Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020AA0003

    Tuairim Uimh. 3/2020 (de bhun Airteagail 287(4) agus Airteagail 322(1)(a), CFAE) maidir le togra 2020/0054(COD) le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha chun solúbthacht eisceachtúil a sholáthar chun Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19 2020/C 159/01

    ECA_OPI_2020_3

    IO C 159, 8.5.2020, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.5.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 159/1


    TUAIRIM Uimh. 3/2020

    (de bhun Airteagail 287(4) agus Airteagail 322(1)(a), CFAE)

    maidir le togra 2020/0054(COD) le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha chun solúbthacht eisceachtúil a sholáthar chun Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19

    (2020/C 159/01)

    CLÁR ÁBHAR

     

    Mír

    Leathanach

    RÉAMHRÁ

    1-5

    2

    ÁR MEASÚNÚ

    6-13

    3

    An fhéidearthacht le haghaidh cómhaoiniú 100%

    7-8

    3

    Níos mó solúbthachta ag na Ballstáit tacaíocht AE a spriocdhíriú de réir a rogha

    9-10

    3

    Cuntas a choinneáil ar úsáid na mbeart speisialta

    11

    4

    Tráthúlacht an togra

    12

    4

    Tionchar ar obair iniúchóirí

    13

    4

    NÓTA TRÁCHTA DEIRIDH

    14

    4

    RÉAMHRÁ

    1.

    Tá éifeacht gan fasach ag ráig COVID-19 ar shláinte na saoránach agus ar athléimneacht a ngeilleagar ar fud gach Ballstát AE. I bhfianaise an mhéid sin, tá an Coimisiún ag moladh go mbainfí leas as cistiú Infheistíochta Struchtúraí na hEorpa (ISE) chun na héifeachtaí seo a mhaolú, “mar bheart sealadach agus eisceachtúil, gan dochar do na rialacha a bheadh i bhfeidhm faoi chúinsí rialta” (1). Aithníonn an Coimisiún (2) nach mór don phríomhfhreagairt teacht ó bhuiséid na mBallstát. Leagtar amach na tograí ón gCoimisiún i leasú ar dhá cheann de na rialacháin lena rialaítear úsáid cistí don tréimhse 2014-2020: Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC) a chuimsíonn na rialacha a bhaineann le raon cistí (3); agus an rialachán a bhaineann go sonrach le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) (4). Tá bearta breise glactha cheana féin ag an gCoimisiún le seachtainí beaga anuas (5). Ní ábhar foirmiúil don Tuairim iad, ach cuireadh san áireamh iad, nuair ab ábhartha.

    2.

    Ciallaíonn bunús dlí an togra ón gCoimisiún go bhfuil comhairliúchán le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa éigeantach (6). Fuaireamar iarratas foirmiúil ó na reachtóirí ar 3 Aibreán 2020 (Parlaimint na hEorpa) agus ar 8 Aibreán 2020 (an Chomhairle). Comhlíonann an Tuairim seo an ceanglas comhairliúcháin seo.

    3.

    Is é ról na Cúirte Iniúchóirí, faoin gConradh, “scrúdú a dhéanamh i dtaobh an bhfuarthas an t-ioncam go léir agus ar tabhaíodh an caiteachas go léir ar bhealach dleathach agus rialta agus i dtaobh an ndearnadh bainistíocht airgeadais ar bhealach fónta” (7). Mar phrionsabal, lorgaímid creat riaracháin atá bunaithe ar rialacha agus atá ceaptha chun torthaí tairbhiúla agus tionchar tairbhiúil a sholáthar do shaoránaigh, trí na rialacha ábhartha a chomhlíonadh.

    4.

    Mar sin féin, ní gnáthchúinsí iad seo. Mar institiúid AE, tuigimid gur cheart don AE bearta neamhghnácha a dhéanamh chun cabhrú le Ballstáit sa chomhrac i gcoinne COVID-19 agus na héifeachtaí atá aige sin ar shaol na saoránach Eorpach. Leis an staid reatha, éilítear úsáid phráinneach as na hacmhainní airgeadais go léir atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair ar an tsláinte, ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh: Ní mór tacaíocht AE a bheith ar fáil do Bhallstáit a luaithe is féidir.

    5.

    Tá rioscaí ag baint le laghdú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a chuir an Coimisiún i bhfeidhm leis na húdaráis reachtacha don tréimhse 2014-2020. Is é an dúshlán atá roimh an gCoimisiún ina thogra ná an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an gá atá leis an tsolúbthacht riachtanach a sholáthar chun a áirithiú go gcuirfear na cistí ar fáil do Bhallstáit gan mhoill, agus an gá atá ann na rioscaí do chomhlíonadh agus do bhainistiú fónta airgeadais a íoslaghdú. Táimid den tuairim gur breithiúnas polaitiúil d’údaráis reachtacha AE, don Pharlaimint agus don Chomhairle é, tríd is tríd, an tsolúbthacht leathnaithe seo a thairiscint.

    ÁR MEASÚNÚ

    6.

    I bhfianaise an mhéid sin, is é an aidhm atá againn leis an Tuairim seo machnamh ag na reachtóirí ar thogra an Choimisiúin a éascú. Níor thugamar ráitis mhionsonraithe maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar an reachtaíocht; ina ionad sin, tarraingímid aird ar na príomhcheisteanna agus leagaimid amach cuid de na rioscaí atá i gceist.

    An fhéidearthacht le haghaidh cómhaoiniú 100 %

    7.

    Ní bhaineann an togra le maoiniú breise AE do na Ballstáit. Mar sin féin, déantar foráil ann maidir le maoiniú AE a aistriú níos tapa, tríd an deis a thabhairt do Bhallstát a iarraidh go gcuirfeadh an AE ráta maoinithe 100 % ar fáil, gan aon dualgas a bheith ar an mBallstát aon chómhaoiniú dá chuid féin a chur ar fáil (8). Leis an mbeart seo chuirfí feabhas ar infhaighteacht acmhainní na mBallstát sa ghearrthéarma. Bheadh tionchar éagsúil aige ó Bhallstát go Ballstát, ag brath ar raon cúinsí, lena n-áirítear na rátaí cómhaoinithe atá i bhfeidhm agus dul chun cinn coibhneasta na mBallstát i ndáil lena gcláir a chur i gcrích. Tríd is tríd, is iad na Ballstáit is mó a bhainfidh tairbhe as an mbeart seo ná: iad siúd a bhfuil méid níos airde maoinithe acu ó na cláir oibríochtúla reatha atá ar fáil dóibh; iad siúd a chuirfidh isteach na méideanna caiteachais is airde sa chéad bhliain chuntasaíochta eile, agus iad siúd a bhfuil rátaí cómhaoinithe níos ísle acu go ginearálta.

    8.

    Mar thoradh ar an luathú dá bharr maidir le cur chun feidhme an chláir, mar aon le hincháilitheacht an chaiteachais a cheadaítear d’oibríochtaí críochnaithe, cuirfear brú ar na leithreasuithe íocaíochta atá ar fáil don bhuiséad AE. Tugaimid dár n-aire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún “faireachán cúramach a dhéanamh ar thionchar an mhodhnaithe atá beartaithe ar leithreasuithe íocaíochta in 2020 agus cur chun feidhme an bhuiséid agus réamhaisnéisí athbhreithnithe na mBallstát á gcur san áireamh” (9).

    Níos mó solúbthachta ag na Ballstáit tacaíocht AE a spriocdhíriú de réir a rogha

    9.

    Faoin togra, bheadh níos mó solúbthachta ag Ballstáit freagairt do ráig COVID-19 trí chistí AE a atreorú go dtí na háiteanna is mó a bhfuil gá leo. Go sonrach, tarscaoileann sé na ceanglais maidir le cion seasta de chaiteachas chistí ISE a chaitheamh ar phríomhthéamaí (10) (amhail taighde agus forbairt, nó an aeráid agus fuinneamh), agus déanann sé foráil maidir le haistrithe níos éasca idir cistí, cláir agus réigiúin laistigh de Bhallstát (11). Faoin togra seo, is faoi rogha an Bhallstáit féin a bheadh sé cinneadh a dhéanamh maidir le cén áit go díreach ar cheart an maoiniú a spriocdhíriú. Ina theannta sin, féadfaidh an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil sa togra dul i bhfeidhm ar chumas an AE na cuspóirí a leagadh síos ar dtús sna cláir oibríochtúla a bhaint amach agus ar chumas an Choimisiúin tuairisciú ar fheidhmíocht.

    10.

    Cé gur cuireadh deireadh le roinnt ceanglas riaracháin faoin togra (amhail an gá le comhaontuithe comhpháirtíochta a leasú), le cuid mhór de na bearta nua bheadh sé riachtanach cláir oibríochtúla a mhodhnú, agus le formheas a fháil ón gCoimisiún ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh ualach suntasach riaracháin a bheith i gceist leis sin, go háirithe don Choimisiún ar a mbeadh líon mór modhnuithe a phróiseáil laistigh d’achar gearr. Chun an riosca seo a mhaolú, agus chun tionchar na gcistí a uasmhéadú, ba cheart do Bhallstáit agus don Choimisiún leasuithe ar chláir oibríochtúla a theorannú, ach amháin ar ath-leithdháileadh cistí ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le ráig COVID-19, chun aon mhoill a íoslaghdú maidir le cistí á bhfáil ag tairbhithe.

    Cuntas a choinneáil ar úsáid na mbeart speisialta

    11.

    Leis an togra seo, d’fhéadfaí “oibríochtaí chun acmhainní freagartha ar ghéarchéimeanna a chothú” a roghnú agus a chistiú go cúlghabhálach (12). Tugaimid dár n-aire nach bhfuil aon sonraí sa togra maidir leis na cineálacha oibríochtaí atá i gceist, nó conas a d’fhéadfadh Ballstáit agus an Coimisiún cuntas a choinneáil orthu. Ní leagtar amach ann ach an oiread aon cheanglais faireacháin a bhaineann le hinfheistíochtaí (amhail ais tosaíochta tiomnaithe a shainmhíniú, grúpáil cóid idirghabhála a chruthú le haghaidh na ngníomhaíochtaí seo nó caiteachas freagartha COVID-19 a léiriú ina gcórais TF). Mar thoradh air sin, ní bheadh fáil éasca ag an gCoimisiún ag na reachtóirí ar fhaisnéis iontaofa faoi chaiteachas chistí ISE mar fhreagairt ar ráig COVID-19, rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar chuntasacht do shaoránaigh AE maidir le húsáid cistí.

    Tráthúlacht an togra

    12.

    Bheadh roinnt beart ar fáil ar feadh tréimhse ama socraithe (rátaí cómhaoinithe 100 %, spriocdhátaí iarchurtha le haghaidh tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme, socruithe modhnaithe samplála iniúchóireachta, maoiniú do ghnóthais i dtrioblóid), agus d’fhéadfadh bearta eile a bheith i bhfeidhm go deireadh na bliana 2023, tráth is gá deireadh a chur le híocaíochtaí faoi thréimhse reatha an chláir (tarscaoileadh ceanglas maidir le díriú téamach agus leasuithe ar chomhaontuithe comhpháirtíochta). I bhfianaise na n-éiginnteachtaí maidir leis an tréimhse a mhairfidh gnéithe éagsúla na géarchéime, tá solúbthacht i dtráthúlacht iomchuí. Mar sin féin, maidir leis na bearta sin inarb é deireadh thréimhse an chláir an dáta deiridh reatha, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar an staid de réir mar a fhorbraíonn sé, d’fhonn a áirithiú nach mbeidh siad i bhfeidhm ach chomh fada agus is gá don mhian “sealadach agus eisceachtúil” dá dtagraítear thuas.

    Tionchar ar obair iniúchóirí

    13.

    Leis an togra, chuirfí ar chumas údarás iniúchóireachta ráig COVID-19 a lua mar bhonn cirt chun modhanna samplála neamhstaidrimh a úsáid ina gcuid oibre ar feadh bliain chuntasaíochta amháin (13). D’fhéadfadh an beart seo an méid oibre is gá do na húdaráis iniúchóireachta a bhaineann leas as an rogha seo a laghdú (14). Mar sin féin, tá an riosca ann nach mbeadh na samplaí a thagann mar thoradh air sin do na cláir lena mbaineann ionadaíoch, agus d’fhéadfadh rátaí earráide neamhiontaofa agus tuairimí iniúchta neamhiontaofa a bheith ann don bhliain atá i gceist. D’fhéadfadh sé sin iniúchadh ar chaiteachas chistí ISE a lagú, tráth ar dócha gur mó an baol earráide agus/nó calaoise a bheidh i gceist leis an gcaiteachas. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an togra seo dul i bhfeidhm ar chumas an Choimisiúin dearbhú a thabhairt maidir le húsáid dhlíthiúil cistí, agus d’fhéadfadh impleachtaí breise a bheith ann ar an bpróiseas cuntasachta agus ar ár n-iniúchadh.

    NÓTA TRÁCHTA DEIRIDH

    14.

    Tá athruithe á moladh ag an gCoimisiún sa RFC agus sa Rialachán a bhaineann go sonrach leis an CFRE lena laghdófaí cuid de na rialacha lena rialaítear caiteachas cistí ISE 2014-2020. Tá gá leis an bhfreagairt ghearrthéarmach sin chun tacú leis na Ballstáit éifeachtaí na géarchéime COVID-19 a mhaolú. Ach níor cheart comhréitigh shuntasacha a bheith mar thoradh air sin maidir le cuntasacht le haghaidh caiteachais, de thairbhe go mbeadh éifeacht dhochrach aige sin ar mhuinín na saoránach AE ina n-institiúidí san fhadtéarma. D’oibrigh an Coimisiún faoi bhrú polaitiúil agus le spriocdhátaí dochta chun a thogra a chur chun cinn, rud a mhéadaíonn an baol go mbeadh fadhbanna gan choinne ann a bhaineann le ceapadh agus cur chun feidhme na mbeart seo. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún súil ghéar a choinneáil ar an gcaoi a n-úsáidtear iad de réir mar a théann cúrsaí ar aghaidh, d’fhonn athruithe a dhéanamh, de réir mar is gá, bunaithe ar an eispéireas praiticiúil. Níl na rialacha leasaithe atá beartaithe ach sealadach, mar gheall ar na cúinsí eisceachtúla. Beidh sé tábhachtach filleadh ar na gnáthrialacha a luaithe is féidir.

    Ghlac an Chúirt Iniúchóirí i Lucsamburg an Tuairim seo ar 14 Aibreán 2020.

    Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

    Klaus-Heiner LEHNE

    An tUachtarán


    (1)  Meabhrán Mínithe, a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún COM (2020) 138 deiridh (nós imeachta 2020/0054 (COD)) le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha chun solúbthacht eisceachtúil a sholáthar chun Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19.

    (2)  Cumarsáid ón gCoimisiún maidir le Creat Sealadach do bhearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar sa ráig COVID-19 atá ann faoi láthair (2020/C 91 I/01), pointe 9.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).

    (5)  Go sonrach, Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun infheistíochtaí a úsáid i gcórais chúram sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (Tionscnamh Infheistíochta Freagartha Coróinvíris) (IO L 99, 31.3.2020, lch. 5); agus Rialachán (AE) Uimh. 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 2012/2002 d’fhonn cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha atá i mbun caibidlíochta faoi aontachas leis an Aontas a dtéann móréigeandáil shláinte phoiblí i bhfeidhm orthu (IO L 99, 31.3.2020, lch. 9).

    (6)  An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), Airteagal 322(1)(a).

    (7)  CFAE, Airteagal 287.

    (8)  Airteagal 25(a)2 nua molta de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, lena modhnaítear Airteagal 60(1) agus Airteagal 120(3) den rialachán céanna. Ní fhéadfaidh aistrithe laghdú a dhéanamh ar an íosmhéid acmhainní a leithdháiltear ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO) agus ar an gcabhair do na daoine is díothaí, de réir Airteagal 92(5) agus (7) den Rialachán, faoi seach.

    (9)  Meabhrán Mínithe, a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún COM (2020) 138 deiridh (nós imeachta 2020/0054 (COD)) le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha chun solúbthacht eisceachtúil a sholáthar chun Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19.

    (10)  Airteagal 25(a) 5 nua molta de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, lena modhnaítear Airteagal 18 den rialachán céanna.

    (11)  Airteagail 25(a)(2) agus 25(a)(3) nua molta de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, lena modhnaítear Airteagail 92(1)(a) go (d), 92(4) agus 93 den rialachán céanna.

    (12)  Airteagal 25(a)7 nua de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, lena modhnaítear Airteagal 65(6) maidir leis na hoibríochtaí nua incháilithe a tugadh isteach amhail 1 Feabhra 2020 in Airteagal 65(10) le Rialachán (AE) Uimh. 460/2020.

    (13)  Airteagal 25(a)12 nua de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, lena modhnaítear Airteagal 127(1) den rialachán céanna.

    (14)  Bheadh an beart sin úsáideach i gcleachtas i ndáil le daonraí faoi bhun 600 oibríocht.


    Top