Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0567

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

COM/2018/567 final

An Bhruiséil,1.8.2018

COM(2018) 567 final

2018/0298(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Fágann sin, mura ndaingneofar comhaontú um tharraingt siar ina leagfar síos dáta eile, go scoirfidh dlí uile an Aontais, idir phríomhúil agus tánaisteach, d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019, (“dáta an tarraingt siar”). As sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.

Faoi réir aon socrú idirthréimhseach a d’fhéadfadh a bheith i gcomhaontú um tharraingt siar, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag reachtaíocht iompair muirí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe. Ar na réimsí de dhlí an Aontais a ndéanfar difear dóibh, tá an taitheantas a thugtar ar leibhéal an Aontais d'eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí chun cigireacht agus suirbhéireacht a dhéanamh ar longa atá faoi bhratach na mBallstát (“eagraíochtaí aitheanta”).

Go sonrach, le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 1 (“an Rialachán”), ceanglaítear ar eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge atá aitheanta ar leibhéal an Aontais ag an gCoimisiún dul faoi mheasúnú, gach dhá bhliain ar a laghad, ag an gCoimisiún i gcomhar leis an mBallstát a chuir isteach an chéad iarratas ar aitheantas ar an eagraíocht. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an dóigh chéanna ar eagraíochtaí ar thug an Ballstát ábhartha aitheantas dóibh ar dtús faoin reachtaíocht roimhe seo agus a bhfuil aitheantas ón Aontas acu faoi láthair faoi Airteagal 15(1) den Rialachán. Dá thoradh sin, an chéad Bhallstát a thug aitheantas do na heagraíochtaí sin faoi Airteagal 15(1), ba cheart a mheas gurb é sin an Ballstát “urraíochta” a ghlacann páirt i measúnú an Choimisiúin faoi Airteagal 8(1) den Rialachán.

Ina theannta sin, d’fhonn go leanfaidh na heagraíochtaí aitheanta d’aitheantas ón Aontas a bheith acu, leanann sé ó Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán nach mór do na heagraíochtaí sin leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na níoschritéar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán. Fíoraítear sin tríd an athmheasúnú leanúnach a dhéanann an Coimisiún agus an Ballstát “urraíochta” faoi Airteagal 8(1).

Ón uair a tharraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas, ní bheidh sí in ann páirt a ghlacadh a thuilleadh sna measúnuithe a dhéantar de bhun Airteagal 8(1) den Rialachán ar na heagraíochtaí sin a bhfuil an Ríocht Aontaithe ag gníomhú mar Bhallstát “urraíochta” acu. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfí amhras ar bhailíocht leanúnach an aitheantais ar na heagraíochtaí sin ar leibhéal an Aontais agus nach bhféadfaí an taitheantas a shoiléiriú le deimhneacht dhlíthiúil leordhóthanach faoi na forálacha den Rialachán atá ann cheana.

Mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, d’fhéadfadh sé go gcaillfeadh eagraíochtaí aitheantas ón Aontas agus d’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith aige sin d’iomaíochas agus do mhealltacht bratacha de chuid na 27 mBallstát den Aontas a thug údarás do na heagraíochtaí aitheanta sin gníomhú thar a gceann chun cigireacht, suirbhéireacht agus deimhniú reachtúil loinge a dhéanamh. Tá comhaontuithe údaraithe le formhór 27 mBallstát an Aontais ag na heagraíochtaí aitheanta dá ndéantar difear faoi láthair agus, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, ní bheidh na Ballstáit in ann úsáid a bhaint as na heagraíochtaí aitheanta sin le haghaidh a gcabhlach faoi bhratach. San am céanna, beidh longúinéirí a úsáideann na heagraíochtaí sin chun críocha aicmithe freisin i gcruachás sa mhéid go mbeidh orthu rogha a dhéanamh idir bratach a loinge a athrú go bratach de chuid tíre nach Ballstát den Aontas í nó dul sa seans go sárófaí na conarthaí príobháideacha atá acu faoi láthair leis na heagraíochtaí ábhartha le haghaidh aicmiú a gcuid long.

Is é is aidhm don togra seo deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, leanúnachas gnó a áirithiú do na longúinéirí dá ndéanfar difear agus iomaíochas bhratacha 27 mBallstát an Aontais a choinneáil.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá gá leis an togra seo mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus tá a raon feidhme teoranta d’aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí ábhartha. Níl aon athrú ar phríomhchuspóirí beartais an Rialacháin.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tagann an togra seo go hiomlán le sainordú na Comhairle maidir leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe i dtaca lena tarraingt siar as an Aontas.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 100(2) den CFAE.

•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Leasófaí leis an ngníomh atá beartaithe ábhar gnímh de chuid an Aontais atá ann cheana agus, dá bharr sin, ní fhéadfaí sin a dhéanamh ach trí bhíthin beart ar leibhéal an Aontais.

•Comhréireacht

Meastar go bhfuil an togra comhréireach mar go ndéantar foráil leis maidir leis an athrú dlíthiúil is gá gan dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a ghnóthú, is é sin deireadh a chur leis an neamhdheimhneacht dhlíthiúil arna cruthú ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Foráiltear leis maidir leis na leasuithe dlíthiúla is gá d’fhonn iomaíochas bhratacha 27 mBallstát an Aontais a choimirciú.

•An rogha ionstraime

Ós rud é go leasaítear leis an ngníomh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é an leasú atá beartaithe an taon fhoirm leordhóthanach amháin is féidir a úsáid.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Na fadhbanna i dtaca leis an bpróiseas athmheasúnaithe a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, cuireadh iad in iúl do na páirtithe leasmhara lena mbaineann trí fhógra ón gCoimisiún maidir le hiompar muirí 2 .

Tugadh deis do na páirtithe leasmhara lena mbaineann agus do na Ballstáit aiseolas a thabhairt faoin tionscnamh atá beartaithe tríd an tairseach um Rialáil Níos Fearr (“Nocht do thuairim”) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ar feadh dhá sheachtain.

Le linn na tréimhse aiseolais ón 28 Meitheamh go dtí an 12 Iúil 2018, thug páirtí leasmhar amháin barúlacha uaidh. Léiríodh dearcadh dearfach, ar an iomlán, i leith an chuspóra maidir le tuilleadh deimhneacht dhlíthiúil agus soiléire a chruthú leis an togra atá beartaithe agus maidir le hiomaíochas longúinéirí 27 mBallstát an Aontais a choinneáil. Cuireadh an taiseolas san áireamh mar ábhar ábhartha agus an togra á dhréachtú.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Bailíodh aiseolas agus saineolas teicniúil ó na páirtithe leasmhara, ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí. Mar bhonn taca leis an togra chomh maith, bhí anailís dlí ar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe i réimse beartais na neagraíochtaí aitheanta.

•Measúnú tionchair

Faoi na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, níl gá le measúnú tionchair mar nach meastar go mbeidh tionchar suntasach ag an mbeart atá beartaithe agus níl aon rogha bheartais eile ann atá éagsúil ó thaobh ábhair de seachas an rogha atá á beartú.

•Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bhaineann le hábhar.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Chun a mheas an bhfuil an cuspóir thuas gnóthaithe ag an tionscnamh seo gan aon iarmhairt neamhbheartaithe a chruthú don iomaíocht, tugadh isteach clásal athbhreithnithe in Airteagal 2 den Rialachán.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é is aidhm don togra deireadh a chur leis an neamhdheimhneacht dhlíthiúil arna cruthú ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe i ndáil le bailíocht leanúnach an aitheantais d'eagraíochtaí a ngníomhaíonn an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát “urraíochta” acu i measúnú an Choimisiúin. Leis sin, d’fhéadfaí leanúint de na socruithe atá ann cheana idir na heagraíochtaí agus an chuid sin de 27 mBallstát an Aontais a bhfuil comhaontuithe údaraithe sínithe acu, agus, dá réir sin, bheadh na heagraíochtaí sin in ann cigireachtaí agus suirbhéireachtaí loinge a dhéanamh thar ceann na mBallstát, agus sábháilteacht á caomhnú gan bhriseadh san am céanna.

Leis an mbeart reachtach atá beartaithe, leasófar Airteagal 8(1) den Rialachán tríd an gceanglas reatha a ionadú, rud a fhágfaidh gurb é an Ballstát “urraíochta” amháin a ghlacfaidh páirt sa phróiseas measúnaithe rialta arna ndéanamh ag an gCoimisiún, trí rannpháirtíocht a thabhairt isteach d’aon Bhallstát a thug údarás do cheann de na heagraíochtaí aitheanta. Leis sin, ní hamháin go bhféadadh an Ballstát “urraíochta” an measúnú a dhéanamh ach d’fhéadfadh an Coimisiún é a dhéanamh i gcomhar le haon Bhallstát a thug údarás don eagraíocht aitheanta ábhartha gníomhú thar a cheann chun críocha Airteagal 3(2) de Rialachán 2009/15/CE 3 .

Roghnaíodh an réiteach thuas mar an bealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla chun aghaidh a thabhairt ar an neamhdheimhneacht dhlíthiúil a chruthaigh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe i réimse na neagraíochtaí aitheanta. Leis an ngníomh atá beartaithe, chuirfí deireadh leis an neamhdheimhneacht dhlíthiúil sin ar bhealach neamh-idirdhealaitheach le haghaidh na mBallstát a thug údarás d'eagraíochtaí aitheanta gníomhú thar a gceann.

Sa bhreis air sin, gnóthaítear leis an togra an cuspóir maidir le leanúnachas gnó a choimirciú agus coinneofar iomaíochas bhratacha 27 mBallstát an Aontais a oibríonn leis na heagraíochtaí dá ndéantar difear.

Is na hiarmhairtí díobhálacha do bhratacha na 27 mBallstát a d’fhéadfadh eascairt ó tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, agus ar na hiarmhairtí sin amháin, ba cheart a réiteach leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar éifeachtaí an Rialacháin tar éis tréimhse cur i bhfeidhm leordhóthanach, go háirithe d’fhonn aon iarmhairt a d’fhéadfadh dul thar raon feidhme an Rialacháin seo a aithint.

2018/0298 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 4 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 5 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá réir sin, mura leagfar síos dáta eile i gcomhaontú tarraingt siar, nó mura ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, dáta eile a leagan síos d'aon ghuth, scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019. As sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.

(2)Is iad Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 6 agus Treoir 2009/15/CE 7 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le chéile an creat rialála le haghaidh gníomhaíochtaí na neagraíochtaí aitheanta cigireachta, suirbhéireachta agus deimhniúcháin loinge.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát a chuir isteach an tiarratas ábhartha ar aitheantas don eagraíocht, measúnú ar eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge atá aitheanta ar leibhéal an Aontais ag an gCoimisiún (“eagraíochtaí aitheanta”) ar bhonn rialta agus gach dhá bhliain ar a laghad.

(4)Ar mhaithe leis an gcóir chomhionann, na heagraíochtaí sin ar thug an Ballstát ábhartha aitheantas dóibh ar dtús i gcomhréir le Treoir 94/57/CE 8 ón gComhairle, agus a bhfuil aitheantas ón Aontas acu faoi láthair faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an mBallstát a thug an taitheantas dóibh ar dtús, measúnú a dhéanamh ar na heagraíochtaí sin.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, d’fhonn nach mbainfear an taitheantas ón Aontas d'eagraíochtaí aitheanta, ní mór dóibh leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na níoschritéar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Fíoraítear sin leis an measúnú leanúnach a dhéanann an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009. Dá réir sin, tá ról tábhachtach ag measúnuithe rialta i dtaca le haitheantas leanúnach eagraíochtaí.

(6)Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ní bheidh sí in ann páirt a ghlacadh a thuilleadh sna measúnuithe a dhéantar de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009.

(7)Na heagraíochtaí aitheanta ar thug an Ríocht Aontaithe aitheantas dóibh ar dtús, tá aitheantas ón Aontas acu faoi láthair agus tá cúraimí a bhaineann le cigireacht, suirbhéireacht agus deimhniú loinge tugtha ag Ballstáit eile dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2009/15/CE. Is gá, dá réir sin, Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a leasú chun a áirithiú go leanfaidh na heagraíochtaí sin de bheith faoi réir measúnú i gcomhréir le ceanglais na forála sin.

(8)Is gá, freisin, na hoibleagáidí faireacháin agus maoirseachta atá le comhlíonadh ag na Ballstáit faoi láthair faoi Airteagal 9 de Rialachán 2009/15/CE a chur san áireamh. I dtaca leis sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an mBallstát nó leis na Ballstáit a thug údarás don eagraíocht aitheanta ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2009/15/CE, an measúnú a dhéanamh ar eagraíochtaí aitheanta faoi Rialachán (CE) Uimh. 391/2009.

(9)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát nó leis na Ballstáit a thug údarás do na heagraíochtaí aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2009/15/CE, measúnú ar gach eagraíocht aitheanta ar bhonn rialta agus ar a laghad gach dhá bhliain chun a fhíorú go bhfuil na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus na híoschritéir atá leagtha amach in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh acu. Teorannófar an measúnú do ghníomhaíochtaí sin na neagraíochtaí aitheanta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.”

Airteagal 2

Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le héifeachtaí an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).
(2)    “Fógra do pháirtithe leasmhara — Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus Rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le réimse an iompair muirí”, https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/legislation/brexit-notice-to-stakeholders-maritime-transport.pdf
(3)    Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (IO L 131, 2009, lch. 47).
(4)    IO C , , lch. .
(5)    IO C , , lch. .
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).
(7)    Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (IO L 131, 2009, lch. 47).
(8)    Treoir 94/57/CE ón gComhairle an 22 Samhain 1994 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (IO L 319, 12.12.1994, lch. 20).
Top