AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.9.2020
COM(2020) 485 final
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis
iarratas a fháil ón Spáinn – EGF/2020/001 ES/Galicia shipbuilding ancillary sectors
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
COMHTHÉACS AN TOGRA
1.Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (“an Rialachán maidir le CED”).
2.An 13 Bealtaine 2020, chuir an Spáinn iarratas EGF/2020/001 ES/Galicia shipbuilding ancillary sectors isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca iomarcaíochtaí sna hearnálacha eacnamaíocha arna n‑aicmiú faoi NACE Athbhreithniú 2 Rannáin 24 (Monarú miotal bunúsach), 25 (Monarú táirgí déanta as miotal, ach amháin innealra agus trealamh miotail), 30 (Monarú trealaimh iompair eile), 32 (Monarú eile), 33 (Deisiú agus suiteáil innealra agus trealaimh) agus 43 (Gníomhaíochtaí tógála speisialaithe) i nGailís (ES11) na Spáinne, réigiún atá ar leibhéal 2 NUTS. Tagrófar anseo feasta do na hearnálacha sin mar earnálacha coimhdeacha longthógála.
3.Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme den Rialacháin maidir le CED, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.
ACHOIMRE AR AN IARRATAS
|
Iarratas ar CED
|
EGF/2020/001 ES/Galicia shipbuilding ancillary sectors
|
|
Ballstát
|
an Spáinn
|
|
An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (Leibhéal 2 NUTS)
|
an Ghailís (ES11)
|
|
An dáta a cuireadh an t‑iarratas isteach
|
13 Bealtaine 2020
|
|
An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an t‑iarratas
|
13 Bealtaine 2020
|
|
An dáta a iarradh faisnéis bhreise
|
27 Bealtaine 2020
|
|
An sprioc-am chun an fhaisnéis bhreise a sholáthar
|
8 Iúil 2020
|
|
An sprioc-am chun an measúnú a chur i gcrích
|
30 Meán Fómhair 2020
|
|
Critéar idirghabhála
|
Airteagal 4(2) den Rialachán maidir le CED
|
An líon fiontar lena mbaineann
|
38
|
|
Na hearnálacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch
(Rannán NACE Athbhreithniú 2)
|
Rannán 24 (Monarú miotal bunúsach),
Rannán 25 (Monarú táirgí déanta as miotal, ach amháin innealra agus trealamh miotail),
Rannán 30 (Monarú trealaimh iompair eile),
Rannán 32 (Monarú eile),
Rannán 33 (Deisiú agus suiteáil innealra agus trealaimh) agus
Rannán 43 (Gníomhaíochtaí tógála speisialaithe).
|
|
An tréimhse thagartha (naoi mí):
|
23 Bealtaine 2019 – 23 Feabhra 2020
|
|
An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha
|
960
|
|
An líon iomlán tairbhithe incháilithe
|
960
|
|
An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú
|
500
|
|
An buiséad le haghaidh seirbhísí pearsantaithe (EUR)
|
3 274 000
|
|
An buiséad chun CED a chur chun feidhme (EUR)
|
0 150 000
|
|
Buiséad iomlán (EUR)
|
3 424 000
|
|
Ranníocaíocht ó CED (60 %) (EUR)
|
2 054 400
|
MEASÚNÚ AR AN IARRATAS
Nós imeachta
4.Chuir an Spáinn iarratas EGF/2020/001 ES/Galicia shipbuilding ancillary sectors isteach an 13 Bealtaine 2020, laistigh de 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán maidir le CED. D'admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an t‑iarratas ar an dáta céanna, agus, an 27 Bealtaine 2020, d'iarr sé ar an Spáinn faisnéis bhreise a sholáthar. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de shé seachtaine ón tráth a iarradh í. An sprioc-am 12 sheachtain ón tráth a fuarthas an t‑iarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún críoch a chur leis an measúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh leis an iarratas, rachaidh sé in éag an 30 Meán Fómhair 2020.
Incháilitheacht an iarratais
Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann
5.Baineann an t‑iarratas le 960 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in earnálacha coimhdeacha na longthógála, i bhfiontair atá lonnaithe sa Ghailís (ES11), réigiún atá ar leibhéal 2 NUTS.
|
Na fiontair agus an líon daoine a dífhostaíodh le linn na tréimhse tagartha
|
|
Rannán 24
|
Monarú miotal bunúsach
|
|
Rannán 33
|
Deisiú agus suiteáil innealra agus trealaimh
|
|
PIPEWORKS, S.L.
|
15
|
|
AISLAMIENTOS SOAMAR, S.L.
|
2
|
|
Rannán 25
|
Monarú táirgí déanta as miotal, ach amháin innealra agus trealamh miotail
|
|
BULBO
|
6
|
|
ELABORADOS METALICOS EMESA, S.L.U.
|
33
|
|
CALSOMATU SL
|
8
|
|
INDUSTRIAL DE ACABADOS, S.A. (INDASA)
|
15
|
|
CANCELAS NAVAL SL
|
1
|
|
IRIS SOCIEDAD COOP. GALLEGA DE TRABAJO ASOCIADO
|
22
|
|
COGALSO FERROLTERRA, S.C.G.T.
|
5
|
|
MONTAJES ROTELU, S.L.
|
7
|
|
EXACTA SERVICIOS NAVALES E INDUSTRIALES, S.L.
|
54
|
|
MONTAJES TUBACER, S.L.
|
128
|
|
GABADI, S.L.
|
18
|
|
NAVALIBER, S.L.
|
88
|
|
INSTALACIONES Y MANTENIMIENTOS IMAFER, S.L.
|
5
|
|
TALLERES DIZMAR, S.L.
|
7
|
|
J.J. NAVAL HISPANOGALAICA, S.L.
|
29
|
|
TALLERES MECANICOS GALICIA, S.L.
|
4
|
|
M. BLANCO, S.L.
|
13
|
|
WELDMAIN SERVICIOS CALDERIA, TUBERIA Y SOLDADURA, S.L.
|
31
|
|
MONTAJES CANCELAS, S.L.
|
20
|
|
Rannán 30
|
Monarú trealaimh iompair eile
|
|
MONTAJES HERMANOS RAMALLO, S.L.
|
2
|
|
AZZERO MORRAZO
|
12
|
|
MONTAJES HERMANOS RODRIGUEZ RAMALLO, S.L.
|
6
|
|
DOMAYO METAL SL
|
15
|
|
SERFRIMEC, S.L.
|
11
|
|
FACTORIAS VULCANO, S.A.
|
69
|
|
TALLERES NAVALES RUIZ, S.L.
|
3
|
|
INDUSTRIAS NAVALES A XUNQUEIRA, S.L.
|
3
|
|
TUBERIA NAVAL FERRADAS, S.L.
|
22
|
|
TUYCALDE, S.L.
|
8
|
|
Rannán 43
|
Gníomhaíochtaí tógála speisialaithe
|
|
VIGUESA DE CARPINTERIA Y POLIURETANO, S.L. (VICARPO)
|
37
|
|
ELINCO CONSTRUCCIONES ELECTRICAS SL
|
92
|
|
Rannán 32
|
Monarú eile
|
|
MONTAXES AGORPA, S.L.L.
|
62
|
|
CYSTERCLEAN SA
|
57
|
|
NORINVER MONTAJES E INGENIERIA, S.L.
|
22
|
|
|
|
|
PROTECNAVI, S.L.
|
4
|
|
|
|
|
URKIRA OX, S.L.
|
24
|
An líon iomlán fiontar: 38
|
An líon iomlán daoine a dífhostaíodh:
|
960
|
|
|
An líon iomlán oibrithe incháilithe:
|
960
|
Critéir idirghabhála
6.Chuir an Spáinn an t‑iarratas isteach faoi na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2) lena maolaítear ó na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(1)(b) den Rialachán maidir le CED lena gcuirtear de cheanglas 500 oibrí ar a laghad a chur ar iomarcaíocht thar thréimhse thagartha naoi mí i bhfiontair atá ag feidhmiú san earnáil eacnamaíoch chéanna a shainítear i Rannán NACE Athbhreithniú 2 agus atá lonnaithe i réigiún amháin nó in dhá réigiún theorantacha a shainítear ar leibhéal 2 NUTS i mBallstát. 960 ba ea an líon iomarcaíochtaí sa Ghailís (ES11), réigiún atá ar leibhéal 2 NUTS, in earnálacha coimhdeacha na longthógála. Toisc nár bhain na hiomarcaíochtaí leis an aon earnáil eacnamaíoch amháin, áfach (féach mír 2), cuirtear an maolú ó Airteagal 4(1)(b) dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) i bhfeidhm (tá tuilleadh sonraí maidir leis na himthosca eisceachtúla a bhaineann le hinghlacthacht an iarratais le fáil i míreanna 17-22).
7.Is é an 23 Bealtaine 2019 go dtí an 23 Feabhra 2020 an tréimhse thagartha naoi mí le haghaidh an iarratais.
Iomarcaíochtaí agus scor gníomhaíochta a ríomh
8.Maidir leis na 960 iomarcaíocht a bhí ann sa tréimhse thagartha, rinneadh an líon sin a ríomh ó dháta foirceanta de facto an chonartha fostaíochta nó ón dáta a chuaigh sé in éag.
Tairbhithe incháilithe
9.Is é 960 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.
An nasc idir na hiomarcaíochtaí agus na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda de bharr an domhandaithe
10.Chun an nasc a aithint idir na hiomarcaíochtaí agus na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda de bharr an domhandaithe, áitíonn an Spáinn gur tháinig athrú as cuimse ar an tionscal muirí domhanda le scór bliain anuas. Tógadh longchlóis nua, an chuid is mó díobh san Áise, de thoradh fás ollmhór ar an leabhar orduithe i dtréimhse 2002-2008 (ó 48,9 milliún olltonna cúitithe (OTC) go 194,2 milliún OTC). Laghdaigh líon na n‑orduithe faoina leath idir 2008 agus 2012, áfach, de dheasca na géarchéime domhanda airgeadais agus eacnamaíochta. Lean an meath sin riamh ó shin. Tháinig laghdú 13,6 % ar orduithe (ó 92,3 mhilliún OTC go 79,7 milliún OTC) ó 2012 go dtí deireadh 2019. Mar thoradh ar an laghdú ar na horduithe agus ar fhorbairt shuntasach na longthógála san Áise, tá an earnáil thíos leis de dheasca na ró-acmhainneachta domhanda agus na dianiomaíochta domhanda a thagann de sin.
11.Is mó solúbthacht atá ag ceannaitheoirí loinge maidir le soithí a fháil toisc gur féidir le soitheach nua farraige a céad lasta a lódáil gan beann ar an suíomh inar tógadh í, rud a ghéaraíonn an iomaíocht idir longchlóis ar fud na cruinne.
12.Laistigh de 15 bliana (ó 2004 go 2019), an ghníomhaíocht Eorpach in earnáil na tógála long trádála (i.e. tógáil tancaer, long bulciompair agus long coimeádán), tá sí aistrithe chun na hÁise Thoir. I bhfianaise dianiomaíochta ó thíortha na hÁise Thoir, dhírigh longchlóis na hEorpa ar mhargaí nua lena ngníomhaíochtaí longthógála; chuaigh siad isteach i margaí nideoige na longthógála casta amhail longa paisinéirí agus soithí eile nach soithí lastais iad (SNSL). In 2019, longa paisinéirí, SNSLanna agus soithí amach ón gcósta a bhí in 95 % d'orduithe na hEorpa.
13.Chinn tíortha eile, an tSín, an Chóiré Theas agus an tSeapáin, mar shampla, dul isteach i margadh na gcineálacha loinge ardteicneolaíochta/casta atá san Eoraip chomh maith céanna, áfach, agus iad ag dul i ngleic le ró-acmhainneacht thromchúiseach earnáil na tógála long trádála le blianta beaga anuas. Thairis sin, thug na tíortha sin straitéisí agus beartais earnála nua isteach agus tá tacar de bhearta éagsúla á gcur i bhfeidhm acu, lena n‑áirítear státchabhair agus dreasachtaí eile airgeadais, agus é d'aidhm acu an t‑éileamh intíre a spreagadh. Ina theannta sin, thug na tíortha sin bearta trádála nua nó breise isteach chun tacú leis na longchlóis áitiúla agus leis na cuideachtaí trealaimh mhuirí áitiúla.
14.Dá bharr sin, tharla aistriú nach beag sa táirgeadh domhanda ón Eoraip go dtí an Áise. In 2002, ba iad an Chóiré Theas agus an tSeapáin (30 % an ceann) agus an Eoraip (22,5 %) na ceannairí margaidh domhanda i dtionscal na longthógála, agus é sin arna ríomh de réir an mhéid táirgeachta. Ní raibh ag an tSín ach 7 % de mhargadh domhanda na longthógála. Faoi 2018, bhí an chéad áit bainte amach ag an tSín (35,5 %), bhí an tSeapáin (23,4 %) agus an Chóiré Theas (22,7 %) ina diaidh, agus bhí an sciar den mhargadh a bhí ag an Eoraip laghdaithe go 6,8 %. I dtéarmaí an leabhair orduithe, bhí sciar na hEorpa ag 14,7 % in 2019 (cúig phointe céatadáin níos lú ná in 2002), bhí sciar na Síne mar cheannaire margaidh ag 34 %, bhí 26 % ag an gCóiré Theas agus 15 % ag an tSeapáin.
15.Dá bhrí sin, tá an Eoraip tar éis cailleadh go mór in aghaidh thíortha san Áise a bhfuil costais saothair níos ísle, polasaithe fóirdheontais agus láimhseáil fhioscach atá fabhrach acu.
16.Go dtí seo, is le tionscal na longthógála a bhain seacht gcinn d'iarratais CED agus bhí péire díobh sin bunaithe ar an domhandú ó thaobh na trádála de agus na cúig cinn eile bunaithe ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta. Baineann ceithre cinn de na cásanna sin le hinnealra agus trealamh le haghaidh long, agus baineann na trí chás eile le longchlóis.
Míniú ar na himthosca eisceachtúla is bunús le hinghlacthacht an iarratais
17.De bhun Airteagal 4(2) den Rialachán maidir le CED, i dtaca le comhiarratas a bhfuil FBManna atá lonnaithe i réigiún amháin páirteach ann, féadfaidh an comhiarratas sin FBManna atá ag feidhmiú in earnálacha eacnamaíocha éagsúla a chumhdach mar a shainítear i leibhéal Rannáin NACE Athbhreithniú 2, ar choinníoll gurb iad FBManna an príomhchineál nó an t‑aon chineál gnó sa réigiún sin.
18.De réir Institiúid Staidrimh na Gailíse, 247 631 fhiontar a bhí cláraithe sa Ghailís in 2018, agus bhí níos lú ná 250 oibrí ag 247 478 (99,94 %) díobh sin. Dá bhrí sin, is iad na FBManna atá ina gcrann taca ag geilleagar an réigiúin sin.
19.Thairis sin, is FBManna iad na fiontair uile – 38 gcinn acu – a bhaineann leis an iarratas sin.
20.Is longchlóis bheaga agus mheánmhéide (longa 60-150 tonna) atá in earnáil longthógála na hEorpa den chuid is mó, agus meastar go ligtear 80 % den luach agus 89 % den fhostaíocht ar fochonradh. Tá patrún na fochonraitheoireachta le sonrú i dtionscal longthógála na Gailíse. Bíonn ardleibhéal speisialtóireacht ag na fochonraitheoirí agus dá bhrí sin bíonn siad ag brath go mór ar an longchlós príomha. Nuair a bhíonn deacrachtaí eacnamaíocha ag an longchlós príomha, bíonn tionchar géar aige sin ar thionscal coimhdeach na longthógála. Dá bhrí sin, i dtaca leis na hidirthuilleamaíochtaí agus na hiarmhairtí ar an bhfostaíocht i dtionscal coimhdeach na longthógála, tá siad mar a bheidís dá mba rud é go raibh na cuideachtaí laistigh d'aon earnáil eacnamaíoch NACE amháin.
21.Toisc go bhfuil na longchlóis tráchtála comhchruinnithe i gcríoch bheag, Ría de Vigo (seacht gcinn in 2019), géaraítear na hiarmhairtí diúltacha ar an margadh saothair réigiúnach. Bíonn tionchar tromchúiseach ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar réigiúnach dá réir sin.
22.Comhlíontar, dá réir sin, coinníollacha Airteagal 4(2), lena gcumasaítear iarratas faoi Airteagal 4(1)(b) a mheas mar iarratas inghlactha fiú mura ndéantar na critéir uile a chomhlíonadh go hiomlán.
23.Ba cheart, mar sin, an t‑iarratas sin a chomhshamhlú le hiarratas faoi Airteagal 4(1)(b) den Rialachán maidir le CED de bharr imthosca eisceachtúla (cumasc de dhá rud: tionchar tromchúiseach na n‑iomarcaíochtaí ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar, agus na FBManna a bheith ar an bpríomhchineál gnó sa réigiún).
Teagmhais as ar tháinig na hiomarcaíochtaí agus an scór gníomhaíochta
24.Tógtar longa míleata ardteicneolaíochta, tancaeir ola agus ceimiceacha, soithí domhainfharraige, soithí taighde sheismigh agus aigéaneolaíochta, tugaí agus longa paisinéirí (báid farantóireachta, longa cúrsála agus báid phléisiúir) i longchlóis na Gailíse. Is díol suntais iad longchlóis na Gailíse i dtaca le déanamh soithí iascaireachta.
25.De dheasca an sciar den mhargadh atá ag an Aontas Eorpach i dtáirgeadh domhanda long a bheith ag laghdú agus de dheasca na hiomaíochta domhanda, tá iarmhairtí tubaisteacha fágtha ar thionscal coimhdeach longthógála na Gailíse. Is iad leachtú agus dúnadh longchlós Factorias Vulcano i mí Iúil 2019 agus an t‑iarratas ó longchlós HJ Barreras maidir le réamhfhéimheacht creidiúnaithe i mí Dheireadh Fómhair 2019 na príomhtheagmhais a raibh na hiomarcaíochtaí mar thoradh orthu. Bhain leath na ndífhostuithe atá faoi réir an iarratais sin le cuideachtaí ar creidiúnaithe de chuid HJ Barreras iad.
An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí i dtaca leis an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus i dtaca le fostaíocht
26.EUR 2 000 milliún (3,3 % den OTI réigiúnach), nó faoin tuairim sin, an láimhdeachas bliantúil a bhí ag earnáil na longthógála (longchlóis agus tionscail choimhdeacha) sa Ghailís in 2018 agus bhí 10 000 post díreach agus 25 000 post indíreach ag brath ar thionscal na longthógála. De réir Chomhlachas Tionscal Miotail na Gailíse (ASIME), mar gheall ar dheacrachtaí i longchlóis Ghailíseacha áirithe, tháinig laghdú 11 % ar láimhdeachas na hearnála agus cailleadh 20,8 % de na poist in 2019.
27.In 2019, ba é 16,3 % an ráta dífhostaíochta in Vigo , baile a bhfuil thart ar 295 000 duine ina gcónaí ann , ráta beagnach cúig phointe céatadáin níos airde ná an meán réigiúnach (11,7 %), agus bhí 21 247 n‑oibrí cláraithe mar chuardaitheoirí poist. Faoi mar a dúradh cheana, is in Vigo atá longchlóis tráchtála uile na Gailíse. Toisc go bhfuil na longchlóis comhchruinnithe i gcríoch bheag, méadaítear na héifeachtaí diúltacha a thagann de laghdú an láimhdeachais agus den chaillteanais post i dtionscal na longthógála, rud a fhágann go mbíonn tionchar níos déine ar an margadh saothair réigiúnach ná mar a thugtar le fios leis na figiúirí.
Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe
Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú
28.Meastar gurb é 500 duine an líon oibrithe iomarcacha a ghlacfaidh páirt sna bearta. Seo a leanas an miondealú a rinneadh ar na hoibrithe sin de réir gnéis, saoránachta agus aoisghrúpa:
|
Catagóir
|
An líon tairbhithe
ar a bhfuiltear ag díriú
|
|
Gnéas:
|
Fir:
|
470
|
(94,0 %)
|
|
|
Mná:
|
30
|
(6,0 %)
|
|
Saoránacht:
|
Saoránaigh den Aontas Eorpach:
|
487
|
(97,4 %)
|
|
|
daoine nach saoránaigh den Aontas Eorpach iad:
|
13
|
(2,6 %)
|
|
Aoisghrúpa:
|
15-24 bliana:
|
17
|
(3,4 %)
|
|
|
25-29 mbliana:
|
36
|
(7,2 %)
|
|
|
30-54 bliana:
|
391
|
(78,2 %)
|
|
|
55-64 bliana:
|
56
|
(11,2 %)
|
|
|
os cionn 64 bliana:
|
0
|
(0,0 %)
|
Incháilitheacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe
29.Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthrófar d'oibrithe iomarcacha:
–Seisiúin faisnéise agus ceardlanna ullmhúcháin: Is é an seisiún faisnéise an chéad bheart a thairgfear do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus áirítear ann faisnéis ghinearálta maidir le cláir chomhairleachta agus oiliúna atá ar fáil, chomh maith le faisnéis maidir le liúntais agus dreasachtaí. Áirítear próifíliú na rannpháirtithe ann freisin. Leis na ceardlanna ullmhúcháin, cuirfear faisnéis níos cuimsithí ar fáil maidir le hath-imlonnú, maidir le hearnálacha a dteastaíonn ceadúnú nó deimhnithe inniúlachta gairmiúla iontu, maidir le deimhniú ar inniúlachtaí agus le scileanna boga a fhoghlaimítear tríd an obair; agus maidir le conas is féidir an t‑oideachas éigeantach a chur i gcrích. Tá sé beartaithe ceardlanna maidir leis an bhfiontraíocht a chur ar fáil freisin.
–Cuirfear treoir ghairme a bheidh dírithe ar fhostaíocht nó ar an bhféinfhostaíocht ar fáil le linn na tréimhse cur chun feidhme.
–Oiliúint. Áirítear leis sin (1) oiliúint maidir leis na príomhinniúlachtaí agus le hinniúlachtaí cothrománacha; (2) ullmhúchán le haghaidh scrúduithe i ndáil le scileanna a aithint a foghlaimíodh trí thaithí oibre (an fhoghlaim a rinneadh roimhe sin a aithint); (3) gairmoiliúint athscilithe i leith scileanna amhail cothabháil foirgneamh agus trealaimh uirbigh, oibríochtaí trádstórais, loighistic thrádstórais, Scrum Master, etc.; agus (4) gairmoiliúint uas-scilithe i leith nithe amhail úsáid ábhar comhchodach sa longthógáil, cruach íseal-chóimhiotail ard nirt (“HSLA”) le haghaidh struchtúir chabhlaigh, úsáid na réaltachta fíorúla agus na réaltachta breisithe sa longthógáil, réitigh a bhaineann tairbhe as dearadh ríomhchuidithe/monarú ríomhchuidithe (“CAD/CAM”) le haghaidh longthógála, teicneolaíochtaí rialaithe 3D is infheidhme maidir le longthógáil (díriú agus cumadh píosaí), teicnící táthaithe le suaithchuimilt (“FSW”) agus teicnící táthaithe le hibrid léasair agus gáis ghníomhaigh (“MAG”) córais stuatháthaithe leictrigh mhonatóirithe, agus monarú breiseánach sa longthógáil. Cuirfear oiliúint a bheidh dírithe ar an bhfiontraíocht ar fáil dóibh siúd a bhfuil féinfhostaíocht mar sprioc acu.
–Dianchúnamh i gcuardach poist, lena n‑áirítear cuardach gníomhach a dhéanamh ar na deiseanna fostaíochta áitiúla agus réigiúnacha (do dhaoine féinfhostaithe freisin) agus meaitseáil poist.
–Teagasc tar éis ath-imeascadh san obair. Na hoibrithe a dhéanfar a ath-imeascadh san fhostaíocht, déanfar iad a threorú le linn na chéad mhíonna chun fadhbanna a sheachaint a d'fhéadfadh teacht chun cinn ina bpoist nua.
–Dreasachtaí. Beidh dreasachtaí éagsúla ann. (1) Dreasacht rannpháirtíochta. Na hoibrithe a ghlacfaidh páirt sna bearta agus a leanfaidh an chonair chomhaontaithe ionsar an ath-imeascadh, gheobhaidh siad suas le EUR 400 (aon íocaíocht amháin nó tráthchodanna). (2) Ranníocaíocht maidir le speansas an taistil chun na hoibre (EUR 0,19/ciliméadar móide costais bhreise amhail dolaí agus costais pháirceála, nuair atá údar cuí leo, agus aisíoc costas iompair phoiblí). (3) Ranníocaíocht maidir le speansais i leith cúramóirí cleithiúnaithe. Oibrithe a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu (i leith leanaí, seanóirí nó daoine faoi mhíchumas), gheobhaidh siad suas le EUR 20 in aghaidh an lae ar feadh na tréimhse a mbeidh siad rannpháirteach sna bearta. Is é is aidhm dó sin cuidiú leis na rannpháirtithe a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu agus é sin a dhéanamh trí na costais bhreise a chlúdach a bhíonn orthu a sheasamh chun leas a bhaint as oiliúint nó bearta eile. (4) Dreasachtaí socrúcháin. Na daoine sin a fhillfidh ar an bhfostaíocht mar oibrithe spleácha nó mar dhaoine féinfhostaithe, gheobhaidh siad EUR 200 in aghaidh na míosa, ar feadh uastréimhse sé mhí. Tá an dreasacht ceaptha chun oibrithe a spreagadh, go háirithe iad siúd atá níos sine, chun fanacht sa mhargadh saothair agus chun athfhostú tapa a spreagadh.
30.Na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu anseo, is bearta gníomhacha iad maidir leis an margadh saothair agus tá siad faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán maidir le CED. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.
31.Sholáthair an Spáinn an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh sí nach dtiocfadh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.
Buiséad measta
32.Is é EUR 3 424 000 na costais mheasta iomlána, agus cuimsíonn siad caiteachas EUR 3 274 000 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 150 000 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.
33.Is é EUR 2 054 400 (60 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ar CED.
|
Gníomhaíochtaí
|
An líon measta rannpháirtithe
|
An costas measta in aghaidh an rannpháirtí
(EUR)
|
Na costais mheasta iomlána
(EUR)
|
|
Seirbhísí pearsantaithe (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(a) agus (c) den Rialachán maidir le CED)
|
|
Seisiúin faisnéise agus ceardlanna ullmhúcháin
(Acogida y diagnóstico inicial, medidas de sensibilización)
|
500
|
541
|
270 500
|
|
Treoir ghairme
(Orientación laboral)
|
500
|
500
|
250 000
|
|
Oiliúint
(Formación)
|
350
|
4 871
|
1 705 000
|
|
Dianchúnamh i gcuardach poist
(Prospección laboral)
|
300
|
1 300
|
390 000
|
|
Teagasc tar éis ath-imeascadh san obair
(Seguimiento en el empleo)
|
250
|
250
|
62 500
|
|
Fo-iomlán (a):
An céatadán den phacáiste seirbhísí pearsantaithe
|
–
|
2 678 000
|
|
|
|
(81,80 %)
|
|
Liúntais agus dreasachtaí (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED)
|
|
Dreasachtaí
(Programa de incentivos)
|
400
|
1 490
|
596 000
|
|
Fo-iomlán (b):
An céatadán den phacáiste seirbhísí pearsantaithe:
|
–
|
596 000
|
|
|
|
(18,20 %)
|
|
Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(4) den Rialachán maidir le CED
|
|
1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin
|
–
|
0
|
|
2. Bainistíocht
|
–
|
100 000
|
|
3. Faisnéis agus poiblíocht
|
–
|
32 000
|
|
4. Rialú agus tuairisciú
|
–
|
18 000
|
|
Fo-iomlán (c):
An céatadán de na costais iomlána:
|
–
|
150 000
|
|
|
|
(4,38 %)
|
|
Costais iomlána (a + b + c):
|
–
|
3 424 000
|
|
Ranníocaíocht ó CED (60 % de na costais iomlána)
|
–
|
2 054 400
|
34.Costais na ngníomhaíochtaí atá sainaitheanta sa tábla thuas mar ghníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED, ní mó iad ná 35 % de na costais iomlána a bheidh ar an bpacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Spáinn go ngabhann coinníoll leis na gníomhaíochtaí sin, eadhon nach mór do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú a bheith rannpháirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí cuardaigh poist nó i ngníomhaíochtaí oiliúna.
Tréimhse incháilitheachta an chaiteachais
35.An 13 Lúnasa 2020, thosaigh an Spáinn ag soláthar na seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú. Dá bhrí sin, an caiteachas ar na gníomhaíochtaí, beidh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 13 Lúnasa 2020 go dtí an 13 Lúnasa 2022.
36.An 8 Meitheamh 2020, thosaigh an Spáinn ag tabhú an chaiteachais riaracháin chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe, beidh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 8 Meitheamh 2020 go dtí an 13 Feabhra 2023.
Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí atá á maoiniú ó chistí náisiúnta nó ó chistí an Aontais
37.Is cistí de chuid Consellería de Economía Emprego e Industria de la Xunta de Galicia an fhoinse réamh-mhaoinithe nó comhaoinithe náisiúnta.
38.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thuas agus atá ag fáil ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Spáinn nach bhfaighidís ranníocaíochtaí airgeadais freisin ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais.
‑Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha
39.Thug an Spáinn le fios gur thacaigh ASIME agus na ceardchumainn CCOO agus UGT, na comhpháirtithe sóisialta a ghlacann páirt san Idirphlé Sóisialta sa Ghailís, gur thacaigh siad le Xunta de Galicia agus an t‑iarratas á ullmhú trí fhaisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le hearnáil na longthógála agus leis an margadh saothair lena mbaineann. Rinneadh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe a tharraingt suas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus pléadh é in dhá chruinniú an 4 Samhain 2019 agus an 19 Feabhra 2020. Trí mheán comhaontú comhair, beidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach i gcur chun feidhme na seirbhísí.
Córais bhainistíochta agus rialaithe
40.Déantar tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Thug an Spáinn fógra don Choimisiún gurb iad na comhlachtaí sin a bhainistíonn agus a rialaíonn CSE a bhainisteoidh agus a rialóidh an ranníocaíocht airgeadais. Is é Xunta de Galicia a bheidh ina chomhlacht idirmheánach don údarás bainistíochta.
Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann
41.Chuir an Spáinn na dearbhuithe uile ar fáil a bhfuil gá leo maidir leis na nithe seo a leanas:
–cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh-idirdhealú maidir leis an rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin,
–comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,
–na fiontair a rinne oibrithe a dhífhostú agus a lean lena ngníomhaíochtaí tar éis dóibh na daoine lena mbaineann a leagan as, tá a gcuid oibleagáidí dlíthiúla lena rialaítear na hiomarcaíochtaí comhlíonta acu agus riar siad dá gcuid oibrithe dá réir,
–ní bhfaighidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe tacaíocht airgeadais ó chistí eile nó ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais agus coiscfear aon mhaoiniú dúbailte,
–beidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag teacht le gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na Cistí Struchtúracha,
–cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair.
IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Togra buiséadach
42.Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.
43.Tar éis dó an t‑iarratas a scrúdú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) den Rialachán maidir le CED, agus tar éis dó an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún CED a shlógadh le haghaidh EUR 2 054 400, suim arb ionann í agus 60 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.
44.Méid comhiomlán na ranníocaíochtaí in imthosca eisceachtúla sa bhliain reatha, ní sháraíonn sé 15 % d'uasmhéid bliantúil CED, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Rialachán maidir le CED.
45.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe, mar a leagtar síos i bpointe 13 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais.
Gníomhartha gaolmhara
46.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 2 054 400 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.
47.An tráth céanna a ghlacfaidh sé togra le haghaidh cinneadh chun CED a shlógadh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh atá beartaithe chun CED a shlógadh.
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis
iarratas a fháil ón Spáinn – EGF/2020/001 ES/Galicia shipbuilding ancillary sectors
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006, agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus go háirithe pointe 13 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d'oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n‑oibrithe sin sa mhargadh saothair.
(2)Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011) mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle.
(3)An 13 Bealtaine 2020, chuir an Spáinn iarratas isteach i dtaca le CED a shlógadh, i ndáil le hiomarcaíochtaí sna hearnálacha eacnamaíocha arna n‑aicmiú faoi aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (“NACE”) Athbhreithniú 2 Rannáin 24 (Monarú miotal bunúsach), 25 (Monarú táirgí déanta as miotal, ach amháin innealra agus trealamh miotail), 30 (Monarú trealaimh eile iompair), 32 (Monarú eile), 33 (Deisiú agus suiteáil innealra agus trealaimh) agus 43 (Gníomhaíochtaí tógála speisialaithe) i nGailís (ES11) na Spáinne , réigiún atá ar leibhéal 2 NUTS. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, soláthraíodh faisnéis bhreise i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
(4)I gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, meastar an t‑iarratas ón Spáinn a bheith inghlactha, ós rud é gur iarratas comhchoiteann é nach mbaineann ach le FBManna atá lonnaithe i réigiún, an Ghailís, ina bhfuil na FBManna ar an bpríomhchineál gnó sa réigiún sin agus ina bhfuil tionchar tromchúiseach ag na hiomarcaíochtaí ar fhostaíocht agus ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta.
(5)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 054 400 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Spáinn isteach.
(6)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an bhfad ama a thógfaidh sé CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun méid EUR 2 054 400 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán