Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0568

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac

    COM/2020/568 final

    An Bhruiséil,10.9.2020

    COM(2020) 568 final

    2020/0259(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Cuspóirí an togra

    Le Treoir 2002/58/CE (“an Treoir maidir le r‑Phríobháideachas”) 1 , áirithítear cosaint don saol príobháideach, rúndacht na cumarsáide agus sonraí pearsanta san earnáil cumarsáide leictreonaí. Cuirtear Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“Cairt”) chun feidhme léi i ndlí tánaisteach an Aontais.

    An 21 Nollaig 2020, le teacht i bhfeidhm an Chóid um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (“CCLE”) 2 , cuirfear sainmhíniú nua in áit an tsainmhínithe ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n‑áirítear seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir. Ón dáta sin ar aghaidh, cumhdófar na seirbhísí seo, dá bhrí sin, leis an Treoir maidir le r‑phríobháideachas, treoir a bhraitheann ar an sainmhíniú ón CCLE. Baineann an t‑athrú seo le seirbhísí cumarsáide amhail seirbhísí teachtaireachta post gréasáin agus seirbhísí idirlín guthaithe.

    Baineann soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ar leith úsáid as teicneolaíochtaí sonracha cheana féin chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar a gcuid seirbhísí a bhrath agus chun í a thuairisciú d'údaráis forghníomhaithe dlí agus d'eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí, agus/nó a ghníomhaíonn chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhaint. Is é atá sna heagraíochtaí sin beolínte náisiúnta lenar féidir ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a thuairisciú agus eagraíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu teacht i dtír gnéasach ar leanaí a laghdú, agus íospairt leanaí a chosc, atá lonnaithe laistigh den Aontas Eorpach agus i dtríú tíortha araon.

    Is coir thar a bheith tromchúiseach í mí‑úsáid ghnéasach leanaí a fhágann iarmhairtí fadtéarmacha atá fairsing tromchúiseach dá íospartaigh. Trí dhochar a dhéanamh do leanaí, bíonn na coireanna sin ina gcúis le díobháil shóisialta atá suntasach agus fadtéarmach chomh maith. Tá an comhrac i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar cheann de thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh. An 24 Iúil 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach straitéis an Aontais Eorpaigh i leith comhrac níos éifeachtaí i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí 3 , straitéis a bhfuil sé mar aidhm aige freagairt éifeachtach a thabhairt, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ar choir mí‑úsáide gnéasaí leanaí. D'fhógair an Coimisiún go molfaidh sé an reachtaíocht riachtanach chun dul i ngleic le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne go héifeachtach lena n‑áirítear trí cheanglas a chur ar sholáthraithe seirbhísí ar líne ábhartha ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí atá aitheanta a bhrath agus iallach a chur orthu an t‑ábhar sin a thuairisciú d'údaráis phoiblí faoin dara ráithe de 2021. Tá sé beartaithe an reachtaíocht arna fógairt a chur in ionad an Rialacháin sin, trí bearta éigeantacha a chur ar bun chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí a bhrath agus a thuairisciú, chun níos mó soiléireachta agus cinnteachta a chur ar fáil maidir le hobair gníomhaithe fhorfheidhmiú an dlí agus obair gníomhaithe ábhartha san earnáil phríobháideach araon chun dul i ngleic le mí‑úsáid ar líne, agus san am céanna urraim a thabhairt do chearta bunúsacha na n‑úsáideoirí, lena n‑áirítear an ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh agus saoirse tuairimíochta, cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachas, agus foráil a dhéanamh maidir le sásraí um chuntasacht agus trédhearcacht a áirithiú.

    Ní mór do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí cloí le hoibleagáid an Treoir maidir le r‑Phríobháideachas urraim a thabhairt do rúndacht na cumarsáide agus cloí leis na coinníollacha maidir le próiseáil sonraí cumarsáide. D'fhéadfadh na cleachtais reatha atá ag roinnt seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath dochar a dhéanamh d'fhorálacha áirithe sa Treoir maidir le r‑Phríobháideachas. Níl aon bhunús dlí sainráite sa Treoir maidir le r‑Phríobháideachas le haghaidh próiseáil dheonach ábhar nó sonraí tráchta chun críocha mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath. Dá bhrí sin, maidir leis na seirbhísí laistigh de raon feidhme na Treorach maidir le r‑Phríobháideachas, beidh soláthraithe in ann leanúint de na bearta sin a chur i bhfeidhm ach amháin má ghlacann na Ballstáit bearta reachtacha a bhfuil an méid a leagtar síos in Airteagal 15 den Treoir sin ina údar cuí leo agus lena gcomhlíontar ceanglais na forála. In éagmais na mbeart reachtach náisiúnta sin agus go dtí go nglacfar an reachtaíocht fhadtéarmach a fógraíodh i Straitéis an Choimisiúin an 24 Iúil 2020, ní bheadh bunús dlí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir leanúint de mhí‑úsáid ghnéasach leanaí a bhrath ar a gcuid seirbhísí. Tá ról lárnach ag na gníomhaíochtaí deonacha sin le go mbeifear in ann íospartaigh a aithint agus a tharrtháil, agus, san am céanna, scaipeadh breise ábhair mí‑úsáide gnéasaí leanaí a laghdú, agus rannchuidiú freisin le ciontóirí a aithint agus a imscrúdú, agus le cionta mí‑úsáide gnéasaí leanaí a chosc.

    Measann an Coimisiún go bhfuil sé ríthábhachtach gníomhú láithreach. Cuirtear i láthair, dá bhrí sin, sa togra atá ann faoi láthair réiteach reachtach eatramhach atá cruinn spriocdhírithe nach bhfuil de chuspóir leis ach maolú a chruthú atá sealadach agus a bhfuil teorainn dhocht aige ar infheidhmeacht Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 den Treoir maidir le r‑Phríobháideachas, airteagail lena chosnaítear rúndacht na cumarsáide agus sonraí tráchta. Sa togra seo, urramaítear cearta bunúsacha, lena n‑áirítear cearta chun príobháideachais agus chun cosaint shonraí pearsanta, agus san am céanna, cuirtear ar chumas sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir leanúint d'úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí sonracha agus leanúint de na gníomhaíochtaí atá ar bun acu i láthair na huaire a mhéad is gá chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhaint óna gcuid seirbhísí, go dtí go nglacfar an reachtaíocht fhadtéarmach atá fógartha. Iarrachtaí deonacha sirtheoireacht páistí chun críocha collaíochta (“mealltóireacht”) a bhrath, ní mór iad a bheith teoranta freisin d'úsáid teicneolaíocht cheannródaíoch atá ann cheana a chomhfhreagraíonn do na coimircí a leagtar amach. Ba cheart don Rialachán seo scor d'fheidhm a bheith aige i mí na Nollag 2025. I gcás ina nglactar an reachtaíocht fhadtéarmach atá fógartha agus go dtagann sí i bhfeidhm roimh an dáta sin, ba cheart an Rialachán atá ann faoi láthair a aisghairm.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is iad Airteagal 16 agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) na bunúis dlí ábhartha.

    Ós rud é go bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE, treoir a glacadh ar bhonn Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, is iomchuí an Rialachán seo a ghlacadh ar bhonn na forála comhfhreagraí d’Airteagal 114 CFAE. Sa bhreis air sin, níor ghlac na Ballstáit uile bearta reachtacha i gcomhréir le hAirteagal 15(1) den Treoir maidir le r‑Phríobháideachas lena mbaineann an úsáid a bhaineann soláthraithe seirbhíse cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir as teicneolaíochtaí chun críocha mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac, agus baineann riosca suntasach go dtarlóidh ilroinnt leis na bearta sin a ghlacadh ar dóichí go ndéanfadh an ilroinnt sin dochar don mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, is iomchuí an Rialachán seo a ghlacadh ar bhonn Airteagal 114 CFAE.

    Tugtar isteach le hAirteagal 16 CFAE bunús dlí sonrach chun rialacha a ghlacadh a bhaineann le cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí an Aontais, ag na Ballstáit nuair a bhíonn gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais á ndéanamh acu, agus rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht de na sonraí sin. Ó tharla go gcáileoidh cumarsáid leictreonach a bhaineann le duine nádúrtha mar shonraí pearsanta de ghnáth, ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar Airteagal 16 CFAE.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ní fhéadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ach i gcás nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach leo féin. Tá gá le hidirghabháil an Aontais Eorpaigh chun an cumas soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chothabháil chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú go deonach agus ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhaint, mar aon le creat dlíthiúil atá aonfhoirmeach comhleanúnach a áirithiú do na gníomhaíochtaí atá i gceist ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Mura ngníomhódh an tAontas Aontas maidir leis an tsaincheist seo, d'fhéadfadh an baol a bheith ann go dtarlódh ilroinnt dá nglacfadh Ballstáit reachtaíocht náisiúnta éagsúil. Ina theannta sin, is dócha nach bhféadfaí na réitigh náisiúnta sin a ghlacadh faoin 21 Nollaig 2020 sna Ballstáit uile. Thairis sin, is trí reachtaíocht an Aontais, agus tríthi sin amháin, is féidir maolú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ar fud an Aontais fhorálacha na Treorach maidir le r‑Phríobháideachas le haghaidh oibríochtaí próiseála áirithe. Dá bhrí sin, ní fhéadfar an cuspóir a bhaint amach go héifeachtach trí ghníomhú aonair aon Bhallstáit, nó fiú trí Bhallstáit ag gníomhú i dteannta a chéile.

    Comhréireacht

    Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach toisc nach rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar síos a bhaint amach. Tugtar isteach leis maolú sealadach spriocdhírithe maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le hathruithe sa chreat atá ann faoi láthair chun a áirithiú go leanfaidh bearta áirithe de bheith incheadaithe sa mhéid go gcloíonn siad le dlí an Aontais faoi láthair. Cruthaítear leis an togra, go háirithe, maolú atá sealadach agus a bhfuil teorainn dhocht aige ar infheidhmeacht Airteagal 5 (1) agus Airteagal 6 den Treoir maidir le r‑Phríobháideachas, agus gan d'aidhm leis ach go gcuirfear ar chumas sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir leanúint d'úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí sonracha agus leanúint de na gníomhaíochtaí atá ar bun acu i láthair na huaire a mhéad is gá chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhaint óna gcuid seirbhísí, go dtí go nglacfar an reachtaíocht fhadtéarmach atá fógartha. Ní mór léirmhíniú ar bhealach cúng a dhéanamh ar an maolú sin ar an raon feidhme athbhreithnithe den Treoir maidir le r‑Phríobháideachas, go háirithe toisc go leanfaidh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de bheith faoi réir an Treoir maidir le r‑Phríobháideachas maidir lena ngníomhaíochtaí eile ar fad. Dá bhrí sin, tá coimircí sa togra chun a áirithiú go gcomhlíonann teicneolaíochtaí a bhaineann tairbhe as an maolú na caighdeáin dea-chleachtas a chuirtear i bhfeidhm faoi láthair, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear teorainn le hionsáiteachas ar rúndacht na cumarsáide agus leis an riosca go ndéanfar dul timpeall. Tá an maolú teoranta do theicneolaíochtaí a mbaintear úsáid astu go rialta i seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun críocha mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhaint roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus áirithítear sa mhaolú gurb iad na cineálacha teicneolaíochtaí a mbaintear úsáid astu na teicneolaíochtaí is lú ionsáiteachas ar phríobháideachas i gcomhréir leis an teicneolaíocht cheannródaíoch san earnáil. Ba cheart do na soláthraithe tuarascálacha bliantúla maidir leis an bpróiseáil a rinneadh a fhoilsiú freisin. Tá ré an mhaolaithe teoranta do thréimhse ama a bhfuil dianghá léi chun an reachtaíocht fhadtéarmach a ghlacadh.

    An rogha ionstraime

    Is le Rialachán is fearr is féidir cuspóirí an togra seo a shaothrú. Áiritheofar leis sin infheidhmeacht dhíreach na bhforálacha agus cur chuige aonfhoirmeach comhleanúnach ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Tá tábhacht ar leith leis sin toisc go gcuirtear gníomhaíochtaí cuideachtaí chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud a gcuid seirbhíse; d'fhéadfadh éagsúlacht bearta náisiúnta trasuite dídhreasacht a chruthú maidir leis an rannpháirtíocht dheonach a leanúint. Ina theannta sin, is cosúil gur le Rialachán, agus leis sin amháin, is féidir teacht i bhfeidhm a bhaint amach faoin 21 Nollaig.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Níl sé infheidhme

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Níl sé infheidhme

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Níl sé infheidhme

    Measúnú tionchair

    I bhfianaise an chuspóra beartais agus cineál am-íogaire na saincheiste, níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair de, agus ar an gcaoi sin níl aon mheasúnú tionchair atá iomchuí. Beartaítear leis an mbeart, go háirithe, maolú eatramhach a thabhairt isteach a bhfuil teorainn dhocht aige ar infheidhmeacht Airteagal 5 (1) agus Airteagal 6 den Treoir maidir le r‑Phríobháideachas chun a áirithiú gur féidir le soláthraithe seirbhíse cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir leanúint d'úsáid a bhaint go deonach as teicneolaíochtaí sonracha chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhaint óna gcuid seirbhísí tar éis an 20 Nollaig 2020, go dtí go nglacfar an reachtaíocht fhadtéarmach atá fógartha. Molfar an reachtaíocht fhadtéarmach sa dara ráithe de 2021 mar a fógraíodh i straitéis an Aontais Eorpaigh i gcomhair comhrac níos éifeachtaí i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí agus beidh measúnú tionchair ag gabháil leis.

    Cearta bunúsacha

    Cuireann na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna sainaithint le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh san áireamh go hiomlán sa togra. Cuirtear san áireamh, go háirithe, leis na bearta atá beartaithe Airteagal 7 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ina ndéantar cosaint ar na cearta bunúsacha atá ag gach duine go léireofaí meas ar a shaol nó ar a saol príobháideach agus ar a shaol teaghlaigh, ar a áit chónaithe agus ar a chuid cumarsáide, lena n‑áirítear rúndacht na cumarsáide. Ina theannta sin, cuirtear san áireamh sa togra Airteagal 24(2) den Chairt, ina bhforáiltear i ngach gníomh a bhaineann le leanaí a dhéanann údaráis phoiblí nó a dhéanann institiúidí príobháideacha, go mbeidh leas an linbh ina phríomhthosaíocht. Thairis sin, sa mhéid go dtagann próiseáil cumarsáide leictreonaí a dhéantar trí sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir d'aon toisc chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhaint faoi raon feidhme an mhaolaithe a cruthaíodh leis an togra seo, leanfaidh leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, a chuireann reachtaíocht thánaisteach in Airteagal 8(1) den Chairt chun feidhme, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige maidir leis an bpróiseáil sin.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleachtaí ag an togra seo maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Níl sé infheidhme

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    In Airteagal 1, sainmhínítear cuspóir an togra chun maolú sealadach a bhfuil teorainn dhocht leis ar chur i bhfeidhm oibleagáidí áirithe de Threoir 2002/58/CE a chruthú, arb é an t‑aon chuspóir atá leis cur ar chumas sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir leanúint d'úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil a mhéad is gá chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhaint óna gcuid seirbhísí.

    In Airteagal 2, tagraítear don sainmhíniú ar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir i dTreoir (AE) 2018/1972 (an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach) agus do shainmhínithe áirithe i dTreoir 2011/93/AE maidir le mí‑úsáid agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus lena n‑ionadaítear Cinneadh Réime 2004/68/JHA ón gComhairle.

    In Airteagal 3, socraítear raon feidhme an mhaolaithe trí dhíolúine a chruthú atá teoranta d'oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 6 den Treoir maidir le r‑Phríobháideachas le haghaidh sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil i ndáil leis an bhforáil ar na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá riachtanach d'úsáid teicneolaíochta, lena n‑áirítear, i gcás inar gá, aon athbhreithniú daonna a bhaineann go díreach le húsáid na teicneolaíochta, d'aon toisc chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus é a thuairisciú d'údaráis forghníomhaithe dlí agus d'eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí, mar aon le hábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhaint, agus socraítear liosta coinníollacha maidir leis an maolú sin a chur i bhfeidhm.

    In Airteagal 4, socraítear dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus an dáta faoina scoirfidh an Rialachán d'fheidhm a bheith aige nó na coinníollacha faoina tharlóidh sin. 

    2020/0259 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2), i gcomhar le hAirteagal 114(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 4 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 leagtar síos rialacha lena náirithítear an ceart chun príobháideachais agus chun rúndachta maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i malartuithe sonraí in earnáil na cumarsáide leictreonaí. Sonrú agus comhlánú atá sa Treoir sin ar Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 .

    (2)Tá feidhm ag Treoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i ndáil leis an soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí. Tá an sainmhíniú ar sheirbhís cumarsáide leictreonaí le fáil faoi láthair in Airteagal 2, pointe (c) de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 . Le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 aisghairtear Treoir 2002/21/CE le héifeacht ón 21 Nollaig 2020. Ón dáta sin ar aghaidh, cuirfear sainmhíniú nua in ionad an sainmhíniú ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, in Airteagal 2(4) de Threoir (AE) 2018/1972, lena náirítear seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) den Treoir sin. Dá bhrí sin tiocfaidh na seirbhísí sin, lena náirítear prótacal idirlín guthaithe, seirbhísí teachtaireachtaí agus seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe cuir i gcás, faoi raon feidhme Threoir 2002/58/CE, ón 21 Nollaig 2020.

    (3)I gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Le hAirteagal 7 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) cosnaítear an ceart bunúsach atá ag gach duine go ndéanfar a shaol nó a saol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú, lena náirítear rúndacht na cumarsáide. In Airteagal 8 den Chairt tá an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a chosaint. Foráiltear le hAirteagal 24(2) den Chairt, i ngach gníomhaíocht a bhaineann le leanaí, bíodh sí á déanamh ag na húdaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, nach mór sárleasanna an linbh a bheith mar phríomhchomaoin.

    (4)Is sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine iad míúsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, go háirithe cearta an linbh atá le cosaint ar gach cineál foréigin, míúsáide, faillí, drochíde nó teacht i dtír, lena náirítear míúsáid ghnéasach, dá bhforáiltear le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989 agus leis an gCairt. Tháinig go leor buntáistí don tsochaí agus don gheilleagar as an digitiú, ach tháinig dúshláin as chomh maith lena náirítear méadú ar mhíúsáid ghnéasach leanaí ar líne. Tá cosaint leanaí ar líne ar cheann de thosaíochtaí an Aontais. An 24 Iúil 2020, ghlac an Coimisiún straitéis de chuid an Aontais maidir le míúsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí 9 (“an Straitéis”), a bhfuil sé d'aidhm aici freagairt éifeachtach a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais, i dtaca le coir na míúsáide gnéasaí leanaí.

    (5)Tá teicneolaíochtaí sonracha á núsáid ag soláthraithe áirithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir cheana, amhail seirbhísí poist gréasáin agus teachtaireachta, d’fhonn míúsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú d'údaráis forfheidhmithe an dlí agus d'eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail in aghaidh míúsáid ghnéasach leanaí, ar bhonn deonach. Ar na heagraíochtaí sin tá beolínte náisiúnta chun ábhar míúsáide gnéasaí leanaí a thuairisciú, chomh maith le heagraíochtaí a bhfuil sé d'aidhm acu teacht i dtír gnéasach leanaí ar líne a laghdú agus íospairt leanaí a chosc, eagraíochtaí atá lonnaithe laistigh den Aontas agus eagraíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha araon. Le chéile, tá ról lárnach ag na gníomhaíochtaí deonacha sin le go mbeifear in ann íospartaigh a aithint agus a tharrtháil, agus, san am céanna, scaipeadh breise ábhair míúsáide gnéasaí leanaí a laghdú, agus rannchuidiú freisin le ciontóirí a aithint agus a imscrúdú, agus le cionta míúsáide gnéasaí leanaí a chosc.

    (6)Go dtí an 20 Nollaig 2020, is le Rialachán (AE) 2016/679 a rialaítear an phróiseáil sonraí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir trí bhíthin bearta deonacha chun míúsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus chun ábhar míúsáide gnéasaí leanaí a bhaint.

    (7)Níl aon fhoráil shonrach i dTreoir 2002/58/CE a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile i ndáil le soláthair seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun míúsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus chun ábhar úsáide gnéasaí leanaí a bhaint. Mar sin féin, de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE, féadfaidh na Ballstáit bearta reachtaíochta a ghlacadh chun srianadh a dhéanamh ar raon feidhme na gceart agus na noibleagáidí dá bhforáiltear, inter alia, in Airteagail 5 agus 6 den Treoir sin, a bhaineann le rúndacht na cumarsáide agus sonraí tráchta, chun cionta coiriúla a bhaineann le míúsáid ghnéasach leanaí a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh. In éagmais na mbeart reachtaíochta sin, agus go dtí go nglacfar creat dlíthiúil nua níos fadtéarmaí chun dul i ngleic le míúsáid ghnéasach leanaí go héifeachtach ar leibhéal an Aontais mar a fógraíodh sa Straitéis, ní bheadh aon bhonn dlíthiúil le haghaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun leanúint de bheith ag brath míúsáid ghnéasach leanaí ar líne agus á tuairisciú agus de bheith ag baint ábhar míúsáide gnéasaí leanaí ina seirbhísí ón 21 Nollaig 2020 ar aghaidh.

    (8)Dá bhrí sin, déantar foráil sa Rialachán sin maidir le maolú sealadach ar Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 de Threoir 2002/58/CE, lena gcosnaítear rúndacht na cumarsáide agus sonraí tráchta. Ós rud é gur glacadh Treoir 2002/58/CE ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is iomchuí an Rialachán seo a ghlacadh faoin mbunús dlí céanna. De bhreis air sin, níor ghlac na Ballstáit uile na bearta reachtaíochta ar an leibhéal náisiúnta chun raon feidhme na gceart agus na noibleagáidí dá bhforáiltear sna forálacha sin i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE a shrianadh, agus, má ghlactar na bearta sin, tá baol suntasach ilroinnte ann is dóigh a mbeidh tionchar diúltach aici ar an margadh inmheánach.

    (9)Ós rud é go gcáilíonn cumarsáid leictreonach a bhaineann le daoine nádúrtha mar shonraí pearsanta de ghnáth, ba cheart an Rialachán seo a bhunú ar Airteagal 16 den Chonradh chomh maith, lena dtugtar bunús dlí ar leith chun rialacha a ghlacadh a bhaineann le cosaint daoine aonair maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí an Aontais agus ag na Ballstáit nuair a bhíonn gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais á ndéanamh acu, agus rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin.

    (10)Maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta i ndáil le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir d'aon toisc chun míúsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus ábhar míúsáide gnéasaí leanaí a bhaint a mhéid a thagann an phróiseáil sin faoi raon feidhme an mhaolaithe dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir léi, lena náirítear an ceanglas measúnú a dhéanamh ar thionchar na noibríochtaí próiseála atá beartaithe i gcás inarb iomchuí de bhun Airteagal 35 den Rialachán sin sula gcuirtear in úsáid na teicneolaíochtaí lena mbaineann.

    (11)Ós rud é gurb é an taon chuspóir amháin atá ag an Rialachán seo leanúint de ghníomhaíochtaí áirithe atá ann cheana a chumasú, gníomhaíochtaí a bhfuil sé d'aidhm acu míúsáid ghnéasach leanaí a chomhrac, ba cheart an maolú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith teoranta don teicneolaíocht sheanbhunaithe a úsáideann soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir go rialta chun míúsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus chun ábhar míúsáide gnéasaí ar líne a bhaint roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tagairt don teicneolaíocht, áirítear, i gcás inar gá, aon athbhreithniú daonna a bhaineann go díreach le húsáid na teicneolaíochta agus le maoirseacht a dhéanamh ar úsáid na teicneolaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid na teicneolaíochta lena mbaineann a bheith coitianta sa tionscadal, ach san am céanna nach mbeadh ceanglas ar na soláthraithe uile an teicneolaíocht a úsáid agus nach mbeadh bac ar thuilleadh forbartha ar an teicneolaíocht ar bhealach a chuidíonn leis an bpríobháideachas. Maidir leis sin, soláthraí ar leith a fhéachann le braith ar an maolú sin, ba cheart é a bheith neamhábhartha cé acu an bhfuil an teicneolaíocht sin in úsáid aige cheana nó nach bhfuil ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na cineálacha teicneolaíochtaí a úsáidtear a bheith ar na cinn is lú a chuireann isteach ar an bpríobháideachas i gcomhréir leis an úrscothacht sa tionscadal agus níor cheart scagadh córasach agus scanadh teachtaireachtaí ina bhfuil téacs a áireamh ach breathnú ar theachtaireachtaí sonracha amháin i gcás gnéithe nithiúla amhrais faoi mhíúsáid ghnéasach leanaí.

    (12)Chun cruinneas agus iontaofacht a áirithiú a mhéid is féidir, ba cheart an teicneolaíocht a úsáidtear a bheith i gcomhréir leis an úrscothacht sa tionscadal, a bheith in ann an ráta earráide maidir le torthaí bréagdheimhneacha a theorannú a mhéid is féidir agus, i gcás inar gá, aon earráid den sórt sin a d’fhéadfadh a bheith ann mar sin féin a cheartú gan mhoill.

    (13)Na sonraí pearsanta agus na sonraí eile a úsáidtear nuair a dhéantar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an maolú a leagtar amach sa Rialachán seo, chomh maith leis an tréimhse lena linn a choinnítear na sonraí ina dhiaidh sin i gcás torthaí deimhneacha, ba cheart sin uile a íoslaghdú chun a áirithiú go mbeidh an maolú fós teoranta don mhéid a bhfuil géarghá leis.

    (14)Chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i leith na ngníomhaíochtaí a ndéantar de bhun an mhaolaithe, ba cheart do na soláthraithe tuarascálacha a fhoilsiú uair sa bhliain ar an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena náirítear cineál agus líon na sonraí a phróiseáiltear, líon na gcásanna a shainaithnítear, na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun na príomhtháscairí a fheabhsú, líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a chuirtear in úsáid, na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach leo, an polasaí coinneála agus na coimircí cosanta sonraí a chuirtear i bhfeidhm.

    (15)Ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun a áirithiú go mbeidh sé infheidhme amhail ón 21 Nollaig 2020.

    (16)Leis an Rialachán seo sriantar an ceart chun chosaint rúndacht na cumarsáide agus is maolú é ar an gcinneadh a glacadh i dTreoir (AE) 2018/1972 seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chur faoi réir na rialacha céanna leis na seirbhísí cumarsáide leictreonaí eile uile i dtaca leis an bpríobháideachas. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhse feidhme an Rialacháin a theorannú go dtí an 31 Nollaig 2025, is é sin le rá go ceann tréimhse ama a bhfuil gá réasúnach léi chun creat dlíthiúil fadtéarmach nua a ghlacadh, creat ag a mbeidh coimircí níos mionléirithe. I gcás ina nglactar an reachtaíocht fhadtéarmach agus ina dtiocfaidh sí i bhfeidhm roimh an dáta sin, ba cheart an reachtaíocht sin a bheith aisghairthe leis Rialachán seo.

    (17)Ba cheart soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a bheith faoi réir na noibleagáidí sonracha a leagtar amach i dTreoir 2002/58/CE i dtaca le haon ghníomhaíocht eile nach dtagann faoina raon feidhme.

    (18)Is é cuspóir an Rialacháin seo maolú sealadach a chruthú ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE gan ilroinnt sa Mhargadh Inmheánach a chruthú. Thairis sin, is é is dóichí nach nglacfaí reachtaíocht náisiúnta in am sna Ballstáit uile. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Leis an Rialachán seo tugtar isteach maolú atá sealadach agus a bhfuil teorainn dhocht aige ar infheidhmeacht Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 de Threoir 2002/58/CE, mar aon le sraith coimircí chun a áirithiú nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar síos a ghnóthú.

    (19)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 agus thug sé a thuairim uaidh an […],

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha sealadacha agus teoranta go docht lena maolaítear ar oibleagáidí áirithe a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE, nach bhfuil de chuspóir leo acu soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chumasú chun leanúint de bheith ag úsáid teicneolaíochtaí chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil a mhéid is gá chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint ar a seirbhísí.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1) ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(7) de Threoir (AE) 2018/1972;

    (2) ciallaíonn “mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne”:

    (a) ábhar ar pornagrafaíocht leanaí é mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (c) de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    (b) sirtheoireacht leanaí chun dul i mbun gníomhaíochtaí gnéasacha le leanbh nó chun pornagrafaíocht leanaí a sholáthar trí aon cheann de na bealaí seo a leanas: 

    (i) an leanbh a mhealladh trí bhronntanais nó buntáistí eile a thairiscint;

    (ii) iarmhairt dhiúltach a bhagairt ar an leanbh is dócha a mbeadh tionchar suntasach i gceist léi don leanbh;

    (iii) ábhar pornagrafach a chur i láthair an linbh nó iad a chur ar fáil don leanbh.

    (c)”léiriú pornagrafach” mar a shainmhínítear in Airteagal 2(e) de Threoir 2011/93/AE.

    Airteagal 3
    Raon feidhme an mhaolaithe

    Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí sonracha a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 de Threoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil i ndáil le soláthair seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a bhfuil géarghá leo chun teicneolaíocht a úsáid chun ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bhaint agus chun mí‑úsáid ghnéasach a bhrath nó a thuairisciú d'údaráis forfheidhmithe an dlí agus d'eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail in aghaidh mí‑úsáid ghnéasach leanaí, agus chun na gcríoch sin amháin, ar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)tá an phróiseáil comhréireach agus teoranta do theicneolaíochtaí seanbhunaithe, teicneolaíochtaí a úsáideann soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir go rialta chun na críche sin roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus atá i gcomhréir leis an úrscothacht a úsáidtear sa tionscadal agus ar na cinn is lú a chuireann isteach ar an bpríobháideachas;

    (b)tá an teicneolaíocht a úsáidtear féin iontaofa go leor sa chaoi a dteorannaíonn sí a mhéid is féidir an ráta earráide i dtaca le hinneachar ina bhfuil míúsáid ghnéasach leanaí a bhrath, agus i gcás ina dtarlaíonn roinnt earráidí den sórt sin, go gceartaítear a niarmhairtí gan mhoill;

    (c)tá an teicneolaíocht a úsáidtear chun sirtheoireacht leanaí a bhrath teoranta do na príomhtháscairí ábhartha, amhail eochairfhocail agus tosca riosca arna sainaithint go hoibiachtúil amhail an difríocht aoise, gan dochar don cheart chun athbhreithnithe dhaonna;

    (d)tá an phróiseáil teoranta don mhéid a bhfuil géarghá leis chun míúsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus chun ábhar míúsáide gnéasaí leanaí a bhaint agus, mura ndéantar míúsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a dhearbhú amhlaidh sna sonraí, go ndéantar iad a léirscriosadh láithreach;

    (e)foilsíonn an soláthraí tuarascáil uair sa bhliain ar a phróiseáil bhainteach, lena náirítear cineál agus líon na sonraí a phróiseáiltear, líon na gcásanna a shainaithnítear, na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun na príomhtháscairí a fheabhsú, líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a chuirtear in úsáid, na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach leo, an polasaí coinneála agus na coimircí cosanta sonraí a chuirtear i bhfeidhm.

    Maidir le pointe (d), i gcás ina ndéantar mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a dheimhniú amhlaidh, féadfar na sonraí ábhartha a choinneáil chun na gcríoch seo a leanas amháin agus ar feadh na tréimhse is gá amháin: 

    chun í a thuairisciú agus freagairt d'iarrataí comhréireacha ó údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis phoiblí ábhartha eile;

    chun cuntas an úsáideora lena mbaineann a bhlocáil;

    i ndáil le sonraí a shainaithnítear go hiontaofa mar phornagrafaíocht leanaí, chun síniú digiteach uathúil neamh‑athintionaithe (“hais”) a chruthú.

    Airteagal 4 
    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 21 Nollaig 2020 go dtí an 31 Nollaig 2025.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
    (2)    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Athmhúnlú) (IO L 321, 17.12.2018, lgh. 36–214).
    (3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, straitéis an Aontais Eorpaigh le haghaidh comhrac níos éifeachtaí i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí, 24.7.2020 COM(2020) 607 final.
    (4)    IO C , , lch. .
    (5)    Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus le príobháideachas a chosaint in earnáil na cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
    (6)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
    (7)    Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála coiteann do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Réim-Threoir) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33).
    (8)    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).
    (9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, straitéis de chuid an Aontais maidir le comhrac níos éifeachtaí i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí [EU strategy for a more effective fight against child sexual], 24.7.2020 COM(2020) 607 final.
    (10)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO C 20, 21.1.2019, lch. 1).
    Top