithe ar athsciliú agus a chuirfeadh tacaíocht ar fáil don athrú gairme, do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste amhail daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta.

    3.5.4.

    Is díol sásaimh do CESE go háirithe an toradh a bhí ar Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto, eadhon gur cheart don Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe cabhrú le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an faireachán sin a leabú i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Dá bhrí sin, is díol sásaimh é gur díríodh níos mó sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2022 ar phrionsabail an Cholúin agus go n-ionchorpraítear ann príomhspriocanna 2030 agus táscairí ceannlíne an Scórchláir Shóisialta athbhreithnithe san anailís a rinneadh air. Mar sin féin, ní léir fós a mhéid a léireofar na conclúidí sin sna moltaí tírshonracha agus sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ina theannta sin, ba cheart na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bheith ina bpointí tagartha.

    3.5.5.

    Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfaí athchóirithe lena ráthófar go ndéanfar cistí an Aontais a ionsú go héifeachtach, mar shampla trí acmhainneachtaí teicniúla a fhorbairt sna húdaráis phoiblí chun tionscadail infheistíochta a bhainistiú. Tá sé á iarraidh freisin go mbeadh córais soláthair phoiblí bunaithe ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch seachas ar an tairiscint is saoire, agus ar an gcaoi sin gnéithe saothair, sóisialta agus comhshaoil a chur san áireamh. Ar deireadh, tá sé ag iarraidh go ndéanfaí athchóirithe chun bacainní eile ar bheartas éifeachtach infheistíochta a bhaint nach bacainní airgid iad. Tá CESE ag iarraidh, go háirithe, ar an gCoimisiún aon mhí-úsáid cistí nó éilliú a chosc.

    3.5.6.

    Ní mór rialachas eacnamaíoch agus go háirithe rialacha chreat an bheartais fhioscaigh a chomhtháthú i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh sa chaoi go n-áiritheofar rannpháirtíocht dhaonlathach Pharlaimint na hEorpa, na bparlaimintí náisiúnta, na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe. Thairis sin, ba cheart é a athchóiriú freisin chun idirphlé iltaobhach agus daonlathach a chothú maidir le dúshláin maicreacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil agus chun tacú le comhordú beartais.

    An Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2020 ón gCoimisiún Eorpach.

    (2)  An Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála.

    (3)  Réamhaisnéis an Fhómhair 2021.

    (4)  Tuairim ó CESE Teacht as an bpaindéim níos láidre ná riamh: Na ceachtanna luatha ó phaindéim COVID-19 a fhoghlaim (IO C 152, 6.4.2022, lch. 116).

    (5)  Tuairim ó CESE “Oiriúnach do 55”: Sprioc Aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach (IO C 275, 18.7.2022, lch. 101).

    (6)  Tuairim ó CESE An tIdirphlé Sóisialta mar Cholún Tábhachtach den Inbhuaine Eacnamaíoch (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 10, 11.1.2021, lch. 14).

    (7)  Tuairim ó CESE Straitéis Athnuaite maidir le Maoiniú Inbhuanaithe (IO C 152, 6.4.2022, lch. 97).

    (8)  Cúlra — Beyond GDP [De Bhreis ar Olltáirgeacht Intíre], An Coimisiún Eorpach.

    (9)  European Central Bank, The Household Finance and Consumption Survey: results from the Second wave, Uimh. 18 Nollaig 2016.

    (10)  Grúpa an Bhainc Dhomhanda: Poverty and shared prosperity 2018. Piecing together the poverty puzzle. Overview, Léaráid 01; lch. 2.

    (11)  Cuirtear i láthair in Tuarascáil Dhomhanda Éagothroime 2022 na sonraí is nuashonraithe agus is iomláine maidir le héagothromaíochtaí ar fud an domhain.

    (12)  Tuairimí ó CESE Athbhreithniú ar an Rialachas Eacnamaíoch 2020 (IO C 429, 11.12.2020, lch. 227), (níl leagan Gaeilge ann), agus Athstruchtúrú chreat fioscach an Aontais le haghaidh téarnamh inbhuanaithe agus aistriú cóir, (IO C 105, 4.3.2022, lch. 11).

    (13)  Tuairim ó CESE Athbhreithniú ar an Rialachas Eacnamaíoch 2020 (IO C 429, 11.12.2020, lch. 227) (níl leagan Gaeilge ann).

    (14)  Tuairim ó CESE Athstruchtúrú chreat fioscach an Aontais le haghaidh téarnamh inbhuanaithe agus aistriú cóir (IO C 105, 4.3.2022, lch. 11).

    (15)  COM(2021) 662 final.

    (16)  Tuairim ó CESE Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 286, 16.7.2021, lch. 13).

    (17)  Rún ó CESE Rannpháirtíocht na Sochaí Sibhialta Eagraithe sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 155, 30.4.2021, lch. 1).

    (18)  Tuairim ó CESE Ról an bheartais comhtháthaithe chun éagothromaíochtaí a chomhrac – comhlántachtaí agus forluí leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO C 517, 22.12.2021, lch. 1).


    Top