EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AE5449

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/52/CE an 18 Meitheamh 2009 lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach] (COM(2021)592 final)

EESC 2021/05449

IO C 290, 29.7.2022, p. 81–89 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 290/81


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/52/CE an 18 Meitheamh 2009 lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach]

(COM(2021)592 final)

(2022/C 290/14)

Rapóirtéir: Carlos Manuel TRINDADE

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 1.12.2021

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

7.3.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.3.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

568

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

129/1/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Aontaíonn CESE le measúnú an Choimisiúin go ndéanann fostaíocht neamhdhleathach daoine nach n-údaraítear dóibh fanacht san Aontas dochar ó thaobh an gheilleagair de, toisc go bhfágann sé go dtagann ann do chaillteanais maidir le hairgeadas poiblí, cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta, go laghdaítear tuarastail agus dálaí oibre, agus go gcruthaítear iomaíocht éagórach idir gnólachtaí, rud atá díobhálach d’fhormhór mór na ngnólachtaí a dhéanann an dlí a urramú. Ina theannta sin, fágann fostaíocht neamhdhleathach go mbíonn imircigh neamhchosanta ar an mbaol go ndéanfaí sárú ar a gcearta aonair agus sóisialta, go háirithe a mhéid a bhaineann le dúshaothrú saothair, dálaí maireachtála agus oibre forbhásacha agus rochtain theoranta ar chosaint shóisialta nó gan rochtain ar bith acu uirthi (1).

1.2.

Tugann CESE dá aire seasamh an Choimisiúin nuair a shonraíonn sé go dtugann an Treoir solúbthacht do na Ballstáit chun cineálacha éagsúla cur chuige a cheapadh chun a gcuspóirí a bhaint amach, rud a chuireann ar a gcumas sainiúlachtaí náisiúnta a bhaineann le margadh an tsaothair, ról na fostaíochta neamhdhleathaí agus na himirce agus déine an tsáraithe a chur san áireamh. Mar sin féin, ní mór do na Ballstáit uile a áirithiú go n-éireoidh leis na rialacha an imirce neamhrialta a dhíspreagadh agus dul i ngleic leis an bhfostaíocht neamhdhleathach (2).

1.3.

Cuireann CESE i bhfios go láidir go mbaineann na heasnaimh atá ar an Treoir sin leis an trasuí agus leis an gcur chun feidhme a dhéanann na Ballstáit uirthi i ndáiríre. Tá baint acu go háirithe leis an éagsúlacht shuntasach atá ann ó thaobh smachtbhannaí de, rud a chiallaíonn, i bhformhór na gcásanna, nach ndéantar mórán chun fostóirí a dhíspreagadh ó náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhostú, nó gur beag an éifeacht atá leis an Treoir, i gcoitinne, chun imircigh a spreagadh le dul i dteagmháil leis na húdaráis. Ní dhéanann siad an teagmháil sin ós rud é go bhfuil eagla orthu, agus a chúis sin acu, go gcuirfear iad ar ais chuig a dtír thionscnaimh. Go ginearálta, ní mór an éifeacht atá leis na sásraí atá ar fáil d’imircigh chun gearáin a dhéanamh, ós rud é nach gcuirtear dóthain faisnéise ar fáil ar bhonn buan atá mionsonraithe, éifeachtach agus fiúntach i dteangacha an spriocghrúpa. Is fíor sin mar gheall air nach ndéantar ach líon an-bheag cigireachtaí (de dheasca easpa foirne), nó go bhfuil na cigireachtaí sin neamhéifeachtúil, agus toisc nach gcuireann na Ballstáit tuarascálacha ná faisnéis leordhóthanach ar fáil go tráthúil lena gceadaítear meastóireacht rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach.

1.4.

Iarrann CESE ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí an Treoir a chur chun feidhme agus oibriú go gníomhach i gcomhar leis an gCoimisiún chun a áirithiú go mbeidh sí éifeachtach. Tacaíonn sé go láidir le toilteanas an Choimisiúin tús a chur le himeachtaí um shárú i gcoinne na mBallstát i gcás ina leanfaidh siad orthu agus gan an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na bpríomhoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir a mhéid a bhaineann le smachtbhannaí, cigireachtaí agus cosaint chearta na n-imirceach. Molann CESE, áfach, don Choimisiún, mar chuid den mheastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach atá le cur i gcrích faoi 2024, scrúdú a dhéanamh ar na smachtbhannaí is féidir a bhunú nó a ghlacadh i gcoinne cuideachtaí a bhaineann tairbhe go feasach as toradh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus coiriúla.

1.5.

Maidir le smachtbhannaí, tacaíonn CESE go hiomlán le gealltanais agus moltaí an Choimisiúin do na Ballstáit, agus molann sé an méid seo a leanas freisin:

(i)

go mbainfeadh na Ballstáit úsáid iomchuí as acmhainneacht na smachtbhannaí uile dá bhforáiltear sa Treoir, go háirithe cur i bhfeidhm na mbeart riaracháin breise ar fad (caillteanas sochar poiblí, eisiamh ó chonarthaí poiblí, aisghabháil fóirdheontas poiblí, dúnadh bunaíochtaí ar bhonn sealadach nó buan agus aistarraingt ceadúnas oibríochta). Ar an gcaoi chéanna, molann sé go dtacódh an Coimisiún leis na Ballstáit sa phróiseas sin;

(ii)

go ndéanfaí smachtbhannaí sna Ballstáit a cheapadh ar bhealach a bheadh éifeachtach, athchomhairleach (ionas gur mhó na pionóis ná na tairbhí) agus comhréireach, agus go mbeidís bunaithe ar chur chuige cuimsitheach agus go n-ionchorprófaí iad i gcreat dlíthiúil gach Ballstáit. Molann sé freisin go nglacfaí creat íosta smachtbhannaí agus beart riaracháin, creat a shaineofar don Aontas ar fad agus a d’fhéadfadh gach Ballstát a threisiú trína reachtaíocht féin trí smachtbhannaí a chur in oiriúint dá staid eacnamaíoch agus shóisialta féin. Ní mór na pionóis airgeadais sin a bheith níos mó ar a laghad ná an brabús a eascraíonn as an ngníomhaíocht neamhdhleathach.

1.6.

Maidir le bearta chun cearta na n-imirceach neamhrialta a chosaint, tacaíonn CESE le gealltanais an Choimisiúin agus leis na moltaí atá déanta aige do na Ballstáit, agus molann sé an méid seo a leanas:

(i)

I ndáil leis an gcomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit:

molann sé gcuirfeadh an Coimisiún dlús lena idirphlé leis na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta riaracháin arna bhforbairt ag na húdaráis phoiblí sna Ballstáit chomh héifeachtach agus is féidir;

(ii)

I ndáil leis an gcomhar idir imircigh agus na húdaráis a mhéid a bhaineann le dul i ngleic leis an obair neamhrialta:

molann sé don Choimisiún agus do na Ballstáit go dtabharfaí rochtain ar ghnáthcheadanna cónaithe agus oibre d’imircigh a oibríonn leis na húdaráis chun dul i ngleic le fostóirí oibrithe tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach chun iad a spreagadh chun dul i dteagmháil go gníomhach le húdaráis na tíre óstaí;

(iii)

I ndáil le ról na gceardchumann, na gcomhlachas gnó agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta:

molann sé go dtabharfaí rochtain do na heagraíochtaí sin ar chláir shonracha AE chun tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhaisnéis, comhairle, cúnamh dlíthiúil agus airgeadais, agus oiliúint a chur ar fáil, i measc nithe eile, d’fhonn tacaíocht nithiúil a sholáthar chun cabhrú leo a ngníomhaíocht a shaothrú agus a fheabhsú sa réimse sin;

tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú eisceachtúil ar an gceanglas cómhaoinithe i gcláir shonracha de chuid an Aontais i bhfianaise na ndeacrachtaí a eascraíonn as an bpaindéim agus a bhaineann le caipiteal.

(iv)

Molann CESE do na Ballstáit:

na hacmhainní is gá a leithdháileadh ar na cigireachtaí saothair ionas go mbeidh siad in ann a gcuid cúraimí a dhéanamh i gceart, go háirithe trí dhlús a chur le cigireachtaí sna hearnálacha ina bhfuil an riosca is mó,

úsáid a bhaint as na hacmhainní uile atá ar fáil, go háirithe na meáin shóisialta agus chlosamhairc chun an méid seo a leanas a bhaint amach: feachtais faisnéise agus ardaithe feasachta a thabhairt chun críche d’fhonn lucht gnó a fhostaíonn imircigh neamhrialta ó thríú tíortha a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le daoine a fhostú faoi na coinníollacha sin, agus d’fhonn na hoibrithe féin a chur ar an eolas, i roinnt teangacha, faoina gcearta agus faoin gcaoi ar féidir leo na cearta sin a fheidhmiú. Sna feachtais sin, ní mór do na ceardchumainn, do na comhlachais ghnó agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta meán tiomnaithe a bheith acu chun a dteachtaireachtaí a chur in iúl.

líne theileafóin a bhunú trínar féidir le himircigh cleachtais dúshaothraithe agus míchleachtais eile arna ndéanamh ag a bhfostóirí a thuairisciú ar bhonn anaithnid.

1.7.

Maidir leis na cigireachtaí, tacaíonn CESE le gnóthais agus moltaí an Choimisiúin do na Ballstáit agus molann sé:

(i)

go ndéanfaidh na Ballstáit:

straitéisí faireacháin a bhunú lena ndírítear ar earnálacha riosca mar ábhar tosaíochta, líon na gcigirí saothair a mhéadú agus éifeachtacht na gcigireachtaí a fheabhsú,

moltaí nó caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a chur chun feidhme maidir leis an gcóimheas idir cigirí saothair agus oibrithe, eadhon cigire amháin in aghaidh gach 10 000 oibrí, mar bhealach chun acmhainní daonna leordhóthanacha a leithdháileadh ar chigireachtaí saothair chun gur féidir leo a gcúraimí a chur i gcrích,

a shonrú sna straitéisí cigireachta nach ndéanfar cigireachtaí i gcomhar le húdaráis imirce agus nach bhfuil sé de dhualgas ar chigirí saothair imircigh neamhrialta a thuairisciú do na húdaráis má thagtar orthu sna hionaid oibre a ndéantar cigireacht orthu,

a áirithiú go leanfar de ról tábhachtach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta sna cigireachtaí, sna Ballstáit inarb amhlaidh an méid sin cheana,

deis a thabhairt do cheardchumainn agus d’eagraíochtaí fostóirí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cigireachta, i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, ach caighdeáin EIS a urramú, go háirithe maidir le faisnéis a bhailiú agus a chomhroinnt;

(ii)

go ndéanfaidh an Coimisiún:

na Ballstáit a spreagadh chun líon leordhóthanach cigirí saothair a chur ar fáil i ndáil le líon na n-oibrithe i ngach Ballstát faoi 2024 (an dáta measta don chéad tuarascáil mheastóireachta eile) (3) i gcomhréir le Coinbhinsiún Uimh. 81. I gcás nach ndéantar amhlaidh, ba cheart dóibh machnamh a dhéanamh ar reachtaíocht chun an caighdeán idirnáisiúnta sin a chur chun feidhme san Aontas;

(iii)

i ndáil le rannpháirtíocht an Údaráis Eorpaigh Saothair sna cigireachtaí, go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit an méid seo a leanas:

ról níos mó a thabhairt don Údarás Eorpach Saothair i gcigireachtaí Eorpacha de réir a rialacha oibríochta, ós rud é gur aithníodh cheana féin go bhfuil roinnt mhaith slabhraí um fhostú agus um fhochonraitheoireacht oibrithe imirceacha neamhrialta i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach, rud a éilíonn an leibhéal céanna cigireachta.

1.8.

Maidir leis na bearnaí móra san fhaisnéis, is díol sásaimh do CESE an tionscnamh a ghlac an Coimisiún agus ar thacaigh Gréasán Imirce na hEorpa leis, maidir le córas tuairiscithe TF agus bunachar sonraí a chur ar bun chun faisnéis thráthúil, rialta agus inchomparáide a chur ar fáil, d’fhonn na deacrachtaí móra atá ann faoi láthair a shárú. Molann CESE, áfach, go leagfadh an Coimisiún síos sa reachtaíocht ábhartha nach bhféadfaidh seirbhísí inimirce na mBallstát an bunachar sonraí sin a úsáid chun oibrithe neamhrialta a shainaithint agus iad a chur ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh mar thoradh air sin.

2.   Cuspóirí na Teachtaireachta

2.1.

Is é is aidhm don Teachtaireacht a ghlac an Coimisiún, arb í is ábhar don tuairim seo ó CESE, cur chun feidhme Threoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus is cuid í de chur chuige níos ginearálta an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhealaí chun éifeachtacht na Treorach a fheabhsú agus ar an ngá atá le bearta breise.

2.2.

Ina theannta sin, comhlíonann an Teachtaireacht sin an oibleagáid faoina gcaitear tuairisciú go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, mar a leagtar síos in Airteagal 16 den Treoir. Sainaithnítear inti na bearta is gá chun dlús a chur le cur chun feidhme na Treorach, ag díriú ar na sraitheanna gníomhaíochta seo a leanas:

smachtbhannaí in aghaidh fostóirí (Roinn 2);

bearta chun cearta imirceach neamhrialta a chosaint (Roinn 3);

cigireachtaí (Roinn 4);

bearnaí suntasacha san fhaisnéis (Roinn 5);

dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais i gcoinne na fostaíochta neamhdhleathaí (Roinn 6).

2.3.

Tugtar aghaidh sa tuairim seo ar na príomhghnéithe a bhaineann le gach ceann de na ranna sin.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tugann CESE dá aire go bhfuil sé deacair méid na fostaíochta mídhleathaí san Aontas Eorpach a mheas mar gur feiniméan “faoi cheilt” é. Tá comharthaí ann go bhfostaítear líon níos mó imirceach neamhrialta go neamhdhleathach in áiteanna ina bhfuil sciar ard de ghníomhaíocht eacnamaíoch neamhfhoirmiúil. Cé go meastar an fhostaíocht neamhfhoirmiúil a bheith cothrom le 16,8 % den fhostaíocht ar fad san Aontas ar an meán, tá sé ag éirí níos deacra i gcónaí líon na n-imirceach neamhrialta a fhostaítear go neamhrialta a mheas, go háirithe maidir leis na gnéithe a bhaineann go sonrach le hinscne agus le leanaí, ós rud é go bhfuil sé deacair fós an imirce neamhrialta a mheas (5). Tá éagsúlachtaí ann ó Bhallstát go Ballstát maidir le cineál agus méid na fostaíochta neamhrialta. Ceann de na príomhdhúshláin is gá a shárú chun tuiscint níos fearr a fháil ar an tsaincheist sin agus chun dul i ngleic léi is ea conas feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí atá cothrom le dáta agus beacht.

3.2.

Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún go bhféadfaí oibrithe gan doiciméid a fhostú go minic trí chaidrimh chasta fostaíochta a bhaineann le socruithe fochonraitheoireachta, earcaitheoirí agus gníomhaireachtaí oibre sealadacha, agus trí ardáin ar líne a chuireann obair ghearrthéarmach ar fáil (e.g. seirbhísí seachadta bia agus béilí agus seirbhísí iompair), rud a chuireann leis an deacracht atá ann fostóirí a fhostaíonn imircigh neamhrialta a shainaithint. I ndáil leis an méid sin, ba cheart do shlabhra iomlán na bhfostóirí imircigh a chosaint, go háirithe sna hearnálacha eacnamaíocha sin ina bhfuil fochonraitheoireacht forleathan, amhail earnáil na tógála, agus sa réimse eacnamaíoch a bhaineann le hobair ar ardáin ar líne a tháinig chun cinn le déanaí (6).

3.3.

Meabhraíonn CESE go bhféadfadh sárú tromchúiseach fada ar chearta an duine agus ar an smacht reachta a bheith nasctha, i gcásanna áirithe, le gníomhaíochtaí coiriúla eile agus le faillí arna déanamh ag an stát lena mbaineann, mar a tugadh le fios i mbreithiúnas suntasach 2017[1] ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, inar aithníodh an dúshaothrú saothair tromchúiseach ar oibrithe imirceacha i ngarraithe sútha talúin in Nea Manolada sa Ghréig. Aithníodh ann gur obair éigeantach a bhí i gceist agus sonraítear gur gné den gháinneáil ar dhaoine é an dúshaothrú saothair (7).

3.4.

Sna tuairimí uaidh go dtí seo, leag CESE béim ar an ngá atá le gníomhú chun deiseanna a chruthú don inimirce dhleathach agus chun dul i ngleic le cúiseanna na hinimirce neamhrialta ag an am céanna. Go háirithe, sa tuairim féintionscnaimh uaidh roimhe seo maidir leis an togra le haghaidh Treoir lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír, chuir CESE in iúl go raibh sé in amhras faoi ábhar na Treorach a bhí beartaithe, faoin tréimhse ama ina ndearnadh an togra, agus faoi ord na dtograí reachtacha a cuireadh ar aghaidh. Leag sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an treoir a chur chun feidhme go héifeachtach sna Ballstáit. Ní bheidh sé éasca do na Ballstáit an méid sin a dhéanamh, toisc nach bhfuil dóthain ball foirne cáilithe ag na comhlachtaí faireacháin, go bhfuil deacrachtaí ann freagrachtaí a roinnt idir na comhlachtaí lena mbaineann agus go bhfuil líon mór cuideachtaí ann a bhfuil sé i gceist faireachán a dhéanamh orthu. Thángthas ar an gconclúid sa tuairim sin gur cheart gurbh é an cur chun feidhme a dhéantar i ndáiríre ar an treoir neart na treorach sin.

3.5.

In ainneoin na ngnéithe dearfacha atá sa Teachtaireacht, tá 12 bhliain caite ó tháinig an Treoir i bhfeidhm agus tá amhras ar CESE an í sin an modh ceart chun dúshaothrú oibrithe imirceacha neamhrialta a chomhrac agus chun a stádas a dhlisteanú i dtíortha óstacha.

3.6.

Measann CESE freisin nach leor an Treoir maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóirí ann féin chun bealaí imirce dlíthiúla a chur chun cinn ná chun an inimirce neamhrialta a shárú. Tá gá le cur chuige níos cuimsithí, lena ndírítear ar fhorálacha beartais éagsúla an Aontais maidir leis an imirce dhleathach a nascadh leis na hiarrachtaí náisiúnta chun dul i ngleic leis an obair neamhdhearbhaithe. Ní mór é a dhéanamh níos éasca do ghnólachtaí imircigh atá tugtha chun rialtachta mar is ceart a fhostú, agus ba cheart na rialacha a bheith níos simplí, níos soiléire agus gan rómhaorlathas a bheith ag baint leo.

4.   Barúlacha sonracha maidir le smachtbhannaí in aghaidh fostóirí

4.1.

Measann CESE go bhfuil sé fíorthábhachtach go ndéanfar foráil sa Treoir do smachtbhannaí airgeadais agus coiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach d’fhonn dreasachtaí fostóirí a laghdú chun imircigh neamhrialta a fhostú. Ba cheart do na smachtbhannaí an tairbhe eacnamaíoch a bhaineann le himircigh neamhrialta a fhostú a fhritháireamh go mór (8).

4.2.

Ar an gcaoi chéanna, leagann CESE béim ar na bearta breise riaracháin i gcoinne fostóirí dá bhforáiltear sa Treoir, amhail caillteanas sochar poiblí, eisiamh ó chonarthaí poiblí, aisghabháil fóirdheontas poiblí, dúnadh bunaíochtaí ar bhonn sealadach nó buan agus aistarraingt ceadúnas oibríochta. Cáineann sé an chaoi ar tearc ar fad an úsáid a bhaintear as na bearta sin go fóill, in ainneoin go bhféadfaidís fostóirí a dhíspreagadh ó imircigh neamhrialta a fhostú (9).

4.3.

Tá difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit maidir le méid na bpionós airgeadais agus na smachtbhannaí coiriúla a fhorchuirtear (e.g. bíonn pionóis airgeadais idir EUR 3 000 agus EUR 43 000 ann agus idir 8 lá agus 12 bhliain i gceist le pianbhreitheanna príosúnachta) (10). Bheadh sé tábhachtach, áfach, forléargas a bheith ann ar na smachtbhannaí éagsúla a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit.

4.4.

Cuireann CESE i bhfios go láidir go measann na Ballstáit sin a bhfuil córas smachtbhannaí níos déine acu gur díspreagadh maith ar fhostaíocht neamhdhleathach iad smachtbhannaí airgeadais níos airde. Ar an taobh eile, measann na Ballstáit sin a chuireann smachtbhannaí níos ísle i bhfeidhm nó ina gcreidtear gur beag an baol a bhaineann le smachtbhannaí i gcomparáid leis an mbrabús a d’fhéadfaí a bhaint as an bhfostaíocht neamhdhleathach, nach leor smachtbhannaí mar dhíspreagadh. Is díol spéise é gur athraigh 11 Bhallstát a reachtaíocht ó 2014 i leith chun an fhíneáil a ghearrtar a mhéadú (11).

4.5.

Cé go dtuigeann CESE go mbraitheann an difríocht i leibhéal na bhfíneálacha a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit ar ghnéithe éagsúla, amhail an staid eacnamaíoch agus leibhéal an phá íosta, mar a luaitear sa Teachtaireacht, ní mheasann sé gurb údar é sin le nach mbeadh tionchar athchomhairleach ag na smachtbhannaí.

4.6.

Measann CESE nach bhfuil sé inghlactha go mbeadh bearna shuntasach san fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil maidir le smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm in aghaidh fostóirí agus maidir le líon na n-imeachtaí a sheoltar. Mar sin féin, tugann na sonraí atá ar fáil le fios nach raibh ach tionchar teoranta ag an Treoir maidir le fostaíocht neamhdhleathach a dhíspreagadh trí smachtbhannaí; cáineann CESE an chaoi nach raibh sé indéanta go fóill creat éifeachtúil a bhunú le haghaidh smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha ar fud an Aontais (12).

4.7.

Tugann CESE dá aire agus cuireann sé béim ar an aiseolas arna chur ar fáil ag na geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar cheardchumainn agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, a bailíodh le linn comhairliúcháin spriocdhírithe thiomnaithe ar an ábhar, a léiríonn go bhfuil na smachtbhannaí in aghaidh fostóirí atá ciontach as dúshaothrú níos ísle ná na sochair a ghnóthaítear mar thoradh ar obair neamhdhearbhaithe agus an dumpáil shóisialta (13). Mar sin féin, tá na fostóirí den tuairim go bhfuil na smachtbhannaí sách láidir agus go bhfuil sé tábhachtach a bhforfheidhmiú a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos comhréirí agus an Treoir á cur chun feidhme ag na Ballstáit uile.

5.   Barúlacha sonracha maidir le bearta chun cearta imirceach neamhrialta a chosaint

5.1.

Le hAirteagal 6(2) agus Airteagal 13 den Treoir, tugtar tacar ceart d’imircigh neamhrialta chun a áirithiú go bhfuil siad ar an eolas go leordhóthanach agus gur féidir leo gearáin a dhéanamh i gcoinne sáruithe saothair agus pá nár íocadh a éileamh ar ais. Is príomhfhorálacha iad sin chun imircigh a chosaint ar an mbaol dúshaothraithe agus mí-úsáide (14).

5.2.

Tugann CESE dá aire barúlacha agus anailísí an Choimisiúin sa réimse seo agus cuireann sé in iúl go n-aontaíonn sé leo, go háirithe i ndáil leis an méid seo a leanas:

(i)

tá gá fós le tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh maidir le gnéithe cosanta a chur chun feidhme, go háirithe i ndáil le rochtain ar fhaisnéis, rochtain ar an gceartas, riaráistí íocaíochta a aisghabháil, agus ceadanna sealadacha cónaithe a dheonú (15);

(ii)

ní sholáthraíonn formhór na mBallstát ach faisnéis ghinearálta maidir le cearta fostaithe, seachas faisnéis spriocdhírithe a bhaineann le staid shonrach na n-oibrithe imirceacha neamhrialta;

(iii)

tá an comhar idir na húdaráis phoiblí, na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha ríthábhachtach chun gur fusa gearáin a dhéanamh, toisc gur minic a bhíonn teagmháil dhíreach acu leis na hoibrithe agus gur féidir leo feasacht a ardú, imircigh a chur ar an eolas faoina gcearta, muinín fhrithpháirteach a chothú agus cuidiú leis na hoibrithe cásanna maidir le hobair neamhdhearbhaithe agus dúshaothrú saothair a shainaithint d’fhonn gearán a dhéanamh. Tá ról an-tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha freisin chun gur fusa gearáin a dhéanamh, cásanna a bhaineann le dúshaothrú a nochtadh agus an eagla atá ar imircigh a laghdú maidir leis an mbaol go mbeidh siad faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh dá mbraithfeadh na húdaráis imirce iad. I bhformhór mór na mBallstát, tugann an dlí ról tábhachtach do na geallsealbhóirí sin, go háirithe ceardchumainn, laistigh den sásra náisiúnta chun gur fusa gearáin a thaisceadh (16);

(iv)

bíonn dúshláin roimh imircigh neamhrialta a ndearnadh dúshaothrú saothair orthu maidir le rochtain a fháil ar nósanna imeachta i ndáil le ceadanna cónaithe nó maidir leis na coinníollacha a bhaineann le ceadanna a dheonú. Cuireann na geallsealbhóirí chun suntais go bhfuil easpa rochtana ag íospartaigh ar fhaisnéis agus ar chomhairle dhlíthiúil maidir le hinfhaighteacht na gceadanna agus conas cur isteach ar chead nó conas a iarraidh go mbreithneofar a n-iarratais, maidir le deonú ceadanna a bheith nasctha go minic le cúisimh choiriúla in aghaidh fostóirí áirithe, agus ar an gcead a bheith ag brath ar rannpháirtíocht na n-íospartach in imeachtaí coiriúla, cé nach bhfuil gá leis sin de réir na Treorach (17);

(v)

thug Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) le fios nach bhfuil imircigh atá i staid neamhrialta ag baint úsáid as na córais um ghearáin atá ann cheana i roinnt Ballstát. D’fhéadfadh roinnt cúiseanna a bheith leis sin: easpa dreasachtaí d’oibrithe chun gearáin a dhéanamh, faisnéis theoranta maidir lena gcearta agus maidir leis an sásra atá ar fáil do ghearáin; bacainní eacnamaíocha amhail táillí ballraíochta ar cheardchumainn nach gcuireann a gcabhair ar fáil ach do chomhaltaí agus dóibh sin amháin, agus thar aon ní eile, an eagla atá ar imircigh go ndéanfar iad a bhrath, a choinneáil agus a chur ar ais (18);

(vi)

tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha freisin maidir le bearta cosanta na Treorach a chur chun cinn agus maidir le raon feidhme na mbeart sin a leathnú chun níos mó imircigh neamhrialta a chur san áireamh iontu. Neartóidh an Coimisiún an t-idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe gan doiciméid agus rachaidh sé i dteagmháil leis an Ardán Eorpach a bhfuil sé de chúram air dul i ngleic leis an obair neamhdhearbhaithe agus na gníomhaíochtaí sin á bhforbairt.

5.3.

Tugann CESE rabhadh go bhféadfaidh oibrithe imirceacha neamhrialta – fiú nuair a chuireann ceardchumainn, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó comhlachtaí seirbhíse poiblí ar an eolas iad faoina gcearta –staonadh ó ghearáin a dhéanamh i gcoinne fostóirí d’fhonn pá nár íocadh a fháil ar ais nó cásanna saothraithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shéanadh, ar eagla go n-ordófaí dóibh filleadh ar a dtír thionscnaimh, a n-ioncam a thabhairt ar ais, nó, i gcásanna áirithe, a bheith faoi réir frithbheart óna bhfostóirí.

6.   Barúlacha sonracha maidir le cigireachtaí

6.1.

Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún gurb iad na huirlisí is tábhachtaí chun fostóirí a earcaíonn imircigh neamhrialta agus cásanna dúshaothraithe a bhrath ná na cigireachtaí. Leis na cigireachtaí sin, cuirtear deis ar fáil chun fostóirí a thabhairt chun cuntais agus pionós a ghearradh orthu agus bearta a chur i bhfeidhm chun oibrithe imirceacha neamhrialta atá faoi réir dúshaothraithe a chosaint. Le hAirteagal 13(1) den Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit cigireachtaí éifeachtacha agus leordhóthanacha a áirithiú bunaithe ar mheasúnuithe riosca ina sainaithnítear na hearnálacha gníomhaíochta is mó atá i mbaol, óir ní féidir cuspóirí na Treorach a bhaint amach dá n-uireasa (19). Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna eile a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhrialta a fhostú, chomh maith le cigireachtaí éifeachtacha a áirithiú.

6.2.

Is ábhar iontais dó é nach bhfuil aon tagairt sa Teachtaireacht don Údarás Eorpach Saothair ná dá rannpháirtíocht i gcigireachtaí Eorpacha. Mar is eol dúinn, aithníodh cheana féin go bhfuil roinnt mhaith slabhraí um fhostú agus um fhochonraitheoireacht oibrithe imirceacha neamhrialta i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach, rud a éilíonn an leibhéal céanna cigireachta. Creideann CESE gur cheart an méid sin a athrú.

6.3.

Tacaíonn CESE go hiomlán le conclúidí an Choimisiúin maidir le cigireachtaí, go háirithe an méid seo a leanas:

(i)

ní dócha go gcuirfidh líon na gcigireachtaí a dhéantar faoin gcóras atá ann faoi láthair bac ar fhostóirí imircigh neamhrialta a fhostú. Is iondúil go mbíonn sciar na bhfostóirí atá faoi réir cigireachtaí an-íseal; dá bhrí sin, féadfaidh fostóirí a mheas go bhfuil an buntáiste eacnamaíoch a d’fhéadfaí a bhaint as fostaíocht neamhdhleathach níos airde ná an dóchúlacht go mbraithfear í trí chigireachtaí (20);

(ii)

Tuairiscíonn na Ballstáit agus na geallsealbhóirí gur minic nach mbíonn dóthain foirne ag na húdaráis cigireachta saothair agus go mbíonn acmhainní in easnamh orthu, rud a dhéanann difear do líon na gcigireachtaí agus dá mhinice a dhéantar iad (21);

(iii)

tá na geallsealbhóirí á chur chun cinn gur cheart cigireachtaí saothair agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí / inimirce a scaradh ó chéile trí “bhalla dóiteáin”, rud a d’fhágfadh nach ndéanfaí imircigh neamhrialta a bhraitear le linn cigireachtaí a thabhairt ar láimh chuig na húdaráis inimirce d’fhonn tús a chur le nós imeachta um fhilleadh (22).

6.4.

I dtaca leis sin, measann CESE nach bhfuil sé inghlactha nach bhfuil cigireachtaí dírithe ar earnálacha riosca i roinnt Ballstát, rud nach bhfreagraíonn do cheanglas na Treorach (23). I bhformhór na mBallstát, is iad earnálacha na talmhaíochta, na tógála, na déantúsaíochta, an chúraim baile agus an chúnaimh shóisialta, an fháilteachais agus na seirbhisí bia is mó atá i mbaol.

6.5.

Leagann CESE béim ar bharúil FRA go bhféadfadh cigireachtaí arna ndéanamh i gcomhar le chéile ag údaráis saothair agus aonaid frithgháinneála nó aonaid speisialaithe eile atá oilte i réimse an dúshaothraithe saothair cuidiú a thabhairt imircigh a ndearnadh dúshaothrú saothair nó gáinneáil ar dhaoine orthu a shainaithint (24).

6.6.

Maidir le tuairim FRA ina leith sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá do na geallsealbhóirí atá ag obair sa réimse a chur chun suntais go ndíspreagtar oibrithe ó thuairisciú a dhéanamh ar a staid le linn cigireachtaí mar gheall ar an mbaol a bhaineann le gabháil agus filleadh, go háirithe nuair is údaráis cigireachta saothair agus údaráis phóilíneachta/inimirce a thugann faoi na cigireachtaí sin go comhpháirteach.

7.   Barúlacha sonracha maidir leis na bearnaí suntasacha san fhaisnéis

7.1.

Leis an Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas go bliantúil maidir le líon na gcigireachtaí agus torthaí na gcigireachtaí sin, na riaráistí íocaíochta a dhéanann fostóirí, na bearta eile a cuireadh i bhfeidhm agus conas a chinntiú gur fusa gearáin a dhéanamh. Tá an fhaisnéis sin ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear bearta na Treorach chun feidhme agus ar iarmhairtí na mbeart sin. Tá an fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil an-teoranta agus neamhchothrom, rud a fhágann bearnaí suntasacha sna sonraí maidir leis na cigireachtaí agus torthaí na gcigireachtaí sin (25).

7.2.

Mar gheall ar an easpa faisnéise iontaofa agus iomláine, is deacair a mheas ar bhealach cinntitheach an raibh tionchar ag an Treoir ar an bhfostaíocht neamhdhleathach a dhíspreagadh agus a laghdú, agus an bhfuil na smachtbhannaí coiriúla a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Dá gcuirfí feabhas ar bhailiú na faisnéise, chuirfí le straitéis forfheidhmithe níos éifeachtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais (26).

7.3.

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh a ghlac an Coimisiún agus ar thacaigh Gréasán Imirce na hEorpa leis, maidir le córas tuairiscithe TF agus bunachar sonraí a chur ar bun chun faisnéis thráthúil, rialta agus inchomparáide a chur ar fáil (27). D’fhéadfadh Gréasán Imirce na hEorpa a bheith ina acmhainn úsáideach freisin chun deiseanna a chruthú maidir le foghlaim fhrithpháirteach agus dea-chleachtais a mhalartú idir na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha.

7.4.

Creideann CESE gur cheart don bhunachar sonraí sin rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí a chomhlíonadh agus nár cheart ligean do sheirbhísí inimirce na mBallstát é a úsáid chun oibrithe neamhrialta a shainaithint agus iad a chur ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh.

8.   Barúlacha sonracha maidir le bearta chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht i gcoinne na fostaíochta neamhdhleathaí

8.1.

Tacaíonn CESE go hiomlán leis na seasaimh agus na rúin seo a leanas ón gCoimisiún, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht iad:

8.1.1

chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar ghnéithe uile an fheiniméin sin trí chur chuige cuimsitheach a ghlacadh, mar a léirítear sa Chomhshocraithe Nua. Anuas ar aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, an comhrac i gcoinne smuigléirí imirceach a athsheoladh i gcomhpháirtíocht le tríú tíortha agus dlús a chur le hoscailt bealaí dleathacha chuig an Aontas, ní mór don Aontas feabhas a chur ar an bhfreagairt a thugann sé ar an bhfostaíocht neamhdhleathach, ós rud é go bhfuil an cineál fostaíochta sin ina thiomantóir don imirce neamhrialta agus ina fhoinse dúshaothraithe agus mí-úsáide. Chuige sin, is gá a áirithiú go ndéanfar an Treoir a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Is í an Treoir an uirlis is tábhachtaí atá ar fáil dúinn agus tá acmhainneacht mhór neamhshaothraithe inti (28);

8.1.2

agus tacaíocht á tabhairt aige do na Ballstáit lena n-iarrachtaí cur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na Treorach agus díreoidh sé ar í a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Ar ghlacadh na Teachtaireachta sin, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis ábhartha na mBallstát chun faisnéis bhreise a fháil i ndáil le cur chun feidhme na bpríomhoibleagáidí maidir le smachtbhannaí, cigireachtaí agus cosaint chearta na n-imirceach a eascraíonn as an Treoir agus é mar aidhm aige réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. I gcás inarb iomchuí, seolfaidh an Coimisiún nósanna imeachta um shárú (29);

8.1.3

faoi dheireadh 2022, déanfaidh an Coimisiún na bearta a cuireadh i láthair sa Teachtaireacht a chur chun feidhme agus cuirfidh sé na torthaí a baineadh amach in iúl sa chéad tuarascáil cur chun feidhme eile a thabharfar chun críche in 2024 ar a dhéanaí. Déanfaidh an Coimisiún a mheas an gá an creat dlíthiúil atá ann cheana a leasú bunaithe ar an méid seo a leanas: an dul chun cinn a dhéanfar trí na moltaí a cuireadh i láthair sa Teachtaireacht, na hiarrachtaí athnuaite maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú, na forbairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh i réimse na fostaíochta neamhdhleathaí agus oiriúnacht na Treorach chun freagairt dóibh (30).

An Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Teachtaireacht COM(2021) 592 final, lch. 1.

(2)  Féach COM(2021) 592 final, pointe 1.

(3)  Féach COM(2021) 592 final, pointe 6.

(4)  OJ L 168, 30.6.2009, p. 24.

(5)  Teachtaireacht COM(2021) 592 final, Réamhrá.

(6)  Féach COM(2021) 592 final, pointe 2.3.

(7)  Cás Chowdury agus Eile v. an Ghréig. Tugadh aird ar na dálaí uafásacha in Manolada in 2013, nuair a scaoil maoirseoirí na feirme urchair le hoibrithe a bhí ag déanamh agóid faoi riaráistí pá. Gortaíodh go dona 30 oibrí de chuid na Banglaidéise.

(8)  Féach COM(2021) 592 final, pointe 2.

(9)  Féach COM(2021) 592 final, pointe 2.3.

(10)  COM(2021) 592 final, pointe 2.1 agus pointe 2.2.

(11)  COM(2021) 592 final, pointe 2.1.

(12)  COM(2021) 592 final, pointe 2.2.

(13)  COM(2021) 592 final, pointe 2.2.

(14)  COM(2021) 592 final, pointe 3.

(15)  COM(2021) 592 final, pointe 3.

(16)  COM(2021) 592 final, pointe 3.2.

(17)  COM(2021) 592 final, pointe 3.2.

(18)  COM(2021) 592 final, pointe 3.2.

(19)  COM(2021) 592 final, pointe 4.1.

(20)  COM(2021) 592 final, pointe 4.1.

(21)  COM(2021) 592 final, pointe 4.1.

(22)  COM(2021) 592 final, pointe 4.1.

(23)  COM(2021) 592 final, pointe 4.1.

(24)  COM(2021) 592 final, pointe 4.1.

(25)  COM(2021) 592 final, pointe 5.

(26)  COM(2021) 592 final, pointe 5.

(27)  COM(2021) 592 final, pointe 5.

(28)  COM(2021) 592 final, pointe 6.

(29)  COM(2021) 592 final, pointe 6.

(30)  COM(2021) 592 final, pointe 6.


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh don leasú seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a shon (Riail 59(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 5

SOC/705 Smachtbhannaí i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach

Pointe 1.7 (i), an tríú pointe urchair

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ó rannóg

Leasú

a shonrú sna straitéisí cigireachta nach ndéanfar cigireachtaí i gcomhar le húdaráis imirce agus nach bhfuil sé de dhualgas ar chigirí saothair imircigh neamhrialta a thuairisciú do na húdaráis má thagtar orthu sna hionaid oibre a ndéantar cigireacht orthu,

a iarraidh go ndéanfaí soiléiriú ar straitéis chigireachta na gcigirí saothair agus ar an bhfreagracht ghairmiúil atá orthu imircigh neamhrialta a thuairisciú. Tugann CESE dá aire gur minic é d’aidhm le cigireachtaí arna ndéanamh ar bhonn compháirteach ag na cigirí saothair agus na húdaráis imirce cigireachtaí rialacha inimirce a fhorfheidhmiú. Ní mór a aithint go bhféadfadh na cigireachtaí sin oibrithe a dhíspreagadh ó labhairt amach faoina gcúinsí le linn cigireachta. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go leagfaí síos sainmhíniú soiléir ar an straitéis a leanfaidh cigirí saothair agus ar a n-oibleagáidí dlíthiúla,

Cúis

Is é is aidhm don leasú ról na gcigirí a shoiléiriú agus a chur i bhfios go láidir go gceanglaítear orthu, mar chuid dá n-oibleagáidí gairmiúla, imircigh neamhrialta a thuairisciú do na húdaráis má thagtar orthu san ionad oibre ar a mbeidh cigireacht á déanamh, agus ag an am céanna, aithnítear leis go bhféadfadh cigireachtaí comhpháirteacha oibrithe ar a bhfuil dúshaothrú á dhéanamh a dhíspreagadh ó labhairt amach faoina gcúinsí oibre ag an am sin. Ní mór an straitéis a bhaineann le cigirí saothair a shoiléiriú.

Toradh na vótála:

Ar son:

48

In aghaidh:

70

Staonadh:

16


Top