AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.9.2020
COM(2020) 613 final
2020/0277(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
1.1.Forais agus cuspóirí an togra
I mí Mheán Fómhair 2019, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann lena n-áirítear cur chuige cuimsitheach i ndáil le teorainneacha seachtracha, córais tearmainn agus fillte, limistéar saorghluaiseachta Schengen agus leis an ngné sheachtrach.
Cur chuige nua i leith na himirce is ea an Teachtaireacht i dtaca le Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, arna cur i láthair in éineacht le tacar tograí reachtacha, lena n-áirítear an togra seo lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn. Tá sé d’aidhm aige creat leathan a chur i bhfeidhm bunaithe ar chur chuige cuimsitheach i leith bainistiú imirce lena gcuirfear iontaoibh fhrithpháirteach chun cinn i measc na mBallstát. Bunaithe ar phrionsabail uileghabhálacha na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, moltar ceapadh beartas atá comhtháite sa Chomhaontú nua, lena dtugtar le chéile beartais i réimsí an tearmainn, na himirce, an fhillte, chosaint na dteorainneacha seachtracha agus an chaidrimh le tríú tíortha.
Cuireann an Comhaontú Nua leis na tograí ón gCoimisiún chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn a leasú ó 2016 agus 2018 agus cuirtear eilimintí nua isteach leis chun an chothromaíocht is gá a áirithiú le haghaidh creat comhchoiteann lena rannchuideofar leis an gcur chuige cuimsitheach i leith bainistiú imirce trí cheapadh beartas atá comhtháite i réimse an tearmainn agus an bhainistithe imirce, lena n-áirítear na gnéithe inmheánacha agus seachtracha araon a bhaineann leis. Mar chuid den chreat sin, ní mór córas a chur i bhfeidhm ina mbeidh na huirlisí is gá chun dul i ngleic le géarchéimeanna agus le cásanna force majeure.
Tá an sásra dlúthpháirtíochta arna bhunú ag an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce solúbtha agus é deartha ar bhealach freagrúil chun gur féidir é a choigeartú do na cásanna éagsúla a thiocfaidh chun cinn de thoradh na ndúshlán imirce éagsúil atá le sárú ag na Ballstáit, trí bhearta dlúthpháirtíochta a shocrú lenar féidir leis na Ballstáit rannchuidiú más mian leo. Leis an gcur chuige nua sin i leith na dlúthpháirtíochta, cuirtear tacaíocht leanúnach agus éagsúil ar fáil do na Ballstáit atá faoi bhrú nó a bhfuil baol ann go mbeidh siad faoi bhrú agus áirítear leis próiseas chun aghaidh a thabhairt ar shainiúlachtaí na díbhordála tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála (SAR). Ar an dul céanna, leis na rialacha nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán nua maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, cuirfear le héifeachtúlacht agus comhtháthú foriomlán na gcóras bainistithe tearmainn agus imirce. In éineacht leis an tsraith beart níos leithne ba cheart a chur i bhfeidhm mar chuid den chur chuige cuimsitheach i leith bainistiú tearmainn agus imirce, ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit a bheith níos ullmhaithe chun géarchéim a sheachaint i réimse na himirce agus an tearmainn.
Ní féidir a chur as an áireamh, áfach, go dtiocfaidh géarchéim chun cinn i bhfianaise na dtosca éagsúla nach bhfuil neart ag an Aontas agus ag a Bhallstáit orthu, faoi mar is léir ón taithí a fuarthas le déanaí. Faoi mar is léir ón taithí a fuaireamar le linn ghéarchéim na ndídeanaithe in 2015 freisin, tá cur chuige struchtúrtha ag teastáil ón Aontas chun déileáil leis an ngéarchéim agus freagairtí ad hoc a sheachaint. Is iomchuí, dá bhrí sin, an creat reachtach atá ag feidhmiú sa réimse seo a chomhlánú le hionstraim lena n-áiritheofar go mbeidh rialacha sonracha ar fáil don Aontas lenar féidir dul i ngleic go héifeachtach le cás eisceachtúil na géarchéime agus lena gcomhlánófar an sásra dlúthpháirtíochta éigeantach agus na nósanna imeachta ar ghnách feidhm a bheith acu. Leis na rialacha sin, dhéanfaí foráil maidir le rialacha agus maoluithe nós imeachta iomchuí agus maidir le tús mear a chur le dlúthpháirtíocht chun leasa Ballstáit amháin nó níos mó chun freagairt do ghéarchéimeanna chomh mór sin go gcuireann siad brú suntasach ar chórais bhainistithe tearmainn agus imirce atá dea-ullmhaithe agus dea-fheidhmiúil.
Cumhdaítear leis an ionstraim ghéarchéime, dá bhrí sin, cásanna eisceachtúla de mhórphlódú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag teacht isteach go neamhrialta chuig Ballstát, mórphlóidú ar scála chomh mór sin agus ar mórphlódú den chineál é go bhfágfaí neamhfheidhmiúil córas tearmainn, glactha nó fillte an Bhallstáit, agus a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige maidir le feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn agus feidhmiú chóras bainistithe imirce an Aontais, nó a bhféadfadh sé go mbeadh sé dodhéanta na córais sin a chur i bhfeidhm dá thoradh. Ina theannta sin, cumhdófar cásanna ina bhfuil an riosca d’imircigh mar sin ann. Ina theannta sin, tugtar aghaidh leis an Rialachán atá beartaithe ar chásanna force majeure i réimse an bhainistithe tearmainn agus imirce laistigh den Aontas. Soláthraítear leis an t-oiriúnú riachtanach ar rialacha an Aontais maidir le nósanna imeachta tearmainn agus nósanna imeachta um fhilleadh chomh maith leis na sásraí dlúthpháirtíochta a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmann agus Imirce].
Leis an togra seo, in éineacht leis an togra lena leasaítear an togra ó 2016 le haghaidh Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, an togra nua le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, an togra lena dtugtar isteach scagadh agus an togra lena leasaítear an togra Eurodac, bunaítear an creat reachtach lena gcuirfear an cur chuige cuimsitheach sin i leith bainistiú imirce agus tearmainn i bhfeidhm.
Leis an togra lena leasaítear an togra ó 2016 le haghaidh Rialachán Eurodac athmhúnlaithe, cuirtear i bhfeidhm nasc soiléir seasmhach idir daoine aonair sonracha agus na nósanna imeachta a bhfuil siad faoina réir chun cúnamh níos fearr a thabhairt maidir leis an imirce neamhrialta a rialú agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe a bhrath. Tacaítear le cur chun feidhme an tsásra dlúthpháirtíochta nua arna bhunú ag an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, soláthraítear na leasuithe iarmhartacha lena mbeidh Eurodac in ann feidhmiú laistigh den chreat idir-inoibritheachta, agus tacófar leis na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chúnamh a dheonú le haghaidh filleadh deonach agus ath-imeascadh.
Tá sé d’aidhm ag an leasú dul i ngleic leis an gcaoi nach bhfuil córais tearmainn, ghlactha agus fillte na mBallstát comhchuibhithe fós, den chuid is mó, in ainneoin méadú mór a bheith tagtha ar an gcomhar ag leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais. Cruthaítear neamhéifeachtúlachtaí dá bharr agus tá sé mar iarmhairt neamhbheartaithe aige nach soláthraítear an chóir chothrom chéanna do na hiarrthóirí tearmainn ar fud na hEorpa agus go gcothaítear gluaiseacht lín mhóir imirceach trasna na hEorpa dá dheasca chun coinníollacha agus ionchais níos fearr a chuardach dá dtréimhse fanachta. Sa chomhthéacs sin, tacaíonn an Coimisiún leis na comhaontuithe polaitiúla sealadacha ar thángthas orthu cheana féin i dtaca leis an Rialachán Cáilitheachta, leis an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, le Rialachán an Aontais maidir le Creat Athlonnaithe agus le Gníomhaireacht an Aontais um Rialú Tearmainn. Ba cheart iad a ghlacadh go críochnitheach a luaithe is féidir. Ba cheart an chaibidlíocht maidir leis an Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh a thabhairt i gcrích go tapa, in éineacht leis an leasú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn, chun a áirithiú go mbeidh ag éirí le rialacha an Aontais éalú a chosc, cúnamh a sholáthar d’fhillteacha deonacha agus nósanna imeachta riaracháin agus reachtacha a chuíchóiriú, lena dtreiseofar feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistithe tearmainn agus imirce.
Is é cuspóir foriomlán an togra foráil a dhéanamh maidir leis an oiriúnú is gá ar na rialacha i dtaca le nósanna imeachta tearmainn agus imirce (an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn agus an Treoir um Fhilleadh) agus, in éineacht leis sin, ar an sásra dlúthpháirtíochta arna bhunú sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmann agus Imirce, chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit dul i ngleic le géarchéimeanna agus le cásanna force majeure i réimse an bhainistithe tearmainn agus imirce laistigh den Aontas. D’fhéadfadh na cásanna sin teacht chun cinn go han-tapa agus a bheith ar scála chomh mór sin agus a bheith ar an gcineál sin cáis go mbeadh tacar sonrach uirlisí ag teastáil leo chun iad a shárú go héifeachtach. Chun na críche sin, leagtar amach nós imeachta simplithe agus tréimhsí ama giorraithe i dtaca le cur i ngníomh an tsásra dlúthpháirtíochta éigeantaí a sholáthrófar le haghaidh cásanna brú sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce. Tá na rialacha agus na bearta a leagtar amach sa togra seo chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa bhreis ar an tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil is féidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a sholáthar i gcás ina mbeidh córais tearmainn nó ghlactha an Bhallstáit faoi réir brú díréireach.
Thairis sin, leis an nós imeachta maidir le sásra dlúthpháirtíochta i gcás géarchéimeanna, déantar foráil maidir le raon feidhme níos leithne le haghaidh athshocraithe agus daingnítear an deis a bheadh ag Ballstáit cúnamh a sholáthar dá chéile maidir le filleadh daoine, i bhfoirm urraíochta ar fhilleadh. De réir na ngnáthrialacha arna mbunú sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, geallann na Ballstáit atá ag soláthar urraíocht ar fhilleadh imircigh neamhrialta a fhilleadh ar son Ballstáit eile, agus na gníomhaíochtaí go léir chun na críche sin a dhéanamh go díreach as críoch an Bhallstáit is tairbhí (e.g. comhairleoireacht fillte, idirphlé beartas a threorú le tríú tíortha, tacaíocht a sholáthar le haghaidh filleadh deonach cuidithe agus ath-lánpháirtiú). Nuair nach gcuirfí an filleadh i gcrích laistigh d’ocht mí, dhéanfaí na imircigh neamhrialta a aistriú chuig críoch an Bhallstáit is urraitheoir chun forfheidhmiú an fhillte a chur i gcrích. Ní hionann an urraíocht ar fhilleadh i ngéarchéimeanna dá bhforáiltear sa togra seo agus an urraíocht sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce toisc go gcuirfear i ngníomh an oibleagáid imirceach neamhrialta a aistriú mura bhfillfidh an duine lena mbaineann nó mura mbainfear as é laistigh de cheithre mhí.
Ina theannta sin, áirítear sa togra forálacha a bhaineann le géarchéimeanna lenar féidir maoluithe áirithe a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn. Go háirithe, beifear in ann síneadh a chur le raon feidhme chur chun feidhme an nós imeachta teorann chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a chumhdach a bhfuil meánráta aitheantais céadchéime 75 % nó níos ísle acu i dtaca leis an Aontas ar fad, sa bhreis ar na forais dá bhforáiltear cheana féin sa Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, chomh maith le síneadh ocht seachtaine breise a chur le fad an scrúdaithe ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoin nós imeachta teorann. Tá sé beartaithe freisin a cheadú do na Ballstáit maolú ar na forálacha maidir le clárú na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta trí sprioc-am níos faide ceithre seachtaine a chur leis.
Thairis sin, déantar foráil leis an togra maidir leis an deis ar mhaolú ar fhorálacha áirithe maidir leis an nós imeachta teorann chun filleadh a chur i gcrích mar a leagtar amach sa Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn atá beartaithe agus sa Treoir um Fhilleadh, chun forfheidhmiú na nósanna imeachta sin a éascú i ngéarchéimeanna, nuair a bheidh coigeartuithe sonracha de dhíth chun gur féidir leis na húdaráis inniúla atá faoi bhrú a gcúraimí a fheidhmiú go dícheallach agus déileáil le hualach oibre suntasach. Chun na críche sin, cuirtear síneadh breise ocht seachtaine leis an togra le huastréimhse an nós imeachta teorann chun filleadh a chur i gcrích (leis an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, socraítear an teorainn ama uasta ag dhá sheachtain déag) agus tugtar isteach leis cásanna nua sonracha agus spriocdhírithe, sa bhreis ar na cásanna a shocraítear sa togra le haghaidh na Treorach athmhúnlaithe um Fhilleadh, inar féidir a thoimhdiú gurb ann don riosca éalaithe i gcásanna aonair, mura gcruthófar a mhalairt. Tá an nós imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh gan dochar don deis atá ag na Ballstáit maolú ar chur chun feidhme na Treorach um Fhilleadh de bhun Airteagal 2(2)(a) den Treoir chéanna sin, i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar gabhadh iad maidir le teorainn sheachtrach Ballstáit a thrasnú go neamhrialta ar tír, ar muir nó san aer agus tar éis an scagtha arna dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán um Scagadh], nach bhfuil údarú nó ceart fanacht sa Bhallstát sin faighte acu ina dhiaidh sin (e.g. níor chuir siad isteach ar chosaint idirnáisiúnta).
Ionas gur féidir leis na Ballstát agus leis an Aontas déileáil go héifeachtach le cásanna force majeure, faoi mar a bhí i gceist le cás phaindéim COVID-19 arna dearbhú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an 11 Márta 2020, déantar foráil sa Rialachán atá beartaithe maidir leis an deis atá ag Ballstát síneadh a chur leis na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán i dtaca le Nósanna Imeachta Tearmainn le haghaidh chlárú na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus síneadh a chur leis na teorainneacha ama maidir le seoladh agus freagairt, le hiarrataí a ghabháil ar láimh agus fógraí a ghabháil ar ais, agus leis an aistriú chuig an mBallstát freagrach a leagtar amach sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmann agus Imirce atá beartaithe a chur i gcrích. Foráiltear leis an togra seo maidir le síneadh a chur leis an tréimhse ama le haghaidh an oibleagáid um athshocrú a chur chun feidhme nó urraíocht ar fhilleadh a chur i gcrích gach uair a bheidh sé dodhéanta do Bhallstát, mar gheall ar chás force majeure, na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo agus sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce.
1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo iomlán i gcomhréir leis an teachtaireacht i dtaca leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus Treochlár na dtionscnamh a ghabhann leis, lena n-áirítear an togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, an togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Scagadh agus an Rialachán atá beartaithe maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn.
Tá an togra seo ina chomhlánú ar an togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce a mhéid a fhoráiltear leis rialacha sonracha maidir le cur i bhfeidhm an tsásra dlúthpháirtíochta éigeantach chun cás eisceachtúil géarchéime a chumhdach.
Tá an togra seo i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn agus leis an togra chun an Treoir um Fhilleadh a athmhúnlú, go háirithe trí rialacha maolúcháin is infheidhme i gcás eisceachtúil géarchéime a sholáthar a mhéid a bhaineann le raon feidhme chur i bhfeidhm an nós imeachta teorann, le fad an scrúdúcháin ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoin nós imeachta seo, leis na sprioc-amanna maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú, chomh maith le raon feidhme agus tréimhse ama an nós imeachta teorann i dtaca le filleadh a chur i gcrích.
Thairis sin, tá an togra seo iomlán i gcomhréir le sásra an Aontais maidir le hUllmhacht agus Bainistiú Géarchéimeanna a bhaineann le hImirce (an Treoir Ullmhachta agus Géarchéime maidir le hImirce) lena ndéantar foráil maidir le creat oibríochtúil le haghaidh faireachán agus tuar a dhéanamh ar shreabha imirce agus cásanna imirce agus lena bhforbrófar athléimneacht agus lena n-eagrófar freagairt chomhordaithe ar an ngéarchéim imirce freisin. Go sonrach, baintear lánúsáid sa togra as na tuarascálacha arna n-eisiúint agus as gníomhaíochtaí an bhunaithe ghréasáin faoin Treoirphlean.
Ar deireadh, áirítear comhsheasmhacht freisin leis na comhaontuithe polaitiúla sealadacha ar thángthas orthu cheana féin i dtaca leis an Rialachán Cáilitheachta, an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, Rialachán an Aontais maidir le Creat Athlonnaithe agus Gníomhaireacht an Aontais um Rialú Tearmainn.
1.3.Idirghníomhuithe le hAirteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Leis an togra atá ann faoi láthair, bunaítear rialacha sonracha chun a áirithiú go mbeidh raon feidhme níos leithne agus nós imeachta níos tapúla ann ná an méid dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce atá beartaithe lena áirithiú go mbeidh córas éifeachtach agus éifeachtúil i bhfeidhm go buan chun dul i ngleic le géarchéim.
Tá leagan síos rialacha sonracha le haghaidh dlúthpháirtíocht i ngéarchéim gan dochar don deis atá ag an gComhairle bearta sealadacha a ghlacadh, ar thogra ón gCoimisiún, chun leasa an Bhallstáit a bhfuil éigeandáil le sárú aige mar a dhéantar tuairisc air in Airteagal 78(3) CFAE.
1.4.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo i gcomhréir leis an gcur chuige cuimsitheach ar bhainistiú imirce a leagtar amach sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, ina gcuirtear an beartas imirce i gcroílár an chaidrimh le comhpháirtithe tríú tír sa chaoi go ndéantar; conairí dlíthiúla éifeachtacha chuig an Aontas a chruthú; an teorainn sheachtrach a chomhtháthú le bainistiú imirce an Aontais; nósanna imeachta gan stró atá cóir agus éifeachtúil maidir le tearmann agus filleadh a thógáil; foráil maidir le córas Schengen ar féidir leis iontaoibh a chothú; agus beartais thiomnaithe a fhorbairt chun cuidiú le náisiúnaigh tríú tír a lánpháirtiú le sochaithe na hEorpa.
Cuirtear chun feidhme leis an togra seo an Comhaontú Nua agus go háirithe an cuspóir an leasú tearmainn arna mholadh ag an gCoimisiún in 2016 a athsheoladh trí bhreathnú, inter alia, ar bhealaí chun córas tearmainn agus fillte a chur i bhfeidhm agus cur chuige cuimsitheach ar bhainistiú imirce a leagan amach. Maidir leis sin, áirithítear leis an togra seo go rannchuideoidh na Ballstáit go léir le tacaíocht a thabhairt do thíortha i ngéarchéim. Áiritheofar leis an togra seo go rachfar i ngleic go héifeachtach i ngéarchéim leis na dúshláin atá le sárú ag an gcur chuige cuimsitheach, amhail an gá le brú laghdaithe ó imircigh neamhrialta agus ó theorainneacha seachtracha láidre, ó ghluaiseachtaí ar aghaidh agus brú laghdaithe ar limistéar Schengen a chaomhnú agus filleadh agus athligean isteach éifeachtach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
2.1.Bunús dlí
Leis an togra seo, rannchuidítear leis an gcur chuige cuimsitheach i leith bainistiú imirce agus na dtograí reachtacha arna ndéanamh in éineacht leis an gComhaontú maidir le hImirce agus Tearmann. Tá roinnt forálacha ann a bhaineann leis an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn atá beartaithe agus an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce atá beartaithe, chomh maith le forálacha maidir le stádas cosanta láithrí i ngéarchéimeanna a dheonú. Ba cheart é a ghlacadh, dá bhrí sin, ar an mbunús dlí iomchuí, eadhon Airteagal 78, an dara mír, pointí (c) (d) agus (e) agus Airteagal 79, an dara mír, pointe (c) CFAE, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta.
2.2.Geoiméadracht athraitheach
Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 604/2013 ó thug sí fógra gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin sin bunaithe ar an bPrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE.
I gcomhréir leis an bPrótacal thuasluaite, féadfaidh Éire cinneadh a dhéanamh gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh an togra seo. Beidh an rogha sin aici freisin ar ghlacadh an togra.
Faoin bPrótacal ar sheasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart de bhun Theideal V de CFAE a dhéanann an Chomhairle (seachas 'bearta ag cinneadh na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu agus teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, ná ar bhearta maidir le formáid chomhionann do víosaí'). Mar sin féin, ós rud é go gcuireann an Danmhairg Rialachán reatha Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm, ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích leis an gComhphobal Eorpach in 2006, tabharfaidh sí, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chomhaontú sin, fógra don Choimisiún faoina cinneadh cé acu a chuirfidh sí Airteagal 8den Rialachán sin i bhfeidhm nó nach gcuirfidh.
Déanfar rannpháirtíocht na hÉireann agus na Danmhairge sna socruithe a leagtar síos sa togra le haghaidh Rialachán a chinneadh le linn na caibidlíochta i gcomhréir leis na Prótacail sin. Ceadaítear go sonrach, leis na Prótacail sin, d'Éirinn a bheith rannpháirteach, cé nach gceanglaítear sin orthu, i dtionscnaimh i limistéar beartais na saoirse, na slándála agus an cheartais agus a n-idiroibritheacht á hurramú.
2.3.Tionchar an togra ar Bhallstáit nach bhfuil san Aontas
I gcomhthráth le comhlachas roinnt Ballstát nach bhfuil san Aontas le acquis Schengen, thug an tAontas roinnt comhaontuithe i gcrích, comhaontuithe lena ndéantar na tíortha sin a chomhlachú freisin le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac:
- an comhaontú lena ndearnadh an Íoslainn agus an Iorua a chomhlachú, a tugadh i gcrích in 2001;
- an comhaontú lena ndearnadh an Eilvéis a chomhlachú, a tugadh i gcrích an 28 Feabhra 2008;
- an prótacal lena ndearnadh Lichtinstéin a chomhlachú, a tugadh i gcrích an 7 Márta 2011.
D'fhonn cearta agus oibleagáidí a chruthú idir an Danmhairg – atá comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac trí chomhaontú idirnáisiúnta, mar a míníodh thuas – agus na tíortha comhlachaithe atá luaite thuas, tugadh dhá ionstraim eile i gcrích idir an tAontas agus na tíortha comhlachaithe..
I gcomhréir leis na trí chomhaontú thuasluaite, glacfaidh na tíortha comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/EURODAC agus lena fhorbairt gan aon eisceacht. Ní bheidh siad páirteach i nglacadh aon ghnímh lena leasaítear nó lena bhforbraítear acquis Bhaile Átha Cliath (lena n-áirítear, mar sin, an togra seo) ach ní mór dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de thréimhse shonrach maidir lena gcinneadh ábhar an ghnímh sin a ghlacadh nó gan é a ghlacadh, a luaithe a fhormheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é. Sa chás nach nglacfaidh an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis nó Lichtinstéin le gníomh lena leasaítear nó lena bhforbraítear acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac, cuirfear deireadh leis na comhaontuithe faoi seach, mura gcinnfidh an Comhchoiste/Coiste Measctha arna bhunú ag na comhaontuithe a mhalairt, d'aon toil.
Tá raon feidhme níos leithne ag an Rialachán atá beartaithe ná ábhar na gcomhaontuithe thuasluaite amháin. Chun a áirithiú go gcaomhnófar na comhaontuithe leis an Danmhairg agus leis na Tíortha Comhlachaithe lena rialaítear a rannpháirtíocht i gcóras Bhaile Átha Cliath, ní bheidh an Danmhairg, an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin faoi cheangal ach ag Airteagal 8den Rialachán seo, má ghlactar leis an ngníomh sin.
2.4.Coimhdeacht
Tugann Teideal V den CFAE maidir leis an Limistéar saoirse, slándála agus ceartais cumhachtaí áirithe i dtaobh na gcúrsaí seo don Aontas Eorpach. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i.e mura féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a bhaint amach go leordhóthanach agus a mhéid nach féidir iad a bhaint amach, agus, dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú.
Tugtar isteach leis an togra rialacha sonracha maidir le cur i bhfeidhm an tsásra dlúthpháirtíochta a leagtar amach sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce d’fhonn déileáil go struchtúrach le géarchéimeanna a ghinfear in aon Bhallstát mar gheall ar mhórphlódú daoine agus d’fhonn comhroinnt chóir na bhfreagrachtaí a bhaint amach idir na Ballstáit . De réir an tsainmhínithe féin, déileáiltear sa togra seo le cásanna nach féidir le Ballstát amháin dul i ngleic leo as a stuaim féin.
Thairis sin, déantar foráil maidir le roinnt eilimintí nós imeachta chun cúnamh le Ballstát nó leis na Ballstáit a bhfuil na géarchéimeanna sin le sárú acu. Ba cheart na nósanna imeachta tearmainn agus na nósanna imeachta um fhilleadh a rialú leis na rialacha céanna atá ann ar fud an Aontais, gan beann ar líon na mBallstát atá á gcur i bhfeidhm, chun cur chuige coiteann a áirithiú i ngéarchéim i leith na rialacha arbh fhéidir go maolófaí orthu. Ina theannta sin, soláthraítear soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil leis sin do na daoine aonair a mbaineann na nósanna imeachta sin leo agus áirithítear go ndéanfar a gcearta a urramú. Thairis sin, ní mór cur i ngníomh na maoluithe sin, chomh maith lena raon feidhme agus lena dtréimhse ama a rialáil ar leibhéal an Aontais, chun intuarthacht agus smacht reachta a áirithiú. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a bhaint amach go leordhóthanach, agus is fearr is féidir iad a bhaint amach, de thoradh fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo atá beartaithe, ar leibhéal an Aontais. Ní mór don Aontas, dá bhrí sin, gníomhú agus féadfaidh sé bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Ina theannta sin, tá bearta sa togra a bhaineann le force majeure is féidir leis na Ballstáit nó leis an Aontas ina iomláine a chur i bhfeidhm i ndáil le teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce atá beartaithe nó an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn atá beartaithe.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, beidh gníomhaíocht ag teastáil ar leibhéal an Aontais mar gur cuspóirí trasteorann iad iontu féin. Is léir nach féidir leis na Ballstáit aonair bearta a dhéanamh a thabharfaidh freagairt shásúil ar an ngá atá le cur chuige coiteann ón Aontas ar fhadhb choiteann.
2.5.Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, leagtar amach sa Rialachán seo na coinníollacha beachta inar féidir rialacha maolúcháin a chur i bhfeidhm agus, in éineacht leis sin, déantar foráil maidir leis an raon feidhme agus an teorainn ama i dtaca leis na rialacha sin a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, cuirtear sásra ar bun chun cur i bhfeidhm na rialacha maolúcháin sin a rialú chun a áirithiú nach rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.
Tá eilimintí uile an tsásra chun déileáil leis na géarchéimeanna sonracha a eascraíonn ó mhórphlódú náisiúnach tríú tír ar chríoch an Bhallstáit nó le cás sonrach force majeure teoranta dá bhfuil riachtanach chun na maoluithe nós imeachta iomchuí a chur ar bun agus a bheith in ann na maoluithe nós imeachta iomchuí a dhéanamh agus dlúthpháirtíocht a chur i ngníomh go tapa ar mhaithe le cóir chomhionann a áirithiú i ndáil le cearta agus ráthaíochtaí le haghaidh iarratasóirí agus na rialacha maidir le nósanna imeachta tearmainn agus nósanna imeachta um fhilleadh a chur in oiriúint.
Na maoluithe ar an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce atá beartaithe agus an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn atá beartaithe, tá siad comhréireach agus tá roinnt coimircí curtha i bhfeidhm leo a bhaineann cothromaíocht amach idir riachtanais láithreacha na mBallstát maidir le géarchéimeanna nó cásanna force majeure a bhainistiú agus an gá le deimhneacht dhlíthiúil agus le haonfhoirmeacht i gcur i bhfeidhm na maoluithe sin.
I bhfianaise na gcásanna eisceachtúla de mhórphlódú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag teacht isteach chuig Ballstát go neamhrialta, rud a fhágann neamhfheidhmiúil an córas tearmainn, glactha nó fillte atá aige, meastar é a bheith iomchuí síneadh ocht seachtaine faoi seach ar a mhéad a chur leis na huastréimhsí an nós imeachta teorann um thearmann agusfilleadh a leagtar amach sa Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn.
Tá an síneadh a chuirtear le teorainneacha ama i gcásanna force majeure ag teastáil chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na maoluithe ar fud an Aontais ar an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce atá beartaithe agus ar an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn atá beartaithe.
Leis na teorainneacha a fhorchuirtear maidir le fad chur i bhfeidhm na maoluithe, is féidir cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá ann go mbeidh breis ama ag údaráis náisiúnta a bhfuil cás force majeure le sárú acu chun a gcúraimí a dhéanamh agus go dtabharfar cosaint do chearta na n-iarratasóirí agus na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát ar diúltaíodh a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.
2.6.An rogha ionstraime
Ós rud é go bhforáiltear leis an Rialachán atá beartaithe maidir le maoluithe áirithe ar an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce atá beartaithe agus ar an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn atá beartaithe, baintear leas as an ionstraim dlí chéanna chun tacar rialacha a chur i bhfeidhm chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit agus don Aontas déileáil leis na géarchéimeanna sonracha a eascraíonn ó mhórphlódú náisiúnach tríú tír ar chríoch an Bhallstáit nó chun déileáil le cás sonrach force majeure.
Ní féidir ach le Rialachán lena mbunaítear maoluithe ar na nósanna imeachta tearmainn agus na nósanna imeachta um fhilleadh san Aontas, agus ina mbeidh na forálacha infheidhme go díreach, an leibhéal aonfhoirmeachta agus éifeachtachta is gá a sholáthar maidir le rialacha nós imeachta an Aontais i dtaca le tearmann i ngéarchéim agus i gcás force majeure.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Bailiúchán eolais maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta atá ann faoi láthair
3.1.Ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise
Gabhann Doiciméad Inmheánach Oibre anailíseach mionsonraithe leis na tograí reachtacha, é bunaithe ar shonraí agus staitisticí an Aontais atá ar fáil go poiblí, agus freisin ar thaithí an Choimisiúin agus a ghníomhaireachtaí ar an gcás tearmainn agus imirce ar an láthair. Léirítear le bailiúchán díobh sin go bhfuil creat dlíthiúil feabhsaithe de dhíth ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn, creat a mbeidh rialacha nua nó leasaithe ag baint leis chun dul i ngleic leis na dúshláin imirce atá ann faoi láthair.
Sa Doiciméad Inmheánach Oibre, sainaithnítear roinnt dúshlán atá le sárú ag an Aontas faoi láthair, déantar an cás reatha a mheas, agus déantar cur síos ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ar fáil chun aghaidh a thabhairt orthu. Táthar ag brath ar shonraí ann a bailíodh ag tús ghéarchéim imirce 2015-2016 agus foghlaimítear ceachtanna tábhachtacha uathu. Is iomaí comparáid a dhéantar síos tríd an bpáipéar chun treochtaí a léiriú, ach chun na bearnaí atá tagtha chun cinn i mbainistiú na géarchéime a léiriú freisin. Cuirtear i dtábhacht ann gur gá uirlisí níos daingne chun an ceann is fearr a fháil ar aon ghéarchéim a bheidh ann amach anseo, amhail cásanna den mhórphlódú, ach gur gá solúbthacht a bheith ann freisin i gcásanna force majeure, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19.
Ceann de na dúshláin a sainaithníodh nach bhfuil sásra ann chun dul i ngleic le géarchéimeanna a d’fhéadfadh eascairt ó mhórphlódú imirceach neamhrialta arbh fhéidir go bhfágfadh sé neamhfheidhmiúil córas tearmainn nó glactha Ballstáit, agus arbh fhéidir go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha aige ar fheidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn ina iomláine. Mar chuid den dúshlán sin, sainaithníodh gur minic nach mbíonn an tAontas in ann, sna cásanna sin, rochtain ar nósanna imeachta a áirithiú ag na teorainneacha, in ainneoin gur fearr is féidir leis an Aontas dul i ngleic le géarchéimeanna faoi láthair ná mar ab fhéidir leis in 2015.
De bharr teagmhais amhail paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim pholaitiúil a bhí ann ag an teorainn idir an Ghréig agus an Tuirc i mí an Mhárta 2020, tá réimsí léirithe arís ina bhfuil athléimneacht ag teastáil trí rialacha sonracha is féidir a chur i bhfeidhm i gcásanna force majeure.
Fiú i gcás an chórais is ullmhaithe agus is dea-bhainistithe, bíonn creat de dhíth trínar féidir déileáil le géarchéimeanna nó cásanna force majeure i gcás nach leor an tsolúbthacht faoi na hionstraimí reachtacha éagsúla. Bíonn uirlisí ag teastáil ó na Ballstáit chun déileáil le cúiseanna iomadúla agus éagsúla na himirce agus bíonn bearta láithreacha ag teastáil freisin chun déileáil leis an mbrú mór a eascraíonn ó na cásanna sin.
Thairis sin, i ngéarchéimeanna, is féidir tionchar mór a bheith ag fadbhreathnaitheacht agus ullmhúchán éifeachtach ar éifeachtacht an fhreagra, rud a chiallaíonn gur féidir dul ó chur chuige frithghníomhach go dtí cur chuige atá bunaithe ar ullmhacht agus ar fhadbhreathnaithacht. Rud é sin atá in easnamh fós ar leibhéal an Aontais, agus a bhfuil gá leis mar chuid den iarracht an córas bainistithe imirce a dhéanamh níos athléimní agus níos freagrúla.
Le cur chur chun feidhme Mholadh Uimh. XXX ón gCoimisiún maidir le sásra an Aontais i dtaca le hUllmhacht agus Bainistiú Géarchéimeanna a bhaineann leis an Imirce (an Treoir Ullmhachta agus Géarchéime maidir le hImirce), ba cheart cúnamh a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin trí fhaireachán a dhéanamh ar shreabha imirce agus iad a thuar, cur leis an athléimneacht agus le comhordú teicniúil an fhreagra ar an ngéarchéim, le lánurraim don reachtaíocht atá i bhfeidhm agus na huirlisí atá ann faoi láthair á n-úsáid agus á gcomhlánú.
Léiríonn na dúshláin sin go bhfuil gá le rialacha sonracha maidir le dlúthpháirtíocht géarchéime, lena n-áireofaí scéim dlúthpháirtíochta éigeantach le haghaidh urraíocht ar athshocrú nó ar fhilleadh chun freagra tapa a áirithiú agus an brú mór atá le sárú ag na Ballstáit a scaoileadh. Éilítear leo freisin maoluithe nós imeachta is féidir leis na Ballstáit a chur i bhfeidhm sna córais tearmainn agus imirce atá acu. Leis na maoluithe ar na rialacha tearmainn agus fillte, ba cheart a áirithiú go mbeidh na hacmhainní agus go leor ama ag na Ballstáit chun na nósanna imeachta iomchuí sna réimsí sin a dhéanamh.
A mhéid a bhaineann le daoine easáitithe as tríú tíortha a bhfuil ardleibhéal riosca iontu go ndéanfar foréigean neamh-idirdhealaitheach orthu i gcásanna eisceachtúla den choinbhleacht armtha agus nach féidir leo filleadh ar a dtír thionscnaimh agus a bhfuil cosaint thapa ag teastáil uathu agus iad ag teacht chuig an Aontas, is í an chonclúid atá sa Doiciméad Inmheánach Oibre freisin nach bhfuil an chuma air go bhfuil na bearta atá ann faoi láthair chun rochtain thapa a dheonú ar chosaint oiriúnach dá bhfeidhm a thuilleadh. Cuirtear i dtábhacht ann, de réir an Staidéir ar an Treoir um Chosaint Shealadach (TPD), gur chomhaontaigh na páirtithe leasmhara gur ar éigean atá sé indéanta comhaontú a bhaint amach idir na Ballstáit maidir le gníomhachtú féideartha TPD. Is é an chonclúid atá sa Doiciméad Inmheánach Oibre nach bhfuil an Treoir um Chosaint Shealadach ag freagairt a thuilleadh do staid na mBallstát mar atá faoi láthair agus gur gá é aisghairm. Sainaithnítear ann mar sin féin gur gá cosaint a dheonú go tapa nó láithreach do ghrúpaí áirithe náisiúnach tríú tír ardriosca. I dtaca leis sin, áirithítear leis an togra seo go dtairbheoidh daoine dá deonaítear cosaint láithreach de chearta eacnamaíocha agus sóisialta atá comhionann leo sin atá ag tairbhithe cosanta coimhdí faoi Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán Cáilitheachta]. Áirítear ar na cearta sin cosaint ar refoulement, faisnéis maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann lena stádas, aontacht teaghlaigh a chaomhnú, an ceart go n-eiseofaí cead cónaithe ar a son, saoirse gluaiseachta laistigh den Bhallstát, rochtain ar fhostaíocht, rochtain ar oideachas, rochtain ar nósanna imeachta chun aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí agus scileanna a bhailíochtú, slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta, cúram sláinte, cearta a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha, rochtain ar lóistín, rochtain ar bhearta lánpháirtithe agus cúnamh aisdúichithe.
3.2.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara roinnt uaireanta chun a gcuid tuairimí a fháil i dtaca leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. I gcomhthráth, le tamall anuas tá malartuithe straitéiseacha agus teicniúla araon á reáchtáil ag Uachtaránachtaí na Romáine, na Fionlainne agus na Cróite maidir le gnéithe éagsúla den bheartas imirce, lena n-áirítear tearmann, filleadh, caidreamh le tríú tíortha i dtaca le hathligean isteach agus ath-imeascadh. Léiríodh tacaíocht sna comhairliúcháin sin do thús úr a chur le beartas na hEorpa um thearmann agus imirce chun dul i ngleic go práinneach leis na lochtanna in CEAS, feabhas a chur ar éifeachtacht na bhfillteacha agus fíorchóras fillte Eorpach a bhunú, ár gcaidreamh le tríú tíortha i dtaca le hathligean isteach a dhaingniú agus a áirithiú go mbeidh ath-imeascadh imirceach inbhuanaithe ann tar éis dóibh filleadh ar a dtíortha tionscnaimh.
Sula seolfar an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, tá dianchomhairliúcháin leanúnacha déanta ag an gCoimisiún le Parlaimint na hEorpa. Tá an Coimisiún tar éis dhá bhabhta cuairteanna agus comhairliúchán déthaobhach a reáchtáil le gach Ballstát ar bhonn aonair sna chéad 100 lá i seilbh oifige agus ina theannta sin, níos déanaí, sular cuireadh an Comhaontú i láthair. Tá sé d’aidhm ag na comhairliúcháin tuairimí agus smaointe a bhailiú i dtaca leis an gComhaontú Eorpach maidir le hImirce agus Tearmann. Na Ballstáit atá ag glacadh páirt ghníomhach sna comhairliúcháin sin, agus iad ag teacht ar chomhthuiscint maidir leis an ngá atá le haontacht, le dul chun cinn a dhéanamh de réir a chéile i ndáil le laigí sa chóras atá ann faoi láthair a réiteach, le córas nua i dtaca le comhroinnt chóir na freagrachta ar féidir leis na Ballstáit go léir rannchuidiú leis, le cosaint láidir teorainneacha, agus i dtaca leis an tábhacht atá le gné sheachtrach na himirce agus na bhfillteacha feabhsaithe.
Sa phlé sin, chuir roinnt Ballstát i dtábhacht an gá atá le hidirdhealú a dhéanamh idir gnáthchásanna agus géarchéimeanna agus chuir siad in iúl gurbh fhearr leo freastal orthu in ionstraimí éagsúla.
Thacaigh na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa leis an ngá atá le dul chun cinn maidir le laigí an chórais atá ann faoi láthair a réiteach, an gá atá le córas nua i dtaca le comhroinnt chóir na freagrachta ar féidir leis na Ballstáit go léir rannchuidiú leis, cosaint láidir teorainneacha, urraim do chearta bunúsacha i ngach gné de bheartas imirce an Aontais, an tábhacht atá le gné sheachtrach na himirce, lena n-áirítear bealaí imirce atá dleathach agus sábháilte, agus fillteacha feabhsaithe.
Eagraíodh roinnt ceardlann agus plé le linn Uachtaránacht na Fionlainne i bhfóraim éagsúla na Comhairle, lena n-áirítear Comhdháil Tampere 2.0 a reáchtáladh an 24-25 Deireadh Fómhair 2019 in Helsinki agus ag Fóram Salzburg a reáchtáladh i Vín an 6-7 Samhain 2019, áit inar éiligh na Ballstáit an gá le rialacha maolúcháin a chumadh i ngéarchéimeanna.
Bhí comhairliúcháin spriocdhírithe ag an gCoimisinéir roinnt uaireanta le heagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla iomchuí sna Ballstáit agus comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha. Sa phróiseas comhairliúcháin sin, cuireadh moltaí sonracha i láthair i ndáil leis an ngá atá le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chur chuige coiteann i leith caighdeáin leanbh-shonracha atá i gcomhréir le Teachtaireacht 2017 maidir le Leanaí i mbun Imirce. Ina theannta sin, chuathas i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta le linn an Fhóraim Chomhchomhairligh arna bhunú ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), maidir le topaicí amhail na céimeanna tosaigh sa nós imeachta tearmainn (2019).
Ina theannta sin, rinne an Coimisiún moltaí sonracha a chur san áireamh ó údaráis náisiúnta agus áitiúla, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirnáisiúnta, amhail UNHR, IOM, agus chomh maith leis sin, ó mheithleacha machnaimh agus ón lucht acadúil maidir le conas tús úr i leith na himirce a bheartú agus dul i ngleic leis na dúshláin imirce atá ann faoi láthair agus caighdeáin maidir le cearta an duine a chosaint. Agus tús úr á chur leis an athchóiriú, ba cheart rialacha áirithe a athbhreithniú, ina dtuairim siúd, chun freagracht a áirithiú agus foráil a dhéanamh maidir le sásra dlúthpháirtíochta lena n-áirítear le haghaidh daoine a ndearnadh iad a dhíbhordáil i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála. Ina theannta sin, tá eagraíochtaí neamhrialtasacha ar son comhthuisceana maidir le freagracht idir na Ballstáit agus d’éiligh siad sásra athshocraithe níos buaine a áireamh ar rialacha athbhreithnithe Bhaile Átha Cliath.
Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an rannchuidiú agus na staidéir ó Ghréasán Imirce na hEorpa san áireamh, ar seoladh iad ar a thionscnamh féin agus ónar eascair roinnt staidéir speisialaithe agus cuardach ad hoc le blianta beaga anuas.
Luaigh cuid mhór Ballstát agus páirtithe leasmhara an gá atá le córas imirce dea-bhainistithe a bhfuil sé ina chuid dá armlón aige an prionsabal, in aimsir géarchéime a eascraíonn ó mhórphlódú daoine ar chríoch Ballstáit, gurb é an t-athshocrú is ceart a bheith ina bheart dlúthpháirtíochta réamhshocraithe chun an brú a scaoileadh go tapa ón mBallstát sin. Thairis sin, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, d’éiligh na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara go léir ar an gCoimisiún na ceachtanna sin a chur san áireamh agus a áirithiú go bhféadfadh an creat reachtach déileáil leis na cásanna force majeure sin amach anseo.
I bhfianaise an mhéid sin, rinne an Coimisiún measúnú cúramach ar na hargóintí a rinneadh agus tháinig sé ar an gconclúid gur gá, in éineacht leis na tograí reachtacha atá ann faoi láthair, foráil a dhéanamh maidir le creat is féidir a ghníomhachtú i ngéarchéimeanna agus i gcásanna force majeure chun tacú láithreach leis an mBallstát nó leis na Ballstáit a bhfuil na cásanna sin le sárú acu le rialacha sonracha maidir le cur i bhfeidhm an tsásra dlúthpháirtíochta éigeantaigh a leagtar amach sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce nó le heilimintí nós imeachta eile arbh fhéidir gur gá do na Ballstáit nó don Aontas ina iomláine iad a chur i bhfeidhm.
3.3.Cearta bunúsacha
Urramaítear cearta bunúsacha leis an togra seo agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar aon leis na hoibleagáidí a eascraíonn ón dlí idirnáisiúnta.
Cuirfear creat dá bhforáiltear leis an Rialachán seo i bhfeidhm le lánurraim do chearta bunúsacha mar a chumhdaítear iad sa Chairt, lena n-áirítear ceart dínite an duine (Airteagal 1), toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach (Airteagal 4), an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun tearmainn (Airteagal 18), an chosaint ó refoulement (Airteagal 19), neamh-idirdhealú (Airteagal 21), comhionannas cearta idir fir agus mná (Airteagal 23), cearta an linbh (Airteagal 24) agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil (Airteagal 47). Cuirtear cearta an linbh agus riachtanais speisialta daoine leochaileacha san áireamh go hiomlán sa togra seo.
Déantar an ceart chun saoirse agus saoirse gluaiseachta a chosaint i bhfianaise nach féidir na rialacha maolúcháin sin a chur i bhfeidhm ach i gcreat atá rialaithe go dian agus ar feadh tréimhse teoranta ama má bhaintear leas as an gcoinneáil i gcomhthéacs na rialacha maolúcháin maidir leis an nós imeachta tearmainn agus teorann um fhilleadh.
A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta bainistithe tearmainn agus géarchéim fillte, leanfaidh na ráthaíochtaí dá bhforáiltear le Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn agus leis an Treoir um Fhilleadh d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratasóirí agus náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach nó daoine gan stát atá faoi réir an nós imeachta teorann.
Cosnaítear cearta an linbh sa togra trí mhionaoisigh a eisiamh ón nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn, ach amháin in imthosca an-teoranta, eadhon i gcásanna ina mbeidís ina mbaol do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí an Bhallstáit lena mbaineann.
Déantar prionsabal an non-refoulement a chumhdaítear in Airteagal 33 den Choinbhinsiún maidir le Dídeanaithe 1951 agus Airteagal 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú freisin gach uair a dhéantar na maoluithe ar an nós imeachta teorann um fhilleadh agus an Treoir um Fhilleadh a chur i bhfeidhm. Meabhraítear sa togra gur gá do na Ballstáit cloí leis an bprionsabal sin i gcónaí.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Mar gheall ar chineál an togra atá nasctha le géarchéim, níl sé indéanta an tionchar buiséadach a d’fhéadfadh a bheith aige a mheas a priori. Freastalófar air a mhéid is féidir laistigh de bhuiséad na n-ionstraimí atá ann cheana féin faoin tréimhse 2021-2027 i réimse na himirce agus an Tearmainn, agus i gcás inar gá, trí úsáid a bhaint as na sásraí solúbthachta dá bhforáiltear laistigh den chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. I gcás inar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta laistigh de bhrí Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] freisin iad na daoine dá ndeonaítear cosaint láithreach, is ionann na forálacha airgeadais maidir le ranníocaíochtaí le haghaidh athshocrú na ndaoine sin agus na forálacha atá i Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce].
Tá na riachtanais airgeadais comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus cuimseofar leo úsáid a bhaint as ionstraimí speisialta mar a shainmhínítear iad sa Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh 1311/2013.
Maidir leis na gnéithe a bhaineann leis an nós imeachta tearmainn, ní chuirfear aon ualach airgeadais ná riaracháin ar an Aontas leis an togra seo. Maidir leis na codanna sin, dá bhrí sin, níl aon tionchar aige ar bhuiséad an Aontais.
5.MÍNIÚCHÁN MIONSONRAITHE AR FHORÁLACHA SONRACHA AN TOGRA
Sainmhíniú ar ghéarchéim
Cumhdaítear leis an ngéarchéim cásanna eisceachtúla de mhórphlódú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ag teacht isteach go neamhrialta chuig Ballstát nó a ndearnadh iad a dhíbhordáil ar a chríoch i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus é sin ar scála chomh mór sin, i gcomhréir le daonra agus le holltáirgeacht intíre an Bhallstáit lena mbaineann, agus de chineál, go bhfágann sé neamhfheidhmiúil córas tearmainn, glactha nó fillte an Bhallstáit, nó go bhfuil gar-riosca de na cásanna eisceachtúla sin den mhórphlódú ann dá bharr. Ní chumhdaítear na cásanna sin leis an togra ach amháin má léirítear go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha acu maidir le feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn nó an Chomhchreata mar a leagtar amach sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce atá beartaithe.
Rialacha sonracha maidir le cur i bhfeidhm éigeantach an tsásra dlúthpháirtíochta i ngéarchéim, mar a leagtar amach sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce
5.1.Dlúthpháirtíocht éigeantach i ngéarchéim
Tugtar isteach leis an togra rialacha sonracha maidir le cur i bhfeidhm an tsásra dlúthpháirtíochta i ngéarchéim, mar a leagtar amach sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, lena ndéantar foráil maidir le bearta éigeantacha i bhfoirm athshocraithe nó urraíocht ar fhilleadh. Leis na rialacha sonracha sin, déantar foráil maidir le raon feidhme níos leithne le haghaidh athshocrú éigeantach a leathnaítear chun na hiarratasóirí go léir, bídís faoi réir an nós imeachta teorann nó ná bídís, imircigh neamhrialta, agus daoine dá ndeonaítear cosaint láithreach faoin Rialachán seo a chumhdach. Thairis sin, bunaítear tréimhsí ama giorraithe chun an nós imeachta maidir le sásra dlúthpháirtíochta éigeantach dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce a chur i ngníomh. Ní hionann an urraíocht ar fhilleadh dá bhforáiltear sa togra seo agus an urraíocht ar fhilleadh a bhunaítear sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce toisc go ndéanfar an oibleagáid an t-imirceach neamhrialta a aistriú chuig críoch an Bhallstáit is urraitheoir a chur i ngníomh mura mbeidh an duine lena mbaineann fillte nó mura mbainfear as é laistigh de cheithre mhí (seachas ocht mí dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce).
Leis an togra seo, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE i ndáil le hathshocrú na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, na-imirceach neamhrialta agus na ndaoine dá ndeonaítear cosaint láithreach faoin rialachán seo a chur i ngníomh, agus in éineacht leis sin, i ndáil le hurraíocht ar fhilleadh, rud a thugann le fios go bhfuil oibleagáid ann náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, atá faoi réir urraíocht ar fhilleadh agus nach mbeidh fillte laistigh de na teorainneacha ama socraithe a aistriú.
Chun rialacha sonracha maidir le dlúthpháirtíocht a chur i ngníomh, ní mór don Choimisiún a shuí go mbeidh géarchéim le sárú ag Ballstát de thoradh cás eisceachtúil de mhórphlódú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag teacht isteach go neamhrialta, agus é sin ar scála chomh mór sin agus de chineál, go bhfágann sé neamhfheidhmiúil córas tearmainn, glactha nó fillte an Bhallstáit, agus a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aige maidir le feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn nó an Chomhchreata mar a leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, nó go bhfuil gar-riosca den chás sin ann.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarraidh réasúnaithe ó Bhallstát ina n-iarrtar go gcuirfí na rialacha sonracha maidir le dlúthpháirtíocht éigeantach i bhfeidhm agus déanfaidh sé amach má tá géarchéim ann ar bhonn faisnéis chruthaithe, go háirithe an fhaisnéis arna bailiú ag an gCoimisiún de bhun shásra an Aontais maidir le hUllmhacht agus Bainistiú Géarchéimeanna a bhaineann le hImirce (an Treoir Ullmhachta agus Géarchéime maidir le hImirce) agus ag an Oifig Eorpach Tacaíochta le Cúrsaí Tearmainn (EASO) de bhun Rialachán (AE) Uimh. 439/2010, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2019/1896 agus an Tuarascáil Bainistithe Imirce dá dtagraítear sa Rialachán um Bainistiú Tearmainn agus Imirce atá beartaithe.
I gcás ina mbeidh Ballstát ina Bhallstát faoi bhrú agus ag tairbhiú de bhearta tacaíochta dlúthpháirtíochta, lena n-áirítear nuair atá sé ag tairbhiú de na bearta sin faoin Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, eisiafar é ón oibleagáid rannchuidiú leis an athshocrú nó urraíocht ar fhilleadh a dhéanamh faoin Rialachán seo.
Tionólfaidh an Coimisiún Fóram Dlúthpháirtíochta Géarchéime chun torthaí an mheasúnaithe uaidh a phlé agus an fhreagairt dlúthpháirtíochta a shainmhíniú sula nglacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme.
5.2.Raon feidhme na mbeart dlúthpháirtíochta éigeantacha agus rialacha sonracha maidir le cur i bhfeidhm an tsásra dlúthpháirtíochta i ngéarchéimeanna
I ndáil le hathshocrú, leathnaítear raon feidhme an togra seo i gcomparáid leis an raon feidhme dá bhforáiltear i gcásanna brú sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, toisc go mbeidh feidhm aige freisin maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta sa nós imeachta teorann, imircigh neamhrialta agus daoine dá ndeonaítear cosaint láithreach faoin Rialachán seo. Déanfar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach nó daoine gan stát atá faoi réir urraíocht ar fhilleadh a aistriú ón mBallstát i ngéarchéim go dtí an Ballstát is urraitheoir, mura gcuirfear an filleadh i gcrích go rathúil laistigh de cheithre mhí, i.e. tar éis tréimhse is gaire ná an tréimhse a leagtar amach sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (ocht mí).
Déanfar an nós imeachta maidir le cur chun feidhme na mbeart dlúthpháirtíochta faoin togra seo a chur i gcrích laistigh de thréimhsí ama giorraithe i gcomparáid leis na tréimhsí dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce. Dá bhrí sin, cheanglófaí ar na Ballstáit Plean Freagartha ar Ghéarchéim Dlúthpháirtíochta a chur isteach laistigh de sheachtain amháin tar éis do dheireadh teacht leis an measúnú ar an ngéarchéim sa Bhallstát lena mbaineann agus tar éis don Choimisiún Fóram Dlúthpháirtíochta a thionóladh. Ina dhiaidh sin, glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme lena leagtar amach na bearta dlúthpháirtíochta le haghaidh gach Ballstáit laistigh de sheachtain amháin.
Leis an ngníomh cur chun feidhme, cinnfear líon na ndaoine atá le hathshocrú agus/nó atá faoi réir urraíocht ar fhilleadh ón mBallstát faoi ghéarchéim, cinnfear dáileadh na ndaoine sin idir na Ballstáit ar bhonn scála dáilte bunaithe ar 50 % den daonra agus 50 % OTI mar a shainmhínítear sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce.
Murab ionann agus forálacha dlúthpháirtíochta an Rialacháin atá beartaithe maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, ní áirítear bearta dlúthpháirtíochta sa togra seo i réimse an fhothaithe acmhainneachta, na tacaíochta oibríochtúla agus an chomhair le tríú tíortha, toisc gur fearr a oireann na bearta sin atá níos fadtéarmaí do chásanna brú. Ós rud é gur gá, i ngéarchéimeanna, an cás a eascraíonn ó mhórphlódú daoine a mhaolú go tapa, ba cheart díriú leis an Rialachán seo atá beartaithe ar na gnéithe sin den dlúthpháirtíocht. Thairis sin, déanfar aon riachtanas a thiocfaidh chun cinn i réimse an fhothaithe acmhainneachta, na tacaíochta oibríochtúla agus an chomhair le tríú tíortha a chumhdach faoi shásra an Aontais maidir le hUllmhacht agus Bainistiú Géarchéimeanna a bhaineann le hImirce (an Treoir Ullmhachta agus Géarchéime maidir le hImirce agus an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM).
Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 8den Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5de sin, sa chaoi go dtabharfar de chumhacht don Choimisiún, ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo de thoradh na géarchéime atá ann sa Bhallstát is tairbhí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh is infheidhme láithreach agus a fhanfaidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin.
5.3.Nósanna imeachta tearmainn agus nósanna imeachta um fhilleadh le linn géarchéime
Na critéir agus forálacha nós imeachta: Leagtar amach in Airteagal 3na céimeanna nós imeachta chun na rialacha maolúcháin a leagtar síos in Airteagail 4, 5 agus 6 a chur i bhfeidhm. Ní mór do na Ballstáit iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina measfaidh siad iad féin a bheith faoi ghéarchéim agus gur gá nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn nó nós imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh a chur i bhfeidhm, nó maoluithe a chur i bhfeidhm ar na forálacha maidir le clárú na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag an scagadh ar náisiúnaigh tríú tír de réir na rialacha a leagtar síos sa Rialachán um Scagadh agus an deis a bheith ann síneadh cúig lá eile a chur leis an sprioc-am cúig lá, mar a shonraítear sa Rialachán sin. Féadfar na maoluithe a iarraidh ar bhonn aonair nó go carnach, ach ní mór na coinníollacha a shainítear le haghaidh chur i bhfeidhm gach Airteagail a chomhlíonadh ar bhonn aonair. Ar fháil iarratais ó Bhallstát amháin nó ó roinnt Ballstát lena mbaineann dó, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, ar féidir feidhm a bheith aige maidir le Ballstát amháin nó níos mó, cur i bhfeidhm na rialacha maolúcháin a údarú, ar feadh tréimhse atá le cinneadh leis an gcinneadh féin. I bhfianaise an ghá a d’fhéadfadh a bheith ann le gníomhaíocht láithreach, féadfaidh na Ballstáit tosú ar an bhforáil a chur i bhfeidhm go haontaobhach maidir le síneadh cúig lá déag ar a mhéad a chur leis an sprioc-am clárúcháin, tréimhse ar ina diaidh is féidir leis an gCoimisiún a údarú é a chur i bhfeidhm a thuilleadh nó a chinneadh gan é sin a dhéanamh. Tá tréimhse ama shoiléir ag cur i bhfeidhm na rialacha maolúcháin i ngach cás: sé mhí, tréimhse ar féidir síneadh bliana amháin ar a mhéad a chur leis i gcás na bhforálacha maidir leis an nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn agus an nós imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh, agus síneadh ceithre seachtaine ar a mhéad i gcás chur i bhfeidhm an mhaolúcháin ar chlárú na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Tá an tréimhse ceithre seachtaine sin in-athnuaite, ar fháil iarrata eile ón mBallstát lena mbaineann, ach níor cheart é a bheith níos faide ná dhá sheachtain déag ar an iomlán, ar aon chuma.
Nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn: Leagtar síos le hAirteagal 4.deis a bheith ag na Ballstáit maolú ar an nós imeachta teorann maidir le tearmann faoi Airteagal 41 den Rialachán atá beartaithe i dtaca leis an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, trí chinntí a dhéanamh i gcomhthéacs nós imeachta teorann maidir le fiúntas iarratais i gcás ina mbeidh náisúntacht ag an iarratasóir a bhfuil meánráta aitheantais de 75 % nó níos ísle ag baint leis, sa bhreis ar na cásanna a liostaítear faoi Airteagal 41 den Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn. Tá an tairseach ráta aitheantais 75 % nó níos ísle ceaptha le bheith ina bonn do na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a threorú go tapa chuig ngnáthnós imeachta tearmainn ag an teorainn, agus gan dochar á déanamh do thoradh a n-iarratas ar thearmann. Ní hionann sin agus an tairseach ráta aitheantais 20 % sa Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, ar foras luasghéaraithe é. Dá réir sin, beidh ar na Ballstáit leanúint de bheith ag cur an nós imeachta teorann i bhfeidhm i dtaca leis na cásanna sin go léir a sholáthraíonn an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn (bagairt slándála, iarratasóirí ag teacht ó thír a bhfuil meánráta aitheantais níos ísle ná 20 % aici i dtaca leis an Aontas ar fad) ach is féidir leo an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm maidir leis na hiarratasóirí uile eile atá ag teacht as tír a bhfuil meánráta aitheantais 75 % nó níos ísle aici i dtaca leis an Aontas ar fad. Thairis sin, le linn géarchéime, féadfaidh na Ballstáit an nós imeachta a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse bhreise ocht seachtaine, lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse dhá sheachtain déag dá bhforáiltear leis an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn.
Nós imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh: Leagtar síos le hAirteagal 5deis do na Ballstáit maolú ar fhorálacha áirithe den nós imeachta teorann chun filleadh a chur i gcrích arna bhunú ag Airteagal 41a den Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn atá beartaithe agus den Treoir um Fhilleadh. Bheadh feidhm ag na maoluithe sin maidir le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ar diúltaíodh a n-iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn, agus in éineacht leis sin, bheadh feidhm acu maidir leo sin atá faoi réir an nós imeachta teorann d’Airteagal 41 den Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn atá beartaithe agus a ndiúltaítear a n-iarratas sula nglacfaidh an Coimisiún an cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil géarchéim le sárú ag Ballstát, agus nach bhfuil an ceart acu agus nach bhfuil cead acu fanacht tar éis ghlacadh an chinnidh sin. Leis na forálacha maolúcháin, cuirtear síneadh breise 8 seachtaine le huastréimhse an nós imeachta teorann chun filleadh a chur i gcrích, lena n-áirítear coinneáil i gcás inar gá é mar rogha dheireanach, agus tugtar isteach cásanna nua sonracha agus dea-spriocdhírithe, sa bhreis ar na cásanna a leagtar amach sa togra le haghaidh Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh, inar féidir a thoimhdiú gurb ann don riosca éalaithe i gcásanna aonair, mura gcruthófar a mhalairt.
Maoluithe ar an bhforáil maidir le clárú na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta: Le hAirteagal 6, déantar foráil maidir leis an deis atá ag na Ballstáit moill suas go ceithre seachtaine a chur ar chlárú na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, de mhaolú ar Airteagal 27 den Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn atá beartaithe.
5.4.Teorainneacha ama a fhadú
Iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú: I gcásanna force majeure, i gcás ina mbeidh sé dodhéanta do Bhallstát an sprioc-am clárúcháin a chur i bhfeidhm, déantar foráil le hAirteagal 7maidir le síneadh ceithre seachtaine a thabhairt do na Ballstáit iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú, de mhaolú ar Airteagal 27 den Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn atá beartaithe. Ní mór do na Ballstáit atá i ngleic le cás force majeure den sórt sin an Coimisiún a chur ar an eolas faoin gcás sin agus cúiseanna beachta maidir le cur i bhfeidhm an mhaolúcháin a chur in iúl. Ar an gcaoi chéanna, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi dheireadh a bheith tagtha leis an gcás force majeure, nár cheart feidhm a bheith aige a thuilleadh maidir leis an teorainn ama sínte le haghaidh clárúchán.
Teorainneacha ama i Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce]: I gcásanna force majeure, i gcás ina mbeidh sé dodhéanta do Bhallstát an nós imeachta maidir le seoladh agus freagairt, le hiarrataí a ghabháil ar láimh agus fógraí a ghabháil ar ais chur i bhfeidhm laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, nó cloí leis an teorainn ama le hiarratasóir a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach, leagtar maoluithe sonracha amach chun gur féidir leis na Ballstáit síneadh a chur leis na teorainneacha ama ábhartha faoi choinníollacha dochta. Ní mór do na Ballstáit a mbeidh na cásanna force majeure sin le sárú acu an Coimisiún a chur ar an eolas faoin gcás sin agus cúiseanna beachta maidir le cur i bhfeidhm an mhaolúcháin a chur in iúl. Ar an gcaoi chéanna, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi dheireadh a bheith tagtha leis an gcás force majeure, nár cheart na teorainneacha ama sínte a chur i bhfeidhm a thuilleadh ina dhiaidh sin.
Síneadh ar an tréimhse ama le haghaidh oibleagáidí dlúthpháirtíochta a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce] agus sa Rialachán seo a leanas: i gcás nach mbeidh Ballstát ar leith in ann, de thoradh chás force majeure sa Bhallstát sin, a oibleagáidí a chomhlíonadh a leagtar amach sa sásra dlúthpháirtíochta de chuid an Rialacháin maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce atá beartaithe nó dá bhforáiltear sa Rialachán sin, féadfaidh Ballstát an Coimisiún a chur ar an eolas faoin gcás agus síneadh sé mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse ama le haghaidh na bearta dlúthpháirtíochta sin a chur chun feidhme.
Cosaint láithreach a dheonú: Le hAirteagal 10, déantar foráil maidir le stádas cosanta láithrí a dheonú do dhaoine easáitithe a bhfuil ardriosca eisceachtúil le sárú acu ina dtír thionscnaimh go ndéanfar foréigean neamh-idirdhealaitheach orthu, i gcás coinbhleacht armtha, agus nach féidir leo filleadh ar an tríú tír sin. Tá an gá leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus an grúpa beacht daoine lena mbaineann le cinneadh ag an gCoimisiún i ngníomh cur chun feidhme. Féadfaidh na Ballstáit, le linn na tréimhse cur chun feidhme arna cinneadh ag an ngníomh cur chun feidhme, an scrúdú ar na hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chur ar fionraí agus cosaint láithreach a dheonú do na daoine sin a chomhlíonann na critéir faoi seach. Is féidir an tréimhse fionraí sin a shíneadh go bliain amháin ar a mhéad agus is gá scrúdú an iarratais ar thearmann a thosú arís ina dhiaidh sin. Áiritheofar leis sin an chosaint is gá le haghaidh na ndaoine lena mbaineann agus, san am céanna, maolófar ar an mbrú a bheidh ar an mBallstát scrúdú a dhéanamh ar líon mór iarratas ar thearmann ag aon am amháin.
San am céanna, is iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fós iad daoine a ndeonaítear cosaint láithreach dóibh, ach ba cheart dóibh an tsraith cheart eacnamaíoch agus shóisialta a bheith acu is infheidhme maidir le tairbhithe cosanta coimhdí a leagtar síos le Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán Cáilitheachta]. Le deonú na cosanta láithrí, ní scaoilfear an Ballstát ón oibleagáid an Ballstát atá freagrach as an iarratas a scrúdú de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce] a chinneadh, ach cuirfear ar chumas an duine lena mbaineann an stádas a bheith aige fad a chuirfear i gcrích an nós imeachta de bhun an Rialacháin sin. I gcás ina gcinnfear gur Ballstát eile an Ballstát atá freagrach, scoirfidh an chosaint láithreach nuair a chuirfear an t-aistriú de bhun an Rialacháin sin i gcrích. Má bhogann na daoine lena mbaineann ar aghaidh chuig Ballstáit eile agus iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta iontu, beidh sé de cheangal ar an mBallstát freagrach lena mbaineann iad a thabhairt ar ais de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce]. Ós rud é go bhfuil rialacha sonracha sa togra seo maidir le hathshocrú i ngéarchéimeanna a eascraíonn ó mhórphlódú daoine ar chríoch Ballstáit, agus go bhfuil príomhfhorálacha an athshuite sin sa togra seo agus sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an moladh uaidh ó 2015 a tharraingt siar maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra um athshocrú géarchéime agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát.
I bhfianaise na forbartha ar choincheapa agus rialacha na cáilitheachta maidir le cosaint idirnáisiúnta, agus ós rud é go leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha maidir le stádas cosanta láithrí a dheonú i ngéarchéimeanna, ba cheart an Treoir um Chosaint Shealadach a aisghairm. Faoin togra seo, ba cheart cosaint láithreach a dheonú do dhaoine easáitithe as tríú tíortha a bhfuil ardriosca iontu go ndéanfar foréigean neamh-idirdhealaitheach orthu i gcásanna eisceachtúla den choinbhleacht armtha agus nach féidir leo filleadh ar a dtír thionscnaimh.
2020/0277 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(c), (d) agus (e) agus Airteagal 79(2)(c) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Agus limistéar saoirse, slándála agus ceartais á chomhdhéanamh aige, ba cheart don Aontas a áirithiú nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann le haghaidh daoine agus ba cheart dó comhbheartas a chumadh maidir le tearmann, inimirce agus teorainneacha seachtracha a rialú, a bheadh bunaithe ar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus lena dtabharfaí cothrom na Féinne do náisiúnaigh tríú tír.
(2)Chun na críche sin, teastaíonn cur chuige cuimsitheach a bhfuil sé de chuspóir aige iontaoibh fhrithpháirteach a chothú idir na Ballstáit.
(3)Leis an gcur chuige cuimsitheach sin, ba cheart beartais i réimsí an tearmainn, an bhainistithe imirce, na bhfillteacha, chosaint na dteorainneacha seachtracha agus na comhpháirtíochta le tríú tíortha a thabhairt le chéile, agus é á aithint go mbíonn éifeachtacht an chur chuige fhoriomláin ag brath ar aghaidh a thabhairt ar ghnéithe uile an scéil ar bhonn comhpháirteach agus ar bhealach comhtháite. Ba cheart a áirithiú leis an gcur chuige cuimsitheach go mbeidh rialacha sonracha ar fáil don Aontas chun an imirce a bhainistiú go héifeachtach, lena n-áirítear sásra dlúthpháirtíochta éigeantach a chur i ngníomh agus na bearta uile is gá a chur ar bun chun cosc a chur ar ghéarchéim.
(4)In ainneoin na bearta coisctheacha is gá a chur i bhfeidhm, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfaidh géarchéim nó cás force majeure chun cinn i réimse na himirce agus an tearmainn de thoradh imthosca nach bhfuil neart ag an Aontas nó ag a Bhallstáit orthu.
(5)Leis an Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú leis an gcur chuige cuimsitheach agus é a iomlánú trí na nósanna imeachta agus na sásraí sonracha a leagan amach i réimse na cosanta idirnáisiúnta agus an fhillte ar cheart feidhm a bheith leo in imthosca eisceachtúla géarchéime. Ba cheart a áirithiú leis, go háirithe, go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach prionsabal na dlúthpháirtíochta agus comhroinnt chóir freagrachta agus oiriúnú na rialacha iomchuí maidir le nósanna imeachta tearmainn agus nósanna imeachta um fhilleadh, ionas go mbeidh na huirlisí is gá ar fáil do na Ballstáit agus don Aontas, lena n-áirítear go leor ama chun na nósanna imeachta sin a chur i gcrích.
(6)Féadfaidh géarchéim teacht chun cinn i mBallstát ar leith mar gheall ar mhórphlódú isteach daoine atá ag trasnú na teorann go neamhrialta agus laistigh de thréimhse ghearr ama. Ina theannta sin, d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith aige sin maidir le feidhmiú an chórais tearmainn agus imirce, ní hamháin sa Bhallstát sin ach san Aontas ina iomláine, de thoradh gluaiseachtaí neamhúdaraithe agus gan é a bheith d’acmhainn ag Ballstát an chéad dul isteach na hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó na náisiúnaigh tríú tír sin a phróiseáil. Is gá rialacha sonracha agus sásraí a leagan síos lena bhféadfar gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin.
(7)Sa bhreis ar na géarchéimeanna, féadfaidh imthosca neamhghnácha nach bhféadfaí a thuar agus nach bhfuil neart acu orthu a bheith le sárú ag na Ballstáit, nárbh fhéidir na hiarmhairtí a bhaineann leo a sheachaint in ainneoin go ndearnadh an cúram cuí. Leis na cásanna force majeure sin, d’fhéadfadh sé a bheith dodhéanta cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] agus (AE) XXX/XXX [Imirce agus Tearmann a Bhainistiú] i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú nó na nósanna imeachta a chur i gcrích maidir lena dhéanamh amach cén Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Chun a áirithiú go leanfaidh an comhchóras tearmainn de bheith ag feidhmiú go héifeachtach cóir, agus scrúdú prapúil ar riachtanais na cosanta idirnáisiúnta agus na deimhneachta dlíthiúla á ráthú aige, ba cheart feidhm a bheith ag teorainneacha ama níos faide sna cásanna sin i gcás chlárú na n-iarratas agus i gcás na gcéimeanna nós imeachta is gá chun freagracht a dhéanamh amach agus iarratasóirí a aistriú chuig an mBallstát freagrach. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil cás force majeure le sárú acu a bheith in ann na bearta dlúthpháirtíochta is gá dóibh a dhéanamh a chur chun feidhme de bhun an tsásra dlúthpháirtíochta a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) XXX/XXX [Tearmann agus Imirce a Bhainistiú] laistigh de thréimhse ama sínte, i gcás inar gá.
(8)Ba cheart an sásra dlúthpháirtíochta le haghaidh cásanna den bhrú ón imirce mar a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [Tearmann agus Imirce a Bhainistiú] a chur in oiriúint do riachtanais shonracha géarchéimeanna trí raon feidhme pearsanta na mbeart dlúthpháirtíochta dá bhforáiltear sa Rialachán sin a leathnú agus sprioc-amanna níos giorra a shocrú.
(9)Ba cheart glacadh beart i ndáil le Ballstát ar leith a bheith gan dochar don deis atá ag an gComhairle bearta sealadacha a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i gcás éigeandáil i mBallstát ina mbeidh insreabhadh tobann de náisiúnaigh tríú tír.
(10)Chun cuidiú leis an mbrú a bheidh le sárú ag Ballstát ina bhfuil géarchéim a laghdú go tapa, ba cheart gach catagóir iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a áireamh i raon feidhme an athshocraithe, lena n-áirítear daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta tugtha dóibh, chomh maith le tairbhithe cosanta náisiúnta agus imircigh neamhrialta. Thairis sin, ba cheart do Bhallstát a sholáthraíonn urraíocht le haghaidh filleadh an náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a aistriú ón mBallstát is tairbhí mura bhfillfidh an duine lena mbaineann nó mura mbainfear as é laistigh de cheithre mhí, seachas ocht mí mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) XXX/XXX [Tearmann agus Imirce a Bhainistiú].
(11)Na rialacha nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [Tearmann agus Imirce a Bhainistiú] chun athshocrú agus urraíocht le haghaidh filleadh a chur i gcrích, ba cheart iad a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear na bearta dlúthpháirtíochta chun feidhme go cuí i ngéarchéim, cé gur cheart iad a choigeartú chun tromchúis agus práinn an cháis a chur san áireamh.
(12)I ngéarchéimeanna, is féidir go mbeidh sraith beart níos leithne ag teastáil ó na Ballstáit chun insreabhadh mór de náisiúnaigh tríú tír a bhainistiú ar bhealach eagraithe agus chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a choinneáil faoi smacht. Ba cheart cur chun feidhme nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn agus nós imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh a áireamh ar na bearta sin.
(13)Chun gur féidir leis na Ballstáit déileáil le líon mór iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i ngéarchéimeanna, ba cheart teorainn ama níos faide a shocrú maidir le clárú na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna ndéanamh le linn na ngéarchéimeanna sin. Ba cheart an síneadh sin a bheith gan dochar do chearta na n-iarratasóirí ar thearmann arna ráthú ag an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(14)Chun a áirithiú go mbeidh an tsolúbthacht is gá ag na Ballstáit gach uair a bheidh aghaidh á tabhairt acu ar mhórphlódú isteach imirceach atá ag cur in iúl go bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh ar thearmann, ba cheart leathnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an nós imeachta teorann, arna bhunú ag Airteagal 41 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], agus ba cheart do na Ballstáit, le nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn, a bheith in ann cinneadh a dhéanamh faoi chuimsiú nós imeachta teorann freisin maidir le fiúntas an iarratais i gcásanna a bhfuil náisiúntacht tríú tír ag iarratasóir, nó i gcás daoine gan stát, gur duine a raibh gnáthchónaí air i dtríú tír roimhe sin, ar 75 % nó níos ísle cion na gcinntí lenar bronnadh cosaint idirnáisiúnta. Dá thoradh sin, gach uair a bheidh an nós imeachta teorann á chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith ag cur an nós imeachta teorann i bhfeidhm mar a fhoráiltear in Airteagal 41 den Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] ach féadfaidh siad cur i bhfeidhm an nós imeachta teorann a leathnú chun náisiúnaigh a chumhdach arb as tríú tír dóibh ina bhfuil an meánráta aitheantais os cionn 20 % ach faoi bhun 75 % i dtaca leis an Aontas ar fad.
(15)Ba cheart feidhm a bheith ag an scagadh ar náisiúnaigh tríú tír de réir na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán um Scagadh] agus an deis ann síneadh 5 lá eile a chur leis an sprioc-am 5 lá, mar a shonraítear sa Rialachán sin.
(16)I ngéarchéim, i bhfianaise an bhrú a d’fhéadfaí a bheith ar an gcóras tearmainn, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit gan cead isteach ina gcríoch a údarú d’iarratasóirí atá faoi réir nós imeachta teorann ar feadh tréimhse ama níos faide ná na tréimhsí ama a shocraítear in Airteagal 41 (11) agus (13) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn]. Ba cheart na nósanna imeachta a chur i gcrích a luaithe is féidir, áfach, agus, ar aon chuma, níor cheart ach síneadh breise nach faide ná ocht seachtaine a chur leis na tréimhsí ama; mura féidir na nósanna imeachta sin a chur i gcrích sula rachaidh an tréimhse fhadaithe in éag, ba cheart iarratasóirí a údarú dul isteach i gcríoch Ballstáit chun an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta a chur i gcrích.
(17)Leis an nós imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh, ba cheart éascú a dhéanamh i ngéarchéim ar fhilleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus ar diúltaíodh a n-iarratas i gcomhthéacs nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn agus nach bhfuil an ceart acu fanacht agus nach bhfuil cead acu fanacht, trí na huirlisí is gá a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla agus tréimhse ama leordhóthanach a chur ar fáil chun nósanna imeachta um fhilleadh a chur i gcrích le dícheall cuí. Chun gur féidir leis freagairt do ghéarchéimeanna ar bhealach éifeachtach, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh i dtaca le hiarratasóirí, náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát faoi réir an nós imeachta teorann dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] atá beartaithe, ar diúltaíodh a n-iarratas sular glacadh cinneadh ón gCoimisiún lenar dearbhaíodh go bhfuil géarchéim le sárú ag Ballstát, agus nach bhfuil an ceart acu fanacht agus nach bhfuil cead acu fanacht tar éis an Chinnidh sin.
(18)Gach uair a bheidh an nós imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh á chur i bhfeidhm, níor cheart náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát nach bhfuil an ceart acu fanacht agus atá ag fanacht go neamhdhleathach a údarú dul isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, agus ba cheart iad a choinneáil in áiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41a(2) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] ar feadh tréimhse a d’fhéadfadh a bheith níos faide ná an tréimhse a leagtar síos leis an Airteagal sin chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis déileáil leis na géarchéimeanna agus bailchríoch a chur ar nósanna imeachta um fhilleadh; chun na críche sin, d’fhéadfaí síneadh breise nach faide ná ocht seachtaine a chur leis an uastréimhse 12 sheachtain maidir leis an nós imeachta teorann maidir le filleadh a chur i gcrích a leagtar amach in Airteagal 41a(2) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn]. Le linn na tréimhse sin, ba cheart é a bheith indéanta na náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a choimeád faoi choinneáil, agus Airteagal 41(a)(5) agus (6) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] á chur i bhfeidhm, ar choinníoll go ndéanfar na ráthaíochtaí agus na coinníollacha coinneála a leagtar síos i dTreoir XXX/XXX/AE [Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh] a urramú, lena n-áirítear an measúnú aonair ar gach cás, rialú breithiúnach ar an gcoinneáil agus coinníollacha leormhaithe coinneála.
(19)Ionas gur féidir géarchéim a bhainistiú go cuí agus chun oiriúnú ceart a áirithiú ar na rialacha ábhartha maidir leis na rialacha tearmainn ábhartha agus an nós imeachta um fhilleadh ábhartha, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, na Ballstáit lena mbaineann a údarú na rialacha maolúcháin ábhartha a chur i bhfeidhm. Leis an gcinneadh cur chun feidhme sin, d’fhéadfaí údarú a thabhairt do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit iarrataí ar mhaolú ar na rialacha ábhartha.
(20)Ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar iarraidh réasúnaithe arna cur isteach ag Ballstát agus faisnéis a chur san áireamh a bhfuil bunús maith léi agus a bailíodh de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [An Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht um Thearmann] agus Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de bhun na tuarascála maidir le Bainistiú Imirce dá dtagraítear i Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce].
(21)Chun breis ama atá ag teastáil chun déileáil leis an ngéarchéim a sholáthar do na Ballstáit agus, san am céanna, rochtain éifeachtach agus chomh tapa agus is féidir a áirithiú ar na nósanna imeachta agus ar na cearta ábhartha, ba cheart don Choimisiún cur i bhfeidhm an nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn agus an nós imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh ar feadh tréimhse sé mhí, a bhféadfaí síneadh nach faide ná bliain amháin a chur leis, a údarú. A luaithe a rachaidh an tréimhse ábhartha in éag, níor cheart na sprioc-amanna sínte dá bhforáiltear sna nósanna imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn agus sna nósanna imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh a chur i bhfeidhm i dtaca le hiarratais nua ar chosaint idirnáisiúnta.
(22)Ar na cúiseanna céanna, ba cheart don Choimisiún cur i bhfeidhm rialacha maolúcháin a údarú a mhéid a bhaineann leis an sprioc-am clárúcháin le haghaidh tréimhse nach faide ná ceithre seachtaine, ar cheart é a bheith in-athnuaite tar éis don Bhallstát lena mbaineann iarraidh nua réasúnaithe a chur isteach. Níor cheart an tréimhse iomlán cur i bhfeidhm a bheith níos faide ná dhá sheachtain déag.
(23)I ngéarchéim, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna ndéanamh ag daoine easáitithe ó thríú tíortha nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh, áit ina mbeadh ardleibhéal riosca ann iad a bheith faoi réir foréigean neamh-idirdhealaitheach, a chur ar fionraí, i gcásanna eisceachtúla den choinbhleacht armtha. Sa chás sin, ba cheart stádas cosanta láithrí a dheonú do na daoine sin. Ba cheart do na Ballstáit leanúint ar aghaidh leis an scrúdú ar an iarratas uathu bliain amháin ar a dhéanaí ó cuireadh é ar fionraí.
(24)Ba cheart daoine ar deonaíodh cosaint láithreach dóibh a mheas mar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fós, i bhfianaise an iarratais uathu ar chosaint idirnáisiúnta atá ar feitheamh laistigh de bhrí Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], agus ina theannta sin, de réir bhrí Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce].
(25)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag tairbhithe stádais cosanta láithreach ar na cearta uile a leagtar síos i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán Cáilitheachta] is infheidhme agus is comhionann leis na cearta atá ag tairbhithe cosanta coimhdí.
(26)Chun measúnú cuí a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna gcur isteach ag tairbhithe cosanta láithrí, ba cheart na nósanna imeachta tearmainn leanúint ar aghaidh bliain amháin ar a dhéanaí ón tráth a chuirfear na nósanna imeachta sin ar fionraí.
(27)Ón tráth a glacadh an Treoir 2001/55/CE ón gComhairle, tháinig forbairt mhór ar na rialacha a bhaineann le cáilitheacht tairbhithe cosanta idirnáisiúnta. Ós rud é go leagtar síos sa Rialachán seo na rialacha maidir le stádas cosanta láithrí a dheonú i ngéarchéimeanna do dhaoine easáitithe ó thríú tíortha nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh, agus go bhforáiltear maidir le rialacha sonracha ann maidir le dlúthpháirtíocht do na ndaoine sin, ba cheart Treoir 2001/55/CE a aisghairm.
(28)Ba cheart rialacha sonracha a leagan amach maidir le cásanna force majeure chun gur féidir leis na Ballstáit síneadh a chur leis na teorainneacha ama a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce] faoi choinníollacha diana i gcás ina mbeidh sé dodhéanta cloí leis na teorainneacha ama sin de thoradh an cháis eisceachtúil. Ba cheart feidhm a bheith ag an síneadh sin maidir leis na teorainneacha ama a leagtar amach maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh agus fógraí faoi ghabháil ar ais a sheoladh agus a fhreagairt, chomh maith leis an teorainn ama le haghaidh iarratasóir a aistriú chuig an mBallstát freagrach.
(29)Ina theannta sin, ba cheart rialacha sonracha a leagan amach maidir le cásanna force majeure, chun gur féidir leis na Ballstáit síneadh a chur leis na teorainneacha ama a bhaineann le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú i Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], faoi choinníollacha diana. Sna cásanna sin, ba cheart don stát sin iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú ceithre seachtaine ar a dhéanaí ón tráth a dhéanfar iad.
(30)Sna cásanna force majeure sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, do na Ballstáit eile, go bhfuil sé ar intinn aige na maoluithe ó na teorainneacha ama sin lena mbaineann a chur i bhfeidhm, agus in éineacht leis sin, na cúiseanna beachta a thabhairt lena gcur i bhfeidhm beartaithe, chomh maith leis an tréimhse ama ar lena linn a chuirfear iad i bhfeidhm.
(31)I gcásanna force majeure, a fhágann go bhfuil sé dodhéanta do Bhallstát an oibleagáid a chomhlíonadh bearta dlúthpháirtíochta a dhéanamh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce] agus sa Rialachán seo, ba cheart é a bheith indéanta ag an mBallstát sin fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir leis na cúiseanna beachta a measann sé an cás sin a bheith le sárú aige agus síneadh ama a chur leis an tréimhse ama le haghaidh bearta dlúthpháirtíochta a dhéanamh.
(32)I gcás nach mbeidh Ballstát i ngleic le cás force majeure a thuilleadh, ba cheart dó, a luaithe is féidir, fógra a thabhairt don Choimisiún, agus i gcás inarb infheidhme, do na Ballstáit eile, maidir le deireadh a bheith leis an gcás. Níor cheart na teorainneacha ama ar maolú iad ar Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce] a chur i bhfeidhm maidir le hiarratais nua ar chosaint idirnáisiúnta nó maidir le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach tar éis dháta an fhógra sin. Ar fháil an fhógra sin, ba cheart na teorainneacha ama a leagtar síos i Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] a theacht i bhfeidhm.
(33)Chun tacú leis na Ballstáit a thabharfaidh faoi athshocrú mar bheart dlúthpháirtíochta, ba cheart tacaíocht airgeadais as buiséad an Aontais a sholáthar.
(34)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(35)Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh bearta dlúthpháirtíochta a ghlacadh i ngéarchéimeanna chun rialacha nós imeachta maolúcháin a chur chun feidhme, agus chun deonú stádais cosanta láithrí a chur i ngníomh.
(36)Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh láithreach i mórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo de thoradh na géarchéime atá ann faoi láthair sna Ballstáit.
(37)Urramaítear leis an Rialachán na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a shainaithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe meas ar dhínit an duine, an ceart chun na beatha, toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart ar thearmann, an chosaint i gcás asbhainte, díbeartha nó eiseachadta. Ba cheart an Rialachán a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gCairt agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais chomh maith leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cosaint dídeanaithe, an oibleagáid maidir le cearta an duine agus an toirmeasc ar refoulement.
(38)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é gurb é atá in Airteagal 8den Rialachán seo leasuithe de réir bhrí Airteagal 3den Chomhaontú a tugadh i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí lena lena ndéantar amach cén Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh sa Danmhairg nó in aon Bhallstát eile den Aontas Eorpach agus maidir le córas ‘Eurodac’ chun méarloirg a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, ní mór don Danmhairg fógra a thabhairt don Choimisiún faoina cinneadh maidir lena bhfuil sna leasuithe sin a chur chun feidhme nó gan é a chur chun feidhme an tráth a ghlacfar na leasuithe nó laistigh de 30 lá ina dhiaidh sin.
(39)[I gcomhréir le hAirteagal 3de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ina chur i bhfeidhm]
NÓ
(40)[I gcomhréir le hAirteagal 1agus le hAirteagal 2de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.]
(41)A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus an Iorua, is reachtaíocht nua é Airteagal 8den Rialachán seo i réimse atá cumhdaithe ag ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú a thug an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua i gcrích maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua.
(42)A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá in Airteagal 8den Rialachán seo gníomhartha nó bearta lena leasaítear nó lena bhforbraítear forálacha Airteagal 1den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis.
(43)A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá in Airteagal 8den Rialachán seo gníomhartha nó bearta lena leasaítear nó lena bhforbraítear forálacha Airteagal 1den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena ndéantar amach cén Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis dá dtagraíonn Airteagal 3den Phrótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I - Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
1.Tugtar aghaidh leis an Rialachán seo ar ghéarchéimeanna agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn laistigh den Aontas agus déantar foráil maidir le rialacha sonracha ar maolú iad ó na rialacha a leagtar amach i Rialacháin (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce] agus i dTreoir XXX [Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh].
2.Chun críocha an Rialacháin seo, is ceart géarchéim a thuiscint mar seo a leanas:
(a)cás eisceachtúil de mhórphlódú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ag teacht isteach go neamhrialta i mBallstát nó a ndearnadh iad a dhíbhordáil ina chríoch i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus é sin ar scála chomh mór sin, i gcomhréir le daonra agus le holltáirgeacht intíre an Bhallstáit lena mbaineann, agus de chineál, go bhfágann sé neamhfheidhmiúil córas tearmainn, glactha nó fillte an Bhallstáit agus go bhféadfadh sé iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige ar fheidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn nó an Chomhchreata mar a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce], nó
(b)go bhfuil gar-riosca ann de chás mar sin.
Caibidil II - Sásra dlúthpháirtíochta
Airteagal 2
Dlúthpháirtíocht i ngéarchéimeanna
3.Chun rannchuidiú dlúthpháirtíochta a sholáthar chun leas an Bhallstáit i ngéarchéimeanna mar a leagtar amach in Airteagal 1(2)(a), beidh feidhm mutatis mutandis ag Cuid IV de Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce], cé is moite d’Airteagal 45(1), pointe (d), Airteagal 47, Airteagal 48, Airteagal 49, Airteagal 51(3)(b)(iii) agus (4), Airteagal 52(2) agus (5) agus Airteagal 53(2), an dara agus an tríú fomhír.
4.De mhaolú ar Airteagal 50(3), cumhdófar leis an measúnú dá dtagraítear sa mhír sin an cás sa Bhallstát lena mbaineann le linn na míosa [amháin] roimhe sin.
5.De mhaolú ar Airteagail 51(1), 52(3) agus 53(1) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce], déanfar na sprioc-amanna a shocraítear sna forálacha sin a ghiorrú go seachtain amháin.
6.De mhaolú ar Airteagal 51(2) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce] cuirfear in iúl sa tuarascáil dá dtagraítear ann an bhfuil an Ballstát lena mbaineann i ngéarchéim mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(a) den Rialachán seo.
7.De mhaolú ar Airteagal 51(3)(b)(ii), Airteagal 52(1) agus 52(3) an chéad fhomhír agus Airteagal 53(3)(a) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce], áireofar ar an athshocrú ní hamháin daoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 45(1) den Rialachán sin, ach daoine dá dtagraítear freisin i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 45(2).
8.De mhaolú ar Airteagal 54 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce], beidh feidhm leis an sciar arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach san Airteagal sin maidir leis na bearta a leagtar amach in Airteagal 45(2), pointí (a) agus (b) den Rialachán sin.
9.De mhaolú ar Airteagal 55(2) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce], déanfar an sprioc-am a leagtar amach ann a shocrú ag ceithre mhí.
Caibidil III - Nósanna imeachta tearmainn agus nósanna imeachta um fhilleadh i ngéarchéim
Airteagal 3
Na critéir agus forálacha nós imeachta
10.I gcás ina measfaidh Ballstát go bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ghéarchéim dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cuirfidh an Ballstát sin iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin chun na rialacha a leagtar síos in Airteagail 4, 5 nó 6 a chur i bhfeidhm, de réir mar is gá.
11.I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn scrúdú a dhéanfar i gcomhréir le mír 8, go bhfuil údar cuí leis an iarraidh sin, údaróidh sé don Bhallstát lena mbaineann, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, na rialacha maolúcháin a leagtar síos in Airteagail 4, 5 nó 6 a chur i bhfeidhm.
12.Glacfar an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 laistigh de dheich lá ón iarraidh agus socrófar ann an dáta óna mbeidh feidhm leis na rialacha a leagtar síos in Airteagail 4, 5 nó 6, chomh maith leis an tréimhse ama ar lena linn a chuirfear i bhfeidhm iad.
13.Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos in Airteagail 4 agus 5 a údarú ar feadh sé mhí. Féadfar síneadh nach faide ná bliain amháin a chur leis an tréimhse sin.
14.Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm na rialacha leagtar síos in Airteagal 6a údarú ar feadh uastréimhse ceithre seachtaine. Má mheasann Ballstát gur gá síneadh breise ar chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos in Airteagal 6, cuirfidh sé iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin cúig lá ar a dhéanaí sula rachaidh an tréimhse ceithre seachtaine in éag. Féadfaidh an Coimisiún an síneadh ar chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos in Airteagal 6a údarú ar feadh uastréimhse bhreise ceithre seachtaine, a bheidh in-athnuaite aon uair amháin. Ní faide ná dhá sheachtain déag san iomlán a bheidh sa tréimhse chur i bhfeidhm, lena n-áirítear, i gcás ina gcuirfear mír 8 i bhfeidhm, an tréimhse sula nglacfar an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.
15.Glacfar an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(1).
16.Nuair a bheidh an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 á cur isteach, féadfaidh an Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún go measann sé gur gá na rialacha a leagtar síos in Airteagal 6a chur i bhfeidhm sula gcuirfidh an Coimisiún an scrúdú ar an iarraidh sin i gcrích. Sa chás sin, de mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann na rialacha a leagtar síos in Airteagal 6a chur i bhfeidhm ón lá tar éis na hiarrata agus ar feadh tréimhse nach faide ná 15 lá. Cuirfidh an Ballstát in iúl san iarraidh na cúiseanna a bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach.
17.Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an iarraidh réasúnaithe de bhun mhír 1, nó ar an bhfógra de bhun mhír 7 ar bhonn faisnéis chruthaithe, go háirithe an fhaisnéis arna bailiú ag an gCoimisiún de bhun shásra an Aontais maidir le hUllmhacht agus Bainistiú Géarchéimeanna a bhaineann le hImirce (an Treoirphlean maidir le Géarchéim agus Ullmhacht d'Imirce) agus ag an Oifig Eorpach Tacaíochta le Cúrsaí Tearmainn (EASO) de bhun Rialachán (AE) Uimh. 439/2010, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2019/1896 agus an Tuarascáil Bainistithe Imirce dá dtagraítear in Airteagal 6de Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce].
Airteagal 4
Nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn
18.I ngéarchéim dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 3, féadfaidh na Ballstáit, a mhéid a bhaineann le hiarratais a dhéanfar laistigh de thréimhse ar lena linn a chuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm, maolú ar Airteagal 41 de Rialachán (AE)XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] mar seo a leanas:
(c)De mhaolú ar Airteagal 41(2)(b) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], féadfaidh na Ballstáit cinntí a ghlacadh i nós imeachta teorann maidir le fiúntas iarratais i gcásanna ina mbeidh an t-iarratasóir ina náisiúnach tríú tír, nó i gcás daoine gan stát, go raibh gnáthchónaí air i dtríú tír, ar 75 % nó níos ísle cion na gcinntí lenar bhronn an t-údarás cinntitheach cosaint idirnáisiúnta, de réir an mheánráta i dtaca leis an Aontas ar fad sna sonraí bliantúla nuashonraithe is déanaí atá le fáil ó Eurostat, sa bhreis ar na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn];
(d)De mhaolú ar Airteagal 41(11) agus (13) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], féadfar síneadh breise nach faide ná ocht seachtaine a chur le huastréimhse ama an nós imeachta teorann maidir le hiarratais a scrúdú a leagtar amach san Airteagal sin. Tar éis na tréimhse sin, údarófar cead isteach i gcríoch an Bhallstáit don iarratasóir chun nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta a chur i gcrích.
Airteagal 5
Nós imeachta um bainistiú géarchéime maidir le filleadh
19.I ngéarchéim dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 3, féadfaidh na Ballstáit, i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach nó daoine gan stát ar diúltaíodh a n-iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta um bainistiú géarchéime tearmainn de bhun Airteagal 4, agus nach bhfuil an ceart acu fanacht agus nach bhfuil cead acu fanacht, maolú ar Airteagal 41a de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn].mar seo a leanas:
(e)De mhaolú ar Airteagal 41a(2) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], féadfar síneadh breise nach faide ná ocht seachtaine a chur leis an uastréimhse ar lena linn a choinneofar náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát sna háiteanna dá dtagraítear san Airteagal sin;
(f)De mhaolú ar Airteagal 41a(7) de Rialachán (AE)XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], ní faide ná an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) a bheidh an tréimhse coinneála a leagtar síos san Airteagal sin;
(g)Sa bhreis ar na cásanna dá bhforáiltear le hAirteagal6(2) de Threoir XXX [Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh], suífidh na Ballstáit go dtoimhdeofar riosca éalaithe a bheith ann i gcás aonair, mura gcruthófar a mhalairt, más rud é go gcomhlíontar ceann de na critéir oibiachtúla dá dtagraítear in Airteagal6(1), pointe (f) de Threoir XXX [Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh] nó mura gcomhlíonfaidh an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát lena mbaineann, ar bhealach follasach agus seasta, an oibleagáid a bheith ag comhoibriú arna bhunú ag Airteagal 7den Treoir sin.
20.Beidh feidhm ag mír 1 maidir le iarratasóirí, náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] ar diúltaíodh a n-iarratas sular glacadh cinneadh an Choimisiúin arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 3den Rialachán seo, agus nach bhfuil an ceart acu fanacht agus nach bhfuil cead acu fanacht tar éis ghlacadh an chinnidh sin.
Airteagal 6
Clárú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i ngéarchéimeanna
I ngéarchéim dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a) agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3, déanfar iarratais arna ndéanamh laistigh den tréimhse ar lena linn a chuirfear an tAirteagal sin i bhfeidhm a chlárú tráth nach déanaí ná laistigh de cheithre seachtaine ón tráth a dhéanfar iad de mhaolú ar Airteagal 27 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn].
Caibidil IV - Teorainneacha ama i gcás force majeure
Airteagal 7
Síneadh a chur leis teorainn ama clárúcháin a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn]
21.I gcás ina mbeidh Ballstát i ngleic le cás force majeure a fhágann go bhfuil sé dodhéanta cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún. Tar éis an fhógra sin, de mhaolú ar Airteagal 27 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], féadfaidh an Ballstát sin iarratais a chlárú tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine ón tráth a dhéanfar iad. San fhógra, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na cúiseanna beachta in iúl a measann sé gur gá an mhír seo a chur i bhfeidhm agus cuirfidh sé in iúl an tréimhse ama ar lena linn a chuirfear i bhfeidhm é.
22.I gcás nach mbeidh Ballstát dá dtagraítear i mír 1 i ngleic le cás force majeure dá dtagraítear sa mhír sin a fhágann go bhfuil sé dodhéanta cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] a thuilleadh, tabharfaidh an Ballstát sin, a luaithe is féidir, fógra don Choimisiún faoi dheireadh a bheith tagtha leis an gcás. Tar éis an fhógra sin, ní chuirfear an teorainn ama sínte a leagtar amach i mír 1 i bhfeidhm a thuilleadh.
Airteagal 8
Síneadh leis na teorainneacha ama a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce]
23.I gcás ina mbeidh Ballstát i ngleic le cás force majeure a fhágann go bhfuil sé dodhéanta é cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 29, 30, 31 agus 35 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], tabharfaidh an Ballstát sin fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún. Cuirfidh an fhaisnéis sin in iúl na cúiseanna beachta a measann an Ballstát gur gá an mhír seo a chur i bhfeidhm. Tar éis an fhógra sin, de mhaolú ar Airteagail29, 30, 31 agus 35 den Rialachán sin, déanfaidh an Ballstát an méid seo a leanas:
(h)iarraidh a dhéanamh ar ghabháil ar láimh dá dtagraítear in Airteagal 29 laistigh de cheithre mhí ón dáta a cláraíodh an t-iarratas;
(i)freagra a thabhairt ar an iarraidh ar ghabháil ar láimh dá dtagraítear in Airteagal 30 laistigh de dhá mhí tar éis an iarraidh a fháil;
(j)fógra faoi ghabháil ar ais dá dtagraítear in Airteagal 31 a chur isteach laistigh de mhí amháin tar éis amas Eurodac a fháil nó a dheimhniú go bhfuil sé faighte laistigh de mhí amháin ón bhfógra sin;
(k)aistriú dá dtagraítear in Airteagal 35 a dhéanamh laistigh de bhliain amháin tar éis glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh nó fógra faoi ghabháil ar ais ó Bhallstát eile a dheimhniú nó laistigh de bhliain amháin tar éis an chinnidh deiridh maidir le haisghairm nó athbhreithniú ar chinneadh aistrithe i gcás ina mbeidh éifeacht fionraíochta i gcomhréir le hAirteagal 33(3) den Rialachán sin.
24.I gcás nach gcloífidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1 leis na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1, pointí (a), (b) agus (d), is air féin a bheidh an fhreagracht scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de bhun Rialachán XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce], nó déanfar í a aistriú chuige.
25.I gcás ina mbeidh Ballstát i ngleic le cás force majeure a fhágann go bhfuil sé dodhéanta glacadh le daoine a bhfuil sé freagrach astu de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún, agus na cúiseanna beachta a bhfuil sé dodhéanta á gcur in iúl aige. Sna cásanna sin, ní dhéanfaidh an Ballstát a rinne an iarraidh nó a thug an fógra an t-aistriú go dtí nach mbeidh a an Ballstát atá freagrach i ngleic le cás force majeure a thuilleadh. I gcás nach ndéanfar an t-aistriú, toisc gurb ann don chás force majeure i gcónaí nó de thoradh aon chúis eile, laistigh de bhliain amháin tar éis glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh nó fógra faoi ghabháil ar ais ó Bhallstát eile a dheimhniú nó laistigh de bhliain amháin tar éis an chinnidh deiridh maidir le haisghairm nó athbhreithniú cinnidh aistrithe i gcás ina mbeidh éifeacht fionraíochta i gcomhréir le hAirteagal 33(3) den Rialachán sin, de mhaolú ar Airteagal 35 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce], scaoilfear an Ballstát freagrach óna oibleagáidí an duine lena mbaineann a ghabháil de láimh nó a thabhairt ar ais agus aistreofar an fhreagracht chuig an mBallstát iarrthach nó chuig an mBallstát a thugann fógra.
26.I gcás nach mbeidh Ballstát i ngleic le cás force majeure dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3. a fhágann go bhfuil sé dodhéanta cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagail 29, 30, 31 agus 35 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce] nó daoine a ghlacadh a bhfuil sé freagrach astu de bhun an Rialacháin sin a thuilleadh, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile a luaithe agus is féidir maidir le deireadh a bheith tagtha leis an gcás. Tar éis an fhógra sin, ní chuirfear na teorainneacha ama a leagtar amach i míreanna 1 go 3 i bhfeidhm a thuilleadh i ndáil le hiarratais nua ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanfar nó i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach ar dháta an fhógra sin nó ina dhiaidh.
Airteagal 9
Síneadh a chur leis na tréimhsí ama le haghaidh bearta dlúthpháirtíochta
27.I gcás ina mbeidh aghaidh Ballstát i ngleic le cás force majeure a fhágann go bhfuil sé dodhéanta cloí leis an oibleagáid bearta dlúthpháirtíochta a dhéanamh laistigh de na tréimhsí ama a leagtar amach in Airteagal 47 agus 53(1) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], agus Airteagal 2den Rialachán seo, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gan mhoill. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na cúiseanna beachta in iúl a measann sé go bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar chás force majeure agus soláthróidh sé an fhaisnéis go léir is gá chuige sin. Tar éis an fhógra sin, de mhaolú ar na tréimhsí ama a leagtar síos sna hAirteagail sin, cuirfear ar fionraí an tréimhse ama le haghaidh bearta dlúthpháirtíochta a dhéanamh ar feadh uastréimhse sé mhí.
28.I gcás nach mbeidh Ballstát i ngleic le cás force majeure a thuilleadh, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile láithreach maidir le deireadh a bheith tagtha leis an gcás. Tar éis an fhógra sin, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an tréimhse ama fhadaithe a leagtar amach i mír 1.
Caibidil V - Cosaint láithreach a bhronnadh
Airteagal 10
Stádas cosanta láithreach a dheonú
29.I ngéarchéim dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a), agus ar bhonn gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit an scrúdú ar iarratais idirnáisiúnta a chur ar fionraí i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán Cáilitheachta] i ndáil le daoine easáitithe ó thríú tíortha a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar ardleibhéal riosca go ndéanfar foréigean neamh-idirdhealaitheach orthu, i gcásanna eisceachtúla coinbhleachta armtha, agus nach féidir leo filleadh ar a dtír thionscnaimh. Sa chás sin, deonóidh na Ballstáit stádas cosanta láithrí do na daoine lena mbaineann, ach amháin más baol iad do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí an Bhallstáit. Beidh an stádas sin gan dochar den iarratas uathu atá ag leanúint ar aghaidh fós ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát ábhartha.
30.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éifeachtach ag tairbhithe cosanta láithrí ar na cearta uile a leagtar síos i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán Cáilitheachta] is infheidhme maidir le tairbhithe cosanta láithrí.
31.Leanfaidh na Ballstáit ar aghaidh leis an scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a cuireadh ar fionraí de bhun mhír 1 tar éis bliain amháin ar a mhéad.
32.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, an méid seo a leanas:
(l)a shuí go bhfuil géarchéim ann ar bhonn na n-eilimintí dá dtagraítear in Airteagal 3;
(m)a shuí gur gá an scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chur ar fionraí;
(n)an tír thionscnaimh shonrach, nó cuid de thír thionscnaimh shonrach a shainiú, i ndáil leis na daoine dá dtagraítear i mír 1;
(o)an dáta óna gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm a leagan síos agus an tréimhse ama a shocrú ar lena linn a fhéadfar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó dhaoine easáitithe dá dtagraítear i bpointe (a) a chur ar fionraí agus ar lena linn a dheonófar stádas cosanta láithrí.
Caibidil VI - Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
Airteagal 11
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh
33.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i ndáil le cur i bhfeidhm na rialacha nós imeachta maolúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4, 5 agus 6 a údarú, agus deonú stádais cosanta láithrí a chur i ngníomh i gcomhréir le hAirteagal 10. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).
34.Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo, de thoradh na géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) i mBallstát, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is féidir a chur chun feidhme láithreach i ndáil le húdarú a thabhairt do chur i bhfeidhm na rialacha nós imeachta maolúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4, 5 agus 6, agus deonú stádais cosanta láithrí a chur i ngníomh i gcomhréir le hAirteagal 10. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(3).
35.Fanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin.
Airteagal 12
Nós imeachta coiste
36.Le haghaidh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 3, tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.
37.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
38.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5de.
Airteagal 14
Aisghairm
Déantar an
Treoir 2001/55/CE
ón gComhairle a aisghairm le héifeacht ón xxx (dáta).
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán