Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020SC0347

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad [Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013]

SWD/2020/347 final

An Bhruiséil,15.12.2020

SWD(2020) 347 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

[Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013]


{COM(2020) 824 final} - {SEC(2020) 431 final} - {SWD(2020) 346 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an athbhreithniú a rinneadh ar na Treoirlínte le haghaidh gréasáin fuinnimh thras‑Eorpacha (Rialachán GTE-F)

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Faoi Rialachán GTE-F atá i bhfeidhm faoi láthair, bunaíodh cur chuige nua i leith pleanáil le haghaidh bonneagar trasteorann, cur chuige lena dtugtar le chéile páirtithe leasmhara ar bhonn an chomhair réigiúnaigh chun tionscadail leasa choitinn a shainaithint agus chun cabhrú lena gcur chun feidhme, na tionscadail leasa choitinn sin is mó a thacaíonn leis an margadh inmheánach fuinnimh, le cinnteacht an tsoláthair agus leis an inbhuanaitheacht. Chomh maith leis sin, ceanglaítear ar na Ballstáit na nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail leasa choitinn a chuíchóiriú agus foráiltear maidir leis na coinníollacha le haghaidh rochtain ar mhaoiniú ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE). Léirigh an mheastóireacht ar an Rialachán GTE-F atá i bhfeidhm faoi láthair gur bailí fós den chuid is mó iad cuspóirí an Rialacháin sin ach nach mór an bhéim ar spriocanna 2020/30 a nuashonrú chun an comhthéacs polaitiúil nua a léiriú mar aon le cuspóir 2050 i leith na haeráidneodrachta faoin gComhaontú Glas don Eoraip. I dteannta an chomhthéacs pholaitiúil nua, rinneadh forbairt mhear ar réimse na teicneolaíochta le deich bliana anuas.

Sainaithníodh an dá phríomhfhadhb seo a leanas: 1) Níl na forbairtí bonneagair trasteorann go hiomlán ailínithe le cuspóirí bheartais fuinnimh an Aontais ó thaobh cineáil agus scála de, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus an cuspóir aeráidneodrachta, agus 2) Moill ar chur chun feidhme na dtionscadal. Chun go mbainfear amach sprioc mhéadaithe 2030 i leith na haeráide agus cuspóir aeráidneodrachta de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na straitéise ‘Pláinéad Glan do Chách’, tá gá le hathrú ó bhonn a dhéanamh ar chóras fuinnimh na hEorpa, ó thaobh soláthair mar aon le héileamh de. Is é is brí leis sin nach mór bonneagar a bheith i bhfeidhm chun tacú leis an aistriú fuinnimh seo san Eoraip, lena n‑áirítear mearleictriú, an sciar de ghiniúint an leictreachais in‑athnuaite a mhéadú faoi dhó, méadú mór ar úsáid na ngás in‑athnuaite agus ísealcharbóin, comhtháthú córais fuinnimh agus níos mó úsáide a bhaint as réitigh nuálacha. Níl gach catagóir bonneagair atá ábhartha don aistriú fuinnimh incháilithe le haghaidh stádas tionscadail leasa choitinn faoi láthair (e.g. hidrigin) agus ní léiríonn cuid acu forbairtí teicneolaíochta go leordhóthanach (e.g. eangacha cliste). Má chuirtear moill ar chur chun feidhme na dtionscadal tosaíochtaí, na tionscadail sin a sainaithníodh mar thionscadail a bhfuil gá leo chun cuspóirí bheartas fuinnimh agus aeráide an Aontais a ghnóthú, chuirfí an t‑athrú brostaithe atá ag teastáil ón gcóras fuinnimh i mbaol. Glactar an iomarca ama fós chun tionscadail bhonneagair lárnacha a chur chun feidhme. In 2020, cuireadh siar 27 % de thionscadail leasa choitinn leictreachais ar feadh tréimhse 17 mí ar an meán in aghaidh an dáta choimisiúnaithe a bhí acu i dtús báire.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is é is cuspóir ginearálta don Rialachán, cabhrú le bonneagar fuinnimh a fhorbairt go tráthúil ar fud an Aontais agus a chomharsanachta d’fhonn cuspóirí an Aontais i leith fuinnimh agus na haeráide a ghnóthú i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, go háirithe spriocanna 2030/50 lena n‑áirítear an cuspóir aeráidneodrachta mar aon le comhtháthú an mhargaidh, iomaíochas agus an soláthar a chinntiú ar an gcostas is lú do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha: 1) Chun go mbeifear in ann tionscadail agus infheistíochtaí trasteorann a shainaithint ar fud an Aontais agus lena dtíortha comharsanachta, tionscadail agus infheistíochtaí a bhfuil gá leo le haghaidh an aistriú fuinnimh agus spriocanna aeráide, 2) Feabhas a chur ar phleanáil le haghaidh chomhtháthú na gcóras fuinnimh agus le haghaidh eangacha amach ón gcósta, 3) Nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail leasa choitinn a ghiorrú ionas nach gcuirfear moill ar thionscadail arb é is aidhm dóibh an t‑aistriú fuinnimh a éascú, agus 4) Úsáid iomchuí na n‑uirlisí comhroinnte costas agus na ndreasachtaí rialála a áirithiú.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Chun bonneagar fuinnimh trasteorann a fhorbairt, tá gá le creat le haghaidh comhar idir na Ballstáit ar leibhéal an Aontais. Ní leor rialacháin agus gníomhaíochtaí de chuid Ballstáit ar leith chun na tionscadail bhonneagair sin a bhaint amach. Ó thaobh an gheilleagair de, is fearr is féidir forbairtí sa chóras fuinnimh a bhaint amach nuair atá siad beartaithe ar bhonn cur chuige Eorpaigh, rud a chumhdaíonn gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát agus urraim á tabhairt san am céanna dá gcuid inniúlachtaí faoi seach. Sa mheasúnú a rinneadh ar an Rialachán GTF-E atá i bhfeidhm faoi láthair, deimhníodh go raibh breisluach soiléir ag baint leis an GTF-E i gcomparáid lena bhféadfaí a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach amháin.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?

Féachadh ar roghanna éagsúla beartais i dtaca leis na ceisteanna seo a leanas:

A) RAON FEIDHME

·Eangacha cliste leictreachais agus stóráil leictreachais

·Bonneagar gáis, gréasáin hidrigine agus gás a fhaightear ó chumhacht

·Tionscadail le tríú tíortha (tionscadail chomhleasa)

B) RIALACHAS / PLEANÁIL BONNEAGAIR

·Eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite

·Pleanáil bonneagair trasearnála

C) DEONÚ CEADANNA

·Dlús a chur le cur i gcrích na nósanna imeachta um dheonú ceadanna

·Ionad ilfhreastail le haghaidh forbairt eangaí amach ón gcósta

D) CÓIR RIALÁLA

·Costais iomlána infheistíochta a chuimsiú

Léiríonn an chomparáid a rinneadh idir na roghanna nach leor aon rogha aonair chun na cuspóirí a sainaithníodh a chomhlíonadh. Is cosúil gurb é pacáiste de roghanna tosaíochta is fearr a oireann do ghnóthú na gcuspóirí ar bhealach comhréireach, faoi mar a dhéantar mionchur síos air i dtuarascáil an mheasúnaithe tionchair.

Cad iad na bearta is rogha leis na páirtithe leasmhara? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Maidir le raon feidhme an chreata atá ann faoi láthair, dhírigh roinnt páirtithe leasmhara ar an ngá atá ann le nuashonrú a dhéanamh ar na heangacha cliste leictreachais. I gcás roinnt grúpaí de pháirtithe leasmhara, ar ionadaithe de chuid oibreoirí córais tharchurtha agus comhlachas tionscadail iad go príomha, ba thábhachtach leo go n‑áireofaí bonneagair nua le haghaidh gáis, ach san am céanna bhí tacaíocht mheasctha ann, go háirithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil. Maidir le rialachas agus pleanáil bonneagair, níor léirigh na páirtithe leasmhara tuairimí sonracha i leith an chórais pleanála le haghaidh bonneagar eischósta a bheidh ann amach anseo, ach bhí siad i bhfách leis na freagrachtaí i leith pleanáil bonneagair a leasú agus an measúnú ar inbhuanaitheacht a threisiú. Maidir leis an deonú ceadanna, dhírigh na páirtithe leasmhara aird ar na deacrachtaí a bhaineann le próisis chasta fhadálacha le haghaidh tionscadail eischósta a théann trasna roinnt dlínsí agus d’éiligh siad próiseas simplithe le haghaidh deonú ceadanna.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Tá an measúnú tionchair ag brath ar chur chuige cáilíochtúil den chuid is mó. Níorbh fhéidir an tionchar i leith gach rogha a mheas mar gheall ar an easpa sonraí a bhaineann go sonrach le tionscadal, go háirithe i gcás na gcatagóirí nua bonneagair. Thairis sin, is feabhais de réir a chéile iad na hathruithe atá beartaithe ar an gcreat reatha, agus meastar go n‑oibríonn sé sin go sásúil.

Má dhéantar raon feidhme na hionstraime a oiriúnú trí dheimhin a dhéanamh de go bhfuil na catagóirí bonneagair comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta, laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus tacófar leis sin le pleanáil chomhtháite bonneagair atá optamach agus éifeachtúil, rud a íoslaghdóidh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an gcomhshaol chomh maith. Chomh maith leis sin, má chuirtear dlús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, is tapúla a chuirfear tionscadail lárnacha chun feidhme, agus is tapúla a gheofar na tairbhí socheacnamaíocha agus comhshaoil dá bharr.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Faoi Rialachán GTE-F, bunaítear creat cumasúcháin le haghaidh bonneagar fuinnimh tras‑Eorpach trí fhoráil a dhéanamh maidir le próiseas le haghaidh tionscadail leasa choitinn a roghnú, agus ina dhiaidh sin is féidir leas a bhaint as forálacha lena n‑éascaítear cur chun feidhme na dtionscadal sin. Mar sin, faoi Rialachán GTF-E, ní chuirtear oibleagáidí ná costais ar oibreoirí eacnamaíocha, ach leagtar síos ceanglais ar thionscnóirí tionscadal leasa choitinn, oibreoirí córais tharchurtha agus dáileacháin den chuid is mó, a chinneann iarratas a dhéanamh ar stádas tionscadail leasa choitinn agus a bhíonn faoi réir oibleagáidí áirithe ina dhiaidh sin, oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe go príomha. Sa bhreis air sin, le Rialachán GTE-F, cuirtear oibleagáidí ar údaráis inniúla náisiúnta agus ar rialálaithe maidir le deonú ceadanna, dreasachtaí rialála agus rannpháirtíocht an phobail agus cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí gréasán maidir le pleanáil fhadtéarmach i leith an ghréasáin. Is trí tharaifí gréasáin ar mhaithe le hinfheistíochtaí sa bhonn sócmhainne rialála a mhaoiniú a dhéantar an difear is mó do thomhaltóirí. Le húsáid dhírithe na hionstraime GTE-F i gcomhréir le tacaíocht roghnaitheach ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, is féidir na costais sin ar thomhaltóirí a laghdú agus riosca na sócmhainní tréigthe a laghdú a mhéid is féidir san am céanna.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Ní shainaithnítear aon tionchar díreach ó thaobh comhlíontacht nó costais riaracháin de le haghaidh fiontair bheaga nó mheánmhéide (FBManna). D’fhéadfadh FBManna tairbhe a bhaint as tuilleadh iomaíochais sna réimsí teicneolaíochta sin a áireofar nó a neartófar i gcreat GTE-F amach anseo (e.g. tionscal an fhuinnimh in‑athnuaite , seirbhísí digiteacha, nó hidrigin).

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Beidh níos mó éifeachtúlachta ann de thoradh tuilleadh comhordaithe agus cuíchóirithe a dhéanamh ar na struchtúir atá ann faoi láthair laistigh d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát, na húdaráis atá i bhfeighil roghnúchán agus chur chun feidhme tionscadal leasa choitinn.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Tiocfaidh laghdú ar na costais chomhlíontachta de thoradh bearta REFIT atá beartaithe amhail oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú, faireachán atá níos éifeachtúla agus an rogha a bheith ann gan na ceanglais réamhchomhairliúcháin a chomhlíonadh má tá siad cumhdaithe cheana féin faoi na rialacháin náisiúnta, faoi chaighdeáin atá mar an gcéanna nó níos airde ná mar atá i Rialachán GTE-F.

Comhréireacht? 

Meastar gur comhréireach é an pacáiste de roghanna beartais tosaíochta.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na reachtaíochta nua in 2026, nuair ba cheart don dara próiseas roghnúcháin le haghaidh tionscadal leasa choitinn faoin gcreat nua a bheith curtha i gcrích.

Top