AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.12.2018
COM(2018) 895 final
2018/0436(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 29 Márta 2017 chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, mura ndaingneofar an comhaontú um tharraingt siar roimhe sin, tiocfaidh deireadh le feidhm dhlí príomha agus dhlí tánaisteach an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019 (“dáta an tarraingt siar”). Éireoidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír ar an dáta sin.
Laistigh den Aontas, an tsaoirse atá ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar na mBallstát (oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais) chun iompar earraí de bhóthar a chur ar fáil go hidirnáisiúnta, déantar í a rialú ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, ina leagtar síos rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar agus le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar.
De cheal comhaontú um tharraingt siar, scoirfidh seirbhísí iompair lasta de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit de bheith á rialú leis na Rialacháin sin tar éis di tarraingt siar. Bheadh de thoradh air sin go gcaillfí bailíocht na gceadúnas Comhphobail arna neisiúint ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar go dtí dáta an tarraingt siar, agus leis sin, chaillfeadh sealbhóirí ceadúnas den sórt sin rochtain ar mhargadh tarlaithe de bhóthar an Aontais. Ar an mbonn céanna, chaillfeadh oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais Eorpaigh rochtain uathoibríoch ar mhargadh iompair lasta de bhóthar na Ríochta Aontaithe freisin, bunaithe ar na ceadúnais Comhphobail atá ann cheana.
Dá bhrí sin, de cheal comhaontú um tharraingt siar, ní bheadh bunús ann i ndlí an Aontais d’oibreoirí tarlaithe de bhóthair chun seirbhísí iompair lasta de bhóthair a sholáthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit ón 30 Márta 2019. D’fhágfadh an méid sin gurb é córas cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) an taon chreat dlíthiúil ar a bhféadfaí soláthar seirbhísí den sórt sin a bhunú ina dhiaidh sin, faoi réir cead ECMT a bheith acu. Féadfaidh feithicil a bhfuil cead ECMT acu earraí a iompar idir na 43 thír atá páirteach sa chóras; orthu sin tá 26 de na 27 mBallstát den Aontas (gach Ballstát seachas an Chipir), an Ríocht Aontaithe, agus 16 thír eile. Tar éis oibríocht tarlaithe idirnáisiúnta a dhéanamh ó thír chlárúcháin na feithicle go dtí tír eile ECMT, is féidir suas le trí oibríocht nach mbeidh baint ag an tír chlárúcháin leo a dhéanamh sula mbeidh ar an bhfeithicil filleadh ar an tír ina bhfuil sí cláraithe.
Tá teorainn leis an líon ceadúnas ECMT atá ag gach Ballstát agus déanann údaráis inniúla gach Ballstáit iad a leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta. Tá na ceadúnais le haghaidh 2019 leithdháilte cheana féin agus ní féidir líon na gceadúnas sin a mhéadú faoi ghearrfhógra. Leagtar síos cuótaí ECMT go bliantúil agus ní mór comhaontú d’aontoil a fháil ó gach tír ECMT chun an líon cead a leithdháiltear a athrú.
Mar shampla, in 2019 beidh ceadúnais bhliantúla ann le haghaidh 23,252 fheithicil atá cláraithe sna 27 mBallstát den Aontas. Ina theannta sin, beidh 984 cheadúnas bhliantúla ann don Ríocht Aontaithe agus 23,472 cheadúnas bhliantúla ann le haghaidh feithiclí ó thíortha eile atá rannpháirteach sa chóras. Nuair a chuirtear san áireamh an líon mór seirbhísí iompair lasta de bhóthar agus na hearraí a iompraítear de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit (isteach agus amach le 50 milliún tona in 2017, thart ar 30 milliún tona ó na 27 mBallstát den Aontas go dtí an Ríocht Aontaithe agus thart ar 20 milliún ón Ríocht Aontaithe go dtí na 27 mBallstát den Aontas), is léir nach réiteach leordhóthanach é córas cuótaí ECMT chun nascacht bhunúsach iompair lasta de bhóthair a áirithiú go díreach tar éis dháta an tarraingt siar in éagmais comhaontú um tharraingt siar. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit obair a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach ceadúnas ar fáil laistigh de chóras ECMT, chun nascacht bhunúsach a áirithiú.
I dtaca le hiompar earraí de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, is ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe agus oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais is mó, nach mór, atá siad. Dá gcaillfeadh na hoibreoirí sin a gceart chun iompar lasta de bhóthar a sholáthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit, ba é briseadh tromchúiseach an toradh a bheadh air sin, lena náirítear maidir leis an ord poiblí.
Dá bhrí sin, is iomchuí don Aontas bearta teagmhais sealadacha a ghlacadh a mbeidh teorainn ama leo chun éifeachtaí suaiteacha den sórt sin a mhaolú ó thaobh nascachta de.
Ina Theachtaireacht Preparing for the withdrawal of the United Kingdom from the European Union on 30 March 2019: a Contingency Action Plan [(Ullmhúchán do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 30 Márta 2019: Plean Gníomhaíochta Teagmhasach] an 13 Samhain 2018 d’fhógair an Coimisiún go raibh sé de rún aige roinnt beart teagmhasach a bheartú chun aghaidh a thabhairt ar an bhféidearthacht go dtarraingeodh an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan comhaontú um tharraingt siar a bheith ann. Maidir le hiompar de bhóthar, sa Teachtaireacht seo chuir an Coimisiún in iúl nach mbeadh ceadúnais ECMT inchurtha leis an trácht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ach i bhfad níos lú tráchta a bheith ann i gcomparáid leis an méid atá ann faoi láthair.
D’iarr an Chomhairle Eorpach arís (Airteagal 50) an 13 Nollaig 2018 go gcuirfí dlús leis an obair ar ullmhacht ar gach leibhéal i dtaca le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus go gcuirfí san áireamh na torthaí uile is féidir a bheith ar an tarraingt siar sin. Tá an gníomh seo ina chuid de phacáiste beart atá an Coimisiún a ghlacadh mar fhreagra ar an iarraidh sin.
Is é is cuspóir don togra seo, dá bhrí sin, bearta sealadacha a leagan síos chun iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a rialú tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas (Airteagal 1). Tá sé d’aidhm ag na bearta seo nascacht bhunúsach a choinneáil ar feadh tréimhse a bheidh teoranta go dian (Airteagal 9).
Sa chéad áit (Airteagal 3), déanann an Rialachán atá beartaithe foráil maidir le cearta aontaobhacha a thabhairt le haghaidh iompar déthaobhach d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe ionas gur féidir leo leanúint de bheith ag iompar earraí idir an dá chríoch.
Na cearta a thugtar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais is infheidhme maidir le hiompar lasta de bhóthar (Airteagal 4) agus na cearta coibhéiseacha atá á dtabhairt ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais. Leis an Rialachán atá beartaithe, leagtar síos sásra (Airteagal 5) chun a áirithiú go mbeidh na cearta a theachtann oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach leo sin a thugtar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán atá beartaithe. Murab amhlaidh an cás, tabharfar de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun é sin a chur ina cheart trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, lena náirítear teorainn a chur leis an toilleadh is ceadmhach atá ar fáil d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid na Ríochta Aontaithe nó leis an líon turas nó leis an dá ní sin. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar leibhéal na coibhéise agus nuair a ghlacfaidh sé bearta ceartaitheacha, ní leis an gcomhfhreagras foirmiúil teoranta amháin idir an dá dhlíchóras amháin a bheidh na gníomhaíochtaí sin nasctha; is mar gheall ar na difríochtaí suntasacha atá idir an dá mhargadh atá sé sin fíor agus chun cur chuige atá bunaithe ar shiméadracht ghlan a sheachaint – a d’fhéadfadh dul bunoscionn le leas an Aontais sa deireadh thiar thall.
Fiú amháin má tá sé d’aidhm aige nascacht bhunúsach a áirithiú go sealadach don iompar lasta de bhóthar, leagtar síos sásra solúbtha sa Rialachán atá beartaithe chun a áirithiú go bhfaighidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais deiseanna cothroma comhionanna chun dul in iomaíocht le hoibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe a luaithe nach mbeidh an Ríocht Aontaithe faoi cheangal a thuilleadh ag dlí an Aontais. Chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, is gá, fiú tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, go leanfaidh sí de bheith ag cur i bhfeidhm caighdeáin atá ard go leor agus inchomparáide i réimse an iompair lasta de bhóthar maidir leis an méid seo: iomaíocht chóir, lena náirítear cairtéil, mí-úsáid chinsealachta, agus cumaisc a rialú; toirmeasc ar fhóirdheontais rialtais nach bhfuil údar leo; cosaint oibreoirí agus ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre; an comhshaol a chosaint; sábháilteacht agus slándáil, nó maidir le ceadúnais a thabhairt d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó maidir le cáilíochtaí a thabhairt do thiománaithe gairmiúla, oiliúint a chur orthu agus rialuithe liachta a dhéanamh orthu. Ina theannta sin, ní mór a áirithiú nach ndéanfar idirdhealú i gcoinne iompróirí an Aontais sa Ríocht Aontaithe, bíodh sin ar bhonn de iure nó ar bhonn de facto. Dá bhrí sin, cuirfear de chúram ar an gCoimisiún (Airteagal 6) leis an Rialachán atá beartaithe faireachán a dhéanamh ar na dálaí iomaíochta idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe agus tabharfar de chumhacht dó na bearta is gá a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun a áirithiú go mbeidh na dálaí sin cothrom i rith an ama.
Bunófar na nósanna imeachta is gá ionas go mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún in ann a fhíorú go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe oibreoirí tarlaithe de bhóthar a bhfuil earraí á niompar acu isteach san Aontas faoin Rialachán seo a cheadúnú nó a dheimhniú i gcomhréir le caighdeáin ábhartha, go gcomhlíonfar an reachtaíocht ábhartha náisiúnta uile agus reachtaíocht ábhartha uile an Aontais agus nach sárófar na cearta ceadaithe sin.
Déantar foráil shainráite maidir lena mheabhrú nár cheart do na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe ná aon chomhaontú déthaobhach iompair lasta de bhóthar a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus nár cheart dóibh ar shlí eile aon cheart seachas na cearta sin a thugtar leis an Rialachán seo (Airteagal 3) a thabhairt d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar . Dá ainneoin sin, beidh na húdaráis inniúla ábhartha in ann comhoibriú le chéile de réir mar is gá ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin (Airteagal 7), sa dóigh go gcuirfear isteach a laghad is féidir ar bhainistiú na seirbhísí iompair lasta de bhóthar a leanfar de bheith ag soláthar faoi choimirce na Ríochta Aontaithe tar éis di tarraingt siar as an Aontas.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an Rialachán seo atá beartaithe ceaptha mar lex specialis lena rachfar i ngleic le cuid de na hiarmhairtí a bheidh ann ós rud é nach mbeidh feidhm níos mó ag rialacha an Aontais lena rialaítear iompar lasta de bhóthar, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1072/2009, maidir le hiompar earraí de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile amhail ón dáta a tharraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas agus mura ndéanfar aon chomhaontú um tharraingt siar. Tá na téarmaí atá beartaithe teoranta don mhéid is gá chuige sin, chun nach mbeidh bristeacha díréireacha ann, lena náirítear maidir le hord poiblí. Tá siad ceaptha gan feidhm a bheith acu ach ar feadh achar gairid. Dá bhrí sin, tá an togra seo iomlán comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann cheana, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Déanann an togra seo rialacha an Aontais a chomhlánú, rialacha lena rialaítear iompar earraí de bhóthar, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1072/2009. Is gá, mar gheall ar chuspóir sonrach agus comhthéacs an Rialacháin seo, agus mar gheall ar a chineál aontaobhach freisin, cur chuige níos sriantaí i leith cearta a thabhairt agus forálacha ar leith atá beartaithe chun comhionannas ceart agus cothrom iomaíochta a chaomhnú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é an bunús dlí atá leis Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is é an tAirteagal sin is bunús le reachtaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh a ghlacadh ina leagtar síos an méid seo a leanas go háirithe: (i) rialacha comhchoiteanna is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó (Airteagal 91(1)(a) CFAE); agus (ii) na coinníollacha faoina bhféadfaidh iompróirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát (Airteagal 91(1)(b)CFAE).
•Coimhdeacht
Le hAirteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, forchoimeádann an tAontas an inniúlacht maidir le comhaontuithe ábhartha le tríú tíortha. In éagmais comhaontú den sórt sin, dhéanfaí leis an gníomh seo atá beartaithe an nascacht bhunúsach a bhunú faoi réir cearta coibhéiseacha a bheith á dtabhairt ag an Ríocht Aontaithe. D’áiritheofaí an nascacht sin ar shlí chomhionann i gcás na tráchta go gach pointe san Aontas agus as gach pointe san Aontas, rud a dhéanfadh saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ní fhéadfaí an toradh a bhaint amach trí ghníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát.
•Comhréireacht
Meastar go bhfuil an Rialachán atá beartaithe comhréireach ós rud é gur féidir leis bristeacha díréireacha a sheachaint ar shlí a náiritheofar dálaí cothroma iomaíochta d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Is amhlaidh an cás, go háirithe, do na dálaí faoina dtabharfar na cearta ábhartha, a bhaineann, inter alia, leis an ngá go mbeidh ar an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha a thabhairt agus a bhaineann leis an iomaíocht chóir, agus do theorannú an réimis in am.
•An rogha ionstraime
Ós rud é go rialaítear leis an ngníomh ábhair a bhaineann go dlúth le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus go bhfuil sé beartaithe, amhail i Rialacháin den sórt seo, dálaí iomaíochta atá go hiomlán comhchuibhithe a áirithiú, ba cheart é a bheith i bhfoirm Rialacháin. Chomh maith leis sin, is é is fearr a chomhfhreagraíonn an fhoirm sin do phráinn an cháis/an chomhthéacs, ós rud é go bhfuil an tam atá fágtha roimh an tarraingt siar (i gcás nach dtabharfar comhaontú um tharraingt siar i gcrích) róghairid chun go bhféadfar forálacha Treorach a thrasuí.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Níl sin infheidhme ós cás uathúil sealadach eisceachtúil é an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr nach mbaineann le cuspóirí na reachtaíochta atá ann cheana.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tá na dúshláin a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus roinnt réitigh fhéideartha luaite ag páirtithe leasmhara éagsúla agus ionadaithe áirithe ó na Ballstáit.
Téama coitianta sna barúlacha a cuireadh i láthair is ea go bhfuil gá le hidirghabháil rialála chun méid áirithe nascachta a choinneáil, i dtaca le hiompar earraí de bhóthar. I dtaca le rochtain ar mhargadh tarlaithe de bhóthar an Aontais, ní bheidh páirtithe leasmhara in ann a mbearta teagmhasacha féin a dhéanamh chun an tionchar díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfar comhaontú um tharraingt siar, chun an tionchar sin a mhaolú.
An 29 Samhain 2018, d’eagraigh an Coimisiún ceardlann do na 27 mBallstát maidir le hullmhacht i Sainghrúpa Airteagal 50 na Comhairle, ar lena linn a chuir ionadaithe na mBallstát an bhéim go háirithe ar an ngá bearta teagmhasacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a dhéanamh chun nascacht bhunúsach a áirithiú idir na 27 mBallstát agus an Ríocht Aontaithe i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar ann. Go háirithe, cuireadh in iúl nach leor córas cuótaí iltaobhach ECMT mar rogha chúltaca nuair a dhéantar a theoranta atá sé ó thaobh cainníochta agus cáilíochta de a chur san áireamh.
Tugadh aird chuí ar na tuairimí sin agus an togra á ullmhú.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Chomhroinn páirtithe leasmhara ábhartha bealaí éagsúla measúnaithe ar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ar earnáil an iompair tarlaithe de bhóthar leis an gCoimisiún. Baintear de chonclúid as na measúnuithe sin nach leor an aon chúltaca amháin atá ar fáil san earnáil tarlaithe de bhóthar, is é sin córas cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT), nach leor é chun riachtanais na hearnála a chumhdach. An easpa ceadúnas atá ar fáil do 2019 (féach thuas), is cosúil go gcuirfeadh sí isteach go mór ar shreabhadh déthaobhach earraí de bhóthar (50 milliún tona in aghaidh na bliana) agus nach bhféadfar an easpa sin a chumhdach a thuilleadh. Is iad tarlóirí atá bunaithe sna 27 mBallstát den Aontas a dhéanann breis agus 80 % de na hoibríochtaí tarlaithe de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 mBallstát den Aontas faoi láthair. Rachaidh sé chun leasa na 27 mBallstát foráil a dhéanamh maidir le creat nach gcuireann srian míchuí ar oibríochtaí déthaobhacha tarlaithe de bhóthar.
•Measúnú tionchair
Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, ós rud é gur cás eisceachtúil atá i gceist agus nach bhfuil ach beagán riachtanas ag baint leis an tréimhse ina gcuirfear chun feidhme athrú stádais na Ríochta Aontaithe. Níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair agus dlí de, ach amháin an rogha atá beartaithe.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairt ag an togra seo ar chosaint ceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
2018/0436 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91()1 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta an comhaontú um tharraingt siar a theacht i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d’aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.
(2)In éagmais aon fhorálacha speisialta, chuirfeadh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas deireadh leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a thagann as dlí an Aontais maidir le rochtain ar an margadh a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann sin leis an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 mBallstát eile.
(3)Is é córas cuótaí iltaobhaobach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair an taon chreat dlíthiúil eile ar a bhfeadfaí iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhunú tar éis dháta an tarraingt siar. I ngeall ar an líon teoranta ceadanna atá ar fáil faoi chóras Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair faoi láthair, áfach, agus an raon feidhme teoranta atá aige i dtaobh na gcineálacha oibríochtaí iompair de bhóthar a chumhdaítear, níl an acmhainn sa chóras faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an iompair lasta de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
(4)Dá dheasca sin, chun aon bhriseadh tromchúiseach sna hoibríochtaí a chosc, an tord poiblí san áireamh, is gá tacar sealadach beart a bhunú a chuirfidh ar chumas oibreoirí tarlaithe de bhóthar atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe earraí a iompar de bhóthar idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na 27 mBallstát eile. Chun cothromaíocht chuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile, níor cheart na cearta a thabharfar ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfar cearta coibhéiseacha agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha áirithe lena náiritheofar an iomaíocht chóir.
(5)Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta seo, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr, d’fhonn na socruithe is gá a dhéanamh chun nascacht bhunúsach a dhéanamh i gcóras Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair, agus gan dochar d’aon chomhaontú a d’fhéadfaí a chaibidliú agus a d’fhéadfadh teacht i bhfeidhm sa todhchaí lena gcumhdófaí iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
(6)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(7)Is den phráinn go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, agus go mbeidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Comharthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe, tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin.
(8)Más gá, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an mhargaidh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiúin, chun an choibhéis maidir le cearta arna dtabhairt ag an Aontas d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe agus arna dtabhairt ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais, an choibhéis sin a athbhunú agus chun eachtraí iomaíochta éagóraí a rinne dochar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais a réiteach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ba cheart a áirithiú nach ndéanfaidh aon ghníomh tarmligthe den chineál sin dochar míchuí d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sealadacha lena rialaítear an tiompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) tar éis di tarraingt siar as an Aontas.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn “feithicil” mótarfheithicil atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe nó cónasc feithiclí cúpláilte, dá bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe sa Ríocht Aontaithe agus a mbaintear úsáid aisti go heisiach le haghaidh iompar earraí. Féadfaidh sé gur leis an ngnóthas an fheithicil, gur cheannaigh sé í faoi théarmaí iarchurtha nó go bhfuil sé fruilithe aige, ar choinníoll, sa chás sin, go gcomhlíonann sé coinníollacha Threoir 2006/1/CE;
(2)ciallaíonn “iompar déthaobhach”:
(a)turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil a bhfuil a pointe tosaigh agus a ceann scríbe ar chríoch an Aontais agus ar chríoch na Ríochta Aontaithe faoi seach, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó trí níos mó;
(b)turas neamhualaithe i gcomhar leis an iompar dá dtagraítear i bpointe (a);
(3)ciallaíonn “oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais” gnóthais a iompraíonn earraí de bhóthar agus a bhfuil ceadúnas bailí Comhphobail acu i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009;
(4)ciallaíonn “oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe” gnóthais arna mbunú sa Ríocht Aontaithe atá údaraithe earraí a iompar de bhóthar agus a bhfuil ceadúnas bailí de chuid na Ríochta Aontaithe acu;
(5)ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe” ceadúnas a eisíonn an Ríocht Aontaithe chun críocha an iompair idirnáisiúnta, lena náirítear iompar déthaobhach;
(6)ciallaíonn “dlí na hiomaíochta” an dlí is ábhartha maidir leis an iompraíocht seo a leanas, i gcás ina bhfeadfaidh sé difear a dhéanamh do sheirbhísí iompair lasta de bhóthar:
(a)Iompraíocht arb é atá ann:
(i)comhaontuithe idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar, cinntí a dhéanann comhlachtaí oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil sé mar aidhm acu an tiomaíochas a chosc, a shrianadh, nó a shaobhadh;
(ii)mí-úsáid cinsealachta ag oibreoir tarlaithe de bhóthar amháin nó níos mó;
(iii)bearta a dhéanann nó a choinníonn an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i gcás gnóthais phoiblí agus gnóthais dá dtugann an Ríocht Aontaithe cearta speisialta nó eisiacha atá contrártha le pointe (i) nó pointe (ii); agus
(b)comhchruinniú idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar a chuireann isteach go mór ar an iomaíochas, go háirithe de bharr seasamh cinsealach a bheith cruthaithe nó neartaithe acu;
(7)ciallaíonn “fóirdheontas” aon ranníocaíocht airgeadais a mbaineann sochar leis a thugann an rialtas nó aon chomhlacht poiblí eile ar leibhéal ar bith d’oibreoir tarlaithe de bhóthar lena náirítear:
(a)aistriú díreach cistí, amhail deontais, iasachtaí nó insileadh cothromais, aistriú díreach féideartha cistí, glacadh dliteanas amhail ráthaíochtaí iasachta, instealltaí caipitil, úinéireacht, cosaint i gcoinne féimheachta nó árachas;
(b)ioncam atá dlite ar aon slí eile a ligean thar ceal nó gan é a bhailiú;
(c)earraí nó seirbhísí a sholáthar nó a cheannach, cé is moite de bhonneagar ginearálta; nó
(d)íocaíochtaí a dhéanamh le sásra maoiniúcháin nó iad a chur ar iontaoibh nó a threorú chuig comhlacht príobháideach chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a luaitear in (a), (b) agus (c) a dhéanamh, feidhmeanna a mbeadh ar an rialtas nó ar chomhlacht poiblí iad a dhéanamh de ghnáth, agus i gcás gur beag difear atá idir an cleachtas sin agus na cleachtais a dhéanann rialtais de ghnáth.
Ní mheastar go mbaineann aon sochar le rannaíocht airgeadais a dhéanann rialtas nó comhlacht poiblí eile, más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh an ranníocaíocht airgeadais chéanna déanta ag oibreoir sa mhargadh príobháideach agus é dírithe ar fhéidearthachtaí brabúis amháin, agus a bheadh déanta sa chás céanna ag an gcomhlacht poiblí i gceist;
(8)ciallaíonn “údarás neamhspleách iomaíochta” údarás atá i gceannas ar dhlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus ar na fóirdheontais a rialú, ar údarás é a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá an túdarás neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus tá na hacmhainní is gá aige chun a chuid cúraimí a dhéanamh;
(b)agus a dhualgais á ndéanamh agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, beidh ag an údarás an ráthaíocht is gá maidir le neamhspleáchas ar aon tionchar polaitiúil nó ar aon tionchar seachtrach eile, agus gníomhaíonn sé go neamhchlaonta; agus
(c)tá na cinntí a dhéanann an túdarás faoi réir athbhreithniú breithiúnach;
(9)ciallaíonn “idirdhealú” aon chineál difreála a dhéantar gan údar oibiachtúil i dtaca le hearraí agus seirbhísí, lena náirítear seirbhísí poiblí, a sholáthar i gcás oibríocht seirbhísí lasta de bhóthar, nó i ndáil leis an gcaoi a gcaitheann na húdaráis phoiblí is ábhartha maidir leis na seirbhísí sin leo;
(10)ciallaíonn “críoch an Aontais” an chríoch sin de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir léi, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin;
Airteagal 3
An ceart chun iompar déthaobhach
1.Féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe iompar déthaobhach a dhéanamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
2.Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar déthaobhach den chineál seo a leanas a dhéanamh, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(5), a bheith de dhíth:
(a)iompar poist mar sheirbhís uilíoch;
(b)iompar feithiclí a ndearnadh damáiste dóibh nó a chlis;
(c)iompar earraí i mótarfheithiclí nach dtéann a mais ualaithe ceadaithe, lena náirítear leantóirí, thar 3.5 tonna;
(d)iompar táirgí leighis, gléasanna, trealamh agus earraí eile a bhíonn de dhíth le haghaidh cóir leighis i gcás faoiseamh éigeandála, go háirithe i gcás tubaistí nádúrtha;
(e)iompar earraí, más rud é:
(i)gur leis an ngnóthas na hearraí arna niompar nó is é an gnóthas a dhíol, a cheannaigh, a lig amach ar fruiliú nó a d’fhruiligh, a chuir ar fáil, a bhain, a phróiseáil nó a dheisigh iad;
(ii)gurb é cuspóir an turais earraí a iompar go dtí an gnóthas agus ón ngnóthas nó iad a bhogadh laistigh den ghnóthas nó taobh amuigh de ar mhaithe lena cheanglais féin;
(iii)gurb iad pearsanra atá fostaithe ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach a thiomáinfidh na mótarfheithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar den sórt sin;
(iv)gur leis an ngnóthas na feithiclí a iompraíonn na hearraí nó gurb é an gnóthas a cheannaigh iad faoi théarmaí iarchurtha nó tá siad fruilithe aige ar choinníoll, sa chás sin, go gcomhlíonann siad coinníollacha Threoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí atá fruilithe gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (12); agus
(v)níl san iompar sin ach gníomh coimhdeach i dtaca le mórghníomhaíochtaí an ghnóthais;
3.Ní dhéanfaidh na Ballstáit caibidlíocht ná ní thabharfaidh siad aon chomhaontú déthaobhach ná aon socrú i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Gan dochar do na comhaontuithe iltaobhacha atá i bhfeidhm cheana, ní thabharfar aon cheart eile d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar seachas na cearta a thugtar leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Rialacha sóisialta agus teicniúla
Déanfar na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh i gcás iompar déthaobhach a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo:
(a)maidir le hoibrithe soghluaiste agus tiománaithe féinfhostaithe, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ;
(b)maidir le reachtaíocht shóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar, ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ;
(c)maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ;
(d)maidir le toisí údaraithe uasta agus meáchain údaraithe uasta feithiclí áirithe bóthair, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 96/53/CE ón gComhairle;
(e)maidir le feistí teorannaithe luais a shuiteáil agus a úsáid le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 92/6/CE ón gComhairle;
(f)maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 91/671/CEE ón gComhairle;
(g)maidir le hoibrithe a phostú, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ;
Airteagal 5
Coibhéis maidir le cearta
1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus na coinníollacha a bhaineann lena bhfeidhmiú.
2.I gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a thabharfar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar uile an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, d’fhonn an choibhéis a athbhunú, an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:
(a)teorainneacha a leagan síos ar an toilleadh incheadaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó ar an líon turas, nó an dá cheann;
(b)cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí; nó
(c)bearta iomchuí eile a ghlacadh.
Airteagal 6
Iomaíocht chóir
1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na coinníollacha faoina mbíonn oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais in iomaíocht le hoibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe i dtaca le soláthar na seirbhísí iompair lasta de bhóthar a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
2.I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil na coinníollacha sin chomh fabhrach leis na coinníollacha a bhfuil oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu, féadfaidh an Coimisiún, d’fhonn an choibhéis a athbhunú, an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:
(a)teorainneacha a leagan síos ar an toilleadh incheadaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó ar an líon turas, nó an dá cheann;
(b)cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí; nó
(c)bearta iomchuí eile a ghlacadh
3.Féadfar gníomhartha tarmligthe faoi mhír 2 a ghlacadh chun na cásanna seo a leanas a leigheas:
(d)fóirdheontais á ndeonú ag an Ríocht Aontaithe;
(e)gan dlí na hiomaíochta a bheith i bhfeidhm nó curtha i bhfeidhm go héifeachtúil ag an Ríocht Aontaithe;
(f)gan údarás iomaíochta neamhspleách a bheith curtha ar bun ná á choinneáil ag an Ríocht Aontaithe;
(g)caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó an comhshaol nó caighdeáin a bhaineann le ceadúnais a dheonú ar oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó le cáilíocht, oiliúint agus rialuithe leighis do thiománaithe gairmiúla atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, caighdeáin atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;
(h)muirearú bóthar agus rialacha cánachais á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, atá éagsúil leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ; agus
(i)aon chineál idirdhealaithe i gcoinne oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais.
4.Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, nó ar oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe. I gcás nach gcuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, nó oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi cheann tréimhse ama réasúnta arna forordú ag an gCoimisiún, nó ina gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún déanamh de réir mhír 2.
Airteagal 7
Comhairliúchán agus comhar
1.Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.
2.Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo a chur chun feidhme.
Airteagal 8
An tarmligean a fheidhmiú
1.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh faoi Airteagal 5(2) nó Airteagal 6(2), rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr*.
2.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm leis ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tháinig comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm a tugadh chun críche leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach faoin dáta sin.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 31 Nollaig 2019.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán