Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0159

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hábhair áirithe riaracháin agus foirne agus le bunú rialacha airgeadais le haghaidh an Chomhphobail Iompair

COM/2020/159 final

An Bhruiséil,24.4.2020

COM(2020) 159 final

2020/0064(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hábhair áirithe riaracháin agus foirne agus le bunú rialacha airgeadais le haghaidh an Chomhphobail Iompair


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.ÁBHAR AN TOGRA

Baineann an togra seo le cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach, coiste a bunaíodh faoin gConradh um Chomhphobal Iompair, i ndáil le cinneadh, a bhfuil sé beartaithe ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach é a ghlacadh, maidir leis an taisteal, le haisíoc speansas, agus leis na rialacha agus nósanna imeachta airgeadais is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair.

2.COMHTHÉACS AN TOGRA

2.1An Conradh um Chomhphobal Iompair

Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chonradh um Chomhphobal Iompair, conradh a bhí á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó 2017 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019 1 .

2.2An Coiste Stiúrtha Réigiúnach

Bunaítear an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le hAirteagal 24 den Chonradh um Chomhphobal Iompair agus tá sé freagrach as an gConradh sin a riar agus as a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go cuí é. Chun na críche sin, déanann sé moltaí agus cinntí sna cásanna sin dá bhforáiltear sa Chonradh um Chomhphobal Iompair. Go sonrach, déanann an Coiste Stiúrtha Réigiúnach an méid seo a leanas:

(a) ullmhaíonn sé obair na Comhairle Aireachta,

(b) déanann sé cinntí maidir le coistí teicniúla a bhunú,

(c) déanann sé moltaí agus cinntí i gcomhréir leis an gConradh um Chomhphobal Iompair,

(d) maidir le gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais, déanann sé beart de réir mar is iomchuí, go háirithe trí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh um Chomhphobal Iompair a athbhreithniú,

(e) ceapann sé Stiúrthóir na Buanrúnaíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Aireachta,

(f) féadfaidh sé Leas-Stiúrthóir amháin nó níos mó a cheapadh ar an mBuanrúnaíocht,

(g) leagann sé síos rialacha na Buanrúnaíochta,

(h) féadfaidh sé, trí bhíthin cinneadh, leibhéal na ranníocaíochtaí buiséid a athbhreithniú,

(i) glacann sé buiséad bliantúil an Chomhphobail Iompair,

(j) glacann sé an cinneadh lena sonraítear an nós imeachta le haghaidh an buiséad a chur chun feidhme, cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh agus cigireacht a dhéanamh,

(k) déanann sé cinntí faoi dhíospóidí a chuireann na Páirtithe Conarthacha ina láthair,

(l) glacann sé prionsabail ghinearálta sa réimse a bhaineann le rochtain a fháil ar dhoiciméid, i ndáil le doiciméid atá i seilbh comhlachtaí a bunaíodh leis an gConradh um Chomhphobal Iompair nó a bunaíodh faoin gConradh sin,

(m) glacann sé tuarascálacha bliantúla a chuirtear faoi bhráid na Comhairle Aireachta, maidir le cur chun feidhme an Ghréasáin Chuimsithigh,

(n) i leith gníomhartha áirithe de chuid an Aontais, bunaíonn sé teorainneacha ama agus bealaí i dtaca le trasuí na ngíomhartha sin ag Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa.

2.3Na gníomhartha atá beartaithe ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach

Tá Coiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair le cinntí a ghlacadh maidir leis na rialacha taistil a bhaineann le foireann an Chomhphobail Iompair, maidir leis na rialacha maidir le haisíoc speansas arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinnithe an Chomhphobail Iompair, agus maidir leis an nós imeachta um chur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Iompair agus um thíolacadh agus iniúchadh cuntas.

Na cinntí atá beartaithe, beidh siad ceangailteach ó thaobh dlí de ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 25(1) den Chonradh um Chomhphobal Iompair.

An Buiséad agus Rialacha Airgeadais

Go dtí go gceapfar Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, beidh an buiséad faoi bhainistiú díreach an Choimisiúin Eorpaigh, mar a shainordaítear ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach 2 , agus i gcomhréir leis na Rialacha Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

Le glacadh rialacha airgeadais inmheánacha, beidh sé ar chumas Stiúrthóir na Buanrúnaíochta, a luaithe a cheapfar é, buiséad an Chomhphobail Iompair a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chonradh um Chomhphobal Iompair.

3.AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS

Chun an Conradh um Chomhphobal Iompair a chur chun feidhme agus le haghaidh neamhspleáchas iomlán airgeadais na Buanrúnaíochta, is gá go nglacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach na cinntí sin. Mar gur páirtí sa Chonradh um Chomhphobal Iompair é an tAontas, is gá seasamh ón Aontas a bhunú.

4.BUNÚS DLÍ

4.1Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1 Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena leagtar síos "na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe".

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear orthu sin, freisin, ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach acu faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2 An cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht a bunaíodh le comhaontú, mar atá an Conradh um Chomhphobal Iompair, é an Coiste Stiúrtha Réigiúnach.

Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu na gníomhartha atáthar ag iarraidh ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 30 den Chonradh um Chomhphobal Iompair, tugtar de chumhacht don Choiste Stiúrtha Réigiúnach rialacha na Buanrúnaíochta a leagan síos, go háirithe le haghaidh dálaí oibre fhoireann na Rúnaíochta. Faoi Airteagal 35 den Chonradh um Chomhphobal Iompair, tugtar de chumhacht don Choiste Stiúrtha Réigiúnach cinntí a ghlacadh lena sonraítear an nós imeachta um chur chun feidhme an bhuiséid, um thíolacadh agus iniúchadh na gcuntas agus um chigireacht. De thoradh a gcineáil, agus mar ábhar dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, tá eilimintí sna rialacha sin a dhéanann difear do sheasamh dlíthiúil na bpáirtithe sa Chonradh um Chomhphobal Iompair agus, dá bhrí sin, do sheasamh dlíthiúil an Aontais freisin. Dá bharr sin, ní mór a mheas gur rialacha iad a bhfuil éifeachtaí dlí acu.

Ní dhéantar creat institiúideach an Chonartha um Chomhphobal Iompair a fhorlíonadh ná a leasú leis na gníomhartha atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

I dtaca leis an mbunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a nglactar seasamh ina leith thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a aithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt, agus nach bhfuil san aidhm nó sa chomhpháirt eile ach fo-aidhm nó fo-chomhpháirt, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon ar an mbunús dlí nach foláir a bheith leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

4.2.2.An cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Na gníomhartha atá beartaithe, tá siad riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an Conradh um Chomhphobal Iompair mar is cuí. Dá réir sin, leis an gConradh um Chomhphobal Iompair, saothraítear cuspóirí i réimsí an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre, ar modhanna iompair iad a chumhdaítear le hAirteagal 91 CFAE, agus freisin i réimse an iompair de mhuir, modh iompair a chumhdaítear le hAirteagal 100(2) CFAE, agus tá comhpháirteanna den Chonradh maidir leis na réimsí sin. Ó tá gné chothrománach ar an ngníomh atá beartaithe, baineann an gníomh sin leis na nithe sin go léir.

Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atáthar a mholadh: Airteagail 91 agus 100(2)(d) CFAE.

4.3Conclúid

Is iad Airteagail 91 agus 100(2) CFAE, i dteannta Airteagal 218(9) CFAE, ba cheart a bheith mar bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atáthar a mholadh.

5. FOILSIÚ AN GHNÍMH ATÁ BEARTAITHE

I gcomhréir le hAirteagal 25(2) den Chonradh um Chomhphobal Iompair, foilseofar na cinntí ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2020/0064 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hábhair áirithe riaracháin agus foirne agus le bunú rialacha airgeadais le haghaidh an Chomhphobail Iompair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle (AE) 2017/1937, shínigh an tAontas Eorpach an Conradh um Chomhphobal Iompair 4 . Formheasadh é thar ceann an Aontais Eorpaigh an 4 Márta 2019 5 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

(2)De bhun Airteagail 30 agus 35 den Chonradh um Chomhphobal Iompair, féadfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach rialacha a ghlacadh maidir le dálaí oibre fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, agus maidir le cur chur feidhme an bhuiséid agus le tíolacadh agus iniúchadh na gcuntas.

(3)Tá Coiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair (‘‘An Coiste Stiúrtha’’) le cinntí a ghlacadh maidir leis na rialacha taistil a bhaineann le foireann an Chomhphobail Iompair, maidir leis na rialacha maidir le haisíoc speansas arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinnithe an Chomhphobail Iompair, agus maidir leis an nós imeachta um chur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Iompair agus um thíolacadh agus iniúchadh cuntas.

(4)Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha, óir tá na cinntí sin riachtanach do dhea-fheidhmiú Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, agus beidh éifeachtaí dlíthiúla acu i leith an Aontais.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Stiúrtha an Chomhphobail Iompair, is é a bheidh ann tacú le glacadh na gcinntí maidir leis na rialacha taistil a bhaineann le foireann an Chomhphobail Iompair, maidir leis na rialacha maidir le haisíoc na gcostas a thabhaíonn saineolaithe seachtracha a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinnithe an Chomhphobail Iompair, agus maidir leis an nós imeachta um chur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Iompair agus um thíolacadh agus iniúchadh cuntas. Beidh sé bunaithe ar dhréachtchinntí an Choiste Stiúrtha atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE (AE) 2019/392 an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha um Chomhphobal Iompair
(2)

   Cinneadh Uimh. 2019/1 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair

(3)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, "An Ghearmáin v an Chomhairle", Cás C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    Cinneadh ón gComhairle (AE) 2017/1937 an 11 Iúil 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chonartha um Chomhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lch. 1).
(5)    Cinneadh ón gComhairle (AE) 2019/392 an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha um Chomhphobal Iompair.
Top

An Bhruiséil,24.4.2020

COM(2020) 159 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hábhair áirithe riaracháin agus foirne agus le bunú rialacha airgeadais le haghaidh an Chomhphobail Iompair


IARSCRÍBHINN I

DRÉACHT

CINNEADH Uimh. 2020/
Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

an …

   maidir le glacadh na Rialacha Taistil a bhaineann le foireann an Chomhphobail Iompair    

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh um Chomhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 30 de,

TAR ÉIS CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Glactar leis seo Rialacha Taistil an Chomhphobail Iompair.

                       Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

                       An tUachtarán




Rialacha Taistil an Chomhphobail Iompair

1.Raon feidhme

1.1.Beidh feidhm ag na rialacha taistil maidir leis an taisteal oifigiúil uile ón áit fostaíochta a dhéanfar chun leas an Chomhphobail Iompair.

1.2.Beidh feidhm ag na rialacha i leith comhaltaí foirne uile an Chomhphobail Iompair faoi réir Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair.

2.Údaruithe taistil

2.1.Sula n‑imeofar ar thaisteal oifigiúil, ní mór údarú a fháil i bhfoirm iarratas taistil formheasta. Is é an Stiúrthóir, nó oifigeach arna údarú aige, a dhéanfaidh na hiarratais a fhormheas agus déanfar an formheas sin i scríbhinn. Maidir leis an iarratas ar údarú, ní mór na sonraí uile a bheith ann a bheidh de dhíth ar an Stiúrthóir chun cinneadh feasach a dhéanamh, mar shampla:

cuspóir agus áit an turais, agus amanna tosaigh agus críochnaithe an chruinnithe/na gcruinnithe;

fad tréimhse an taistil bunaithe ar an modh iompair a úsáidfear, agus amanna agus cúrsa taistil an turais fillte, ar a n‑áirítear iompar áitiúil i gcás inarb iomchuí;

socruithe cóiríochta lóistín;

na costais mheasta a bhaineann leis an taisteal, bunaithe ar an gcost‑éifeachtúlacht is fearr.

2.2.Is ar an mball foirne/oifigeach atá an fhreagracht an t‑údarú is gá a fháil sula gcuirfear tús le taisteal oifigiúil. Beidh ar an mball foirne an t‑iarratas taistil formheasta a choimeád agus beidh air, ar fhilleadh ó mhisin dó, an t‑iarratas sin a chur i gceangal leis an éileamh taistil in éineacht le tuarascáil taistil.

2.3.Le haghaidh turais an Stiúrthóra, ullmhófar Nóta Cuimhne roimh ré, bunaithe ar an teimpléad in Iarscríbhinn I, agus síneoidh sé/sí an nóta sin. Cuirfidh an Nóta Cuimhne an chúis atá leis an taisteal in iúl chomh maith leis an bhfad tréimhse atá beartaithe lena aghaidh. Leanfaidh an Stiúrthóir na nósanna imeachta coiteanna mar a bheartaítear sna Rialacha seo.

3.An t‑iompar idir an áit fostaíochta agus áit an taistil oifigiúil

3.1.Mar riail ghinearálta, údarófar an modh iompair is costéifeachtaí, i gcoibhneas le cuspóir agus fad tréimhse an taistil.

3.2.Déanfar taisteal d'aer ar an mbealach is dírí agus ag an bpraghas is ísle a bheidh ar fáil. Nuair a thugann na dátaí taistil le fios go mbeidh deireadh seachtaine san áireamh chun táille APEX 1 a fháil, beidh an ball foirne i dteideal an liúntais cothaithe laethúil breise, ar choinníoll go mbeidh an táille APEX níos saoire ná aon táille aeir eile agus go ndéanfar airgead a spáráil ar an iomlán.

3.3.Is é an gnáthchaighdeán a bheidh ann i gcás taisteal d'iarnród, taisteal sa dara grád i gcás achar suas go 200 km, agus taisteal sa chéad ghrád i gcás achar is faide ná sin.

3.4.I gcás nach mbeidh modh iompair d'aer nó d'iarnród le fáil nó nach mbeidh sé costéifeachtach, údarófar taisteal de bhus nó de ghluaisteán.

3.5.I gcás ina n‑údarófar taisteal de ghluaisteán, beifear ag súil go mbainfidh an ball foirne úsáid as na socruithe arna ndéanamh ag an gComhphobal Iompair maidir le gluaisteáin ar cíos. Déanfaidh an Comhphobal Iompair foráil maidir leis an gclúdach árachais is airde is féidir a chur ar fáil. I gcás ina mbeidh coinneáil ag gabháil leis an árachas, cumhdóidh an Comhphobal Iompair é. Ní bheidh an Comhphobal Iompair faoi dhliteanas i gcásanna nach gcumhdaítear an damáiste, an caillteanas nó an ghadaíocht leis an árachas.

3.6.D'eisceacht, féadfar a údarú go n‑úsáidfí gluaisteán príobháideach. Sa chás sin, aisíocfar na costais leis an mball foirne agus beidh an méid a aisíocfar comhionann le costais an ticéid iarnróid sa ghrád comhfhreagrach i gcomhréir le mír 3.3. I gcás ina dtaistealóidh níos mó ná ball foirne amháin de ghluaisteán, is le húinéir an ghluaisteáin, agus leisean amháin, a dhéanfar an aisíocaíocht. Nuair is gluaisteán príobháideach a úsáidfear, ní féidir leis an gComhphobal Iompair dul faoi aon dliteanas i leith aon éilimh tríú páirtí, damáiste don ghluaisteán nó cailleadh nó goid ítimí pearsanta a d'fhágfaí sa ghluaisteán.

3.7.Ní ceadmhach do bhaill foirne cinn scríbe phríobháideacha a chuimsiú sa chúrsa taistil ach amháin má bhíonn údarú cuí faighte acu ón Stiúrthóir. Má bhíonn costais níos airde mar thoradh ar chuimsiú cinn scríbe phríobháidigh, ní mór don bhall foirne íoc as an difríocht idir táille an chúrsa taistil oifigiúil agus an táille athraithe.

4.Ticéid a cheannach

4.1.Is ar mhodh láraithe , laistigh de Rannóg Riarachán Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, a dhéantar socruithe maidir le háirithintí taistil.

4.2.Táthar ag súil go gcuirfidh na baill foirne a riachtanais taistil in iúl a luaithe is féidir ionas go mbeifear in ann an táille is saoire a fháil.

4.3.Seolfaidh an Rannóg Riaracháin an t‑iarratas taistil formheasta chuig an ngníomhaireacht taistil údaraithe agus tabharfaidh an Rannóg ar ais don taistealaí é. Tabharfaidh an Comhphobal Iompair treoir don ghníomhaireacht taistil gan ticéid a eisiúint agus a sheachadadh sula mbeidh an t‑iarratas taistil údaraithe faighte acu, le facs. Is é Tá feidhm ag an nós imeachta céanna i gcás ticéad iarnróid. I gcás nach féidir ticéid iarnróid a fháil ón ngníomhaireacht taistil, féadfaidh baill foirne a dticéid iarnróid féin a cheannach agus tabharfar aisíocaíocht dóibh nuair a chuirfidh siad isteach an t‑éileamh taistil ábhartha.

5.Speansais taistil

Le speansais taistil arna n‑íoc nó arna n‑aisíoc ag an gComhphobal Iompair ar bhonn doiciméid tacaíochta, cuimsítear:

An costas a bhaineann le hiompar, ar a n‑áirítear iompar chuig an aerfort nó ceann scríbe nó pointe tosaigh eile (i.e. óstán, áit chónaithe eile, ionad chruinnithe, áitreabh Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair), nó uathu;

Liúntas cothaithe laethúil;

Costais eile a bhaineann ar dhóigh dhíreach leis an taisteal agus a údaraíodh trí bhíthin an iarratais taistil (e.g. bagáiste sa bhreis, costais víosa, táillí clárúcháin le haghaidh comhdhálacha nó seimineáir, etc.).

6.Iompar chuig aerfoirt, calafoirt agus stáisiúin, nó uathu, ag an áit fostaíochta

Mar riail ghinearálta, ba chóir don fhoireann úsáid a bhaint as iompar poiblí. Mar sin féin, féadfaidh an Stiúrthóir turas aistrithe i dtacsaí a údarú má bhíonn údar cuí leis sin, go háirithe i gcás ina ndéanfaidh beirt nó níos mó de bhaill foirne ar mhisean tacsaí a roinnt, i gcás nach mbeidh modh iompair phoiblí eile le fáil, nó i gcás ina mbeidh an t‑aistriú le déanamh roimh 8 am nó i ndiaidh 9 pm. Aisíocfar na costais a bhainfidh leis sin, nuair a chuirfear na doiciméid tacaíochta ar fáil. Féadfar úsáid gluaisteáin phríobháidigh a údarú ach údar cuí a bheith leis sin. Sa chás sin, ní aisíocfar ach na táillí páirceála (ag an aerfort, ag an stáisiún nó ag an gcalafort) nuair a chuirfear na doiciméid tacaíochta ar fáil.

7.Iompar san áit a mbeifear i gceann an taistil oifigiúil

Mar riail ghinearálta, ba chóir úsáid a bhaint as iompar poiblí. D'ainneoin sin, ceadaítear úsáid tacsaithe mura rogha iomchuí é an t‑iompar poiblí (ar fhorais na slándála, mar shampla). Tríd an éileamh ar aisíocaíocht don bhall foirne lena mbaineann a shíniú, aithníonn an Stiúrthóir an fíoras seo. Aisíocfar na costais nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil..

8.Cur ar ceal nó modhnú roimh imeacht

Má chuirtear an taisteal oifigiúil ar ceal nó má mhodhnaítear é, ní mór don bhall foirne:

an Stiúrthóir agus an Rannóg Riaracháin a chur ar an eolas láithreach agus na cúiseanna a bhí leis an gcealú nó leis an modhnú sin a mhíniú;

na ticéid agus na háirithintí arna n‑eisiúint ag an ngníomhaireacht taistil údaraithe a chur ar ceal nó a chur in áirithe arís láithreach, i scríbhinn, fiú mura cinn iad atá inaisíoctha;

na céimeanna riachtanacha a ghlacadh chun na ticéid a fuarthas go díreach ar bhealach eile a chur ar ceal nó a chur in áirithe arís;

áirithintí óstáin agus áirithintí gluaisteáin ar cíos a chur ar ceal nó a mhodhnú láithreach, i scríbhinn;

ráiteas a tharraingt suas maidir le speansais a tabhaíodh mar thoradh ar an gcur ar ceal/ modhnú.

Cumhdóidh an Comhphobal Iompair costais an chealúcháin agus costais na hatháirithinte, gan beann ar an mbealach ar cuireadh na háirithintí in áirithe.

9.Fadú

Féadfaidh sé go mbeidh sé riachtanach síneadh a chur le taisteal oifigiúil de dheasca imthosca gan choinne. Má chuirtear síneadh le fad tréimhse an taistil a bhí beartaithe ar an ordú misin, agus má bhíonn costais bhreise mar thoradh ar an síneadh sin, ní mór é sin a lua san éileamh aisíocaíochta le haghaidh speansais taistil (féach pointe 15).

10.Briseadh

Féadfaidh sé go mbeidh sé riachtanach taisteal oifigiúil a idirbhriseadh ar mhaithe le riachtanais na seirbhíse, mar gheall ar force majeure nó ar chúiseanna pearsanta tromchúiseacha arna n‑aithint amhlaidh ag an Stiúrthóir. Ní mór don Stiúrthóir an t‑idirbhriseadh sa taisteal a údarú roimh ré ach amháin i gcás práinne nó mura féidir teagmháil a dhéanamh leis an Stiúrthóir. Maidir leis na costais uile a thabhófar mar thoradh ar idirbhriseadh arna údarú ag an Stiúrthóir ar na forais a liostaítear thuas, cumhdóidh an Comhphobal Iompair costais sin agus aisíocfar iad mar chostais a ghabh leis an taisteal oifigiúil.

11.Athruithe arna ndéanamh ar chúiseanna pearsanta

Féadfar údarú a thabhairt do bhaill foirne atá ag taisteal go hoifigiúil an clár ama, socruithe cóiríochta lóistín nó socruithe iompair a oiriúnú ar chúiseanna pearsanta. Sa chás sin, ní mór dóibh comparáid a chur isteach leis an iarratas ar údarú, arb é a bheidh ann comparáid idir na costais a bhainfeadh leis na socruithe oiriúnaithe agus na costais a thabhófaí gan na hathruithe sin. Ní mór an chomparáid sin a tharraingt suas an tráth céanna, agus ní mór úsáid a bhaint as ceann de na modhanna a roghnaíodh chun an taisteal a eagrú agus as na coinníollacha a socraíodh nuair a eagraíodh an taisteal. Is é an duine atá ag dul ar an taisteal a sheasfaidh, go díreach agus go pearsanta (ar na modhanna a chuirfidh an Rannóg Riaracháin in iúl dó), na nithe seo a leanas:

aon chostas breise 2 a eascróidh as na hathruithe a rinneadh ar chúiseanna pearsanta, ar a n‑áirítear costais a ghabhfaidh le himeacht ó ionad eile agus/nó filleadh ar ionad eile, má léiríonn an chomparáid méadú ar chostas an mhisin;

aon táillí a ghearrfar as an gcomparáid a sholáthar, más gníomhaireacht taistil a dhéanfaidh an chomparáid.

12.Liúntas cothaithe laethúil (LCL)

12.1.Leis an liúntas cothaithe laethúil, áirítear na costais a bhaineann le lóistín agus béilí, aiscí agus costais teagmhasacha eile.

12.2.Na rátaí LCL is infheidhme maidir le conarthaí cabhrach seachtraí arna maoiniú ag an Aontas Eorpach, beidh feidhm acu ag an scála is déanaí a bheidh leagtha síos maidir leo 3

An ráta le haghaidh na háite ina gcaithfidh an ball foirne an oíche, sin é an ráta is infheidhme. LCL aon lae iomláin amháin a íocfar in aghaidh an lae a thosófar ar an taisteal. Ní íocfar aon LCL an lá a thiocfaidh deireadh leis an taisteal i.e. íocfar an LCL de réir líon na n‑oícheanta sa taisteal.

12.3.Féadfaidh an Stiúrthóir cúiteamh is airde a fhormheas go heisceachtúil, ar bhonn cás ar chás, i gcas ina n‑iarrfaí ar an taistealaí an oíche a chaitheamh in óstáin ar socraíodh orthu roimh ré agus a mbeadh an ráta seomra iontu chomh hard le 60% nó níos mó den ráta LCL. I gcásanna mar seo, aisíocfar na costais cóiríochta lóistín nuair a chuirfear an bille lena mbaineann i láthair. In aon chás, ní mór tuairisc a thabhairt ar chúinsí ar chúis iad le cúiteamh níos airde san iarratas taistil, agus ní mór don iarratas a bheith formheasta roimh imeacht.

12.4.Cuirfear rátaí LCL laghdaithe i bhfeidhm i gcás:

12.4.1.nach mbeidh fanacht thar oíche i gceist sa taisteal:

I gcás taisteal ar cothrom le 8 n‑uair an chloig, nó ar mó ná sin, a fhad tréimhse, íocfar 50% den LCL a bheidh i bhfeidhm le haghaidh an chinn scríbe faoi seach;

I gcás taisteal ar giorra ná 8 n‑uair an chloig, agus ar faide ná 5 uair an chloig, a fhad tréimhse, íocfar 35% den LCL.

I gcás taisteal ar cothrom le 5 uair an chloig, nó ar lú ná sin, a fhad tréimhse, íocfar 20 % den LCL.

12.4.2.ina soláthrófar cóiríocht lóistín saor in aisce don taistealaí:

Íocfar 50% den LCL a bheidh i bhfeidhm le haghaidh an chinn scríbe faoi seach.

12.4.3.ina mbeidh eitiltí idirnáisiúnta nó turais traenach thar oíche ina gcuid den taisteal:

Íocfar 50% den LCL a bheidh i bhfeidhm le haghaidh an chinn scríbe faoi seach.

12.4.4.ina soláthrófar béilí (bricfeasta, lón agus/nó dinnéar) saor in aisce don taistealaí:

Laghdófar an ráta LCL de 10% in aghaidh gach aon bhéile saor in aisce.

12.4.5.ina soláthrófar cóiríocht lóistín agus béilí saor in aisce don taistealaí:

Íocfar 20 % den LCL.

12.5.I gcás ina mbeidh taisteal laistigh den tír óstach (an tSeirbia) ina chuid den taisteal, is é LCL na tíre óstaí a chuirfear i bhfeidhm. Maidir leis an laghdú a dhéanfar ar an LCL laistigh den tSeirbia, is iad na forálacha céanna a chuirfear i bhfeidhm, eadhon na forálacha maidir le taisteal ar an gcoigríoch.

12.6.I gcás inarb é eagraí an imeachta a sheasfaidh na speansais uile, is iad na forálacha thuasluaite maidir le ríomh an LCL a chuirfear i bhfeidhm.

12.7.Ní íocfar aon liúntas cothaithe laethúil i leith na coda sin den taisteal a bhí faoi réir athruithe a rinneadh faoi airteagal 11 (athruithe a rinneadh ar chúiseanna pearsanta).

13.Airleacain taistil

13.1.Tabharfaidh an Comhphobal Iompair cistí ar airleacan le haghaidh taisteal ar ghnó oifigiúil, cistí arbh fhiú chomh mór le 80% de LCL an turais iad , má iarrann an taistealaí sin air. Ní mór iarratais ar airleacain taistil a dhéanamh 4 lá oibre, ar a laghad, roimh an lá imeachta.

13.2.Aon suimeanna a íocfar mar airleacan, bainfear iad de na méideanna a aisíocfar chun speansais misin a chumhdach. Má tharlaíonn sé go n‑íocfar airleacan is airde ná costas iarbhír an mhisin, déanfar an farasbarr a ghnóthú i bhfoirm íocaíocht aonair as an gcéad íocaíocht eile de thuarastal an duine a chuaigh ar an misean. Má íoctar airleacan le ball foirne le haghaidh misin agus go gcuirtear an misean ar ceal ina dhiaidh sin, bainfear méid an airleacain go huathoibríoch as íocaíocht tuarastail ina dhiaidh sin.

14.Tuarascálacha taistil

Cuirtear de cheanglas ar bhaill foirne a rachaidh ag taisteal ar ghnó oifigiúil go gcuirfidh siad tuarascáil taistil isteach laistigh de sheachtain amháin óna bhfilleadh ar an ionad oibre. Síneoidh an maoirseoir í, cuirfear i gceangal leis éileamh taistil í, agus seolfar chuig an Stiúrthóir í agus chuig na baill foirne lena mbaineann, de réir mar is iomchuí.

15.Speansais taistil a aisíoc

15.1.Laistigh de sheachtain amháin ó fhilleadh ar an ionad oibre, cuirfear éileamh aisíocaíochta le haghaidh speansais taistil faoi bhráid na Rannóige Riaracháin agus an Stiúrthóra, agus beidh an tuarascáil taistil, an t‑údarú taistil agus na doiciméid tacaíochta ag gabháil leis an éileamh sin, cibé acu a íocadh airleacan taistil nó nár íocadh. Ní gá billí i ndáil le hóstáin nó béilí ná billí i ndáil le costais eile a chur i gceangal leis an éileamh toisc gurb é a bhíonn san LCL a chinntear ná cnapshuim a íoctar mar chúiteamh ar na speansais sin.

15.2.I gcás ina mbeidh ball foirne tar éis glacadh le hairleacan taistil ach gur theip air an t‑éileamh taistil i leith an taistil sin a chur isteach laistigh den tréimhse a shonraítear, bainfear an t‑airleacan taistil as íocaíocht tuarastail ina dhiaidh sin. Ní aisíocfar an t‑airleacan taistil a baineadh ach amháin má chuirtear isteach an t‑éileamh taistil.

16.Freagracht agus dliteanas na foirne

Tá na baill foirne freagrach as cruinneas agus iomláine na ndearbhuithe agus na léirithe a thugann siad le linn iad a bheith i mbun phleanáil an taistil, i mbun an taistil agus ag ullmhú tuarascála faoin taisteal. Gan dochar d'fhorálacha Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, beidh siad faoi dhliteanas i leith aon mhéid nach raibh cruinn nó aon mhí‑iompair.

Ní mór do bhaill foirne an taisteal oifigiúil a chur i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais feidhmíochta ghinearálta a leagtar síos i Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair. Bítear ag súil leis go ngníomhóidh baill foirne de réir na gcaighdeán is airde eitice gairmiúla, agus go mbeidh siad i gcónaí neamhspleách.

17.Bearta um Rialú

Coimeádfaidh an Comhphobal Iompair na taifid, na doiciméid agus an fhianaise a bhaineann le húdarú, le pleanáil agus le heagrú an taistil, chomh maith leis na taifid, na doiciméid agus an fhianaise a bhaineann le himréiteach íocaíochtaí dlite, ar feadh tréimhse cúig bliana.

Is iad rialacha airgeadais agus nósanna imeachta iniúchóireachta an Chomhphobail Iompair a bheidh i bhfeidhm.

18.Barúlacha Deiridh

Tiocfaidh na Rialacha Taistil seo i bhfeidhm an lá i ndiaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach iad a ghlacadh.

IARSCRÍBHINN I - B

NÓTA CUIMHNE

maidir le taisteal oifigiúil a dhéanann Stiúrthóir

Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair

Le líonadh isteach agus le síniú roimh imeacht:

CUSPÓIR AN TURAIS

CEANN SCRÍBE

DÁTA IMEACHTA

DÁTA FILLTE

CÚRSA TAISTIL

SOCRUITHE CÓIRÍOCHTA LÓISTÍN

I dTEANNTA LE TAISTEAL PRÍOBHÁIDEACH

□ NÍL

□ TÁ:

□ costas an turais i dteannta le taisteal príobháideach: ……….

□ costas an turais gan a bheith i dteannta le taisteal príobháideach ……..

COSTAIS MHEASTA

NÓTAÍ TRÁCHTA

Síniú:

Dáta: 



Le líonadh isteach agus le síniú ar fhilleadh:

COSTAIS DEIRIDH

Speansais taistil:

Liúntas cothaithe laethúil:

Eile:

COSTAS IOMLÁN:

CUSPÓIR AN TAISTIL BAINTE AMACH?

TÁ/NÍL

NÓTAÍ TRÁCHTA:

Síniú:

Dáta: 



IARSCRÍBHINN II

DRÉACHT

CINNEADH Uimh. 2020/
Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

an …

maidir le glacadh rialacha maidir le haisíoc na speansas a thabhaíonn daoine lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinnithe mar shaineolaithe

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh um Chomhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Glactar leis seo rialacha maidir le haisíoc na speansas a thabhaíonn daoine lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinnithe mar shaineolaithe.

                           Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

                           An tUachtarán



Rialacha maidir le haisíoc na speansas a thabhaíonn daoine lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinnithe

mar shaineolaithe

AIRTEAGAL 1

1.Beidh feidhm ag na rialacha seo maidir leo seo a leanas:

(a)aon duine lasmuigh den Chomhphobal Iompair a gheobhaidh cuireadh chun tuairim ghairmiúil shonrach a chur os comhair coiste nó meithle, gan beann ar an áit a mbeidh an cruinniú;

(b)aon duine a bheidh freagrach as tionlacan duine faoi mhíchumas a fuair cuireadh ón gComhphobal Iompair freastal ar chruinniú mar shaineolaí.

2.Féadann sé gur san earnáil phríobháideach a bheadh sna saineolaithe, nó gur saineolaithe rialtais iad:

(a)Is éard is saineolaithe ón earnáil phríobháideach ann daoine aonair a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí sibhialta nó a oibríonn d'eagraíocht phríobháideach agus ar iarradh orthu a gcuid saineolais phearsanta a roinnt leis an gComhphobal Iompair nó ionadaíocht a dhéanamh ar a n‑eagraíocht, i réimse sonrach, ach gan leas tíre ar leith a chosaint;

(b)Is éard is saineolaithe rialtais ann daoine aonair a fuair cuireadh mar ionadaithe ar údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach nó de chuid Páirtí de Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa nó a ndearna údarás acu sin iad a cheapadh.

AIRTEAGAL 2

Ní bheidh Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair faoi dhliteanas i leith aon damáiste ábhartha, neamh‑ábhartha nó fisiceach a bhainfeadh do na saineolaithe a gheobhaidh cuireadh nó dóibh siúd a bheidh ag tionlacan saineolaithe faoi mhíchumas le linn a n‑aistir chuig an áit ina mbeidh an cruinniú nó le linn iad a bheith ag fanacht ann, ach amháin i gcás ina dtiocfadh dochar de sin ab fhéidir a chur go díreach i leith Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair.

Go háirithe, ní bheidh an Comhphobal Iompair faoi dhliteanas i leith aon timpiste a tharlódh agus lena mbeadh baint ag saineolaithe a gheobhaidh cuireadh freastal ar chruinniú agus a úsáidfidh a modh iompair féin chun taisteal chuig an gcruinniú.

AIRTEAGAL 3

1.Beidh na saineolaithe ar fad i dteideal aisíocaíocht le haghaidh speansais an taistil ón áit a shonraítear ar a gcuireadh (seoladh baile nó seoladh oibre) chuig áit an chruinnithe, ar an modh iompair is iomchuí agus fad slí an turais á chur san áireamh. Go ginearálta, i gcás turais is giorra ná 400 km (aontreo, de réir an fhaid slí oifigiúil d'iarnród), is taisteal sa chéad ghrád a bheidh ann sin, agus i gcás fad slí is faide ná 400 km, is aerthaisteal sa ghrád barrainne a bheidh ann. Má bhíonn fad 4 uair an chloig nó níos mó sa turas d'aer, aisíocfar costas ticéid gnó.

2.Déanfaidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair iarracht ar leith a áirithiú go n‑eagrófar na cruinnithe ar bhealach go mbeidh na saineolaithe in ann leas a bhaint as na rátaí taistil is barrainní. Déanfaidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair grinnscrúdú thar an ngnách ar aon iarratas ar aisíocaíocht ina mbeidh eitiltí ar chostas is daoire ná is gnách. Beidh sé de cheart aige nó aici aon fhíorú is gá a dhéanamh agus, chun na críche sin, a iarraidh ar an saineolaí aon chruthúnas is gá a chur ar fáil. Beidh sé de cheart aige nó aici freisin, i gcás inar dealraitheach go bhfuil údar maith leis sin, an aisíocaíocht a theorannú go dtí na rátaí a chuirtear i bhfeidhm de ghnáth maidir leis an ngnáth‑thuras ó áit oibre nó ó áit bhaile an tsaineolaí chuig áit an chruinnithe.

3.Aisíocfar na speansais taistil nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil: ticéid agus sonraisc nó, i gcás áirithintí a dhéanfar ar líne, an t‑asphrionta den áirithint leictreonach agus cártaí bordála an turais amach. Ní mór grád an taistil, an t‑am taistil agus an méid a íocadh a bheith léirithe sna doiciméid a chuirfear ar fáil.

4.Maidir leis an gcostas a ghabhfaidh le taisteal de ghluaisteán príobháideach, aisíocfar é ag an ráta céanna a chuirtear a bhfeidhm i gcás ticéad traenach den chéad ghrád.

5.Más bealach é nach bhfuil aon seirbhís traenach ag freastal air, is ag ráta EUR 0.22 in aghaidh an km a aisíocfar an costas a ghabhfaidh le taisteal de ghluaisteán príobháideach.

6.Ní aisíocfar táillí tacsaí.

AIRTEAGAL 4

1.Maidir leis an liúntas laethúil a íocfar in aghaidh gach lae a mbeidh an cruinniú ar siúl, is ráta comhréidh é lena gcumhdófar an caiteachas ag áit an chruinnithe, ar a n‑áirítear costas béilí agus iompair áitiúil (bus, tram, meitreo, tacsaí, páirceáil, dolaí mótarbhealaigh, etc.), mar shampla, chomh maith le hárachas taistil agus timpiste.

2.Is EUR 92.00 a bheidh sa liúntas laethúil.

3.Más cothrom le 100 km nó más giorra ná 100 km an fad slí idir an áit imeachta a luaitear sa chuireadh agus an áit a mbeidh an cruinniú, laghdófar an liúntas laethúil de 50%.

4.Saineolaithe nach mbeidh de rogha acu ach oíche amháin nó níos mó a chaitheamh san áit a mbeidh an cruinniú, toisc amanna na gcruinnithe a bheith ar neamhréir le hamanna na n‑eitiltí nó na dtraenacha 4 , beidh siad i dteideal liúntas cóiríochta lóistín. Is EUR 100.00 in aghaidh na hoíche a bheidh sa liúntas sin. Ní fhéadfaidh an líon oícheanta a bheith níos mó ná an líon laethanta cruinnithe + 1.

5.Féadfar liúntas cóiríochta lóistín breise agus/nó liúntas laethúil breise a íoc, go heisceachtúil, más amhlaidh go gcuirfeadh síneadh le tréimhse an fhanachta ar chumas an tsaineolaí laghdú a fháil ar an gcostas iompair agus go mbeadh luach an laghdaithe sin níos mó ná méid na liúntas sin.

6.I gcás saineolaithe leibhéil an‑ard, féadfar an liúntas laethúil agus/nó an liúntas cóiríochta lóistín a ardú de 50% le cinneadh réasúnaithe ó Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair.

AIRTEAGAL 5

I gcás inar rí‑dhealraitheach, agus na speansais a thabhóidh saineolaí faoi mhíchumas de dheasca a mhíchumais nó aon duine a bheidh á thionlacan á dtabhairt san áireamh, nach leor na liúntais dá bhforáiltear in Airteagal 4, aisíocfar na speansais ar iarratas ó Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil.

AIRTEAGAL 6

1.Mura sonrófar a mhalairt sa litir chuiridh agus san iarratas lena n‑iarrtar an cruinniú a eagrú, beidh saineolaithe ón earnáil phríobháideach i dteideal liúntas laethúil in aghaidh gach lae a mbeidh an cruinniú ar siúl agus, i gcás inarb iomchuí, liúntas cóiríochta lóistín freisin, ar choinníoll go ndearbhóidh siad ar a n‑onóir nach bhfaighidh siad liúntas cosúil leis ná liúntais cosúil leo ó institiúid eile i ndáil leis an gcuairt chéanna. Áiritheoidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair go mbeidh comhsheasmhacht ann idir an méid a bheidh sna litreacha cuiridh agus an méid a bheidh sna hiarratais lena n‑iarrtar an cruinniú a eagrú.

2.Gheobhaidh saineolaithe rialtais liúntas laethúil in aghaidh gach lae a mbeidh an cruinniú ar siúl agus, i gcás inarb iomchuí, liúntas cóiríochta lóistín freisin, ar choinníoll go ndéantar foráil maidir leis sin le rialacha nós imeachta an choiste nó na meithle agus ar choinníoll go ndearbhóidh siad ar a n‑onóir nach bhfaighidh siad liúntas cosúil leis ná liúntais cosúil leo óna gcóras riaracháin féin i ndáil leis an gcuairt chéanna.

3.Féadfaidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, aisíoc speansais nár mhór do na saineolaithe a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinniú a thabhú mar thoradh ar threoracha speisialta a bhfuair siad i scríbhinn, a údarú le cinneadh réasúnaithe nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil.

4.Déanfar gach aisíocaíocht le haghaidh speansais taistil, liúntais laethúla agus/nó liúntais cóiríochta lóistín a chur in aon chuntas bainc amháin.

5.Déanfar na haisíocaíochtaí le haghaidh chostais na saineolaithe a chur i gcuntas in ainm an rialtais, in ainm aireachta de chuid an rialtais nó in ainm comhlachta phoiblí, mura mbeidh maolú déanta ina leith sin ag an rialtas, ag aireacht de chuid an rialtais nó ag comhlacht poiblí.

AIRTEAGAL 7

1.Is é an t‑uaslíon saineolaithe a cheadófar in aghaidh an chruinnithe, bíodh na saineolaithe sin i dteidil aisíocaíocht le haghaidh a gcuid speansas nó ná bídís, ná saineolaí amháin in aghaidh an Pháirtí i gcás Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus in aghaidh an Bhallstáit i gcás Ballstáit den Aontas Eorpach, más mar shaineolaithe rialtais a gheobhaidh siad cuireadh, agus an líon céanna saineolaithe ón earnáil phríobháideach.

2.Féadfaidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair imeacht ón riail seo, le cinneadh réasúnaithe, i gcás cruinnithe comhpháirteacha idir roinnt coistí nó meithleacha.

AIRTEAGAL 8

1.Tarraingeofar suas an t‑ordú íocaíochta ar bhonn an iarratais ar aisíocaíocht, arna chomhlíonadh mar is cuí agus arna shíniú ag an saineolaí agus ag rúnaí an chruinnithe atá freagrach as láithreacht an tsaineolaí a dheimhniú.

2.I dtaca leis na doiciméid a theastaíonn chun aisíocaíocht a fháil, ní mór do na saineolaithe iad a chur chuig rúnaí an chruinnithe le litir, facs nó ríomhphost ar a mbeidh postmharc nó dáta seolta, tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an lae deiridh den chruinniú.

3.Aisíocfaidh Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair speansais an tsaineolaí laistigh de 30 lá féilire.

4.I gcás nach gcomhlíonfar mír 2, scaoilfear an Comhphobal Iompair ó aon dualgas speansais taistil a aisíoc nó aon liúntas a íoc, ach amháin más féidir leis an saineolaí údar cuí a thabhairt, ar údar é a mbeidh glacadh leis, le cinneadh réasúnaithe, ag Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair.

AIRTEAGAL 9

1.Aisíocfar na speansas taistil in euro, i gcás inarb iomchuí, ag an ráta malairte is infheidhme ar lá an chruinnithe.

2.Aisíocfar an liúntas laethúil agus, i gcás inarb iomchuí, an liúntas cóiríochta lóistín, in euro ag an ráta comhréidh is infheidhme ar lá an chruinnithe.



IARSCRÍBHINN III

DRÉACHT

CINNEADH Uimh. 2020/

Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

an …

maidir leis an nós imeachta um chur chun feidhme an bhuiséid agus um thíolacadh agus iniúchadh na gcuntas, is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh um Chomhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagail 24(1) agus 35 de,

TAR ÉIS CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Glacfar leis seo na rialacha airgeadais agus nósanna imeachta iniúchóireachta is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair.

                       Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

                       An tUachtarán



IARSCRÍBHINN III

CLÁR

TITLE I: SUBJECT MATTER

TITLE II: OBLIGATIONS OF THE PARTIES

TITLE III: BUDGETARY PRINCIPLES

CHAPTER 1 PRINCIPLE OF UNITY AND BUDGETARY ACCURACY

CHAPTER 2 PRINCIPLE OF ANNUALITY

CHAPTER 3 PRINCIPLE OF EQUILIBRIUM

CHAPTER 4 PRINCIPLE OF UNIT OF ACCOUNT

CHAPTER 5 PRINCIPLE OF UNIVERSALITY

CHAPTER 6 PRINCIPLE OF SPECIFICATION

CHAPTER 7 PRINCIPLE OF SOUND FINANCIAL MANAGEMENT

CHAPTER 8 PRINCIPLE OF TRANSPARENCY

CHAPTER 9 INTERNAL CONTROL OF BUDGET IMPLEMENTATION

TITLE IV: BUDGET COMMITTEE

TITLE V: IMPLEMENTATION OF THE BUDGET

CHAPTER 1 GENERAL PROVISIONS

CHAPTER 2 FINANCIAL ACTORS

CHAPTER 3 LIABILITY OF THE FINANCIAL ACTORS

CHAPTER 4 REVENUE OPERATIONS

CHAPTER 5 EXPENDITURE OPERATIONS

TITLE VI: PROCUREMENT

TITLE VII: PRESENTATION OF THE ACCOUNTS AND ACCOUNTING

CHAPTER 1 PRESENTATION OF THE ACCOUNTS

CHAPTER 2 ACCOUNTING

CHAPTER 3 PROPERTY INVENTORIES

TITLE VIII: EXTERNAL AUDIT AND DISCHARGE

CHAPTER 1 EXTERNAL AUDIT

TITLE IX: TRANSITIONAL AND FINAL PROVISIONS

TEIDEAL I

ÁBHAR

Airteagal 1

Leis na Rialacha seo, leagtar síos na nósanna imeachta um chur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Iompair i gcomhréir le hAirteagal 35 den Chonradh um Chomhphobal Iompair (dá ngairtear “an Conradh" anseo feasta) 5 .

TEIDEAL II

OIBLEAGÁIDÍ NA bPÁIRTITHE

Airteagal 2

1.Aistreoidh na Páirtithe 75% dá ranníocaíochtaí airgeadais chuig an gComhphobal Iompair tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain. Aistreoidh na Páirtithe an 25% eile dá ranníocaíochtaí airgeadais tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain.

2.Ní mór ranníocaíochtaí airgeadais na bPáirtithe chuig an gComhphobal Iompair a dhéanamh in euro.

3.Seasfaidh an Comhphobal Iompair an costas idirbhirt a ghearrfaidh a sholáthraí seirbhísí íocaíochta féin agus is iad na Páirtithe Conarthacha a sheasfaidh an costas idirbhirt a ghearrfaidh a soláthraí seirbhísí íocaíochta féin.

TEIDEAL III

NA PRIONSABAIL BHUISÉADACHA

Airteagal 3

Beidh cur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Iompair (dá ngairtear "an buiséad" anseo feasta) i gcomhréir le prionsabail an chruinnis bhuiséadaigh, na bliantúlachta, na cothromaíochta, an aonaid chuntais, na huilíochta, na sonraíochta, na bainistíochta fónta airgeadais, rud a dteastaíonn rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil lena aghaidh, chomh maith le trédhearcacht, mar a leagtar amach sna rialacha reatha.

CAIBIDIL 1

PRIONSABAL AN CHRUINNIS BHUISÉADAIGH

Airteagal 4

Ní fhéadfar aon chaiteachas a ghealladh nó a údarú, ar caiteachas é is mó ná na leithreasaí údaraithe.

CAIBIDIL 2

PRIONSABAL NA BLIANTÚLACHTA

Airteagal 5

Caiteachas riaracháin a thiocfaidh de chonarthaí lena gcumhdaítear tréimhsí is faide amach ná an bhliain airgeadais, arna dhéanamh i gcomhréir leis an gcleachtas áitiúil nó a mbeidh baint aige le soláthar trealaimh, muirearófar é ar bhuiséad na bliana airgeadais inar tháinig siad in éifeacht.

Airteagal 6

1.Maidir leis na leithreasaí a údarófar sa bhuiséad do bhliain ábhartha, féadfar iad a úsáid chun críche amháin, eadhon chun caiteachas a gealladh agus a íocadh sa bhliain airgeadais sin a chumhdach agus chun méideanna a chumhdach a bheidh dlite i gcoinne gealltanais a rinneadh sa bhliain airgeadais roimhe sin.

2.Maidir leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, iontrálfar iad sna cuntais le haghaidh na bliana airgeadais ar bhonn na ngealltanas dlíthiúil a rinneadh anuas go dtí an 31 Nollaig an bhliain sin.

3.Maidir leis na leithreasuithe íocaíochta, iontrálfar iad sna cuntais le haghaidh na bliana airgeadais ar bhonn na n‑íocaíochtaí a rinne an t‑oifigeach cuntasaíochta faoin 31 Nollaig an bhliain sin.

4.Leithreasuithe a thabharfar anall ó na blianta airgeadais roimhe sin, aithneofar iad faoi seach sna cuntais.

CAIBIDIL 3

PRIONSABAL NA COTHROMAÍOCHTA

Airteagal 7

Ní dhéanfaidh an Comhphobal Iompair iasachtaí a chruinniú.

CAIBIDIL 4

PRIONSABAL AN AONAID CHUNTAIS

Airteagal 8

Is in euro a chuirfear an buiséad chun feidhme agus is in euro a thíolacfar na cuntais. Chun críoch a bhaineann le sreafaí airgid, áfach, údarófar do Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair oibríochtaí a dhéanamh in airgeadraí eile.

CAIBIDIL 5

PRIONSABAL NA hUILÍOCHTA

Airteagal 9

1.Féadfar na hasbhaintí seo a leanas a dhéanamh ó iarratais ar íocaíocht, ó shonraisc nó ó ráitis, roimh iad a chur ar aghaidh le go n‑íocfaí an glanmhéid:

(a)pionóis a ghearrtar ar pháirtithe i gconarthaí, ar a n‑áirítear conarthaí soláthair;

(b)coigeartuithe le haghaidh méideanna a íocadh ach nach raibh dlite, rud is féidir a dhéanamh trí bhíthin asbhaint dhíreach as íocaíocht nua den chineál céanna leis an íocaí céanna faoin gcaibidil, faoin airteagal agus faoin mbliain airgeadais arb ina leith a rinneadh an íocaíocht iomarcach, agus as a n‑eascraíonn íocaíochtaí eatramhacha nó íocaíochtaí iarmhéide.

2.Ní dhéanfar lascainí, aisíocaíochtaí ná lacáistí ar shonraisc agus ar iarratais íocaíochta a thaifead mar ioncam de chuid an Chomhphobail Iompair.

3.Aon iarmhéid diúltach, iontrálfar é sa bhuiséad mar chaiteachas.

CAIBIDIL 6

PRIONSABAL NA SONRAÍOCHTA

Airteagal 10

1.Leithreasuithe a bhí leithdháilte ar líne bhuiséid ar leith, féadfaidh an Stiúrthóir iad a úsáid chun críocha a bhaineann le líne bhuiséad eile, ar choinníoll go gceadaítear sin leis an gcinneadh ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach lena nglactar an buiséad ábhartha, agus go bhfantar faoi na teorainneacha a cheadaítear.

2.Cuirfidh an Stiúrthóir an Coiste Stiúrtha Réigiúnach ar an eolas laistigh de 7 lá tar éis cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le mír 1.

CAIBIDIL 7

PRIONSABAL NA BAINISTÍOCHTA FÓNTA AIRGEADAIS

Airteagal 11

4.Úsáidfear leithreasuithe buiséadacha i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena gcuimsítear prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.

5.Maidir leis na hacmhainní a úsáidfidh an Comhphobal Iompair agus é ag saothrú ar a chuid gníomhaíochtaí, ceanglaítear le prionsabal na barainneachta go gcuirfear na hacmhainní sin ar fáil in am trátha, sa chainníocht iomchuí, sa cháilíocht iomchuí agus ag an bpraghas is fearr .

6.Is éard atá i gceist le prionsabal na héifeachtúlachta go mbainfear amach an gaol is fearr is féidir idir na hacmhainní a úsáidfear agus na torthaí a bhainfear amach.

7.Is éard atá i gceist le prionsabal na héifeachtachta go gcuirfear i gcrích na cuspóirí sonracha a leagtar amach agus na torthaí atáthar ag iarraidh a bhaint amach. Déanfar meastóireacht ar na torthaí sin.

CAIBIDIL 8

PRIONSABAL NA TRÉDHEARCACHTA

Airteagal 12

8.Cuirfear an buiséad a chur chun feidhme agus a thíolacadh i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta.

9.An buiséad agus na buiséid leasaitheacha, arna nglacadh go críochnaitheach, foilseofar iad ar shuíomh gréasáin Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair.

CAIBIDIL 9

RIALÚ INMHEÁNACH AR CHUR CHUN FEIDHME AN BHUISÉID

Airteagal 13

1.Cuirfear buiséad an Chomhphobail Iompair chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach éifeachtúil.

2.Chun críocha chur chun feidhme bhuiséad an Chomhphobail Iompair, sainmhínítear rialú inmheánach mar phróiseas atá infheidhme ar gach leibhéal bainistíochta agus atá ceaptha chun cinnteacht réasúnta a chur ar fáil go ngnóthófar na cuspóirí seo a leanas:

(a)éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht na n‑oibríochtaí;

(b)iontaofacht tuairiscithe;

(c)acmhainní agus faisnéis a chosaint;

(d)calaois agus mírialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú, agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith;

(e)bainistíocht leordhóthanach a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun‑idirbheart, ag cur san áireamh chineál ilbhliantúil na gclár chomh maith le cineál na n‑íocaíochtaí lena mbaineann.

3.Bunófar an rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil ar na cleachtais idirnáisiúnta is fearr agus áireofar air sin na heilimintí a leagtar síos le hAirteagal 36(3) agus (4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 go háirithe agus, lena linn sin, cuirfear san áireamh struchtúr agus méid an Chomhphobail Iompair, cineál na dtascanna a chuirfear ar iontaoibh an Chomhphobail agus na suimeanna agus na rioscaí airgeadais agus oibríochtúla lena mbaineann.



TEIDEAL IV

AN COISTE UM AN MBUISÉAD

Airteagal 14

1.Bunaítear Coiste um an mBuiséad leis seo.

2.Cuireann an Coiste um an mBuiséad comhairle ar an Stiúrthóir maidir leis an mbainistíocht airgeadais ar oibríochtaí an Chomhphobail Iompair.

3.Féadfaidh an Coiste um an mBuiséad tuairisciú don Choiste Stiúrtha Réigiúnach agus moltaí a eisiúint maidir le hábhair bhuiséadacha agus maidir le haon ábhair a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an mbuiséad.

4.Chun go bhféadfaidh an Coiste um an mBuiséad a chúraimí a chomhlíonadh, eadhon na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu i mír 2, cuirfear ar fáil don Choiste an fhaisnéis nó na míniúcháin ar fad is gá maidir le hábhair bhuiséadacha agus maidir le hábhair a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an mbuiséad.

Airteagal 15

1.Ar an gCoiste um an mBuiséad, beidh comhalta amháin ó gach páirtí de Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus beirt chomhaltaí ón Aontas Eorpach; is é an Coimisiún Eorpach a dhéanfaidh an ionadaíocht sin thar ceann an Aontais.

2.Is é an Coimisiún Eorpach a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gCoiste um an mBuiséad. Féadfaidh an Cathaoirleach Comhchathaoirleach a cheapadh.

3.Déanfaidh an Coiste um an mBuiséad dhá ghnáthchruinniú ar a laghad a thionól in aghaidh na bliana. Chomh maith leis sin, tiocfaidh sé le chéile ar iarratas ón gCathaoirleach nó ar iarratas ó aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird.

4.Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad a rialacha nós imeachta inmheánacha féin. Féadfar a mholtaí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Gníomhóidh an Coiste um an mBuiséad trí thromlach simplí de na vótaí, ar a n‑áireofar an vóta dearfach ón Aontas Eorpach. I gcás vóta cothrom, is ag an Aontas Eorpach a bheidh an vóta réitigh.

5.Tabharfaidh Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair tacaíocht riaracháin don Choiste um an mBuiséad.

6.Déanfar ionadaíocht ar an mBuanrúnaíocht ag cruinnithe an Choiste um an mBuiséad ach ní bheidh cearta vótála ag gabháil leis an ionadaíocht sin.



TEIDEAL V

AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 16

Comhlíonfaidh an Stiúrthóir dualgais oifigigh údarúcháin.

Airteagal 17

Féadfaidh an Stiúrthóir cumhachtaí um chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig baill foirne de chuid na Buanrúnaíochta. Na daoine sin a chumhachtófar amhlaidh, is laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar dóibh go sainráite a fhéadfaidh siad gníomhú, agus faoi na teorainneacha sin amháin, agus beidh siad faoi cheangal ag an gcinneadh seo. Seolfaidh an Stiúrthóir cóip d'aon chinneadh tarmligin a ghlacfar faoin Airteagal seo chuig an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach.

Airteagal 18

1.Na gníomhaithe airgeadais uile, de réir bhrí Chaibidil 2 den Teideal seo, beidh toirmeasc orthu aon bheart maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a dhéanamh a chothódh coinbhleacht idir a leas féin agus leas an Chomhphobail Iompair. Má thagann cás den sórt sin i dtreis, ní mór don ghníomhaí i gceist staonadh ó na bearta sin agus an t‑ábhar a tharchur chuig an údarás inniúil.

2.Tagann coinbhleacht leasa i dtreis i gcás ina gcuirtear as d'fheidhmiú oibiachtúil, neamhchlaonta fheidhmeanna gníomhaí i gcur chun feidhme an bhuiséid, nó i gcás ina gcuirtear as d'iniúchóir, nuair a tharlaíonn an cur as sin ar chúiseanna a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh, le cúrsaí a bhaineann lena saol príobháideach, le dílseacht pholaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas eile atá i gcoitinne ag an ngníomhaí nó ag an iniúchóir leis an tairbhí nó leis an gconraitheoir.

3.Maidir leis an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, is é a bheidh ann garoifigeach uachtarach an bhaill foirne lena mbaineann. Más é an Stiúrthóir an ball foirne lena mbaineann, is é an Coiste Stiúrtha Réigiúnach an t‑údarás inniúil.

Airteagal 19

Cúraimí saineolais theicniúil agus cúraimí riaracháin, ullmhúcháin nó cúntacha nach mbainfidh le feidhmiú an údaráis phoiblí ná le húsáid cumhachtaí lánroghnacha breithiúnais, féadfar iad a chur ar iontaoibh, trí bhíthin conartha, eintiteas nó comhlachtaí seachtracha, i gcás ina mbeidh sin fíor-riachtanach.    




CAIBIDIL 2

GNÍOMHAITHE AIRGEADAIS

Roinn 1

Prionsabal leithscaradh na ndualgas

Airteagal 20

Déanfar leithscaradh ar dhualgais an oifigigh údarúcháin agus an oifigigh cuntasaíochta, agus beidh na dualgais sin ar neamhréiteach le chéile.

Roinn 2

An t‑oifigeach údarúcháin

Airteagal 21

1.Is ar an oifigeach údarúcháin a bheidh an fhreagracht ioncam agus caiteachas a chur chun feidhme.

2.D'fhonn caiteachas a chur chun feidhme, déanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin gealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, déanfaidh sé caiteachas a bhailíochtú agus íocaíochtaí a údarú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha an Chinnidh seo, agus gabhfaidh sé air na leithreasaí a chur chun feidhme.

3.Is éard a bheidh i gceist le hioncam a chur chun feidhme ná meastacháin a tharraingt suas ar na méideanna is infhaighte, teidlíochtaí atá le gnóthú a bhunú agus orduithe gnóthúcháin a eisiúint. I gcás inarb iomchuí, beidh i gceist leis sin teidlíochtaí bunaithe a tharscaoileadh.

4.Áiritheoidh an t‑oifigeach údarúcháin go gcaomhnófar i gceart, ar feadh tréimhse cúig bliana, na doiciméid tacaíochta ar fad a bhaineann le hoibríochtaí arna ndéanamh.

Airteagal 22

1.Ag féachaint do na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht bhainistíochta agus do chineál na ngníomhaíochtaí a mhaoinítear, cuirfidh an t‑oifigeach údarúcháin an struchtúr eagrúcháin, na córais agus na nósanna imeachta bainistíochta agus na rialaithe inmheánacha (dá ngairtear “Rialacha Inmheánacha maidir le Bainistíocht ar Mhaoiniú an Chomhphobail Iompair" anseo feasta) i bhfeidhm, a bheadh oiriúnach do chomhlíonadh a chuid dualgas, ar a n‑áireofar, i gcás inarb iomchuí, fíoruithe ex-post.

2.Roimh údarú a thabhairt le haghaidh oibríochta, déanfar na gnéithe oibríochtúla agus airgeadais a fhíorú, agus is baill foirne nach ionann agus an té a thionscain an oibríocht a dhéanfaidh an fíorú sin. Is mar fheidhmeanna ar leithligh a dhéanfar gach a mbainfidh le hoibríocht a thionscnamh agus lena fhíorú ex ante agus ex post.

3.Ní bheidh an fhoireann a bheidh freagrach as na fíoruithe faoi cheannas na foirne a thionscnóidh an oibríocht agus is foirne difriúla a bheidh iontu.

Airteagal 23

Mar oifigeach údarúcháin, cuirfidh an Stiúrthóir tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí (dá ngairtear “Tuarascáil an Oifigigh Údarúchán" anseo feasta) ina bhfuil faisnéis maidir le maoiniú agus bainistíocht, faoi bhráid an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh.

Airteagal 24

Más rud é go measann aon bhall foirne a bheidh bainteach le hidirbhearta a bhainistiú ó thaobh airgeadais de agus le hidirbhearta a rialú, maidir le cinneadh a gcuirfidh a oifigeach uachtarach nó a hoifigeach uachtarach iallach air nó uirthi a chur i bhfeidhm nó aontú leis, nach bhfuil an cinneadh sin ag teacht le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais ná leis na rialacha gairmiúla nó go bhfuil an cinneadh sin ag teacht salach ar na prionsabail sin nó ar na rialacha gairmiúla sin a cheanglaítear ar an mball foirne sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé an Stiúrthóir ar an eolas i scríbhinn. Gníomhóidh an Stiúrthóir laistigh de thréimhse réasúnta. Má mhainníonn sé nó sí an méid sin a dhéanamh, cuirfidh an ball foirne an Coiste Stiúrtha Réigiúnach ar an eolas.

Airteagal 25

I gcás ina mbeidh cumhachtaí um chur chun feidhme an bhuiséid tarmligthe, beidh feidhm ag Airteagal 21 de na Rialacha seo mutatis mutandis ar na hoifigigh údaraithe.

Roinn 3

An t‑oifigeach cuntasaíochta

Airteagal 26

1.Ar bhonn togra ón gCoimisiún Eorpach, ceapfaidh an Stiúrthóir oifigeach cuntasaíochta, i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta atá i bhfeidhm maidir le hearcú, le coinníollacha oibre agus le cothromaíocht gheografach fhoireann na Buanrúnaíochta, foireann a bheidh freagrach as an méid seo a leanas sa Bhuanrúnaíocht:

(a)Íocaíochtaí a chur chun feidhme mar is ceart, ioncam a bhailiú agus méideanna arna mbunú mar mhéideanna is infhaighte a aisghabháil;

(b)Na cuntais a ullmhú agus a thíolacadh i gcomhréir le Teideal V;

(c)Na cuntais a choimeád i gcomhréir le Teideal V;

(d)Na rialacha agus modhanna cuntasaíochta agus cairt na gcuntas a chur chun feidhme i gcomhréir le Teideal V;

(e)Na córais chuntasaíochta a leagan síos agus a bhailíochtú agus, i gcás inarb iomchuí, na córais a bhailíochtú a leag an t‑oifigeach údarúcháin síos d'fhonn faisnéis chuntasaíochta a sholáthar nó d'fhonn údar a thabhairt léi;

(f)An cisteán a bhainistiú.

2.Faoi réir mhír 3, is ar an oifigeach cuntasaíochta amháin a chuirfear de chumhacht airgead agus sócmhainní eile a bhainistiú agus is air a bheidh an fhreagracht iad a choinneáil slán.

3.Más gá, féadfaidh an t‑oifigeach cuntasaíochta cúramaí áirithe a tharmligean, gan dochar do phrionsabal leithscaradh na ndualgas.

CAIBIDIL 3

DLITEANAS NA NGNÍOMHAITHE AIRGEADAIS

Roinn 1
Rialacha Ginearálta

Airteagal 27

1.Is freagracht phearsanta í an fhreagracht faoi na Rialacha seo.

2.I gcás aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí, calaoise nó neamhrialtachta a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Chomhphobail Iompair, cuirfidh an gníomhaí airgeadais an Stiúrthóir ar an eolas gan mhoill nó, má mheasann sé nó go bhfuil sé úsáideach, cuirfidh sé/sí an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, nó an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise ar an eolas. Ciallaíonn ‘Leasanna airgeadais an Chomhphobail Iompair’ na hioncaim, na caiteachais agus na sócmhainní uile a chumhdaítear le Buiséad an Chomhphobail Iompair, a fhaightear tríd, nó atá dlite dó.

3.I gcás ina raibh neamhrialtachtaí nó calaois i ngníomh, déanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé cibé bearta is gá a ghlacadh, ar a n‑áirítear aon chinneadh a rinneadh faoi chuimsiú na gníomhaíochta sin a chur ar ceal. Cuirfidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach na húdaráis inniúla uile, ar a n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, ar an eolas láithreach faoi aon chásanna amhrasta calaoise nó neamhrialtachtaí.

Airteagal 28

1.Tráth ar bith, féadfaidh an t‑oifigeach údarúcháin aon tarmligean a aistarraingt go sealadach nó go cinntitheach. Cuirfear an Coiste Stiúrtha Réigiúnach agus Cathaoirleach an Choiste um an mBuiséad ar an eolas láithreach faoi aon ghníomh den sórt sin le húdar cuí.

2.Féadfaidh an Stiúrthóir an t‑oifigeach cuntasaíochta a chur ar fionraí tráth ar bith óna dhualgais, go sealadach nó go buan, le réamh‑chomhaontú ón gCoimisiún Eorpach. Ar thogra ón gCoimisiún Eorpach, ceapfaidh an Stiúrthóir oifigeach cuntasaíochta eatramhach agus, dá réir sin, ceapfaidh sé oifigeach cuntasaíochta buan i gcomhréir le rialacha earcaíochta an Chomhphobail Iompair.

Airteagal 29

1.Tá forálacha na Caibidle seo gan dochar d'aon dliteanas faoin dlí coiriúil a d'fhéadfadh an t‑oifigeach cuntasaíochta agus na daoine dá dtagraítear sa Chaibidil seo a thabhú mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme sa tír shainchónaithe agus sna forálacha atá i bhfeidhm maidir le leasanna airgeadais an Chomhphobail Iompair a chosaint agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh an Chomhphobail Iompair nó oifigigh na bPáirtithe i dtreis ann.

2.I gcás aon ghníomhaíochta mídhleathaí nó aon chalaoise nó aon éillithe a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Chomhphobail Iompair, tarchuirfear an cás chuig na húdaráis agus na comhlachtaí inniúla.



Roinn 2

Rialacha is infheidhme maidir leis an oifigeach údarúcháin

Airteagal 30

1.Is féidir go mbeidh ar an oifigeach údarúcháin aon damáiste a rinneadh don Chomhphobal Iompair de dheasca mí‑iompar tromchúiseach dá chuid féin, le linn dó a dhualgais a dhéanamh nó ar bhealach a bhaineann leo, a chúiteamh ina n‑iomláine nó i bpáirt, go háirithe má chinneann sé na teidlíochtaí a bheidh le haisghabháil nó má eisíonn sé orduithe aisghabhála, má thugann sé gealltanas maidir le caiteachas nó má shíníonn sé ordú íocaíochta gan an Cinneadh seo a chomhlíonadh. Beidh an méid sin infheidhme freisin de dheasca mí‑iompair thromchúisigh an oifigigh údarúcháin i gcás:

(a) nach dtarraingeoidh an t‑oifigeach údarúcháin suas doiciméad lena mbunaítear méid is infhaighte;

(b)nach n‑eiseoidh sé ordú gnóthúcháin nó má tá moill air á eisiúint gan údar cuí;

(c)nach n‑eiseoidh sé ordú íocaíochta nó má tá moill air agus ordú íocaíochta á eisiúint aige, rud a fhágfaidh go bhféadfadh tríú páirtithe caingean shibhialta a thabhairt i gcoinne an Chomhphobail Iompair.

2.Oifigeach údarúcháin trí tharmligean a mheasfaidh, maidir le cinneadh a bheidh sé de fhreagracht air nó uirthi a dhéanamh, nach bhfuil sé nó sí ag teacht le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais nó a mheasfaidh go bhfuil an cinneadh sin ag teacht salach ar na prionsabail sin, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl i scríbhinn don údarás tarmligin. Má thugann an t‑údarás tarmligin treoir réasúnaithe i scríbhinn don oifigeach údarúcháin trí tharmligean an cinneadh sin a chur chun feidhme, ní mór don oifigeach údarúcháin an cinneadh a chur chun feidhme agus ní bheidh dliteanas ar bith air/uirthi.

3.I gcás ina ndéanfar tarmligean, is é an t‑oifigeach údarúcháin a bheidh freagrach i gcónaí as éifeachtacht na rialacha bainistíochta inmheánaí atá ann agus is é a bheidh freagrach freisin as an oifigeach údarúcháin trí tharmligean a roghnú.

4.I gcás go gcloítear le cinntí an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh go docht, ní mheasfar go bhfuil an t‑oifigeach údarúcháin freagrach as aon chinntí arna ndéanamh ag an gCoiste. I gcás nach aontaíonn an t‑oifigeach údarúcháin le ceann ar bith de na cinntí sin, beidh sé de cheart aige nó aici fógra a thabhairt faoi don údarás ábhartha i scríbhinn. É sin ráite, tá sé d'oibleagáid air nó uirthi na cinntí ábhartha a leanúint.

CAIBIDIL 4

OIBRÍOCHTAÍ IONCAIM

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 31

Beidh ús fabhraithe ar chuntais an Chomhphobail Iompair chomh maith le ranníocaíochtaí na bPáirtithe Conarthacha mar chuid d'ioncam an Chomhphobail.

Roinn 2

Na méideanna is infhaighte a mheas

Airteagal 32

I dtús báire, déanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach meastachán ar an méid is infhaighte maidir le beart nó staid a bhféadfadh méid a bheadh dlite don Aontas a theacht as.

Roinn 3

Na méideanna is infhaighte ó thríú páirtithe a bhunú

Airteagal 33

1.Is éard atá i gceist leis an méid is infhaighte a bhunú an gníomh lena ndéanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin nó an t‑oifigeach údarúcháin trí tharmligean an méid seo a leanas:

(a)fíorú gurb ann don fhiach;

(b)cinneadh nó fíorú go bhfuil an fiach ann go fírinneach agus cinnfidh sé nó fíoróidh sé méid an fhéich sin;

(c)na coinníollacha ina bhfuil an fiach dlite a fhíorú.

2.Aon mhéid is infhaighte agus a shainaithnítear mar mhéid atá cinnte, socraithe agus dlite, déanfar é a shuí le hordú aisghabhála a thabharfar don oifigeach cuntasaíochta, i dteannta le nóta dochair a chuirfear chuig an bhféichiúnaí. Is é an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach a dhréachtóidh agus a sheolfaidh an dá dhoiciméid seo.

3.I gcásanna cuí‑réasúnaithe, féadfar gnáth‑ítimí ioncaim áirithe a bhunú go sealadach.

Le bunú sealadach, cumhdófar aisghabháil méideanna éagsúla ar leith, mar sin ní gá iad a bhunú ar leithligh ó chéile.

Roimh dheireadh na bliana airgeadais, déanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin na méideanna arna mbunú go sealadach a leasú le háirithiú go gcomhfhreagraíonn siad do na méideanna is infhaighte arna suí i bhfírinne.

Airteagal 34

Is éard atá i gceist le gnóthú a údarú an gníomh lena ndéanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach treoir a thabhairt don oifigeach cuntasaíochta, trí ordú gnóthaithe a eisiúint, chun méid is infhaighte a shuigh sé/sí a ghnóthú.

Airteagal 35

4.Déanfar méideanna a íocadh trí dhearmad a ghnóthú.

5.Rachaidh an t‑oifigeach cuntasaíochta i mbun gnímh maidir le horduithe gnóthaithe i ndáil le méideanna is infhaighte arna suí go cuí ag an oifigeach údarúcháin nó an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach. Déanfaidh sé/sí a dhícheall/dícheall cuí le háirithiú go bhfaighidh an Comhphobal Iompair a ioncam agus féachfaidh sé/sí chuige go gcosnófar cearta an Chomhphobail.

6.I gcás ina mbeartóidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach aisghabháil a tharscaoileadh i leith méid is infhaighte arna shuí, áiritheoidh sé nó sí go mbeidh an tarscaoileadh in eagar agus go mbeidh sé i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Is é an t‑oifigeach údarúcháin a dhéanfaidh cinneadh maidir le tarscaoileadh den sórt sin agus ní mór dó a bheith cuí‑réasúnaithe. Ní fhéadfaidh an t‑oifigeach údarúcháin cinneadh mar sin a tharmligean. Leis an gcinneadh maidir leis an tarscaoileadh, cuirfear an gníomhaíocht atá déanta chun aisghabháil a fháil in iúl chomh maith leis na pointí dlí agus na fíorais ar a bhfuil sé sin bunaithe.

7.Cealóidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach méid suite is infhaighte nuair a thagtar ar phointe dlí nó fíorais a léiríonn nach raibh an méid sin suite i gceart. Is é an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach a dhéanfaidh cinneadh maidir le cealú den sórt sin agus ní mór dó a bheith cuí‑réasúnaithe.

8.Déanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach méid an fhéich shuite a choigeartú suas nó síos nuair a thagtar ar earráid fíorasach agus go mbíonn athrú ar mhéid an fhéich i gceist leis, ar choinníoll nach mbaineann caillteanas teidlíochta suite an Chomhphobail Iompair leis an gceartúchán seo. Is é an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach a dhéanfaidh athrú den sórt sin agus beidh an t‑athrú sin cuí‑réasúnaithe.

9.I gcás ina mbeidh éileamh ag an bhféichiúnaí ar an gComhphobal Iompair, ar mhéid socraithe atá dlite de réir suim a suíodh le hordú íocaíochta é, aisghabhfaidh an t‑oifigeach cuntasaíochta, tar éis don sprioc-am dá dtagraítear sa nóta dochair, na méideanna a suíodh is infhaighte le fritháireamh.

I gcásanna eisceachtúla inar gá leasanna airgeadais an Chomhphobail Iompair a chosaint agus ina mbeidh bonn cuí ag an oifigeach cuntasaíochta lena mheas go gcaillfí an méid atá dlite don Chomhphobal Iompair, féadfaidh an t‑oifigeach cuntasaíochta aisghabháil a dhéanamh le fritháireamh sula dtéann an sprioc-am a shonraítear sa nóta dochair in éag.

Lena chois sin, féadfaidh an t‑oifigeach cuntasaíochta freisin aisghabháil a dhéanamh le fritháireamh sula dtéann an sprioc-am a shonraítear sa nóta dochair in éag nuair a thoileoidh an féichiúnaí leis sin.

10.Sula rachaidh sé i mbun aon aisghabháil i gcomhréir le mír 9 den Airteagal seo, rachaidh an t‑oifigeach cuntasaíochta i gcomhairle leis an oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé an féichiúnaí/na féichiúnaithe lena mbaineann ar an eolas.

11.Beidh an éifeacht chéanna ag an bhfritháireamh dá dtagraítear i mír 9 agus atá ag íocaíocht agus urscaoilfear an Comhphobal Iompair leis an bhfritháireamh sin i leith mhéid an fhéich agus, i gcás inarb iomchuí, i leith mhéid an úis.

Airteagal 36

1.Ar aisghabháil iarbhír na suime atá dlite, déanfaidh an t‑oifigeach cuntasaíochta iontráil sna cuntais agus cuirfidh sé an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach ar an eolas faoin méid sin.

2.Eiseofar admháil i ndáil leis na híocaíochtaí uile in airgead tirim a dhéantar leis an oifigeach cuntasaíochta.

Airteagal 37

1.Más rud é nach dtarlaíonn aisghabháil iarbhír roimh an dáta dlite a shonraítear sa nóta dochair, cuirfidh an t‑oifigeach cuntasaíochta an t‑oifigeach údarúcháin ar an eolas agus seolfaidh sé gan mhoill an nós imeachta maidir le haisghabháil a dhéanamh le haon mhodhanna atá le fáil sa dlí.

2.Déanfaidh an t‑oifigeach cuntasaíochta méideanna a aisghabháil trína bhfritháireamh i gcoinne éileamh comhionann atá ag an gComhphobal Iompair i ndáil le haon fhéichiúnaí a bhfuil éileamh aige féin ar an gComhphobal Iompair, ar éileamh é atá cinnte, socraithe agus dlite, ar choinníoll go mbeidh sé indéanta go dlíthiúil.

Airteagal 38

Féadfaidh an t‑oifigeach cuntasaíochta, i gcomhar leis an oifigeach údarúcháin atá freagrach, am breise a cheadú le haghaidh íocaíochta má rinne an féichiúnaí iarratas i scríbhinn ina raibh tuairisc iomchuí ar na cúiseanna a bhí leis an iarratas sin, agus sa chás sin amháin, agus ar acht go mbeidh an dá choinníoll seo a leanas comhlíonta:

(a)gur gheall an féichiúnaí go n‑íocfadh sé ús ag an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm dá phríomhoibríocht athmhaoiniúcháin in euro (“an ráta tagartha"), móide ocht bpointe le haghaidh na tréimhse breise a ceadaíodh, ón dáta ar a raibh an íocaíocht dlite. Is é an ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí ina mbeidh deireadh leis an tréimhse íocaíochta a bheidh sa ráta tagartha;

(b) chun cearta an Chomhphobail Iompair a chosaint, gur sholáthar an féichiúnaí ráthaíocht airgeadais a chumhdaíonn an phríomhshuim agus an t‑ús.

CAIBIDIL 5

OIBRÍOCHTAÍ CAITEACHAIS

Airteagal 39

1.Déanfar gach ítim caiteachais a ghealladh agus a íoc.

Roinn 1

Caiteachas a ghealladh

Airteagal 40

1.Is éard atá sa ghealltanas buiséadach an oibríocht lena ndéantar an leithreasú is gá a choimeád d'fhonn íocaíochtaí iardain a chumhdach ionas go gcomhlíonfar gealltanas dlíthiúil.

2.Is éard a bheidh sa ghealltanas dlíthiúil an gníomh lena rachaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach faoi chomhair oibleagáide nó lena mbunóidh sé oibleagáid a mbeidh muirear ar an mbuiséad mar thoradh uirthi.

Airteagal 41

1.Maidir le haon bheart a bhféadfadh caiteachas inmhuirearaithe ar an mbuiséad teacht as, ní mór don oifigeach údarúcháin atá freagrach gealltanas buiséadach a thabhairt sula rachaidh sé faoi chomhair gealltanais dlíthiúil le tríú páirtithe.

2.Tabharfar gealltanais dhlíthiúla a bhaineann le gealltanais buiséadacha aonair i gcrích faoin 31 Nollaig den bhliain airgeadais reatha.

Airteagal 42

1.Faoin 31 Márta de bhliain N+1, saorfaidh an t‑oifigeach údarúcháin an t‑iarmhéid nár úsáideadh de chuid na ngealltanas buiséadach a bhaineann le bliain N.

2.Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla a thabharfar i ndáil le gníomhaíochta ar faide iad ná aon bhliain airgeadais amháin iad agus maidir leis na gealltanais bhuiséadacha a ghabhann leo, leagfar síos dáta deiridh maidir lena gcur chun feidhme, ach amháin i gcás caiteachais foirne, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Aon chodanna de na gealltanais sin nach mbeidh forghníomhaithe le híocaíochtaí sé mhí tar éis an dáta deiridh, déanfar iad a shaoradh.

3.I gcás nach mbeidh íocaíocht mar thoradh ar ghealltanas dlíthiúil tar éis tréimhse eile trí bliana, saorfaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach an gealltanas.

Airteagal 43

Agus gealltanas buiséadach á ghlacadh aige, áiritheoidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:

(a)go ndearnadh an caiteachas a mhuirearú ar an ítim cheart sa bhuiséad;

(b)go mbeidh na leithreasaí ar fáil;

(c)go mbeidh an caiteachas ag teacht leis na forálacha is infheidhme, go háirithe forálacha an Chonartha agus rialacha bainistíochta inmheánacha an Chomhphobail Iompair;

(a)go gcomhlíonfar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

Roinn 2

Caiteachas a bhailíochtú

Airteagal 44

Is éard atá i gceist le caiteachas a bhailíochtú an gníomh lena ndéanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin an méid seo a leanas:

(a)Fíorú gurb ann do theidlíocht an chreidiúnaí;    

(b)Na coinníollacha faoina bhfuil an íocaíocht dlite a fhíorú;

(c)Cinneadh nó fíorú gurb ann don éileamh agus méid an éilimh sin a chinneadh nó a fhíorú.

Airteagal 45

1.Bunófar fíorú ar aon chaiteachas ar dhoiciméid tacaíochta ar fianaise iad ar theidlíocht an chreidiúnaí, ar bhonn ráitis seirbhísí arna soláthar, soláthairtí a sheachadadh nó obair a rinneadh i bhfírinne, nó ar bhonn dhoiciméid eile a thugann údar cuí don íocaíocht.

2.Cuirfear an cinneadh maidir le bailíochtú in iúl le síniú dearbháin “ceadaithe chun a íoctha" ó na hoifigigh udarúcháin atá freagrach.

Roinn 3

Caiteachas a údarú

Airteagal 46

1.Is éard atá i gceist le caiteachas a údarú, an gníomh lena dtugann an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach ordú don oifigeach cuntasaíochta, trí ordú íocaíochta a eisiúint, méid caiteachais a bhailíochtaigh sé roimhe sin a íoc.

2.Is é an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach a chuirfidh dáta agus síniú leis an ordú íocaíochta, agus ansin seolfar chuig an oifigeach cuntasaíochta é. Coimeádfaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach na doiciméid tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 35(4).

3.I gcás inarb iomchuí, beidh doiciméad ag gabháil leis an ordú íocaíochta a sheoltar chuig an oifigeach cuntasaíochta a dheimhníonn go bhfuil na hearraí iontráilte sna fardail dá dtagraítear in Airteagal 60 .



Roinn 4

Caiteachas a íoc

Airteagal 47

1.Déanfar íocaíocht nuair a thabharfar cruthúnas ar aird go ndearnadh an ghníomhaíocht ábhartha i gcomhréir le forálacha an bhunghnímh agus go gcumhdóidh sí ceann amháin de na hoibríochtaí seo a leanas:

(a)An méid iomlán atá dlite a íoc;

(b)An méid atá dlite a íoc ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

réamh‑mhaoiniú, rud a fhéadfar a roinnt ina líon íocaíochtaí;

íocaíocht eatramhach amháin nó níos mó;

iarmhéid na méideanna atá dlite a íoc. Cuirfear réamh‑mhaoiniú i suim go hiomlán nó go páirteach i gcoinne na n‑íocaíochtaí eatramhacha.

Cuirfear na híocaíochtaí réamh‑mhaoinithe agus na híocaíochtaí eatramhacha uile i suim i gcoinne na híocaíochta iarmhéideanna.

2.Déanfar idirdhealú sna cuntais idir na cineálacha éagsúla íocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 tráth a dhéanfar iad.

Airteagal 48

Is é an t‑oifigeach cuntasaíochta a íocfaidh an caiteachas, agus déanfaidh sé amhlaidh laistigh de theorainn na gcistí atá ar fáil.

TEIDEAL VI

SOLÁTHAR

Airteagal 49

Beidh feidhm ag Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE.



TEIDEAL VII

NA CUNTAIS A THÍOLACADH AGUS CUNTASAÍOCHT

CAIBIDIL 1

NA CUNTAIS A THÍOLACADH

Airteagal 50

Beidh an méid seo a leanas i gcuntais bhliantúla an Chomhphobail Iompair:

(a)Ráitis airgeadais an Chomhphobail Iompair agus na hiarscríbhinní a ghabhann leo;

(b)An tuarascáil maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair a chur chun feidhme.

Airteagal 51

Ní mór do na cuntais na rialacha a shainítear i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chomhlíonadh agus ní mór dóibh a bheith cruinn agus cuimsitheach agus tabharfaidh siad léargas fíor cothrom:

(a)a mhéid a bhaineann le na ráitis airgeadais, na sócmhainní agus na dliteanais, na muirir agus an t‑ioncam, na teidlíochtaí agus na hoibleagáidí nach léirítear mar shócmhainní nó dliteanais, agus sreabhadh airgid;

(b)a mhéid a bhaineann le tuarascáil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, maidir le hioncam agus le hoibríochtaí caiteachais.

Airteagal 52

Tíolacfar leis na ráitis airgeadais faisnéis, ar a n‑áirítear faisnéis maidir le beartais chuntasaíochta, ar bhealach lena n‑áireofar go bhfuil sí ábhartha, fónta, inchomparáide agus intuigthe. Dréachtófar na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta mar a leagtar amach sna rialacha cuntasaíochta de réir Airteagal 80 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó Caighdéain Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí atá bunaithe ar bhonn fabhraithe.

Airteagal 53

1.I gcomhréir le prionsabal na cuntasaíochta ar bhonn fabhraithe, taifeadtar ioncam agus speansas tráth a thuilltear iad nó a thabhaítear iad gan beann ar dháta a n‑íocaíochta nó a mbailithe.

2.Cinnfear luach na sócmhainní agus na ndliteanas i gcomhréir leis na rialacha luachála a leagtar síos leis na modhanna cuntasaíochta dá bhforáiltear i gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta agus, más gá, i gcaighdeáin náisiúnta na tíre sainchónaithe.

Airteagal 54

1.Tíolacfar na ráitis airgeadais in Euro agus is éard a bheidh iontu:

(a)An clár comhardaithe agus an ráiteas um fheidhmíocht airgeadais, a chuimsíonn na sócmhainní agus na dliteanais uile, an staid airgeadais agus an toradh eacnamaíoch an 31 Nollaig den bhliain airgeadais roimhe sin; déanfar iad a thíolacadh i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta in Airteagal 80 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó Caighdéain Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí ar bhonn fabhraithe;

(b)An ráiteas sreafa airgid ina léirítear na méideanna a bailíodh agus na méideanna a eisíocadh i rith na bliana agus staid deiridh an chisteáin;

(c)An ráiteas maidir leis na hathruithe sa chothromas i rith na bliana airgeadais.

2.Beidh an Iarscríbhinn a ghabhann leis na ráitis airgeadais ina forlíonadh agus ina trácht ar an bhfaisnéis a thíolacfar sna ráitis dá dtagraítear i mír 1 agus soláthrófar inti an fhaisnéis bhreise ar fad arna forordú ag cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh leis go hidirnáisiúnta i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ábhartha do ghníomhaíochtaí an Chomhphobail Iompair.

CAIBIDIL 2
CUNTASAÍOCHT

Roinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 55

1.Córas cuntasaíochta an Chomhphobail Iompair, is tacar nósanna imeachta agus rialuithe láimhe agus ríomhairithe é a dhéanann foráil maidir le hidirbhearta nó eachtraí ábhartha a aithint; doiciméid fhoinseacha chruinne a ullmhú, sonraí a iontráil sna taifid chuntasaíochta go cruinn, idirbhearta a phróiseáil go cruinn, máistirchomhad a nuashonrú mar is ceart, agus doiciméid agus tuarascálacha cruinne a chruthú.

2.Cuntais ghinearálta agus cuntais bhuiséid a bheidh sna cuntais. Coimeádfar na cuntais seo in Euro agus ar bhonn na bliana féilire.

3.Glacfar na figiúirí sna cuntais ghinearálta agus sna cuntais bhuiséid ag deireadh na bliana buiséid ionas go bhféadfar na cuntais dá dtagraítear i gCaibidil 1 a dhréachtú.

4.Cuirfidh an t‑oifigeach cuntasaíochta rialacha agus modhanna cuntasaíochta chun feidhme a chuireann na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta don earnáil phoiblí san áireamh, agus más gá, a chuireann na rialacha atá á gcur i bhfeidhm ag na húdaráis phoiblí sa tír óstach san áireamh freisin.

Roinn 2
Cuntais ghinearálta

Airteagal 56

Taifeadfar sna cuntais ghinearálta, in ord cróineolaíoch agus ag baint úsáide as an modh iontrála dúbailte, gach teagmhas agus gach oibríocht a mbíonn tionchar acu ar an staid eacnamaíoch agus airgeadais agus ar shócmhainní agus ar dhliteanais an Chomhphobail Iompair.

Airteagal 57

1.Déanfar gluaiseachtaí sna cuntais agus na hiarmhéideanna a iontráil sna mórleabhair chuntasaíochta.

2.Beidh gach iontráil chuntasaíochta, ar a n‑áirítear coigeartuithe ar na cuntais, bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta, agus tagróidh na hiontrálacha dóibh.

3.Ní mór córas cuntasaíochta a bheith ann a fhágann rian le haghaidh gach iontrála cuntasaíochta.

Airteagal 58

Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Chomhphobail Iompair, tar éis dhúnadh na bliana airgeadais, agus suas go dtí an dáta ar a dtíolacfar na cuntais chríochnaitheacha, aon choigeartuithe is gá, nach mbainfidh le heisíoc nó le bailiú i dtaca leis an mbliain sin, d'fhonn léargas fíor agus ceart a thabhairt ar na cuntais i gcomhréir leis na rialacha seo.

Roinn 3
Cuntais bhuiséid

Airteagal 59

1.Leis na cuntais bhuiséid cuirfear taifead mionsonraithe ar fáil ar chur chun feidhme an bhuiséid.

2.Chun críocha mhír 1 thuas, taifeadfar ioncam an bhuiséid ar fad agus na hoibríochtaí caiteachais ar fad sna cuntais bhuiséid.

3.Déanfaidh an Bhuanrúnaíocht tuarascáil bhliantúil a bhunú gach bliain ar an 30 Márta ar a dhéanaí. Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

tuarascáil oibríochtúil a mhíníonn an obair a bhí ar siúl ag an mBuanrúnaíocht agus na torthaí a bhaineadh amach. Cuirfidh an tuarascáil seo forbhreathnú ar fáil maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo na gcuspóirí atá leagtha amach i gclár oibre bliantúil na Buanrúnaíochta.

Tuarascáil airgeadais maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 3

FARDAIL MAOINE

Airteagal 60

Coinneoidh an Comhphobal Iompair fardail lena léirítear méid agus luach shócmhainní inláimhsithe, neamh‑inláimhsithe agus airgeadais uile ar mhaoin de chuid an Chomhphobail Iompair iad.

TEIDEAL VIII

INIÚCHÓIREACHT SHEACHTRACH AGUS COSAINT LEASANNA AIRGEADAIS

Airteagal 61

Gach bliain, suíonn an t‑oifigeach cuntasaíochta cuntais na bliana roimhe tráth nach déanaí ná an 31 Márta. Is é an Stiúrthóir a dhéanann na cuntais sin a bhailíochtú.

Airteagal 62

Déanfaidh Iniúchóirí Seachtracha Neamhspleácha, arna n‑ainmniú ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach, iniúchadh bliantúil ar an gComhphobal Iompair. Féadfar tréimhse seirbhíse na n‑Iniúchóirí Seachtracha a athnuachan gach bliain, mura sonraíonn an Coiste Stiúrtha Réigiúnach a mhalairt.

Airteagal 63

1.Cuirfidh na hIniúchóirí Seachtracha tuarascáil faoi bhráid an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh, chomh maith leis an ráiteas sócmhainní agus dliteanas agus na cuntais dheimhnithe, tráth nach déanaí ná ocht mí ó dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad. Féadfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach faisnéis a mheasann siad a bheith iomchuí a sholáthar don Choiste um an mBuiséad.

2.Cuirfidh an Stiúrthóir barúlacha ar fáil a mheasann sé a bheith iomchuí maidir le tuarascáil na n‑iniúchóirí Seachtracha.

3.Déanfaidh na hIniúchóirí Seachtracha aon iniúchadh a mheastar gur gá a dhéanamh, i gcomhréir lena dTéarmaí Tagartha formheasta. Go háirithe, déanfaidh na hIniúchóirí Seachtracha iniúchadh ar na taifid chuntasaíochta agus nósanna imeachta an Chomhphobail Iompair chun cruinneas agus iomláine na dtaifid a fhíorú. Leis an iniúchóireacht sheachtrach cinntear bailíocht fhoriomlán na ráiteas airgeadais.

4.Cuirfidh na hiniúchóirí seachtracha tuarascáil iniúchóireachta agus cuntais dheimhnithe faoi bhráid an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh, in éineacht le ráiteas dearbhaithe a bhaineann le beachtas na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart is bun leo, tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann na cuntais. Cuirfidh an Coiste um an mBuiséad barúlacha a mheasann sé a bheith iomchuí ar fáil don Choiste Stiúrtha Réigiúnach maidir leis na doiciméid arna gcur isteach ag na hiniúchóirí, má iarrann an Coiste Stiúrtha Réigiúnach sin air.

Airteagal 64

1. Aon fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 27, tarchuirfidh an t‑Oifigeach Údarúcháin agus an Coiste Stiúrtha Réigiúnach ar aghaidh é chuig an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus chuig an gCoimisiún Eorpach.

2. Comhoibreoidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach agus foireann an Chomhphobail Iompair go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus leis an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi gach faisnéis ábhartha agus, arna iarraidh, aon chúnamh is gá chun inniúlachtaí OLAF faoi seach a fheidhmiú, ar a n‑áirítear imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle agus le Rialachán (AE, Euratom) 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Áiritheoidh an t‑oifigeach údarúcháin go gcomhoibreoidh aon tríú duine a raibh baint aige le cur chun feidhme iomlán bhuiséad an Chomhphobail Iompair agus go dtabharfaidh sé/sí cearta coibhéiseacha d'Oifig an Ionchúisitheora Eorpaigh agus don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise.

3. Beidh an chumhacht ag OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh ag áitreabh an Chomhphobail Iompair, agus áirítear leis sin an ceart rochtana chun cigireacht a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 883/2013.



TEIDEAL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 65

Beidh sé de chumhacht ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach aon eolas nó míniúchán riachtanach a fháil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid.

Airteagal 66

Féadfaidh an Stiúrthóir, i gcás inar gá, treoirlínte maidir le cur chun feidhme na rialacha reatha a ghlacadh ach formheas chuige a fháil ón gCoimisiún Eorpach.

Airteagal 67

Go dtí go gceapfar comhaltaí Choiste um an mBuiséad, déanfaidh an Coimisiún Eorpach feidhmeanna an Choiste a fheidhmiú faoi Airteagal 14 (2).

Airteagal 68

Beidh na rialacha reatha ceangailteach go huile agus go hiomlán ar Páirtithe Conarthacha sa Chonradh agus ar na comhlachtaí arna mbunú faoin gConradh.

Tiocfaidh na rialacha i bhfeidhm an lá a ghlacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach iad.

(1)    Giorrúchán. Turas Réamhcheannaigh, táille laghduithe is féidir a fháil ar roinnt ticéid aeir agus ticéid traenach nuair a chuirtear in áirithe iad tréimhse áirithe roimh ré.
(2)    Arna thomhas i gcoibhneas le costas foriomlán an taistil oifigiúil (gan an liúntas cothaithe laethúil).
(3)     https://ec.europa.eu/international-partnerships/system/files/per-diem-rates‑20200201_en.pdf  
(4)    Mar riail ghinearálta, ní féidir a éileamh ar shaineolaithe: - a n‑ionad oibre nó a mbaile nó an áit a mbeidh an cruinniú ar siúl a fhágáil roimh 07.00 (stáisiún nó modh iompair eile) nó 08.00 (aerfort); - an áit a mbeidh an cruinniú ar siúl a bhaint amach tar éis 21.00 (aerfort) nó 22.00 (stáisiún nó modh iompair eile);
(5)    IO L 278, 27.10.2017, lgh. 3–53
Top