AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.7.2020
COM(2020) 280 final
2020/0152(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh chun cabhrú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2020) 120 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
1.1.Forais agus cuspóirí an togra
Bhí tionchar mór ag an ngéarchéim eacnamaíoch a eascraíodh as paindéim COVID-19 ar Bhallstáit AE. Chuige sin, teastaíonn frithghníomh mear chun tacaíocht a chur ar fáil do rannpháirtithe sna margaí caipitil. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Márta 2020, dar teideal “Freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID-19”, chuir an Coimisiún béim ar an tábhacht leachtacht earnáil airgeadais an Aontais a áirithiú agus ar chur i gcoinne na contúirte go bhféadfadh cúlú eacnamaíoch a bheith ar na bacáin trí bhíthin gníomhaíochtaí ar gach leibhéal. Sa bhreis air sin, an 27 Bealtaine 2020, sa teachtaireacht uaidh dar teideal “Seo uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile”, chuir an Coimisiún príomhionstraimí lena dtacaítear leis an bplean téarnaimh don Eoraip, lena n‑áirítear bearta a bhfuil sé d'aidhm acu tús a chur leis an ngeilleagar cuidiú le hinfheistíocht phríobháideach. Sa teachtaireacht cuireadh i bhfios go láidir chomh maith go leanfaidh leachtacht agus rochtain ar mhaoiniú de bheith ina ndúshláin le haghaidh cuideachtaí.
Is é cuspóir an leasaithe dírithe seo na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil do gheilleagair Eorpacha teacht chun cinn ó phaindéim COVID-19 atá ann faoi láthair. Féadfaidh na rialacha maidir le hinfheistíochtaí príomhról a bheith acu i gcur chun cinn athchaipitliú cuideachtaí Eorpacha agus iad ag teacht as an ngéarchéim. Leis an gcóras tráchtearraí leasaithe, beidh cuideachtaí san fhíorgheilleagar in ann freagairt a thabhairt ar luaineacht sa mhargadh fad is a gceadaítear conarthaí tráchtearraí nuaghinte, rud atá tábhachtach chomh maith chun ról idirnáisiúnta an Euro a chur chun cinn. Tá dhá phríomhchuspóir ina gcúis leis an athbhreithniú seo:
·Infheistíochtaí a éascú san fhíorgheilleagar agus
·Foráil a dhéanamh maidir le hathchaipitliú tapa cuideachtaí Eorpacha.
Chun a áirithiú gur féidir le hinstitiúidí airgeadais agus idirghabhálaithe a bhfeidhm fhíor-riachtanach i maoiniú an fhíorgheilleagair a chomhlíonadh, tá coigeartuithe spriocdhírithe cheanglais áirithe Threoir 2014/65/AE (“MiFID II”) iomchuí. In 2019 cheana, thug páirtithe leasmhara rabhadh don Choimisiún nach raibh roinnt gnéithe de dháileadh MiFID II riachtanach nó gur measadh go raibh siad ró-achrannach. Mar gheall ar phaindéim COVID-19 atá ann faoi láthair tá sé níos tábhachtaí fós ualaí foirmiúla a bhaint i gcás nach bhfuil géarghá leo. Dá mbeadh dearcadh níos mionchalabraithe ar cheanglais infheisteora ann bheadh níos mó acmhainní ar fáil chun dul i ngleic le hiarmhairtí phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag déanamh a dhíchill na réimsí sin a athchalabrú chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leibhéal leordhóthanach trédhearcachta le haghaidh an chliant, na caighdeáin chosanta is mó agus costas comhlíonta inghlactha le haghaidh institiúidí.
Sa chomhthéacs sin, tá sé d'aidhm ag an leasú seo ar MiFID II, a bhfuil feidhm aige maidir le hinfheistíochtaí in ionstraim airgeadais, ualaí riaracháin a bhaint a eascraíonn as doiciméadú agus rialacha nochta nach bhfuil á bhfrithchothromú trí mhéaduithe comhfhreagracha i gcosaint infheisteora. Chomh maith leis sin, athchalabraítear leis an teorainn suímh agus an córas díolúintí fálaithe comhfhreagrach chun margaí ainmnithe in euro nuaghinte a chothú.
1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Agus bearta úrghnácha á leagan síos chun tionchar phaindéim COVID-19 a laghdú agus chun cuidiú le téarnamh eacnamaíoch, tá an togra fós i gcomhréir le cuspóirí uileghabhálacha MiFID II chun trédhearcacht sláine sa mhargadh a chothú agus cosaint infheisteora a chur chun cinn.
1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá togra reachtach lena leasaítear MiFID II mar chuid de thacar beart chun téarnamh an gheilleagair tar éis phaindéim COVID-19 a éascú, a bhfuil tograí reachtacha lena leasaítear Rialachán Réamheolaire Rialachán Urrúsúcháin agus Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil.
Tá sé d'aidhm ag an togra reachtach cuspóirí Aontas Margaí Caipitil a chomhlánú chun acmhainní margadhbhunaithe maoinithe le haghaidh cuideachtaí Eorpacha a éagsúlú agus chun infheistíochtaí trasteorann a éascú.
Sa bhreis air sin, ní mór an tionscnamh a bheith i gcomhréir le haon togra breise a bhfuil sé d'aidhm ag an gCoimisiún é a fhorbairt i réimsí beartais éagsúla chun tionchar phaindéim COVID-19 ar mhargaí caipitil a laghdú, lena n‑áirítear príomhionstraimí lena dtacaítear leis an téarnamh a chuirtear i láthair sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Seo uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile” an 27 Bealtaine 2020.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
2.1.Bunús dlí
Tá an togra molta bunaithe ar an mbunús dlí céanna mar an gníomh reachtach atá á leasú, i.e. Airteagal 53(1) CFAE lenar féidir bearta a ghlacadh chun forálacha náisiúnta a a chomhfhogasú a bhaineann leis an rochtain ar ghníomhaíocht na ngnólachtaí infheistíochta, margaí rialáilte agus soláthraithe seirbhíse sonraí.
2.2.Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Faoi Airteagal 4 CFAE, ní mór gníomhaíocht AE chun an margadh inmheánach a chur i gcrích a mheas i dtaca le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ós rud é go bhfuil cuspóirí na mbeart atá molta dírithe ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana a fhorlíonadh, agus dá bhrí sin, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais seachas trí thionscnaimh náisiúnta éagsúla. Baineann an ghné thrasteorann go nádúrtha le margaí airgeadais, agus tá an ghné sin ag teacht chun cinn i gcónaí. Ní mór go mbeadh na coinníollacha trínar féidir le gnólachtaí agus oibreoirí dul san iomaíocht sa chomhthéacs sin, cosaint infheisteora san áireamh, ní mór dóibh a bheith ina gcomhchoinníollacha teorann agus is iad atá ag croílár MiFID II inniu. Mar gheall ar an gcomhtháthú sin, ní bheadh idirghabháil náisiúnta ar leithlis chomh héifeachtúil agus dhéanfaí margaí a ilroinnt dá bharr, agus tharlódh arbatráiste rialála agus saobhadh ar iomaíocht mar thoradh air sin. Mar shampla, mar gheall ar leibhéil éagsúla cosanta infheisteora ar fud na mBallstát dhéanfaí margaí a ilroinnt, éifeachtúlacht a chur i mbaol agus d'fhéadfaí arbatráiste díobhálach rialála a bheith ina thoradh orthu.
2.3.Comhréireacht
Leis an togra cuirtear prionsabal na comhréireachta, eadhon gur cheart gníomhaíocht an Aontais a bheith leordhóthanach chun na cuspóirí a bhaint amach agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach. Léirítear meas ar phrionsabal na comhréireachta leis na bearta atá molta chun an t‑ualach ar ghnólachtaí infheistíochta a laghdú. Go háirithe, tugadh aird lárnach ar an ngá atá le cothromaíocht idir cosaint infheisteoirí, éifeachtúlacht na margaí agus na costais ar an tionscal agus na ceanglais sin á leagan síos. Ní hé amháin gur measúnaíodh na roghanna beartaithe go léir ina n‑aonar i gcomparáid le cuspóir na comhréireachta, ach cuireadh easpa comhréireachta na rialacha reatha i láthair mar fhadhb faoi leith freisin. Dá bhrí sin, tá na leasuithe ag teacht le prionsabal na comhréireachta, agus cothromaíocht cheart leas an phobail á cur san áireamh chomh maith le cost-éifeachtúlacht an bhirt.
2.4.An rogha ionstraime
Moltar na bearta a chur i bhfeidhm trí MiFID II a leasú le Treoir. Go deimhin leis na bearta atá molta tagraítear d'fhorálacha atá ann cheana atá fite fuaite leis na hionstraimí dlíthiúla sin. Faoi Airteagal 53(1) CFAE, is féidir gníomhartha a ghlacadh i bhfoirm Treorach. Dá bhrí sin, ní féidir leasuithe ar Threoir 2014/65/AE a ghnóthú ach de bhua Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
3.1.Measúnú tionchair
Níl measúnú tionchair ar leith ag gabháil leis an togra seo. I bhfianaise phráinn na mbeart atá le glacadh chun cuidiú le téarnamh, in ionad measúnú tionchair cuireadh measúnú costais is tairbhe atá i nDoiciméad Oibre na Foirne lena dtacaítear le Pacáiste Téarnaimh um Margaí Caipitil. Is é is príomhaidhm don togra, ar chúiseanna eisceachtúla i gcomhthéacs ráig COVID-19 atá ann faoi láthair, cur chun feidhme sruthlínithe na gceanglas rialála a chur ar fáil, ag coinneáil coimircí ardleibhéil le haghaidh cliaint mhiondíola agus san am céanna, tuilleadh solúbthachta a cheadú agus áirithiú a dhéanamh gur féidir le margaí tráchtearraí lánfheidhmiúla a ról tábhachtach i dtéarnamh gheilleagair an Aontais a chomhlíonadh. Tá measúnú ar na bearta molta i nDoiciméad Oibre na Foirne lena dtacaítear le Pacáiste Téarnaimh um Margaí Caipitil.
3.2.Cearta bunúsacha
Léirítear meas ar na cearta bunúsacha sa togra agus cloítear leis na prionsabail arna n‑aithint ag an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an tsaoirseacht chun gnó a dhéanamh (Airteagal 16) agus cosaint tomhaltóirí (Airteagal 38). Ós rud é go bhfuil sé d'aidhm ag an tionscnamh sin an t‑ualach riaracháin atá ar ghnólachtaí infheistíochta a laghdú agus caighdeáin airde atá ann faoi láthair le haghaidh cliaint mhiondíola a choinneáil ar bun san am céanna, rannchuideofaí leis an tionscnamh sin le feabhsú an chirt chun gnó a dhéanamh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní mheastar go mbeidh tionchar ag aon tionscnamh ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.
5.EILIMINTÍ EILE
5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ós rud é go bhfuil sé d'aidhm ag an leasú éifeachtaí phaindéim COVID-19 a mhaolú, bhainfí an tairbhe is mó as cuir i bhfeidhm luath an leasaithe. Dá bhrí sin meastar gur cheart feidhm a bheith ag an leasú atá molta chomh luath agus is féidir.
I gcomhthráth, leanfaidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) de bheith ag bailiú na sonraí riachtanacha chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar ghnólachtaí infheistíochta agus gníomhaíochtaí infheistíochta san Eoraip agus na bealaí a bhfuil tionchar ag an bpaindéim ar mhargaí agus ar chleachtais mhaoirseachta. Fágfaidh sé go ndéanfar foráil maidir le measúnú ar na huirlisí beartais nua amach anseo. Sa bhreis air sin, leanfaidh seirbhísí an Choimisiúin de bheith ag déanamh faireachán ar na forbairtí is déanaí agus de bheith gníomhach sna fóraim ábhartha, amhail an Coiste Eorpach um Urrúis (ESC).
Áiritheofar comhlíonadh agus forghníomhú ar bhonn leanúnach nuair is gá sin trí imeachtaí um shárú a sheolfaidh an Coimisiún i gcás nach ndéanfar na bearta reachtacha a thrasuí nó a chur i bhfeidhm mar is ceart. Is féidir sáruithe ar dhlí an Aontais a thuairisciú tríd an gCóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA), lena n‑áirítear na húdaráis náisiúnta inniúla agus ESMA.
5.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
5.2.1.Leasuithe ar riachtanais faisnéise
Leis na leasuithe molta, athchalabraítear go cúramach na ceanglais shonracha chun cothromaíocht níos oiriúnaí a bhaint amach idir infheisteoirí a chosaint ar thaobh amháin agus soláthar seirbhísí infheistíochta ar ardchaighdeán ar an taobh eile. Chun a áirithiú go bhfaigheann cliaint mhiondíola ardleibhéal cosanta infheisteora, calabrófar leis na leasuithe go cúramach idir cliaint mhiondíola, cliaint ghairmiúla agus contrapháirtithe incháilithe. Cé go gcumhdódh laghduithe teoranta catagóirí infheisteora éagsúla (e.g. faisnéis ar pháipéar a chéimniú amach), dhíreodh an chuid is mó de na leasuithe ar an leabhar rialacha atá ann faoi láthair ar laghduithe a chur ar fáil do chliaint ghairmiúla agus do chontrapháirtithe incháilithe.
Sa tábla thíos tugtar forléargas ar na hathruithe molta agus sainaithnítear ann na catagóirí infheisteora a bhfuil tionchar ag na hathruithe sin orthu:
|
Leasuithe ar riachtanais faisnéise
|
|
An modh páipéar-bhunaithe réamhshocraithe a chéimniú amach le haghaidh cumarsáide.
|
Leis na míreanna nua in Airteagal 24 áiritheofar go gcuirfear doiciméid ar fáil i bhformáid leictreonach. Mar sin féin, is féidir le cliaint mhiondíola rogha a dhéanamh faisnéis a fháil ar pháipéar.
|
|
Nochtadh costas agus táillí: Díolúine a thabhairt isteach le haghaidh contrapháirtithe incháilithe agus le haghaidh cliaint ghairmiúla maidir le seirbhísí nach seirbhísí comhairliúchán infheistíochta ná seirbhísí bainistithe punainne iad.
|
De bhua Airteagail 29a agus 30, tá díolúine ag contrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla ó na ceanglais chostas agus táillí i gcásanna a bhaineann le seirbhísí nach seirbhísí comhairliúcháin infheistíochta ná seirbhísí bainistithe punainne iad. Sa bhreis air sin, i gcás cianchumarsáide, faoi choinníollacha áirithe, ba cheart na cliaint uile a úsáideann na seirbhísí uile a bheith in ann faisnéis costas agus táillí a fháil díreach tar éis an idirbhirt (Airteagal 24(4)).
|
|
Ceanglais maidir le tuairisciú ex-post a laghdú: go háirithe, leis an gceanglas maidir le tuairisciú caillteanas ag deireadh an lae, cuirtear dearcadh gearrthéarmach chun cinn i measc infheisteoirí a bhfuil níos lú taithí acu agus cothaítear “iompraíocht tréada” nach luíonn leis an gcumas dearcaí eolasacha i dtaobh an mhargaidh a fháil. Tá cead ag cliaint ghairmiúla rogha a dhéanamh a bheith páirteach.
|
Cuirtear Airteagal 25(6) leis na bearta a bhfuil díolúine ag contrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla uathu, agus ar féidir cliaint ghairmiúla rogha a dhéanamh a bheith páirteach iontu.
|
|
Tuarascála an fhorghníomhaithe is fearr a chur ar fiontraí: San fhoirm ina bhfuil siad faoi láthair , ní léann infheisteoirí tuarascála an fhorghníomhaithe is fearr agus faigheann gnólachtaí infheistíochta thaobh an cheannaigh an fhaisnéis ábhartha uile ar mhodhanna eile (e.g. trí chruinnithe bhróicéireachta). Chun an t‑ualach a bhaineann le soláthar na dtuarascálacha sin a laghdú, cuirfear an ceanglas sin ar fionraí, go dtí go ndéanfar anailís dhian maidir leis an bhféidearthacht na tuarascálacha a chuíchóiriú.
|
Cuirtear fomhír nua le hAirteagal 27(3) lena gcuirtear an oibleagáid tuairiscithe as feidhm go sealadach.
|
|
Measúnú costais is tairbhe a laghdú: Mar chuid den mheasúnú oiriúnachta, tá sé de cheangal ar ghnólachtaí faisnéis faoin gcliant chun measúnú costais is tairbhe a dhéanamh i gcás ina ndéanann siad “aistriú” idir táirgí le linn caidreamh atá fós ar bun. Le haghaidh cliaint ghairmiúla, tá sé sin ródhian.
|
Cuirtear mír nua le hAirteagal 25(2), lena leagtar síos na ceanglais le haghaidh measúnú costais is tairbhe mar a leagtar síos faoi láthair iad in Airteagal 54(11) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565, lena gcuirtear isteach díolúine atá cónasctha leis an bhféidearthacht do chliaint ghairmiúla a bheith páirteach
|
|
Rialachas táirge: chun maoiniú bhannaí an gheilleagair a éascú trí make-whole clause [clásal déanta-iomlán], beidh siad díolmhaithe ón gcóras rialachais táirge.
|
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 16(3), fomhíreanna 2 go 6 ná Airteagal 24(2) maidir le bannaí corparáide ag a bhfuil clásail déanta-iomlán.
|
Cur síos mionsonraithe ar na bearta:
(a)Céimniú amach an ghnáthmhodha ar pháipéar le haghaidh cumarsáide
Faoi láthair, ceanglaítear le MiFID II go gcuirtear tuarascálacha infheisteora agus faisnéis maidir le hinfheisteoirí ar fáil trí bhíthin “meán marthanach”, lena n‑áirítear formáid leictreonacha (e.g. Ríomhphost), ach leanfaidh páipéar de bheith ina ghnáthmhodh le haghaidh cumarsáide (i gcás ina bhfuil gá le meán marthanach). Ós rud é gur rud coitianta é gur féidir le cliaint a bpunanna infheistíochta a fheiceáil ar líne (nó teagmháil a dhéanamh lena ngnólacht infheistíochta i gcás inar gá sin), níl sé éifeachtúil a thuilleadh iliomad ráiteas ar pháipéar a chur ar fáil dóibh. Chun an ceanglas sin a tugadh isteach faoi MiFID II a chomhlíonadh forchuirtear ualach costais suntasach ar bhainc agus cuirtear moill ar phróiseas na hinfheistíochta.
Ní hamháin go raibh deacrachtaí ag roinnt gnólachtaí maidir le nochtuithe ar pháipéar a sholáthar do chliaint le linn phaindéim COVID-19, ach chomh maith leis sin, níl an gnáthmhodh sin le haghaidh cumarsáide ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Glas an Choimisiúin agus a Chlár Airgeadais Dhigitigh. Mar gheall ar an gcor chun donais eacnamaíoch de dheasca phaindéim COVID-19 tá sé níos práinne fós próiseas na hinfheistíochta a éascú chun na roghanna maoiniúcháin le haghaidh cuideachtaí Eorpacha a mhéadú agus chun an deis a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta acmhainní a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla; dá réir sin ba cheart an gnáthmhodh roghnaithe a bheith i bhformáid leictreonach (ríomhphost, suíomh gréasáin tiomnaithe nó bosca ríomhphoist leictreonach). Ba cheart an gnáthmhodh roghnaithe a úsáid ansin chun na doiciméid faisnéise uile a chur ar fáil chun a áirithiú go bhfuil faisnéis uile an chliaint ar fáil dó nó di go héasca in aon áit amháin. Dá bhrí sin, ba cheart cumarsáid ar pháipéar a chéimniú amach chomh luath agus is féidir. Beidh an deis ag infheisteoirí miondíola fós rogha a dhéanamh a bheith páirteach agus faisnéis a fháil ar pháipéar más maith leo.
(b)Díolúine a thabhairt isteach le haghaidh contrapháirtithe incháilithe agus le haghaidh cliaint ghairmiúla ó fhaisnéis costais agus táillí
Tá faisnéis costas agus táillí in ainm leibhéil bhunúsacha trédhearcachta a sholáthar d'infheisteoirí maidir le praghsáil agus iad a chumasú comparáid a dhéanamh idir tairiscintí éagsúla. Faoi láthair, tá na ceanglais faisnéise i dtaca le costas agus táillí i bhfeidhm ar an mbealach céanna maidir leis na catagóirí cliant uile. Mar sin féin, dúirt cliaint ghairmiúla, contrapháirtithe incháilithe agus ESMA leis an gCoimisiún d'aon ghuth agus arís is arís eile nach mbaineann aon sochar leis na ceanglais sin i gcásanna a bhaineann le seirbhísí nach seirbhísí comhairliúcháin infheistíochta ná seirbhísí bainistithe punainne iad. Tá caidreamh difriúil ag na cliaint sin lena ngnólachtaí infheistíochta ná mar atá ag cliaint mhiondíola; in go leor cásanna bíonn cur amach ag na rannpháirtithe sa mhargadh sin ar na dálaí margaidh agus ar phraghsanna na soláthraithe éagsúla ach ina theannta sin sainmhíníonn siad coinníollacha an idirbhirt ábhartha iad féin. Sa bhreis air sin, go ginearálta déanann cliaint agus contrapháirtithe incháilithe líon mór orduithe ardluacha i gcomparáid leis na cinn a dhéanann infheisteoirí miondíola agus bíonn ordú tapa tar éis forghníomhú an-tábhachtach dóibh. Mar sin, déanann cliaint mhórdhíola, ar a dtoil féin, comhairleoirí infheistíochta agus gnólachtaí bróicéireachta a chur in iomaíocht le chéile nuair a iarrann siad praghsáil le haghaidh a n‑idirbheart. Leis sin cuirtear níos mó tionchair agus rialála praghsanna ar fáil do na grúpaí infheisteora sin ná an meánchliant miondíola. Trí mhaolú a dhéanamh ar an gceanglas maidir le faisnéis a maítear nach n‑úsáideann contrapháirtithe incháilithe ná contrapháirtithe gairmiúla í, déanfar an fhaisnéis a indibhidiúlú agus cuirfidh an fhaisnéis sin na sonraí a theastaíonn ó na cliaint ar fáil dóibh.
Tá sé níos práinne fós an maorlathas a laghdú le linn phaindéim COVID-19, a bhfuil geilleagar agus córas airgeadais an Aontais Eorpaigh faoi bhrú mar gheall uirthi. Is é is dóichí go dtreorófar roghanna maoiniúcháin malartacha chuig na fiontair sin a dteastaíonn cothromas nua uathu de dhroim chuíchóiriú an phróisis infheistíochta do chliaint mhórdhíola. Trí Airteagal 29a a chur isteach agus tríd an leasú ar Airteagal 30(1) de MiFID II, beidh contrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla díolmhaithe go hiomlán ó nochtuithe costas agus táillí ar sheirbhísí nach seirbhísí comhairliúcháin infheistíochta ná seirbhísí bainistithe punainne iad. Le haghaidh cliaint mhiondíola, ní athraítear an ceanglas.
(c)Foráil a dhéanamh maidir le tarchur moillithe faisnéise costais nuair a úsáidtear cainéil chianchumarsáide
In Airteagal 24 de MiFID II, déantar foráil maidir le ceanglais faisnéise mionsonraithe. Tá an claonadh ann go leor idirbheart le gach catagóir cliant a chur i gcrích ar an bhfón nó trí mhodh ar líne. Tá súilíocht tagtha chun cinn i measc na gcatagóirí cliant le forghníomhú láithreach na “gcianorduithe” sin mar ghné chaighdeánach seirbhísí infheistíochta. Mar thoradh ar sholáthar faisnéise costais ex-ante bíonn agaí moille chomh maith leis an riosca gluaiseachtaí praghsanna díobhálacha idir fáil agus forghníomhú ordaithe ann. Is minic a bheadh an ceanglas maidir le nochtuithe costais ex-ante córasach míbhuntáistiúil do chliaint. Leis na himthosca sin, ní bheadh faisnéis chostais ex-ante ceadaithe ná éilithe, go háirithe mar go mbeadh ar an gcliant an riosca margaidh gluaiseachtaí praghsanna díobhálacha san am idir ullmhú agus soláthar na faisnéise costais ex-ante a iompar.
Mar gheall ar phaindéim COVID-19, luathaíodh úsáid seirbhísí infheistíochta leictreonacha agus dá bhrí sin an gá le forghníomhú trádála tapa agus éifeachtúil ar líne agus ar an bhfón. Ós rud go mbíonn moilleanna i dtaca le forghníomhú idirbheart ann le haghaidh rannpháirtithe a bhfuil cúrsaí ama tábhachtach dóibh mar gheall ar chur i bhfeidhm na gceanglas nochta costas ex-ante atá ann faoi láthair, agus go bhféadfaí tionchar diúltach a bheith ag na héifeachtaí sin ar chliaint an fhorghníomhaithe is fearr, ba cheart iad a bheith in ann a dtoiliú le tarchur moillithe na ndoiciméad faisnéise costais a chur ar fáil.
(d)Laghduithe le haghaidh tuarascálacha seirbhíse
Le MiFID II ceanglaítear ar ghnólachtaí infheistíochta ráitis ex-post a sheoladh chuig cliaint maidir leis na seirbhísí a fuair siad. Ba cheart contrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla a bheith díolmhaithe ó ráitis ex-post a fháil ar chor ar bith. Mar sin féin, ba cheart cliaint ghairmiúla a bheith in ann rogha a dhéanamh na ráitis sin a fháil. Ach an deis a thabhairt do na cliaint sin rogha a dhéanamh a bheith páirteach, áiritheofar go leanfaidh siadsan atá fós ag iarraidh na ráitis sin a fháil de bheith á bhfáil agus, os a choinne sin, nach bhfaighidh na cliaint sin nach mbaineann aon tairbhe astu, na nochtuithe caighdeánacha sin.
Mar shampla, le hAirteagal 25(6) de MiFID II ceanglaítear ar ghnólachtaí tuarascálacha seirbhíse iar-idirbhearta a sholáthar do chliaint. Leis na tuarascálacha sin áirítear tuarascálacha tuairiscithe caillteanas arna spreagadh ag caillteanais phunainne 10 %. Meastar nach bhfuil na tuarascálacha sin úsáideach nó go gcuirtear mearbhall ar chliaint áirithe mar gheall orthu fiú, go háirithe nuair a bhíonn na margaí an-luaineach, mar a bhí amhlaidh le linn phaindéim COVID-19. Seachas tuarascálacha a chur ar aghaidh a bhfuil an luaineacht ina cúis leo nó faoi cheann sprioc-am riaracháin amháin, léirigh paindéim COVID-19 go bhfuil faisnéis indibhidiúlaithe thráthúil i bhfad níos ábhartha do chliaint mhórdhíola. Ionas go mbeidh gnólachtaí agus cliaint araon in ann díriú ar an bhfaisnéis atá ábhartha dóibh a sholáthar agus a fháil (i.e. ag dul chun cinn go gníomhach), go háirithe le linn timpeallachtaí margaí dúshlánacha, ní bheidh feidhm ag na tuarascálacha sin a thuilleadh maidir le contrapháirtithe incháilithe, agus san am céanna tá an rogha ag cliaint ghairmiúla iad a fháil nó gan iad a fháil.
(e)An rogha ag infheisteoirí gairmiúla diúltú do mheasúnú costais is tairbhe i gcás aistrithe
Le hAirteagal 25(2) de MiFID II ceanglaítear ar ghnólachtaí measúnú oiriúnachta a dhéanamh nuair a sholáthraíonn siad comhairliúchán infheistíochta nó bainistiú punainne. Tá feidhm ag an bhforáil sin maidir le cliaint mhiondíola agus cliaint ghairmiúla. Déantar contrapháirtithe incháilithe a eisiamh in Airteagal 30(1). Maidir le cliaint, ar cliaint ghairmiúla iad arna iarraidh sin, ní mór do ghnólachtaí an fhaisnéis sin a fháil a bhfuil gá léi chun bonn réasúnta a bheith acu chun a chinneadh, go gcomhlíonann an t‑idirbheart sonrach atá le moladh, nó a rinneadh, cuspóirí an chliaint, lena n‑áirítear lamháltas riosca an chliaint, agus go bhfuil an cliant in ann aon riosca ábhartha infheistíochta i gcomhréir lena chuspóirí infheistíochta a sheasamh. Maidir le cliaint ghairmiúla mar a liostaítear in Iarscríbhinn II, mír I de MiFID II, féadfaidh gnólachtaí glacadh leis go bhfuil an cliant in ann na rioscaí infheistíochta a sheasamh.
I gcás caidreamh atá fós ar bun, ceanglaítear ar ghnólachtaí faoi láthair measúnú costais is tairbhe a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí punainne áirithe a mbíonn “aistriú” idir táirgí i gceist leo. Sa chomhthéacs sin, sula bhforghníomhaítear aistriú táirge, ceanglaítear ar ghnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis a bhfuil gá léi a fháil ón gcliant agus a bheith in ann a léiriú gur mó iad na costais ná na sochair. Féachtar ar an tástáil oiriúnachta i gcás aistrithe táirge mar rud atá infheidhme maidir le gach gníomhaíocht punainne seachas na haistrithe sin ar dearadh í lena n‑aghaidh, amhail díol agus ceannach táirge “coibhéiseach” (mar shampla, ciste infheistíochta cothromais Eorpaigh a dhíol agus ETF cothromais Eorpaigh a cheannach a bhfuil gnéithe mórán mar an gcéanna acu).
Chun caipitliú tapa le haghaidh an fhíorgheilleagair a éascú, ba cheart an próiseas do chliaint mhórdhíola chun a straitéis infheistíochta a athrú a bheith chomh pras agus is féidir. Má éiríonn sé níos éasca aistriú a dhéanamh, beidh sin ina dhreasacht le haghaidh cliaint mhórdhíola infheistiú a dhéanamh i samhlacha gnó eile agus samhlacha gnó nua agus dá bhrí sin, cuideofar le réimse gnólachtaí níos leithne go luath sa phróiseas téarnaimh. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag cliaint ghairmiúla rogha a dhéanamh an bhfuil feidhm ag an mbeart sin maidir leo. Chun na críche sin, cuirfear na ceanglais shubstaintiúla mar a leagtar síos faoi láthair iad in Airteagal 54(11) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 le hAirteagal 25(2) de MiFID II, agus beidh tagairt don fhoráil sin sa liosta forálacha a bhfuil cliaint ghairmiúla díolmhaithe uathu ach ar féidir leo rogha a dhéanamh a bheith páirteach iontu.
(f)Rialachas táirge
Faoi láthair, tá feidhm ag na ceanglais rialachais táirge maidir leis na hionstraimí airgeadais uile agus beag beann ar an gcliant, cé nach bhfuil mórán sochair i gceist le measúnú a dhéanamh ar shainiúlachtaí banna cúpóin sheasta nuair a dhéantar idirbhearta idir contrapháirtithe incháilithe de réir dealraimh. Ina threoirlínte maidir le rialachas táirge, thug ESMA aghaidh ar an easpa comhréireachta sin cheana i bpáirt trí thuilleadh solúbthachta a mholadh go sainráite le haghaidh “táirgí neamhchasta”.
Chuir páirtithe leasmhara i gcomhairliúchán MiFID II fianaise isteach gur cuireadh cosc ar leithdháileadh barrmhaith caipitil trí bhíthin margaí tánaisteacha bríomhara mar gheall ar rialacha rialachais táirge le haghaidh ionstraimí áirithe, dá ngairtear eisiúintí i gnáthfhoirm lom i.e. “plain vanilla”. I bhfianaise na géarchéime atá ann faoi láthair a bhfuil paindéim COVID-19 ina cúis, tá sé ríthábhachtach eisiúint caipitil a éascú. Ní mór na huirlisí cearta a bheith ag eisitheoirí agus infheisteoirí chun caipiteal nua a eisiúint go héasca agus chun rochtain a fháil go héasca ar bhonn infheisteora méadaithe. Dá luaithe a bheidh na huirlisí sin oibríochtúil is ea is fearr le haghaidh cuideachtaí agus infheisteoirí araon.
Dá bhrí sin, leis an togra seo, baintear na ceanglais rialachais táirge le haghaidh bannaí corparáide simplí ag a bhfuil clásail déanta-iomlán (is gnéithe cosanta-infheisteora iad sin). Is é is aidhm don díolúine sin níos mó bannaí corparáide cúpoin sheasta a chur ar fáil d'infheisteoirí miondíola, ach ní foláir nó go mbeadh an díolúine sin comhlánaithe le riail shoiléir nach ionann na hionstraimí sin agus “táirge infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIP)” díreach mar gheall ar an gclásal déanta-iomlán. Leis an díolúine spriocdhírithe, beidh eisitheoirí in ann a bheith ag plé le bonn infheisteoirí níos leithne, beidh infheisteoirí miondíola sofaisticiúla in ann rochtain a fháil ar rogha níos mó ionstraimí agus leanfar de chosaint a bheith ann le haghaidh gach catagóire infheisteora, cíbe chaoi a gcatagóirítear iad, agus iad ag fáil rochtain ar tháirgí casta. Is cuid fhíor-riachtanach den phacáiste téarnaimh é gur féidir le cliaint mhiondíola neamhchosaint a bheith acu ar tháirgí ioncaim sheasta mar go bhfuil na táirgí sin fíor-riachtanach ar chúiseanna éagsúlaithe agus laghduithe riosca.
(g)Tuarascálacha an fhorghníomhaithe is fearr
Le hAirteagal 27(3) de MiFID II ceanglaítear ar gach ionad trádála agus inmheánaitheoir córasach le haghaidh ionstraimí airgeadais faoi réir oibleagáid trádála in Airteagail 23 agus 28 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (“MiFIR”) agus gach ionad forghníomhaithe le haghaidh ionstraimí airgeadais eile, sonraí a bhaineann le cáilíocht fhorghníomhú na n‑idirbheart ar an ionad sin a chur ar fáil don phobal go tréimhsiúil. Ní mór sonraí maidir le praghas, costais, luas agus dóchúlacht forghníomhaithe ionstraimí aonair a bheith sna tuarascálacha tréimhsiúla sin, a ndéantar tuilleadh cur síos orthu i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/575 (“RTS 27”). Cuireann páirtithe leasmhara in iúl gurb annamh a léann na hinfheisteoirí na tuarascála, rud a léirítear le líon an-íseal íoslódálacha óna suíomh gréasáin. Dá bhrí sin, glactar leis nach féidir le hinfheisteoirí aon chomparáid fhiúntach a dhéanamh idir gnólachtaí ar bhonn na sonraí sin. Sa bhreis air sin, chuir gnólachtaí taobh an cheannaigh in iúl dúinn go bhfaigheann siad an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis an bhforghníomhú is fearr ar bhealaí eile (e.g. trí chruinnithe bhróicéireachta). Mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair méadaíodh an phráinn aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna i dtaca leis an ndéanamh costasach tuarascála forghníomhaithe is fearr. Tá fianaise ina leith sin le feiceáil i ráiteas ESMA go bhféadfadh sé go mbeidh ar gnólachtaí gan tosaíocht a thabhairt dá n‑iarrachtaí chun na tuarascálacha sin a fhoilsiú mar gheall ar imthosca eisceachtúla a bhfuil paindéim COVID-19 ina gcúis.
Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas an tuarascáil maidir leis an bhforghníomhú is fearr a fhoilsiú, ba cheart an ceanglas sin a chur ar fionraí. Ar an dóigh sin saorfaí acmhainní a úsáidtear faoi láthair chun an tuarascáil a dhéanamh, gan an ceanglas a chur ar na gnólachtaí agus ionaid infheistiú a dhéanamh i gcur chun feidhme costasach. Ní bhíonn laghdú cosanta infheisteora i gceist leis an rogha sin mar nach léann infheisteoirí na tuarascálacha ar chor ar bith faoi láthair agus faigheann gnólachtaí thaobh an cheannaigh an fhaisnéis ábhartha ar bhealaí eile. I gcomhthéacs an athbhreithnithe iomláin a rinneadh ar MiFID II in 2021, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu ar cheart an ceanglas an tuarascáil a fhoilsiú a scriosadh go buan, nó an gá na tuarascálacha a thabhairt isteach arís ar bhealach athbhreithnithe.
5.2.2.Bearta a mbíonn tionchar acu ar mhargaí díorthach fuinnimh
Leis na leasuithe molta, athchalabraítear go cúramach an córas teorann suímh agus raon feidhme an díolúine fálaithe chun a áirithiú gur féidir le margaí ainmnithe in euro nuaghinte táirgeoirí agus monaróirí a chothú agus ionas gur féidir le monaróirí a rioscaí féin a fhálú agus san am céanna sláine na margaí tráchtearra a choimirciú, seachas tráchtearraí talmhaíochta, go háirithe iad siúd ag a bhfuil bia le caitheamh ag an duine mar bhunús an tráchtearra acu.
Sa tábla thíos tugtar léargas ar na hathruithe molta:
|
Leasuithe i réimse na margaí tráchtearraí (seachas margaí tráchtearraí talmhaíochta)
|
|
|
Teorainneacha suímh a leasú: san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair, bhí tionchar diúltach ag an gcóras teorann suímh ar leachtacht i margaí tráchtearraí nua. Chun a áirithiú gur féidir le margaí tráchtearra nua forbairt, tá teorainneacha suímh teoranta do dhíorthaigh tráchtearra talmhaíochta nó do dhíorthaigh tráchtearra a ainmníodh mar dhíorthaigh shuntasacha nó chriticiúla.
Tabharfar sainordú do ESMA dréachtchaighdeáin rialála a fhorbairt chun na díorthaigh talmhaíochta sin a bheidh faoi réir teorainneacha suímh a shainmhíniú agus chun díorthaigh chriticiúla nó shuntasacha faoi réir teorainneacha suímh a shainmhíniú. Le haghaidh na ndíorthach criticiúil nó suntasach, cuirfidh ESMA ollmhéid leas oscailte san áireamh, is é sin 300 000 beart ar an meán thar aon bhliain amháin, líon na rannpháirtithe sa mhargadh agus an tráchtearra foluiteach. Le haghaidh na ndíorthach talmhaíochta, beidh béim ar leith ar na díorthaigh sin a bhfuil bia le caitheamh ag an duine mar bhunús acu.
An coincheap “conradh céanna” a scriosadh: le haghaidh ionaid in iomaíocht le chéile a thrádálann díorthaigh tráchtearra bunaithe ar an mbunús céanna agus ag a bhfuil na saintréithe céanna, tá an sainmhíniú de “conradh céanna” atá ann faoi láthair díobhálach don mhargadh beagleachtach. Chun machaire comhréidh a áirithiú, scriostar an coincheap “conradh céanna” agus cuirtear cur chuige níos comhoibrithí idir údaráis inniúla (CAnna) ina ionad.
Rialuithe ar bhainistiú suímh a threisiú: Tá neamhchosúlachtaí suntasacha ann sa chaoi a mbainistíonn ionaid thrádála suíomhanna. Dá bhrí sin, treisítear rialuithe ar bhainistiú suímh i gcás inar gá sin.
Tabharfar údarás do ESMA ábhar rialuithe ar bhainistiú suímh a mhíniú tuilleadh agus saintréithe na n‑ionad trádála ábhartha á gcur san áireamh.
|
Airteagal 57 a athrú trína ndéanfaí raon feidhme teorainneacha suímh a leasú le bheith infheidhme maidir le conarthaí talmhaíochta agus conarthaí suntasacha agus criticiúla amháin.
Airteagal 57(6) a leasú i dtaca le teorainneacha suímh le haghaidh na “conarthaí céanna” agus Airteagal 58(2) i dtaca le tuairisciú suímh chuig an údarás inniúil lárnach le haghaidh conarthaí céanna.
Airteagal 57(8) a leasú chun síneadh le rochtain ar fhaisnéis i litir (b) go suíomhanna arna sealbhú i gconarthaí ábhartha maidir le hionaid trádála eile agus OTC trí chomhaltaí agus rannpháirtithe, i gcás inarb iomchuí.
|
|
|
Díolúine fálaithe atá sainithe go cúng a thabhairt isteach:
–Bheadh an díolúine fálaithe ar fáil i gcás ina bhfuil duine, laistigh de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil, cláraithe mar ghnólacht infheistíochta agus ina dtrádálann sé thar ceann an ghrúpa.
–Tugtar isteach díolúine teorann suímh le haghaidh contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais le haghaidh suíomhanna a eascraíonn as idirbhearta a rinneadh chun forálacha leachtacha éigeantacha a chomhlíonadh.
Tabharfar sainordú do ESMA le haghaidh an díolúine fálaithe atá sainmhínithe go cúng agus an fhoráil díolúine leachtachta chun nós imeachta a chinneadh lena leagtar síos conas is féidir le daoine a ndíolúine féin a chur i bhfeidhm.
Díorthaigh urrúsaithe a eisiamh ón gcóras teorainn suímh mar nach sainaithnítear saintréithe uathúla na n‑ionstraim sin leis an gcóras teorann suímh atá ann faoi láthair.
|
In Airteagal 57(1), cuirtear díolúine fálaithe isteach le haghaidh an mhéid seo a leanas
- contrapháirtithe airgeadais ag gníomhú mar an eintiteas margadh-dhírithe de ghrúpa tráchtála le haghaidh na suíomhanna arna sealbhú chun rioscaí eintitis tráchtála an ghrúpa a laghdú;
- contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais le haghaidh suíomhanna ar féidir a thomhas go hoibiachtúil gur ann dóibh de thoradh idirbhearta a rinneadh chun oibleagáidí leachtacht a chur ar fáil d'ionad trádála a chomhlíonadh, i gcomhréir le litir (c) den cheathrú fomhír d'Airteagal 2(4).
In Airteagal 57(1) cuirtear díolúine isteach le haghaidh ionstraimí airgeadais a shainmhínítear i bpointe (44)(c) d'Airteagal 4(1) a bhaineann le tráchtearra nó bunús dá dtagraítear i mír C(10) d'Iarscríbhinn I.
|
|
|
An triail gníomhaíochta coimhdí a shimpliú mar go bhfuil na trialacha cainníochtúla den triail gníomhaíochta coimhdí an-chasta agus níor athríodh an status quo leo i dtéarmaí daoine atá incháilithe le haghaidh díolúine.
|
Athrófar Airteagal 2(1)(j) chun na heilimintí cainníochtúla uile a scriosadh.
|
|
Tá na bearta a leagtar amach le haghaidh teorainneacha suímh agus an díolúine fálaithe le haghaidh díorthaigh fuinnimh nasctha. Sa mhéid atá ról úsáideach ag teorainneacha suímh, níor cheart go gcuirfidís cosc ar chuideachtaí tráchtála idirbhearta laghdaithe riosca a dhéanamh. Dá bhrí sin, trí raon feidhme an chórais teorann suímh a laghdú go na díorthaigh tráchtearra is forbartha amháin, fágtar go bhfuil níos lú gá le díolúintí fálaithe. Sin an chúis a bhfuil bearta spriocdhírithe á meas ag an gCoimisiún maidir leis an díolúine fálaithe i gcomhar le teorainneacha suímh le haghaidh díorthaigh tagarmhairc chriticiúla.
(a)Córas teorann suímh le haghaidh conarthaí tagarmhairc
Tá saincheisteanna i gcóras teorann suímh MiFID II agus a sholúbthacht imithe in olcas mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ar na hiarmhairtí eacnamaíocha lena mbaineann. Cruthaíodh go bhfuil teorainneacha suímh éagsúla i margaí díorthach tráchtearra as dáta, agus san am céanna chun iad a oiriúnú chun freastal ar na dálaí margaidh atá ag athrú go tapa, is gá próisis athraithe fhada a chur i gcrích. Bheadh teorainneacha suímh teoranta do dhíorthaigh ag a bhfuil díorthaigh talmhaíochta, go háirithe bia le caitheamh ag an duine, mar dhíorthaigh fholuiteacha agus tráchtearra a thrádáiltear ar ionaid trádála agus i ndíorthaigh OTC atá coibhéiseach ó thaobh an gheilleagair de (EEOTC) a ainmníodh mar dhíorthaigh shuntasacha nó chriticiúla.
Tabharfaidh an Coimisiún sainordú do ESMA caighdeáin theicniúla rialála (RTS) a dhréachtú chun na saintréithe díorthaigh is gá chun cáiliú mar dhíorthach suntasach nó criticiúil a chinneadh agus chun na díorthaigh talmhaíochta sin a shainmhíniú faoi réir teorainneacha suímh, go háirithe iad siúd a bhfuil bia le caitheamh ag an duine mar bhunús acu. I gcás na ndíorthach suntasach agus criticiúil, áirítear sna critéir leas oscailte 300 000 beart thar aon bhliain amháin, líon na rannpháirtithe gníomhacha sa mhargadh, agus an tráchtearra foluiteach. Le tairseach leasa oscailte le haghaidh díorthaigh de líon mór leordhóthanach beart thar tréimhse bliana amháin, áiritheofar nach ngabhfar ach na díorthaigh a bhfuil a bpraghas ina thagarmharc le haghaidh an tráchtearra fholuitigh. Socrófar an tairseach ábhartha le haghaidh díorthaigh ríthábhachtacha ag 300 000 beart, leis sin, áirithítear nach leanfaidh ach díorthaigh tráchtearra shuntasacha nó criticiúla atá iomchuí a thrádáiltear san Aontas Eorpach de bheith faoi réir teorainneacha suímh. Cinnfear na critéir eile ag Leibhéal 2.
(b)Díolúine fálaithe dírithe
Faoi chúinsí reatha an mhargaidh, d'fhéadfadh rannpháirtithe sa mhargadh gá práinneach a fhorbairt chun díolúintí fálaithe a fháil. Mar sin féin, i ngéarchéimeanna, d'fhéadfadh sé go mbeidís ag streachailt chun iarratas a ullmhú agus a chur isteach le haghaidh díolúine fálaithe sula gcuirtear srian míchuí ar a ngníomhaíocht trádála. Ní cheadaítear aon díolúine fálaithe le haghaidh eintitis airgeadais le MiFID II. Roimh MiFID II, chinn roinnt grúpaí tráchtála clárú mar ghnólacht infheistíochta san eintiteas a thrádálann thar a gceann le haghaidh idirbhearta laghdaithe riosca eintitis tráchtála an ghrúpa. Ós eintitis airgeadais anois iad, níl na heintitis sin laistigh de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil incháilithe le haghaidh an díolúine fálaithe. Ba cheart an díolúine fálaithe a bheith ar fáil i gcás ina bhfuil duine, laistigh de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil, cláraithe mar ghnólacht infheistíochta agus ina dtrádálann sé thar ceann an ghrúpa tráchtála sin. Tá feidhm ag an díolúine maidir le suíomhanna atá ag an gcontrapháirtí airgeadais sin is féidir a thomhas go hoibiachtúil go laghdaíonn siad rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála eintitis neamhairgeadais an ghrúpa. Níor cheart a mheas gur díolúine sa bhreis ar an gcóras teorann suímh atá sa díolúine fálaithe sin, ach “aistriú” chuig contrapháirtí airgeadais an ghrúpa den díolúine fálaithe atá ar fáil seachas sin d'eintitis tráchtála an ghrúpa.
I gcásanna áirithe, mar a léirigh paindéim COVID-19, tá sé dúshlánach leachtacht a sholáthar fiú do na díorthaigh is leachtaí. Dá bhrí sin, tugann an Coimisiún isteach díolúine teorainn suímh le haghaidh contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais atá faoi oibleagáidí soláthair leachtachta éigeantacha. Tá an díolúine sin ar aon dul leis an díolúine idirbheart a rinneadh chun oibleagáidí a chomhlíonadh chun leachtacht a sholáthar ar ionad trádála ón triail gníomhaíochta coimhdí.
(c)Triail Gníomhaíochta Coimhdí Cháilíochtúil
Is féidir le rannpháirtithe sa mhargadh a thrádálann i ndíorthaigh tráchtearra ar bhonn gairmiúil díolúine ó údarú mar ghnólacht infheistíochta a úsáid i gcás ina bhfuil a ngníomhaíocht trádála coimhdeach lena bpríomhghnó. Ní mór do rannpháirtithe sa mhargadh fógra a thabhairt gach bliain don údarás inniúil ábhartha go n‑úsáideann siad an díolúine sin agus na heilimintí is gá a chur ar fáil chun na trialacha cainníochtúla a shásúil. Tá na trialacha cainníochtúla thar a bheith casta agus le linn na géarchéime atá ann faoi láthair is ualach suntasach iad le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh a oibríonn sa mhodh leanúnachais ghnó. Déanfar an triail gníomhaíochta coimhdí a shimpliú go mór. Is é an simpliú molta maidir leis an triail choimhdeach chainníochtúil atá ann faoi láthair agus atá an-teicniúil ná dul ar ais chuig triail atá cáilíochtúil amháin. Sa bhreis air sin, athbhreithneofar an díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha i dtaca le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa ar ionaid trádála an Aontais Eorpaigh agus ionaid trádála tríú tíortha chun a áirithiú go dtacaítear leis le dea-fheidhmiú agus cuspóirí chóras an Aontais i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS).
2020/0152 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh chun cabhrú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá paindéim COVID-19 ag déanamh difear ollmhór do dhaoine, do chuideachtaí, do chórais sláinte agus do gheilleagair na mBallstát. Ina theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Coiste na Réigiún, ón 27 Bealtaine 2020 dar teideal “Seo uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile”, chuir an Coimisiún i bhfáth gur dúshlán leanúnach a bheidh sa leachtacht agus sa rochtain ar mhaoiniú sna míonna amach romhainn. Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach tacaíocht a thabhairt don iarracht téarnaimh ón dianturraing eacnamaíoch arb í paindéim COVID-19 ba chúis léi trí leasuithe dírithe ar an reachtaíocht airgeadais atá ann cheana a thabhairt isteach. Glactar an pacáiste beart seo faoin teideal “Pacáiste Téarnaimh um Margaí Caipitil”.
(2)Glacadh Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais in 2014 mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais a tháinig chun cinn in 2007-2008. Leis an Treoir sin, rinneadh neartú substaintiúil ar chóras airgeadais an Aontais agus ráthaíodh ardleibhéal cosanta d'infheisteoirí ar fud an Aontais. Ba cheart iarrachtaí breise a phlé chun castacht rialála agus costais chomhlíontachta gnólachtaí infheistíochta a laghdú agus chun deireadh a chur le saobhadh ar iomaíocht.
(3)Maidir leis na ceanglais a beartaíodh chun infheisteoirí a chosaint, níor gnóthaíodh an cuspóir atá ag Treoir 2014/65/AE chun bearta a chuireann sainiúlachtaí gach catagóire infheisteoirí (cliaint mhiondíola, cliaint ghairmiúla agus contrapháirtithe incháilithe) san áireamh a oiriúnú. Ní i gcónaí a chuir cuid de na ceanglais sin feabhas ar chosaint na n‑infheisteoirí ach, uaireanta, chuir siad bac ar fhorghníomhú rianúil na gcinntí infheistíochta. Dá bhrí sin, is gá ceanglais áirithe sa Treoir sin a leasú chun cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir na ceanglais chun infheisteoirí a chosaint ar thaobh amháin agus chun soláthar seirbhísí infheistíochta agus feidhmíocht gníomhaíochtaí infheistíochtaí a éascú ar an taobh eile.
(4)D'fhéadfadh ceanglais um rialachas táirgí srian a chur le díol bannaí corparáide. Meastar go ginearálta gur táirgí slán simplí atá incháilithe do chliaint mhiondíola iad bannaí corparáide ag a bhfuil “make-whole clause” [“clásal déanta-iomlán”]. Le “clásal déanta-iomlán” den sórt sin cosnaítear infheisteoirí ar chaillteanas i gcás ina roghnódh eisitheoir aisíocaíocht luath a dhéanamh trína áirithiú go gcuirfí íocaíocht ar fáil do na hinfheisteoirí a bheadh cothrom le glanluach reatha na ndearbhán a bheadh acu dá mba rud é nár glaodh an banna. Dá bhrí sin níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais um rialachas táirgí a thuilleadh maidir le bannaí corparáide a bhfuil “clásail déanta-iomlán” den chineál sin acu.
(5)An glao ar fhianaise, a sheol an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), maidir le tionchar na n‑aslach agus tionchar na gceanglas sin i ndáil le costais agus muirir a nochtadh faoi Threoir 2014/65/AE, agus comhairliúchán poiblí an Choimisiúin, leis an dá rud sin dheimhnigh siad nach bhfuil faisnéis chaighdeánaithe éigeantach faoi chostais ag teastáil ó chliaint ghairmiúla agus ó chontrapháirtithe incháilithe ós rud é go bhfaigheann siad an fhaisnéis is gá le linn na caibidlíochta lena soláthraí seirbhíse. Tá an fhaisnéis sin curtha in oiriúint dá riachtanais agus is minic a bhíonn sí níos mionsonraithe. Dá bhrí sin, ba cheart contrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla a bheith díolmhaithe ó na ceanglais sin maidir le costais agus muirir a nochtadh, seachas i gcás seirbhísí ar nós comhairle infheistíochta agus bainistiú punainne ós rud é nach bhfuil saineolas leordhóthanach ná eolas leordhóthanach ag cliaint ghairmiúla a dhéanann caidrimh bainistithe punainne nó comhairle infheistíochta le bheith díolmhaithe ó na nochtuithe costas agus muirear.
(6)Tá ceanglas ar ghnólachtaí infheistíochta faoi láthair measúnú costais is tairbhe a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí punainne áirithe i gcas caidrimh leanúnacha lena gcliaint ina n‑aistrítear ionstraimí airgeadais. Mar sin, tá ceanglas ar ghnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis is gá a fháil ón gcliant agus a bheith in ann a léiriú gur fearr an tairbhe a thiocfadh as aistriú den chineál sin ná na costais a bhainfeadh leis. Ós rud é go mbíonn ualach rómhór ag baint leis an nós imeachta seo le haghaidh cliaint ghairmiúla, cliaint a dhéanfadh aistriú ar bhonn minic go leor, ba cheart iad a dhíolmhú ón gceanglas sin, ach an rogha a bheith páirteach á coinneáil dóibh an tráth céanna. Ós rud é go dteastaíonn ardleibhéal cosanta ó chliaint mhiondíola, ba cheart an rogha sin a theorannú do chliaint ghairmiúla.
(7)Faigheann cliaint a bhfuil caidreamh leanúnach acu le gnólacht infheistíochta tuarascálacha seirbhíse sainordaitheacha, bíodh sé sin go tréimhsiúil nó bunaithe ar chúis áirithe. Ní bhíonn na tuarascálacha seirbhíse sin úsáideach do ghnólachtaí infheistíochta ná dá gcliaint ghairmiúla, dar leo. Ní raibh mórán maitheasa sna tuarascálacha sin go háirithe do chliaint ghairmiúla i margaí atá thar a bheith luaineach ós rud é go gcuirtear na tuarascálacha sin ar fáil ar ardmhinicíocht agus ar líon ard. Nuair a fhaigheann na cliaint ghairmiúla na tuarascálacha seirbhíse sin, is minic nach léitear iad nó go ndéantar cinntí infheistíochta tapa mar gheall orthu seachas leanúint de straitéis infheistíochta fadtéarmaí. Dá bhrí sin, níor cheart go bhfaigheadh contrapháirtithe incháilithe na tuarascálacha seirbhíse sin a thuilleadh. Ba cheart an deis a bheith ag cliaint ghairmiúla, áfach, na tuarascálacha seirbhíse sin a fháil.
(8)Le Treoir 2014/65/AE tugadh isteach ceanglais um thuairisciú maidir leis an gcaoi a ndearnadh orduithe a fhorghníomhú ar na téarmaí ab fhabhraí don chliaint. Sna tuarascálacha teicniúla sin tá cuid mhaith faisnéis chainníochtúil mhionsonraithe faoin ionad forghníomhaithe, faoin ionstraim airgeadais, faoin bpraghas, faoi na costais agus faoin dóchúlacht go ndéanfar an forghníomhú. Is minic nach léann na hinfheisteoirí iad, rud a léirítear leis an líon an-íseal íoslódála ó shuíomhanna gréasáin na ngnólachtaí infheistíochta. Ós rud é nach gcuirtear ar a gcumas do na hinfheisteoirí aon chomparáid fiúntach a dhéanamh ar bhonn na sonraí sin, ba cheart foilsiú na dtuarascálacha sin a chur ar fionraí.
(9)Chun cumarsáid idir gnólachtaí infheistíochta agus a gcliaint a éascú, agus mar sin chun an próiseas infheistíochta féin a éascú, ba cheart nach gcuirfear faisnéis infheistíochta ar fáil ar pháipéar a thuilleadh agus gur cheart, mar rogha réamhshocraithe, í a chur ar fáil go leictreonach. Ba cheart, áfach, an rogha a bheith ag cliaint mhiondíola a iarraidh go leanfadh soláthar na faisnéise ar pháipéar ar aghaidh.
(10)Le Treoir 2014/65/AE, ceadaítear do dhaoine a bhíonn ag trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh de lamháltais astaíochtaí, ar bhonn gairmiúil, díolúine ó údarú a úsáid mar ghnólacht infheistíochta nuair a bhíonn a ngníomhaíocht trádála coimhdeach dá bpríomhghnó. Tá ceanglas orthu siúd a chuirfidh isteach ar an triail gníomhaíochta coimhdí fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha gach bliain go mbaineann siad úsáid as an deis tástála sin agus go soláthraíonn siad na heilimintí is gá chun an dá thástáil chainníochtúla a shásamh, trialacha lena gcinntear an bhfuil a ngníomhaíocht trádála coimhdeach dá bpríomhghnó nó nach bhfuil. Leis an gcéad triail déantar comparáid idir an méid gníomhaíochta trádála amhantraí a dhéanann eintiteas agus an ghníomhaíocht trádála iomlán a dhéantar san Aontas ar bhonn cineál sócmhainní. Leis an dara tástáil, déantar comparáid idir méid na gníomhaíochta trádála amhantraí, agus na sócmhainní go léir san áireamh, agus gníomhaíocht trádála iomlán na n‑ionstraimí airgeadais a dhéanann an t‑eintiteas ar leibhéal an ghrúpa. Tá bealach eile ann chun an dara tástáil a dhéanamh, is é sin comparáid a dhéanamh idir an caipiteal a mheastar a úsáideadh sa ghníomhaíocht trádála amhantraí agus an méid iarbhír caipitil a úsáideadh ar leibhéal an ghrúpa sa phríomhghnó. Tá na tástálacha cainníochtúla sin an-chasta agus níl aon athrú déanta acu ar an status quo ó thaobh daoine atá incháilithe don díolúine. Dá bhrí sin, ba cheart an díolúine a bheith ag brath ar eilimintí cáilíochtúla amháin. Na daoine atá incháilithe don díolúine, cruthaitheoirí margaidh san áireamh, tá na daoine sin ag déileáil ar a gcuntas féin nó ag soláthar seirbhísí infheistíochta seachas a bheith déileáil ar a gcuntas féin do chustaiméirí nó do sholáthraithe a bpríomhghnó. Tá an díolúine ar fáil sa dá chás ina n‑aonar agus ar bhonn comhiomlán i gcás inar gníomhaíocht choimhdeach í seo, nuair a dhéantar í a mheas ar bhonn grúpa. Níor cheart an díolúine sin a bheith ar fáil do dhaoine a chuireann teicníc um thrádáil algartamach ardmhinicíochta i bhfeidhm ná do dhaoine atá páirteach i ngrúpa arb é a phríomhghnó seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí baincéireachta a sholáthar, nó arb é a phríomhghnó gníomhú mar chruthaitheoir margaidh i ndáil le díorthaigh tráchtearraí. Ba cheart gach foráil maidir le heilimintí cainníochtúla a scriosadh.
(11)Faoi láthair ní mór do na húdaráis inniúla teorainneacha suímh a bhunú agus a chur i bhfeidhm maidir le méid an ghlansuímh a fhéadfaidh duine a shealbhú i gcónaí i ndíorthaigh tráchtearraí arna dtrádáil ar ionaid trádála agus i gconarthaí “thar an gcuntar” atá coibhéiseach go heacnamaíoch (EEOTC). Ós rud é gur léir go bhfuil córas na dteorannacha suímh neamhfhabhrach i leith forbairt margaí tráchtearraí nua, ba cheart margaí tráchtearraí nuaghinte a chur as an áireamh ón gcóras teorann suímh. Ina ionad sin, níor cheart feidhm a bheith ag na teorainneacha suímh ach amháin maidir leis na díorthaigh tráchtearraí sin a mheastar a bheith suntasach nó criticiúil agus maidir lena gconarthaí EEOTC. Is díorthaigh shuntasacha nó chriticiúla iad díorthaigh tráchtearraí fuinnimh lena mbaineann leas oscailte 300 000 beart ar a laghad in imeacht tréimhse bliana. Ós rud é go bhfuil fíorthábhacht ag baint leo do shaoránaigh, leanfaidh tráchtearraí talmhaíochta a bhfuil bunús acu atá lena gcaitheamh ag an duine, agus a gconarthaí EEOTC, de bheith faoin gcóras teorann suímh atá ann faoi láthair. Ba cheart sainordú a thabhairt do ESMA dréachtchaighdeáin rialála a fhorbairt chun tráchtearraí talmhaíochta, a bhfuil bunús acu atá lena gcaitheamh ag an duine, a shainiú faoi réir teorainneacha suímh agus díorthaigh chriticiúla nó shuntasacha faoi réir teorainneacha suímh. I gcás díorthaigh shuntasacha agus chriticiúla, ba cheart do ESMA an leas oscailte 300 000 beart in imeacht tréimhse bliana a chur san áireamh, chomh maith leis an líon rannpháirtithe sa mhargadh agus an tráchtearra foluiteach.
(12)Le Treoir 2014/65/AE, ní cheadaítear díolúintí fálaithe le haghaidh aon eintitis airgeadais. Maidir le roinnt grúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil agus a bhfuil eintiteas airgeadais bunaithe acu chun a gcríoch trádála, is é an cás é nach féidir lena n‑eintiteas airgeadais an trádáil ar fad a dhéanamh ar son an ghrúpa ós rud é nach raibh an t‑eintiteas airgeadais incháilithe don díolúine fálaithe. Dá bhrí sin, ba cheart díolúine fálaithe chúngshainithe le haghaidh contrapháirtithe airgeadais a thabhairt isteach. Ba cheart an díolúine fálaithe sin a bheith ar fáil i gcás, laistigh de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil, inar cláraíodh duine mar ghnólacht infheistíochta agus ina mbíonn sé ag trádáil thar ceann an ghrúpa tráchtála. Chun an díolúine fálaithe a theorannú do na heintitis airgeadais sin amháin a bhíonn ag trádáil ar son eintitis neamh-airgeadais sa ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil, ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine fálaithe sin maidir leis na suíomhanna atá ag an eintiteas airgeadais sin is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar shuíomhanna a laghdaíonn na rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála de chuid eintitis neamh-airgeadais an ghrúpa.
(13)Fiú i gcás conarthaí leachtacha, níl ach líon teoranta rannpháirtithe sa mhargadh a ghníomhaíonn go hiondúil mar chruthaitheoirí margaidh i margaí tráchtearraí. Nuair nach mór do na rannpháirtithe sin sa mhargadh teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm, ní féidir leo a bheith chomh héifeachtach céanna le cruthaitheoirí margaidh. Dá bhrí sin, ba cheart díolúine ón gcóras teorann suímh a thabhairt isteach do contrapháirtithe airgeadais agus do chontrapháirtithe neamh-airgeadais i gcás suíomhanna a thagann as idirbhearta a dhéantar chun forálacha leachtachta sainordaitheacha a chomhlíonadh.
(14)Leis an gcóras teorann suímh atá ann faoi láthair, ní thugtar aitheantas ar shaintréithe uathúla díorthach urrúsaithe. Ba cheart díorthaigh urrúsaithe a chur as an áireamh ón gcóras teorann suímh.
(15)Ó tháinig Treoir 2014/65/AE i bhfeidhm, níor sainaithníodh aon chonarthaí díorthach tráchtearraí céanna. Ós rud é go dtagraítear do “conradh céanna” sa Treoir sin, déanann an mhodheolaíocht lena gcinntear teorainn na míonna eile dochar don ionad ag a bhfuil an margadh beagleachtach, agus ionaid trádála in iomaíocht le díorthaigh tráchtearraí atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do “conradh céanna” i dTreoir 2014/65/AE a scriosadh. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a chomhaontú go bhfuil na díorthaigh tráchtearraí a thrádáiltear ar a n‑ionaid trádála féin bunaithe ar an mbunús céanna agus go bhfuil na saintréithe céanna acu, ina bhféadfaidh úsáid a bhaint as bonnlíne theorainn na míonna eile ar an margadh is leachtaí don díorthach tráchtearraí mar theorainn bhonnlíne chun teorainn suímh na míonna eile a shocrú do na conarthaí iomaíocha a thrádáiltear ar na hionaid nach bhfuil chomh leachtach céanna.
(16)Tá difríochtaí móra ann maidir leis an gcaoi a ndéanann ionaid trádála na suíomhanna a bhainistiú. Dá bhrí sin, ba cheart rialuithe ar bhainistiú suímh a dhaingniú i gcás inar gá.
(17)Chun tuilleadh forbartha a áirithiú i margaí tráchtearraí AE atá sloinnte in Euro, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na ndíorthach tráchtearraí talmhaíochta ba cheart a bheith faoi réir teorainneacha suímh agus i leith na ndíorthach criticiúil nó suntasach ba cheart a bheith faoi réir teorainneacha suímh, i leith nós imeachta lena bhféadfaidh daoine cur isteach ar dhíolúine fálaithe le haghaidh suíomhanna a thagann as idirbhearta a dhéantar chun forálacha leachtachta sainordaitheacha a chomhlíonadh, i leith nós imeachta lena bhféadfaidh eintitis airgeadais atá páirteach i ngrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil cur isteach ar dhíolúine fálaithe i gcás suíomhanna atá ag an eintiteas airgeadais sin is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar shuíomhanna a laghdaíonn na rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála de chuid eintitis neamh-airgeadais an ghrúpa, agus i leith ábhar na rialuithe ar bhainistiú suíomhanna a shoiléiriú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(18)Is í Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (ETS) beartas suaitheanta an Aontais chun dícharbónú an gheilleagair a bhaint amach i gcomhréir le Margadh Glas na hEorpa. Tá an trádáil i lamháltais astaíochtaí agus an trádáil i ndíorthaigh díobh faoi réir Threoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus is cuid thábhachtach de mhargadh carbóin an Aontais í an trádáil sin. Leis an díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha faoi Threoir 2014/65/AE, cuireann sí ar a cumas do rannpháirtithe áirithe sa mhargadh a bheith gníomhach i margaí lamháltas astaíochtaí gan bheith orthu a bheith údaraithe mar ghnólachtaí infheistíochta, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. I bhfianaise a thábhachtaí atá margaí airgeadais ordúla, dea-rialáilte agus maoirsithe, i bhfianaise an róil nach beag atá ag ETS maidir le cuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach, agus i bhfianaise an róil atá ag margadh tánaisteach dea-fheidhmiúil i lamháltais astaíochtaí chun tacú le feidhmiú ETS, tá sé fíor-riachtanach go gceapfar an díolúine ó ghníomhaíocht choimhdeach go hiomchuí chun rannchuidiú leis na cuspóirí sin. Tá sé sin ábhartha go háirithe nuair a dhéantar an trádáil in lamháltas astaíochtaí in ionaid trádála tríú tír. Chun a áirithiú go gcosnófar cobhsaíocht airgeadais, sláine margaidh, cosaint infheisteoirí agus cothrom iomaíochta an Aontais, agus chun a áirithiú go leanfaidh ETS de bheith ag feidhmiú ar bhealach trédhearcach láidir chun laghdú astaíochtaí costéifeachtach a áirithiú, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na trádála i lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh díobh san Aontas agus i dtríú tíortha, ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar thionchar na díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha ar ETS, agus i gcás inar gá, ba cheart dó aon leasú iomchuí a mholadh maidir le raon feidhme agus cuir i bhfeidhm na díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha.
(19)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/65/AE a leasú dá réir.
(20)Ós rud é go bhfuil cuspóirí an leasuithe seo dírithe ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana a fhorlíonadh, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais seachas trí thionscnaimh náisiúnta éagsúla. Tá gné thrasteorann ag baint le margaí airgeadais ó nádúr agus tá an ghné sin ag méadú. Toisc an lánpháirtithe sin, ní bheadh idirghabháil náisiúnta ar leithlis chomh héifeachtúil agus dhéanfaí margaí a ilroinnt dá bharr, agus tharlódh arbatráiste rialála agus saobhadh ar iomaíocht mar thoradh air sin. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo eadhon reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana a athscagadh, lena n‑áirithítear ceanglais aonfhoirmeacha iomchuí a bhfuil feidhm acu maidir le gnólachtaí infheistíochta ar fud an Aontais, ós rud é nach féidir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n‑éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(21)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE
Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):
“(j)
daoine:
(i)a dhéileálann ar a gcuntas féin, lena n‑áirítear cruthaitheoirí margaidh, i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh díobh, seachas daoine a dhéileálann ar a gcuntas féin agus orduithe cliaint á bhforghníomhú acu; nó
(ii)a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta, seachas déileáil ar a gcuntas féin, i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh do chustaiméirí nó do sholáthraithe a bpríomhghnó;
ar choinníoll
–i gcás gach ceann de na cásanna sin ina n‑aonar agus ar bhonn comhiomlán, go bhfuil an ghníomhaíocht coimhdeach dá bpríomhghnó, nuair a bhreithnítear ar bhonn grúpa iad;
–nach cuid de ghrúpa iad na daoine sin arb é a phríomhghnó seirbhísí infheistíochta a sholáthar de réir bhrí na Treorach seo, feidhmiú aon ghníomhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE, nó a bheith ag gníomhú mar dhéantóir margaidh i ndáil le díorthaigh tráchtearraí;
–nach gcuireann na daoine sin teicníc trádála algartamaí ardmhinicíochta i bhfeidhm;
–go dtuairisceoidh na daoine sin, arna iarraidh sin, do na húdaráis inniúla an bonn ar a ndearna siad measúnú go bhfuil a ngníomhaíocht faoi phointí (i) agus (ii) coimhdeach dá bpríomhghnó”`;
(b)scriostar mír 4;
(2)Leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:
(a)cuirtear isteach an pointe (8a) seo a leanas:
“(8a)ciallaíonn ‘aistriú ionstraimí airgeadais’ ionstraim airgeadais a dhíol agus ceann eile a cheannach nó ceart a fheidhmiú chun athrú a dhéanamh i ndáil le hionstraim airgeadais atá ann cheana;”;
(b)cuirtear isteach an pointe (50a) seo a leanas:
“(50a)ciallaíonn ‘bannaí corparáide a bhfuil clásail déanta-iomlán acu’ bannaí corparáide a bhfuil clásal acu lena gcuirtear de cheangal ar an eisitheoir, i gcás aisíoc luath, príomhshuim an bhanna a thabhairt ar ais don infheisteoir chomh maith le glanluach reatha na ndearbhán a bheadh faighte ag an infheisteoir i gcás nár glaodh an banna;”;
(c)cuirtear isteach an pointe (62a) seo a leanas:
“(62a)ciallaíonn ‘formáid leictreonach’ aon mheán marthanach seachas páipéar;”
(3)in Airteagal 16(3), cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír den mhír seo maidir le bannaí corparáide a bhfuil clásail déanta-iomlán acu.”;
(4)Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
(a)Cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 2:
“Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le bannaí corparáide a bhfuil clásail déanta-iomlán acu.”;
(b)Cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 4:
I gcás ina dtabharfar an comhaontú chun ionstraim airgeadais a cheannach nó a dhíol i gcrích trí mheán modhanna cianchumarsáide, féadfaidh an gnólacht infheistíochta an fhaisnéis faoi chostais agus faoi mhuirir a sholáthar i bhformáid leictreonach gan aon mhoill mhíchuí tar éis an t‑idirbheart a thabhairt chun críche, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(i)gur thug an gnólacht infheistíochta an rogha don chliant moill a chur ar thabhairt i gcrích an idirbhirt go dtí go bhfuil an fhaisnéis faighte ag an gcliant;
(ii)gur aontaigh an cliant an fhaisnéis a fháil gan mhoill tar éis an t‑idirbheart a thabhairt i gcrích.”;
(c)cuirtear isteach an mhír 5a seo a leanas:
“5a.
Soláthróidh gnólachtaí infheistíochta gach faisnéis is gá faoin Treoir seo do chliaint nó do chliaint fhéideartha i bhformáid, seachas i gcás inar cliant miondíola nó cliant miondíola féideartha é an cliaint nó na cliaint fhéideartha a d'iarr an fhaisnéis a fháil ar pháipéar, agus sa chás sin soláthrófar an fhaisnéis ar pháipéar agus saor in aisce.
Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta cliaint mhiondíola nó cliaint mhiondíola fhéideartha ar an eolas go bhfuil an rogha acu an fhaisnéis a fháil ar pháipéar.
Maidir leis na cliaint mhiondíola atá ann cheana a bhíodh ag fáil na faisnéise a cheanglaítear leis an Treoir seo ar pháipéar, cuirfidh gnólachtaí iad ar an eolas go bhfaighidh siad an fhaisnéis sin i bhfoirm leictreonach ocht seachtaine ar a laghad sula seolfar an faisnéis sin i bhfoirm leictreonach. Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta na cliaint mhiondíola atá ann cheana ar an eolas go bhfuil rogha acu leanúint d'fhaisnéis a fháil ar pháipéar nó athrú go faisnéis a fháil i bhformáid leictreonach. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta freisin na cliaint mhiondíola atá ann cheana a chur ar an eolas go ndéanfar athrú uathoibríoch go dtí an fhormáid leictreonach i gcás nach n‑iarrann siad go leanfar den fhormáid pháipéir a fháil, laistigh den tréimhse ocht seachtaine sin.”;
(5)in Airteagal 25(2), cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“Agus comhairle infheistíochta nó seirbhísí bainistithe punainne a mbaineann aistriú ionstraimí airgeadais leo á soláthar, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta measúnú a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann le hionstraimí airgeadais a mhalartú, agus ba cheart dóibh freisin an cliant a chur ar an eolas faoi cé acu atá nó nach bhfuil na tairbhí a bhaineann le hionstraimí airgeadais a mhalartú níos fearr ná na costais a bheadh i gceist leis an aistriú sin.”;
(6)in Airteagal 27(3), cuirtear an mhír seo a leanas leis:
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas um thuairisciú a leagtar síos sa mhír seo, áfach, go dtí [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí + 2 bhliain].”;
(7)cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:
“Airteagal 29a
Seirbhísí a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla
(1)Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i bpointe (c) d'Airteagal 24(4) maidir le seirbhísí eile a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla, seachas maidir le comhairle infheistíochta agus bainistiú punainne.
(2)Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír d'Airteagal 25(2) agus in Airteagal 25(6) maidir le seirbhísí a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla, ach amháin má chuireann na cliaint sin an gnólacht infheistíochta ar an eolas i scríbhinn gur mian leo leas a bhaint as na cearta dá bhforáiltear sna forálacha sin.
(3)Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh gnólachtaí infheistíochta taifead de na hiarrataí i scríbhinn dá dtagraítear i mír 2.”;
(8)in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant, chun déileáil ar a gcuntas féin, nó chun orduithe a fháil agus a tharchur, idirbhearta a chruthú nó a dhéanamh le contrapháirtithe incháilithe gan oibleagáid a bheith orthu Airteagal 24 a chomhlíonadh, seachas mír 5a, Airteagal 25, Airteagal 27 agus Airteagal 28 (1), i leith na n‑idirbheart sin nó i leith aon seirbhís choimhdeach a bhaineann go díreach leis na hidirbhearta sin.”;
(9)Leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go gcuirfidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa a chinnfidh ESMA i gcaighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le mír 3, teorainneacha suímh i bhfeidhm maidir le méid glansuímh a fhéadfaidh duine a shealbhú i gcónaí i ndíorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus i ndíorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó shuntasacha arna dtrádáil ar ionaid trádála, agus i gconarthaí “thar an gcuntar” atá coibhéiseach go heacnamaíoch. Socrófar na teorainneacha ar bhonn na suíomhanna go léir atá i seilbh duine agus na suíomhanna a shealbhaítear thar a cheann ag leibhéal grúpa comhiomlán chun:
(a)drochúsáid mhargaidh a chosc;
(b)tacú le dálaí praghsála agus socraíochta ordúla, lena n‑áirítear suíomhanna saofa margaidh a chosc, agus a áirithiú, go háirithe, cóineasú idir praghsanna díorthach sa mhí seachadta agus spotphraghsanna don tráchtearra foluiteach, gan dochar d'fhionnachtain praghsanna ar an margadh don tráchtearra foluiteach.;
Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha suímh maidir le:
(a)suíomhanna arna sealbhú ag eintiteas neamhairgeadais, nó thar a cheann, agus atá intomhaiste go hoibiachtúil mar laghdú ar rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála an eintitis neamhairgeadais sin.;
(b)suíomhanna arna sealbhú ag eintiteas neamhairgeadais, nó thar a cheann, atá mar bhall de ghrúpa neamhairgeadais agus atá ag gníomhú thar ceann an ghrúpa neamhairgeadais sin, agus atá intomhaiste go hoibiachtúil mar laghdú ar rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála an ghrúpa neamhairgeadais sin;
(c)suíomhanna arna sealbhú ag contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais le haghaidh suíomhanna is féidir a thomhas go hoibiachtúil gur as idirbhearta a tháinig siad, ar idirbhearta iad a rinneadh chun oibleagáidí maidir le leachtacht a sholáthar ar ionad trádála dá dtagraítear i bpointe (c) den cheathrú fomhír d'Airteagal 2(4) a chomhlíonadh;
(d)urrúis dá dtagraítear i bpointe (44)(c) d'Airteagal 4(1) a bhaineann le tráchtearra nó le bunús dá dtagraítear i roinn C(10) d'Iarscríbhinn I.”;
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun nós imeachta a chinneadh le haghaidh eintitis neamhairgeadais atá mar chuid de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil agus a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar dhíolúine fálaithe le haghaidh suíomhanna, a shealbhaíonn an t‑eintiteas airgeadais sin, atá intomhaiste mar laghdú rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála na n‑eintiteas neamhairgeadais den ghrúpa. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun nós imeachta a chinneadh lena leagtar amach conas a fhéadfaidh daoine iarratas a dhéanamh ar dhíolúine fálaithe le haghaidh suíomhanna a thiocfadh as idirbhearta a rinneadh chun oibleagáidí maidir le leachtacht a sholáthar ar ionad trádála a chomhlíonadh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [9 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;.”;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:
“3.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó shuntasacha dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, agus chun an mhodheolaíocht ríofa a chinneadh a bheidh le cur i bhfeidhm ag údaráis inniúla agus teorainneacha suímh spotmhíosa agus teorainneacha suímh de mhíonna eile á mbunú le haghaidh díorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiciúil agus le hairgead tirim, bunaithe ar thréithe an díorthaigh ábhartha lena mbaineann.
Agus díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó suntasacha á sonrú aige, cuirfidh ESMA an méid seo a leanas san áireamh:
(a)méid an leasa oscailte de 300 000 beart ar an meán in imeacht bliana
(b)an líon rannpháirtithe sa mhargadh;
(c)an tráchtearra is bunús leis an díorthach lena mbaineann.
Agus an modheolaíocht ríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír á cinneadh aige, cuirfidh ESMA na tosca seo a leanas san áireamh:
(a)an soláthar inseachadta sa tráchtearra foluiteach;
(b)an leas oscailte foriomlán sa díorthach sin agus an leas oscailte foriomlán in ionstraimí airgeadais eile a bhfuil an tráchtearra foluiteach céanna acu;
(c)líon agus méid na rannpháirtithe sa mhargadh;
(d)saintréithe an mhargaidh tráchtearra fholuitigh, lena n‑áirítear patrúin táirgthe, tomhaltais agus iompair chuig an margadh;
(e)díorthaigh nua a fhorbairt;
(f)taithí gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, nó taithí dlínsí eile maidir leis na teorainneacha suímh.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4.
Socróidh údarás inniúil teorainneacha suímh le haghaidh conarthaí criticiúla nó suntasacha i ndíorthaigh tráchtearraí a thrádáiltear ar ionaid trádála mar a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag ESMA i gcomhréir le mír 3, agus i ndíorthaigh tráchtearraí talmhaíochta, bunaithe ar an modheolaíocht ríofa arna cinneadh sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag ESMA i gcomhréir le mír 3. Áireofar sa teorainn suímh sin conarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch.
Déanfaidh údarás inniúil athbhreithniú ar na teorainneacha suímh ina bhfuil athrú suntasach ar an margadh, lena n‑áirítear athrú suntasach ar an soláthar inseachadta nó ar leas oscailte, bunaithe ar a chinneadh maidir leis an soláthar atá inseachadta agus maidir le leas oscailte, agus déanfaidh sé an teorainn suímh a athshocrú i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa arna forbairt ag ESMA;.”;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6, 7 agus 8:
“6.
I gcás ina thrádáiltear díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó shuntasach bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu i méideanna suntasacha ar ionaid trádála i níos mó ná dlínse amháin, socróidh údarás inniúil an ionaid trádála ina dtarlaíonn an méid trádála is mó (‘an t‑údarás inniúil lárnach’) an teorainn suímh aonair atá le cur i bhfeidhm maidir le gach trádáil sa chonradh sin. Rachaidh an t‑údarás inniúil lárnach i gcomhairle le húdaráis inniúla na n‑ionad trádála eile ar a ndéantar an díorthach sin a thrádáil i méideanna suntasacha maidir leis an teorainn suímh aonair atá le cur i bhfeidhm agus maidir le haon athbhreithniú ar an teorainn suímh aonair sin. Más rud é nach n‑aontóidh na húdaráis inniúla go socróidh an t‑údarás inniúil lárnach an teorainn suímh aonair, tabharfaidh siad i scríbhinn na fáthanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh. Réiteoidh ESMA aon díospóid a eascróidh as easaontas idir na húdaráis inniúla.
Maidir le húdaráis inniúla na n‑ionad trádála ina dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó shuntasacha atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu, agus maidir le húdaráis inniúla na sealbhóirí suímh sna díorthaigh sin, déanfaidh siad socruithe comhair a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear sonraí ábhartha a mhalartú le chéile chun faireachán agus forfheidhmiú na teorann suímh aonair a chumasú.
7.
Déanfaidh ESMA faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tslí ar chuir na húdaráis inniúla na teorainneacha suímh, a leagadh síos i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa arna bunú ag ESMA faoi mhír 3, chun feidhme. Lena linn sin, áiritheoidh ESMA go mbeidh feidhm ag teorainn suímh aonair maidir leis na díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus conarthaí criticiúla nó suntasacha atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu beag beann ar an áit ina ndéantar é a thrádáil i gcomhréir le mír 6.
8.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála a thrádálann díorthaigh tráchtearraí rialuithe ar bhainistiú suímh a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear cumhachtaí don ionad trádála chun:
(a)faireachán a dhéanamh ar shuíomhanna leasa oscailte na ndaoine;
(b)faisnéis a fháil, lena n‑áirítear an doiciméadacht ábhartha uile, ó dhaoine maidir le méid agus cuspóir suímh nó nochtadh a rinneadh, faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla nó foluiteacha, aon socruithe comhbheartaithe, agus aon sócmhainní nó dliteanais ghaolmhara sa mhargadh bunúsach, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, suíomhanna arna sealbhú i gconarthaí gaolmhara maidir le hionaid trádála eile agus i gconarthaí thar an gcuntar trí chomhaltaí agus rannpháirtithe;
(c)ceangal a chur ar dhuine suíomh a fhoirceannadh nó a laghdú, ar bhonn sealadach nó buan, agus gníomh iomchuí a ghlacadh go haontaobhach chun a áirithiú go ndéanfar an foirceannadh nó an laghdú mura gcomhlíonann an duine an iarraidh sin; agus
(d)ceangal a chur ar dhuine leachtacht a chur ar ais sa mhargadh ar phraghas agus ar mhéid comhaontaithe ar bhonn sealadach leis an rún sainráite de na héifeachtaí a bhaineann le suíomh mór nó ceannasach a mhaolú.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ábhar na rialuithe ar bhainistiú suímh a shonrú, agus ar an gcaoi sin saintréithe na n‑ionad trádála lena mbaineann a chur san áireamh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [9 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. ;”;
(10)in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh gnólachtaí infheistíochta, a thrádálann i ndíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh lasmuigh d'ionad trádála, miondealú iomlán ar a suíomhanna arna nglacadh i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh a thrádáiltear in ionad trádála agus conarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch don údarás inniúil lárnach dá dtagraítear in Airteagal 57(6), ar bhonn laethúil ar a laghad, chomh maith le conarthaí a gcliant agus cliaint na gcliant sin go dtí go sroichtear an cliant deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 8 de Rialachán (AE ) Uimh. 1227/2011.”.
(11)in Airteagal 90, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:
“1a.
Faoin 31 Nollaig 2021 déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thionchar na díolúine a leagtar síos in Airteagal 2(1), pointe (j), maidir le lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh, agus beidh togra reachtach chun an díolúine sin a leasú ag gabháil leis an athbhreithniú sin i gcás inarb iomchuí. Sa chomhthéacs seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an trádáil i lamháltais astaíochtaí an Aontais agus i ndíorthaigh díobh san Aontas agus i dtríú tíortha, déanfaidh sé measúnú ar thionchar na díolúine faoi Airteagal 2(1), pointe (j), ar chosaint infheisteoirí, ar shláine agus trédhearcacht na margaí i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh díobh sin, agus ar cé acu ar cheart bearta a ghlacadh i ndáil le trádáil a dhéantar ar ionaid trádála i dtríú tíortha nó nár cheart.”.
Airteagal 2
Trasuí
(1)Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
(2)Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán