EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AE5429

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Cad iad na coinníollacha atá riachtanach d’inghlacthacht shóisialta an aistrithe fuinnimh agus ísealcharbóin? (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh)

EESC 2021/05429

IO C 290, 29.7.2022, p. 22–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 290/22


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Cad iad na coinníollacha atá riachtanach d’inghlacthacht shóisialta an aistrithe fuinnimh agus ísealcharbóin?

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh)

(2022/C 290/04)

Rapóirtéir:

Arnaud SCHWARTZ

Comhrapóirtéir:

Pierre Jean COULON

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle, 20.9.2021

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

10.3.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.3.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

568

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

224/6/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

D’fhonn inghlacthacht shóisialta an aistrithe fuinnimh a áirithiú, agus aiseolas ó chéimeanna na pleanála agus an chur chun feidhme á chur san áireamh, tá CESE ag iarraidh ar na geallsealbhóirí uile feabhas a chur ar na nithe seo a leanas: neamhspleáchas an phróisis, cáilíocht agus inrochtaineacht na faisnéise, saoirse agus éagsúlacht na rannpháirtíochta, soiléireacht na nósanna imeachta, cuntasacht agus breithniú na rannpháirtíochta sa chinnteoireacht, trédhearcacht agus faireachán ar phlean nó ar thionscadal ó thús deireadh, maille le hinacmhainneacht agus feidhmiúlacht an aistrithe (le réitigh atá ar fáil, mar shampla, pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha atá lonnaithe in áiteanna áisiúla agus a bhfuil líon leordhóthanach díobh ar fáil).

1.2.

Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas i bhfad níos mó a dhéanamh chun dáileadh cothrom a chur chun cinn, mar aon le hearraí a chur chun cinn arb ionann lucht a dtáirgthe agus lucht a dtomhailte, trí bhíthin dreasachtaí airgeadais, ós é sin an toisc is mó a mbíonn tionchar aige ar ghlacadh áitiúil an aistrithe fuinnimh. Ba cheart faisnéis ar na dreasachtaí sin a bheith inrochtana agus próisis shimplí a bheith ag gabháil léi. Ní mór cuspóir an Aontais Fuinnimh, mar atá, na saoránaigh a chur i gcroílár an bheartais agus a áirithiú go mbeidh sé fusa orthu a bheith ina dtáirgeoirí fuinnimh agus leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua, a ghnóthú i bhfad níos tapa ná mar atá sé á ghnóthú faoi láthair. Tá sé á chur in iúl ag CESE freisin a thábhachtaí atá sé go ndéanfar na sochair agus na costais a mheastar a bheidh i gceist le tionscadal a dháileadh go cothrom laistigh de phobal.

1.3.

Tá CESE ag moladh don Aontas na bacainní is cionsiocair le rannpháirtíocht íseal agus glacadh íseal sa phobal a aithint agus deireadh a chur leo, más gá sin. Ar an mórgóir, ach an deis a thabhairt do na pobail agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena mbaineann páirt a ghlacadh in ullmhú tionscadal agus i gcinntí pleanála, is mó an glacadh sóisialta a bheidh leo. Dá bhrí sin, ba cheart díriú ar an easpa ama, oideachais faoin tsaoránacht, cuntasachta i measc na n-údarás lena mbaineann agus ar thosca eile i bplean gníomhaíochta d’fhonn cur leis an rannpháirtíocht.

1.4.

Ba mhian le CESE go rachfaí i gcomhairle leis an bpobal, agus leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta go sonrach, nó go mbeidís ina gcomhdhearthóirí fiú, ó chéim na pleanála go céim cur chun feidhme an aistrithe ar an leibhéal áitiúil, agus go mbeidís rannpháirteach inti níos mó ná riamh. Ba cheart, ina theannta sin, dlúthnasc a bheith idir na cuspóirí agus an phleanáil ar gach leibhéal críochach. Tá ríthábhacht leis sin ionas gur mó an glacadh sóisialta a bheidh leis agus d’fhonn cuspóirí an aistrithe fuinnimh a bhaint amach ar luas cuí.

1.5.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur gá aird ar leith a thabhairt ar an inghlacthacht i measc an phobail agus na ngeallsealbhóirí a ndéanann an t-aistriú agus na hathruithe teicniúla lena mbaineann difear dóibh a fheabhsú agus go bhfuil gá chomh maith le bearta sonracha amhail oideachas ar feadh an tsaoil, athoiliúint agus uas-sciliú an lucht saothair, tacaíocht do ghnólachtaí agus feachtais faisnéise lena ndírítear ar na pobail éagsúla a ndéanann an t-aistriú difear dóibh. Ní mór béim a leagan air mar phríomhtheachtaireacht go bhfuil gá leis an aistriú fuinnimh ós aistriú níos cothroime agus níos glaine don duine aonair agus don phobal é agus ó tharla go bhfuil sé níos saoire do na saoránaigh san fhadtéarma.

1.6.

Mar sin féin, tá CESE ag athdhearbhú go n-éilítear leis an aistriú fuinnimh athruithe aonair agus comhchoiteanna ó dhaoine aonair, ó ghnólachtaí, ó bhardais, etc. Ó tharla nár cuireadh san áireamh sa bheartas fuinnimh go nuige seo na seachtrachtaí diúltacha a bhaineann le breoslaí iontaise, fágfaidh an dícharbónú go mbeidh costais níos airde ar tháirgeoirí agus praghsanna níos airde ar thomhaltóirí sa ghearrthéarma. Tá gá le tuilleadh trédhearcachta i ndáil leis sin. I bhfianaise na bpraghsanna fuinnimh atá ann faoi láthair, is fíordheacair do thomhaltóirí glacadh go toilteanach le praghsanna níos airde. Ní mór a bheith ar an eolas faoi sin. Ar an gcaoi chéanna, is den tábhacht freisin an rath a bhí ar an aistriú cóir a chur in iúl. Sa díospóireacht atá ar siúl faoi láthair, áfach, is rómhinic a chloistear scéalta diúltacha. Má tá an t-aistriú chun bheith inghlactha go sóisialta agus rathúil, is gá iomaíochas chuideachtaí an Aontais ar an margadh domhanda a chaomhnú d’fhonn brú míchuí ar an ngeilleagar agus ar an dífhostaíocht a sheachaint.

1.7.

Tá rabhadh á thabhairt ag CESE go gcuireann cánacha seanbhunaithe ar bhreoslaí iontaise agus cánacha glasa nua ualach níos troime ar theaghlaigh ísealioncaim ar bhonn comhréireach ná mar a chuireann siad ar theaghlaigh ardioncaim. Ní mór deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais agus cánacha atá díobhálach don chomhshaol, ach deireadh a chur leo go pras mar sin féin, rud a bhíonn á ghealladh ag polaiteoirí go minic. Dá bhrí sin, ba cheart an t-ioncam ó na cánacha glasa nua sin a úsáid ar mhaithe leis an nuálaíocht shóisialta, chun aistriú fuinnimh teaghlach leochaileach a fhóirdheonú agus chun a gcumhacht ceannaigh a chaomhnú.

1.8.

Tá CESE á mheabhrú freisin nach mór, agus sinn ag aistriú chuig sochaí ísealcharbóin, coincheap an aistrithe chóir a chur i gcroílár an mhachnaimh agus na gníomhaíochta. Ní mór níos mó a bheith i gceist leis an aistriú cóir ná sraith cuspóirí beartais, óir is éard is bonn le glacadh sóisialta an aistrithe fuinnimh. Ar an leibhéal Eorpach, ba cheart creat dlíthiúil um aistriú cóir, lena n-áirítear, mar shampla, na tograí praiticiúla dá dtagraítear sa tuairim seo, ar féidir iad a iompú i bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, a bheith ina chomhlánú ar an bpacáiste “Oiriúnach do 55”.

1.9.

Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí athmheasúnú ar an bpacáiste “Oiriúnach do 55” chun feabhas a chur ar an gcumas déileáil le luaineacht praghsanna fuinnimh agus le fadhbanna a eascraíonn as éigeandálaí, lena n-áirítear cogadh agus forálacha iomchuí a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar chásanna den sórt sin ar dhóigh a sheachnaíonn éifeachtaí diúltacha ar úsáideoirí deiridh.

2.   Comhthéacs agus príomhghnéithe

2.1.

Tá dúshláin le sárú ag an gcine daonna, ina measc, nádúr finideach acmhainní an phláinéid (1), cailliúint na bithéagsúlachta agus an téamh domhanda. Is éard atá san aistriú fuinnimh agus san aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de claochlú nithiúil ar leibhéal na sibhialtachta don tsochaí (go háirithe trí nósanna a athrú [nósanna an duine aonair agus nósanna an phobail i gcoitinne]). A bhuí léi, ní mór é a bheith ar ár gcumas ár riachtanais ábhair agus fuinnimh a laghdú ar dhóigh dhaonlathach chóir, lena n-urramaítear na héiceachórais (2), agus dea-bhail an uile dhuine á háirithiú san am céanna (3).

2.1.1.

Ar chúiseanna comhshaoil, soláthair agus sóisialta, ní féidir leanúint den úsáid chéanna a bhaint as breoslaí iontaise sna blianta amach romhainn. Ina fhianaise sin, is den mhórphráinn aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de.

2.1.2.

Mar sin féin, i gcomhthéacs an fháis ghlais (4), tá an baol ann go dtitfidh an tóin as ár ngeilleagair de dheasca an ráta toraidh íseal ar infheistíocht foinsí fuinnimh mhalartaigh agus tá baol ag baint freisin leis an tionchar tubaisteach a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí mianadóireachta ar an gcomhshaol.

2.1.3.

De ghrá comhleanúnachas agus glacadh sóisialta níos fearr a bhaint amach, is gá na nithe seo a leanas a dhéanamh:

an t-éileamh ar amh-mhianraí a laghdú trína n-athchúrsáil a fheabhsú;

measúnuithe tionchair a dhéanamh d’fhonn aistriú a áirithiú ionas gur fearr a bheifear in ann úsáid na n-amh-mhianraí sin a sheachaint, a laghdú nó a chúiteamh;

geilleagar ciorclach a bheith ann in earnáil an fhuinnimh inathnuaite;

borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú suntasach a dhéanamh ar an éileamh foriomlán ar fhuinneamh;

athmheasúnú a dhéanamh ar na tograí sa phacáiste “Oiriúnach do 55” chun feabhas a chur ar an gcumas déileáil le luaineacht praghsanna fuinnimh agus le fadhbanna a eascraíonn as éigeandálaí, lena n-áirítear cogadh.

2.1.4.

I bhfianaise theorainneacha na gcásanna a bhaineann leis an riosca teicneolaíochta, le teip ar linnte carbóin nó leis an easpa éifeachtúlachta fuinnimh, beidh sé riachtanach, ní hamháin solúbthacht a chruthú trí úsáid mheasartha chórasach a bhaint as an bhfuinnimh agus trí athmhachnamh a dhéanamh ar ár stíleanna maireachtála, ach freisin cur leis an nglacadh atá le bearta oiriúnaithe don athrú aeráide.

2.2.

Le blianta beaga anuas, rinneadh staidéar eolaíoch ar na coinníollacha atá ag teastáil chun aistriú a bheidh inghlactha go sóisialta a bhaint amach. Tagraíonn CESE don mhéid sin sa tuairim seo, arb é is aidhm di go sonrach feabhas a chur ar chleachtais institiúidí an Aontais agus mBallstát i ndáil leis sin.

2.3.

Is fíorchasta an ní é tionscadal a chruthú atá inghlactha go sóisialta agus trínar féidir an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach. Éilítear leis sin go dtuigfí na teicneolaíochtaí atá beartaithe, na rioscaí lena mbaineann (rioscaí sóisialta, sláinte, eacnamaíocha, etc.), roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann, measúnú ar chostais is sochair na roghanna atá beartaithe agus forálacha na críche óstaí. Má tá an t-aistriú chun bheith inghlactha go sóisialta, is gá tionscadail den chineál sin a phlé leis an bpobal agus leis na geallsealbhóirí go léir, agus machnamh níos leithne a dhéanamh ar fhorbairt na críche agus na stíleanna maireachtála inmhianaithe.

2.4.

De réir staidéar (5) agus dar le CESE, is iad seo a leanas príomhspreagthóirí an ghlactha shóisialta:

iontaoibh as rialachas agus as nósanna imeachta cothroma;

nádúr cóir agus inacmhainne an aistrithe;

ábhair imní maidir le suíomh agus pleanáil;

tionchar tosca sochdhéimeagrafacha;

an indéantacht shochtheicniúil.

2.5.

Sa chuid thíos, leagtar amach a bhfuil i gceist leis na téarmaí sin thuas agus ar féidir a thuiscint astu d’fhonn an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin a bhaint amach.

3.   Coinníollacha maidir leis an gcur chun feidhme

3.1.   Iontaoibh as rialachas agus as nósanna imeachta cothroma

3.1.1.

Léiríodh i roinnt mhaith staidéar go bhfuil an iontaoibh ríthábhachtach chun leibhéal an ghlactha shóisialta a chinneadh. Tá comhghaol idir nósanna imeachta cothroma, iontaoibh agus ráta glactha an aistrithe. Ach próiseas cinnteoireachta trédhearcach a bheith ann agus faisnéis a scaipeadh, chuirfí feabhas ar an iontaoibh fhrithpháirteach idir forbróirí tionscadail agus pobail.

3.1.2.

Ar an ábhar sin, tá CESE ag athdhearbhú gur cheart aird a dhíriú ar an smacht reachta, mar shampla a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaintear as cistí éagsúla an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, tá CESE den tuairim gur cheart don Choimisiún a thograí a fhoilsiú sna teangacha oifigiúla go léir ar bhealach tapa inléite d’fhonn inrochtaineacht agus rannpháirtíocht leathan a áirithiú.

3.1.3.

Ar a mhuin sin, léirítear i staidéir go gcuidíonn rannpháirtíocht na saoránach le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní an phobail agus leibhéal na hiontaoibhe frithpháirtí a mhéadú. Tá scaipeadh faisnéise ríthábhachtach chun deireadh a chur le haon mhíthuiscint faoin aistriú agus faoi na bearta nó na huirlisí a úsáidfear chun é a bhaint amach. Dá bhrí sin, is den tábhacht dul i gcomhairle leis an bpobal ar ábhair a bhaineann, mar shampla, leis an suíomh, na costais agus na tionchair dhiúltacha chomhshaoil, eacnamaíocha, sláinte agus shóisialta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le tionscadail aistrithe fuinnimh ach is gá, san am céanna, aird a tharraingt ar na tairbhí lena mbaineann. Ar an dóigh sin, is féidir glacadh an phobail ghinearálta le tógáil saoráidí nua ina gcomharsanacht a mhéadú.

3.1.4.

Measann CESE, dá bhrí sin, nach mór dul i mbun idirphlé le háitritheoirí áitiúla agus leis na geallsealbhóirí lena mbaineann agus iontaoibh fhrithpháirteach a chothú trí chumarsáid oscailte agus trí dheiseanna rannpháirtíochta a chur ar fáil a luaithe is féidir maidir le forbairt beart agus tionscadal a bhaineann leis an aistriú fuinnimh (6), ar gach leibhéal críochach iomchuí, ón leibhéal áitiúil go dtí leibhéal an Aontais. Tá an méid sin bunriachtanach má táthar chun a áirithiú go nglacfaidh pobail leis an aistriú.

3.1.5.

D’fhonn rannpháirtíocht a chur chun cinn agus iontaoibh a chothú, tá sé tábhachtach tacaíocht a fháil ó phobail áitiúla, agus go háirithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thacaíonn go poiblí leis an aistriú bunaithe ar fhianaise eolaíoch (7). A bhuí le líonra áitiúil den chineál sin, is féidir faisnéis a scaipeadh i measc an phobail ar bhealach níos nádúrtha agus cur i gcoinne míthuiscintí a d’fhéadfadh a bheith ann.

3.1.6.

Is príomhghné de shamhail na saoránachta Eorpaí é an daonlathas rannpháirteach ar na saolta seo. A bhuí le Conradh Liospóin, áirithítear go gcuireann an daonlathas ionadaíoch agus an daonlathas rannpháirteach le chéile. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá rochtain ar fhaisnéis agus rannpháirtíocht phoiblí i bpleanáil agus i bhforbairt ar dhá cheann de na trí cholún de Choinbhinsiún Aarhus. Tá cur chun feidhme na gcolún sin fós le feabhsú, chomh maith le cur chun feidhme an tríú colún, mar atá rochtain ar an gceartas (8).

3.1.7.

Slí amháin chun an rannpháirtíocht a spreagadh is ea an díospóireacht phoiblí. Ní mór do choiste neamhspleách de shaineolaithe maidir le rannpháirtíocht saoránach, a bhfuil taithí chruthaithe acu, í a áirithiú (9). Áirithítear leis sin inchreidteacht na díospóireachta ina hiomláine, rud atá riachtanach, agus a fhágfaidh páirt ag na saoránaigh i mbearta móra a cheapadh a bhaineann leis an gcríoch ina bhfuil cónaí orthu. Le díospóireacht den chineál sin, cuirtear ar fáil do na geallsealbhóirí faisnéis chuimsitheach thrédhearcach maidir le plean, clár nó tionscadal áirithe ag céim an deartha agus tabharfar deis dóibh a mbarúlacha a chur in iúl, mar dhaoine aonair agus mar ghrúpaí eagraithe araon, maidir le hoiriúnacht na mbeart atá beartaithe.

3.1.8.

Le blianta beaga anuas, tá díobháil á déanamh d’iontaoibh na saoránach de réir a chéile de dheasca dhigiteáil rannpháirtíocht na saoránach gan cuntasacht ná díospóireacht a bhfuil idirghabhálaithe tríú páirtí rannpháirteach inti chun cur chuige comhsheasmhach a ráthú. Bíodh sin mar atá, sa bhreis ar fhaisnéis, tá gá le meascán de chomhairliúcháin ar líne agus de chruinnithe fisiciúla (10) le go mbeidh an pobal páirteach i ngach céim agus chun na roghanna atá le déanamh a chinneadh i gcomhar le chéile.

3.1.9.

Ar mhaithe leis an idirphlé idir na geallsealbhóirí go léir a fheabhsú, ba cheart é a chur de cheangal ar na húdaráis chinnteoireachta nó orthu siúd atá freagrach as daonlathas ionadaíoch, tar éis comhairliúchán poiblí, a chur in iúl i scríbhinn céard atá siad a dhéanamh leis na hionchuir éagsúla atá faighte acu agus conas a rachaidh na feabhsuithe a dhéanfar chun tairbhe do na saoránaigh. A bhuí le cuntasacht den chineál sin, bheadh tuiscint níos fearr ann ar na cúiseanna atá lena gcinntí agus chuirfí leis an iontaoibh as an daonlathas.

3.2.   Aistriú cóir inacmhainne

3.2.1.

Dúshlán ollmhór atá sa phacáiste “Oiriúnach do 55” agus i ngnóthú chuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050. Dar leis an gCoimisiún Eorpach, má táthar chun cuspóirí 2030 a bhaint amach, beidh gá EUR 350 billiún d’infheistíocht bhreise a dhéanamh in aghaidh na bliana i gcórais táirgthe fuinnimh, gan trácht ar rud ar bith eile. Is í an cheist mhór atá ag déanamh tinnis do CESE, agus ar ndóigh don tsochaí, ná cé a íocfaidh as sin, cé a dhéanfaidh infheistíocht ina leith, cé a bhainfidh tairbhe as, agus cé acu a bheidh nó nach mbeidh na cistí leordhóthanach.

3.2.2.

Áirithítear leis an dáileadh cothrom, arb é is aidhm dó aistriú cóir inacmhainne a bhaint amach, go ndéanfar na sochair, mar aon leis na costais, a bhaineann le tionscadal a dháileadh go cothrom. Is toisc chinntitheach é chun glacadh sóisialta a áirithiú. Dealraíonn sé gurb iad na dreasachtaí airgeadais, nach bhfuil castacht riaracháin ná theicniúil ag baint leo, an spreagadh is mó chun glacadh le tionscadal atá baint aige leis an aistriú a áirithiú. Ar an gcaoi sin, beidh daoine aonair, feirmeoirí, FBManna, pobail fuinnimh, etc. réidh le bheith mar chuid den chóras nua trína gcuid infheistíochtaí agus tiomantais chun an t-aistriú riachtanach a chur i gcrích.

3.2.3.

Luíonn sé le ciall go bhfuil sé ina réamhriachtanas bunúsach, má táthar chun aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de ar dhóigh a bheidh inghlactha go sóisialta agus rathúil, go leanfaidh cuideachtaí Eorpacha de bheith iomaíoch ar an margadh domhanda, d’fhonn brú míchuí ar an ngeilleagar agus ar an dífhostaíocht a sheachaint.

3.2.4.

Is toisc chumhachtach iad na dreasachtaí airgeadais, is cuma cén sórt dreasachta atá inti, (e.g. praghsanna fuinnimh níos ísle nó deiseanna ioncaim, tacaíocht don gheilleagar áitiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil nó athoiliúint ghairme) le haghaidh tacaíocht do thionscadail agus glacadh leo ar an leibhéal áitiúil.

3.2.5.

Ach na tairbhí lena mbaineann a chur in iúl, is féidir cur leis an nglacadh sóisialta. Mar shampla, meastar gur tairbhe don phobal é poist áitiúla a chruthú, go háirithe i réigiúin mhargadh an tsaothair a ndéanann an t-aistriú fuinnimh difear dóibh, agus go bhféadfadh sé an glacadh le tionscadail a chur chun cinn.

3.2.6.

I láthair na huaire, tá leictreachas gaoithe agus leictreachas grianchumhachtaithe, go háirithe, ar na cineálacha leictreachais is costéifeachtaí agus is inbhuanaithe, nó geall leis, i gcuid mhór áiteanna. Is féidir féachaint chuige go mbeidh leictreachas níos inacmhainne á tháirgeadh agus á úsáid i bpobail áitiúla. Ach iad a bheith ina dtáirgeoirí leictreachais, beidh siad ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí seachas ina dtomhaltóirí amháin. Ní mór a gcearta a neartú agus a ráthú. Tá an cur chuige sin níos tábhachtaí fós ó tharla go bhfuil earnálacha an iompair agus an téimh á leictriú de réir a chéile.

3.2.7.

Maidir leis an aeráid, go teoiriciúil, is cuma cé a thógann agus a oibríonn córas fótavoltach nó gaoithe. Mar sin féin, maidir le glacadh áitiúil agus an geilleagar réigiúnach, tá tábhacht faoi leith ag baint leis an tsaincheist seo. Dá bhrí sin, ní mór iarrachtaí praiticiúla sonracha a dhéanamh chun an cineál sin rannpháirtíochta a éascú.

3.2.8.

Tá CESE den bharúil go bhféadfaí líon na dtairgeoirí is tomhaltóirí agus inghlacthacht shóisialta an aistrithe a mhéadú go tapa ach na bearta éagsúla seo a leanas a ghlacadh:

a)

neamhthuilleamaíocht an phobail: má oibríonn tomhaltóirí córais i dteannta a chéile agus má ídítear an leictreachas a tháirgtear ansin go háitiúil, ba cheart é a láimhseáil mar leictreachas féinghinte.

b)

comhroinnt leictreachais: laistigh de chomhphobail fuinnimh inathnuaite, ba cheart muirir níos lú eangaí a bheith ag baint le leictreachas atá comhroinnte ag táirgeoirí.

c)

glanmhéadrú fíorúil: tabharfaidh sé deis do dhaoine nach bhfuil cónaí orthu i ngarchomharsanacht an chórais fuinnimh inathnuaite páirt a ghlacadh ann agus úsáid dhíreach a bhaint as an leictreachas a tháirgtear. Chuige sin, ba cheart foráil a dhéanamh faoin dlí maidir le glanmhéadrú fíorúil mar rogha nua lena ndéantar gach cileavatuair leictreachais arna tomhailt ón gcóras a bhfuil an tomhaltóir rannpháirteach ann a chúiteamh le cileavatuaireanta a cheannaíonn an tomhaltóir ó fhoinse eile ag am eile. Is ann do mhéadrú den chineál sin cheana sa Ghréig, sa Pholainn agus sa Liotuáin, mar shampla.

3.2.9.

Tá buntáistí ag baint freisin le hearraí áitiúla arb ionann lucht a dtáirgthe agus lucht a dtomhailte nuair a nasctar iad le méadair chliste, lena dtugtar aghaidh ar chomharthaí praghais an mhargaidh agus lena n-éascaítear tomhaltas agus solúbthacht atá fabhrach don líonra agus is féidir a chúiteamh dá bhrí sin. Leis an meascán seo is féidir an t-ualach ar an líonra a laghdú agus, ar an gcaoi sin, laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le leathnú líonra.

3.2.10.

Ní mór na saincheisteanna maidir le costais mhéadaithe fuinnimh agus cumas na mBallstát iad a mhaolú a bheith i gcroílár na mbeart beartais a bheidh ann amach anseo. Ní hamháin go dtacaíonn CESE le bearta éigeandála chun iarmhairtí tromchúiseacha sóisialta a sheachaint, ach tá sé go mór i bhfabhar meastóireachtaí margaidh ina ndéantar iompar na ngníomhaithe ar an margadh fuinnimh a thástáil. San am céanna, tá CESE ag meabhrú chomhluachanna an Aontais maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta de réir bhrí Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar atá leagtha amach i bPrótacal Uimh. 26 maidir le seirbhísí leasa ghinearálta atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE). D’fhéadfadh tuilleadh éifeachtúlachta agus deireadh na gclistí margaidh a bheith mar thoradh air sin. Is gá go ndéanfaidh na húdaráis an margadh a rialú ar bhealach níos éifeachtaí.

3.2.11.

Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí athmheasúnú ar an bpacáiste “Oiriúnach do 55” chun feabhas a chur ar an gcumas déileáil le luaineacht praghsanna fuinnimh agus le fadhbanna a eascraíonn as éigeandálaí, lena n-áirítear cogadh, ar dhóigh a sheachnaíonn éifeachtaí diúltacha ar úsáideoirí deiridh, mar shampla trí shásraí iomchuí a thabhairt isteach chun praghsáil iomarcach a sheachaint, amhail gan córas ETS a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach.

3.2.12.

San am céanna, ní mór an ceartas sóisialta a áirithiú agus an bhochtaineacht fuinnimh atá ag dul i méid i measc mhuintir na hEorpa a mhaolú (11). Dar leis an gCoimisiún Eorpach, tá rioscaí inbhraite i gceist leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide go ngéarófar neamhionannais agus gur gá beartais phoiblí shonracha a chur i bhfeidhm chun é sin a chosc. Chuige sin, ní mór, thar aon ní eile, an oiliúint agus an athoiliúint a neartú agus smacht a choinneáil ar an ardú i bpraghsanna áirithe do theaghlaigh atá i ngreim ag an mbochtaineacht fuinnimh (12). Is mó an glacadh sóisialta a bhíonn le haistriú fuinnimh más aistriú é lena gcruthaítear poist agus lena bhféadfar cumhacht ceannaigh teaghlach beag a chaomhnú (13).

3.2.13.

Ina theannta sin, d’fhonn an glacadh leis an aistriú a éascú, breithníodh ar chásanna éagsúla ina dtabharfaí acmhainní breise do theaghlaigh bheaga, mar a rinneadh in ionsamhlúcháin an chuibhreannais Locomotion. Tá CESE ag athdhearbhú, áfach, gur cheart cur leis an gCiste Aeráide Sóisialta agus Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir (14) agus iad a leathnú lena áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár agus go ndéanfar gach gné den eisiamh agus den imeallú a áireamh iontu.

3.2.14.

D’fhonn cuidiú leo siúd is leochailí chun an t-aistriú fuinnimh a chur i gcrích, b’úsáideach an ní beartais athdháilte a cheapadh agus a fheabhsú agus, chun na críche sin, bearta nuálacha a thriail (15), amhail bunioncam uilíoch, creidmheasanna cánach, seachtainí oibre níos giorra, postroinnt, scéimeanna ráthaíochta poist, agus ról níos mó a bheith ag oibrithe sa rialachas corparáideach.

3.2.15.

Trí bhíthin na mbeart sin agus bearta eile a luaitear thuas, cuirfear le hinghlacthacht an aistrithe. D’fhéadfaidís leas a bhaint as atreorú láithreach na bhfóirdheontas, na gcistí agus na mbuntáistí cánach atá á ndáileadh ar bhreoslaí iontaise i láthair na huaire. Is den tábhacht foinsí maoinithe a chruthú le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe.

3.2.16.

Ina fhianaise sin, mar atá á ghealladh leis na blianta, ba cheart féachaint le deireadh a chur le maoiniú atá díobhálach don chomhshaol go han-tapa. Sa bhreis air sin, ní mór cánacha glasa a fhorbairt bunaithe ar chánachas spriocdhírithe (16), i.e. trí fhoinsí maoiniúcháin a leithdháileadh ar dhóigh atá neamhdhíobhálach don aistriú. Ar an dóigh sin, cuideofar le gach aon duine tuiscint a fháil ar ghníomhaíochtaí poiblí sa réimse seo agus glacadh leis.

3.2.17.

Go deimhin, má tá an pobal chun glacadh go sóisialta leis an gcánachas glas, tá cúiteamh ag teastáil lena gcuirfear san áireamh ioncam teaghlaigh agus bochtaineacht fuinnimh (easpa iompar poiblí, drochinsliú tithe, córas téimh lag agus na cineálacha feithiclí atá i seilbh daoine, etc.) i dtreo gur féidir leo (17) coigilteas a dhéanamh san fhadtéarma a bhuí le trealamh nach bhfuil chomh dian ar fhuinneamh.

3.2.18.

Ar an gcuma chéanna, ba cheart triail a bhaint as cárta carbóin (18), arb é atá i gceist leis lamháltais astaíochtaí aonair neamh-inaistrithe a leithdháileadh, ní hamháin chun a chinneadh an leor an acmhainneacht oideolaíoch lena mbaineann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus aistriú fuinnimh níos fearr a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil, ach freisin chun a chinneadh cé acu is dócha nó nach dócha go gcuirfeadh an uirlis chothromaíoch seo le hinghlacthacht an aistrithe.

3.2.19.

Beidh cumas na ngníomhaithe poiblí ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla (sa bhreis ar a gcleachtais agus a mbearta um úsáid mheasartha foinsí fuinnimh agus foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn, um daonlathas rannpháirteach, um idirphlé sóisialta, um maoiniú saoráidí sibhialta agus um oideachas ar feadh an tsaoil maidir leis an aistriú fuinnimh) ag brath ar a mhéid is féidir leo saincheist an chistithe a chur chun tosaigh agus cistiú inbhuanaithe a chur ar fáil, mar shampla, trí chlár ilbhliantúil chun athchóiriú fuinnimh a mhaoiniú a mbeidh oibleagáid ag gabháil leis torthaí a bhaint amach.

3.2.20.

Ba cheart, ar dhóigh úsáideach, fóirdheontais agus bearta fioscacha nua a chomhlánú le caighdeáin a bheidh ceangailteach ar chách ós rud é gur féidir leo, dála na gníomhaíochta atá ag teastáil chun gur féidir idirghníomhaíochtaí scáthánacha a chuideoidh leis an aistriú a fhorbairt, an domhan ar féidir linn maireachtáil ann agus atá uainn a chruthú freisin.

3.3.   Suíomh agus pleanáil

3.3.1.

Is iad na saintréithe fisiciúla sonracha a ghabhann leo is cionsiocair le roinnt mhaith de na fadhbanna a bhaineann le forbairt tionscadal don aistriú fuinnimh. Is gá tuilleadh a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, go háirithe trí eolas a scaipeadh ar mhaithe leis an bhfaisnéis bhréagach a chomhrac agus trí dhea-chleachtais a chur chun feidhme chun na fadhbanna sin a réiteach.

3.3.2.

Chuige sin, ní foláir feasacht a ardú maidir le hoidhreacht chultúrtha agus uirbeach an ama atá caite (ceantair máguaird cathracha a bheith á mhilleadh ag ceantair thráchtála agus thionsclaíocha, carrchlóis a bheith ar thalamh torthúil, foirgneamh a bheith lonnaithe i limistéir chónaithe agus i mbruachbhailte, rud a fhágann go mbítear ag brath ar ghluaisteáin, etc.). Sa lá atá inniu ann, is mó na buntáistí atá ag baint leis an aistriú fuinnimh ná na héifeachtaí a bheidh aige ar an “tírdhreach”. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an t-aistriú i gcrích ar bhealach inbhuanaithe, ní mór na héifeachtaí diúltacha lena mbaineann ó thaobh riachtanais talún de a sheachaint, nó iad a laghdú agus a fhritháireamh fiú a oiread is féidir.

3.3.3.

Chun na críche sin, ní mór bonneagar a lonnú in áiteanna nach mbeidh sé in iomaíocht leis an talmhaíocht nó ar bac é ar mheas a léiriú ar an dúlra agus ar an oidhreacht chultúrtha. Réiteach amháin is ea saoráidí a lonnú i limistéir uirbeacha nó thionsclaíocha atá ann cheana nó atá lonnaithe ar thalamh imeallach ar beag a luach táirgiúil nó luach nádúrtha.

3.3.4.

I gcás nach mbeidh an dara rogha ann ach saoráid a lonnú ar thalamh táirgiúil, ba cheart é a chomhtháthú a oiread is féidir sa chóras talmhaíochta agus níor cheart réiteach talún agus/nó glantógáil talún a bheith mar thoradh air sin.

3.3.5.

Ina theannta sin, d’fhonn an pobal i gcoitinne a choiméad ar an eolas mar is ceart agus iontaoibh a chothú, ba cheart dianmheasúnuithe a dhéanamh ar bhonn córasach ar thionchar suiteálacha saoráidí ar an gcomhshaol agus ar gach cuspóir agus plean náisiúnta agus Eorpach a bhaineann le fuinneamh.

3.3.6.

Tá meastóireachtaí ex post ríthábhachtach freisin lena áirithiú go leanfaidh an tsochaí de bheith ag feabhsú. Ina theannta sin, ba cheart modhanna idirphlé a bhunú idir gach leibhéal críochach, maille le huirlisí faireacháin agus cur chun feidhme beartais chun tógáil talún agus aistriú fadhbanna comhshaoil a sheachaint a mhéid is féidir, faoi mar atá molta go sonrach ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) (19).

3.3.7.

De réir a bhfuil sa mheastóireacht ex post ar ghníomhaíochtaí agus ar thionscadail a bhaineann leis an aistriú fuinnimh, is féidir inghlacthacht shóisialta a mhéadú ach an tionchar ar na geilleagair áitiúla a thomhas.

3.3.8.

Réiteach comhlántach ar an bhfadhb a bhaineann le hionaid táirgthe fuinnimh a aimsiú san Eoraip ab ea leictreachas glas arna tháirgeadh i dtíortha comharsanachta a allmhairiú i bhfoirm leachtach, trí hidrigin a úsáid mar iompróir. A mhéid a bhaineann leis an inghlacthacht shóisialta, ní mór a thuiscint gur gné chomhfhorbartha de na réigiúin sin é an méid sin (20).

3.4.   Tosca sochdhéimeagrafacha

3.4.1.

I dteannta na gcúiseanna sin, bíonn tionchar ag an déimeagrafaíocht ghinearálta freisin ar dhearcthaí an phobail. Trí réamhstaidéir dhéimeagrafacha a dhéanamh, chuideofaí le straitéis a cheapadh lena méadófaí an glacadh le tionscadail ós rud é go bhféadfaí tuiscint a fháil ar mhéid agus ar chomhdhéanamh an spriocphobail ba dhóchúla a bheadh i gcoinne na dtionscadal. Ba cheart rochtain a bheith ag na geallsealbhóirí go léir ar na staidéir sin.

3.4.2.

Daoine a bhfuil leibhéil níos airde oideachais orthu agus daoine óga, is iadsan is dóchúla a ghlacfaidh leis an aistriú. Dá bhrí sin, is den tábhacht cur leis an oideachas ar feadh an tsaoil (lena n-áirítear i gcuideachtaí agus in ionaid ghairmoiliúna) maidir le húsáid mheasartha foinsí fuinnimh, rannpháirtíocht shibhialta agus infheistíocht i gcomhghníomhaíochtaí chun tacú leis an aistriú.

3.4.3.

Tá CESE á mholadh gur cheart feachtais chun feasacht a ardú faoin aistriú a bheith bunaithe ar an gcoincheap BIMBY (Build In My Backyard), arna spreagadh ag an gcoincheap NIMBY (Not In My Backyard), agus béim á leagan ar shamplaí a spreagann dea-aithris shóisialta agus na tairbhí don daonra. Ní mór iad a bheith bunaithe freisin ar scéalta dearfacha i bhfoirm teistiméireachtaí agus fíorscéalta rathúla ó réigiúin agus ó thíortha éagsúla ar féidir le daoine iad a thuiscint.

3.4.4.

A bhuí leis an méid sin, d’fhéadfaí glacadh a mhéadú agus toilteanas a chothú chun oibriú i bpáirt le chéile i dtreo na dóighe beatha nua seo, rud a bhfuil gá leis má táthar chun dul ar iontaoibh foinsí malartacha fuinnimh in ionad breoslaí iontaise. Ba cheart acmhainní a dhíriú ar ghníomhaíochtaí múscailte feasachta, gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh geallsealbhóirí éagsúla a chur i gcrích ar bhealach fónta.

3.4.5.

Ní ann d’aon chomhdhearcadh maidir leis an éifeacht dhíreach atá ag tosca sochdhéimeagrafacha sonracha ráite go mbíonn tionchar éagsúil acu ó thír go tír agus de réir dálaí polaitiúla. Ina ainneoin sin, ní féidir a shéanadh go mbíonn tionchar acu ar an nglacadh atá le pleananna agus tionscadal lena n-éascaítear an t-aistriú ar an leibhéal áitiúil. Dar le CESE, is gá, dá bhrí sin, tacú le hoiliúint tosaigh agus le hoiliúint leanúnach maidir leis an aistriú fuinnimh i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

3.4.6.

I gcás na hinghlacthachta sóisialta, áfach, is gá in amanna an fhreagairt as na teicneolaíochtaí lena mbaineann a ghlacadh nó gan iad a ghlacadh a chur ar na spriocghrúpaí féin. Is ionann sin agus a rá go bhfuil réadú acmhainneacht na dteicneolaíochtaí ag brath ar an ngné shóisialta agus uirthi sin amháin. Mar sin féin, is féidir gur dúshlán níos casta fós é an drogall i leith uirlisí nua a fháil nó a úsáid (21).

3.5.   Indéantacht shochtheicniúil (22)

3.5.1.

Is bacainní teicniúla freisin iad na bacainní ar threalamh áirithe a ghlacadh. Léirítear leo go háirithe a dheacra atá sé cultúr ina bhfuiltear níos tíosaí ar fhuinneamh a chur chun cinn i sochaí ina spreagtar níos mó agus níos mó tomhaltais, rud atá ait go leor agus atá ag teacht salach ar na teachtaireachtaí atá á gcur chun cinn gur gá fuinneamh a choigilt.

3.5.2.

Is éard is bonn leis an nglacadh sóisialta córas casta cómhaireachtála idir an teicneolaíocht agus lucht a húsáidte. Ní hionann inghlacthacht agus glacadh, áfach. (Féach, mar shampla, cás na méadar cliste, atá inghlactha go teoiriciúil ach nach bhfuil glacadh leo sa chleachtas agus, dá bhrí sin, nach bhfuil in úsáid). Éilítear le glacadh teicneolaíochtaí go mbeidís in úsáid go pointe áirithe. Ní dhéantar tuilleadh plé orthu, tá a bhfiúntas léirithe acu, tá siad i measc na dteicneolaíochtaí eile atá ar fáil ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil glacadh leo. Is éard is teicneolaíocht ghlactha ann teicneolaíocht a bhfuil úinéireacht glactha uirthi, sa chiall go bhfuil sí ina cuid de shaol daoine agus go mbreathnaítear uirthi mar rud atá fíor-riachtanach nach féidir déanamh dá huireasa.

3.5.3.

Tagann ann do shrianta ar an nglacadh le teicneolaíochtaí an aistrithe ós rud é gur minic a cheaptar na teicneolaíochtaí sin ar an mbun go mbeidh úsáideoirí in ann iad a úsáid chun na gcríoch dár beartaíodh iad.

3.5.4.

Go teoiriciúil, ba cheart do na húsáideoirí sin páirt a ghlacadh sna tionscadail fuinnimh a ghabhann leis na teicneolaíochtaí sin sula bhféadfaidh siad leas iomlán a bhaint astu. Mar sin féin, léiríodh i gcuid mhór suirbhéanna nach mbaintear dóthain úsáide as teicneolaíochtaí laethúla fiú, toisc nach dtuigtear an méid is féidir a dhéanamh a bhuí leo agus an chaoi ar féidir leas a bhaint astu.

3.5.5.

Is féidir breathnú ar an indéantacht shochtheicniúil mar phróiseas cuimsithe agus scaipthe sa tsochaí in imeacht ama a bhfuil céimeanna éagsúla i gceist leis. Tá an chéad chéim ríthábhachtach toisc go mbaineann sí leis an tréimhse taighde, forbartha agus conspóide (23), i.e. bítear ag súil leis na hathruithe a tharlóidh mar thoradh ar thabhairt isteach na teicneolaíochta nua. Sa dara céim, déileáiltear leis an gcéad aiseolas a fhaightear. Le linn na céime seo, cuirtear an réasúnaíocht taobh thiar de dhearadh an tionscadail i gcomparáid leis an úsáid atá beartaithe dó agus an cumas chun gnéithe sóisialta a ionchorprú i dteicneolaíochtaí. Le linn na céime deireanaí, tagann an tionscadal i dtreis thar thréimhse fhada. Ag an bpointe seo, is follas cé acu a diúltaíodh nó nár diúltaíodh don tionscadal, an úsáideann an pobal é agus cén chaoi a n-úsáidtear é sa tsochaí.

3.5.6.

I rith na céime deireanaí seo, feictear an slógadh ar an leibhéal áitiúil: féachtar sna críocha sin leis na teicneolaíochtaí sin a úsáid (nó ní fhéachtar leis sin) chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna éagsúla. Nuair a úsáidtear na teicneolaíochta nua sin sa tsochaí, tagann athruithe macrashóisialta chun cinn.

3.5.7.

Le húsáid teicneolaíochta áirithe, is féidir an chaoi a mbreathnaítear ar an saol, caidrimh agus creidimh a athrú ó bhonn. Ní tharlóidh sin, áfach, má fhorchuirtear an teicneolaíocht sa dóigh ina bhfuil sí. Caithfear a bheith in ann coigeartuithe a dhéanamh i dtreo go mbeifear níos éasca glacadh léi agus úsáid a bhaint aisti. I ndáil leis sin, tá CESE den bharúil dá mbeadh neodracht theicneolaíoch bunaithe ar staidéir eolaíocha, iomaíocht chóir agus an deis oiriúnacht na dteicneolaíochtaí éagsúla a thástáil agus a phlé go bhféadfaí cur leis an inghlacthacht shóisialta.

3.5.8.

Dá bhrí sin, nuair a dhéantar mionanailís ar an scéal, tá an díospóireacht maidir leis an aistriú fuinnimh ag imeacht ó chur chuige atá dírithe ar ghnéithe teicneolaíochta i dtreo cur chuige atá dírithe ar ghnéithe sóisialta. Ina fhianaise sin, ní mór coincheap na hinghlacthachta sóisialta a bheith níos caolchúisí i gcásanna ina gcuirtear an milleán ar thomhaltóirí, agus orthu sin amháin, faoi stíleanna maireachtála dianfhuinnimh. Ina ionad sin, ba cheart breathnú air i gcomhthéacs níos leithne ina gcuirtear san áireamh an indéantacht shochtheicniúil, is é sin le rá nuair a cheistítear an réasúnaíocht atá taobh thiar de theicnící áirithe agus dár roghanna beartais i réimse an fhuinnimh.

An Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  https://www.footprintnetwork.org/our-work/ecological-footprint/

(2)  https://www.ipcc.ch/site/assets/uploads/2021/07/IPBES_IPCC_WR_12_2020.pdf

(3)  https://doughnuteconomics.org/about-doughnut-economics

(4)  https://eeb.org/library/decoupling-debunked/; https://www.eea.europa.eu/publications/growth-without-economic-growth

(5)  Trends in Social Acceptance of Renewable Energy Across Europe – A Literature Review, 8.12.2020.

(6)  Sin an méid a mholann France Nature Environnement ina chuid “ scopes ” (mar atá, foilseacháin maidir le meatánú agus cumhacht ghaoithe, …).

(7)  https://www.fondation-nicolas-hulot.org/sondage-science-et-transition-ecologique-equi-les-francais-ont-il-confiance/

(8)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 66.

(9)  Dála Commission nationale du débat public sa Fhrainc.

(10)  Féach Tuarascáil phoiblí 2011 ó Conseil d’État Consulter autrement, participer effectivement, La Documentation française 2011.

(11)  Tuarascáil faisnéise ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Meastóireacht a dhéanamh ar an Aontas Fuinnimh Eorpach – An ghné shóisialta agus an ghné shochaíoch den aistriú fuinnimh.

(12)  De dheasca na bochtaineachta, tagann ann d’fhadhbanna, amhail gadaíocht (gearradh isteach in eangaí daoine eile), de cheal acmhainní airgeadais nó i ngeall ar easumhlaíocht shibhialta i leith thráchtálú an leictreachais.

(13)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 158.

(14)  IO C 311, 18.9.2020, lch. 55.

(15)  https://eeb.org/library/escaping-the-growth-and-jobs-treadmill/

(16)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 8.

(17)  Eurofound, 2015, Access to social benefits: reducing non-take-up, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg. EEA/Eurofound, nóta faisnéise, Exploring the social challenges of low-carbon energy policies in Europe, ef22004en.pdf

(18)  https://www.socialter.fr/article/carte-carbone-plutot-qu-une-taxe-un-quota-pour-chaque-citoyen-1

(19)  https://www.eea.europa.eu/themes/energy/renewable-energy/eu-renewable-electricity-has-reduced

(20)  OJ C 123, 9.4.2021, p. 30.

(21)  Mar shampla, nuair a fhaightear gluaisteán leictreach is gá don tiománaí an modh tiomána a athrú, ag bogadh ó ghluaisteán lámhghiarála go gluaisteán uathghiarála, rud a d’fhéadfadh daoine a chur ó dhoras.

(22)  https://www.larevuedelenergie.com/les-energies-renouvelables-en-transition-de-leur-acceptabilite-sociale-a-leur-faisabilite-sociotechnique/

(23)  (Féach, mar shampla, i réimse seachas an t-aistriú fuinnimh, fóin chliste a nglactar go forleathan leo agus atá in úsáid ag an bpobal).


Top