EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0801

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, togra le haghaidh cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin maidir leis an modheolaíocht le haghaidh coigeartuithe chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a léiriú, d'fhonn an 41ú seisiún de chuid an Chomhlachta Feidhmiúcháin faoin gCoinbhinsiún Aerthruailliú Trasteorann Fadraoin, agus maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa seisiún seo

COM/2020/801 final

An Bhruiséil,15.12.2020

COM(2020) 801 final

2020/0355(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, togra le haghaidh cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin maidir leis an modheolaíocht le haghaidh coigeartuithe chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a léiriú, d'fhonn an 41ú seisiún de chuid an Chomhlachta Feidhmiúcháin faoin gCoinbhinsiún Aerthruailliú Trasteorann Fadraoin, agus maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa seisiún seo


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

An togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle baineann sé le tíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, togra le haghaidh cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin maidir leis an modheolaíocht le haghaidh coigeartuithe ar tháblaí 2-6 d'iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPrótacal chun Laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún (‘Prótacal Gothenburg’), arna leasú in 2012, faoin gCoinbhinsiún ar Aerthruailliú Trasteorann Fadraoin (an ‘Coinbhinsiún Aeir’), chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt san áireamh. Dhéanfaí an togra le haghaidh an chinnidh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin a thíolacadh le haghaidh an 41ú seisiún de chuid Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin Aeir.

Leis an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle cumhdaítear seasamh caibidlíochta an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin i leith tráchtanna ó pháirtithe eile maidir le tíolacadh an Aontais.

2.Comhthéacs an mholta

2.1.An Coinbhinsiún Aeir agus Prótacal Gothenburg (arna leasú in 2012)

Is é an Coinbhinsiún Aeir, arna leasú in 1979, an comhaontú comhshaoil réigiúnach is forbartha lena dtugtar aghaidh ar cháilíocht agus ar thruailliú an aeir.

Faoin gCoinbhinsiún Aeir, comhaontaíodh Prótacal bunaidh Gothenburg i mí na Samhna 1999. Rinneadh leasú ar Phrótacal Gothenburg in 2012. Tháinig an leagan leasaithe i bhfeidhm an 7 Deireadh Fómhair 2019. Is é an Prótacal leasaithe ba bhunús leis na gealltanais laghdaithe astaíochtaí ó 2020 go 2029 faoi Threoir (AE) 2016/2284 maidir le laghdú astaíochtaí náisiúnta truailleán aeir áirithe lenar aisghaireadh Treoir 2001/81/CE maidir le huasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta.

Is Páirtí é an tAontas Eorpach sa Choinbhinsiún Aeir 1 agus i bPrótacal Gothenburg arna leasú in 2012 2 . Tá na Ballstáit uile ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún Aeir; Tá 21 Bhallstát ina bPáirtithe i bPrótacal bunaidh Gothenburg 3 agus ghlac 17 mBallstát le leasú 2012 ar Phrótacal Gothenburg go dtí seo 4 .

2.2.Comhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin Aeir

Is é an Comhlacht Feidhmiúcháin comhlacht rialaithe an Choinbhinsiúin Aeir agus tá sé comhdhéanta d'ionadaithe ó Pháirtithe a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. De bhun Airteagal 10 den Choinbhinsiún Aeir, déanfaidh an Comhlacht Feidhmiúcháin athbhreithniú ar chur chun feidhme agus ar fhorbairt an Choinbhinsiúin Aeir agus a Phrótacal.

Féachann an Comhlacht Feidhmiúcháin lena chuid cinntí a dhéanamh de chomhthoil 5 .

2.3.Gníomh beartaithe an  Chomhlachta Feidhmiúcháin

Ba cheart don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit togra a thíolacadh le haghaidh cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin lena mbunófar an mhodheolaíocht le haghaidh coigeartuithe ar tháblaí 2-6 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg, arna leasú in 2012, chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt san áireamh (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe a áirithiú gur ar bhonn na n‑uimhreacha cearta le haghaidh an Aontais Eorpaigh a dhéantar athbhreithnithe maidir le comhlíonadh faoin bPrótacal. Liostaítear i dTáblaí 2-6 d'Iarscríbhinn II leibhéil astaíochtaí náisiúnta na mBallstát 2005 (bunlíne) agus gealltanais laghdaithe astaíochtaí náisiúnta ó 2020 i leith in aghaidh an truailleáin (le haghaidh dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine, amóinia, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha agus mínábhar cáithníneach). I ngach tábla tá sraith freisin lena léirítear an líon iomlán le haghaidh an Aontais Eorpaigh (líon iomlán bhunlínte Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcileathonaí astaíochtaí in 2005; agus líon iomlán ghealltanais laghdaithe Bhallstáit an Aontais Eorpaigh arna sloinneadh mar athrú céatadáin iomlán i gcomparáid le líon iomlán bhunlínte Bhallstáit an Aontais Eorpaigh). I láthair na huaire, is é an líon iomlán i luach an Aontais Eorpaigh sna táblaí seo EU27(2013), rud a léiríonn an bhallraíocht san Aontas Eorpach tráth a leasaíodh an Prótacal in 2012. Is gá ceartú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II dá bhrí sin.

Leis na rialacha atá ann faoi láthair ní dhéantar foráil maidir leis an modheolaíocht le haghaidh an choigeartaithe theicniúil áirithe seo, mar a thug an Comhlacht Feidhmiúcháin i gcrích ag an 36ú seisiún dá chuid. Glacadh cinneadh comhchosúil ó Chomhlacht Feidhmiúcháin maidir leis an bhféidearthacht coigeartú a dhéanamh ar uasteorainneacha astaíochtaí an Aontais Eorpaigh in 2017 6 , tar éis togra ón Aontas Eorpach ar iarraidh ón gComhlacht Feidhmiúcháin sa 36ú seisiún dá chuid. Ós rud é nár tháinig Prótacal Gothenburg leasaithe i bhfeidhm faoin tráth sin, níor cumhdaíodh é le cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin 2017.

Maidir le cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin maidir leis an modheolaíocht lena gcuirfear luachanna an Aontais Eorpaigh i dTáblaí 2 go 6 d'Iarscríbhinn II, ní mór é a chur in oiriúint do Phrótacal Gothenburg leasaithe ag an seisiún breise de chuid an Chomhlachta Feidhmiúcháin i mBealtaine 2021 agus le linn sheisiún an Chomhlachta Feidhmiúcháin i mí na Nollag 2021 ar a dhéanaí chun gur féidir coigeartú na dtáblaí a iarraidh roimh thús an chéad athbhreithnithe maidir le comhlíonadh ar shonraí 2020 (lena bhfuiltear ag súil faoi Q2 2022).

Beidh an gníomh atá beartaithe infheidhme ón uair a ghlacfar an cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin. Leis an ngníomh atá beartaithe, féadfaidh an tAontas Eorpach, a luaithe a ghlacfar é, na nuashonraithe teicniúla is gá a chur isteach chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a léiriú. Is é an Coimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh, a dhéanfaidh an cúram maidir le coigeartuithe a thíolacadh chun athruithe ar an mballraíochta i Rúnaíocht an Choinbhinsiún Aeir a thabhairt san áireamh.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Ba cheart don Aontas Eorpach togra a thíolacadh le haghaidh cinneadh atá le glacadh ag Comhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin Aeir (féach an dréacht‑tíolacadh in Iarscríbhinn I).

Is é is cuspóir don togra seo modheolaíocht a ghlacadh lena bhféadfar coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar bhunlínte astaíochtaí agus ar ghealltanais laghdaithe astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dtáblaí 2-6 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg, lena áirithiú go léireoidh luachanna an Aontais Eorpaigh sna táblaí sin líon iomlán bhunlínte astaíochtaí agus gealltanas laghduithe astaíochtaí, tar éis athruithe a theacht ar an mballraíocht san Aontas Eorpach. Tá gá leis an bhféidearthacht coigeartú a dhéanamh ar na táblaí sin i gcás imthosca sonracha na n‑athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach, ar mhaithe le hathbhreithniú ceart maidir le comhlíonadh a dhéanamh ar oibleagáidí an Aontais Eorpaigh faoi Phrótacal Gothenburg.

Má mholann Páirtithe eile go ndéanfar athruithe dréachtaithe ar an gcinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin atá beartaithe agus go bhféadfaí na cuspóirí céanna a shaothraítear i dtogra an Aontais Eorpaigh a bhaint amach leo, d'fhéadfadh an tAontas Eorpach tacú leis na tograí sin i bprionsabal.

Ní thacófar le tograí chun coigeartú a dhéanamh ar na huasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta ná ar ghealltanais laghdaithe astaíochtaí na mBallstát (tionchar polaitiúil) ach cuirfear iad ar aghaidh chuig díospóireacht ar leith, go háirithe maidir leis an athbhreithniú leanúnach atáthar a dhéanamh ar Phrótacal Gothenburg leasaithe.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

Le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, cé is moite de ghníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 7 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Comhlacht Feidhmiúcháin arna chur ar bun le comhaontú, eadhon an Coinbhinsiún Aeir.

An gníomh, a iarrtar ar an gComhlacht Feidhmiúcháin a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 13 (5) de Phrótacal Gothenburg leasaithe.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Choinbhinsiúin Aeir ná creat institiúideach Phrótacal Gothenburg.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús substaintiúil dlí

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais Eorpaigh ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomh‑chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an gcomhshaol a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús substainteach dlí nós imeachta an chinnidh atáthar a mholadh.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, ba cheart a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Neamhbhainteach

2020/0355 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, togra le haghaidh cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin maidir leis an modheolaíocht le haghaidh coigeartuithe chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a léiriú, d'fhonn an 41ú seisiún de chuid an Chomhlachta Feidhmiúcháin faoin gCoinbhinsiún Aerthruailliú Trasteorann Fadraoin, agus maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa seisiún seo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)D'fhormheas an tAontas Eorpach an Prótacal chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún arna ghlacadh 2012 (‘Prótacal Gothenburg leasaithe’) faoin gCoinbhinsiún ar Aerthruailliú Trasteorann Fadraoin (an ‘Coinbhinsiún Aeir’) le Cinneadh (AE) 2017/1757 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 7 Deireadh Fómhair 2019.

(2)De bhun Airteagal 10 den Choinbhinsiún Aeir, déanfaidh an Comhlacht Feidhmiúcháin athbhreithniú ar chur chun feidhme agus ar fhorbairt an Choinbhinsiúin Aeir agus a Phrótacal agus féadfaidh sé cinntí a ghlacadh chun cur chun feidhme na bPrótacal sin a shoiléiriú.

(3)Sa 36ú seisiún de chuid Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin Aeir, d'iarr Páirtithe an Choinbhinsiúin ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit modheolaíocht a mholadh lena ndéanfar coigeartú ar uasteorainneacha astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dtábla 1 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal bunaidh Gothenburg (an leagan a glacadh in 1999), chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt san áireamh;

(4)Sa 37ú seisiún de chuid Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin Aeir, glacadh an cinneadh a mhol an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit 8 .

(5)Is gá an mhodheolaíocht lena ndéanfar coigeartú ar luacha an Aontais Eorpaigh i dtáblaí 2-6 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg chun athruithe ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt san áireamh chun go bhféadfar athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a léiriú i gceart i bhfianaise an athbhreithnithe a rinneadh ar chomhlíonadh an Aontais Eorpaigh leis na hoibleagáidí faoi Phrótacal Gothenburg leasaithe. Ní bhaineann sin le haon choigeartú ar uasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta ná ar ghealltanais laghdaithe astaíochtaí sna táblaí céanna.

(6)A luaithe a ghlacfaidh an Comhlacht Feidhmiúcháin an mhodheolaíocht le haghaidh coigeartuithe, ba cheart don Choimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh, na coigeartuithe is gá a chur faoi bhráid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip, chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt san áireamh ón uair a glacadh Prótacal Gothenburg leasaithe agus ar an gcaoi chéanna ba cheart don Choimisiún aon choigeartú is gá i gcás athruithe ar bhallraíocht san Aontas Eorpach dá éis a thíolacadh.

(7)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais laistigh den Chomhlacht Feidhmiúcháin, a leagan síos, ós rud é go mbeidh na cinntí a dhéanann sé ina gceangal ar an Aontas.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.    Sa 41ú seisiún de chuid Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin Aeir, saothróidh an tAontas Eorpach an cuspóir seo a leanas: an mhodheolaíocht a leagan síos lena bhféadfar coigeartuithe a dhéanamh ar bhunlínte astaíochtaí agus ar ghealltanais laghdaithe astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dtáblaí 2-6 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg, lena áirithiú gur féidir luachanna an Aontais Eorpaigh sna táblaí sin a choigeartú chun líon iomlán bhunlínte astaíochtaí agus gealltanas laghduithe astaíochtaí a Bhallstát a léiriú go hiomchuí, tar éis athruithe a theacht ar an mballraíocht san Aontas Eorpach.

2.    D'fhonn an 41ú seisiún de chuid Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin Aeir, agus chun an cuspóir a shainítear i mír 1 a bhaint amach, déanfaidh an tAontas Eorpach an togra le haghaidh na modheolaíochta riachtanaí coigeartuithe is gá atá i gCeangal leis an gCinneadh seo a thíolacadh.

3.    Cuirfidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, an togra seo in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.

Airteagal 2

Féadfaidh an tAontas Eorpach tacú le leasuithe arna moladh ag Páirtithe eile sa Choinbhinsiún ar choinníoll go rannchuideoidh siad le cuspóirí an Aontais Eorpaigh a liostaítear in Airteagal 1 a bhaint amach.

Airteagal 3

D'fhéadfaí mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a chomhaontú, i bhfianaise forbairtí ag an 41ú seisiún de Chomhdháil Feidhmiúcháin Choinbhinsiúin an Aeir, idir ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 4

A luaithe a ghlacfaidh Comhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin Aeir an mhodheolaíocht lena bhféadfar na coigeartuithe sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, na coigeartuithe is gá lena gcuirtear an mhodheolaíocht sin chun feidhme.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    81/462/CEE: Cinneadh ón gComhairle an 11 Meitheamh 1981 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le haerthruailliú trasteorann fadraoin, IO L 171, 27.6.1981, lgh. 11–24.
(2)    2003/507/CE: Cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le haontachas an Chomhphobail Eorpaigh leis an bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin chun Laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún, IO L 179, 17.7.2003 lgh. 0001 – 0002; Cinneadh ón gComhairle (AE) 2017/1757 an 17 Iúil 2017 maidir le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, le leasú ar Phrótacal 1999 a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin chun Laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún, IO L 248, 27.9.2017, lgh. 3–75.
(3)    An Bheilg, An Bhulgáir, An Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, An Danmhairg, An Eastóin, An Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn (stádas na ndaingnithe an 1 Deireadh Fómhair 2020).
(4)    An Bhulgáir, An Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, An Danmhairg, An Eastóin, An Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an Spáinn agus an tSualainn (stádas na ndaingnithe an 1 Deireadh Fómhair 2020).
(5)    Rialacha nós imeachta sheisiúin an Chomhlachta Feidhmiúcháin le haghaidh an Choinbhinsiúin maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin arna ghlacadh le cinneadh 2010/19 agus arna leasú le cinneadh 2013/1, Riail 29.
(6)    Cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin 2017/3, https://www.unece.org/fileadmin/DAM/env/documents/2017/AIR/EB/EB_Decisions_2017_3-E.pdf  
(7)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(8)    Cinneadh 2017/3 ó Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin Aeir, https://www.unece.org/fileadmin/DAM/env/documents/2017/AIR/EB/EB_Decisions_2017_3-E.pdf  
Top

An Bhruiséil,15.12.2020

COM(2020) 801 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le tíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, togra le haghaidh cinneadh ó Chomhlacht Feidhmiúcháin maidir leis an modheolaíocht le haghaidh coigeartuithe chun athruithe ar an mballraíocht san Aontas Eorpach a léiriú, d'fhonn an 41ú seisiún de chuid an Chomhlachta Feidhmiúcháin faoin gCoinbhinsiún Aerthruailliú Trasteorann Fadraoin, agus maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa seisiún seo


Togra ón Aontas Eorpach le haghaidh cinneadh ón gComhlacht Feidhmiúcháin faoin gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin: modheolaíocht le haghaidh coigeartuithe ar tháblaí 2-6 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPrótacal chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún, (‘Prótacal Gothenburg ’) arna leasú in 2012, chun athruithe ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt san áireamh.

Dréachtchinneadh maidir le coigeartuithe ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg, arna leasú in 2012, chun athruithe ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt san áireamh

An Comhlacht Feidhmiúcháin,

Ag meabhrú dó cinntí 2013/14 agus 2016/4 uaidh a bhaineann le comhlíontacht an Aontais Eorpaigh leis an bPrótacal chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún (‘Prótacal Gothenburg’)

Á thabhairt ar aird go bhforáiltear maidir le nós imeachta le hAirteagal 13, mír 2, de Phrótacal Gothenburg arna leasú lena bhféadfaidh Páirtí a mholadh go ndéanfar coigeartú ar a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg, ach nach mbeadh na modheolaíochtaí a leagtar amach i gCinntí Comhlachta Feidhmiúcháin 2012/3 agus 2012/12 infheidhme maidir leis na ceangaltais laghdaithe astaíochtaí a choigeartú chun athruithe ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a léiriú,

Ag meabhrú dó cinneadh 2017/3 uaidh maidir le coigeartaithe faoin bPrótacal chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún chun athruithe ar bhallraíocht an Aontais Eorpaigh a thabhairt san áireamh, cinneadh a ghlacadh tar éis togra ón Aontas Eorpach agus óna Bhallstáit mar fhreagra ar an iarraidh ó Pháirtithe an Choinbhinsiúin sa 36ú seisiún de chuid an Chomhlachta Feidhmiúcháin (ECE/EB.AIR/137),

Ar díol sásaimh dóteacht i bhfeidhm an Phrótacail chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún (Prótacal Gothenburg), arna leasú in 2012, an 7 Deireadh Fómhair 2019,

1.Cinneann sé, i gcomhréir le hAirteagal 13, mír 2, de Phrótacal Gothenburg arna leasú, modheolaíocht a bhunú chun coigeartú a dhéanamh ar bhunlínte astaíochtaí agus ar ghealltanais laghdaithe astaíochtaí a liostaítear le haghaidh an Aontais Eorpaigh i dtáblaí 2-6 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg arna leasú, i gcás athruithe i mballraíocht an Aontais Eorpaigh, mar a leanas:

-Is éard a bheidh i mbunlíne astaíochtaí an Aontais Eorpaigh in aghaidh an truailleáin, arna áireamh de réir leibhéil astaíochtaí 2005 ina gcileathonaí i dtáblaí 2-6 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg arna leasú, an líon iomlán bunlínte astaíochtaí in aghaidh an truailleáin le haghaidh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, aon aontachas leis an Aontas Eorpach nó aon tarraingt siar uaidh á thógáil san áireamh.

-Is éard a bheidh i ngealltanais laghdaithe astaíochtaí an Aontais Eorpaigh in aghaidh an truailleáin i dtáblaí 2-6 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg arna leasú an líon iomlán gealltanas laghdaithe astaíochtaí, arna ríomh trí (a) ghealltanais laghdaithe 2020 a leagtar amach le haghaidh gach Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh i dtáblaí 2-6 in Iarscríbhinn II i bPrótacal Gothenburg arna leasú a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí 2005 gach Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh a leagtar amach sna táblaí céanna; agus (b) an líon iomlán torthaí faoi (a) a áireamh mar chéatadán de líon iomlán leibhéil astaíochtaí 2005 Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

-Le haghaidh na modheolaíochta sin, is éard a bheidh i leibhéil astaíochtaí 2005 na hastaíochtaí a liostaítear i dtáblaí 2-6 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg arna leasú, seachas mura leagtar amach aon leibhéal astaíochtaí le haghaidh 2005 in Iarscríbhinn II i gcás sínitheoir nó Páirtí ar leith, agus sa chás sin bainfear leas as na hastaíochtaí 2005 is déanaí a tuairiscíodh. Is éard a bheidh sna gealltanais laghdaithe astaíochtaí le haghaidh na bliana 2020 agus ina dhiaidh na gealltanais a liostaítear i dtáblaí 2-6 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Gothenburg arna leasú, seachas mura leagtar amach aon ghealltanas laghdaithe astaíochtaí le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh in Iarscríbhinn II i gcás sínitheoir nó Páirtí ar leith, agus sa chás sin, cuirfidh an tAontas Eorpach an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaí Feidhmiúcháin Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip i scríbhinn.

2.Cinneann sé go bhféadfaidh an tAontas Eorpach leas a bhaint as an modheolaíocht thuas chun coigeartuithe a chur isteach i scríbhinn chuig Rúnaí Feidhmiúcháin Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip, a chuirfidh na coigeartuithe in iúl mar fhaisnéis do na Páirtithe uile.

Top