AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.1.2020
COM(2020) 32 final
2020/0016(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Síníodh an ‘Comhaontú le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin’ (‘an Comhaontú’) i gCóbanhávan an 4 Iúil 2002 agus tugadh i gcrích é le haghaidh tréimhse tosaigh dar críoch an 31 Nollaig 2002. Foráiltear le pointe (b) d’Airteagal 12 den Chomhaontú go bhféadfar go mbeidh athnuachan ann de chomhthoil idir na Páirtithe ar feadh tréimhsí breise cúig bliana. Athnuadh an Comhaontú dhá uair in 2011 agus in 2014.
Chuaigh an Comhaontú in éag an 7 Samhain 2019.
Rachaidh sé chun leasa don dá Pháirtí sa Chomhaontú ach an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise cúig bliana chun go leanfar den chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh eolaíochta agus teicneolaíochta (S&T) as a n‑eascróidh leasanna frithpháirteacha.
Tá traidisiún fada ag an Úcráin maidir le barr feabhais san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus in ainneoin na ndeacrachtaí atá ann le blianta beaga anuas, is tír í ina bhfuil eolaíocht agus eolaithe den chéad scoth go fóill, agus atá ina gníomhaí tábhachtach maidir leis an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht (STI) i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Ba dhual riamh do chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a bheith an-ghníomhach go háirithe i réimsí na n‑ardábhar/na n‑ábhar nua, na teicneolaíochta faisnéise, na fisice agus na réalteolaíochta, na hinnealtóireachta, na teicneolaíochta talmhaíochta, na nanaitheicneolaíochta, na biteicneolaíochta agus mar a bhítear á gcur sin i bhfeidhm in earnálacha éagsúla amhail an eitlíocht, an fuinneamh, agus an bithleigheas, go háirithe imdhíon-teiripí le haghaidh ailse.
Ag cruinniú de chuid an Chomhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin um Chomhar Eolaíochta agus Teicneolaíochta, coiste arna bhunú leis an gComhaontú, i gCív an 29 Eanáir 2019, thug an dá Pháirtí dá n‑aire an rún atá acu an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise cúig bliana eile, in ómós an dul chun cinn atá déanta chun cur leis an gcomhar idir an tAontas agus an Úcráin sa taighde agus sa nuálaíocht. Tá tús curtha leis an bpróiseas athnuachana cheana ag Rialtas na hÚcráine óna thaobh féin.
Is ionann substaint an Chomhaontaithe athnuaite agus substaint an Chomhaontaithe atá ann faoi láthair. Leis an gComhaontú athnuaite ní chruthófar cearta agus oibleagáidí nua ná breise do cheachtar den dá Pháirtí, ach cuirfear lena fhad a mhairfidh an córas dlí atá ann cheana idir na Páirtithe i réimse an chomhair eolaíochta agus teicneolaíochta
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an tionscnamh seo go hiomlán i gcomhréir le straitéis an Aontais Eorpaigh um chomhar idirnáisiúnta i réimse an taighde agus na nuálaíochta, agus ina teannta sin, le for-rochtain idirnáisiúnta an Choimisiúin a bhí ann roimhe seo agus an Choimisiúin reatha.
Anuas air sin is modh é an Comhaontú chun go gcuirfear chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh um chomhar idirnáisiúnta i réimse an taighde agus na nuálaíochta, straitéis ina n‑éilítear tuilleadh idirnáisiúnaithe agus oscailteachta i dtimpeallacht thaighde agus nuálaíochta an Aontais Eorpaigh.
Tá an Comhaontú seo ina chomhlánú ar Chomhaontú Comhlachais Fís 2020, comhaontú ina ndírítear go sonrach ar théarmaí agus coinníollacha rannpháirtíocht na hÚcráine i gclár Fís 2020. D’fhágfadh athnuachan an Chomhaontaithe Eolaíochta agus Teicneolaíochta seo go bhféadfaí an creat dlíthiúil uileghabhálach ginearálta maidir le comhar déthaobhach eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta a choinneáil agus ba theachtaireacht thábhachtach pholaitiúil é maidir le chomh tábhachtach dar leis an Aontas Eorpach atá an comhar leis an Úcráin ó thaobh na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta de.
•
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Deimhnítear i straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh um Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh gur gné thábhachtach é an comhar taighde i mbeartas eachtrach an Aontais Eorpaigh gur eilimint fhíor-riachtanach é an comhar taighde maidir le ceangail shocheacnamaíocha níos láidre.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá cumhacht an Aontais Eorpaigh gníomhú go hidirnáisiúnta sa taighde agus i bhforbairt teicneolaíochta bunaithe ar Airteagal 186 TFEU. Is é pointe (a)(v) an dara fomhír d’Airteagal 218(6) TFEU bunús dlí nós imeachta an togra.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Tá inniúlacht chomhthreomhar ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit i réimsí an taighde agus na forbartha teicneolaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(3) TFEU. Dá bhrí sin ní féidir le gníomhaíocht na mBallstát áit ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh a ghlacadh.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Oiriúnacht Rialála agus simpliú
Ní cuid de chlár oibre REFIT an tionscnamh seo.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní theastaíonn ach acmhainní daonna agus riaracháin; leagtar amach sa ráiteas airgeadais reachtach iad.
I bhfianaise na mbreithniúchán thuas, iarrann an Coimisiún ar an gComhairle:
– formheas a dhéanamh, thar ceann an Aontais agus le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, ar athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin, go ceann tréimhse bhreise cúig bliana (i.e., ó 09/11/2019 go dtí 08/11/2024); agus
– Uachtarán na Comhairle a údarú chun go n‑ainmneoidh sé an duine nó na daoine dá dtabharfar de chumhacht fógra a thabhairt do Rialtas na hÚcráine go bhfuil tugtha chun críche ag an Aontas Eorpach na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú athnuaite seo i bhfeidhm.
2020/0016 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186 i gcomhar le pointe (a)(v) d’Airteagal 218(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 2003/96/CE an 6 Feabhra 2003, d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (‘an Comhaontú’). Síníodh an Comhaontú i gCóbanhávan an 4 Iúil 2002 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Feabhra 2003.
(2)Foráladh le pointe (b) d’Airteagal 12 an Chomhaontaithe go dtabharfaí an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse tosaigh dar críoch an 31 Nollaig 2002 agus gurbh fhéidir é a athnuachan de chomhthoil idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (‘na Páirtithe’) ar feadh tréimhsí breise cúig bliana.
(3)Bunaithe ar Chinntí 2011/182/AE agus (AE) 2015/344 athnuadh an Comhaontú ar feadh tréimhsí breise cúig bliana gach uair, le héifeacht chúlghabhálach ón 8 Samhain 2009 i leith agus ón 8 Samhain 2014 i leith, faoi seach. Chuaigh an Comhaontú in éag an 7 Samhain 2019.
(4)Tá an Úcráin ina gníomhaí tábhachtach maidir leis an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht (STI) i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Chun go leanfar den chomhar a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh na heolaíochta agus na teicneolaíochta (S&T) is é tuairim an dá Pháirtí gur lena gcomhleas a bheadh athnuachan an Chomhaontaithe seo.
(5)Dheimhnigh an dá Pháirtí an rún atá acu an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise cúig bliana. Ba cheart substaint an Chomhaontaithe athnuaite a bheith chomhionann le substaint an Chomhaontaithe atá ann faoi láthair.
(6)Ba cheart dá bhrí sin athnuachan an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin go ceann tréimhse bhreise cúig bliana, a fhormheas thar ceann an Aontais. Gabhfaidh éifeacht leis an athnuachan an 8 Samhain 2019.
Airteagal 2
Leis seo, tugtar údarú d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú dá dtabharfar de chumhacht a chur in iúl don Úcráin, ag gníomhú dóibh thar ceann an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 12 den Chomhaontú, go bhfuil tugtha chun críche ag an Aontas Eorpach a chuid nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú athnuaite seo i bhfeidhm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.
Airteagal 4
Foilseofar an cinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i struchtúr ABM/ABB
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
1.4.Cuspóirí
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin.
1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i struchtúr ABM/ABB
Straitéis bheartais agus comhordú ar bheartas go háirithe de chuid na hArd-Rúnaíochta, na Seirbhíse Dlí , SEGS agus Ard-Stiúrthóireachtaí AGRI, BUDG, CLIMA, CNECT, EAC, ENER, GROW, JRC, MARE agus MOVE
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
☑ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Leis an tionscnamh seo féadfaidh an dá pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus a neartú i réimsí leasa coitinn eolaíochta agus teicneolaíochta. Ag cruinniú de chuid an Chomhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin um Chomhar Eolaíochta agus Teicneolaíochta, coiste arna bhunú leis an gComhaontú, i gCív an 29 Eanáir 2019, thug an dá Pháirtí dá n‑aire an rún atá acu an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise cúig bliana.
1.4.2.Cuspóirí sonracha agus gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
Cuspóir sonrach Uimh.
Leis an gcinneadh seo féadfaidh an dá pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus comhpháirtíocht níos straitéisí a fhorbairt trí scála agus raon feidhme an chomhair atá ann cheana a mhéadú, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda tríd an rochtain chómhalartach ar chláir agus ar chistiú a chur chun cinn.
Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Leis an gcinneadh seo féadfaidh an tAontas Eorpach agus an Úcráin araon sochar a bhaint as an dul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíochta a bhainfear amach trí ghníomhaíochtaí comhair leantacha. Leis sin, féadfar saineolas a mhalartú a thuilleadh agus fios gnó a aistriú, rud a rachaidh chun tairbhe do chomhphobal eolaíochta, d’earnáil tionsclaíochta agus do shaoránaigh an dá Pháirtí.
1.4.3.Táscairí lena léireofar torthaí agus tionchar
Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar na gníomhartha uile arna ndéanamh faoin gComhaontú, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí comhair. Cumhdófar leis an meastóireacht seo na pointí seo a leanas, i measc pointí eile:
(a) táscairí comhair — anailís ar an líon eintiteas Úcránach agus ar chineál rannpháirteachais na n‑eintiteas Úcránach i gcláir arna maoiniú ag an Aontas Eorpach (e.g. an líon tograí, an líon comhaontuithe deontais sínithe, príomhnaisc chomhoibrithe, príomhthéamaí; an t-aschur a ghintear) agus vice-versa (nuair a bhíonn na sonraí ar fáil);
(b) táscairí feidhmíochta — ráta rathúlachta eintiteas Úcránach atá rannpháirteach i gcláir réime an Aontais Eorpaigh i gcomparáid le tíortha eile nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad agus leis na Ballstáit; anailís ar cháilíocht na rannpháirtíochta (e.g. an líon ollscoileanna is airde rangú atá rannpháirteach sa chlár, an líon paitinní agus foilseachán a eascraíonn as tionscadail chomhoibríocha);
(c) bailiú sonraí maidir le gníomhaíochtaí comhair agus naisc a théann thar na cláir thaighde ar leith chomh maith le measúnú ar thionchar na ngníomhaíochtaí sin, amhail rannpháirtíocht i dtionscnaimh iltaobhacha agus i ngrúpaí oibre.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
Leis an tionscnamh seo féadfaidh an dá pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus a neartú i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta ar mhaithe le sochar frithpháirteach.
1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais
Tá comhar sa taighde agus sa teicneolaíocht idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin ag neartú go leanúnach le blianta beaga anuas. Le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh féadfar gníomhaíochtaí lena mbainfidh scála agus raon feidhme méadaithe a bheith ann ar mhaithe le leas na mBallstát uile. Le hathnuachan an Chomhaontaithe féadfaidh an tAontas Eorpach rochtain níos fearr a fháil ar eolas eolaíochta arna tháirgeadh san Úcráin agus dul i mbun tuilleadh gníomhaíochtaí comhair a mbeidh malartú breise eolais agus teicneolaíochtaí ann dá mbarr.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Ar bhonn na taithí a fuarthas go dtí seo sa chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta, meastar gur chun an tsochair fhrithpháirtigh é leanúint den chomhar taighde leis an Úcráin, mar chomhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais Eorpaigh sa taighde agus sa nuálaíocht.
1.5.4.Comhoiriúnacht agus sineirgíocht fhéideartha le hionstraimí iomchuí eile
Meastar go bhfuil athnuachan an Chomhaontaithe leis an Úcráin comhsheasmhach go hiomlán leis an gcreat beartais foriomlán maidir le comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht (COM(2012) 497).
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
☑ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–☑ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–☑
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
☑ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–◻ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Déanfar rannpháirtíocht eintiteas Úcránach i gCreat réime um Thaighde agus um Nuálaíocht an Aontais Eorpaigh agus i ngníomhaíochtaí comhair eile faoin gComhaontú a mheasúnú go rialta trí chruinnithe de chuid an Chomhchoiste arna bhunú faoi litir (a) d’Airteagal 6 den Chomhaontú.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.Na rioscaí a aithníodh
Bíonn cruinnithe agus teagmhálacha déthaobhacha ann ar bhonn rialta ar féidir eolas agus rialú a roinnt go córasach dá mbarr. Níor aithníodh aon riosca sa chóras rialaithe.
2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm
2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.
Nuair a éilítear le cur i bhfeidhm an Chláir Réime go n‑úsáidtear conraitheoirí seachtracha nó nuair is éard atá i gceist leis go ndeonaítear ranníocaíocht do thríú páirtithe, tabharfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, faoi iniúchtaí airgeadais, go háirithe má bhíonn údar amhrais aige i leith nádúr réalaíoch na hoibre arna déanamh nó a ndéantar cur síos uirthi sna tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí.
Is iad a thabharfaidh faoi iniúchtaí airgeadais an Aontais Eorpaigh a fhoireann féin nó saineolaithe cuntasaíochta arna bhformheas i gcomhréir le dlí an pháirtí a ndéanfar iniúchadh air. Is faoi shaoirse a roghnóidh an tAontas Eorpach na saineolaithe, agus seachnóidh sé ag an am céanna aon riosca maidir le coimhlintí leasa a d’fhéadfadh a bheith curtha in iúl dó ag an bpáirtí a ndéanfar an t‑iniúchadh air. Anuas air sin, áiritheoidh an Coimisiún, agus é ag déanamh na ngníomhaíochtaí taighde, go gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh le seiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina mbraitear neamhrialtachtaí, le bearta agus le pionóis dhíspreagthacha chomhréireacha.
Chun an aidhm seo a bhaint amach, déanfar rialacha maidir le seiceálacha, bearta agus pionóis, agus tagairt iontu do Rialacháin Uimh. 2988/95, Uimh. 2185/96 agus Uimh. 883/2013, a ionchorprú sna conarthaí uile a úsáidtear i gcur chun feidhme an chláir réime.
Ní mór, go háirithe, foráil a dhéanamh maidir leis na pointí a leanas sna conarthaí:
- go gcuirfear isteach clásail shonracha sna conarthaí lena gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh trí sheiceálacha agus rialuithe a dhéanamh maidir leis an obair arna déanamh;
- go ndéanfar seiceálacha riaracháin mar chuid de bhearta frithchalaoise, i gcomhréir le Rialacháin Uimh. 2185/96, Uimh. 1073/1999 agus Uimh. 1074/1999;
- go gcuirfear i bhfeidhm pionóis riaracháin le haghaidh na neamhrialtachtaí intinneacha nó faillíocha uile i gcur chun feidhme na gconarthaí, i gcomhréir le Creat-Rialachán Uimh. 2988/95, lena n‑áirítear sásra dúliostála;
- gurb amhlaidh nach mór d’aon ordú gnóthaithe i gcás neamhrialtachtaí agus calaoise, a bheith in-fhorfheidhmithe i gcomhréir le hAirteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Mar bhreis air sin agus mar ghnáthbheart beidh clár seiceálacha ann maidir le gnéithe eolaíochta agus buiséadacha an chomhair arb í a bheidh ina bhun an fhoireann fhreagrach in Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta (DG R&I). Déanfaidh Aonad um Iniúchóireacht Inmheánach DG R&I iniúchóireacht inmheánach, agus déanfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí áitiúla.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Type of
caiteachas
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Ceannteideal 1a – Iomaíochas le haghaidh fáis agus post
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
1a
|
08.01.05.01
|
LN.
|
IS EA
|
IS EA
|
NÍ HEA
|
NÍ HEA
|
|
1a
|
08.01.05.03
|
LN.
|
IS EA
|
IS EA
|
NÍ HEA
|
NÍ HEA
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Type of
caiteachas
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Líon
[Ceannteideal………………………………………]
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
[Ba cheart an
scarbhileog ar shonraí buiséid de chineál riaracháin
a úsáid leis an roinn seo a líonadh isteach (an dara doiciméad san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo) agus í a uaslódáil chuig CISNET chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.]
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
1a
|
‘Iomaíochas le haghaidh fáis agus post’
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: RTD
|
|
|
Year
2019
|
Year
2020
|
Year
2021
|
Year
2022
|
Year
2023
|
Year
2024
|
IOMLÁN
|
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid: 08.01.05.01
|
|
(3)
|
0.010
|
0.060
|
0.060
|
0.060
|
0.060
|
0.050
|
0.300
|
|
Uimhir na líne buiséid: 08.01.05.03
|
|
(3)
|
0.002
|
0.012
|
0.012
|
0.012
|
0.012
|
0.010
|
0.060
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
do DG RTD
|
Gealltanais
|
=1+1a +3
|
0.012
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.060
|
0.360
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a
+3
|
0.012
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.060
|
0.360
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
0.010
|
0.060
|
0.060
|
0.060
|
0.060
|
0.050
|
0.300
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0.010
|
0.060
|
0.060
|
0.060
|
0.060
|
0.050
|
0.300
|
|
• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
0.002
|
0.012
|
0.012
|
0.012
|
0.012
|
0.010
|
0.060
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL <1a>
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0.012
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.060
|
0.360
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0.012
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.060
|
0.360
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
5
|
“Caiteachas riaracháin”
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Year
2019
|
Year
2020
|
Year
2021
|
Year
2022
|
Bliain 2023
|
Bliain 2024
|
IOMLÁN
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: RTD
|
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN DG RTD
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Year
2019
|
Year
2020
|
Year
2021
|
Year
2022
|
Year
2023
|
Bliain 2024
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
0.012
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.060
|
0.360
|
|
|
Íocaíochtaí
|
0.012
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.060
|
0.360
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–☑ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Year
N
|
Year
N+1
|
Year
N+2
|
Year
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
COSTAS IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.3.1.Achoimre
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–☑
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Year
2019
|
Year
2020
|
Year
2021
|
Year
2022
|
Year
2023
|
Year
2024
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0.010
|
0.060
|
0.060
|
0.060
|
0.060
|
0.050
|
0.300
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
0.002
|
0.012
|
0.012
|
0.012
|
0.012
|
0.010
|
0.060
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
0.012
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.060
|
0.360
|
|
IOMLÁN
|
0.012
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.072
|
0.060
|
0.360
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–☑
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
|
Year
2019
|
Year
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
|
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
08 01 05 01 (Taighde indíreach)
|
0.1
|
0.5
|
0.5
|
0.5
|
0.5
|
0.4
|
|
10 01 05 01 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
|
|
XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JED sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 bb
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.1
|
0.5
|
0.5
|
0.5
|
0.5
|
0.4
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Ullmhú agus bainistiú cruinnithe de chuid an Chomhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 6(a) den Chomhaontú, chomh maith le measúnú leantach ar fheidhmiú agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe.
Déantar ríomhanna go comhréireach de réir fhad an Chomhaontaithe.
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–☑
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
Tá Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 le glacadh fós ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
–
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Year
N
|
Year
N+1
|
Year
N+2
|
Year
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–☑
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam ilghnéitheach
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Year
N
|
Year
N+1
|
Year
N+2
|
Year
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a ndéantar difear dóibh.
Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.