AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,7.8.2018
COM(2018) 577 final
2018/0304(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle.
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é cuspóir an togra na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe (CEManna) arna nglacadh ag Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO), ina bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí conarthach ó 1979 i leith, a thrasuí i ndlí an Aontais. Is é NAFO an eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh (ERBI) atá freagrach as acmhainní iascaigh a bhainistiú san Atlantach Thiar Thuaidh. Tá feidhm ag bearta caomhnaithe agus bainistithe NAFO go heisiach i leith Limistéar Rialála NAFO, an mhórmhuir, a shainmhínítear mar an limistéar amuigh ó na cinn ina bhfeidhmíonn stáit chósta dlínse iascaigh. In 2018, tá 35 soitheach iascaireachta ag an Aontas atá údaraithe le hoibriú i Limistéar Rialála NAFO. Tugann siad sin go léir gabhálacha i dtír in dhá chalafort de chuid an Aontais, Vigo agus Averio.
Tá páirtithe conarthacha uile NAFO ina mbaill de Choimisiún NAFO. Glacann Coimisiún NAFO bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO trí chomhthoil, i gcomhréir le hAirteagal XIII de Choinbhinsiún NAFO (nó, go heisceachtúil, le tromlach dhá thrian). Déanann an Coimisiún treoracha caibidlíochta a dhréachtú, thar ceann an Aontais, roimh gach cruinniú de chuid Choimisiún NAFO, bunaithe ar shainordú cúig bliana arna leagan síos ag cinneadh ón gComhairle agus de réir comhairle eolaíoch. I gcomhréir leis an sainordú, cuirtear na treoracha sin i láthair, déantar iad a phlé agus a fhormhuiniú ag meitheal na Comhairle, agus déantar iad a choigeartú a thuilleadh, chun forbairtí fíor-ama a chur san áireamh, ag cruinnithe comhordaithe le Ballstáit arna reáchtáil ag cruinnithe bliantúla NAFO. Ag cruinnithe bliantúla Thoscaireacht an Aontais chuig NAFO tugtar an Coimisiún, an Chomhairle, agus ionadaithe páirtithe leasmhara le chéile.
Luaitear i gCoinbhinsiún NAFO go bhfuil na bearta caomhnaithe arna nglacadh ag Coimisiún NAFO ceangailteach (Airteagal XIV, Airteagal VI.8 agus Airteagal VI.9) agus go bhfuil oibleagáid ar na páirtithe conarthacha iad a chur chun feidhme. Cuirtear béim ann ar dhualgais stáit brataí faoi Airteagal XI.1.a. agus ar dhualgais stát an chalafoirt faoi Airteagal XII.
Glacann Coimisiún NAFO bearta nua ag a chruinnithe bliantúla, a gcuireann Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO in iúl do na páirtithe conarthacha iad tar éis an chruinnithe, mar chinntí Choimisiún NAFO. Tar éis dó fógra a fháil, cuireann an Coimisiún in iúl don Chomhairle go bhfuil bearta nua á nglacadh, mar aon leis an dáta atá beartaithe dá dteacht i bhfeidhm.
Féadfaidh páirtí conarthach ar bith agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí arna nglacadh ag Coimisiún NAFO. Ní mór é sin a dhéanamh laistigh de 60 lá ón dáta ar a ndéanann Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO an beart a fhógairt. Bíonn na bearta uile ceangailteach mura ndéantar agóid de réir Airteagal XIV.2 de Choinbhinsiún NAFO. Féadfaidh páirtí conarthach an agóid a tharraingt siar ina dhiaidh sin, agus ansin beidh an beart ceangailteach. Tagann an nós imeachta agóide faoi Airteagal 218(9) CFAE chomh maith, mar tá éifeacht dhlíthiúil ag bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO, rud a chiallaíonn go mbíonn siad ceangailteach ar pháirtithe conarthacha. Sula ndéanann sé cinneadh agóid a dhéanamh in aghaidh birt, iarrann an Coimisiún ar chomhlachtaí ábhartha na Comhairle an cinneadh chun agóid a dhéanamh a fhormhuiniú.
Ordaítear le hAirteagal 3(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach mór don Aontas cloí go docht leis an dlí idirnáisiúnta; áirítear leis sin comhlíonadh bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO.
Baineann an togra seo leis na bearta arna nglacadh ag NAFO ó 2008 i leith agus le teacht i bhfeidhm Choinbhinsiún leasaithe NAFO an 18 Bealtaine 2017.
Cé go bhfuil bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe (CEManna) NAFO dírithe ar pháirtithe conarthacha NAFO go príomha, cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí leo chomh maith (m.sh. máistir an tsoithigh). Níl an togra seo cumhdaithe faoin gClár um Oiriúnacht Rialála (REFIT).
Déantar CEManna NAFO a leasú ar bhonn bliantúil. Léirítear le forbhreathnú stairiúil ar chruinnithe NAFO gur féidir aon chuid de na CEManna a leasú. Tá sé de dhualgas ar an Aontas comhlíonadh na mbeart sin, mar oibleagáidí idirnáisiúnta, a áirithiú chomh luath is a thagann siad i bhfeidhm. Dá bhrí sin, tá an togra seo ceaptha chun an leagan is déanaí de bhearta NAFO a thrasuí; tá sásra ann chomh maith chun trasuíomhanna gasta a éascú, mar aon le cur chun feidhme bhearta NAFO amach anseo.
Déantar foráil leis an togra seo do chumhachtaí tarmligthe a thugtar don Choimisiún faoi Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chun plé le leasuithe ar bhearta, a mheastar a tharlóidh go minic. Leis na codanna de na CEManna a roghnaítear le haghaidh tarmligthe, cumhdaítear an cineál forálacha a leasaíodh go hiondúil ag páirtithe conarthacha idir 2008 agus 2017, agus a meastar go nathrófar iad sna blianta amach romhainn. Dá bhrí sin, tá cumhachtaí tarmligthe leagtha síos le haghaidh na rialacha maidir leis an méid a leanas:
–spriocdhátaí maidir le tuairisciú agus doiciméid a chur isteach;
–sainmhínithe;
–liosta de ghníomhaíochtaí a bhfuil toirmeasc orthu do shoithí taighde;
–teorainneacha áirithe ar ghabhálacha agus ar iarrachtaí iascaireachta;
–dualgais a bhaineann le hiascach a chosc;
–cásanna ina ndéanfar speiceas a liostaítear sna deiseanna iascaireachta a aicmiú mar fhoghabháil;
–na huastréimhsí atá sonraithe maidir le speiceas atá aicmithe mar fhoghabháil a choinneáil ar bord loinge;
–oibleagáidí áirithe atá infheidhme má sháraítear teorainneacha foghabhála in aon tarlú amháin;
–bearta a bhaineann le hiascaireacht le haghaidh sciata;
–bearta a bhaineann le hiascaireacht ar an séacla Artach;
–réamhchoinníollacha chun tosú ar iascaireacht le haghaidh haileabó Graonlannach;
–comhordanáidí geografacha agus tréimhsí ama ina gcoisctear iascaireacht ar an séacla Artach;
–bearta caomhnaithe siorcanna, lena náirítear tuairisciú, bac ar eití siorcanna a bhaint ar bord loinge, coinneáil, trasloingsiú agus tabhairt i dtír;
–tréithe teicniúla na mogallmhéideanna;
–úsáid greillí sórtála agus grátaí le haghaidh an tséacla Artaigh;
–tagairtí don léarscáil de ghníomhaíochtaí iascaireachta grinnill atá ann cheana;
–tagairtí do theorainneacha limistéir maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill;
–foráil i gcás teagmhála, dualgais breathnóra a imscartar;
–tarchur leictreonach, liosta de na doiciméid bhailí atá le tabhairt ar bord an tsoithigh, ábhar an phlean acmhainne;
–an doiciméadúchán atá le tabhairt ar bord soithí lena mbaineann socruithe maidir le cairtfhostú;
–logleabhar iascaireachta, logleabhar táirgeachta, plean stuála;
–sonraí an Chórais um Fhaireachán Soithí (VMS);
–tuairisciú leictreonach ar ábhar fógraí;
–dualgais chigirí agus Ballstát is cigirí;
–liosta de sháruithe atá ina sáruithe tromchúiseacha;
–dualgais an Bhallstáit brataí agus Bhallstát an chalafoirt;
–oibleagáidí máistir soithí iascaireachta;
–riachtanais iontrála calafoirt agus cigireacht ar pháirtithe neamhchonarthacha;
–liosta de bhearta na mBallstát i gcoinne soithí liostaithe Neamhdhleathacha Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte; agus
–tuairisciú bliantúil.
Bunaíodh na spriocdhátaí tuairiscithe arna leagan amach sa togra seo ar bhonn amchlár NAFO. Is é an aidhm a chur ar chumas an Aontais tuarascálacha tráthúla a chur faoi bhráid Rúnaíocht NAFO.
Lena áirithiú go ndéantar bearta teicniúla amháin, amhail formáid doiciméid nó comhordanáidí geografacha agus léarscáileanna, a chur chun feidhme ar bhonn comhsheasmhach agus go tapa, déantar foráil sa Rialachán maidir le tagairt dhíreach do dhoiciméid oifigiúla ábhartha NAFO. Déantar na doiciméid sin (agus aon leasuithe orthu ina dhiaidh sin) a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) ionas go bhféadfar bearta a fhorfheidhmiú i gcoinne daoine nádúrtha agus dlítheanacha sna Ballstáit. Tá uathriail chinnteoireacht an Aontais fós faoi chosaint ós rud é go bhfuil seasaimh AE in NAFO bunaithe ar shainordú arna chomhaontú ag an gComhairle roimh chruinnithe NAFO, agus go gcoinníonn an tAontas an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne beart ar bith arna ghlacadh ag Coimisiún NAFO nach bhfuil i gcomhréir leis an sainordú sin.
Leanann an dréacht struchtúr agus foclaíocht bhearta NAFO go dlúth, chun claonadh ó oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais mar an páirtí conarthach a sheachaint, agus ionas go mbeidh an téacs níos éasca le húsáid do phearsanra rialaithe agus d'oibreoirí.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Rinneadh Bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO a thrasuí an uair dheireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007,arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 538/2008 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 679/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009.
Trí CEManna NAFO a glacadh idir 2008 agus 2017 (i.e. tar éis an phríomh-thrasuímh dheireanaigh) rinneadh bearta a glacadh roimhe sin a leasú agus cuireadh cinn nua ar bun (m.sh. bearta caomhnaithe agus bainistithe le haghaidh speiceas áirithe, ceanglais foghabhála, rialacha maidir le trálaeireacht ghrinnill a bhaineann le héiceachórais leochaileacha mhuirí, nósanna imeachta cigireachta ar muir agus sa chalafort, ceanglais maidir le soithí, faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus bearta breise stát an chalafoirt). Déantar reachtú leis an togra chomh maith maidir leis an gcleachtas reatha i leith fógraí ón gCoimisiún agus ón nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO ina mbíonn faisnéis faoi shoithí iascaireachta a bhfuil brat an Aontais ar foluain orthu.
Ar mhaithe le soiléireacht, simpliú agus deimhneacht dhlíthiúil, is fearr Rialachán (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle a aisghairm chun na hathruithe arna nglacadh ó 2008 i leith nach bhfuil cumhdaithe faoi dhlí an Aontais go fóill a chur san áireamh. Ar mhaithe le simpliú, ní mór Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005 ón gComhairle lena mbunaítear plean aisghabhála le haghaidh haileabó Graonlannach in NAFO a aisghairm chomh maith agus ní mór na forálacha i mBearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO a bhaineann go sonrach le haileabó Graonlannach a thrasuí, mar aon le forálacha eile Bhearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO.
Tá an togra ailínithe go hiomlán le Cuid VI (Beartas Seachtrach) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI) lena bhforáiltear go ndéanfaidh an tAontas a chuid iascaigh sheachtraigh i gcomhréir lena oibleagáidí idirnáisiúnta, lena mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta AE bunaithe ar chomhar iascaigh réigiúnaigh, agus lena dtugtar páirt don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach sa chomhlíonadh.
Déantar Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le bainistiú a dhéanamh ar chabhlaigh sheachtracha a chomhlánú leis an togra, lena bhforáiltear go bhfuil soithí iascaireachta an Aontais atá faoi réir liosta údaruithe iascaireachta ERBI faoi rialacha coinníollacha ERBI áirithe agus Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle maidir le hiascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (NNN) lena ndéantar foráil maidir le liosta NNN NAFO a chuimsiú i liosta shoithí NNN AE.
Ní chumhdaítear deiseanna iascaireachta don Aontas arna gcinneadh ag NAFO leis an togra seo. De réir Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé de shaincheart ag an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le praghsanna, tobhaigh, cúnamh agus teorainneacha cainníochtúla a shocrú agus maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2) CFAE atá ina réimse inniúlachta eisiach de chuid an Aontais de bhun Airteagal 3(d) den Chonradh. Tá na forálacha a leagtar amach ann riachtanach chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a shaothrú.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta anseo, ós rud é go mbaineann an togra le saothrú, bainistiú agus caomhnú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha muirí i gcomhthéacs chomhpháirt sheachtrach an Chomhbheartais Iascaigh.
•Comhréireacht
Áiritheofar leis an togra go gcomhlíonfar oibleagáidí NAFO an Aontais, gan dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Toisc go bhfuil Rialachán infheidhme go díreach agus ceangailteach ar na Ballstáit, ceaptar é chun cabhrú lena áirithiú go gcuirtear na rialacha arna moladh i bhfeidhm go haonfhoirmeach, agus dá bhrí sin cruthaítear dálaí oibriúcháin cothroma le haghaidh oibreoirí uile an Aontais atá i mbun iascaireachta i Limistéar Rialála NAFO.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Is é cuspóir an togra seo bearta NAFO atá ann cheana, agus atá ceangailteach ar na páirtithe conarthacha, a thrasuí agus a chur chun feidhme. Téitear i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta agus ionadaithe tionscail ó thíortha an Aontais sa tréimhse díreach roimh chruinnithe NAFO a nglactar na moltaí sin lena linn agus ar feadh na caibidlíochta ag Cruinniú Bliantúil NAFO. Dá bharr sin, níor measadh go raibh sé riachtanach comhairliúchán le páirtithe leasmhara a reáchtáil.
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Ní dhéantar aon ghnéithe beartais nua a shainiú leis an tionscnamh reachtach seo; baineann sé le hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana atá ceangailteach ar an Aontas cheana. Níl aon ghá le measúnú tionchair dá bhrí sin.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá forálacha ginearálta i gcaibidil I maidir le hábhar, raon feidhme agus cuspóir an togra. Tá sainmhínithe ann chomh maith. Tá feidhm ag an Rialachán seo i leith shoithí an Aontais a dhéanann iascaireacht i Limistéar Rialála NAFO.
Déantar bearta caomhnaithe agus bainistithe a phlé i gCaibidil II, lena náirítear forálacha do theorainneacha gabhála, iascach a chosc, cuótaí a aistriú agus rialacha maidir le foghabháil. Leagtar síos forálacha ann chomh maith maidir le mogallmhéid, marcáil trealaimh, íosmhéid na niasc, agus bearta bainistithe le haghaidh séaclaí Artacha, sciataí, haileabónna Graonlannacha agus siorcanna.
Leagtar amach bearta i gCaibidil III atá ceaptha chun éiceachórais leochaileacha mhuirí i Limistéar Rialála NAFO a chosaint, lena náirítear teorainneacha limistéir maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill agus coinníollacha le haghaidh iascaireacht ghrinnill i limistéir nua.
Leagtar síos forálacha i gCaibidil IV i leith liostaí soithí, marcanna ar shoithí, agus socruithe maidir le cairtfhostú.
Leagtar amach rialacha i gCaibidil V maidir le faireachán agus tuairisciú ar ghabhálacha, lipéadú táirgí, córais um fhaireachán soithí agus trasloingsiú.
Tá forálacha i gCaibidil VI maidir leis an scéim breathnóirí, lena náirítear na rialacha a bhaineann leis an gclár breathnóirí agus le tuairisciú leictreonach.
Leagtar síos forálacha i gCaibidil VII maidir le cigireacht agus faireachas ar muir i Limistéar Rialála NAFO. Leagtar síos rialacha ginearálta inti maidir le cigireacht agus faireachas, leagtar amach forálacha le haghaidh cigireachtaí agus nósanna imeachta faireachais agus cumhdaítear na forálacha maidir le sáruithe agus sáruithe tromchúiseacha.
Tá forálacha i gCaibidil VIII maidir le rialú stát an chalafoirt, lena náirítear oibleagáidí tuairiscithe a bhaineann le calafoirt ainmnithe agus pointí teagmhála, forálacha maidir le fógra um dhul isteach i gcalafort agus údaruithe chun cur i dtír nó chun trasloingsiú a dhéanamh. Leagtar síos oibleagáidí tuairiscithe maidir le cigireachtaí calafoirt inti chomh maith.
Leagtar síos forálacha i gCaibidil IX maidir le soithí iascaireachta ó thíortha nach bhfuil ina bpáirtithe conarthacha de chuid NAFO, lena náirítear forálacha maidir le toimhde gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), dearcadh agus cigireacht ar muir agus sa chalafort, liosta sealadach de shoithí NNN agus gníomhartha i gcoinne soithí atá liostaithe mar shoithí NNN.
Tá forálacha deiridh i gCaibidil X maidir le cúrsaí lena náirítear rúndacht teachtaireachtaí agus tuarascálacha leictreonacha, an nós imeachta chun leasuithe, cumhachtaí tarmligthe agus leasuithe ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a chur síos.
2018/0304 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle.
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a áirithiú go ndéanfar beo-acmhainní uisceacha a shaothrú ar bhealach ina soláthrófar dálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.
(2)Le Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle, rinne an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige a fhaomhadh, mar aon leis an gComhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach a chur chun feidhme, lena náirítear prionsabail agus rialacha maidir le caomhnú agus bainistiú beo-acmhainní muirí. Faoi chuimsiú na noibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta stoic éisc a chaomhnú.
(3)Níl an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh ('Coinbhinsiún NAFO'), arna fhaomhadh le Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle. Rinneadh leasú ar Choinbhinsiún NAFO a ghlacadh an 28 Meán Fómhair 2007 agus a fhaomhadh le Cinneadh (AE) 2010/717 ón gComhairle.
(4)Tá sé d'údarás ag NAFO cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh maidir le hacmhainní iascaigh faoina chúram a chaomhnú. Is ar Pháirtithe Conarthacha NAFO go háirithe a bhíonn na gníomhartha sin dírithe, ach cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí (m.sh. máistrí soithigh) leo chomh maith. Ar theacht i bhfeidhm dóibh, bíonn Bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO ceangailteach ar Pháirtithe Conarthacha uile NAFO agus, i gcás an Aontais, ní mór iad a ionchorprú i ndlí an Aontais a mhéid nach bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ag dlí an Aontais.
(5)Rinneadh Bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO a thrasuí i ndlí an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle.
(6)Rinneadh Bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO a leasú le gach cruinniú bliantúil de chuid Pháirtithe Conarthacha NAFO ó 2008 i leith. Ní mór na forálacha nua sin a ionchorprú i ndlí an Aontais; lena náirítear bearta caomhnaithe maidir le speicis áirithe, éiceachórais leochaileacha mhuirí a chosaint, nósanna imeachta cigireachta ar muir agus sa chalafort, ceanglais soithí, faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus bearta breise Stát an Chalafoirt.
(7)Ós rud é go bhfuil forálacha áirithe de Bhearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO á leasú níos minice ag Páirtithe Conarthacha NAFO agus go meastar go ndéanfaí iad a leasú a thuilleadh sa todhchaí, chun leasuithe sa todhchaí ar Bhearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO a ionchorprú go tapa i ndlí an Aontais, ní mór an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na gnéithe a leanas: teorainneacha ama tuairiscithe, spriocdhátaí chun tuarascálacha a chur isteach; sainmhínithe; liosta de ghníomhaíochtaí a bhfuil toirmeasc orthu do shoithí taighde; teorainneacha gabhála agus iarrachtaí áirithe; dualgais a bhaineann le hiascach a chosc; cásanna ina ndéanfar speiceas arna liostú sna deiseanna iascaireachta a aicmiú mar fhoghabháil, uasmhéideanna sonraithe maidir le speiceas arna aicmiú mar fhoghabháil a choinneáil ar bord; oibleagáidí áirithe má sháraítear teorainneacha foghabhála in aon tarraingt amháin; bearta a bhaineann le hiascaireacht ar sciata; bearta a bhaineann le hiascaireacht ar an séacla Artach; doimhneachtaí iascaigh a athrú agus tagairtí do limistéir shrianta nó choiscthe; na nósanna imeachta maidir le soithí údaraithe a bhfuil beomheáchan sa bhreis ar 50 tona sa ghabháil iomlán atá ar bord acu, arna ghlacadh lasmuigh den Limistéar Rialála ach atá ag teacht isteach sa limistéar chun iascaireacht a dhéanamh le haghaidh haileabó Graonlannach, réamhchoinníollacha maidir le dul i mbun iascaireachta ar haileabónna Graonlannach; cosc geografach agus ama ar an séacla Artach; bearta caomhnaithe siorcanna, lena náirítear tuairisciú, bac ar eití siorcanna a bhaint ar bord loinge, coinneáil, trasloingsiú agus tabhairt i dtír; tréithe teicniúla na mogallmhéideanna; tagairtí do Mhapa Loirg; agus tagairtí do theorainneacha limistéir maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill; forálacha maidir le sainiú ar theagmháil le speiceas táscach Éiceachóras Leochaileach Muirí (VME) agus dualgais breathnóra curtha i bhfeidhm; tarchur leictreonach, liosta de na doiciméid bhailí atá le tabhairt ar bord na soithí, ábhar na bpleananna acmhainne; an doiciméadúchán atá le tabhairt ar bord soithí a bhaineann le socruithe maidir le cairtfhostú; oibleagáidí maidir le logleabhair iascaireachta, logleabhair tháirgeachta agus pleananna stuála a úsáid, lena náirítear dualgais tuairiscithe agus tarchurtha; sonraí an Chórais um Fhaireachán Soithí (VMS); forálacha maidir le tuairisciú leictreonach ar ábhar fógraí; oibleagáidí máistir soithigh iascaireachta le linn cigireachta; dualgais chigirí agus Ballstát is cigirí; liosta de sháruithe atá ina sáruithe tromchúiseacha; dualgais an Bhallstáit brataí agus Bhallstát an chalafoirt; oibleagáidí máistir soithigh iascaireachta; ceanglais iontrála calafoirt agus cigireacht ar pháirtithe neamhchonarthacha; liosta beart atá le glacadh ag Ballstát i gcoinne soithí atá liostaithe mar NNN; agus oibleagáidí tuairiscithe bhliantúil.
(8)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(9)Comhaontaíonn an Coimisiún a dhéanann ionadaíocht ar an Aontas ag cruinnithe NAFO le roinnt forálacha atá iomlán teicniúil ó Bhearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO gach bliain, go háirithe maidir le formáid agus ábhar an mhalartaithe faisnéise, téarmaíocht eolaíoch nó limistéir leochaileacha a chosc. Ba cheart na forálacha teicniúla sin agus aon athruithe orthu a ionchorprú i ndlí an Aontais gan aon athruithe a dhéanamh orthu, toisc go bhfuil siad ceangailteach ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, agus d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú i dtaobh Pháirtithe Conarthacha uile NAFO, mar aon lena ninfhorfheidhmitheacht maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na bhforálacha ábhartha, ba cheart don Choimisiún na bearta sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Raon feidhme
1.Mura bhforáiltear a mhalairt, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun críocha gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála a dhéantar ar acmhainní iascaigh i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thuaidh (NAFO), mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
2.Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí i Rialacháin atá ann cheana in earnáil an iascaigh, go háirithe na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2403 agus i Rialachán (CE) Uimh 1005/2008 ón gComhairle.
3.Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán, ní chuirfear srian ar shoithí taighde an Aontais le bearta caomhnaithe agus bainistithe maidir le hiasc a thógáil, go háirithe bearta a bhaineann le mogallmhéid, teorainneacha méide, limistéir choiscthe agus séasúir choiscthe.
Airteagal 2
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha maidir le Bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO a thrasuí chun go ndéanfar iad a chur chun feidhme go haonfhoirmeach éifeachtach san Aontas.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn 'Coinbhinsiún' an Coinbhinsiún maidir le comhoibriú iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh 1979, arna leasú ó am go ham;
(2)ciallaíonn 'Limistéar an Choinbhinsiúin' an limistéar a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis mar a thuairiscítear i mír 1 d'Airteagal IV de. Tá Limistéar an Choinbhinsiún roinnte i bhFolimistéir, Ranna agus Fo-Ranna eolaíochta agus staidrimh a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún dá dtagraítear sa Rialachán seo;
(3)ciallaíonn 'Limistéar Rialála' an chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá taobh amuigh den dlínse náisiúnta;
(4)ciallaíonn 'acmhainní iascaigh' na héisc, moilisc agus crústaigh atá laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin, seachas iad seo a leanas: (i) speicis neamhaistreacha a bhféadann na stáit cois cósta cearta ceannasacha a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 77 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige; agus (ii) a mhéid a bhainistítear iad faoi chonarthaí idirnáisiúnta eile, stoic anadromacha agus chatadromacha agus speicis mhórimirceacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;
(5)ciallaíonn 'gníomhaíochtaí iascaireachta' saothrú agus próiseáil acmhainní iascaigh, tabhairt i dtír agus trasloingsiú acmhainní iascaigh nó táirgí a dhíorthaítear ó acmhainní iascaigh, nó aon ghníomhaíocht eile a dhéantar mar ullmhúchán le haghaidh acmhainní iascaigh a shaothrú, nó chun tacú leis sin nó a bhaineann leis sin, sa limistéar rialála, lena náirítear:
(a)acmhainní iascaigh a chuardach, a ghabháil nó a thógáil go hiarbhír nó iarracht an méid sin a dhéanamh;
(b)aon ghníomhaíocht a bhféadfaí a mheas go dtiocfadh aisti acmhainní iascaigh a aimsiú, a ghabháil, a thógáil nó a shaothrú chun aon chríche; agus
(c)aon oibríocht a dhéantar ar muir mar thacú le haon ghníomhaíocht, nó mar ullmhúchán d'aon ghníomhaíocht, a thuairiscítear sa sainmhíniú seo, ach ní áirítear leo aon oibríochtaí i dtaca le héigeandálaí a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht bhaill an chriú nó sábháilteacht an tsoithigh.
(6)Ciallaíonn 'soitheach iascaireachta' aon soitheach de chuid an Aontais atá nó a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí iascaireachta, agus áirítear leis sin soithí próiseála éisc, agus soithí atá páirteach i dtrasloingsiú nó in aon ghníomhaíocht eile mar ullmhúchán do ghníomhaíochtaí iascaireachta nó a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta, nó i ngníomhaíochtaí turgnamhacha nó taiscéalaíocha;
(7)ciallaíonn 'soitheach taighde' soitheach a úsáidtear go buan le haghaidh taighde nó soitheach a úsáidtear de ghnáth le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta nó gníomhaíocht tacaíochta iascaigh agus a úsáidtear de thuras na huaire le haghaidh taighde iascaigh;
(8)ciallaíonn 'CEM' bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe atá i bhfeidhm de réir mar a ghlac Coimisiún NAFO iad,
(9)ciallaíonn 'deiseanna iascaireachta' cuótaí iascaireachta arna leithdháileadh ar Bhallstát le gníomh de chuid an Aontais atá i bhfeidhm maidir leis an limistéar rialála;
(10) is é atá in 'EFCA' an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach arna bunú le Rialachán (CE) 768/2005;
(11)ciallaíonn 'lá iascaireachta' aon lá féilire nó aon chuid de lá féilire atá soitheach iascaireachta i láthair in aon roinn sa limistéar rialála;
(12)áirítear le 'calafort' críochfoirt amach ón gcósta agus suiteálacha eile a úsáidtear chun tabhairt i dtír, trasloingsiú, pacáistiú, próiseáil, athbhreoslú agus athsholáthar a dhéanamh;
(13)ciallaíonn 'soitheach páirtí neamhchonarthaigh' soitheach atá i dteideal bheith faoi bhrat stáit nach páirtí conarthach in NAFO é, nach Ballstát é, nó ar soitheach é a mheastar a bheith gan náisiúntacht;
(14)ciallaíonn 'trasloingsiú' acmhainní nó táirgí iascaigh, a aistriú, thar bord, ó shoitheach iascaireachta amháin go soitheach iascaireachta eile;
(15)ciallaíonn 'trál meánuisce' trealamh tráil a dearadh chun speicis pheiligeacha a iascach, nach ndéantar aon chuid de a oibriú go tadhlach leis an ngrinneall aon am nó a dearadh chun oibriú ar an gcaoi sin. Ní áireofar leis an trealamh dioscaí, eiteáin nó rollóirí atá ar choistéad an trealaimh, nó aon fheistis eile atá deartha chun teagmháil a dhéanamh leis an ngrinneall, ach féadfaidh ball cosanta bheith ceangailte de;
(16)ciallaíonn 'éiceachórais leochaileacha mhuirí (VMEnna)' na héiceachórais leochaileacha mhuirí dá dtagraítear i mír 42 agus mír 43 de Threoirlínte Idirnáisiúnta FAO maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir;
(17)ciallaíonn 'lorg', dá ngairtear 'limistéir iascaireachta grinnill atá ann cheana', an chuid sin den limistéar rialála a ndearnadh iascaireacht ghrinnill inti go stairiúil agus a shainítear leis na comhordanáidí a thugtar i dTábla 4 agus i bhFigiúr 2 de CEM;
(18)ciallaíonn 'gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill' aon ghníomhaíocht a ndéanann an trealamh iascaireachta teagmháil le grinneall na farraige lena linn, nó ar dócha go ndéanfaidh sé teagmháil le grinneall na farraige le linn gnáthoibríochtaí iascaireachta;
(19)ciallaíonn 'iasc próiseáilte' aon orgánach muirí a rinneadh a athrú go fisiceach ón uair a gabhadh é, lena náirítear iasc a rinneadh a fhilléadú, a ghlanadh, a phacáistiú, a stánú, a reo, a dheatú, a shailleadh, a phicilt, a thriomú nó a ullmhú don mhargadh ar aon bhealach eile;
(20)ciallaíonn 'gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha' gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill a dhéantar lasmuigh den lorg, nó laistigh den lorg agus athruithe suntasacha déanta ar an modh oibre nó ar an teicneolaíocht a úsáidtear san iascach;
(21)ciallaíonn 'speicis tháscacha VME' na speicis lena léirítear gurb ann d'éiceachórais leochaileacha mhuirí, mar a shonraítear i gCuid VI d'Iarscríbhinn I.E de CEM;
(22)ciallaíonn 'Uimhir IMO' uimhir seacht ndigit, a shanntar faoi údarás na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO);
(23)ciallaíonn 'cigire', mura sonraítear a mhalairt, cigire ar sheirbhísí rialaithe iascaigh Páirtí Chonarthaigh de chuid NAFO a shanntar maidir le scéim cigireachta agus faireachais chomhpháirteach Chaibidil VII;
(24)tagraíonn 'iascaireacht NNN' do na gníomhaíochtaí a shonraítear sa phlean gníomhaíochta idirnáisiúnta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú ar ghlac Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe é;
(25)airítear le 'turas iascaireachta' i ndáil le soitheach iascaireachta an tam a chaitear laistigh den limistéar rialála agus a leanann go dtí go mbíonn gach gabháil ar bord ón limistéar rialála tugtha i dtír nó trasloingsithe;
(26)ciallaíonn 'lárionad faireacháin iascaigh' lárionad faireacháin iascaigh ar talamh de chuid an Bhallstáit brataí;
(27)ciallaíonn 'liosta de shoithí NNN' an liosta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 52 agus Airteagal 53 de CEM;
(28)ciallaíonn 'tionchair shuntasacha dhochracha' na tionchair shuntasacha dhochracha dá dtagraítear i mír 17 go mír 20 de Threoirlínte Idirnáisiúnta FAO maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir;
(29)ciallaíonn 'gné tháscach VME' gné tháscach VME dá dtagraítear i ngnéithe topagrafacha, hidrifhisiceacha nó geolaíocha a d'fhéadfadh tacú le VMEnna mar a shonraítear i gCuid VII d'Iarscríbhinn I.E. de CEM.
CAIBIDIL II
BEARTA CAOMHNAITHE AGUS BAINISTITHE
Airteagal 4
Soithí taighde
1.Mura bhforáiltear a mhalairt, ní chuirfear srianta ar shoithí taighde an Aontais de bhun beart caomhnaithe agus bainistithe maidir le hiasc a thógáil sa limistéar rialála, go háirithe bearta a bhaineann le mogallmhéid, teorainneacha méide, limistéir choiscthe agus séasúir choiscthe.
2.Ní dhéanfaidh soitheach taighde na nithe seo a leanas:
(a)dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil i gcomhréir lena phlean taighde; ná
(b)an séacla Artach 3L a ghabháil os cionn an leithdháilte ón mBallstáit.
3.I dtráth nach lú ná ceithre lá déag roimh thús thréimhse taighde iascaigh, déanfaidh an Ballstát brataí na bearta seo a leanas:
(a)trí tharchur leictreonach sa bhformáid dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.C a ghabhann le CEM, a chur in iúl don Choimisiún na soithí taighde ar fad atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu agus ar údaraigh an Coimisiún gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh sa limistéar rialála; agus
(b)Plean Taighde a chur ar fáil don Choimisiún maidir le gach soitheach atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain aige agus atá údaraithe chun taighde a dhéanamh, agus áireofar sa Phlean an cuspóir atá leis, an suíomh ina ndéanfar é agus, i gcás soitheach atá ag gabháil go sealadach do thaighde, dátaí na tréimhse ina mbeidh an soitheach ag feidhmiú mar shoitheach taighde.
4.Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra gan mhoill don Choimisiún nuair a bheidh deireadh déanta ag soitheach taighde le gníomhaíochtaí taighde.
5.Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún faoi athruithe ar an bPlean Taighde tráth nach déanaí ná ceithre lá déag roimh an dáta a gcuirfear na hathruithe sin i bhfeidhm. Coimeádfaidh an soitheach taighde taifead de na hathruithe sin ar bord.
6.Soithí atá i mbun taighde, coimeádfaidh siad ar bord i gcónaí cóip Bhéarla den Phlean Taighde.
7.An fhaisnéis a fhógróidh na Ballstáit bhrataí i gcomhréir le mír 3, mír 4 agus mír 5, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í, tráth nach déanaí ná seacht lá roimh thús na tréimhse iascaigh nó, i gcás ina nathrófar an Plean Taighde, seacht lá roimh an dáta ina dtagann aon athrú ar an bPlean Taighde i bhfeidhm.
Airteagal 5
Teorainneacha gabhála agus iarrachta
1.Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go mbeidh feidhm ag gach teorainn gabhála agus iarrachta a shainaithnítear i ndeiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm, agus mura luafar a mhalairt, déanfar gach cuóta a shloinneadh mar bheomheáchan, i dtonaí méadracha.
2.Maidir le stoic a shainaithnítear sna deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm ar ghabh soithí atá i dteideal bratach Ballstáit a bheith ar foluain acu iad, déanfaidh gach Ballstát brataí:
(a)gabháil a chuid soithí a theorannú ionas nach sárófar an cuóta a sannadh don Bhallstát sin i gcomhréir le deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm;
(b)i gcás gach speicis ó stoic a liostaítear i ndeiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm agus ar ghabh a shoithí é, a áirithiú go ríomhfar in aghaidh an chuóta a sannadh don Bhallstát sin é, lena náireofar foghabháil péirse mara 3M ar gabhadh é idir an dáta measta ar gabhadh 50% de ghabháil iomlán incheadaithe (TAC) na péirse mara 3M agus an 1 Iúil;
(c)a áirithiú nach gcoimeádfar tuilleadh péirse mara ar bord a shoithí tar éis an dáta mheasta a gabhadh 100% de TAC na péirse mara 3M;
(d)cead a bheith ag an mBallstát iascaireacht a dhéanamh ar stoic nár sannadh cuóta dó ina leith i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm, dá ngairfear cuóta ‘Eile’ anseo feasta, más ann don chuóta sin agus murar thug Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO fógra maidir le tréimhse choiscthe;
(e)fógra a thabhairt don Choimisiún agus do EFCA maidir le hainmneacha soithí a bhfuil sé beartaithe acu iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta “Eile” ar a laghad 48 nuair an chloig roimh gach dul isteach, agus tar éis neamhláithreacht 48 nuair an chloig ar a laghad ón Limistéar Rialála. I gcás inar féidir, cuirfear réamh-mheastachán maidir leis an ngabháil leis an bhfógra sin. Cuirfear an fógra sin ar shuíomh gréasáin Faireacháin, Rialaithe agus Faireachais (MCS) NAFO;
(f)a ghníomhaíochtaí a theorannú maidir leis an séacla Artach i Roinn 3M i gcomhréir leis an iarracht iascaireachta sna deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm faoin Rialachán.
3.I gcás dola áirithe amháin, an speiceas arb ionann é agus an céatadán is mó, de réir meáchain, den ghabháil iomlán sa dol sin, measfar gur gabhadh é in iascach dírithe den stoc lena mbaineann.
Airteagal 6
Cosc iascach;
1.Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:
(a)a iascach i ndáil le stoic a liostaítear sna deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialála a chosc an dáta a léirítear leis na sonraí atá ar fáil go ngabhfar an cuóta iomlán a sannadh don Bhallstát sin maidir leis na stoic lena mbaineann, lena náireofar an chainníocht réamh-mheasta a bheidh le gabháil roimh thús thréimhse choiscthe an iascaigh, ábhar aischurtha, agus gabhálacha neamhthuairiscithe measta ag gach soitheach atá i dteideal bratach an Bhallstáit sin a bheith ar foluain aige;
(b)a áirithiú go néireoidh a chuid soithí gan mhoill as a ngníomhaíochtaí iascaireachta a d'fhéadfadh gabháil a bheith mar thoradh orthu a luaithe is a thabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh i gcomhréir le mír 3 go bhfuil an cuóta a sannadh don Bhallstát sin bainte amach ina iomláine. Más féidir leis an mBallstát a léiriú go bhfuil cuóta ar fáil don stoc sin i gcomhréir le mír 2, féadfaidh soithí an Bhallstáit sin iascaireacht a dhéanamh ar an stoic sin in athuair;
(c)cosc a chur ar a iascach séacla Artaigh i Roinn 3M nuair a bhainfear amach líon na laethanta a sannadh don Bhallstát sin. Déanfar an méid laethanta iascaireachta i ndáil le gach soitheach a chinneadh le sonraí suímh VMS laistigh de Roinn 3M, agus áireofar cuid de lá mar lá iomlán;
(d)cosc a chur ar a iascach dírithe ar phéirse mhara 3M idir an dáta a measfar gabháil charntha thuairiscithe na péirse mara 3M a bheith cothrom le 50 % den ghabháil iomlán incheadaithe (TAC), faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le mír 3 agus an 1 Iúil;
(e)cosc a chur ar a iascach dírithe ar phéirse mhara 3M ar an dáta a measfar gabháil charntha thuairiscithe na péirse mara 3M a bheith cothrom le 100 % den ghabháil iomlán incheadaithe (TAC), faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le mír 3;
(f)fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill maidir leis an dáta a thosóidh an tréimhse coiscthe dá bhforáiltear i bpointí (a) go (e);
(g)cosc a chur ar shoithí atá i dteideal bratach an Bhallstáit a bheith ar foluain acu ó bheith ag leanúint d'iascach dírithe sa Limistéar Rialála maidir le stoc ar leith faoin gcuóta “Eile” níos faide ná 5 lá ó d'fhógair Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO, mar a tharchuirfidh an Coimisiún, go measfar go ngabhfar an cuóta “Eile” áirithe sin, i gcomhréir le mír 3;
(h)a áirithiú nach gcuirfidh aon soitheach atá i dteideal bratach an Bhallstáit a bheith ar foluain aige tús le hiascach dírithe sa Limistéar Rialála maidir le stoc ar leith faoi chuóta ‘Eile’ i ndiaidh gur fhógair Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO go measfar go ngabhfar an cuóta airithe sin, i gcomhréir le mír 3;
(i)tar éis cosc a chur ar a iascach i gcomhréir leis an mír seo, a áirithiú nach gcoimeádfar a thuilleadh den stoc éisc lena mbaineann ar bord na soithí atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu mura núdarófar a mhalairt leis an Rialachán seo.
2.Féadfar iascach atá coiscthe i gcomhréir le mír 1 a athoscailt laistigh de 15 lá ó am ar thug an Coimisiún fógra tar éis dó a bheith i dteagmháil le Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO:
(a)i gcás ina gcinnteoidh Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO gur léirigh an Coimisiún go bhfuil cuóta iarmharach ar fáil óna chéad sannadh; ná
(b)i gcás ina bhfágann aistriú cuóta ó Pháirtí Conarthach NAFO eile, i gcomhréir le deiseanna iascaireachta, go bhfuil cuóta breise ann faoi réir tréimhse coiscthe i ndáil leis an stoc éisc sin.
3.Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill do na Ballstáit maidir le dáta na tréimhse coiscthe dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 7
Foghabháil a choimeádtar ar bord
1.Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú maidir lena gcuid soithí, lena náirítear soithí atá cairtfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 23, i gcás foghabháil speiceas ó stoc arna shainaithint ina ndeiseanna iascaireachta faoi seach atá infheidhme agus iad ag oibriú sa Limistéar Rialála, déanfaidh siad an fhoghabháil sin a íoslaghdú.
2.Déanfar speiceas a liostaítear sna deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm a aicmiú mar fhoghabháil nuair a ghabhfar é i Roinn a bhfuil aon cheann de na cásanna seo a leanas i bhfeidhm:
(a)níor sannadh aon chuóta don Bhallstát sin maidir leis an stoc sa Roinn sin, i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm;
(b)tá cosc ar iascaireacht a dhéanamh ar an stoc áirithe sin (moratoria); ná
(c)baineadh lán-úsáid as an gcuóta ‘Eile’ maidir le stoc áirithe, i ndiaidh don Choimisiún fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 6.
3.Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú maidir lena chuid soithí, lena náirítear soithí atá cairtfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 23, srian a chur leis na speicis a aicmeofar mar fhoghabháil iad a choinneáil ar bord go dtí an tuasmhéid a shonraítear anseo:
(d)maidir le trosc sa Roinn 3M, le péirse mhara sa Roinn 3LN agus le leathóg bhán sa Roinn 3NO: 1250 kg nó 5%, cibé acu is mó;
(e)maidir le trosc sa Roinn 3NO: 1000 kg nó 4%, cibé acu is mó;
(f)i gcás gach stoic eile a liostaítear i ndeiseanna iascaireachta nár sannadh cuóta sonrach don Bhallstát ina thaobh: 2500 kg nó 10%, cibé acu is mó;
(g)i gcás a bhfuil cosc ar iascach infheidhme (moratoria), nó i gcás a bhfuil an cuóta ‘Eile’ a osclaíodh maidir leis an stoc sin ar fad ídithe: 1250 kg nó 5%, cibé acu is mó; agus
(h)an uair a chuirfear cosc ar iascaireacht atá dírithe ar phéirse mhara sa Roinn 3M i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(d): 1250 kg nó 5%, cibé acu is mó;
4.Déantar na srianta agus na céatadáin dá bhforáiltear i mír 3 a áireamh in aghaidh na Roinne mar an gcéatadán, de réir meáchain, i gcás gach stoic de ghabháil iomlán na stoc a liostaítear i ndeiseanna iascaireachta a choimeádtar ar bord maidir leis an Roinn sin tráth a ndéantar cigireacht, ar bhonn na bhfigiúr logleabhair iascaireachta.
5.Ní aireofar i ríomh leibhéil fhoghabhála éisc ghrinnill i mír 3 gabhálacha an tséacla Artaigh mar chuid den ghabháil iomlán atá ar bord.
Airteagal 8
Sárú teorainneacha foghabhála in aon dol amháin
1.Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú maidir lena chuid soithí:
(a)nach ndéanfaidh siad iascach dírithe ar speicis dá dtagraítear in Airteagal 7(2);
(b)go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais seo a leanas, i gcásanna, cé is moite d'iascach dhírithe ar an séacla Artach, a dtéann meáchan speicis atá faoi réir theorainneacha foghabhála thar an teorainn is mó dá sonraítear in Airteagal 7(3) in aon dol amháin:
(`)a aistriú gan mhoill 10 muirmhíle ar a laghad ó aon suíomh den tarraingt/cur a bhí ann roimhe sin le linn na tarraingthe/an chuir a leanann é;
(a)imeacht ón Roinn gan teacht ar ais go ceann 60 uair ar a laghad má théitear thar na teorainneacha foghabhála a shonraítear in Airteagal 7(3) in athuair i ndiaidh na chéad tarraingthe/an chéad chuir iar naistriú dó i gcomhréir le pointe (b)(i);
(b)tabhairt faoi tharraingt thrialach ar feadh uastréimhse 3 huaire an chloig sula gcuirfidh sé tús le hiascach nua i ndiaidh neamhláithreacht 60 uair an chloig. I gcás inarb ionann na stoic atá faoi réir teorainneacha foghabhála agus an céatadán is mó, de réir meáchain, den ghabháil iomlán a thiocfaidh as sin sa dol, ní mheasfar gur iascach dírithe a bheidh ann i leith na stoc sin, agus ní mór don soitheach a shuíomh a athrú gan mhoill i gcomhréir le pointe (b)(i) agus pointe (b)(ii); agus
(c)gach tarraingt thrialach a dhéanfar i gcomhréir le pointe (b) a shainaithint agus na comhordanáidí a bhaineann le suímh thosaithe agus deiridh gach tarraingthe triallaí arna déanamh a thaifead sa logleabhar iascaireachta.
2.I gcás iascaireachta dírithe ar an séacla Artach, beidh an taistriú dá dtagraítear i mír 1 infheidhme, i gcás aon dol amháin, má théann cainníocht an éisc ghrinnill a liostaítear i ndeiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm thar 5% i Roinn 3M nó 2.5% i Roinn 3L.
3.Nuair atá soitheach i mbun iascach dírithe ar sciat agus mogallmhéid dleathach aige atá oiriúnach don iascach sin, an chéad uair arb iad gabhálacha stoc a mbaineann teorainneacha foghabhála leo, mar a shonraítear in Airteagal 7(2), an céatadán is mó de réir meáchain den ghabhail iomlán sa toll, áireofar na gabhálacha sin mar ghabháil de thaisme, ach aistreoidh an soitheach gan mhoill mar a shonraítear i mír 1.
4.Déantar céatadán na foghabhála in aon dol amháin a áireamh mar chéatadán, de réir meáchain, gach stoic a liostaítear sna deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm d'iomlán na gabhála sa tarraingt sin.
Airteagal 9
Séacla Artach
1.Chun críche an Airteagail seo, aireofar mar chuid de Roinn 3M an chuid sin de Roinn 3L a léirítear a teorainneacha leis na línte idir na pointí dá dtagraítear i dTábla 1 agus a léirítear i Léaráid 1(1) de CEM.
2.Soitheach atá ag iascach an tséacla Artaigh agus speiceas eile le linn an turais chéanna, tarchuirfidh sé tuairisc chuig an gCoimisiún ina bhfógróidh sé an tathrú iascaigh. Déanfar líon na laethanta iascaireachta a áireamh dá réir sin.
3.Na laethanta iascaireachta dá dtagraítear san Airteagal seo níl siad inaistrithe idir Páirtithe Chonartha NAFO. Soitheach atá i dteideal bratach Pháirtí Conartha NAFO eile a bheith ar foluain aige, is i gcomhréir le hAirteagal 23 amháin a fhéadfaidh sé laethanta iascaireachta Pháirtí Conartha NAFO a úsáid.
4.Ní dhéanfaidh aon soitheach iascaireacht ar an séacla Artach i Roinn 3M idir 00:01 Am Uilíoch Lárnach (AUL) an 1 Meitheamh agus 24:00 AUL an 31 Nollaig sa limistéar faoi mar a thuairiscítear i dTábla 2 agus mar a léirítear i Léaráid 1(2) de CEM.
5.Déanfar an iascaireacht ar fad ar an séacla Artach i Roinn 3L i ndoimhneacht níos mó ná 200 m. Cuirfear srian ar iascaireacht sa Limistéar Rialála suas go dtí limistéar atá soir ó líne a léirítear a teorainneacha leis na comhordanáidí a thuairiscítear i dTábla 3 agus a léirítear i Léaráid 1(3) de CEM.
6.Gach soitheach a rinne iascaireacht ar an séacla Artach sa Roinn 3L, nó na hionadaithe thar a cheann, tabharfaidh siad fógra don údarás inniúil 24 uair ar a laghad roimh ré maidir leis an am a mheasfar a bhainfidh sé an calafort amach mar aon le cainníochtaí measta an séacla Artaigh atá ar bord de réir Roinne.
Airteagal 10
Haileabó Graonlannach
1.Baineann na bearta seo a leanas le soithí 24 méadar nó níos mó ar a bhfad foriomlán atá i mbun iascaireachta san iascach Haileabó Graonlannaigh i bhfolimistéar 2 agus i Ranna 3KLMNO:
(a)déanfaidh gach Ballstát a chuóta a shannadh i measc a chuid soithí údaraithe maidir le haileabó Graonlannach;
(b)Is i gcalafort ainmnithe, agus ansin amháin, a thabharfaidh soitheach údaraithe a ghabháil haileabó Ghraonlannaigh i dtír. Chun na críche sin, ainmneoidh gach Ballstát calafort amháin nó níos mó ina limistéar inar ceadmhach do shoithí údaraithe haileabó Graonlannach a thabhairt i dtír;
(c)seolfaidh gach Ballstát chuig an Coimisiún ainm gach calafoirt atá ainmnithe aige dá réir sin. Gach athrú a dhéanfar ar an liosta ina dhiaidh sin, fógrófar go gcuirfear é in ionad an tseanliosta tráth nach lú ná fiche lá roimh theacht i bhfeidhm don athrú. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar shuíomh gréasáin NAFO MCS;
(d)soitheach atá údaraithe nó ionadaí thar a cheann, cuirfidh sé in iúil don údarás calafoirt inniúil an tam a mheastar a bhainfidh sé an calafort amach, cainníocht measta haileabó Graonlannaigh atá á coinneáil ar bord, agus faisnéis maidir leis an roinn nó leis na ranna inar gabhadh na gabhálacha, agus cuirfear sin in iúl 48 uair ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfidh an soitheach an calafort amach;
(e)déanfaidh gach Ballstát cigireacht ar gach gabháil haileabó Graonlannach a thabharfar i dtír ina gcalafoirt agus cuirfidh sé tuarascáil chigireachta i dtoll a chéile san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM, agus cuirfidh sé chuig an gCoimisiún í agus EFCA i gcóip, laistigh de 10 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích. I dtuarascáil PSC-3, déanfar gach sárú ar an Rialachán a braitheadh le linn na cigireachta a shainaithint agus tabharfar ar láimh sonraí ina thaobh. Cuirfear sa tuairisc an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe a braitheadh ar muir le linn turas reatha an tsoithigh ar a ndearnadh an chigireacht. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar shuíomh gréasáin NAFO MCS.
2.Tá na nósanna imeachta seo a leanas infheidhme maidir le soithigh údaraithe atá ag dul isteach sa Limistéar Rialála chun iascaireacht a dhéanamh ar haileabó Graonlannach agus a bhfuil níos mó ná 50 tona de réir bheomheáchan den gabháil iomlán ar bord ar gabhadh í lasmuigh den Limistéar Rialála:
(a)cuirfidh an máistir in iúl do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO trí ríomhphost nó trí facs, agus 72 uair an chloig ar a dhéanaí sula rachaidh an soitheach isteach sa Limistéar Rialála, méid na gabhála ar bord, an suíomh a bhfuil sé beartaithe ag an máistir tús a chur leis an iascaireacht de réir domhanleithid agus domhanfhaid, an tam a mheastar a shroichfidh sé an suíomh sin, agus sonraí teagmhála an tsoithigh iascaireachta (e.g., raidió, guthán satailíte nó ríomhphost);
(b)soitheach cigireachta a bhfuil sé beartaithe aige cigireacht a dhéanamh ar shoitheach iascaireachta sula dtosaíonn sé ar iascaireacht a dhéanamh ar haileabó Graonlannach, cuirfidh sé in iúl don soitheach iascaireachta sin agus do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO comhordanáidí phointe cigireachta ainmnithe nach bhfuil níos mó ná 60 muirmhíle ar shiúl ón suíomh a mheasann an máistir a chuirfidh an soitheach tús leis an iascaireacht agus cuirfidh an soitheach cigireachta sin in iúl do shoithigh cigireachta eile a d'fhéadfadh a bheith ag oibriú sa Limistéar Rialála dá réir;
(c)soitheach iascaireachta ar tugadh fógra dó i gcomhréir le mír (b), rachaidh sé go dtí an pointe cigireachta ainmnithe;
(d)ní cheadmhach do shoitheach iascaireachta tús a chur le hiascaireacht sula ndéanfar cigireacht air i gcomhréir leis an Airteagal seo, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)ní fhaigheann sé fógra laistigh de 72 uair an chloig ón am a tharchuir sé fógra i gcomhréir le fomhír 2(a); ná
(b)níor chuir an soitheach cigireachta tús leis an gcigireacht atá beartaithe laistigh de 3 huaire an chloig ón am a shroich an soitheach iascaireachta an pointe cigireachta ainmnithe.
3.Tá cosc ar ghabhálacha haileabó Ghraonlannaigh a thabhairt i dtír ag soithigh de chuid Páirtí neamhChonarthaigh iar ndul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta dóibh sa Limistéar Rialála.
Airteagal 11
Scuid
Ní cheadmhach do shoithigh iascaireacht a dhéanamh ar scuid idir 00:01 AUL an 1 Eanáir go dtí 24:00 AUL an 30 Meitheamh i bhFolimistéar 3 agus Folimistéar 4.
Airteagal 12
Caomhnú agus Bainistiú siorcanna
1.Déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:
(a)gach gabháil siorcanna a thuairisciú, lena nairítear na sonraí stairiúla atá ar fáil, i gcomhréir le nósanna imeachta tuairiscithe maidir le gabháil agus iarracht iascaireachta mar a leagtar síos in Airteagal 25;
(b)cosc a chur ar eití a bhaint de shiorcanna ar bord soithigh;
(c)cosc a chur ar eití an tsiorca ar baineadh den chonablach iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír.
2.Gan dochar do mhír 1, agus d'fhonn stóráil ar bord a éascú, féadfar eití an tsiorca a shliseadh gan iad a scoitheadh agus iad a fhilleadh le hais an chonablaigh.
3.Eití ar baineadh iad de shárú ar na forálacha sin, ní choinneoidh soitheach iascaireachta ar bord iad, ná ní dhéanfaidh sé iad a thrasloingsiú, ná iad a thabhairt i dtír.
4.I gcás iascaigh nach bhfuil dírithe ar shiorcanna, iarrfaidh gach Ballstát ar gach soitheach atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain aige siorcanna nach bhfuil siad chun a úsáid mar bhia nó mar chothú a scaoileadh san fharraige ina mbeatha, siorcanna óga go háirithe.
5.I gcás inar féidir, déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas:
(a)dul i mbun taighde chun teacht ar bhealaí le trealamh iascaireachta a dhéanamh níos roghnaithí ar mhaithe le siorcanna a chosaint;
(b)taighde a dhéanamh ar pharaiméadair ríthábhachtacha bhitheolaíochta agus éiceolaíochta, ar bheatha agus gnéithe iompair phríomhspeiceas siorcanna, chomh maith le limistéir a shainaithint a d'fhéadfadh a bheith ina meánna le haghaidh cúplála, pór a bhreith agus iasclann.
6.Cuirfidh na Ballstáit torthaí an taighde sin ar fáil don Choimisiún, agus tarchuirfear é chuig Rúnaíocht NAFO.
Airteagal 13
Mogallmhéideanna
1.Chun críche an Airteagail seo déanfar mogallmhéid a thomhais i gcomhréir le hIarcríbhinn III.A a ghabhann le CEM.
2.Ní dhéanfaidh soitheach iascaireacht le heangach a bhfuil mogallmhéid níos lú ná an mogallmhéid a fhoráiltear maidir leis na speicis seo a leanas:
(a)40 mm don séacla Artach agus séacla (PRA);
(b)60 mm do scuid ghearreiteach (SQI);
(c)280 mm sa shoc-fhoirceann agus 220 mm i ngach cuid den trál le haghaidh scáta (SKA);
(d)130 mm do gach iasc grinnill eile, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I.C de CEM;
(e)100 mm do Sebastes mentella peilleagach (REB) i bhfolimistéar 2 agus Roinn 1F agus Roinn 3K; agus
(f)90 mm do phéirse mhara (RED) san iascach le trál meánuisce i Roinn 3O, 3M agus 3LN.
3.Soitheach atá i mbun iascaireachta ar speiceas dá dtagraítear i mír 2 a bhfuil eangacha ar bord aige ar mhogallmhéid atá níos lú ná an mogallmhéid a shonraítear sa mhír sin, áiritheoidh sé go bhfuil na heangacha sin feistithe go daingean agus curtha i dtaisce agus nach bhfuil fáil gasta orthu le linn na hiascaireachta sin.
4.Ceadófar, áfach, do shoitheach atá i mbun iascach dírithe ar speiceas seachas na speicis a luaitear i mír 2, ceadófar dó speicis rialaithe a ghabháil le heangacha ar mhogallmhéid atá níos lú ná an mogallmhéid a shonraítear i mír 2, a fhad is atá na ceanglais foghabhála in Airteagal 7(3) á gcomhlíonadh.
Airteagal 14
Ceangaltáin a úsáid agus trealamh a mharcáil
1.Is ceadmhach téada neartaithe, strapaí scartha agus bleaindí soc-fhoircinn a úsáid ar thráil, a fhad is nach ndéanann siad an mogall údaraithe a shrianú ná nach mbíonn siad ina mbaic ar bhéal an mhogaill.
2.Ní úsáidfidh aon soitheach modh nó gaireas a chuirfidh bac ar mhogalmhéideanna nó a mbeidh sé d'éifeacht acu mogallmhéid a laghdú. Mar sin féin, gaireas a gcuirtear síos air in Iarscríbhinn III.B a ghabhann le CEM (maidir le Maolairí Uachtair/Slabhraí Scoránaithe Séacla údaraithe) ceadófar do shoithí an gaireas sin a cheangail le taobh uachtair an shoc-fhoircinn ar shlí nach gcuireann sé bac ar mhogaill an shoc-fhoircinn, píosa sínidh san áireamh más ann dó. Ní fhéadfar canbhás, eangach, nó ábhar eile a cheangail le taobh íochtair shoc-fhoircinn eangaí ach amháin a mhéid is gá chun damáiste don shoc-fhoirceann a chosc nó a laghdú.
3.Soithí atá ag iascach an tséacla Artaigh i Roinn 3L nó Roinn 3M, úsáidfidh siad greillí sórtála nó grátaí nach mó ná 22 mm an spás idir a barraí. Soithí atá ag déanamh iascaireachta ar shéacla Artaigh i Roinn 3L, beidh slabhraí scoránaithe nach lú ná 72 cm a bhfad mar a thomhaistear i gcomhréir le hIarscríbhinn III.B a ghabhann le CEM.
4.I gcás iascaireachta i limistéir choiscthe na dtulán grinnill mar a shainítear in Airteagal 18(1), ní cheadófar ach trál meánuisce a úsáid.
5.Ní cheadmhach do shoithí iascaireachta na bearta seo a leanas a dhéanamh:
(a)trealamh a úsáid nach bhfuil marc air i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta a bhfuil glactha leo go ginearálta, an Coinbhinsiún um Stiúradh Oibríochtaí Iascaireachta san Atlantach Thuaidh go hairithe; ná
(b)baoi marcála nó ní den chineál céanna a chur ar snámh ar bharr an uisce chun suíomh trealaimh iascaireachta fheisithe a léiriú gan uimhir chlárúcháin an tsoithigh a bheith ar taispeáint air.
Airteagal 15
Trealamh iascaireacht caillte nó ligthe le sruth, trealamh iascaireachta a bhailiú
1.Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)soithí atá ag iascaireacht sa Limistéar Rialála atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu, go mbeidh siad feistithe chun trealamh caillte a bhailiú;
(b)máistir soithigh a bhfuil trealamh nó cuid de caillte aige, go ndéanfaidh sé gach iarracht réasúnta é a fháil ar ais a luaithe agus is féidir; agus
(c)ní ligfidh aon mháistir trealamh iascaireachta le sruth d'aon turas, seachas ar chúiseanna sábháilteachta.
2.Murar féidir an trealamh caillte a fháil ar ais, cuirfidh máistir an tsoithigh an méid seo a leanas in iúl don Bhallstát brataí laistigh de 24 uair an chloig :
(a)ainm agus comhartha aitheantais an tsoithigh;
(b)an cineál trealaimh atá caillte;
(c)an méid trealaimh atá caillte;
(d)an tam a cailleadh an trealamh;
(e)an suíomh ar cailleadh an trealamh; agus
(f)na bearta a rinne an soitheach chun an trealamh caillte a fháil ar ais.
3.Tar éis an trealamh caillte a fháil ar ais, cuirfidh máistir an tsoithigh an méid seo a leanas in iúl don Bhallstát bratach laistigh de 24 uair an chloig :
(a)ainm agus comhartha aitheantais an tsoithigh a fuair an trealamh ar ais;
(b)ainm agus comhartha aitheantais an tsoithigh a chaill an trealamh (más eol é);
(c)an cineál trealaimh a fuarthas ar ais;
(d)an méid trealaimh a fuarthas ar ais;
(e)an tam a fuarthas an trealamh ar ais; agus
(f)an suíomh ar fuarthas an trealamh ar ais;
4.An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, cuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún í gan mhoill agus déanfar í a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.
Airteagal 16
Ceanglais maidir le híosmhéid an éisc
1.Ní choinneofar ar bord soithigh iasc níos lú ná an tíosmhéid arna bhunú i gcomhréir le hIarscríbinn I.D a ghabhann le CEM, agus scaoilfear ar ais san fharraige gan mhoill gach iasc den chineál sin.
2.Iasc próiseáilte ar lú a fhad ná an choibhéis ó thaobh faid de a leagtar amach don speiceas sin in Iarscríbhinn I.D a ghabhann le CEM, measfar gurb as iasc atá níos lú ná an tíosmhéid a leagtar amach don speiceas sin a tháinig sé.
3.I gcás inar mó líon na niasc róbheag in aon ghabháil amháin ná 10% de líon iomlán na niasc sa ghabháil sin, fanfaidh an soitheach, i rith a chéad tarraingthe eile, achar íosta 5 mhuirmhíle amach ó shuíomh an tarraingthe roimhe sin.
CAIBIDIL III
ÉICEACHÓRAIS LEOCHAILEACHA MHUIRÍ (VME) SA LIMISTÉAR RAILÁLA A CHOSAINT Ó GHNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA GRINNILL
Airteagal 17
Léarscáil loirg (limistéir iascaireachta grinnill sheanbhunaithe)
Tá léarscáil na limistéar iascaireachta grinnill seanbhunaithe teoranta ar an taobh thiar ag teorainn Chrios Eacnamaíoch Eisiach Cheanada agus ar an taobh thoir ag na comhordanáidí a léirítear i dTábla 3 de CEM.
Airteagal 18
Srianta Limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill
1.Go dtí 31 Nollaig 2020, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill in aon cheann de na limistéir a léirítear i Léaráid 3 de CEM agus a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 5 de CEM a cheangail ina nord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.
2.Go dtí 31 Nollaig 2020, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéir Roinn 3O mar a léirítear i Léaráid 4 de CEM agus mar a shainítear trí na comhordanáidí seo a leanas a shonraítear i dTábla 6 de CEM a cheangail ina nord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.
3.Go dtí 31 Nollaig 2020, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéir 1-13 mar a léirítear i Léaráid 5 de CEM agus mar a shainítear trí na comhordanáidí seo a leanas a shonraítear i dTábla 7 de CEM a cheangail ina nord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.
4.Go dtí 31 Nollaig 2018, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéar 14 mar a léirítear i Léaráid 5 agus mar a shainítear trí na comhordanáidí seo a leanas a shonraítear i dTábla 7 de CEM a cheangail ina nord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.
Airteagal 19
gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha
1.Beidh gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha faoi réir réamhthaiscéalaíocht a dhéanfar i gcomhréir leis an bprótacal taiscéalaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM.
2.Ballstáit ar mian lena chuid soitheach dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill, déanfaidh siad na nithe seo a leanas chun críche an mheastacháin:
(a)'Fógra go bhfuil rún tabhairt faoi iascaireacht grinnill taiscéalaíoch' i gcomhréir le hIarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM in éineacht leis an measúnú a cheanglaítear faoi Airteagal 20(1);
(b)cuirfidh an Ballstát de cheangal ar shoithí atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu gan tús a chur le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill ach amháin nuair atá údarú acu de réir na mbeart caomhnúcháin agus bainistithe ar mhaithe le cur i gcoinne an dochair a dhéanfaí do ghníomaíochtaí iascaireachta taiscéalaíocha ar VMEanna arna neisiúint ag NAFO;
(c)breathnóir a bhfuil saineolas leordhóthanach aige a bheith ar bord le linn na tréimhse a bhfuil an ghníomhaíocht iascaireachta grinnill taiscéalaíche á déanamh; agus
(d)‘Tuarascáil ar Thuras Iascaireachta Grinnill Taiscéalaíche’ a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM laistigh de 2 mhí ón dáta a chríochnófar na gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha.
Airteagal 20
Réamh-mheasúnú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha atá á mbeartú
1.Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha, cuirfidh sé isteach, mar thaca leis an togra, réamh-mheasúnú ar an tionchar aitheanta agus ar an tionchar réamh-mheasta a imreofar ar VMEnna leis an ngníomhaíocht iascaireachta grinnill a bheidh ar bun ag na soithí atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu.
2.Maidir leis an réamh-mheasúnú dá dtagraítear i mír 1:
(a)Seolfar chuig an gCoimisiún é tráth nach lú ná seachtain amháin roimh thús an chruinnithe a bheidh ag Comhairle Eolaíochta NAFO;
(b)tabharfar aghaidh ann ar na heilimintí i gcomhréir le hIarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM.
Airteagal 21
Teagmháil le speicis tháscacha VME
1.Déantar teagmháil le speicis tháscacha VME a shainmhíniú mar ghabháil in aghaidh an chuir (e.g. tarraingt tráil, cur spiléir, nó cur geolbhaigh) níos mó ná 7 kg peann mara agus nó/60 kg coiréalaigh bheo agus nó/ 300 kg spúinsí.
2.Cuirfidh gach Ballstát de cheangal ar mháistrí soithí ata i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu agus atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill sa Limistéar Rialála go ndéanfaidh siad gabháil speiceas táscach VME a chainníochtú, i gcás ina dtiocfar, le linn oibríochtaí iascaireachta, ar fhianaise gur speiceas táscach atá ann VME, i gcomhréir le hIarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM.
3.I gcás speicis tháscaigh VME arna ghabháil le linn na noibríochtaí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2 (amhail tarraingt tráil, nó cur geolbhaigh nó cur spiléir) a sháraíonn an tairseach a shainítear i mír 1, déanfaidh máistir an tsoithigh na bearta seo a leanas:
(a)an teagmháil a thuairisciú gan mhoill d'údarás inniúil an Stáit Bhrataí chonarthaigh, lena náireofar an suíomh a thugann an soitheach uaidh, pointe deiridh an tarraingthe nó pointe deiridh an chuir nó ceachtar acu, suíomh eile arb é an pointe is cóngaraí é don suíomh beacht teagmhála, ainm an speicis tháscaigh VME atá ann, agus cainníocht (kg) an speicis táscaigh VME atá ann; agus
(b)scoirfidh sé láithreach den iascaireacht agus imeoidh ar a laghad 2 mhuirmhíle ar shiúl ó phointe deiridh an tarraingthe/an chuir agus sa treo is lú dóchúlacht tuilleadh teagmhála a theacht dá dheasca. Déanfaidh an captaen an cinneadh is ciallmhaire agus is féidir agus é sin bunaithe ar gach uile fhoinse faisnéise atá ar fáil.
4.Ceanglóidh gach Ballstát go seolfar breathnóir a bhfuil saineolas leordhóthanach aige chuig an suíomh i gcomhréir le hAirteagal 19(2)(c) maidir leis na limistéir laistigh den lorg iascaireachta agus déanfaidh seisean na nithe seo a leanas:
(a)coiréalaigh, spúinsí agus orgánaigh eile a shainaithint go dtí an leibhéal tacsanomaíoch is ísle dá bhfuil ann, ag baint úsáide dó as an ‘bhFoirm Tiomsaithe Sonraí maidir le hIascach Taiscéalaíoch’ i gcomhréir le hIarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM; agus
(b)torthaí na sainaitheanta sin a thíolacadh do mháistir an tsoithigh chun an cainníochtú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a éascú;.
5.Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:
(a)an fhaisnéis maidir leis an teagmháil a tuairiscigh an máistir don Choimisiún a chur ar aghaidh má sháraíonn an chainníocht an speicis tháscaigh VME ar gabhadh é in oibríocht iascaireachta (amhail tarraingt tráil, nó cur geolbhaigh nó cur spiléir), má sháraíonn sin an tairseach a shainítear i mír 1 den Airteagal seo;
(b)foláireamh a thabhairt gan mhoill faoin teagmháil do na soithí ar fad ata i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu; agus,
(c)cosc sealadach a chur laistigh de dhá mhíle mórthimpeall aon suíomh ar tuairiscíodh gur tharla teagmháil VME lasmuigh de lorg iascaireachta arna fhógairt sin ag an gCoimisiún. Féadfaidh an Coimisiún limistéir a bhfuil cosc sealadach orthu a athoscailt ar fhógra a fháil ó NAFO.
CAIBIDIL IV
CEANGLAIS AR SHOITHÍ AGUS CAIRTFHOSTÚ
Airteagal 22
Ceanglais ar shoithí
1.Déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a fhógairt don Choimisiún trí mheán leictreonach:
(a)liosta na soithí dá chuid atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu a d'fhéadfadh sé a údarú chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh, sa Limistéar Rialála, dá ngairfear ‘soitheach arna chur ar an eolas’ anseo feasta, san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II.C1 a ghabhann le CEM;
(b)ó am go chéile, aon soitheach a bhaintear de liosta na soithí arna gcur ar an eolas, gan mhoill, san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II.C2 a ghabhann le CEM.
2.Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)liostaítear é mar shoitheach arna chur ar an eolas; agus
(b)eisíodh uimhir IMO (uimhir na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta) do na soithí incháilithe.
3.Ní dhéanfaidh aon Bhallstát na nithe seo a leanas:
(a)cead a thabhairt do shoitheach atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain aige gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sa Limistéar Rialála mura bhfuil sé sin údaraithe aige cheana; agus
(b)soitheach iascaireachta atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain aige a údarú chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sa Limistéar Rialála ach amháin i gcás inar acmhainn dó a ndualgais Stáit bhrataí a chomhlíonadh go héifeachtach maidir leis an soitheach sin.
4.Déanfaidh gach Ballstát líon na soithí iascaireachta údaraithe agus a niarracht iascaireachta a bhainistiú i dtreo ina dtabharfar aird chuí ar dheiseanna iascaireachta atá ar fáil don Bhallstát sin sa Limistéar Rialála.
5.Déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a tharchur chuig an gCoimisiún trí mheán leictreonach:
(a)an túdarú leithleach a bhaineann le gach soitheach ar liosta na soithí arna gcur ar an eolas a d'údaraigh an Ballstát chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sa Limistéar Rialála, dá ngairfear ‘soitheach údaraithe’ anseo feasta, san fhormáid a shonraítear in Iarscríbhinn II.C3 a ghabhann le CEM agus tráth nach déanaí ná 20 lá roimh thús ghníomhaíochtaí iascaireachta na bliana féilire;
Go háirithe, sainaithneofar i ngach údarú dátaí tosaigh agus dátaí deiridh bailíochta agus,an speiceas lena gceadófar iascaireacht dhírithe a dhéanamh air, mura ndíolmhaítear iad in Iarscríbhinn II.C3 a ghabhann le CEM. Más é atá beartaithe ag an soitheach iascaireacht a dhéanamh ar speicis rialaithe dá dtagraítear i ndeiseanna iascaireachta, is don stoc a thagróidh an tsainaithint, i gcás ina bhfuil an speiceas rialaithe luaite leis an limistéar lena mbaineann;
(b)fionraí an údaraithe, san fhormáid arna leagan síos in Iarscríbhinn II.C4 a ghabhann le CEM, gan mhoill, i gcás ina mbaintear an túdarú lena mbaineann nó i gcás modhnaithe ar bith ar a ábhar má tharlaíonn an modhnú le linn na tréimhse bailíochta;
(c)údarú ar cuireadh ar fionraí é a atosú, agus an méid sin a tharchur i gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear i bpointe (a).
6.Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go mbeidh an túdarú ag teacht leis an tréimhse deimhniúcháin maidir le deimhniú an phleanála acmhainne dá dtagraítear i mír 10 agus mír 11.
7.Beidh marcanna ar gach soitheach a shainaithneofar go héasca i gcomhréir le caighdeáin a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta, amhail Sonraíochtaí Caighdeánacha EBT maidir le Marcáil agus Sainaithint Soithí Iascaireachta.
8.Ní oibreoidh aon soitheach iascaireachta sa Limistéar Rialála gan a bheith ar bord aige doiciméid bhailí reatha a eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit Bhrataí ina leagfar amach na sonraí seo a leanas ar a laghad maidir leis an soitheach:
(a)a ainm, más ann;
(b)litir (litreacha) an chalafoirt nó an dúiche ina bhfuil sé cláraithe, más ann;
(c)uimhir/uimhreacha clárúcháin an tsoithigh;
(d)an uimhir IMO;
(e)a chomhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió, más ann dó;
(f)ainmneacha agus seoltaí an úinéara/na núinéirí agus, i gcás inarb infheidhme, na cairtfhostóirí;
(g)fad iomlán an tsoithigh;
(h)cumhacht innill an tsoithigh;
(i)an pleanáil acmhainne dá dtagraítear i mír 10; agus
(j)measúnú ar acmhainn reo nó deimhniú chóras cuisnithe.
9.Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála gan plean acmhainne a bheith ar bord atá bord ar bord leis an aimsir, agus atá deimhnithe ag údarás inniúil nó aitheanta ag a Bhallstát brataí.
10.Maidir leis an bplean acmhainne:
(a)i bhfoirm líníochta a bheidh sé nó i bhfoirm tuairisc ar a áit stórála éisc, lena náireofar acmhainn stórála gach áit stórála éisc i méadar ciúbach agus is fadghearradh den soitheach a bheidh sa líníocht, lena náireofar plean gach deice mar a bhfuil áit stórála éisc agus léireofar na háiteanna a bhfuil na reoiteoirí;
(b)léireofar ann go háirithe suíomh aon dorais, haiste agus bealach isteach eile chuig na háiteanna stórála éisc, agus déanfar tagairt do na bulcaidí;
(c)léireofar ann príomhthoisí na numar stórála éisc (umair sáile cuisnithe) agus, i ngach cás, an calabrúchán i méadair chiúbacha ar eatraimh 10 cm; agus
(d)léireofar go soiléir an fíorscála sa líníocht.
11.Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú, gach dhá bhliain, go ndeimhneoidh an túdarás inniúil plean acmhainne a gcuid soitheach údaraithe a bheith ceart.
Airteagal 23
Socruithe maidir le cairtfhostú
1.Chun críche an Chaibidil seo, tagraíonn “Páirtí Conarthach um Chairtfhostú” do Pháirtí Conarthach a bhfuil leithdháileadh ina sheilbh aige mar a léirítear in Iarscríbhinn I.A agus in Iarscríbhinn I.B a ghabhann le CEM, nó Ballstát a bhfuil leithdháileadh deiseanna iascaireachta ina sheilbh aige agus tagraíonn “Ballstát Brataí” don Bhallstát ina bhfuil an soitheach cairtfhostaithe cláraithe.
2.Is féidir iomlán nó cuid de leithdháileadh iascaireachta Pháirtí Chonarthaigh NAFO um Chairtfhostú a shaothrú trí shoitheach údaraithe cairtfhostaithe a úsáid (‘soitheach cairtfhostaithe’) atá i dteideal bratach Bhallstáit a bheith ar foluain aige, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)thoiligh an Ballstát i scríbhinn leis an socrú maidir le cairtfhostú;
(b)beidh an socrú maidir le cairtfhostú teoranta d'aon soitheach iascaireachta amháin in aghaidh an Bhallstáit in aon bhliain féilire;
(c)ní mhaireann na hoibríochtaí iascaireachta faoin socrú maidir le cairtfhostú níos mó ná sé mhí san iomlán in aon bhliain féilire; agus
(d)an soitheach atá cairtfhostaithe, níos sainaithníodh é roimhe seo mar shoitheach a chuaigh i mbun iascaireacht NNN.
3.Gach gabháil agus foghabháil ar ghabh an soitheach cairtfhostaithe í i gcomhréir leis an socrú maidir leis an gcairtfhostú, fágfar an fhreagracht a ghabhann leo faoin bPáirtí Conarthach NAFO um chairtfhostú.
4.Ní údaróidh an Ballstát Brataí an soitheach cairtfhostaithe, le linn dó oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh faoin socrú maidir le cairtfhostú, iascaireacht a dhéanamh ar aon cheann de leithdháiltí an Bhallstáit sin nó faoi chairtfhostú eile ag an am sin.
5.Ní ceadmhach trasloingsiú ar muir a dhéanamh gan údarú roimh ré ón bPáirtí Conarthach NAFO um Chairtfhostú, rud a áireoidh go ndéanfar é faoi mhaoirseacht breathnóra atá ar bord.
6.Cuirfidh an Ballstát brataí in iúl don Choimisiún i scríbhinn sula gcuirfear tús leis an socrú maidir le cairtfhostú go dtoilíonn sé leis an socrú maidir le cairtfhostú.
7.Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún gan mhoill tráth a tharlaíonn seo a leanas:
(a)tús a bheith curtha le hoibríochtaí iascaireachta faoin socrú maidir le cairtfhostú;
(b)oibríochtaí iascaireachta a bheith curtha ar fionraí faoin socrú maidir le cairtfhostú;
(c)atosú oibríochtaí iascaireachta faoi shocrú maidir le cairtfhostú ar cuireadh ar fionraí é;
(d)deireadh oibríochtaí iascaireachta faoin socrú maidir le cairtfhostú;
8.Coinneoidh an Ballstát taifead leithleach ar shonraí gabhála agus fogbhabhála ar toradh oibríochtaí iascaireachta iad i gcomhréir le cairtfhostú gach soithigh atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain aige agus tabharfaidh siad tuairisc orthu don Pháirtí Conarthach NAFO um chairtfhostú agus don Choimisiún.
9.Coinneofar na doiciméid seo a leanas ar bord an tsoithigh cairtfhostaithe i gcónaí:
(a)ainm, clárúchán stáit bhrataí, uimhir IMO agus stát brataí an tsoithigh;
(b)ainm/ainmneacha an tsoithigh a bhí ann roimhe, más ann;
(c)ainm/ainmneacha agus seoltaí an úinéara/na núinéirí) agus oibreoirí an tsoithigh;
(d)cóip an tsocraithe maidir le cairtfhostú agus aon údarú iascaireachta nó ceadúnas arna eisiúint ag an bPáirtí Conarthach um chairtfhostú don soitheach cairtfhostaithe; agus
(e)an leithdháileadh arna shannadh don soitheach.
CAIBIDIL V
FAIREACHÁN AR IASCACH
Airteagal 24
Ceanglais maidir le lipéadú
1.Nuair a phróiseáiltear iad, déanfar gach speiceas arna shaothrú sa Limistéar Rialála a lipéadú i dtreo is gur so-aitheanta iad gach speiceas agus catagóir táirgí. Ní mór gach speiceas a lipéadú trí na sonraí seo a leanas a úsáid:
(a)ainm an tsoithigh ghabhála;
(b)cód 3 Alfa gach speicis mar a liostaítear in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM;
(c)i gcás an tséacla Artaigh, an dáta gabhála;
(d)limistéar Rialála agus Roinn na hiascaireachta; agus
(e)cód tíolactha na foirme táirge mar a liostaítear in iarscríbhinn II.K a ghabhann le CEM.
2.Déanfar lipéid a ghreamú go daingean, a stampáil nó a scríobh ar phacáistiú agus é á stuáil agus beidh na lipéid mór a ndóthain le gur féidir le cigirí iad a léamh agus iad i ngnáthchúrsa a gcuid dualgas.
3.Déanfar lipéid a mharcáil le dúch atá i gcodarsnacht leis an gcúlra.
4.Ní bheidh i ngach pacáiste ach an méid seo a leanas:
(a)catagóir amháin foirme táirge;
(b)roinn amháin gabhála;
(c)dáta gabhála amháin (i gcás an tséacla Artaigh); agus
(d)speiceas amháin.
Airteagal 25
Faireachán ar ghabháil
1.Chun críche faireachán a dhéanamh ar ghabháil, úsáidfidh gach soitheach logleabhar iascaireachta, logleabhar táirgeachta agus plean stuála chun gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála a thaifead:
2.déanfaidh gach soitheach a logleabhar iascaireachta a nuashonrú go rialta agus coinneofar ar bord é ar feadh 12 mí ar a laghad i gcomhréir le hIarscríbhinn II.A a ghabhann le CEM:
(a)coinneofar ann taifead cruinn ar gach tarraingt/cur a bhaineann leis an limistéar is lú ar sannadh cuóta ina leith;
(b)léireofar ann diúscairt ghabháil gach tarraingthe/cuir, lena náirítear méid (in kg, a bheomheáchan) gach stoic arna choinneáil ar bord, arna chaitheamh i leataobh, arna dhíluchtú, nó arna thrasloingsiú le linn an turais iascaireachta reatha.
3.Déanfaidh gach soitheach iascaireachta logleabhar táirgeachta a nuashonrú go rialta agus coinneofar ar bord é ar feadh 12 mí ar a laghad agus:
(a)déanfar taifead ann ar an táirgiúlacht charnach laethúil maidir le gach speiceas agus gach cineál táirge in kg don lá roimhe sin ó 00:01 AUL go dtí 24:00 AUL;
(b)déanfar ann táirgiúlacht maidir le gach speiceas agus gach cineál táirge a nascadh leis an limistéar is lú ar sannadh cuóta ina leith;
(c)liostófar ann na fachtóirí coinbhéartachta a úsáidtear chun meáchan táirgeachta gach cineál táirge a choinbhéartú i mbeomheáchan nuair a dhéantar é a thaifead sa logleabhar;
(d)cuirtear lipéad le gach dul isteach ann i gcomhréir le hAirteagal 24.
4.Agus aird chuí á tabhairt ar rialacha sábháilteachta agus ar freagrachtaí an mháistir maidir le cúrsaí loingseoireachta, déanfaidh gach soitheach iascaireachta gach gabháil ar gabhadh sa Limistéar Rialála í a stuáil ar leithligh ó gach gabháil ar gabhadh lasmuigh den Limistéar Rialála í agus áireofar go ndéanfar an scaradh sin a idirdhealú go soiléir le plaisteach, sraithadhmad nó eangach.
5.Déanfaidh gach soitheach iascaireachta plean stuála a choinneáil de réir na bhforálacha seo a leanas:
(a)léireofar go soiléir ann suíomh agus cainníocht, sloinnte mar mheáchan táirge in kg, gach speicis laistigh de gach bolg lasta éisc;
(b)sonrófar ann suíomh an tséacla Artaigh i gach bolg lasta ar gabhadh é i Roinn 3L agus i Roinn 3M agus luafar ann cainníocht an tséacla Artaigh in kg, de réir Ranna;
(c)déanfar é a nuashonrú go laethúil maidir leis an lá roimhe sin ó 00:01 go dtí 24:00 AUL, agus;
(d)coimeádfar ar bord é go dtí go mbeidh an soitheach díluchtaithe ar fad.
6.Déanfaidh gach soitheach tuarascálacha a tharchur chuig a Lár-Ionad Faireacháin Iascaigh maidir leis an méid seo a leanas, i gcomhréir leis an bhformáid agus leis an ábhar atá leagtha síos in Iarscríbhinn II.D agus in Iarscríbhinn II.F a ghabhann le CEM maidir le gach cineál tuairisce:
(a)gabháil ar dhul isteach (COE): cainníocht gach gabhála atá ar bord de réir speicis ar dhul isteach sa Limistéar Rialála don soitheach, agus déanfar sin a tharchur sé huaire an chloig roimh dhul isteach don soitheach ann;
(b)gabháil ar imeacht (COX): cainníocht gach gabhála atá ar bord de réir speicis ar imeacht ón Limistéar Rialála don soitheach, agus déanfar sin a tharchur sé huaire an chloig roimh imeacht an tsoithigh;
(c)tuarascáil maidir le gabhálacha (CAT): cainníocht na gabhála arna coinneáil agus cainníocht na speiceas arna haischur don lá roimh an tuarascáil, de réir Ranna, agus lena náirítear i gcás nárbh ann d'aon ghabháil, agus seolfar na sonraí sin go laethúil roimh 12:00 AUL; Gabhálacha nialais a choinnítear agus aischuir nialais de gach speiceas, déanfar iad a thuairisciú mar chód 3 alfa MZZ (speiceas muirí gan sonrú) agus mar chainníocht ‘0’ faoi mar a léirítear sna samplaí seo a leanas (//CA/MZZ 0// agus //RJ/MZZ 0//);
(d)gabháil ar bord (COB): i gcás gach soithigh atá ag iascach an tséacla Artaigh i Roinn 3L, roimh dul isteach i Roinn 3L dó agus roimh imeacht ón Roinn sin dó, a tharchur uair amháin an chloig roimh dó teorainn Roinn 3L a thrasnú;
(e)trasloingsiú (TRA):
(a)ó shoitheach deontóra, a tharchur ceithre huaire is fichid an chloig ar a laghad roimh an trasloingsithe; agus
(b)go dtí soitheach glactha, tráth nach déanaí ná uair amháin an chloig tar éis an trasloingsithe.
(f)calafort ina ndéantar an ghabháil a thabhairt i dtír: ag soitheach a fuair trasloingsiú ceathair huaire an chloig is fiche ar a laghad roimh aon tabhairt i dtír;
(g)gabháil speicis a liostaítear i Liosta Speiceas in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM ar lú ná 100 kg an beomheáchan iomlán atá ar bord, féadfar sin a thuairisciú trí bhíthin chód 3 alfa MZZ (speiceas muirí gan sonrú), ach amháin i gcás siorcanna. Déanfar gach siorc a thuairisciú ar leibhéal speiceas faoina chód 3 alfa comhfhreagrach, a mhéid agus is féidir. I gcásanna nach féidir tuairisciú speicis-oiriúnaithe a dhéanamh, déanfar speicis siorcanna thaifead mar shiorcanna móra (SHX) nó mar fhíogaigh (DGX), mar is iomchuí agus i gcomhréir leis na cóid 3 alfa a chuirtear i láthair in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM.
7.Féadfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 6 a chur ar ceal trí bhíthin na formáide a shonraítear in Iarscríbhinn II.F (8) a ghabhann le CEM. Más faoi réir ceartúcháin atá aon cheann de na tuarascálacha sin, seolfar tuarascáil nua gan mhoill i ndiaidh na tuarascála maidir le cealú laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo.
Cuirfidh lárionad faireacháin iascaigh (LFI) an Stáit bhrataí in iúl don Choimisiún gan mhoill go bhfuil glactha aige le cealú na tuarascála óna soithigh.
8.Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh a LFI, ar fháil na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 6 dó, go ndéanfaidh sé iad a tharchur go leictreonach chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II.D a ghabhann le CEM, agus go gcuirfear chun an Choimisiúin agus chun na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) iad chomh maith céanna.
9.Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:
(a)tuarascáil a thabhairt de réir speicis agus limistéir stoic maidir lena ghabhálacha míosúla sealadacha agus maidir lena laethanta iascaireachta míosúla sealadacha d'iascach an tséacla Artaigh 3M, bíodh leithdháiltí iarrachta aige i dtaobh na stoc ábhartha nó ná bíodh; Déanfaidh sé na tuarascálacha seo a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de 20 lá ó dheireadh na míosa féilire inar gabhadh an ghabháil;
(b)áiritheoidh sé go gcuirfear faisnéis logleabhair faoi bhráid an Choimisiún i bhformáid Teanga Mharcála Inbhreisithe (XML) nó i bhformáid comhaid Microsoft Excel, agus go bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II.N a ghabhann le CEM ann ar a laghad laistigh de 60 lá tar éis gach turas iascaireachta a bheith curtha i gcrích.
Airteagal 26
Córas um fhaireachán soithí (VMS)
1.Gach soitheach atá ag oibriú sa Limistéar Rialála, beidh sé feistithe le gaireas faireacháin satailíte arb acmhainn dó suíomh an tsoithigh a tharchur go huathoibríoch agus go leanúnach chuig a lárionad faireacháin iascaigh talamh-bhunaithe, uair amháin gach uair an chloig ar a laghad, mar aon leis na sonraí VMS seo a leanas:
(a)aitheantas soithigh ;
(b)suíomh is déanaí an tsoithigh, de réir de réir domhanleithid agus domhanfhaid, agus le lamháil earráide nach mó ná 500 meadar agus eatramh muiníne 99%;
(c)dáta agus am AUL a ndéanfar an suíomh a aimsiú; agus
(d)cúrsa/triall an tsoithigh agus an luas atá faoi.
2.Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú maidir lena LFI:
(a)go bhfaighidh sé na sonraí suímh dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfaidh sé iad a thaifeadadh trí bhíthin na cóid 3 litir:
(i)‘ENT’, an chéad suíomh VMS a tharchuireann gach soitheach ar theacht isteach sa Limistéar Rialála dó;
(ii)‘POS’, gach suíomh VMS ina dhiaidh sin a tharchuireann gach soitheach ó laistigh den Limistéar Rialála; agus
(iii)‘‘EXI’, an chéad suíomh VMS a tharchuireann gach soitheach ar imeacht ón Limistéar Rialála dó;
(b)go mbeidh sé feistithe le crua-earraí agus bogearraí ríomhaireachta i ndáil le sonraí a phróiseáil agus le sonraí a tharchur go leictreonach agus go gcuirfidh sé nósanna imeachta cúltaca agus aisghabhála i bhfeidhm agus déanfaidh sé na sonraí a gheofar ó shoithí eile a thaifead i bhfoirm atá inléite do ríomhairí a choinneoidh sé ar feadh trí bliana ar a laghad; agus
(c)go gcuirfidh sé in iúl don Choimisiún agus do EFCA gan mhoill ainm , seoladh, uimhir gutháin, teiléacs, ríomhphost nó uimhreacha facs a LFI agus gach athrú a dhéantar ina dhiaidh sin.
3.Beidh gach Ballstát freagrach as na costais go léir a bhaineann lena Chóras um Fhaireachán Soithí féin.
4.I gcás ina ndéanann cigire breathnóireacht ar shoitheach iascaireachta sa Limistéar Rialála agus nach bhfuil sonraí i gcomhréir le mír 1, mír 2 nó mír 8 faighte aige, cuirfidh an cigire sin an méid sin in iúl do mháistir an tsoithigh agus don Choimisiún.
5.I gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil gaireas faireacháin satailíte an tsoithigh lochtach nó neamh-fheidhmeach, déanfaidh an Ballstát a áirithiú go gcuirfear sin in iúl do mháistir nó d'úinéir an tsoithigh iascaireachta atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain aige nó dá ionadaí.
6.I gcás ina dteipeann ar an ngaireas faireacháin satailíte, déanfaidh an máistir a áirithiú go ndeiseofar é nó go gcuirfear gaireas nua ina ionad laistigh de mhí amháin tar éis na teipe sin, nó, i gcás ina maireann turas iascaireachta níos mó ná mí amháin, go ndéanfar an deisiú a chur i gcrích nó gaireas ionaid a sholáthar an chéad uair eile a shroichfidh an soitheach an calafort.
7.Ní cheadófar do shoitheach a bhfuil gaireas faireacháin satailíte lochtach air tús a chur le turas iascaireachta.
8.Gach soitheach atá ag oibriú le gaireas faireacháin satailíte lochtach, déanfaidh sé na sonraí suímh VMS a tharchur chuig a Bhallstát brataí uair amháin gach 4 huaire an chloig ar a laghad agus trí mhodh cumarsáide eile atá ar fáil, go háirithe, satailít, ríomhphost, raidió, facs nó teiléacs.
9.Áiritheoidh an Ballstát brataí an méid seo a leanas:
(a)go ndéanfaidh a LFI sonraí suímh VMS a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO agus go gcuirfear na sonraí céanna chuig an gCoimisiún agus EFCA, a luaithe agus is féidir, ach tráth nach déanaí ná 24 uair tar éis dó iad a fháil agus féadfaidh sé soithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a bheith ar foluain acu a údarú chun sonraí suímh VMS a tharchur go díreach chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO trí bhíthin satailíte, ríomhphoist, raidió, facs nó teiléacs; agus
(b)go mbeidh na sonraí suímh VMS arna dtarchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO i gcomhréir leis an bhformáid malartaithe sonraithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.E a ghabhann le CEM agus mar a chuirtear síos uirthi tuilleadh in Iarscríbhinn II.D a ghabhann le CEM.
10.Féadfaidh gach Ballstát sonraí VMS NAFO a úsáid le haghaidh cuardaithe agus tarrthála nó chun críche sábháilteachta muirí.
CAIBIDIL VI
SCÉIM BREATHNÓIRÍ
Airteagal 27
Clár breathnóirí
1.Faoi réir Airteagal 28(1) agus (2) den Rialachán seo ba cheart breathnóir neamhspleách neamhchlaonta amháin ar a laghad a bheith ar bord gach soithigh iascaireachta gach tráth sa Limistéar Rialála.
2.Cuirfidh gach Ballstát liosta chuig EFCA, ar liosta de na breathnóirí é a bhfuil sé beartaithe aige a imscaradh chuig na soithí atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus atá ag oibriú sa Limistéar Rialála. Cuirfidh EFCA liosta de na breathnóirí ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas.
3.Áiritheoidh gach Ballstát nach gcomhlíonfaidh na breathnóirí ar bord na soithí sin ach amháin na dualgais seo a leanas:
(a)faireachán ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, go háirithe iontrálacha logleabhair a fhíorú lena náirítear comhdhéanamh na gabhála de réir speicis, cainníochtaí, beomheáchain agus meáchan próiseáilte, agus tuarascálacha i dtaca le VSM agus fógairt;
(b)taifid mhionsonraithe a choinneáil ar ghníomhaíocht laethúil an tsoithigh cibé acu is soitheach iascaireachta é nó nach ea;
(c)maidir le gach dol, taifead a choimeád ar an gcineál fearais, ar an mogallmhéid, ar na feistis, ar na sonraí maidir leis an ngabháil agus leis an iarracht, ar na comhordanáidí, ar an doimhneacht, ar am tumtha an trealaimh ar an ngrinneall, ar chomhdhéanamh na gabhála, ar an ábhar muirí aischurtha agus ar an iasc atá róbheag a choinnítear;
(d)agus iascaireacht á déanamh i limistéir choiscthe na dtulán grinnill dá dtagraítear in Airteagal 18(1), na cainníochtaí go léir de gach speiceas táscach VME dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.E. a ghabhann le CEM a thuairisciú, le haghaidh gach dola, sa roinn nótaí tráchta de thuarascáil na mbreathnóirí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.M a ghabhann le CEM;
(e)faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais rianaithe satailíte agus aon bhriseadh nó cur isteach air sin a thuairisciú;
(f)cód réamhaontaithe a úsáid chun aon sárú ar an Rialachán a thuairisciú do shoitheach cigireachta laistigh de 24 uair an chloig;
(g)pé obair eolaíoch a dhéanamh a iarrfaidh an Coimisiún; agus
(h)a luaithe is féidir tar éis an Limistéar Rialála a fhágáil, agus ar a dhéanaí nuair a bhaineann an soitheach an calafort amach, an tuarascáil, a leagtar amach in Iarscríbhinn II.M a ghabhann le CEM a chur faoi bhráid an Bhallstáit brataí i bhformáid leictreonach agus, má dhéantar cigireacht sa chalafort, an tuarascáil a chur faoi bhráid an údaráis cigireachta calafoirt áitiúil. Cuirfidh an Ballstát brataí an tuarascáil ar aghaidh chuig an gCoimisiún, i bhformáid chomhaid Microsoft Excel laistigh de 25 lá tar éis don soitheach an calafort a bhaint amach. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.
4.Soláthróidh gach soitheach bia agus lóistín don bhreathnóir ar chaighdeán atá chomh maith céanna leis an gcaighdeán bia agus lóistín a sholáthraítear don chriú.
5.Déanfaidh an máistir pé comhar agus cúnamh is gá a thabhairt le cur ar chumas an bhreathnóra a dhualgais a dhéanamh. Áireofar sa chomhar sin pé rochtain is gá a thabhairt don bhreathnóir ar an ngabháil a choinnítear ar bord, lena náirítear pé gabháil a bheartóidh an soitheach a aischur.
6.I gcás nach mbeidh breathnóir ar bord soitheach iascaireachta dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh Páirtí Conarthach eile de chuid NAFO, le toiliú an Bhallstáit brataí, breathnóir a imscaradh chuig an soitheach a fhéadfaidh fanacht ar bord go ndéanfaidh an Ballstát brataí breathnóir a imscaradh chuig an soitheach.
7.Faoi réir aon socrú le Páirtí Conarthach eile de chuid NAFO, nó Ballstát eile, is ar gach Ballstát a bheidh na costais a bhaineann le gach breathnóir a bheidh imscartha aige a íoc.
Airteagal 28
Tuairisciú leictreonach
1.De mhaolú ar Airteagal 27(1), féadfaidh Ballstát breathnóirí a tharraingt siar ó shoithí i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá córais VMS fheidhmiúla ag soithí an Bhallstáit agus na háiseanna teicniúla is gá ar bord acu chun 'tuarascálacha breathnóirí' agus 'tuarascálacha gabhála' a sheoladh go leictreonach;
(b)rinneadh na háiseanna teicniúla sin a thástáil go rathúil le NAFO agus Páirtithe Conarthacha trí bhíthin malartuithe sonraí agus cigireacht á déanamh sa Limistéir Rialála.
2.Measfar go mbeidh rath ar thástáil an mhalartaithe sin i gcás ina gcuirfear malartuithe sonraí i gcrích leis na faighteoirí go léir de réir ráta iontaofachta 100%.
3.Déanfaidh Ballstát ag a bhfuil soitheach a chomhlíonann coinníollacha mhír 1 agus mhír 2 an breathnóir a tharraingt siar go ceann tréimhse nach faide ná 75% den tréimhse a chaitheann an soitheach sa Limistéar Rialála i gcaitheamh na bliana.
4.Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil sé beartaithe mír 1 go mír 3 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm:
(a)tráth nach déanaí ná 20 lá roimh thús a shéasúir iascaireachta, fógra a sheoladh chuig an gCoimisiún á rá go bhfuil an méid sin beartaithe aige, agus sula núdaróidh sé do shoitheach oibriú, ainm an tsoithigh sin chomh maith leis an tréimhse ama nach mbeidh breathnóir ar bord aige lena linn a sheoladh chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fógra ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas;
(b)áiritheoidh sé, maidir le gach iascach ina bhfuil na soithí iascaireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus atá ag oibriú i gcomhréir leis an Airteagal seo i mbun gníomhaíochta, go mbeidh cothromaíocht ann idir soithí iascaireachta ina bhfuil breathnóirí ar bord agus soithí iascaireachta nach bhfuil breathnóirí ar bord iontu.
5.I gcás ina neiseoidh cigire fógra sáraithe chuig soitheach iascaireachta a bhfuil an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm aige nach bhfuil breathnóir ar bord aige tráth an fhógra, measfaidh an Ballstát brataí gur sárú tromchúiseach é an sárú chun críche Airteagal 36(1) agus, i gcás nach gceanglóidh sé ar an soitheach iascaireachta dul láithreach chun calafoirt i gcomhréir le hAirteagal 36(3)(c)(i), déanfaidh sé breathnóir a imscaradh chuig an soitheach iascaireachta gan mhoill.
6.Déanfaidh gach Ballstát ag a mbeidh an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra gach bliain don bhliain féilire roimhe sin ina mbeidh faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
(a)comhlíonadh foriomlán agus go háirithe comparáid idir soithí a bhfuil agus nach bhfuil breathnóirí ar bord acu;
(b)costais nó coigilteas don tionscal agus d'údaráis an Bhallstáit (lena náirítear iad sin ina bhfuil cigireacht á déanamh);
(c)idirghníomhaíocht le modhanna rialaithe traidisiúnta; agus
(d)feidhmiú teicniúil na Scéime agus iontaofacht.
7.Seolfaidh an Coimisiún an tuarascáil chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.
8.Íocfaidh gach Ballstát a chostais féin a bhaineann leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
9.Déanfaidh an breathnóir ar bord soithigh ag a mbeidh an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm:
(a)i dteannta na ndualgas a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 27(3), tuarascáil breathnóirí a tharchur go laethúil agus i gcomhréir le hIarscríbhinn II.G a ghabhann le CEM chuig an lárionad faireacháin iascaigh (LFI) de chuid an Bhallstáit brataí agus déanfaidh an lárionad sin, tráth nach déanaí ná 12:00 AUL an lá tar éis an tuarascáil a fháil, í a tharchur chuig an gCoimisiún a chuirfidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í; agus
(b)i gcás ina ndéanfar aistriú sonraí leictreonacha a dhíchumasú, an tuarascáil a tharchur ar bhonn laethúil trí mheán eile agus loga scríofa a choinneáil a chuirfear ar fáil do chigirí na sonraí arna dtarchur amhlaidh.
10.Déanfaidh máistir soithigh ag a bhfuil an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm:
(a)i gcomhréir le hIarscríbhinn II.F(3) a ghabhann le CEM, an tuarascáil ghabhála a tharchur chuig LFI an Bhallstáit brataí go laethúil agus áiritheoidh sé go gcomhfhreagraíonn an ghabháil a thuairiscítear amhlaidh do na hiontrálacha logleabhair. Ansin déanfaidh LFI an tuarascáil a tharchur chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 12:00 AUL an lá tar éis an í a fháil agus seolfaidh an Coimisiún chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í; agus
(b)i gcás ina ndéanfar sonraí leictreonacha a dhíchumasú, an tuarascáil a tharchur ar bhonn laethúil trí mheán eile agus loga scríofa a choinneáil ar na sonraí arna dtarchur a chuirfear ar fáil do chigirí.
11.Sna tuarascálacha breathnóirí agus gabhála laethúla, leagfar amach de réir Ranna na méideanna gabhála a choinnítear ar bord de réir speicis, an ghabháil a aischuirtear agus an ghabháil atá róbheag.
CAIBIDIL VII
SCÉIM FAIREACHAIS AGUS CIGIREACHTA AR MUIR
Airteagal 29
Forálacha ginearálta
1.Déanfaidh EFCA na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta a chomhordú don Aontas. Féadfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, cláir faireachais agus chigireachta oibríochtúla chomhpháirteacha a leagan amach chun na críche sin, ('Scéim Faireachais agus Cigireachta Ar Muir', dá ngairtear 'an Scéim' anseo feasta). Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí i mbun gníomhaíocht i Limistéar Rialála an iascaigh na bearta is gá chun cur chun feidhme na gclár sin a éascú go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus leis na tréimhsí agus na criosanna ina núsáidfear na hacmhainní sin.
2.Na cigirí a bheidh sannta ag na Ballstáit agus a dtabharfar fógra do EFCA maidir leo tríd an Scéim, déanfaidh siad cigireacht agus faireachas.
3.Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le EFCA, trí chomhaontú frithpháirteach cigirí a bheidh sannta ag EFCA don Scéim a imscaradh chuig ardán cigireachta Páirtí Chonarthaigh eile de chuid NAFO.
4.Nuair atá breis agus 15 shoitheach iascaireachta de chuid na mBallstát i láthair sa Limistéar Rialála tráth ar bith, áiritheoidh EFCA agus na Ballstáit le linn na tréimhse sin:
(a)go mbeidh cigire nó údarás inniúil eile i láthair sa Limistéar Rialála; nó
(b)go mbeidh údarás inniúil i láthair i gcríoch Páirtí Chonarthaigh de chuid NAFO taobh leis an Limistéar Coinbhinsiúin;
(c)go bhfreagróidh na Ballstáit gan mhoill do gach fógra sáraithe sa Limistéar Rialála a thabharfaidh soitheach iascaireachta atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain.
5.Soláthróidh gach Ballstát atá rannpháirteach sa Scéim liosta do gach ardán cigireachta, ar theacht isteach sa Limistéar Rialála dó, ar liosta amharc agus bordála é a bheidh déanta aige sa tréimhse deich lá roimhe sin lena náirítear an dáta, na comhordanáidí agus aon fhaisnéis ábhartha eile.
6.Áiritheoidh gach Ballstát atá rannpháirteach sa Scéim, i gcomhar leis an gCoimisiún nó le EFCA, go gcoinneoidh gach ardán cigireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus atá ag oibriú sa Limistéar Rialála teagmháil shábháilte agus laethúil, i gcás inar féidir, le gach ardán cigireachta eile atá ag oibriú sa Limistéar Rialála, chun faisnéis riachtanach a mhalartú lena ngníomhaíochtaí a chomhordú.
7.Tabharfaidh cigirí a thugann cuairt ar shoitheach taighde stádas an tsoithigh dá naire agus déanfaidh siad na nósanna imeachta cigireachta a theorannú do na nósanna imeachta sin atá riachtanach chun a chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh ag an soitheach atá comhsheasmhach lena Phlean Taighde. I gcás ina mbeidh forais réasúnta ag na cigirí chun amhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh ag an soitheach nach bhfuil comhsheasmhach lena Phlean Taighde, ní mór an Coimisiún agus EFCA a chur ar an eolas láithreach faoi sin.
8.Áiritheoidh na Ballstáit go gcaithfidh a gcigirí go cothrom le soithigh atá ag oibriú sa Limistéar Rialála trí líon díréireach cigireachtaí a sheachaint ar shoithigh atá i dteideal bratach aon Pháirtí Chonarthaigh ar leith de chuid NAFO a chur ar foluain. Maidir le haon ráithe ar leith, beidh, a mhéid is féidir, líon na gcigireachtaí a dhéanfaidh cigirí Ballstáit ar shoithí atá i dteideal bratach Páirtí Chonarthaigh eile de chuid NAFO a chur ar foluain i gcomhréir le cion na gníomhaíochta iascaireachta iomláine sa Limistéar Rialála lena gcuimsítear, inter alia, líon na ngabhálacha agus na laethanta soithigh. Agus minicíocht na gcigireachtaí á gcinneadh, féadfaidh cigirí na patrúin iascaireachta agus taifead aon soithigh iascaireachta maidir le comhlíonadh a chur san áireamh.
9.Agus páirt á glacadh ag Ballstát sa Scéim, áiritheoidh sé, ach amháin nuair atá cigireacht á déanamh ar shoitheach iascaireachta aige atá i dteideal a bhratach féin a chur ar foluain i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, an méid seo a leanas maidir le cigirí agus le cigirí faoi oiliúint atá sannta don Scéim seo:
(a)beidh siad faoina rialú oibríochtúil;
(b)cuirfidh siad forálacha na Scéime seo chun feidhme;
(c)ní bheidh airm á niompar acu agus iad ag dul ar bord an tsoithigh;
(d)ní dhéanfaidh siad dlíthe ná rialacháin a bhaineann le huiscí an Aontais a fhorfheidhmiú;
(e)comhlíonfaidh siad rialacháin, nósanna imeachta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar go coitianta leo i ndáil le sábháilteacht an tsoithigh a bhfuil cigireacht á déanamh air agus i ndáil lena chriú;
(f)ní chuirfidh siad isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ná ar stuáil an táirge agus, a mhéid agus is féidir, seachnóidh siad gníomhaíocht a mbeadh drochthionchar aici ar an ngabháil ar bord; agus
(g)osclóidh siad coimeádáin ar mhodh lena néascaítear athshéalú, athphacáil agus athstóráil na gcoimeádán go pras ina dhiaidh sin.
10.Caithfear i modh rúin le gach tuarascáil chigireachta, faireachais agus imscrúdaithe dá dtagraítear anseo i gCaibidil VII agus le híomhánna nó le fianaise ghaolmhar, i gcomhréir le hIarscríbhinn II.B a ghabhann le CEM.
Airteagal 30
Ceanglais maidir le fógra
1.Déanfaidh gach Ballstát, tráth nach déanaí ná an 1 Samhain gach bliain, an fhaisnéis seo a leanas a chur chuig EFCA (agus an Coimisiún i gcóip) lena cur ar aghaidh chuig suíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas:
(a)faisnéis teagmhála an údaráis inniúil a ghníomhóidh mar an bpointe teagmhála chun críche fógra a thabhairt láithreach faoi sháruithe sa Limistéar Rialála, agus aon athruithe ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin, tráth nach déanaí ná 15 lá sula dtiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm;
(b)ainmneacha na gcigirí agus na gcigirí faoi oiliúint agus ainm, comhartha aitheantais raidió agus faisnéis teagmhála cumarsáide gach ardáin cigireachta a bheidh sannta aige don Scéim. Tabharfaidh sé fógra faoi athruithe ar na sonraí arna bhfógairt amhlaidh, aon uair is féidir, tráth nach déanaí ná 60 lá roimh ré.
2.Agus páirt á glacadh ag Ballstát sa Scéim, áiritheoidh sé go dtabharfar fógra do EFCA roimh ré faoi dháta, am tosaigh agus deireadh gach patróil arna dhéanamh ag an ardán cigireachta a bheidh sannta aige amhlaidh.
Airteagal 31
Nósanna imeachta faireachais
1.I gcás ina mbreathnóidh cigire ar shoitheach iascaireachta sa Limistéar Rialála atá i dteideal bratach Páirtí Chonarthaigh de chuid NAFO a chur ar foluain a bhfuil cúiseanna amhrasta ann go ndearnadh sárú dealraitheach ar an Rialachán seo, agus i gcás nach indéanta cigireacht a dhéanamh láithreach, déanfaidh an cigire an méid seo a leanas:
(a)comhlánóidh sé an Fhoirm maidir le Tuarascáil Faireachais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.A. a ghabhann le CEM. Más rud é go mbeidh meastóireacht déanta ag an gcigire ar a bhfuil i ndol ó thaobh toirte nó chomhdhéanamh na gabhála de, áiritheofar sa Tuarascáil Faireachais an fhaisnéis ábhartha go léir maidir le comhdhéanamh na tarraingthe agus déanfar tagairt don mhodh a úsáidtear i gcomhair na meastóireachta toirtmhéadraí;
(b)déanfaidh sé taifead d'íomhánna den soitheach agus den suíomh, den dáta agus den am a taifeadadh an íomhá; agus
(c)tarchuirfidh sé an Tuarascáil Faireachais mar aon le híomhánna gan mhoill agus go leictreonach chuig a údarás inniúil.
2.Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit a bhfuil an Tuarascáil Faireachais sin á fáil aige an méid seo a leanas gan mhoill:
(a)tarchuirfidh sé an Tuarascáil Faireachais chuig EFCA agus déanfaidh EFCA í a chur ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas lena tarchur chuig Páirtí Conarthach Stáit brataí an tsoithigh;
(b)tarchuirfidh sé cóip de na híomhánna arna dtaifeadadh chuig EFCA agus déanfaidh EFCA iad a tharchur chuig Páirtí Conarthach stáit brataí an tsoithigh nó chuig an mBallstát brataí murab ionann é agus an Ballstát is cigire;
(c)áiritheoidh sé slándáil agus leanúnachas na fianaise le haghaidh cigireachtaí ina dhiaidh sin.
3.Ar Thuarascáil Faireachais a fháil i dtaca le soitheach atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain, déanfaidh gach údarás inniúil de chuid na mBallstát pé imscrúdú is gá chun gníomhaíocht leantach iomchuí a chinneadh.
4.Cuirfidh gach Ballstát an tuarascáil imscrúdaithe chuig EFCA agus déanfaidh EFCA í a chur ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas agus cuirfidh sí chuig an gCoimisiún í.
Airteagal 32
Nósanna imeachta bordála agus imscrúdaithe le haghaidh Páirtithe Conarthacha
I dtaca le cigireacht arna déanamh faoin Scéim, áiritheoidh gach Ballstát an méid seo a leanas maidir lena chigirí:
(a)go dtabharfaidh siad fógra roimh bhordáil agus ar raidió don soitheach iascaireachta faoi ainm an ardáin cigireachta, ag baint úsáid as an gCód Idirnáisiúnta Comharthaí;
(b)go gcuirfidh siad an bhratainn a léirítear in Iarscríbhinn IV.E a ghabhann le CEM ar taispeáint ar an soitheach cigireachta agus ar an soitheach bordála;
(c)go náiritheoidh siad go mbeidh achar sábháilte idir an soitheach cigireachta agus na soithí iascaireachta le linn na bordála;
(d)nach gceanglóidh siad ar an soitheach iascaireachta stopadh ná ionramháil agus tarraingt, cur nó tarlú ar bun aige;
(e)go ndéanfaidh siad líon gach foirne cigireachta a theorannú do cheathrar cigirí ar a mhéad lena náirítear aon chigire faoi oiliúint a fhéadfaidh gabháil leis an bhfoireann cigireachta chun críocha oiliúna agus chun na gcríoch sin amháin. I gcás ina mbeidh cigire faoi oiliúint ag gabháil leis na cigirí, cuirfidh na cigirí an cigire faoi oiliúint in aithne don mháistir ag dul ar bord dóibh. Níl ann ach go mbreathnóidh an cigire faoi oiliúint ar an oibríocht cigireachta arna déanamh ag na cigirí údaraithe agus ní chuirfidh sé isteach ar aon slí ar ghníomhaíochtaí an tsoithigh iascaireachta;
(f)ar dhul ar bord an tsoithigh dóibh, go tabharfaidh siad don mháistir a ndoiciméid aitheantais i leith NAFO a d'eisigh Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO i gcomhréir le hAirteagal 32.3 (b) de CEM;
(g)go ndéanfaidh siad na cigireachtaí a theorannú do cheithre uair an chloig, nó don tréimhse ama is gá chun an líon a tharlú isteach agus cigireacht a dhéanamh ar an líon agus ar an ngabháil a iniúchadh, pé tréimhse ama is faide, ach amháin:
(i)i gcás sárú; nó
(ii)i gcás ina measfaidh an cigire go bhfuil cainníocht na gabhála ar bord éagsúil le cainníocht na gabhála arna taifeadadh sa logleabhar iascaireachta, agus sa chás sin, déanfaidh an cigire an chigireacht a theorannú d'uair bhreise d'fhonn ríomhanna agus nósanna imeachta a fhíorú, agus athscrúdú a dhéanamh ar na doiciméid ábhartha a úsáideadh chun an ghabháil a tógadh sa Limistéar Rialála mar aon leis an ngabháil ar bord an tsoithigh a ríomh;
(h)go mbaileoidh siad aon fhaisnéis ábhartha a sholáthróidh an breathnóir agus a úsáidfear chun comhlíonadh an Rialacháin a aithint.
Airteagal 33
Oibleagáidí an mháistir le linn cigireachta
Déanfaidh gach máistir ar shoitheach iascaireachta na bearta riachtanacha is gá chun cigireacht a éascú ar an dóigh seo a leanas:
(a)áiritheoidh sé, i gcás ina mbeidh comhartha tugtha ag soitheach cigireachta go bhfuiltear ar tí cigireacht a thosú, i gcás aon líon atáthar ar tí a tharlú, nach dtabharfar ar bord go ceann 30 nóiméad ar a laghad é tar éis don soitheach cigireachta an comhartha a thabhairt;
(b)ar iarraidh a fháil ó ardán cigireachta agus a mhéid agus is comhoiriúnach le dea-mhairnéalacht, éascóidh sé bordáil na gcigirí;
(c)soláthróidh sé dréimire bordála i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.G a ghabhann le CEM;
(d)áiritheoidh sé go mbeidh aon ardaitheoir meicniúil píolóta oiriúnach lena úsáid ar bhealach sábháilte lena náirítear rochtain shábháilte idir an tardaitheoir agus an deic;
(e)tabharfaidh sé rochtain do na cigirí ar gach limistéar ábhartha, ar dheiceanna agus ar sheomraí, ar ghabháil phróiseáilte agus neamhphróiseáilte, ar líonta nó ar fhearas eile, ar threalamh agus ar aon doiciméid ábhartha a mheasann siad is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú;
(f)taifeadfaidh sé, agus soláthróidh sé arna iarraidh sin, comhordanáidí a bhaineann le suíomhanna tosaigh agus deiridh aon tarraingthe trialach arna déanamh i ndáil le hAirteagal 8(1)(b)(iii);
(g)ar iarraidh a fháil ón gcigire, tabharfaidh sé doiciméid chlárúcháin, líníochtaí nó tuairiscí ar sheomraí éisc, logleabhair táirgthe agus pleananna stuála ar aird agus tabharfaidh sé pé cúnamh a cheanglóidh an cigire go réasúnta chun a chinntiú go bhfuil stuáil iarbhír na gabhála i gcomhréir leis an bplean stuála;
(h)ní chuirfidh sé isteach ar aon teagmháil idir na cigirí agus an breathnóir;
(i)déanfaidh sé pé gníomh is gá chun sláine aon séala atá feistithe ag na cigirí a chaomhnú agus chun sláine aon fhianaise atá fós ar bord a chaomhnú, go dtabharfaidh an Stát brataí a mhalairt de threoir dó;
(j)chun leanúnachas fianaise a dhaingniú, i gcás ina mbeidh séalaí feistithe agus/nó fianaise daingnithe, síneoidh sé roinn cuí na tuarascála cigireachta lena nadmhaítear socrú séalaí;
(k)scoirfidh sé den iascaireacht nuair a iarrann na cigirí air déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 36(2)(b);
(l)soláthróidh sé úsáid threalamh cumarsáide an tsoithigh arna iarraidh sin mar aon le seirbhísí a oibreora chun teachtaireachtaí a tharchur ionas go gcuirfidh na cigirí amach iad agus ionas go bhfaighidh siad iad;
(m)arna iarraidh sin do na cigirí, bainfidh sé aon chuid den fhearas iascaireachta ar dealraitheach nach bhfuil sé údaraithe faoin Rialachán;
(n)i gcás ina mbeidh aon iontrálacha déanta ag na cigirí sna logleabhair, tabharfaidh sé cóip de gach leathanach ina bhfuil iontráil den sórt sin don chigire, agus arna iarraidh sin do na cigirí, síneoidh sé gach leathanach le dearbhú gur cóip dheimhnithe í; agus
(o)nuair a iarrtar air scor den iascaireacht, ní atosóidh sé ar an iascaireacht:
(i)go mbeidh an chigireacht curtha i gcrích ag na cigirí agus aon fhianaise daingnithe acu, agus
(ii)go mbeidh roinn chuí na tuarascála cigireachta dá dtagraítear i mír (j) sínithe ag an máistir.
Airteagal 34
Tuarascáil chigireachta agus obair leantach
1.Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfidh a chigirí tuarascáil chigireachta i gcrích san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.B a ghabhann le CEM i ndáil le gach cigireacht.
2.Chun críche na tuarascála cigireachta:
(a)measfar gur turas iascaireachta reatha é turas iascaireachta i gcás ina mbeidh gabháil arna saothrú sa Limistéar Rialála le linn an turais ar bord an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air;
(b)agus comparáid á déanamh idir iontrálacha sa logleabhar táirgthe agus iontrálacha sa logleabhar iascaireachta, déanfaidh na cigirí meáchan táirgthe a choinbhéartú ina bheomheáchan de réir fachtóirí coinbhéartaithe arna núsáid ag an máistir;
(c)déanfaidh na cigirí an méid seo a leanas:
(a)déanfaidh siad achoimre ó thaifid logleabhair ar ghabháil an tsoithigh sa Limistéar Rialála de réir speicis agus Ranna i gcomhair an turais iascaireachta reatha;
(ii)déanfaidh siad taifead d'achoimrí i roinn 12 den tuarascáil chigireachta agus d'éagsúlachtaí idir an ghabháil arna taifeadadh agus a meastacháin ar an ngabháil ar bord i roinn 14.1 den tuarascáil chigireachta;
(iii)ar an gcigireacht a chur i gcrích, síneoidh siad an tuarascáil chigireachta agus cuirfidh siad an tuarascáil chigireachta faoi bhráid an mháistir chun í a shíniú agus barúil a thabhairt uirthi, agus cuirfidh siad faoi bhráid aon fhinné í ar mian leo ráiteas a chur isteach;
(iiii)tabharfaidh siad fógra láithreach dá núdarás inniúil agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis agus na híomhánna laistigh de 24 uair an chloig chuige, nó a luaithe agus is féidir; agus
(v)tabharfaidh siad cóip den tuarascáil don mháistir, agus luafaidh siad mar is cuí sa roinn iomchuí den tuarascáil chigireachta má dhiúltaigh an máistir a admháil go bhfuarthas í.
3.Déanfaidh an Ballstát is cigire an méid seo a leanas:
(a)cuirfidh sé an tuarascáil chigireachta ar muir chuig EFCA, más féidir laistigh de 20 lá ó rinneadh an chigireacht lena foilsiú ar an suíomh gréasáin um fhaireachán, rialú agus faireachas;
(b)comhlíonfaidh sé an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35(2), tar éis do na cigirí fógra sáraithe a eisiúint.
4.Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh an stádas fianaiseach céanna ag tuarascálacha cigireachta agus faireachais arna nullmhú ag cigirí NAFO chun fíorais i dtaca le tuarascálacha cigireachta agus faireachais a chigirí féin a shuíomh.
5.Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun nósanna imeachta breithiúnacha nó eile a éascú arna dtionscnamh mar obair leantach ar thuarascáil arna cur isteach ag cigire NAFO i gcomhréir leis an Scéim.
Airteagal 35
Nósanna imeachta i ndáil le sáruithe
1.Áiritheoidh gach Ballstát is cigire go ndéanfaidh a chigirí an méid seo a leanas ar shárú ar an Rialachán a bhrath:
(a)an sárú a thaifeadadh sa tuarascáil chigireachta;
(b)nodaireacht a iontráil agus a shíniú sa logleabhar iascaireachta nó i ndoiciméad ábhartha eile de chuid an tsoithigh a ndéantar cigireacht air ina léirítear an dáta, na comhordanáidí, agus cineál an tsáraithe, cóip a dhéanamh d'aon iontráil ábhartha agus a iarraidh go síneoidh an máistir gach leathanach chun a dheimhniú gur cóip dheimhnithe den doiciméad bunaidh í;
(c)íomhánna d'aon fhearas, gabháil nó fianaise eile a thaifeadadh a mheasann an cigire a bhfuil gá leo i ndáil leis an sárú;
(d)an séala cigireachta a léirítear i Séala Cigireachta NAFO a thugtar in Iarscríbhinn IV.F a ghabhann le CEM a fheistiú go daingean, mar is iomchuí, agus an gníomh a rinneadh agus sraithuimhir gach séala a nótáil sa tuarascáil chigireachta;
(e)iarraidh ar an máistir:
(i)chun leanúnachas cruthúnais agus fianaise a dhaingniú, an roinn iomchuí den tuarascáil chigireachta a shíniú lena nadmhaítear socrú séalaí, agus
(ii)ráiteas i scríbhinn a thabhairt sa roinn iomchuí den tuarascáil chigireachta;
(f)iarraidh ar an máistir aon chuid den fhearas iascaireachta ar dealraitheach nach bhfuil sé údaraithe faoin Rialachán a bhaint; agus
(g)i gcás inarb indéanta, fógra a thabhairt don bhreathnóir faoin sárú.
2.Déanfaidh an Ballstát is cigire an méid seo a leanas:
(a)laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a bhraitear sárú, fógra i scríbhinn faoin sárú arna thuairisciú ag a chigirí a tharchur chuig an gCoimisiún agus EFCA, a dhéanfaidh é a tharchur chuig údarás inniúil Pháirtí Conarthach an Stáit brataí nó chuig an mBallstát murab ionann é agus an Ballstát is cigire, agus chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO. San fhógra i scríbhinn áireofar an fhaisnéis arna hiontráil i bpointe 15 den Tuarascáil Chigireachta in Iarscríbhinn IV.B a ghabhann le CEM; luafar na bearta ábhartha ann agus tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an mbonn atá leis an bhfógra sáraithe a eisiúint, agus an fhianaise i dtaca leis an bhfógra; agus i gcás inar féidir, beidh íomhánna d'aon fhearas, gabháil nó fianaise eile a bhaineann leis an sárú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag gabháil leis;
(b)laistigh de 5 lá ón tráth a fhillfidh an soitheach cigireachta ar an gcalafort, tarchuirfidh sé an tuarascáil chigireachta chuig an gCoimisiún agus EFCA;
(c)cuirfidh EFCA ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas i bhformáid PDF í ina dhiaidh sin.
3.Déanfar an obair leantach i dtaca le sáruithe arna ndéanamh ag an mBallstát brataí i gcomhréir le forálacha Airteagal 37.
Airteagal 36
Nósanna imeachta breise le haghaidh sáruithe tromchúiseacha
1.Is sárú tromchúiseach é gach ceann de na sáruithe seo a leanas:
(a)iascaireacht a dhéanamh ar chuótaí 'eile' gan fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún rud atá contrártha d'Airteagal 5;
(b)iascaireacht a dhéanamh ar chuóta 'eile' breis agus cúig lá oibre tar éis chosc an iascaigh rud atá contrártha d'Airteagal 5;
(c)iascaireacht dhírithe a dhéanamh ar stoc atá faoi réir moratóra, nó a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh air, rud atá contrátha d'Airteagal 6;
(d)iascaireacht dhírithe a déanamh ar stoic nó ar speiceas tar éis an dáta a choiscfidh an Ballstát brataí an tiascach a mbeidh fógra tugtha don Choimisiún faoi, rud atá contrátha d'Airteagal 6;
(e)iascaireacht a dhéanamh i limistéar coiscthe, rud atá contrártha d'Airteagal 9(5) agus d'Airteagal 11;
(f)iascaireacht a dhéanamh le fearas iascaireachta grinnill i limistéar ina bhfuil cosc ar ghníomhaíochtaí iascaireachta grinnill, rud atá contrátha do Chaibidil III;
(g)mogallmhéid neamhúdaraithe a úsáid rud atá contrártha d'Airteagal 13;
(h)iascaireacht a dhéanamh gan údarú bailí;
(i)taifead neamhchruinn a dhéanamh de ghabhálacha, rud atá contrártha d'Airteagal 25;
(j)gan córas faireacháin satailíte a iompar ar bord nó cur isteach ar oibriú an chórais sin, rud atá contrártha d'Airteagal 26;
(k)gan teachtaireachtaí a bhaineann le gabháil a chur in iúl, rud atá contrártha d'Airteagal 10(3) nó d'Airteagal 25;
(l)bac a chur ar chigirí nó ar bhreathnóirí a ndualgais a chomhlíonadh nó imeagla a chur orthu, cur isteach orthu nó toirmeasc a chur orthu ar shlí eile na dualgais sin a chomhlíonadh;
(m)sárú a dhéanamh i gcás nach mbeidh aon bhreathnóir ar bord;
(n)fianaise a bhaineann le himscrúdú a cheilt, baint di nó í a chur de láimh, lena náirítear séalaí a bhriseadh nó baint díobh nó rochtain a fháil ar limistéir shéalaithe;
(o)doiciméid fhalsaithe a chur faoi bhráid cigire nó faisnéis bhréagach a thabhairt dó lena gcuirfí toirmeasc le sárú tromchúiseach a bhrath;
(p)tabhairt i dtír, trasloingsiú nó seirbhísí calafoirt eile a úsáid:
(i)i gcalafort nach bhfuil ainmnithe i gcomhréir le forálacha Airteagal 40(1); nó
(ii)gan údarú a fháil ón Stát calafoirt dá dtagraítear in Airteagal 40(6);
(q)gan forálacha Airteagal 42(1) a chomhlíonadh.
2.I gcás ina mbeidh soitheach á lua ag cigire toisc go ndearna sé sárú tromchúiseach, déanfaidh an sé an méid seo a leanas:
(a)déanfaidh sé gach beart is gá chun slándáil agus leanúnachas na fianaise a áirithiú, lena náirítear, mar is iomchuí, bolg agus/nó fearas iascaireachta an tsoithigh a shéalú le tuilleadh cigireachta a dhéanamh air;
(b)iarrfaidh sé go scoirfidh an máistir de gach gníomhaíocht iascaireachta ar dealraitheach go bhfuil sé ina sárú tromchúiseach; agus
(c)tabharfaidh sé fógra láithreach d'údarás inniúil an chigire, agus tarchuirfidh sé an fhaisnéis agus, i gcás inar féidir, na híomhánna comhfhreagracha dó, laistigh de 24 uair an chloig. Tabharfaidh an túdarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis sin fógra do Pháirtí Conarthach an stáit brataí nó don Bhallstát murab ionann é agus an Ballstát is cigire i gcomhréir le hAirteagal 35.
3.I gcás sárú tromchúiseach a bhaineann le soitheach atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain, déanfaidh na Ballstáit bhrataí an méid seo a leanas:
(a)admhóidh siad go bhfuarthas an fhaisnéis agus na híomhánna gaolmhara gan mhoill;
(b)áiritheoidh siad nach atosóidh an soitheach a ndéantar cigireacht air ar an iascaireacht go bhfaighfear fógra eile;
(c)úsáidfidh siad an fhaisnéis agus an tábhar uile atá ar fáil, déanfaidh siad athbhreithniú ar an gcás agus, laistigh de 72 uair an chloig:
(i)cuirfidh siad ceangal ar an soitheach dul láithreach chuig calafort chun go ndéanfar cigireacht iomlán faoina údarás, má dhealraíonn sé go ndearnadh aon cheann de na sáruithe tromchúiseacha seo a leanas:
–iascaireacht dhírithe ar stoc atá faoi réir moratóra;
–iascaireacht dhírithe ar stoc a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh air faoi Airteagal 6;
–taifead neamhchruinn de ghabháil, rud atá contrártha d'Airteagal 25; nó
–an sárú tromchúiseach céanna le linn tréimhse 6 mhí.
4.I gcás inarb é an sárú tromchúiseach a rinneadh ná taifead neamhchruinn a dhéanamh de ghabháil, leis an gcigireacht iomlán, áiritheofar go ndéanfar cigireacht fhisiciúil agus áireamh ar an ngabháil iomlán ar bord, de réir speicis agus Ranna.
5.San Airteagal seo, ciallaíonn 'taifead neamhchruinn a dhéanamh de ghabhálacha' difear 10 dtonna nó 20% ar a laghad a bheith i gceist, pé acu is mó, idir meastacháin na gcigirí ar an ngabháil arna próiseáil ar bord, de réir speicis nó san iomlán, agus na figiúirí arna dtaifeadadh sa logleabhar táirgthe, arna ríomh mar chéatadán de na figiúirí sa logleabhar táirgthe.
6.Faoi réir thoiliú an Bhallstáit brataí agus, ar choinníoll nach ionann é agus an Páirtí Conarthach de chuid NAFO arb é an stát calafoirt é, féadfaidh cigirí Páirtí Chonarthaigh eile páirt a ghlacadh i gcigireacht iomlán agus áireamh a dhéanamh ar an ngabháil.
7.Mura bhfuil feidhm ag mír 3(c) (i), déanfaidh an Ballstát brataí an méid seo a leanas:
(a)ligfidh sé don soitheach atosú ar an iascaireacht. I gcás den sórt sin, tabharfaidh an Ballstát brataí údar i scríbhinn don Choimisiún tráth nach déanaí ná 2 lá tar éis an fógra sáraithe a fháil agus déanfaidh an Coimisiún é a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO agus údar i dtaobh na cúise nár ordaíodh don soitheach dul chun calafoirt a bheidh ann; nó
(b)cuirfidh sé ceangal ar an soitheach dul láithreach chuig calafort chun go ndéanfar cigireacht iomlán, faoina údarás.
8.I gcás ina nordóidh an Ballstát brataí don soitheach a ndéantar cigireacht air dul chun calafoirt, féadfaidh na cigirí ar bord dul ar bord nó fanacht ar bord an tsoithigh fad a bheidh sé ag dul chun calafoirt, ar choinneáil nach gcuirfidh an Ballstát brataí ceangal ar an gcigire an soitheach a fhágáil.
Airteagal 37
Obair leantach ar sháruithe
1.I gcás ina ndéanfaidh soitheach a mbeidh bratach an Bhallstáit brataí ar foluain aige sárú, maidir leis an mBallstát brataí:
(a)déanfaidh sé cigireacht iomlán lena náirítear, i gcás inar gá, trí chigireacht fhisiciúil a dhéanamh ar an soitheach iascaireachta a luaithe agus is féidir;
(b)oibreoidh sé i gcomhar leis an bPáirtí Conarthach is cigire de chuid NAFO nó leis an mBallstát is cigire murab ionann é agus an Ballstát brataí chun an fhianaise agus an slabhra coimeádta a chaomhnú i bhfoirm lena néascófar imeachtaí i gcomhréir lena dhlíthe;
(c)déanfaidh sé gníomh breithiúnach nó riaracháin láithreach i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta i gcoinne na ndaoine atá freagrach as an soitheach; agus
(d)áiritheoidh sé go bhfuil na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe dian go leor chun comhlíonadh a áirithiú go héifeachtach, sáruithe nó athdhéanamh sáruithe a dhíspreagadh a thuilleadh agus na cosantóirí a choinneáil ó na sochair a fhabhraíonn ón sárú.
2.Ar an ngníomh agus na smachtbhannaí breithiúnacha nó riaracháin dá dtagraítear i mír 1(c) agus (d) féadfar an méid seo a leanas a áireamh, ach gan bheith teoranta dó sin, ag brath ar thromchúis an chiona agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
(a)fíneálacha;
(b)urghabháil an tsoithigh, fearas iascaireachta agus gabhálacha neamhdhleathacha;
(c)údarú chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh a chur ar fionraí nó a tharraingt siar; agus
(d)aon leithdháiltí iascaireachta a laghdú nó a chur ar ceal.
3.Áiritheoidh gach Ballstát brataí go gcaithfidh sé le gach fógra sáraithe amhail agus gurb iad a chigirí féin a thuairiscigh an sárú.
4.Tabharfaidh an Ballstát brataí agus an Ballstát calafoirt fógra láithreach don Choimisiún faoin méid seo a leanas:
(a)an gníomh agus na smachtbhannaí breithiúnacha nó riaracháin dá dtagraítear i mír 1(c) agus (d);
(b)a luaithe agus is féidir ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis tarlú sáraithe thromchúisigh, tuarascáil ina leagtar amach dul chun cinn an imscrúdaithe, lena náirítear mionsonraí faoi aon ghníomh a bheidh déanta nó tionscanta aige i ndáil leis an sárú; agus
(c)ar a imscrúdú a chur i gcrích, tuarascáil maidir leis an toradh deiridh.
Airteagal 38
Tuarascálacha na mBallstát maidir le cigireacht, faireachas agus sáruithe
1.Tabharfaidh gach Ballstát tuarascáil don Choimisiún agus do EFCA faoin 1 Feabhra go bliantúil. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil ansin do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO, i gcomhréir leis an Scéim, faoin méid seo a leanas:
(a)líon na gcigireachtaí a bheidh déanta sa bhliain féilire roimhe sin aige ar shoithí iascaireachta atá i dteideal bratach gach Ballstáit ar leith agus Páirtí Chonarthaigh eile de chuid NAFO a chur ar foluain;
(b)ainm gach soithigh iascaireachta faoina mbeidh fógra sáraithe eisithe ag a chigirí lena náirítear dáta agus suíomh na cigireachta agus cineál an tsáraithe;
(c)líon na nuaireanta a bheidh eitilte ag a aerárthaí faireachais ar patról, líon na namharc a bheidh déanta ag na haerárthaí sin, líon na dtuarascálacha faireachais a bheidh tarchurtha acu agus, i gcás gach tuarascála den sórt sin, dáta, am agus suíomh na namharc;
(d)an gníomh a bheidh déanta aige le linn na bliana roimhe sin, lena náirítear tuairisc ar théarmaí sonracha aon ghníomhartha nó smachtbhannaí breithiúnacha nó riaracháin arna bhforchur (e.g. méid na bhfíneálacha, luach an éisc agus/nó an fhearais a forghéilleadh, aon rabhaidh a tugadh i scríbhinn), i dtaca leis an méid seo a leanas:
(a)gach sárú a bheidh luaite ag cigire a bhaineann le soithí atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain; agus
(b)gach Tuarascáil Faireachais a bheidh faighte aige.
2.Léireofar stádas reatha an cháis sna tuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1. Leanfaidh an Ballstát de shárú den sórt sin a liostú i ngach tuarascáil ina dhiaidh sin go dtabharfaidh sé tuarascáil faoi thoradh deiridh an tsáraithe.
3.Soláthróidh Ballstát míniú a bheidh mionsonraithe go leor maidir le gach sárú nach mbeidh aon ghníomh déanta aige faoi nó nár forchuireadh aon phionóis ina leith.
CAIBIDIL VIII
RIALÚ AG STÁT AN CHALAFOIRT AR SHOITHÍ A BHFUIL BRATACH PÁIRTÍ CHONARTHAIGH EILE AR FOLUAIN ACU
Airteagal 39
Raon feidhme
Tá feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le tabhairt i dtír nó trasloingsiú arna dhéanamh ag soithí iascaireachta atá i dteideal bratach Páirtí Chonarthaigh eile de chuid NAFO a chur ar foluain nó maidir le calafoirt de chuid na mBallstát a bheidh in úsáid ag na soithí sin, ar soithí iad a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála. Tá feidhm ag na forálacha maidir le héisc a ghabhtar sa Limistéar Rialála, nó maidir le táirgí éisc a thagann uathu sin, nár tugadh i dtír nó nach ndearnadh a thrasloingsiú ag calafort roimhe sin.
Airteagal 40
Dualgais an Bhallstáit calafoirt
1.Tabharfaidh an Ballstát calafoirt liosta don Choimisiún agus do EFCA, ar liosta de na calafoirt ainmnithe é a bhféadfar cead isteach iontu a thabhairt do shoithí iascaireachta chun críche tabhairt i dtír, trasloingsiú agus/nó seirbhísí calafoirt a sholáthar, agus áiritheoidh sé a mhéid agus is féidir go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ag gach calafort ainmnithe cigireachtaí a dhéanamh de bhun na Caibidle seo. Cuirfidh an Coimisiún an liosta de na calafoirt ainmnithe ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus agus faireachas agus sin i bhformáid PDF. Aon athruithe a dhéanfar ar an liosta ina dhiaidh sin, foilseofar in ionad an liosta roimhe sin iad ar a laghad cúig lá dhéag sula dtiocfaidh an tathrú i bhfeidhm.
2.Leagfaidh an Ballstát calafoirt íostréimhse réamhiarrata síos. 3 lá oibre a bheidh san íostréimhse réamhiarrata roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach. Mar sin féin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát calafoirt forálacha a dhéanamh maidir le tréimhse réamhiarrata eile, agus cineál táirgthe na gabhála nó an tachar idir meánna agus a chalafoirt inter alia á gcur san áireamh. Tabharfaidh an Ballstát calafoirt an fhaisnéis faoin tréimhse réamhiarrata don Choimisiún agus cuirfidh sé ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas i bhformáid PDF í.
3.Ainmneoidh an Ballstát calafoirt an túdarás inniúil a ghníomhóidh mar an pointe teagmhála chun iarrataí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 42, dearbhuithe a fháil i gcomhréir le hAirteagal 41(2) agus údaruithe a eisiúint i gcomhréir le mír 6. Tabharfaidh an Ballstát calafoirt ainm an údaráis inniúil agus a fhaisnéis teagmhála don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i bhformáid PDF ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas.
4.Níl feidhm ag ceanglais mhír 1, mhír 2 ná mhír 3 i gcás nach gceadóidh an tAontas Eorpach tabhairt i dtír ná trasloingsiú arna dhéanamh ag soithí atá i dteideal bratach Páirtí Chonarthaigh eile de chuid NAFO a chur ar foluain nó i gcás nach gceadóidh an tAontas do shoithí calafoirt a úsáid.
5.Cuirfidh an Ballstát calafoirt cóip den fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 42 (1) agus (2) gan mhoill chuig an bPáirtí Conarthach brataí de chuid NAFO lena mbaineann an soitheach agus chuig an bPáirtí Conarthach de chuid NAFO lena mbaineann soithí deontóra i gcás ina mbeidh oibríochtaí trasloingsithe déanta ag an soitheach.
6.Ní fhéadfaidh soithí iascaireachta dul isteach i gcalafort gan údarú a fháil ó údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt roimh ré. Ní thabharfar údarú tabhairt i dtír ná trasloingsiú a dhéanamh ach amháin má fuarthas an dearbhú ón bPáirtí Conarthach brataí de chuid NAFO dá dtagraítear in Airteagal 41(2).
7.De mhaolú ar mhír 6, féadfaidh an Ballstát calafoirt tabhairt i dtír iomlán nó cuid de a údarú gan an dearbhú dá dtagraítear sa mhír sin a fháil faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)coimeádfar na héisc lena mbaineann i stóras faoi rialú na núdarás inniúil;
(b)ní scaoilfear na héisc le haghaidh a ndíolta, a nathshealbhaithe, a dtáirgthe ná a niompartha, go bhfaighfear an dearbhú dá dtagraítear i mír 6;
(c)mura mbeidh an dearbhú faighte laistigh de 14 lá tar éis an tabhairt i dtír, féadfaidh an Ballstát calafoirt na héisc a choigistiú agus a dhiúscairt i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta.
8.Tabharfaidh an Ballstát calafoirt fógra do mháistir an tsoithigh iascaireachta gan mhoill faoina chinneadh i dtaobh dul isteach i gcalafort a údarú nó a dhiúltú, nó más rud é go mbeidh an soitheach i gcalafort, i dtaobh tabhairt i dtír, trasloingsiú agus aon úsáid eile a bhainfí as calafort a údarú nó a dhiúltú. Má údaraítear dul isteach i gcalafort, cuirfidh an Ballstát calafoirt cóip den Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt ar ais chuig an máistir, ar cóip í atá in Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM agus Cuid C comhlánaithe go cuí. Seolfar an chóip sin chuig an gCoimisiún gan mhoill freisin lena cur ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas. I gcás diúltú, tabharfaidh an Ballstát calafoirt fógra don Pháirtí Conarthach brataí de chuid NAFO freisin.
9.I gcás ina gcuirfear an réamhiarraidh dá dtagraítear in Airteagal 42(2) ar ceal, déanfaidh an Ballstát calafoirt cóip den Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt a cuireadh ar ceal a sheoladh chuig an gCoimisiún lena cur ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas agus lena tarchur go huathoibríoch chuig an bPáirtí Conarthach brataí de chuid NAFO.
10.Ach amháin má cheanglaítear a mhalairt i bplean téarnaimh, déanfaidh an Ballstát calafoirt cigireachtaí ar 15 % ar a laghad de gach tabhairt i dtír nó trasloingsiú den sórt sin le linn gach bliana tuairiscithe. Agus na soithí a dhéanfar cigireacht orthu á gcinneadh, tabharfaidh an Ballstát calafoirt tosaíocht don mhéid seo a leanas:
(a)soithí ar diúltaíodh dóibh cheana dul isteach i gcalafort nó úsáid a bhaint as i gcomhréir leis an gCaibidil seo nó le haon fhorálacha eile de na Rialacháin; agus
(b)iarrataí ó Pháirtithe Conarthacha eile de chuid NAFO, ó Stáit eile nó ó Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistíochta Iascaigh ('ERBInna') eile go ndéanfaí cigireacht ar shoitheach ar leith.
11.Beidh cigireachtaí i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.H a ghabhann le CEM agus is iad cigirí údaraithe de chuid na mBallstát calafoirt a dhéanfaidh iad agus a thabharfaidh doiciméid aitheantais do mháistir an tsoithigh roimh an gcigireacht.
12.Faoi réir chomhaontú an Bhallstáit calafoirt, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do chigirí Páirtithe Conarthacha eile de chuid NAFO a bheith i gcuideachta a gcigirí féin agus breathnú ar an gcigireacht.
13.Is éard a bheidh i gceist le cigireacht i gcalafort faireachán a dhéanamh ar thabhairt i dtír nó ar thrasloingsiú iomlán acmhainní iascaigh sa chalafort sin. Le linn aon chigireacht den sórt sin, déanfaidh cigire an chalafoirt an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)cros-seiceáil ar an méid seo a leanas i gcoinne cainníochtaí gach speicis arna thabhairt i dtír nó arna thrasloingsiú,
(i)na cainníochtaí de réir speicis arna thaifeadadh sa logleabhar;
(ii)tuarascálacha gabhála agus gníomhaíochta; agus
(iii)an fhaisnéis go léir faoi ghabhálacha arna soláthar sna foirmeacha réamhfhógra in Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM – na Foirmeacha Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt;
(b)na cainníochtaí a fhíorú agus a thaifeadadh de réir speicis gabhála a bheidh fágtha ar bord ar thabhairt i dtír nó ar thrasloingsiú a chur i gcrích;
(c)aon fhaisnéis a fuarthas mar gheall ar chigireachtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Caibidil VII a fhíorú;
(d)gach líon ar bord a fhíorú agus tomhais mogallmhéide a thaifeadadh;
(e)méid an éisc a fhíorú chun go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais maidir leis an íosmhéid.
14.Déanfaidh an Ballstát calafoirt, más féidir, teagmháil leis an máistir nó le baill shinsearacha an chriú sa soitheach agus leis an mbreathnóir, agus áiritheoidh sé, a mhéid is féidir agus is gá, go mbeidh ateangaire in éineacht leis an gcigire.
15.Más féidir, ní chuirfidh an Ballstát calafoirt moill mhíchuí ar an soitheach iascaireachta agus áiritheoidh sé go mbeidh an oiread is lú den chur isteach nó den mhíchaoithiúlacht ann don soitheach, lena náirítear díghrádú ar cháilíocht an éisc nach bhfuil gá leis a sheachaint.
16.Déanfar gach cigireacht a dhoiciméadú trí fhoirm PSC 3 (an fhoirm chigireachta i leith Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt) a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM a chomhlánú. Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa phróiseas a bhaineann leis an Tuarascáil Chigireachta i leith Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt:
(a)aithneoidh agus tabharfaidh na cigirí mionsonraí i dtaobh aon sárú ar an Rialachán a bhraithfear le linn na cigireachta calafoirt. Ar na mionsonraí sin, áireofar an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe arna mbrath ar muir le linn thuras reatha an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht;
(b)féadfaidh na cigirí aon nótaí tráchta a chur isteach a mheasann siad a bheith ábhartha;
(c)tabharfar an deis don mháistir nótaí tráchta nó agóid ina haghaidh a chur leis an tuarascáil agus, de réir mar is iomchuí, tabharfar an deis dó dul i dteagmháil le húdaráis ábhartha an Stáit brataí, go háirithe má bhíonn fíordheacrachtaí aige ábhar na tuarascála a thuiscint;
(d)síneoidh na cigirí an tuarascáil agus iarrfaidh siad go síneoidh an máistir an tuarascáil. Ní bheidh i síniú an mháistir ar an tuarascáil ach admháil go bhfuair sé cóip den tuarascáil;
(e)tabharfar cóip do mháistir an tsoithigh ina mbeidh toradh na cigireachta, lena náirítear bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh.
17.Déanfaidh an Ballstát calafoirt cóip de gach tuarascáil chigireachta i leith Rialú arna dhéanamh ag Stát calafoirt a sheoladh gan mhoill chuig an gCoimisiún agus chuig EFCA. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chigireachta i bhformáid PDF ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas, lena tarchur go huathoibríoch chuig an bPáirtí Conarthach de chuid NAFO arb é an Stát brataí é agus chuig Stát brataí aon soithigh a mbeidh gabháil trasloingsithe aige chuig an soitheach iascaireachta a rinneadh cigireacht air.
Airteagal 41
Dualgais an Bhallstáit brataí
1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh máistir aon soithigh iascaireachta atá i dteideal a mbratach a chur ar foluain na hoibleagáidí a bhaineann le máistrí a leagtar amach in Airteagal 42.
2.Déanfaidh Ballstát soithigh iascaireachta a bhfuil sé beartaithe aige tabhairt i dtír nó trasloingsiú a dhéanamh, nó i gcás ina mbeidh oibríochtaí trasloingsithe déanta lasmuigh de chalafort ag an soitheach, an méid seo a leanas a dhearbhú trí chóip den fhoirm a chur ar ais, is é sin, an Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt, Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM, arna tarchur i gcomhréir le hAirteagal 40(5) agus cuid B comhlánaithe go cuí, agus luafaidh sé:
(a)go raibh cuóta leordhóthanach don speiceas dearbhaithe ag an soitheach iascaireachta a dhearbhaigh gur ghabh sé an tiasc;
(b)gur tuairiscíodh go cuí an chainníocht éisc a dearbhaíodh a bheith ar bord de réir speicis agus gur cuireadh san áireamh í le haghaidh aon teorainneacha a ríomh a d’fhéadfadh a bheith infheidhme i leith na gabhála nó na hiarrachta;
(c)go raibh údarú chun iascaireacht a dhéanamh sna limistéir dhearbhaithe ag an soitheach iascaireachta a dhearbhaigh gurb é a ghabh an tiasc; agus
(d)go ndearnadh láithreacht an tsoithigh sa limistéar inar dhearbhaigh sé gur ghabh sé a ghabháil a fhíorú trí shonraí VMS.
3.Seolfaidh an Ballstát faisnéis teagmhála an údaráis inniúil chuig an gCoimisiún agus gníomhóidh sé mar an pointe teagmhála chun iarrataí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 40(5), agus chun dearbhú a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 40(6). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i bhformáid PDF ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas.
Airteagal 42
Oibleagáidí máistir soithigh iascaireachta
1.Déanfaidh máistir nó gníomhaire aon soithigh iascaireacht a bhfuil sé beartaithe aige dul isteach i gcalafort an iarraidh ar dhul isteach a chur ar aghaidh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt laistigh den tréimhse iarrata dá dtagraítear in Airteagal 40(2). Beidh an Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt ag gabháil leis an iarraidh sin, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM Cuid A agus í comhlánaithe go cuí mar a leanas:
(a)Úsáidfear an Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt, PSC 1, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.L.A a ghabhann le CEM i gcás ina mbeidh a ghabháil féin á hiompar, á tabhairt i dtír nó á trasloingsiú ag an soitheach; agus
(b)Úsáidfear an Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt, PSC 2, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.L.B a ghabhann le CEM i gcás ina mbeidh oibríochtaí trasloingsithe déanta ag an soitheach. Úsáidfear foirm ar leith le haghaidh gach soithigh deontóra;
(c)Comhlánófar an dá fhoirm, PSC 1 agus PSC 2, i gcásanna ina ndéanfaidh soitheach a ghabháil féin agus gabháil a fuarthas trí thrasloingsiú a iompar, a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú.
2.Féadfaidh máistir nó gníomhaire réamhiarraidh a chur ar ceal trí fhógra a thabhairt d'údaráis inniúla an chalafoirt a raibh sé beartaithe acu a úsáid. Beidh ag gabháil leis an iarraidh cóip den Fhoirm Réamhiarrata bhunaidh ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt, Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM a mbeidh na focail 'ar ceal' scríofa trasna uirthi.
3.Ní thosóidh máistir soithigh iascaireachta oibríochtaí maidir le tabhairt i gcrích ná le trasloingsiú sula mbeidh an tam teachta measta arna thuairisciú in PSC1 nó in PSC2 dulta in éag. Mar sin féin, féadfar oibríochtaí maidir le tabhairt i gcrích nó le trasloingsiú a thosú roimh an am teachta measta ach cead a fháil ó údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt.
4.Déanfaidh máistir soithigh iascaireachta mar a leanas:
(a)comhoibreoidh sé agus tabharfaidh sé cúnamh agus cigireacht á déanamh ar an soitheach iascaireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin agus ní chuirfidh sé bac ná imeagla ar chigirí an Stáit calafoirt agus iad i mbun a ndualgas ná ní chuirfidh sé isteach orthu;
(b)tabharfaidh sé rochtain d'aon limistéir, deiceanna, seomraí, gabháil, líonta nó fearas nó trealamh eile, agus tabharfaidh sé aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh cigirí an Stáit calafoirt lena náirítear cóipeanna d'aon doiciméid ábhartha.
Airteagal 43
Sáruithe arna mbrath le linn cigireachtaí i gcalafort
I gcás ina ndéanfar sárú a bhrath le linn cigireacht ar shoitheach i gcalafort, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 35 go hAirteagal 38.
Airteagal 44
Rúndacht
Déileálfaidh na Ballstáit, na húdaráis inniúla, na hoibreoirí, máistrí na soitheach agus an criú le gach tuarascáil chigireachta agus imscrúdaithe agus íomhá nó fianaise ghaolmhar agus foirm dá dtagraítear sa Chaibidil seo mar fhaisnéis rúnda, i gcomhréir le hIarscríbhinn II.B a ghabhann le CEM.
CAIBIDIL IX
SCÉIM AN PHÁIRTÍ NEAMHCHONARTHAIGH (PN)
Airteagal 45
Iascaireacht NNN a thoimhdiú
1.Toimhdeofar gur bhain soitheach PN an bonn d'éifeachtacht an Rialacháin, agus go ndearna sé iascaireacht NNN, más rud é:
(a)go bhfuarthas amharc air nó gur aithníodh é ar mhodh eile mar shoitheach a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála;
(b)go raibh baint aige le trasloingsiú le soitheach PN eile a bhfuarthas amharc air nó a aithníodh mar shoitheach a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den Limistéar Rialála nó lasmuigh de; agus/nó
(c)gur cuireadh san áireamh ar an liosta NNN é de chuid an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘NEAFC’).
Airteagal 46
Amharc a fháil ar shoithí PN agus cigireacht a dhéanamh orthu sa Limistéar Rialála
1.Gach Ballstát a dhéanann cigireacht agus/nó faireachas sa Limistéar Rialála atá údaraithe faoin Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach agus a fhaigheann amharc ar shoitheach PN a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála nó a aithníonn ceann, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a)tarchuirfidh sé an fhaisnéis láithreach don Choimisiún agus úsáid á baint as an tuarascáil faireachais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.A a ghabhann le CEM;
(b)déanfaidh sé iarracht a chur in iúl don Mháistir go dtoimhdítear go bhfuil iascaireacht NNN á déanamh ag an soitheach agus go ndéanfar an fhaisnéis sin a dháileadh ar gach Páirtí Conarthach, ar ERBInna ábhartha agus ar Stát brataí an tsoithigh;
(c)más iomchuí, iarrfaidh sé cead ón Máistir dul ar bord an tsoithigh chun cigireacht a dhéanamh air; agus
(d)i gcás ina naontóidh an Máistir le cigireacht:
(i)déanfaidh sé torthaí an chigire a tharchur chuig an gCoimisiún gan mhoill agus úsáid á baint as an bhfoirm maidir le tuarascáil chigireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.B a ghabhann le CEM; agus
(ii)tabharfaidh sé cóip den tuarascáil chigireachta don Mháistir.
Airteagal 47
Dul isteach i gcalafort agus cigireacht a dhéanamh ar shoithigh PN
1.Iarrfaidh gach Máistir ar shoitheach PN cead ó údarás inniúil an Bhallstáit calafoirt dul isteach i gcalafort i gcomhréir le forálacha Airteagal 42.
2.Déanfaidh gach Ballstát calafoirt na nithe seo a leanas:
(a)an fhaisnéis a bheidh faighte aige de bhun Airteagal 42 a chur ar aghaidh chuig Stát brataí an tsoithigh agus chuig an gCoimisiún gan mhoill;
(b)dul isteach i gcalafort a dhiúltú d'aon soitheach PN i gcás:
(i)nach mbeidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42(1) comhlíonta aige; nó
(ii)nár dhearbhaigh an Stát brataí gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh i gcomhréir le hAirteagal 41(2);
(c)a chinneadh a chur in iúl don Mháistir nó don ghníomhaire, do Stát brataí an tsoithigh sin, agus don Choimisiún ar cinneadh é i leith cead dul isteach i gcalafort, tabhairt i dtír, trasloingsiú, nó úsáid eile a bhainfeadh aon soitheach PN as calafort, a dhiúltú;
(d)diúltú dul isteach i gcalafort a tharraingt siar ach amháin má chinn an Stát calafoirt go bhfuil cruthúnas leordhóthanach ann nach raibh na forais ar ar diúltaíodh dul isteach leordhóthanach nó go raibh siad earráideach nó nach raibh feidhm ag na forais sin a thuilleadh;
(e)a chinneadh a chur in iúl don Mháistir nó don ghníomhaire, do Stát brataí an tsoithigh sin, agus don Choimisiún, ar cinneadh é maidir le diúltú a tharraingt siar i leith dul isteach i gcalafort, tabhairt i dtír, trasloingsiú nó úsáid eile a bhainfeadh aon soitheach PN as calafort;
(f)i gcás ina gceadóidh sé dul isteach, áiritheoidh sé go ndéanfaidh oifigigh atá údaraithe go cuí agus a bhfuil eolas acu ar an Rialachán cigireacht ar an soitheach agus go ndéanfar an chigireacht i gcomhréir le hAirteagal 40 (11)–(17); agus
(g)cóip den tuarascáil chigireachta agus mionsonraí i dtaobh aon ghníomh a rinne sé ina dhiaidh sin a sheoladh chuig an gCoimisiún gan mhoill.
3.Áiritheoidh gach Ballstát nach ndéanfaidh aon soitheach PN oibríochtaí tabhairt i gcrích, nó trasloingsithe ná nach mbainfidh sé aon úsáid eile as a chalafoirt ach amháin má rinne a oifigigh atá údaraithe go cuí agus a bhfuil eolas acu ar an Rialachán cigireacht ar an soitheach agus má shuíonn an Máistir go ndearnadh an speiceas éisc ar bord a shaothrú faoi réir Choinbhinsiún NAFO lasmuigh den Limistéar Rialála nó i gcomhréir leis an Rialachán.
Airteagal 48
Liosta Sealadach de Shoithí NNN
1.I dteannta faisnéis a chuir na Ballstáit isteach i gcomhréir le hAirteagal 43 agus le hAirteagal 45, féadfaidh gach Ballstát aon fhaisnéis a tharchur chuig an gCoimisiún gan mhoill, ar faisnéis í a fhéadfaidh a bheith ina cúnamh le haon soitheach PN a d'fhéadfadh a bheith i mbun iascaireacht NNN sa Limistéar Rialála a aithint.
2.Má dhéanann Páirtí Conarthach agóid i gcoinne soitheach atá ar an liosta soitheach NNN de chuid NEAFC a ionchorprú ar an Liosta Soitheach NNN de chuid NAFO nó a bhaint de, cuirfidh Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO an soitheach sin ar an Liosta Sealadach de Shoithí NNN.
Airteagal 49
Gníomh a dhéanamh i gcoinne na soitheach a liostaítear ar an Liosta Soitheach NNN
(1)Déanfaidh gach Ballstát na bearta uile is gá chun iascaireacht NNN a dhíspreagadh, a thoirmeasc agus a dhíothú, i ndáil le gach soitheach a liostaítear ar an Liosta Soitheach NNN, lena náirítear:
(a)toirmeasc a chur le gach soitheach atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain, ach amháin i gcás force majeure, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta leis na soithí sin, lena náirítear ach gan bheith teoranta d'oibríochtaí iascaireachta comhpháirteacha;
(b)toirmeasc a chur le soláthairtí, breosla nó seirbhísí eile a chur ar fáil do na soithí sin;
(c)toirmeasc a chur leis na soithí sin dul isteach ina gcalafoirt, agus más i gcalafort atá an soitheach, toirmeasc a chur le húsáid an chalafoirt, ach amháin i gcás force majeure, éigeantais, chun críche cigireacht a dhéanamh, nó chun gníomh forfheidhmithe iomchuí a dhéanamh;
(d)athrú criú a thoirmeasc, ach amháin mar is gá i ndáil le force majeure;
(e)diúltú údarú a thabhairt do na soithí sin iascaireacht a dhéanamh in uiscí faoina ndlínse náisiúnta;
(f)toirmeasc a chur le cairtfhostú na soithí sin;
(g)diúltú teideal a thabhairt do na soithí sin a mbratach a chur ar foluain;
(h)toirmeasc a chur ar thabhairt i gcrích agus allmhairiú éisc a thagann ó na soithí sin nó atá inrianaithe chucu;
(i)spreagadh a thabhairt d'allmhaireoirí, d'iompróirí agus d'earnálacha eile lena mbaineann, gan trasloingsiú éisc a chaibidliú leis na soithí sin; agus
(j)aon fhaisnéis iomchuí maidir leis na soithí sin a bhailiú agus a mhalartú leis na Páirtithe Conarthacha eile, leis na Páirtithe Neamhchonarthacha agus leis na ERBInna agus é mar aidhm leis úsáid deimhnithe bréagacha allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin a bhrath, a dhíspreagadh agus a thoirmeasc i ndáil le héisc nó le táirge éisc ó na soithí sin.
CAIBIDIL X
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 50
Tuarascáil bhliantúil
1.Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, agus sa tuarascáil sin, beidh faisnéis maidir le hiascaigh, taighde, staidreamh, bainistíocht, gníomhaíochtaí cigireachta agus aon fhaisnéis bhreise de réir mar is iomchuí.
2.Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis maidir leis na céimeanna a glacadh chun foghabhálacha a mhaolú agus ábhar aischurtha a laghdú, agus maidir le haon taighde ábhartha sa réimse sin.
3.Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear a thiomsú agus a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht Feidhmiúcháin NAFO gan mhoill.
Airteagal 51
Rúndacht
I dteannta na noibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 112 agus Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, áiritheoidh na Ballstáit gur i modh rúin a dhéileálfar leis na tuarascálacha leictreonacha agus leis na teachtaireachtaí leictreonacha a tharchuirfear chuig NAFO agus a gheofar uaidh de bhun Airteagail 4(3)(a), 22(5), 22(6), 25(7), 27(2), agus 27(4).
Airteagal 52
An nós imeachta i gcomhair leasuithe
1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)Airteagal 4(3), (5) agus (7), Airteagal 6(1)(c) agus (g), Airteagal 6(2), Airteagal 9(5)(b), Airteagal 10(1)(c) agus (e), Airteagal 10(2)(a), Airteagal 20(2)(a), Airteagal 22(5)(a), Airteagal 25(8)(a) agus (b), Airteagal 27(2)(h), Airteagal 28(5)(a), Airteagal 28(7), Airteagal 30(1)(a) agus (b), Airteagal 34(3)(a), Airteagal 36(1)(b), Airteagal 36(3)(c)(ii), Airteagal 38(1), Airteagal 38(2)(b), Airteagal 40(1), (2) agus (7), agus Airteagal 50(1), maidir leis na spriocdhátaí chun faisnéis nó iarrataí eile a thuairisciú nó a chur isteach;
(b)sainmhínithe in Airteagal 3;
(c)an liosta de ghníomhaíochtaí toirmiscthe soithí taighde in Airteagal 4(2);
(d)teorainneacha áirithe gabhála agus iarrachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(c), (d), agus (f);
(e)dualgais a bhaineann le hiascaigh a chosc in Airteagal 6;
(f)cásanna a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 7(2) ina ndéanfar speicis a liostaítear i ndeiseanna iascaireachta a aicmiú mar fhoghabháil agus na huaschainníochtaí éisc atá sonraithe lena gcoinneáil ar bord i gcomhair speicis a aicmítear mar fhoghabháil i gcomhréir le hAirteagal 7(3);
(g)cásanna ina sáraíonn teorainneacha foghabhála in aon dol ar leith na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 8(1)(b), bearta a bhaineann le hiascaireacht sciata in Airteagal 8(3);
(h)bearta a fhorordaítear in Airteagal 9 i ndáil le limistéir iascaireachta ina bhfuil an séacla Artach; tuairisciú ábhartha, athrú iascaigh, doimhneachtaí iascaireachta agus tagairtí do limistéir srianta nó choiscthe;
(i)nósanna imeachta i dtaca le soithí a bhfuil breis agus 50 tonna beomheáchain de ghabháil iomlán ar bord acu agus a théann isteach i Limistéar Rialála NAFO chun iascaireacht a dhéanamh ar an haileabó Graonlannach i dtaca le hinneachar na bhfógraí a fhorordaítear in Airteagal 10(2)(a) agus (b), agus coinníollacha chun iascaireacht a thosú dá bhforordaítear in Airteagal 10(2)(d);
(j)cosc i dtaca le cúrsaí geografacha agus ama le haghaidh an tséacla Artaigh in Airteagal 11;
(k)bearta caomhnaithe siorcanna lena náirítear tuairisciú, cosc ar eití siorca a bhaint ar bord agus cosc ar choinneáil, ar thrasloingsiú agus ar thabhairt i dtír in Airteagal 12(1);
(l)saintréithe teicniúla faoi mhogallmhéideanna in Airteagal 13(2), agus úsáid greillí agus grátaí sórtála i gcomhair an tséacla Artaigh in Airteagal 14(3);
(m)forálacha i dtaca le hathruithe ar an Léarscáil Loirg, Pointí Teorann lena Línítear Taobh Thoir an Loirg in Airteagal 17, lena náirítear limistéir nua a chur isteach;
(n)forálacha i dtaca le hathruithe ar limistéir shrianta a líniú agus dátaí coiscthe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill, lena náirítear limistéir nua a chur isteach in Airteagal 18;
(o)forálacha i dtaca le sainmhíniú ar theagmháil le speiceas táscach VME in Airteagal 21(1), dualgais breathnóra arna imscaradh faoi Airteagal 21(4)(b);
(p)inneachar an tarchuir leictreonaigh in Airteagal 22(5), liosta de dhoiciméid bhailí atá le hiompar ar bord soithigh de réir Airteagal 22(8) agus inneachar an phlean acmhainne a bhfuil tuairisc air in Airteagal 22(10);
(q)doiciméid atá le hiompar ar bord soithigh i gcomhréir le socruithe maidir le cairtfhostú in Airteagal 23(9);
(r)oibleagáidí i dtaca le húsáid logleabhar iascaireachta, logleabhar táirgthe agus pleananna stuála arna mbunú i mír (2), (3) agus (5) d'Airteagal 25 faoi seach, mar aon leis an gceanglas a bhaineann le tuarascálacha leictreonacha in Airteagal 25(6) agus dualgais i dtaca le gabhálacha míosúla sealadacha a thuairisciú, lena náirítear an fhoirm agus an spriocdháta tarchuir a fhorordaítear in Airteagal 25(8);
(s)sonraí VMS nach mór a bheith tarchurtha go huathoibríoch agus go leanúnach i gcomhréir le mír (1) d'Airteagal 26, agus na dualgais i dtaca le lárionad faireacháin iascaigh arna mbunú i mír (2) agus (9) d'Airteagal 26;
(t)forálacha maidir le tuairisciú leictreonach, le rátaí céatadáin, le hinneachar tuarascálacha de chuid na mBallstát, le dualgais breathnóra agus le máistir an tsoithigh atá in Airteagal 28(3), (4), (6), (9) agus (10) faoi seach;
(u)inneachar na bhfógraí in Airteagal 30(1);
(v)oibleagáidí an mháistir le linn cigireachta arna mbunú in Airteagal 33;
(w)dualgais cigirí agus Ballstáit is cigire i mír (2)(c) agus (3) faoi seach d'Airteagal 34;
(x)dualgais Ballstát is cigirí i mír (1) agus mír (2) d'Airteagal 35;
(y)liosta sáruithe arb ionann iad agus sáruithe tromchúiseacha in Airteagal 36(1), dualgais cigirí in Airteagal 36(2) agus dualgais an Bhallstáit brataí in Airteagal 36(3);
(``)dualgais an Bhallstáit calafoirt in Airteagal 40;
(aa)oibleagáidí máistir soithigh iascaireachta in Airteagal 42(1);
(bb) oibleagáidí cigireachta Ballstát calafoirt a bhaineann le soithí PN in Airteagal 47(2);
(cc)liosta beart atá le déanamh ag na Ballstáit i gcoinne na soithí atá ar an liosta NNN in Airteagal 49; agus
(dd) oibleagáid tuairiscithe bhliantúil in Airteagal 50.
2.Beidh leasuithe a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 teoranta go docht d'achtú leasuithe ar CEM i ndlí an Aontais.
Airteagal 53
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 52 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón [ll/mm/bbbb]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 52 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 52 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 54
Codanna áirithe de CEM a chur chun feidhme mar aon leis na hIarscríbhinní a ghabhann leo
1.Beidh na codanna de CEM agus na hIarscríbhinní a ghabhann leo dá dtagraítear sna forálacha seo a leanas den Rialachán seo infheidhme go díreach i ngach Ballstát agus infhorfheidhmithe i gcoinne daoine nádúrtha agus dlítheanacha ar an bhfichiú lá tar éis an fhoilsithe dá dtagraítear i mír (2):
(a)Airteagal 3(17), (21) agus (29);
(b)Airteagal 4(3)(a);
(c)Airteagal 9(1), (4) agus (5);
(d)Airteagal 10(1)(e);
(e)Airteagal 13(1), (2)(d);
(f)Airteagal 14(2) agus (3);
(g)Airteagal 16(1) agus (2);
(h)Airteagal 17;
(i)Airteagal 18(1) go (4);
(j)Airteagal 19(1), (2)(a) agus (d);
(k)Airteagal 20(2)(b);
(l)Airteagal 21(2) agus (4)(a);
(m)Airteagal 22(1)(a) agus (b), (5)(a);
(n)Airteagal 22(5)(a)(b);
(o)Airteagal 24(1)(b) agus (e);
(p)Airteagal 25(2) agus (6), (6)(g), (7), (8), (9)(b);
(q)Airteagal 26(9)(b);
(r)Airteagal 27(3)(d) agus (h);
(s)Airteagal 28(9)(a), (10)(a);
(t)Airteagal 29(10);
(u)Airteagal 31(1)(a);
(v)Airteagal 32(b);
(w)Airteagal 33(c);
(x)Airteagal 34(1);
(y)Airteagal 35(1)(d), (2)(a);
(``)Airteagal 40(8), (11), (13)(a)(iii) agus (16);
(aa)Airteagal 41(2);
(bb)Airteagal 42(1), (1)(a)(b) agus (2);
(cc)Airteagal 43;
(dd)Airteagal 44; agus
(ee)Airteagal 46(1)(a) agus (d).
2.Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na codanna de CEM agus na hIarscríbhinní a ghabhann leo dá dtagraítear i mír (1) laistigh de mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh athruithe a dhéantar ina dhiaidh sin ar chodanna de CEM agus ar Iarscríbhinní a ghabhann leo a foilsíodh cheana, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, laistigh de mhí tar éis do na hathruithe sin teacht chun bheith ina gceangal ar an Aontas agus ar na Ballstáit.
Airteagal 55
Aisghairm
Déantar Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1386/2007 a aisghairm leis seo.
Airteagal 56
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán