Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AE5762

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – A renewed EU action plan against migrant smuggling (2021-2025) [Plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleáil imirceach (2021-2025)] (COM(2021) 591 final)

    EESC 2021/05762

    IO C 290, 29.7.2022, p. 90–94 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 290/90


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – A renewed EU action plan against migrant smuggling (2021-2025) [Plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleáil imirceach (2021-2025)]

    (COM(2021) 591 final)

    (2022/C 290/15)

    Rapóirtéir:

    José Antonio MORENO DÍAZ

    Comhrapóirtéir:

    Pietro Vittorio BARBIERI

    Comhairliúchán

    An Coimisiún Eorpach, 1.12.2021

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

    Dáta a glactha sa rannóg

    7.3.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    23.3.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    568

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    212/0/5

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is gníomhaíocht choiriúil trasteorann í smuigleáil imirceach lena gcuirtear beatha daoine i mbaol, lena sáraítear cearta bunúsacha, agus lena gcuirtear isteach ar bhainistiú ordúil na sreabh imirce. Le 20 bliain anuas, tá méadú tagtha ar smuigleáil daoine mar gheall ar fhachtóirí iomadúla díbeartha i dtíortha tionscnaimh (sáruithe ar chearta an duine, foréigean, coinbhleachtaí, neamhionannais, tosca eacnamaíocha, tosca comhshaoil, etc.), ach, de bhreis air sin, mar gheall ar a laghad bealaí dlíthiúla atá ann freisin chun cearta iontrála a fháil ar chríocha a lán tíortha. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá níos mó srianta curtha i bhfeidhm agus, mar thoradh air sin, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag dul i muinín líonraí neamhdhleathacha, agus tá rioscaí móra ag baint leis sin.

    1.2.

    Ón tús, is é is aidhm do bheartas imirce na hEorpa, i measc nithe eile, an ghníomhaíocht choiriúil sin a chomhrac, dúshaothrú imirceach ag líonraí coiriúla a chosc, agus laghdú a dhéanamh ar an méid a spreagann an imirce neamhrialta. Ba cheart breathnú ar Phlean Gníomhaíochta Athnuaite an Aontais in aghaidh Smuigleáil Imirceach (2021-2025) mar uirlis leanúnachais agus feabhais i gcomhrac an Aontais Eorpaigh i gcoinne na gníomhaíochta coiriúla sin.

    1.3.

    De réir Europol, déanann os cionn 90 % de na daoine a thagann isteach san Aontas Eorpach go neamhrialta cuid dá n-aistear trí bhíthin líonraí smuigleála. Faoi chuimsiú an chomhraic i gcoinne smuigleáil imirceach, measann an tAontas Eorpach gur tosaíocht é dul i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta chun laghdú a dhéanamh ar an méid a mheallann daoine chun tabhairt faoi na turais chontúirteacha sin; aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhdhleathaí; imirce rialta agus bealaí dleathacha agus sábháilte chuig tíortha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn; bainistiú na gcomhtheorainneacha a neartú; aghaidh a thabhairt ar thosca tarraingthe, amhail poist neamhrialta; agus filleadh agus ath-imeascadh a éascú do na daoine sin ar neamhrialta a gcás ar chríoch an Aontais.

    1.4.

    Is díol sásaimh do CESE plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais agus an cur chuige cuimsitheach atá beartaithe aige chun leanúint de ghníomhaíocht an Aontais chun smuigleáil imirceach a chomhrac. Gníomhaíocht choiriúil is ea an smuigleáil, ceann lena gcuirtear beatha na n-imirceach i mbaol agus lena sáraítear a gcearta, ceann ina mbeirtear buntáiste míchuí ar dhaoine atá ag iarraidh dul isteach i gcríoch an Aontais, agus is bagairt í freisin ar shlándáil na hEorpa.

    1.5.

    Tuigeann CESE gur tosaíocht don Aontas Eorpach é na teorainneacha seachtracha a chosaint, ach cuireann sé in iúl nach mór déanamh amhlaidh agus aird á tabhairt ar chearta an duine agus ar dhosháraitheacht an dlí phoiblí idirnáisiúnta, daoine á gcosaint agus coiriúlú na dlúthpháirtíochta á sheachaint i gcónaí. I gcás ar bith, agus an comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach ar bun, níor chóir comhrac a dhéanamh choíche i gcoinne na n-imirceach féin ná i gcoinne na cabhrach agus an chúnaimh dhaonnúil a thugtar dóibh.

    1.6.

    Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach smuigleáil imirceach a chomhrac trí bhíthin cur chuige lena gcuirtear san áireamh gach gné d’aistear iomlán na n-imirceach. Is éard atá i gceist leis sin na bearta atá beartaithe i gcoinne líonraí smuigleála a neartú trí fheabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach agus ar an gcomhar póilíneachta; feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an idirphlé le tíortha comharsanachta sa chomhrac i gcoinne líonraí smuigleála; gníomhaíochtaí a neartú chun dúshaothrú a chosc agus chun cosaint daoine arna smuigleáil a áirithiú; agus an fhostaíocht neamhrialta agus an dúshaothrú saothair a chomhrac ar bhealach níos comhordaithe agus níos láidre.

    1.7.

    Aontaíonn CESE gur gá deireadh a chur leis an éileamh atá ann má táthar chun dochar a dhéanamh do bhrabúis na líonraí smuigleála daoine. Tugann sé rabhadh, mar sin féin, faoi na fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn mura dtugtar aghaidh ach ar thaobh an tsoláthair de (i.e. na líonraí gáinneála). I ndáil leis sin, cuireann sé in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach bealaí dleathacha, éifeachtacha agus sábháilte a bheith ann, chomh maith leis an gceart chun tearmainn a chosaint, má táthar chun deireadh a chur le cuid mhór den ghnó neamhdhleathach sin.

    1.8.

    Cáineann CESE go láidir freisin an mhí-úsáid a bhaintear as cás na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn chun díchobhsú a dhéanamh ar an Aontas (1).

    1.9.

    Cuireann CESE in iúl nár cheart coir a dhéanamh as daoine leochaileacha a chosaint, cúram leighis (2) a chur ar fáil ná cúnamh dlúthpháirtíochta a thabhairt agus nár cheart caitheamh leis an méid sin ar an mbealach céanna lena gcaitear le gníomhaíochtaí na líonraí smuigleála. Níor cheart daoine a chúisiú ina leithéid de chás ach amháin má dhéantar amhlaidh d’aon turas agus d’fhonn sochar airgid nó sochar ábhartha eile a fháil ar bhonn díreach nó indíreach (3). Ní mór an clásal maidir le díolúine éigeantach ó dhliteanas a chur ann go sainráite i gcás cúiseanna daonnúla a bheith le gníomhaíochtaí cúnaimh nó cabhrach.

    2.   Barúlacha ginearálta

    2.1.

    Is gníomhaíocht choiriúil trasteorann í smuigleáil imirceach lena gcuirtear beatha daoine i mbaol, lena sáraítear cearta bunúsacha, agus lena gcuirtear isteach ar bhainistiú ordúil na sreabh imirce.

    2.2.

    Le 20 bliain anuas, tá méadú tagtha ar smuigleáil daoine mar gheall ar fhachtóirí iomadúla díbeartha i dtíortha tionscnaimh (sáruithe ar chearta an duine, foréigean, coinbhleachtaí, neamhionannais, tosca eacnamaíocha, tosca comhshaoil, etc.), ach, de bhreis air sin, mar gheall ar a laghad bealaí dlíthiúla atá ann freisin chun cearta iontrála a fháil ar chríocha a lán tíortha. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá níos mó srianta curtha i bhfeidhm agus, mar thoradh air sin, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag dul i muinín líonraí neamhdhleathacha, agus tá rioscaí móra ag baint leis sin (4).

    2.3.

    Is é an phríomhdhifríocht idir smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine go nglacann imircigh páirt ar bhonn deonach i bpróiseas na himirce ach íoc as seirbhísí na smuigleálaí chun teorainn idirnáisiúnta a thrasnú; i gcás na gáinneála ar dhaoine, áfach, déantar gáinneáil ar dhaoine chun críche saothair nó teacht i dtír gnéasach nó chun a n-orgáin a bhaint agus is íospartaigh iad a bhfuil cúnamh agus tacaíocht de dhíth orthu. Ní gá gur gníomhaíochtaí trasteorann gníomhaíochtaí gáinneála. Is minic a bhíonn an dá fheiniméan sin fite fuaite ina chéile, mar is féidir go ndéanfaidh gáinneálaithe dúshaothrú ar na ndaoine a bhfuil smuigleáil á déanamh orthu chun críche saothair, teacht i dtír gnéasach nó chun críocha eile.

    2.4.

    Ón tús, is é is aidhm do bheartas imirce na hEorpa, i measc nithe eile, an ghníomhaíocht choiriúil sin a chomhrac, dúshaothrú imirceach ag líonraí coiriúla a chosc, agus laghdú a dhéanamh ar an méid a spreagann an imirce neamhrialta. Sa Chomhaontú maidir le hInimirce agus Tearmann a thíolaic an Coimisiún Eorpach in 2020, luaitear gur tosaíocht é an comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach agus go neartófar an comhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais d’fhonn turais chontúirteacha agus trasnuithe neamhrialta a chosc, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí sonracha in aghaidh smuigleáil imirceach a bhunú le tríú tíortha.

    2.5.

    De réir Europol, déanann os cionn 90 % de na daoine a thagann isteach san Aontas Eorpach go neamhrialta cuid dá n-aistear trí bhíthin líonraí smuigleála.

    2.6.

    Ba cheart breathnú ar Phlean Gníomhaíochta Athnuaite an Aontais in aghaidh Smuigleáil Imirceach (2021-2025) mar uirlis leanúnachais i gcomhrac an Aontais Eorpaigh i gcoinne na gníomhaíochta coiriúla sin. Ní hamháin gur dúshlán imirce í smuigleáil imirceach, ach is bagairt í freisin ar shlándáil theorainneacha seachtracha an Aontais. Is saincheist lárnach é bainistiú agus cosaint iomchuí a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha an Aontais, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil idirnáisiúnta agus leis na cearta bunúsacha. Ní mór don Aontas na caighdeáin choiteanna agus na nósanna imeachta coiteanna a neartú, i gcomhréir le cearta an duine agus le caighdeáin idirnáisiúnta, d’fhonn smuigleáil imirceach isteach san Aontas a chosc.

    2.7.

    Faoi chuimsiú an chomhraic i gcoinne smuigleáil imirceach, measann an tAontas Eorpach gur tosaíocht é dul i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta chun laghdú a dhéanamh ar an méid a mheallann daoine chun tabhairt faoi na turais chontúirteacha sin; aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhdhleathaí; imirce rialta agus bealaí dleathacha agus sábháilte chuig tíortha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn; bainistiú na gcomhtheorainneacha a neartú; agus filleadh agus ath-imeascadh a éascú do na daoine sin ar neamhrialta a gcás ar chríoch an Aontais (5).

    2.8.

    Is é atá i gceist leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine freisin cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóirí (6) a neartú, agus an tuiscint gur rud í an obair neamhrialta a mheallann imircigh neamhrialta agus gur féidir go mbíonn nasc ann idir í agus smuigleáil imirceach: ní mór a mheabhrú nárbh ann d’oibrithe eachtrannacha i staid neamhrialta san Aontas Eorpach murach na fostóirí neamhrialta a bhfuil obair neamhdhleathach á cur ar fáil acu nach bhfuil na coinníollacha oibre íosta á gcomhlíonadh acu maidir le tuarastal, uaireanta oibre, sláinte agus dálaí sábháilteachta, etc.

    2.9.

    Cuirtear san áireamh i bPlean Gníomhaíochta athnuaite an Aontais Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach (2021-2025) torthaí na gcomhairliúchán spriocdhírithe agus comhairliúchán poiblí a bhí ar siúl idir an 19 Márta agus an 11 Meitheamh 2021. Trí rannchuidiú le cur isteach ar ghnólachtaí coiriúla, tacaíonn an plean freisin le cuspóirí Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála (7), chomh maith le straitéis an Aontais chun coireacht eagraithe a chomhrac 2021-2025 (8) agus straitéis an Aontais chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac 2021-2025 (9).

    3.   Barúlacha maidir le Plean Gníomhaíochta athnuaite an Aontais Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach (2021-2025)

    3.1.

    Is díol sásaimh do CESE plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais agus an cur chuige cuimsitheach atá beartaithe aige chun leanúint de ghníomhaíocht an Aontais chun smuigleáil imirceach a chomhrac.

    3.2.

    Gníomhaíocht choiriúil is ea an smuigleáil, ceann lena gcuirtear beatha na n-imirceach i mbaol agus lena sáraítear a gcearta, ceann ina mbeirtear buntáiste míchuí ar dhaoine atá ag iarraidh dul isteach i gcríoch an Aontais. Dá bhrí sin, creideann CESE gur cheart na sásraí agus na huirlisí is gá a chur i bhfeidhm chun an ghníomhaíocht choiriúil sin a chomhrac.

    3.3.

    Tuigeann CESE gur tosaíocht eile don Aontas Eorpach é na teorainneacha seachtracha a chosaint, ach cuireann sé in iúl nach mór déanamh amhlaidh agus aird á tabhairt ar chearta an duine agus ar dhosháraitheacht an dlí phoiblí idirnáisiúnta, daoine á gcosaint agus coiriúlú na dlúthpháirtíochta á sheachaint i gcónaí. I gcás ar bith, agus an comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach ar bun, níor chóir comhrac a dhéanamh choíche i gcoinne na n-imirceach féin ná i gcoinne na cabhrach agus an chúnaimh dhaonnúil a thugtar dóibh agus ní leithscéal atá ann deireadh a chur leis an gceart chun tearmainn laistigh den Aontas ná ar bhonn idirnáisiúnta ach oiread.

    3.4.

    Níor cheart coir a dhéanamh as daoine leochaileacha a chosaint, cúram leighis (10) a chur ar fáil ná cúnamh dlúthpháirtíochta a thabhairt agus níor cheart caitheamh leis an méid sin ar an mbealach céanna lena gcaitear le gníomhaíochtaí na líonraí smuigleála. Níor cheart daoine a chúisiú ina leithéid de chás ach amháin má dhéantar amhlaidh d’aon turas agus d’fhonn sochar airgid nó sochar ábhartha eile a fháil ar bhonn díreach nó indíreach (11). Ní mór an clásal maidir le díolúine éigeantach ó dhliteanas a chur ann go sainráite i gcás cúiseanna daonnúla a bheith le gníomhaíochtaí cúnaimh nó cabhrach.

    3.5.

    Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach smuigleáil imirceach a chomhrac trí bhíthin cur chuige lena gcuirtear san áireamh gach gné d’aistear iomlán na n-imirceach agus go dtuigtear gur ceann de na cúiseanna lenar féidir le líonraí smuigleála dul chun cinn a dhéanamh a laghad bealaí dleathacha sábháilte atá ann.

    3.6.

    Measann CESE freisin gur ann do nasc idir obair neamhrialta agus líonraí smuigleála daoine, rud a mbíonn an dúshaothrú chun críche saothair ina thoradh air go minic. Dá bhrí sin, creideann CESE gur cheart iarrachtaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóirí agus chun an fhostaíocht neamhrialta agus an dúshaothrú saothair a chomhrac ar bhealach níos comhordaithe agus níos láidre.

    3.7.

    Measann CESE gur gá na bearta atá beartaithe i gcoinne líonraí smuigleála a neartú tríd an gcomhar breithiúnach agus póilíneachta a fheabhsú, trí thacú le hobair an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus trí fheabhas a chur ar bhailiú faisnéise agus ar fheachtais faisnéise maidir leis na rioscaí a bhaineann le smuigléireacht imirceach ag an bhfoinse.

    3.8.

    Is díol sásaimh do CESE go mbaineann an cur chuige comhtháite sin freisin le feabhas a chur ar chomhar agus ar idirphlé le tíortha comharsanachta sa chomhrac i gcoinne líonraí smuigleála, ach tugann sé rabhadh go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ar chomhar leis na tíortha sin, rud a d’fhéadfadh líonraí smuigleála a neartú ar deireadh trí úsáid mhíchuí a bhaint as coincheapa amhail filleadh agus athimeascadh.. I ndáil leis an méid sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuirtear béim sa teachtaireacht ón gCoimisiún ar ról méadaitheach na ngníomhaithe stáit chun inimirce neamhrialta a chruthú agus a éascú go saorga d’fhonn díchobhsú a dhéanamh ar an Aontas.

    3.9.

    Measann CESE go bhfuil sé riachtanach gníomhartha a neartú chun dúshaothrú a chosc agus chun daoine a smuigleáiltear a chosaint. I ndáil leis an méid sin, measann CESE gur gá gníomhaíochtaí píolótacha a fhorbairt trí bhíthin cur chuige cuimsitheach, ina mbeadh údaráis riaracháin agus gníomhaithe sóisialta ó thíortha tionscnaimh, ó thíortha idirthurais agus ó thíortha cinn scríbe rannpháirteach.

    3.10.

    Measann CESE gur díol spéise iad comhpháirtíochtaí oibríochtúla frithsmuigleála a fhorbairt le tríú tíortha, ach cuireann sé in iúl nár cheart go sáródh comhaontuithe den sórt sin treoirphrionsabail an Aontais Eorpaigh, agus nár cheart iad a thabhairt i gcrích le tíortha ina ndéantar sáruithe córasacha ar chearta an duine.

    3.11.

    Measann CESE go n-éiríonn le Plean Gníomhaíochta athnuaite an Aontais i gcoinne Smuigleáil Imirceach (2021-2025) na rioscaí a bhaineann leis an ngníomhaíocht choiriúil sin a shainaithint agus leis an luas lena dtéann líonraí smuigleála in oiriúint do dhálaí agus teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an buntáiste is mó a bhaint astu.

    3.12.

    Aontaíonn CESE gur gá deireadh a chur leis an éileamh atá ann má táthar chun cur isteach ar bhrabúis na líonraí smuigleála daoine, mar a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta athnuaite. Tugann sé rabhadh, mar sin féin, faoi na fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn mura dtugtar aghaidh ach ar thaobh an tsoláthair de (i.e. na líonraí gáinneála) gan tuiscint a fháil ar an ngá atá le hathchóirithe struchtúracha chun an t-éileamh a laghdú. I ndáil leis sin, cuireann sé in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach bealaí dleathacha, éifeachtacha agus sábháilte a bheith ann, chomh maith leis an gceart chun tearmainn a chosaint, má táthar chun deireadh a chur le cuid mhór den ghnó neamhdhleathach sin.

    3.13.

    Tá imní ar CESE go bhféadfadh sé go sárófaí na sásraí chun cúnamh a thabhairt d’imircigh leochaileacha dá gcuirfí feabhas ar an gcosc ar smuigleáil, cé gur cuspóir de chuid CESE an méid sin. Cuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil méadú tagtha ar líon na ngníomhartha dlúthpháirtíochta atá á gcoiriúlú ag páirtithe agus ag rialtais le roinnt míonna anuas. Cuireann CESE in iúl nár cheart coir a dhéanamh as daoine leochaileacha a chosaint, cúram leighis (12) a chur ar fáil ná cúnamh dlúthpháirtíochta a thabhairt agus nár cheart caitheamh leis an méid sin ar an mbealach céanna lena gcaitear le gníomhaíochtaí na líonraí smuigleála (13).

    3.14.

    Measann CESE gur cheart aird ar leith a thabhairt ar íospartaigh na smuigleála, go háirithe iad siúd atá níos leochailí, amhail mionaoisigh (neamhthionlactha) (14), daoine atá faoi mhíchumas agus mná (15). Iarrann an Coiste ar an gCoimisiún Eorpach Treoir a dhréachtú maidir le mionaoisigh neamhthionlactha a chosaint, ceann a bheadh chun leas an linbh. Ina theannta sin, ba cheart aitheantas mar ghníomhaíochtaí daonnúla a thabhairt d’iarrachtaí ghníomhaithe na sochaí sibhialta, na n-eintiteas sóisialta agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha i dtaca le cabhair agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na smuigleála, d’fhonn phrionsabail an Aontais a neartú.

    3.15.

    Aithníonn CESE ábharthacht an phlean agus go dtugann sé aghaidh go soiléir ar na fadhbanna atá ann faoi láthair maidir le himircigh a ionstraimiú, a bhfuil gníomhaithe stáit rannpháirteach iontu go soiléir. Cáineann CESE freisin, amhail an Chomhairle Eorpach (16), ionstraimiú imirceach agus iarrthóirí tearmainn chun críche díchobhsú, rud a chonacthas le déanaí ag na teorainneacha le Maracó agus, go háirithe, leis an mBealarúis (17).

    3.16.

    Cuireann CESE in iúl go bhfuil na Ballstáit i gcónaí faoi oibleagáid gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Ginéive 1951 agus Prótacal Nua-Eabhrac 1967 lena rialaítear an ceart chun tearmainn, chomh maith le creat reachtach iomlán an Aontais.

    3.17.

    Nuair a chaitear leis an imirce mar bhagairt agus nuair a chuirtear imircigh i láthair mar a bheadh baol ann, níl á dhéanamh ach daoine daonna a dhídhaonnú agus níl tairbhe le baint as sin ach amháin acu siúd ar mian leo teacht i dtír ar na himircigh chun críoch geostraitéiseach nó chun críocha na polaitíochta náisiúnta.

    3.18.

    Is oth le CESE gur mó an t-ábhar imní atá sa chomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach ná an comhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine, arb í an ghníomhaíocht choiriúil is brabúsaí fós í agus ní hamháin gur sárú ar chearta an duine í, ach is fíorbhagairt í ar an tslándáil náisiúnta, ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an bhforbairt inbhuanaithe (18).

    An Bhruiséil, 23 Márta 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Tuairim REX 554 ó CESE atá le teacht.

    (2)  Ráiteas ó Bhuanchoiste Dhochtúirí na hEorpa maidr le coiriúlú na ngníomhartha dlúthpháirtíochta. Féach freisin an tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa (2019): Fit for purpose? The Facilitation Directive and the criminalisation of humanitarian assistance to irregular migrants: 2018 update [Oiriúnacht don fheidhm? An Treoir maidir le hÉascú agus coiriúlú na cabhrach daonnúla d’imircigh neamhrialta: nuashonrú 2018].

    (3)  Airteagal 6, Prótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta.

    (4)  Global Initiative Against Transnational Organized Crime (2021), The Global Illicit Economy [An Geilleagar Aindleathach Domhanda].

    (5)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 86.

    (6)  Treoir 2009/52/CE.

    (7)  COM/2020/605 final.

    (8)  COM/2021/170 final.

    (9)  COM/2021/171 final.

    (10)  Ráiteas ó Bhuanchoiste Dhochtúirí na hEorpa maidr le coiriúlú na ngníomhartha dlúthpháirtíochta. Féach freisin an tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa (2019): Fit for purpose? The Facilitation Directive and the criminalisation of humanitarian assistance to irregular migrants: 2018 update [Oiriúnacht don fheidhm? An Treoir maidir le hÉascú agus coiriúlú na cabhrach daonnúla d’imircigh neamhrialta: nuashonrú 2018].

    (11)  Airteagal 6, Prótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta.

    (12)  Ráiteas ó Bhuanchoiste Dhochtúirí na hEorpa maidr le coiriúlú na ngníomhartha dlúthpháirtíochta. Féach freisin an tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa (2019): Fit for purpose? The Facilitation Directive and the criminalisation of humanitarian assistance to irregular migrants: 2018 update [Oiriúnacht don fheidhm? An Treoir maidir le hÉascú agus coiriúlú na cabhrach daonnúla d’imircigh neamhrialta: nuashonrú 2018].

    (13)  Comhairle Saineolaithe ar Dhlí Eagraíochtaí Neamhrialtasacha de Chomhdháil na nEagraíochtaí Idirnáisiúnta Neamhrialtasacha i gComhairle na hEorpa: Using criminal law to restrict the work of NGOs supporting refugees and other migrants in Council of Europe Member States [Úsáid a bhaint as an dlí coiriúil chun srian a chur ar obair Eagraíochtaí Neamhrialtasacha a thacaíonn le dídeanaithe agus le himircigh eile i mBallstáit Chomhairle na hEorpa] (2019).

    (14)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 24.

    (15)  Cuspóir 9 den Comhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta: An fhreagairt trasnáisiúnta a neartú maidir le smuigleáil imirceach. Féach freisin pointe 25(c): Prótacail um an gcomhar inscne-fhreagrúla atá íogair ó thaobh leanaí de a fhorbairt i gcás bealaí imirce lena leagtar síos bearta céim ar chéim chun imircigh a ndearnadh smuigleáil orthu a shainaithint agus chun cabhair a thabhairt dóibh.

    (16)  JOIN(2021) 32 final, Responding to state-sponsored instrumentalisation of migrants at the EU external border [Freagairt d’ionstraimiú státurraithe na n-imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais].

    (17)  https://www.eesc.europa.eu/en/news-media/presentations/eesc-expresses-its-concern-about-situation-border-belarus

    (18)  Bigio, J., & Vogelstein, R. B. (2021), Ending Human Trafficking in the Twenty-First Century [Deireadh a chur le Gáinneáil ar Dhaoine san Aonú hAois is Fiche], an Chomhairle um Chaidreamh Eachtrach.


    Top