AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.7.2019
COM(2019) 290 final
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh
(EGF/2019/000 TA 2018 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE)1927/2006 (“an Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú”).
ACHOIMRE AR AN IARRATAS AGUS ANAILÍS
Sonraí ríthábhachtacha:
Uimhir thagartha CED
CED/2019/000
an Coimisiún Eorpach
Cúnamh teicniúil
Caiteachas riaracháin: buiséad leagtha amach in EUR
610 000
% caiteachas riaracháin (uasteorainn: 0,5 %)
0,35 %
I gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED, féadfar uasmhéid 0.5% den mhéid uasta bliantúil a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.
Cúnamh teicniúil atá le cistiú agus miondealú na gcostas a mheastar a bheidh air
1.Úsáidfear an ranníocaíocht le haghaidh costas a luaitear in Airteagal 11(1) agus in Airteagal (4) chomh maith le hAirteagal 12(2), (3), (4) den Rialachán maidir le CED, mar a shonraítear thíos faoi seo.
2.Faireachán agus bailiú sonraí: Déanfaidh an Coimisiún sonraí a bhailiú maidir le hiarratais a fuarthas, a ndearnadh a chistiú agus a fhoirceannadh, agus maidir le bearta atá beartaithe agus a curtha chun feidhme. Cuirfear na sonraí sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh agus tiomsófar iad i bhfoirm iomchuí le haghaidh na Thuarascáil Dhébhliantúil 2021. Bunaithe ar an taithí a fuarthas le blianta beaga anuas, is é EUR 20 000 na costais a mheastar a bheidh ar na gníomhaíochta seo.
3.Eolas: Tá leathanach gréasáin curtha ar bun ag an gCoimisiún faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 12(2) den Rialachan maidir le CED. Déanfar an leathanach gréasáin a nuashonrú agus a leathnú go tráthrialta, agus aistreofar na heilimintí nua i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Déanfar an fheasacht ghinearálta faoi CED a mhéadú agus cuirfear a infheictheacht chun cinn. Cumhdófar CED i bhfoilseacháin éagsúla an Choimisiúin agus i ngníomhaíochtaí closamhairc dá bhforáiltear in Airteagal 11(4) den Rialachán maidir le CED. Meastar gur EUR 20 000 an costas a bheidh ar na míreanna sin.
4.Córas malartaithe leictreonaigh sonraí: Tá an Coimisiún ag leanúint dá chuid oibre maidir le nósanna imeachta a fhorbairt agus a chaighdeánú le haghaidh iarratais CED a fháil agus cásanna a bhainistiú, agus é ag úsáid SFC2014 (Córas um Malartú Sonraí Leictreonacha). Ar an gcaoi sin, táthar in ann iarratais a shimpliú, próiseáil a bhrostú agus tuairisciú a dhéanamh níos fusa faoin Rialachán maidir le CED. An comhéadan idir an córas um malartú sonraí leictreonacha agus córas faisnéise airgeadais agus cuntasaíochta an Choimisiúin ABAC, éascaíonn sé oibríochtaí airgeadais CED. Úsáidtear an ranníocaíocht EUR 80 000 le haghaidh cothabháil tráthrialta agus forbairt bhreise a dhéanamh ar iarratais an chórais um malartú sonraí leictreonacha agus córas faisnéise airgeadais agus chun uirlisí nua tuairiscithe a chomhtháthú.
5.Tacaíocht riaracháin agus teicniúil (cruinnithe an tSainghrúpa): Beidh dhá chruinniú á dtionól ag Sainghrúpa Daoine Teagmhála CED (idir tús mhí Mheithimh 2019 agus deireadh mhí Bealtaine 2020), agus beidh comhalta ann ó gach Ballstát. Is é EUR 70 000 an costas a mheastar a bheidh ar an dá cruinniú sin.
6.Tacaíocht riaracháin agus teicniúil (seimineáir líonrúcháin) Ina theannta sin, chun líonrú a chur chun cinn i measc na mBallstát, eagróidh an Coimisiún dhá sheimineár le rannpháirtíocht comhlachtaí cur chun feidhme CED agus a chuid comhpháirtithe sóisialta. A mhéid is féidir sin, déanfar iad seo a sceidealú gar do na dátaí céanna ar a mbeidh an dá chruinniú de chuid an tSainghrúpa agus díreofar isteach ar shaincheisteanna a éiríonn aníos as cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin maidir le CED. Is é EUR 120 000 an costas a mheastar a bheidh ar na míreanna sin.
7.Meastóireacht: Seolfar glao ar sholáthar poiblí don mheastóireacht ex-post in 2019, d’fhonn an mheastóireacht a thabhairt i gcrích faoin 31 Nollaig 2021 (de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 20(1)(b) den Rialachán maidir le CED). Beidh EUR 300 000 de dhíth chuige sin.
|
Míreanna
|
Uimhir mheasta
|
Costas measta in aghaidh gach míre
(arna leagan amach in EUR)
|
Costais iomlána
(arna leagan amach in EUR)
|
|
Faireachán agus bailiú sonraí
|
Ilghnéitheach
|
Ilghnéitheach
|
20 000
|
|
Gníomhaíochtaí faisnéise
|
Ilghnéitheach
|
Ilghnéitheach
|
20 000
|
|
Córas malartaithe leictreonaigh sonraí a bhunú
|
Ilghnéitheach
|
Ilghnéitheach
|
80 000
|
|
Tacaíocht riaracháin agus theicniúil: Cruinnithe Shainghrúpa Daoine Teagmhála CED
|
2
|
35 000
|
70 000
|
|
Tacaíocht riaracháin agus theicniúil: Seimineáir líonrúcháin maidir le cur chun feidhme CED
|
2
|
60 000
|
120 000
|
|
Meastóireacht
|
1
|
300 000
|
300 000
|
|
Costais mheasta iomlána
|
|
610 000
|
Maoiniú
8.Is é EUR 150 milliún an tuasbhuiséad bliantúil le haghaidh CED in 2019 de réir phraghsanna 2011 (EUR 175 748 000 de réir phraghsanna 2019), mar luaitear in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020.
9.Luaitear go sonrach in Airteagal 11(1) den Rialachán maidir le CED gur féidir 0.5% den mhéid sin a chur ar fáil (i.e. EUR 175 748 000 i bpraghsanna 2019) le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. Tá an méid atá beartaithe sa chinneadh sin cothrom le 0,35 % den uasbhuiséad bliantúil atá ar fáil le haghaidh CED in 2019.
10.Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe CED a shlógadh i gcomhar le chéile, mar a leagtar síos i bpointe 13 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais.
Gníomhartha gaolmhara
11.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 610 000 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.
Foinse leithreasaí íocaíochtaí
12.Úsáidfear leithreasuithe as líne bhuiséadach CED chun an méid is gá a chumhdach le haghaidh cúnamh teicniúil, EUR 610 000.
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh
(EGF/2019/000 TA 2018 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) 1927/2006, agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus go háirithe pointe 13 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíochtaí i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na noibrithe sin sa mhargadh saothair.
(2)Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle.
(3)Foráiltear i Rialachán 1309(2013) go bhféadfar uasmhéid 0.5% de mhéid uasta bliantúil CED a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.
(4)Ba cheart CED a shlógadh chun an tsuim EUR 610 000 a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún..
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2019, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun an tsuim EUR 610 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán