EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0441R(01)

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh phaindéim COVID-19

COM/2020/441 final/2

An Bhruiséil,28.5.2020

COM(2020) 441 final

2020/0111(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh phaindéim COVID-19


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is forleathan tromchúiseach an ghéarchéim i sláinte an phobail atá i bpaindéim COVID-19. Tá difear thar na bearta á dhéanamh aige do shaoránaigh, do shochaithe, agus do gheilleagair ar fud an domhain. Ní raibh géarchéim sláinte chomh mór léi ann riamh, agus na beartais atá ann le smacht a chur uirthi, is freagairt dífhasaigh atá iontu. Is é toradh atá air sin nach fios beag ná mór cén chomh domhain atá an tionchar socheacnamaíochta. Is cinnte cheana féin gur dúshláin mhóra agus dúshláin dífhasaigh atá á gcur roimh chórais airgeadais agus eacnamaíochta na mBallstát. De réir réamhaisnéisí eacnamaíocha an Choimisiúin san earrach 1 , tá sé á thuar go gcrapfaidh OTI an AE thart ar 7.5 % i mbliana — i bhfad níos doimhne ná le linn na géarchéime airgeadais domhanda in 2009 — agus nach n‑athdhaingneoidh sé ach 6 % in 2021, fad is atá ráta dífhostaíochta an AE ag ardú go 9 % in 2020, agus an baol ann go n‑ardóidh an bhochtaineacht agus an neamhionannas.

Is éard atá déanta ag na Ballstáit de fhreagairt air sin bearta eisceachtúla a ghlacadh, bearta lánroghnacha eacnamaíocha agus airgeadais. I dteannta le héifeacht na “gcobhsaitheoirí uathoibríocha” faoi mar a thugtar orthu i.e. íocaíochtaí dá bhforáiltear faoin árachas dífhostaíochta agus faoi na córais árachais shóisialta i bpáirt le laghdú ar an ioncaim ó cháin, ní beag an brú a bheidh ar na hairgeadais phoiblí, agus maidir le heasnamh foriomlán ginearálta na rialtas, is de thonn tuile a mhéadóidh siad sin ó 0.6 % den OTI in 2019 go 8.5 % den OTI i mbliana sa limistéar euro agus san Aontas i mbliana.

Is siméadrach an tuairt atá bainte as geilleagar an Aontais sa mhéid go bhfuil na Ballstáit ar fad buailte ag an bpaindéim, ach mar sin féin is mór an difríocht in éifeacht na paindéime ó Bhallstát go Ballstát de réir na mbunstruchtúr eacnamaíochta a bhí iontu go sonrach, sin agus na himthosca a bhí ann i dtús ama. Dá dheasca sin, tá an baol ann go méadófar an míchothrom laistigh den Aontas, rud is bagairt don athléimneacht eacnamaíochta agus sóisialta i gcoitinne.

Tá gníomh déanta ag an Aontas go mear le freagairt a dhéanamh air sin, freagairt atá comhordaithe cumhachtach comhchoiteann, freagairt ar iarmhairtí eacnamaíochta agus sóisialta na géarchéime laistigh de theorainneacha an Chreata Airgeadais reatha, creat a rachaidh in éag in 2020. Maidir leis an bhfreagairt sin, is comhlánú atá inti ar na bearta lánroghnacha eacnamaíochta agus airgeadais a rinne na Ballstáit.

Tharlódh dochar fadtéarmach d’inneach eacnamaíochta an Aontais de dheasca na géarchéime, mura mbeidh freagairt ann dá réir ag leibhéal an Aontais, freagairt bheartais sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.

Plean cuimsitheach le haghaidh théarnamh na hEorpa, is plean é a mbeidh infheistíocht ollmhór de dhíth air ar leibhéal na hEorpa, idir phoiblí agus phríobháideach, leis an Aontas a sheoladh go mín ar chosán an téarnaimh inbhuanaithe athléimnigh, plean faoina gcruthófar poist agus faoina leigheasfar an chéad dochar a rinne paindéim COVID-19, plean faoina leanfar den tacaíocht do thosaíochtaí glasa digiteacha an Aontais chomh maith. Leis an maoiniú a chur ar fáil don ghníomh atá a bheartú, molann an Coimisiún leasú ar an [ORD] a thabharfadh d’údarás don Aontas EUR 750 billiún i bpraghasanna 2018 a fháil ar iasacht go heisceachtúil lena gcuid teorainneacha acmhainní féin a ardú chun freastal ar na dliteanais agus ar na dliteanais theagmhasacha le haghaidh iasachtaí do na Ballstáit. Faoin ngníomh atá á bheartú, ríomhfar leithdháileadh na gcistí ar chláir AE éagsúla i gcomhréir leis an straitéis atá leagtha amach sa Phlean do Théarnamh an Aontais Eorpaigh.

In 2018, caithfear EUR 500 billiún ar thacaíocht neamh-inaisíoctha, tacaíochta inaisíoctha trí ionstraimí airgeadais nó ar sholáthar do ráthaíochtaí buiséadacha agus do chaiteachas gaolmhar.

In 2018, úsáidfear EUR 250 billiún] le hiasachtaí a chur ar fáil do na Ballstáit. Glacfaidh an tAontas dliteanas teagmhasach ina ghealltanas air féin as ucht na n‑iasachtaí sin go dtí go mbeidh aisíoc déanta orthu.

Is in Airteagal 3 a shocraítear an t‑uasmhéid is féidir a mhaoiniú faoi scáth na hIonstraime. Na húsáidí is féidir a bhaint as na cistí, leagtar síos go soiléir in Airteagal 3 iad freisin, áit a ndéantar cur síos ar na cláir faighteoirí, chomh maith leis an gcineál tacaíochta (deontais, iasachtaí agus ráthaíochtaí). In Airteagal 2 agus in Airteagal 4, cuireann an Rialachán seo teorainn dhocht freisin leis an raon feidhme agus ar an am inar féidir na cistí a úsáid. Ní áirítear leis sin gur féidir Ionstraim an Aontais Eorpaigh um Théarnamh a úsáid chun aon chríche eile seachas chun dul i ngleic le hiarmhairtí díreacha eacnamaíochta agus sóisialta na géarchéime seo.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cuireann Ionstraim an Aontais Eorpaigh um Théarnamh maoiniú ar fáil do bhearta agus do ghníomhaíochtaí atá le cur i gcrích faoi mar a leagtar amach i bPlean Téarnaimh an Aontais Eorpaigh. Is le haghaidh chláir an Aontais faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a úsáidfear na hacmhainní a bhailítear tríd an eisiúint sna réimsí seo a leanas:

·Tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm deontas agus iasachtaí chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát a chur chun feidhme faoin tSaoráid Tacaíochta um Athchóiriú agus Athléimneacht;

·Tacaíocht nua infheistíochta a chur ar fáil faoi ráthaíochtaí buiséadacha atá ann cheana nó atá á mbeartú (CEIS/InvestEU) le haghaidh inter alia (1) cuideachta atá inmharthana ainneoin buille na géarchéime, go háirithe le dlús a chur leis an dé-aistriú glas agus digiteach; (2) tacaíocht dhírithe ar thograí arb iad leas na hEorpa go straitéiseach iad le haghaidh slabhraí soláthair inmheánacha an mhargaidh le cur le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais sna príomhearnálacha agus ó thaobh na bpríomhinniúlachtaí de.

·An tacaíocht airgid atá á cur ar fáil i dtús tréimhse trí bhíthin beartas athneartaithe comhtháite i gcomhair réigiún agus earnálacha atá i lúba na géarchéime;

·Tacú le taighde agus le nuálaíocht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19;

·Leibhéal na hullmhachta i gcomhair géarchéimeanna a fheabhsú, agus athléimneacht straitéiseach chórais cúraim sláinte an Aontais a fheabhsú;

·Tionchar phaindéim COVID-19 ar an aistriú cothrom i dtreo geilleagair ghlais i gcríocha a mhaolú sna críocha;

·Tacú le bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an bhforbairt tuaithe;

·Tacú le tíortha comhpháirtíochta, go háirithe sna Balcáin Thiar, sa Chomharsanacht agus san Afraic, agus iad ag dréim le tionchar na paindéime a chomhrac agus téarnamh uaidh agus a dteacht aniar a neartú.

Is i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha bunúsacha lena mbunaítear na hionstraimí beartais a dhéanfar na gníomhaíochtaí agus na bearta. Is ar an ábhar sin a thíolacann an Coimisiún go comhthreomhar na tograí reachtacha is gá chun a áirithiú gur féidir leis na hionstraimí beartais sin ioncaim shannta sheachtracha a fháil mar thoradh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo.    

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Déantar foráil in Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ionas go bhféadfaí bearta a ghlacadh, bearta a chinntear de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, bearta a bheadh iomchuí don staid eacnamaíoch. Ní fhacthas a leithéid riamh cheana sa saol. Príomhthréith dá chuid is ea na deacrachtaí móra atá ann, deacrachtaí eisceachtúla nach bhfuil neart ag na Ballstáit orthu. Dá bhrí sin, is iomchuí bearta eisceachtúla sealadacha a ghlacadh faoi Airteagal 122 CFAE chun tacú leis an téarnamh agus leis an athléimneacht ar fud an Aontais.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Na cuspóirí a shaothraítear leis an ionstraim seo, is cuspóirí iad nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go leordhóthanach ina n‑aonar de bharr réimse na mbeart is gá a dhéanamh. Cuireann an Ionstraim Eorpach um Théarnamh ar chumas an Aontais bearta eacnamaíocha agus airgeadais na mBallstát a chomhlánú, go háirithe i bhfoirm “cobhsaitheoirí uathoibríocha” agus bearta eacnamaíocha agus airgeadais lánroghnacha, trí mhéadú suntasach tapa agus spriocdhírithe ar chaiteachas lánroghnach.

Slógadh comhlántach cistiúcháin den sórt sin, is rud é a áirithíonn nach mbaintear an bonn den mhargadh inmheánach mar gheall ar an mícothrom i gcumas na mBallstát chun cistiú a chur ar fáil, agus déantar foráil ann freisin, de mheon an chistithe dlúthpháirtíochta, sna Ballstáit ina bhfuil teorainn ar an spás fioscach, le haghaidh caiteachas lánroghnach. Ina theannta sin, áirithítear leis gur ar straitéis eacnamaíoch a dhéanfar an caiteachas, straitéis chomhtháite a beidh á comhordú idir na Ballstáit.

Is le gníomhaíocht chomhbheartaithe den sórt sin, gníomhaíocht a bheidh spreagtha de meon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit le linn géarchéime agus le gníomhaíocht den chineál sin amháin, a fhéadfar a áirithiú go mbainfear leas as fáltais leordhóthanacha chun idirghabhálacha éifeachtacha ón Aontas a ghiniúint sna limistéir nó sna hearnálacha is measa atá buailte.

Comhréireacht

Is iad na himthosca dífhasaigh ina bhfuil an tAontas féin is cúis leis an maoiniú ón Ionstraim Eorpach um Aisghabháil, maoiniú ina mhéideanna faoi mar atá ag teastáil. Tá an Ionstraim um Aisghabháil imscríofa go soiléir ó thaobh faid agus úsáide de. Áirithítear leis sin go mbeidh úsáid na hionstraime sin teoranta go docht don dul i ngleic le tionchar na géarchéime seo ar scála a bheidh i gcomhréir le tionchar na géarchéime seo. Is ar an ngá le tacaíocht scafánta a thabhairt don téarnamh eacnamaíoch a bheadh an maoiniú dírithe, tacaíocht a bheadh ann láithreach.

An rogha ionstraime

Measann an Coimisiún gur trí bhíthin Rialacháin is oiriúnach gníomh a dhéanamh mar gheall ar an infheidhmeacht dhíreach láithreach atá leis, agus mar gheall ar an raon feidhme atá leis i gcoitinne.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar gheall ar a phráinní a bhí sé an togra a ullmhú ionas go bhféadfadh an Chomhairle é a ghlacadh go tapa, níorbh fhéidir comhairliúchán a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní bhaineann le hábhar

Measúnú tionchair

Ós togra práinneach atá ann, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar

Cearta bunúsacha

Ní bhaineann le hábhar

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Soláthróidh an Rialachán atá beartaithe tacaíocht airgeadais ó ioncam sannta seachtrach ó iasachtaí ón Aontais atá údaraithe faoi Airteagal 3b de [ORD] le haghaidh tacaíochta neamh-iníoctha, tacaíochta inaisíoctha trí ionstraimí airgeadais, agus le haghaidh soláthair do ráthaíochtaí buiséadacha agus do chaiteachas gaolmhar. Chuige sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le leithreasuithe i gcomhair oibleagáidí agus leithreasuithe i gcomhair íocaíochtaí chun méideanna atá dlite don iasacht a chumhdach (le haghaidh íocaíochtaí cúpóin agus fuascailtí i dtráth na haibíochta). Níl aisíocaíochtaí ar bith ó bhuiséad an Aontais á mbeartú roimh 2028. An leithreasú is gá chun íocaíochtaí cúpóin a chumhdach i rith na tréimhse 2021-2027, íocaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, is leithreasú é atá comhoiriúnach leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, agus go háirithe Ceannteideal 2 Comhtháthú agus Luachanna (seachas ‘Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach’). Na Creataí Airgeadais Ilbhliantúla a bheidh ann amach anseo, ní mór dóibh na leithreasuithe riachtanacha a chur ar fáil chun íocaíochtaí cúpóin agus fuascailtí a chumhdach ar theacht in aibíocht dóibh.

Déanfaidh na Ballstáit is tairbhithe na hiasachtaí a aisíoc, agus ní íocfaidh an tAontas ach dliteanas teagmhasach atá comhoiriúnach le huasteorainn shonrach a gcuid n‑acmhainní féin.

Sa Ráiteas Airgeadais Reachtach, tá fáil ar phleanáil tháscach i leith an ioncaim a bhfuil súil leis chomh maith leis an gcaiteachas gaolmhar.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní mór oiread trédhearcachta agus is féidir, agus ní mór faireachán iomchuí a dhéanamh ar úsáid acmhainní airgeadais an Aontais. Beidh feidhm ag oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát agus ag oibleagáidí tuairiscithe an Choimisiúin.

2020/0111 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh phaindéim COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ghlac na Ballstáit sraith bearta nach bhfacthas riamh roimhe chun srian a chur le leathadh ghalar an coróinvíris (COVID-19) faoinar fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an 11 Márta 2020 gur paindéim é.

(2)Mar gheall ar na bearta sin, a rinneadh mar fhreagairt ar an gcás eisceachtúil sin, rud atá thar smacht na mBallstát, tá suaitheadh mór á bhaint as gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus dá dheasca sin tá meath mór tagtha ar an olltáirgeacht intíre agus tá tionchar suntasach ag na bearta sin ar an bhfostaíocht, ar dhálaí sóisialta, ar an mbochtaineacht agus ar an neamhionannas. Go sonrach, chuir na bearta sin as go mór do na slabhraí soláthair agus táirgeachta agus ba iad ba chúis le neamhláithreachtaí fostaithe ón ionad oibre. Ian theannta sin, níorbh fhéidir a lán seirbhísí a sholáthar nó bhí sé an-deacair. San am céanna, tháinig laghdú ar an éileamh ó thomhaltóirí. Bhí a lán gnólachtaí thíos le ganntanas leachtachta, agus tá a gcuid sócmhainneachta i mbaol agus, san am ceanna, tá na margaí airgeadais an-luaineach. Tá príomhearnálacha mar an taisteal agus an turasóireacht buailte go dona ar fad. Mar gheall ar na bearta sin i gcoitinne, tháinig meath ollmhór ar staid airgeadais roinnt mhaith gnólachtaí san Aontas cheana féin nó tiocfaidh meath ollmhór orthu go fóill.

(3)Tá an ghéarchéim tar éis leathadh go tapa i gcríoch an Aontais agus i dtríú tíortha. Meastar go mbeidh fás eacnamaíoch san Aontas á chrapadh go mór in 2020. Tá na rioscaí a bhaineann leis an téarnamh an-mhíchothrom sna Ballstáit éagsúla, rud a chuirfidh go mór leis an éagsúlacht idir na geilleagair náisiúnta. Mar gheall ar chumas fioscach difriúil na mBallstát chun tacaíocht airgeadais a thabhairt san áit is mó a dteastaíonn sí i leith an téarnaimh agus mar gheall ar éagsúlacht na mbeart náisiúnta, tá an margadh aonair chomh maith leis an gcomhtháthú sóisialta agus críochach á gcur i mbaol.

(4)Is gá sraith chuimsitheach beart don téarnamh eacnamaíoch ar ina leith a theastaíonn méideanna substaintiúla infheistíochta poiblí agus príobháidí chun go rachaidh téarnamh inbhuanaithe athléimneach chun sochair don Aontas Eorpach, poist ardcháilíochta a chruthú, tacú le cuimsiú sóisialta agus an dochar is déanaí a rinneadh de dheasca phaindéim COVID-19 a leigheas agus, san am céanna, tacú le tosaíochtaí glasa agus digiteacha an Aontais.

(5)Is gá cur chuige comhleanúnach aontaithe ar leibhéal an Aontais mar gheall ar an gcás eisceachtúil seo atá thar smacht na mBallstát. Chun cosc a chur lena thuilleadh meatha ar an ngeilleagar, ar an bhfostaíocht agus ar an gcomhtháthú sóisialta agus chun borradh a chur faoi théarnamh inbhuanaithe athléimneach gníomhaíochtaí eacnamaíocha, ba cheart clár eisceachtúil comhordaithe um thacaíocht eacnamaíoch agus shóisialta a chur i bhfeidhm, de mheon na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, go háirithe do na Ballstáit a buaileadh go han-dona ar fad.

(6)Ós rud é gur freagairt eisceachtúil ar na himthosca sealadacha diana sin í an Ionstraim , níor cheart an tacaíocht faoin Ionstraim a chur ar fáil ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 nó ar na riachtanais láithreacha chistiúcháin ionas nach dtiocfaidh paindéim COVID-19 chun cinn an athuair.

(7)Leis an ionstraim seo ba cheart fócas ar leith a dhíriú ar bhearta chun margaí saothair, cosaint shóisialta agus córais cúraim sláinte a athbhunú, bearta chun borradh a chur faoin acmhainneacht fáis agus fostaíochta inbhuanaithe d’fhonn an comhtháthú idir na Ballstáit a neartú agus tacú leo aistriú i dtreo geilleagar glas agus digiteach, tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca thionchar phaindéim COVID-19, go háirithe tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de nach mór dóibh déileáil le srianta sócmhainneachta, bearta chun cur le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais i dtaca le slabhraí soláthair ríthábhachtacha, tacú leis an taighde agus an nuálaíocht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, tacú le fothú acmhainneachta ar leibhéal an Aontais chun feabhas a chur ar an ullmhacht do ghéarchéimeanna amach anseo, tacú le críocha atá ag déanamh iarrachtaí i dtreo aistriú cóir agus na hiarrachtaí sin a choimeád, agus tacú le ceantair thuaithe chun aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19. Tá caidreamh trádála agus eacnamaíoch le tíortha comharsanachta agus le tíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe sna Balcáin Thiar, le tíortha a chumhdaítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus le tíortha san Afraic, thar a bheith tábhachtach do gheilleagar an Aontais. Ar an gcúis sin, agus i gcomhréir le ról domhanda agus le freagracht dhomhanda an Aontais, ba cheart acmhainní airgeadais a úsáid freisin chun tacaíocht agus cabhair dhaonnúil a chur ar fáil d’iarrachtaí na dtíortha sin tionchar phaindéim COVID-19 a chomhrac agus teacht slán as an bpaindéim chun caidreamh trádála agus eacnamaíoch idir na tíortha sin agus an tAontas a athbhunú agus a neartú.

(8)Ba cheart úsáid a bhaint as na sásraí caiteachais, atá bunaithe cheana, trí chláir an Aontais faoi na creataí airgeadais ilbhliantúla ábhartha chun a áirithiú go mbeidh téarnamh inbhuanaithe athléimneach ar fud an Aontais agus chun a éascú go gcuirfear an tacaíocht eacnamaíoch chun feidhme. Cuirtear tacaíocht faoi na cláir sin ar fáil i bhfoirm tacaíochta neamh-inaisíoctha, iasachtaí, agus soláthar do ráthaíochtaí buiséadacha. Ba cheart leithdháileadh na nacmhainní airgeadais a léiriú a mhéid atá na cláir sin in ann rannchuidiú le cuspóirí na hIonstraime.

(9)I bhfianaise chineál na mbeart atá le cistiú, ba cheart cuid amháin de na méideanna atá ar fáil don Ionstraim seo a úsáid chun iasachtaí a thabhairt do na Ballstáit, cé gur cheart an chuid eile de na hacmhainní a bheith ina hioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 agus ba cheart í a úsáid le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha, ionstraimí airgeadais nó soláthar do ráthaíochtaí buiséadacha agus caiteachas gaolmhar ag an Aontas. Cé go bhfuil feidhm ag Airteagal 12(4)(c) agus Airteagal 14(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe íocaíochta a chuirtear ar fáil i ndáil leis an ioncam sannta seachtrach faoin Rialachán seo, i bhfianaise na dteorainneacha ama a leagtar síos do na cineálacha éagsúla tacaíochta, níor cheart leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí a eascraíonn as ioncam sannta seachtrach den sórt sin a thabhairt anonn go huathoibríoch thar na dátaí deiridh faoi seach, cé is moite de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas is gá le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun na bearta faoin Rialachán seo a chur chun feidhme.

(10)Ba cheart leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha a chur ar fáil go huathoibríoch suas go dtí an méid údaraithe. Ba cheart leachtacht a bhainistiú go héifeachtach, ionas nach dtiomsaítear cistí ach amháin nuair is gá na gealltanais dhlíthiúla a chomhlíonadh trí leithreasuithe íocaíochta comhfhreagracha.

(11)Ós rud é go bhfuil sé tábhachtach úsáid a bhaint as na méideanna sna chéad bhlianta den Ionstraim, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcur chun feidhme. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú chuige sin faoin 31 Márta 2023.

(12)Foráiltear le Airteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nach mbeidh feidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe ag 3 leasuithe ar Cinneadh 2014/335/AE ón gComhairle, Euratom 4 a ghlacfar ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin nó dá éis a mhéid a bheidh tionchar ag na leasuithe sin ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe. An tacaíocht faoin Rialachán seo agus an méadú comhfhreagrach ar uasteorainn acmhainní dílse an Aontais, bheadh tionchar acu sin ar oibleagáid airgeadais na Ríochta Aontaithe. Le hAirteagal 143(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, cuirtear teorainn le dliteanas na Ríochta Aontaithe as a sciar de dhliteanais theagmhasacha an Aontais i leith na ndliteanas teagmhasach sin a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais arna gcinneadh ag an Aontas roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Aon dliteanas teagmhasach don Aontas faoin Rialachán seo, ní bheidh feidhm aige go dtí tar éis dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

Bunaítear leis seo Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (“an Ionstraim”) chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh phaindéim COVID-19.

Airteagal 2
Raon feidhme na hIonstraime

(1)Tacóidh an Ionstraim leis an téarnamh laistigh den Aontas i ndiaidh phaindéim COVID-19 agus go sonrach maoineoidh sí na bearta seo a leanas chun dul i ngleic le hiarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha na paindéime sin:

(a)bearta chun margaí saothair agus córais cúraim sláinte a athbhunú;

(b)athchóirithe agus infheistíochtaí chun borradh a chur faoin acmhainneacht fáis, chun comhtháthú idir na Ballstáit a neartú agus a nathléimneacht a mhéadú;

(c)bearta tacaíochta le haghaidh gnólachtaí a ndearna tionchar eacnamaíoch na paindéime díobháil dóibh, go háirithe bearta den sórt sin a théann chun tairbhe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lena náirítear infheistíocht dhíreach airgeadais sna fiontair sin;

(d)bearta tacaíochta le haghaidh gnólachtaí atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, gnólachtaí a raibh orthu déileáil le srianadh a gcuid sócmhainneachta mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19, lena náirítear infheistíocht dhíreach airgeadais sna gnólachtaí sin;

(e)bearta chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú i slabhraí soláthair ríthábhachtacha, lena náirítear infheistíocht dhíreach airgeadais i ngnólachtaí;

(f)bearta tacaíochta le haghaidh an taighde agus na nuálaíochta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19;

(g)bearta tacaíochta chun leibhéal na hullmhachta do ghéarchéimeanna a mhéadú agus a áirithiú gur féidir leis an Aontas freagairt a thabhairt go tapa agus go héifeachtach i gcás éigeandálaí móra; áireofar air sin athléimneacht straitéiseach chórais cúraim sláinte an Aontais a fheabhsú chun gur féidir leis an Aontas freagairt go tapa agus go héifeachtach i gcás géarchéim sláinte trasteorann nua; áireofar ar na bearta sin soláthairtí agus trealamh leighis bunriachtanacha a stoc-charnadh agus na bonneagair riachtanacha a fháil chun na leibhéil iomchuí earraí agus cógas leighis atá ábhartha ó thaobh géarchéime de a choimeád;

(h)bearta tacaíochta chun a áirithiú nach mbainfidh paindéim COVID-19 an bonn d’aistriú cothrom chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de;

(i)bearta tacaíochta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an bhforbairt tuaithe.

Leis an Ionstraim freisin, soláthrófar tacaíocht ghéarchéime do thíortha comhpháirtíochta d’fhonn a gcaidreamh trádála agus eacnamaíoch leis an Aontas a athbhunú agus a fheabhsú agus a n‑athléimneacht a neartú.

(2)Cuirfear na bearta dá dtagraítear i mír 1 i gcrích faoi chláir shonracha de chuid an Aontais agus i gcomhréir le gníomhartha ábhartha an Aontais lena leagtar síos rialacha maidir leis na cláir sin. Áireofar ar na bearta sin cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun iad a chur chun feidhme.

Airteagal 3
An ionstraim a mhaoiniú agus cistí a leithdháileadh

(1)Maoineofar an Ionstraim de mhéid suas le EUR 750 000 000 000 i bpraghsanna 2018 ar bhonn an chumhachtaithe in Airteagal 3b den [ORD].

(2)Déanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh mar a leanas:

(a)tacaíocht suas le EUR 433 200 000 000 i bpraghsanna 2018 i bhfoirm tacaíochta neamh-inaisíoctha agus tacaíochta in-aisíoctha trí ionstraimí airgeadais, a leithdháilfear mar a leanas:

(i)suas le EUR 50 000 000 000 in 2018 le haghaidh cláir struchtúracha agus chomhtháthaithe den Chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 faoi mar atá sé á neartú go dtí 2022, lena náirítear tacaíocht d’ionstraimí; airgeadais;

(ii)iasachtaí suas le EUR 310 000 000 000 in 2018 le haghaidh clár chun téarnamh agus athléimneacht eacnamaíoch shóisialta a mhaoiniú trí thacaíocht d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí;

(iii)suas le EUR 7 700 000 000 i bpraghsanna 2018 le haghaidh clár a bhaineann le cúrsaí sláinte;

(iv)suas le EUR 2 000 000 000 i bpraghsanna 2018 le haghaidh clár a bhaineann leis an gcosaint shibhialta;

(v)suas le EUR 13 500 000 000 in 2018 le haghaidh chláir a bhaineann leis an taighde agus an nuálaíocht, lena náirítear tacaíocht d’ionstraimí maoinithe;

(vi)suas le EUR 30 000 000 000 i bpraghsanna 2018 le haghaidh cláir a thacaíonn leis na críocha agus iad ag aistriú ionsar geilleagar is neodrach ó thaobh díobháil don aeráid de;

(vii)suas le EUR 15 000 000 000 i bpraghsanna 2018le haghaidh na forbartha i gceantair thuaithe;

(viii)suas le EUR 5 000 000 000 i bpraghsanna 2018 le haghaidh clár a bhaineann le cabhair dhaonnachtúil lasmuigh den Aontas.

(b)iasachtaí suas le EUR 250 000 000 000 i bpraghsanna 2018 le haghaidh clár chun téarnamh agus athléimneacht eacnamaíoch shóisialta a mhaoiniú trí thacaíocht a thabhairt d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí.

(c)suas le EUR 66 800 000 000 i bpraghsanna 2018 le haghaidh soláthar do ráthaíochtaí agus do chaiteachas gaolmhar le haghaidh na gclár seo a leanas:

(i)suas le EUR 30 300 000 000 i bpraghsanna 2018 le haghaidh cláir atá dírithe ar thacú le hoibríochtaí infheistíochta i réimse bheartais inmheánacha an Aontais;

(ii)suas le EUR 26 000 000 000 i bpraghsanna 2018 le haghaidh chláir atá dírithe ar shócmhainneacht gnólachtaí atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de san Aontas a neartú;

(iii)suas le EUR 10 500 000 000 i bpraghsanna 2018 le haghaidh cláir atá dírithe ar fhás eacnamaíoch inbhuanaithe ionchuimsitheach a chothú lasmuigh den Aontas.

Airteagal 4
Rialacha maidir le cur chun feidhme an bhuiséid

(1)Chun críocha Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is éard a bheidh in EUR 433 200 000 000 i bpraghsanna 2018 de na cistí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) ioncam sannta seachtrach le haghaidh chláir an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo agus is éard a bheidh in EUR 66 800 000 000 in 2018 de na cistí sin ioncam sannta seachtrach le haghaidh chláir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c) den Rialachán seo.

(2)Úsáidfear EUR 250 000 000 000 i bpraghsanna 2018 de na cistí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) le haghaidh iasachtaí do na Ballstáit faoi chláir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) den Rialachán seo. 

(3)Déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas lena gcumhdaítear tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) a chur ar fáil go huathoibríoch suas go dtí na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) agus (c) amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an [ORD] lena dtabharfar an cumhachtú dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

(4)Is é an Coimisiún nó a ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin a rachaidh i mbun na ngealltanas dlíthiúil as a n‑eascraíonn caiteachas don tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a), agus i gcás inarb iomchuí i bpointe (i) d’Airteagal 3(2)(c), faoin 31 Nollaig 2024. Rachfar i mbun gealltanas dlíthiúil de mhéid arb ionann é agus 60 faoin gcéad ar a laghad den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) faoin 31 Nollaig 2022.

(5)Glacfar cinntí maidir leis na hiasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) a dheonú faoin 31 Nollaig 2024.

(6)Maidir le ráthaíochtaí buiséadacha an Aontais suas le méid, a chomhfhreagraíonn, i gcomhréir leis an ráta soláthair ábhartha a leagtar amach sna bunghníomhartha faoi seach, don soláthar do na ráthaíochtaí buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c), soláthar atá ag brath ar phróifílí riosca na n‑oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht, ní dheonófar iad ach amháin chun tacú leis na hoibríochtaí sin a bheidh formheasta ag na contrapháirtithe faoin 31 Nollaig 2024. Déanfar forálacha sna comhaontuithe maidir lena áirithiú go bhformheasfaidh na contrapháirtithe oibríochtaí airgeadais a chomhfhreagraíonn do 60 faoin gcéad ar a laghad de mhéid na ráthaíochtaí buiséadacha sin faoin 31 Nollaig 2022. I gcás ina n‑úsáidfear soláthar do thacaíocht neamh-inaisíoctha a bhaineann leis na hoibríochtaí airgeadais agus infheistíochta faoi phointe (i) d’Airteagal 3(2)(c), rachaidh an Coimisiún i mbun na ngealltanas dlíthiúil faoin 31 Nollaig 2024. 

(7)Glacfar cinntí maidir leis na hiasachtaí i bhfoirm cúnaimh macrairgeadais dá dtagraítear i bpointe (iii) d’Airteagal 3(2)(c) a dheonú faoin 31 Nollaig 2024.

(8)Ní bheidh feidhm ag mír 4 go mír 7 maidir le bearta dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 2(2).

(9)Déanfar costais ó chúnamh teicniúil agus riaracháin le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n‑áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha an Rialacháin seo, a mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais.

Airteagal 5 
Tuairisciú

Faoin 31 Márta 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar maidir le cur chun feidhme na hIonstraime agus maidir le húsáid na gcistí a leithdháilfear i gcomhréir le Airteagal 3(2).

Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe. Tuigfear i gcás aon tagairtí do Bhallstáit sa Rialachán seo, nach bhfuil an Ríocht Aontaithe san áireamh iontu.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Théarnamh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID-19

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 5  

Gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais (Teideal 01 de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, roinn 3 an Coimisiún)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 6  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Géarchéim fhorleathan thromchúiseach don tsláinte phoiblí is ea paindéim COVID-19. Tá difear thar na bearta á dhéanamh aige do shaoránaigh, do shochaithe, agus do gheilleagair ar fud an domhain. Ní raibh géarchéim sláinte chomh mór léi ann riamh, agus na beartais atá ann le smacht a chur uirthi, is freagairt dífhasaigh atá iontu. Is é toradh atá air sin nach fios beag ná mór cén chomh domhain atá an tionchar socheacnamaíochta. Is cinnte cheana féin gur dúshláin mhóra agus dúshláin dífhasaigh atá á gcur roimh chórais airgeadais agus eacnamaíochta na mBallstát. De réir réamhaisnéisí eacnamaíocha an Choimisiúin san earrach 7 , tuartar go gcrapfaidh OTI an AE thart ar 7.5 % i mbliana — i bhfad níos doimhne ná le linn na géarchéime airgeadais domhanda in 2009 — agus nach n‑athdhaingneoidh sé ach 6 % in 2021, fad is atá ráta dífhostaíochta an AE ag ardú go 9 % in 2020, agus an baol ann go n‑ardóidh an bhochtaineacht agus an neamhionannas.

Is éard atá déanta ag na Ballstáit de fhreagairt air sin bearta eisceachtúla a ghlacadh, bearta lánroghnacha eacnamaíocha agus airgeadais. I dteannta le héifeacht na “gcobhsaitheoirí uathoibríocha” faoi mar a thugtar orthu i.e. íocaíochtaí dá bhforáiltear faoin árachas dífhostaíochta agus faoi na córais árachais shóisialta i bpáirt le laghdú ar an ioncaim ó cháin, ní beag an brú a bheidh ar na hairgeadais phoiblí, agus maidir le heasnamh foriomlán ginearálta na rialtas, is de thonn tuile a mhéadóidh siad sin ó 0.6 % den OTI in 2019 go 8.5 % den OTI i mbliana sa limistéar euro agus san Aontas i mbliana.

D’fhéadfadh sé go ndéanfar damáiste buan do fhíochán eacnamaíoch an Aontais mar thoradh ar an ngéarchéim mura rud é go dtugtar freagairt bheartais ghearrthéarmach agus mheántéarmach dá réir ar leibhéal an Aontais.

Plean cuimsitheach le haghaidh théarnamh na hEorpa, is plean é a mbeidh infheistíocht ollmhór de dhíth air ar leibhéal na hEorpa, idir phoiblí agus phríobháideach, leis an Aontas a sheoladh go mín ar chosán an téarnaimh inbhuanaithe athléimnigh, plean faoina gcruthófar poist agus faoina leigheasfar an chéad dochar a rinne paindéim COVID-19, plean faoina leanfar den tacaíocht do thosaíochtaí glasa digiteacha an Aontais chomh maith. Is é buiséad fadtéarmach an Aontais, mar a threiseofar é, an phríomhuirlis a bheidh ann.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cinntear leis an ngníomh atá beartaithe leithdháileadh na bhfáltas ó iasachtaíocht an Aontais, mar a údaraítear faoin gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, ar na cláir bheartais i gcomhréir leis an straitéis atá leagtha amach i bPlean Téarnaimh an Aontais Eorpaigh.

Caithfear EUR 500 billiún i bpraghsanna 2018 le haghaidh tacaíochta neamh-inaisíoctha, tacaíochta inaisíoctha trí ionstraimí airgeadais nó le haghaidh soláthair do ráthaíochtaí buiséadacha agus do chaiteachas gaolmhar.

In 2018, úsáidfear EUR 250 billiún le hiasachtaí a chur ar fáil do na Ballstáit. Glacfaidh an tAontas dliteanas teagmhasach ina ghealltanas air féin as ucht na n‑iasachtaí sin go dtí go mbeidh aisíoc déanta orthu.

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Leis an ngníomh atá beartaithe, sannfar an maoiniú do bhearta agus gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le drochiarmhairtí eacnamaíocha COVID-19 agus tacófar leis an téarnamh eacnamaíoch go háirithe sna réimsí seo a leanas:

·Tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm deontas agus iasachtaí chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát a chur chun feidhme faoin tSaoráid Tacaíochta um Athchóiriú agus Athléimneacht;

·Tacaíocht infheistíochta nua a chur ar fáil faoi na ráthaíochtaí buiséadacha atá ann cheana, ráthaíochtaí atá beartaithe (CEIS/InvestEU), inter alia (1) cuideachtaí a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim orthu ach a bhfuil sé d’inmharthanacht iontu teacht slán ón ngéarchéim, go háirithe chun dlús a chur leis an aistriú glan glas digiteach; (2) tacaíocht spriocdhírithe do thionscadail leasa straitéisigh Eorpacha i slabhraí soláthair an mhargaidh inmheánaigh chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a fhorbairt i bpríomhearnálacha agus i bpríomhchumais;

·An tacaíocht airgid atá á cur ar fáil i dtús tréimhse trí bhíthin beartas athneartaithe comhtháite i gcomhair réigiún agus earnálacha atá i lúba na géarchéime;

·Tacú le taighde agus nuálaíocht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19;

·Leibhéal na hullmhachta i gcomhair géarchéimeanna a fheabhsú, agus athléimneacht straitéiseach chórais cúraim sláinte an Aontais a fheabhsú;

·Tionchar phaindéim COVID-19 ar an aistriú cothrom i dtreo geilleagair ghlais i gcríocha a mhaolú sna críocha;

·Tacú le bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an bhforbairt tuaithe;

·Tacú le tíortha comhpháirtíochta, go háirithe sna Balcáin Thiar, sa Chomharsanacht agus san Afraic, agus iad ag dréim le tionchar na paindéime a chomhrac agus téarnamh uaidh agus a dteacht aniar a neartú.

1.4.3.Táscairí lena léirítear torthaí agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

An luas a gcuirtear cistí ar fáil do na hionstraimí airgeadais is tairbhithe dá réir. Ní mór a thabhairt faoi deara gur tionscnamh sealadach í an Ionstraim um Aisghabháil agus foráiltear teorainneacha ama léi chun leithreasauithe a ghealladh.

Coigilteas in aghaidh na mBallstát trí leas a bhaint as iasachtaí comhfhreagracha AE i gcomparáid le féinmhaoiniú ar mhargaí idirnáisiúnta.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is é is aidhm don togra reatha le haghaidh rialachán ón gComhairle ionstraimí agus bunús dlí an Aontais atá ann cheana a chomhlánú, agus sásra a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do na réimsí éagsúla beartais.

Tá na forálacha oibríochtúla lena rialaítear cur chun feidhme na tacaíochta sin le fáil sna gníomhartha reachtacha ina sainmhínítear ionstraimí beartais an Aontais is tairbhithe, arb é is aidhm dóibh tacaíocht láithreach láidir a thabhairt do théarnamh agus athléimneacht eacnamaíoch.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais

Ionstraim Téarnaimh an Aontais Eorpaigh atá á beartú, is ar Airteagal 122 CFAE atá sí bunaithe. Foráiltear leis an airteagal seo go bhféadfaí bearta a dhéanamh, arna gcinneadh de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, a bheadh iomchuí don staid eacnamaíoch.

Faoi láthair, tá na Ballstáit ag tabhairt aghaidh ar shuaitheadh eacnamaíoch mór mar thoradh ar ráig víreas COVID-19 a bhfuil tionchar mór diúltach socheacnamaíoch aige ar na Ballstáit.

Leis an togra, leithdháiltear an tacaíocht airgeadais, atá indéanta leis an gcumhachtú sealadach agus eisceachtúil atá sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, ar na hidirghabhálacha beartais a bhaineann le géarchéim de mheon dlúthpháirtíochta Eorpaí leis na Ballstáit atá buailte. I bhfianaise fhairsinge na géarchéime agus raon feidhme a héifeachtaí airgeadais agus eacnamaíocha, tá gníomhaíocht chomhbheartaithe ar leibhéal an AE níos iomchuí chun a áirithiú go mbainfear leas as acmhainní leordhóthanacha chun idirghabhálacha éifeachtacha a chruthú agus chun an tionchar díreach sochaíoch agus eacnamaíoch a d’eascair as géarchéim COVID-19 a mhaolú.

Tá prionsabal na coimhdeachta mar bhonn agus taca faoi chur chun feidhme na hIonstraime Eorpaí um Théarnamh. Go deimhin, de bharr ghné dhomhanda phaindéim COVID-19 agus raon feidhme a iarmhairtí airgeadais agus eacnamaíocha, is fearr is féidir leis an Aontas ná aon Bhallstát amháin aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim trí bheartais spriocdhírithe AE, rud a fhágann gur féidir acmhainní mórscála a fháil ar iasacht leis an gcumhachtú eisceachtúil atá ann chun buiséad an Aontais a fhorlíonadh, ar buiséad é atá sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

Áiritheofar le sannadh an ioncaim bhreise arna shannadh go seachtrach tríd an ngníomh atá beartaithe nach mbainfear an bonn de chur chun feidhme na freagartha atá beartaithe ag an Aontas mar gheall ar éagothromaíochtaí i gcumas na mBallstát an cistiú a úsáid ar bhonn aonair.

Ní féidir ach le gníomhaíocht chomhbheartaithe a bheidh spreagtha ag meon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit le linn géarchéime a áirithiú go n‑úsáidfear na modhanna ábhartha airgeadais go héifeachtach chun idirghabhálacha éifeachtacha ón Aontas a ghiniúint sna limistéir nó sna hearnálacha is measa atá buailte.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Nuair a bhí géarchéim airgeadais thromchúiseach ann san Aontas deich mbliana ó shin, chuir bunús dlí Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ar chumas an Aontais cúnamh airgeadais a chur ar fáil ón Aontas do Bhallstáit a raibh deacrachtaí acu de dheasca teagmhas eisceachtúil nach raibh neart acu air. Ghlac an tAontas ar bhonn Airteagal 122(2) Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM). Leis an ionstraim sin, soláthraíodh cúnamh airgeadais ón Aontas don Phortaingéil, d’Éirinn agus maoiniú idirlinne don Ghréig trí bhíthin iasachtaí comhuaineacha.

Úsáideadh bunús dlí Airteagal 122 CFAE mar bhunús dlí don togra a tháinig ón gCoimisiún le déanaí maidir le sásra SURE chun tacú le scéimeanna árachais dífhostaíochta sealadaí na mBallstát. Meastar gurb iomchuí an bunús dlí sin do theagmhas eisceachtúil nach bhfuil neart ag na Ballstáit air, rud a éilíonn seasamh comhchoiteann ón Aontas de mheon dlúthpháirtíochta, agus is féidir, dá bhrí sin, é a úsáid freisin sa chás géarchéime áirithe seo den ráig víreas COVID-19.

1.5.4.Comhoiriúnacht agus sineirgíocht fhéideartha le hionstraimí iomchuí eile

Le hIonstraim Téarnaimh an Aontais, ionstraim atá beartaithe, déantar na hacmhainní airgeadais breise is gá don Phlean Eorpach don Téarnamh a shannadh do na hionstraimí beartais lena dtabharfar aghaidh ar iarmhairtí móra sóisialta agus eacnamaíocha na géarchéime. Déantar freagairt bheartais an Aontais ar an ngéarchéim a leathnú agus a dhoimhniú go mór leis an bPlean don Téarnamh féin. I measc na dtionscnamh a rinneadh roimhe seo mar fhreagairt ar an ngéarchéim tá an ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis ráig na víreas COVID-19 (ionstraim SURE), an “Tionscnamh Infheistíochta Freagartha Corona”, an méadú atá beartaithe ar raon feidhme Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, athghníomhachtú na hionstraime tacaíochta éigeandála, agus ionstraimí eile chun tacú le fostaíocht mar Chiste Sóisialta na hEorpa agus InvestEU.

Is gné riachtanach í an Ionstraim Téarnaimh i bhfreagairt beartais níos cumhachtaí agus níos forleithne chun an ghéarchéim a fhritháireamh agus chun tacú leis an bpróiseas téarnaimh eacnamaíoch agus deisiúcháin. Díríonn an Ionstraim Téarnaimh tacaíocht i dtreo ionstraimí comhtháthaithe, na Saoráide um Athchóiriú agus Athléimneacht, agus i dtreo méadú ar ráthaíochtaí buiséadacha an Aontais chun tacú le gnólachtaí agus le hinfheistíocht.

Beidh an leibhéal céanna trédhearcachta, cuntasachta agus rialaithe iniúchóireachta ag an Ionstraim um Théarnamh agus atá ag an mbuiséad traidisiúnta.

Éilíonn na hacmhainní airgeadais suntasacha a dháiltear faoin Ionstram Téarnaimh treisiú chumas inmheánach an Choimisiúin chun an acmhainn sin a bhainistiú agus a riar. Ní mór uasgrádú mór a dhéanamh ar líon áirithe de phróisis ghnó riachtanacha go háirithe: cuntasaíocht agus tuairisciú ar dháileadh agus ar úsáid na n‑acmhainní a leithdháiltear ar bheartais éagsúla; riar agus comhréiteach na n‑íocaíochtaí agus na n‑aistrithe uile ó/chuig na Ballstáit, agus chuig na beartais a gheobhaidh tairbhe orthu; socrú na n‑iasachtaí agus a áirithiú go bhfuil iomlán na n‑acmhainní ar fáil nuair a bheidh siad ag teastáil agus na téarmaí is tairbhiúla a bheith ag dul leo; an tacaíocht ríomhaireachta atá riachtanach a chur i gcumas. Beidh sé riachtanach an acmhainn sin a fhorbairt sna tréimhsí ama is gá chun cur isteach ar an bPlean Téarnaimh chun cuspóirí an Phlean Téarnaimh a bhaint amach.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

X An tionchar airgeadais ón uair a thagann an Rialachán i bhfeidhm go dtí dáta deiridh aibíocht na n‑iasachtaí, d’fhorluí idir roinnt Creataí Airgeadais Ilbhliantúla éagsúla: níl súil le haibíocht ar bith roimh 2028.

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 8  

X CommissionBainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

X Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

ríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

agraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

X BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

Comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Déanfar monatóireacht rialta ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann cúnamh airgeadais faoi scáth an togra.

Faoin 31 Márta 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar maidir le cur chun feidhme na hIonstraime agus maidir le húsáid na gcistí a leithdháilfear i gcomhréir le Airteagal 3(2).

2.1.1.Na rioscaí a aithníodh

Chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí i riar na hionstraime, is gá infheistíocht shuntasach a dhéanamh i bhforbairt chumas riaracháin airgeadais an Choimisiúin. Mínítear san infheistíocht seo an caiteachas riaracháin a bhaineann leis an mbeartas sin, trí fhoireann speisialaithe a earcú, riaracháin náisiúnta san áireamh. Tá gá le hacmhainní foirne méadaithe freisin le haghaidh seirbhísí tacaíochta mar chuntasaíocht, cúloifig agus tacaíocht thiomnaithe TF.

Tá an Ionstraim um Aisghabháil ag brath ar mhéideanna móra fiachais a bheith á n‑eisiúint ag an gCoimisiún ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta faoin gcumhachtú a thugann an Oifig. An méadú tobann a thiocfaidh ar eisiúint fiachais i dtréimhse inar dócha go rachaidh flaithiúnais agus institiúidí eile i muinín margaí caipitil go forleathan, tá an baol ann dá bharr go dtiocfaidh meath ar na téarmaí agus ar na coinníollacha atá ar fáil don Aontas. Déanfar an riosca sin a bhainistiú trí straitéis nua maidir le bainistiú fiachais a chur chun feidhme chun cabhrú leis an Aontas na téarmaí is fearr a fháil, agus an rátáil chreidmheasa an-ard atá aige a chosaint san am céanna.

2.1.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Tá feidhm ag córas rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin Eorpaigh chun a áirithiú go n‑úsáidfear na cistí atá ar fáil faoin Sásra Aontais go cuí agus i gcomhréir leis an reachtaíocht iomchuí.

Seo mar atá an córas atá i bhfeidhm faoi láthair:

1. Díríonn na foirne rialaithe inmheánacha ar chomhlíonadh na nósanna imeachta riaracháin agus na reachtaíochta atá i bhfeidhm. Úsáidtear Creat Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin chun na críche sin.

2. Maidir leis na hiniúchtaí rialta a dhéanann iniúchóirí seachtracha ar dheontais agus ar chonarthaí, a dheonófar faoin ionstraim sin, déanfar é a ionchorprú ina iomláine i bpleananna iniúchóireachta bliantúla.

3. Meastóireacht meastóirí seachtracha ar ghníomhaíochtaí foriomlána.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus an Chúirt Iniúchóirí na gníomhaíochtaí arna bhfeidhmiú a iniúchadh.

2.1.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

NEAMHBHAINTEACH

2.2.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Ní mór an trédhearcacht is mó is féidir a bheith ann agus ní mór faireachán iomchuí a dhéanamh ar úsáid acmhainní airgeadais an Aontais freisin. Beidh feidhm ag oibleagáidí tuairiscithe do na Ballstáit, do thairbhithe eile agus don Choimisiún.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

An cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN.

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

De réir bhrí Airteagal 21(2)(b) de Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

Níl aon tionchar ag an togra ar chaiteachas. Cruthófar líne p.m. sa nós imeachta buiséadach.

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

Ard-Stiúrthóireacht: BUDG

Bliain 
2020

Bliain 2021

Bliain 2022

Bliain 2023

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

IOMLÁN

•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

Iomlán na leithreasuithe 
i gcomhair DG BUDG

Gealltanais

=1+3

Íocaíochtaí

=2+3



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

Iomlán leithreasuithe
(ceannteideal 2) 

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

“Caiteachas riaracháin”

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2020

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

DG BUDG

•Acmhainní daonna

0,86

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

24,516

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN DG BUDG

Leithreasuithe

0,86

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

24,516

TOTAL na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 5 (2020) agus CHEANNTEIDEAL 7 (2021-2027) 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0,86

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

24,516

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2020

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe
faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0,86

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

24,516

Íocaíochtaí

0,86

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

24,516

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Maidir leis an moladh/togra, seo is ceanglas faoina scáth: leithreasuithe na n‑oibríochtaí i mblianta buiséid 2020-2027: íoc na dtáillí úis faoi mar a thaispeántar iad sa tábla thuas

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2020 9

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 2027

IOMLÁN

Ceannteideal 5 (7 ó 2021) 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0,86

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

24,516

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 (7) 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,86

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

24,516

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 10  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Lasmuigh de
CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,86

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

3,38

24,516

2020: 10 post ar feadh 6 mhí, SNInna ar feadh 3 mhí. Ón mbliain 2021: 18 bpost agus SNI. Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2020

Bliain 
2021

Bliain 2022

Bliain 2023

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

10

18

18

18

18

18

18

18

8 AD, 10 AST

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde neamhdhíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 11

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

5

8

8

8

8

8

8

8

8 SNI

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb  12

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02 ((CA, INT, SNE – Taighde díreach))

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

15

26

26

26

26

26

26

26

Is é DG BUDG an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Eisiúint fiachais, riarachán agus cuntasaíocht iasachta, socraíocht.

Pearsanra seachtrach

Eisiúint fiachais, riarachán agus cuntasaíocht iasachta, socraíocht.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

X    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile atá beartaithe.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

X Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Ní bheidh aon chómhaoiniú ann; mar sin féin, féadfar foráil a dhéanamh do ráthaíochtaí buiséadacha i gcomhair clár sonrachh de chuid an Aontais suas le méid na ngealltanas deonach arna soláthar ag na Ballstáit lena n‑áiritheofar go n‑aisíocfaidh an tAontas na hiasachtaí.

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an moladh/togra ar ioncam.

X    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

X    ar ioncam sannta (an líne ioncaim buiséid le cinneadh)

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, is éard a bheidh i EUR 537.4 billiún (i bpraghsanna 2018) ó fháltais ó oibríochtaí iasachtaíochta ioncam sannta seachtrach a thiomnófar do dheontais do Bhallstáit agus do ráthaíochtaí buiséadacha.

EUR milliún (slánaithe)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

Tar éis 2027 13

praghsanna tairiseacha 2018

35.0

84.5

111.8

122.5

74.5

34.4

17.9

480.7

19.3

praghsanna reatha

37.1

91.5

123.5

138.0

85.6

40.3

21.4

537.4

23.1

(1)    Réamhaisnéis Eacnamaíoch ón gCoimisiún Eorpach, Páipéar Institiúideach 125. Bealtaine 2020.
(2)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(3)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(4)    Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 105).
(5)    Le cinneadh i nósanna imeachta buiséadacha 2020 agus 2021. ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(6)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(7)    Réamhaisnéis Eacnamaíoch ón gCoimisiún Eorpach, Páipéar Institiúideach 125. Bealtaine 2020.
(8)    Tá mionsonraí na modhanna bainistíochta agus tagairtí do Rialachán (AE, Euratom) 1046/2018 le feiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(9)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(10)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(11)    AC= Foireann ar Conradh; AL = Foireann Áitiúil; END= Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT= foireann na háisíneachta; JED= Saineolaithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(12)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte “BA”).
(13)    Difríochtaí san aistriúcháin san áireamh.
Top