Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0008

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine i ndáil le moltaí ó pháirtithe éagsúla Foscríbhinní an Choinbhinsiúin a leasú, agus maidir le haistarraingt forchoimeádais ar tugadh fógra don Choinbhinsiún sin faoi

    COM/2020/8 final

    An Bhruiséil,13.1.2020

    COM(2020) 8 final

    2020/0005(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine i ndáil le moltaí ó pháirtithe éagsúla Foscríbhinní an Choinbhinsiúin a leasú, agus maidir le haistarraingt forchoimeádais ar tugadh fógra don Choinbhinsiún sin faoi


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.Ábhar an togra

    Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine ('an Coinbhinsiún') i ndáil le glacadh na gcinntí atá beartaithe a bhaineann le Foscríbhinní an Choinbhinsiúin a leasú, agus i ndáil le haistarraingt forchoimeádais atá ann cheana féin maidir leis an gCoinbhinsiún sin.

    2.Comhthéacs an togra

    2.1.An Coinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine

    Is é an aidhm atá leis an gCoinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine go gcaomhnófar speicis imirceacha talún, speicis imirceacha mhara agus speicis imirceacha éan i ngach cuid dá raon. Is conradh idir-rialtasach é a tugadh i gcrích faoi choimirce Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, agus is le caomhnú fiadhúlra agus gnáthóga ar scála domhanda a bhaineann sé. I bhFoscríbhinn I (speicis atá i mbaol) agus Foscríbhinn II (speicis atá le bheith mar ábhair chomhaontuithe) a ghabhann leis an gComhaontú a liostaítear na speicis atá le caomhnú. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Samhain 1983.

    Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chomhaontú 1 . Is páirtithe iad na Ballstáit uile sa Chomhaontú.

    2.2.Comhdháil na bPáirtithe

    Is í Comhdháil na bPáirtithe príomhchomhlacht cinnteoireachta an Choinbhinsiúin. Áirítear a cuid feidhmeanna in Airteagal VII den Choinbhinsiún, lena n‑áirítear cumhachtaí chun stádas caomhantais speiceas imirceach a mheas agus, dá réir sin, chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. Le cinneadh a dhéanamh ag cruinniú de chuid Chomhdháil na bPáirtithe is gá tromlach dhá thrian de na Páirtithe atá i láthair agus ag vótáil, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún.

    Is le cinneadh ón gComhairle ar bhonn togra ón gCoimisiún a leagtar síos seasamh an Aontais maidir le leasuithe ar na Foscríbhinní. Aontaítear comhsheasaimh an Aontais i ndáil le dréachtchinntí agus dréacht-rúin eile ag réamhchruinnithe de mheitheal ábhartha na Comhairle nó ag cruinnithe comhordúcháin "ar an láthair" de chuid an Aontais.

    Tionólfar an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe in Gandhinagar na hIndia ón 15 go dtí an 22 Feabhra 2020.

    Ag an ochtú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a reáchtáladh i Nairobi na Céinia ón 20 go dtí an 25 Samhain 2005, glacadh cinneadh an speiceas Cetorhinus maximus a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

    2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag Comhdháil na bPáirtithe

    An 15 go dtí an 22 Feabhra 2020, le linn an tríú cruinniú dhéag, tá Comhdháil na bPáirtithe le cinntí a ghlacadh maidir le leasuithe Foscríbhinní an Choinbhinsiúin (‘na gníomhartha atá beartaithe’).

    Is é cuspóir na ngníomhartha atá beartaithe Foscríbhinn I agus Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú, rud dá bhforáiltear in Airteagal XI den Choinbhinsiún.

    I gcomhréir le hAirteagal III den Choinbhinsiún, liostófar i bhFoscríbhinn I den Choinbhinsiún na speicis imirceacha atá i mbaol ar speicis iad a bhféachfaidh Páirtithe atá ina Stáit raoin de chuid na speiceas sin le bearta caomhnaithe éagsúla a ghlacadh ina leith agus ar speicis iad a gcuirfidh siad toirmeasc ar ghabháil ainmhithe de na speicis sin ina gcás.

    Sonraítear in Airteagal IV den Choinbhinsiún go liostófar i bhFoscríbhinn II speicis imirceacha a bhfuil stádas caomhantais neamhfhabhrach acu agus a dteastaíonn comhaontuithe idirnáisiúnta ina leith chun iad a chaomhnú agus a bhainistiú, chomh maith leis na speicis imirceacha sin a bhfuil stádas caomhantais acu a rachadh an comhar idirnáisiúnta a d’fhéadfaí a bhaint amach le comhaontú idirnáisiúnta go mór chun tairbhe dóibh. I gcásanna inar gá, féadfaidh speiceas imirceach a liostú i bhFoscríbhinn I agus Foscríbhinn II araon.

    I gcomhréir le hAirteagal XI den Choinbhinsiún, féadfaidh aon Pháirtí leasuithe a mholadh. Tiocfaidh leasú ar na Foscríbhinní i bhfeidhm i gcás gach Páirtí nócha lá tar éis an chruinnithe de chuid Chomhdháil na bPáirtithe ag a nglacfar an leasú, ach amháin i gcás na Páirtithe sin a bhfuil forchoimeádas déanta acu.

    I gcomhréir le hAirteagal XI den Choinbhinsiún, féadfar forchoimeádas ar leasú a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn chuig an Taisclann agus leis sin, tiocfaidh an leasú i bhfeidhm i gcás an Pháirtí sin nócha lá tar éis don fhorchoimeádas a bheith tarraingthe siar.

    3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

    Maidir leis an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus i gcomhréir le Cinneadh 2019/1581 ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2019, molann an tAontas an Coinbhinsiún a leasú mar a leanas:

    (a)    leasú ar Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun an speiceas Tetrax tetrax a chur léi;

    (b)    leasuithe ar Fhoscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun na speicis Tetrax tetrax, Galeorhinus galeus agus Sphyrna zygaena a chur léi.

    Tá tograí curtha isteach ag Páirtithe eile sa Choinbhinsiún chun Foscríbhinn I a leasú chun na speicis seo a leanas a chur léi: Elephas maximus indicus, Panthera onca, Ardeotis nigriceps, Houbaropsis bengalensis bengalensis, Diomedea antipodensis, agus Carcharhinus longimanus.

    Tá tograí curtha isteach ag Páirtithe eile sa Choinbhinsiún chun Foscríbhinn II a leasú chun na speicis seo a leanas a chur léi: Panthera onca, Ovis vignei, agus Sphyrna zygaena (pobal réigiúnach a fhaightear feadh Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha na Brasaíle, Uragua agus na hAirgintíne (LEEanna) agus sna huiscí idirnáisiúnta máguaird).

    Dá brí sin is gá go ndéanfadh an Chomhairle cinneadh chun an seasamh a leagan síos a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe maidir le gach leasú atáthar a mholadh.

    Ba ceart don Aontas, i bprionsabal, tacú le gach leasú atáthar a mholadh ós rud é go bhfuil siad bunaithe ar an eolaíocht, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus le tiomantas an Aontais don chomhar idirnáisiúnta ar son chosaint na bithéagsúlachta, lena n‑áirítear breithniú ar conas an leas is fearr a bhaint as an bhfaisnéis eolaíoch a bhaineann le gnéithe bitheolaíocha agus pointí tagartha bitheolaíocha iascaigh araon.

    Ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais chun na speicis sin a chur le Foscríbhinn I nó Foscríbhinn II, mar a mholtar.

    Maidir le Panthera onca, nach bhfuil ar fáil san Aontas Eorpach ach i nGuáin na Fraince, áit nach bhfuil reachtaíocht nádúir an Aontais i bhfeidhm, tá sé toirmiscthe iad a sheilg de réir ordú lena sainítear cuóta nialais maille le córais maoluithe i gcás úsáideoirí leorchothaitheacha traidisiúnta agus imthosca urghnácha a chumhdaítear in Airteagal III(5), míreanna c agus d den Choinbhinsiún.

    Maidir leis an moladh an pobal réigiúnach de Sphyrna zygaena, pobal a fhaightear feadh limistéir eacnamaíocha eisiacha na Brasaíle, na hAirgintíne agus Uragua agus sna huiscí idirnáisiúnta máguaird, a chur le Foscríbhinn II, ós rud é go bhfuil go bhfuil forluí bunúsach idir an moladh sin agus moladh an Aontais chun pobal domhanda an speicis seo a chur ina iomláine le Foscríbhinn II, ba cheart tacú le moladh an Aontais seachas leis an moladh a chuir an páirtí eile isteach. Ba cheart tacaíocht gan choinníoll a thabhairt do gach moladh eile.

    Thairis sin, maidir leis an gcinneadh a rinneadh ag an ochtú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe Cetorhinus maximus a chur le Foscríbhinn I den Choinbhinsiún, an forchoimeádas atá ag an Aontas faoi láthair 2 maidir le Cetorhinus maximus a chur le Foscríbhinn I, ba cheart é a tharraingt siar ós rud é go gcomhlíonann dlí an Aontais anois oibleagáidí an Choinbhinsiúin maidir le cosaint an speicis sin ag Stáit Raoin de thoradh é a bheith curtha san áireamh i bhFoscríbhinn I.

    4.Bunús dlí

    4.1.Bunús dlí an nós imeachta

    4.1.1.Prionsabail

    In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrfar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

    Cuimsíonn coincheap na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil sa reachtaíocht a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

    4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

    Is comhlacht í Comhdháil na bPáirtithe a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin an Coinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine.

    Gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo is ea na gníomhartha a ghlacann Comhdháil na bPáirtithe. Na gníomhartha atá beartaithe, beidh siad ceangailteach.faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal XI den Choinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine.

    Ní dhéantar creat institiúideach an Choinbhinsiúin a fhorlíonadh ná a leasú de thoradh na ngníomhartha.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí an nós imeachta don chinneadh atáthar a mholadh.

    4.2.Bunús dlí substainteach

    4.2.1.Prionsabail

    Go príomha, is ar chuspóir an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith, agus ar a bhfuil sa ghníomh sin, a bhraitheann an bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh de réir Airteagal 218(9) CFAE. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt thánaisteach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar aon bhunús dlí substainteach amháin, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

    4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

    Is leis an gcomhshaol a bhaineann príomhchuspóir agus a bhfuil sna gníomhartha atá beartaithe.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí an nós imeachta don chinneadh atáthar a mholadh.

    4.3.Conclúid

    Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atáthar a mholadh.

    5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

    Ós rud é go leasóidh gníomhartha Comhdháil na bPáirtithe Foscríbhinní I agus Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine, is iomchuí iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a nglactha.



    2020/0005 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine i ndáil le moltaí ó pháirtithe éagsúla Foscríbhinní an Choinbhinsiúin a leasú, agus maidir le haistarraingt forchoimeádais ar tugadh fógra don Choinbhinsiún sin faoi

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1982 4 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 1983.

    (2)De bhun Airteagal XI den Choinbhinsiún, féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe cinntí a ghlacadh chun Foscríbhinní an Choinbhinsiúin a leasú.

    (3)Le linn an tríú cruinniú dhéag an 15 go dtí an 22 Feabhra 2020, tá Comhdháil na bPáirtithe chun cinntí a ghlacadh chun Foscríbhinní an Choinbhinsiúin a leasú.

    (4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhdháil na bPáirtithe a leagan síos mar beidh na cinntí ceangailteach ar an Aontas.

    (5)Chuir an tAontas isteach moltaí le go gcuirfí na speicis Galeorhinus galeus, Tetrax tetrax agus Sphyrna zygaena le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus an speiceas Tetrax tetrax le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus ní bheadh gá le haon athrú ar dhlí an Aontais mar gheall ar aon cheann de na hathruithe sin.

    (6)Chuir páirtithe eile moltaí isteach maidir le Elephas maximus indicus, Panthera onca, Ardeotis nigriceps, Houbaropsis bengalensis bengalensis, Diomedea antipodensis agus Carcharhinus longimanus a chur le Foscríbhinn I agus maidir le Panthera onca, Ovis vignei agus Sphyrna zygaena (pobal réigiúnach a fhaightear feadh Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha na Brasaíle, Uragua agus na hAirgintíne agus sna huiscí idirnáisiúnta máguaird) a chur le Foscríbhinn II.

    (7)Ba cheart don Aontas tacú lena mholadh féin an pobal réigiúnach de Sphyrna zygaena a chur le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, de rogha ar an moladh arna chur isteach ag páirtí eile nach gcumhdaíonn ach an pobal réigiúnach a fhaightear feadh Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha na Brasaíle, Uragua agus na hAirgintíne agus sna huiscí idirnáisiúnta máguaird.

    (8)Ba ceart don Aontas tacú leis na moltaí eile uile toisc iad a bheith bunaithe ar an eolaíocht, i gcomhréir le tiomantas an Aontais don chomhar idirnáisiúnta ar son chosaint na bithéagsúlachta de réir Airteagal 5 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus i gcomhréir le cinntí a glacadh ag Comhdháil na bPáirtithe faoin gCoinbhinsiún sin.

    (9)Ní stát raoin é an tAontas Eorpach i gcás na speiceas Elephas maximus indicus, Ardeotis nigriceps agus Houbaropsis bengalensis bengalensis agus dá bhrí sin ní bheadh gá le haon athrú ar dhlí an Aontais chun na speicis sin a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

    (10)Ní stát raoin é an tAontas Eorpach i gcás an speicis Ovis vignei agus dá bhrí sin ní bheadh gá le haon athrú ar dhlí an Aontais chun an speiceas sin a chur le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

    (11)Níl an speiceas Panthera onca ar fáil san Aontas Eorpach ach i nGuáin na Fraince, áit atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú 5 , treoir nach bhfuil feidhm aici ach i gcríoch Eorpach na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leo. Dá bhrí sin, is le reachtaíocht náisiúnta a áirithítear caomhnú na speiceas i nGuáin na Fraince, an speiceas Panthera onca san áireamh. Ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais chun an speiceas sin a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

    (12)Ní fhaightear an speiceas éan Diomedea antipodensis san Aontas. Le Comhbheartas Iascaigh an Aontais agus le rialáil na hiascaireachta ag na heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha um bainistiú iascaigh, tá na hionstraimí iomchuí ar fáil don Aontas chun rannchuidiú leis an mbainistíocht ar chaomhnú an speicis sin agus dá bhrí sin, ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais chun an speiceas sin a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

    (13)Le Comhbheartas Iascaigh an Aontais agus le rialáil na hiascaireachta ag na heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha um bainistiú iascaigh, tá na hionstraimí iomhcuí ar fáil don Aontas chun rannchuidiú leis an mbainistíocht ar chaomhnú an speicis éisc Carcharhinus longimanus. Thairis sin, tá iascaireacht agus coinneáil an speicis sin toirmiscthe faoi Rialachán 2019/124 ón gComhairle. Dá bhrí sin, ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais chun an speiceas sin a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

    (14)Faoi Rialachán 2019/124 ón gComhairle, tá iascaireacht agus coinneáil an speicis Cetorhinus maximus toirmiscthe, speiceas atá cumhdaithe i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún cé go bhfuil forchoimeádas i bhfeidhm ag an Aontas faoi láthair maidir leis an gcumhdach sin. Dá bhrí sin, ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais chun an forchoimeádas a tharraingt siar.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe:

    (1)tacú leis na speicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn I:

    (1)Tetrax tetrax

    (2)Elephas maximus indicus

    (3)Panthera onca

    (4)Ardeotis nigriceps

    (5)Houbaropsis bengalensis bengalensis

    (6)Diomedea antipodensis

    (7)Carcharhinus longimanus

    (2)tacú leis na speicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn II:

    (1)Tetrax tetrax

    (2)Galeorhinus galeus

    (3)Sphyrna zygaena (an pobal domhanda)

    (4)Panthera onca

    (5)Ovis vignei

    Airteagal 2

    Thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Taisclann go bhfuil a fhorchoimeádas maidir le Cetorhinus maximus a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún á tharraingt siar aige.

    Airteagal 3

    Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    Cinneadh ón gComhairle 82/461/CEE an 24 Meitheamh 1982 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine, IO L 210, 24.6.1982, lch. 10.
    (2)    Arna bhunú in 2006 bunaithe ar Chinneadh ón gComhairle an 21 Feabhra 2006 a bhaineann le leasú Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine, a glacadh ag an ochtú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, chun Cetorhinus maximus a thabhairt san áireamh.
    (3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, An Ghearmáin v An Chomhairle, C‑399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
    (4)    IO L 210, 19.7.1982, lch. 10.
    (5)    IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.
    Top