EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0682

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

COM/2020/682 final

An Bhruiséil,28.10.2020

COM(2020) 682 final

2020/0310(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

{SEC(2020) 362 final} - {SWD(2020) 245 final} - {SWD(2020) 246 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Pá leordhóthanach a áirithiú d'oibrithe an Aontais, tá sé sin ríthábhachtach maidir le dálaí leordhóthanacha oibre agus maireachtála a ráthú, agus le geilleagair agus pobail chothroma athléimneacha a fhorbairt i gcomhréir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Is gné fhíor-riachtanach de shamhail an Aontais maidir le geilleagar sóisialta margaidh é an pá leordhóthanach. Le cóineasú ar fud na mBallstát sa réimse seo, cuirtear leis an ngealltanas atá ann maidir leis an rathúnas comhroinnte san Aontas.

I mí na Samhna 2017, d'fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (dá ngairtear an Colún anseo feasta) le go ndéanfaí gealltanais na hEorpa maidir le rathúnas, dul chun cinn agus cóineasú a chomhall, agus an Eoraip shóisialta a réadú do chách. Le prionsabal 6 den Cholún ar ‘Phá’, iarrtar pá íosta leordhóthanach agus cur i bhfeidhm socrú pá trédhearcach intuartha, socrú a bheidh de réir cleachtais náisiúnta agus lena n‑urramaítear neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. Iarradh sa Chlár Oibre Straitéiseach 2019–2024 , arna chomhaontú ag an gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2019, go gcuirfí an Colún chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

I dTreoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin 2019-2024, fógraíodh Plean Gníomhaíochta chun an Colún a chur chun feidhme, lena n‑áirítear tionscnamh maidir le pá íosta cothrom. I dTeachtaireacht an 14 Eanáir 2020 maidir leis “an Eoraip a bheith láidir sóisialta ar mhaithe leis an aistriú cóir” 1 leagtar amach treochlár d’ullmhúchán an Phlean Gníomhaíochta agus deimhnítear an tiomantas do thionscnamh maidir le pá íosta i measc na bpríomhghnéithe atá le saothrú sa chomhthéacs seo ar leibhéal an Aontais. Seoladh comhairliúchán céadchéime leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le pá íosta leordhóthanach a áirithiú d'oibrithe san Aontas an lá céanna 2 .

San aitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2020, is é a dúirt an tUachtarán von der Leyen: “Ach is é lom na fírinne, i gcás an dúrud daoine, nach bhfuil saothrú le fáil acu san obair a thuilleadh. De dheasca na dumpála pá scriostar dínit na hoibre, is measaide an fiontraí a íocann pá cóir agus déantar iomaíocht chóir an Mhargaidh Aonair a shaobhadh. Sin an chúis a gcuirfidh an Coimisiún togra dlí chun cinn chun tacú leis na Ballstáit creat le haghaidh pá íosta a chur ar bun. Ní mór do gach duine a bheith in ann pá íosta a shaothrú, bíodh sin trí chomhaontuithe comhchoiteanna nó trí phá íosta reachtúil.” 

Tairbhíonn idir oibrithe agus ghnólachtaí san Aontas ó fheabhas a chur ar dhálaí oibre agus maireachtála, lena n‑áirítear trí phá íosta leordhóthanach. Trí aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí móra maidir le cumhdach agus le leordhóthanacht pá íosta, cuirtear feabhas ar chothroime mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh, spreagtar feabhsuithe maidir le táirgiúlacht agus le dul chun cinn agus cothaítear dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta. Ba cheart iomaíocht chóir laistigh den Mhargadh Aonair a bhunú ar nuálaíocht agus ar fheabhsuithe maidir le táirgiúlacht, agus ar ardchaighdeáin shóisialta chomh maith.

Níor choinnigh an pá íseal suas le cineálacha pá eile leis na blianta deireanacha anuas i roinnt mhaith Ballstát. Treochtaí struchtúracha lena ndéantar margaí saothair a athstruchtúrú amhail an domhandú, an digitiú, agus an borradh faoi chineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, go háirithe san earnáil seirbhísí, is iad is cúis le méadú a bheith tagtha ar pholarú na hoibre agus dá réir sin le cion méadaitheach gairmeacha ar bheagán oiliúna agus ar bheagán pá a bheith ann, agus tá curtha acu le creimeadh na múnlaí cómhargála traidisiúnta. Tháinig as sin bochtaineacht lucht oibre agus neamhionannas pá.

Is móide an tábhacht a bhaineann le ról pá íosta le linn cor chun donais eacnamaíoch. Earnálacha ag a bhfuil cion níos airde oibrithe ar phá íseal amhail an miondíol agus an turasóireacht, is iad is mó atá buailte ag géarchéim COVID‑19, agus ba mhó an tionchar a bhí aici ar na sciartha den daonra atá faoi mhíbhuntáiste. Is den fhíor-riachtanas í an rochtain ar phá íosta leordhóthanach a áirithiú d'oibrithe san Aontas chun tacú le téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe ionchuimsitheach.

Is féidir cosaint pá íosta a sholáthar trí chomhaontuithe comhchoiteanna (rud a dhéantar i 6 Bhallstát) nó trí phá íosta reachtúil arna leagan síos i ndlí (rud a dhéantar i 21 Bhallstát).

Nuair a shocraítear cosaint pá íosta ar leibhéal leordhóthanach, áirithítear caighdeán sásúil maireachtála d'oibrithe, cuidítear le héileamh intíre a chothabháil, neartaítear na dreasachtaí atá ann chun obair a dhéanamh, agus laghdaítear bochtaineacht lucht oibre agus neamhionannas i measc daoine nach dtuilleann tuarastal ard. Ina theannta sin, leis an gcosaint pá íosta tugtar tacaíocht don chomhionannas inscne, mar i measc na ndaoine a thuilleann pá íosta nó a thuilleann tuarastal gar don phá íosta, is mó bean ná fear ann.

Mar sin féin, tá go leor oibrithe san Aontas nach gcumhdaítear maidir le pá íosta leordhóthanach.

I bhformhór na mBallstát a bhfuil pá íosta reachtúil náisiúnta acu, bíonn an pá íosta ró‑íseal i gcomparáid le tuarastail eile nó chun caighdeán sásúla maireachtála a chur ar fáil, fiú má tháinig méadú orthu le roinnt blianta anuas. Go háirithe, is lú an pá íosta reachtúil náisiúnta 3 ná 60 % den ollphá airmheánach agus/nó 50 % den mheán‑ollphá i roinnt Ballstát 4 . In 2018, maidir le saothraí singil an phá íosta, níor leordhóthanach mar ioncam an pá íosta reachtúil le go mbainfeadh sé amach tairseach riosca na bochtaineachta i 9 mBallstát. Ina theannta sin, déantar grúpaí sonracha oibrithe a eisiamh ón gcosaint maidir le pá íosta reachtúil náisiúnta. Is gnách gur cion íseal oibrithe ar phá íseal agus pá íosta ard a bhíonn ag na Ballstáit a bhfuil cumhdach cómhargála ard acu. Mar sin féin, sna Ballstáit a bhíonn ag brath go heisiach ar an gcómhargáil freisin, tá roinnt oibrithe ann nach gcumhdaítear le rochtain ar chosaint pá íosta. An cion oibrithe nach gcumhdaítear, is idir 10 % agus 20 % atá ann i gceithre thír, agus is 55 % atá ann i dtír amháin.

Ina fhianaise sin, tá sé mar aidhm sa Treoir atá beartaithe a áirithiú go gcumhdaítear na hoibrithe san Aontas le pá íosta leordhóthanach lena gcuirtear ar a gcumas tuarastal sásúil a bheith acu cibé áit ina mbíonn siad ag obair. Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, bunaítear leis an togra creat chun feabhas a chur ar leordhóthanacht pá íosta agus chun rochtain níos mó ar chosaint pá íosta a thabhairt d'oibrithe. Tá na cuspóirí sin ábhartha do chórais phá íosta reachtúil agus do na daoine a bhíonn ag brath ar chómhargáil. An Treoir atá beartaithe, tá sí ceaptha na cuspóirí sin a bhaint amach agus aird á tabhairt ar shonraíochtaí na gcóras náisiúnta agus lánurraim á tabhairt dóibh, na hinniúlachtaí náisiúnta, neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus saoirse chonarthach. Tá sí ceaptha freisin cosaint a thabhairt do rochtain ar fhostaíocht agus na tionchair ar chruthú post agus ar iomaíochas a chur san áireamh, lena n‑áirítear SMEanna. Soláthraítear léi solúbthacht leordhóthanach le forbairtí sóisialta agus eacnamaíocha a chur san áireamh, lena n‑áirítear táirgiúlacht agus treochtaí nua fostaíochta.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, áiritheofar sa Treoir atá beartaithe go gcuirfear chun cinn an chómhargáil faoi phá sna Ballstáit uile. Tá ról lárnach ag an gcómhargáil maidir le cosaint pá íosta leordhóthanach. Na tíortha a bhfuil cumhdach ard maidir le cómhargáil acu, is gnách go mbíonn cion níos lú oibrithe ar phá íseal iontu, pá íosta níos airde i gcoibhneas leis an tuarastal airmheánach, neamhionannas pá níos ísle, agus pá níos airde ná an chuid eile. Sna Ballstáit inar comhaontuithe comhchoiteanna amháin a sholáthraíonn cosaint pá íosta, is le tréithe agus le feidhmiú an chórais chómhargála go díreach a chinntear a leordhóthanacht agus cion na n‑oibrithe a bhfuil cosaint acu. Sna Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil náisiúnta i bhfeidhm iontu, bíonn tionchar láidir ag an gcómhargáil ar leordhóthanacht pá íosta. Leis an gcómhargáil, áirítear pá a bheidh os cionn an íosleibhéil arna leagan síos i ndlí agus spreagtar feabhsuithe i dtaca leis an dlí, trí athrú a dhéanamh ar fhorbairtí ginearálta tuarastail. Brúnn sé ar aghaidh méaduithe táirgiúlachta freisin.

Do na tíortha a bhfuil pá íosta reachtúil acu, áiritheofar sa Treoir atá beartaithe go gcuirfidh na Ballstáit na dálaí ar bun lena socrófar pá íosta reachtúil ar leibhéal leordhóthanach, agus dálaí socheacnamaíocha á gcur san áireamh acu chomh maith le difríochtaí réigiúnacha agus earnála. Le critéir, a shainítear ar bhealach soiléir cobhsaí agus lena bhféachtar le leordhóthanacht a chur chun cinn, in éineacht le creat rialachais lena bhforáiltear do nuashonraithe tráthrialta agus do pháirtíocht éifeachtúil ó na comhpháirtithe sóisialta, cuidítear le leordhóthanacht pá íosta reachtúil a áirithiú. Sa Treoir atá beartaithe, féachtar freisin le feabhsuithe breise i dtaca le leordhóthanacht a bhaint amach trí mhodhnuithe ar rátaí pá íosta reachtúil a chur i bhfeidhm thar ceann meithleacha oibrithe ar leith nó asbhaintí as an luach saothair a theorannú chuig an méid is ísle is féidir.

Ar deireadh, féadfar nach gcumhdófar oibrithe go leordhóthanach le pá íosta de bhrí nach gcomhlíonfaí comhaontuithe comhchoiteanna atá ann cheana nó forálacha dlí náisiúnta. Comhlíontacht agus forfheidhmiú éifeachtúil a áirithiú, tá sé sin fíor-riachtanach le go dtairbheoidh oibrithe de rochtain éifeachtúil ar chosaint pá íosta agus le go gcumhdófar gnólachtaí ar iomaíocht mhíchothrom. Dá bhrí sin, sa Treoir atá beartaithe, féachtar le comhlíontacht a chur chun cinn chomh maith le forfheidhmiú agus faireachán san uile Bhallstát a neartú ar bhealach comhréireach, ionas nach gcruthófar léi ualach riaracháin iomarcach díréireach do ghnólachtaí an Aontais, lena n‑áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Le Treoirlíne 5 de Chinneadh (AE) 2020/1512/AE ón gComhairle 5 iarrtar ar na Ballstáit, lena n‑áirítear na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil náisiúnta acu, le páirtíocht éifeachtúil comhpháirtithe sóisialta i socrú pá a áirithiú, lena bhforálfar do phá lena gcumasófar caighdeán sásúil maireachtála agus lena gceadófar caighdeán sásúil maireachtála agus lena gcuirfear freagrúlacht leormhaith an phá i leith forbairtí táirgiúlachta san áireamh, ar mhaithe le cóineasú aníos. Leis an Treoirlíne, iarrtar ar na Ballstáit an t‑idirphlé sóisialta agus an chómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn. Iarrtar ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe sóisialta á áirithiú go bhfuil gach oibrí i dteideal pá leordhóthanaigh chothroim a bhuí le comhaontuithe comhchoiteanna nó le pá íosta leordhóthanach reachtúil agus lena gcuirtear san áireamh a dtionchar ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar bhochtaineacht lucht oibre. Tá sé mar aidhm ghinearálta ag an togra a áirithiú go gcumhdófar na hoibrithe san Aontas le pá íosta leordhóthanach. Áirítear ar a chuid spriocanna cur chun cinn na cómhargála, tacaíocht a thabhairt do pháirtíocht comhpháirtithe sóisialta, agus critéir shoiléire chobhsaí a leagan síos, lena dtacaítear le leordhóthanacht pá íosta reachtúil.

Le Treoir 2019/1152/AE 6 iarrtar go gcuirfear oibrithe ar an eolas maidir leis na gnéithe fíor-riachtanacha dá bpost lena n‑áirítear luach saothar. Foráiltear sa Treoir atá beartaithe go ndéanfaidh na Ballstáit critéir shoiléire chobhsaí a shainiú, nuashonraithe tráthrialta ar phá íosta reachtúil a áirithiú, chomh maith le páirtíocht éifeachtúil na gcomhpháirtithe sóisialta, agus forbairtí i dtaca le pá íosta reachtúil á ndéanamh níos trédhearcaí ar an mbealach sin.

Le Treoir 2014/67/AE 7 foráiltear go gcuirfear feabhas ar an rochtain ar fhaisnéis d'oibrithe ar postú, go háirithe, trí shuíomhanna gréasáin náisiúnta oifigiúil amháin maidir le postú a chur bhfeidhm i ngach Ballstát. Ceanglaítear léi freisin go gcumhdófar leis an bhfaisnéis ábhartha na rátaí íosta pá éagsúla agus a gcomhghnéithe i gcás ina leagtar síos dálaí fostaíochta i gcomhaontuithe comhchoiteanna i gcomhréir le Treoir 96/71. Le Treoir 2014/67/AE foráiltear go socrófar sásra dliteanas fochonraitheoireachta lena gcumhdófar an earnáil tógála ar a laghad agus na rátaí íosta pá. Le rochtain éasca ar fhaisnéis maidir le rátaí pá íosta reachtúil dá bhforáiltear i dTreoir 2014/67/AE, tacaítear le cuspóirí an togra, eadhon cosaint maidir le pá íosta leordhóthanach a áirithiú san Aontas Eorpach. Trí fhorfheidhmiú creataí pá íosta reachtúil a neartú, lena dtacaítear le forbairt córais iontaofa faireacháin agus bailithe sonraí agus lena soláthraítear rochtain ar shásraí éifeachtúla maidir le réiteach díospóidí agus an ceart chun sásaimh a thabhairt d’oibrithe, rannchuidítear freisin, leis an Treoir atá beartaithe, le cuspóirí Threoir 2014/67/AE.

Le Treoir 2006/54/CE 8 féachtar lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme prionsabal na gcomhdheiseanna agus na córa comhionainne d'fhir agus do mhná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha. Ós rud é gur mná iad tromlach na saothraithe pá íosta, leis an togra seo tacófar le comhionannas inscne agus leis an mbearna phá idir na hinscní a laghdú trí chreat a shocrú do phá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, sa Treoir atá beartaithe, rannchuidítear go hindíreach le cur chun feidhme éifeachtúil cuspóirí beartais Threoir 2006/54/CE.

Le Treoir 2000/78/CE 9 , toirmeasctar idirdhealú díreach nó indíreach san fhostaíocht, de réir aoise go háirithe, i dtaca le dálaí oibre lena n‑áirítear pá (Airteagal 3 (c)). Fágann sin go gceadaítear cóireáil dhifreálach a bheith ann más rud é go mbíonn údar oibiachtúil réasúnach leis de bharr aidhm dhlisteanach amhail beartas fostaíochta nó cuspóirí gairmoiliúna. An Treoir atá beartaithe, tá sí comhsheasmhach leis an gcur chuige sin mar go gceanglaítear léi go gcoinneofar athruithe ar rátaí pá íosta reachtúil ag an méid is ísle is gá agus, más rud é go mbíonn údar oibiachtúil réasúnach leo de bharr aidhm dhlisteanach, agus go mbeidh siad neamh‑idirdhealaitheach, comhréireach agus teoranta ó thaobh ama de.

Sa Mholadh ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2008 maidir le daoine a eisiatar ó mhargadh an tsaothair a chuimsiú go gníomhach 10 , cuirtear ag croílár ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát poist ardcháilíochta trí bhíthin tacaíocht leordhóthanach ioncaim agus beartais chuimsitheacha maidir leis an margadh saothair, lena n‑áirítear pá agus dálaí oibre, d'fhonn bochtaineacht i measc lucht oibre a chosc. Sa Treoir atá beartaithe, féachtar le feabhas a chur ar dhálaí oibre agus bochtaineacht lucht oibre trí chreat a bhunú le haghaidh leibhéil phá íosta leordhóthanach agus le haghaidh rochtain ar chosaint pá íosta dá bhforáiltear le comhaontuithe comhchoiteanna nó a shocraítear i bhforálacha dlíthiúla.

Sa Treoir atá beartaithe, tagraítear go díreach do ‘chlásal sóisialta’ Threoir 2014/24/AE 11 maidir le soláthar poiblí, ar féidir é a aimsiú i dTreoir ghaolmhar 2014/23/AE 12 agus i dTreoir 2014/25/AE 13 . Leis an ‘gclásal sóisialta’ dá dtagraítear, ceanglaítear ar na Ballstáit roinnt beart a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha oibleagáidí an dlí saothair is infheidhme i gcur i gcrích an tsoláthair phoiblí agus conarthaí lamháltais. Chuige sin, sa Treoir atá beartaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha comhlíontach le linn conarthaí poiblí nó conarthaí lamháltais leis an bpá a shocraítear sna comhaontuithe comhchoiteanna iomchuí nó leis an bpá íosta reachtúil más ann dóibh. Is féidir leis seo rannchuidiú le forfheidhmiú na gceanglas arna socrú i ‘gclásal sóisialta’ na dTreoracha thuasluaite a neartú.

Rinneadh anailís mar is iomchuí ar ábhar na ngníomhartha thuasluaite agus cuireadh ábhar na ngníomhartha sin san áireamh sa phróiseas ullmhúcháin don Treoir atá beartaithe. De thoradh air sin, tá an togra comhleanúnach, ar thaobh amháin, leis na forálacha atá ann cheana agus, ar an taobh eile, tugtar forbairtí reachtacha isteach is gá chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

An Treoir atá beartaithe, rannchuideoidh sé le cuspóirí an Aontais maidir le leas a phobal a chur chun cinn, lena bhforbraítear geilleagar margaidh sóisialta ina mbíonn iomaíocht ghéar (Airteagal 3 CFAE) agus lena gcuirtear chun cinn dálaí maireachtála agus oibre feabhsaithe (Airteagal 151 CFAE). Tugtar aghaidh inti freisin ar na cearta a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i dtaca le ceart oibrithe chun dálaí cothroma córa (Airteagal 31). Sa Treoir atá beartaithe rannchuideofar chomh maith céanna leis na prionsabail seo a leanas de chuid Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme:

·Prionsabal 6 (Pá): I gcomhréir leis an bprionsabal sin, tá sé beartaithe leis an togra pá íosta leordhóthanach a áirithiú, ionas go mbeidh ag oibrithe san Aontas pá cothrom lena bhforálfar do chaighdeán sásúil maireachtála, agus traidisiúin náisiúnta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á n‑urramú go hiomlán. Foráiltear leis freisin go socrófar pá íosta reachtúil ar bhealach trédhearcach intuartha.

·Prionsabal 8 (Idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht oibrithe): Leis an togra féachtar le cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn d'fhonn cosaint pá íosta a chothú dá bhforáiltear le comhaontuithe comhchoiteanna agus féachtar le páirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn i socrú, in nuashonrú, agus i bpá íosta reachtúil a chur chun feidhme.

·Prionsabal 2 (Comhionannas inscne): Ós rud é gur mná iad tromlach na saothraithe pá íosta, leis an togra seo tacófar le comhionannas inscne agus leis an mbearna phá idir na hinscní a laghdú, trí thacú le pá íosta leordhóthanach.

·Prionsabal 3 (Comhionannas Deiseanna): Tá an ceart ag gach duine chun an chóir chomhionann agus comhionannas deiseanna a bheith acu gan beann ar inscne, ar aois, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas ná ar ghnéaschlaonadh. Trí rochtain ar chosaint pá íosta leordhóthanach a áirithiú do na hoibrithe san Aontas, cuideoidh an togra leis an gcóir chomhionann a áirithiú agus le comhionannas deiseanna a chothú.

An Treoir atá beartaithe, tá sé comhleanúnach le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh. I gcomhréir le Treoirlíne Fostaíochta 5, tríd an tionscnamh seo, tacaítear lenar iarradh ar na Ballstáit sa Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2021 14 chun bearta a ghlacadh chun dálaí córa oibre a áirithiú. Thairis sin, tacaítear leis na spriocanna a socraíodh sa Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020 15 , agus dá réir sin, i gcomhthéacs scoilteanna méadaitheacha sóisialta, is mórchuspóir beartais é a áirithiú go mbeidh pá cothrom á thuilleamh ag gach oibrí san Aontais. Tá sé chomhsheasmhach freisin le Moltaí Tírshonracha arna n‑eisiúint chuig roinnt Ballstát ó 2011 16 . 

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an Treoir atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 153(1) (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena bhforordaítear go dtacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát i réimse na ndálaí oibre, laistigh de theorannacha phrionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta (Airteagal 5(3) agus 5(4) CFAE). Ós rud é nach bhfuil bearta sa Treoir a mbíonn tionchar díreach acu ar an leibhéal pá, urramaítear léi na teorannacha a fhorchuirtear ar ghníomhaíocht an Aontais ag Airteagal 153(5) CFAE.

Le hAirteagal 153(2), ceadaítear íoscheanglais a shocrú trí bhíthin treoracha, gan srianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Is gné ríthábhachtach de dhálaí oibre leordhóthanacha í an rochtain ar phá íosta lena ndéantar caighdeán sásúil maireachtála a ráthú. Cé gur faoi inniúlacht na mBallstát a thagann pá ar an leibhéal náisiúnta, is cuid de dhálaí oibre iad na difríochtaí móra i gcaighdeáin chun rochtain a fháil ar phá íosta leordhóthanach, agus cruthaítear neamhréireachtaí tábhachtach sa Mhargadh Aonair leo, ar ar leibhéal Aontais is fearr is féidir aghaidh a thabhairt orthu.

Bíonn tionchar ag an leordhóthanacht neamhleor agus/nó ag bearnaí i cumhdach pá íosta ar thromlach na mBallstát. Cuireann na fadhbanna seo isteach ar oibrithe sna tíortha a bhfuil pá íosta reachtúil i bhfeidhm iontu agus sna tíortha a bhraitheann ar an gcómhargáil. Thairis sin, tá níos mó oibrithe ar dóigh go ndéanfar difear dóibh mar gheall ar an meath leanúnach ar an gcómhargáil agus an polarú méadaithe ar na margaí saothair. Ag breathnú chun tosaigh, cruthaítear dúshláin leis seo maidir le cothrom na Féinne a chur ar bun sa Mhargadh Aonair agus lena áirithiú go mbunaítear an iomaíocht ar ardchaighdeáin shóisialta, ar nuálaíocht agus ar fheabhsuithe maidir le táirgiúlacht.

Tá beartais phá íosta faoi réir faireachas iltaobhach laistigh den Seimeastar Eorpach, agus tá treoir bheartais tugtha ag an Aontas Eorpach do Bhallstáit áirithe. Mar sin féin, níor leor gníomhaíocht náisiúnta le haghaidh a thabhairt ar leordhóthanacht neamhleor agus/nó cumhdach neamhleor pá íosta, cé go bhfuil bearta glactha ag roinnt Ballstát chun feabhas a chur ar a gcórais cosaint pá íosta. San am céanna, d'fhéadfadh sé gur beag fonn a bheadh ar thíortha aonair feabhas a chur ar a gcuid socruithe pá íosta de bharr na tuairime go bhféadfadh sin tionchar diúltach a imirt ar an iomaíochas maidir le costas seachtrach.

Beidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh níos éifeachtaí maidir le pá íosta a neartú ná gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta. Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, leagfar amach ionchais níos soiléire, áiritheofar nach neamhiomlán ná míchothrom a bhíonn dul chun cinn, agus déanfaidh sé muinín a threisiú i measc na mBallstát agus comhpháirtithe sóisialta. Cuideoidh sé seo leis an mborradh is gá a sholáthar chun sásraí socrú pá a leasú ar an leibhéal náisiúnta. Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, cuideofar le cothrom iomaíochta a áirithiú sa Mhargadh Aonair trí chabhrú le haghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí móra i gcumhdach agus i leordhóthanacht pá íosta nach bhfuil údar cuí leo i bhfianaise dálaí eacnamaíocha foluiteacha. Ní féidir é seo a bhaint amach go leordhóthanach trí ghníomhaíocht neamh‑chomhordaithe ag na Ballstáit.

Leis an Treoir atá beartaithe, leagtar amach creat íoschaighdeán agus déantar inniúlachtaí na mBallstát a urramú ann maidir le caighdeáin níos airde a leagan síos, gan dochar don ról a fhéadfaidh na Ballstáit a chur ar iontaoibh do chomhpháirtithe sóisialta, dar le traidisiúin náisiúnta agus le lánurraim do shaoirse conarthaí comhpháirtithe sóisialta. I gcomhréir le hAirteagal 153(2)(b) CFAE, leis an Treoir seo, tacófar le gníomhaíochtaí na mBallstát agus comhlánóidh sí iad trí cheanglais íosta maidir leis an gcur chun feidhme de réir a chéile.

Comhréireacht

Leis an Treoir atá beartaithe, foráiltear d’íoschaighdeáin lena n‑áirítear dá bhrí sin go gcoinneofar an idirghabháil ar an leibhéal is lú is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an togra. Na Ballstáit a bhfuil forálacha níos fabhraí i bhfeidhm acu seachas mar atá curtha chun cinn sa Treoir atá beartaithe, ní bheidh orthu a gcórais socraithe pá íosta a athrú. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh dul thar na caighdeáin íosta a leagtar amach sa Treoir seo.

Urramaítear traidisiúin náisiúnta seanbhunaithe maidir le socrú pá íosta sa togra seo. Go háirithe, urramaítear inniúlachtaí na mBallstát agus comhpháirtithe sóisialta chun leibhéal a bpá íosta a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 153(5) CFAE. Leanfar de chosaint pá íosta a sholáthar trí chomhaontuithe comhchoiteanna nó trí fhorálacha dlíthiúla, agus le lánurraim d’inniúlachtaí náisiúnta agus do shaoirse chonarthach na gcomhpháirtithe sóisialta.

Thairis sin, leis an Treoir atá beartaithe, ceadaítear do na Ballstáit a forálacha a chur chun feidhme, go háirithe na forálacha a bhaineann le cómhargáil agus pá íosta reachtúil, agus aird á tabhairt ar a ndálaí eacnamaíocha náisiúnta agus ar shonraíochtaí a gcóras socraithe pá íosta.

Dá bhrí sin, fágtar an oiread scóip is féidir do chinntí náisiúnta, agus cuspóirí a gcinntí á mbaint amach maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre trí chreat a bhunú ina mbeidh rochtain ag oibrithe san Aontas ar chosaint pá íosta. Tugtar urraim do phrionsabal na comhréireachta agus cuirtear méid agus cineál na bhfadhbanna sainaitheanta san áireamh.

An rogha ionstraime

Foráiltear go sainráite in Airteagal 153(2)(b) agus in Airteagal 153(1)(b) CFAE, le chéile, gur Treoracha an ionstraim dlí a úsáidfear chun na ceanglais íosta i dtaca le dálaí oibre a bhunú agus beidh ar na Ballstáit iad a chur chun feidhme de réir a chéile.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE, chuir an Coimisiún comhairliúchán dhá chéime i gcrích leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le bearta a d'fhéadfadh an tAontas Eorpach a dhéanamh i réimse an phá íosta:

·Ar an gcéad chéim, idir an 14 Eanáir agus an 25 Feabhra 2020, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an ngá le tionscnamh maidir le pá íosta, agus an treo a d’fhéadfaí a ghlacadh 17 .

·Ar an dara céim, idir an 3 Meitheamh agus an 4 Meán Fómhair 2020, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta maidir le hábhar agus le hionstraim dhlíthiúil an togra atá beartaithe 18 .

D'aontaigh eagraíochtaí oibrithe leis na cuspóirí agus leis an ábhar a d'fhéadfadh a bheith sa tionscnamh, mar a aithníodh i ndoiciméad comhairliúcháin sa dara céim. Chuir siad i dtreis gur cheart traidisiúin náisiúnta agus neamhspleáchas comhpháirtithe sóisialta a urramú. Thug eagraíochtaí oibrithe tacaíocht ghinearálta don chuid is mó de na cuspóirí agus don treo a d'fhéadfadh tionscnamh an Aontais Eorpaigh glacadh, mar a luaitear sa doiciméad comhairliúcháin. Mar sin féin, thug cuid díobh i gceist an luach breise a bhain le bearta rialála an Aontais Eorpaigh maidir le socrú pá íosta i bhfianaise éagsúlacht na gcreataí náisiúnta agus chuir siad i dtreis nach mór urramú iomlán a dhéanamh ar inniúlachtaí na mBallstát agus/nó na gcomhpháirtithe sóisialta.

Cé gur iarr na ceardchumainn ar an gCoimisiún Treoir a mholadh lena mbainfeadh íoscheanglais íosta cheangailteacha, ní raibh aon cheann de na heagraíochtaí oibrithe i bhfabhar treoir cheangailteach i réimse an phá íosta.

Ní raibh aon chomhaontú idir na comhpháirtithe sóisialta maidir le dul i mbun caibidlíochta chun comhaontú a thabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais, dá bhforáiltear in Airteagal 155 CFAE.

Bailíodh tuairimí an phobail sna freagraí a tugadh ar an suirbhé caighdeánach Baraiméadair 92 (Fómhar 2019), ina raibh ceisteanna faoi thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh (lena n‑áirítear an pá íosta).

Rinneadh tuairimí a mhalartú leis na Ballstáit ar bhealach níos spriocdhírithe trí na Coistí Comhairle seo a leanas: an Coiste Fostaíochta, an Coiste um Chosaint Shóisialta, agus an Coiste um Beartas Eacnamaíoch 19 . Ghlac Parlaimint na hEorpa 20 agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 21 tuairimí is ábhartha do thionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le pá íosta leordhóthanach 22 .

Bailiú agus úsáid saineolais

Thairis sin, cheadaigh an Coimisiún staidéir ó shaineolaithe seachtracha chun fianaise a bhailiú mar thacaíocht don mheasúnú tionchair sin. Áirítear leis sin:

·Staidéar ar “Indexation of statutory minimum wage” [“Innéacsú an phá íosta reachtúil”] le Diane Delaurens agus Etienne Wasmer 23 ;

·Staidéar ar “Effects of statutory minimum wages on small and medium-sized enterprises” [“Tionchair pá íosta reachtúil ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide”] le Attila Lindner, Coláiste Ollscoile Londan 24 ;

·Staidéar ar “Effects of collectively agreed minimum wages in the Nordic countries” [“Tionchair ar phá íosta a comhaontaíodh sna tíortha Lochlannacha”] le Per Skedinger, Research Institute of Industrial Economics (IFN) 25 .

Thairis sin, tharraing an Coimisiún ar a chonarthaí reatha chun fianaise a bhailiú mar thacaíocht don mheasúnú tionchair sin. Áirítear leis sin:

·Sraith tuarascálacha ó shaineolaithe maidir le córais socraithe pá Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (tuarascáil saineolaí amháin do gach Ballstáit) arna soláthar ag an Lárionad Eorpach Saineolais (ECE);

·Ionsamhlúcháin, laistigh de chreat conartha atá ann cheana, le samhail sochair chánach OECD maidir le táscairí leordhóthanachta agus tionchair dreasachta pá íosta.

Laistigh den chreat comhoibrithe atá ann cheana le Eurofound, is é a d’iarr agus a fuair an Coimisiún:

·Trí thuarascáil tíre maidir le socrú agus le leordhóthanacht pá íosta chomh maith le díospóireachtaí beartais ábhartha lena ndírítear ar an Ostair, ar an Iodáil agus ar an gCipir.

I measúnú an Choimisiúin, bhíothas ag brath ar mhapáil beartas sna Ballstáit, agus ar léirbhreithniú na litríochta agus na ndíospóireachtaí beartais ábhartha sa réimse. Thairis sin, rinne Ard‑Stiúrthóireachtaí éagsúla de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ionchur anailíseach a sholáthar 26 . Go háirithe, rinneadh anailís mhion‑ionsamhúcháin ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus fhioscacha pá íosta agus úsáid á baint as samhail Euromod. Thairis sin, rinneadh ionsamhlúcháin samhailbhunaithe le tionchar maicreacnamaíoch pá íosta a mheas agus úsáid á baint as samhail QUEST. Ar deireadh, rinneadh anailís ar thréithe saothraithe pá íosta agus pá íseal bunaithe ar shonraí aonair anaithnidithe ó shuirbhéanna EU-SILC agus EU-SES.

Measúnú tionchair

De réir an bheartais maidir le Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún Measúnú Tionchair ar roinnt roghanna beartais. Chun tacú leis an obair sin rinneadh comhairliúchán struchtúrtha laistigh den Choimisiún trí Ghrúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse.

Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB), agus pléadh leis an mBord é. Na moltaí a rinne RSB sa chéad tuairim (dhiúltach) uaidh an 2 Deireadh Fómhair 2020, tugadh aghaidh orthu trí: (i) dealú níos fearr idir na fadhbanna, sainchuspóirí, réitigh mholta, agus a dtionchair maidir leis an gcaoi a dtéann siad i bhfeidhm ar chineálacha difriúla córas socraithe pá íosta; (ii) breis soiléirithe a dhéanamh ar an gcaoi ina ndéantar measúnú ar neamhdhóthanacht pá íosta ar fud na mBallstát; (iii) bunús breise a thabhairt leis an mbealach ina bhfuil an tionscnamh reachtach i gcomhréir leis an mbunús dlí arna roghnú agus le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta; agus (iv) soiléiriú a dhéanamh ar an réasúnaíocht taobh thiar de chomhdhéanamh na bpacáistí beartais a ndearnadh measúnú orthu. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a luaigh an Bord sa dara tuairim (dhearfach le forchoimeádais) uaidh an 14 Deireadh Fómhair 2020, rinneadh breis soiléirithe sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair ar roinnt ghnéithe: an réasúnaíocht taobh thiar de chomhdhéanamh pacáistí roghanna, na bearta is ábhartha do rath gach pacáiste roghanna, an tionchar ar SMEanna, an pacáiste tosaíochta a roghnaíodh agus a impleachtaí do thíortha a bhíonn ag brath ar an gcómhargáil 27 .

Ar feadh obair an Mheasúnaithe Tionchair, breithníodh raon beart ó gach réimse tábhachtach le haghaidh a thabhairt ar an leordhóthanacht neamhleor agus ar bhearnaí i gcumhdach pá íosta. Rinne an Measúnú Tionchair scrúdú ar trí phacáiste beartais, gach ceann arna chomhdhéanamh de mheascán beart difriúil. Sainaithníodh pacáiste tosaíochta tar éis go ndearnadh measúnú ar a n‑éifeachtacht, a n‑éifeachtúlacht, agus a gcomhleanúnachas.

Leis an bpacáiste tosaíochta, iarrtar ar gach Ballstát tacú le cómhargáil maidir le socrú pá, go háirithe nuair a bhíonn cumhdach na cómhargála íseal, chomh maith le cur chun feidhme pá íosta a neartú agus le faireachán a dhéanamh ar a leordhóthanacht agus ar a chumhdach. Sa bhreis air sin, ceanglaítear leis an bpacáiste tosaíochta ar na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil i bhfeidhm iontu, go n‑úsáidfear critéir shoiléire chobhsaí le socrú agus le nuashonrú pá íosta a stiúradh agus go mbeidh ról feabhsaithe ag na comhpháirtithe sóisialta. Thairis sin, ceanglaítear leis an bpacáiste tosaíochta go mbeidh asbhaintí as pá íosta reachtúil agus athruithe orthu teoranta oiread agus is féidir.

Measadh sa Mheasúnú Tionchair gurb é an pacáiste seo an pacáiste is éifeachtaí, is éifeachtúla agus is comhleanúnaí. Léirítear san anailís chainníochtúil a rinneadh ar chás arna bhunú ar mhéadú hipitéiseach ar an bpá íosta go dtí 60 % den ollphá airmheánach go gcuirfí feabhas ar leordhóthanacht pá íosta i dtuairim agus leath na mBallstát. Idir 10 agus 20 milliún oibrithe a thairbheodh de na feabhsuithe seo. I roinnt tíortha, is é an toradh a bheadh ar fheabhsuithe i gcosaint pá íosta laghdú níos mó ná 10 % ar bhochtaineacht lucht oibre agus ar neamhionannas pá agus laghdú tuairim agus 5 % ar an mbearna phá idir na hinscní 28 . Leis na feabhsuithe seo, meastar freisin go gcuirfear feabhas ar dhreasachtaí oibre, go dtabharfar tacaíocht don chomhionannas inscne chomh maith agus go gcuideofar leis an mbearna phá idir na hinscní a laghdú ós rud é gur mná iad tromlach na saothraithe pá íosta (tuairim agus 60 % san Aontas Eorpach).

Ar na tionchair eacnamaíocha a meastar a bheidh ann, áirítear costais saothair níos airde do ghnólachtaí, praghsanna níos airde agus, ar bhonn níos lú, brabús níos lú. Dhéanfaí maolú ar an tionchar ar ghnólachtaí trí mhéadú ar thomhailt saothraithe pá íosta, méadú lena dtacófaí le héileamh intíre. Rachadh méadú níos céimsí níos intuartha ar phá íosta chun tairbhe do ghnólachtaí, SMEanna go háirithe, méadú lena gcuirfí feabhas ar thimpeallacht an ghnó.

Meastar go mbeidh teorainn leis an tionchar diúltach a d'fhéadfadh a bheith ar an bhfostaíocht. D'fhanfadh sí faoi bhun 0.5 % den fhostaíocht iomlán i bhformhór na gcásanna, ach shroichfeadh sí 1 % i dtrí Bhallstát 29 . Is mó go mór a rachadh cosaint pá íosta feabhsaithe chun tairbhe do na hoibrithe lena mbaineann ná an tionchar diúltach ar fhostaíocht a d'fhéadfadh a bheith ann do na hoibrithe sin.

Thairis sin, meastar gur tionchair bheaga a imreofar ar an iomaíochas comhiomlán. Áirítear leis an bpacáiste tosaíochta solúbthacht leordhóthanach lena chumasú do na Ballstáit an luas lena gcuirtear feabhas ar leordhóthanacht pá íosta a chinneadh i bhfianaise dálaí eacnamaíocha agus rioscaí, lena n‑áirítear rioscaí d’earnálacha, do réigiúin agus do SMEanna ar leith.

Cearta bunúsacha

Tá cuspóirí na Treorach atá beartaithe ag teacht le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 31(1) maidir le dálaí oibre cothroma agus córa, lena bhforáiltear go bhfuil ‘ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n‑urramaítear a shláinte, a shábháilteacht agus a dhínit’. Leis an togra éascófar freisin feidhmiú na gceart a aithnítear in Airteagal 23 30 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a thagraíonn go sonrach don chomhionannas idir fir agus mná, toisc go gcuidíonn sé leis an mbearna phá idir na hinscní a laghdú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní éilíonn an togra seo acmhainní breise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní mór do na Ballstáit an Treoir seo a thrasuí dhá bhliain i ndiaidh a glactha agus na bearta forghníomhaithe náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún trí Bhunachar Sonraí MNE. I gcomhréir le hAirteagal 153(3) CFAE, féadfaidh na Ballstáit cúram a chur ar na comhpháirtithe sóisialta an Treoir seo a chur chun feidhme.

Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an tionscnaimh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir lena mheasúnú ar fhorbairtí maidir le leordhóthanacht agus le cumhdach cosaint pá íosta ar bhonn sonraí bliantúla a bheidh le cur fáil ag na Ballstáit. Thairis sin, ba cheart faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i gcreat phróiseas comhordaithe an bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (an Seimeastar Eorpach). Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coiste Fostaíochta scrúdú gach bliain ar staid na cómhargála maidir le socrú pá agus le leordhóthanacht cosaint pá íosta sna Ballstáit ar bhonn na dtuarascálacha a dhéanfaidh an Coimisiún.

Tá an Coimisiún ullamh tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit, go háirithe tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil 31 agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus 32 , chun an Treoir a chur chun feidhme.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir cúig bliana tar éis a trasuite. Thairis sin, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle ina dhiaidh sin tuarascáil lena n‑athbhreithnítear cur chun feidhme na Treorach seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Caibidil I – Forálacha coiteanna 

Airteagal 1 – Ábhar

Leis an bhforáil seo déantar ábhar na Treorach a shainiú, eadhon creat a bhunú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go socrófar pá íosta ar leibhéal leordhóthanach agus go mbeidh rochtain ag oibrithe ar chosaint pá íosta, i bhfoirm pá íosta reachtúil nó pá a shocraítear i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

Déantar a shoiléiriú sa Mhír freisin nach gcuireann an Treoir isteach ar shaoirse na mBallstát chun pá íosta reachtúil a shocrú nó chun rochtain ar chosaint pá íosta a sholáthraítear le i gcomhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn, de réir traidisiún náisiúnta agus le lánurraim do shaoirse chonarthach comhpháirtithe sóisialta. Léirítear lena chois sin nach bhforchuirtear aon oibleagáid leis an Treoir chun pá íosta reachtúil a thabhairt isteach sna Ballstáit i gcás nach ann di nó comhaontuithe comhchoiteanna a dhéanamh infheidhme go huilíoch.

Airteagal 2 – Raon Feidhme

Leis an mír seo déantar raon feidhme na Treorach a shoiléiriú, lena n‑áirítear oibrithe ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta mar a shainítear sa dlí náisiúnta, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh.

Leanadh an cur chuige seo i leith raon feidhme pearsanta na Treorach atá beartaithe freisin chun críocha Treoracha 2019/1152 agus 2019/1158. Ceadaítear leis aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le líon méadaitheach oibrithe i gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta a eisiamh ó raon feidhme na Treorach atá beartaithe, amhail oibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oiliúnaithe agus printísigh. Bheadh feidhm ag an Treoir atá beartaithe maidir leis na hoibrithe sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir arna mbunú ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an sainmhíniú a thugtar ar ‘oibrí’.

Airteagal 3 — Sainmhínithe

Sainmhínítear leis an bhforáil seo roinnt téarmaí agus coincheap is gá chun forálacha na Treorach a thuiscint.

Airteagal 4 – Cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn

Tá sé d'aidhm ag an bhforáil seo raon na cómhargála a mhéadú. Chuige sin, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun inniúlacht comhpháirtithe sóisialta dul i mbun cómhargála maidir le socrú pá a chur chun cinn, agus chun caibidlíochtaí cuiditheacha, tábhachtacha, eolacha maidir le pá a spreagadh.

Thairis sin, na Ballstáit nach gcuirtear raon na cómhargála (mar a shainmhínítear é in Airteagal 3) ar fáil ach do 70 % de na hoibrithe ar a laghad, ceanglaítear orthu foráil a dhéanamh maidir le creat don chómhargáil agus plean gníomhaíochta a bhunú chun an chómhargáil a chur chun cinn.

Caibidil II – Pá íosta reachtúil

Ní bhaineann forálacha na caibidle seo ach le Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil acu.

Airteagal 5 – Leordhóthanacht

D'fhonn leordhóthanacht pá íosta reachtúil á áirithiú, ceanglaítear leis an bhforáil seo ar na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil acu foráil a dhéanamh maidir leis na gnéithe seo a leanas: critéir náisiúnta le haghaidh socrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil arna sainiú ar bhealach cobhsaí soiléir; nuashonraithe rialta tráthúla; agus comhlachtaí comhairleacha a bhunú.

Ba cheart a áirithiú sna critéir náisiúnta, cumhacht ceannaigh pá íosta, leibhéal ginearálta an mheán‑ollphá agus a leithdháileadh, ráta fáis pá íosta, agus forbairtí sa táirgiúlacht oibre. Ba cheart iad a shainiú i gcomhréir le cleachtais náisiúnta, sa reachtaíocht náisiúnta ábhartha, i gcinntí na gcomhlachtaí inniúla nó i gcomhaontuithe tríthaobhacha . Iarrtar freisin ar na Ballstáit leas a bhaint as luachanna tagartha táscacha chun an measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht pá íosta reachtúil, amhail na luachanna a mbaintear úsáid choitianta astu ar an leibhéal idirnáisiúnta 33 .

Airteagal 6 – Athruithe agus asbhaintí

Chun leordhóthanacht pá íosta le haghaidh gach grúpa oibrithe a chur chun cinn, iarrtar leis an bhforáil seo ar na Ballstáit, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, teorainn a chur leis an úsáid a bhaintear as athruithe ar phá íosta reachtúil agus le ham agus le méid a gcur i bhfeidhm.

Déantar foráil san airteagal sin freisin do chosaint pá íosta reachtúil i gcoinne asbhaintí neamhúdaraithe nó asbhaintí díréireacha. Le haidhm dhlisteanach, féadfaidh údar a bheith le hasbhaintí as pá íosta reachtúil, i gcás inar ordaigh údarás breithiúnach é. Asbhaintí eile, amhail na hasbhaintí a bhaineann leis an trealamh is gá chun post a dhéanamh, nó asbhaintí liúntas comhchineáil, amhail lóistín, féadfaidh siad a bheith gan údar nó díréireach.

Airteagal 7 – Páirtíocht comhpháirtithe sóisialta i socrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil

Leis an bhforáil sin ceanglaítear go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta éifeachtach tráthúil i socrú agus i nuashonrú pá íosta reachtúil, lena n‑áirítear trí rannpháirtíocht i gcomhlachtaí comhairleacha a luaitear faoi Airteagal 5. Ceanglaítear ar na Ballstáit páirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i sainmhíniú na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 5, i nuashonrú an phá íosta, i leagan síos athruithe agus asbhaintí a luaitear in Airteagal 6, agus i mbailiú sonraí agus staidéir sa réimse a dhéanamh.

Seachas rannchuidiú le leordhóthanacht pá íosta a áirithiú agus a chaomhnú, is gné eile den dea-rialachas í páirtíocht thráthúil éifeachtacht na gcomhpháirtithe sóisialta lena bhféadfar próiseas cinnteoireachta cuimsitheach a chur ar fáil.

Airteagal 8 – Rochtain éifeachtach oibrithe ar phá íosta reachtúil

Leis an bhforáil seo ceanglaítear ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, chun rochtain éifeachtach na n‑oibrithe ar chosaint pá íosta reachtúil a áirithiú. Rialuithe agus córas an iniúchta allamuigh a threisiú, sin é a bheadh i gceist leis an ngníomhaíocht a éilítear, gníomhaíocht lena dtugtar treoir do na húdaráis forfheidhmithe, agus lena dtugtar eolas leordhóthanach d'oibrithe maidir leis an bpá íosta reachtúil is infheidhme.

Caibidil III – Forálacha cothrománacha

Airteagal 9 – Soláthar poiblí

Leis an bhforáil seo ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha (lena n‑áirítear an slabhra fochonraitheoireachta), le linn dóibh conarthaí poiblí agus conarthaí lamháltais a chomhlíonadh, urraim a thabhairt don phá is infheidhme a comhaontaíodh agus don phá íosta reachtúil i gcás inarb ann dóibh. Féadfar go deimhin neamhurraim a thabhairt d'fhorálacha pá íosta reachtúil nó pá a socraíodh i gcomhaontuithe comhchoiteanna i bhfeidhmiú na gconarthaí sin, neamhurraim ar a mbeidh de thoradh gur lú pá na n‑oibrithe ná an chosaint pá íosta is infheidhme.

Tagann an oibleagáid a leagtar síos leis an bhforáil seo faoi na hoibleagáidí is infheidhme i réimse dhlí an tsaothair a leagtar amach in Airteagail 18(2) agus 71(1) de Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí, Airteagail 36(2) agus 88(1) de Threoir 2014/25/AE maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus Airteagail 30(3) agus 42(1) de Threoir 2014/23/AE maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain. Na forálacha thuas a shoiléiriú agus tagairt a dhéanamh dóibh, tá sé ceaptha tacú lena gcur i bhfeidhm agus iad a neartú i réimse an phá íosta.

Airteagal 10 – Faireachán agus bailiú sonraí

Tagraítear san fhoráil seo do bhunú córas éifeachtach faireacháin agus bailithe sonraí. Ceanglaítear ar na Ballstáit cúram a chur ar a n‑údaráis inniúla uirlisí bailithe sonraí éifeachtacha iontaofa a fhorbairt, uirlisí lenar cheart go gcumasófaí ar na Ballstáit na sonraí ábhartha maidir le raon agus le leordhóthanacht a thuarascáil chuig an gCoimisiún. 

Ceanglaítear leis an bhforáil ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis maidir le comhaontuithe comhchoiteanna agus lena bhforálacha pá trédhearcach agus go bhfuil teacht ag an bpobal uirthi.

D'fhonn faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo, foráiltear go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir lena mheasúnú ar fhorbairtí maidir le leordhóthanacht agus maidir le cumhdach pá íosta ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit. Thairis sin, bunaithe ar thuarascáil an Choimisiúin, chuirfí de chúram an Choiste Fostaíochta scrúdú a dhéanamh ar chómhargáil a chur chun cinn maidir le socrú pá agus le leordhóthanacht pá íosta sna Ballstáit, i gcreat phróiseas comhordaithe an bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 11 - An ceart chun sásaimh agus cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí

Ceanglaítear leis an bhforáil seo ar na Ballstáit a áirithiú, gan dochar do mhodhanna áirithe sásaimh agus do réiteach díospóidí dá bhforáiltear, i gcás inarb infheidhme, i gcomhaontuithe comhchoiteanna, go mbeidh rochtain ag oibrithe agus ag a n‑ionadaithe ar réiteach díospóidí éifeachtach agus neamhchlaonta agus ar an gceart chun sásaimh, lena n‑áirítear cúiteamh leordhóthanach, chomh maith le cosaint éifeachtach ar aon chineál dochair i gcás ina gcinnfidh siad a gceart chun chosanta maidir le cosaint pá íosta socraithe a fheidhmiú. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go dtugann an fostóir cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí d'oibrithe agus dá n‑ionadaithe, rud a d'fhéadfadh oibrithe a dhíspreagadh ó ghearáin a thaisceadh agus a gcearta á sárú.

Airteagal 12 – Pionóis

Ceanglaítear leis an bhforáil seo ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha i gcás sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena mbunaítear cosaint pá íosta.

Caibidil IV – Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 13 – Cur chun feidhme

Leis an bhforáil seo, cuirtear i bhfios, de bhun Airteagal 153(3) CFAE, go bhféadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcásanna ina n‑iarrann na comhpháirtithe sóisialta é sin a dhéanamh agus a fhad agus go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 14 – Faisnéis a scaipeadh

Tá sé d'aidhm ag an bhforáil seo ardú feasachta maidir leis na cearta a dheonaítear leis an Treoir seo, agus freisin maidir le forálacha eile sa réimse céanna atá ann cheana féin, a áirithiú sna Ballstáit.

Airteagal 15 – Meastóireacht agus athbhreithniú

Leagtar síos leis an bhforáil seo go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar an Treoir cúig bliana tar éis a trasuite. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig an gcomhreachtóir ina dhiaidh sin lena ndéantar cur chun feidhme na Treorach a athbhreithniú agus, má mheasann sé gá a bheith leis, déanfaidh sé moltaí go ndéanfar é a athbhreithniú agus a nuashonrú.

Airteagal 16 – Gan dul siar, agus forálacha níos fabhraí

Is foráil chaighdeánach í seo lena gceadaítear do na Ballstáit leibhéal cosanta a thabhairt atá níos airde ná an leibhéal sin a chinntítear leis an Treoir atá beartaithe agus lena n‑áirithítear nach n‑úsáidfear í chun caighdeáin reatha sna réimsí céanna a ísliú.

Airteagal 17 - Trasuí

Is forálacha caighdeánacha iad seo lena mbunaítear an uastréimhse a bheidh ar fáil do na Ballstáit chun an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta agus na téacsanna ábhartha a chur faoi bhráid an Choimisiúin (dhá bhliain) agus an oibleagáid ar Bhallstáit faisnéis i dtaca le cur i bhfeidhm na Treorach seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 18 – Teacht i bhfeidhm

Is foráil chaighdeánach é seo lena sonraítear go dtiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe san Iris Oifigiúil.

Airteagal 19 Seolaithe

Is foráil chaighdeánach í seo maidir leis na seolaithe, á dhéanamh soiléir go bhfuil an Treoir seo dírithe chuig na Ballstáit.

2020/0310 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), i gcomhar le pointe (b) d’Airteagal 153 (1) de

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 34 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 35 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De bhun Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is iad cuspóirí an Aontais, inter alia, dea-bhail a phobal a chur chun cinn agus oibriú ar mhaithe leis an Eoraip a fhorbairt go hinbhuanaithe bunaithe ar gheilleagar margaidh sóisialta ina bhfuil iomaíocht ghéar.

(2)Déantar foráil in Airteagal 31 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 36 don cheart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre lena nurramaítear a shláinte, a shábháilteacht agus a dhínit.

(3)Leagtar síos i gCairt Shóisialta na hEorpa go bhfuil an ceart ag gach oibrí chun dálaí córa oibre. Aithnítear inti an ceart atá ag gach oibrí chun luach saothair cóir atá leordhóthanach le haghaidh caighdeán sásúil maireachtála dó féin agus dá theaghlach. Aithnítear in Airteagal 4 den Chairt ról na gcomhaontuithe comhchoiteanna a chuirtear i gcrích gan bhac gan bheann agus sásraí socraithe pá íosta, chun feidhmiú éifeachtach an chirt sin a áirithiú.

(4)I gCaibidil II de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a fógraíodh an 17 Samhain 2017 in Gothenburg, leagtar síos tacar prionsabal mar threoir chun dálaí córa oibre a áirithiú. Athdhearbhaítear le Prionsabal Uimh. 6 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta an ceart atá ag oibrithe chun pá cóir a chinnteoidh caighdeán sásúil maireachtála. Foráiltear leis freisin go ndéanfar pá íosta leordhóthanach a áirithiú, ar bhealach a fhágann go ndéanfar riachtanais an oibrí agus a theaghlaigh a shásamh i bhfianaise dálaí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta, agus cosnófar rochtain ar fhostaíocht agus dreasachtaí chun obair a lorg san am céanna. Ina theannta sin, meabhraítear ann go gcuirfear cosc ar bhochtaineacht lucht oibre agus go socrófar an pá uile ar bhealach trédhearcach intuartha, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú.

(5)I dTreoirlíne 5 de Chinneadh 2020/1512/AE ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát 37 iarrtar ar na Ballstáit rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta i socrú pá a áirithiú, lena bhforáiltear do phá cóir a éascaíonn caighdeán sásúil maireachtála agus lena gcuirtear freagrúlacht leordhóthanach an phá i leith forbairtí táirgiúlachta san áireamh, ar mhaithe leis an gcóineasú aníos. Sa Treoirlíne iarrtar freisin ar na Ballstáit an tidirphlé sóisialta agus an chómhargáil i socrú pá a chur chun cinn. Iarrtar freisin ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go bhfuil pá leordhóthanach cóir ag gach oibrí a bhuí le comhaontuithe comhchoiteanna nó le pá íosta reachtúil leordhóthanach, agus an tionchar atá ag an méid sin ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar bhochtaineacht lucht oibre a chur san áireamh. Luaitear sa Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2021 38 gur cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun dálaí córa oibre a áirithiú. Chomh maith leis sin, meabhraítear sa Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020 39 , i gcomhthéacs an mhéadaithe atá ag teacht ar bhearnaí sóisialta, go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh pá leordhóthanach á shaothrú ag gach oibrí. Eisíodh roinnt Moltaí Tírshonracha chomh maith chuig roinnt Ballstát i réimse an phá íosta. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur beag fonn a bheadh ar thíortha aonair feabhas a chur ar a gcuid socruithe pá íosta de dheasca na tuairime go bhféadfadh sin tionchar diúltach a imirt ar an iomaíochas maidir le costas seachtrach.

(6)Tairbhíonn idir oibrithe agus ghnólachtaí san Aontas d'fheabhas a chur ar dhálaí oibre agus maireachtála, lena náirítear trí phá íosta leordhóthanach, agus is réamhriachtanas é chun fás cuimsitheach inbhuanaithe a bhaint amach. Trí aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí móra maidir le cuimsiú agus le leordhóthanacht an phá íosta, cuirtear feabhas ar chothroime mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh agus cothaítear dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta agus an cóineasú aníos. Ba cheart iomaíocht sa Mhargadh Aonair a bheith bunaithe ar ardchaighdeáin shóisialta, ar an nuálaíocht agus ar fheabhsuithe táirgiúlachta lena náiritheofar cothrom iomaíochta.

(7)Nuair a shocraítear an pá íosta ar leibhéil leordhóthanacha cosnaítear ioncam oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus cuidítear le slí bheatha shásúil a áirithiú agus teorannaítear laghduithe ioncaim le linn cúluithe eacnamaíochta, mar a aithnítear i gCoinbhinsiún 131 den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le córais socraithe pá íosta a bhunú. Le pá iosta cuidítear le héileamh intíre a chothabháil, neartaítear na dreasachtaí atá ann chun obair a dhéanamh, laghdaítear neamhionannas pá agus bochtaineacht lucht saothair.

(8)Is mó an dóchúlacht go mbeidh mná, oibrithe óga, oibrithe ar bheagán oiliúna agus daoine atá faoi mhíchumas ar phá iosta ná grúpaí eile. Le linn cor chun donais eacnamaíocha, amhail géarchéim COVID19, éiríonn ról an phá íosta níos tábhachtaí i gcosaint oibrithe ar phá íseal agus bíonn sé riachtanach chun tacú le téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe cuimsitheach. Trí aghaidh a thabhairt ar an bpá íosta cuidítear leis an gcomhionannas inscne, cuirtear deireadh leis an mbearna phá agus phinsin idir na hinscní agus tugtar mná slán as an mbochtaineacht.

(9)Tá tionchar suntasach á imirt ag paindéim COVID19 ar an earnáil seirbhísí agus ar ghnólachtaí beaga, ina bhfuil sciar ard de na hoibrithe ar phá íosta. Chomh maith leis sin, tá an pá íosta tábhachtach i bhfianaise na dtreochtaí struchtúracha atá ag déanamh athmhúnlaithe ar mhargaí saothair agus ina bhfuil méadú ag teacht ar sciartha arda d’obair neamhchaighdeánach agus obair fhorbhásach. Tá méadú tagtha ar pholarú oibre mar thoradh ar na treochtaí sin agus sciar méadaitheach gairmeacha ar bheagán oiliúna agus ar bheagán pá i bhformhór na mBallstát dá bharr, agus neamhionannas pá níos airde i roinnt acu chomh maith.

(10)Cé gur ann do chosaint pá íosta i ngach Ballstát, i roinnt Ballstát eascraíonn an chosaint sin as forálacha reachtacha (“pá íosta reachtúil”) agus as comhaontuithe comhchoiteanna agus i mBallstáit eile cuirtear ar fáil é go heisiach trí chomhaontuithe comhchoiteanna.

(11)Tá an chosaint pá íosta a leagtar amach i gcomhaontuithe comhchoiteanna maidir le slite beatha ar phá íseal leordhóthanach den chuid is mó; tá an pá íosta reachtúil íseal i gcomparáid leis an bpá eile sa gheilleagar i roinnt Ballstát. In 2018, níor leor mar ioncam an pá íosta reachtúil le go mbainfeadh saothraí singil ar phá íosta an tairseach baoil bochtaineachta amach i naoi mBallstát. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar diúltach ar leordhóthanacht an phá íosta ag rátaí pá íosta laghdaithe (athruithe) agus asbhaintí as an bpá íosta reachtúil.

(12)Ní chosnaítear gach oibrí san Aontas le pá íosta. I roinnt Ballstát faigheann roinnt oibrithe, cé go gcumhdaítear iad, luach saothair atá níos ísle ná an pá íosta reachtúil de bharr neamhurraim do na rialacha atá ann cheana. Go háirithe, fuarthas amach go bhfuil tionchar ag an neamhchomhlíonadh sin ar mhná, ar dhaoine óga, ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar oibrithe talmhaíochta. Sna Ballstáit ina gcuirtear cosaint ar phá íosta ar fáil trí chomhaontuithe comhchoiteanna amháin, meastar gur idir 2 % agus 55 % de na hoibrithe uile é scair na noibrithe nach gcumhdaítear.

(13)Cé go gcuidíonn an chómhargáil láidir ar leibhéal na hearnála nó ar an leibhéal trastionscail le cosaint pá íosta leordhóthanach a áirithiú, tá laghdú ag teacht ar struchtúir traidisiúnta chómhargála le fiche nó tríocha bliain anuas de bharr, i measc rudaí eile, athruithe struchtúracha sa gheilleagar i dtreo earnálacha ar lú an eagar ceardchumainn agus de bharr laghdú ar bhallraíocht i gceardchumann atá bainteach le méadú ar chineálacha oibre neamhghnácha agus cineálacha oibre nua.

(14)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an mbainistíocht agus leis an lucht saothair i bpróiseas dhá chéim maidir le gníomhaíocht a d'fhéadfaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cosaint pá íosta leordhóthanach san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ní raibh aon chomhaontú ann i measc na gcomhpháirtithe sóisialta i dtaobh dul i mbun caibidlíochta maidir leis na hábhair sin. Tá sé tábhachtach, áfach, gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go gcosnófar oibrithe san Aontas le pá íosta leordhóthanach, agus torthaí chomhairliúchán na gcomhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh.

(15)Bunaítear leis an Treoir seo ceanglais íosta ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go socrófar an pá iosta ar leibhéal leordhóthanach agus go mbeidh rochtain ag oibrithe ar chosaint pá íosta, i bhfoirm pá íosta reachtúil nó i bhfoirm pá a shocraítear faoi chomhaontuithe comhchoiteanna mar a shainmhínítear chun críoch na Treorach seo.

(16)Agus Airteagal 153(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á urramú go hiomlán, níl sé d’aidhm ag an Treoir seo leibhéal an phá íosta ar fud an Aontais a chomhchuibhiú ná sásra aonfhoirmeach maidir le socrú pá íosta a bhunú. Ní chuireann sé sin isteach ar shaoirse na mBallstát pá íosta reachtúil a shocrú nó rochtain ar chosaint pá íosta a sholáthraítear le comhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn, rud a dhéanfaí de réir thraidisiúin agus shainiúlachtaí gach tíre agus lena dtabharfaí lánurraim d’inniúlachtaí náisiúnta agus do shaoirse chonarthach na gcomhpháirtithe sóisialta. Ní fhorchuirtear oibleagáid leis an Treoir seo ar na Ballstáit ina náirítear socrú pá go heisiach via comhaontuithe comhchoiteanna pá íosta reachtúil a thabhairt isteach nó comhaontuithe comhchoiteanna a bheith infheidhme go huilíoch. Chomh maith leis sin, ní bhunaítear leis an Treoir seo leibhéal an phá, a thagann faoi shaoirse chonarthach na gcomhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal náisiúnta agus faoi inniúlacht ábhartha na mBallstát.

(17)Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hoibrithe ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta mar a shainmhínítear sa dlí, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus na critéir arna mbunú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le stádas oibrí a chinneadh á gcur san áireamh. Maidir le hoibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, féinfhostaithe bréige, oibrithe ardáin, oiliúnaithe agus printísigh, d'fheadfaidís, ar choinníoll go gcomhlíonfaidís siad na critéir sin, teacht faoi raon feidhme na Treorach seo. Daoine ar fíor go bhfuil siad féinfhostaithe, ní thagann siad faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo ós rud é nach gcomhlíonann siad na critéir sin. Is cineál oibre a dhearbhaítear go bréagach í drochúsáid stádas daoine féinfhostaithe, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, ar an leibhéal náisiúnta nó i gcásanna trasteorann, agus is minic a bhíonn baint ag obair neamhdhearbhaithe léi. Tarlaíonn féinfhostaíocht bhréigae nuair a dhearbhaítear go bhfuil duine féinfhostaithe, fad a chomhlíonann sé na coinníollacha is saintréithe de chaidreamh fostaíochta, chun oibleagáidí dlíthiúla nó fioscacha áirithe a sheachaint. Ba cheart go dtiocfadh na daoine sin faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart gur leis na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar a threorófaí an cinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta agus ní bunaithe ar an tuairisc a dhéanann na páirtithe ar an gcaidreamh.

(18)Is modh tábhachtach é cómhargáil dhea-fheidhmiúil i socrú pá chun a áirithiú go gcosnaítear oibrithe le pá íosta leordhóthanach. Sna Ballstát ina bhfuil pá íosta reachtúil, tacaíonn an chómhargáil le forbairtí ginearálta pá agus mar sin cuidíonn sí le leordhóthanacht an phá íosta a fheabhsú. Sna Ballstáit ina soláthraítear cosaint maidir le pá íosta tríd an gcómhargáil amháin, is le feidhmiú an chórais chómhargála agus an chumhdaigh cómhargála go díreach a chinntear a leibhéal agus sciar na noibrithe a chosnaítear. Is le cómhargáil láidir dea-fheidhmiúil agus cumhdach ard ar chomhaontuithe comhchoiteanna earnála nó trastionscail a neartaítear leordhóthanacht agus cumhdach an phá íosta.

(19)I gcomhthéacs cumhdaigh cómhargála atá ag laghdú, tá sé ríthábhachtach go gcuireann na Ballstáit an chómhargáil chun cinn chun feabhas a chur ar rochtain oibrithe ar chosaint pá iosta a sholáthraítear le comhaontuithe comhchoiteanna. Is gnách gur sciar íseal oibrithe ar phá íseal agus pá íosta ard a bhíonn ag na Ballstáit a bhfuil cumhdach cómhargála ard acu. Is gnách gur ráta cómhargála os cionn 70 % a bhíonn ag na Ballstáit ina bhfuil sciar íseal oibrithe ar phá íseal. Ar an gcaoi chéanna, tá cumhdach cómhargála os cionn 70 % ag formhór na mBallstát a bhfuil leibhéil arda pá íosta acu i gcoibhneas leis an bpá airmheánach. Cé gur cheart na Ballstáit uile a spreagadh chun an chómhargáil a chur chun cinn, na Ballstáit nach néiríonn leo an leibhéal cumhdaigh sin a bhaint amach, ba cheart dóibh, i gcomhairle agus/nó i gcomhaontú leis na comhpháirtithe sóisialta, creat nósanna imeachta éascaitheacha agus socruithe institiúideacha lena néascaítear na coinníollacha maidir leis an gcómhargáil a sholáthar nó, sa chás ina bhfuil a leithéid sin ann cheana, é a neartú. Ba cheart an creat sin a bhunú le dlí nó le comhaontú trípháirteach.

(20)Is gá rialacha, nósanna imeachta agus cleachtas fónta maidir le pá íosta reachtúil a shocrú agus a nuashonrú chun pá íosta leordhóthanach a sholáthar, agus poist agus iomaíochas gnóthas a chosaint, lena náirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide. Áirítear orthu roinnt gnéithe chun leordhóthanacht an phá íosta reachtúil a chaomhnú, lena náirítear critéir agus táscairí chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht, ar nuashonruithe rialta tráthúla, ar chomhlachtaí comhairleacha a bheith ann agus ar pháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta. Is gné eile den dea-rialachas í páirtíocht thráthúil éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta lena bhféadfar próiseas cinnteoireachta eolach cuimsitheach a chur ar fáil.

(21)Meastar go bhfuil an pá íosta leordhóthanach más rud é go bhfuil sé cóir i ndáil le dáileadh pá sa tír agus má sholáthraíonn sé caighdeán sásúil maireachtála. Cinntear leordhóthanacht an phá íosta reachtúil i bhfianaise na ndálaí socheacnamaíocha náisiúnta, lena náirítear fás fostaíochta, iomaíochas agus forbairtí réigiúnacha agus earnála chomh maith. Ba cheart a leordhóthanacht a mheas ar a laghad i ndáil lena gcumhacht ceannaigh, leis na forbairtí táirgiúlachta agus leis an ngaolmhaireacht atá acu le leibhéil an ollphá, le dáileadh agus le fás. Is féidir leis na táscairí a úsáidtear go minic ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail 60 % den ollphá airmheánach agus 50 % den mheánollphá, a bheith ina gcuidiú chun leordhóthanacht pá íosta a mheasúnú i ndáil le leibhéal an ollphá.

(22)Chun leordhóthanacht pá íosta a chur chun cinn le haghaidh gach grúpa oibrithe, ba cheart athruithe ar an bpá íosta reachtúil agus asbhaintí as a bheith teoranta don mhéid íosta, agus a áirithiú ag an am céanna go rachfar i gcomhairle go hiomchuí leis na comhpháirtithe sóisialta maidir lena sainmhíniú. D’fhéadfadh sé go mbeadh údar maith le roinnt asbhaintí as an bpá íosta reachtúil mar gheall ar aidhm dhlisteanach, lena náirítear méideanna a íocadh nó asbhaintí a d’ordaigh údarás breithiúnach. D’fhéadfadh asbhaintí eile amhail asbhaintí a bhaineann leis an trealamh is gá chun post a dhéanamh nó asbhaintí as liúntais chomhchineáil, amhail lóistín, a bheith gan údar nó díréireach.

(23)Is gá córas forfheidhmithe éifeachtach, lena náirítear rialuithe agus cigireachtaí allamuigh, chun feidhmiú creataí náisiúnta pá íosta reachtúil a áirithiú. Chun éifeachtúlacht na núdarás forfheidhmithe a neartú, is gá dlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chomh maith, lena náirítear chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ríthábhachtacha amhail iad sin a bhaineann le fochonraitheoireacht, féinfhostaíocht bhréige nó ragobair gan taifead. Ina theannta sin, ba cheart rochtain éasca a bheith ag oibrithe ar fhaisnéis iomchuí maidir leis an bpá íosta reachtúil is infheidhme chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus intuarthachta i dtaca lena ndálaí oibre a áirithiú.

(24)Ní mór go leagfar amach an cur chun feidhme éifeachtach ar chosaint pá íosta le forálacha dlíthiúla nó go soláthrófar é le comhaontuithe comhchoiteanna agus soláthar poiblí agus conarthaí lamháltais á gcomhlíonadh. Neamhurramú na gcomhaontuithe comhchoiteanna trína bhforáiltear cosaint pá íosta in earnáil ar leith, d'fhéadfadh sin tarlú agus na conarthaí sin á gcur i gcrích nó sa slabhra fochonraitheoireachta ina dhiaidh sin, rud a d'fhágfadh go níocfaí níos lú ná an leibhéal pá a aontaítear sna comhaontuithe comhchoiteanna earnála le hoibrithe. Chun cásanna den chineál sin a chosc, níor mór d’oibreoirí eacnamaíocha an pá a socraíodh le comhaontuithe comhchoiteanna don earnáil ábhartha agus don limistéar geografach a chur i bhfeidhm maidir lena noibrithe chun cloí leis na hoibleagáidí is infheidhme i réimse dhlí an tsaothair, i gcomhréir le hAirteagail 18(2) agus 71(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar poiblí 40 , Airteagail 36(2) agus 88(1) de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus Airteagail 30(3) agus 42(1) de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain.

(25)Tá faireachán iontaofa agus bailiú sonraí ríthábhachtach chun cosaint pá íosta éifeachtach a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún a mheasúnú ar fhorbairtí maidir le leordhóthanacht agus cumhdach an phá iosta ar bhonn sonraí bliantúla agus faisnéise atá le soláthar ag na Ballstáit a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain. Chomh maith leis sin, ba cheart faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn phróiseas comhordaithe an bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta ar leibhéal an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choiste Fostaíochta scrúdú a dhéanamh gach bliain ar an staid reatha sna Ballstáit ar bhonn na dtuarascálacha a dhéanfaidh an Coimisiún agus ar bhonn uirlisí faireachais iltaobhacha eile amhail tagarmharcáil.

(26)Ba cheart é a bheith ar chumas oibrithe a gceart chun cosanta a fheidhmiú i gcás ina shárófar a gcearta bunaithe a bhaineann le cosaint pá íosta. D’fhonn nach mbainfear a gcearta d’oibrithe, agus gan dochar do mhodhanna sásaimh agus réiteach díospóidí dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna, lena náirítear córais réitigh díospóidí comhchoiteann, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar réiteach díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus ceart chun sásaimh, lena náirítear cúiteamh leordhóthanach, agus cosaint éifeachtach ar dhochar ar bith i gcás ina gcinnfidh siad a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

(27)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh chun bonn a chur ar fáil d’athbhreithniú ar chur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo. Ba cheart an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe sin.

(28)Cé gur céimeanna sa treo cheart iad na leasuithe agus na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun cosaint pá iosta leordhóthanach d’oibrithe a chur chun cinn, ní leasuithe ná bearta cuimsitheacha córasacha iad. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé gur beag fonn a bheadh ar thíortha aonair feabhas a chur ar leordhóthanacht agus cumhdach an phá íosta de bharr na tuairime go bhféadfadh sin tionchar diúltach a imirt ar an iomaíochas maidir le costas seachtrach. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(29)Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais íosta, sa chaoi nach ndéantar aon athrú ar shaincheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat dlíthiúil náisiúnta atá ann cheana, mura rud é go dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun na cearta atá ann d’oibrithe san Aontais cheana a laghdú ná ní féidir é a bheith ina fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d'oibrithe sna réimsí a chumhdaítear sa Treoir seo a laghdú.

(30)I gcur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide. Dá bhrí sin, iarrtar ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a ngníomh trasuite ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach dóibh, agus aird faoi leith a thabhairt ar mhicrifhiontair agus ar an ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú. Más rud é go ndéanfar difear díréireach do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, ba cheart do na Ballstáit féachaint le bearta a dhéanamh chun tacú leis na fiontair sin a struchtúir luacha saothair a oiriúnú do na ceanglais nua.

(31)Cuirtear an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil 43 agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus 44 ar fáil do na Ballstáit chun gnéithe teicniúla na gcreataí pá íosta a fhorbairt nó a fheabhsú, lena náirítear measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht, faireachán agus bailiú sonraí, lena leathnaítear rochtain, agus ar fhorfheidhmiú agus ar fhothú acmhainneachta ginearálta a bhaineann le cur chun feidhme na gcreataí sin.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.D’fhonn dálaí maireachtála agus oibre san Aontas a fheabhsú, bunaítear creat leis an Treoir seo maidir le:

(a)leibhéil leordhóthanacha pá íosta a shocrú;

(b)rochtain oibrithe ar chosaint pá íosta, i bhfoirm pá a leagtar amach i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó i bhfoirm pá íosta reachtúil, i gcás inarb ann dó.

Beidh an Treoir gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú go hiomlán agus dá gceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích chomh maith.

2.Beidh an Treoir seo gan dochar do rogha na mBallstát pá íosta reachtúil a shocrú nó rochtain ar chosaint pá iosta arna soláthar ag comhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn.

3.Ní dhéanfar rud ar bith sa Treoir seo a fhorléiriú mar ní a fhorchuireann oibleagáid ar na Ballstáit ina náirítear socrú pá go heisiach via comhaontuithe comhchoiteanna pá íosta reachtúil a thabhairt isteach nó comhaontuithe comhchoiteanna a bheith infheidhme go huilíoch.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le hoibrithe san Aontas a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainítear de réir dlí, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus aird á tabhairt ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘pá íosta’ an luach saothair íosta a bhfuil sé de cheangal ar an bhfostóir a íoc le hoibrithe don obair arna déanamh le linn tréimhse ar leith, arna ríomh ar bhonn ama nó aschuir;

(2)ciallaíonn ‘pá íosta reachtúil’ pá íosta arna leagan síos i ndlí, nó forálacha dlíthiúla eile atá ceangailteach ó thaobh dlí;

(3)ciallaíonn ‘cómhargáil’ an chaibidlíocht uile a tharlaíonn idir fostóir, grúpa fostóirí nó eagraíocht fostóirí amháin nó níos mó ná sin, ar thaobh amháin, agus eagraíocht oibrithe amháin nó níos mó ná sin, ar an taobh eile, chun dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta a shocrú; agus/nó chun an caidreamh idir fostóirí agus oibrithe a rialáil; agus/nó chun an caidreamh idir fostóirí agus a neagraíochtaí agus eagraíocht oibrithe nó eagraíochtaí oibrithe a rialáil;

(4)ciallaíonn ‘comhaontú comhchoiteann’ na comhaontuithe uile i scríbhinn maidir le dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta a thug na comhpháirtithe sóisialta i gcrích mar thoradh ar an gcómhargáil;

(5)ciallaíonn ‘cumhdach cómhargála’ an sciar oibrithe ar an leibhéil náisiúnta a bhfuil feidhm ag comhaontú comhchoiteann ina leith;

Airteagal 4

Cómhargáil i socrú pá a chur chun cinn

1.Agus é mar aidhm cumhdach cómhargála a mhéadú, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, na bearta seo a leanas ar laghad:

(a)forbairt agus neartú inniúlacht na gcomhpháirtithe sóisialta chun dul i mbun cómhargála i socrú pá ar leibhéal na hearnála agus ar an leibhéal trastionscail a chur chun cinn;

(b)caibidlíocht chuimsitheach fhiúntach eolach ar phá a spreagadh idir na comhpháirtithe sóisialta;

2.Na Ballstáit inar lú an cumhdach cómhargála ná 70 % den lucht saothair, mar a shainmhínítear de réir bhrí Airteagal 2, déanfaidh siad foráil de bhreis air sin maidir le creat coinníollacha cumasúcháin maidir leis an gcómhargáil, bíodh sé le dlí tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta nó trí chomhaontú leo, agus bunóidh siad plean gníomhaíochta chun an cómhargáil a chur chun cinn. Cuirfear an plean gníomhaíochta ar fáil go poiblí agus tabharfar fógra don Choimisiún Eorpach maidir leis.

CAIBIDIL II

AN PÁ ÍOSTA REACHTÚIL

Airteagal 5

Leordhóthanacht

1.Na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil acu, déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar an pá íosta reachtúil a shocrú agus a nuashonrú faoi threoir na gcritéir lena gcuirtear leordhóthanacht chun cinn agus é mar aidhm dálaí cuibhiúla oibre agus maireachtála, comhtháthú sóisialta agus an cóineasú aníos a bhaint amach. Saineoidh na Ballstáit na critéir sin i gcomhréir lena gcleachtais náisiúnta, i reachtaíocht náisiúnta ábhartha, i gcinntí ó na comhlachtaí inniúla nó i gcomhaontuithe tríthaobhacha. Déanfar na critéir a shainmhíniú ar bhealach cobhsaí soiléir.

2.Áireofar sna critéir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)cumhacht cheannaigh an phá íosta reachtúil, agus an costas maireachtála agus ranníocaíochtaí cánacha agus sochar sóisialta á gcur san áireamh;

(b)an leibhéal ginearálta ollphá agus an chaoi a ndáiltear é;

(c)ráta fáis an ollphá;

(d)forbairtí táirgiúlachta saothair.

3.Bainfidh na Ballstáit úsáid as luachanna tagartha táscacha chun a measúnú ar leordhóthanacht an phá íosta reachtúil i ndáil leis an leibhéal ginearálta ollphá a threorú, amhail na luachanna a úsáidtear ar an leibhéal idirnáisiúnta.

4.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun nuashonruithe rialta tráthúla ar phá íosta reachtúil a áirithiú ar mhaithe lena leordhóthanacht a chaomhnú.

5.Bunóidh na Ballstáit comhlachtaí comhairleacha chun comhairle a chur ar na húdaráis inniúla maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an bpá íosta reachtúil.

Airteagal 6

Éagsúlachtaí agus asbhaintí

1.Féadfaidh na Ballstáit rátaí éagsúla pá íosta reachtúil a cheadú i gcás grúpaí sonracha oibrithe. Coinneoidh na Ballstáit na héagsúlachtaí sin ar an leibhéal is ísle is féidir, agus áiritheoidh siad go mbeidh aon éagsúlacht neamhidirdhealaitheach, comhréireach, teoranta ó thaobh ama de, más ábhartha, agus go dtabharfar údar cuí oibiachtúil réasúnta léi i ngeall ar aidhm dhlisteanach.

2.Féadfaidh na Ballstáit asbhaintí a cheadú le dlí lena laghdaítear an luach saothair a íoctar le hoibrithe go dtí leibhéal níos ísle ná an pá íosta reachtúil. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hasbhaintí sin as an bpá íosta reachtúil riachtanach, comhréireach agus go bhfuil údar oibiachtúil leo.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i socrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ar bhealach tráthúil éifeachtach i socrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil, lena n‑áirítear trí rannpháirtíocht i gcomhlachtaí comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)roghnú na gcritéar agus na luachanna tagartha táscacha dá dtagraítear in Airteagail 5 (1) (2) agus (3) maidir le leibhéil phá íosta reachtúil a chinneadh agus iad a chur i bhfeidhm;

(b)na nuashonruithe ar leibhéil phá íosta reachtúil dá dtagraítear in Airteagal 5 (4);

(c)éagsúlachtaí agus asbhaintí maidir le pá íosta reachtúil dá dtagraítear in Airteagal 6 a bhunú;

(d)sonraí a bhailiú agus staidéir a dhéanamh mar eolas do na húdaráis um shocrú pá íosta reachtúil;

Airteagal 8

Rochtain éifeachtach oibrithe ar phá íosta reachtúil

Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, na bearta a leanas chun rochtain oibrithe ar chosaint pá íosta reachtúil a fheabhsú, de réir mar is iomchuí:

(1)na rialuithe agus na cigireachtaí allamuigh a dhéanfaidh na cigireachtaí saothair nó na comhlachtaí atá freagrach as creataí náisiúnta a fhorfheidhmiú, iad sin a neartú. Beidh na rialuithe agus na cigireachtaí comhréireach agus neamhidirdhealaitheach agus déanfar leo;

(2)treoir a fhorbairt do na húdaráis forfheidhmithe chun go ndíreofar go réamhghníomhach ar ghnólachtaí neamhchomhlíontacha agus go rachfar sa tóir orthu;

(3)a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis faoi phá íosta reachtúil ar fáil go poiblí ar bhealach soiléir cuimsitheach sorochtana.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA COTHROMÁNACHA

Airteagal 9

Soláthar poiblí

I gcomhréir le Treoir 2014/24/AE, Treoir 2014/25/AE agus Treoir 2014/23/AE, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíochta an pá a leagtar amach i gcomhaontuithe comhchoiteanna don earnáil ábhartha agus don limistéar geografach ábhartha agus go gcomhlíonfaidh siad an pá íosta reachtúil, i gcás inarb ann dó, agus an soláthar poiblí nó conarthaí lamháltais á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 10

Faireachán agus bailiú sonraí

1.Cuirfidh na Ballstáit de chúram ar a núdaráis inniúla uirlisí bailithe sonraí éifeachtacha a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar chumhdach agus leordhóthanacht an phá íosta.

2.Cuirfidh na Ballstáit na sonraí a leanas faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil, roimh an 1 Deireadh Fómhair gach bliain:

(a)maidir leis an bpá iosta reachtúil:

(i)an leibhéal pá íosta reachtúil agus an sciar oibrithe a chumhdaítear leis;

(ii)na héagsúlachtaí atá ann cheana agus an sciar oibrithe a chumhdaítear leo;

(iii)na hasbhaintí atá ann cheana;

(iv)an ráta cumhdaigh cómhargála.

(b)maidir leis an gcosaint pá íosta a sholáthraítear ag comhaontuithe comhchoiteanna amháin:

(i)an pá sin a dháileadh de réir deicílí bunaithe ar sciar na noibrithe a chumhdaítear;

(ii)an ráta cumhdaigh cómhargála;

(iii)leibhéal an phá d’oibrithe nach bhfuil cosaint pá íosta acu a sholáthraítear le comhaontuithe comhchoiteanna agus an gaol atá aige le leibhéal an phá d’oibrithe a bhfuil an chosaint íosta sin acu.

Cuirfidh na Ballstáit na staitisticí agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo ar fáil, agus iad imdhealaithe de réir inscne, aoise, míchumais, mhéid na cuideachta agus earnála.

Leis an gcéad tuarascáil cumhdófar [X, Y, Z: na trí bliana roimh bhliain an trasuí] agus déanfar í a sheachadadh faoin [1 Deireadh Fómhair BB: an bhliain i ndiaidh trasuí]. Féadfaidh na Ballstáit staitisticí agus faisnéis nach raibh ar fáil roimh [an dáta trasuí] a fhágáil ar lár.

Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit tuilleadh faisnéise a sholáthar ar bhonn cás ar chás i gcás ina measfaidh sé go bhfuil an fhaisnéis sin riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach na Treorach seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis a bhaineann le cosaint pá íosta, lena náirítear comhaontuithe comhchoiteanna agus forálacha pá, trédhearcach agus go mbeidh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin.

4.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na sonraí a tharchuirfidh na Ballstáit sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 agus déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

5.Ar bhonn na tuarascála a eiseoidh an Coimisiún, déanfaidh an Coiste Fostaíochta, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 150 CFAE, scrúdú gach bliain ar chur chun cinn na cómhargála i socrú pá agus ar leordhóthanacht an phá iosta sna Ballstáit.

Airteagal 11

An ceart chun sásaimh agus cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

1.Áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar do chineálacha sonracha sásaimh agus réiteach ar dhíospóidí dá bhforáiltear, i gcás inarb infheidhme, i gcomhaontuithe comhchoiteanna, go mbeidh rochtain ag oibrithe, lena náirítear na hoibrithe sin a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh fostaíochta, ar réiteach éifeachtach neamhchlaonta ar dhíospóidí agus ar cheart chun sásaimh, lena náirítear cúiteamh leordhóthanach, i gcás sáruithe ar a gcearta a bhaineann le pá íosta reachtúil nó ar cosaint pá íosta arna soláthar ag comhaontuithe comhchoiteanna.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun oibrithe, lena náirítear iad sin arb ionadaithe ar oibrithe iad, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanfaidh fostóir nó iarmhairtí díobhálacha a thiocfaidh as gearán a chuirfear faoi bhráid an fhostóra nó as aon imeachtaí a thionscnófar chun na cearta a bhaineann leis an pá íosta reachtúil nó cosaint pá íosta arna soláthar ag comhaontuithe comhchoiteanna a chomhlíonadh, chun na cearta sin a fhorfheidhmiú.

Airteagal 12

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit na rialacha síos maidir le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Cur chun feidhme

Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás ina ndéanfaidh na comhpháirtithe sóisialta a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar amhlaidh. Leis sin, déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 14

Faisnéis a scaipeadh

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, mar aon leis na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana agus a bhaineann leis an ábhar amhail a leagtar amach in Airteagal 1, a thabhairt ar aird d'oibrithe agus d'fhostóirí, lena n‑áirítear FBManna.

Airteagal 15

Meastóireacht agus athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir laistigh de [cúig bliana tar éis a dáta trasuí]. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dhiaidh sin ina ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach agus, i gcás inarb iomchuí, molfar leasuithe reachtacha.

Airteagal 16

Gan dul siar, agus forálacha níos fabhraí

1.Ní bheidh an Treoir seo ina foras bailí chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú.

2.Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart na mBallstát dlíthe, rialúcháin nó forálacha riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm.

3.Ní dochar an Treoir seo d’aon cheart eile a thugtar d’oibrithe trí ghníomhartha eile dlí an Aontais.

Airteagal 17

Trasuí

1.Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh laistigh de thréimhse[ dhá bhliain ó dháta a teachta i bhfeidhm]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí leis an tagairt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 19

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, an Eoraip a bheith láidir sóisialta ar mhaithe leis an aistriú cóir , COM(2020) 14 final
(2)    Doiciméad Comhairliúcháin, an chéad chéim de chomhairliúchán na gComhpháirtithe Sóisialta faoi Airteagal 154 CFAE maidir le gníomhaíocht lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le pá íosta cothrom, C(2020) 83 final.
(3)    Is do phá íosta míosúil a thagraítear leis na táscairí agus na luachanna tagartha lena mbaineann.
(4)    Le táscairí leordhóthanachta a mbaintear leas astu ar leibhéal idirnáisiúnta, e.g. innéacs Kaitz, cuirtear an pá íosta i gcomparáid leis an meánphá nó leis an bpá airmheánach. Thairis sin, le caighdeán sásúil maireachtála arna shainiú ag Comhairle na hEorpa, cuirtear an glan‑íosphá i gcomparáid leis an meán‑ghlanphá.
(5)    Cinneadh (AE) 2020/1512/AE ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 ar threoirlínte maidir le beartais fostaíochta na mBallstát.
(6)    Treoir (AE) 2019/1152/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha intuartha san Aontas Eorpach.
(7)    Treoir (AE) 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“an Rialachán IMI”).
(8)    Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (athmhúnlú).
(9)    Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha.
(10)    Moladh an Choimisiúin an 3 Deireadh Fómhair 2008 maidir le daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair a chuimsiú go gníomhach(2008/867/CE).
(11)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE.
(12)    Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir conarthaí lamháltais a bhronnadh.
(13)    Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE.
(14)    Teachtaireacht ón gCoimisiún COM (2020) 575 final.
(15)    Teachtaireacht ón gCoimisiún COM (2019) 650 final.
(16)    Féach Iarscríbhinn A12.11 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair.
(17)    Doiciméad Comhairliúcháin, an chéad chéim de chomhairliúchán na gComhpháirtithe Sóisialta faoi Airteagal 154 CFAE maidir le gníomhaíocht lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le pá íosta cothrom C(2020) 83 final.
(18)    Doiciméad Comhairliúcháin, an dara céim de chomhairliúchán na gComhpháirtithe Sóisialta maidir le bearta is féidir a ghlacadh lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le pá íosta cothrom, C(2020) 3570 final, agus Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis SWD(2020) 105 final.
(19)    Féach Iarscríbhinn A.2.3 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair.
(20)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le Beartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro, 2019/2111.
(21)    Tuairim CESE an 18 Meán Fómhair 2020 maidir le pá íosta sásúil ar fud na hEorpa, SOC/632.
(22)    Féach Iarscríbhinn A.2.4 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair.
(23)    Staidéar a rinne conraitheoir seachtrach, arna choimisiúnú i gcaitheamh na bliana 2019 chun an Measúnú Tionchair a ullmhú.
(24)    Staidéar a rinne conraitheoir seachtrach, arna choimisiúnú i gcaitheamh na bliana 2019 chun an Measúnú Tionchair a ullmhú
(25)    Staidéar a rinne conraitheoir seachtrach, arna choimisiúnú i gcaitheamh na bliana 2019 chun an Measúnú Tionchair a ullmhú
(26)    Ard‑Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Ard‑Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde.
(27)    Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Measúnú Tionchair.
(28)    Meántorthaí na dtionchar ar na Ballstáit i gcás ina n‑ardaítear an pá íosta go 60 % den ollphá airmheánach nó 50 % den mheán‑ollphá. Féach Iarscríbhinn A.12.2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair.
(29)    Rinneadh íogaireacht na fostaíochta i leith arduithe pá a mheas bunaithe ar mheántoradh 48 staidéar idirnáisiúnta a thiomsaigh Dube, A. (2019): “Impacts of minimum wages: review of the international evidence” [“Tionchar pá íosta: athbhreithniú ar an bhfianaise idirnáisiúnta”]. Tuarascáil arna hullmhú le haghaidh an UK Low-Pay Commission [“Coimisiún Pá Íosta na Ríochta Aontaithe”].
(30)    Deirtear in Airteagal 23 (Comhionannas idir fir agus mná) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh “nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n‑áirítear fostaíocht, obair agus pá. Ní chuirfidh prionsabal an chomhionannais cosc ar bhearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha i bhfabhar an ghnéis thearcionadaithe”.
(31)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Bealtaine 2020 maidir le hIonstraim um Thacaíocht Theicniúil a leagan síos, COM(2020) 409 final.
(32)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, COM/2018/382 final.
(33)    Le táscairí leordhóthanachta a mbaintear leas astu ar an leibhéal idirnáisiúnta, e.g. innéacs Kaitz, cuirtear an pá íosta i gcomparáid leis an meánphá nó leis an bpá airmheánach. Thairis sin, le caighdeán sásúil maireachtála arna shainiú ag Comhairle na hEorpa, cuirtear an glan‑íosphá i gcomparáid leis an nglanphá airmheánach. Is minic freisin a dhéantar comparáid idir an pá íosta agus ráta riosca na bochtaineachta.
(34)    IO C , , lch. .
(35)    IO C , , lch. .
(36)    An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 2012/C 326/02 IO C326/391 an 26.10.2012.
(37)    Cinneadh 2020/1512/AE ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 344, 19.10.2020, lgh. 22-28).
(38)    Teachtaireacht COM (2020) 575 final ón gCoimisiún.
(39)    Teachtaireacht COM (2019) 650 final ón gCoimisiún.
(40)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(41)    Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(42)    Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conradh lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(43)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Bealtaine 2020 maidir le hIonstraim um Thacaíocht Theicniúil a bhunú, COM(2020) 409 final
(44)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, COM/2018/382 final.
Top