EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0646

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte; Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí

COM/2018/646 final

An Bhruiséil,12.9.2018

COM(2018) 646 final

2017/0230(COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte; Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm leis an togra ón gCoimisiún i Meán Fómhair 2017 chun Rialacháin na nÚdarás Maoirseachta Eorpach a athbhreithniú (an "Togra maidir le hAthbhreithniú” anseo feasta) a gcumas a neartú chun maoirseacht airgeadais choinbhéirseach éifeachtach a áirithiú, ach ní shaothraíonn sé an cuspóir sonrach sainordú na nÚdarás a láidriú in ábhair a bhaineann le cosc a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoirí. In ainneoin an chreata reachtaigh láidrithe sa réimse sin, léiríodh le roinnt cásanna sciúrtha airgid i mbainc Eorpacha go mb’fhéidir go mbeadh feabhsuithe ag teastáil fós i gcreat maoirseachta an Aontais chun muinín in Aontas na Margaí Caipitil agus san Aontas Baincéireachta a láidriú. Is gá na feabhsuithe sin a chur chun feidhme go tapa agus ar dhóigh dhiongbháilte. Is é an bealach is éifeachtúla chun dul i ngleic leis an ábhar sin an Togra maidir le hAthbhreithniú a leasú agus go háirithe ról an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh a láidriú go cinntitheach. Tá an Coimisiún ag iarraidh ar reachtóirí na leasuithe seo a ghlacadh, mar aon leis an Togra maidir le hAthbhreithniú, chomh tapa agus is féidir.

Seo a leanas cuspóirí an togra leasaithigh seo:

1) an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an tsaineolais agus as na hacmhainní a thiomnaítear dó trí chúraimí a bhaineann le cosc agus comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a lárú san Údarás Baincéireachta Eorpach;

2) raon feidhme agus inneachar na gcúraimí a bhaineann le frithsciúradh airgid a chuirtear de chúram ar an Údarás Baincéireachta Eorpach;

3) na huirlisí a atreisiú le haghaidh cúraimí frithsciúrtha airgid a dhéanamh;

4) ról comhordaithe an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh a láidriú le haghaidh saincheisteanna idirnáisiúnta maidir le frithsciúradh airgid.

Chuige sin, táthar ag moladh ról ceannasach agus comhordaitheach a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach chun acmhainní a lárú, acmhainní atá scaipthe faoi láthair ar fud na dtrí Údarás Maoirseachta Eorpach agus struchtúr tacaíochta níos stóinsí a thabhairt dó, ó tharla gur san earnáil bhaincéireachta is dóichí a bheidh tionchar córasach le sonrú ó sciúradh airgid agus ó mhaoiniú sceimhlitheoireachta freisin. Bunaithe ar na huirlisí atá ann faoi láthair agus ar chumhachtaí na nÚdarás arna leasú ag an Togra maidir le hAthbhreithniú atá ar feitheamh, tá sé beartaithe sainordú níos follasaí agus níos cuimsithí a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach chun a áirithiú go ndéanfar rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta i gcóras airgeadais an Aontais a ionchorprú go héifeachtach agus go comhsheasmhach i straitéisí agus i gcleachtais mhaoirseachta na n‑údarás inniúil ar fad. Beidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach in ann a iarraidh ar údaráis inniúla freisin sáruithe na rialacha ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann a fhiosrú agus maoirseacht a dhéanamh ar nósanna imeachta náisiúnta sa réimse sin. Faoi chúinsí sonracha sainiúla, beidh sé in ann cinntí a chur go díreach chuig oibreoirí earnála airgeadais aonair maidir le hábhair sciúrtha airgid agus tabhairt faoi idirghabháil cheangailteach idir údaráis inniúla náisiúnta maidir le hábhair dá sórt.

   Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra leasaitheach comhsheasmhach le hiarrachtaí leantacha an Choimisiúin chun creat an Aontais a láidriú le haghaidh maoirseacht airgeadais, Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt agus comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE") an bunús dlí le haghaidh na leasuithe go léir a chuirtear i láthair sa togra seo.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach) 

Ós rud é gur comhlachtaí de chuid an Aontais iad na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, ní fhéadfaidh ach reachtóir an Aontais na rialacháin lena rialaítear iad a leasú. Ina theannta sin, is é cuspóir an togra seo éifeachtacht na maoirseachta a fheabhsú, comhar idir na húdaráis inniúla a chothú agus úsáid an tsaineolais agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na n‑acmhainní ar leibhéal an Aontais in ábhair a bhaineann le rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Déanfaidh an méid sin feidhmiú níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtaí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, cuspóir nach bhféadfar a bhaint amach má ghníomhaíonn na Ballstáit as a stuaim féin.

Comhréireacht

Na leasuithe a chuirtear i láthair sa togra seo, is athruithe spriocdhírithe iad chun creat maoirseachta an Aontais a fheabhsú, agus ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach ann a bhaint amach. Rannchuideoidh na leasuithe a bheartaítear le sláine, cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais a fheabhsú ar fud an Aontais.

An rogha ionstraime

Leis an togra seo, déantar an Togra maidir le hAthbhreithniú a leasú. Leasaítear leis na Rialacháin lena rialaítear na trí hÚdarás Maoirseachta Eorpacha agus na Treoracha maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú agus beidh sé i bhfoirm Rialacháin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Bailiú agus úsáid saineolais

Cuirtear san áireamh sa togra seo machnaimh an Chomhghrúpa Oibre ina bhfuil cathaoirligh na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, cathaoirleach Bhord Maoirseachta an tSásra Maoirseachta Aonair, cathaoirleach fho-choiste frithsciúrtha airgid an Chomhchoiste agus an Coimisiún, chomh maith le malartuithe le páirtithe leasmhara ábhartha.

Measúnú tionchair

I ngeall ar an ngá práinneach leis an gcóras baincéireachta Eorpach a chaomhnú agus a choimirciú ar chásanna sciúrtha airgid a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh, ullmhaíodh an tionscnamh seo gan measúnú tionchair ná comhairliúchán poiblí, ach tríd an taithí phraiticiúil agus an saineolas ar crann taca é don Pháipéar Machnaimh thuasluaite.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is leasú spriocdhírithe é seo ar chreat an Aontais le haghaidh maoirsiú stuama agus maoirsiú frithsciúrtha airgid ar institiúidí airgeadais agus ar rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais chun cúraimí na nÚdarás Maoirseachta Eorpach a lárú, cúraimí a bhaineann le sciúradh airgid agus sceimhlitheoirí a chosc agus a chomhrac san earnáil airgeadais, ag an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus chun na huirlisí a úsáidtear le haghaidh cúraimí agus comhordú frithsciúrtha airgid a atreisiú. Ba cheart go ndéanfadh na leasuithe maoirsiú ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus cuirfidh siad feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil agus eacnamaíoch. Tá sé sin i gcomhréir le Clár Oibre an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.

Cearta bunúsacha

Leis an togra, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Mínítear tionchar airgeadais agus buiséadach an togra seo go mion sa ráiteas airgeadais forlíontach reachtach ag deireadh an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo mar chuid d’athbhreithnithe rialta chreat na nÚdarás gach trí bliana.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ról an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh a fheabhsú

Leis na leasuithe ar Airteagal 1(2) leathnaítear raon feidhme bheart an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh ar dhóigh spriocdhírithe, chun ábhar a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a ionchorprú i sainordú an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh ar fud na hearnála airgeadais, chun a sainordú atá ann faoi láthair a fhorlíonadh san earnáil bhaincéireachta.

Déanann na leasuithe a bheartaítear ar Airteagal 4(2) sainmhíniú tiomnaithe oibreoirí na hearnála airgeadais a áirithiú lena n‑áirítear gach institiúid ábhartha airgeadais faoi réir Threoir 2015/849, lena n‑áirítear iad siúd a thagann faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Le hAirteagal 8(1)(l) atá beartaithe, cuirtear béim ar thábhacht shonrach a bhaineann le hobair an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh i ndáil le comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí.

Le hAirteagal nua 9a, tugtar uirlisí láidrithe don Údarás Baincéireachta Eorpach chun beart comhsheasmhach, córasach agus éifeachtach a chur chun cinn maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc agus a chomhrac i gcóras airgeadais an Aontais.

Go háirithe, tugtar cumhacht ann don Údarás Baincéireachta Eorpach faisnéis a bhailiú a bhaineann le laigí arna sainaithint sna próisis agus sna nósanna imeachta, sa rialachas, sa tsamhail ghnó agus i ngníomhaíochtaí institiúidí airgeadais chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc, chomh maith le bearta a dhéanann údaráis inniúla agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis inniúla ábhartha de réir mar is iomchuí. Cuirtear béim ann freisin ar an tábhacht a bhaineann le hathbhreithnithe a dhéanamh ar údaráis inniúla, chomh maith le cleachtais mheasúnaithe riosca chun straitéisí agus acmhainní na n‑údarás inniúil a thástáil i ndáil le rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí. Leis an Airteagal atá beartaithe freisin, tá ról á bheartú don Údarás Baincéireachta Eorpach maidir le dul i gcomhar le maoirseoirí frithsciúrtha airgid tríú tír agus idirchaidreamh a dhéanamh leo d’fhonn beart a chomhordú ar leibhéal an Aontais i gcásanna iarbhír sciúrtha airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí a bhfuil gné tríú tír ag gabháil leis.

Ar deireadh, beartaítear san Airteagal atá beartaithe, maidir le haon saincheist comhordaithe nó comhair a bhaineann le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, go ndéanfar sin trí Choiste Frithsciúrtha Airgid arna chomhtháthú san Údarás Baincéireachta Eorpach. Ar an gcoiste sin beidh cinn údarás na mBallstát agus comhlachtaí inniúla a dhéanann deimhin de go ndéanann institiúidí airgeadais ceanglais Threoir 2015/849/AE a chomhlíonadh, agus breathnóirí ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, ón gCoimisiún agus ó Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Is é is aidhm leis an Airteagal 9b cumas an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh a atreisiú chun éifeachtúlacht dhlí an Aontais a áirithiú maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc agus a chomhrac. Tugtar de chumhacht don Údarás, i gcás go bhfuil fianaise ann i leith sáraithe iarbhír, a iarraidh ar údaráis inniúla imscrúduithe a thionscnamh maidir le sáruithe rialacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus féachaint an nglacfaidh sé cinntí nó an ndéanfaidh sé smachtbhannaí a fhorchur ar oibreoirí san earnáil airgeadais.

Leis na hathruithe ar Airteagal 17 arna gcur chun tosaigh maidir leis an nós imeachta le haghaidh shárú dhlí an Aontais agus ar Airteagal 19 maidir leis an nós imeachta le haghaidh idirghabháil cheangailteach, tá sé beartaithe a chur ar chumas an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh i gcomhthéacs a chuid cúraimí a bhfuil baint acu le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc agus a chomhrac, cinntí aonair a ghlacadh maidir le hoibreoirí san earnáil airgeadais fiú nuair nach bhfuil feidhm dhíreach ag na rialacha iarbhír maidir le hoibreoirí den sórt sin san earnáil airgeadais. Áireofar orthu sin rialacha iarbhír a chumhdaítear i reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar Treoracha a thrasuí, chomh maith le reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar roghanna a fheidhmiú arna ndeonú ar na Ballstáit i Rialacháin.

Leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 54, soiléirítear go bhfeidhmíonn Comhchoiste na dTrí Údarás Maoirseachta mar bheadh fóram comhair ann idir na trí hÚdarás maidir le hábhar a bhaineann leis an idirghníomhaíocht idir an ghné stuamachta agus an ghné frithsciúrtha airgid.

Na leasuithe atá beartaithe ar an Rialachán lena rialaítear an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an Rialachán lena rialaítear an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, baineann siad amach Treoir 2015/849 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta as raon feidhme ghníomhaíochtaí an dá húdarás sin agus soiléirítear leo gur cheart an Comhchoiste a úsáid mar a bheadh fóram ann le haghaidh comhar maidir le hábhar a bhaineann leis an idirghníomhaíocht idir an ghné stuamachta agus an ghné frithsciúrtha airgid agus cur in aghaidh maoiniú sceimhlitheoirí.

Áirítear ar an togra mionleasuithe ar Threoir 2015/849 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí chun tagairt don Údarás Baincéireachta Eorpach a chur in ionad tagairtí do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha. Leasuithe teicniúla is ea iad seo chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an ról nua atá beartaithe don Údarás Baincéireachta Eorpach.

2017/0230 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte; Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 1 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 3 ,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais agus na moltaí a rinne grúpa saineolaithe ardleibhéil a raibh Jacques de Larosière ina chathaoirleach air, tá dul chun cinn nach beag déanta ag an Aontas Eorpach ní hamháin rialacha níos daingne, ach rialacha níos comhchuibhithe freisin, a leagan síos maidir leis na margaí airgeadais i bhfoirm Leabhar Rialacha Aonair. Tá an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais ("CEMA") curtha ar bun ag an Aontas Eorpach freisin agus tá sé bunaithe ar chóras dhá cholún, lena gcuimsítear maoirseacht mhicreastuamachta arna comhordú ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha ("ÚMEanna") agus maoirseacht mhicreastuamachta arna comhordú ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach ("BERS"). Thosaigh na trí ÚME, mar atá an tÚdarás Baincéireachta Eorpach ("ÚBE"), arna chruthú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde ("ÚEÁPC") arna chruthú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ("ÚEUM") arna chruthú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 (dá ngairtear le chéile "na rialacháin bhunaidh"), thosaigh siad ag feidhmiú in Eanáir 2011. Is é cuspóir foriomlán na ÚEManna cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais a threisiú ar bhonn inbhuanaithe ar fud an Aontais agus cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a fheabhsú.

(2)Is ríthábhachtach an méid atá déanta ag na ÚMEanna chun rialacha na margaí airgeadais san Aontas a chomhchuibhiú toisc go gcuireann siad ionchur ar fáil don Choimisiún i gcomhair a chuid tionscnamh le haghaidh rialacháin agus treoracha atá le glacadh ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa. Ina theannta sin, chuir na ÚMEanna dréachtaí de rialacha teicniúla mionsonraithe ar fáil don Choimisiún agus glacadh na dréachtaí sin mar ghníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme.

(3)Chuir na ÚMEanna le cóineasú na maoirseachta airgeadais freisin. Agus leis an gcleachtas maoirseachta san Aontas trí bhíthin treoirlínte atá dírithe ar údaráis inniúla agus trí athbhreithnithe cleachtais maoirseachta a chomhordú. Ach mar gheall ar na próisis chinnteoireachta a chumhdaítear ina rialacháin bhunaidh, le cois na srianta ar acmhainní agus cineál na nionstraimí sin atá ar fáil do na ÚMEanna, cuireadh cosc orthu na cuspóirí foriomlána atá acu a bhaint amach ina niomláine.

(4)Tar éis seacht mbliana oibríochta agus i ndiaidh meastóireachtaí agus na gcomhairliúchán poiblí a rinne an Coimisiún, is léir go bhfuil ag méadú ar na srianta atá ar chumas na ÚMEanna a gcuspóirí a bhaint amach maidir le margaí agus seirbhísí airgeadais a chomhtháthú a thuilleadh agus cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, laistigh den chreat reachtach atá ann faoi láthair, san Aontas féin agus idir an tAontas agus tríú tíortha.

(5)Bheadh rialachas iomchuí agus maoiniú leordhóthanach araon ag teastáil freisin sula bhféadfaí aon chumhachtaí feabhsaithe a thabhairt do na ÚMEanna chun a chur ar a gcumas na cuspóirí sin a chomhlíonadh. Níor leor cumhachtaí feabhsaithe amháin chun cuspóirí na ÚMEanna a bhaint amach i gcás nach mbeadh maoiniú leordhóthanach acu nó i gcás nach mbeidís á rialú ar shlí éifeachtach agus éifeachtúil.

(6)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 maidir le hAthbhreithniú Lár an Téarma ar an bPlean Gníomhaíochta de chuid Aontas na Margaí Caipitil, cuireadh béim air go raibh córas maoirseachta atá níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí ríthábhachtach chun deireadh a chur le harbatráiste rialála idir na Ballstáit, agus iad i mbun a gcúraimí maoirseachta, chun dlús a chur le comhtháthú margaidh agus chun deiseanna a chruthú d'eintitis agus infheisteoirí airgeadais sa mhargadh aonair.

(7)Mar sin de, tá sé thar a bheith práinneach tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar an gcomhtháthú maoirseachta chun Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt i gcrích. Deich mbliana tar éis na géarchéime airgeadais agus tar éis bhunú an chórais maoirseachta nua, tá dhá fhorbairt mhóra ann a bheidh ag tiomáint na seirbhísí airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil níos mó ná riamh: an tairgeadas inbhuanaithe agus an nuálaíocht teicneolaíochta. D'fhéadfadh gach ceann den dá fhorbairt sin seirbhísí airgeadais a athrú ó bhonn agus ba cheart ár gcóras maoirseachta airgeadais a bheith ullamh dóibh.

(8)Tá sé ríthábhachtach mar sin go ndéanfadh an córas airgeadais a chion chun dul i ngleic le sárdhúshláin na hinbhuanaitheachta. Chuige sin, is gá mór-athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras airgeadais agus ba cheart do na ÚMEanna rannchuidiú go gníomhach leis sin, ag tosú le hathchóirithe a chur i gcrích chun an creat rialála agus maoirseachta ceart a chruthú chun sreafaí caipitil phríobháidigh a chur chun tairbhe agus a threorú chuig infheistíochtaí inbhuanaithe.

(9)Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag na ÚMEanna i sainaithint agus i dtuairisciú na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bhaineann le himthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus chun gníomhaíocht na margaí airgeadais a chur i gcomhréir le cuspóirí na hinbhuanaitheachta. Ba cheart do na ÚMEanna treoir a thabhairt maidir le cén chaoi ar féidir cúinsí inbhuanaitheachta a chuimsiú go héifeachtach i reachtaíocht airgeadais de chuid an AE ábhartha, agus ba cheart dóibh cur chun feidhme comhsheasmhach na bhforálacha sin a chur chun cinn nuair a ghlactar iad.

(10)Tá méadú tagtha ar thionchar na nuálaíochta teicneolaíochta ar an earnáil airgeadais agus, dá bhrí sin, tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag údaráis inniúla chun déileáil leis na forbairtí teicneolaíochta sin. Chun cóineasú maoirseachta níos fearr a chur chun cinn agus chun dea-chleachtais a mhalartú idir na húdaráis ábhartha ar thaobh amháin, agus idir na húdaráis ábhartha agus institiúidí airgeadais nó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar an taobh eile, ba cheart ról na ÚMEanna a threisiú maidir leis an bhfeidhm mhaoirseachta atá acu agus maidir leis an gcomhordú maoirseachta a dhéanann siad.

(11)Mar gheall ar an dul chun cinn teicneolaíoch i margaí airgeadais, is féidir an cuimsiú airgeadais a fheabhsú, rochtain ar mhaoiniú a sholáthar, sláine agus éifeachtúlacht oibríochtúil na margaí a fheabhsú agus na baic ar iontráil sna margaí sin a laghdú. A mhéid agus a bhaineann sé leis na rialacha substainteacha is infheidhme, ba cheart an nuálaíocht teicneolaíochta a bheith cuimsithe freisin in oiliúint na núdarás inniúil. Cuidiú a bheidh sa mhéid sin le cosc a chur le héagsúlacht sna Ballstáit i ndáil lena gcur chuige sna cúrsaí sin.

‑‑‑‑(11a) Is ag dul i dtábhacht atá sé cur chun cinn a dhéanamh ar an bhfaireachán comhleanúnach córasach éifeachtach agus ar an measúnú rioscaí i dtaca le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí i gcóras airgeadais an Aontais. I bhfianaise na niarmhairtí ar an gcobhasíocht airgeadais a d’fhéadfadh eascairt as míúsáid na hearnála airgeadais i gcomhair sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoirí, agus ag cur don ÚBE leis an taithí atá aige i gcosaint earnáil na baincéireachta ar mhíúsáid dá leithéid, ba cheart don ÚBE ról ceannasach a ghlacadh chuige féin ar leibhéal an Aontais leis an gcórais airgeadais a chosaint ar sciúradh airgid agus ar na rioscaí maoinithe sceimhlitheoirí atá ann. Dá bhrí sin, anuas ar na hinniúlachtaí atá aige cheana, ní mór údarás a thabhairt don ÚBE chun gníomhú laistigh de raon feidhme Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010 sa mhéid go mbaineann an túdarás sin le cosc agus le comhrac sciúradh airgid agus le maoiniú na sceimhlitheoirí, sa chás go mbaineann sé le hoibreoirí in earnáil an airgeadais agus na húdaráis inniúla a bhíonn á maoirseacht, údaráis atá faoi scáth na Rialachán sin. Rud eile fós, dá ndéanfaí an sainordú seo don earnáil airgeadais ar fad a chruinniú le chéile faoi ÚBE, d’fhéadfaí an úsáid ba mhó ab fhéidir a bhaint as an saineolas agus as na hacmhainní atá aige, agus tá sé gan dochar do na hoibligeáidí nithiúla a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849.

(11b) Ionas go bhféadfaidh ÚBE a shainordú a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ba cheart dó úsáid iomlán a bhaint as na cumhachtaí agus na huirlisí ar fad atá aige faoin Rialachán. I gcomhréir leis an ról nua atá aige, is tábhachtach d’ÚBE an fhaisnéis ábhartha ar fad a thiomsú i dtaca le sciúradh airgid agus le maoiniú na ngníomhaíochtaí sceimhlitheoirí a aithníonn na húdaráis ábhartha san Aontas agus go náisúnta, gan dochar do na cúraimí a shanntar do na húdaráis faoi Threoir (AE) 2015/849. Ba cheart d’UBE faisnéis den chineál sin a stóráil i mbunachar lárnach agus an dáileadh cuí ar fhaisnéis ábhartha a áirithiú d’fhonn comhoibriú a chothú i measc na núdarás. Chomh maith leis sin, ba cheart d’ÚBE athbhreithniú ar dhéanamh ar údaráis inniúla, chomh maith le cleachtaí sa mheasúnú rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú na sceimhlitheoirí. Lena chois sin arís, ba cheart ról a bheith ag ÚBE ag comhoibriú agus ag dul i dteagmháil leis na húdaráis ábhartha tríú tír faoi na cúrsaí seo d'fhonn an ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a chomhordú níos fearr i gcásanna iarbhír i gcoinne sciúradh an airgid agus maoiniú na sceimhlitheoirí a bhfuil gné thrasteorann agus tríú tír ag roinnt leo.

(11c) D’fhonn éifeachtúlacht an smachta maoirseachta ar chomhlíontacht i réimse sciúrtha an airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoirí a fheabhsú, agus d’fhonn breis comhordaithe san fhorfeidhmiú a dhéanann údaráis inniúla náisiúnta ar sháruithe ar dlíthe de chuid an Aontais atá infheidhme go díreach, nó ar a chuid forálacha trasuite náisiúnta, ba cheart go mbeadh de chumhacht ag ÚBE, sa chás go bhfuil fianaise ann i leith sáraithe iarbhír, iarraidh ar údaráis inniúla sáruithe féideartha ar rialacha ábhartha a fhiosrú, agus cinneadh a chur i gceist maidir le smachtbhannaí a chuirfí faoi bhráid institiúidí airgeadais, rud a chuirfeadh iallach orthu géilleadh dá gcuid dualgas dlíthiúla. Ní ceart an chumhacht seo a chleachtadh ach amháin má thuigtear dÚBA go raibh sáruithe iarbhír ann.

(12)Tá roinnt údarás náisiúnta ann nach bhfuil sainithe mar údaráis inniúla faoi na rialacháin bhunaidh cé go bhfuil sé de chumhacht acu cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais a áirithiú i réimse na seirbhísí agus na margaí airgeadais. Chun cleachtais maoirseachta laistigh de CEMA atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú, is gá iad a shainiú amhlaidh. I ngeall air sin, d’fhéadfadh na ÚMEanna, go háirithe, treoirlínte agus moltaí a eisiúint chuig na húdaráis náisiúnta sin.

(13)Chun a áirithiú go mbeidh cosaint iomchuí ag leasanna geallsealbhóirí i gcás ina bhfeidhmeoidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha a ninniúlacht chun treoirlínte nó moltaí a eisiúint, ba cheart na Grúpaí Geallsealbhóirí éagsúla a bheith in ann tuairim a eisiúint i gcás ina measfadh dhá thrian dá chomhaltaí gur sháraigh an ÚME lena mbaineann a inniúlacht. Sa chás sin, ba cheart an túdarás a bheith ag an gCoimisiún ceangal a chur ar an ÚME, faoi réir measúnú cuí, na treoirlínte nó na moltaí sin a tharraingt siar de réir mar is iomchuí.

(14)Lena chois sin, chun críche an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 17 de na rialacháin bhunaidh agus ar mhaithe le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm mar is ceart, is iomchuí rochtain na ÚMEanna ar fhaisnéis a éascú agus dlús a chur leis. Dá bhrí sin, ba cheart a chur ar a gcumas dóibh faisnéis a iarraidh go díreach, trí iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, ar gach údarás inniúil lena mbaineann, ar institiúidí airgeadais agus ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, fiú i gcás nach mbeadh aon fhoráil de dhlí an Aontais sáraithe ag na húdaráis féin, na hinstitiúidí féin agus na rannpháirtithe margaí féin. Ba cheart do na ÚMEanna an túdarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas faoi na hiarrataí sin agus ba cheart don údarás inniúil sin cúnamh a thabhairt do na ÚMEanna maidir le bailiú na faisnéise a iarradh.

(15)Is gá cur chuige comhsheasmhach a bheith ag na húdaráis inniúla chun go ndéanfar maoirseacht chomhchuibhithe ar an earnáil airgeadais. Chun na críche sin, ba cheart gníomhaíochtaí na núdarás inniúil a bheith faoi réir athbhreithniú rialta neamhspleách ag na ÚMEanna agus ba cheart do choiste athbhreithniúcháin arna bhunú ag gach údarás maoirseachta tacú leis sin. Ba cheart do na ÚMEanna creat modheolaíoch a fhorbairt le haghaidh athbhreithnithe den sórt sin. Ba cheart na hathbhreithnithe neamhspleácha a dhíriú ní hamháin ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta ach freisin ar chumas na núdarás inniúil torthaí maoirseachta d'ardcháilíochta a bhaint amach agus, chomh maith leis sin, ar neamhspleáchas na núdarás inniúil sin. Ba cheart torthaí na nathbhreithnithe sin a fhoilsiú chun comhlíonadh a spreagadh agus an trédhearcacht a mhéadú, ach amháin dá mbeadh baol don chobhsaíocht airgeadais ag baint leis an bhfoilsiú sin.

(15a)I bhfianaise a thábhachtaí agus atá sé a áirithiú go gcuirtear creat maoirseachta an Aontais um chomhrac sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoirí i bhfeidhm go héifeachtach, is ríthábhachtach an ní athbhreithnithe neamhspleácha a bheith ann a thabharfaidh léargas go hoibiachtúil trédhearcach ar chleachtais mhaoirseachta. Sa chás arbh údar mór imní an méid a thabharfaidh na hathbhreithnithe sin chun follais, rud nach bhfuil leigheas ag an údarás inniúil air, ba cheart d’ÚBE scéal a chur chuig an bParlaimint, chuig an gComhairle, agus chuig an gCoimisiún.

(15b) Ar mhaithe lena chuid cúraimí a chur i gcrích agus a chuid cumhachtaí a fheidhmiú, ba cheart go bhféadfadh ÚBE cinntí a dhéanamh ceann ar cheann a bheadh dírithe ar oibreoirí in earnáil an airgeadais i gcomhthéacs an nós imeachta a ghabhann le sárú ar dhlí an Aontais, agus an nós imeachta a ghabhann le hidirghabháil cheangailteach, fiú nuair nach bhfuil na rialacha iarbhír infheidhme go díreach ar oibreoirí in earnáil an airgeadais, tar éis cinneadh a ghlacadh atá dírithe ar údarás inniúil. Sa chás a leagtar síos na rialacha iarbhír sna Treoracha, ba cheart d’ÚBE an reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm a dhéanann trasuíomh ar na Treoracha sin. Sa chás a bhfuil dlí ábhartha an Aontais comhdhéanta de Rialacháin, agus sa chás, ar theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, go dtugann na Rialacháin sin roghanna do Bhallstáit go sainráite, ba cheart d’ÚBE an reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm a chuireann na roghanna sin i bhfáth.

(16)Chun go ndéanfar maoirseacht chomhchuibhithe ar an earnáil airgeadais, is gá easaontais idir údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i gcásanna trasteorann a réiteach go héifeachtúil freisin. Na rialacha atá ann faoi láthair maidir le heasaontais den sórt sin a réiteach, níl siad go hiomlán sásúil. Ba cheart iad a chur in oiriúint ionas go mb’fhusa iad a chur i bhfeidhm.

(17)Is cuid lárnach d'obair na ÚMEanna ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta é cultúr maoirseachta a chur chun cinn san Aontas. Níl na huirlisí go léir is gá ag na ÚMEanna, áfach, chun an cuspóir sin a bhaint amach. Is gá a chur ar chumas na ÚMEanna na cleachtais agus na tosaíochtaí maoirseachta ginearálta a leagan amach i bPlean Maoirseachta Straitéiseach ilbhliantúil chun cuidiú leis na húdaráis inniúla na príomhréimsí imní i dtaca le sláine an mhargaidh agus an chobhsaíocht airgeadais ar fud an Aontais Eorpaigh a shainaithint agus fócas a dhíriú ar na réimsí sin, lena náirítear maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí atá i mbun gníomhaíochtaí trasteorann. Ba cheart an Plean Maoirseachta Straitéiseach a bheith bunaithe ar rioscaí agus a chur san áireamh ann treoracha eacnamaíocha agus rialála ginearálta maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta agus treochtaí micreastuamachta ábhartha, rioscaí féideartha agus leochaileachtaí arna sainaithint ag na ÚMEanna sna hathbhreithnithe a dhéanfaidh siad ar údaráis inniúla agus ó thástálacha uile-Aontais agus ó thástálacha struis. Ba cheart do na húdaráis inniúla cláir oibre bhliantúla a tharraingt suas ina dhiaidh sin chun an Plean Maoirseachta Straitéiseach a chur chun feidhme a thiontódh tosaíochtaí agus cuspóirí an Aontais ina gcuspóirí oibríochtúla do na húdaráis sin. Ba cheart a chumhachtú do na ÚMEanna athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár oibre bliantúil maidir le maoirseacht laethúil, lena náirítear, ar bhonn samplach, bearta maoirseachta arna ndéanamh i gcásanna ar leith chun a áirithiú go bhféadfadh na ÚMEanna a gcuspóir a bhaint amach mar atá cleachtais maoirseachta a chomhchuibhiú.

(18)Na cleachtais maoirseachta atá ann faoi láthair i ndáil le seachfhoinsiú, tarmligean agus aistriú rioscaí (gnó droim-le-droim nó ath-aistriú rioscaí) ó eintitis cheadúnaithe amháin go heintiteas eile, ní hionann ó Bhallstát go céile iad. Tá riosca arbatráiste rialála ar fud na mBallstát ("sodar go grinneall") ag baint leis an éagsúlacht sin sa chur chuige rialála. Fágann maoirseacht neamhéifeachtúil ar ghníomhaíochtaí seachfhoinsithe, tarmligthe nó aistrithe an tAontas neamhchosanta ar rioscaí don chobhsaíocht airgeadais. Is mór iad na rioscaí sin go háirithe i gcás eintitis atá faoi mhaoirsiú agus a dhéanann rioscaí a sheachfhoinsiú, a tharmligean agus a aistriú chuig tríú tíortha ina bhféadfaí nach mbeadh an uirlis is gá le fáil ag na húdaráis mhaoirseachta chun maoirseacht leordhóthanach éifeachtach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ábhartha agus ar phríomhfheidhmeanna. Ba cheart ról gníomhach a bheith ag na ÚMEanna i gcur chun cinn an chóineasaithe maoirseachta trí chomhthuiscint agus cleachtais maoirseachta a áirithiú maidir le seachfhoinsiú, aistriú rioscaí agus tarmligean gníomhaíochtaí ábhartha agus príomhfheidhmeanna chuig tríú tíortha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus i bhfianaise treoirlínte, moltaí agus tuairimí a fhéadfaidh na ÚMEanna a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí is gá a bheith ag na ÚMEanna, dá bhrí sin, comhordú éifeachtach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta le linn dóibh gnóthas a údarú nó a chlárú agus mar chuid d'athbhreithniú leanúnach ar chleachtais mhaoirseachta. I bhfeidhmiú ról an chomhordaithe, ba cheart fócas a dhíriú go háirithe ar chásanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le haon dul timpeall ar na rialacha agus faireachán a dhéanamh ar institiúidí airgeadais nó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a bhfuil sé beartaithe acu úsáid chuimsitheach a bhaint as seachfhoinsiú, tarmligean agus aistriú rioscaí chuig tríú tíortha chun leas a bhaint as pas an Aontais Eorpaigh nuair a bhíonn siad ag déanamh gníomhaíochtaí substaintiúla nó feidhmeanna lasmuigh den Aontas, go bunúsach.

(19)Is gá faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar chinntí coibhéise tríú tír arna nglacadh ag an gCoimisiún chun go mbeidh cobhsaíocht airgeadais leanúnach ann. Ba cheart do na ÚMEanna a fhíorú mar sin an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a rinneadh na cinntí coibhéise tríú tír agus a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós. Lena chois sin, ba cheart do na UMÉanna faireachán a dhéanamh ar na forbairtí maidir le rialáil agus maoirseacht agus ar na cleachtais forfheidhmiúcháin sna tríú tíortha sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na UMÉanna socruithe riaracháin a fhorbairt freisin le húdaráis inniúla tríú tíortha chun faisnéis a fháil chun críocha faireacháin agus chun gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú. Áiritheofar faoin gcóras maoirseachta feabhsaithe sin go bhfuil an choibhéis i dtríú tíortha níos trédhearcaí agus go bhfuil sí níos intuartha ag na tríú tíortha lena mbaineann agus go bhfuil sí níos comhsheasmhaí ar fud na nearnálacha uile.

(20)Tá sé ríthábhachtach go mbaileoidh na ÚMEanna faisnéis chruinn iomlán chun a gcúraimí agus a bhfeidhmeanna a dhéanamh agus a gcuspóirí a bhaint amach. Chun dúbailt na noibleagáidí tuairiscithe atá ar institiúidí airgeadais agus ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a sheachaint, ba cheart na húdaráis mhaoirseachta ábhartha arb iad is gaire do na margaí airgeadais agus do na hinstitiúidí airgeadais an fhaisnéis sin a sholáthar. Mar sin féin, ba cheart na ÚMEanna a bheith in ann a niarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig institiúid airgeadais nó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i gcás nach ndéanfadh údarás inniúil náisiúnta, nó nárbh fhéidir le húdarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis sin a sholáthar laistigh de thréimhse shonraithe. Ina theannta sin, chun a áirithiú go bhfuil ceart éifeachtach ag na ÚMEanna faisnéis a bhailiú, is gá an deis a bheith acu íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla nó fíneálacha a ghearradh ar na hinstitiúidí airgeadais sin nó ar na rannpháirtithe sa mhargaidh airgeadais nach gcomhlíonfadh go cruinn, go hiomlán nó go tráthúil iarraidh nó cinneadh maidir le faisnéis a thabhairt. Ba cheart ceart na hinstitiúide airgeadais nó an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann chun éisteacht a fháil ó na ÚMEanna a ráthú go sainráite.

(21)Foráladh i rialacháin bhunaidh na ÚMEanna go mbeadh ról tábhachtach ag na húdaráis inniúla ina struchtúr rialachais. Sonraíodh sna rialacháin sin freisin go ngníomhódh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta go neamhspleách agus chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, chun coinbhleachtaí leasa a chosc. Níor leor na cosaintí leordhóthanacha a tugadh, áfach, i struchtúr rialachais tosaigh na ÚMEanna chun a áirithiú go ndéanfaí coinbhleachtaí leasa a chosc go hiomlán a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chumas na ÚMEanna gach cinneadh riachtanach a ghlacadh sa réimse cóineasaithe maoirseachta agus a áirithiú go gcuirfí leasanna ginearálta an Aontais san áireamh ina gcinntí go hiomlán. Dá bhrí sin, chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht phróisis cinnteoireachta na ÚMEanna a áirithiú, ba cheart leithdháileadh na gcumhachtaí cinnteoireachta laistigh de na ÚMEanna a athshainiú.

(22)Thairis sin, ba cheart gné an Aontais sa phróiseas cinnteoireachta laistigh den Bhord Maoirseoirí a fheabhsú trí chomhaltaí neamhspleácha lánaimseartha a chur ar an mBord, nach mbeadh coinbhleachtaí leasa acu a d’fhéadfadh teacht aníos. Ba cheart cumhachtaí cinnteoireachta maidir le saincheisteanna rialála agus maidir le maoirseacht dhíreach a fhágáil go hiomlán faoi inniúlacht an Bhoird Maoirseoirí. Ba cheart an Bord Bainistíochta a thiontú ina Bhord Feidhmiúcháin a bheadh comhdhéanta de chomhaltaí lánaimseartha agus ba cheart don bhord sin cinneadh a dhéanamh faoi shaincheisteanna neamhrialála áirithe, lena náirítear athbhreithnithe neamhspleácha ar údaráis inniúla, réiteach díospóidí, sárú dhlí an Aontais, an Plean Maoirseachta Straitéiseach, faireachán ar sheachfhoinsiú, tarmligean agus aistriú rioscaí chuig tríú tíortha agus iarrataí ar fhaisnéis. Ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin gach cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Maoirseoirí a scrúdú agus a ullmhú. Thairis sin, ba cheart feidhm agus ról an Chathaoirligh a mhéadú trína thabhairt de chumhacht don Chathaoirleach cúraimí foirmiúla a dhéanamh agus vóta réitigh a bheith aige ar an mBord Feidhmiúcháin. Ar deireadh, ba cheart gné an Aontais maidir le rialáil na UMÉanna a neartú freisin trí nós imeachta roghnúcháin an Chathaoirligh agus chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a leasú lena gcuirfí ról na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa san áireamh. Ba cheart comhdhéanamh an Bhoird Feidhmiúcháin a bheith cothrom.

(23)Chun leibhéal saineolais agus cuntasachta iomchuí a chur ar fáil, ba cheart Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais, scileanna, eolas ar an imréiteach, ar an iarthrádáil agus ar chúrsaí airgeadais, chomh maith le taithí ar mhaoirseacht airgeadais. Chun trédhearcacht agus rialú daonlathach a áirithiú, agus chun cearta institiúidí an Aontais a chaomhnú, ba cheart Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a roghnú ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte. Ba cheart don Choimisiún gearrliosta a bhunú agus an gearrliosta sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis an gearrliosta sin a fhormheas, ba cheart don Chomhairle cinneadh a ghlacadh chun comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh. Ba cheart Cathaoirleach agus comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a bheith cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le haon chinneadh arna dhéanamh ar bonn na Rialachán bunaidh.

(24)Chun a áirithiú go sannfaí cúraimí oibríochtúla ar bhonn níos éifeachtúla ar thaobh amháin agus go ndéanfaí gníomhaíochtaí riaracháin ó lá go lá a bhainistiú ar an taobh eile, ba cheart do dhuine de chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a ghabháil air féin cúraimí reatha Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach ceann de na ÚMEanna agus ba cheart an duine sin a roghnú ar bhonn na gcúraimí áirithe sin.

(24a)Le gur féidir a áirithiú go bhfuil an leibhéal iomchuí saineolais ina bhonn daingean faoi chinntí a bhaineann le forálacha i gcoinne sciúradh airgid agus i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoirí, ní mór coiste a bhunú agus é comhdhéanta de chinnirí na núdarás agus na gcomhlachtaí atá i gceannas ar chomhlíontacht le reachtaíocht i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoirí, coiste a dhéanann scrúdú agus ullmhú ar chinntí atá le tógáil ag ÚBE. Le dúbláil a sheachaint, tiocfaidh an coiste nua seo in áit an fho-choiste i gcoinne sciúradh airgid atá ann faoi láthair, fo-choiste a bunaíodh laistigh de Chomhchoiste CCE.

(25)Is iomchuí go rannchuideodh institiúidí airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadas le maoiniú ghníomhaíochtaí na ÚMEanna, mar is é is cuspóir foriomlán do ghníomhaíochtaí na ÚMEanna cur leis an gcobhsaíocht airgeadais agus, trí shaobhadh ar iomaíocht a chosc, le feidhmiú ceart an mhargaidh aonair. Téann gníomhaíochtaí na ÚMEanna chun tairbhe do gach institiúid airgeadais agus do gach rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, bídís ag feidhmiú thar theorainneacha nó ná bídís. Cuidiú is ea gníomhaíochtaí na ÚMEanna le timpeallacht chobhsaí agus cothrom iomaíochta a bheith ann agus na hinstitiúidí airgeadais sin agus na rannpháirtithe sin sa mhargadh airgeadais i mbun a ngnó. Ba cheart d'institiúidí airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nach bhfuil faoi mhaoirsiú díreach na ÚMEanna rannchuidiú freisin mar sin le maoiniú na ngníomhaíochtaí sin de chuid na ÚMEanna a théann chun tairbhe dóibh. Lena chois sin, ba cheart do na ÚMEanna táillí a fháil freisin, áfach, arna níoc ag na hinstitiúidí airgeadais agus na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi mhaoirsiú díreach na ÚMEanna.

(26)Laistigh de gach catagóir institiúide airgeadais agus rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, ba cheart a chur san áireamh cá mhéad a théann gníomhaíochtaí na ÚMEanna chun tairbhe do gach institiúid airgeadais agus do gach rannpháirtí sa mhargadh airgeadais nuair a ríomhfar leibhéal na ranníocaíochtaí. Dá réir sin, ba cheart ranníocaíochtaí aonair de chuid institiúidí airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chinneadh de réir a méide chun a dtábhacht sa mhargadh ábhartha a léiriú. Is faoi réir tairseach de minimis ba cheart ranníocaíochtaí an-bheag a bhailiú chun a áirithiú go mbeadh a mbailiú tíosach agus san am ceanna a áirithiú nach gcuirfí iallach ar ghnólachtaí móra ranníocaíocht dhíréireach a dhéanamh.

(27)Chun an chaoi a ríomhfaí ranníocaíochtaí bliantúla institiúidí airgeadais aonair agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chinneadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Bunófar leis na gníomhartha tarmligthe modheolaíocht chun an caiteachas measta a leithdháileadh ar chatagóirí d'institiúidí airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus critéir chun leibhéal na ranníocaíochtaí aonair a chinneadh ar bhonn méide. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena náirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go háirithe, chun rannpháirteachas comhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(28)Chun rúndacht obair na ÚMEanna a chaomhnú, ba cheart na ceanglais i dtaobh rúndacht ghairmiúil a bheith infheidhme maidir le haon duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an ÚME i gceist.

(29)Le Rialachán (CE) 1093/2010, Rialachán (CE) 1094/2010 agus Rialachán (CE) 1095/2010 chomh maith le reachtaíocht earnála seirbhísí airgeadais, cuirtear de cheangal ar na ÚMEanna socruithe riaracháin éifeachtacha a iarraidh, lena náirítear faisnéis a mhalartú le maoirseoirí tríú tíortha. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar an ngá le comhar éifeachtach agus le malartú éifeachtach faisnéise, de bhun an Rialacháin leasaithigh, nuair a ghabhfaidh cuid de na ÚMEanna freagrachtaí breise níos leithne orthu féin i ndáil le maoirsiú eintiteas agus gníomhaíochtaí nach eintitis agus gníomhaíochtaí AE iad. Sa chomhthéacs sin, i gcás ina ndéanfaidh na ÚMEanna sonraí pearsanta a phróiseáil, lena náirítear sonraí den sórt sin a aistriú lasmuigh den Aontas, beidh siad faoi cheangal cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 2018/XXX (Rialachán maidir le Cosaint Sonraí ag Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh). D'uireasa cinneadh leordhóthanachta nó cosaint iomchuí, dá bhforáiltear sna socruithe riaracháin de réir bhrí Airteagal 49(3) den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí ag Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh mar shampla, féadfaidh na ÚMEanna sonraí pearsanta a mhalartú le húdaráis tríú tíortha i gcomhréir leis na coinníollacha, agus ar na coinníollacha, a ghabhann leis an maolú leasa phoiblí a leagtar amach in Airteagal 51(1)(d) den Rialachán sin a bhfuil feidhm aige go háirithe maidir le cásanna malartaithe idirnáisiúnta sonraí idir údaráis mhaoirseachta airgeadais.

(30)Tá sé ríthábhachtach cosaint iomchuí a thabhairt faoi nósanna imeachta cinnteoireachta ÚBE do na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san aontas baincéireachta agus san am céanna é a chur ar a chumas do ÚBE leanúint de bheith ag glacadh cinntí ar dhóigh éifeachtach nuair a thiocfaidh laghdú ar líon na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach. Ba cheart na rialacha vótála atá ann faoi láthair a choinneáil, ar rialacha iad lena gceanglaítear ar thromlach de na Ballstáit rannpháirteacha agus tromlach de na Ballstáit neamh-rannpháirteacha vótáil chun go nglacfaidh ÚBE cinneadh. Is gá, áfach, cosaint bhreise chun an cás a sheachaint nuair nach bhféadfaí cinntí a ghlacadh i ngeall ar neamhláithreacht údaráis inniúla Ballstát, agus i ngeall air sin amháin, agus chun a áirithiú go mbeidh a oiread údarás inniúil náisiúnta is féidir i láthair le linn na vótála le go mbeidh vóta láidir dlisteanach mar thoradh uirthi.

(31)Foráiltear le rialacháin bhunaidh na ÚMEanna gur cheart do na ÚMEanna, i gcomhar le BERS, tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú chun measúnú a dhéanamh ar bhuanseasmhacht na ninstitiúidí airgeadais agus na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i gcoinne forbairtí dochracha margaidh. Ba cheart a áirithiú freisin go gcuirfí modheolaíocht atá comhsheasmhach, a mhéid ab fhéidir, i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin. Chun cothromaíocht chuí a áirithiú idir cúraimí maoirseachta na núdarás inniúil agus cúinsí uile-Aontais, is iomchuí an chumhacht a aistriú chuig Bord Feidhmiúcháin na ÚMEanna chun cinneadh a dhéanamh ar thionscnamh agus ar chomhordú tástálacha struis. Ba cheart é a shoiléiriú freisin, maidir le gach ÚME, nach gcuirfeadh oibleagáidí na núdarás inniúil maidir le rúndacht ghairmiúil cosc ar na húdaráis inniúla na torthaí ón tástáil struis a tharchur chuig na ÚMEanna chun gur féidir iad a fhoilsiú.

(32)Chun ardleibhéal cóineasaithe a áirithiú i réimse na maoirseachta agus an fhormheasa ar shamhlacha inmheánacha, ba cheart ÚEÁPC a bheith in ann tuairimí a eisiúint chun neamhréireachtaí a d’fhéadfadh teacht aníos a leigheas agus chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir le samhlacha inmheánacha a fhormheas. Ba cheart do na húdaráis inniúla a gcinntí a dhéanamh i gcomhréir leis na tuairimí sin, nó de rogha air sin, a mhíniú cén fáth nach bhfuil siad ag teacht leis an tuairim.

(33)Agus an ghné thrasteorann de ghníomhaíochtaí trádála ag méadú i rith an ama agus, go háirithe, an ghné thrasteorann de ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta áirithe a d’fhéadfadh, de thoradh a gcineáil shistéamaigh, tionchair thrasteorann a bheith acu ar an gcobhsaíocht airgeadais, ba cheart ról méadaithe a bheith ag ÚEUM i ndáil le comhordú chun a mholadh do na húdaráis inniúla imscrúduithe comhfhreagracha a thionscnamh. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh sé in ann malartú faisnéise a éascú a bhaineann leis na himscrúduithe sin, i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag ÚEUM a chreidiúint go bhfuil gníomhaíocht ar bun a bhfuil tionchair thrasteorann nach beag aici agus ar bagairt í ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais. Chun na críche sin, ba cheart do ÚEUM saoráid stórála sonraí a choinneáil lena mbaileofaí an fhaisnéis ábhartha go léir ó na húdaráis inniúla agus lena scaipfí an fhaisnéis sin orthu.

(34)Is iad príomhchuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 agus Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 borradh a chur faoi phoist agus fás, FBManna a mhaoiniú, infheistíochtaí sóisialta fadtéarmacha, mar aon le cultúr infheistíochta AE a chur chun cinn. Ach an úsáid éagsúil a bhaineann na húdaráis inniúla náisiúnta as a lánrogha, a gcleachtais riaracháin éagsúla, agus na difríochtaí sa chultúr maoirseachta agus ina bhfeidhmíocht, tá siad ann i gcónaí in ainneoin an chomhchuibhithe a rinneadh leis na trí Rialachán. Cuireann na héagsúlachtaí sin bac ar an gcothrom iomaíochta idir bainisteoirí na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha, na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na gcistí infheistíochta fadtéarmacha sna Ballstáit éagsúla, rud a mhéadaíonn, ag an am céanna, costais idirbheartaíochta agus oibríochta na mbainisteoirí sin.

(35)Chun costais idirbheartaíochta agus oibríochta a laghdú, roghanna d'infheisteoirí a neartú agus cinnteacht dhlíthiúil a mhéadú, is iomchuí na cumhachtaí maoirseachta a aistriú ó na húdaráis inniúla chuig ÚEUM, lena náirítear clárú agus údarú a dheonú nó a tharraingt siar, do bhainisteoirí na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha agus na gcistí sin dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, do bhainisteoirí na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na gcistí sin dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 agus na gcistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2015/760. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh chun go gcuirfí iallach ar dhaoine deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus cheart a sholáthar arna héileamh ag ÚEUM nó glacadh le himscrúdú nó le cigireacht ar an láthair.

(36)Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha lena leagtar síos ceanglais aonfhoirmeacha nach mór do chistí fadtéarmacha a chomhlíonadh chun go mbeidh siad údaraithe mar chiste infheistíochta fadtéarmaí Eorpach ‘ELTIF’. Rialachán (AE) 2015/760 lena leagtar síos rialacha maidir leis na hinfheistíochtaí cáilitheacha, gnóthais phunainne cháilitheacha, rialacha comhchruinnithe agus infheisteoirí incháilithe. Sainítear sna rialacha freisin na cumhachtaí maoirseachta, lena náirítear ceanglais maidir le húdaruithe agus maoirsiú leanúnach. Siúd is go bhfuil na rialacha stuamachta i Rialachán (AE) 2015/760 á gcoinneáil, tugtar leis an Rialachán seo cumhachtaí maoirseachta do ÚEUM, lena náirítear údarú, maoirsiú leanúnach agus tarraingt siar údaruithe. Leis an rialachán seo cuirtear de chúram ar ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, nach mbeidh roghanna beartais ag baint leo, a tharraingt suas lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin, le gur leor soiléire na noibleagáidí dlíthiúla agus an raoin feidhme a ghabhann le lánrogha ÚEUM faoi Rialachán (AE) 2015/760. Rinneadh na hathruithe inchurtha ar Rialachán (AE) 345/2013 agus ar Rialachán 346/2013 chun cumhachtaí maoirseachta a thabhairt do ÚEUM.

(37)Chun a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach i leith cistí caipitil fiontair cáilitheacha, cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha agus a mbainisteoirí, ba cheart do ÚEUM a bheith in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh. Chun tacú le hacmhainn mhaoirseachta, ba cheart cumhachtaí a thabhairt do ÚEUM pionóis nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh chun go gcuirfí iallach ar dhaoine deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus ceart arna éileamh ag ÚEUM a sholáthar nó glacadh le himscrúdú nó le cigireacht ar an láthair. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo teorainneacha na smachtbhannaí riaracháin sin nó teorainneacha beart riaracháin eile a shainiú go soiléir ar smachtbhannaí nó bearta eile iad na cheart a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus cur chuige comhchoiteann agus éifeacht dhíspreagthach a áirithiú. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin ÚEUM ag brath ar thacaíocht na núdarás náisiúnta i gcás inar gá agus ina néileofar é sin. Ba cheart cumhacht a thabhairt do ÚEUM cuid de ba feidhmeanna sin a tharmligean ar féidir a tharmligean ar ais chuig na húdaráis inniúla náisiúnta.

(38)Tugadh cumhachtaí idirghabhála sealadacha do ÚEUM in Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, lena gceadaítear do ÚEUM ar choinníollacha áirithe margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó ionstraimí airgeadais a bhfuil gnéithe sonracha áirithe ag baint leo, nó cineál gníomhaíochta nó cleachtais airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh go sealadach san Aontas. Na cumhachtaí idirghabhála sin i leith táirgí faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, tá sé sainráite go bhfuil feidhm acu maidir le gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa atá bainteach le margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais, lena náirítear aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta. Ós féidir le cuideachtaí bainistíochta gnóthas comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe agus le cuideachtaí infheistíochta arna núdarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (AIFManna) arna núdarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ós féidir leo uile aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a mhargú, a dháileadh nó a dhíol go díreach freisin, chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, is gá é a thabhairt le fios go sainráite i ndáil leis na cumhachtaí idirghabhála thuasluaite i leith táirgí faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 go bhfuil feidhm acu freisin maidir le cuideachtaí bainistíochta GCUIanna agus cuideachtaí infheistíochta GCUIanna agus maidir le AIFManna freisin.

(39)I gcásanna eisceachtúla a bheidh sainithe go docht, féadfaidh ÚEUM a chumhachtaí idirghabhála a úsáid chun margú, díol nó dáileadh aonad nó scaireanna in GCUIanna nó in AIFanna ag a mbainisteoirí freisin a thoirmeasc nó a shrianadh. B'iomchuí é sin i gcás ina dtabharfadh an ghníomhaíocht a bheadh beartaithe aghaidh ar an ábhar imní nach beag maidir le cosaint infheisteoirí nó ar bhaol d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó ar bhaol do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó cuid den chóras airgeadais san Aontas; nach rachadh na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais atá infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, nach rachaidh siad i ngleic leis an mbaol; agus nach mbeadh údarás inniúil ná údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó nár leor na gníomhaíochtaí a bheadh déanta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go sásúil

(40)Tá éifeacht dhochrach ag neamhréireachtaí maidir le cáilíocht, formáidiú, iontaofacht agus costas sonraí trádála ar thrédhearcacht, cosaint infheisteoirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh. Chun faireachán ar shonraí trádála agus atógáil sonraí trádála a fheabhsú, comhsheasmhacht agus cáilíocht na sonraí sin a fheabhsú agus feabhas a chur ar a ninfhaighteacht agus ar a ninrochtaineacht ar chostas réasúnta ar fud an Aontais le haghaidh na nionad trádála ábhartha, tugadh córas dlí nua maidir le seirbhísí tuairiscithe sonraí isteach le Treoir 2014/65/AE, lena náirítear údarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.

(41)Tá cáilíocht sonraí trádála agus próiseáil agus soláthar na sonraí sin, lena náirítear próiseáil agus soláthar sonraí trasteorann, fíorthábhachtach chun príomhchuspóir Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a bhaint amach a bhaineann le trédhearcacht na margaí airgeadais a neartú. Tá soláthar croísheirbhísí sonraí ríthábhachtach chun go mbeidh úsáideoirí in ann an forbhreathnú inmhianaithe a fháil ar ghníomhaíocht na trádála ar fud mhargaí airgeadais an Aontais agus chun go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis chruinn chuimsitheach faoi idirbhearta ábhartha.

(42)Ina theannta sin, tá méadú ag teacht i rith an ama ar an tábhacht mhór atá le sonraí trádála mar uirlis chun ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a fhorfheidhmiú go héifeachtach. I ngeall ar an ngné thrasteorann a bhaineann le láimhseáil sonraí, le cáilíocht sonraí agus leis an ngá atá le barainneachtaí scála a bhaint amach, agus chun cosc a chur leis an tionchar dochrach de dheasca éagsúlachtaí a d'fhéadfadh teacht aníos maidir le cáilíocht sonraí agus cúraimí soláthraithe tuairiscithe sonraí, tá sé tairbhiúil agus tá údar maith leis cumhachtaí údarúcháin agus maoirseachta maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a aistriú ó na húdaráis inniúla chuig ÚEUM agus na cumhachtaí sin a shonrú i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 sa dóigh gur féidir, ag an am céanna, comhdhlúthú a dhéanamh ar na tairbhí a thiocfaidh as na hinniúlachtaí a bhaineann le sonraí a chomhthiomsú in ÚEUM.

(43)Ba cheart go mbeadh infheisteoirí miondíola ar an eolas go leordhóthanach faoi rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a dhéanfaidís cinneadh infheistiú in ionstraim airgeadais. Is é is aidhm do chreat dlíthiúil an Aontais go laghdófar an riosca maidir le mídhíol i gcás ina ndíolfar le hinfheisteoirí miondíola táirgí airgeadais nach noireann dá gcuid riachtanas agus nach bhfuil de réir an ruda a bhfuil siad ag súil leis. Chun na críche sin, cuirtear feabhas ar na ceanglais maidir le heagrúchán agus iompar gnó le Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun a áirithiú go ngníomhóidh gnólachtaí infheistíochta ar mhaithe le leasanna a gcliant. Áirítear sna ceanglais sin nochtadh rioscaí feabhsaithe do chliaint, measúnú níos fearr ar oiriúnacht na dtáirgí a mholtar mar aon le hoibleagáid maidir le hionstraimí airgeadais a dháileadh ar an spriocmhargadh aitheanta, agus imthosca á gcur san áireamh amhail sócmhainneacht eisitheoirí. Ba cheart go mbainfeadh ÚEUM lánúsáid as a chumhachtaí chun cóineasú maoirseachta a áirithiú agus tacú le húdaráis náisiúnta ardleibhéal cosanta infheisteoirí a bhaint amach agus maoirseacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le táirgí airgeadais.

(44)Tá sé tábhachtach go náiritheofar aighneachtaí éifeachtacha éifeachtúla agus go náiritheofar sonraí a thiomsú, anailís a dhéanamh orthu agus iad a fhoilsiú chun críocha na ríomhanna i dtaca le cinneadh na gceanglas maidir leis na córais oibleagáidí trádála agus trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála, agus chun críocha na sonraí tagartha freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 9 . Ba cheart inniúlachtaí a thabhairt mar sin do ÚEUM chun sonraí a bhailiú go díreach ó rannpháirtithe sa margadh maidir le ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála, chomh maith le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

(45)Ach na hinniúlachtaí sin a thabhairt do ÚEUM, beifear in ann an túdarú agus an mhaoirseacht a bhainistiú go lárnach, rud a chuirfidh cosc leis an staid mar atá, is é sin gur gá d’iliomad ionad trádála, inmheánaitheoirí córasacha, APAanna agus CTPanna sonraí a sholáthar don iliomad údarás inniúil a chuirtear ar fáil do ÚEUM ina dhiaidh sin. Ba cheart go mbainfeadh na rannpháirtithe sa mhargadh an-tairbhe as an gcóras sin a bheadh bainistithe go lárnach maidir le trédhearcacht sonraí, cosaint infheisteoirí agus éifeachtúlacht margaidh a bheith níos mó.

(46)Maidir leis na cumhachtaí a aistriú ó na húdaráis inniúla chuig ÚEUM chun sonraí a bhailiú, a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, beidh sin bunriachtanach freisin maidir le cúraimí eile atá ÚEUM a dhéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, amhail faireachán ar an margadh, cumhachtaí idirghabhála sealadacha agus cumhachtaí bainistíochta suímh ÚEUM, agus a áirithiú freisin go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le trédhearcacht réamhthrádála nó iarthrádála.

(47)Chun a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach sa réimse a bhaineann le próiseáil agus soláthar sonraí, ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann pionóis nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh chun go gcuirfí iallach ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus ceart arna éileamh ag ÚEUM a sholáthar nó glacadh le himscrúdú nó le cigireacht ar an láthair agus smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur i gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil duine tar éis sárú a dhéanamh d'aon ghnó nó le faillí ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

(48)Tá táirgí airgeadais a bhaineann úsáid as tagarmharcanna criticiúla ar fáil i ngach Ballstát. Tá na tagarmharcanna sin ríthábhachtach mar sin chun gur féidir le margaí airgeadais feidhmiú mar is ceart agus chun go mbeidh cobhsaíocht airgeadais san Aontas. Agus maoirseacht á déanamh ar thagarmharc criticiúil, ba cheart breathnú go hiomlánaíoch ar na tionchair a d'fhéadfadh teacht chun cinn, ní hamháin sa Bhallstát ina bhfuil an riarthóir lonnaithe agus sna Ballstáit ina bhfuil a ranníocóirí lonnaithe, ach ar fud an Aontais ar fad. Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfaidh ÚEUM maoirseacht ar thagarmharcanna criticiúla ar leibhéal an Aontais. Chun dúbailt cúraimí a sheachaint, ba cheart do ÚEUM, agus é féin amháin, maoirseacht a dhéanamh ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, lena náirítear aon tagarmharcanna neamhchriticiúla a bheadh á riar acu.

(49)I gcás nach mbeidh tagarmharc criticiúil, áfach, ach in aon Bhallstát amháin, féadfaidh sé i ngeall ar údarás inniúil an Bhallstáit sin a bheith níos gaire don mhargadh gurb iomchuí do ÚEUM maoirseacht an tagarmhairc sin a tharmligean, ina hiomláine nó i bpáirt, chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeidh an riarthóir lonnaithe ar choinníoll go bhfuair ÚEUM toiliú an údaráis inniúil sin roimh ré chun na críche sin.

(50)Toisc gur doichte na ceanglais a chuirtear ar riarthóirí agus ar rannchuiditheoirí tagarmharcanna criticiúla ná na ceanglais a chuirtear ar riarthóirí agus ar rannchuiditheoirí tagarmharcanna eile, ba cheart don Choimisiún nó do ÚEUM tagarmharcanna a ainmniú ina dtagarmharcanna criticiúla agus ba cheart don Choimisiún iad a chódú. Ós rud é gurb iad na húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil an rochtain is fearr acu ar shonraí agus ar fhaisnéis faoi na tagarmharcanna a dhéanann siad a mhaoirsiú, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún nó do ÚEUM faoi thagarmharcanna a chomhlíonann, ina dtuairim féin, na critéir lena sainaithnítear tagarmharcanna criticiúla. .

(51)Bhí sé beartaithe go rannchuideodh na coláistí maoirseoirí le haghaidh tagarmharcanna criticiúla le cur i bhfeidhm comhchuibhithe na rialacha faoi Rialachán (AE) 2016/1011 agus le cóineasú cleachtas maoirseachta. Ó tharla go bhfuil ÚEUM i dteagmháil leis na maoirseoirí náisiúnta go léir go díreach nó go bhfuil sé comhdhéanta de na maoirseoirí sin, ní bheidh gá leis na coláistí maoirseoirí sin níos mó.

(52)An nós imeachta maidir leis an mBallstát tagartha a chinneadh do riarthóirí tagarmharcanna atá lonnaithe i dtríú tíortha a dhéanfaidh iarratas ar aitheantas san Aontas, tá sé fadálach agus achrannach d'iarratasóirí agus údaráis inniúla náisiúnta. D’fhéadfadh iarratasóirí iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar an gcinneadh sin agus iad ag súil go mbeadh arbatráiste maoirseachta ann, faoi mar a d’fhéadfadh riarthóirí tagarmharcanna eile freisin atá lonnaithe i dtríú tíortha agus atá ag iarraidh dul isteach san Aontas tríd an gcóras formhuinithe. D’fhéadfadh na riarthóirí tagarmharcanna sin a nionadaí dlíthiúil a roghnú go straitéiseach i mBallstát ina measann siad nach mbeadh an mhaoirseacht chomh docht céanna. I ngeall ar chur chuige comhchuibhithe agus ÚEUM a bheith ag feidhmiú ina údarás inniúil do thagarmharcanna tríú tíortha agus dá riarthóirí, seachnófar na rioscaí sin agus na costais maidir leis an mBallstát tagartha a chinneadh agus an mhaoirseacht ina dhiaidh sin freisin. Ina theannta sin, i ngeall ar an ról seo mar údarás inniúil do thagarmharcanna tríú tíortha, beidh ÚEUM ina chontrapháirt san Aontas ag maoirseoirí i dtríú tíortha, rud a fhágann go mbeidh an comhar trasteorann níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

(53)Is bainc nó gnólachtaí seirbhísí airgeadais a bhíonn ag láimhseáil airgead cliant iad a lán de na riarthóirí tagarmharcanna murab iad a bhformhór. Chun nach mbainfí an bonn ó chomhrac an Aontais i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart gur réamhchoinníoll é chun comhaontú comhair a chur i gcrích le húdarás inniúil de réir córas coibhéise nach bhfuil tír an údaráis inniúil ar an liosta de na dlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoirí ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais.

(54)Déantar tagairt do gach tagarmharc nach mór i dtáirgí airgeadais atá ar fáil i roinnt Ballstát, mura ndéantar tagairt dóibh san Aontas ar fad. Chun rioscaí a bhrath maidir le tagarmharcanna a sholáthar a bhféadfadh sé nach mbeidís iontaofa ná ionadaíoch ar an margadh níos mó nó nár fhíorchás eacnamaíoch é a bheartaíonn siad a thomhas, ba cheart do na húdaráis inniúla, lena náirítear ÚEUM, comhoibriú le chéile agus cúnamh a thabhairt dá chéile i gcás inarb iomchuí.

(55)I ngeall ar chineál na nurrús agus na neisitheoirí lena mbaineann, léirítear i gcineálacha áirithe de réamheolairí arna dtarraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 gné thrasteorann laistigh den Aontas, leibhéal castachta teicniúla agus/nó rioscaí féideartha d'arbatráiste rialála atá den chineál sin dá ndéanfadh ÚEUM maoirseacht lárnach orthu go mbainfeadh sé torthaí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla amach ná mar a bhainfidís amach ar an leibhéal náisiúnta. Dá ndéanfaí formheas na réamheolairí sin a chomhdhlúthú ar leibhéal ÚEUM, agus na gníomhaíochtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin lena mbaineann ar leibhéal ÚEUM freisin, laghdófaí na costais a bhaineann le comhlíonadh agus na bacainní riaracháin agus chuirfí feabhas ar cháilíocht, ar chomhsheasmhacht agus ar éifeachtúlacht na maoirseachta san Aontas san am céanna.

(56)Is tábhachtach an fhoinse chaipitil iad láithrithe príobháideacha urrús neamhchothromais le haghaidh eisitheoirí agus tá gné thrastheorann iontu. Cé nach dteastaíonn réamheolaire ó láithriú príobháideach le hinfheisteoirí cáilithe, ní mór ligean isteach chun trádála na nurrús ar mhargadh rialáilte ina dhiaidh sin a fhoilsiú i réamheolaire i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129. Faoi chóras na réamheolairí, bíonn solúbthacht ag na heisitheoirí leis an mBallstát baile a roghnú áit ar rud os cionn 1000 euro atá san aonad urrúis neamhchothromais. Ós ainmníocht in aghaidh aonad is mó ná 1 000 EUR a thaispeántar de ghnáth sna hurrúis neamhchothromais a bhíonn i gceist le láithrithe príobháideacha, d'fhéadfadh go dtiocfadh tóraíocht fóram rialála i gceist. Dá gcuirfí de chúram ar ÚEUM formheas a dhéanamh ar réamheolairí neamhchothromais mórdhíola den sórt sin a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar chuid shonrach de nach bhféadfadh ach infheisteoirí cáilithe rochtain a bheith acu air, ba cheart go mbainfí cuspóir dúbailte amach mar atá cothrom iomaíochta a áirithiú d'infheisteoirí agus leibhéal níos airde éifeachtúlachta trí na nósanna imeachta um fhormheas a shruthlíniú.

(57)Chun réamheolairí a bhaineann le hurrúis de bhun sócmhainní a fhormheas agus chun réamheolairí arna dtarraingt suas ag eisitheoirí speisialaithe a fhormheas, amhail cuideachtaí réadmhaoine, cuideachtaí mianraí, cuideachtaí eolaíochta taighde-bhunaithe nó cuideachtaí loingseoireachta, tá foireann ardspeisialaithe de dhíth ar na húdaráis inniúla náisiúnta le déileáil, i bhformhór na gcásanna, le méid réasúnta beag de réamheolairí. Ina theannta sin, faisnéis neamhairgeadais áirithe atá le nochtadh ag eisitheoirí speisialaithe, ní leagtar amach í sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1129 ach fágtar faoi lánrogha na núdarás inniúil náisiúnta í. Dá bharr sin, féadfaidh neamhéifeachtúlacht agus arbatráiste rialála teacht chun cinn. Trína chur ar chúram ÚEUM na cineálacha sin réamheolairí a fhormheas, ba cheart cothrom iomaíochta ar thaobh amháin a áirithiú ó thaobh nochtadh faisnéise de agus deireadh a chur leis an riosca ar arbatráiste rialála, agus ar an taobh eile, an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainní maoirseachta a dháileadh ar leibhéal an Aontais trí ÚEUM a bhunú mar an lárionad saineolais agus feabhas a chur ar a éifeachtúla atá an mhaoirseacht ar na réamheolairí lena mbaineann.

(58)Tá saoirse áirithe ag eisitheoirí i dtríú tír a tharraingíonn suas réamheolaire i gcomhréir le dlí an Aontais agus a mBallstát baile á roghnú acu chun críche an réamheolaire a fhormheas, agus baineann leis sin an riosca go dtarlóidh tóraíocht fóram maoirseachta. Trí fhormheasanna den sórt sin a chomhdhlúthú ar leibhéal ÚEUM, d'áiritheofaí cur chuige a bheadh go hiomlán cóineasaithe i leith eisitheoirí i dtríú tír agus chuirfí deireadh le féidearthacht an arbatráiste rialála. Dá réir sin, beidh ÚEUM ag feidhmiú mar ionad teagmhála aonair san Aontas le haghaidh eisitheoirí i dtríú tír, beag beann ar an mBallstát nó ar na Ballstáit ina dtairgeann siad a nurrús nó ina niarrann siad ligean isteach chun trádála. Cuirfidh sin deireadh leis an ngá d'eisitheoirí i dtríú tír den sórt sin Ballstát baile a chinneadh.

(59)Ba cheart an córas coibhéise um réamheolairí arna dtarraingt suas faoi dhlíthe náisiúnta tríú tíortha a leasú chun a fhoráil go mbeadh an measúnú coibhéise agus glacadh an chinnidh ag an gCoimisiún ina dhiaidh sin bunaithe ní hamháin ar na ceanglais faisnéise atá i ndlíthe náisiúnta na dtríú tíortha sin, ach bunaithe freisin ar chreat a bheith ann chun gur féidir leis an maoirseoir tríú tír an réamheolaire a scrúdú agus a fhormheas, lena náirítear a fhorlíonta, i gcás inarb iomchuí, agus na tairiscintí agus na ceadanna isteach faoin réamheolaire sin a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Chun a bheith comhsheasmhach leis an gcur chuige atá leagtha amach ag an gCoimisiún sa Doiciméad Inmheánach Oibre 'EU equivalence decisions in financial services policy: an assessment' [Cinntí san Aontas Eorpach maidir le coibhéis sa bheartas seirbhísí airgeadais: measúnú] (SWD(2017) 102 final), ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann a chinneadh coibhéise a chur faoi réir coinníollacha breise d’fhonn sláine an mhargaidh san Aontas a chosaint, agus an margadh aonair do sheirbhísí airgeadais a chur chun cinn agus comhluachanna agus cuspóirí rialála comhroinnte ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn chomh maith. Féadfaidh sé gurb é a bheidh i gcoinníollacha den sórt sin ceanglas maidir leis an tríú tír córas coibhéiseach éifeachtach a sholáthar chun aitheantas a thabhairt do réamheolairí arna dtarraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 nó an deis a thabhairt do ÚEUM comhoibriú le maoirseoir an tríú tír ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar rialacha an tríú tír ar bhonn leanúnach.

(60)I gcás inar fhógair an Coimisiún gur coibhéiseach na socruithe maoirseachta agus dlíthiúla de chuid tríú tír a bhaineann le réamheolairí arna dtarraingt suas i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír sin, agus i gcás gur tugadh socrú comhair iomchuí i gcrích idir ÚEUM agus údarás maoirseachta an tríú tír sin, ba cheart aon réamheolaire arna fhormheas ag údarás maoirseachta an tríú tír sin atá á úsáid san Aontas chun urrúis a thairiscint don phobal nó cead isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, ba cheart iad a chur faoi bhráid ÚEUM agus ba cheart na rialacha maidir leis an Ballstát baile a chinneadh a dhífheidhmiú.

(61)Ós rud é go gceanglaítear faoin gcóras coibhéise dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/1129 ar údaráis inniúla agus ar ÚEUM a bheith ag brath ar mhaoirseoirí tríú tíortha maidir le tairiscintí agus ceadanna isteach chun trádála a dhéanfar san Aontas ar bhonn réamheolaire arna tharraingt suas faoi rialacha tríú tíortha, is gá do na húdaráis inniúla sin agus do ÚEUM a bheith muiníneach go náiritheofar go gcuirfear cosc sa tríú tír lena mbaineann ar úsáid a bhaint as an gcóras airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí. Chun na críche sin, agus freisin chun nach mbainfí an bonn ó chomhrac an Aontais i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart gur réamhchoinníoll é chun ÚEUM comhaontú comhair a thabhairt i gcrích le maoirseoir tríú tír faoin gcóras coibhéise dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/1129 nach bhfuil an tríú tír ar an liosta de na dlínsí faoinar fógraíodh go bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoirí ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais.

(62)Ba cheart an chumhacht a thabhairt do ÚEUM smachtbhannaí riaracháin a fhorchur nó bearta riaracháin eile a ghlacadh maidir le sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 a bhaineann leis na cineálacha sonracha réamheolairí a dtugtar formheas do ÚEUM ina leith. Ba cheart don Rialachán seo teorainneacha na smachtbhannaí riaracháin sin nó teorainneacha beart riaracháin eile a shainiú go soiléir a bheadh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(63)Maidir le maoirsiú na bhfógrán a bhaineann leis na réamheolairí sin a dtugtar formheas do ÚEUM ina leith, ba cheart é a aistriú chuig ÚEUM freisin. Ba cheart an rogha a bheith ag ÚEUM comhlíonadh na bhfógrán sin a rialú. Ba cheart do ÚEUM an rialú sin a dhéanamh i gcónaí, áfach, maidir le haon fhógrán a scaiptear i mBallstát a bhfuil a údarás inniúil tar éis a iarraidh go foirmiúil ar ÚEUM úsáid a bhaint as a chumhacht rialúcháin i gcás ina mbainfear úsáid as réamheolaire arna fhormheas ag ÚEUM do thairiscint nó cead isteach ar a dhlínse. Chun cúram den sórt sin a dhéanamh, ba cheart go mbeadh acmhainní iomchuí daonna ag ÚEUM a bhfuil eolas leordhóthanach acu ar na rialacha náisiúnta ábhartha maidir le cosaint tomhaltóirí.

(64)Ba cheart do ÚEUM grinnscrúdú a dhéanamh ar na réamheolairí go léir de na cineálacha sin agus iad a fhormheas ar réamheolairí iad a shainítear sa Rialachán seo agus a thíolacfar lena bhformheas ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart don údarás inniúil leanúint de mhaoirsiú a dhéanamh ar réamheolairí de na cineálacha sin a shainítear sa Rialachán seo ar réamheolairí iad a rinne údarás inniúil a fhormheas roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó a tíolacadh chuig údarás inniúil lena bhformheas ach nach ndearnadh a fhormheas fós ag an dáta sin. Chun aon mhearbhall a sheachaint, ba cheart go gcumhdófaí sa mhaoirseacht sin críochnú an nós imeachta um ghrinnscrúdú agus um fhormheas i leith na réamheolairí sin nach bhfuil formheasta fós agus gach cúram freisin maidir le formheas agus fógra a thabhairt atá infheidhme maidir le forlíonta agus téarmaí críochnaitheacha ábhartha, i gcás inarb infheidhme.

(65)Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama réasúnach chun na socruithe is gá a dhéanamh don bhonneagar rialachais atá beartaithe agus do na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme chun é a chur ar a gcumas do na ÚMEanna agus do na páirtithe eile lena mbaineann na rialacha a tugadh isteach leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(66)Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010; Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010; Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010; Rialachán (AE) Uimh. 345/2013; Rialachán (AE) Uimh. 346/2013; Rialachán (AE) Uimh. 600/2014; Rialachán (AE) Uimh. 2015/760; Rialachán (AE) 2016/2011; Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1129 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 2002/87/CE, Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***, Rialachán (AE) 2015/847**** ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*****, Threoir 2015/2366/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle****** agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais agus maidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE agus de Threoir 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*******, lena n‑áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus aon ghníomh Aontais eile atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena gcuirtear cúraimí ar an Údarás. Gníomhóidh an tÚdarás freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle********.

*Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, Lch. 66).

**Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí. Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 173, 12.6.2014, Lch. 149).

***Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu. Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 257, 28.8.2014, Lch. 214)

****Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 1).

****Treoir 2007/2366/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, Lch. 35).

*****Treoir 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).

*****Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, Lch. 63).";

in Airteagal 1(2), cuirtear isteach an fhomhír seo leanas:

‘Gníomhóidh an tÚdarás laistigh de na cumhachtaí a bhronnann an Rialachán seo air, agus laistigh de raon feidhme Treoir (AE) 2015/849(*) de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle a fhad agus a bhaineann an Treoir le hoibreoirí in earnáil an airgeadais agus leis na húdaráis inniúla a bhíonn ag maoirseacht orthu. Is chun na críche sin amháin a chuirfidh ÚBE na cúraimí i gcrích a bhronntar le haon ghníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Le linn dó a bheith ag cur na gcúraimí sin i gcrích, coinneoidh an tÚdarás na hÚdaráis sin ar an eolas maidir le heintiteas atá ina “institiúid” “airgeadais” faoin sainmhíniú in Airteagal 4(1) de Rialachán (EU) Uimh. 1094/2010 nó ina “rannpháirtí sa mhargadh airgeadais” faoin sainmhíniú in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(*) Treoir 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73)';

(2)i mír 5 d'Airteagal 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

"Ar na tagairtí do mhaoirseacht sa Rialachán seo tá gníomhaíochtaí na n‑údarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).";

(3)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

"(1) ciallaíonn 'institiúidí airgeadais' aon ghnóthas atá faoi réir Rialacháin agus maoirseachta de bhun na ngníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2);"; ";

(aa) cuirtear isteach an pointe (1 a) seo a leanas:

“(1A) is éard is ciall le ‘hoibreoirí in earnáil an airgeadais’ aon eintiteas atá faoi réir Treoir (AE) 2015/849, eintiteas atá ina ‘institiúid airgeadais’ faoin sainmhíniú in Airteagal 4(1) den Rialachán seo agus in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó ina ‘rannpháirtí sa mhargadh airgeadais’ faoin sainmhíniú in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010”;

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i) de phointe (2):

"(i) údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n‑áirítear an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;";

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii) de phointe (2):

"(ii) maidir leis an Treoirs 2002/65/CE agus (AE) 2015/849 na húdaráis agus na heagrais is inniúil le comhlíontacht a áirithiú leis na ceanglais sin sa Treoirs le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais;

(iia) maidir le Treoir (AE) 2015/849, na húdaráis agus na heagrais a dhéanann maoirseacht ar institiúidí airgeadais agus atá inniúil in áirithiú a gcuid comhlíontachta le ceanglais na Treorach sin”;

(d)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii) de phointe (2):

"(iii) a mhéid a bhaineann le scéimeanna ráthaíochta taiscí, comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí de bhun Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó i gcás ina riarann cuideachta phríobháideach feidhmiú na scéime ráthaíochta taiscí, an t‑údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin de bhun na Treorach sin agus údaráis riaracháin ábhartha dá dtagraítear sa Treoir sin; agus";

(e)    cuirtear isteach pointe (v) agus pointe (vi) de phointe (2) mar seo a leanas:    

"(v) údaráis inniúla dá dtagraítear i dTreoir 2014/17/AE; i Rialachán 2015/751, i dTreoir 2015/2366/AE, i dTreoir 2009/110/CE, i Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 agus i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012;

(vi) comhlachtaí agus údaráis dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2008/48/CE.";

(4)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

"(2) Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 47;";

(b)    scriostar pointe 4;

(5)    Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)    leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (aa):

(1) "(aa) lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a choimeád;";

(ii)    cuirtear isteach an pointe (ab) seo a leanas:

(2)"(ab) lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a choimeád ina leagtar amach dea-chleachtais maoirseachta agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta;";

(iii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) agus phointe (f):

(3)"(e) athbhreithnithe ar údaráis inniúla a eagrú agus a dhéanamh agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte agus moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, d’fhonn comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;

(4)(f) faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a chuid inniúlachtaí, lena náirítear, más ábhartha, forbairtí i dtaca le treochtaí creidmheasa, go háirithe creidmheas a thugtar do theaghlaigh agus do FBManna, agus i dtaca le treochtaí seirbhísí airgeadais nuálacha;";

(iv)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

(5)"(h) cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí a chothú;";

(v)    cuirtear an pointe (1) seo a leanas l:

“(1) rannchuidiú le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí.”;

(b)    i mír 1a, cuirtear isteach an pointe (c) seo a leanas:

“(c) nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh.";

(c)    i mír 2, leasaítear an méid seo a leanas

(i) cuirtear isteach pointe (ca):

" (ca) moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a agus in Airteagal 31a;";

   ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe h):

"(h) an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus in Airteagal 35b";

(6)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údarás lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Féadfaidh an tÚdarás údaráis náisiúnta cosanta sonraí a cheapadh mar chuid den Choiste freisin.";

(6a)    cuirtear isteach an tAirteagal 9 a agus an tAirteagal 9b seo a leanas:

“Airteagal 9 a
Cúraimí faoi leith a bhaineann le comhrac sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoirí

1.Beidh an tÚdarás ar thús cadhnaíochta i gcothú na sláine, na trédhearcachta agus na slándála sa chóras airgeadais trí bhíthin forálacha a ghlacfaidh sé chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoirí a chosc agus a chomhrac, ar bhealaí ar a náirítear:

(a)faisnéis a bhailiú ó údaráis inniúla a bhaineann le laigí a aithníodh sna próisis agus sna nósanna imeachta, sna socruithe rialachais, measúnú iomchuí cóir, samhlacha gnó agus gníomhaíochtaí oibreoirí in earnáil an airgid, d’fhonn sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoirí a chosc, mar aon le bearta a rinne údaráis inniúla. Cuirfidh údaráis inniúla faisnéis den chineál sin ar fáil don Údarás ina hiomláine mar aon le dualgais ar bith dá mbeidh ann faoi Airteagal 35. Déanfaidh an tÚdarás comhordú i ndlúthpháirt leis na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais;

(b)caighdeáin choiteanna a thabhairt chun cinn i gcomhrac sciúradh an airgid agus i maoiniú na sceimhlitheoirí in earnáil an airgeadais, agus cur chun feidhme comhsheasmhach na gcaighdeán sin a chur chun cinn;

(c)monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh, agus easpa cosanta roimh sciúradh airgid agus roimh mhaoiniú na sceimhlitheoirí in earnáil an airgeadais a mheas.

2.Bunóidh an tÚdarás bunachar sonraí lárnach agus déanfaidh sé uasdátú air go rialta, sonraí a bhailítear de bhun pointe (a) in mír 1. Áiritheoidh an tÚdarás anailís na faisnéise, agus áiritheoidh sé soláthar na faisnéise d’údaráis inniúla de réir mar atá gá acu léi, agus is ar bhonn rúnda a dhéanfar sin.

3.Cothóidh an tÚdarás cóineasú na bpróiseas maoirseachta a dtagraítear dóibh i dTreoir (AE) 2015/849, ar bhealaí ar a náirítear athbhreithniú tráthrialta, de réir Airteagail 30.

Le linn an athbhreithnithe sin, má thagann easpa mhór chun follais sa tsainaithint, sa mheasúnú agus sa dul i ngleic le rioscaí sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoirí, agus mura ndéanann an t‑údarás inniúil beart le haghaidh a thabhairt ar na forálacha iar-oibre a leagtar amach sa tuarascáil a dtagraítear di in Airteagal 30(3), cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Comhairle, agus an Coimisiún ar an eolas.

4.Déanfaidh an tÚdarás measúnú riosca ar na húdaráis inniúla go tráthrialta, agus an chéad fócas ar na húdaráis inniúla faoi mar a thagraítear dóibh i bpointe (iia) d’Airteagal 4(2) mar thástáil ar na straitéisí agus ar na hacmhainní atá acu leis na rioscaí is mó atá ag teacht i dtreis i réimse sciúradh an airgid agus maoiniú na sceimhlitheoirí a fhéachaint agus le monatóireacht a dhéanamh orthu. Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas faoin toradh atá ar an measúnú rioscaí seo, ar bhealaí ar a náirítear anailís na dtorthaí a chomhtháthú leis an tuairim a iarrtar air a chur in iúl de bhun mhír 5 d’Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/849.

5.I gcásanna nithiúla sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí a bhaineann cor as cúrsaí trasteorann le tríú tíortha, beidh ról ceannasach ag an Údarás in éascú na comhoibre idir na húdaráis inniúla san Aontas agus na húdaráis ábhartha sna tríú tíortha.

6.Bunóidh an tÚdarás coiste buan inmheánach dar cúram srian a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoirí, coiste a dhéanfaidh comhordú ar bhearta comhraic in aghaidh sciúradh airgid agus in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoirí, agus ar ullmhú dréachtchinntí atá le déanamh ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 44.

7.Is é Cathaoirleach Bhord na Stiúrthóirí a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste, agus is iad a bheidh ina gcomhaltaí air cinnirí na núdarás agus na gcomhlachtaí is inniúil in áirithiú chomhlíonadh na gceanglas i dTreoir (AE) 2015/849 le hinstitiúidí airgeadais. Rud eile, tig leis na heagrais seo a leanas ionadaí ardleibhéil a ainmniú le bheith i láthair ag cruinnithe an choiste ina bhreathnóir; an gCoimisiún, an ÚEUM, Bord Maoirseachta Bhanc Ceannais na hEorpa, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.”;

Airteagal 9b
Iarratas ar fhiosrú i dtaobh cosc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta

1.I gcás gnóthaí a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais i gcomhair sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoirí i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849, tig leis an Údarás, sa chás a mheasann sé sáruithe iarbhír a bheith ann, iarraidh ar údarás inniúil faoi mar a thagraítear dó i bpointe (iia) d’Airteagal 4(2), sáruithe féideartha ar dhlí an Aontais a fhiosrú, agus sa chás a bhfuil dlí an Aontais comhdhéanta de Threoracha, nó sa chás a dtugann sé roghanna go neamhbhalbh do na Ballstáit, sáruithe ar dhlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha nó lena gcuirtear roghanna i bhfeidhm a deonaíodh do na Ballstáit faoi dhlí an Aontais, le hoibreoir in earnáil an airgeadais, agus féachaint le smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar an oibritheoir sin i bhfianaise na sáruithe sin. Nuair is gá, féadfaidh sé iarraidh ar údarás inniúil freisin, faoi mar a thagraítear dó i bpointe (iia) d’Airteagal 4(2), smaoineamh ar chinneadh ar leith a ghlacadh a bheadh dírithe ar an oibrí in earnáil an airgeadais, cinneadh a chuirfeadh faoi ndear dó gach beart ba riachtanach a chur de lena chuid ceanglas a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais arbh infheidhme dó go díreach, nó faoi na dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha, nó lena gcuirtear i bhfáth roghanna a dheonaigh dlí an Aontais do Bhallstáit, lena náirítear scor d’aon chleachtas faoi leith.

2.Comhlíonfaidh an túdarás inniúil gach iarratas a dhéantar air i gcomhréir le mír 1, agus cuireadh sé an tÚdarás ar an eolas laistigh de 10 lá faoi bearta atá déanta aige, nó na bearta atá ar intinn aige a dhéanamh, leis an iarratas sin a chomhlíonadh.

3.Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, sa chás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil mír a 2 den Airteagal seo, tiocfaidh Airteagal 17 i bhfeidhm.”;

(7)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)    i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

"Ina theannta sin, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a dhíriú chuig údaráis na mBallstát nach sainítear mar údaráis inniúla faoin Rialachán seo ach a bhfuil sé de chumhacht acu cur i bhfeidhm na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a áirithiú.

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Más iomchuí, seolfaidh an tÚdarás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. Más iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás freisin, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, tuairim nó comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta dá dtagraítear in Airteagal 37.";

(c)    in mír 4, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"Míneofar sa tuarascáil freisin cén t‑údar a bhí ag an Údarás leis na treoirlínte agus na moltaí atá aige a eisiúint agus déanfar achoimre ar an aiseolas ó chomhairliúcháin phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí sin.";

(d)    cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:

"5. I gcás ina mbeidh dhá thrian de chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta den tuairim go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás trí threoirlínte nó moltaí áirithe a eisiúint, féadfaidh siad tuairim réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún.

Iarrfaidh an Coimisiún míniú ar an údar atá le heisiúint na dtreoirlínte nó na moltaí lena mbaineann ón Údarás. Déanfaidh an Coimisiún, ar fháil an mhínithe ón Údarás dó, measúnú ar raon feidhme na dtreoirlínte nó na moltaí ó thaobh inniúlacht an Údaráis de. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás, agus tar éis deis a bheith tugtha don Údarás a thuairimí a chur in iúl, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear de cheangal ar an Údarás na treoirlínte nó na moltaí lena mbaineann a tharraingt siar. Cuirfear an cinneadh ón gCoimisiún ar fáil don phobal.";

(8) Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)i mír 2 cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

"Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar fhaisnéis a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile nó institiúidí airgeadais ábhartha, aon uair a mheastar gá a bheith léi chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm. Nuair is chuig institiúid airgeadais atá sí dírithe, míneofar san iarraidh réasúnaithe cén fáth a bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun críocha imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.

Nuair a bheidh iarraidh ar fhaisnéis curtha chuig institiúid airgeadais, cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ar an eolas faoin iarraidh sin. Cuideoidh na húdaráis inniúla leis an Údarás an fhaisnéis a bhailiú, má iarrann an tÚdarás sin.";

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 agus mhír 7:

“6.      Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, sa chás nach gcomhlíonann údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 laistigh den tréimhse ama a shonraítear ann, agus i gcás inar gá an neamhchomhlíonadh sin a leigheas go tráthúil chun coinníollacha neodracha iomaíochta sa mhargadh a chothabháil nó a athshlánú, nó chun feidhmiú ordúil agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) infheidhme go díreach ar institiúidí airgeadais, nó i gcomhthéacs gnóthaí a bhaineann le cosc agus le comhrac sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoirí, más infheidhme dóibh ar oibreoirí in earnáil an airgeadais, cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais nó ar oibrí in earnáil an airgid, cinneadh á cheangal chun an ghníomhaíocht a dhéanamh is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n‑áirítear scor d’aon chleachtas faoi leith.

I ngnóthaí a bhaineann le cosc ar chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó an sceimhlitheoirí a mhaoiniú, sa chás nach infheidhme go díreach ar oibreoirí in earnáil an airgeadais do cheanglais ábhartha na ngníomh a dtagraítear dóibh in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh a ghlacadh a chuirfidh iallach ar an údarás inniúil géilleadh don tuairim fhoirmiúil a dtagraítear di i mír 4 sula mbí an tréimhse ama a shonraítear ann istigh. Mura ngéilleann an t‑údarás don chinneadh sin, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a ghlacadh chomh maith i gcomhréir leis an gcéad fho-alt. Chun na críche sin, cuirfidh an tÚdarás dlí ábhartha an Aontais i bhfeidhm ina iomláine, agus sa chás a bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de Threoracha, cuirfidh sé i bhfeidhm é ar an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha sin. Sa chás a bhfuil dlí ábhartha an Aontais comhdhéanta de Rialacháin, agus sa chás go dtugann na Rialacháin sin roghanna do Bhallstáit go sainráite, cuirfidh an tÚdarás an reachtaíocht náisiúnta bhfeidhm a chuireann na roghanna sin i bhfáth.

Beidh cinneadh an Údaráis i gcomhréir leis an tuairim fhoirmiúil a d’eisigh an Coimisiún de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

7.    Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar faoi mhír 6 ar aon chinneadh a rinne na húdaráis inniúla roimhe sin maidir leis an ábhar céanna.

Nuair a bheidh gníomhaíocht á déanamh maidir le saincheisteanna atá faoi réir tuairime foirmiúla de bhun mhír 4, nó faoi réir cinnidh de bhun mhír 6, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla an tuairim fhoirmiúil nó an cinneadh, de réir mar a bheidh an cás.”;

(9)Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 i gceachtar den dá chás seo a leanas:

(a)    ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n‑aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;

(b)    ar a thionscnamh féin i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn critéir oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.

I gcásanna ina leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh ag na húdaráis inniúla, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin".;

(b)    cuirtear isteach an mhír 1a agus an mhír 1b seo a leanas:

"1a. Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill nár baineadh comhaontú amach.

(a)    i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:

(i) tá an sprioc caite;

(ii) cinneadh a bheith déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla;

(b)    i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:

(i)    cinneadh a bheith déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla; nó

(ii)    dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha sin de chuid an Aontais a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.

1b. Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.

Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 47(3a), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí féin a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 tugtha i gcrích.”;

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t‑ábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. . Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.”;

(d)    cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

"3a. Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, agus, nuair is infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.";

(e)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 den Chonradh, i gcás nár chomhlíon údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, gur mhainnigh sé a áirithiú go gcomhlíonfadh institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal go ndéanfar an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n‑áirítear scor d'aon chleachtas áirithe.";

“4.    Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus dá bhrí sin má theipeann air a áirithiú go gcomhlíonann institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir cosc agus comhrac sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoirí, de bhua na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais sin nó ar an oibrí in earnáil an airgeadais á cheangal leis an ngníomhaíocht is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n‑áirítear scor d’aon chleachtas faoi leith.

I ngnóthaí a bhaineann le cosc ar chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó an sceimhlitheoirí a mhaoiniú, tig leis an Údarás cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír sa chás nach infheidhme go díreach ar oibreoirí in earnáil an airgeadais do cheanglais ábhartha na ngníomh a dtagraítear dóibh in Airteagal 1(2). Chun na críche sin, cuirfidh an tÚdarás dlí ábhartha an Aontais i bhfeidhm ina iomláine, agus sa chás a bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de Threoracha, cuirfidh sé i bhfeidhm é ar an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha sin. Sa chás a bhfuil dlí ábhartha an Aontais comhdhéanta de Rialacháin, agus sa chás go dtugann na Rialacháin sin roghanna do Bhallstáit go sainráite, cuirfidh an tÚdarás an reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm a chuireann na roghanna sin i bhfáth.”;

(10)leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a), scriostar mír 1a;

(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear Airteagal 35 agus Airteagal 35b.”;

(11)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)    leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

“(aa) an Plean Maoirseachta Straitéiseach a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 29a;”;

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n‑áirítear an chibearshlándáil agus cibearionsaithe, más iomchuí, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais;”;

(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e) cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n‑áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;”;

(b)    i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

"Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas agus ag cur san áireamh athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó na n‑institiúidí airgeadais. Ina theannta sin, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach institiúidí airgeadais san Aontas. Leagfar amach agus sonrófar sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais agus sa lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais dea-chleachtais maoirseachta agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta.";

(12)cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:

“Airteagal 29a

An Plean Maoirseachta Straitéiseach

1. Ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo [XXX cuir isteach an tagairt don Rialachán leasaitheach] agus gach trí bliana ina dhiaidh sin faoin 31 Márta, eiseoidh an tÚdarás moladh a bheidh dírithe ar údaráis inniúla ina leagfar síos cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha maoirseachta (“Plean Maoirseachta Straitéiseach”) agus ina gcuirfear san áireamh aon ionchur ó na húdaráis inniúla. Tarchuirfidh an tÚdarás an Plean Maoirseachta Straitéiseach mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é ar a shuíomh gréasáin.

Sainaithneofar sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach tosaíochtaí ar leith do ghníomhaíochtaí maoirseachta chun cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach éifeachtúil éifeachtach a chur chun cinn agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach agus aghaidh a thabhairt ar na treochtaí ábhartha micreastuamachta, na rioscaí ionchasacha agus na leochaileachtaí a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 32.

2. Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh gach údarás inniúil dréachtchlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Údaráis agus leagfaidh sé amach go sonrach conas atá an dréachtchlár oibre sin i gcomhréir leis an bPlean Maoirseachta Straitéiseach.

Beidh sa dréachtchlár oibre bliantúil cuspóirí agus tosaíochtaí sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta agus critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla le haghaidh roghnú institiúidí airgeadais, cleachtais agus iompraíochtaí margaidh, agus margaí airgeadais, a scrúdóidh an t‑údarás inniúil a bheidh ag cur isteach an dréachtchláir oibre le linn bhliain an chláir sin.

3. Measúnóidh an tÚdarás an dréachtchlár oibre bliantúil agus, i gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig an údarás inniúil ábhartha arb é is aidhm leis dréachtchlár oibre bliantúil an údaráis inniúil sin a chur in oiriúint don Phlean Maoirseachta Straitéiseach.

Faoin 31 Nollaig gach bliain, glacfaidh na húdaráis inniúla a gclár oibre bliantúil agus aon mholtaí den chineál sin a fuair siad á gcur san áireamh acu.

4. Faoin 31 Márta gach bliain, tarchuirfidh gach údarás inniúil chuig an Údarás tuarascáil ar chur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil.

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:

(a)    tuairisc ar na gníomhaíochtaí maoirseachta agus na scrúduithe ar institiúidí airgeadais, cleachtais margaidh agus iompraíochtaí margaidh agus ar mhargaí airgeadais, agus ar na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin a forchuireadh ar institiúidí airgeadais atá freagrach as sáruithe ar dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta;

(b)    tuairisc ar na gníomhaíochtaí a rinneadh ach nach raibh leagtha amach sa chlár oibre bliantúil;

(c)    cuntas ar na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa chlár oibre bliantúil nach ndearnadh agus ar chuspóirí an chláir sin nár baineadh amach, chomh maith leis na cúiseanna nach ndearnadh na gníomhaíochtaí sin agus nár baineadh amach na cuspóirí sin.

5. Measúnóidh an tÚdarás tuarascálacha cur chun feidhme na n‑údarás inniúil. I gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig gach údarás inniúil lena mbaineann maidir le cén chaoi ar féidir na heasnaimh ábhartha atá ar a ngníomhaíochtaí a leigheas.

Ar bhonn na dtuarascálacha agus a mheasúnaithe féin ar rioscaí, sainaithneoidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí de chuid an údaráis inniúil ar gá iad chun an Plean Maoirseachta Straitéiseach a chomhlíonadh, agus déanfaidh sé, de réir mar is iomchuí, athbhreithnithe ar na gníomhaíochtaí sin faoi Airteagal 30.

6. Cuirfidh an tÚdarás na dea-chleachtais a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe ar na cláir oibre bhliantúla ar fáil don phobal.”;

(13)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:

“Athbhreithnithe ar údaráis inniúla”;

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena n‑áirítear gach faisnéis a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ó gheallsealbhóirí.”;

(c)    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

1a. Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás coiste athbhreithniúcháin ar a mbeidh baill foirne de chuid an Údaráis agus iad sin amháin. Féadfaidh an tÚdarás cúraimí nó cinntí áirithe a tharmligean chuig an gcoiste athbhreithniúcháin.

(d)    leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú, ach ní bheidh an t‑athbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:”;

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialála atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an gcumas atá ann freagairt a thabhairt ar imeachtaí sa mhargadh;”;

(e)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil amach ina mbeidh torthaí an athbhreithnithe leagtha amach. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil sin ar na bearta leantacha a leagfar amach de thoradh an athbhreithnithe. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun Airteagal 29(1)(a).

I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh. I gcás nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla aon ghníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar na bearta leantacha atá sonraithe sa tuarascáil, eiseoidh an tÚdarás tuarascáil leantach.

Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh an athbhreithnithe san áireamh, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.";

(f)    cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

"3a. Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe nó d'aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá na rialacha maidir le hinstitiúidí airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh.";

(g)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4. Foilseoidh an tÚdarás na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 lena n‑áirítear aon tuarascáil leantach mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais. Iarrfar ar an údarás inniúil a bheidh faoi athbhreithniú a bharúlacha a thabhairt sula bhfoilseofar aon tuarascáil. Cuirfear na barúlacha sin ar fáil don phobal mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais.”;

(14)In Airteagal 31cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

Maidir le gníomhaíocht údarás inniúil atá ceaptha cead isteach sa mhargadh a éascú d'oibreoirí nó táirgí atá ag brath ar nuálaíocht teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.”

(15)cuirtear isteach an tAirteagal 31 a seo a leanas:

“Airteagal 31a

Comhordú maidir le tarmligean agus seachfhoinsiú gníomhaíochtaí agus aistriú riosca

1.    Comhordóidh an tÚdarás ar bhonn leanúnach gníomhaíochtaí maoirseachta na n‑údarás inniúil chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn maidir le hinstitiúidí airgeadais gníomhaíochtaí a tharmligean agus a sheachfhoinsiú agus aistrithe riosca a dhéanann siad, i gcomhréir le míreanna 2, 3, 4 agus 5.

2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás má bhíonn sé beartaithe acu údarú nó clárú a dhéanamh i ndáil le hinstitiúid airgeadais atá faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil lena mbaineann i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus má tá sé i gceist i bplean oibre na hinstitiúide airgeadais sin seachfhoinsiú nó tarmligean a dhéanamh ar chuid ábhartha dá gníomhachtaí nó ar aon cheann dá príomhfheidhmeanna, nó aistriú chuig tríú tíortha a dhéanamh ar riosca cuid ábhartha dá gníomhaíochtaí d'fhonn tairbhiú de phas an Aontais Eorpaigh agus gníomhaíochtaí nó feidhmeanna móra ar siúl dáiríre acu lasmuigh den Aontas. Beidh an fógra a thabharfar don Údarás mionsonraithe a dhóthain le gur féidir leis an Údarás measúnú ceart a dhéanamh.

I gcás ina measfaidh an tÚdarás gur gá tuairim a eisiúint chuig údarás inniúil maidir le húdarú nó clárú, faoinar tugadh fógra de bhun na chéad fhomhíre, gan a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le treoirlínte, moltaí nó tuairimí a ghlac an tÚdarás, cuirfidh an tÚdarás an t‑údarás inniúil sin ar an eolas faoin méid sin laistigh de 20 lá oibre tar éis dó fógra a fháil ón údarás inniúil sin. Sa chás sin fanfaidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann le tuairim ón Údarás sula ndéanfaidh sé an clárú nó an t‑údarú.

Arna iarraidh sin ag an Údarás, cuirfidh an t‑údarás inniúil ar fáil laistigh de 15 lá oibre tar éis don iarraidh sin a fháil pé faisnéis a bhaineann lena chinntí chun institiúid airgeadais atá faoina mhaoirseacht a údarú nó a chlárú i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Eiseoidh an tÚdarás an tuairim, gan dochar d’aon teorainneacha ama atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais, faoi cheann dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dó an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.

3. Tabharfaidh institiúid airgeadais fógra don údarás inniúil faoi sheachfhoinsiú nó tarmligean cuid ábhartha dá gníomhachtaí nó aon cheann dá príomhfheidhmeanna, agus faoi aistriú riosca cuid ábhartha dá gníomhaíochtaí chuig eintiteas eile nó chuig brainse dá cuid atá bunaithe i dtríú tír. An t‑údarás inniúil lena mbaineann, cuirfidh sé an tÚdarás ar an eolas faoi na fógraí sin ar bhonn leathbhliantúil.

Gan dochar d’Airteagal 35, ar iarratas ón Údarás, cuirfidh an t‑údarás inniúil faisnéis ar fáil maidir leis na socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca atá ag na hinstitiúidí airgeadais.

Déanfaidh an tÚdarás faireachán féachaint an bhfuil na húdaráis inniúla lena mbaineann ag fíorú go bhfuil socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais, go bhfuil siad ag comhlíonadh na dtreoirlínte, na moltaí nó na dtuairimí ón Údarás agus nach gcuireann siad cosc ar na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus ar fhorfheidhmiú i dtríú tír.

4. Féadfaidh an tÚdarás moltaí a eisiúint chuig an údarás inniúil lena mbaineann, lena n‑áirítear moltaí cinneadh a athbhreithniú nó údarú a tharraingt siar. I gcás nach leanfaidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann moltaí an Údaráis laistigh de 15 lá oibre, déanfaidh an t‑údarás inniúil na cúiseanna a lua agus poibleoidh an tÚdarás a mholadh mar aon leis na cúiseanna sin.”;

(16)Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)    cuirtear isteach mír 2a nua:

"2a. Ar a laghad uair sa bhliain, measfaidh an tÚdarás an iomchuí na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh agus cuirfidh sé a réasúnú in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. I gcás ina ndéanfar na measúnuithe uile-Aontais sin agus go measfaidh an tÚdarás gurb iomchuí iad a dhéanamh, nochtfaidh sé na torthaí maidir le gach institiúid airgeadais rannpháirteach.

Ní chuirfidh na hoibleagáidí rúndachta gairmiúla atá ar údaráis inniúla bac orthu toradh na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú nó a tharchur chuig an Údarás chun gur féidir leis an Údarás an toradh ar na measúnuithe uile-Aontais sin ar bhuanseasmhacht na margaí airgeadais a fhoilsiú.”;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3a agus mhír 3b:

"3a. Féadfaidh an tÚdarás ceangal a chur ar údaráis inniúla freisin athbhreithnithe sonracha a dhéanamh. Féadfaidh sé iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 21 agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach ann chun inchomparáideacht agus iontaofacht modhanna, cleachtas agus torthaí a áirithiú.";

(17)Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

"2. Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).";

(b) cuirtear isteach an mhír 2a, an mhír 2b agus an mhír 2c seo a leanas:

"2a. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta agus ar chleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí margaidh ábhartha i dtríú tíortha ar ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise ina leith de bhun na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun a dhéanamh amach an bhfuiltear ag comhlíonadh fós na gcritéar a ndearnadh na cinntí sin ar a mbonn agus aon choinníollacha atá leagtha amach iontu. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar a chinntí ina leith sin.

Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1, comhoibreoidh an tÚdarás leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis réitigh tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach. Leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, cuirfidh sé forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:

(a)    na sásraí lena bhféadfaidh an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n‑áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, ar an gcur chuige maoirseachta, ar fhorbairtí margaidh ábhartha agus ar aon athruithe a d'fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;

(b)    a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca leis na cinntí coibhéise sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n‑áirítear, más gá, cigireachtaí ar an láthair.

Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas má dhiúltaíonn údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a chur i gcrích nó má dhiúltaíonn sé comhoibriú go héifeachtach. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh agus é ag athbhreithniú na gcinntí coibhéise ábhartha.

2b. I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill.

Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar na forbairtí maidir le rialáil, maoirseacht, forfheidhmiú, agus margaí sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a agus béim ar leith inti ar na himpleachtaí atá leo i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

2c. Cuirfidh na húdaráis inniúla an tÚdarás ar an eolas roimh ré faoin rún atá acu aon socruithe riaracháin a chur i gcrích le húdaráis inniúla tríú tír in aon cheann de na réimsí atá faoi réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n‑áirítear an méid a bhaineann le brainsí eintiteas tríú tír. Tabharfaidh siad dréacht de na socruithe beartaithe sin don Údarás san am céanna.

Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.

Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis maoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an ghníomhaíocht faireacháin a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 2a.”;

(18)In Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Maidir le measúnuithe faoi Airteagal 22 de Threoir 2013/36/CE, agus lena gceanglaítear, de réir na Treorach sin, comhairliúchán a bheith ann idir na húdaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas a fháil ó cheann amháin de na húdaráis inniúla lena mbaineann, tuairim ar mheasúnú den chineál sin a eisiúint agus a fhoilsiú, seachas i ndáil leis na critéir in Airteagal 23(1)(e) den Treoir sin. Eiseofar an tuairim go pras agus in aon chás roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe dá dtagraítear sa Treoir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 35 agus ag Airteagal 35b maidir leis na réimsí a bhféadfaidh an tÚdarás tuairim a eisiúint ina leith.";

(19)Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

"1. Ar iarratas ón Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás, chun go mbeidh sé in ann na cúraimí a cuireadh air faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.

Beidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil cruinn agus iomlán agus cuirfear isteach í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás.

2. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófaí faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáid shonraithe nó trí bhíthin teimpléid inchomparáide arna bhformheas ag an Údarás. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin i bhformáidí coiteanna tuairiscithe.

3. Tar éis don Údarás iarraidh chuí‑réasúnaithe a fháil ó údarás inniúil, soláthróidh sé aon fhaisnéis atá riachtanach chun an t‑údarás inniúil a chumasú a chuid cúraimí a dhéanamh, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndacht ghairmiúil atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.";

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar i gcomhréir le mír 1 ar fáil nó nach soláthróidh na húdaráis inniúla í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú chuig aon cheann díobh seo a leanas:

(a) údaráis eile ag a bhfuil feidhmeanna maoirseachta;

(b) an aireacht atá freagrach as airgeadas sa Bhallstát lena mbaineann i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil di;

(c) banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann;

(d) oifig staidrimh an Bhallstáit lena mbaineann;

Ar iarratas ón Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.”;

(c)    déantar mír a 6 agusmír a 7a a scriosadh:

(20)cuirtear isteach Airteagal 35a go hAirteagal 35h mar seo a leanas:

“Airteagal 35a

Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 35b

Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar don Údarás, d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35(b), ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 35b

Iarraidh ar fhaisnéis chuig institiúidí airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta nó brainsí d'institiúidí airgeadais ábhartha agus eintitis oibríochtúla neamhrialaithe i ngrúpa airgeadais nó in ilchuideachta

1. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar faoi mhír 1 nó faoi mhír 5 d'Airteagal 35 ar fáil nó nach soláthrófar í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh sé trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh ceangal a chur ar na hinstitiúidí agus na heintitis seo a leanas an fhaisnéis uile a sholáthar atá riachtanach chun gur féidir leis an Údarás a chúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh:

(a) institiúidí airgeadais ábhartha;

(b) cuideachtaí sealbhaíochta nó brainsí d'institiúidí airgeadais ábhartha;

(c) eintitis oibríochtúla neamhrialaithe i ngrúpa airgeadais nó in ilchuideachta atá suntasach ó thaobh ghníomhaíochtaí airgeadais na n‑institiúidí airgeadais ábhartha.

2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata a lua;

(c)    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d)    teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)    ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n‑iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f)    a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 35c, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

3. Agus faisnéis á hiarraidh ag an Údarás trí chinneadh, déanfaidh sé:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata a lua;

(c)    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d)    teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)    a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35d i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f)    a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 35c i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g)    a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair an Bhord Achomhairc agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61.

4. Maidir leis na hinstitiúidí ábhartha agus na heintitis a liostaítear i mír 1 nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5. I gcás eintiteas ábhartha a liostaítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh an t‑údarás, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí air nó ina bhfuil siad lonnaithe.

6. Is chun na cúraimí a sannadh dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, agus chuige sin amháin, a fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fuarthas i gcomhréir leis an Airteagal seo a úsáid.

Airteagal 35c

Rialacha nós imeachta maidir le fíneálacha a fhorchur

1. I gcás ina n‑aimseoidh an tÚdarás, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh sárú dá dtagraítear in Airteagal 35d(1), ceapfaidh an tÚdarás oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh den Údarás chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t‑oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach na n‑institiúidí nó na n‑eintiteas a liostaítear in Airteagal 35b(1) agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar an mBord Maoirseoirí.

2. Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú faoina bhráid á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.

3. Chun a chúraimí a dhéanamh, beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 35b.

4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag an Údarás ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.

6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n‑imscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.

7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 35f, cinnfidh an tÚdarás an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 35d(1) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart i gcomhréir leis an Airteagal sin.

9. Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití an Bhoird Maoirseoirí ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird Maoirseoirí.

10. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 75a chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n‑áirítear na rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) cearta cosanta,

(b) forálacha ama,

(c) forálacha lena sonraítear an chaoi a mbaileofar fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla,

(d) forálacha lena sonraítear na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

11. Déanfaidh an tÚdarás ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n‑aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní fhorchuirfidh an tÚdarás fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras comhionann nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 35d

Fíneálacha

1. Glacfaidh an tÚdarás cinneadh fíneáil a ghearradh má fhaigheann sé gur mhainnigh institiúid nó eintiteas a liostaítear in Airteagal 35b(1), d'aon ghnó nó le faillí, faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena n‑éilítear faisnéis de bhun Airteagal 35b(3) nó gur sholáthair siad faisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis nó ar chinneadh de bhun Airteagal 35b(2).

2. Is é a bheidh i méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 1 EUR 50 000 ar a laghad agus ní bheidh sé os cionn EUR 200 000.

3. Agus méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 2 á shocrú aige, cuirfidh an tÚdarás san áireamh láimhdeachas bliantúil na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin agus beidh sé:

(a) ag ceann íochtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil faoi bhun EUR 10 milliún;

(b) ag lár na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil idir EUR 10 milliún agus EUR 50 milliún;

(c) ag ceann uachtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil os cionn EUR 50 milliún.

Déanfar na méideanna bunúsacha, arna sainiú de réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí imthosca géaraitheacha nó imthosca maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach i mír 5.

Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.

Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.

4. Cuirfear na comhéifeachtaí um choigeartú seo a leanas i bhfeidhm, go carnach, maidir leis an méid bunúsach dá dtagraítear i mír 2, ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)    is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:

(i) i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1.1 maidir le gach uair a rinneadh an sárú athuair;

(ii) i gcás inar mhair an sárú níos mó ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5;

(iii) i gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;

(iv) i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a rinneadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.7;

(v) i gcás nár chomhoibrigh bainistíocht shinsearach an eintitis leis an Údarás, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5.

(b)    is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca maolaitheacha:

(i) i gcás inar mhair an sárú níos lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.9;

(ii) i gcás inar féidir le bainistíocht shinsearach na hinstitiúide nó an eintitis a léiriú go bhfuil na bearta uile is gá déanta acu chun cosc a chur le teip iarraidh de bhun Airteagal 35(6a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.7;

(iii) i gcás inar chuir an teintiteas an sárú in iúl don Údarás go pras, go héifeachtach agus go hiomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.4;

(iv) i gcás ina ndearna an teintiteas, dá dheoin féin, bearta chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.6.

5. D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh iomlán na fíneála os cionn 20 % de láimhdeachas bliantúil an eintitis lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin mura rud é gur bhain an t‑eintiteas tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go neamhdhíreach. Sa chás sin, beidh an fhíneáil iomlán cothrom, ar a laghad, leis an tairbhe sin.

Airteagal 35e

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Glacfaidh an tÚdarás cinntí íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh chun iallach a chur ar na hinstitiúidí nó na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 35b(1) faisnéis arna hiarraidh trí chinneadh a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 35b(3).

2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an institiúid nó an t‑eintiteas lena mbaineann an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % de mheánláimhdeachas laethúil na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4. Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ón ón Údarás.

Airteagal 35f

An ceart éisteacht a fháil

1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh faoi Airteagal 35d agus Airteagal 35e, tabharfaidh an tÚdarás an deis don institiúid nó don eintiteas atá faoi réir na hiarrata éisteacht a fháil.

Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na hinstitiúidí nó na heintitis lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus ar na torthaí sin amháin, a bhunóidh an tÚdarás a chuid cinntí.

2. Déanfar cearta cosanta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i mír 1 a urramú go hiomlán le linn an nós imeachta. Beidh an institiúid nó an t‑eintiteas i dteideal rochtain a bheith aige ar chomhad an Údaráis, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid an Údaráis sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 35 g

Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Fíneálacha agus íocaíochtaí de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e agus beidh siad in-fhorfheidhmithe.

2. Beidh forfheidhmiú íocaíochta na fíneála agus na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla faoi réir na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ar ina chríoch a dhéanfar an forfheidhmiú. Beidh an t‑ordú forfheidhmiúcháin i gceangal leis an gcinneadh lena ngearrfar fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil, gan ceanglas a bheith ann maidir le haon fhoirmiúlacht ach amháin fíorú ar bharántúlacht an chinnidh arna dhéanamh ag údarás a ainmneoidh gach Ballstát chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Údarás agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3. Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin dá dtagraítear i mír 2 comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.

4. Is le cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a fhéadfar forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a chur ar fionraí. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á dhéanamh go neamhrialta.

5. Déanfaidh an tÚdarás gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

6. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 35h

Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr an tÚdarás fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearr an tÚdarás a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.”;

(21)I mír 5 d’Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh.”

(22)Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí den chéad fhomhír de mhír 4:

"Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin."

   i mír 5, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

"I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta bheith ar aon tuairim nó comhairle le chéile, beidh cead ag na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin tuairim ar leith nó comhairle ar leith a eisiúint.

Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde tuairimí comhpháirteacha agus comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na nÚdarás Eorpach Maoirseachta faoi Airteagal 56 den Rialachán seo maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.";

(23)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

"Airteagal 39

Nósanna imeachta cinnteoireachta

1. Gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 nuair a bheidh sé ag glacadh cinntí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin na cinntí sin a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 35b, Airteagal 35d agus Airteagal 35e.

2. Cuirfidh an tÚdarás in iúl d’aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

3. Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.

4. Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

5. I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó Airteagal 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.

6. Poibleofar glacadh na gcinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 nó Airteagal 19. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na n‑institiúidí airgeadais sin nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.";

(24)Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

(a)    leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

“(aa) comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(1), nach mbeidh vóta acu;”;

(b)    in mír 7, scriostar an dara fomhír;

(c)    cuirtear isteach an mhír 8 seo a leanas:

"8. I gcás nach bhfuil an t‑údarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.”;

(25)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

"Airteagal 41

Coistí inmheánacha

“Féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh dó. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Feidhmiúcháin nó chuig an gCathaoirleach.";

(26)in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Nuair a bheidh na cúraimí a tugadh dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.";

(27)Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoir maidir le hobair an Údaráis. Ach amháin mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin.";

scriostar mír 2 agus mír 3;

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.”;

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n‑áirítear an t‑ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, ar bhonn na dréacht-tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7) agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.”;

scriostar mír 8;

(28)Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 16 agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d'Airteagal 9(5) agus faoi Chaibidil VI agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlach cáilithe dá chomhaltaí, de réir mar a shainmhínítear sin in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n‑áireofar tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear sin i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (Ballstáit rannpháirteacha) agus tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin nach Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear sin i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (Ballstáit neamh-rannpháirteacha).

Ní dhéanfaidh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Cathaoirleach vótáil ar na cinntí sin.";

i mír 1, scriostar an tríú, an ceathrú, an cúigiú agus an séú fomhír;    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. “4. Ní bheidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí rannpháirteach in aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an gCathaoirleach, leis na comhaltaí sin ar comhaltaí freisin iad den Bhord Feidhmiúcháin agus le hionadaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh arna ainmniú ag a Bhord Maoirseachta.”;

(29)i gCaibidil III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 2:

"Roinn 2

An Bord Feidhmiúcháin"

(30)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

"Airteagal 45

Comhdhéanamh

1. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus triúr comhaltaí lánaimseartha. Sannfaidh an Cathaoirleach cúraimí beartais agus bainistíochta atá sainithe go soiléir do gach duine de na comhaltaí lánaimseartha. Sannfar freagrachtaí as cúrsaí buiséid agus cúrsaí a bhaineann le clár oibre an Údaráis do dhuine de na comhaltaí lánaimseartha (a bheidh ina "Chomhalta i bhfeighil"). Feidhmeoidh duine de na comhaltaí lánaimseartha mar Leas-Chathaoirleach agus déanfaidh sé cúraimí an Chathaoirligh nuair a bheidh an Cathaoirleach as láthair nó má bhíonn bac réasúnta air, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2. Roghnófar na comhaltaí lánaimseartha ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Beidh taithí chuimsitheach bhainistíochta ag na comhaltaí lánaimseartha. Bunófar an roghnú ar ghlao oscailte ar iarrthóirí a bheidh le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, ina dhiaidh sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas gearrliosta de na hiarrthóirí cáilithe.

Cuirfidh an Coimisiún an gearrliosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh, an Comhalta i bhfeighil san áireamh. Beidh an Bord Feidhmiúcháin cothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine.

3. Más rud é nach gcomhlíonann comhalta lánaimseartha den Bhord Feidhmiúcháin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 46 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí‑iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é a chur as oifig.

4. 5 bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin. Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige cúig bliana an chomhalta lánaimseartha, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a) na torthaí a baineadh amach i rith an chéad téarma oifige agus mar a baineadh amach iad;

(b) dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.

Agus an mheastóireacht á cur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún liosta na gcomhaltaí lánaimseartha atá le nuashonrú faoi bhráid na Comhairle. Ar bhonn an ghearrliosta sin, agus an mheastóireacht á cur san áireamh aici, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha.”;

(31)cuirtear isteach an tAirteagal 45 a seo a leanas:

"Airteagal 45a

Cinnteoireacht

1. Glacfar cinntí an Bhoird Feidhmiúcháin trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

2. Glacfaidh an t‑ionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin gan an ceart vótála a bheith aige seachas maidir leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.

3. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

4. Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó chomhalta amháin den Bhord, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.

Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Feidhmiúcháin is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.

5. Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe sin nach bhfuil vóta acu ar aon phlé laistigh den Bhord Feidhmiúcháin a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair.";

(32)cuirtear isteach an tAirteagal 45b seo a leanas:

“Airteagal 45b

Coistí inmheánacha

Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a sannadh dó.”;

(33)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:

"Airteagal 46

Neamhspleáchas

Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin i leith dhéanamh a gcúraimí.”;

(34)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:

"Airteagal 47

Cúraimí

1. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go ndéanfaidh sé na cúraimí a shannadh dó i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh sé gach beart is gá, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí.

3. Feidhmeoidh an Bord Feidhmiúcháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64.

Chun críocha Airteagail 17, 19, 22, 29a, 30, 31a, 32 agus 35b go 35h, beidh an Bord Feidhmiúcháin inniúil ar ghníomhú agus ar chinntí a dhéanamh. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoina chuid cinntí.

3a. Scrúdóidh an Bord Feidhmiúcháin na ceisteanna ar fad atá le socrú ag an mBord Maoirseoirí, tabharfaidh sé a thuairim fúthu agus déanfaidh sé tograí maidir leo.

4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean beartais fhoireann an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), glacfaidh sé na bearta cur chun feidhme is gá ó Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach ('na Rialacháin Foirne').

5. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72.

6. Ar bhonn na dréacht-tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7), déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n‑áirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.

7. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5).

8. Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne

9. Beidh na cúraimí sonracha seo a leanas ag an gComhalta i bhfeighil:

(a) clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoraíocht ón mBord Maoirseoirí agus faoi rialú an Bhoird Feidhmiúcháin;

(b) gach beart is gá a dhéanamh, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c) clár oibre ilbhliantúil a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal 47(2);

(d) clár oibre a ullmhú faoin 30 Meitheamh gach bliain don bhliain tar a éis sin, dá dtagraítear in Airteagal 47(2);

(e) réamh-dhréachtbhuiséad an Údaráis a tharraingt suas de bhun Airteagal 63 agus buiséad an Údaráis a chur chun feidhme de bhun Airteagal 64;

(f) dréacht-tuarascáil bhliantúil a ullmhú, lena n‑áireofar roinn a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus roinn a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin;

(g) na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 68 maidir le foireann an Údaráis a fheidhmiú agus cúrsaí foirne a bhainistiú.

(35)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Beidh an Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú agus gníomhóidh sé mar chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Feidhmiúcháin.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Tar éis glao oscailte ar iarrthóirí atá le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí le haghaidh phost an Chathaoirligh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh an Cathaoirleach a cheapadh.

Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí‑iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é a chur as oifig.";

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus an mheastóireacht á cur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.”;

scriostar mír 5;

(36)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49a:

"Airteagal 49a

Caiteachais

Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.”;

(37)scriostar Airteagail 51, 52, 52a agus 53.

(38)Leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

(a)i mír 2 d’Airteagal 54, cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:

" — ábhair a bhaineann le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí";

(b)i mír 2, scriostar an cúigiú leasc;

(c)cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

(2 a) Maidir le cúraimí an Údaráis a bhaineann le cosc a chur ar sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoirí agus iad sin a chomhrac, beidh an Comhchoiste ag fónamh mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi chúrsaí a bhaineann leis an idirghníomhú idir cúraimí sonracha an Údaráis dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 8(1) agus na cúraimí a thugtar don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.";

(39)in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Iarrfar ar chomhalta amháin den Bhord Feidhmiúcháin, ar ionadaí ón gCoimisiún agus ar ionadaí ó BERS freastal, i gcáil breathnadóirí, ar chruinnithe an Chomhchoiste agus ar chruinnithe aon Fhochoistí dá dtagraítear in Airteagal 57.";

(40)Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Déanfaidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Ní dhéanfar comhalta den Bhord Achomhairc arna cheapadh ag Bord Feidhmiúcháin an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma oifige, mura rud é go bhfuarthas ciontach é i mí‑iompar tromchúiseach agus go ndearna an Bord Feidhmiúcháin cinneadh chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.";

(41)in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus a gcinntí á ndéanamh acu. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh i ndáil leis an Údarás, le Bord Feidhmiúcháin an Údaráis ná le Bord Maoirseoirí an Údaráis.";

(42)in Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n‑áirítear údaráis inniúla, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón Údarás dá dtagraítear in Airteagail 17, 18, 19 agus 35 agus in aghaidh aon chinneadh eile a rinne an tÚdarás i gcomhréir leis na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ar cinneadh é a díríodh ar an duine sin, nó in aghaidh cinneadh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach cé gur cinneadh é a díríodh ar dhuine eile.";

(43)Leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, gan dochar do chineálacha eile ioncaim, aon teaglaim de na nithe seo a leanas:

(a) ranníocaíocht chomhardaithe ón Aontas, a chuirfear i mBuiséad Ginearálta an Aontais (roinn an Choimisiúin) nach mó ná 40 % d’ioncam measta an Údaráis;

(b) ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais, ar bhonn an chaiteachais bhliantúil mheasta maidir leis na gníomhaíochtaí atá riachtanach de réir an Rialacháin seo agus i nGníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) le haghaidh gach catagóire rannpháirtithe atá faoi raon feidhme an Údaráis;

(c) aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;

(d) ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit nó ó bhreathnóirí;

(e) táillí ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a iarrfaidh na húdaráis inniúla.”;

(b)cuirtear isteach mír 5 agus mír 6 mar a leanas:

"5. Baileoidh na húdaráis arna n‑ainmniú ag gach Ballstát na ranníocaíochtaí bliantúla dá dtagraítear i mír 1(b) gach bliain ó institiúidí airgeadais aonair. Faoin 31 Márta gach bliain airgeadais, íocfaidh gach Ballstát leis an Údarás an méid nach mór dó a bhailiú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 62a.

6. Ní ghlacfar le ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit agus ó bhreathnóirí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin.”;

(44)cuirtear isteach an tAirteagal 62 a seo a leanas:

"Airteagal 62a

   Gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais a ríomh

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 75a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcinnfear conas a ríomhfar ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais aonair dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 62 agus lena leagfar amach an méid seo a leanas:

(a) modh chun an caiteachas measta a shannadh do chatagóirí d’institiúidí airgeadais chun é a bheith ina bhonn lena chinneadh conas a ríomhfar na ranníocaíochtaí atá le déanamh ag institiúidí airgeadais as gach catagóir;

(b) critéir iomchuí oibiachtúla chun a chinneadh cé na ranníocaíochtaí bliantúla atá le híoc ag institiúidí airgeadais aonair faoi raon feidhme na nGníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar bhonn a méide chun a dtábhacht sa mhargadh a gharléiriú.

Bunófar leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír tairseacha de minimis nach mbeidh ranníocaíocht dlite faoina mbun ná íosmhéideanna nach ceart ranníocaíochtaí a bheith faoina mbun.”;

(45)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:

"Airteagal 63

An buiséad a bhunú

1. Gach bliain tarraingeoidh an Comhalta i bhfeighil suas dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach an Údaráis le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an t‑ioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí, maille le plean bunaíochta.

1a. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, ar bhonn an dréachta a bheidh formheasta ag an mBord Maoirseoirí, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

1b. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Eanáir.

2.    Ar bhonn an dréachtdoiciméid clársceidealaithe aonair, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach maidir leis an bplean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 a leanas den Chonradh a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.

3.    Glacfaidh an t‑údarás buiséadach plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh an t‑údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.

4. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.

5. Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin fógra don údarás buiséadach, gan mhoill, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.”;

(46)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:

"Airteagal 64

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

"1. Feidhmeoidh an Comhalta i bhfeighil mar oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme.

2. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn.

3. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Márta sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.

4. Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn.

5. Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 148 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Comhalta i bhfeighil na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.

6. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.

Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Iúil i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.

7. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.

8. Tabharfaidh an Comhalta i bhfeighil freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Feidhmiúcháin agus chuig an gCoimisiún freisin.

9. Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Comhalta i bhfeighil aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.

10. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a fuarthas trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh 15 Bealtaine bhliain N + 2, i leith an bhuiséid do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

(47)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:

"Airteagal 65

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013* ón gCoimisiún do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.

*    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 328, 7.12.2013, Lch. 42).";

(48)in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Chun an chalaois, an t‑éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**.

**Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, Lch. 1).";

(49)Leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

"1. Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena n‑áirítear comhaltaí lánaimseartha agus Cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin agus, ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun iad a chur i bhfeidhm.

2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, le comhaontú ón gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. “4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin forálacha chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Údarás.”;

(50)Leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus baill foirne uile an Údaráis, lena n‑áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.”;

cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

"2a. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n‑áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Feidhmiúcháin agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá sna míreanna roimhe seo.

Beidh feidhm maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin agus maidir leis an mBord Maoirseoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin.";

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.”;

(51)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 71:

“Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáid na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/XXXX (Rialachán maidir le Cosaint Sonraí ag Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.

(52)in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.";

(53)in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis.";

(54)in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, agus tabharfar an comhaontú sin i gcrích nuair a gheofar formheas an Bhoird Feidhmiúcháin.”;

(55)cuirtear isteach an tAirteagal 75 a seo a leanas:

"Airteagal 75 a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 35c nó Airteagal 62a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(56)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76:

"Airteagal 76

Gaolmhaireacht le CMBE

Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil CMBE. Faoi cheann dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CMBE, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CMBE ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CMBE agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas."

(57)cuirtear isteach Airteagal 77a nua:

Airteagal 77a

Forálacha idirthréimhseacha

Tiocfaidh deireadh le cúraimí agus post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1093/2010 arna leasú go deireanach le Treoir (AE) 2015/2366 agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] an dáta sin.

Leanfaidh cúraimí agus post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1093/2010 arna leasú go deireanach le Treoir (AE) 2015/2366 agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] go dtí go rachaidh in éag.

Tiocfaidh deireadh le cúraimí agus post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1093/2010 arna leasú go deireanach le Treoir (AE) 2015/2366 agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] an dáta sin.".

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 mar a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 1:

"2. Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 2009/138/CE cé is moite de Theideal IV di, Threoir 2002/92/CE, Threoir 2003/41/CE, Threoir 2002/87/CE, Threoir 2009/103/CE* agus, a mhéad a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnóthais árachais, gnóthais athárachais, institiúidí le haghaidh soláthar sochair scoir ceirde agus idirghabhálaithe árachais, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n‑áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.

*    Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, Lch. 11).";

(58)i mír 5 d'Airteagal 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

"Cuimsíonn na tagairtí do mhaoirseacht sa Rialachán seo gníomhaíochtaí de chuid na n‑údarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).";

(59)i bpointe 2 d'Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

"(ii) maidir le Treoir 2002/65/CE agus le Treoir (AE) 2015/849, na húdaráis atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonann institiúidí airgeadais, arna sainmhíniú i bpointe 1, ceanglais na dTreoracha sin;";

(60)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

"(2) Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 47;";

   scriostar pointe 4;

(61)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)    leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

"(aa) lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a choimeád;";

ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) agus phointe (f):

"(e) athbhreithnithe ar údaráis inniúla a eagrú agus a dhéanamh agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte agus moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, d’fhonn comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;

(f) faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a chuid inniúlachtaí, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i dtaca le treochtaí seirbhísí airgeadais nuálacha;";

(iii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h) cosaint sealbhóirí polasaí, comhaltaí agus tairbhithe scéimeanna pinsin, tomhaltóirí agus infheisteoirí a chothú";

(iv)    scriostar pointe (l);

(v)    cuirtear isteach an pointe (m) seo a leanas:

"(m) tuairimí a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm samhlacha inmheánacha, chun cinnteoireacht a éascú agus chun cúnamh a thabhairt mar a fhoráiltear in Airteagal 21a;";

(b)cuirtear isteach mír 1 a nua:

"1a. " Agus a chúraimí á ndéanamh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an tÚdarás san áireamh nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha agus inbhuanaithe, agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais";

(c)i mír 2, leasaítear an méid seo a leanas

(i) cuirtear isteach pointe (ca):

" (ca) moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a agus in Airteagal 31a;";

   (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h) an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus in Airteagal 35b";

(d)    cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:

"3. Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, beidh aird iomchuí ag an Údarás ar phrionsabail na rialála níos fearr, lena n‑áirítear torthaí anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.";

(62)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

i mír 1, cuirtear isteach an pointe (aa) agus an pointe (ab) seo a leanas:

"(aa) athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;

(ab) táscairí riosca mhiondíola a fhorbairt le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir a shainaithint go prapúil;";

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d) rialacha coiteanna a fhorbairt maidir le nochtadh.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:    

"2. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údarás lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla náisiúnta uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Féadfaidh an tÚdarás údaráis náisiúnta cosanta sonraí a cheapadh mar chuid den Choiste freisin.";

(63)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

"Ina theannta sin, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a dhíriú chuig údaráis na mBallstát nach sainítear mar údaráis inniúla faoin Rialachán seo ach a bhfuil sé de chumhacht acu cur i bhfeidhm na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a áirithiú.";

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Más iomchuí, seolfaidh an tÚdarás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. Iarrfaidh an tÚdarás freisin, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, tuairimí nó comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde.";

(c)i mír 4, cuirtear isteach an abairt seo a leanas ag an deireadh:

"Míneofar sa tuarascáil freisin cén t‑údar a bhí ag an Údarás leis na treoirlínte agus na moltaí atá aige a eisiúint agus déanfar achoimre ar an aiseolas ó chomhairliúcháin phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí sin.";

(d)cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:

"5. I gcás ina mbeidh dhá thrian de chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais nó an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde den tuairim go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás trí threoirlínte nó moltaí áirithe a eisiúint, féadfaidh siad tuairim réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún.

Iarrfaidh an Coimisiún míniú ar an údar atá le heisiúint na dtreoirlínte nó na moltaí lena mbaineann ón Údarás. Déanfaidh an Coimisiún, ar fháil an mhínithe ón Údarás dó, measúnú ar raon feidhme na dtreoirlínte nó na moltaí ó thaobh inniúlacht an Údaráis de. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás, agus tar éis deis a bheith tugtha don Údarás a thuairimí a chur in iúl, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear de cheangal ar an Údarás na treoirlínte nó na moltaí lena mbaineann a tharraingt siar. Poibleofar an cinneadh ón gCoimisiún.";

(64)i mír 2 d'Airteagal 17, cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

"Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar fhaisnéis a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile nó institiúidí airgeadais ábhartha, aon uair a mheastar gá a bheith léi chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm. Nuair is chuig institiúid airgeadais atá sí dírithe, míneofar san iarraidh réasúnaithe cén fáth a bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun críocha imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.

Nuair a bheidh iarraidh ar fhaisnéis curtha chuig institiúid airgeadais, cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ar an eolas faoin iarraidh sin. Cuideoidh na húdaráis inniúla leis an Údarás an fhaisnéis a bhailiú, má iarrann an tÚdarás sin.";

(65)Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 i gceachtar den dá chás seo a leanas:

(a)    ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n‑aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;

(b)    ar a thionscnamh féin i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn critéir oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.

I gcásanna ina leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag na húdaráis inniúla, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na treoracha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin.";

(b)cuirtear isteach an mhír 1a agus an mhír 1b seo a leanas:

"1a. Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill nár baineadh comhaontú amach.

(a)    i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:

(i) tá an sprioc-am dulta in éag;

(ii) cinneadh a bheith déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla;

(b)    i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:

i.cinneadh a bheith déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla; or

ii.dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.";

(c)scriostar mír 1, fomhír 2;

1b. Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.

Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 47(3a), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí aonair a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 tugtha i gcrích.";

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t‑ábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.”;

(e)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

"3a. Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, agus, nuair is infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.";

(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 den Chonradh, i gcás nár chomhlíon údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, gur mhainnigh sé a áirithiú go gcomhlíonfadh institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal go ndéanfar an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n‑áirítear scor d'aon chleachtas áirithe.";

(66)Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"Déanfaidh an tÚdarás feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí dá dtagraítear i dTreoir 2009/138/CE a chur chun cinn, agus déanfaidh sé faireachán air sin freisin, agus déanfaidh sé comhleanúnachas chur i bhfeidhm dhlí an Aontais i measc na gcoláistí maoirseoirí a chothú. Agus é mar chuspóir acu dea-chleachtais maoirseachta a chóineasú, beidh daoine de chuid fhoireann an Údaráis in ann a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na gcoláistí maoirseoirí, nó ina gceannairí orthu i gcás inarb iomchuí, lena n‑áirítear scrúduithe ar an láthair, ar gníomhaíochtaí iad arna gcur i gcrích go comhpháirteach ag dhá údarás inniúla nó níos mó.";

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 2:

"Chun críche na míre seo agus chun críche mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur "údarás inniúil" nó gur "údarás maoirseachta" é an tÚdarás de réir bhrí na reachtaíochta ábhartha.";

(67)cuirtear isteach an tAirteagal 21 a seo a leanas:

"Airteagal 21a

Samhlacha inmheánacha

1. Chun cur le bunú caighdeán coiteann maoirseachta agus cleachtas coiteann maoirseachta atá ar ardcháilíocht, déanfaidh an tÚdarás ar a thionscnamh féin, nó ar iarratas ó údarás maoirseachta amháin nó níos mó:

(a) tuairimí a eisiúint chuig na húdaráis maoirseachta lena mbaineann maidir leis an iarratas samhail inmheánach a úsáid nó a athrú. Chuige sin, féadfaidh ÚEÁPC an fhaisnéis uile is gá a iarraidh ar na húdaráis maoirseachta lena mbaineann; agus

(b) i gcás easaontas i ndáil le formheas samhlacha inmheánacha, cúnamh a thabhairt do na húdaráis maoirseachta lena mbaineann teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19.

2. Sna cúinsí a leagtar amach faoi Airteagal 231(6a) de Threoir 2009/138/CE, féadfaidh gnóthais iarraidh ar ÚEÁPC cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19.

(68)in Airteagal 22(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear Airteagal 35 agus Airteagal 35b.”;

(69)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

“(aa) an Plean Maoirseachta Straitéiseach a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 29a;”;

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n‑áirítear an chibearshlándáil agus cibearionsaithe, más iomchuí, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais;”;

(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e) cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n‑áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;”;

i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír 2 seo a leanas:

"Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas agus ag cur san áireamh athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó na n‑institiúidí airgeadais. Leagfar amach sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais dea-chleachtais maoirseachta agus sonrófar modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta;

(70)Cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:

"Airteagal 29a

An Plean Maoirseachta Straitéiseach

1. Ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo [XXX cuir isteach an tagairt don Rialachán leasaitheach] agus gach trí bliana ina dhiaidh sin faoin 31 Márta, eiseoidh an tÚdarás moladh a bheidh dírithe ar údaráis inniúla ina leagfar síos cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha maoirseachta (“Plean Maoirseachta Straitéiseach”) agus ina gcuirfear san áireamh aon ionchur ó na húdaráis inniúla. Tarchuirfidh an tÚdarás an Plean Maoirseachta Straitéiseach mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é ar a shuíomh gréasáin.

Sainaithneofar sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach tosaíochtaí ar leith do ghníomhaíochtaí maoirseachta chun cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach éifeachtúil éifeachtach a chur chun cinn agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach agus aghaidh a thabhairt ar na treochtaí ábhartha micreastuamachta, na rioscaí ionchasacha agus na leochaileachtaí a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 32.

2. Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh gach údarás inniúil dréachtchlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Údaráis agus leagfaidh sé amach go sonrach conas atá an dréachtchlár oibre sin i gcomhréir leis an bPlean Maoirseachta Straitéiseach.

Beidh sa dréachtchlár oibre bliantúil cuspóirí agus tosaíochtaí sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta agus critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla le haghaidh roghnú institiúidí airgeadais, cleachtais agus iompraíochtaí margaidh, agus margaí airgeadais, a scrúdóidh an t‑údarás inniúil a bheidh ag cur isteach an dréachtchláir oibre le linn bhliain an chláir sin.

3. Measúnóidh an tÚdarás an dréachtchlár oibre bliantúil agus, i gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig an údarás inniúil ábhartha arb é is aidhm leis dréachtchlár oibre bliantúil an údaráis inniúil sin a chur in oiriúint don Phlean Maoirseachta Straitéiseach.

Faoin 31 Nollaig gach bliain, glacfaidh na húdaráis inniúla a gclár oibre bliantúil agus aon mholtaí den chineál sin a fuair siad á gcur san áireamh acu.

4. Faoin 31 Márta gach bliain, tarchuirfidh gach údarás inniúil chuig an Údarás tuarascáil ar chur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil.

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:

(a)    tuairisc ar na gníomhaíochtaí maoirseachta agus na scrúduithe ar institiúidí airgeadais, cleachtais margaidh agus iompraíochtaí margaidh agus ar mhargaí airgeadais, agus ar na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin a forchuireadh ar institiúidí airgeadais atá freagrach as sáruithe ar dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta;

(b)    tuairisc ar na gníomhaíochtaí a rinneadh ach nach raibh leagtha amach sa chlár oibre bliantúil;

(c)    cuntas ar na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa chlár oibre bliantúil nach ndearnadh agus ar chuspóirí an chláir sin nár baineadh amach, chomh maith leis na cúiseanna nach ndearnadh na gníomhaíochtaí sin agus nár baineadh amach na cuspóirí sin.

5. Measúnóidh an tÚdarás tuarascálacha cur chun feidhme na n‑údarás inniúil. I gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig gach údarás inniúil lena mbaineann maidir le cén chaoi ar féidir na heasnaimh ábhartha atá ar a ngníomhaíochtaí a leigheas.

Ar bhonn na dtuarascálacha agus a mheasúnaithe féin ar rioscaí, sainaithneoidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí de chuid an údaráis inniúil ar gá iad chun an Plean Maoirseachta Straitéiseach a chomhlíonadh, agus déanfaidh sé, de réir mar is iomchuí, athbhreithnithe ar na gníomhaíochtaí sin faoi Airteagal 30.

6. Cuirfidh an tÚdarás na dea-chleachtais a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe ar na cláir oibre bhliantúla ar fáil don phobal.”;

(71)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:

“Athbhreithnithe ar údaráis inniúla”;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena n‑áirítear gach faisnéis a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ó gheallsealbhóirí.”;

(c)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

"1a. Chun críche an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás coiste athbhreithniúcháin ar a mbeidh baill foirne de chuid an Údaráis agus iad sin amháin. Féadfaidh an tÚdarás cúraimí nó cinntí áirithe a tharmligean chuig an gcoiste athbhreithniúcháin.";

(d)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú, ach ní bheidh an t‑athbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:”;

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a) a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialachais atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an gcumas atá ann freagairt a thabhairt ar imeachtaí sa mhargadh;";

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil amach ina mbeidh torthaí an athbhreithnithe leagtha amach. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil sin ar na bearta leantacha a bhfuil súil leo de thoradh an athbhreithnithe. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun Airteagal 29(1)(a).

I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh. I gcás nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla aon ghníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar na bearta leantacha atá sonraithe sa tuarascáil, eiseoidh an tÚdarás tuarascáil leantach.

Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh na n‑athbhreithnithe san áireamh a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair sé agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.";

(f)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

"3a. Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe nó d'aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá na rialacha maidir le hinstitiúidí airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh.";

(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4. Foilseoidh an tÚdarás an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 mar aon le haon tuarascáil leantach arna cur ar aghaidh, mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais. Iarrfar ar an údarás inniúil a bheidh faoi athbhreithniú a bharúlacha a thabhairt sula bhfoilseofar aon tuarascáil. Cuirfear na barúlacha sin ar fáil don phobal mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais.”;

(72)in Airteagal 31, cuirtear isteach mír 2 nua:

"2. Maidir le gníomhaíocht údarás inniúil atá ceaptha cead isteach sa mhargadh a éascú d'oibreoirí nó táirgí atá ag brath ar nuálaíocht teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.”;

(73)cuirtear isteach Airteagal 31a nua:

"Airteagal 31a

Comhordú maidir le tarmligean agus seachfhoinsiú gníomhaíochtaí agus aistriú riosca

1. Comhordóidh an tÚdarás ar bhonn leanúnach gníomhaíochtaí maoirseachta na n‑údarás inniúil chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn maidir le gníomhaíochtaí institiúidí airgeadais, agus na haistrithe riosca a dhéanann siad, a tharmligean agus a sheachfhoinsiú, i gcomhréir le mír 2, mír 3, agus mír 4.

2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás má bhíonn sé beartaithe acu údarú nó clárú a dhéanamh i ndáil le hinstitiúid airgeadais atá faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil lena mbaineann i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus má tá sé i gceist i bplean oibre na hinstitiúide airgeadais sin seachfhoinsiú nó tarmligean a dhéanamh ar chuid ábhartha dá gníomhachtaí nó ar aon cheann dá príomhfheidhmeanna, nó aistriú chuig tríú tíortha a dhéanamh ar riosca cuid ábhartha dá gníomhaíochtaí d'fhonn tairbhiú de phas an Aontais Eorpaigh agus gníomhaíochtaí nó feidhmeanna móra ar siúl dáiríre acu lasmuigh den Aontas. Beidh an fógra a thabharfar don Údarás mionsonraithe a dhóthain le gur féidir leis an Údarás measúnú ceart a dhéanamh.

I gcás ina measfaidh an tÚdarás gur gá tuairim a eisiúint chuig údarás inniúil maidir le húdarú nó clárú, faoinar tugadh fógra de bhun na chéad fhomhíre, gan a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le treoirlínte, moltaí nó tuairimí a ghlac an tÚdarás, cuirfidh an tÚdarás an t‑údarás inniúil sin ar an eolas faoin méid sin laistigh de 20 lá oibre tar éis dó fógra a fháil ón údarás inniúil sin. Sa chás sin fanfaidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann le tuairim ón Údarás sula ndéanfaidh sé an clárú nó an t‑údarú.

Arna iarraidh sin ag an Údarás, cuirfidh an t‑údarás inniúil ar fáil laistigh de 15 lá oibre tar éis don iarraidh sin a fháil pé faisnéis a bhaineann lena chinntí chun institiúid airgeadais atá faoina mhaoirseacht a údarú nó a chlárú i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Eiseoidh an tÚdarás an tuairim, gan dochar d’aon teorainneacha ama atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais, faoi cheann dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dó an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.

3. Tabharfaidh institiúid airgeadais fógra don údarás inniúil faoi sheachfhoinsiú nó tarmligean cuid ábhartha dá gníomhachtaí nó aon cheann dá príomhfheidhmeanna, agus faoi aistriú riosca cuid ábhartha dá gníomhaíochtaí chuig eintiteas eile nó chuig brainse dá cuid atá bunaithe i dtríú tír. An t‑údarás inniúil lena mbaineann, cuirfidh sé an tÚdarás ar an eolas faoi na fógraí sin ar bhonn leathbhliantúil.

Gan dochar d’Airteagal 35, ar iarratas ón Údarás, cuirfidh an t‑údarás inniúil faisnéis ar fáil maidir leis na socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca atá ag na hinstitiúidí airgeadais.

Déanfaidh an tÚdarás faireachán féachaint an bhfuil na húdaráis inniúla lena mbaineann ag fíorú go bhfuil socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais, go bhfuil siad ag comhlíonadh na dtreoirlínte, na moltaí nó na dtuairimí ón Údarás agus nach gcuireann siad cosc ar na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach a dhéanamh [agus ar fhorfheidhmiú] i dtríú tír.

4. Féadfaidh an tÚdarás moltaí a eisiúint chuig an údarás inniúil lena mbaineann, lena n‑áirítear moltaí cinneadh a athbhreithniú nó údarú a tharraingt siar. I gcás nach leanfaidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann moltaí an Údaráis laistigh de 15 lá oibre, déanfaidh an t‑údarás inniúil na cúiseanna a lua agus poibleoidh an tÚdarás a mholadh mar aon leis na cúiseanna sin.”;

(74)Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(75)cuirtear isteach mír 2a nua:

"2a. Ar a laghad uair sa bhliain, measfaidh an tÚdarás an iomchuí na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh agus cuirfidh sé a réasúnú in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. I gcás ina ndéanfar na measúnuithe uile-Aontais sin agus go measfaidh an tÚdarás gurb iomchuí iad a dhéanamh, nochtfaidh sé na torthaí maidir le gach institiúid airgeadais rannpháirteach.

Ní chuirfidh na hoibleagáidí rúndachta gairmiúla atá ar údaráis inniúla bac orthu toradh na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú nó a tharchur chuig an Údarás chun gur féidir leis an Údarás an toradh ar na measúnuithe uile-Aontais sin ar bhuanseasmhacht na margaí airgeadais a fhoilsiú.";

(76)leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).";

(b)cuirtear isteach an mhír 2a, an mhír 2b agus an mhír 2c seo a leanas:

"2a. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta, chomh maith leis na cleachtais forfheidhmiúcháin agus na forbairtí margaidh ábhartha i dtríú tíortha ar ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise ina leith de bhun na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun a dhéanamh amach an bhfuiltear ag comhlíonadh fós na gcritéar ar glacadh na cinntí sin ar a mbonn agus aon choinníollacha atá leagtha amach iontu. Cuirfidh sé san áireamh a ábhartha don mhargadh atá na tríú tíortha lena mbaineann. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar a chinntí ina leith sin.

Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis réitigh tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach. Leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, cuirfidh sé forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:

(a)    na sásraí lena bhféadfaidh an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n‑áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, ar an gcur chuige maoirseachta, ar fhorbairtí margaidh ábhartha agus ar aon athruithe a d'fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;

b)    a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n‑áirítear cigireachtaí ar an láthair.

Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas má dhiúltaíonn údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a chur i gcrích nó má dhiúltaíonn sé comhoibriú go héifeachtach. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh agus é ag athbhreithniú na gcinntí coibhéise ábhartha.

2b. I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill.

Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar na forbairtí maidir le rialáil, maoirseacht, forfheidhmiú agus margaí sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a agus béim ar leith inti ar na himpleachtaí atá leo i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

2c. Cuirfidh na húdaráis inniúla an tÚdarás ar an eolas roimh ré faoin rún atá acu aon socruithe riaracháin a chur i gcrích le húdaráis inniúla tríú tír in aon cheann de na réimsí atá faoi réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n‑áirítear an méid a bhaineann le brainsí eintiteas tríú tír. Tabharfaidh siad dréacht de na socruithe beartaithe sin don Údarás san am céanna.

Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.

Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis maoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an ghníomhaíocht faireacháin a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 2a.”;

(77)in Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Maidir le measúnú stuamachta ar chumaisc agus ar éadálacha a thagann faoi réim raon feidhme Threoir 2009/138/CE, agus lena gceanglaítear, de réir na Treorach sin, comhairliúchán a bheith ann idir na húdaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas ó cheann amháin de na húdaráis inniúla lena mbaineann, tuairim ar mheasúnú stuamachta a eisiúint agus a fhoilsiú, seachas i ndáil leis na critéir in Airteagal 59(1)(e) de Threoir 2009/138/CE. Eiseofar an tuairim go pras agus in aon chás roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE. Beidh feidhm ag Airteagal 35 agus ag Airteagal 35b maidir leis na réimsí a bhféadfaidh an tÚdarás tuairim a eisiúint ina leith."

(78)Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

"1. Ar iarratas ón Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás, chun go mbeidh sé in ann na cúraimí a cuireadh air faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.

Beidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil cruinn agus iomlán agus cuirfear isteach í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás.

2. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófaí faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáid shonraithe nó trí bhíthin teimpléid inchomparáide arna bhformheas ag an Údarás. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin i bhformáidí coiteanna tuairiscithe.

3. Tar éis don Údarás iarraidh chuí‑réasúnaithe a fháil ó údarás inniúil, soláthróidh sé aon fhaisnéis atá riachtanach chun an t‑údarás inniúil a chumasú a chuid cúraimí a dhéanamh, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndacht ghairmiúil atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar i gcomhréir le mír 1 ar fáil nó nach soláthróidh na húdaráis inniúla í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú chuig aon cheann díobh seo a leanas:

(a) údaráis eile ag a bhfuil feidhmeanna maoirseachta;

(b) an aireacht atá freagrach as airgeadas sa Bhallstát lena mbaineann i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil di;

(c) banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann;

(d) oifig staidrimh an Bhallstáit lena mbaineann;

Ar iarratas ón Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.”;

scriostar mír 6 agus mír 7:

(79)cuirtear isteach Airteagal 35a go hAirteagal 35h mar seo a leanas:

"Airteagal 35a

Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 35b

Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar don Údarás, d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35(b), ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 35b

Iarraidh ar fhaisnéis ó institiúidí airgeadais

1. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar faoi mhír 1 nó faoi mhír 5 d’Airteagal 35 ar fáil nó nach soláthrófar í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh sé trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh ceangal a chur ar na institiúidí airgeadais ábhartha an fhaisnéis uile a sholáthar atá riachtanach chun gur féidir leis an Údarás a chúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh.

2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata a lua;

(c)    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d)    teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)    ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n‑iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f)    a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 35c, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

3. Nuair a bheidh faisnéis á iarraidh aige le cinneadh, déanfaidh an tÚdarás:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata a lua;

(c)    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d)    teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)    a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35d i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f)    a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 35c i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g)    a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair an Bhord Achomhairc agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61.

4. Maidir leis na hinstitiúidí airgeadais nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5. I gcás eintiteas ábhartha a liostaítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh an t‑údarás, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí air nó ina bhfuil siad lonnaithe.

6. Is chun na cúraimí a sannadh dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, agus chuige sin amháin, a fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fuarthas i gcomhréir leis an Airteagal seo a úsáid.”;

Airteagal 35c

Rialacha nós imeachta maidir le fíneálacha a fhorchur

1. I gcás ina n‑aimseoidh an tÚdarás, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh sárú dá dtagraítear in Airteagal 35d(1), ceapfaidh an tÚdarás oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh den Údarás chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t‑oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach ná na n‑institiúidí airgeadais lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar an mBord Maoirseoirí.

2. Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú faoina bhráid á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.

3. Chun a chúraimí a dhéanamh, beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 35b.

4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag an Údarás ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.

6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n‑imscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.

7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 35f, cinnfidh an tÚdarás an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 35d(1) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart i gcomhréir leis an Airteagal sin.

9. Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití an Bhoird Maoirseoirí ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird Maoirseoirí.

10. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 75a chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n‑áirítear na rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) cearta cosanta,

(b) forálacha ama,

(c) forálacha lena sonraítear an chaoi a mbaileofar fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla,

(d) forálacha lena sonraítear na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

11. Déanfaidh an tÚdarás ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n‑aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní fhorchuirfidh an tÚdarás fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras comhionann nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 35d

Fíneálacha

1. Glacfaidh an tÚdarás cinneadh fíneáil a ghearradh má fhaigheann sé gur mhainnigh institiúid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35b, d'aon ghnó nó le faillí, faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena n‑éilítear faisnéis de bhun Airteagal 35b(3) nó gur sholáthair siad faisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis nó ar chinneadh de bhun Airteagal 35b(2).

2. Is é a bheidh i méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 1 EUR 50 000 ar a laghad agus ní bheidh sé os cionn EUR 200 000.

3. Agus méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 2 á shocrú aige, cuirfidh an tÚdarás san áireamh láimhdeachas bliantúil na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin agus beidh sé:

(a) ag ceann íochtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil faoi bhun EUR 10 milliún;

(b) ag lár na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil idir EUR 10 milliún agus EUR 50 milliún;

(c) ag ceann uachtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil os cionn EUR 50 milliún.

Déanfar na méideanna bunúsacha, arna sainiú de réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí imthosca géaraitheacha nó imthosca maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach i mír 5.

Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.

Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.

4. Cuirfear na comhéifeachtaí um choigeartú seo a leanas i bhfeidhm, go carnach, maidir leis an méid bunúsach dá dtagraítear i mír 2, ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)    is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:

(i) i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1.1 maidir le gach uair a rinneadh an sárú athuair;

(ii) i gcás inar mhair an sárú níos mó ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5;

(iii) i gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;

(iv) i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a rinneadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.7;

(v) i gcás nár chomhoibrigh bainistíocht shinsearach na hinstitiúide airgeadais leis an Údarás, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5.

(b)    is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca maolaitheacha:

(i) i gcás inar mhair an sárú níos lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.9;

(ii) i gcás inar féidir le bainistíocht shinsearach na hinstitiúide airgeadais a léiriú go bhfuil na bearta uile is gá déanta aici chun cosc a chur le teip ar iarraidh de bhun Airteagal 35(6a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.7;

(iii) i gcás inar chuir an institiúid airgeadais an sárú in iúl don Údarás go pras, go héifeachtach agus go hiomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.4;

(iv) i gcás ina ndearna an institiúid airgeadais, dá dheoin féin, bearta chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.6.

5. D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh iomlán na fíneála os cionn 20% de láimhdeachas bliantúil na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin mura rud é gur bhain an institiúid airgeadais tairbhe as an sárú go díreach nó go neamhdhíreach. Sa chás sin, beidh an fhíneáil iomlán cothrom, ar a laghad, leis an tairbhe sin.

Airteagal 35e

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Glacfaidh an tÚdarás cinntí íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh chun iallach a chur ar na hinstitiúidí nó na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 35b(1) faisnéis arna hiarraidh trí chinneadh a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 35b(3).

2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an institiúid airgeadais lena mbaineann an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % de mheánláimhdeachas laethúil na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4. Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ón ón Údarás.

Airteagal 35f

An ceart éisteacht a fháil

1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh faoi Airteagal 35d agus Airteagal 35e, tabharfaidh an tÚdarás an deis don institiúid airgeadais atá faoi réir na hiarrata éisteacht a fháil.

Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na hinstitiúidí airgeadais lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus ar na torthaí sin amháin, a bhunóidh an tÚdarás a chuid cinntí.

2. Déanfar cearta cosanta na hinstitiúide airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a urramú go hiomlán le linn an nós imeachta. Beidh an institiúid airgeadais i dteideal rochtain a bheith aici ar chomhad an Údaráis, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid an Údaráis sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 35 g

Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Fíneálacha agus íocaíochtaí de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e agus beidh siad in-fhorfheidhmithe.

2. Beidh forfheidhmiú íocaíochta na fíneála agus na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla faoi réir na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ar ina chríoch a dhéanfar an forfheidhmiú. Beidh an t‑ordú forfheidhmiúcháin i gceangal leis an gcinneadh lena ngearrfar fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil, gan ceanglas a bheith ann maidir le haon fhoirmiúlacht ach amháin fíorú ar bharántúlacht an chinnidh arna dhéanamh ag údarás a ainmneoidh gach Ballstát chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Údarás agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3. Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin dá dtagraítear i mír 2 comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.

4. Is le cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a fhéadfar forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a chur ar fionraí. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á dhéanamh go neamhrialta.

5. Déanfaidh an tÚdarás gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

6. Déanfar méideanna na fíneála agus méideanna na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 35h

Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr an tÚdarás fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearr an tÚdarás a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.”;

(80)I mír 5 d’Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh.”

(81)Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí den chéad fhomhír de mhír 5:

"Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.”;

i mír 6, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

"I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta bheith ar aon tuairim nó comhairle le chéile, beidh cead ag na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin tuairim ar leith nó comhairle ar leith a eisiúint.

Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais, agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde, an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí tuairimí comhpháirteacha agus comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na nÚdarás Eorpach Maoirseachta faoi Airteagal 56 den Rialachán seo maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.";

(82)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

"Airteagal 39

Nósanna imeachta cinnteoireachta

1. Gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 nuair a bheidh sé ag glacadh cinntí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin na cinntí sin a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 35b, Airteagal 35d agus Airteagal 35e.

2. Cuirfidh an tÚdarás in iúl d’aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

3. Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.

4. Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

5. I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó Airteagal 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.

6. Poibleofar glacadh na gcinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 nó Airteagal 19. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na n‑institiúidí airgeadais sin nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.";

(83)Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

“(aa) comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(1), nach mbeidh vóta acu;”;

   in mír 7, scriostar an dara fomhír;

   cuirtear isteach an mhír 8 seo a leanas:

"8. I gcás nach bhfuil an t‑údarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.”;

(84)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41"

"Airteagal 41

Coistí inmheánacha

“Féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh dó. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Feidhmiúcháin nó chuig an gCathaoirleach.";

;

(85)in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Nuair a bheidh na cúraimí a tugadh dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.";

(86)Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoir maidir le hobair an Údaráis. Ach amháin mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin.";

scriostar mír 2 agus mír 3;

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n‑áirítear an t‑ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, ar bhonn na dréacht-tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7) agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.”;

(e)    scriostar mír 8;

(87)Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

sa dara fomhír de mhír 1, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

"Ní dhéanfaidh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Cathaoirleach vótáil ar na cinntí sin.";

i mír 1, scriostar an tríú agus an ceathrú fomhír;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. “4. Ní bheidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí rannpháirteach in aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an gCathaoirleach, leis na comhaltaí sin ar comhaltaí freisin iad den Bhord Feidhmiúcháin agus le hionadaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh arna ainmniú ag a Bhord Maoirseachta.”;

(88)i gCaibidil III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 2:

“An Bord Feidhmiúcháin”;

(89)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

"Airteagal 45

Comhdhéanamh

"1. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus triúr comhaltaí lánaimseartha. Sannfaidh an Cathaoirleach cúraimí beartais agus bainistíochta atá sainithe go soiléir do gach duine de na comhaltaí lánaimseartha. Sannfar freagracht as cúrsaí buiséadacha agus cúrsaí a bhaineann le clár oibre an Údaráis do dhuine de na comhaltaí lánaimseartha (a bheidh ina "Chomhalta i bhFeighil"). Feidhmeoidh duine de na comhaltaí lánaimseartha mar Leas-Chathaoirleach agus déanfaidh sé cúraimí an Chathaoirligh nuair a bheidh an Cathaoirleach as láthair nó má bhíonn bac réasúnta air, i gcomhréir leis an Rialachán seo. .

2. Roghnófar na comhaltaí lánaimseartha ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Beidh taithí chuimsitheach bhainistíochta ag na comhaltaí lánaimseartha. Bunófar an roghnú ar ghlao oscailte ar iarrthóirí a bheidh le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, ina dhiaidh sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas gearrliosta de na hiarrthóirí cáilithe.

Cuirfidh an Coimisiún an gearrliosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh, an Comhalta i bhfeighil san áireamh.

3. Más rud é nach gcomhlíonann comhalta lánaimseartha den Bhord Feidhmiúcháin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 46 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí‑iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun é a chur as oifig.

4. 5 bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin. Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige cúig bliana an chomhalta lánaimseartha, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a) na torthaí a baineadh amach i rith an chéad téarma oifige agus mar a baineadh amach iad;

(b) dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.

Agus an mheastóireacht á cur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún liosta na gcomhaltaí lánaimseartha atá le nuashonrú faoi bhráid na Comhairle. Ar bhonn an ghearrliosta sin, agus an mheastóireacht á cur san áireamh aici, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha.”;

(90)cuirtear isteach an tAirteagal 45 a seo a leanas:

"Airteagal 45a

Cinnteoireacht

1. Glacfar cinntí an Bhoird Feidhmiúcháin trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

2. Glacfaidh an t‑ionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin gan an ceart vótála a bheith aige seachas maidir leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.

3. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

4. Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó chomhalta amháin den Bhord, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.

Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Feidhmiúcháin is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.

5. Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe sin nach bhfuil vóta acu ar aon phlé laistigh den Bhord Feidhmiúcháin a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair.";

(91)cuirtear isteach an tAirteagal 45b seo a leanas:

"Airteagal 45b

Coistí inmheánacha

Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a sannadh dó.”;

(92)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:

"Airteagal 46

Neamhspleáchas

“Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhaltaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin i leith dhéanamh a gcúraimí.”;

(93)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:

"Airteagal 47

Cúraimí

1. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go ndéanfaidh sé na cúraimí a shannadh dó i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh sé gach beart is gá, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí.

3. Feidhmeoidh an Bord Feidhmiúcháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64.

Chun críocha Airteagail 17, 19, 22, 29a, 30, 31a, 32 agus 35b go 35h, beidh an Bord Feidhmiúcháin inniúil ar ghníomhú agus ar chinntí a dhéanamh. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoina chuid cinntí.

3a. Scrúdóidh an Bord Feidhmiúcháin na ceisteanna ar fad atá le socrú ag an mBord Maoirseoirí, tabharfaidh sé a thuairim fúthu agus déanfaidh sé togra maidir leo.

4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean beartais fhoireann an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), glacfaidh sé na bearta cur chun feidhme is gá ó Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach (“na Rialacháin Foirne”).

5. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72.

6. Ar bhonn na dréacht-tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7), déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n‑áirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.

7. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5).

8 Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.

9. Beidh na cúraimí sonracha seo a leanas ag an gComhalta i bhfeighil:

(a) clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoraíocht ón mBord Maoirseoirí agus faoi rialú an Bhoird Feidhmiúcháin;

(b) gach beart is gá a dhéanamh, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c) clár oibre ilbhliantúil a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal 47(2);

(d) clár oibre a ullmhú faoin 30 Meitheamh gach bliain don bhliain tar a éis sin, dá dtagraítear in Airteagal 47(2);

(e) réamh-dhréachtbhuiséad an Údaráis a tharraingt suas de bhun Airteagal 63 agus buiséad an Údaráis a chur chun feidhme de bhun Airteagal 64;

(f) dréacht-tuarascáil bhliantúil a ullmhú, lena n‑áireofar roinn a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus roinn a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin;

(g) na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 68 maidir le foireann an Údaráis a fheidhmiú agus cúrsaí foirne a bhainistiú.";

(94)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

   i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Beidh an Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú agus gníomhóidh sé mar chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Feidhmiúcháin.”;

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Tar éis glao oscailte ar iarrthóirí atá le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí le haghaidh phost an Chathaoirligh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh an Cathaoirleach a cheapadh.

Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí‑iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é a chur as oifig.";

   i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus an mheastóireacht á cur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.”;

   scriostar mír 5;

(95)cuirtear isteach an tAirteagal 49 a seo a leanas:

"Airteagal 49a

Caiteachais

"Nochtfaidh an Cathaoirleach don phobal na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.”;

(96)scriostar Airteagal 51, Airteagal 52 agus Airteagal 53;

(97)Leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

(a)i mír 2 d’Airteagal 54,    cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:

" — saincheisteanna a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí;" ;

(b)i mír 2, scriostar an cúigiú fleasc;

(c) cuirtear an mhír 2 a seo a leanas isteach:

"2a.    Beidh an Comhchoiste ag fónamh mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi chúrsaí a bhaineann leis an idirghníomhú idir cúraimí sonracha an Údaráis dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus na cúraimí a thugtar don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.";

(98)in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Iarrfar ar chomhalta amháin den Bhord Feidhmiúcháin, ar an gComhalta i bhfeighil i gcomhréir le hAirteagal 47(8a), ar ionadaí ón gCoimisiún agus ar ionadaí ó BERS freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe an Chomhchoiste agus ar chruinnithe aon Fhochoistí dá dtagraítear in Airteagal 57.";

(99)Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Déanfaidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Ní dhéanfar comhalta den Bhord Achomhairc arna cheapadh ag Bord Feidhmiúcháin an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma oifige, mura rud é go bhfuarthas ciontach é i mí‑iompar tromchúiseach agus go ndearna an Bord Feidhmiúcháin cinneadh chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.";

(100)in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus a gcinntí á ndéanamh acu. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh i ndáil leis an Údarás, le Bord Feidhmiúcháin an Údaráis ná le Bord Maoirseoirí an Údaráis.";

(101)in Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n‑áirítear údaráis inniúla, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón Údarás dá dtagraítear in Airteagail 17, 18, 19 agus 35 agus in aghaidh aon chinneadh eile a rinne an tÚdarás i gcomhréir leis na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ar cinneadh é a díríodh ar an duine sin, nó in aghaidh cinneadh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach cé gur cinneadh é a díríodh ar dhuine eile.";

(102)Leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, gan dochar do chineálacha eile ioncaim, aon teaglaim de na nithe seo a leanas:

(a) ranníocaíocht chomhardaithe ón Aontas, a chuirfear i mBuiséad Ginearálta an Aontais (roinn an Choimisiúin) nach mó ná 40 % d’ioncam measta an Údaráis;

(b) ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais, ar bhonn an chaiteachais bhliantúil mheasta maidir leis na gníomhaíochtaí atá riachtanach de réir an Rialacháin seo agus i nGníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) le haghaidh gach catagóire rannpháirtithe atá faoi raon feidhme an Údaráis;

(c) aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;

(d) ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit nó ó bhreathnóirí;

(e) táillí ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a iarrfaidh na húdaráis inniúla.”;

cuirtear isteach mír 5 agus mír 6 mar a leanas:

"5. Baileoidh na húdaráis arna n‑ainmniú ag gach Ballstát na ranníocaíochtaí bliantúla dá dtagraítear i mír 1(b) gach bliain ó institiúidí airgeadais aonair. Faoin 31 Márta gach bliain airgeadais, íocfaidh gach Ballstát leis an Údarás an méid nach mór dó a bhailiú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 62a.

6. Ní ghlacfar le ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit agus ó bhreathnóirí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 dá bhféadfaí amhras a chaitheamh ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin.";

(103)cuirtear isteach an tAirteagal 62 a seo a leanas:

"Airteagal 62a

Gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais a ríomh

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 75a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcinnfear conas a ríomhfar ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais aonair dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 62 agus lena leagfar amach an méid seo a leanas:

(a) modh chun an caiteachas measta a shannadh do chatagóirí d’institiúidí airgeadais chun é a bheith ina bhonn lena chinneadh conas a ríomhfar na ranníocaíochtaí atá le déanamh ag institiúidí airgeadais as gach catagóir;

(b) critéir iomchuí oibiachtúla chun a chinneadh cé na ranníocaíochtaí bliantúla atá le híoc ag institiúidí airgeadais aonair faoi raon feidhme na nGníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar bhonn a méide chun a dtábhacht sa mhargadh a gharléiriú.

Bunófar leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír tairseacha de minimis nach mbeidh ranníocaíocht dlite faoina mbun ná íosmhéideanna nach ceart ranníocaíochtaí a bheith faoina mbun.”;

(104)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:

"Airteagal 63

An buiséad a bhunú

1. Gach bliain tarraingeoidh an Comhalta i bhfeighil suas dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach an Údaráis le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an t‑ioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí, maille le plean bunaíochta.

1a. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, ar bhonn an dréachta a bheidh formheasta ag an mBord Maoirseoirí, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

1b. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Eanáir.

2.    Ar bhonn an dréachtdoiciméid clársceidealaithe aonair, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach maidir leis an bplean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 a leanas den Chonradh a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.

3.    Glacfaidh an t‑údarás buiséadach plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh an t‑údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.

4. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.

5. Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin fógra don údarás buiséadach, gan mhoill, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.”;

(105)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:

Airteagal 64

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1. Feidhmeoidh an Comhalta i bhfeighil mar oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme.

2. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn.

3. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Márta sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.

4. Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn.

5. Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 148 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Comhalta i bhfeighil na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.

6. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.

Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Iúil i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.

7. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.

8. Tabharfaidh an Comhalta i bhfeighil freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Feidhmiúcháin agus chuig an gCoimisiún freisin.

9. Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Comhalta i bhfeighil aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.

10. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a fuarthas trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh 15 Bealtaine bhliain N + 2, i leith an bhuiséid do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

(106)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:

"Airteagal 65

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013* ón gCoimisiún do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.

*Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, Lch. 42).";

(107)in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Chun an chalaois, an t‑éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

*Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, Lch. 1).”;

(108)Leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

"1. Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena n‑áirítear comhaltaí lánaimseartha agus Cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin agus, ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun iad a chur i bhfeidhm.    

2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, le comhaontú ón gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin forálacha chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Údarás.”;

(109)Leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

"1. Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus baill foirne uile an Údaráis, lena n‑áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.”;

cuirtear isteach an mhír 2 a seo a leanas:

"2a. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n‑áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Feidhmiúcháin agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá sna míreanna roimhe seo.

Beidh feidhm maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin agus maidir leis an mBord Maoirseoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin.";

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.”;

(110)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 71:

“Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáid na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/XXXX (Rialachán maidir le Cosaint Sonraí ag Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.

(111)in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.";

(112)in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis.";

(113)in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, agus tabharfar an comhaontú sin i gcrích nuair a gheofar formheas an Bhoird Feidhmiúcháin.”;

(114)cuirtear isteach an tAirteagal 75 a seo a leanas:

"Airteagal 75a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.    Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 35c nó Airteagal 62a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(115)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76:

"Airteagal 76

Gaolmhaireacht le CMBE

Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil CMBE. Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil CEIOPS. Faoi dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CEIOPS, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CEIOPS ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CEIOPS agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas."

(116)cuirtear isteach Airteagal 77a nua:

Airteagal 77a

Forálacha idirthréimhseacha

Cúraimí agus post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1094/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tiocfaidh deireadh leo an dáta sin.

Cúraimí agus post an Chathaoirligh arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1094/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], leanfaidh siad ar aghaidh go dtí go rachaidh siad in éag.

Cúraimí agus post chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta arna gceapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1094/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tiocfaidh deireadh leo an dáta sin.".

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:

(117)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 97/9/CE, Threoir 98/26/CE, Threoir 2001/34/CE, Threoir 2002/47/CE, Threoir 2003/71/CE, Theoir 2004/39/CE, Threoir 2004/109/CE, Threoir 2009/65/CE, Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle * Rialachán 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***, agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus, a mhéad a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomh-infheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n‑aonaid nó ar a scaireanna agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, agus gníomhóidh sé faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/87/CE, de Threoir (AE) 2015/849, de Threoir 2002/65/CE, lena n‑áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.

* Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, Lch. 1).

** Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, Lch. 1).

*** Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, Lch. 19).";

   cuirtear isteach an mhír 3 a seo a leanas:

"3a. Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha eile de chuid an Aontais lena dtugtar feidhmeanna an údaraithe agus na maoirseachta agus cumhachtaí comhfhreagracha don Údarás.";

(118)i mír 5 d'Airteagal 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:    

"Cuimsíonn na tagairtí do mhaoirseacht sa Rialachán seo gníomhaíochtaí de chuid na n‑údarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).;

(119)i bpointe 3 d'Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

"(ii) maidir le Treoir 2002/65/CE agus Treoir (AE) 2015/849, na húdaráis atá inniúil chun a áirithiú go ndéanann gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta agus gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n‑aonaid nó ar a scaireanna, go ndéanann siad ceanglais na dTreoracha sin a chomhlíonadh;";

(120)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

"(2) Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 47;";

   scriostar pointe 4;

(121)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)    leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

"(aa) lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a choimeád;";

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) agus phointe (f):

"(e) athbhreithnithe ar údaráis inniúla a eagrú agus a dhéanamh agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte agus moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, d’fhonn comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;

(f) faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i dtaca le treochtaí seirbhísí airgeadais nuálacha;";

(iii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h) cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a chothú;";

(iv)    scriostar pointe (l);

(b)cuirtear isteach mír 1 a nua:

"1a. " Agus a chúraimí á ndéanamh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an tÚdarás san áireamh nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha agus inbhuanaithe, agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais.";

i mír 2, leasaítear an méid seo a leanas:

(i) cuirtear isteach pointe (ca):

" (ca) moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a agus in Airteagal 31a;";

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h) an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus in Airteagal 35b";

(c)cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:

"3. Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, beidh aird iomchuí ag an Údarás ar phrionsabail na rialála níos fearr, lena n‑áirítear torthaí anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.";

(122)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear isteach an pointe (aa) agus an pointe (ab) seo a leanas:

"(aa) athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;

(ab) táscairí riosca mhiondíola a fhorbairt le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir agus don infheisteoir a shainaithint go prapúil;";

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú.";

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údarás lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla náisiúnta uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Féadfaidh an tÚdarás údaráis náisiúnta cosanta sonraí a cheapadh mar chuid den Choiste freisin.";

(123)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

"Ina theannta sin, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a dhíriú chuig údaráis na mBallstát nach sainítear mar údaráis inniúla faoin Rialachán seo ach a bhfuil sé de chumhacht acu cur i bhfeidhm na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a áirithiú.";

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Más iomchuí, seolfaidh an tÚdarás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. Más iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás freisin, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, tuairim nó comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.";

(c)in mír 4, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"Míneofar sa tuarascáil freisin cén t‑údar a bhí ag an Údarás leis na treoirlínte agus na moltaí atá aige a eisiúint agus déanfar achoimre ar an aiseolas ó chomhairliúcháin phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí sin.";

(d)cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:

"5. I gcás ina mbeidh dhá thrian de chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí den tuairim go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás trí threoirlínte nó moltaí áirithe a eisiúint, féadfaidh siad tuairim réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún.

Iarrfaidh an Coimisiún míniú ar an údar atá le heisiúint na dtreoirlínte nó na moltaí lena mbaineann ón Údarás. Déanfaidh an Coimisiún, ar fháil an mhínithe ón Údarás dó, measúnú ar raon feidhme na dtreoirlínte nó na moltaí ó thaobh inniúlacht an Údaráis de. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil a inniúlacht sáraithe ag an Údarás, agus tar éis deis a bheith tugtha don Údarás a thuairimí a chur in iúl, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear de cheangal ar an Údarás na treoirlínte nó na moltaí lena mbaineann a tharraingt siar. Poibleofar an cinneadh ón gCoimisiún.";

(124)i mír 2 d'Airteagal 17, cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

"Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar fhaisnéis a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile nó rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh airgeadais, aon uair a mheastar gá a bheith léi chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm. Nuair is chuig rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá sí dírithe, míneofar san iarraidh réasúnaithe cén fáth a bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun críocha imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.

Nuair a bheidh iarratas ar fhaisnéis curtha chuig rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ar an eolas faoin iarratas sin. Cuideoidh na húdaráis inniúla leis an Údarás an fhaisnéis a bhailiú, má iarrann an tÚdarás sin.";

(125)Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 i gceachtar den dá chás seo a leanas:

a)    ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n‑aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;

(b)    ar a thionscnamh féin i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn critéir oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.

I gcásanna ina leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag na húdaráis inniúla, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na treoracha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin;”;

(b)cuirtear isteach an mhír 1a agus an mhír 1b seo a leanas:

"1a. Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill nár baineadh comhaontú amach.

(a)    i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:

(i) tá an sprioc-am dulta in éag;

(ii) tá cinneadh déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla;

(b)    i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann is túisce de na nithe seo a leanas:

(i)cinneadh a bheith déanta ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn critéir oibiachtúla; nó

(ii)dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.

1b. Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.

Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 47(3a), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí aonair a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 tugtha i gcrích.”;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t‑ábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.”;

(d)cuirtear isteach an mhír 3 a seo a leanas:

"3a. Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena baineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, agus, nuair is infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.”;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 den Chonradh, i gcás nár chomhlíon údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, gur mhainnigh sé a áirithiú go gcomhlíonfadh rannpháirtí sa mhargadh airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir leis, de bhua na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar rannpháirtí sa mhargadh airgeadais á cheangal go ndéanfar an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a chuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n‑áirítear scor d’aon chleachtas áirithe.”;

(126)in Airteagal 22(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear Airteagal 35 agus Airteagal 35b.”;

(127)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

“(aa) an Plean Maoirseachta Straitéiseach a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 29a;”;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n‑áirítear an chibearshlándáil agus cibearionsaithe, más iomchuí, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais;”;

(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e) cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n‑áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;”;

i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san Aontas agus ag cur san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó, lena n‑áirítear de thoradh nuálaíocht teicneolaíochta, na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Leagfar amach sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais dea-chleachtais maoirseachta, agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta.”;

(128)cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:

"Airteagal 29a

An Plean Maoirseachta Straitéiseach

1. Ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo [XXX cuir isteach an tagairt don Rialachán leasaitheach] agus gach trí bliana ina dhiaidh sin faoin 31 Márta, eiseoidh an tÚdarás moladh a bheidh dírithe ar údaráis inniúla ina leagfar síos cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha maoirseachta (“Plean Maoirseachta Straitéiseach”) agus ina gcuirfear san áireamh aon ionchur ó na húdaráis inniúla. Tarchuirfidh an tÚdarás an Plean Maoirseachta Straitéiseach mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é ar a shuíomh gréasáin.

Sainaithneofar sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach tosaíochtaí ar leith do ghníomhaíochtaí maoirseachta chun cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach éifeachtúil éifeachtach a chur chun cinn agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach agus aghaidh a thabhairt ar na treochtaí ábhartha micreastuamachta, na rioscaí ionchasacha agus na leochaileachtaí a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 32.

2. Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh gach údarás inniúil dréachtchlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Údaráis agus leagfaidh sé amach go sonrach conas atá an dréachtchlár oibre sin i gcomhréir leis an bPlean Maoirseachta Straitéiseach.

Beidh sa dréachtchlár oibre bliantúil cuspóirí agus tosaíochtaí sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta agus critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla le haghaidh roghnú rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, cleachtais margaidh agus iompraíochtaí margaidh, agus margaí airgeadais, a scrúdóidh an t‑údarás inniúil a bheidh ag cur isteach an dréachtchláir oibre le linn bhliain an chláir sin.

3. Measúnóidh an tÚdarás an dréachtchlár oibre bliantúil agus, i gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig an údarás inniúil ábhartha arb é is aidhm leis dréachtchlár oibre bliantúil an údaráis inniúil sin a chur in oiriúint don Phlean Maoirseachta Straitéiseach.

Faoin 31 Nollaig gach bliain, glacfaidh na húdaráis inniúla a gclár oibre bliantúil agus aon mholtaí den chineál sin a fuair siad á gcur san áireamh acu.

4. Faoin 31 Márta gach bliain, tarchuirfidh gach údarás inniúil chuig an Údarás tuarascáil ar chur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil.

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:

(a)    tuairisc ar na gníomhaíochtaí maoirseachta agus na scrúduithe ar institiúidí airgeadais, cleachtais margaidh agus iompraíochtaí margaidh agus ar mhargaí airgeadais, agus ar na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin a forchuireadh ar institiúidí airgeadais atá freagrach as sáruithe ar dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta;

(b)    tuairisc ar na gníomhaíochtaí a rinneadh ach nach raibh leagtha amach sa chlár oibre bliantúil;

(c)    cuntas ar na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa chlár oibre bliantúil nach ndearnadh agus ar chuspóirí an chláir sin nár baineadh amach, chomh maith leis na cúiseanna nach ndearnadh na gníomhaíochtaí sin agus nár baineadh amach na cuspóirí sin.

5. Measúnóidh an tÚdarás tuarascálacha cur chun feidhme na n‑údarás inniúil. I gcás ina mbeidh rioscaí ábhartha ann nach mbainfear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Maoirseachta Straitéiseach, eiseoidh an tÚdarás moladh chuig gach údarás inniúil lena mbaineann maidir le cén chaoi ar féidir na heasnaimh ábhartha atá ar a ngníomhaíochtaí a leigheas.

Ar bhonn na dtuarascálacha agus a mheasúnaithe féin ar rioscaí, sainaithneoidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí de chuid an údaráis inniúil ar gá iad chun an Plean Maoirseachta Straitéiseach a chomhlíonadh, agus déanfaidh sé, de réir mar is iomchuí, athbhreithnithe ar na gníomhaíochtaí sin faoi Airteagal 30.

6. Cuirfidh an tÚdarás na dea-chleachtais a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe ar na cláir oibre bhliantúla ar fáil don phobal.”;

(129)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:

“Athbhreithnithe ar údaráis inniúla”;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena n‑áirítear gach faisnéis a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ó gheallsealbhóirí.”;

(c)cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

"1a. Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás coiste athbhreithniúcháin ar a mbeidh baill foirne de chuid an Údaráis agus iad sin amháin. Féadfaidh an tÚdarás cúraimí nó cinntí áirithe a tharmligean chuig an gcoiste athbhreithniúcháin.""

(d)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú, ach ní bheidh an t‑athbhreithniú teoranta dóibh sin amháin:”;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialála atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an gcumas atá ann freagairt a thabhairt ar imeachtaí sa mhargadh;”;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil amach ina mbeidh torthaí an athbhreithnithe leagtha amach. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil sin ar na bearta leantacha a leagfar amach de thoradh an athbhreithnithe. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun Airteagal 29(1)(a).

I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh. I gcás nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla aon ghníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar na bearta leantacha atá sonraithe sa tuarascáil, eiseoidh an tÚdarás tuarascáil leantach.

Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó cur chun feidhme á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh na n‑athbhreithnithe san áireamh a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.”;

(f)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

"3a. Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe nó d’aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá na rialacha maidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh.”;

(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. “4. Foilseoidh an tÚdarás an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 lena n‑áirítear aon tuarascáil leantach mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais. Iarrfar ar an údarás inniúil a bheidh faoi athbhreithniú a bharúlacha a thabhairt sula bhfoilseofar aon tuarascáil. Cuirfear na barúlacha sin ar fáil don phobal mura mbeidh rioscaí san fhoilsiú do chobhsaíocht an chórais airgeadais.”;

(130)in Airteagal 31a, cuirtear mír nua isteach:

“Maidir le gníomhaíocht údarás inniúil atá ceaptha cead isteach sa mhargadh a éascú d’oibreoirí nó táirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicniúil nó ar nuálaíocht eile, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.”;

(131)cuirtear isteach Airteagal 31 a nua:

"Airteagal 31a

Comhordú maidir le tarmligean agus seachfhoinsiú gníomhaíochtaí agus aistriú riosca

"1. Comhordóidh an tÚdarás ar bhonn leanúnach gníomhaíochtaí maoirseachta na n‑údarás inniúil chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn maidir le gníomhaíochtaí rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, agus na haistrithe riosca a dhéanann siad, a tharmligean agus a sheachfhoinsiú, i gcomhréir le mír 2, mír 3, agus mír 4.

2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás má bhíonn sé beartaithe acu údarú nó clárú a dhéanamh i ndáil le rannpháirtí sa mhargadh airgeadais atá faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil lena mbaineann i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus má tá sé i gceist i bplean oibre an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais seachfhoinsiú nó tarmligean a dhéanamh ar chuid ábhartha dá ghníomhachtaí nó ar aon cheann dá phríomhfheidhmeanna, nó aistriú chuig tríú tíortha a dhéanamh ar riosca cuid ábhartha dá ghníomhaíochtaí d’fhonn tairbhiú de phas an Aontais Eorpaigh agus gníomhaíochtaí nó feidhmeanna móra ar siúl acu den chuid is mó lasmuigh den Aontas. Beidh an fógra a thabharfar don Údarás mionsonraithe a dhóthain le gur féidir leis an Údarás measúnú ceart a dhéanamh.

I gcás ina measfaidh an tÚdarás gur gá tuairim a eisiúint chuig údarás inniúil maidir le húdarú nó clárú, faoinar tugadh fógra de bhun na chéad fhomhíre, gan a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le treoirlínte, moltaí nó tuairimí a ghlac an tÚdarás, cuirfidh an tÚdarás an t‑údarás inniúil sin ar an eolas faoin méid sin laistigh de 20 lá oibre tar éis dó fógra a fháil ón údarás inniúil sin. Sa chás sin fanfaidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann le tuairim ón Údarás sula ndéanfaidh sé an clárú nó an t‑údarú.

Ar iarratas ón Údarás, cuirfidh an t‑údarás inniúil ar fáil laistigh de 15 lá oibre tar éis dó an iarraidh sin a fháil pé faisnéis a bhaineann lena chinntí chun rannpháirtí sa mhargadh airgeadais atá faoina mhaoirseacht a údarú nó a chlárú i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Eiseoidh an tÚdarás an tuairim, gan dochar d’aon teorainneacha ama atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais, faoi cheann dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dó an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.

3. Tabharfaidh rannpháirtí sa mhargadh airgeadais fógra don údarás inniúil faoi sheachfhoinsiú nó tarmligean cuid ábhartha dá ghníomhachtaí nó aon cheann dá phríomhfheidhmeanna, agus faoi aistriú riosca cuid ábhartha dá ghníomhaíochtaí chuig eintiteas eile nó chuig brainse dá chuid atá bunaithe i dtríú tír. An t‑údarás inniúil lena mbaineann, cuirfidh sé an tÚdarás ar an eolas faoi na fógraí sin ar bhonn leathbhliantúil.

Gan dochar d’Airteagal 35, ar iarratas ón Údarás, cuirfidh an t‑údarás inniúil faisnéis ar fáil maidir leis na socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca atá ag na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.

Déanfaidh an tÚdarás faireachán féachaint an bhfuil na húdaráis inniúla lena mbaineann ag fíorú go bhfuil socruithe seachfhoinsithe, tarmligin nó aistrithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais, go bhfuil siad ag comhlíonadh na dtreoirlínte, na moltaí nó na dtuairimí ón Údarás agus nach gcuireann siad cosc ar na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus ar fhorfheidhmiú i dtríú tír.

4. Féadfaidh an tÚdarás moltaí a eisiúint chuig an údarás inniúil lena mbaineann, lena n‑áirítear moltaí cinneadh a athbhreithniú nó údarú a tharraingt siar. I gcás nach leanfaidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann moltaí an Údaráis laistigh de 15 lá oibre, déanfaidh an t‑údarás inniúil na cúiseanna a lua agus poibleoidh an tÚdarás a mholadh mar aon leis na cúiseanna sin.”;

(132)cuirtear isteach Airteagal 31b nua:

"Airteagal 31b

Feidhm chomhordaithe maidir le horduithe, idirbhearta agus gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann suntasach acu

1. I gcás ina mbeidh foras réasúnach ag an Údarás a cheapadh go bhfuil orduithe, idirbhearta nó aon ghníomhaíocht eile a bhfuil tionchar trasteorann suntasach acu ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas, molfaidh sé go dtionscnóidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann imscrúdú agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fáil do na húdaráis inniúla sin.

2. I gcás ina mbeidh foras réasúnach ag údarás inniúil a cheapadh go bhfuil orduithe, idirbhearta nó aon ghníomhaíocht eile a bhfuil tionchar trasteorann suntasach acu ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas, tabharfaidh sé fógra láithreach don Údarás agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fáil. Féadfaidh an tÚdarás a mholadh d’údaráis inniúla na mBallstát a gceaptar gur tharla an ghníomhaíocht ann beart a dhéanamh tar éis dó an fhaisnéis ábhartha a tharchur chuig na húdaráis inniúla sin.

3. Chun an malartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis inniúla a éascú, bunóidh agus coimeádfaidh an tÚdarás saoráid stórála sonraí a ceapadh chun na críocha sin.”;

(133)in Airteagal 32, cuirtear isteach mír 2a nua:

"2a. Ar a laghad uair sa bhliain, measfaidh an tÚdarás an iomchuí na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh agus cuirfidh sé a réasúnú in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. I gcás ina ndéanfar na measúnuithe uile-Aontais sin agus go measfaidh an tÚdarás gurb iomchuí iad a dhéanamh, nochtfaidh sé na torthaí maidir le gach institiúid airgeadais rannpháirteach.

Ní chuirfidh na hoibleagáidí rúndachta gairmiúla atá ar údaráis inniúla bac orthu toradh na measúnuithe uile-Aontais dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú nó a tharchur chuig an Údarás chun gur féidir leis an Údarás an toradh ar na measúnuithe uile-Aontais sin ar bhuanseasmhacht na margaí airgeadais a fhoilsiú.”;

(134)Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).";

cuirtear isteach an mhír 2a, an mhír 2b agus an mhír 2c seo a leanas:

"2a. Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta agus na cleachtais forfheidhmiúcháin agus na forbairtí margaidh ábhartha i dtríú tíortha ar ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise ina leith de bhun na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun a dhéanamh amach an bhfuiltear ag comhlíonadh fós na gcritéar ar glacadh na cinntí sin ar a mbonn agus aon choinníollacha atá leagtha amach iontu. Cuirfidh sé san áireamh a ábhartha don mhargadh atá na tríú tíortha lena mbaineann. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar a chinntí ina leith sin.

Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis réitigh tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcórais dlí agus maoirseachta coibhéiseach. Leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, féachfaidh sé chuige go gcuirfear forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:

a)    na sásraí lena bhféadfadh an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n‑áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, chomh maith leis an gcur chuige maoirseachta, forbairtí margaidh ábhartha agus aon athruithe a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;

b)    a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca leis na cinntí sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n‑áirítear, i gcás inar gá, cigireachtaí ar an láthair.

Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas i gcás ina ndiúltóidh údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a chur i gcrích nó i gcás ina ndiúltóidh sé comhoibriú go héifeachtach. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh agus é ag athbhreithniú na gcinntí coibhéise ábhartha.

2b. I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill.

Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain ar na forbairtí maidir le rialáil, maoirseacht, forfheidhmiú, agus margaí sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2a agus béim ar leith inti ar na himpleachtaí atá leo i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

2c. Cuirfidh na húdaráis inniúla an tÚdarás ar an eolas roimh ré faoin rún atá acu aon socruithe riaracháin a chur i gcrích le húdaráis inniúla tríú tír in aon cheann de na réimsí atá faoi réir na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n‑áirítear an méid a bhaineann le brainsí eintiteas tríú tír. Tabharfaidh siad dréacht de na socruithe beartaithe sin don Údarás san am céanna.

Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.

Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis maoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an ghníomhaíocht faireacháin a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 2a.”;

(135)i mír 2 d’Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí:

“Beidh feidhm ag Airteagal 35 agus ag Airteagal 35b maidir leis na réimsí a bhféadfaidh an tÚdarás tuairim a eisiúint ina leith.”

(136)Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

"1. Ar iarratas ón Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás, chun go mbeidh sé in ann na cúraimí a cuireadh air faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.

Beidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil cruinn agus iomlán agus cuirfear isteach í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás.”

2. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófaí faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáid shonraithe nó trí bhíthin teimpléid inchomparáide arna bhformheas ag an Údarás. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin i bhformáidí coiteanna tuairiscithe.

3. Tar éis don Údarás iarraidh chuí‑réasúnaithe a fháil ó údarás inniúil, féadfaidh sé aon fhaisnéis atá riachtanach a sholáthar chun an t‑údarás inniúil a chumasú a chuid cúraimí a dhéanamh, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndacht ghairmiúil atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar i gcomhréir le mír 1 ar fáil nó nach soláthróidh na húdaráis inniúla í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar léi agus í réasúnaithe go cuí a dhíriú chuig aon cheann díobh seo a leanas:

(a) údaráis maoirseachta eile ag a bhfuil feidhmeanna maoirseachta;

(b) an aireacht atá freagrach as airgeadas sa Bhallstát lena mbaineann i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil di;

(c) banc ceannais náisiúnta nó oifig staidrimh an Bhallstáit lena mbaineann;

(d) oifig staidrimh an Bhallstáit lena mbaineann;

Ar iarratas ón Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.”;

scriostar mír 6 agus mír 7;

(137)cuirtear isteach Airteagal 35a go 35h mar seo a leanas:

"Airteagal 35a

Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 35b

Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar don Údarás nó d’aon duine dá chuid oifigeach nó d’aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35b, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 35b

Iarraidh ar fhaisnéis ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais

1. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a iarrfar faoi mhír 1 nó faoi mhír 5 d’Airteagal 35 ar fáil nó nach soláthrófar í laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an Údarás, féadfaidh sé trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh ceangal a chur ar na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis uile a sholáthar atá riachtanach chun gur féidir leis an Údarás a chúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh.

2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata a lua;

(c)    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d)    teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)    ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n‑iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f)    an méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 35c a shonrú, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.”

3. Nuair a iarrtar go gcuirfear faisnéis ar fáil trí chinneadh, déanfaidh an tÚdarás:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata a lua;

(c)    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d)    teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)    a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35d i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f)    a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 35c i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g)    a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair an Bhoird Achomhairc agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus Airteagal 61.

4. Maidir leis na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5. Déanfaidh an tÚdarás, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an rannpháirtí ábhartha sa mhargadh airgeadais lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis nó ina bhfuil sé bunaithe.

6. Is chun na cúraimí a sannadh dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, agus chuige sin amháin, a fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fuarthas i gcomhréir leis an Airteagal seo a úsáid.”;

Airteagal 35c

Rialacha nós imeachta maidir le fíneálacha a fhorchur

1. I gcás ina n‑aimseoidh an tÚdarás, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh sárú dá dtagraítear in Airteagal 35d(1), ceapfaidh an tÚdarás oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh den Údarás chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t‑oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach ar na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar an mBord Maoirseoirí.

2. Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú faoina bhráid á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.

3. Chun a chúraimí a dhéanamh, beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 35b.

4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag an Údarás ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.

6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n‑imscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.

7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 35f, cinnfidh an tÚdarás an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 35d(1) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart i gcomhréir leis an Airteagal sin.

9. Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití an Bhoird Maoirseoirí ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird Maoirseoirí.

10. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 75a chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n‑áirítear na rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) cearta cosanta,

(b) forálacha ama,

(c) forálacha lena sonraítear an chaoi a mbaileofar fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla,

(d) forálacha lena sonraítear na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

11. Déanfaidh an tÚdarás ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n‑aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní fhorchuirfidh an tÚdarás fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras comhionann nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 35d

Fíneálacha

1. Glacfaidh an tÚdarás cinneadh fíneáil a ghearradh má fhaigheann sé gur mhainnigh rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, d’aon ghnó nó le faillí, faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena n‑éilítear faisnéis de bhun Airteagal 35b(3) nó gur sholáthair sé faisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis nó ar chinneadh de bhun Airteagal 35b(2).

2. Is é a bheidh i méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 1 EUR 50 000 ar a laghad agus ní bheidh sé os cionn EUR 200 000.

3. Agus méid bunúsach na fíneála dá dtagraítear i mír 2 á shocrú aige, cuirfidh an tÚdarás san áireamh láimhdeachas bliantúil an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin agus beidh sé:

(a) ag ceann íochtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil faoi bhun EUR 10 milliún;

(b) ag lár na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil idir EUR 10 milliún agus EUR 50 milliún;

(c) ag ceann uachtair na teorann le haghaidh eintitis ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil os cionn EUR 50 milliún.

Déanfar na méideanna bunúsacha, arna sainiú de réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí imthosca géaraitheacha nó imthosca maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach i mír 5.

Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.

Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.

4. Cuirfear na comhéifeachtaí um choigeartú seo a leanas i bhfeidhm, go carnach, maidir leis an méid bunúsach dá dtagraítear i mír 2, ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)    is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:

(i) i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1.1 maidir le gach uair a rinneadh an sárú athuair;

(ii) i gcás inar mhair an sárú níos mó ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5;

(iii) i gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;

(iv) i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a rinneadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.7;

(v) i gcás nár chomhoibrigh bainistíocht shinsearach an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais leis an Údarás, beidh feidhm ag comhéifeacht 1.5.

(b)    is iad seo a leanas na comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca maolaitheacha:

(i) i gcás inar mhair an sárú níos lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.9;

(ii) i gcás inar féidir le bainistíocht shinsearach an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais a léiriú go bhfuil na bearta uile is gá déanta aici chun cosc a chur le teip iarraidh de bhun Airteagal 35(6a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.7;

(iii) i gcás inar chuir an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais an sárú in iúl don Údarás go pras, go héifeachtach agus go hiomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.4;

(iv) i gcás ina ndearna an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, dá dheoin féin, bearta chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0.6.

5. D’ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh iomlán na fíneála os cionn 20 % de láimhdeachas bliantúil an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin mura rud é gur bhain an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go neamhdhíreach. Sa chás sin, beidh an fhíneáil iomlán cothrom, ar a laghad, leis an tairbhe sin.

Airteagal 35e

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Glacfaidh an tÚdarás cinneadh íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh chun iallach a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35b(1) faisnéis arna hiarraidh trí chinneadh a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 35b(3).

2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

3. D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % de mheánláimhdeachas laethúil an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4. Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ón ón Údarás.

Airteagal 35f

An ceart éisteacht a fháil

1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh faoi Airteagal 35d agus Airteagal 35e, tabharfaidh an tÚdarás an deis don rannpháirtí sa mhargadh airgeadais atá faoi réir na hiarrata éisteacht a fháil.

Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus ar na torthaí sin amháin, a bhunóidh an tÚdarás a chuid cinntí.

2. Déanfar cearta cosanta an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a urramú go hiomlán le linn an nós imeachta. Beidh an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais i dteideal rochtain a bheith aige ar chomhad an Údaráis, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid an Údaráis sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 35 g

Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Fíneálacha agus íocaíochtaí de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e agus beidh siad in-fhorfheidhmithe.

2. Beidh forfheidhmiú íocaíochta na fíneála agus na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla faoi réir na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ar ina chríoch a dhéanfar an forfheidhmiú. Beidh an t‑ordú forfheidhmiúcháin i gceangal leis an gcinneadh lena ngearrfar fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil, gan ceanglas a bheith ann maidir le haon fhoirmiúlacht ach amháin fíorú ar bharántúlacht an chinnidh arna dhéanamh ag údarás a ainmneoidh gach Ballstát chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Údarás agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3. Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin dá dtagraítear i mír 2 comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.

4. Is le cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a fhéadfar forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a chur ar fionraí. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil forfheidhmiú íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á dhéanamh go neamhrialta.

5. Déanfaidh an tÚdarás gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 35d agus Airteagal 35e a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

6. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 35h

Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr an tÚdarás fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearr an tÚdarás a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.”;

(138)I mír 5 d’Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh.”

(139)Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí den chéad fhomhír de mhír 4:

“Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar feadh tréimhse ceithre bliana agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.”;

(b)    i mír 5, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

“I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bheith ar aon tuairim nó comhairle le chéile, beidh cead ag na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin tuairim ar leith nó comhairle ar leith a eisiúint.

Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais, agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde tuairimí comhpháirteacha agus comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na nÚdarás Maoirseachta Eorpach faoi Airteagal 56 den Rialachán seo maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.”;

(140)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

"Airteagal 39

Nós imeachta cinnteoireachta

"1. Gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 nuair a bheidh sé ag glacadh cinntí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin na cinntí sin a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 35b, Airteagal 35d agus Airteagal 35e.

2. Cuirfidh an tÚdarás in iúl d’aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

3. Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.

4. Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

5. I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó Airteagal 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.

6. Poibleofar glacadh na gcinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 nó Airteagal 19. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais sin nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.”;

(141)Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

“(aa) comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(1), nach mbeidh vóta acu;”;

   i mír 6, scriostar an dara fomhír;

cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:

"7. I gcás nach bhfuil an t‑údarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.”;

(142)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

"Airteagal 41

Coistí inmheánacha

(143)“Féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh dó. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Feidhmiúcháin nó chuig an gCathaoirleach.”

(144)in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Nuair a bheidh na cúraimí a tugadh dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, mar aon leis na comhaltaí a bhaineann go sonrach le CPLanna a bhfuil vóta acu agus comhaltaí buana de Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna a bhfuil vóta acu, go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.”;

(145)Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoir maidir le hobair an Údaráis.

Glacfaidh sé tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, cé is moite de na cúraimí agus na cumhachtaí sin as a bhfuil Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna freagrach de bhun Airteagal 44b agus as a bhfuil an Bord Feidhmiúcháin freagrach de bhun Airteagal 47. Gníomhóidh sé ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin.”;

scriostar mír 2 agus mír 3;

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Feidhmiúcháin, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n‑áirítear an t‑ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, ar bhonn na dréacht-tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7) agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.”;

scriostar mír 8.

(146)Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

sa dara fomhír de mhír 1, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

“Ní dhéanfaidh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Cathaoirleach vótáil ar na cinntí sin.”;    

i mír 1, scriostar an tríú agus an ceathrú fomhír;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. “4. Ní bheidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí rannpháirteach in aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).”;

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an gCathaoirleach, leis na comhaltaí sin ar comhaltaí freisin iad den Bhord Feidhmiúcháin agus le hionadaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh arna ainmniú ag a Bhord Maoirseachta.”;

(147)i gCaibidil III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 2:

“An Bord Feidhmiúcháin”;

(148)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

"Airteagal 45

Comhdhéanamh

"1. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus de chúig chomhalta lánaimseartha. Sannfaidh an Cathaoirleach cúraimí beartais agus bainistíochta atá sainithe go soiléir do gach duine de na comhaltaí lánaimseartha. Sannfar freagrachtaí as cúrsaí buiséadacha agus cúrsaí a bhaineann le clár oibre an Údaráis do dhuine de na comhaltaí lánaimseartha (a bheidh ina “Chomhalta i bhFeighil”). Feidhmeoidh duine de na comhaltaí lánaimseartha mar Leas-Chathaoirleach agus déanfaidh sé cúraimí an Chathaoirligh nuair a bheidh an Cathaoirleach as láthair nó má bhíonn bac réasúnta air, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Glacfaidh Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna páirt mar bhreathnóir ag cruinnithe uile an Bhoird Feidhmiúcháin.

2. Roghnófar na comhaltaí lánaimseartha ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Beidh taithí chuimsitheach bhainistíochta ag na comhaltaí lánaimseartha. Bunófar an roghnú ar ghlao oscailte ar iarrthóirí a bheidh le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, ina dhiaidh sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas gearrliosta de na hiarrthóirí cáilithe.

Cuirfidh an Coimisiún an gearrliosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh, an Comhalta i bhfeighil san áireamh. Beidh an Bord Feidhmiúcháin cothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine.

3. Más rud é nach gcomhlíonann comhalta lánaimseartha den Bhord Feidhmiúcháin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 46 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí‑iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun é a chur as oifig.

4. 5 bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin. Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige cúig bliana an chomhalta lánaimseartha, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a) na torthaí a baineadh amach i rith an chéad téarma oifige agus mar a baineadh amach iad;

(b) dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.

Agus an mheastóireacht á cur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún liosta na gcomhaltaí lánaimseartha atá le nuashonrú faoi bhráid na Comhairle. Ar bhonn an ghearrliosta sin, agus an mheastóireacht á cur san áireamh aici, féadfaidh an Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige na gcomhaltaí lánaimseartha.”;

(149)cuirtear isteach an tAirteagal 45 a seo a leanas:

"Airteagal 45a

Cinnteoireacht

1. Glacfar cinntí an Bhoird Feidhmiúcháin trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

2. Glacfaidh an t‑ionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin gan an ceart vótála a bheith aige seachas maidir leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.

3. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

4. Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó chomhalta amháin den Bhord, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.

Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Feidhmiúcháin is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.

5. Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe nach bhfuil vóta acu ar aon phlé laistigh den Bhord Feidhmiúcháin a bhaineann le rannpháirtithe aonair sa mhargadh airgeadais.”;

(150)cuirtear isteach an tAirteagal 45b seo a leanas:

"Airteagal 45b

Coistí inmheánacha

Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a sannadh dó.”;

(151)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:

"Airteagal 46

Neamhspleáchas

“Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhaltaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin i leith dhéanamh a gcúraimí.”;

(152)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:

"Airteagal 47

Cúraimí

"1. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go ndéanfaidh sé na cúraimí a shannadh dó i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh sé gach beart is gá, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí, agus bainfidh cuid den chlár le gnóthaí CPL.

3. Feidhmeoidh an Bord Feidhmiúcháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64.

Chun críocha Airteagail 17, 19, 22, 29a, 30, 31a, 32 agus 35b go 35h, beidh an Bord Feidhmiúcháin inniúil ar ghníomhú agus ar chinntí a ghlacadh, ach amháin maidir le gnóthaí CPL a mbeidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna inniúil ina leith. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoina chuid cinntí.

3a. Scrúdóidh an Bord Feidhmiúcháin na ceisteanna ar fad atá le socrú ag an mBord Maoirseoirí, tabharfaidh sé a thuairim fúthu agus déanfaidh sé togra maidir leo.

4. Scrúdóidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí agus ullmhóidh sé iad lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí maidir le gach ábhar i gcás ina dtabharfar le hachtanna dá dtagraítear in Airteagal 1(2) feidhmeanna údarúcháin nó maoirseachta agus cumhachtaí comhfhreagracha don Údarás. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin plean beartais fhoireann an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), glacfaidh sé na bearta cur chun feidhme is gá ó Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach (“na Rialacháin Foirne”).

5. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72.

6. Ar bhonn na dréacht-tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 53(7), déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n‑áirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.

7. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5).

8. Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin na cruinnithe uile a eagrófar agus an fáilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne. .

9. Beidh na cúraimí seo a leanas ag an gComhalta i bhfeighil:

(a) clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoraíocht ón mBord Maoirseoirí, agus ó Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna maidir leis na cúraimí agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1), agus faoi rialú an Bhoird Feidhmiúcháin;

(b) gach beart is gá a dhéanamh, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c) clár oibre ilbhliantúil a ullmhú dá dtagraítear i mír 2;

(d) clár oibre a ullmhú faoin 30 Meitheamh gach bliain don bhliain tar a éis sin, dá dtagraítear in Airteagal 47(2);

(e) réamh-dhréachtbhuiséad an Údaráis a tharraingt suas de bhun Airteagal 63 agus buiséad an Údaráis a chur chun feidhme de bhun Airteagal 64;

(f) dréacht-tuarascáil bhliantúil a ullmhú, lena n‑áireofar roinn a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus roinn a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin;

(g) na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 68 maidir le foireann an Údaráis a fheidhmiú agus cúrsaí foirne a bhainistiú.

Mar sin féin, i dtaca leis an gcuid sin den chlár a bhaineann le gnóthaí CPL, dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (c) agus pointe (d) den chéad fhomhír i gcrích.

I dtaca leis an dréacht-tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír, cuirfidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna na cúraimí dá dtagraítear inti maidir le gnóthaí CPL i gcrích.

.";

(153)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn III de Chaibidil III:

“Cathaoirleach, Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus Stiúrthóirí Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna”;

(154)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Beidh an Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú agus gníomhóidh sé mar chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Feidhmiúcháin.”;

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Tar éis glao oscailte ar iarrthóirí atá le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí le haghaidh phost an Chathaoirligh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis fhormheas an ghearrliosta sin, glacfaidh an Chomhairle cinneadh an Cathaoirleach a cheapadh.

“Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí‑iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun é a chur as oifig.”;

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus an mheastóireacht á cur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.”;

scriostar mír 5;

(155)cuirtear isteach an tAirteagal 49 a seo a leanas:

"Airteagal 49a

Caiteachais

Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.”;

(156)scriostar Airteagal 51, Airteagal 52 agus Airteagal 53;

(157)Leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

(a)i mír 2 d’Airteagal 54, cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:

" — saincheisteanna a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí;" ;

(b)i mír 2, scriostar an cúigiú fleasc;

(c)cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

"2a    Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde faoi chúrsaí a bhaineann leis an idirghníomhú idir cúraimí an Údaráis agus cúraimí an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde agus na cúramaí sonracha dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a thugtar don Údarás Baincéireachta Eorpach.";

(158)in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Iarrfar ar chomhalta amháin den Bhord Feidhmiúcháin, ar ionadaí ón gCoimisiún agus ar ionadaí ó BERS freastal, i gcáil breathnadóirí, ar chruinnithe an Chomhchoiste agus ar chruinnithe aon Fhochoistí dá dtagraítear in Airteagal 57.";

(159)Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Déanfaidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Ní dhéanfar comhalta den Bhord Achomhairc arna cheapadh ag Bord Feidhmiúcháin an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma oifige, mura rud é go bhfuarthas ciontach é i mí‑iompar tromchúiseach agus go ndearna an Bord Feidhmiúcháin cinneadh chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.";

(160)in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus a gcinntí á ndéanamh acu. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh i ndáil leis an Údarás, le Bord Feidhmiúcháin an Údaráis ná le Bord Maoirseoirí an Údaráis.";

(161)in Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n‑áirítear údaráis inniúla, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón Údarás dá dtagraítear in Airteagail 17, 18, 19 agus 35 agus in aghaidh aon chinneadh eile a rinne an tÚdarás i gcomhréir leis na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ar cinneadh é a díríodh ar an duine sin, nó in aghaidh cinneadh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach cé gur cinneadh é a díríodh ar dhuine eile.";

(162)Leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, gan dochar do chineálacha eile ioncaim, aon teaglaim de na nithe seo a leanas:

(a) ranníocaíocht chomhardaithe ón Aontas, a chuirfear i mBuiséad Ginearálta an Aontais (roinn an Choimisiúin) nach mó ná 40 % d’ioncam measta an Údaráis;

(b) ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais, ar bhonn an chaiteachais bhliantúil mheasta maidir leis na gníomhaíochtaí atá riachtanach de réir an Rialacháin seo agus i nGníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) le haghaidh gach catagóire rannpháirtithe atá faoi raon feidhme an Údaráis;

(c) aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;

(d) ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit nó ó bhreathnóirí;

(e) táillí ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a iarrfaidh na húdaráis inniúla.”;

(b)cuirtear isteach mír 5 agus mír 6 mar a leanas:

"5. Baileoidh na húdaráis arna n‑ainmniú ag gach Ballstát na ranníocaíochtaí bliantúla dá dtagraítear i mír 1(b) gach bliain ó institiúidí airgeadais aonair. Faoin 31 Márta gach bliain airgeadais, íocfaidh gach Ballstát leis an Údarás an méid nach mór dó a bhailiú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 62a.

6. Ní ghlacfar le ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit agus ó bhreathnóirí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin.”;

(163)cuirtear isteach an tAirteagal 62 a seo a leanas:

"Airteagal 62a

Gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais a ríomh

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 75a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcinnfear conas a ríomhfar ranníocaíochtaí bliantúla ó institiúidí airgeadais aonair dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 62 agus lena leagfar amach an méid seo a leanas:

(a) modh chun an caiteachas measta a shannadh do chatagóirí d’institiúidí airgeadais chun é a bheith ina bhonn lena chinneadh conas a ríomhfar na ranníocaíochtaí atá le déanamh ag institiúidí airgeadais as gach catagóir;

(b) critéir iomchuí oibiachtúla chun a chinneadh cé na ranníocaíochtaí bliantúla atá le híoc ag institiúidí airgeadais aonair faoi raon feidhme na nGníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar bhonn a méide chun a dtábhacht sa mhargadh a gharléiriú.

Bunófar leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír tairseacha de minimis nach mbeidh ranníocaíocht dlite faoina mbun ná íosmhéideanna nach ceart ranníocaíochtaí a bheith faoina mbun.”;

(164)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:

"Airteagal 63

An buiséad a bhunú

1. Gach bliain tarraingeoidh an Comhalta i bhfeighil suas dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach an Údaráis le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an t‑ioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Feidhmiúcháin agus an Bord Maoirseoirí, maille le plean bunaíochta.

Beifear ina ann caiteachas agus táillí ÚEUM a bhaineann leis na cúraimí agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1) a aithint ceann ar cheann sa ráiteas ar mheastacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Sula nglacfar an ráiteas ar mheastacháin sin, déanfaidh Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna an dréacht a bheidh ullmhaithe ag an gComhalta i bhfeighil a bhaineann leis an gcaiteachas agus na táillí sin a fhormheas.

I gcuntais bhliantúla ÚEUM a tharraingeofar suas agus a fhoilseofar i gcomhréir le hAirteagal 64(6), beidh an t‑ioncam agus na caiteachais a bhaineann leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1).

1a. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, ar bhonn an dréachta le haghaidh caiteachais agus táillí a bhaineann le cúraimí agus cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44b(1) a bheidh formheasta ag an mBord Maoirseoirí agus ag Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

1b. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Eanáir.

2.    Ar bhonn an dréachtdoiciméid clársceidealaithe aonair, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach maidir leis an bplean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 a leanas den Chonradh a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.

3.    Glacfaidh an t‑údarás buiséadach plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh an t‑údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.

4. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.

5. Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin fógra don údarás buiséadach, gan mhoill, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.”;

(165)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:

"Airteagal 64

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1. Feidhmeoidh an Comhalta i bhfeighil mar oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme.

2. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn.

3. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Márta sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.

4. Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn.

5. Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 148 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Comhalta i bhfeighil na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.

6. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.

Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Iúil i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.

7. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.

8. Tabharfaidh an Comhalta i bhfeighil freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Feidhmiúcháin agus chuig an gCoimisiún freisin.

9. Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Comhalta i bhfeighil aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.

10. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a fuarthas trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh 15 Bealtaine bhliain N + 2, i leith an bhuiséid do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

(166)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:

"Airteagal 65

Rialacha Airgeadais

Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013* ón gCoimisiún do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.

*Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 328, 7.12.2013, Lch. 42).”;

(167)in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Chun an chalaois, an t‑éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

*Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, Lch. 1).”;

(168)Leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

"1. Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena n‑áirítear comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin, an Cathaoirleach, Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus na Stiúrthóirí dá dtagraítear i mír (i) d’Airteagal 44a(1)(a), ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun iad a chur i bhfeidhm.

2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, le comhaontú ón gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. “4. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin forálacha chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Údarás.”;

(169)Leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus baill foirne uile an Údaráis, lena n‑áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.”;

cuirtear isteach an mhír 2 a seo a leanas:

"2a. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin, Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n‑áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Feidhmiúcháin agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá sna míreanna roimhe seo.

Beidh feidhm maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Feidhmiúcháin, maidir le Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus maidir leis an mBord Maoirseoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin.

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.”;

(170)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 71:

“Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáid na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/XXXX (Rialachán maidir le Cosaint Sonraí ag Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.

(171)in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm."

(172)in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis.";

(173)in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, agus tabharfar an comhaontú sin i gcrích nuair a gheofar formheas an Bhoird Feidhmiúcháin.”;

(174)cuirtear isteach an tAirteagal 75 a seo a leanas:

"Airteagal 75a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 35c agus in Airteagal 62a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.    Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 35c nó Airteagal 62(2a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(175)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76:

"Airteagal 76

Gaolmhaireacht le CESR

Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil CESR. Faoi dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CESR, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CESR ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CESR agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas.”

(176)cuirtear isteach Airteagal 77a nua:

Airteagal 77a

Forálacha idirthréimhseacha

Cúraimí agus post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1095/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tiocfaidh deireadh leo an dáta sin.

Cúraimí agus post an Chathaoirligh arna cheapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1095/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], leanfaidh siad ar aghaidh go dtí go rachaidh siad in éag.

Cúraimí agus post chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta arna gceapadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1095/2010 arna leasú go deireanach le Treoir 2014/51/AE agus atá in oifig an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tiocfaidh deireadh leo an dáta sin.".

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

i mír 1, scriostar pointe (c);

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.    Beidh feidhm ag Airteagal 3 go hAirteagal 6, Airteagal 12, pointe (c) agus pointe (i) d’Airteagal 13(1) agus Airteagail 14a go 19, 19a go 19c, 20, 20a go 20c, 21, 21a go 21d agus 25 den Rialachán seo i leith bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta, arna n‑údarú de bhun Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, a bhainistíonn punanna cistí fiontair cáilitheacha agus a bhfuil sé de rún acu an sonrúchán ‘EuVECA’ a úsáid i dtaca le margú na gcistí sin san Aontas.”;

in Airteagal 3, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)    ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (h) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;”;

scriostar pointe (n);

in Airteagal 7, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir atá le húsáid chun a mheas an gcomhlíonann bainisteoirí atá i mbun cistí caipitil fiontair cáilitheacha a gcuid oibleagáidí faoi phointí (a) go (g) de mhír 1, ag áirithiú comhsheasmhacht le hAirteagal 12(1) de Threoir 2011/61/AE.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [[Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm]]

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

in Airteagal 8, cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:

“3.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25 lena sonrófar na ceanglais maidir le tarmligean feidhmeanna dá dtagraítear i mír 2, ag áirithiú comhsheasmhacht leis na ceanglais is infheidhme maidir le tarmligean feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 20 de Threoir 2011/61/AE.”;

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

sa dara habairt agus san abairt dheireanach de mhír 3, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;

i mír 5, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;

cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:

“7.    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na hacmhainní daonna agus teicniúla iomchuí is gá chun na cistí caipitil fiontair cáilitheacha dá dtagraítear i mír 1 a bhainistiú go cuí.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

in Airteagal 11, cuirtear mír 3 agus mír 4 seo a leanas leis:

“3.    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na rialacha agus na nósanna imeachta chun na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 a luacháil, lena n‑áirithítear comhsheasmhacht leis na ceanglais is infheidhme maidir le luacháil sócmhainní a leagtar amach in Airteagal 19 de Threoir 2011/61/AE.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

sa chéad mhír, sa chéad abairt den chéad fhomhír, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.    Nuair a iarrtar air sin a dhéanamh, cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis atá bailithe faoin Airteagal seo ar fáil, ar bhealach tráthúil, d’údaráis inniúla.”;

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    sna focail tosaigh, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;

(ii)    cuirtear isteach an pointe (-a) seo a leanas:

“(-a)an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag bainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh”;

(iii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)céannacht agus sainchónaí na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha sin a ndéanfar a naonaid nó a scaireanna a mhargú agus a straitéisí infheistíochta”;

sna focail tosaigh i mír 2, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.    Cuirfidh ÚEUM gach duine díobh seo a leanas ar an eolas an bhfuil an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1 cláraithe mar bhainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dó an fhaisnéis go léir dá dtagraítear sa mhír sin a chur ar fáil:

(a)    an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1;

(b)    údaráis inniúla an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (-a) de mhír 1;

(c)    údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1.";

   leasaítear mír 6 mar a leanas:

(i)    sa chéad fhomhír, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás ina ndéanfaidh ÚEUM agóid in aghaidh na n‑athruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh sé bainisteoir an chiste caipitil fiontair cháilithigh ar an eolas laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil maidir leis an hathruithe sin agus luafaidh sé na cúiseanna leis an agóid. Ní fhéadfaidh na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur chun feidhme ach ar choinníoll nach ndéanfaidh ÚEUM agóid in aghaidh na n‑athruithe sin laistigh den tréimhse sin.”;

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 agus mhír 8:

“7.    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir atá le húsáid chun an dea-cháil leordhóthanach agus an taithí leordhóthanach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a mheasúnú.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta i leith an fhaisnéis a thabhairt dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear an fhaisnéis a thabhairt chun críocha phointe (a) de mhír 2.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

leasaítear Airteagal 14a mar a leanas:

sna focail tosaigh i mír 2, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.    Chun críocha iarratas ar chlárú de bhun mhír 1 a mheas, iarrfaidh ÚEUM ar údarás inniúil an bhainisteora a chuirfidh an t‑iarratas isteach an dtagann an ciste caipitil fiontair cáilitheach faoi raon feidhme údarás an bhainisteora sin gnóthais chomhinfheistíochta a bhainistiú agus an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 14(2).

Féadfaidh ÚEUM soiléiriú agus faisnéis a iarraidh maidir leis an doiciméadacht agus leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír.

Tabharfaidh údarás inniúil an bhainisteora freagra laistigh de mhí amháin tar éis dó iarraidh a fháil arna cur ag ÚEUM faoina bhráid de bhun na chéad fhomhíre nó an dara fomhír.”;

i mír 5, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.    Cuirfidh ÚEUM gach duine díobh seo a leanas ar an eolas ar cláraíodh ciste mar chiste caipitil fiontair cáilitheach tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis do bhainisteoirí na gcistí sin an doiciméadacht go léir dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil:

(a)    an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1;

(b)    údaráis inniúla an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(-a);

(c)    údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(d);

(d)    údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 14a(2)(d).”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta i leith an fhaisnéis a thabhairt dá dtagraítear i gcomhréir le mír 2.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

scriostar mír 9 agus mír 10;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14b:

“Airteagal 14b

Aon chinneadh lena ndiúltófar clárú bainisteora dá dtagraítear in Airteagal 14 nó clárú ciste dá dtagraítear in Airteagal 14a, déanfaidh ÚEUM fógra a thabhairt do na bainisteoirí dá dtagraítear sna hairteagail sin.”;

cuirtear isteach an tAirteagal 14c seo a leanas:

“Airteagal 14c

1.    Gan dochar d’Airteagal 20, déanfaidh ÚEUM clárú EuVECA a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíonfaidh bainisteoir an EuVECA sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur thréig an bainisteoir an t‑údarú go sainráite nó nár úsáid sé an t‑údarú laistigh de shé mhí tar éis an t‑údarú a bheith deonaithe;

(b)    go bhfuair an bainisteoir an t‑údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c)    ní chomhlíonann EuVECA a thuilleadh na coinníollacha faoinar údaraíodh é.

2.    Gabhfaidh éifeacht láithreach le tarraingt siar an údaraithe ar fud an Aontais.”;

in Airteagal 15, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;

Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.    Tabharfaidh ÚEUM fógra láithreach do na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (4) d’Airteagal 14 agus i bpointe (6) d’Airteagal 14a maidir le haon bhainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh a chlárú nó a bhaint den chlár, maidir le haon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chur leis an gclár nó a bhaint de, agus maidir le haon Bhallstát a chur leis an liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé de rún ag bainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh na cistí sin a mhargú, nó maidir le Ballstát a bhaint den liosta sin.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.    Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid maidir le fógra a thabhairt faoin Airteagal seo a chinneadh.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teachta i bhfeidhm].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

scriostar mír 4 agus mír 5:

scriostar Airteagal 16a;

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

1.    Áiritheoidh ÚEUM go leanfar de bheith ag cur an Rialacháin seo i bhfeidhm.

2.    I gcás na mbainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo.

3.    Maidir leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos sna forálacha a liostaítear in Airteagal 2(2) agus i gceanglais ábhartha Threoir 2011/61/AE i dtaca leis an gciste caipitil fiontair cáilitheach.

Beidh ÚEUM freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí an chiste caipitil fiontair cháilithigh a leagtar amach i rialacha agus ionstraimí corpraithe an chiste.

4.    Chun na cúraimí a dhéanamh a tugadh dó leis an Rialachán seo, agus chun ardchaighdeáin maoirseachta a áirithiú, cuirfidh ÚEUM reachtaíocht ábhartha uile an Aontais i bhfeidhm, agus sa chás gur treoracha atá sa dlí sin de chuid an Aontais, an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh na treoracha sin.

5.    Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar ghnóthais chomhinfheistíochta arna mbunú nó arna margú ina gcríocha chun a áirithiú nach n‑úsáidfidh siad an sonrúchán “EuVECA” ná nach dtabharfaidh siad an bharúil gur EuVECA é ach amháin má tá siad cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Má chreideann údarás inniúil go mbaineann gnóthas comhinfheistíochta úsáid as an sonrúchán ‘EuVECA’, nó má thugann gnóthas comhinfheistíochta an bharúil gur EuVECA é gan a bheith cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an t‑údarás inniúil an méid sin in iúl do ÚEUM gan mhoill.”;

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM nó d’aon oifigeach de chuid ÚEUM nó d’aon duine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM le hAirteagal 19a go hAirteagal 19c, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.”;

cuirtear isteach Airteagal 19a, Airteagal 19b agus Airteagal 19c mar a leanas:

“Airteagal 19a

1. Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

(a) bainisteoirí cistí caipitil fiontair cáilitheacha;

(b) daoine a bhfuil baint acu le cistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhainistiú;

(c) tríú páirtithe a ndearna bainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh feidhmeanna a tharmligean chucu;

(d) daoine a bhfuil a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu le lucht bainistíochta ciste caipitil fiontair cáilitheacha.

2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) cuspóir na hiarrata a lua;

(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d) teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e) ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n‑iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(e) an méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 20a a shonrú, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

3. Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) cuspóir na hiarrata a lua;

(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d) teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e) na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 20b a shonrú i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f) an méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 20a a shonrú, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g) a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4. Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5. I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.

Airteagal 19b

1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;

(b) cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c) aon duine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

(d) agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e) taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n‑imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin beidh na íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sonraithe dá bhforáiltear in Airteagal 20b i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 20 i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) mícheart nó míthreorach.

3. Ceanglófar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) dul faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 20b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

4. I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.

5. Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a)    tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;

(b)    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

7. Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 19c

1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) é.

2. Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 19b(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3. In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t‑údarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.

4. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 20b sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.

5. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n‑ordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 20b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

6. Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.

7. Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 19b(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 19b(1).

8. I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

9. Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a)    go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;

(b)    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

11. Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

“Airteagal 20

1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 21(5), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 20a(2), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) clárú bhainisteoir an chiste caipitil fiontair cháilithigh nó an chiste caipitil fiontair cháilithigh a tharraingt siar;

(b) cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

(c) cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha;

(d) fógraí poiblí a eisiúint.

2. Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a) fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(c) an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(d) leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e) acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(f) an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;

(g) méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(h) a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(i) sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

(j) bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

3. Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

4. Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)    ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

(b)    i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c)    ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/20101.”;

cuirtear isteach an tAirteagal 20a, an tAirteagal 20b agus an tAirteagal 20c seo a leanas:

“Airteagal 20 a

1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 21(8), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i mír 2, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

2. Maidir le liosta na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:

(a)    mainneachtain na ceanglais is infheidhme maidir le comhdhéanamh punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;

(b)    de shárú ar Airteagal 6, aonaid agus scaireanna ciste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú d'infheisteoirí neamh-incháilithe;

(c)    úsáid a bhaint as an sonrúchán ‘EuVECA’ gan a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14, nó gan gnóthas comhinfheistíochta a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14a;

(d)    an sonrúchán ‘EuVECA’ a úsáid le haghaidh margú cistí nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (b)(iii) den chéad mhír d’Airteagal 3;

(e)    clárú a fháil trí bhíthin ráitis bhréige nó ar aon bhealach neamhrialta eile de shárú ar Airteagal 14 nó Airteagal 14a;

(f)    mainneachtain gníomhú go hionraic, go cothrom, leis an scil chuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí i seoladh gnó de shárú ar phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 7;

(g)    mainneachtain beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 7;

(h)    mainneachtain arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 12 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;

(i)    mainneachtain arís agus arís eile an oibleagáid infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 13 a chomhlíonadh.

3. EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha dá dtagraítear i mír 1 agus ní bheidh siad os cionn EUR 5 mhilliún i gcás na sáruithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 2.

4. Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 3, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 20(2) san áireamh.

5. D'ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain duine tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i mír 2 san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, agus ríomhfar í i gcomhréir le mír 4 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

Airteagal 20b

1. Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur:

(a) ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 20(1)(b);

(b) ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 19a(1):

(i)faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 19a;

(ii)géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 19b a chomhlánú agus a cheartú;

(iii)géilleadh do chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 19c.

2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

Airteagal 20c

1. Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 20a agus Airteagal 20b a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

2. Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 20a agus Airteagal 20b.

3. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.

4. Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 20a agus Airteagal 20b in-fhorfheidhmithe.

Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.

5. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.";

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21 agus Airteagal 21a:

"Airteagal 21

1. I gcás ina n‑aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, comharthaí tromchúiseacha a léireodh gur féidir sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 20a(2), ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t‑oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bhformheas an réamheolaire lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

2. Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha arna gcur isteach ag na daoine a bheidh faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.

3. Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19a agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19b agus le hAirteagal 19c.

4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.

6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n‑imscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.

7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 20b, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 20a(2) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 20.

9. Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

10. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.

11. Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n‑aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.”

“Airteagal 21a

1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 20, Airteagal 20a agus Airteagal 20b, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 20 chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

2. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n‑imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

cuirtear isteach an tAirteagal 21b, an tAirteagal 21c agus an tAirteagal 21d seo a leanas;

“Airteagal 21b

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

Airteagal 21c

1. Gearrfaidh ÚEUM táillí ar bhainisteoirí atá i mbun cistí fiontair caipitil cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú cláraithe agus maoirseacht bainisteoirí atá i mbun cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus maidir le húdarú cláraithe agus maoirseacht cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 21d.

2. Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar bhainisteoir ar leith ciste caipitil fiontair cháilithigh na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir le clárú agus maoirseacht leanúnach bainisteoirí atá i mbun cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus ciste caipitil fiontair cáilitheach. Beidh sé comhréireach leis na sócmhainní atá faoi bhainistíocht an chiste fiontair caipitil cháilithigh lena mbaineann nó, i gcás inarb ábhartha, le cistí dílse bhainisteoir an chiste caipitil fiontair cháilithigh.

3. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad a shonrú.

Airteagal 21d

1. I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19a agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 19b agus le hAirteagal 19c a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfar na clárúcháin de bhun Airteagal 14 agus Airteagal 14a a tharmligean.

2. Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:

(a) raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b) an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c) tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

3. Aisíocfaidh ÚEUM údarás inniúil as costais arna dtabhú de bharr cúraimí tarmligthe a dhéanamh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 21c(3).

4. Athbhreithneoidh ÚEUM aon tarmligean a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

5. Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú.”;

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3), in Airteagal 21(10) agus in Airteagal 21c(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an teacht i bhfeidhm].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), in Airteagal 21(10) agus in Airteagal 21c(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.    

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 8(3), Airteagal 21(10) agus Airteagal 21c(3) i bhfeidhm ach amháin mura ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne faoi cheann [dhá mhí] ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach ndéanfaidís agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.";

Leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

i mír 1,

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

"(f) éifeachtacht, comhréireacht agus feidhmiú na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo;"

(ii) cuirtear an pointe (k) seo a leanas léi:

"(k)    measúnú ar ról ÚEUM, a chumhachtaí imscrúdaitheacha, tarmligean cúraimí chuig údaráis inniúla agus éifeachtacht na mbeart maoirseachta a dhéanfar.";

i mír 2, cuirtear an pointe (c) seo a leanas léi:

"(c) faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 84 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] i dtaca le pointe (f) agus pointe (k).";

cuirtear isteach an tAirteagal 27 a seo a leanas:

“Airteagal 27 a

1.     Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha, a thugtar do na húdaráis inniúla, cuirfear deireadh leo an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.

2. Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha, lena n‑áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.

Maidir le hiarratas ar chlárú atá faighte ag údaráis inniúla, áfach, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 30 mí tar éis an teacht i bhfeidhm] ní aistreofar é chuig ÚEUM, agus is é an t‑údarás inniúil a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.

3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma ag cistí caipitil fiontair cáilitheacha. Tabharfaidh na húdaráis inniúla gach cúnamh agus gach comhairle is gá d'ÚEUM chun go n‑éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha.

4. Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le cúrsaí a thagann faoin Rialachán seo.

5. Má dhéanann údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 clárú bainisteora ciste fiontair caipitil nó ciste fiontair caipitil cáilitheach a dheonú, leanfaidh an clárúchán sin de bheith bailí tar éis aistriú na n‑inniúlachtaí chuig ÚEUM.”.

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

i mír 1, scriostar pointe (c);

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.    Beidh feidhm ag Airteagal 3 go hAirteagal 6, Airteagal 10 agus Airteagal 13, pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d'Airteagal 14(1) agus Airteagail 15a go 20, 20a go 20c, 21, 21a go 21c, 22, 22a go 22d agus 26 den Rialachán seo i leith bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta, arna n‑údarú de bhun Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, a bhainistíonn punanna cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus a bhfuil sé de rún acu an t‑ainmniú ‘EuSEF’ a úsáid i dtaca le margú na gcistí sin san Aontas.”;

in Airteagal 3, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)    ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (h) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;”;

scriostar pointe (n);

In Airteagal 7, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir atá le húsáid chun a mheas an gcomhlíonann bainisteoirí atá i mbun cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a gcuid oibleagáidí faoi phointí (a) go (g) de mhír 1, lena n‑áirithítear comhsheasmhacht le hAirteagal 12(1) de Threoir 2011/61/AE.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

in Airteagal 8, cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:

“3.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 26 lena sonrófar na ceanglais maidir le tarmligean feidhmeanna dá dtagraítear i mír 2, lena n‑áirithítear comhsheasmhacht leis na ceanglais is infheidhme maidir le tarmligean feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 20 de Threoir 2011/61/AE.”;

Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

sa dara habairt agus san abairt dheireanach de mhír 3, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;

i mír 5, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;

cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:

“7.    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na hacmhainní daonna agus teicniúla iomchuí is gá chun na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha dá dtagraítear i mír 1 a bhainistiú go hiomchuí.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

in Airteagal 12, cuirtear an mhír 3 agus an mhír 4 seo a leanas leis:

“3.    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na rialacha agus na nósanna imeachta chun na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 a luacháil, lena n‑áirithítear comhsheasmhacht leis na ceanglais is infheidhme maidir le luacháil sócmhainní a leagtar amach in Airteagal 19 de Threoir 2011/61/AE.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

sa chéad mhír, sa chéad abairt den chéad fhomhír, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.    Nuair a iarrtar air sin a dhéanamh, cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis atá bailithe faoin Airteagal seo ar fáil, ar bhealach tráthúil, d’údaráis inniúla.”;

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    sna focail tosaigh, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;

(ii)    cuirtear isteach an pointe (-a) seo a leanas:

“(-a)an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag bainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh”;

(iii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)    céannacht agus sainchónaí na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin a ndéanfar a n‑aonaid nó a scaireanna a mhargú agus a straitéisí infheistíochta”;

   sna focail tosaigh i mír 2, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.    Cuirfidh ÚEUM gach duine díobh seo a leanas ar an eolas cibé an bhfuil an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1 cláraithe mar bhainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dó an fhaisnéis go léir dá dtagraítear sa mhír sin a chur ar fáil:

(a)    an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1;

(b)    údaráis inniúla an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (-a) de mhír 1;

(c)    údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1.";

   leasaítear mír 6 mar a leanas:

(i)    sa chéad fhomhír, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil a mBallstáit baile”;

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás ina ndéanfaidh ÚEUM agóid in aghaidh na n‑athruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh sé bainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh ar an eolas laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil maidir leis an hathruithe sin agus luafaidh sé na cúiseanna leis an agóid. Ní fhéadfaidh na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur chun feidhme ach ar choinníoll nach ndéanfaidh ÚEUM agóid in aghaidh na n‑athruithe sin laistigh den tréimhse sin.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 agus mhír 8:

“7.    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir atá le húsáid chun an dea-cháil leordhóthanach agus an taithí leordhóthanach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a mheasúnú.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta i leith an fhaisnéis a thabhairt dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear an fhaisnéis a thabhairt chun críocha phointe (a) de mhír 2.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

leasaítear Airteagal 15 a mar a leanas:

sna focail tosaigh i mír 2, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.    Chun críocha iarratas ar chlárú de bhun mhír 1 a mheas, iarrfaidh ÚEUM ar údarás inniúil an bhainisteora a chuirfidh an t‑iarratas isteach an dtagann an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach faoi raon feidhme údarás an bhainisteora sin gnóthais chomhinfheistíochta a bhainistiú agus an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 15(2).

Féadfaidh ÚEUM soiléiriú agus faisnéis a iarraidh maidir leis an doiciméadacht agus leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír.

Tabharfaidh údarás inniúil an bhainisteora freagra laistigh de mhí amháin tar éis dó iarraidh a fháil arna cur ag ÚEUM faoina bhráid de bhun na chéad fhomhíre nó an dara fomhír.”;

i mír 5, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.    Cuirfidh ÚEUM gach duine díobh seo a leanas ar an eolas cibé ar cláraíodh ciste mar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis do bhainisteoirí na gcistí sin an doiciméadacht go léir dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil:

(a)an bainisteoir dá dtagraítear i mír 1;

(b)údaráis inniúla an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(-a);

(c)údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(d);

(d)údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 15a(2)(d).”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 8:

“8. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le cur ar fáil de bhun mhír 2 a shonrú.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

   scriostar mír 9 agus mír 10;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15b:

“Airteagal 15b

Aon chinneadh lena ndéanfar clárú bainisteora dá dtagraítear in Airteagal 15 a dhiúltú nó clárú aon chiste dá dtagraítear in Airteagal 15a, cuirfidh ÚEUM na bainisteoirí dá dtagraítear sna hAirteagail sin ar an eolas faoin gcinneadh sin.”;

cuirtear isteach an tAirteagal 15c seo a leanas:

“Airteagal 15c

1.    Gan dochar d'Airteagal 21, déanfaidh ÚEUM clárú EuSEF a tharraingt siar i gcás ina bhfuil aon cheann de na coinníollacha sin comhlíonta ag bainisteoir an EuSEF sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur thréig an bainisteoir an t‑údarú go sainráite nó nár úsáid sé an t‑údarú laistigh de shé mhí tar éis an t‑údarú a bheith deonaithe;

(b)    go bhfuair an bainisteoir an t‑údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c)    nach gcomhlíonann EuSEF a thuilleadh na coinníollacha faoinar údaraíodh é.

2.    Gabhfaidh éifeacht láithreach le tarraingt siar an údaraithe ar fud an Aontais.”;

in Airteagal 16, cuirtear an focal “ÚEUM” in ionad na bhfocal “údarás inniúil an Bhallstáit baile”;

Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.    Déanfaidh ÚEUM na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 15 agus i bpointe (6) d'Airteagal 15a a chur ar an eolas láithreach faoi bhainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a chlárú nó a bhaint den chlár, faoi aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chur leis an gclár nó a bhaint de, agus faoi aon Bhallstát a chur leis an liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé de rún ag bainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh na cistí sin a mhargú, nó faoi Bhallstát a bhaint den liosta sin.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.    Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid maidir le fógra a thabhairt faoin Airteagal seo a chinneadh.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

scriostar mír 4 agus mír 5;

scriostar Airteagal 17 a;

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

1.    Áiritheoidh ÚEUM go leanfar de bheith ag cur an Rialacháin seo i bhfeidhm.

2.    I gcás na mbainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo.

3.    Maidir leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar an gcomhlíontacht leis na rialacha a leagtar síos sna forálacha a liostaítear in Airteagal 2(2) agus le ceanglais ábhartha Threoir 2011/61/EU i dtaca leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach.

Is é ÚEUM a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh leis na hoibleagáidí a leagtar amach i rialacha agus ionstraimí corpraithe an chiste.

4.    Chun na cúraimí a dhéanamh a tugadh dó leis an Rialachán seo, agus chun ardchaighdeáin maoirseachta a áirithiú, cuirfidh ÚEUM reachtaíocht ábhartha uile an Aontais i bhfeidhm, agus sa chás gur treoracha atá sa dlí sin de chuid an Aontais, an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh na treoracha sin.

5.    Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar ghnóthais chomhinfheistíochta arna mbunú nó arna margú ina gcríocha chun a fhíorú nach n‑úsáidfidh siad an t‑ainmniúchán ‘EuSEF’ ná nach dtabharfaidh siad le tuiscint gur ‘EuSEF’ atá iontu mura mbeidh siad cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Má chreideann údarás inniúil go mbaineann gnóthas comhinfheistíochta úsáid as an sonrúchán ‘EuSEF’, nó má thugann gnóthas comhinfheistíochta le tuiscint gur EuSEF ach gan é a bheith cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an t‑údarás inniúil an méid sin in iúl do ÚEUM gan mhoill.”;

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

“Airteagal 20

Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM nó dá chuid oifigeach nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag ÚEUM le hAirteagal 20a, le hAirteagal 20b agus le hAirteagal 20c, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.”;

cuirtear isteach Airteagal 20a, Airteagal 20b agus Airteagal 20c mar a leanas:

“Airteagal 20 a

1. Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

(a) bainisteoirí cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha;

(b) daoine a bhfuil baint acu le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistiú;

(c) tríú páirtithe a ndearna bainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh feidhmeanna a tharmligean dóibh;

(d) daoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu le lucht bainistíochta ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh.

2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) cuspóir na hiarrata a lua;

(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d) teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e) ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n‑iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f) a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 21a, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

3. Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) cuspóir na hiarrata a lua;

(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d) teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e) a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 21b i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f) a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 21a, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g) a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4. Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5. I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.

Airteagal 20b

1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;

(b) cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c) aon duine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

(d) agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e) taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n‑imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin beidh na íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sonraithe dá bhforáiltear in Airteagal 21b i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20 a(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 21 i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20 a(1) mícheart nó míthreorach.

3. Ceanglófar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20 a(1) dul faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 21b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

4. I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.

5. Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a)    go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;

(b)    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 20c

1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1) é.

2. Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 20b(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3. In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t‑údarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.

4. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 21b sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.

5. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n‑ordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 21b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

6. Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.

7. Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 20b(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 20b(1).

8. I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

9. Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a)    go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;

(b)    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

11. Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.";

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

“Airteagal 21

1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 22(5), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 21a(2), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) clárú bhainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh nó an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a tharraingt siar;

(b) cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

(c) cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha;

(d) fógraí poiblí a eisiúint.

2. Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a) fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(c) an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(d) leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e) acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(f) an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;

(g) méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(h) a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(i) sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

(j) bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

3. Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

4. Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)    ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

(b)    i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c)    ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/20101.”;

cuirtear isteach an tAirteagal 21a, an tAirteagal 21b agus an tAirteagal 21c seo a leanas:

“Airteagal 21 a

1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 22(8), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i mír 2, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

3. Maidir le liosta na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:

(a)    mainneachtain na ceanglais is infheidhme maidir le comhdhéanamh punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;

(b)    margú a dhéanamh, de shárú ar Airteagal 6, ar aonaid agus ar scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;

(c)    úsáid a bhaint as an sonrúchán ‘EuSEF’ gan a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15, nó gan gnóthas comhinfheistíochta a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15a;

(d)    an sonrúchán ‘EuSEF’ a úsáid le haghaidh margú cistí nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 3;

(e)    clárú a fháil trí bhíthin ráitis bhréige nó ar aon bhealach neamhrialta eile de shárú ar Airteagal 15 nó Airteagal 15 a;

(f)    mainneachtain gníomhú go hionraic, go cothrom, leis an scil chuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí i seoladh gnó de shárú ar phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 7;

(g)    mainneachtain beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 7;

(h)    mainneachtain arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 13 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;

(i)    mainneachtain arís agus arís eile an oibleagáid infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 14 a chomhlíonadh.

3. EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha dá dtagraítear i mír 1 agus ní bheidh siad os cionn EUR 5 mhilliún i gcás na sáruithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 2.

4. Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 3, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 21(2) san áireamh.

5. D'ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain duine tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

6. Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i mír 2 san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, agus ríomhfar í i gcomhréir le mír 4 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

Airteagal 21b

1. Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur:

(a) ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 21(1)(b);

(b) ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 20a(1):

(i)faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 20 a;

(ii)géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 20b a chomhlánú agus a cheartú;

(iii)géilleadh do chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 20c.

2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

Airteagal 21c

1. Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 21 a agus Airteagal 21b a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

2. Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 21a agus Airteagal 21b.

3. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.

4. Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 21a agus Airteagal 21b in-fhorfheidhmithe.

Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.

5. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.";

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22 agus Airteagal 22 a:

"Airteagal 22

1. I gcás ina n‑aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, comharthaí tromchúiseacha a léireodh gur féidir sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 21 a(2), ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t‑oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bhformheas an réamheolaire lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

2. Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha arna gcur isteach ag na daoine a bheidh faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.

3. Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 20 a agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20b agus le hAirteagal 20c.

4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.

6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n‑imscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.

7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 21b, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 21 a(2) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 21.

9. Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

10 Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 a bhaineann le [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.

11. Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n‑aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.”;

Airteagal 22 a

1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 21, Airteagal 21 a agus Airteagal 21b, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

2. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 21 chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

3. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n‑imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.”;

cuirtear isteach an tAirteagal 22b, an tAirteagal 22c agus an tAirteagal 22d seo a leanas:

“Airteagal 22b

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

Airteagal 22c

1. Gearrfaidh ÚEUM táillí ar bhainisteoirí atá i mbun cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú cláraithe agus maoirseacht bainisteoirí atá i mbun cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus maidir le húdarú cláraithe agus maoirseacht cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 22d.

2. Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar bhainisteoir ar leith ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir le clárú agus maoirseacht bainisteoirí atá i mbun cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh. Beidh sé comhréireach leis na sócmhainní atá faoi bhainistíocht an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh lena mbaineann nó, i gcás inarb ábhartha, le cistí dílse bhainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh.

3. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad a shonrú.

Airteagal 22d

1. I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 20 a agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 20b agus le hAirteagal 20c a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfar na clárúcháin de bhun Airteagal 15 agus Airteagal 15 a a tharmligean.

2. Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:

(a) raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b) an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c) tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

3. Aisíocfaidh ÚEUM údarás inniúil as costais arna dtabhú de bharr cúraimí tarmligthe a dhéanamh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 22c(3).

4. Athbhreithneoidh ÚEUM aon tarmligean a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

5. Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú.”;

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3), in Airteagal 22(10) agus in Airteagal 22c(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an teacht i bhfeidhm].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), in Airteagal 22(10) agus in Airteagal 22c(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.    

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 8(3), Airteagal 22(10) agus Airteagal 22c(3) i bhfeidhm ach amháin mura ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne faoi cheann dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach ndéanfaidís agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.";

Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

i mír 1,

(i) cuirtear pointe (n) léi:

"(n) éifeachtacht, comhréireacht agus cur i bhfeidhm na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo;"

(ii) cuirtear an pointe (o) seo a leanas léi:

"(o)    measúnú ar ról ÚEUM, a chumhachtaí imscrúdaitheacha, tarmligean cúraimí chuig údaráis inniúla agus éifeachtacht na mbeart maoirseachta a dhéanfar.";

(b) i mír 2, cuirtear an pointe (c) seo a leanas léi:

"(c) faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 84 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] i dtaca le pointe (n) agus pointe (o).";

cuirtear isteach an tAirteagal 28 a seo a leanas:

“Airteagal 28 a

1.    Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, a thugtar do na húdaráis inniúla, cuirfear deireadh leo an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.

2. Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, lena n‑áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.

Maidir le hiarratas ar chlárú atá faighte ag údaráis inniúla, áfach, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 30 mí tar éis an teacht i bhfeidhm] ní aistreofar é chuig ÚEUM, agus is é an t‑údarás inniúil a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.

3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma ag cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha. Tabharfaidh na húdaráis inniúla gach cúnamh agus gach comhairle is gá d'ÚEUM chun go n‑éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíocht maoirseachta agus forfheidhmiúcháin sa réimse a bhaineann le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.

4. Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le cúrsaí a thagann faoin Rialachán seo.

5. Má dhéanann údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 clárú bainisteora ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh nó ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a dheonú, leanfaidh an clárú sin de bheith bailí tar éis aistriú na n‑inniúlachtaí chuig ÚEUM.".

”.

Airteagal 6

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2104 mar a leanas:

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

i mír 1, cuirtear an pointe (g) seo a leanas léi:

'(g) soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus a mhaoirsiú';

in Airteagal 1, cuirtear isteach an mhír 5a seo a leanas:

‘‘5a. Beidh feidhm ag Airteagal 40 agus ag Airteagal 42 freisin maidir le cuideachtaí bainistíochta gnóthas comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus cuideachtaí infheistíochta GCUInna a údaraíodh i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna) a údaraíodh i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE.";

Leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (34), phointe (35) agus phointe (36):

"(34)    ciallaíonn ‘socrú formheasta maidir le foilsiú’ nó ‘APA’ duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís foilsithe tuarascálacha trádála a sholáthar thar ceann gnólachtaí infheistíochta de bhun Airteagal 20 agus Airteagal 21;

(35) ciallaíonn ‘soláthraí teilitéipe comhdhlúite’ nó ‘CTP’ duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís bailithe tuarascálacha trádála a sholáthar le haghaidh ionstraimí airgeadais a liostaítear in Airteagail 6, 7, 10, 12 agus 13, 20 agus 21 ó mhargaí rialáilte, ó MTFanna, ó OTFanna agus ó APAnna agus iad a chomhdhlúthú i sruth sonraí beo leictreonach leanúnach lena soláthraítear sonraí faoi phraghas agus faoi mhéid in aghaidh na hionstraime airgeadais;

(36) ciallaíonn ‘sásra tuairiscithe formheasta’ nó ‘ARM’ duine a údaraítear faoin Rialachán seo chun an tseirbhís tuairiscithe sonraí idirbheart a sholáthar d'údaráis inniúla nó do ÚEUM thar ceann gnólachtaí infheistíochta;";

cuirtear isteach an pointe (36a) seo a leanas:

'(36a) ciallaíonn ‘soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí’ na daoine dá dtagraítear i bpointe (34), i bpointe (35) agus i bpointe (36) agus daoine dá dtagraítear in Airteagal 38a27a(2)];';

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

'Airteagal 22

Faisnéis a sholáthar chun críocha trédhearcachta agus ríomhanna eile

1. Chun ríomhanna a dhéanamh chun na ceanglais don trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála agus do na córais oibleagáide trádála a chinneadh, dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 11, in Airteagal 14 go hAirteagal 21 agus in Airteagal 32, atá infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais agus chun a chinneadh an inmheánaitheoir córasach é gnólacht infheistíochta, féadfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla a cheangal orthu siúd a leanas go dtabharfaidh siad faisnéis dóibh:

(a) ionaid trádála;

(b) APAnna; agus

(c) CTPanna.

2. Déanfaidh ionaid trádála, CTPanna agus APAnna na sonraí riachtanacha a stóráil ar feadh tréimhse leordhóthanach ama.

3. Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar ábhar agus minicíocht na n‑iarrataí sonraí agus na formáidí agus na frámaí ama ina bhfreagróidh APAnna agus CTPanna d'iarrataí ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 agus an cineál sonraí nach mór a stóráil agus an íostréimhse ama a ndéanfaidh ionaid trádála, APAnna agus CTPanna sonraí a stóráil chun go mbeidh siad ábalta freagairt d'iarrataí ar shonraí i gcomhréir le mír 2.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.';

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

'Airteagal 26

Oibleagáid chun idirbhearta a thuairisciú

1.    Déanfaidh gnólachtaí airgeadais a fhorghníomhóidh idirbhearta in ionstraimí airgeadais mionsonraí iomlána agus cruinne na n‑idirbheart sin a thuairisciú do ÚEUM chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre dár gcionn.

Déanfaidh ÚEUM aon fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil do na húdaráis inniúla.

2.    Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) ionstraimí airgeadais a ligfear isteach chun a dtrádála nó a thrádálfar ar ionad trádála nó ar ina leith a bheidh iarraidh ar ligean isteach chun trádála déanta;

(b) ionstraimí airgeadais a bhfuil ionstraim airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála mar bhun leo; agus

(c) ionstraimí airgeadais a bhfuil innéacs nó bascaed atá comhdhéanta d’ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála mar bhun leo

Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) beag beann ar cibé acu a dhéanfar na hidirbhearta sin ar an ionad trádála nó nach ndéanfar.

3.    Beidh ar áireamh sna tuarascálacha, go háirithe, mionsonraí ainmneacha agus líon na n‑ionstraimí airgeadais a ceannaíodh nó a díoladh, an chainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, praghsanna na n‑idirbheart, ainmniú chun na cliaint a shainaithint ar fhorghníomhaigh an gnólacht infheistíochta an t‑idirbheart sin ar a son, ainmniú chun na daoine agus algartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an tarscaoileadh is infheidhme faoina ndearnadh an trádáil a shainaithint, agus modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, agus ainmniú chun díol folamh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 a shainaithint i leith aon scaireanna agus i leith aon fhiachas ceannasach a thagann faoi raon feidhme Airteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 17 den Rialachán sin. I gcás idirbheart nach gcuirfear i gcrích ar ionad trádála, beidh ar áireamh sna tuarascálacha freisin ainmniú lena sainaithnítear na cineálacha idirbheart i gcomhréir leis na bearta a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 20(3)(a) agus Airteagal 21(5)(a). I gcás díorthach tráchtearraí, cuirfear in iúl sna tuarascálacha an laghdóidh an t‑idirbheart riosca ar shlí intomhaiste go hoibiachtúil i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/65/AE.

4.    Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta a tharchuireann orduithe san áireamh i dtarchur an ordaithe sin na mionsonraí uile a shonraítear i mír 1 agus i mír 3. Seachas na sonraí luaite a áireamh agus orduithe á dtarchur, féadfaidh gnólacht infheistíochta an t‑ordú tarchurtha a thuairisciú, má fhorghníomhaítear é, mar idirbheart i gcomhréir leis na ceanglais faoi mhír 1. Sa chás sin, luafar sa tuarascálacha idirbheart ón ngnólacht infheistíochta go mbainfidh sé le hordú tarchurtha.

5.    Tuairisceoidh oibreoir ionaid trádála mionsonraí idirbheart in ionstraimí airgeadais a thrádálfar ar a ardán a fhorghníomhóidh gnólacht trí bhíthin a chóras ar gnólacht é nach mbeidh faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3.

6.    Le linn tuairisciú ar an ainmniú chun na custaiméirí a shainaithint mar a éilítear faoi mhír 3 agus mhír 4, úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta eintiteas dlíthiúil arna bhunú chun cliaint a shainaithint is daoine dlítheanacha.

Ullmhóidh ÚEUM faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh cur i bhfeidhm aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh laistigh den Aontas caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe na cinn sin arna mbunú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais.

7.    Is é an gnólacht infheistíochta féin, ARM ag feidhmiú ar a shon, nó an t‑ionad trádála ar cuireadh an t‑idirbheart i gcrích trí bhíthin a chórais a thabharfaidh na tuarascálacha do ÚEUM, i gcomhréir le mír 1, le mír 3 agus le mír 9.

Beidh freagracht ar ghnólachtaí infheistíochta as iomláine, cruinneas agus cur isteach tráthúil na dtuarascálacha a chuirfear faoi bhráid ÚEUM.

De mhaolú ar an bhfreagracht sin, i gcás ina dtuairisceoidh gnólacht infheistíochta mionsonraí na n‑idirbheart sin trí ARM a bheidh ag gníomhú ar a shon nó thar ceann ionaid trádála, ní bheidh an gnólacht infheistíochta freagrach as teipeanna in iomláine, i gcruinneas nó i gcur isteach tráthúil na dtuarascálacha is inchurtha i leith an ARM nó an ionaid trádála. Sna cásanna sin agus faoi réir Airteagal 66(4) de Threoir 2014/65/AE beidh an ARM nó an t‑ionad trádála freagrach as na teipeanna sin.

Ní mór do ghnólachtaí infheistíochta bearta réasúnacha a dhéanamh, áfach, chun iomláine, cruinneas agus tráthúlacht na dtuarascálacha idirbhirt a cuireadh isteach ar a son a fhíorú.

Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála, agus tuarascálacha á dtabhairt aige ar son an ghnólachta infheistíochta, go mbeidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm aige chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus le fíordheimhniú aistriú faisnéise, an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus sceitheadh faisnéise a chosc chun rúndacht na sonraí a choimeád i gcónaí. Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus saoráidí cúltaca a bheith aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.

Córais tuairiscithe nó córais chomhoiriúnaithe trádála, lena n‑áirítear stórtha trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta i gcomhréir le Teideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh ÚEUM iad a fhaomhadh mar ARM chun tuarascálacha idirbheart a tharchur chuig ÚEUM i gcomhréir le mír 1, le mír 3 agus le mír 9.

I gcás inar tuairiscíodh idirbhearta do stór trádála i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bheidh formheasta mar ARM agus ina mbeidh sna tuarascálacha sin na mionsonraí a cheanglaítear a sholáthar faoi mhír 1, mhír 3 agus mhír 9 agus ina ndéanfaidh an stór trádála iad a tharchur chuig ÚEUM laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 1, measfar gur comhlíonadh an oibleagáid ar an ngnólacht infheistíochta a leagtar síos i mír 1.

I gcás ina mbeidh earráidí nó easnaimh sna tuarascálacha idirbheart, ceartóidh ARM, an gnólacht infheistíochta nó an t‑ionad trádála an fhaisnéis agus cuirfidh sé tuairisc cheartaithe faoi bhráid ÚEUM.

8.    I gcomhréir le hAirteagal 35(8) de Threoir 2014/65/AE nuair a dhéanfar tuarascálacha dá bhforáiltear faoin Airteagal sin a chur chuig ÚEUM, cuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta, mura gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile nach mian leo an fhaisnéis sin a fháil.

9.    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a) caighdeáin agus formáidí sonraí chun an fhaisnéis a thuairisciú i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3, lena n‑áirítear na modhanna agus na socruithe chun idirbhearta airgeadais a thuairisciú agus foirm agus ábhar na dtuarascálacha sin;

(b) na critéir chun margadh ábhartha a shainiú i gcomhréir le mír 1;

(c) tagairtí na n‑ionstraimí airgeadais a cheannófar nó a dhíolfar, cainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, praghsanna na n‑idirbheart, faisnéis agus mionsonraí maidir le céannacht an chliaint, ainmniú chun na cliaint a shainaithint a mbeidh an gnólacht infheistíochta tar éis an t‑idirbheart sin a fhorghníomhú ar a son, ainmniú chun na daoine agus algartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bheidh freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an tarscaoileadh is infheidhme faoina mbeidh an trádáil déanta a shainaithint, an modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, an chaoi inar forghníomhaíodh an t‑idirbheart, na réimsí sonraí a bheidh riachtanach chun na tuarascálacha idirbhirt a phróiseáil agus chun anailís a dhéanamh orthu i gcomhréir le mír 3; agus

(d) an t‑ainmniú chun díolta folmha ar scaireanna agus fiachas ceannasach dá dtagraítear i mír 3 a shainaithint;

(e) catagóirí ábhartha na n‑ionstraimí airgeadais a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le mír 2;

(f) na coinníollacha ar a ndéanfaidh na Ballstáit aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh a fhorbairt, a shannadh agus a choimeád, i gcomhréir le mír 6, agus na coinníollacha faoina n‑úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta na haitheantóirí eintitis dhlítheanaigh sin chun foráil a dhéanamh, de bhun mhír 3, mhír 4 agus mhír 5, maidir leis an ainmniú chun na cliaint a shainaithint sna tuarascálacha idirbheart a cheanglaítear orthu a bhunú de bhun mhír 1;

(g) oibleagáidí chun tuairisc idirbheart a chur i bhfeidhm ar bhrainsí de ghnólachtaí infheistíochta;

(h) an rud is idirbheart agus forghníomhú idirbhirt ann chun críche an Airteagail seo.

(i) nuair a mheasfar go mbeidh ordú tarchurtha ag gnólacht infheistíochta chun críocha mhír 4.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.    Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú an Airteagail seo, lena n‑áirítear a idirghníomhú leis na hoibleagáidí tuairiscithe gaolmhara faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus i dtaobh an gcumasófar le hinneachar agus le formáid na dtuarascálacha idirbheart a gheofar agus a mhalartófar idir na húdaráis inniúla ar shlí chuimsitheach faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh chun aon athruithe i dtaca leis seo a mholadh. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ÚEUM ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle';

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

'Airteagal 27

Oibleagáid chun sonraí tagartha ionstraime airgeadais a sholáthar

1.    Maidir le hionstraimí airgeadais a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte nó a thrádálfar ar MTFanna nó ar OTFanna, déanfaidh ionaid trádála sonraí tagartha sainaitheanta a chur ar fáil do ÚEUM chun críche idirbheart a thuairisciú faoi Airteagal 26.

Maidir leis na hionstraimí airgeadais eile a chumhdaítear le hAirteagal 26(2) a thrádálfar ar a chóras déanfaidh gach inmheánaitheoir córasach sonraí tagartha sainaitheantais a chur ar fáil do ÚEUM a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais sin.

Ullmhófar sonraí tagartha aitheantais lena gcur faoi bhráid ÚEUM i bhformáid leictreonach agus chaighdeánaithe sula dtosóidh an trádáil san ionstraim airgeadais dá dtagraíonn na sonraí sin. Tabharfar sonraí tagartha na hionstraime airgeadais cothrom le dáta uair ar bith a thiocfaidh athrú ar na sonraí i leith ionstraim airgeadais. Foilseoidh ÚEUM na sonraí tagartha sin láithreach ar a shuíomh gréasáin. Tabharfaidh ÚEUM rochtain gan mhoill do na húdaráis inniúla ar na sonraí tagartha sin.

2.    Chun a chumasú d’údaráis inniúla faireachán a dhéanamh, de bhun Airteagal 26, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla na socruithe is gá a bhunú chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) go bhfaigheann ÚEUM go héifeachtach na sonraí tagartha ionstraime airgeadais de bhun mhír 1;

(b) gurb iomchuí caighdeán na sonraí a gheofar amhlaidh chun idirbheart faoi Airteagal 26 a thuairisciú;

(c) go dtarchuirfear na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 go héifeachtúil agus gan mhoill chuig na húdaráis inniúla ábhartha.

(d) go mbeidh sásraí éifeachtacha i bhfeidhm idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla chun saincheisteanna maidir le seachadadh sonraí agus cáilíocht sonraí a réiteach.

3.    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a) caighdeáin sonraí agus formáidí do na sonraí tagartha ionstraime airgeadais i gcomhréir le mír 1, lena n‑áirítear na modhanna agus na socruithe chun na sonraí agus aon nuashonrú a ghabhann leo a sholáthar do ÚEUM agus iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 1, agus foirm agus inneachar sonraí den sórt sin;

(b) bearta teicniúla is gá i ndáil leis na socruithe a bheidh le déanamh ag ÚEUM agus na húdaráis inniúla de bhun mhír 2.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

cuirtear isteach an Teideal IVa seo a leanas:

‘TEIDEAL IVa

SEIRBHÍSÍ TUAIRISCITHE SONRAÍ

CAIBIDIL 1

Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú

Airteagal 27 a

Ceanglais maidir le húdarú

1. Beidh feidhmiú APA, CTP nó ARM mar ghairm bheatha nó gnó rialta faoi réir údarú roimh ré ó ÚEUM i gcomhréir leis an Teideal seo.

2. Féadfaidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála seirbhísí APA, CTP nó ARM a sholáthar freisin faoi réir fíorú a fháil ó ÚEUM roimh ré go bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an t‑oibreoir margaidh sin ag comhlíonadh an Teidil seo. Cuirfear soláthar na seirbhísí sin san áireamh ina n‑údarú.

3. Déanfaidh ÚEUM liosta de na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí go léir san Aontas a bhunú. Beidh an clár ar fáil go poiblí agus beidh faisnéis ann maidir leis na seirbhísí a bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí údaraithe ina leith agus tabharfar cothrom le dáta é ar bhonn rialta.

I gcás ina bhfuil údarú tarraingthe siar ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 27d, foilseofar an tarraingt siar sin sa chlár go ceann tréimhse cúig bliana.

4. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a gcuid seirbhísí ar fáil faoi mhaoirseacht ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú go rialta ar chomhlíontacht na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí leis an Teideal seo. Déanfaidh ÚEUM faireachán chun go mbeidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí ag i gcomhlíontacht i gcónaí leis na coinníollacha maidir le húdarú tosaigh arna mbunú faoin Teideal seo.

Airteagal 27b

Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú

1. Déanfaidh ÚEUM soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú chun críocha Theideal IVa i gcás:

(a) inar duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas an soláthraí seirbhísí sonraí; agus

(b) ina gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí sonraí na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IVa.

2. Sonrófar san údarú dá dtagraítear i mír 1 an tseirbhís tuairiscithe sonraí a bhfuil an soláthraí seirbhís tuairiscithe sonraí údaraithe a chur ar fáil. I gcas ina bhféachann soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena ghnó a shíneadh chuig seirbhísí tuairiscithe sonraí breise, cuirfidh sé iarratas ar shíneadh an údaraithe sin faoi bhráid ÚEUM.

3. Déanfaidh soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí na coinníollacha a chomhlíonadh i gcónaí maidir leis an údarú dá dtagraítear i dTeideal IVa. Tabharfaidh soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí fógra, gan aon mhoill mhíchuí, do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an chlárúcháin bunaidh.

4. Beidh éifeacht leis an údarú dá dtagraítear i mír 1 agus beidh sé bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus ceadóidh sé don soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí seirbhís a bhfuil údarú faighte aige ina leith a chur ar fáil ar fud an Aontais.

Airteagal 27c

Nós imeachta chun iarratais ar údarú a dheonú agus a dhiúltú

1. Déanfaidh an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí is iarratasóir iarratas a chur isteach ina mbeidh an fhaisnéis go léir is gá chun go mbeidh ÚEUM in ann a dhearbhú go bhfuil na socruithe go léir is gá déanta ag an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, tráth an údaraithe tosaigh, chun a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi fhorálacha an Teidil seo, lena n‑áirítear clár oibríochtaí ina leagtar amach, inter alia, na cineálacha seirbhísí atá beartaithe agus an struchtúr eagraíochtúil.

2. Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t‑iarratas ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar an gceist an bhfuil an t‑iarratas iomlán.

Mura bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos faoina mbeidh ar an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí faisnéis bhreise a sholáthar.

Tar éis do ÚEUM a mheasúnú go bhfuil an t‑iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí.

3. Déanfaidh ÚEUM, faoi cheann sé mhí ó iarratas a bheidh comhlánaithe ina iomláine a fháil, meastóireacht ar chomhlíontacht an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí leis an Teideal seo agus cinneadh lán-réasúnaithe údarú a dheonú nó a dhiúltú a ghlacadh agus an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí is iarratasóir a chur ar an eolas dá réir sin faoi cheann cúig lá oibre.

4. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena gcinnfear:

(a) an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil dó faoi mhír 6, lena n‑áirítear an clár oibríochtaí;

(b) an fhaisnéis a áirítear sna fógraí faoi Airteagal 27b(3).

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta i leith fógra a thabhairt nó an fhaisnéis a thabhairt dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 27e(3).

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 27d

Údarú a tharraingt siar

1. Féadfaidh ÚEUM údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a tharraingt siar i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí mar a leanas:

(a) gan an t‑údarú a úsáid laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sé an t‑údarú go sainráite nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na sé mhí roimhe sin;

(b) an t‑údarú a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c) gan na coinníollacha faoinar cláraíodh é a chomhlíonadh a thuilleadh;

(d) forálacha an Rialacháin seo a shárú go tromchúiseach agus go córasach.

2. Gan moill mhíchuí, déanfaidh ÚEUM an t‑údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí bunaithe a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a tharraingt siar.';

Airteagal 27e

Ceanglais maidir le comhlacht bainistíochta soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí

1. Beidh dea-cháil leordhóthanach i gcónaí ar chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, beidh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach aige agus tabharfaidh sé go leor ama i mbun a dhualgais a fheidhmiú.

Beidh a dhóthain eolais, scileanna agus taithí comhchoitinne ag an gcomhlacht bainistíochta chun gníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a thuiscint. Gníomhóidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta go macánta, go hiontaofa agus go neamhspleách ó thaobh na smaointeoireachta de chun cinntí lucht bainistíochta sinsearaí a cheistiú go héifeachtach, más gá, agus chun maoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta.

I gcás ina n‑iarann oibreoir margaidh údarú chun APA, CTP nó ARM a fheidhmiú de bhun Airteagal 27c agus gur comhaltaí de bhord bainistíochta an mhargaidh rialáilte comhaltaí bhord bainistíochta an APA, an CTP nó an ARM sin, measfar an ceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír á chomhlíonadh ag na daoine sin.

2. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ÚEUM ar an eolas faoi gach comhalta dá bhord bainistíochta agus faoi aon athrú a thiocfaidh ar a chomhaltas sin, mar aon leis an bhfaisnéis go léir is gá chun a mheasúnú an bhfuil an t‑eintiteas i gcomhréir le mír 1.

3. Déanfaidh bord bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí cur chun feidhme na socruithe rialachais a shainmhíniú agus a mhaoirsiú lena n‑áirithítear go ndéanfar eagraíocht a bhainistiú go héifeachtach stuama lena n‑áirítear cúraimí a leithscaradh san eagraíocht agus coinbhleachtaí leasa a chosc, agus é sin ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh agus leas a chliant chun cinn.

4. Diúltóidh UEUM údarú mura deimhin leis go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar an duine nó na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí le fírinne, nó má bhíonn foras soiléir inléirithe lena chreidiúint go gcuirfeadh na hathruithe arna moladh ar lucht bainistíochta an tsoláthraí, go gcuirfeadh na hathruithe sin bainistíocht fhónta stuama an ghnó agus aird leormhaith ar leas na gcliant agus sláine an mhargaidh i mbaol.

5. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] le haghaidh measúnú ar oiriúnacht na gcomhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bhfuil tuairisc uirthi i mír 1, agus ag cur san áireamh na ról agus na bhfeidhmeanna éagsúla a dhéanann siad agus an ghá atá le coinbhleachtaí leasa idir comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus úsáideoirí APA, CTP nó ARM a sheachaint.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Caibidil 2

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE APAnna, CTPanna AGUS ARManna

Airteagal 27f

Ceanglais eagraíochtúla maidir le APAnna

1. Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha ag APA chun an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 a phoibliú chomh gar agus is féidir go teicniúil don fhíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh APA in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí ina n‑áiritheofar go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáid lena n‑éascaítear comhdhlúthú na faisnéise le sonraí comhchosúla ó fhoinsí eile.

2. Beidh san fhaisnéis a phoibleoidh APA i gcomhréir le mír 1 na mionsonraí seo a leanas, ar a laghad:

(a) aitheantóir na hionstraime airgeadais;

(b) an praghas lenar tugadh an t‑idirbheart i gcrích;

(c) méid an idirbhirt;

(d) am an idirbhirt;

(e) an t‑am a tuairiscíodh an t‑idirbheart;

(f) anótáil praghais an idirbhirt;

(g) an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an t‑idirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;

(h) más infheidhme, comhartha go raibh an t‑idirbheart faoi réir coinníollacha sonracha.

3. Déanfaidh APA socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chliaint a chosc. Go háirithe, maidir le APA ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.

4. Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag APA chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil na modhanna aistrithe faisnéise, chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise roimh a foilsithe a chosc. Déanfaidh an APA acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.

5. Beidh córais i bhfeidhm ag APA lenar féidir tuarascálacha trádála a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire a shainaithint agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh.

6. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun formáidí coiteanna, caighdeáin sonraí agus socruithe teicniúla maidir le comhdhlúthú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, lena sonrófar cad is bonn réasúnta tráchtála ann chun faisnéis a phoibliú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

8. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a) na modhanna ina bhféadfaidh APA an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh;

(b) inneachar na faisnéise a fhoilsítear faoi mhír 1, lena n‑áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoin Airteagal seo;

(c) na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 27 g

Ceanglais eagraíochtúla maidir le CTPanna

1. Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag CTP chun an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don phobal a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 20, chun an fhaisnéis sin a chomhdhlúthú i sruth sonraí leictreonach leanúnach agus chun an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal chomh gar agus is féidir go teicniúil don fhíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála.

Beidh na mionsonraí seo a leanas ar a laghad ar áireamh san fhaisnéis sin:

(a) aitheantóir na hionstraime airgeadais;

(b) an praghas lenar tugadh an t‑idirbheart i gcrích;

(c) méid an idirbhirt;

(d) am an idirbhirt;

(e) an t‑am a tuairiscíodh an t‑idirbheart;

(f) anótáil praghais an idirbhirt;

(g) an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an t‑idirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;

(h) más infheidhme, algartam ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt;

(i) más infheidhme, comhartha go raibh an t‑idirbheart faoi réir coinníollacha sonracha;

(j) má tarscaoileadh an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis a phoibliú dá dtagraítear in Airteagal 3(1) i gcomhréir le pointe (a) nó (b) d’Airteagal 4(1), bratach a shonraíonn cé acu de na tarscaoiltí sin a raibh an t‑idirbheart faoina réir.

Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh CTP in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí a áiritheoidh go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh.

2. Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag CTP chun an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don phobal a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 21, chun an fhaisnéis a chomhdhlúthú i sruth sonraí leictreonach leanúnach agus chun an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don phobal chomh gar agus is féidir go teicniúil don fhíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála, lena n‑áirítear, ar a laghad, na mionsonraí seo a leanas:

(a) aitheantóir nó gnéithe aitheanta na hionstraime airgeadais;

(b) an praghas lenar tugadh an t‑idirbheart i gcrích;

(c) méid an idirbhirt;

(d) am an idirbhirt;

(e) an t‑am a tuairiscíodh an t‑idirbheart;

(f) anótáil praghais an idirbhirt;

(g) an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an t‑idirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;

(h) más infheidhme, comhartha go raibh an t‑idirbheart faoi réir coinníollacha sonracha.

Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh CTP in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí a áiritheoidh go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáidí a bhfuil glacadh go forleathan leo agus atá idir-inoibritheach agus sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh.

3. Áiritheoidh CTP go ndéanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a chomhdhlúthú ó na margaí rialáilte go léir, ó MTFanna, ó OTFanna, ó APAanna agus do na hionstraimí airgeadais a shonraítear le caighdeáin theicniúla rialála faoi phointe (c) de mhír 8.

4. Déanfaidh CTP socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí sainleasa a chosc. Go háirithe, maidir le hoibreoir margaidh nó APA, a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.

5. Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag CTP chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil na modhanna aistrithe faisnéise agus chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú. Déanfaidh CTP acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.

Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun caighdeáin agus formáidí sonraí a chinneadh maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú i gcomhréir le hAirteagail 6, 10, 20 agus 21, lena n‑áirítear aitheantóir na hionstraime airgeadais, praghas, cainníocht, am, anótáil praghais, aitheantóir ionaid agus táscairí do choinníollacha ar leith a raibh na hidirbhearta faoina réir agus socruithe teicniúla lena gcuirtear scaipeadh faisnéise atá éifeachtúil comhsheasmhach chun cinn ar shlí a áiritheoidh go mbeidh sí sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, lena n‑áirítear seirbhísí breise a shainaithint a d’fhéadfadh CTP a fheidhmiú agus a chuirfeadh le héifeachtúlacht an mhargaidh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 lena soiléirítear an rud is bonn réasúnta tráchtála ann chun rochtain a thabhairt ar shruthanna sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

7. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a) na modhanna ina bhféadfaidh CTP an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chomhlíonadh;

(b) inneachar na faisnéise a fhoilsítear faoi mhír 1 agus faoi mhír 2;

(c) sonraí na n‑ionstraimí airgeadais nach mór a sholáthar don sruth sonraí agus i gcás ionstraimí neamhchothromais na hionaid trádála agus APAanna is gá a chur san áireamh;

(d) modhanna eile chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a fhoilseoidh CTPanna éagsúla comhsheasmhach agus gur féidir mapáil chuimsitheach agus crostagairtí a dhéanamh i gcoinne sonraí comhchosúla ó fhoinsí eile, agus gur féidir iad a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais;

(e) na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i mír 4 agus i mír 5.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 27h

Ceanglais eagraíochtúla maidir le ARManna

1. Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag sásra tuairiscithe formheasta (ARM) chun an fhaisnéis a thuairisciú a cheanglaítear faoi Airteagal 26 chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre tar éis an lae a rinneadh an t‑idirbheart.

2. Déanfaidh ARM socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chliaint a chosc. Go háirithe, maidir le ARM ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.

3. Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag ARM chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus fíordheimhniú na modhanna aistrithe faisnéise, chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise a chosc agus rúndacht na sonraí a choimeád i gcónaí. Déanfaidh ARM acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.

4. Beidh córais i bhfeidhm ag ARM lenar féidir tuarascálacha idirbheart a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire arna ndéanamh ag an ngnólacht infheistíochta a shainaithint agus i gcás ina mbeidh earráid nó easnamh den sórt sin ann, sonraí faoin earráid nó easnamh a chur in iúl don ghnólacht infheistíochta agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh.

Beidh córais i bhfeidhm ag ARM chun gur féidir le ARM earráidí nó easnaimh arna ndéanamh ag ARM féin a bhrath agus gur féidir le ARM tuarascálacha idirbheart a cheartú agus a tharchur, nó tuarascálacha idirbheart atá cruinn agus iomlán a atarchur, de réir mar a bheidh, chuig an údarás inniúil.

5. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a) na modhanna ina bhféadfaidh ARM an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh; agus

(b) na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i mír 2, i mír 3 agus i mír 4.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

cuirtear isteach an Teideal VIa seo a leanas:

'TEIDEAL VIa

Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM

CAIBIDIL 1

INNIÚLACHTAÍ AGUS NÓSANNA IMEACHTA

Airteagal 38 a

Cumhachtaí ÚEUM a fheidhmiú

Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM nó d'aon oifigeach de chuid ÚEUM nó d'aon duine eile arna údarú ag ÚEUM le hAirteagal 38b go hAirteagal 38e, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.

Airteagal 38b

Iarraidh ar fhaisnéis

1. Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

(a)    APA, CTP, ARM agus gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála chun seirbhísí tuairiscithe sonraí APA, CTP nó ARM a oibriú, agus na daoine a rialaíonn iad nó atá á rialú acu;

   (b) bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);

2. Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) cuspóir na hiarrata a lua;

(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d) teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e) ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n‑iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f) a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 38e, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

3. Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a) tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) cuspóir na hiarrata a lua;

(c) an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d) teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e) a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38g i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f) a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 38f, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g) a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4. Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5. I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.

Airteagal 38c

Imscrúduithe ginearálta

1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúdaithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;

(b) cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c) aon duine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

(d) agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e) taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n‑imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 38h i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) mícheart nó míthreorach.

3. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

4. I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.

5. Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a) tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;

(b) go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38d

Cigireachtaí ar an láthair

1. Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) é.

2. Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 38b(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3. In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t‑údarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.

4. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38g sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.

5. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n‑ordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

6. Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.

7. Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 38b(1) a dhéanamh thar a cheann.

8. I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

9. Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10. I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a)    go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;

(b)    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38e

Malartú faisnéise

Tabharfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla dá chéile, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 38f

Rúndacht ghairmiúil

Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE maidir le ÚEUM agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d'oibrigh do ÚEUM nó d'aon duine eile a ndearna ÚEUM cúraimí a tharmligean chucu, lena n‑áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM.

Airteagal 38 g

Bearta maoirseachta ag ÚEUM

1. I gcás ina bhfaighidh ÚEUM go ndearna duine a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 38a(1) ceann de na sáruithe a liostaítear i dTeideal IVa, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

(b) cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i;

(c) fógraí poiblí a eisiúint.

2. Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a) fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(c) an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.

(d) leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e) acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(f) an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;

(g) méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(h) a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(a) sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

(j) bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

3. Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)    ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

(b)    i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c)    ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 2

SMACHTBHANNAÍ RIARACHÁIN AGUS BEARTA EILE

Airteagal 38h

Fíneálacha

1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 38k(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann de na sáruithe a liostaítear i dTeideal IVa, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

2. EUR 200 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta. .

3. Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 38g(2) san áireamh.

Airteagal 38i

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur:

(a) ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 38b(1)(a);

(b) ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1):

faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 38b;

géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal [38c] a chomhlánú agus a cheartú;

géilleadh do chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal [38d].

2. Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

3. D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4. Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

Airteagal 38j

Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sa nochtadh sin aon sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2. Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i.

3. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.

4. Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i in-fhorfheidhmithe.

5. Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéanfar é.

6. Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 38k

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

1. I gcás ina n‑aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i dTeideal IVa, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t‑oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bpróiseas maoirseachta ná formheasta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar ÚEUM.

2. Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú faoina bhráid á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid ÚEUM.

3. Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d.

4. Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.

6. Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n‑imscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal seo.

7. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

8. Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 38l, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i dTeideal IVa déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 38m.

9. Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.

10. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta na cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.

11. Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n‑aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní fhorchuirfidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 38l

Daoine lena mbaineann a éisteacht

1. Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 38g, Airteagal 38h agus Airteagal 38i, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

2. Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n‑imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 38m

Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

Airteagal 38n

Táillí maidir le húdarú agus maoirseacht

1. Gearrfaidh ÚEUM táillí ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 38o.

2. Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ar leith, cumhdófar leis sin na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir leis an réamheolaire, lena n‑áirítear forlíonta a ghabhann leis, arna tharraingt suas ag an eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh cead isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte. Beidh sé comhréireach le láimhdeachas an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte.

3. Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad a shonrú.

Airteagal 38o

ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla

1. I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

2. Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo a leanas:

(a) raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b) an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c) tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

3. I gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 38n(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.

4. Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

5. Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú."; Leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:

   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2. Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 1(9), 2(2), 13(2), 15(5), 17(3), 19(2) agus (3), 27c, 31(4), 40(8), 41(8), 42(7), 45(10) agus 52(10) agus (12) go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 2 Iúil 2014.';

   i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

'Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 27c, Airteagal 31(4), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10) agus (12) a chúlghairm aon tráth.';

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

'Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(9), Airteagal 2(2), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 27c, Airteagal 31(4), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10) nó (12) i bhfeidhm ach amháin mura ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne faoi cheann trí mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach ndéanfaidís agóid ina choinne.';

in Airteagal 52, cuirtear mír 13 agus mír 14 seo a leanas leis:

'13.    Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite arna bunú i gcomhréir le Teideal IVa. Tíolacfar an tuarascáil a bhaineann le hAirteagal 27d(1) faoin 3 Meán Fómhair 2019. Tíolacfar an tuarascáil a bhaineann le hAirteagal 27d(2) faoin 3 Meán Fómhair 2021.

Sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar measúnú ar fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite i bhfianaise na gcritéar seo a leanas:

(a)    faisnéis iarthrádála i bhformáid chomhdhlúite a bheith ar fáil agus tráthúil ina ngabhfar gach idirbheart is cuma cé acu a dhéanfar ar ionaid trádála iad nó nach ndéanfar;

(b)    faisnéis iarthrádála iomlán agus pháirteach i bhformáid chomhdhlúite a bheith ar fáil agus tráthúil atá ar ardcháilíocht, i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh agus atá ar fáil ar bhonn réasúnta tráchtála.

I gcás go gcinnfidh an Coimisiún gur mhainnigh CTPanna faisnéis a thabhairt ar shlí a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach sa dara fomhír, cuirfidh an Coimisiún iarraidh i gceangal lena thuarascáil chuig ÚEUM chun nós imeachta idirbheartaíochta a sheoladh le go gceapfar eintiteas tráchtála a fheidhmeoidh teilitéip chomhdhlúite trí phróiseas soláthair phoiblí arna eagrú ag ÚEUM. Seolfaidh ÚEUM an nós imeachta tar éis an iarraidh ón gCoimisiún a fháil maidir leis na coinníollacha a bheidh sonraithe san iarraidh ón gCoimisiún agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).

14.    Glacfaidh an Coimisiún, i gcás go dtionscnófar an nós imeachta a leagtar amach i mír 13, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50, trí bhearta a shonrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    foráil a dhéanamh maidir le tréimhse an chonartha atá ag an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite agus maidir leis an bpróiseas agus na coinníollacha chun an conradh a athnuachan agus an soláthar poiblí nua a sheoladh;

(b)    foráil a dhéanamh maidir leis an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite agus go bhfeidhmeoidh sé amhlaidh ar bhonn eisiach agus nach n‑údarófar aon eintiteas eile mar CTP i gcomhréir le hAirteagal 27a;

(c)    a chumhachtú do ÚEUM a áirithiú go mbeidh coinníollacha na tairisceana á gcomhlíonadh ag an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a ceapadh trí sholáthar poiblí.

(d)    a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis iarthrádála a thugann an t‑eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite ar ardcháilíocht, i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh agus i bhformáid chomhdhlúite lena ngabhtar an margadh iomlán;

(e)    a áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iarthrádála ar bhonn réasúnta tráchtála, ar bhonn comhdhlúite agus neamh-chomhdhlúite, agus go ndéanfaidh sí riar ar riachtanais úsáideoirí na faisnéise sin ar fud an Aontais;

(f)    a áirithiú go gcuirfidh an hionaid trádála agus APAanna a sonraí trádála ar fáil don eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a cheapfar trí phróiseas soláthair phoiblí arna eagrú ag ÚEUM ar chostas réasúnta;

(g)    socruithe a shonrú a bheidh infheidhme i gcás go mainneoidh an t‑eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a cheapfar trí sholáthar poiblí coinníollacha na tairisceana a chomhlíonadh;

(h)    socruithe a shonrú ar dá réir a leanfaidh CTPanna arna n‑údarú faoi Airteagal 27a de bheith ag feidhmiú teilitéip chomhdhlúite i gcás nach n‑úsáidfear an cumhachtú lena bhforáiltear i bpointe (b) den mhír seo, nó i gcás nach gceapfar aon eintiteas trí sholáthar poiblí, go dtí go gcuirfear soláthar poiblí nua i gcrích agus go gceapfar eintiteas tráchtála chun teilitéip chomhdhlúite a fheidhmiú.

*    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, Lch. 19).

**    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, Lch. 1).';

cuirtear isteach an tAirteagal 54a agus an tAirteagal 54b seo a leanas:

'Airteagal 54a
Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

1. Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na seirbhísí tuairiscithe sonraí, a thugtar do na húdaráis inniúla, de bhun Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, cuirfear deireadh leo an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.

2. Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na seirbhísí tuairiscithe sonraí, lena n‑áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.

Maidir le hiarratas ar chlárú atá faighte ag údaráis inniúla, áfach, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 30 mí tar éis an teacht i bhfeidhm] ní aistreofar é chuig ÚEUM, agus is é an t‑údarás inniúil a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.

3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma gur soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a dhéanfaidh sin. Tabharfaidh na húdaráis inniúla gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n‑éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.

4. Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

5. Má dheonaíonn údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, leanfaidh an t‑údarú sin de bheith bailí tar éis aistriú na n‑inniúlachtaí chuig ÚEUM.

Airteagal 54b
Caidreamh le hiniúchóirí

1.    Aon duine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), ag gníomhú dó ina sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí agus an cúram a thuairiscítear in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE nó Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE á fheidhmiú aige nó aon chúram eile a leagtar síos sa dlí, beidh dualgas air aon fhíoras nó cinneadh a thuairisciú go pras chuig ÚEUM a bhaineann leis an ngnóthas sin ar tháinig an duine sin air agus é i mbun an chúraim sin agus ar féidir go ndéanfaidh sé:

(a)     sárú ábhartha ar na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear an t‑údarú nó lena rialaítear na gníomhaíochtaí go sonrach a dhéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin;

(b)     difear d'fheidhmiú leanúnach an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí;

(c)     údar a thabhairt chun deimhniú na gcuntas a dhiúltú nó cúiseanna imní a chur in iúl.

Beidh dualgas ar an duine sin freisin aon fhíorais nó cinntí a thuairisciú ar tháinig an duine orthu le linn dó a bheith i mbun ceann de na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ngnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ina bhfuil sé ag déanamh an chúraim sin.

2.      Ní sárú an nochtadh faisnéise de mheon macánta do na húdaráis inniúla, ag daoine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/ CE, d’aon fhíoras nó cinneadh dá dtagraítear i mír 1, ar shrianta dlíthiúla nó conarthacha ar nochtadh faisnéise agus ní ghabhfaidh dliteanais de chineál ar bith leis na daoine sin.

*    Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, Lch. 87).'.

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha

Leasaítear Rialachán (AE) 2015/760 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“(10)    ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (h) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;”;

scriostar pointe (11);

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.    Coinneoidh ÚEUM clár poiblí lárnach ina sainaithneofar gach ELTIF arna údarú faoin Rialachán seo agus bainisteoir ELTIF. Cuirfear an clár ar fáil i bhformáid leictreonach.”;

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Déanfar iarratas ar údarú mar ELTIF chuig ÚEUM.”;

(ii)    sa dara fomhír, cuirtear an pointe (e) seo a leanas léi:

“(e)    liosta de na Ballstáit ina mbeidh sé beartaithe ELTIF a mhargú;

(iii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Féadfaidh ÚEUM soiléiriú agus faisnéis a iarraidh maidir leis an doiciméadacht agus leis an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil faoin dara fomhír.”;

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Ní fhéadfaidh ach AIFM AE arna údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE iarratas a chur chuig ÚEUM ar fhormheas chun bainistiú a dhéanamh ar ELTIF a mbeidh údarú iarrtha ina leith i gcomhréir le mír 1.”;

(ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Féadfaidh ÚEUM soiléiriú a iarraidh ar údarás inniúil AIFM AE chomh maith le faisnéis faoin doiciméadacht dá dtagraítear sa dara fomhír nó fianú i dtaobh an dtagann ELTIFanna faoi réim údarú AIFM AE chun AIFanna a bhainistiú. Tabharfaidh údarás inniúil AIFM AE freagra laistigh de 10 lá oibre ón dáta a bheidh an iarraidh arna cur isteach ag ÚEUM faighte aige.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.    Cuirfear ÚEUM ar an eolas láithreach maidir le haon mhodhnuithe ina dhiaidh sin ar an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.    De mhaolú ar mhír 1 go dtí 3, maidir le AIF de chuid AE a gceadaíonn a fhoirm dhlíthiúil bainistíocht inmheánach agus i gcás ina dtogróidh a chomhlacht rialaithe gan AIFM seachtrach a cheapadh, déanfaidh sé iarratas comhuaineach ar údarú chuig ÚEUM mar ELTIF faoin Rialachán seo agus mar AIFM faoi Threoir 2011/61/AE.

San iarratas ar údarú mar ELTIF arna bhainistiú go hinmheánach, beidh na nithe seo a leanas:

(a)    rialacha an chiste nó na hionstraimí corpraithe;

(b)    faisnéis ar chéannacht an taiscí;

(c)    tuairisc ar an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil d'infheisteoirí, lena n‑áirítear tuairisc ar na socruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola;

(e)    liosta de na Ballstáit ina mbeidh sé beartaithe ELTIF a mhargú;

(f)    an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) d'Airteagal 7(2) de Threoir 2011/61/CE.

Cuirfidh ÚEUM in iúl do AIF AE i dtaobh an mbeidh na húdaruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír deonaithe laistigh de thrí mhí ón dáta a thíolacfar iarratas comhlánaithe.”;

cuirtear isteach mír 6 agus mír 7 mar a leanas:

“6. Tabharfaidh ÚEUM fógra d’údaráis inniúla na mBallstát ina mbeidh sé beartaithe ELTIF a mhargú faoi na húdaruithe a dheonófar de bhun Airteagal 6 i gcomhréir le hAirteagal 31(2).

7. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 6:

(a)    sainaithint bhainisteoir ELTIF, ELTIF agus an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe nó a cheannoifig;

(b)    rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF;

(c)    taiscí ELTIF a shainaithint;

(d)    tuairisc ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil d'infheisteoirí;

(e)    tuairisc ar na socruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola;

(f)    an réamheolaire agus, más ábhartha, an doiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014;

(g)    faisnéis faoi na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 26.”;

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

“1.    Ní údarófar AIF AE mar ELTIF ach amháin i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith ÚEUM:

(a)    gur deimhin leis go bhfuil AIF AE in ann ceanglais uile an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(b)    go bhfuil sé tar éis iarratas ó AIFM AE arna údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE a fhormheas chun ELTIF, rialacha an chiste nó na hionstraimí corpraithe agus rogha an taiscí a bhainistiú.

2.    I gcás ina ndéanann AIF AE iarratas de bhun Airteagal 5(5) den Rialachán seo, ní dhéanfaidh ÚEUM AIF AE a údarú ach amháin i gcás:

(a)    gur deimhin leis go gcomhlíonann AIF AE an Rialachán seo;

(b)    gur deimhin leis go gcomhlíonann AIF AE ceanglais Threoir 2011/61/AE;

(c)    go bhfuil sé tar éis rialacha an chiste nó na hionstraimí corpraithe agus rogha an taiscí a fhormheas.

3.    Ní fhéadfaidh ÚEUM formheas a dhiúltú maidir le hiarratas AIFM AE ar ELTIF a bhainistiú ach amháin i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith AIFM AE:

(a)    nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo;

(b)    nach gcomhlíonann sé Treoir 2011/61/AE i leith ELTIF a bhfuil sé beartaithe aige a bhainistiú;

(c)    nach bhfuil sé údaraithe ag údarás inniúil bhainisteoir AIFM AE chun AIFanna a bhainistiú a leanann straitéisí infheistíochta den chineál atá cumhdaithe ag an Rialachán seo;

(d)    nach bhfuil an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 5(2), ná aon soiléiriú nó faisnéis a iarrtar faoi, curtha ar fáil aige.

Rachaidh ÚEUM i gcomhairle le húdarás inniúil an AIFM AE sula ndiúltóidh sé iarratas a fhormheas.”;

scriostar mír 4;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.    Cuirfidh ÚEUM in iúl do AIF AE an chúis leis an diúltú údarú mar ELTIF a dheonú.”;

scriostar mír 6 agus mír 7;

cuirtear isteach an tAirteagal 6a seo a leanas:

“Airteagal 6 a

Údarú a tharraingt siar

1. Gan dochar d'Airteagal 35, déanfaidh ÚEUM údarú le haghaidh ELTIF a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíonfaidh bainisteoir an ELTIF sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)    gur thréig an bainisteoir an t‑údarú go sainráite nó nár úsáid sé an t‑údarú laistigh de shé mhí tar éis an t‑údarú a bheith deonaithe;

(b)    go bhfuair an bainisteoir an t‑údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c)    nach gcomhlíonann ELTIF a thuilleadh na coinníollacha faoinar údaraíodh é.

2. Gabhfaidh éifeacht láithreach le tarraingt siar an údaraithe ar fud an Aontais.”;

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.    Beidh bainisteoir ELTIF freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo agus comhlíonadh cheanglais ábhartha Threoir 2011/61/AE a áirithiú maidir le ELTIF. Beidh bainisteoir ELTIF faoi dhliteanas freisin i gcás caillteanais nó damáistí a thagann as neamh-chomhlíonadh an Rialacháin seo.”;

i mír 1 d’Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Maidir leis an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, cuirfear i gcuntas sainghnéithe agus saintréithe na sócmhainní atá le hinfheistiú ag ELTIF, agus ní bheidh sé níos déanaí ná cúig bliana tar éis dháta an údaraithe mar ELTIF, nó leathré ELTIF mar a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 18(3), cibé acu is luaithe. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh ÚEUM, ar chur isteach plean infheistíochta cuí‑réasúnaithe, formheas a dhéanamh ar shíneadh nach mó ná aon bhliain bhreise amháin a chur leis an teorainn ama seo.”;

i mír 2 d'Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)    go bhfuil bainisteoir ELTIF, tráth an údaraithe agus ar feadh shaolré ELTIF, in ann a léiriú do ÚEUM go bhfuil córas iomchuí bainistithe leachtachta agus nósanna imeachta éifeachtacha chun faireachán a dhéanamh ar riosca leachtachta ELTIF i bhfeidhm, ar córas agus nósanna imeachta iad atá comhoiriúnach do straitéis infheistíochta fadtéarmaí ELTIF agus don bheartas fuascailte molta;”;

in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.    Glacfaidh ELTIF sceideal mionsonraithe le haghaidh diúscairt ordúil a chuid sócmhainní chun aonaid nó scaireanna infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré ELTIF, agus déanfaidh sé é sin a nochtadh do ÚEUM bliain amháin ar a laghad roimh dháta dheireadh shaolré ELTIF.”;

i mír 3 d'Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)    aon fhaisnéis eile a mheasann ÚEUM a bheith ábhartha chun críocha mhír 2.”;

in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.    Seolfaidh ELTIF a réamheolaire agus aon leasuithe air, chomh maith lena thuarascáil bhliantúil, chuig ÚEUM. Arna iarraidh sin air, soláthróidh ELTIF an doiciméadacht sin d'údarás inniúil bhainisteoir ELTIF. Soláthróidh ELTIF an doiciméadacht sin laistigh den tréimhse ama a shonróidh ÚEUM agus údarás inniúil bhainisteoir ELTIF.”;

in Airteagal 28, cuirtear isteach mír 3:

“3.    Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36a faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] chun an próiseas inmheánach a shonrú maidir le measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht ELTIF lena mhargú d'infheisteoirí miondíola dá dtagraítear i mír 1, chun a áirithiú go mbeidh sé comhsheasmhach le forálacha maidir le hoiriúnacht agus iomchuibheas a mheasúnú dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Threoir 2014/65/AE*.

___________________________________

* Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, Lch. 349).";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 31, 32, 33 agus 34:

“Airteagal 31

Aonaid agus scaireanna ELTIFanna a mhargú

Beidh cead ag bainisteoir ELTIF aonaid nó scaireanna an chiste sin a mhargú láithreach tar éis do ÚEUM an fógra dá dtagraítear in Airteagal 5(6) a chur in iúl don bhainisteoir.

Airteagal 32

Maoirseacht ag ÚEUM

1.    Áiritheoidh ÚEUM go leanfar de bheith ag cur an Rialacháin seo i bhfeidhm.

2.    Déanfaidh ÚEUM maoirseacht ar chomhlíonadh rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF, agus ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar amach sa réamheolaire, ar oibleagáidí iad a chomhlíonfaidh an Rialachán seo.

3.    Chun na cúraimí a dhéanamh a tugadh dó leis an Rialachán seo, agus chun ardchaighdeáin maoirseachta a áirithiú, cuirfidh ÚEUM reachtaíocht ábhartha uile an Aontais i bhfeidhm, agus sa chás gur treoracha atá sa dlí sin de chuid an Aontais, an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh na treoracha sin.

4.    Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar ghnóthais chomhinfheistíochta arna mbunú nó arna margú ina gcríocha chun a áirithiú nach n‑úsáidfidh siad an sonrúchán ‘ELTIF’ ná nach dtabharfaidh siad an bharúil gur ELTIF iad ach amháin má tá siad údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Má chreideann údarás inniúil go mbaineann gnóthas comhinfheistíochta úsáid as an sonrúchán ‘ELTIF’, nó má thugann gnóthas comhinfheistíochta an bharúil gur ELTIF é gan a bheith údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an t‑údarás inniúil an méid sin in iúl do ÚEUM gan mhoill.

Airteagal 33

Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34, in Airteagal 34a agus in Airteagal 34b

Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar don Údarás, d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 34, le hAirteagal 34a agus le hAirteagal 34b, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 34

Iarrataí ar fhaisnéis

1.    Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

   (a)    bainisteoirí ELTIFanna;

   (b)    daoine a bhfuil baint acu le bainistiú ELTIFanna;

   (c)    tríú páirtithe a ndearna bainisteoir ELTIF feidhmeanna a tharmligean chucu;

   (d)    daoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu le lucht bainistíochta ELTIFanna.

2.    Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata a lua;

(c)    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d)    teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

(e)    ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n‑iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f)    a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 35a, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

3.    Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata a lua;

(c)    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d)    teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

(e)    a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35b i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f)    an fhíneáil a shonrú dá bhforáiltear in Airteagal 35a(3), i dteannta phointe (n) d’Airteagal 35a(2), i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g)    a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.    Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.    I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.”;

cuirtear isteach na hAirteagail 34a, 34b, 34c agus 34d seo a leanas:

“Airteagal 34 a

Imscrúduithe ginearálta

1.    Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúdaithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;

(b)    cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c)    aon duine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

(d)    agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e)    taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2.    Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n‑imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. Sonrófar san údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35b i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 35a(3), i dteannta phointe (o) d’Airteagal 35a(2), i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) mícheart nó míthreorach.

3.    Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.

4.    I bhfad sula ndéanfar imscrúdú, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.

5.    Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6.    I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a) tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;

(b) go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 34b

Cigireachtaí ar an láthair

1.    Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar leis na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) é.

2.    Féadfaidh oifigigh ÚEUM agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó nó ar aon talamh de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 34a(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3.    In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t‑údarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.

4. Déanfaidh oifigigh ÚEUM agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35b sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.

5.    Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n‑ordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, ceapfar an dáta a bheidh sí le tosú, sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 35b, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.

6.    Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.

7.    Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 34a(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 34a(1).

8.    I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh fhorfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

9.    Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10.    I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a) tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;

(b) go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 34c

Malartú faisnéise

Tabharfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo dá chéile.

Airteagal 34d

Rúndacht ghairmiúil

1. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le ÚEUM, maidir leis na húdaráis inniúla agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d'oibrigh do ÚEUM, do na húdaráis inniúla nó d'aon duine eile a ndearna ÚEUM cúraimí a tharmligean chucu, lena n‑áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM. Ní dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe leis an rúndacht ghairmiúil a nochtadh do dhuine nó údarás eile ach amháin i gcás ina mbeidh an nochtadh sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

2.    Déanfar an fhaisnéis ar fad a fhaigheann ÚEUM agus na húdaráis inniúla, nó a mhalartaítear idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo, a mheas mar fhaisnéis rúnda, ach amháin nuair a shonraíonn ÚEUM nó an t‑údarás inniúil i dtrácht ag tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó nuair atá nochtadh den chineál sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.”;

cuirtear isteach an Chaibidil VIa seo a leanas:

“CAIBIDIL VIa

SMACHTBHANNAÍ AGUS BEARTA RIARACHÁIN EILE”

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35;

“Airteagal 35

Bearta maoirseachta ag ÚEUM

1.    Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 35d(8), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 35a(2), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)    an t‑údarú mar ELTIF a tharraingt siar;

(b)    cosc sealadach a chur ar bhainisteoir ELTIF ELTIF a mhargú ar fud an Aontais go dtí go gcuirfear deireadh leis an sárú;

(c)    cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

(d)    cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha de bhun Airteagal 35a;

(e)    fógraí poiblí a eisiúint.

2.    Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)    fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)    an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(c)    an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(d)    leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e)    acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(f)    an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;

(g)    méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(h)    a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(i)sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

(j)bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

3.    Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)    ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

(b)    i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c)    ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

cuirtear isteach na hAirteagail 35a, 35b, 35c, 35d, 35e, 35f, 35g agus 35h seo a leanas:

“Airteagal 35 a

Fíneálacha

1. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 35d(8), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna bainisteoir ELTIF, daoine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) nó gnóthas comhinfheistíochta ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i mír 2, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

2. Maidir le liosta na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:

(a)    mainneachtain na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 a chomhlíonadh;

(b)    infheistíocht a dhéanamh, de shárú ar Airteagail 9 go 12, in infheistíochtaí neamh-incháilithe;

(c)    an phunann a chomhdhéanamh agus a éagsúlú de shárú ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 17 nó an phunann a chomhdhéanamh agus a éagsúlú de shárú ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 17 agus gan bearta de bhun Airteagal 14 a dhéanamh;

(e)    mainneachtain na ceanglais maidir le comhchruinniú a leagtar amach in Airteagal 15 a chomhlíonadh;

(f)    mainneachtain na ceanglais maidir leis an airgead tirim a fháil ar iasacht a leagtar amach in Airteagal 16 a chomhlíonadh;

(g)    mainneachtain na ceanglais maidir le fuascailtí agus saolré ELTIF a leagtar amach in Airteagal 18 a chomhlíonadh;

(h)    mainneachtain faisnéis a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) agus (4);

(i)    mainneachtain aonaid nó scaireanna nua a thairiscint d'infheisteoirí atá ann cheana in ETTIF i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(j)    sócmhainní ELTIF a dhiúscairt de shárú ar Airteagal 21 nó fáltais agus caipiteal a dháileadh de shárú ar Airteagal 22;

(k)    mainneachtain na ceanglais maidir le trédhearcacht a leagtar amach in Airteagal 23, in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 a chomhlíonadh;

(l)    mainneachtain na ceanglais maidir le haonaid nó scaireanna ELTIFanna a mhargú a leagtar amach in Airteagal 26 go hAirteagal 31 a chomhlíonadh;

(m)    údarú a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

(n)    mainneachtain faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena n‑éilítear faisnéis de bhun Airteagal 34(2) agus (3), nó faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis nó ar chinneadh;

(o)    pointe (c) d’Airteagal 34a(1) a shárú trí mhainneachtain míniú a thabhairt, nó trí mhíniú mícheart nó míthreorach a thabhairt, ar fhíorais nó doiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir cigireachta;

(p)    an sonrúchán ‘ELTIF’ a úsáid gan a bheith údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3. EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha dá dtagraítear i mír 1 agus ní bheidh siad os cionn EUR 5 mhilliún maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 2.

4.    Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 3, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 35(2) san áireamh.

5.     D'ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain duine tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

6.    Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i mír 2 san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, agus ríomhfar í i gcomhréir le mír 4 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

Airteagal 35b

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur:

(a)    ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (c) d’Airteagal 35(1);

(b)    ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 34(1):

(i) faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 34;

(ii) géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 34a a chomhlánú agus a cheartú;

(iii) géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 34b.

2.    Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

3.    D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4.    Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

Airteagal 35c

Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.    Déanfaidh an tÚdarás gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 35a agus Airteagal 35b a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

2.    Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 35a agus Airteagal 35b.

3.    I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.

4.    Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 35a agus Airteagal 35b in-fhorfheidhmithe.

Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.

4.    Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 35d

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

1.    I gcás ina n‑aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 35a(2), ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach, ná i bpróiseas clárúcháin, na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

2.    Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi imscrúdú faoina bhráid á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

3.    Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 34 agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 34a agus le hAirteagal 34b. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n‑úsáid aige, comhlíonfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 33.

4.    Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5.    Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus ar na fíorais sin amháin, a bhunóidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.

6.    Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.

7.    Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

8.    Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 35e, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 35a(2) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 35 agus gearrfaidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 35a.

9.    Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

10.    Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36a faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus rialacha mionsonraithe maidir le tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus pionóis a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.

11.    Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n‑aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach nó as fíorais atá comhionann le chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 35e

Éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí

1.    Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 35, Airteagal 35a nó phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 35b(1), tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí éisteacht a fháil faoi chinntí ÚEUM. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a dtuairimí ina leith a thabhairt, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 35 chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

2.    Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n‑imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid ÚEUM sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 35f

Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.    

Airteagal 35 g

Táillí maidir le húdarú agus maoirseacht

1.    Gearrfaidh ÚEUM táillí ar bhainisteoirí ELTIFanna i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú agus maoirseacht ELTIFanna agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 35h.

2.    Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar bhainisteoir ar leith ELFIF na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir le húdarú agus maoirseacht bhainisteoir ELTIF agus maidir le húdarú agus maoirseacht ELTIF. Beidh sé comhréireach leis na sócmhainní atá faoi bhainistíocht ELTIF lena mbaineann nó, i gcás inarb ábhartha, le cistí dílse bhainisteoir ELTIF.

3.    Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36a faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad a shonrú.

Airteagal 35h

ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla

1.    I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 34 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 34a agus le hAirteagal 34b a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

2.    Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:

(a)    raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b)    an tráthchlár chun an cúram a bheidh le tarmligean a dhéanamh;

(c)    tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

3.    I gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 35g(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.

4.    Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an tarmligean dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean cúraimí a chúlghairm aon tráth.

Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú. Ní tharmligfear freagrachtaí maoirseachta faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear cinntí clárúcháin, measúnuithe críochnaitheacha agus cinntí leantacha maidir le sáruithe.”;

cuirtear isteach an tAirteagal 36 a agus an tAirteagal 36b seo a leanas:

“Airteagal 36 a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 28(3), in Airteagal 35d(10) agus in Airteagal 35g(3), tabharfar an chumhacht sin don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an teacht i bhfeidhm].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 28(3), in Airteagal 35d(10) agus in Airteagal 35g(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.    Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 28(3), Airteagal 35d(10) agus Airteagal 35g(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.    

Airteagal 36b

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

1. Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse ELTIFanna, a thugtar do na húdaráis inniúla, cuirfear deireadh leo an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.

2. Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse ELTIFanna, lena n‑áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.

Maidir le hiarratas ar chlárú atá faighte ag údaráis inniúla, áfach, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 30 mí tar éis an teacht i bhfeidhm] ní aistreofar é chuig ÚEUM, agus is é an t‑údarás inniúil a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.

3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Tabharfaidh na húdaráis inniúla sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n‑éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse ELTIFanna.

4. Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

5. Má dheonaíonn údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 aon údarú do ETLIF, leanfaidh an t‑údarú sin de bheith bailí tar éis aistriú na n‑inniúlachtaí chuig ÚEUM.";";

Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

"1a. Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta 84 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm], cuirfidh an Coimisiún tús le hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar anailís san athbhreithniú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) éifeachtacht, comhréireacht agus feidhmiú na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b) ról UEUM, a chumhachtaí imscrúdaitheacha, tarmligean cúraimí chuig údaráis inniúla agus éifeachtacht na mbeart maoirseachta a dhéanfar.";

i mír 2, na focail tosaigh: cuirtear an méid seo a leanas in ionad "I ndiaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo": "I ndiaidh na n‑athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 1a den Airteagal seo".

Airteagal 8

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 mar a leanas:

(1)in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“9.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 lena sonrófar na ceanglais maidir lena áirithiú go bhfuil na socruithe rialachais dá dtagraítear i mír 1 daingean go leor.”;

in Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 lena sonrófar na ceanglais maidir lena áirithiú go gcomhlíonann an mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 1 pointí (a) go (e) den mhír sin.”;

In Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 lena sonrófar saintréithe na gcóras agus na rialuithe dá dtagraítear i mír 1.”;

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20"

“Airteagal 20

Tagarmharcanna criticiúla

1.    Ainmneoidh an Coimisiún mar thagarmharc criticiúil aon tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe laistigh den Aontas agus arna úsáid go díreach nó go neamhdhíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 500 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme.

I gcás ina mbeidh údarás inniúil Ballstáit nó ÚEUM den tuairim gur cheart tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc criticiúil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfaidh an t‑údarás inniúil sin nó ÚEUM, de réir mar is iomchuí, fógra don Choimisiún ina leith sin agus tabharfaidh sé bunús lena thuairim i scríbhinn.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a mheasúnú ar a chriticiúla agus atá na tagarmharcanna gach dhá bhliain ar a laghad.

2.    Ainmneoidh ÚEUM mar thagarmharc criticiúil, aon tagarmharc a ndéantar tagairt dó in ionstraimí airgeadais nó i gconarthaí airgeadais nó aon tagarmharc a úsáidtear chun feidhmíocht cistí infheistíochta ag a bhfuil luach níos lú ná EUR 500 billiún a thomhas, mar a leagtar amach i mír (1) a chomhlíonann critéar (a) agus ceann de chritéir (b) nó (c) thíos:

(a)    níl ionadaí oiriúnach ar bith ag an tagarmharc, nó tá fíorbheagán ionadaithe aige, faoi stiúir an mhargaidh;

(b)    dá scoirfí den tagarmharc a sholáthar nó dá mba rud é gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthrófaí é, bheadh tionchar suntasach agus dochrach ann ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnólachtaí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit;

(c)(i)    tá an tagarmharc bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí a bhfuil a bhformhór lonnaithe sa Bhallstát sin, agus

(c)(ii)    dá scoirfí den tagarmharc a sholáthar nó dá mba rud é gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthrófaí é, bheadh tionchar suntasach agus dochrach ann ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnólachtaí i mBallstát amháin;

3.    Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe (a) agus pointe (b), cuirfidh ÚEUM an méid seo a leanas san áireamh:

(i)luach na nionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a nábharthacht maidir le luach iomlán na nionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais gan íoc, agus luach iomlán na gcistí infheistíochta sna Ballstáit lena mbaineann;

(ii)luach na nionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh de na Ballstáit lena mbaineann a thomhas agus a nábharthacht maidir le holltáirgeacht náisiúnta na mBallstát sin;

(iii)aon fhigiúr eile chun measúnú a dhéanamh ar bhonn oibiachtúil ar thionchar féideartha neamhleanúnachas nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí sna Ballstáit lena mbaineann.

4.    Sula n‑ainmneoidh ÚEUM tagarmharc mar thagarmharc criticiúil, rachaidh sé i gcomhairle le húdarás inniúil riarthóir an tagarmhairc sin, agus cuirfidh sé an measúnú atá déanta ag an údarás inniúil sin san áireamh.

Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar a mheasúnú ar a chriticiúla agus atá an tagarmharc gach dhá bhliain ar a laghad.

Tabharfaidh ÚEUM fógra gan mhoill mhíchuí don Choimisiún maidir le haon tagarmharc a ainmnítear mar thagarmharc criticiúil agus maidir le haon chinneadh tagarmharc a athainmniú mar thagarmharc criticiúil i gcás ina mbainfear de thátal as an athbhreithniú dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo nach meastar go bhfuil tagarmharc arna ainmniú mar thagarmharc criticiúil ag ÚEUM, criticiúil a thuilleadh.

I gcás ina mbeidh údarás inniúil Ballstáit den tuairim gur cheart tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc criticiúil i gcomhréir leis an mír seo, tabharfaidh an t‑údarás inniúil sin fógra do ÚEUM ina leith sin agus tabharfaidh sé bunús lena thuairim i scríbhinn. Tabharfaidh ÚEUM tuairim réasúnaithe don údarás inniúil más rud é go gcinneann sé gan an tagarmharc sin a ainmniú mar thagarmharc criticiúil.

3.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) chun liosta tagarmharcanna a ainmníodh mar thagarmharcanna i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 a bhunú. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) chun an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta gan mhoill mhíchuí más rud é:

(a)    go n‑ainmníonn an Coimisiún tagarmharc mar thagarmharc criticiúil nó go ndéanann sé an tagarmharc sin a athainmniú i gcomhréir le mír 1;

(b)    go bhfaigheann an Coimisiún fógraí ó ÚEUM, dá dtagraítear sa chúigiú fomhír de mhír 2.

4.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    a shonrú conas a dhéanfar méid ainmniúil ionstraimí airgeadais, seachas díorthaigh, méid barúlach díorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a mheasúnú, lena n‑áirítear i gcás tagairt indíreach do thagarmharc laistigh de theaglaim de thagarmharcanna, chun iad a chur i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus i bpointe (a) d'Airteagal 24(1);

(b)    athbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus i bhfianaise forbairtí rialála chomh maith le hoiriúnacht aicmiú tagarmharcanna ag a bhfuil luach iomlán ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais, nó cistí infheistíochta a dhéanann tagairt dóibh atá gar do na tairseacha; déanfar athbhreithniú den sórt sin gach dhá bhliain ar a laghad amhail ón ... [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

(c)    a shonrú conas a dhéanfar na critéir a leagtar síos i bpointe (i), pointe (ii) agus pointe (iii) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, ag cur san áireamh aon sonraí lena n‑éascaítear measúnú oibiachtúil ar thionchar féideartha neamhleanúnachas nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnólachtaí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí ábhartha margaidh nó teicneolaíochta..";

Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.    Tar éis measúnú an riarthóra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)    an méid sin a chur in iúl do ÚEUM;

(b)    tar éis an measúnú sin a fháil, a mheasúnú féin a dhéanamh, faoi cheann ceithre seachtaine, ar conas a bheidh an tagarmharc le trasdul chuig riarthóir nua nó a scor de bheith á sholáthar, agus an nós imeachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.

Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar gan toiliú i scríbhinn ó ÚEUM."

cuirtear mír 5 nua isteach:

“5.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na critéir ar a mbunófar an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a shonrú.";

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.    Rannchuiditheoir atá faoi mhaoirsiú a bhfuil sé beartaithe aige scor de bheith ag cur sonraí ionchuir le tagarmharc criticiúil, cuirfidh sé an méid sin in iúl i scríbhinn don riarthóir gan mhoill. Cuirfidh an riarthóir an méid sin in iúl do ÚEUM gan mhoill.

Cuirfidh ÚEUM an méid sin in iúl d'údarás inniúil an rannchuiditheora atá faoi mhaoirsiú gan mhoill. Cuirfidh an riarthóir measúnú faoi bhráid ÚEUM ar na himpleachtaí a bheidh ann maidir le cumas an tagarmhairc chriticiúil an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas, a luaithe is féidir agus 14 lá ar a dhéanaí tar éis an fógra a fháil ón rannchuiditheoir atá faoi mhaoirsiú.

4.    Tar éis dó an measúnú dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a fháil, déanfaidh ÚEUM a mheasúnú féin ar bhonn an mheasúnaithe sin ar chumas an tagarmhairc an bunmhargadh agus an fíorchás eacnamaíoch a thomhas, agus nós imeachta an riarthóra chun an tagarmharc a scor a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.";

in Airteagal 26, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“6.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na critéir faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla athruithe ar an ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear i mír 4 a shonrú.";

Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.    Féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear go n‑áirithíonn creat dlíthiúil agus cleachtas maoirseachta tríú tír an méid seo a leanas:

(a)    go gcomhlíonann riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach le ceanglais an Rialacháin seo. Agus an choibhéis á measúnú aige, féadfaidh an Coimisiún a chur san áireamh an n‑áirithíonn creat dlíthiúil agus cleachtas maoirseachta an tríú tír sin go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna;

(b)    go bhfuil na ceanglais cheangailteacha sin faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.

Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin ag tríú tír ar bhonn leanúnach agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.

Glacfar an cinneadh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) den Rialachán seo.";

cuirtear an mhír 2 a seo a leanas isteach:

“2a. Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na coinníollacha dá dtagraítear in bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 a shonrú.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.    I gcás nár glacadh aon chinneadh cur chun feidhme de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)    go bhfuil ceanglais cheangailteacha i dtríú tír maidir le riarthóirí, tagarmharcanna nó finí tagarmharcanna sonracha coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo ina gcuirtear san áireamh, go háirithe, an n‑áirithíonn creat dlíthiúil agus cleachtas maoirseachta an tríú tír sin go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna;

(b)    go bhfuil na riarthóirí, tagarmharcanna nó finí tagarmharcanna sonracha sin faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.

Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin ag tríú tír ar bhonn leanúnach agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.

Glacfar an cinneadh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) den Rialachán seo.";

cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

“3a.    Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 3 a shonrú.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 4:

"4. Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha ar aithníodh go raibh a gcreat dlíthiúil agus a gcleachtais maoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2 nó mír 3 ach amháin más rud é go bhfuil an tríú tír sin, i gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:";

i mír 4, cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

“(d)    na nósanna imeachta maidir le faisnéis a mhalartú ar bhonn rialta, agus gach ráithe ar a laghad, faisnéis faoi na tagarmharcanna arna soláthar sa tríú tír sin a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó pointe (c) d'Airteagal 20(1).";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 5:

"Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].";

Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.    Go dtí go nglacfar cinneadh coibhéise i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 d'Airteagal 30, féadfaidh eintitis atá faoi mhaoirsiú san Aontas tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid ar choinníoll go bhfaigheann an riarthóir aitheantas roimh ré ó ÚEUM i gcomhréir leis an Airteagal seo.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 2:

"Chun a chinneadh an bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh, agus chun comhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, a mheasúnú, féadfaidh ÚEUM a chur san áireamh measúnú ó iniúchóir seachtrach neamhspleách nó deimhniú a sholáthraíonn údarás inniúil an riarthóra sa tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.    Beidh ionadaí dlíthiúil ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil roimh ré, dá dtagraítear i mír 1. Is é a bheidh san ionadaí dlíthiúil duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas, arna cheapadh go sainráite ag an riarthóir sin chun gníomhú thar ceann an riarthóra sin a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí an riarthóra faoin Rialachán seo. Déanfaidh an t‑ionadaí dlíthiúil, i gcomhar leis an riarthóir, an fheidhm formhaoirseachta a chomhall maidir le soláthar na dtagarmharcanna a dhéanann an riarthóir faoin Rialachán agus, ar an gcaoi sin, beidh sé cuntasach do ÚEUM.";

scriostar mír 4;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.    Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil roimh ré, dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas le ÚEUM. Soláthróidh an riarthóir is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun go mbeidh ÚEUM sásta go bhfuil, tráth an aitheantais, na socruithe uile is gá bunaithe aige chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh agus soláthróidh sé liosta de na tagarmharcanna iarbhír nó ionchasacha a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas agus, i gcás inarb infheidhme, sonróidh sé an t‑údarás inniúil sa tríú tír atá freagrach as an maoirseacht.

Faoi cheann 90 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil, fíoróidh ÚEUM go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 comhlíonta.

I gcás ina measfaidh ÚEUM nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 comhlíonta, diúltóidh sé an iarraidh ar aitheantas agus leagfaidh sé amach na cúiseanna leis an diúltú sin. Thairis sin, ní dheonófar aon aitheantas mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha breise seo a leanas:

(a)    i gcás ina mbeidh riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír faoi réir maoirsiú, gurb ann do shocrú comhair iomchuí idir ÚEUM agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe, i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 30(5), chun a áirithiú gurb ann do mhalartú éifeachtúil faisnéise a chuireann ar chumas údarás inniúil an tríú tír sin a chuid cúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)    nach bhfuil cosc ar fheidhmiú éifeachtach fheidhmeanna maoirseachta ÚEUM faoin Rialachán seo le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, le srianta ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údaráis inniúil an tríú tír sin.";

scriostar mír 6 agus mír 7;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.     Déanfaidh ÚEUM an t‑aitheantas arna thabhairt i gcomhréir le mír 5 a fhionraí nó a tharraingt siar, más iomchuí, más rud é go bhfuil cúiseanna maithe ann, atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe a mheas:

(a)    go bhfuil an riarthóir ag gníomhú ar bhealach is léir a dhéanfaidh dochar do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó d'fheidhmiú rianúil na margaí;

(b)    gur sháraigh an riarthóir ar bhealach tromchúiseach na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c)    go ndearna an riarthóir ráitis bhréagacha nó gur úsáid sé aon mhodh mírialta eile chun an t‑aitheantas a fháil.";";

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

Airteagal 33
Tagarmharcanna a sholáthraítear i dtríú tír a fhormhuiniú

1.    Riarthóir atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 34, nó aon eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú agus atá lonnaithe san Aontas ag a bhfuil ról soiléir dea-shainithe laistigh de chreat rialaithe nó cuntasachta riarthóra de chuid tríú tír atá in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar tagarmhairc, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig ÚEUM ar thagarmharc nó fine tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír a fhormhuiniú lena n‑úsáid san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)    tá sé fíoraithe ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú, agus tá sé in ann a léiriú ar bhonn leanúnach do ÚEUM, go gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú, ar bhonn sainordaitheach nó deonach, ceanglais atá chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo ar a laghad;

(b)    tá an saineolas is gá ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag an eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an ngníomhaíocht i ndáil le tagarmharc a sholáthar i dtríú tír agus chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí gaolmhara;

(c)    tá cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna a sholáthar i dtríú tír agus an tagarmharc nó an fhine tagarmharcanna sin a fhormhuiniú lena n‑úsáid san Aontas.

Chun críche phointe (a), agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú ceanglais atá chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo, ar a laghad, féadfaidh ÚEUM a chur san áireamh an mbeadh comhlíonadh sholáthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna le prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó le prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, coibhéiseach le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.    Riarthóir nó eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú a dhéanann iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh siad an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh ÚEUM a bheith deimhin de, tráth an iarratais, go bhfuil na coinníollacha uile dá dtagraítear sa mhír sin comhlíonta.

3.    Faoi cheann 90 lá oibre ón iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, scrúdóidh ÚEUM an t‑iarratas agus glacfaidh sé cinneadh chun an formhuiniú a údarú nó a dhiúltú agus cuirfidh sé an t‑iarratasóir ar an eolas dá réir sin.

4.    Tagarmharc formhuinithe nó fine tagarmharcanna formhuinithe, measfar iad a bheith ina dtagarmharc nó ina bhfine tagarmharcanna arna soláthar ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú. Ní bhainfidh an riarthóir formhuiniúcháin nó eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú úsáid as an bhformhuiniú d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.

5.    Riarthóir nó eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú a mbeidh tagarmharc nó fine tagarmharcanna arna sholáthar nó arna soláthar i dtríú tír formhuinithe aige, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as an tagarmharc nó as an bhfine tagarmharcanna sin agus as comhlíonadh na n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo.

6.    I gcás ina mbeidh cúiseanna maithe ag ÚEUM a mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chumhacht aige a éileamh ar an riarthóir formhuiniúcháin nó ar an eintiteas eile atá faoi mhaoirsiú scor den fhormhuiniú. Beidh feidhm ag Airteagal 28 i gcás ina scoirfear den fhormhuiniú.

7.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 i dtaca le bearta chun coinníollacha a chinneadh faoina bhféadfaidh ÚEUM a mheas an bhfuil cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna i dtríú tíortha a sholáthar agus lena bhformhuiniú lena n‑úsáid san Aontas. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh eilimintí amhail sonraíochtaí an bhunmhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch atá beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar don mhargadh nó don fhíorchás eacnamaíoch sin, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar do rannchuiditheoirí, infhaighteacht ábhartha na sonraí ionchuir mar gheall ar chriosanna ama éagsúla, agus scileanna sonracha atá riachtanach i soláthar an tagarmhairc.";

in Airteagal 34, cuirtear isteach an mhír 1 a seo a leanas:

“1a. I gcás ina gcáileoidh ceann amháin nó níos mó de na hinnéacsanna arna soláthar ag an duine dá dtagraítear i mír 1 mar thagarmharcanna criticiúla, cuirfear an t‑iarratas faoi bhráid ÚEUM.";

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40"

“1.    Chun críocha an Rialacháin seo, is é ÚEUM an t‑údarás inniúil i gcás:

(a)    riarthóirí na dtagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 20;

(b)    riarthóirí na dtagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 30 agus in Airteagal 32;

(c)    riarthóirí nó eintitis eile a dhéanann iarratas ar fhormhuiniú nó a d'fhormhuinigh tagarmharc arna sholáthar i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 33;

(d)    rannchuiditheoirí atá faoi mhaoirsiú agus a chuireann leis na tagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1);

(e)    rannchuiditheoirí atá faoi mhaoirsiú agus a chuireann leis na tagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 30, Airteagal 32 agus Airteagal 33.

2.    Ainmneoidh gach Ballstát an t‑údarás inniúil ábhartha atá freagrach as na dualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo maidir le riarthóirí agus eintitis atá faoi mhaoirsiú agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus do ÚEUM.

3.    Aon Bhallstát a ainmníonn níos mó ná údarás inniúil amháin i gcomhréir le mír 2, cinnfidh sé go soiléir na róil a bheidh acu faoi seach agus ainmneoidh sé údarás aonair le bheith freagrach as comhar agus malartú faisnéise leis an gCoimisiún, le ÚEUM agus le húdaráis inniúla na mBallstát eile a chomhordú.

4.    Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin liosta na n‑údarás inniúil arna n‑ainmniú i gcomhréir le mír 1, mír 2 agus mír 3.";

Leasaítear Airteagal 41 mar a leanas:

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“1.    Chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:";

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“1.    Feidhmeoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus na cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur dá dtagraítear in Airteagal 42, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, ar aon cheann de na slite seo leanas:";

in Airteagal 43(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“1.    Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla arna n‑ainmniú acu i gcomhréir le hAirteagal 40(2) san áireamh na cúinsí ábhartha uile, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo leanas:

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44:

“Airteagal 44

Oibleagáid maidir le comhar

1.    I gcás na mBallstát a roghnaigh, i gcomhréir le hAirteagal 42, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear san Airteagal sin, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 40(2) chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo. Cuirfidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis sin ar fáil d'údaráis inniúla eile agus do ÚEUM.

2.    Tabharfaidh údaráis inniúla cúnamh d'údaráis inniúla eile agus do ÚEUM. Go háirithe, malartóidh siad faisnéis agus comhoibreoidh siad in aon ghníomhaíochtaí imscrúdúcháin nó maoirseachta. Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú freisin le húdaráis inniúla eile chun gnóthú smachtbhannaí airgid a éascú.";

In Airteagal 45(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“5.    Cuirfidh na Ballstáit faisnéis chomhiomlán maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus maidir le bearta riaracháin eile arna bhforchur de bhun Airteagal 42 ar fáil do ÚEUM ar bhonn bliantúil. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le bearta de chineál imscrúdaitheach. Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil, mar aon le faisnéis chomhiomlán maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus maidir le bearta riaracháin eile a d'fhorchuir sé féin de bhun Airteagal 48f.";

Scriostar Airteagal 46;

In Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.    Comhoibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2) le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.    Na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2), cuirfidh siad an fhaisnéis uile is gá ar fáil gan mhoill do ÚEUM chun a chuid dualgas a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 [Le seiceáil i gcoinne na leasuithe ar an Rialachán maidir le ÚEUM].";

cuirtear isteach an Chaibidil 4 seo a leanas i dTeideal VI:

CAIBIDIL 4

Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM

Roinn 1

Inniúlachtaí agus nósanna imeachta

Airteagal 48 a

Feidhmiú cumhachtaí ag ÚEUM

Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM, d'aon duine de chuid oifigigh ÚEUM nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 48b go hAirteagal 48d, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 48b

Iarraidh ar fhaisnéis

1.    Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

(a)    daoine atá bainteach le soláthar na dtagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 40, nó le sonraí ionchuir a chur leis na tagarmharcanna sin;

(b)    eintitis a úsáideann na tagarmharcanna dá dtagraítear in (a) agus tríú páirtithe gaolmhara;

(c)    tríú páirtithe a ndearna na daoine dá dtagraítear in (a) feidhmeanna nó gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú dóibh;

(d)    daoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu leis na daoine dá dtagraítear in (a).

2.    Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata sin a lua;

(c)    an fhaisnéis a éilítear a shonrú;

(d)    teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)    ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n‑iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f)    a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal [48f], i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

3.    Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata sin a lua;

(c)    an fhaisnéis a éilítear a shonrú;

(d)    teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)    sonróidh sé cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal [48g] i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f)    sonróidh sé cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal [48f], i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g)    a shonrú an ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal [ex60 Achomhairc] agus le hAirteagal [ex61 Caingne os comhair Chúirt...] de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.    Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.    I gcás an riarthóra nó an rannchuiditheora atá faoi mhaoirsiú dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an riarthóir nó an rannchuiditheoir sin atá faoi mhaoirsiú nó ina bhfuil siad lonnaithe.

Airteagal 48c

Imscrúduithe ginearálta

1.    Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;

(b)    cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c)    aon duine de na daoine sin nó a n‑ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

(d)    agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e)    taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2.    Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n‑imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal [48g] i gcás ina mbeidh na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a sholáthraítear nó na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1), i gcás ina mbeidh siad neamhiomlán, agus sonrófar freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal [48f] i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine sin mícheart nó míthreorach.

3.    Ceanglófar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) dul faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal [48g], na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

4.    I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.

5.    Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6.    I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 5, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a)    go bhfuil an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 barántúil;

(b)    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal [61] de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 48d

Cigireachtaí ar an láthair

1.    Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) é.

2.    Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 48c(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3.    In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t‑údarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.

4.    Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal [48g] sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.

5.    Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n‑ordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh sin ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal [48g], na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

6.    Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.

7.    Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 48c(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 48c(1).

8.    I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

9.    Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10.    I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a)    go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;

(b)    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

ROINN 2

SMACHTBHANNAÍ RIARACHÁIN AGUS BEARTA EILE

Airteagal 48e

Bearta maoirseachta ag ÚEUM

1.    Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 48f(2), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)    cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

(b)    cinneadh a ghlacadh lena ngearrfar fíneálacha de bhun Airteagal 48f;

(c)    fógraí poiblí a eisiúint.

2.    Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)    fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)    an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(c)    an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.

(d)    leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e)    acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(f)    an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;

(g)    méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(h)    a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(i)    sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

(j)    bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

3.    Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)    ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

(b)    i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c)    ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 48f

Fíneálacha

1.    Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i mír 2, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar chritéir oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

2.    Maidir le liosta na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas ann: Sáruithe ar Airteagail 4–16, 21, 23–29 agus 34 de Rialachán (AE) 2016/1011.

3.    Is é a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1:

(67)(i) i gcás duine dlítheanach, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde;

(68)(ii) i gcás duine nádúrtha, EUR 500 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016.

D'ainneoin na chéad fhomhíre, EUR 250 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála a ghearrfar i gcás sáruithe ar phointe (d) d'Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde i gcás daoine dlítheanacha, agus EUR 100 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016 i gcás daoine nádúrtha.

Chun críocha phointe (i), i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d'fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

4.    Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 48e(2) san áireamh.

5.    D'ainneoin mhír 4, i gcás inar bhain an duine dlítheanach tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

6.    Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 48f(2) san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, arna ríomh i gcomhréir le mír 3 agus a mhéid a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

Airteagal 48 g

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.    Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur:

(a) ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal [48e(1)(a)];

(b) daoine dá dtagraítear in Airteagal 48b(1):

(i)faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal [48b];

(ii)géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal [48c] a chomhlánú agus a cheartú;

(iii)géilleadh do chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal [48d].

2.    Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

3.    D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4.    Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

Airteagal 48h

Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.    Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 48f agus Airteagal 48g a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sa nochtadh sin aon sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.    Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal [48f] agus Airteagal [48g] in-fhorfheidhmithe.

3.    I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a ghearradh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas faoi sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena chinneadh.

4.    Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha arna bhforchur de bhun Airteagal [48f] agus Airteagal [48g] in-fhorfheidhmithe.

Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéantar an forfheidhmiú.

5.    Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

ROINN 3

NÓSANNA IMEACHTA AGUS ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 48i

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

1.    I gcás ina n‑aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 48f(2), ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t‑oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i maoirseacht na dtagarmharcanna lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

2.    Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha arna gcur isteach ag na daoine a bheidh faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.

3.    Chun a chúraimí a dhéanamh, beidh ag an oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 48b agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 48c agus Airteagal 48d.

4.    Agus na cúraimí sin á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5.    Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.

6.    Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n‑imscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.

7.    Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

8.    Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal [48j], cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 48f(1) déanta ag na daoine faoi imscrúdú agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 48e agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal [48f].

9.    Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

10.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na tréimhsí teorann chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.

11.    Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n‑aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad den chuid is mó, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 48j

Éisteacht na ndaoine atá faoi réir imscrúdú

1.    Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 48g, Airteagal 48h agus Airteagal 48e, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

2.    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 48e chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

3.    Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n‑imscrúduithe. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 48k

Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

ROINN 4

TÁILLÍ AGUS TARMLIGEAN

Airteagal 48 l

Táillí maoirseachta

1.    Gearrfaidh ÚEUM táillí ar riarthóirí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le maoirseacht riarthóirí agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 48m.

2.    Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar riarthóir na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí maidir leis an maoirseacht. Beidh sé i gcomhréir le láimhdeachas an riarthóra.

3.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad a shonrú.

Airteagal 48 m

ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla

1.    I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 48b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 48c agus le hAirteagal 48d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfar údarú na dtagarmharcanna criticiúla a tharmligean.

2.    Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:

(a) raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b) an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c) tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

3.    Aisíocfaidh ÚEUM údarás inniúil as costais arna dtabhú de bharr cúraimí tarmligthe a dhéanamh i gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 48l(3).

4.    Athbhreithneoidh ÚEUM aon tarmligean a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

5.    Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú."

Airteagal 48o

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

1.    Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), cuirfear deireadh leo an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.

2. Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), lena n‑áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá siúl ar bhonn leanúnach, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar lámh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.

Mar sin féin, ní aistreofar chuig ÚEUM iarratais ar údarú ag riarthóirí tagarmhairc chriticiúil, iarratais ar aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32 ná iarratais ar fhormhuiniú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 33 a fuair na húdaráis inniúla roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 34 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm], agus is é an t‑údarás inniúil ábhartha a dhéanfaidh an cinneadh údarú, aitheantas nó formheas formhuinithe a údarú nó a dhiúltú.

3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Tabharfaidh na húdaráis inniúla gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n‑éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta maidir leis na riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1).

4. Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

5. Maidir le haon údarú ar riarthóirí tagarmhairc chriticiúil a thugann údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, aon aitheantas a thugann sé i gcomhréir le hAirteagal 32 agus aon fhormhuiniú a fhormheasann sé i gcomhréir le hAirteagal 33, leanfaidh sé de bheith bailí tar éis aistriú na n‑inniúlachtaí chuig ÚEUM.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53:

"Airteagal 53

Athbhreithnithe de chuid ÚEUM

Beidh de chumhacht ag ÚEUM an fhianaise dhoiciméadaithe a éileamh ó údarás inniúil maidir le haon cheann de na cinntí arna nglacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 51(2), le hAirteagal 25(3) agus maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh i dtaca le forfheidhmiú Airteagal 24(1)."

Airteagal 9

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 mar seo a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

scriostar pointe (iii) den sainmhíniú ar "Ballstát baile" faoi litir (m).

cuirtear na sainmhínithe seo a leanas isteach:

"(za)    ciallaíonn "cuideachtaí réadmhaoine" gnóthas a mbaineann a phríomhghníomhaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i gCuid L d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

(zb)    ciallaíonn "cuideachtaí mianraí" gnóthas a mbaineann a phríomhghníomhaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i gCuid B, Roinn 5 go Roinn 8 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

(zc)    ciallaíonn "cuideachtaí eolaíochta taighde-bhunaithe" gnóthas a mbaineann a phríomhghníomhaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i gCuid M, Roinn 72, grúpa 72.1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

(zd)    ciallaíonn "cuideachtaí loingseoireachta" gnóthas a mbaineann a phríomhghníomhaíocht leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i gCuid H, Roinn 50 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

*Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh, IO L 393, 30/12/2006, Lch. 1.";

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2. Réamheolaire den chineál sin arna tharraingt suas go deonach atá formheasta ag údarás inniúil an Bhallstáit baile, arna chinneadh i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 2, nó ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 31a, beidh na cearta agus na hoibleagáidí uile aige dá bhforáiltear maidir le réamheolaire a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus beidh sé faoi réir fhorálacha uile an Rialacháin seo, a bheidh faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil sin." ;

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

8.    Arna iarraidh sin don eisitheoir, don tairgeoir, nó don duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an nós imeachta formheasa i ndáil le réamheolaire a aistriú chuig údarás inniúil i mBallstát eile, faoi réir chomhaontú an údaráis inniúil agus, ach amháin má ghlacann ÚEUM ról údarás inniúil an Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 31a, ar choinníoll go dtugtar fógra roimh ré do ÚEUM . Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile na doiciméid chomhdaithe a aistriú i bhfoirm leictreonach chuig údarás inniúil an Bhallstáit eile, mar aon leis an gcinneadh uaidh an t‑aistriú a dheonú, ar lá céanna an chinnidh. Cuirfear an t‑aistriú sin in iúl, laistigh de thrí lá oibre ón dáta a dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinneadh, don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte. Beidh feidhm ag na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 agus i mír 3 amhail ón dáta a ghlacann údarás inniúil an Bhallstáit baile an cinneadh. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le formheas an réamheolaire a aistriú i gcomhréir leis an mír seo. Nuair a bheidh aistriú an nós imeachta formheasa críochnaithe, measfar gurb é an t‑údarás inniúil ar aistríodh an nós imeachta formheasa chuige údarás inniúil an Bhallstáit baile i ndáil leis an réamheolaire sin chun críocha an Rialacháin seo.";

Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas:

"6a.    De mhaolú ar mhír 6, beidh de chumhacht ag ÚEUM rialú a fheidhmiú maidir le comhlíonadh gníomhaíochta fógraíochta leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 4 i ngach Ballstát óstach ina scaiptear fógráin, in aon cheann de na cásanna thíos:

(a) i gcás inarb é ÚEUM an t‑údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 31a;

(b) i gcás aon réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le rialacha tríú tír agus arna úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29.

Gan dochar d'Airteagal 32(1), ní bheidh sé mar réamhchoinníoll chun na hurrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte in aon Bhallstát óstach go gcaithfidh ÚEUM grinnscrúdú a dhéanamh ar na fógráin.

Maidir le leas a bhaint as aon cheann de na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a leagtar amach in Airteagal 32 i ndáil le forfheidhmiú an Airteagail seo ag ÚEUM, déanfar é a chur in iúl gan moill mhíchuí d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh ábhartha.

Ar iarratas ó údarás inniúil Ballstáit, feidhmeoidh ÚEUM an rialú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás gach fógrán arna scaipeadh ina dhlínse a bhaineann le cuid de na catagóirí de réamheolairí, nó na catagóirí ar fad, arna bhformheas ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 31a. Déanfaidh ÚEUM liosta de na Ballstáit ina bhfeidhmíonn sé an rialú sin agus catagóirí na réamheolairí lena mbaineann a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. .";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

7.    Is táillí i ndáil lena gcúraimí maoirseachta de bhun an Airteagail seo agus na táillí sin amháin is féidir le húdaráis inniúla na mBallstát óstach agus le ÚEUM a ghearradh. Déanfar leibhéal na dtáillí a nochtadh ar shuíomhanna gréasáin na n‑údarás inniúil agus ÚEUM. Beidh na táillí sin neamh-idirdhealaitheach, réasúnach agus i gcomhréir leis an gcúram maoirseachta. Ní fhorchuirfidh údaráis inniúla na mBallstát óstach agus ÚEUM aon cheanglais nó nósanna imeachta riaracháin sa bhreis ar na cinn a bhfuil gá leo chun a gcuid cúraimí maoirseachta a fheidhmiú de bhun an Airteagail seo."

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

8.    De mhaolú ar mhír 6 agus mír 6a, chun críocha rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh gníomhaíochta fógraíochta i gcásanna trasteorann nó i gcásanna ina bhfuil feidhm ag mír 6a, féadfaidh aon dá údarás inniúla, lena n‑áirítear ÚEUM nuair is infheidhme, comhaontú a thabhairt i gcrích inarb é údarás inniúil an Bhallstáit baile, i gcás ina mbeidh feidhm ag mír 6a, údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, a leanfaidh den chomhlíonadh sin a rialú. Tabharfar fógra do ÚEUM faoi aon chomhaontú den chineál sin, ach amháin má shínigh ÚEUM an comhaontú sin ina cháil mar údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcomhréir le hAirteagal 31a. Déanfaidh ÚEUM liosta de na comhaontuithe sin a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta.";

Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.    I gcás nach mbeidh téarmaí críochnaitheacha réamheolaire bunaidh san áireamh sa réamheolaire bunaidh, ná i bhforlíonadh, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile iad a chur in iúl go leictreonach, a luaithe is indéanta tar éis a gcomhdaithe, do ÚEUM, agus i gcás inar tugadh fógra cheana faoin réamheolaire bunaidh, d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh nó na mBallstát óstach."

cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas:

"6a.    I gcás na réamheolairí ar fad a tharraingíonn eisitheoir i dtríú tír suas i gcomhréir le hAirteagal 29, cuirfear deimhniú comhdúcháin in áit an deimhnithe formheasa dá dtagraítear san Airteagal seo.";

in Airteagal 27, cuirtear isteach an mhír 3 a seo a leanas:

"3a.    De mhaolú ar mhír 1, mír 2 agus mír 3, i gcás inarb é ÚEUM an t‑údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 31a, tarraingeofar suas an réamheolaire i dteanga a nglacann údaráis inniúla gach Ballstáit óstaigh léi nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, de réir rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte.

Ceanglóidh údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh go ndéanfar an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 7 a chur ar fáil ina theanga oifigiúil féin nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi, ach ní cheanglóidh sé go ndéanfar aon chuid eile den réamheolaire a aistriú.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

“Airteagal 28

Urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoi réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo

I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag eisitheoir i dtríú tír urrúis a thairiscint don phobal san Aontas nó a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá bunaithe san Aontas faoi réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh air formheas a fháil dá réamheolaire ó ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 20.

A luaithe a bheidh réamheolaire formheasta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí uile a fhoráiltear do réamheolaire faoin Rialachán seo agus beidh an réamheolaire agus an t‑eisitheoir i dtríú tír faoi réir fhorálacha uile an Rialacháin seo faoi mhaoirsiú ÚEUM.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

“Airteagal 29

Urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoi réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le dlíthe tríú tír

1.    Féadfaidh eisitheoir i dtríú tír urrúis a thairiscint don phobal san Aontas nó a iarraidh go ligfí isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte sa Aontas iad más rud é go bhfuil réamheolaire foilsithe roimhe sin, ar réamheolaire é a tarraingíodh suas agus a formheasadh i gcomhréir le dlíthe náisiúnta an eisitheora i dtríú tír agus atá faoi réir na dlíthe náisiúnta sin, ar choinníoll:

(a)    go bhfuil cinneadh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3;

(b)    gur chomhdaigh an t‑eisitheoir í dtríú tír an réamheolaire le ÚEUM;

(c)    gur sholáthair an t‑eisitheoir í dtríú tír deimhniú i scríbhinn gur fhormheas údarás maoirseachta tríú tír an réamheolaire agus gur sholáthair sé sonraí teagmhála an údaráis sin;

(d)    go gcomhlíonann an réamheolaire na ceanglais teanga a leagtar amach in Airteagal 27;

(e)    go gcomhlíonann na fógráin uile arna scaipeadh ag eisitheoir i dtríú tír san Aontas maidir leis an tairiscint nó an cead trádála, go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 5 d'Airteagal 22;

(f) go bhfuil socruithe comhair curtha i gcrích ag ÚEUM le húdaráis ábhartha maoirseachta an eisitheora i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 30.

Aon tagairt do "údarás inniúil an Bhallstáit baile" glacfar leis mar thagairt do ÚEUM i dtaca le haon fhoráil arna cur i bhfeidhm maidir leis na réamheolairí dá dtagraítear sa mhír seo.

2.    Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 24 agus Airteagal 25 maidir leis an réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le dlíthe tríú tír ina bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 comhlíonta.

3.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir ghinearálta coibhéise a leagan síos, ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 6, 7, 11, 12 agus 13 agus i gCaibidil IV den Rialachán seo.

Ar bhonn na gcritéar a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear go n‑áirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann réamheolairí arna dtarraingt suas i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach go dlíthiúil agus atá coibhéiseach ó thaobh rialála de leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Déanfar cinneadh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon cheanglais, a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme, ag tríú tír ar bhonn leanúnach agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí a fheidhmiú go héifeachtach maidir leis an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 2a d'Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.";

Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.    Chun críocha Airteagal 29 agus, i gcás ina measfar gur gá, chun críocha Airteagal 28, cuirfidh ÚEUM socruithe comhair i gcrích le húdaráis maoirseachta tríú tíortha i dtaca le malartú faisnéise leis na húdaráis tríú tír sin agus forfheidhmiú oibleagáidí i dtríú tíortha de bhun an Rialacháin seo. Áiritheofar leis na socruithe comhair seo, ar a laghad, malartú éifeachtúil faisnéise, ar a laghad, lena ligfear do ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbeidh tríú tír sa liosta dlínsí a mheastar a bhfuil beartais náisiúnta frithsciúrtha airgid agus beartais le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoirí acu a bhfuil easnaimh straitéiseacha iontu ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, dá dtagraítear i ngníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, ní thabharfaidh ÚEUM socruithe comhair i gcrích le húdaráis maoirseachta an tríú tír sin.

Cuirfidh ÚEUM na húdaráis inniúla uile arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 31(1) ar an eolas faoi aon socrú comhair arna thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

*Treoir 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).";

scriostar mír 2;

cuirtear uimhir nua 2 le mír 3 agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.    Ní dhéanfaidh ÚEUM socruithe comhair maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis maoirseachta tríú tíortha ach amháin i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a nochtfar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá comhionann ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach in Airteagal 35.";

scriostar mír 4;

i gCaibidil VII, cuirtear isteach Airteagal 31a agus Airteagal 31b seo a leanas:

“Airteagal 31a

Maoirseacht ÚEUM ar chineálacha áirithe réamheolairí

I gcás na réamheolairí seo a leanas, lena n‑áirítear aon fhorlíonadh a ghabhann leo, is é ÚEUM a bheidh ina údarás inniúil maidir leis na réamheolairí sin a ghrinnscrúdú agus a fhormheas mar a leagtar amach in Airteagal 20 agus maidir le fógraí a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát óstach mar a leagtar amach in Airteagal 25:

(a)    réamheolairí arna dtarraingt suas ag aon eintiteas dlíthiúil nó aon duine atá bunaithe san Aontas agus a bhaineann le hurrúis neamhchothromais atá le trádáil ar mhargadh rialáilte amháin a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, nó cuid shonrach de na hurrúis sin nach mbeidh rochtain ach ag infheisteoirí cáilithe orthu chun críocha na hurrúis sin a thrádáil;

(b)    réamheolairí arna dtarraingt suas ag aon eintiteas nó duine dlíthiúil atá bunaithe san Aontas agus a bhaineann le hurrúis de bhun sócmhainní;

(c)    réamheolairí arna dtarraingt suas ag na cineálacha seo cuideachtaí atá bunaithe san Aontas:

(i) cuideachtaí réadmhaoine;

(ii) cuideachtaí mianraí;

(iii) cuideachtaí eolaíochta taighde-bhunaithe;

(iv) cuideachtaí loingseoireachta.

(d)    réamheolairí arna dtarraingt suas ag eisitheoirí i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo.

Aon tagairt do "údarás inniúil an Bhallstáit baile" sa Rialachán seo glacfar leis mar thagairt do ÚEUM i dtaca le haon fhoráil arna cur i bhfeidhm maidir leis na réamheolairí a liostaítear sa chéad fhomhír.";

cuirtear isteach Airteagal 34b nua:

"Airteagal 31b

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

1.    Réamheolairí a liostaítear in Airteagal 31a a cuireadh faoi bhráid údarás inniúil lena bhformheas roimh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm], leanfaidh an t‑údarás inniúil sin de mhaoirseacht a dhéanamh orthu, lena n‑áirítear nuair is infheidhme maidir le haon fhorlíontaí agus na téarmaí críochnaitheacha a bhaineann leo, go dtí deireadh a dtréimhse bailíochta.

An formheas arna thabhairt ag údarás inniúil do na réamheolairí sin roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm], leanfaidh sé de bheith bailí tar éis aistriú na n‑inniúlachtaí chuig ÚEUM dá dtagraítear i mír 2.

Leanfaidh maoirseacht na réamheolairí sin, lena n‑áirítear nuair is infheidhme maidir le haon fhorlíontaí agus na téarmaí críochnaitheacha a bhaineann leo, de bheith faoi réir na rialacha is infheidhme tráth an tíolactha don údarás inniúil.

2.    Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin na réamheolairí a liostaítear in Airteagal 31a agus arna gcur isteach lena bhformheas [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].

."

Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad abairt tosaigh na chéad fhomhíre de mhír 1:

1.    Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla agus ag ÚEUM, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j) sa chéad fhomhír de mhír 1:

an grinnscrúdú ar réamheolaire a cuireadh isteach lena fhormheas a chur ar fionraí nó tairiscint don phobal nó cead urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a chur ar fionraí nó a shrianadh i gcás ina mbeidh an chumhacht atá ag ÚEUM nó ag an údarás inniúil á feidhmiú aige chun toirmeasc nó srian a fhorchur de bhun Airteagal 40 nó Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go dtí go mbeidh deireadh leis an toirmeasc nó leis an srian sin;";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

"I gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an t‑údarás inniúil nó ÚEUM iarraidh ar an údarás breithiúnach ábhartha cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.    Feidhmeoidh údaráis inniúla agus ÚEUM a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí, dá dtagraítear i mír 1, ar aon cheann de na slite seo a leanas:

(a)    go díreach;

(b)    i gcomhar le húdaráis eile nó le ÚEUM;

(c)    trína bhfreagracht a tharmligean do na húdaráis sin nó do ÚEUM;

(d)    trína gcur i bhfeidhm maidir leis na húdaráis bhreithiúnacha inniúla."

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Maidir le duine a chuireann faisnéis ar fáil don údarás inniúil nó do ÚEUM i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mheasfar go mbeidh aon srian á shárú ag an duine sin maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur le conradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin agus ní bheidh an duine sin faoi réir dliteanas ar bith maidir leis an bhfógra sin.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 35:

"2.    Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d’oibrigh don údarás inniúil, do ÚEUM nó d’aon tríú páirtí ar bith a ndearna an t‑údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chuige. Ní fhéadfar faisnéis a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil a nochtadh do dhuine nó d'údarás ar bith eile seachas de bhua forálacha a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.";

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí de mhír 1 d'Airteagal 38:

"Faoin 21 Iúil 2019, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ÚEUM maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do ÚEUM gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin.";

cuirtear isteach an chaibidil seo a leanas:

"CAIBIDIL VIIIA

CUMHACHTAÍ AGUS INNIÚLACHTAÍ ÚEUM

ROINN 1

INNIÚLACHTAÍ AGUS NÓSANNA IMEACHTA

Airteagal 43a

Feidhmiú cumhachtaí ag ÚEUM

Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM, d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine a bheidh údaraithe ag ÚEUM, i gcomhréir le hAirteagal 43b go Airteagal 43d, ní úsáidfear iad chun nochtadh faisnéise nó doiciméad atá faoi phribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 43b

Iarraidh ar fhaisnéis

1.    Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

(a)    eisitheoirí, tairgeoirí nó daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádáil ar mhargadh rialáilte iad, agus na daoine a rialaíonn iad nó a rialaíonn siad;

(b)    bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)    iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);

(d)    na hidirghabhálaithe airgeadais arna gcoimisiúnú ag na daoine dá dtagraítear faoi (a) chun urrúis a thairiscint don phobal nó chun a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

(e)    ráthóir na n‑urrús atá á dtairiscint don phobal nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

2.    Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata a lua;

(c)    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d)    teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)    ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n‑iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f)    a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 43f, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

3.    Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a)    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)    cuspóir na hiarrata a lua;

(c)    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

(d)    teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)    a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 43g i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f)    sonróidh sé cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 43f, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g)    a shonrú cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.    Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go hiomchuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.    I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe.

Airteagal 43c

Imscrúduithe ginearálta

1.    Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;

(b)    cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c)    aon duine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

(d)    agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e)    taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2.    Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n‑imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. Sonrófar san údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 43g i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, ná aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar ann na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 43f i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) mícheart nó míthreorach.

3.    Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 43g, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

3.    I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.

5.    Má bhíonn gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6.    I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a) tá an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 barántúil;

(b) go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 43d

Cigireachtaí ar an láthair

1.    Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) é.

2.    Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 43c(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3.    In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t‑údarás ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.

4.    Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 43 g sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.

5.    Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n‑ordú le cinneadh ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 43g, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

6.    Ar iarratas ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.

7.    Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 43c(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 43c(1).

8.    I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

9.    Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10.    I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t‑údarás sin an méid seo a leanas:

(a)    go bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM dá dtagraítear i mír 4 barántúil;

(b)    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

ROINN 2

SMACHTBHANNAÍ RIARACHÁIN AGUS BEARTA EILE

Airteagal 43e

Bearta maoirseachta ag ÚEUM

1.    Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 43i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)    cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

(b)    cinneadh a ghlacadh lena ngearrfar fíneálacha de bhun Airteagal 43f;

(c)    fógraí poiblí a eisiúint.

2.    Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúiseacht an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)    fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)    an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(c)    an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.

(d)    leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e)    acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(f)    an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;

(g)    méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(h)    a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(i)    sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

(j)    bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

3.    Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)    ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

(b)    i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c)    ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 43f

Fíneálacha

1.    Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 43i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1), d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d'aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

2.    Is é a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1:

(i)    i gcás duine dlítheanach, EUR 10 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 20 Iúil 2017, nó 6 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta.

(ii)    i gcás duine nádúrtha, EUR 1 400 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 20 Iúil 2017.

Chun críocha phointe (i), i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d'fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

3.    Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 43e(2) san áireamh.

4.    D'ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain duine tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

5.    Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1) san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, arna ríomh í i gcomhréir le mír 3 agus a mhéid a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

Airteagal 43 g

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.    Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur:

(a)    ar dhuine deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 43e(1)(a);

(b)    ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 43b(1):

(i) faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 43b;

(ii) géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 43c a chomhlánú agus a cheartú;

(iii) géilleadh do chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 43d.

2.    Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

3.    D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4.    Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

Airteagal 43h

Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.    Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 43f agus Airteagal 43g a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

2.    Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 43f agus Airteagal 43g in-fhorfheidhmithe.

3.    I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.

4.    Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a ghearrfar de bhun Airteagal 43f agus Airteagal 43g in-fhorfheidhmithe.

Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.

5.    Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

ROINN 3

NÓSANNA IMEACHTA AGUS ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 43i

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

1.    I gcás ina n‑aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1), ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh do ÚEUM chun an t‑ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t‑oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bhformheas an réamheolaire lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

2.    Déanfaidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha arna gcur isteach ag na daoine a bheidh faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.

3.    Chun a chúraimí a dhéanamh, beidh ag an oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 43b agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 43c agus Airteagal 43d.

4.    Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5.    Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n‑imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí.

6.    Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n‑imscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.

7.    Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.

8.    Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine faoi imscrúdú, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 43j, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 38(1) déanta ag na daoine atá faoi réir na n‑imscrúduithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 43e agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 43f.

9.    Ní bheidh an t‑oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

10.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na tréimhsí teorann chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.

11.    Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n‑aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d'fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní fhorchuirfidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 43j

Éisteacht na ndaoine atá faoi réir imscrúdú

1.    Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 43e, Airteagal 43f agus Airteagal 43g, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir imscrúduithe éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir imscrúduithe a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 43e chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

2.    Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúduithe a urramú go hiomlán le linn na n‑imscrúduithe. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 43k

Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

ROINN 4

TÁILLÍ AGUS TARMLIGEAN

Airteagal 43 l

Táillí maoirseachta

1.    Gearrfaidh ÚEUM táillí ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí isteach iad chun trádáil ar mhargadh rialáilte i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le grinnscrúdú agus formheas ar réamheolairí, lena n‑áirítear forlíonta a ghabhann leo, agus maidir lena bhfógairt d'údaráis inniúla Ballstát óstach, agus aisíoc aon chostais a fhéadfaidh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 43m.

2.    Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar eisitheoir, tairgeoir nó duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM ina chuid gníomhaíochtaí maidir leis an réamheolaire, lena n‑áirítear forlíonta a ghabhann leis, arna tharraingt suas ag an eisitheoir nó ag an tairgeoir sin nó ag an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte. Beidh sé comhréireach le láimhdeachas an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é chun trádáil ar mhargadh rialáilte.

3.    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun na cineálacha táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n‑íocfar iad a shonrú.

Airteagal 43 m

ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla

1.    I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go hiomchuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 43b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 43c agus le hAirteagal 43d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní tharmligfear grinnscrúdú, formheas ná fógairt réamheolairí, lena n‑áirítear forlíonta a ghabhann leo, ná na measúnuithe deiridh agus cinntí iardain maidir le sáruithe.

2.    Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:

(a)    raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b)    an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c)    tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

3.    Aisíocfaidh ÚEUM údarás inniúil as costais arna dtabhú de bharr cúraimí tarmligthe a dhéanamh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 43l(3).

4.    Athbhreithneoidh ÚEUM aon tarmligean a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

5.    Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú."

Airteagal 9bis
Leasuithe ar Threoir (AE) Uimh. 2015/849

Leasaítear Treoir (AE) 2015/849 mar seo a leanas:

(177)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. An tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún ar fáil í do na Ballstáit agus d’eintitis faoi oibleageáid d’fhonn cuidiú leo i sainaithint, i dtuiscint, i mbainistiú agus i maolú an riosca a ghabhann le sciúradh airgid agus le maoiniú na sceimhlitheoirí, agus d’fhonn ligean do pháirtithe leasmhara eile, idir reachtóirí náisiúnta, Pharlaimint na hEorpa, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), agus ionadaithe ó Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais tuiscint níos fearr a chur ar na rioscaí. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí sé mhí ar a dheireanaí tar éis a gcur ar fáil do na Ballstáit, cé is moite de ghnéithe de na tuarascálacha a bhfuil faisnéis rúnaicmithe iontu.";

(b)i mír 5, cuirtear an sméid seo a leanas in áit na chéad abairte:

"I ndiaidh an ama sin, eiseoidh ÚBE tuairim gach ré bliain.";

(178)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in áit na chéad abairte:

“Cuirfear ainm an údaráis agus cur síos ar an sásra sin in iúl don Choimisiún, d’ÚBE, agus do na Ballstáit eile.”;

(b)i mír 5, cuirtear an méid seo in áit na chéad abairte:

“5. Cuirfidh na Ballstáit torthaí a gcuid measúnuithe riosca ar fáil don Choimisiún, d’ÚBE agus do na Ballstáit eile, a gcuid nuashonraithe san áireamh.”;

(179)in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Faoin 26 Meitheamh 2017, eiseoidh na ÚMEanna, agus ÚBE ina dhiaidh sin, treoirlínte a chuirfear faoi bhráid údarás inniúla, institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na fachtóirí riosca atá le tabhairt san áireamh agus na bearta atá le déanamh sa chás gurbh iomchuí bearta chun díograis chuí na gcustaiméirí a shimpliú.”;

(180)I mír 4 d’Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in áit na chéad fhomhíre:

“4. “Faoin 26 Meitheamh 2017, eiseoidh na ÚMEanna, agus ÚBE ina dhiaidh sin, treoirlínte a chuirfear faoi bhráid údarás inniúla, institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na fachtóirí riosca atá le tabhairt san áireamh agus na bearta atá le déanamh sa chás gurbh iomchuí bearta chun díograis chuí na gcustaiméirí a shimpliú.”;

(181)in Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Próiseáil sonraí pearsanta faoin Treoir seo, is rud é atá faoi réir ag Treoir 95/46/EC faoi mar a thrasuitear í sa dlí náisiúnta. Sonraí pearsanta a ndéanann an Coimisiún nó ÚBE próiseáil orthu de bhun na Treorach seo, is faoi réir ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 atá siad.”

(182)Leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Cuirfidh na Ballstáit agus ÚBE a chéile ar an eolas maidir le cásanna nach gceadaíonn dlí na tríú tíre cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta is gá faoi mhír 1. I gcásanna den chineál sin, féadfar féachaint le gníomhaíochtaí comhordaithe d’fhonn teacht ar réiteach. Nuair a bheifear ag tabhairt chun cruinnis cé na tríú tíortha nach gceadaíonn cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta is gá faoi mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit agus ÚBE na srianta dlíthiúla san áireamh a d’fhéadfadh bac a chur ar chun feidhme iomchuí na mbeartas agus na nósanna imeachta sin, lena n‑áirítear an rúndacht, cosaint sonraí, agus srianta eile ar mhalartú faisnéise a bhaineann leis an gcríoch sin.”;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6. Déanfaidh ÚBE forbairt ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an cineál beart breise dá dtagraítear i mír 5, agus an gníomh is lú is gá d’institiúidí creidmheasa agus d’institiúidí airgeadais a dhéanamh sa chás nach gceadaíonn dlí tríú tíre cur chun feidhme na bhforálacha is gá faoi mhír 1 agus mír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2016.”;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10. Déanfaidh ÚBE forbairt ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir leis na critéir lena gcinntear na himthosca inarbh iomchuí lárphointe teagmhála a cheapadh de bhun mhír 9, mar aon leis na feidhmeanna ba cheart a bheith leis na lárphointí teagmhála.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2017.”;

(183)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a)Cuirtear na focail seo a leanas in áit na habairte deiridh sa dara fomhír de mhír 1a:

“Beidh feidhm lárphointe teagmhála d’ÚBE ag údaráis mhaoirseachta airgeadais na mBallstát chomh maith.”;

(b)i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

Faoin 26 Meitheamh 2017, eiseoidh na ÚMEanna, agus ÚBE ina dhiaidh sin, treoirlínte a chuirfear faoi bhráid údarás inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na tréithe a ghabhann le cur chuige a bheadh bunaithe ar riosca, agus maidir leis na bearta is ceart a dhéanamh nuair atá maoirseacht á déanamh ar bhonn riosca.”;

(184)I Roinn 3, cuirtear na focail seo a leanas in áit an teideal atá ar Fhoroinn II:

“Comhar le ÚBE”;

(185)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:

Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis riachtanach ar fad ar fáil d’ÚE ionas gur féidir leis a chuid dualgas a chomhlíonadh faoin Treoir seo.”;

(186)Leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a gcuid údarás inniúla féin ÚBE ar an eolas maidir leis na smachtbhannaí agus na bearta riaracháin ar fad atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 58 agus Airteagal 59 faoi institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, lena n‑áirítear achomharc ar bith faoin ábhar seo, agus an toradh a bheidh air.”;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Beidh suíomh gréasáin faoi chóir ag ÚBE agus naisc ann chuig gach foilsiú maidir le smachtbhannaí agus bearta riaracháin gach údaráis inniúil faoi seach, smachtbhannaí agus bearta a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 60 faoi na hinstitiúidí creidmheasa agus na hinstitiúidí airgeadais, suíomh ar a dtaispeánfar an tréimhse ama ina bhfoilsíonn gach Ballstát faoi seach bearta agus smachtbhannaí riaracháin.”.

Airteagal 10

Forálacha idirthréimhseacha

4.    Airteagal 1. Foilseofar an nós imeachta maidir le comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh tar éis d'Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 teacht i bhfeidhm. Go dtí go rachaidh comhaltaí uile an Bhoird Feidhmiúcháin i mbun a gcuid dualgas, leanfaidh an Bord Maoirseoirí agus an Bord Bainistíochta dá gcúraimí a dhéanamh.

5.    Leanfaidh na Cathaoirligh arna gceapadh roimh theacht i bhfeidhm Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 de bheith ag déanamh a gcúraimí agus a ndualgas go dtí deireadh a sainordaithe. Déanfar na Cathaoirligh a bheidh le ceapadh tar éis d'Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 teacht i bhfeidhm a roghnú agus a cheapadh i gcomhréir leis an nós imeachta ceapacháin nua.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón [24 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm].

Beidh feidhm ag Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3 ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm]. Mar sin féin, beidh feidhm ag pointe [Airteagal 62] d'Airteagal 1, pointe [Airteagal 62] d'Airteagal 2 agus ag pointe [Airteagal 62] d'Airteagal 3 ón 1 Eanáir [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta an 1 Eanáir den bhliain tar éis don tréimhse bliana tar éis dháta an teacht i bhfeidhm dul in éag].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

Ráiteas Airgeadais Reachtach "Gníomhaireachtaí"

1.    LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh 

1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.    An cineál togra/tionscnaimh 

1.4.    Cuspóirí 

1.5.    Forais an togra/tionscnaimh 

1.6.    Fad agus tionchar airgeadais 

1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe 

2.    BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

3.    AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar 

3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

3.2.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna faoi chomhair oibríochtaí

3.2.4.    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.    Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.    LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh 

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear:

- Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach),

- Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde),

- Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí),

agus lena leasaítear:

Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha;

Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha;

Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha; agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais;

Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais;

Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas

Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

Treoir 2009/138/CE maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II)

1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann 

Réimse beartais: Cobhsaíocht airgeadais, seirbhísí airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil

Gníomhaíocht: Cobhsaíocht airgeadais

1.3.    An cineál togra/tionscnaimh 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 10  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.    Cuspóirí

1.4.1.    Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe 

Cur le margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, agus bonn tionsclaíoch níos láidre faoi

1.4.2.    Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

2.5 Déanfar an creat rialála airgeadais a mheas, a chur chun feidhme mar is iomchuí agus a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais Eorpaigh.

1.4.3.    An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Leis na ÚMEanna, áiritheofar go mbeidh níos mó cóineasaithe maoirseachta ann agus go neartófar an ghné AE. Má fheabhsaítear cóineasú na maoirseachta, is féidir an t‑ualach riaracháin ar gach eintiteas atá faoi mhaoirsiú a laghdú agus tuilleadh sineirgíochta a chruthú i ndáil le costais an chomhlíonta a laghdú i gcás eintitis trasteorann, agus ag an am céanna cosnófar an córas ar arbatráiste maoirseachta ag rannpháirtithe sa mhargadh.

Is fearr a bheidh na ÚMEanna in ann na húdaráis náisiúnta a chomhordú agus, más iomchuí, maoirseacht dhíreach a chur i bhfeidhm. Is féidir go gcuirfidh ról feabhsaithe sin na ÚMEanna le comhtháthú margaidh tríd an ngnó trasteorann a éascú.

Má fheabhsaítear cóineasú na maoirseachta agus má chuirtear cothrom iomaíochta ar bun sa mhargadh aonair ina iomláine le sásra aonfhoirmeach chun táillí a shocrú, beidh na ÚMEanna in ann cistí a chruinniú (de réir sásra soiléir trédhearcach lena n‑urramófar prionsabal na córa comhionainne) chun a gcuid cúraimí agus sainorduithe a chomhlíonadh ina n‑iomláine san am i láthair agus amach anseo. Rachadh toradh den sórt sin chun tairbhe do na rannpháirtithe uile sa mhargadh i ndeireadh na dála.

1.4.4.    Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar 

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Táscairí féideartha:

   Líon na gcaighdeán teicniúil arna nglacadh i gcomparáid leis na caighdeáin is gá a fhorbairt

   Líon na ndréachtchaighdeán teicniúil arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformhuiniú faoi na sprioc-amanna

   Líon na gcaighdeán teicniúil a moladh agus ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh

   Líon na moltaí neamhcheangailteacha arna nglacadh i gcomparáid leis na cinn is gá a fhorbairt

   Líon na n‑iarratas ar mhíniú ó údaráis inniúla

   Líon na n‑imscrúduithe ar sháruithe ar dhlí AE arna dtabhairt chun deiridh go rathúil

   Meánfhad an imscrúdaithe ar shárú ar dhlí AE

   Líon na rabhadh maidir le sárú soiléir ar dhlí AE

   Líon na n‑idirghabhálacha rathúla gan socrú ceangailteach

   Líon na gcoláistí ina bhfuil ÚBE/ÚEÁPC/ÚEUM rannpháirteach

   Líon na gcruinnithe déthaobhacha le húdaráis inniúla

   Líon na n‑iniúchtaí comhpháirteacha ar an láthair

   Líon na n‑uaireanta oiliúna do mhaoirseoirí

   An líon foirne a dhéanann malartuithe nó a théann ar iasacht

   Líon na n‑athbhreithnithe piaraí a dhéantar

   Líon na mbac ar chóineasú a shainaithnítear agus a chuirtear as an mbealach

   Uirlisí agus gléasanna nua praiticiúla chun cóineasú a chur chun cinn

   Líon na dtionscnamh maidir le litearthacht airgeadais agus oideachas

   Líon na staidéar anailíseacha arna bhfoilsiú

   Líon na n‑iniúchtaí ar an láthair agus na n‑imscrúduithe tiomnaithe

   Líon na gcruinnithe le heintitis atá faoi mhaoirsiú

   Líon na ngearán nó achomharc ó chuideachtaí atá faoi mhaoirsiú

   Líon na gcinntí foirmiúla arna nglacadh i ndáil le géarchéimeanna

   Líon na mbunachar sonraí atá pobalaithe

   Líon na dtástálacha struis nó cleachtaí comhionanna arna ndéanamh

   Cóimheas an bhuiséid arna mholadh leis an mbuiséad deiridh arna ghlacadh (in aghaidh na bliana)

1.5.    Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.    Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma 

Ba cheart go rachadh an togra seo i ngleic leis na dúshláin seo a leanas:

1) Cumhachtaí: Tá sé tábhachtach don mhargadh aonair an rialáil a chomhchuibhiú trí bhíthin an leabhair rialacha aonair, ach ní leor é. Tá sé chomh tábhachtach céanna cur chuige comhsheasmhach a bheith ann maidir le forléiriú agus cur i bhfeidhm reachtaíocht AE chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair agus chun an riosca a laghdú go mbeidh arbatráiste maoirseachta agus iomaíocht mhaoirseachta ann. Chuige sin, caithfidh gléas a bheith ar na ÚMEanna dea-chur i bhfeidhm reachtaíocht AE agus caighdeáin chomhpháirteacha éifeachtacha maoirseachta a chur chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh trí bhíthin bearta cóineasaithe maoirseachta agus maoirseacht dhíreach i réimsí áirithe. Is amhlaidh atá, go háirithe, do ÚEUM i gcomhthéacs aontas na margaí caipitil. Sin an fáth a bhfuil sé mar aidhm ag an togra reachtach cumhachtaí nua a dheonú (do ÚEUM) chun comhtháthú margaí a fheabhsú, agus na cumhachtaí a leagtar amach cheana féin sna Rialacháin maidir le ÚMEanna a neartú nó a shoiléiriú.

2) Rialachas: Is é comhdhéanamh an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta an fhadhb is mó leis an gcruth atá ar chúrsaí rialachais i láthair na huaire, óir ní leor mar a chuireann sé leasanna AE chun cinn le linn na cinnteoireachta agus cuireann sé bac ar ÚMEanna a sainorduithe a chomhlíonadh ina n‑iomláine toisc go ndíspreagann sé úsáid uirlisí áirithe. Is é croí na faidhbe gur ionadaithe ó údaráis inniúla náisiúnta formhór na gcomhaltaí ar bhoird bainistíochta agus ar bhoird maoirseoirí ÚMEanna, agus is acu sin amháin atá cearta vótála (diomaite den Choimisiún i gcás vóta faoin mbuiséad i ngach ceann de na boird bainistíochta). Cúis coinbhleachtaí leasa é an méid sin. Thairis sin, tá ról agus cumhachtaí na gcathaoirleach srianta go mór agus is iad na boird maoirseoirí a cheapann iad, rud a laghdaíonn a n‑údarás agus a neamhspleáchas. Ina theannta sin, bíonn an iomarca le déanamh ag na boird maoirseoirí, ach is teoranta cúraimí na mbord bainistíochta, rud a fhágann gur deacair cinntí a dhéanamh go mear. Anuas air sin, imríonn an cruth atá ar chúrsaí rialachais tionchar ar na dreasachtaí atá ann do ÚMEanna úsáid a bhaint as uirlisí áirithe amhail an idirghabháil cheangailteach, ar scóip na n‑athbhreithnithe piaraí, ar sheoladh nósanna imeachta maidir le sáruithe ar dhlí AE nó ar ghlacadh tuarascálacha leantacha.

3) Cistiú: Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras cistiúcháin atá ann faoi láthair lena áirithiú go mbeidh feidhmiú na ÚMEanna éifeachtach agus go roinnfear costas a n‑oibríochtaí go cothrom. Ós rud é go bhfuil sé d'aidhm ag an togra reachtach ról na ÚMEanna sa mhaoirseacht a fheabhsú, is gá an cistiú a choigeartú (suas is dócha) tráth a bhfuil buiséad an Aontais agus buiséid na mBallstát araon faoi bhrú. Thairis sin, fágann cistiú iomlán poiblí na ÚMEanna go bhfuil airgead poiblí á chaitheamh ar sheirbhís atá dírithe ar chuid shonrach den earnáil phríobháideach. Is féidir costais na ÚMEanna a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla agus níos cothroime ar na gníomhaithe eacnamaíocha ach an prionsabal "leithdháileadh de réir cúise" a chur i bhfeidhm agus a áirithiú go ndéanfaidh an tionscadal ábhartha an cistiú i bpáirt ar a laghad. Ar deireadh, níl an córas atá ann faoi láthair go hiomlán cothrom i gcás údaráis inniúla náisiúnta áirithe a chuireann sciar díréireach den chistiú ar fáil i dtaca le méid na hearnála ina mBallstáit féin.

1.5.2.    Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh sé teacht mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain comhordúcháin, deimhneacht dhlíthiúil, níos mó éifeachtachta nó nithe comhlántacha). Chun críoch an phointe seo, is é is ciall le "luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE" an luach a thagann as idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh le hidirghabháil na mBallstát dá mbeadh siad ag feidhmiú astu féin.

Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex-ante)

Léirigh meastóireacht 2017 go bhfuil údar maith agus gá le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá sainaitheanta maidir le réimse na gcumhachtaí atá ar fáil do ÚMEanna, a gcreat rialachais agus a gcreat cistiúcháin. Teastóidh leasuithe ar na Rialacháin maidir le ÚMEanna chun aon ghníomhaíochtaí i ndáil leis sin a chur i gcrích. Comhlachtaí de chuid an Aontais nach féidir ach le reachtóir an Aontais – ar bhonn Airteagal 114 CFAE sa chás seo – a gcumhachtaí agus a bhfeidhmiú a leasú is ea na ÚMEanna.

Luach breise de chuid an Aontais a mheastar a ghinfear (ex-post)

Nuair a cruthaíodh na ÚMEanna, aithníodh go raibh gá le córas maoirseachta ar leibhéal AE chun cosaint an tomhaltóra agus an infheisteora a fheabhsú agus chun cobhsaíocht agus éifeachtacht an chórais airgeadais a neartú ar fud an Aontais Eorpaigh. Is ar leibhéal an Aontais is fearr a bhainfear na cuspóirí sin amach.

Tá na geallsealbhóirí d'aon tuairim gur chuir na ÚMEanna go mór le neartú an chomhordaithe agus an chomhair idir maoirseoirí náisiúnta agus gur imir siad ról tábhachtach maidir lena áirithiú go raibh na margaí airgeadais san Aontas Eorpach ag feidhmiú mar ba chóir, go ndéantar dea-rialáil agus dea-mhaoirsiú orthu agus gur fearrde cosaint na dtomhaltóirí iad.

Tiocfaidh méadú ar an ngá le ÚMEanna agus lena ndéanann siad ar son maoirseacht éifeachtach san Aontas Eorpach de réir mar a éireoidh na margaí airgeadais níos idirnasctha, san Aontas agus ar fud an domhain. Beidh dlúthbhaint ag na ÚMEanna leis an iarracht Aontas na Margaí Caipitil a thógáil, i bhfianaise an róil lárnaigh atá acu maidir le comhtháthú margaí a chur chun cinn agus deiseanna margaidh aonair a chur ar fáil d'eintitis airgeadais agus d'infheisteoirí.

Dá bhfillfí ar an maoirseacht ar bhonn náisiúnta, maille leis an bprionsabal an smacht a bheith ag an tír bhaile agus íoschaighdeáin stuamachta agus aitheantas frithpháirteach a bheith i bhfeidhm, ba dheimhin nach bhféadfaí margaí airgeadais an Aontais a chomhtháthú, rud a bhfuil géarghá leis, agus go háirithe creat na margaí caipitil. B'olc an tionchar a d'imreodh sé sin ar chumas an Aontais Eorpaigh infheistíochtaí fadtéarmacha a láidriú agus foinsí cistiúcháin a chruthú do ghnólachtaí an Aontais, rudaí a bhfuil gá leo má táthar chun geilleagar an Aontais a neartú agus infheistiú a spreagadh chun poist a chruthú.

1.5.3.    Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Thosaigh na trí ÚMEanna ag feidhmiú mar ghníomhaireachtaí neamhspleácha de chuid an Aontais Eorpaigh i mí Eanáir 2011 faoi na Rialacháin maidir le ÚME ó 2010.

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar oibríochtaí na ÚMEanna in 2014. Ag an am sin, ba é a chonclúid gur chruthaigh na ÚMEanna go maith, ach mar sin féin, sainaithníodh ceithre réimse inarbh fhéidir roinnt rudaí a fheabhsú: (1) creat cistiúcháin (an creat atá ann faoi láthair a athsholáthar); (2) cumhachtaí (e.g., méadú na béime ar an gcóineasú maoirseachta, úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na cumhachtaí atá ann, agus soiléiriú agus síneadh féideartha na sainorduithe atá ann faoi láthair); (3) rialachas (e.g., feabhsú an rialachais inmheánaigh chun a áirithiú gur le leas an Aontais Eorpaigh ina iomláine na cinntí a dhéantar); agus (4) struchtúir maoirseachta (measúnú ar athruithe struchtúracha amhail na húdaráis a chomhcheangal in aon chomhlacht amháin agus in aon suíomh amháin nó cur chuige "déach" a thabhairt isteach).

Thairis sin, i mí Dheireadh Fómhair 2013, rinne Parlaimint na hEorpa athbhreithniú ar na ÚMEanna. Bhí cuid de na conclúidí ar aon dul le conclúidí an Choimisiúin maidir le feidhmíocht na ÚMEanna, lena n‑áirítear an chonclúid i dtaobh na tréimhse breathnóireachta a bheith an-ghearr. I dtuarascáil na Parlaiminte bhí liosta mionsonraithe d'ítimí a bheadh le feabhsú, le hathruithe reachtacha i gcásanna áirithe. Ina theannta sin, ina rún ó Mhárta 2014 maidir leis an athbhreithniú ar CEMA, d'iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún tograí reachtacha nua a chur faoina bráid le haghaidh athbhreithniú na ÚMEanna i réimsí amhail rialachas, ionadaíocht, comhar agus cóineasú maoirseachta, agus feabhsú cumhachtaí.

Ba é conclúid na Comhairle i mí na Samhna 2014 gur cheart oiriúnuithe spriocdhírithe a mheas chun feabhas a chur ar fheidhmíocht, ar rialachas agus ar mhaoiniú na ÚMEanna.

Sa togra reachtach seo, cuireadh san áireamh na saincheisteanna a tháinig aníos le linn meastóireachtaí roimhe seo agus sa mhéad a mhaígh na geallsealbhóirí (lena n‑áirítear an méid a maíodh i gcomhthéacs ghlao an Choimisiúin ar fhianaise agus i gcomhthéacs aontas na margaí caipitil). Tugadh aird ar leith áfach ar an meastóireacht a rinneadh in earrach na bliana 2017 inar thángthas ar an gconclúid gur chomhlíon na ÚMEanna na cuspóirí atá acu faoi láthair agus gur iomchuí na struchtúir maoirseachta earnála atá ag na ÚMEanna faoi láthair. Mar sin féin, moladh feabhsú spriocdhírithe a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheadh ann amach anseo, go háirithe maidir le cumhachtaí na ÚMEanna, a gcreat rialachais agus a gcreat maoiniúcháin a fheabhsú.

1.5.4.    Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá cuspóirí an togra seo comhsheasmhach le roinnt beartas eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh an Aontais atá ar siúl faoi láthair a bhfuil na haidhmeanna seo a leanas acu: (i) an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta ("AEA") a fhorbairt; (ii) aontas na margaí caipitil a fhorbairt; (iii) éifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a fheabhsú, laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon.

Ar an gcéad dul síos, tá an togra seo comhsheasmhach le AEA. Aibhsíodh i dTuarascáil na gCúig Uachtarán maidir le Críochnú AEA na hEorpa go mb'fhéidir go dtiocfadh ann do rioscaí nua don chobhsaíocht airgeadais de thoradh margaí caipitil a chomhtháthú a thuilleadh agus de thoradh deireadh a chur de réir a chéile lena bhfuil fágtha de na bacainní náisiúnta. De réir na tuarascála sin, is gá an creat maoirseachta a leathnú agus a neartú chun stóinseacht gach gníomhaí airgeadais a áirithiú. Ba é conclúid a baineadh i dTuarascáil na gCúig Uachtarán gurbh é a thiocfadh as seo i ndeireadh na dála Maoirseoir Aonair ar Mhargaí Caipitil na hEorpa. Ina theannta sin, sa Pháipéar Machnaimh maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú, leagadh béim ar leith ar: "Rud ríthábhachtach is ea creat maoirseachta níos comhtháite lena n‑áirithítear cur chun feidhme coiteann na rialacha don earnáil airgeadais agus forfheidhmiú maoirseachta níos láraithe."  Cé nach dtéann an togra reachtach chomh fada le maoirseoir aonair ar mhargaí caipitil a chruthú, is é aidhm an togra seo an creat maoirseachta a neartú. Foráiltear ann freisin maidir le cúraimí maoirseachta áirithe (amhail formheas réamheolairí AE áirithe, riarthóirí tagarmharcanna, soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, cistí AE áirithe) a aistriú chuig an leibhéal AE agus chuig ÚEUM go háirithe.

Ar an dara dul síos, tá an togra seo comhsheasmhach le tionscadal aontas na margaí caipitil. Trí bhealaí cistiúcháin níos ilghnéithí a chur chun cinn, beidh aontas na margaí caipitil ina chuidiú chun buanseasmhacht chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh a mhéadú. Ag an am céanna, is gá a bheith san airdeall ar rioscaí airgeadais a thiocfadh chun cinn sna margaí caipitil. Dá bhrí sin, is gá creat maoirseachta ar ardcháilíocht le go mbeidh na margaí caipitil comhtháite mar is ceart agus ag feidhmiú mar is ceart. Ba cheart go n‑áiritheofaí leis an togra reachtach go gcuirfí an leabhar rialacha aonair chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an mhargaidh aonair. Dá bhrí sin, bheadh eintitis airgeadais ar comhchosúil méid a ngnó agus a bpróifílí riosca, bheidís faoi réir na gcaighdeán céanna maoirseachta gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe san Aontas agus le harbatráiste rialála a sheachaint.

Ar an tríú dul síos, tá an togra seo comhsheasmhach leis an gcuspóir ginearálta éifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a fheabhsú, laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Le blianta beaga anuas, tá roinnt athchóirithe curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun earnálacha na baincéireachta, an árachais agus na margaí caipitil a dhéanamh níos trédhearcaí, dea-rialáilte, stóinsí. Trí shoiléiriú a dhéanamh ar roinnt de na cumhachtaí a tugadh do na ÚMEanna (amhail réitigh díospóide, athbhreithnithe neamhspleácha) agus trí struchtúr rialachais na ngníomhaireachtaí sin a mhodhnú, fágfaidh an togra go dtiocfaidh feabhas ar an maoirseacht laistigh den Aontas. Thairis sin, tá méadú tagtha ar líon na "gcóras tríú tír" a chuimsítear le reachtaíocht airgeadais an Aontais, rud a chuireann ar a gcumas do ghnóthais nach gnóthais de chuid AE iad rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais, ar choinníoll, de ghnáth, go bhfuil siad údaraithe i Stát ag a bhfuil córas rialála atá comhionann le córas an Aontais agus a chuireann sásra cómhalartach éifeachtach ar fáil le rochtain a thabhairt do ghnóthais de chuid AE. Sa togra reachtach, cuirfear in iúl ar bhealach níos follasaí gur féidir leis na ÚMEanna cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí tríú tír (i.e. forbairtí rialála, maoirseachta agus margaidh sa tríú tír chomh maith le teist mhaoirseachta údaráis an tríú tír) i ndlínsí atá faoi réir cinneadh coibhéise deimhneach ón gCoimisiún. Is é is cuspóir don fhaireachán seo a áirithiú go leanfar de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha ar a bhfuil an cinneadh coibhéise déanta ar bhonn leanúnach, agus béim ar leith á leagan ar fhorbairtí tríú tír is féidir a imreoidh tionchar ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó.

Ar an gceathrú dul síos, tá an togra reachtach seo i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún a tíolacadh le déanaí maidir leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le contrapháirtithe lárnacha ("CPLanna") a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint 11   Leis an togra maidir le CPLanna tugtar isteach cur chuige níos uile-Eorpaí i ndáil le maoirsiú CPLanna an Aontais Eorpaigh. Cuirfear sásra maoirseachta nua ar bun laistigh de ÚEUM a mbeidh sé de chúram air a áirithiú go ndéanfar maoirsiú níos comhsheasmhaí agus níos comhleanúnaí ar CPLanna an Aontais Eorpaigh agus go ndéanfar maoirsiú níos stóinsí ar CPLanna tíortha nach tíortha AE iad, is é sin le rá "tríú tíortha".

1.6.    Fad agus tionchar airgeadais 

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2019 go 2020,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe 12  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

   na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas::

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

⌧ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

Neamhbhainteach

2.    BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

I gcomhréir le socruithe atá ann cheana, ullmhaíonn na ÚMEanna tuarascálacha rialta ar a ngníomhaíochtaí (lena n‑áirítear tuairisciú inmheánach don bhainistíocht shinsearach, tuairisciú do na boird agus tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú), agus tá siad faoi réir a n‑iniúchta ag Cúirt na nIniúchóirí agus ag Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin maidir lena n‑úsáid acmhainní agus a bhfeidhmíocht. Beidh an faireachán agus an tuairisciú ar na gníomhaíochtaí a chuimsítear sa togra, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais atá ann cheana agus le haon cheanglais nua a thiocfaidh as an togra seo.

2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.    Na rioscaí a aithníodh. 

I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach na leithreasuithe a eascróidh ón togra, meastar nach dtiocfaidh den togra rioscaí nua nach mbeadh cumhdaithe faoin gcreat rialaithe inmheánach atá ann faoi láthair.

Mar sin féin, d'fhéadfadh dúshlán nua a bheith ann de thoradh an athraithe maoinithe, mar atá bailiú prapúil ranníocaíochtaí bliantúla na n‑institiúidí airgeadais agus na rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh a áirithiú.

2.2.2.     

Cuirtear chun feidhme cheana féin na córais bainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear sna Rialacháin maidir le ÚMEanna. Oibríonn ÚMEanna i ndlúthchomhar le Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí i réimsí uile an chreata rialaithe inmheánaigh. Beidh feidhm freisin ag na socruithe seo maidir le ról ÚMEanna de réir an togra reatha.

Thairis sin, déanann Parlaimint na hEorpa, gach bliain airgeadais de bhun moladh ón gComhairle, urscaoileadh a thabhairt do gach ÚME chun a bhuiséad a chur chun feidhme.

2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, tá feidhm gan srian maidir leis na ÚMEanna ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Tá straitéis frithchalaoise thiomnaithe agus plean gníomhaíochta a thagann aisti ag na ÚMEanna. Na gníomhaíochtaí neartaithe atá ag na ÚMEanna i réimse na frithchalaoise, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha agus an treoir a chuirtear ar fáil sa Rialachán Airgeadais (bearta frithchalaoise mar chuid de bhainistiú fónta airgeadais), i mbeartais coiscthe calaoise OLAF, sna forálacha dá bhforáiltear faoi Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (COM(2011)376), agus a leagtar amach sa Chur Chuige Coiteann i ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh (Iúil 2012) agus an treochlár a bhaineann leis.

Thairis sin, sna Rialacháin lena mbunaítear na ÚMEanna agus i Rialacháin Airgeadais na ÚMEanna, leagtar amach na forálacha maidir le cur chun feidhme agus rialú bhuiséad na ÚMEanna agus na rialacha airgeadais is infheidhme, lena n‑áirítear na cinn sin a bhfuil sé mar aidhm acu calaois agus neamhrialtachtaí a chosc.

3.    AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar 

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………...…………]

LD/LN 13 .

ó thíortha de chuid CSTE 14

ó thíortha is iarrthóirí 15

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1a

12 02 04 ÚBE

12 02 05 ÚEÁPC

12 02 06 ÚEUM

Difreáilte

TÁ/NÍL

Níl

Níl

Níl

Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh: Neamhbhainteach

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[…]

[XX.YY.YY.YY]

[…]

[…]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

Beidh an tionchar seo a leanas ag an tionscnamh reachtach seo ar chaiteachas:

1. Fostú 210 ball foirne nua ag ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM le linn 2019-2022.

2. Déanfar costas na mball foirne nua sin (agus caiteachas eile a bhaineann leis na cúraimí nua a thabharfar do na ÚMEanna) a chistiú ina iomláine le ranníocaíochtaí bliantúla le haghaidh maoirseacht neamhdhíreach agus le táillí le haghaidh maoirseacht dhíreach arna bhfáil ón tionscal (gan tionchar ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh). Maidir le ÚEUM, féach gur le táillí ón tionscal a chlúdófar, ina n‑iomláine, na baill foirne nua agus na costais bhreise uile a bhainfidh le maoirseacht dhíreach.

Mar sin féin, má ghlactar leis go dtarlóidh an glacadh agus an teacht i bhfeidhm sa chéad ráithe de 2019, toisc go mbeadh ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ullmhú chun na ranníocaíochtaí bliantúla, na cúrsaí dá ndlitear táillí, méid na dtáillí agus an dóigh a n‑íocfar iad a leagan amach, foráiltear sa togra go mbaileofar na ranníocaíochtaí bliantúla ó thús na bliana a thosóidh aon bhliain iomlán amháin tar éis a theacht i bhfeidhm – fágann sin, sa chás seo, go bhféadfar an caiteachas breise ar mhaoirseacht neamhdhíreach a thiocfaidh as an togra seo a chistiú le ranníocaíochtaí bliantúla ón 1 Eanáir 2021. Ach toisc go mbeadh na ÚMEanna ag tabhú costas faoin Rialachán ón uair a thiocfadh an Rialachán i bhfeidhm, is gá buiséad breise a fháil ón Aontas Eorpach in 2019 agus 2020 chun céim luath na n‑oibríochtaí a chlúdach ar bhonn idirthréimhseach go dtí go mbaileofar na ranníocaíochtaí bliantúla agus ó 2021 ar aghaidh beifear in ann an clúdach idirthréimhseach réamhráite, arna sholáthar in 2019 agus 2020, a aisíoc le buiséad an Aontais Eorpaigh.

Ar an dóigh chéanna, na táillí lena gclúdófar an caiteachas ar mhaoirseacht dhíreach (ar táillí iad a bheadh infheidhme ó 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm, i.e. 2021 sa chás seo), ní dhéanfar iad a bhailiú ina n‑iomláine ach tar éis do ghníomhartha tarmligthe sonracha a theacht i bhfeidhm. Glacadh leis sa doiciméad seo go beidh tionchar ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh in 2021 ag réamhíocaíochtaí a dhéanfar sular féidir na táillí sin a bhailiú agus go n‑aisíocfaidh na ÚMEanna na réamhíocaíochtaí sin leis an Aontas Eorpach in 2022 ar a dhéanaí. Dá réir sin, níltear ag súil le haon chaiteachas breise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh in 2022; i bprionsabal, is ó tháillí a bhaileofar ó na rannpháirtithe sa mhargadh atá le maoirsiú a chisteofar an caiteachas breise i réimse na maoirseachta dírí.

Tiocfaidh an buiséad breise sin ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, mar ní féidir le buiséad AS FISMA méid den sórt sin a chumhdach.

Déanfar na costais a bhaineann le cúraimí agus le gníomhaíochtaí in 2019 agus in 2020 de chuid na ÚMEanna atá ann cheana, déanfar iad a chistiú de réir an chreata cistiúcháin atá ann faoi láthair i gcomhréir le creat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020.

AN TIONCHAR MEASTA AR CHAITEACHAS AGUS AR FHOIREANN DON BHLIAIN 2021 AGUS INA DHIAIDH SIN SA RÁITEAS REACHTACH SEO, TÁ SÉ ANN MAR LÉIRIÚ AGUS TÁ SÉ GAN DOCHAR DON TOGRA LE HAGHAIDH AN CHREATA AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL A BHEIDH ANN TAR ÉIS 2020 A THÍOLACFAR FAOI BHEALTAINE 2018. Maidir leis sin, féach freisin gurb amhlaidh, cé go mbeidh an fhoireann iomlán is gá le haghaidh maoirseacht dhíreach ag brath, le himeacht aimsire, ar an bhforbairt a thiocfaidh ar líon agus ar mhéid na rannpháirtithe sna margaí caipitil atá le maoirsiú, is le táillí a bhaileofar ó na rannpháirtithe sin sa mhargadh a chisteofar, i bprionsabal, an caiteachas lena mbaineann.

3.2.1.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir

Ceannteideal 1a Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

Ard-Stiúrthóireacht: FISMA

2019

2020

2021

2022

IOMLÁN

12.0204 ÚBE

Gealltanais

(1)

2 493,0

4 096,3

0

6 589,3

Íocaíochtaí

(2)

2 493,0

4 096,3

0

6 589,3

12.0205 ÚEÁPC

Gealltanais

(1a)

3 759,7

5 356,0

0

9 115,7

Íocaíochtaí

(2 a)

3 759,7

5 356,0

0

9 115,7

12.0206 ÚEUM

Gealltanais

(3a)

17 728,6

20 589,6

10 142,8

48 461,0

Íocaíochtaí

(3b)

17 728,6

20 589,6

10 142,8

48 461,0

IOMLÁN leithreasuithe
le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht FISMA

Gealltanais

=1+1a +3a

23 981,3

30 041,9

10 142,8

64 166,0

Íocaíochtaí

=2+2a+3b

23 981,3

30 041,9

10 142,8

64 166,0





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)



2019



2020

2021

2022

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

23 981,3

30 041,9

10 142,8

64 166,0

Íocaíochtaí

23 981,3

30 041,9

10 142,8

64 166,0

3.2.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 16

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 17 ...

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

3.2.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna [an chomhlachta] – Féach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais reachtach

1.    Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 18

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Oifigigh (Gráid AD)

Oifigigh (Gráid AST)

Baill foirne ar conradh

Pearsanra sealadach

Saineolaí náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (FTE breise) – an plean bunaíochta

Grúpa feidhme agus grád

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

AD16

AD15

AD14

AD13

AD12

AD11

AD10

AD9

AD8

AD7

AD6

AD5

 

AD Iomlán

AST11

AST10

AST9

AST8

+AST7

+AST6

+AST5

+AST4

+AST3

+AST2

+AST1

AST Iomlán

AST/SC 6

AST/SC 5

AST/SC 4

AST/SC 3

AST/SC 2

AST/SC 1

AST/SC Iomlán

MÓRIOMLÁN

An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (sa bhreis) – pearsanra seachtrach

Gníomhairí ar conradh

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Grúpa feidhme IV

Grúpa feidhme III

Grúpa feidhme II

Grúpa feidhme I

Iomlán

Saineolaí náisiúnta ar iasacht

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Luaitear an dáta earcaíochta atá beartaithe agus cuirtear an dáta in oiriúint mar is iomchuí (más i mí Iúil atá sé beartaithe an earcaíocht a dhéanamh, ní chuirtear san áireamh ach 50 % den chostas) agus tabhair mínithe breise in iarscríbhinn.

2.    Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthair-Ard-Stiúrthóireacht

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an chéad deachúil ar a mhéad).

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 19

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb 20

- sa cheanncheathrú 21

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

Ba cheart tuairisc ar ríomh an chostais i gcomhair aonaid FTE (coibhéis lánaimseartha) a bheith ar áireamh i roinn 3 d'Iarscríbhinn V.

3.2.4.    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Teastaíonn athchlárú ar línte buiséid na ÚMEanna (12.0204, 12.0205 agus 12.0206). Cé go gcumhdóidh táillí na méideanna iomlána atá beartaithe, teastóidh réamhíocaíocht ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh chun na costais arna dtabhú, ar a laghad, le linn na chéad ocht mí dhéag d'fheidhmiú a chlúdach.

Tar éis an togra a ghlacadh, beidh ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sonrófar go mion an mhodheolaíocht maidir le táillí a ríomh agus a bhailiú. Teastóidh neamhagóid ina chomhair sin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus eolas ina thaobh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil sular féidir táillí a bhailiú. Mar sin féin, bheifí ag súil leis na costais seo a aisghabháil in imeacht ama, agus in 2021 ar a dhéanaí.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 22 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.    Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe


3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam..

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Teideal an togra/tionscnaimh 23

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]



IARSCRÍBHINN

Rinneadh meastachán ar na costais a bhaineann leis na cúraimí atá le déanamh ag na ÚMEanna i gcás caiteachas ar fhoireann, i gcomhréir leis an aicmiú costais atá i ndréachtbhuiséad ÚEUM do 2018. Beidh tionchar ag an tionscnamh reachtach seo ar chostais a thabhóidh na ÚMEanna de dheasca na n‑athruithe ar na nithe seo: (I.) an rialachas, (II.) cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta na ÚMEanna, (III.) an córas cistiúcháin chun na gníomhaireachtaí sin a mhaoiniú agus (IV.) na cumhachtaí díreacha maoirseachta a tugadh do ÚEUM. Is gá freisin tacaíocht a thabhairt do na baill foirne bhreise le hacmhainní forchostas agus saineolaithe dlí (V.). Ó mhéadófar líon na mball foirne, is féidir freisin gur gá roinnt athruithe a dhéanamh ar áitribh na ÚMEanna (VI.) mar gheall ar an togra reachtach seo.

I. Rialachas na ÚMEanna:

De bharr an togra reachtaigh seo, chuirfí Bord Feidhmiúcháin, mar atá comhlacht nuabhunaithe de cheithre chomhalta neamhspleácha lánaimseartha (an Cathaoirleach san áireamh) ó ÚBE agus ÚEÁPC agus de shé chomhalta neamhspleácha lánaimseartha (an Cathaoirleach san áireamh) ó ÚEUM a bheadh dírithe ar shainorduithe na ÚMEanna amháin, chuirfí é sin in ionad an Bhoird Bainistíochta atá ann faoi láthair (comhdhéanta den Chathaoirleach, den Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus de chomhaltaí den Bhord Maoirseoirí). D’fhéadfadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin atá ann faoi láthair a bheith ina chuid den Bhord Feidhmiúcháin. D’fhéadfadh sé gur ghá, de bharr na n‑athruithe sin, dhá bhall foirne breise a bheith ag ÚBE agus ÚEÁPC agus ceithre bhall foirne 24 breise a bheith ag ÚEUM (ar choinníoll go n‑earcófaí na fostaithe sin lasmuigh den eagraíocht). Íocfar iad as buiséad na ÚMEanna. Ba cheart an-taithí a bheith ag an dá fhostaí nua do ÚBE agus ÚEÁPC agus na ceithre fhostaí nua do ÚEUM agus ba cheart iad a earcú mar ghníomhairí sealadacha AD ar ghrád AD 13 ar a laghad. Is cinnte go mbeidh costais earcaíochta EUR 12 700 an duine, de réir an mheastacháin, (liúntais taistil, óstáin, scrúduithe dochtúra agus liúntais eile, costais aistrithe, agus araile) ann de bharr na mball foirne breise sin.

Faoin togra reachtach, thabharfaí cumhachtaí cinnteoireachta le haghaidh cúraimí áirithe neamhrialála don Bhord Feidhmiúcháin, sna cásanna sin ina gcruthaíonn na mí‑ailínithe ó thaobh spreagadh de a d’fhéadfadh teacht as an tsamhail rialála reatha na fadhbanna is mó (e.g. sárú ar nósanna imeachta dlí an Aontais agus réitigh díospóide). Ós ceann de chuspóirí an togra seo é úsáid na gcumhachtaí sin a mhéadú, ba cheart tacaíocht leordhóthanach i bhfoirm acmhainní daonna breise a thabhairt do bhuanchomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin chun cuidiú leo a gcúraimí a dhéanamh. Mar shampla, ba cheart go dtiocfadh méadú ar líon na n‑iarrataí ar fhaisnéis (a chuirtear chuig údaráis inniúla nó rannpháirtithe sa mhargadh) agus méadú ar úsáid cumhachtaí réitithe díospóide, ba cheart go dtiocfadh siad sin as na mionathruithe ar na cumhachtaí sin. Is féidir le baill foirne atá ann faoi láthair de chuid na ÚMEanna ar féidir iad a athlónnú ó obair de chineál gar-reachtach chuig cúraimí a bhaineann le cóineasú maoirseachta, is féidir leo formhór na gcúraimí nua sin a dhéanamh. Go deimhin, táthar ag súil gur féidir go dtiocfaidh laghdú beag ar an obair rialála amach anseo nó nach mbeidh aon ardú uirthi sa chaoi go bhféadfadh tuilleadh FTEanna as ÚMEanna a bheith ag obair ar chóineasú maoirseachta. Dá bharr sin, chun tacaíocht a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin nua ina chúraimí nua, ní bheadh gá ach le dhá FTE breise i gcás ÚBE agus ÚEÁPC agus trí FTE breise i gcás ÚEUM.

Mar achoimre air sin, táthar ag glacadh leis sa ráiteas airgeadais reachtach seo gur féidir go dtiocfaidh na nithe seo a leanas as athruithe ar rialachas na ÚMEanna maidir le gach ceann de na gníomhaireachtaí sin:

Earcú 4 ghníomhaire nua shealadacha AD do ÚEUM agus 2 ghníomhaire nua shealadacha AD do ÚBE agus ÚEÁPC ar ghrád AD 13 ar a laghad ag a bhfuil leibhéal ard taithí oibre;

2 FTE (TAanna iad beirt) do ÚBE agus ÚEÁPC agus 3 FTE do ÚEUM chun cuidiú le comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nua a gcúraimí a dhéanamh agus déanfaidh sin an méadú ar an ualach oibre a bhfuiltear ag súil leis i leith na hoibre ar chóineasú maoirseachta a chúiteamh.

·Costais earcaíochta ar na baill foirne bhreise sin (liúntais taistil, óstáin, scrúduithe dochtúra agus liúntais eile, costais aistrithe, agus araile). 

II. Maoirseacht neamhdhíreach a dhéanfaidh na ÚMEanna:

i. Cúraimí coiteanna a mbeidh na hacmhainní céanna de dhíth ar na trí ÚME lena n‑aghaidh

Chun cóineasú a chothú laistigh de líonra na maoirseoirí airgeadais, chuirfí athbhreithnithe neamhspleácha in ionad na n‑athbhreithnithe piaraí a dhéanann na ÚMEanna. In ainneoin gur painéil athbhreithniúcháin piaraí, arb iad baill foirne as údaráis inniúla náisiúnta AE-28 formhór a gcomhaltaí, a dhéanann na hathbhreithnithe piaraí faoi láthair, is faoi mhaoirsiú an Bhoird Feidhmiúcháin nuabhunaithe a dhéanfar na hathbhreithnithe neamhspleácha. Chun gur féidir leis an mBord Feidhmiúcháin an cúram sin a dhéanamh, foráiltear sa togra reachtach go bhféadfadh sé coiste athbhreithniúcháin a chur ar bun. Baill foirne de chuid na ÚMEanna amháin a bheadh sa choiste sin chun neamhspleáchas na n‑athbhreithnithe a áirithiú. Ar an ábhar sin, bheadh baill foirne bhreise de dhíth chun an coiste sin a chruthú, fiú má ghlacann roinnt ball foirne de chuid na ÚMEanna páirt cheana sna hathbhreithnithe piaraí faoi láthair. Is féidir a mheas gur cúig bhall foirne breise in aghaidh an ÚME a bheidh i gceist leis an méadú sin a thiocfaidh ar fhoireann na ÚMEanna, mar chúiteamh ar an easpa acmhainní daonna a chuireann údaráis inniúla ar fáil le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.

Tabharfar misean nua do na ÚMEanna freisin a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla a chomhordú d’fhonn cóineasú i gcleachtais mhaoirseachta agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí an Aontais a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, shocródh na ÚMEanna spriocanna agus cuspóirí coiteanna i leith maoirseachta i bhfoirm Plean Straitéiseach ilbhliantúil de chuid an Aontais. Ullmhaíonn na ÚMEanna clár oibre bliantúil cheana. Os a choinne sin, tá an clár oibre bliantúil atá ann faoi láthair ceaptha gníomhaíochtaí rialála agus maoirseachta a chumhdach atá le déanamh ag na ÚMEanna iad féin, ach bheadh Plean Straitéiseach ilbhliantúil nua de chuid an Aontais ceaptha gníomhaíochtaí maoirseachta a chumhdach atá le déanamh ag údaráis inniúla. Sa bhreis air sin, de bharr na gcumhachtaí nua comhordúcháin, an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra/Bord Réitigh Aonair san áireamh, bheadh ar na húdaráis inniúla cláir oibre bhliantúla a tharraingt suas, i gcomhréir le Plean Straitéiseach an Aontais, agus iad a chur faoi bhráid na ÚMEanna lena measúnú i dtaca le Plean Straitéiseach an Aontais. D’eiseodh na ÚMEanna moladh nó cinneadh formheasa aonair ansin chuig gach údarás inniúil i leith a chláir oibre bhliantúil féin agus d’athbhreithneodh sé an cur chun feidhme de réir mar a bheadh sé ag dul ar aghaidh. Bheadh acmhainní daonna breise de dhíth le haghaidh an idirghníomhaithe leis na húdaráis inniúla agus na hoibre comhordúcháin leis na foirne ábhartha laistigh de gach ÚME. Bheadh trí bhall foirne breise de dhíth in aghaidh an ÚME.

Lena chois sin, thabharfaí misin nua i leith teicneolaíocht airgeadais (FinTech) mar chúram do na ÚMEanna. Faoin togra reachtach, bheadh ar na ÚMEanna: (i) cóineasú a chur chun cinn i leith ceanglais cheadúnúcháin ar chuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, (ii) na creataí maoirseachta seachfhoinsiúcháin a shoiléiriú agus a nuashonrú, go háirithe maidir le seachfhoinsiú chuig néalseirbhísí; (iii) moil nuálaíochta teicneolaíochta náisiúnta a chomhordú, agus, b’fhéidir, treoirlínte a eisiúint faoi mhoil nuálaíochta teicneolaíochta/deiseanna trialacha rialála arna gcur ar bun ag Ballstáit; agus (iv) maidir le cibearshlándáil, cóineasú bhainistiú riosca TF agus páirt a ghlacadh, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, i bhforbairt rialacha mionsonraithe maidir le tástáil ar chibearshlándáil. Bheadh acmhainní tiomanta ar FinTech de dhíth chun na cúraimí breise sin a chumhdach, 3 bhall foirne breise, de réir an mheastacháin.

ii. Cúraimí a mbeidh acmhainní éagsúla de dhíth ar na trí ÚME lena n‑aghaidh

Lena chois sin, bheadh freagrachtaí a bheadh sainithe níos soiléire ar na ÚMEanna ó thaobh faireachán a dhéanamh ar chinneadh coibhéise an Choimisiúin is infheidhme ar chreat rialála agus maoirseachta tríú tír. Roimhe seo, in éagmais bunús dlí soiléir do ÚMEanna chun cuidiú leis an gCoimisiún faireachán iarchoibhéise a dhéanamh, bhí ÚMEanna nárbh fhéidir leo cuidiú a thabhairt de dheasca srianta acmhainne. I láthair na huaire, cuireann an ÚME anailís tosaigh ar fáil a chuirtear isteach i measúnú coibhéise an Choimisiúin i gceann amháin de dhá chás: d’iarr an Coimisiún go sonrach ar ÚBE comhairle theicniúil a thabhairt, nó tugadh de chúram go sonrach do ÚBE sin a dhéanamh faoi reachtaíocht phríomha áirithe. Bheadh sé ráite ní ba shoiléire sa togra reachtach maidir le ÚMEanna go bhféadfadh na ÚMEanna cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i dtríú tíortha (i.e. forbairtí rialála, maoirseachta agus margaidh i dtríú tír maille le teist mhaoirseachta údarás tríú tír) i ndlínsí atá faoi réir cinneadh dearfach coibhéise ón gCoimisiún. Is é is cuspóir don fhaireachán seo a áirithiú go leanfar de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha ar a bhfuil an cinneadh coibhéise déanta ar bhonn leanúnach, agus béim ar leith á leagan ar fhorbairtí tríú tír is féidir a imreoidh tionchar ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó. Cuirfidh na ÚMEanna, go háirithe, tuarascáil maidir lena gcuid torthaí faoi bhráid an Choimisiúin. Leis an ról soiléirithe seo, ba ghá anailís a dhéanamh ar fhorbairtí tríú tíortha ar bhonn leanúnach agus an obair leis na hidirghabhálaithe a chomhordú laistigh agus lasmuigh den eagraíocht.

Níl an t‑ualach oibre céanna, áfach, ar na trí ÚMEanna ó thaobh cinntí coibhéise de. Ar na trí ÚMEanna a cheadaíonn cinntí coibhéise tríú tíortha, tá 11 téacs reachtacha as 13 rialachán de chúram ar ÚEUM. Maidir le ÚEÁPC agus ÚBE, tá téacs amháin de chúram orthu araon a dhéanann foráil maidir le coibhéis tríú tíre (i.e. Sócmhainneacht II agus an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil/an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil faoi seach). Mar thoradh air sin, ba cheart gur thábhachtaí na hacmhainní a bheadh de dhíth ar ÚEUM ná na hacmhainní a bheadh de dhíth ar ÚEÁPC agus ÚBE.

Is féidir a mheas gur 9 FTE a bheidh de dhíth ar ÚEUM mar acmhainní breise agus gur EUR 1 mhilliún in aghaidh na bliana na costais a bheidh ar idirbhearta lena mbaineann. Maidir le ÚEÁPC agus ÚBE, is féidir a mheas gur 2 FTE a bheidh de dhíth mar acmhainní daonna breise agus gur EUR 200 000 in aghaidh na bliana a bheidh ar chostais idirbheart lena mbaineann.

iii. Cúram sonrach le haghaidh ÚEUM

Leis an togra, thabharfaí sainordú níos láidre do ÚEUM chun comhar idir údaráis inniúla náisiúnta a spreagadh maidir le cásanna drochúsáide margaidh a bhféadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu ach, ag an am céanna, leanfadh na cumhachtaí imscrúdaithe, forfheidhmithe agus ionchúisimh de bheith i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta.  Faoin togra reachtach seo, bheadh ról ag ÚEUM mar “mhol faisnéise” chun sonraí trádála a bhaineann le hiliomad dlínsí de chuid an Aontais a bhailiú agus a scaipeadh ar iarratas ó rialtóirí. Lena chois sin, i gcás ina n‑aithneoidh údarás inniúil idirbheart trasteorann amhrasach le linn an phróisis maoirseachta, bheadh sé de cheangal air tuairisc a thabhairt do ÚEUM faoi, rud a d’fhágfadh go gcuirfí an cúram ar ÚEUM na gníomhaíochtaí imscrúdaithe a chomhordú go gníomhach ar leibhéal an Aontais. Rachadh struchtúr den sórt sin thar na sainorduithe atá sa Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh agus sa Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais arb ann dóibh cheana óir thabharfadh sé cumhachtaí comhordúcháin feabhsaithe do ÚEUM agus d’éascódh sé obair na rialtóirí atá i mbun imscrúduithe trasteorann. De thoradh na gcúraimí nua sin, bheadh 2 FTE sa bhreis de dhíth (duine amháin chun comhordú a dhéanamh agus duine eile a bheadh freagrach as seirbhísí TF) le cois costais TF chun áit stórais ar líne a chur ar bun ina bhféadfaidh údaráis inniúla doiciméid arna soláthar ag a bpiaraí agus a bhaineann le faireachas agus imscrúduithe ar dhrochúsáid mhargaidh a íoslódáil agus a uaslódáil. Meastar gur EUR 100 000 in aghaidh na bliana a bheidh ar na costais ríomhaireachta athfhillteacha sin agus gur EUR 500 000 a bheidh ar na costais ríomhaireachta aon uaire.

I measc na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in MiFID II (an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais II) agus MiFIR (an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais), tá sé d’oibleagáid ar na húdaráis inniúla sonraí a bhailiú ó ionaid trádála maidir le líon ard ionstraimí airgeadais agus tuarascálacha idirbhirt, thart ar 15 mhilliún ar fud an Aontais, arna dtíolacadh ag gnólachtaí infheistíochta. Faoin togra, beidh sé de chúram ar ÚEUM bailiú sonraí tagartha de réir MiFID II/MiFIR a lárú agus iad a bhailiú go díreach ó ionaid trádála. Toisc gurb ann do bhonneagar coiteann TF laistigh de ÚEUM, tá bealach ann chun cóineasú maoirseachta maidir le cur chun feidhme MiFID2/MiFIR a fheabhsú. Ós rud é go dtiocfaidh méadú ar na sonraí atá le tuairisciú, beidh acmhainní breise, lena n‑áirítear acmhainní TF, de dhíth ar ÚEUM. Chun tuairisciú idirbheart a lárú, bheadh 8 FTE de dhíth chomh maith le costais TF, mar atá EUR 3 mhilliún sa chéad bhliain agus EUR 2 mhilliún ar chothabháil sna blianta ina dhiaidh sin.

iv. Cúram sonrach le haghaidh ÚEÁPC

Faoin togra reachtach seo, thabharfaí cumhachtaí nua freisin do ÚEÁPC i dtaca le samhlacha inmheánacha gnóthas árachais. Bheadh sé de chumhacht, go háirithe, ag ÚEÁPC measúnú neamhspleách a dhéanamh ar na hiarratais chun samhail inmheánach a úsáid nó a athrú agus chun tuairim a thabhairt do na húdaráis inniúla lena mbaineann. I gcás díospóidí idir údaráis inniúla faoi shamhail inmheánach, ba mhó an deis a bheadh ag ÚEÁPC cuidiú i réiteach díospóidí trí dhul i mbun idirghabháil cheangailteach. Faoi láthair, tá “foireann samhla inmheánaí” ag ÚEÁPC ar a bhfuil 4 fhostaí lánaimseartha; beidh 5 fhostaí ar an bhfoireann sin go luath amach anseo. A bhuí leis an gcúram nua a chuirfear ar ÚEÁPC, thiocfadh méadú mór ar ualach oibre na foirne sin agus bheadh baill foirne bhreise a bhfuil saineolas acu ar shamhlacha inmheánacha de dhíth. Maidir leis na riachtanais sin ó thaobh acmhainní daonna de, is féidir a mheas go mbeidh 5 FTE breise de dhíth i bhfianaise chineál teicniúil na hoibre.

Mar achoimre air sin, táthar ag glacadh leis sa ráiteas airgeadais reachtach seo gur féidir go dtiocfaidh na nithe seo a leanas as cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta a bheidh nua agus níos láidre a thabhairt do na ÚMEanna:

·Bheadh seo a leanas de dhíth ar ÚEÁPC: 18 FTE (15 TA agus 3 SNE); EUR 200 000 in aghaidh na bliana le haghaidh costais aistriúcháin.

·Do ÚEUM: 30 FTE (24 TA agus 6 SNE); EUR 3.5 milliún le haghaidh costais aonuaire TF; EUR 2.1 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh costais chothabhála; EUR 1 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh costais aistriúcháin.

·Bheadh seo a leanas de dhíth ar ÚBE: 13 FTE (11 TA agus 2 SNE); EUR 200 000 in aghaidh na bliana le haghaidh costais aistriúcháin.

III. Cistiú

i. Acmhainní chun ranníocaíochtaí bliantúla a ríomh

Is é is aidhm don togra reachtach seo maoiniú na ÚMEanna a athrú. Beidh an maoiniú ag brath den chuid is mó ar fhóirdheontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh mar aon le ranníocaíochtaí bliantúla ó eintitis atá faoi shainchúram an údaráis. Sa togra reachtach, tugtar le tuiscint gur cheart do na UMÉanna na ranníocaíochtaí bliantúla ón earnáil phríobháideach a bhailiú ar bhealach neamhdhíreach trí bhíthin údaráis a bheidh ainmnithe ag gach Ballstát. Fiú sa chás sin, bheadh ar na UMÉanna na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla náisiúnta; (ii) na ranníocaíochtaí bliantúla a ríomh; agus (iii) an fhaisnéis sin a chur chuig na Ballstáit/na húdaráis inniúla náisiúnta. Ansin, bheadh ar na húdaráis inniúla náisiúnta nó na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) na sonraisc a ullmhú; agus (ii) na ranníocaíochtaí bliantúla a bhailiú ón earnáil phríobháideach. Ar deireadh, bheadh ar na ÚMEanna méideanna na ranníocaíochtaí bliantúla a gheofar ó na Ballstáit/na húdaráis inniúla náisiúnta a fhíorú. Bheadh sé de chúram ar na Ballstáit/na húdaráis inniúla náisiúnta bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh i gcás neamhíocaíochta. Baineann an-tábhacht le líon na n‑eintiteas atá faoi shainchúram na ÚMEanna. Tá os cionn 11 600 institiúid creidmheasa agus gnólacht infheistíochta faoi sainchúram ÚBE, 20 000 eintiteas faoi shainchúram ÚEUM agus 20 000 gnóthas árachas agus pinsin faoi shainchúram ÚEÁPC. Dá bharr sin, is féidir a mheas go mbeidh 4 FTE sa bhreis de dhíth don chúram nua sin, lena n‑áirítear 3 FTE chun sonraí a bhailiú agus táillí a ríomh agus FTE amháin chun bheith i mbun an chórais ríomhaireachta.

Ina theannta sin, de thoradh an chórais nua cistithe seo beidh gá le córas nua TF a fhorbairt. In ionad a gcóras ríomhaireachta féin a fhorbairt, d’fhéadfadh na trí ÚME bonneagar coiteann TF a fhorbairt lena gcruthófaí sineirgíochtaí. Bheadh comhéadan TF coiteann i bhfad níos praiticiúla freisin do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir táille a íoc le níos mó ná ÚME amháin, gnólachtaí infheistíochta cuir i gcás.

D’fhéadfadh luach EUR 1.5 milliún a bheith ar chóras TF den sórt sin, i.e. costais aon uaire EUR 500 000 do gach ÚME, agus ansin costais chothabhála EUR 300 000 in aghaidh na bliana, i.e. EUR 100 000 do gach ÚME. Ba ghá don chóras nua ríomhaireachta sin comhéadan a dhéanamh le córas cuntasaíochta gníomhaíocht-bhunaithe na ÚMEanna.

ii. Acmhainní chun táillí maoirseachta a ríomh, a shonrascadh agus a bhailiú (ÚEUM)

Leis an togra reachtach seo, thabharfaí cumhachtaí nua díreacha maoirseachta do ÚEUM (féach an chéad mhír eile). Dá bhrí sin, ghearrfadh ÚEUM táillí ar na heintitis a bheidh faoina mhaoirseacht dhíreach nó d’íocfaí táillí leis as na seirbhísí a sholáthródh na heintitis sin. Tá acmhainní nua de dhíth ar ÚEUM chun na heintitis a shonrascadh agus chun táillí a bhailiú uathu.

Aistreofar ceithre earnáil nua chuig ÚEUM, mar atá cistí, réamheolairí, tagarmharcanna agus soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí. Is féidir a mheas go mbeadh FTE amháin in aghaidh na hearnála de dhíth, i.e. 3 FTE breise.

Mar achoimre air sin, táthar ag glacadh leis sa ráiteas airgeadais reachtach seo gur féidir go dtiocfaidh na nithe seo a leanas as na hathruithe ar chistiú na ÚMEanna:

·Do ÚBE agus ÚEÁPC: 4 FTE breise (1 TA agus 3 CA) agus meastar go mbeidh costas EUR 0.5 milliún ar chórais TF (costais aon uaire) agus EUR 100 000 in aghaidh na bliana (costais chothabhála).

 

·Do ÚEUM: 7 FTE breise (1 TA agus 6 CA) agus meastar go mbeidh costas EUR 0.5 milliún ar chórais TF (costais aon uaire) agus EUR 100 000 in aghaidh na bliana (costais chothabhála).

IV. Cumhachtaí díreacha maoirseachta – ÚEUM

I dtosach báire, i dtaca le heintitis atá faoi réir maoirseacht dhíreach ÚEUM, ní mór a mheabhrú go gcaithfidh siad táillí a íoc le ÚEUM (costais aon uaire ar chlárú agus costais athfhillteacha ar mhaoirseacht leanúnach). Is mar sin atá i gcás gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (féach Rialachán Tarmligthe 272/2012 ón gCoimisiún) agus stórtha trádála (Rialachán Tarmligthe 1003/2013 ón gCoimisiún).

Faoin togra reachtach seo, beidh sé de chúram ar ÚEUM maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar chistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECAnna), cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEFanna) agus cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna). Bheadh údarú/fógra (pas) maidir leis na cistí sin agus maoirseacht laethúil i gceist leis na dualgais mhaoirseachta. Ina theannta sin, beidh cumhachtaí díreacha imscrúdaithe ag ÚEUM maidir leis na cistí sin. Faoi láthair, tá 117 gciste EuVECA (atá á mbainistiú ag 97 mbainisteoir EuVECA), 7 gciste EuSEF (á mbainistiú ag 3 bhainisteoir EuSEF) agus níos lú ná 10 ELTIF atá údaraithe san Aontas Eorpach. Toisc gur struchtúir réasúnta nua iad na cistí sin, tá líon ard clárúchán ann, mar shampla 22 EuVECA nua in 2016. Mar gheall ar an gcreat dlíthiúil nua a bhaineann le EuVECA nó EuSEF agus na hathruithe ar na táillí caipitil i gcás infheistíochtaí cuideachtaí árachais in ELTIFanna, meastar go dtiocfaidh méadú ar líon na n‑iarrataí ar údarú. Dá bhrí sin, fostóidh ÚEUM baill foirne bhreise a bhfuil saineolas acu ar bhainistiú sócmhainní. Is féidir a mheas gur 7 FTE a bheidh de dhíth ó thaobh acmhainní daonna de, lena n‑áirítear FTE amháin a bhfuil saineolas aige ar an ríomhaireacht agus anailíseoir sonraí amháin. Beidh córas TF amháin de dhíth freisin chun an próiseas údarúcháin agus maoirseachta a bhainistiú chomh maith le sonraí a bhailiú ó na cistí. Meastar gur EUR 500 000 (costais aon uaire) a bheidh ar na costais sin chomh maith le EUR 100 000 in aghaidh na bliana ar chothabháil.

De bharr go n‑aistreofar na cumhachtaí seo maidir le húdarú na gcistí sin (ELTIFanna, agus cistí EuVECA agus EuSEF) agus maidir le faireachán laethúil a dhéanamh orthu ó údaráis inniúla náisiúnta go ÚEUM, tugtar faoi deara gur féidir freisin go dtiocfaidh laghdú ar líon na mball foirne sna húdaráis inniúla náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar na cistí sin faoi láthair. Na húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil an tionscal bainistithe sócmhainní is mó acu, is é rud a fhostaíonn siad líon mór cóibhéisí lánaimseartha a bhíonn ag deileáil le cistí, go príomha gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus cistí infheistíochta malartacha (CIManna), (i.e. Lucsamburg, 197 FTE; an Fhrainc, 102 FTE; an Ghearmáin, 120 FTE; an Ísiltír, 25 FTE; an Iodáil, 65/70 FTE mar aon le brainsí réigiúnacha; an Ríocht Aontaithe, 100 FTE). Is féidir a mheas go dtiocfaidh laghdú foriomlán 7 FTE ar líon bhall foirne na n‑údarás inniúil náisiúnta de thoradh 7 FTE a fhostú ar leibhéal an Aontais chun maoirseacht a dhéanamh ar ELTIFanna, EuVECA agus EuSEF. Má thagann méadú ar líon na gcistí sna blianta amach anseo, beidh tuilleadh acmhainní de dhíth ach cisteofar iad trí bhíthin táillí ón tionscal.

Faoin togra reachtach, beidh sé de chúram ar ÚEUM roinnt réamheolairí a fhormheas (réamheolairí neamhchothromais mórdhíola, réamheolairí arna dtarraingt suas ag saineisitheoirí, réamheolairí urrús de bhun sócmhainní, agus réamheolairí arna dtarraingt suas ag eisitheoirí i dtríú tír), lena n‑áirítear na forlíonta a ghabhann leo. Is féidir a mheas go ndéanfaidh ÚEUM 1 600 réamheolaire a fhormheas in aghaidh na bliana, mar atá 1 100 réamheolaire, 400 réamheolaire urrús de bhun sócmhainní, 60 réamheolaire ó shaineisitheoirí. Lena chois sin, aistreofar chuig ÚEUM leis an togra seo freisin cumhachtaí maoirseachta ar fhógráin i dtaca leis na réamheolairí sin a dhéanfadh ÚEUM a fhormheas. Chun an cúram thuasluaite a chur i gcrích, ba cheart acmhainní foirne leordhóthanacha a bheith ag ÚEUM a bhfuil na scileanna cearta teanga agus eolas leordhóthanach acu ar na rialacha ábhartha náisiúnta maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe chun ábhair mhargaíochta a rialú. Meastar go mbeadh ar ÚEUM 35 FTE a fhostú, lena n‑áirítear 33 FTE a bhfuil saineolas acu ar réamheolairí, FTE amháin a bhfuil saineolas aige ar an ríomhaireacht agus anailíseoir sonraí amháin. De bharr na gcumhachtaí nua sin, bheadh costais TF i gceist freisin chun próiseas formheasa na réamheolairí a bhainistiú. Meastar gur EUR 500 000 (costais aon uaire) a bheidh ar na costais sin chomh maith le EUR 100 000 in aghaidh na bliana ar chothabháil. Ó tharla gur féidir na dréacht-réamheolairí a thíolacadh lena bhformheas in 23 theanga oifigiúla an Aontais, bheadh costais aistriúcháin i gceist freisin de bharr na gcumhachtaí nua a thabharfaí do ÚEUM agus meastar gur EUR 1.2 milliún in aghaidh na bliana a bheadh ar na costais sin.

Ar an 3 500 réamheolaire a fhormheasann na húdaráis inniúla náisiúnta uile ar fud an Aontais, i.e. 45 % de réamheolairí uile an Aontais Eorpaigh, dhéanfadh ÚEUM 1 600 réamheolaire a fhormheas. Mar thoradh air sin, ba cheart go dtiocfadh as an aistriú cumhachtaí sin laghdú ar líon na mball foirne sna húdaráis inniúla náisiúnta a bhíonn ag déileáil le formheas réamheolairí a dhéanfadh ÚEUM a fhormheas.

Leis an togra reachtach seo, foráiltear freisin go ndéanfaidh ÚEUM riarthóirí tagarmharcanna criticiúla a údarú agus a mhaoirsiú, formhuiniú tagarmharcanna tríú tíortha a fhormheas, agus aitheantas a thabhairt do riarthóirí atá lonnaithe i dtríú tíortha. Lena chois sin, tabharfar cumhachtaí imscrúdaithe do ÚEUM maidir leis na riarthóirí tagarmharcanna sin. I bhfianaise na sineirgíochtaí a thiocfadh as maoirseacht dhíreach ar leibhéal an Aontais, is féidir a mheas gur cheart 10 FTE breise a fhostú. A bhuí leis an aistriú cumhachtaí sin chuig ÚEUM, níor ghá do na húdaráis inniúla náisiúnta baill foirne bhreise a earcú chun maoirseacht a dhéanamh ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla 25 .

Beidh sé de chúram ar ÚEUM soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a chlárú, i.e. sásraí tuairiscithe formheasta, socruithe formheasta maidir le foilsiú agus soláthraithe teilitéipe comhdhlúite, ar cineálacha nua eintiteas iad a cruthaíodh faoin Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais. Lena chois sin, áiritheoidh ÚEUM go ndéanfar maoirseacht leanúnach orthu agus beidh sé de chumhacht aige imscrúduithe a dhéanamh. De thoradh air sin, beidh gá freisin le baill foirne bhreise a bhfuil saineolas acu agus meastar gur 20 FTE a bheidh de dhíth, lena n‑áirítear 3 FTE a bhfuil saineolas acu ar chórais ríomhaireachta agus 2 anailíseoir sonraí. I ngeall ar an méid mór sonraí a bhainistíonn na heintitis sin, beidh córas mór TF de dhíth chun cáilíocht na sonraí, agus an chaoi a ndéantar iad a phróiseáil agus a fhoilsiú, a mheas. Meastar gur EUR 2 milliún (costais aon uaire) a bheidh ar na costais TF sin chomh maith le EUR 400 000 in aghaidh na bliana ar chothabháil. A bhuí leis an aistriú cumhachtaí sin chuig ÚEUM, níorbh ghá do na húdaráis inniúla náisiúnta baill foirne bhreise a earcú chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.

Mar achoimre air sin, táthar ag glacadh leis sa ráiteas airgeadais reachtach seo gur féidir go dtiocfaidh na nithe seo a leanas as cumhachtaí nua díreacha maoirseachta ÚEUM ar na heintitis thuasluaite:

·Earcú 65 FTE breise suas go 2022.

·Meastar gur EUR 3 mhilliún a bheidh ar na costais ríomhaireachta aon uaire.

·Meastar gur EUR 600 000 in aghaidh na bliana a bheidh ar na costais athfhillteacha TF.

·Meastar gur EUR 1.2 milliún in aghaidh na bliana a bheidh ar na costais aistriúcháin.

V. Forchostais agus tacaíocht dhlíthiúil

Cumhdaíonn na forchostais i gcás tacaíocht acmhainní ar leibhéal na ngníomhaireachtaí acmhainní daonna, gnóthaí airgeadais, bainistiú saoráidí, comhordú agus buntacaíocht ríomhaireachta, gan tionscnaimh ríomhaireachta uile-Eorpacha a chur san áireamh. I ngeall ar an méid mór oibre rialála atá le déanamh acu, tá riachtanais mhóra ag na ÚMEanna i dtaca le tacaíocht dhlíthiúil. Bunaithe ar chóras bainistithe gníomhaíocht-bhunaithe ÚEUM, cumhdaíonn na forchostais acmhainní agus an tacaíocht dhlíthiúil 22 % agus 13 % den fhoireann iomlán faoi seach. Is é sin le rá go leithdháiltear thart ar 2 bhall foirne breise ar fhorchostais acmhainní agus ball foirne amháin ar thacaíocht dhlíthiúil in aghaidh gach 7 FTE atá i mbun príomhghníomhaíochta. Ag cur san áireamh go bhféadfaidh na ÚMEanna, agus iad ag fás, barainneachtaí scála a fhorbairt, glactar leis sa ráiteas airgeadais reachtach seo gur 18 % agus 8 % den fhoireann iomlán iad na forchostais acmhainní agus an tacaíocht dhlíthiúil faoi seach.

Dá bharr sin, is féidir an méadú ar acmhainní daonna suas go 2022 a achoimriú mar seo a leanas:

ÚBE:

Príomhghníomhaíocht

Forchostais acmhainní

Tacaíocht dhlíthiúil

Iomlán

Rialachas

4

1

1

6

Cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta

13

3

2

18

Cistiú

4

1

0

5

Iomlán

21

5

3

29

ÚEÁPC:

Príomhghníomhaíocht

Forchostais acmhainní

Tacaíocht dhlíthiúil

Iomlán

Rialachas

4

1

1

6

Cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta

18

4

2

24

Cistiú

4

1

0

5

Iomlán

26

6

3

35

ÚEUM:

Príomhghníomhaíocht

Forchostais acmhainní

Tacaíocht dhlíthiúil

Iomlán

Rialachas

7

2

1

10

Cumhachtaí neamhdhíreacha maoirseachta

30

7

3

40

Cistiú

7

2

0

9

Cumhachtaí díreacha maoirseachta

65

16

6

87

Iomlán

109

27

10

146

Chun na costais a thabhóidh na ÚMEanna a laghdú a thuilleadh, d’fhéadfaí líon mór FTEanna nua a fhostú mar ghníomhairí ar chonradh (CA) nó mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNE). Níor cheart, áfach, rómheastachán a dhéanamh ar an líon SNE. D’fhéadfadh deacracht a bheith ag na ÚMEanna saineolaithe den sórt sin a earcú i ngeall ar an gcostas a bheadh i gceist ar na Ballstáit agus ar údaráis inniúla náisiúnta. Anuas ar na deacrachtaí sin maidir le fáil a bheith ar shaineolaithe, i réimse na maoirseachta dírí ba cheart a mheas go soláthróidh na saineolaithe sin taithí atá riachtanach nuair a rachaidh ÚEUM i mbun a chúraimí, ach i ndiaidh na céime tosaigh agus go fadtéarmach is tábhachtaí do ÚEUM saineolaithe inmheánacha a choimeád agus brath níos mó dá réir sin ar ghníomhairí sealadacha. Sa tábla seo a leanas, tugtar deighilt tháscach na mball foirne sna catagóirí sin.

2019

2020

2021

2022

Gníomhairí sealadacha

63

104

121

147

Saineolaí náisiúnta ar iasacht

5

11

15

15

Gníomhairí ar conradh

29

37

41

48

Iomlán

97

152

177

210

tá líon na mball foirne in 2021 agus sna blianta ina dhiaidh sin táscach

VI. Áitribh

De bharr na modhnuithe ar chúraimí, bheadh acmhainní nua de dhíth i dtaca le háitribh do na ÚMEanna. Tá na costais bhreise a mheastar a bheidh i gceist curtha san áireamh do ÚEUM agus ÚEÁPC araon. Maidir le ÚBE, ní dhéantar aon chostais bhreise a áireamh sa doiciméad seo toisc nach bhfuil aon fhaisnéis ar fáil faoi láthair faoin gceannáras nua ná faoi mhéid an fhoirgnimh atá beartaithe ag na Ballstáit.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH FORLÍONTACH

Clár na nÁbhar

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra le

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóir(í) ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Riachtanas/riachtanais nár mhór a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le seoladh chur chun feidhme an tionscnaimh

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh sé teacht mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain comhordúcháin, deimhneacht dhlíthiúil, níos mó éifeachtachta nó nithe comhlántacha). Chun críoch an phointe seo, is é is ciall le "luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE" an luach a thagann as idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh le hidirghabháil na mBallstát dá mbeadh siad ag feidhmiú astu féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Sineirgíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas/córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Údar leis an modh/na modhanna bainistíochta, an sásra/na sásraí cur chun feidhme cistiúcháin, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis rialaithe a bheartaítear

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a sainaithníodh agus leis an gcóras/na córais rialaithe inmheánaigh a bunaíodh chun iad a mhaolú

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ann ar leithreasuithe ÚBE

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ann ar acmhainní daonna ÚBE

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ’

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear:

- Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach),

- Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde),

- Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí),

- Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha,

- Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha,

- Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2015 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais,

- Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha,

- Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus

- Treoir 2015/849/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

Réimse beartais: Cobhsaíocht airgeadais, seirbhísí airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil

Gníomhaíocht: Cobhsaíocht airgeadais

1.3.Baineann an togra le 

◻ beart nua

beart nua tar éis treoirthionscadal/réamhbheart 26  

 síneadh a chur le beart atá ann faoi láthair

◻ beart amháin nó níos mó a chumasc i dtreo beart eile/beart nua

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóir(í) ginearálta 

Cur le margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, agus bonn tionsclaíoch níos láidre faoi

1.4.2.Cuspóirí sonracha 

Cuspóir sonrach Uimh.

2.5 Déanfar an creat rialála airgeadais a mheas, a chur chun feidhme mar is iomchuí agus a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais Eorpaigh.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Áiritheoidh an togra go ndéanfar rioscaí ML/TF a ionchorprú go córasach, go héifeachtach agus go comhsheasmhach i straitéisí agus i gcleachtais mhaoirseachta na n‑údarás ábhartha ar fad agus imreoidh ÚBE ról ríthábhachtach chun sin a bhaint amach. Áiritheoidh sé go mbeidh an mhaoirseacht ar institiúidí agus ar mhargaí éifeachtach stóinseach a fhad agus a bhaineann sé le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin ML/TF.

Na hathbhreithnithe agus na cumhachtaí chun sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu i ndáil le laigí arna sainaithint sna próisis agus sna nósanna imeachta, sna socruithe rialachais, sna samhlacha gnó agus i ngníomhaíochtaí institiúidí airgeadais maidir le frithsciúradh airgid chomh maith le húdaráis stuamachta, cuirfidh siad ar chumas ÚBE luas an chóineasaithe maoirseachta a bhrostú. Leis na huirlisí sin, beifear in ann anailís chuimsitheach agus chothrom le dáta a dhéanamh ar láidreachtaí agus ar laigí sa mhaoirseacht, chomh maith le léargas a thabhairt maidir le bagairtí agus leochaileachtaí ML/TF a bheidh ag teacht chun cinn a bhféadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith ag gabháil leo.

Le cruthú Coiste Frithsciúrtha Airgid buan inmheánach laistigh den ÚBE ina mbeidh cinn na n‑údarás maoirseachta AML náisiúnta ar fad, áiritheoidh sé rannpháirtíocht leordhóthanach agus leibhéal ionadaíochta mhaoirseoirí uile AML/CFT atá freagrach as gach eintiteas san earnáil airgeadais lena mbaineann. Na hacmhainní agus an saineolas atá scaipthe ar fud trí cinn de ÚEManna agus na hacmhainní atá ag fochoiste AML an Chomhchoiste, déanfar iad a lárú agus tabharfar struchtúr níos stóinsí rialachais dóibh.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta 

Sonraigh na táscairí le haghaidh faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar a bhfuil bainte amach.

Táscairí féideartha:

   Líon na gcaighdeán teicniúil arna nglacadh i gcomparáid leis na caighdeáin is gá a fhorbairt

   Líon na ndréachtchaighdeán teicniúil arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformhuiniú faoi na sprioc-amanna

   Líon na gcaighdeán teicniúil a moladh agus ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh

   Líon na moltaí neamhcheangailteacha arna nglacadh i gcomparáid leis na cinn is gá a fhorbairt

   Líon na n‑iarratas ar mhíniú ó údaráis inniúla

   Líon na n‑imscrúduithe ar sháruithe ar dhlí AE arna dtabhairt chun deiridh go rathúil

   Meánfhad an imscrúdaithe ar shárú ar dhlí AE

   Líon cruinnithe de chuid an Choiste Frithsciúrtha Airgid

   Líon na gcruinnithe déthaobhacha le húdaráis inniúla

   Líon na n‑iniúchtaí comhpháirteacha ar an láthair

   Líon na n‑uaireanta oiliúna d’údaráis inniúla

   Líon na gclár nasctha d’údaráis inniúla

   An líon foirne a dhéanann malartuithe nó a théann ar iasacht

   Líon na n‑athbhreithnithe piaraí a dhéantar

   Líon na n‑athbhreithnithe a bhaineann le saincheisteanna AML/CFT

   Líon na mbac ar chóineasú a shainaithnítear agus a chuirtear as an mbealach

   Uirlisí agus gléasanna nua praiticiúla chun cóineasú a chur chun cinn

   Líon na staidéar anailíseacha arna bhfoilsiú

   Líon na measúnuithe cuí córa

   Líon na n‑iniúchtaí ar an láthair agus na n‑imscrúduithe tiomnaithe

   Líon na dtreoracha agus moltaí a eisíodh

   Líon na gcruinnithe le heintitis atá faoi mhaoirsiú

   Líon na ngearán nó achomharc ó chuideachtaí atá faoi mhaoirsiú

   Líon na gcinntí foirmiúla arna nglacadh i ndáil le géarchéimeanna

   Líon na dtuairimí maidir le bearta coisctheacha nó bearta ceartaitheacha arna n‑eisiúint

   Líon na mbunachar sonraí atá pobalaithe

   Líon na dtástálacha struis nó cleachtaí comhionanna arna ndéanamh

   Líon na gcleachtas measúnaithe rioscaí arna ndéanamh

   Cóimheas an bhuiséid arna mholadh leis an mbuiséad deiridh arna ghlacadh (in aghaidh na bliana)

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Riachtanas/riachtanais nár mhór a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le seoladh chur chun feidhme an tionscnaimh

Tá an Coimisiún ag leasú a thogra atá ann cheana chun rialacháin lena mbunaítear ÚEM arb é is cuspóir leo sainordú AML/CTF a atreisiú iontu.

Seo a leanas spriocanna na leasuithe atá beartaithe:

• úsáid saineolais agus acmhainní a thiomnaítear d’fheidhmiú chúraimí gaolmhara AML/CFT

• raon feidhme agus inneachar chúraimí gaolmhara AML/CFT a shoiléiriú;

• raon feidhme agus inneachar chúraimí gaolmhara AML/CFT a atreisiú;

• ról comhordaithe ÚEM le haghaidh saincheisteanna gaolmhara idirnáisiúnta AML/CFT a láidriú.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh sé teacht mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain comhordúcháin, deimhneacht dhlíthiúil, níos mó éifeachtachta nó nithe comhlántacha). Chun críoch an phointe seo, is é is ciall le "luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE" an luach a thagann as idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh le hidirghabháil na mBallstát dá mbeadh siad ag feidhmiú astu féin.

Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex-ante)

Faoi chreat an Aontais Eorpaigh atá ann faoi láthair, déantar freagrachtaí le haghaidh maoirseacht institiúidí airgeadais a rialú ar fud líon áirithe ionstraimí reachtacha atá ábhartha maidir leis na hearnálacha baincéireachta, árachais, pinsin agus urrúis i ndáil le gnéithe stuamachta, agus tríd an Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid i ndáil le gnéithe AML/CFT. Tá cumhachtaí maoirseachta sa chreat stuamachta comhchuibhithe go forleathan ach, os a choinne sin, déantar leithdháileadh na bhfreagrachtaí a threorú bunaithe ar phrionsabal rialú na tíre baile. An creat casta seo, a mbíonn baint ag cineálacha éagsúla údarás leis agus iad lonnaithe i ndlínsí éagsúla, agus cúraimí, cumhachtaí agus freagrachtaí éagsúla acu, ní éascaíonn sé comhar réidh i ndáil le gnéithe a bhaineann le AML/CTF, go háirithe i gcás ina n‑oibríonn institiúidí airgeadais thar teorainneacha. Thug na cásanna sciúrtha airgid a bhí ann le gairid an fhíric sin chun soiléire, cásanna a nochtaigh an easpa comhair idir AML agus maoirseacht stuamachta ar roinnt banc Eorpach.

Luach breise de chuid an Aontais a mheastar a ghinfear (ex-post)

Seo a leanas cuspóirí an togra seo lena leasaítear togra ÚEM maidir le hathbhreithniú:

1) a shoiléiriú agus sainordú sainráite agus tuilleadh cumhachtaí a thabhairt ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun maoirseacht chomhsheasmhach chórasach éifeachtach agus measúnú ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a áirithiú i gcóras airgeadais an Aontais, agus;

2) úsáid saineolais agus acmhainní a thiomnaítear do chúraimí a bhaineann le frithsciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a fheidhmiú ó thaobh maoirseacht a dhéanamh ar chóras airgeadais an Aontais.

Chun na críche sin, tá sé beartaithe ról ceannasach agus comhordaithe a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), ó tharla gur san earnáil bhaincéireachta is dóichí go mbeidh tionchar córasach ag rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí le sonrú. Bunaithe ar uirlisí agus ar chumhachtaí ÚEManna atá ann faoi láthair arna leasú ag togra ÚEManna maidir le hathbhreithniú, ba cheart do ÚBE díriú ar dheimhin a dhéanamh de go ndéanfar rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí i gcóras airgeadais an Aontais a ionchorprú i straitéisí agus i gcleachtais na n‑údarás inniúil go léir.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ainneoin an chreata láidrithe le haghaidh frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, léirigh roinnt cásanna sciúrtha airgid a tharla le gairid i mbainc Eorpacha ábhair imní go bhfuil bearnaí ann go fóill i gcreat maoirseachta an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, baineann bearna mhór le heaspa ráitis shoiléir idir na creata le haghaidh maoirseacht stuamachta banc agus institiúidí airgeadais eile, ar lámh amháin, agus an creat maoirseachta chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac, ar an lámh eile. Baineann ábhair imní eile le heasnaimh agus moill a bheith ar fhreagairtí maidir le comhar agus comhroinnt faisnéise – ar an leibhéal baile, idir údaráis stuamachta agus AML, agus thar teorainneacha araon, idir údaráis sna Ballstáit éagsúla nó i dtríú tíortha.

Eascraíonn freagrachtaí ÚBE in AML/CFT as rialacháin lenar bunaíodh iad agus ina sainítear go bhfuil ceangal orthu sláine, trédhearcacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a áirithiú, comhar maoirseachta a láidriú agus arbatráiste rialála a chosc. Mar chuid den chuspóir sin, tugtar de shainordú do ÚEManna a áirithiú go gcuirtear dlí an Aontais maidir le AML/CFT a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach. Ina theannta sin, an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid agus an Rialachán maidir le hAistriú Cistí, tugann siad de chumhacht do ÚEManna cóineasú a chur chun cinn i maoirseacht AML/CFT maidir le gnéithe sonracha trí threoracha a eisiúint maidir le maoirseacht bunaithe ar rioscaí agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ullmhú.

Ba cheart a chur ar chumas ÚEManna dlús a chur lena n‑iarrachtaí tuilleadh cóineasaithe agus comhordú níos fearr a chur chun cinn i ndáil le saincheisteanna AML/CFT. Thairis sin, na próisis anásta fhadálacha a thacaíonn le cinnteoireacht sa Comhchiste ÚEM, mar aon le leibhéil éagsúla tosaíochta maidir le saincheisteanna AML/CFT in ÚEManna, d’fhág siad ról ÚEManna pas teoranta go dtí seo. Lena chois sin, mar gheall ar an easpa athbhreithnithe shainráite sa réimse sin, cuireadh cosc ar ÚEManna beart maoirseachta a athbhreithniú as a stuaim féin i réimse AML/CFT.

1.5.4.Sineirgíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an togra leasaitheach seo comhsheasmhach le hiarrachtaí leantacha an Choimisiúin chun creat maoirseachta an Aontais Eorpaigh a láidriú agus go háirithe chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac. Tá sé comhsheasmhach freisin leis na conclúidí arna leagan síos sa Pháipéar Machnaimh a thíolaic an Comhghrúpa Oibre an 31 Lúnasa 2018 ina raibh cathaoirligh Bhord Maoirseachta an tSásra Maoirseachta Aonair, cathaoirleach fhochoiste frithsciúrtha airgid an Chomhchoiste agus an Coimisiún arna bhunú chun comh-mhachnamh a thionscnamh maidir leis an gcaoi chun feabhas a chur ar an gcreat comhair idir frithsciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoirí agus maoirseacht stuamachta.

idir frithsciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoirí agus maoirseacht stuamachta.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

◻ Fad teoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

☑ Fad neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2019 go 2020,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 27  

◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

   na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

☑ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

Neamhbhainteach

 

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

I gcomhréir le socruithe atá ann cheana, ullmhaíonn an ÚBE tuarascálacha rialta ar a ngníomhaíochtaí (lena n‑áirítear tuairisciú inmheánach don bhainistíocht shinsearach, tuairisciú do na boird agus tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú), agus tá siad faoi réir a n‑iniúchta ag Cúirt na nIniúchóirí agus ag Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin maidir lena n‑úsáid acmhainní agus a bhfeidhmíocht. Beidh an faireachán agus an tuairisciú ar na gníomhaíochtaí a chuimsítear sa togra, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais atá ann cheana agus le haon cheanglais nua a thiocfaidh as an togra seo.

2.2.Córas/córais bhainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.Údar leis an modh/na modhanna bainistíochta, an sásra/na sásraí cur chun feidhme cistiúcháin, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis rialaithe a bheartaítear

I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach na leithreasuithe a eascróidh ón togra, meastar nach dtiocfaidh den togra rioscaí nua nach mbeadh cumhdaithe faoin gcreat rialaithe inmheánach atá ann faoi láthair.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a sainaithníodh agus leis an gcóras/na córais rialaithe inmheánaigh a bunaíodh chun iad a mhaolú

Cuirtear chun feidhme cheana féin na córais bainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear sna Rialacháin maidir le ÚMEanna. Oibríonn ÚMEanna i ndlúthchomhar le Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí i réimsí uile an chreata rialaithe inmheánaigh. Beidh feidhm freisin ag na socruithe seo maidir le ról ÚMEanna de réir an togra reatha.

Thairis sin, déanann Parlaimint na hEorpa, gach bliain airgeadais de bhun moladh ón gComhairle, urscaoileadh a thabhairt do ÚBE chun a bhuiséad a chur chun feidhme.


2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, tá feidhm gan srian maidir leis an ÚBE ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Tá straitéis frithchalaoise thiomnaithe agus plean gníomhaíochta a thagann aisti ag an ÚBE. Na gníomhaíochtaí neartaithe atá ag an ÚBE i réimse na frithchalaoise, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha agus an treoir a chuirtear ar fáil sa Rialachán Airgeadais (bearta frithchalaoise mar chuid de bhainistiú fónta airgeadais), i mbeartais coiscthe calaoise OLAF, sna forálacha dá bhforáiltear faoi Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (COM(2011)376), agus a leagtar amach sa Chur Chuige Coiteann i ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh (Iúil 2012) agus an treochlár a bhaineann leis.

Thairis sin, sna Rialacháin lena mbunaítear an ÚBE agus i Rialacháin Airgeadais an ÚBE, leagtar amach na forálacha maidir le cur chun feidhme agus rialú bhuiséad an ÚBE agus na rialacha airgeadais is infheidhme, lena n‑áirítear na cinn sin a bhfuil sé mar aidhm acu calaois agus neamhrialtachtaí a chosc.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN. 28

ó thíortha de chuid CSTE 29

ó thíortha is iarrthóirí 30

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

12.020400 - ÚBE

Difreáilte

Níl

Níl

Níl

Níl

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh – Níl sin ar fáil

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

1a

Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

ÚBE

2019

2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Teideal 1: Foireann 31

Gealltanais

(1)

0.621 32

1.132

1.753

Íocaíochtaí

(2)

0.621

1.132

1.753

Teideal 2: Caiteachas riaracháin

Gealltanais

(1a)

0.040

0.066

0.106

Íocaíochtaí

(2a)

0.040

0.066

0.106

Teideal 3:

Gealltanais

(3a)

2.055

0.055

2.110

Íocaíochtaí

(3b)

2.055

0.055

2.110

IOMLÁN leithreasuithe
Le haghaidh ÚBE

Gealltanais

=1+1a +3a

2.716

1.253

3.969

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

2.716

1.253

3.969








Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2019

2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5

den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2019

2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

2.716

1.253

3.969

Íocaíochtaí

2.716

1.253

3.969

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ann ar leithreasuithe ÚBE 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 33

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 34 ...

Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac

2.055

0.055

2.110

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

2.055

0.055

2.110

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ann ar acmhainní daonna ÚBE 

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2019

2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Gníomhairí sealadacha (Gráid AD)

0.401

0.750

1.151

Gníomhairí sealadacha (Gráid AST)

Baill foirne ar conradh

0.220

0.382

0.602

Saineolaí náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

0.621

1.132

1.753

Riachtanais foirne (FTE):

2019

2020

2021

2022

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Gníomhairí sealadacha (Gráid AD)

2

4

4

4

4

4

4

Gníomhairí sealadacha (Gráid AST)

Baill foirne ar conradh

2

3.8

3.8

3.8

3.8

3.8

3.8

Saineolaí náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

4

7.8

7.8

7.8

7.8

7.8

7.8

Is iad Eanáir 2019 agus Eanáir 2020 na dátaí atá beartaithe le haghaidh earcaíochta agus dá bhrí sin cuireadh 100% de na costais san áireamh.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthair-Ard-Stiúrthóireacht

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an chéad deachúil ar a mhéad).

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

  Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 35

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb 36

- sa cheanncheathrú 37

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

Ba cheart tuairisc ar ríomh an chostais i gcomhair aonaid FTE (coibhéis lánaimseartha) a bheith ar áireamh i roinn 3 d'Iarscríbhinn V.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Teastaíonn athchlárú ar línte buiséid na ÚMEanna (12.020400). Cé go gcumhdóidh táillí na méideanna iomlána atá beartaithe, teastóidh réamhíocaíocht ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh chun na costais arna dtabhú, ar a laghad, le linn na chéad ocht mí dhéag d'fheidhmiú a chlúdach.

Tar éis an togra a ghlacadh, beidh ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sonrófar go mion an mhodheolaíocht maidir le táillí a ríomh agus a bhailiú. Teastóidh neamhagóid ina chomhair sin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus eolas ina thaobh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil sular féidir táillí a bhailiú. Mar sin féin, bheifí ag súil leis na costais seo a aisghabháil in imeacht ama, agus in 2021 ar a dhéanaí.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 38 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

  sonraigh, má shanntar an t‑ioncam do línte caiteachais

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Teideal an togra/tionscnaimh 39

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]

Déanfar athbhreithniú ar leithdháileadh iarbhír na n‑acmhainní a chuirtear i láthair thuas i gcomhthéacs ginearálta na caibidlíochta maidir leis an togra reachtach atá ann faoi láthair, agus b’fhéidir go mbeadh ráiteas airgeadais reachtach athbhreithnithe ag teastáil ina leagtar amach impleachtaí na gcúraimí a chuirfear de chúram ar ÚMEanna, gan dochar do na hacmhainní arna n‑údarú sa nós imeachta buiséadach bliantúil:

(1)    IO C , , Lch. .
(2)    IO C , , Lch. .
(3)    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an …(IO…) agus cinneadh ón gComhairle an …
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, Lch. 12).
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, Lch. 84).
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, Lch. 1).
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch 18).
(8)    Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123/98, 19.5.2015, Lch. 98).
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, Lch. 1).
(10)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(11)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint.
(12)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(13)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(14)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(15)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina n‑iarrthóirí.
(16)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(17)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(18)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(19)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(20)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(21)    Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go príomha.
(22)    Féach Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.
(23)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
(24)    6 bhuanchomhalta de na Boird Feidhmiúcháin – 1 Stiúrthóir Feidhmiúcháin – 1 Chathaoirleach = 4 bhuanchomhalta nua.
(25)    Mar shampla, mheas an an tÚdarás um Iompar Airgeadais (FCA) sa Ríocht Aontaithe go bhféadfadh GBP 0.2 milliún i gcostais aon uaire agus GBP 0.9 milliún i gcostais leanúnacha a bheith ar mhaoirseacht a dhéanamh ar thagarmharc criticiúil LIBOR, lena n‑áirítear tuarastail agus forchostais.
(26)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(27)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(28)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(29)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(30)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina n‑iarrthóirí.
(31)    Áirítear costais tuarastail, costais phinsin agus costais earcaíochta sa chaiteachas foirne.
(32)    In 2019 déantar na costais tuarastail a choigeartú agus cuirtear an chomhéifeacht cheartúcháin i bhfeidhm maidir le Londain le haghaidh mhí Eanáir go dtí mí an Mhárta agus an chomhéifeacht cheartúcháin maidir le Páras le haghaidh mhí Aibreáin go dtí mí na Nollag. In 2020 is é an chomhéifeacht cheartúcháin le haghaidh Pháras amháin a chuirtear i bhfeidhm.
(33)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(34)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(35)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Gairmithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(36)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(37)    Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go príomha.
(38)    Féach Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.
(39)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top