Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020AR0540

    Tuairim Ionchais ó Choiste Eorpach na Réigiún – Todhchaí Bheartas AE d’Aer Glan faoi chuimsiú na hUaillmhéine maidir le Truailliú Nialasach

    COR 2020/00540

    IO C 324, 1.10.2020, p. 35–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.10.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    35


    Tuairim Ionchais ó Choiste Eorpach na Réigiún – Todhchaí Bheartas AE d’Aer Glan faoi chuimsiú na hUaillmhéine maidir le Truailliú Nialasach

    Rapóirtéir:

    János Ádám KARÁCSONY (HU/PPE), Comhalta Chomhairle Tahitótfalul

    Doiciméad tagartha:

    Tuairim ionchais

    MOLTAÍ BEARTAIS

    TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

    Barúlacha tosaigh

    1.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Comhaontú Glas don Eoraip (1) atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach nua, an uaillmhian maidir le truailliú nialasach le haghaidh comhshaol saor ó thocsainí – ceann de thrí thosaíocht a luaigh an Coimisinéir nua um an gComhshaol – agus, thar gach rud eile, an plean gníomhaíochta um thruailliú nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach atá le glacadh in 2021;

    2.

    á thabhairt dá aire an tacaíocht mhéadaithe ón bpobal san Aontas do ghníomhaíocht uaillmhianach chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, mar a tuairiscíodh i suirbhé speisialta Eorabharaiméadair in 2019 ar dhearcthaí i leith cháilíocht an aeir. Is í an imní atá ag dul i méid maidir le truailliú aeir i gcomhthéacs dhianslógadh na hóige ar son an chomhshaoil an túsphointe do ghníomhaíocht uaillmhianach sa réimse seo;

    3.

    á thabhairt dá aire gurb é an truailliú aeir fós an baol is mó don tsláinte ón gcomhshaol san Aontas, agus gurb é is cúis le beagnach 500 000 bás anabaí gach bliain. Tá nasc idir an truailliú aeir agus galair riospráide, galair chardashoithíocha, strócanna agus ailse. Bíonn éifeachtaí díobhálacha suntasacha aige freisin ar an aeráid, ar éiceachórais, ar an timpeallacht thógtha – lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha – agus ar an ngeilleagar;

    4.

    ag léiriú a thábhachtaí atá sé na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a áireamh i mbeartais a bheidh ann amach anseo. Ar thaobh amháin, tá nasc féideartha idir an truailliú aeir agus a thromchúisí atá iarmhairtí an ionfhabhtaithe le víreas COVID-19 (2). Ní mór, dá bhrí sin, an comhrac in aghaidh truailliú aeir a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí phlean téarnaimh an Aontais. Ar an taobh eile, d’fhág laghdú suntasach ar thrácht, ar tháirgeadh tionsclaíoch agus ar ghníomhaíochtaí eile le linn cuirfiúnna, gur lú i bhfad an truailliú aeir agus torainn a bhí ann. D’fhág sin gur shoiléire don phobal go bhfuil timpeallacht níos folláine, laghdú ar an trácht, spásanna poiblí níos oscailte agus réitigh nádúrbhunaithe bunriachtanach dá bhfolláine. Tá tacaíocht láidir ann don deis stairiúil seo saol níos fearr a fhorbairt;

    5.

    á thabhairt dá aire gur lean cáilíocht an aeir san Eoraip d’fheabhsú de réir a chéile le blianta beaga anuas, ach go bhfuil a lán Ballstát nach bhfuil na caighdeáin reatha á gcomhlíonadh acu agus go bhfuil níos mó ná a leath díobh faoi láthair faoi réir nósanna imeachta um shárú. Tugann CnaR dá aire freisin nár thit leibhéil an ábhair cháithnínigh mhín (PM2,5), atá ar cheann de na cineálacha truaillithe aeir is guaisí do chóras riospráide an duine, go suntasach san Eoraip;

    6.

    á chur in iúl gur mór aige an obair atá á déanamh ag na Ballstáit, na hinstitiúidí Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta chun an truailliú aeir a mheasúnú agus chun dul i ngleic leis (3);

    7.

    ag iarraidh an athuair cur chuige comhtháite, beartas Eorpach uaillmhianach atá bunaithe ar fhoinsí, agus naisc idir beartais astaíochtaí agus beartais iontaíochtaí i dtéarmaí uaillmhianta agus tráthchlár araon (4); á iarraidh go gcuirfí san áireamh na conclúidí ó chomhairliúchán CnaR lena Mhoil Réigiúnacha (5) inar breathnaíodh ar chur chun feidhme na dTreoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh agus na dTreoracha um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta chomh maith leis na moltaí a tugadh sa tuairim ó CnaR – Towards an 8th Environment Action Programme (EAP) [I dTreo an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (CGC)] (6);

    8.

    á mheabhrú an fhreagracht ar leith atá ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa réimse seo do na glúine atá le teacht, agus do shaoránaigh an lae inniu, go háirithe grúpaí atá níos leochailí, agus, tá CnaR suite de, dá bhrí sin, bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn ghéarchéim COVID-19, gur féidir athrú a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá na moltaí seo a leanas déanta aige;

    Tionscnaimh nua a d’fhéadfadh a bheith ann

    Bearta reachtacha

    9.

    á thabhairt dá aire go raibh an tSeiceáil Oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh éifeachtach go pointe áirithe chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, ach go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí fós. Molann CnaR gur cheart a chur san áireamh, le linn an athbhreithnithe sin, go bhféadfaí cáithníní sármhíne agus carbón dubh a bhfuil éifeachtaí díobhálacha ardaithe ar an tsláinte acu araon a áireamh bunaithe ar mholtaí ó EDS. Chomh maith leis sin, fad is a bhaineann le héifeachtaí ar an tsláinte, ba cheart an fócas a athrú ó mheasúnú a dhéanamh ar cháilíocht an aeir go nochtadh daoine do thruailliú an aeir a thomhas; á chur in iúl go bhfuil sé ag tnúth leis na tograí reachtacha ábhartha a bheidh ann in am trátha agus cuirfidh CnaR leis na nósanna imeachta sin más iomchuí agus nuair is iomchuí trí mholtaí a thabhairt bunaithe ar an dearcadh áitiúil agus réigiúnach;

    10.

    ag aontú gur bunús maith iad na rialacha reatha maidir le faireachán chun sonraí inchomparáide iontaofa a fháil chun cáilíocht an aeir a thomhas. Ba cheart tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh, áfach, ar na córais faireacháin arna n-ainmniú ag Ballstáit aonair. Molann CnaR go mbeadh baint níos dlúithe ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha le suíomhanna a ainmniú do láithreáin shonracha tomhais;

    11.

    á thabhairt dá aire, mar a thuairiscigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, gur socraíodh caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir beagnach 20obliain ó shin agus go bhfuil cuid acu sin i bhfad níos laige ná treoirlínte EDS agus an leibhéal a moladh san fhianaise eolaíoch is déanaí maidir leis an tionchar ar shláinte an duine;

    12.

    ag tacú leis an bhfógra ón gCoimisiún Eorpach go ndéanfaí na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú ar bhealach níos dlúithe le treoirlínte EDS, treoirlínte atá á n-athbhreithniú faoi láthair, ach is mian leis an gCoiste aird a tharraingt ar na nithe seo a leanas: Agus líon ard na mBallstát nach gcomhlíonann na caighdeáin atá ann faoi láthair á gcur san áireamh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh cúnaimh le haghaidh cur chun feidhme i gcás inar gá agus inarb iomchuí agus maidir le tráthchláir chomhlíontachta a ndéanfaí dianfhaireachán orthu. Tá CnaR den tuairim gur cur chuige thar a bheith éifeachtach iad rialacha maidir le hastaíochtaí, agus molann sé dá bharr go dtabharfaí níos mó aird ar na rialacha sin a dhéanamh níos déine. Is díol sásaimh dó, ag an am céanna, gur féidir le roinnt Ballstát, réigiún nó cathracha teorainnluachanna níos déine a chur i bhfeidhm ar a dtionscnamh féin agus go ndéanann siad amhlaidh, cheana féin, más mian leo;

    13.

    ag leagan béim ar an ngá atá ann díriú níos mó ar rialáil astaíochtaí mar bhealach níos fearr chun aer glan a bhaint amach trí astaíochtaí a laghdú ag an bhfoinse (cosc ar thruailliú). Leagtar amach gealltanais uaillmhianacha maidir le laghdú astaíochtaí do na Ballstáit sa Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta, ach tá gá le rialacháin earnála uile-Aontais freisin. Is fearr is féidir cothroime iomaíochta a áirithiú le reachtaíocht an Aontais, mar go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha teacht as ceanglais laghdaithe astaíochtaí níos déine ar an leibhéal áitiúil. Le reachtaíocht an Aontais, ba cheart cosc a chur le truailliú a aistriú chuig suíomh eile, e.g. idir cathracha, tíortha nó ilchríocha comharsanacha nó trí ghluaisteáin díosail a onnmhairiú ó chathracha Iarthar na hEorpa, ina gcuirtear cosc ar a n-úsáid, chuig Oirthear na hEorpa, chuig an Afraic nó chuig áiteanna eile ar domhan. Ba cheart aird níos mó a thabhairt ar réimsí áirithe nach raibh faoi réir aon rialachán le déanaí: ina measc tá loingseoireacht (intíre), astaíochtaí neamh-sceite ón iompar de bhóthar (caitheamh agus cuimilt na gcoscán agus na mbonn), gineadóirí díosail (cumhacht uirbeach), eitlíocht, nó monarchana beaga (<1 MWth) dócháin amhail soirn agus coirí dóite adhmaid agus guail i dtithe. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar fhíordhálaí tiomána agus úsáide;

    Maoiniú

    14.

    á chur in iúl go bhfuil easpa maoinithe spriocdhírithe ón Aontas ann i gcoitinne do bhearta maidir le cáilíocht an aeir, chun Pleananna maidir le Cáilíocht an Aeir a dhréachtú agus a chur chun feidhme, agus chun faireachán agus feabhsú fíor-ama a dhéanamh ar cháilíocht an aeir i gcoitinne. Meastar freisin gur próiseas deacair é maoiniú a fháil, agus mar sin ní mór é a shimpliú go suntasach chun a áirithiú go n-éireoidh leis na glaonna ar mhaoiniú. Ba cheart bailiú acmhainní airgeadais don mhaoiniú sin a bheith bunaithe ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

    15.

    á thabhairt dá aire go mbíonn éifeacht ag truailliú dian ábhair cháithnínigh ar, go háirithe, cheirtleáin mhóra uirbeacha, na réigiúin mhórthionsclaithe agus na ceantair is boichte san Aontas, a mbíonn taithí acu ar bhochtaineacht fuinnimh in a lán cásanna freisin. Dá bhrí sin, ba cheart aistrithe earnála (talmhaíocht, iompar, tionscal agus fuinneamh) agus truailliú aeir a láimhseáil ar bhealach comhtháite, agus cur chuige saincheaptha a chur i bhfeidhm. Tá maoiniú riachtanach ós rud é go mbíonn tionchar suntasach ag acmhainní airgeadais ar an rath a bhíonn ar chur chun feidhme na gclár um cháilíocht an aeir. Ina theannta sin, bíonn roinnt réigiún faoi mhíbhuntáiste, ní hamháin mar gheall ar dhálaí socheacnamaíocha neamhfhabhracha, ach i ngeall ar staideanna geografacha dochracha nó cúinsí aeráide dochracha freisin, agus, dá bhrí sin, bíonn tacaíocht bhreise de dhíth orthu chun truailliú aeir a chomhrac;

    16.

    ag leagan béim ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta, lena n-áirítear cáilíocht an aeir a fheabhsú, do phobail áitiúla agus réigiúnacha. Is díol sásaimh do CnaR an Teachtaireacht ón gCoimisiún The EU budget powering the recovery plan for Europe [Plean téarnaimh don Eoraip á chumhachtú ag buiséad an Aontais] agus iarrann sé ar an gCoimisiún rochtain ar dheiseanna maoinithe an Aontais a shimpliú agus a mhéadú, go háirithe CFRE, LIFE, CETFT agus an Ciste um Aistriú Cóir, mar mhodhanna chun cuspóirí níos leithne a bhaint amach a rachaidh chun tairbhe do cháilíocht an aeir freisin, go háirithe iad sin atá sna pleananna maidir le cáilíocht an aeir faoi na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach comhleanúnachas a áirithiú idir tionscadail arna maoiniú ag an Aontas agus beartais na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, d’fhonn a dtionchar a uasmhéadú; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach freisin an dlúthchomhar leis an húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn chun na straitéisí, beartais agus cláir iomchuí a fhorbairt;

    17.

    á iarraidh go dtabharfaí isteach dreasachtaí nó aitheantas do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a fheidhmíonn ar bhealach dearfach;

    Cur chun feidhme a fheabhsú

    Rialachas il-leibhéil, comhar, cur chun feidhme agus forfheidhmiú

    18.

    á thabhairt dá aire go luaitear sna Seiceálacha Oiriúnachta go bhfuil fadhbanna leis an gcur chun feidhme agus go dtugtar le fios iontu gur fhág pleananna easnamhacha maidir le cáilíocht an aeir agus easpa tiomantais na mBallstát maidir le bearta iomchuí a dhéanamh go raibh moill nach beag i gcomhlíonadh na gcaighdeán maidir le cáilíocht an aeir; á thabhairt le fios gur mhórchúis le héifeachtúlacht theoranta na bpleananna maidir le cáilíocht an aeir na teorainneacha astaíochtaí d’fheithiclí arna leagan síos níos luaithe ag an Aontas, teorainneacha nach raibh in oiriúint d’fhíordhálaí tiomána;

    19.

    ag tabhairt faoi deara go bhfuil foinsí éagsúla truaillithe aeir ann: foinsí nádúrtha, trasteorann, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla (ar leibhéal gach sráide ar leith freisin). Chun truailliú aeir a chomhrac, ba cheart astaíochtaí ar gach leibhéal a laghdú ionas go nglacfaidh gach leibhéal a chion féin den fhreagracht. Beidh gá le dlúthchomhar agus cumarsáid níos éifeachtaí idir na leibhéil éagsúla rialtais má táthar chun feabhas éifeachtach a dhéanamh ina leith. D’fhéadfadh ról comhordúcháin a bheith ag údaráis réigiúnacha idir an leibhéal áitiúil agus an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart dea-chleachtais a bhailiú agus a scaipeadh. Ba cheart an comhar a leathnú chun cuideachtaí, comhlachtaí eolaíochta agus geallsealbhóirí ábhartha eile, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne, a áireamh;

    20.

    á thabhairt dá aire go bhfuil uirlisí sonracha amhail an ionstraim idir piaraí TAIEX-EIR ar fáil cheana féin agus go bhfuil siad in úsáid go rathúil ag roinnt Ballstát agus ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha;

    21.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó na hiarrachtaí chun comhaontú idirnáisiúnta i gcoinne truailliú aeir trasteorann a thabhairt i gcrích. Tá dlúthbhaint ag an gCoimisiún Eorpach agus ag na Ballstáit araon le meithleacha, le tascfhórsaí agus le cláir chomhair áirithe faoin gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin (CLRTAP) (nó mar is fearr aithne air Coinbhinsiún Aeir Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE)). Is díol sásaimh do CnaR freisin gur lainseáladh an Fóram um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Truailliú Aeir anuraidh, rud a d’fhéadfadh dlús a chur leis an bhfeabhas ar cháilíocht an aeir ar fud an domhain tríd an eolas a bailíodh go dtí seo a scaipeadh agus a chomhroinnt; á chur i bhfáth go bhféadfadh comhar trasteorann idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith tábhachtach (laistigh den Aontas agus thar theorainneacha seachtracha an Aontais) agus go bhféadfadh ionstraim na Grúpála Eorpaí um Chomhar Críochach a bheith ina creat úsáideach le haghaidh tionscnaimh den chineál sin;

    22.

    ag leagan béim ar an ngá atá le comhar trasearnála agus le comhleanúnachas na réimsí ábhartha beartais. Ba cheart go dtabharfaí aghaidh sna bearta ar gach foinse truaillithe aeir ar bhealach comhtháite: iompar (de bhóthar agus neamhbhóthair), fuinneamh (lena n-áirítear téamh baile), earnálacha na talmhaíochta agus na tionsclaíochta, agus réimsí ábhartha eile á gcur san áireamh amhail an t-athrú aeráide nó an tsláinte. D’fhéadfadh tairbhe chómhalartach a bheith ag baint leis na beartais sin (e.g. bearta coigilte fuinnimh), ach i gcásanna áirithe d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag beartais (e.g. dóchán bithmhaise a chur chun cinn nó tacú le gluaisteáin díosail) ar cháilíocht an aeir. Ba cheart leas a bhaint as sineirgí agus ba cheart forálacha a dhéanann níos mó dochair ná maitheas a sheachaint. Ba cheart gach beart ábhartha den Chomhaontú Glas don Eoraip a úsáid chun na cuspóirí reatha maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach: ní hamháin an Plean Gníomhaíochta le haghaidh Truailliú Nialasach ach freisin an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030, an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, agus an Dlí Aeráide;

    23.

    á thabhairt dá aire gurb í an talmhaíocht go dtí seo an earnáil is lú éifeacht maidir le hastaíochtaí a laghdú (réamhtheachtaí ábhair cháithnínigh is ea an t-amóiniam). Cé go bhfuil bearta chun astaíochtaí a mhaolú sa talmhaíocht ar fáil cheana féin, agus go bhfuil siad inmharthana go teicniúil agus go heacnamaíoch, níl na bearta sin in úsáid go forleathan go fóill. Agus sraith athchóirithe déanta ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) chun inbhuanaitheacht chomhshaoil CBT a fheabhsú, ba cheart do CBT freastal níos fearr a dhéanamh ar na spriocanna sin anois. Ba cheart bearta nua nó bearta níos déine a mheas le linn na caibidlíochta maidir le todhchaí CBT tar éis 2020 lena n-áirítear, mar shampla, éiciscéimeanna;

    24.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a bhaint amach. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar chomhchuibhiú Criosanna Íseal-astaíochtaí agus, níos tábhachtaí fós, Criosanna Saor ó Astaíochtaí; á chur in iúl gurb eol dó gur laghdú sealadach atá sa laghdú ar thruailliú i limistéir dhianghlasála le linn ghéarchéim COVID-19, agus go bhfuil bearta déanta cheana féin ag cathracha chun éifeacht an tráchta a laghdú – leathnaigh siad casáin, d’ainmnigh siad lánaí do mhicreachóracha iompair, d’ísligh siad teorainneacha luais etc. Ba léir freisin gur cheart maoiniú (ón Aontas) a chur ar fáil go práinneach do chuideachtaí iompair phoiblí chun iad a choinneáil i mbun gnó, chun flíteanna a athnuachan le feithiclí nach bhfuil chomh truaillitheach céanna agus chun aistriú chuig mótariompar príobháideach a chosc; á chur i bhfios nach mór iomaíochas mhonaróirí an Aontais a chur san áireamh agus caighdeáin níos déine maidir le hastaíochtaí á mbreithniú agus á mbeartú d’fheithiclí peitril agus díosail – agus, ag an am céanna, tá CnaR ag iarraidh fáil réidh de réir a chéile leis na hinnill dócháin inmheánaigh sa trácht ar bhóithre agus is mór aige na Ballstáit, na réigiúin agus na cathracha a bhfuil dáta deiridh socraithe acu cheana chun gluaisteáin a bhfuil innill dócháin inmheánaigh iontu a ligean isteach ar a gcríoch. Tá CnaR i gcoinne préimheanna le haghaidh ceannach feithiclí a bhfuil innill den sórt sin iontu; á mholadh, i measc nithe eile, teicneolaíocht feithiclí atá saor ó astaíochtaí a chur chun cinn tuilleadh agus dlús a chur le hinfheistíocht sa ghréasán Eorpach iarnróid freisin mar cheann de na roghanna inmharthana a d’fhéadfadh a bheith ann do na comaitéirí;

    25.

    ag tarraingt aird ar an bhfadhb a bhaineann le téamh breosla sholadaigh i dtithe cónaithe. Ní cosúil go dtugann an reachtaíocht maidir le héicidhearthóireacht réiteach ar an bhfadhb. Dá bhrí sin, tá súil ag CnaR go dtabharfaidh an Coimisiún Eorpach aghaidh ar an tsaincheist sin i gcomhthéacs na dtionscnamh inbhuanaithe a bhaineann le táirgí faoin straitéis geilleagair chiorclaigh. Thairis sin, tá tacaíocht shuntasach ag teastáil ó dhaoine a bhfuil ioncam íseal acu (an bhochtaineacht fuinnimh), ní hé amháin chun fearais a athsholáthar ach chun oibriú agus cothabháil inacmhainne a áirithiú d’fhearais atá níos tíosaí ar fhuinneamh chomh maith. Ba cheart féachaint ar dhreasachtaí ad hoc chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh chun a bhfeidhmíocht fuinnimh a fheabhsú. Ba cheart don Choimisiún Eorpach breithniú a dhéanamh freisin ar rialacha a thabhairt isteach maidir le cáilíocht breoslaí a úsáidtear i gcórais téimh i dtithe cónaithe agus ba cheart dó chun na críche sin dreasachtaí iomchuí a chruthú, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais;

    26.

    ag tathant ar na Ballstáit a gCláir Náisiúnta um Rialú ar Thruailliú Aeir a chur i gcrích agus a thabhairt cothrom le dáta mar ábhar práinne agus ranníocaíochtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh agus na cláir á ndréachtú agus á n-athbhreithniú acu;

    Rannpháirtíocht an phobail

    27.

    á thabhairt dá aire gur cheart níos mó úsáid a bhaint as réitigh TF atá ann cheana, as feidhmchláir fón póca agus as uirlisí ábhartha eile chun an pobal a chur ar an eolas, agus, ar an gcaoi sin, déantar rud infheicthe den “mharfóir dofheicthe” chun feasacht an phobail a mhéadú. Ba cheart an fhaisnéis a bheith sothuigthe agus so-rochtana, agus ba cheart gnéithe sláinte a áireamh inti. Tugann suíomh gréasáin reatha an Innéacs Eorpaigh um Cháilíocht an Aeir (7) faisnéis chuimsitheach faoi cháilíocht an aeir san Eoraip, ach níl mórán aithne air agus is gá é a phoibliú níos mó. Ba cheart an suíomh a fheabhsú freisin trí shamhaltú chun faisnéis faoi cháilíocht an aeir a chur ar fáil maidir le réigiúin, sráidbhailte beaga agus limistéir thuaithe, áit nach dtomhaistear cáilíocht an aeir trí stáisiúin faireacháin;

    28.

    ag moladh go gcuirfí dlús le hiarrachtaí eolaíochta na saoránach. Ní féidir sonraí ó fheidhmchláir eolaíochta a chruthaigh saoránaigh a chur in ionad sonraí faireacháin toisc go soláthraíonn siad cáilíocht sonraí i bhfad níos ísle, rud nach mór a chur in iúl go soiléir don phobal, ach is féidir leis na feidhmchláir cur le sonraí faireacháin trí fhaisnéis níos beaichte a sholáthar maidir le treochtaí i dtruailliú aeir, agus páirt ghníomhach a thabhairt don phobal agus feasacht daoine a ardú. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí taighde maidir le feabhas a chur ar iontaofacht braiteoirí (ísealchostais) agus dlús a chur leo, agus is díol sásaimh dó freisin obair reatha an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) maidir le caighdeáin i ndáil le dlúthfhaireachán ar cháilíocht an aeir chomh maith le samhaltú cáilíochta aeir;

    29.

    ag moladh an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi fhadhbanna agus faoi fheabhsuithe araon lena léirítear torthaí dearfacha féideartha na gníomhaíochta, lena n-áirítear an acmhainneacht a bhaineann le cineálacha fuinnimh gan truailliú, amhail fuinneamh inathnuaite nó núicléach, a chuirfidh ar chumas na mBallstát agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach tacaíocht a thabhairt do bhearta;

    30.

    á thabhairt le fios go bhfuil ról tábhachtach ag saoránaigh maidir le srian a chur leis an truailliú aeir, go háirithe trína n-iompar féin a athrú i mórán gnéithe éagsúla dá saol, lena n-áirítear córacha iompair, téamh, bia, ach tomhaltas ginearálta freisin, nach bhfuil a lán acu ar an eolas fúthu go fóill (cé go bhfuil éagsúlacht mhór i bhfeasacht an phobail laistigh den Aontas Eorpach). Braitheann laghdú astaíochtaí ar an rannchuidiú sin, agus dá bhrí sin ba cheart do shaoránaigh a bheith dlúthpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta le linn pleananna agus bearta maidir le cáilíocht an aeir a fhorbairt, ón gcéim is luaithe. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sna pleananna do cháilíocht an aeir, ní hamháin bearta rialála, ach bearta eile lena ndéantar feasacht agus athruithe iompraíochta daoine a chur chun cinn agus tacú leo ina roghanna soghluaisteachta, amhail níos lú a thiomáint. Is féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an obair sin a éascú trí úsáid a bhaint as scéimeanna ar nós ClairCity; á áitiú, áfach, go n-aithneofaí agus go mbunófaí go forleathan tionscnaimh áitiúla, go mbeadh saoránaigh rannpháirteach sna tionscnaimh sin, amhail crainn a chur agus ballaí glasa a chruthú i gcathracha, an t-aer uirbeach a ghlanadh agus a fhuarú;

    Comhchuibhiú, treoir agus gníomhartha cur chun feidhme

    31.

    ag moladh tuilleadh treorach maidir le tuairisciú ar cháilíocht an aeir agus samhaltú atá deartha go sonrach d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, i bhfianaise an róil shuntasaigh atá acu san earnáil seo. Ba cheart riachtanais an údaráis áitiúil a chur san áireamh in uirlisí tuairiscithe (an ríomhthuairisciú san áireamh). D’fhéadfadh sé nach mbeadh foireann ag údaráis áitiúla i gcónaí leis na scileanna teicniúla riachtanacha nó leis an leibhéal riachtanach Béarla. Trí fheabhas a chur ar an ríomhthuairisciú, ba cheart go mbeifí in ann sainiúlachtaí na n-úsáideoirí áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh, lena n-áiritheofaí comhsheasmhacht idir cúraimí tuairiscithe a shanntar d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a gcumhachtaí agus a n-acmhainní san earnáil sin;

    Rannpháirtíocht i líonraí agus i dtionscnaimh

    32.

    ag aithint an lín ard tionscnamh agus líonraí atá ar fáil cheana féin lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le truailliú aeir (an Chomhpháirtíocht maidir le Cáilíocht an Aeir faoi chuimsiú an Chláir Oibre Uirbigh, an Painéal Saineolaithe maidir le hAer Glan i gCathracha faoi Choinbhinsiún Aeir UNECE (8), Fóram an Aontais maidir le hAer Glan, Cúnant na Méaraí, etc.). Cuireann roinnt mhaith díobh sin breisluach suntasach ar fáil sa bheartas d’aer glan agus spreagfadh CnaR údaráis áitiúla agus réigiúnacha le bheith níos rannpháirtí sna gníomhaíochtaí sin ar leibhéal an Aontais;

    33.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tionscnamh nua de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Comhaontú na Cathrach Glaise chun cur chun feidhme reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a fheabhsú. D’fhéadfadh Comhaontú na Cathrach Glaise nó an tArdán Teicniúil le haghaidh Comhar maidir leis an gComhshaol arna bhunú ag an gCoiste agus ag an gCoimisiún Eorpach a bheith ina n-uirlisí úsáideacha chun údaráis áitiúla agus réigiúnacha a stiúradh i dtreo na dtionscnamh is fearr bunaithe ar a gcuid riachtanas. Ba cheart go gcabhródh na hardáin sin freisin le bailiú agus aicmiú uirlisí, treoirdhoiciméad nó tacaíochta ábhartha eile atá ar fáil ó Choinbhinsiún Aeir UNECE, ón gCoimisiún Eorpach agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde, ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, nó ó aon líonra nó eagraíocht eile a d’fhéadfadh cabhrú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag obair maidir le cáilíocht an aeir a fheabhsú. Ba cheart saineolas speisialta agus tacaíocht theicniúil (e.g. fardail astaíochtaí áitiúla a fhorbairt, criosanna íseal-astaíochtaí a ainmniú, úsáid na samhla SHERPA, etc.) a sholáthar freisin, ós rud é gur gá oiliúint a chur ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun na huirlisí sin a úsáid;

    Na chéad chéimeanna eile

    34.

    ag áitiú ar an gCoimisiún Eorpach gnéithe áirithe de na rialacha maidir le hastaíochtaí a neartú tuilleadh ar leibhéal an Aontais agus céimeanna breise a ghlacadh chun comhar cothrománach agus ingearach éifeachtach agus feabhsaithe a áirithiú; ag tathant ar na Ballstáit agus ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha modhanna comhair agus cumarsáide níos fearr a aimsiú ag an am céanna;

    35.

    ag moladh go gcuirfí maoiniú i leith cháilíocht an aeir ar fáil do na húdaráis áitiúla agus do chomhlachais cáilíochta aeir chreidiúnaithe atá freagrach as pleananna cáilíochta aeir i gcriosanna ainmnithe cáilíochta aeir, agus tús áite á thabhairt do chriosanna ina bhfuil truailliú aeir níos airde;

    36.

    ag tarraingt aird ar an ngá atá ann na líonraí, na tionscnaimh, na huirlisí agus an treoir ábhartha a chomhordú agus a bhainistiú, ar ábhar eolais agus taithí leathan iad cheana féin, agus a chabhródh le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha feabhas a chur ar a gcuid oibre chun aer níos glaine a bhaint amach bunaithe ar shaineolas agus treoir theicniúil bhreise.

    An Bhruiséil, an 2 Iúil 2020.

    Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

    Apostolos TZITZIKOSTAS


    (1)  https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_ga.

    (2)  De réir an staidéir a foilsíodh le déanaí Assessing nitrogen dioxide (NO2) levels as a contributing factor to coronavirus (COVID-19) fatality [Leibhéil dé-ocsaíde nítrigine a mheasúnú mar chúis a d’fhéadfadh cur le líon na mbásanna ón gcoróinvíreas (COVID-19)], ba i gceithre réigiún i dTuaisceart na hIodáile agus i réigiún amháin timpeall Mhaidrid sa Spáinn a bhí 78 % de na 4 443 bhás. Is sna cúig réigiún sin a bhí an meascán is measa de leibhéil NO2 agus de dhálaí aershreibhe a chuir cosc ar thruailliú aeir a scaipeadh.

    (3)  Tá obair déanta ag an gCoimisiún Eorpach chun creat beartais an Aontais maidir le haer glan a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh: leis an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta a cuireadh in ionad na Treorach um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta, tugadh isteach ceanglais laghdaithe astaíochtaí do 2020-2029 agus ó 2030 ar aghaidh; d’éirigh go maith leis an bhFóram um Aer Glan chun cáilíocht an aeir a phlé; agus foilsíodh conclúidí na Seiceála Oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh; Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh conclúidí le déanaí maidir le Cáilíocht an Aeir a fheabhsú; D’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa Tuarascáil Speisialta Uimh. 23/2018 — “Truailliú Aeir: Tá ár sláinte fós gan cosaint leordhóthanach” (IO C 324, 13.9.2018, lth. 12), agus tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag EDS ar a treoirlínte maidir le cáilíocht an aeir d’fhonn treoirlínte nua a eisiúint in 2021.

    (4)  The Clean Air Policy Package for Europe [Pacáiste Beartais d’Aer Glan don Eoraip]. https://cor.europa.eu/en/our-work/Pages/OpinionTimeline.aspx?opIdMR-1217-2014.

    (5)  https://cor.europa.eu/ga/news/Pages/consultation-air-quality.aspx.

    (6)  IO C 168, 16.5.2019, lth. 27.

    (7)  http://airindex.eea.europa.eu

    (8)  An Coinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin.


    Top