Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0442

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an clár 'Custaim' chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim

    COM/2018/442 final - 2018/0232 (COD)

    An Bhruiséil,8.6.2018

    COM(2018) 442 final

    2018/0232(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear an clár 'Custaim' chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim

    {SEC(2018) 295 final}
    {SWD(2018) 321 final}
    {SWD(2018) 322 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    An 2 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún pacáiste maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile don tréimhse 2021-2027 1 . Mhol an Coimisiún buiséad nua, nua-aimseartha agus fadtéarmach, agus é go mór in oiriúint do thosaíochtaí polaitiúla Aontas an 27. Leis an mbuiséad atá beartaithe nasctar ionstraimí nua le cláir nuachóirithe chun tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach go héifeachtúil. Agus é ag cur leis na bunsraitheanna sin, tá clár nua Custaim á mholadh ag an gCoimisiún faoin gceannteideal buiséid “Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach”. Leis an gclár sin, tacófar le hobair údarás custaim agus le comhar eatarthu mar a thuairiscítear sa Teachtaireacht a ghabhann leis an togra le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2 .

    Foráiltear leis an togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe á rá go bhfuil sé ar intinn ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Forais agus cuspóirí an togra

    Ar feadh 50 bliana, is eiseamláir shuntasach é an taontas custaim de lánpháirtiú rathúil san Aontas Eorpach. Tá sé ar cheann den líon beag réimsí d’inniúlacht eisiach AE nach mbeifí in ann teorainneacha inmheánacha a dhíothú dá uireasa. Tá AE ar an mbloc trádála is mó ar domhan agus tá sciar 15% de thrádáil iomlán an domhain aige. Tá líon iomlán na ndearbhuithe custaim de shíor ag fás le cúig bliana anuas agus baineadh amach leibhéal 313 milliún in 2016 nó 10 ndearbhú in aghaidh an tsoicind, agus is go leictreonach a dhéantar 98% de na dearbhuithe custaim.

    Cuidíonn údaráis chustaim le leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint, agus, sa ról atá acu mar chaomhnóirí theorainn sheachtrach AE d'earraí, cosnaíonn siad an pobal freisin ar bhagairtí sceimhlitheoireachta, sláinte, comhshaoil agus ar bhagairtí eile. Cuireann údaráis chustaim liosta de bhreis agus 60 reachtaíocht neamhchustaim i bhfeidhm a bhaineann, inter alia, le hearraí dé-úsáide, le hairm thine, le réamhtheachtaithe drugaí, le gluaiseacht airgid, le cearta maoine intleachtúla, le sláinte phoiblí, le sábháilteacht táirgí, le cosaint tomhaltóirí agus le cosaint an fhiadhúlra agus an chomhshaoil. Tá ról ríthábhachtach ag údaráis chustaim freisin i dtaca le sláine an tslabhra soláthair a áirithiú agus cosc a chur ar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a gcistí a ghluaiseacht faoi shaoirse. Beidh Córas Rialaithe Allmhairí 2 (ICS2) a bheith ann amach anseo le haghaidh bainistiú riosca custaim ina rannchuidiú cinnte le slándáil an Aontais, a shaoránaigh agus a ghnólachtaí. Ina theannta sin, de dheasca dúshláin nua a thagann chun cinn trí theicneolaíochtaí a athraíonn go tapa (digitiú, nascacht, idirlíon na rudaí nithiúla, blocshlabhra) agus samhlacha gnó (ríomhthráchtáil, optamú an tslabhra soláthair), acmhainní poiblí airgeadais laghdaithe, méideanna méadaitheacha trádála domhanda agus bagairt sheasta coireachta trasteorann agus slándála, cuirtear de shíor leis an mbrú i dtaca le feidhmíocht an aontais custaim a fheabhsú agus méadaítear raon na gcúraimí atá le déanamh ag lucht riaracháin custaim.

    Ó 2016 i leith, is é Cód Custaim an Aontais an creat custaim dlíthiúil nua. Is iad príomhspriocanna Chód Custaim an Aontais deireadh a chur le nósanna imeachta páipéarbhunaithe agus digitiú idirghníomhaíochtaí idir lucht trádála agus custaim, mar aon le bainistiú riosca a threisiú d’fhonn faisnéis lasta a chur ar aghaidh. Dá réir sin, spreag Cód Custaim an Aontais tionscadal digitithe ollmhór agus beidh 17 gcóras leictreonacha éagsúla i bhfeidhm den chuid is mó faoi 2020. Bainfear úsáid de réir a chéile as roinnt córas go dtí 2025. Baineann na córais leictreonacha seo le gach nós imeachta custaim agus mar sin beidh siad i gcroílár fheidhmiú an aontais chustaim. Nuair a chuirfear Cód Custaim an Aontais chun feidhme ina iomláine, cuirfidh feabhas ar iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa agus athbhunófar cothromaíocht thábhachtach idir rialuithe custaim agus éascú sreabhaidh dhlisteanaigh earraí idirthurais nó earraí a thugtar isteach san Aontas nó a chuirtear amach as.

    Tugtar scaoileadh na Ríochta Aontaithe ó na córais leictreonacha custaim uile atá maoinithe ag Custam 2020 le tuiscint ó tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE atá ag teacht chun cinn. Ní féidir na himpleachtaí ná na costais sin a mheas go beacht, áfach, agus dá bhrí sin ní chumhdaítear sa pháipéar seo iad toisc go bhfuiltear fós nach mór go hiomlán dall orthu tráth seo na caibidlíochta idir AE agus an Ríocht Aontaithe.

    Níl ach aon bhealach amháin chun na gnéithe sin uile a chur chun feidhme is é sin dlúthchomhar oibríochtúil idir lucht riaracháin custaim na mBallstát, eatarthu féin agus údaráis eile, le lucht trádála agus tríú páirtithe eile. Leis an gclár atá beartaithe, is é sin an clár a thiocfaidh i gcomharbacht ar an gclár Custam 2020, tacófar le comhar i réimse an chustaim.

    Déanfar comhar custaim agus fothú acmhainneachta a chnuasach de réir gníomhaíochtaí i dtaobh líonrú agus fhothú inniúlacht an duine, ar thaobh amháin, agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta teicneolaíochta (TF), ar an taobh eile. Leis an gcéad chnuasach déanfar malartú dea-chleachtas agus eolais oibríochtúil i measc na mBallstát agus tíortha eile atá rannpháirteach sa chlár a shruthlíniú, agus leagfar béim ar leith ar chomhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe lena bhféadfar foirmeacha doimhne comhtháite comhair a bhunú idir tíortha rannpháirteacha, rud a réiteoidh an bealach chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an aontas custaim. Leis an dara cnuasach, táthar in ann tacar iomlán bonneagair agus córas TF a chistiú a bhuí leis an gclár, lena náirítear idirghníomhaíochtaí idir lucht trádála agus custaim a dhigitiú agus, chomh maith leis sin, bainistiú riosca a neartú rud a chuirfidh ar chumas lucht riaracháin custaim an Aontais a ghnó a dhéanamh go hiomlán ar líne.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

    Tá an togra seo comhsheasmhach le Cód Custaim an Aontais 3 agus le reachtaíocht eile nach mór do na húdaráis chustaim a chur i bhfeidhm.

    Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis an gclár Custam 2020 atá ann cheana, arb é is cuspóir dó tacú le feidhmiú agus nuachóiriú an aontais chustaim chun an margadh inmheánach a neartú trí bhíthin comhar idir tíortha rannpháirteacha, a núdaráis chustaim agus a noifigigh. Ar an gcaoi chéanna, leis an togra seo, soláthrófar an creat oibríochtúil, eagraíochtúil, modheolaíoch agus buiséadach chun cuspóirí agus gníomhaíochtaí beartais AE maidir le cúrsaí custaim a chur chun feidhme.

    Dá bhrí sin, leanann an togra as an gclár reatha. Ach beidh dlúthchomhar i gceist leis agus beidh tionchar aige ar líon na gcóras leictreonach, agus chomh maith leis sin beidh deis ann leibhéal áirithe nuálaíochta a thógáil ar bord.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra seo ag teacht le beartais eile de chuid an Aontais agus go háirithe le gníomhaíochtaí, le cláir agus le cistí beartaithe AE eile a bhfuil cuspóirí comhchosúla á saothrú acu i réimsí inniúlachta gaolmhara.

    Tá dlúthbhaint idir an clár agus an Ionstraim nua maidir le Trealamh Rialaithe Custaim (ceann den dá chomhchuid den Chiste nua um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha), lena dtacófar le ceannach, le cothabháil agus le huasghrádú an trealaimh incháilithe. Ina ionad sin, úsáidfear an clár custaim chun tacú leis na gníomhaíochtaí uile lena mbaineann, e.g. gníomhaíochtaí comhair maidir le measúnuithe a dhéanamh ar riachtanais trealaimh, oiliúint i dtaca leis an trealamh arna cheannach, srl.

    Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil sé mar aidhm leis an gclár custaim tacú leis na húdaráis chustaim, inter alia, ó thaobh leasanna airgeadais AE de a chosaint, tá naisc idir an clár agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise maidir le calaois a chomhrac chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 325 CFAE agus le clár frithchalaoise AE. Beidh sineirgíochtaí ann idir an clár sin, agus é mar chuspóir sonrach aige leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus an clár custaim, lena dtugtar tacaíocht d'fheidhmiú cuí an aontais chustaim agus, tríd sin, lena rannchuidítear le cosaint na leasanna airgeadais sin. Dá bhrí sin, beidh gach clár dírithe ar nithe ar leith, ach d'fhéadfaí gníomhaíocht chomhlántach a dhéanamh. D'fhéadfadh sineirgíochtaí a bheith ann freisin le gníomhaíochtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus leis an gClár um Cheartas de chuid an Chiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna i ndáil le hoiliúint ar chur i bhfeidhm dhlí custaim AE.

    Ina theannta sin, tá sé beartaithe leis an gclár custaim sábháilteacht táirgí agus cosaint tomhaltóirí Eorpacha a áirithiú chomh maith le cothrom iomaíochta a áirithiú do thionscal AE. Dá bhrí sin, tá sé ag teacht leis na tionscnaimh i gclár an Mhargaidh Aonair a bhfuil sé mar aidhm leo faireachas an mhargaidh a neartú agus deimhin a dhéanamh de nach dtugtar ach táirgí comhlíontacha agus sábháilte isteach i margadh AE.

    D’fhéadfaí sineirgíochtaí a bhreithniú leis an gCiste Slándála Inmheánaí chun dul i ngleic le dúshláin slándála agus gníomhaíochtaí coiriúla a chomhrac. D’fhéadfadh sé go mbeadh baint ar leith ag barainneacht scála le comhar ilghníomhaireachtaí, trealamh rialaithe custaim agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta eile.

    De bhreis air sin, tá sineirgíochtaí móra ann ar an leibhéal oibríochtúil leis an gclár Fiscalis lena dtacaítear le comhar i réimse an chánachais. I réimse na gcóras leictreonach, tá crostoirchiú agus cistiú comhpháirteach á ndéanamh ar chomhpháirteanna coiteanna amhail bonneagar an Lárionaid Sonraí agus an Líonra Cumarsáide Coiteann. Tá cineálacha cur chuige comhionanna maidir le bainistiú TF i bhfeidhm mar aon le sásraí tacaíochta coiteanna cothrománacha. Úsáidtear an cineál céanna gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus cur chuige comhchosúil maidir le fothú agus oiliúint acmhainneacht an duine. Déantar bainistiú an chláir ó thaobh an togra, an bhainistithe, bainistiú gníomhaíochta, gníomhartha cur chun feidhme agus faireachán ar fheidhmíocht de a shruthlíniú go hiomlán. Ina theannta sin, is léir go bhfuil ag méadú ar an ngá atá le gníomhaíochtaí comhpháirteacha idir cúrsaí cánachais agus custaim, go háirithe i réimse na ríomhthráchtála.

    Le Cinneadh 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála déantar foráil maidir le Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh custaim chun comhordú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar oibriú córas leictreonach custaim, a fhaigheann cistiú den chuid is mó ón gClár. Chun comhleanúnachas agus comhordú a áirithiú idir an Clár agus an Plean Straitéiseach Ilbhliantúil, cuirfear forálacha ábhartha an Chinnidh san áireamh sa Chlár. Leis an togra nua, aisghairfear an cinneadh ríomhChustaim reatha 4 agus, dá bhrí sin, beidh sé mar bhonn do chórais leictreonacha an Phlean Straitéisigh Ilbhliantúil le haghaidh Custaim.

    Ar deireadh, d’fhéadfadh tuilleadh sineirgíochtaí a bheith ann sa réimse TF le tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach 5 , na cláir uile lena núsáidtear córais leictreonacha (shuntasacha), athúsáid na mbloc tógála 6 den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta 7 , an Plean Rollach do chaighdeánú TFC 8 , an plean gníomhaíochta um Theicneolaíocht Airgeadais 9 , an clár Fís Eorpach 10 , obair Fhaireachlann Bhlocshlabhra agus Fhóram Blocshlabhra AE 11 agus tionscnaimh eile faoi rioscaí i dtaobh calaoise agus cibearshlándála.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Sa togra seo éilítear roinnt bunúis dlí a chomhcheangal mar d'fhéadfadh sé go mbeadh roinnt cuspóirí leithleacha ach comhghaolaithe aige:

    Airteagal 33 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina niarrtar gníomhaíocht ón Aontas i ndáil le comhar custaim agus aontas custaim AE;

    Airteagal 114 CFAE, ina niarrtar gníomhaíocht ón Aontas maidir leis an margadh inmheánach; agus

    Airteagal 207 CFAE, ina niarrtar gníomhaíocht ón Aontas maidir leis an gcomhbheartas tráchtála.

    Tá Airteagal 33 CFAE beartaithe mar shíneadh leis an gcomhar custaim faoin gclár reatha. Ina theannta sin agus ionas go ndéanfar iniúchadh ar an réimse leathan cúraimí nach mór d'údaráis chustaim a chomhlíonadh ag teorainneacha san iliomad réimsí seachas comhar custaim amháin, agus ionas go gcumhdófar na cúraimí sin, tá an togra bunaithe freisin ar Airteagal 114 CFAE agus ar Airteagal 207 CFAE.

    Tá gá le gníomhaíocht AE freisin mar gheall ar na hoibleagáidí a eascraíonn ó chomhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe faoi shainchúram na hEagraíochta Domhanda Trádála.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais seachas ar an leibhéal náisiúnta ar na cúiseanna seo a leanas:

    Inniúlacht eisiach de chuid an Aontais is ea an taontas custaim. Chomhaontaigh na Ballstáit trína gcumhachtaí a aistriú chuig an Aontas gur fearr a dhéanfar gníomhaíochtaí i réimsí an chustaim ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, i gcreat dlíthiúil an Aontais féin, ní áirithítear feidhmiú cuí an Aontais Custaim go leordhóthanach. Ba cheart é a chomhlánú le bearta tacaíochta dá bhforáiltear sa chlár custaim d’fhonn a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht chustaim an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach cóineasaithe comhchuibhithe.

    Is de chineál trasteorann go leor de na gníomhaíochtaí i réimse an chustaim, gníomhaíochtaí a bhaineann leis na Ballstáit uile agus a dhéanann difear dóibh uile agus, dá bhrí sin, ní féidir le Ballstáit aonair iad a bhaint amach go héifeachtach ná go héifeachtúil. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun bheith mar thaca le gné Eorpach na hoibre custaim, chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint agus chun tacú le cosaint éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais.

    Maidir leis sin, tá údar le gníomhaíocht ón Aontas chun feidhmiú cuí agus forbairt bhreise an aontais custaim agus a chreata rialála chomhchoitinn a áirithiú, óir is léir gurb í an fhreagairt is éifeachtúla agus is éifeachtaí í ar na heasnaimh agus ar na dúshláin a bhaineann leis an aontas custaim agus leis an gcomhar custaim a chur chun feidhme.

    Comhréireacht

    Tá gníomhaíocht a dhéantar ar leibhéal AE i bhfad níos éifeachtúla ná gníomhaíocht a dhéanann na Ballstáit ina naonar.

    Caithfear formhór mór an bhuiséid bheartaithe ar ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF. Líonra ardslándála tiomnaithe cumarsáide atá ina bhunchloch ag an gcomhar custaim. Tríd an líonra coiteann sin, áirithítear nach gá do gach riarachán náisiúnta ach é féin a nascadh uair amháin leis an mbonneagar coiteann sin chun bheith in ann faisnéis de shaghas ar bith a mhalartú. Murach an bonneagar sin a bheith ar fáil, bheadh ar na Ballstáit iad féin a nascadh 26 nuaire le córais náisiúnta gach ceann de na Ballstáit eile. Tá an cur chuige a roghnaíodh bunaithe ar shamhail ailtireachta TF ina bhfuil córais leictreonacha Eorpacha comhdhéanta de mheascán de chomhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta. Tá tosaíocht ag an tsamhail sin ar shamhail ailtireachta TF atá lánláraithe mar, leis an gcéad cheann, fágtar cuid den fhreagracht bhuiséadach faoi na Ballstáit a dhéanfaidh na comhpháirteanna leictreonacha náisiúnta a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus roghanna, ceanglais agus srianta náisiúnta á gcur san áireamh san am céanna freisin. Dá bhrí sin, déantar idir-inoibritheacht agus idirnascthacht a fheabhsú ar mhaithe leis an margadh inmheánach ar bhealach comhréireach.

    Feidhmeoidh an Coimisiún feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bainistíochta mar a leagtar síos sna Conarthaí. Ní mór an comhordú a dhéanann an Coimisiún le húdaráis náisiúnta chustaim a ghabháil de láimh le hionadaithe speisialaithe, ar an leibhéal oibríochtúil, agus ar bhonn fadtéarmach i bhfianaise na ndúshlán atá ann agus a bheidh ann amach anseo don Aontas a sainaithníodh i réimse an chustaim. Tugtar creat iomchuí don Choimisiún le fóraim agus uirlisí éagsúla an chláir chun go bhféadfaidh sé a ról comhordaithe a ghlacadh i réimse an chustaim.

    An rogha ionstraime

    I gcomhréir le tabhairt i gcrích an Mheasúnaithe Tionchair, is iomchuí idirghabháil AE a dhéanamh trí bhíthin clár cistiúcháin. Tá comharba ar an gclár Custam 2020 á mholadh ag an gCoimisiún.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Cuirtear san áireamh sa togra moltaí na meastóireachta deiridh ar Chustam 2013 mar aon le réamhthorthaí na meastóireachta meántéarma leanúnaí ar na cláir Custam 2020. Tríd is tríd, ba dhearfach iad na torthaí ar an meastóireacht deiridh ar Chustam 2013 12 maidir le rannchuidiú an chláir Custam 2013 le cuspóirí ar leibhéal an bheartais agus ó thaobh cuidiú le húdaráis chustaim oibriú mar aon údarás amháin. Is féidir achoimre a dhéanamh ar na mórthairbhí mar seo a leanas:

    Sábháilteacht agus slándáil a fheabhsú, lena náirítear cur chun feidhme iomlán an Chórais Rialaithe Allmhairí agus an Chórais Bainistíochta Riosca Custaim mar aon leis an Oibreoir Eacnamaíoch Údaraithe agus Córais Oibreoirí Eacnamaíocha a phríomhshruthú.

    Trádáil a éascú, ionas gur féidir leis an Aontas Custaim dlús a chur le gluaiseacht, scaoileadh agus imréiteach earraí, lena náirítear earraí idirthurais, agus sábháilteacht na nearraí á ráthú san am céanna.

    Leasanna airgeadais AE a chosaint, mar gheall ar bhunachair sonraí láraithe a úsáid agus éifeachtacht fheabhsaithe córas bainistíochta riosca.

    Níor measadh gur forbairt leanúnach amháin ar threochtaí a bhí ann cheana a bhí i gceist lenar baineadh amach le linn na tréimhse faoi athbhreithniú. Ach baineadh cuid mhór amach agus b'úrnua an méid é (go háirithe maidir le córais leictreonacha a thabhairt isteach i ndáil le slándáil agus sábháilteacht) rud a léirigh go raibh forbairtí móra á ndéanamh chun príomhchuspóirí an chláir a bhaint amach.

    Sainaithníodh cás láidir sa mheastóireacht le haghaidh bhreisluach AE an chláir, go háirithe maidir lena ról chun tacú le cur chun feidhme reachtaíocht AE ar an leibhéal náisiúnta. Tá na córais leictreonacha arna gcistiú tríd an gclár anchomhlántach le tionscnaimh náisiúnta agus baineann siad den chuid is mó leis an reachtaíocht sin a chur chun feidhme. Dá bharr sin, tháinig laghdú ar chostais riaracháin a thiocfadh as an ngá a bheadh ann do gach Ballstát córais leictreonacha chomhchosúla a fhorbairt ar a thionscnamh féin. Measadh go raibh an líonrú arna chothú trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha an chláir ríthábhachtach freisin ar roinnt cúiseanna, lena náirítear reachtaíocht choiteann a chur i bhfeidhm go leanúnach, dea-chleachtais a scaipeadh agus an mhuinín is gá chun go ngníomhódh lucht riaracháin mar aon lucht riaracháin amháin a chothú.

    Is féidir achoimre a dhéanamh ar thorthaí tosaigh na meastóireachta meántéarmaí leanúnaí ar Chustam 2020 mar seo a leanas 13 :

    Ábharthacht: léiríonn an leibhéal spéise a léirigh lucht riaracháin náisiúnta i bpáirt ghníomhach a ghlacadh sa chlár go bhfuil ailíniú ann idir gníomhaíochtaí an chláir agus an riachtanas iarbhír. Mheas údaráis náisiúnta go raibh cuairteanna oibre ar an gcineál gníomhaíochtaí comhpháirteacha ab úsáidí, agus seimineár, ceardlanna, grúpaí tionscadal agus na Foirne Saineolaithe nua a tugadh isteach le déanaí sna sála acu.

    Éifeachtacht: aontaíonn na húdaráis chustaim gur rannchuidigh gníomhaíochtaí comhpháirteacha an chláir le feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir lucht riaracháin. D'fhág na modúil oiliúna arna bhforbairt faoin gclár go raibh cur chuige níos aonfhoirmí ná mar a bhí in úsáid maidir le cur i bhfeidhm dhlí custaim AE i measc na dtíortha rannpháirteacha.

    Éifeachtúlacht: tríd is tríd, ba dhearfach na nósanna imeachta iad chun timthriall an chláir agus na Cláir Oibre Bhliantúla a ullmhú. I ndáil leis an gCreat Faireacháin Feidhmíochta (CFF), measadh go raibh rath ar a chur chun feidhme den chuid is mó. Cé gurb iad na daoine lena mbaineann is mó a chuireann na sonraí in iúl, is cosúil go ndéantar iad a bhailiú go córasach agus go ngintear faisnéis úsáideach. Ní léir, áfach, a mhéid a úsáidtear sonraí CFF chun cinntí bainistíochta a ghlacadh nó a úsáidtear iad mar luathrabhaidh chun idirghabhálacha cláir a stiúradh. Is gá an córas faireacháin reatha a shimpliú, i dtaca le líon na dtáscairí tionchair go háirithe, agus fad na bhfoirmeacha leantacha gníomhaíochtaí.

    Comhleanúnachas: tá leibhéil leathana comhaontuithe ann maidir le rannchuidiú gníomhaíochtaí comhpháirteacha le tionscnaimh náisiúnta trí thacú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí AE agus trí na córais leictreonacha Eorpacha a bhainistiú. Tuairiscíodh freisin go bhfuil tionscnaimh a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gclár comhlántach le tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta.

    Breisluach AE: bhí lucht riaracháin náisiúnta dearfach i gcoitinne i dtaobh a mhéid atá torthaí á mbaint amach tríd an gclár, torthaí nach bhféadfaí a bhaint amach dá mbeadh lucht riaracháin náisiúnta ag gníomhú leo féin. Mheas cion ard d'fhreagróirí na gceistneoirí meastóireachta freisin go bhfuil ról lárnach ag an gclár chun muinín a fhorbairt agus is é an toradh atá air cóineasú a bhaint amach le lucht riaracháin custaim Bhallstáit AE agus le tíortha rannpháirteacha eile (tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha). Is léir ó agallaimh tosaigh gur baineadh gnóthachain éifeachtúlachta amach a bhuí le hacmhainní a thiomsú, go háirithe sa réimse TF (barainneacht scála agus costais forbartha laghdaithe). Tugtar le fios sna torthaí tosaigh freisin go bhfuil dúshláin roimh údaráis náisiúnta cúinsí náisiúnta a ailíniú le ceanglais chustaim AE: d'fhéadfadh sé go mbeadh leasanna éagsúla ina mbacainní i gcásanna áirithe le breisluach AE a áirithiú agus chuir roinnt údaráis náisiúnta in iúl freisin gur ábhar frustrachais acu é leibhéal a nuaillmhéine a choigeartú do leibhéal uaillmhéine lucht riaracháin custaim náisiúnta nach bhfuil chomh forbartha céanna.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Rinne an Coimisiún staidéar seachtrach ar conradh chun tacú leis an Measúnú Tionchair inar áiríodh comhairliúchán tiomnaithe chun an tuairim a fháil ó pháirtithe leasmhara ar scála leathan. I bhfianaise raon feidhme sonrach an chláir (is é lucht riaracháin custaim an taon lucht tairbhithe díreacha), bhí na comhairliúcháin sin dírithe ar lucht riaracháin chustaim trí bhíthin plé i ngrúpa tionscadail, cuairteanna de réir tíre/cásstaidéir agus suirbhéanna tiomnaithe. Bhí na gníomhaíochtaí sin comhlánaithe le hagallaimh le comhlachais ghnó agus le hoibreoirí eacnamaíocha, le hacadóirí chomh maith le rannpháirtithe sa chlár Custam 2020 agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta (e.g. Eagraíocht Dhomhanda Custaim).

    Rinneadh comhairliúchán poiblí oscailte maidir le “cistí AE i réimse na hinfheistíochta, an taighde agus na nuálaíochta, FBManna agus an mhargadh aonair”. Tríd sin, bailíodh tuairimí na saoránach maidir le dúshláin bheartais agus riachtanais idirghabhála AE, i measc nithe eile, maidir leis an aontas custaim.

    Saineolaithe seachtracha

    Rinne an Coimisiún staidéar seachtrach ar conradh chun tacú leis an measúnú tionchair seo trí fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil a sholáthar. Ba é cuspóir an tsannacháin sin: (1) na príomhghnéithe a shainaithint lena réiteofar an bealach tar éis 2020 ó thaobh cúrsaí custaim de, na fadhbanna a shainaithint nach mór don aontas custaim agus do lucht riaracháin custaim na mBallstát dul i ngleic leo agus na cuspóirí a shainaithint a bhaineann le hidirghabháil ar leibhéal AE bunaithe ar na gnéithe agus ar na fadhbanna arna sainaithint; (2) na roghanna beartais AE féideartha a shainaithint chun na cuspóirí a bhaint amach agus idirghabháil maoinithe AE a úsáid amach anseo agus measúnú a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a mbeifear ag súil leo ó na roghanna sainaitheanta; agus (3) comparáid a dhéanamh idir na roghanna de réir na gcritéar socraithe (amhail éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas) agus iad a rangú de réir argóintí réasúnaithe.

    Daingníodh sa staidéar seachtrach agus sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin gaolmhara gur ré dhúshlánach a bhí roimh lucht riaracháin custaim agus gur ghá clár uaillmhianach a thabhairt isteach i ndáil le dhá phríomhghné: ar thaobh amháin, leanúint de ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta (TF agus an duine) agus de ghníomhaíochtaí comhair agus na gníomhaíochtaí sin a athneartú chun an taontas custaim a léiriú agus a chur chun feidhme go comhionann agus, ar an taobh eile, comhar oibríochtúil feabhsaithe agus cur chuige feabhsaithe a ghlacadh i dtaca leis an nuálaíocht.

    Measúnú tionchair

    An 27 Aibreán 2018, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an measúnú tionchair a ghabhann leis seo, agus moladh ann tuilleadh feabhais a chur ar an tuarascáil i leith roinnt gnéithe tábhachtacha amhail foráil a dhéanamh maidir le heilimintí breise faoi chórais leictreonacha chun údar a thabhairt le méadú an bhuiséid agus sonraí a thabhairt maidir le simpliú socruithe faireacháin agus táscairí lastall de na táscairí bunúis dlí.

    Rinneadh an dá ghné sin a mheas sa leagan deiridh den mheasúnú tionchair. Tugadh soiléirithe ar an gcomhthéacs dlíthiúil (oibleagáidí a eascraíonn ó Chód Custaim an Aontais, go háirithe) agus ar an gcastacht a bhaineann le córais leictreonacha Eorpacha chun an méadú suntasach sa bhuiséad a mhíniú. Déanfar táscairí maidir le faisnéis feidhmíochta a shimpliú ós rud é gur cuireadh ualaí móra ar lucht riaracháin agus ar an ArdStiúrthóireacht TAXUD faoin gcuid seo den chóras faireacháin, gan bheith ina gcúis le feabhsuithe móra ar dhearadh ná ar bhainistiú an chláir.

    Rinneadh anailís ar cheithre phríomhchás:

    Cás bunlíne AE 27: bheadh ar an Aontas athbhreithniú a dhéanamh ar a reachtaíocht chustaim agus aisghairm a dhéanamh ar chuid shuntasach de na feabhsuithe a cuireadh ar oibríochtaí custaim trí CCA nua a ghlacadh in 2016. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar ghealltanais idirnáisiúnta AE agus ba ghá comhréiteach a dhéanamh maidir le cuspóirí beartais AE eile, go háirithe an clár oibre slándála.

    Cás na maise criticiúla: ní fhéadfaí aon fhorbairt eile a dhéanamh tar éis a gcur chun feidhme agus bheadh comhar teoranta do thacú le CCA a chur chun feidhme. Is amhlaidh gur cúlchéimniú a bheadh i gceist leis sin ó thaobh oibríochtaí TF agus custaim trí chéile de.

    Cás an leanúnachais plus: d'áiritheofaí leis an tíosmhéid is gá don aontas custaim — chun leanúint de bheith ag feidhmiú agus dá chuspóirí a bhaint amach — agus an chéad chéim loighciúil eile — tar éis ghlacadh CCA.

    Cás an láraithe struchtúraigh: le lárú — cibé acu lárú idirthréimhseach nó iomlán struchtúrach ón tús — d'fhéadfaí feidhmíocht lucht riaracháin custaim a neartú in AE agus cuspóirí an chláir a ghnóthú. Athrú ar an tsamhail oibriúcháin a bheadh i gceist leis, áfach, agus ba ghá ullmhú dó rud nach bhfuil réalaíoch dáiríre don chéad CAI eile, dá bhrí sin.

    Is é an cás roghnaithe tar éis anailís a dhéanamh ar an leibhéal polaitiúil cás an leanúnachais plus. Ní mór úsáid bhreise a bhaint as sásraí agus uirlisí comhair atá ann faoi láthair chun go bhféadfar an tairbhe is fearr agus is féidir a bhaint as an aontas custaim agus as an margadh inmheánach: i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta AE ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, ba cheart d’údaráis chustaim na mBallstát dul i mbun oibre agus oibriú amhail is dá mb'eintiteas amháin iad. Dhéanfaí sin a ailíniú leis na teachtaireachtaí polaitiúla sa Teachtaireacht ón gCoimisiún a eisíodh le déanaí maidir le haontas custaim AE agus rialachas an aontais chustaim a fhorbairt. Dá bhrí sin, tá ríthábhacht pholaitiúil agus eacnamaíoch leis an méid sin uile a bhaint amach tráth, murab ionann agus riamh, a bhfuiltear ag súil leis ón Aontas go mbainfidh sé a chuspóirí bunúsacha amach agus tá baint ag an aontas custaim leis sin. Léirítear an cinneadh sin freisin sa phacáiste don togra maidir le CAI tar éis 2020, a chuir an Coimisiún i láthair an 2 Bealtaine 2018 14 .

    Tar éis barúil theicniúil arna tarchur ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála, cuireadh táscaire breise san áireamh maidir leis an ráta críochnaithe i dtaca le CCA, lenar féidir léargas a thabhairt freisin ar fhorbairt na gcóras leictreonach faoi CCA, rud a fhaigheann tacaíocht ón gClár agus a úsáideann cuid mhór dá bhuiséad.

    Simpliú

    Tá an clár leanúnach sruthlínithe cheana agus dírithe go mór ar aschuir agus ar thorthaí. Cuirtear chun feidhme leis na simplithe ar fad a sainaithníodh sna meastóireachtaí a rinneadh roimhe sin. Is éard a bheadh i gceist leis an bpríomhshimpliú breise arna shainaithint úsáid bhreisithe cnapshuimeanna nó costas aonaid agus an deis cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh chun an tualach riaracháin bliantúil a bhaineann leis an nós imeachta coiste a sheachaint.

    Cearta bunúsacha

    Níl aon tionchar ar leith ag an togra seo ar chearta bunúsacha.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Tá uainiú an athbhreithnithe ar chláir chistiúcháin AE nasctha leis an togra le haghaidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua, mar a moladh an 2 Bealtaine 2018 15 . I gcomhréir leis an togra seo, sa Rialachán seo maidir leis an gclár Custaim, tá creat buiséadach EUR 950 milliún (i bpraghsanna reatha) le haghaidh na tréimhse 2021-2027.

    Déanfar an clár Custaim a chur chun feidhme i modh bainistíochta dírí agus ar bhonn tosaíochtaí. Bunaítear cláir oibre — i dteannta na bpáirtithe leasmhara — ina sonraítear na tosaíochtaí do thréimhse shonrach.

    Beidh tionchar ag an gclár Custaim ar ioncam an Aontais agus na mBallstát. Cé nach bhféadfar an méid sin a chainníochtú, déanfar an obair a dhéanann na húdaráis Chustaim i ndáil le bailiú dleachtanna custaim chomh maith le dleachtanna CBL agus dleachtanna máil tráth a nallmhairithe a éascú agus a shruthlíniú a bhuí leis an gclár. Trí cháilíocht na hoibre a mhéadú trí chomhar agus trí fhothú acmhainneachta TF agus an duine, is éifeachtúla ná mar atá a bheidh lucht riaracháin custaim chun leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfar measúnú ar thionchar an chláir Custaim bheartaithe trí mheastóireachtaí eatramhacha agus deiridh agus trí fhaireachán a dhéanamh ar thacar eochairtháscairí feidhmíochta ardleibhéil ar bhonn leanúnach. Déanfar na meastóireachtaí sin i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 16 , inar dhearbhaigh na trí institiúid gur cheart measúnuithe tionchair ar roghanna i leith tuilleadh gníomhaíochta a bheith bunaithe ar mheastóireachtaí ar an reachtaíocht agus ar na beartais a bhí ann cheana. Sna meastóireachtaí déanfar measúnú ar éifeachtaí na hIonstraime ar an láthair ar bhonn táscairí agus spriocanna agus anailís mhionsonraithe ar a mhéid is féidir a mheas go bhfuil an ionstraim ábhartha éifeachtach éifeachtúil, gur leor an breisluach Eorpach a chuirtear ar fáil léi agus go bhfuil sí comhleanúnach le beartais AE eile. Beidh ceachtanna a foghlaimíodh san áireamh iontu chun aon laigí nó fadhbanna atá ann a shainaithint nó aon phoitéinseal atá ann breis feabhais a chur ar na gníomhaíochtaí nó ar a dtorthaí agus chun cuidiú lena dtionchar a uasmhéadú. Áireofar iontu freisin sainaithint agus cainníochtú costas, tairbhí agus coigiltis rialála.

    Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe meastóireachta go mbaileofar sonraí chun meastóireacht a dhéanamh ar an gclár ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus ar an leibhéal gráinneachta iomchuí; déanfar na sonraí agus an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún ar dhóigh atá i gcomhréir le forálacha dlíthiúla eile; mar shampla, i gcás inar gá, coinneofar sonraí pearsanta anaithnid. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

    Beidh torthaí agus aischuir an chláir faoi réir measúnú ar bhonn rialta trí chóras faireacháin cuimsitheach, bunaithe ar tháscairí réamhshainithe, ionas go mbeifí cuntasach faoin ngá atá le luach ar airgead a fháil.

    Déanfar sonraí chun feidhmíocht a thomhas a bhaint as córais leictreonacha agus uirlisí bailithe sonraí éagsúla. Is iad na príomhuirlisí atá beartaithe i láthair na huaire foirmeacha leantacha gníomhaíochtaí, foirmeacha measúnaithe ócáidí agus suirbhéanna rialta ar oifigigh chánach.

    Ós rud é go bhfuil ról tacaíochta ag an gclár chun cuidiú le lucht riaracháin tíortha rannpháirteacha faisnéis a roinnt agus a nacmhainneacht a threisiú, tá an córas faireacháin dírithe ar dhul chun cinn ghníomhaíochtaí an chláir a leanúint ó thaobh táscairí ar leibhéil aischur de. Aon uair is féidir, déantar scrúdú ar tháscairí freisin i réimsí i ndáil le cuspóirí ardleibhéil an chláir.

    Eiseoidh an Choimisiún, ar bhonn bliantúil, tuarascáil ar dhul chun cinn an chláir ina mbeidh achoimre ar an bhfeidhmíocht i dtaca le cuspóirí an chláir agus leis na táscairí aischuir agus toraidh lena mbaineann.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Caibidil I – Forálacha Coiteanna

    Leis an gclár beartaithe tabharfar tacaíocht don aontas custaim agus d'údaráis chustaim chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, chun an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach neamhdhleathach, agus tacaíocht á tabhairt do ghníomhaíocht dhlisteanach ghnó, chun slándáil agus sábháilteacht an Aontais agus a chónaitheoirí a áirithiú agus chun cothromaíocht chuí a chothú idir rialuithe custaim agus éascú na trádála dlisteanaí. Rinneadh an cuspóir sin a choigeartú chun go bhféadfar tacaíocht a sholáthar ar bhealach níos cuimsithí don aontas custaim agus d'údaráis chustaim maidir le réimse iomlán a misin, mar a shainítear iad i gCód Custaim an Aontais, agus i bhfianaise riachtanais atá ag teacht chun cinn, mar atá sonraithe tuilleadh sa mheasúnú tionchair.

    Dála an chláir Custam 2020 reatha, beidh an clár nua oscailte do rannpháirtíocht ó na Ballstáit, ó thíortha aontacha, ó thíortha is iarrthóirí agus ó iarrthóirí ionchasacha. I gcomhréir le beartas foriomlán an Aontais, maidir le tíortha de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tríú tíortha, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha sin, beidh deis acu freisin páirt a ghlacadh sa chlár faoi choinníollacha áirithe.

    Faoi mar a rinneadh roimhe sin, beidh cistiú á sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, soláthar agus aisíocaíocht costas. Má mheastar iad a bheith iomchuí, féadfar duaiseanna a chur san áireamh freisin le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha, agus sa chás sin shonrófaí na critéir cur chun feidhme agus na rialacha mionsonraithe cur chun feidhme sna cláir oibre.

    Cuid II – Incháilitheacht

    Tríd is tríd, tá na cineálacha gníomhaíochtaí a mheastar a bheith incháilithe le haghaidh cistiú faoin gclár cosúil leo sin faoin gclár reatha. Mar sin féin, rinneadh tíopeolaíocht na ngníomhaíochtaí sin a shimpliú agus a laghdú d’fhonn tuilleadh solúbthachta a thabhairt. Sa liosta táscach in Iarscríbhinn 1, tugtar forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí nithiúla a d’fhéadfaí a chistiú faoin gclár.

    Bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh leis an uirlis reatha i leith na bhFoirne Saineolaithe faoin gclár Custam 2020 reatha, tá béim ar leith sa togra ar chomhar struchtúrtha tionscadalbhunaithe agus é mar aidhm aige cur le comhar oibríochtúil feabhsaithe trína bhféadfar foirmeacha doimhne comhtháite a éascú idir tíortha rannpháirteacha, rud a réiteoidh an bealach chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an aontas custaim.

    Le hais an chláir Custam 2020, is gné úrnua atá i gceist le gníomhaíochtaí a áireamh atá ina gcomhlánú nó ina dtaca leis na gníomhaíochtaí lena gcuirtear cuspóirí na hIonstraime maidir le Trealamh Rialaithe Custaim a bunaíodh le déanaí chun feidhme, atá mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha. Go háirithe, leis an Ionstraim maidir le Trealamh Rialaithe Custaim, ní thacófar ach le ceannach, le cothabháil agus le huasghrádú an trealaimh incháilithe, agus leis an gclár Custaim, tacófar le gach gníomhaíocht ghaolmhar, amhail gníomhaíochtaí comhair chun riachtanais trealaimh a mheasúnú nó, i gcás inarb iomchuí, oiliúint i ndáil leis an trealamh arna cheannach.

    I bhfianaise thábhacht an domhandaithe, a bhuí leis an gClár, leanfar de dheis a thabhairt d'ionadaithe a bheith páirteach, ar ionadaithe údarás rialtais iad, lena náirítear ionadaithe ó thríú tíortha, mar aon le hionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó oibreoirí eacnamaíocha nó ón tsochaí shibhialta mar shaineolaithe seachtracha, i gcás ina rachaidh sé chun tairbhe do na gníomhaíochtaí lena gcuirtear cuspóir an Chláir chun feidhme.

    Caibidil III - Deontais

    Cuirfear an clár chun feidhme trí na sásraí caiteachais de chuid an Aontais is mó a úsáidtear, eadhon soláthar poiblí agus deontais. Maidir le deontais, leagtar síos sa togra nach mbeidh feidhm ag aon ghlao ar thogra sa chás ina bhfuil na heintitis incháilithe ina núdaráis chustaim.

    Faoi mar a rinneadh roimhe sin, ba cheart gníomhaíochtaí suas le 100% a chistiú leis an gclár mar gheall ar an mbreisluach AE mór atá acu. Nuair is gá deontais a dhámhachtain le haghaidh gníomhaíochtaí, déanfar an ráta cómhaoinithe is infheidhme a leagan amach sna cláir oibre.

    Caibidil IV - Forálacha sonracha maidir le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF

    Is é is aidhm leis na forálacha faoin gcaibidil seo creat feabhsaithe agus rialachas feabhsaithe a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha acmhainní TF arna ndéanamh faoin gclár. Bunaithe ar an taithí a fuarthas ar chláir Chustaim roimhe sin agus i bhfianaise líon méadaithe na gcóras leictreonach Eorpach, moltar roinnt gnéithe úrnua. Cuimsíodh sainmhíniú feabhsaithe ar na córais leictreonacha Eorpacha ‘comhpháirteanna coiteanna’ agus ‘comhpháirteanna náisiúnta’ chun fíorstaid córas leictreonach agus a ngnéithe a léiriú. Liostaíodh na cúraimí atá ar an gCoimisiún ar thaobh amháin agus ar na Ballstáit ar an taobh eile. Ar deireadh, is fearr a bheifear in ann acmhainní daonna agus buiséadacha a phleanáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE a bhuí le Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim, a bheidh le tarraingt suas ag an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit. Tugadh dualgais tuairiscithe tionlacain isteach chun gur fearr is féidir faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF.

    Caibidil V - Cláreagrú, faireachán, meastóireacht agus rialú

    I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart roinnt blianta a bheith cumhdaithe i gcláir oibre. Is gné úrnua é sin i gcomparáid leis an gclár Custam 2020 reatha ina ndéantar foráil maidir le cláir oibre bhliantúla. Laghdófar an tualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon leis an aistriú ó chláir oibre bhliantúla go cláir oibre ilbhliantúla.

    Cuireadh liosta príomhtháscairí isteach in Iarscríbhinn 2 chun feabhas a chur ar an bhfaireachán ar an gclár agus ar fheidhmíocht an chláir ón tús. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt, lena náirítear trí leasuithe ar Iarscríbhinn 2 chun athbhreithniú agus/nó comhlánú a dhéanamh ar an liosta táscairí i gcás inar gá.

    Déanfar meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

    Caibidil VI - An tarmligean a fheidhmiú agus an nós imeachta coiste

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún cumhachtaí tarmligthe a ghlacadh maidir le hathbhreithniú an chreata faireacháin feidhmíochta agus maidir le táscairí gaolmhara.

    Beidh coiste i gcomhair an Chláir Custaim (nós imeachta scrúdúcháin) de chúnamh ag an gCoimisiún.

    Caibidil VII — Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha deiridh

    Tabharfar faisnéis chomhtháite, éifeachtach, chomhréireach agus spriocdhírithe do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

    2018/0232 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear an clár 'Custaim' chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33, Airteagal 114 agus 207 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 17 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Leis an gclár Custam 2020 a cuireadh ar bun faoi Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 18 agus lena réamhtheachtaithe, rannchuidíodh go mór le comhar custaim a éascú agus a fheabhsú. Is de chineál trasteorann go leor de na gníomhaíochtaí i réimse an chustaim, gníomhaíochtaí a bhaineann leis na Ballstáit uile agus a dhéanann difear dóibh uile agus, dá bhrí sin, ní féidir le Ballstáit aonair iad a bhaint amach go héifeachtach ná go héifeachtúil. Le clár custaim ar leibhéal an Aontais, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit chun na gníomhaíochtaí comhair sin a fhorbairt, rud atá níos costéifeachtúla ná gach Ballstát a bheith ag cur a chreata comhair aonair ar bun ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfaidh an tAontas de ghníomhaíochtaí a mhaoiniú i réimse an chomhair custaim trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna, an clár Custam.

    (2)Tháinig athruithe móra ar an aontas custam le caoga bliain anuas agus déanann lucht riaracháin custaim cuid mhór cúraimí ag na teorainneacha anois. Ag gníomhú le chéile, oibríonn siad chun trádáil a éascú agus rómhaorlathas a laghdú, ioncam a bhailiú le haghaidh buiséid náisiúnta agus buiséad de chuid an Aontais agus an pobal a chosaint ar bhagairtí sceimhlitheoireachta, sláinte, comhshaoil agus eile. Go háirithe, le Creat Comhchoiteann Bainistíochta Riosca 19 a thabhairt isteach ar fud an Aontais mar aon le rialú custaim ar ghluaiseachtaí méideanna móra airgid chun dul i ngleic le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, bíonn údaráis chustaim i mbrollach an chatha in éadan na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe. Mar gheall ar an sainordú leathan sin, is é an chaoi go bhfuil údaráis chustaim ar an bpríomhúdarás dá bhfuil ann chun earraí a rialú ar theorainneacha seachtracha an Aontais. Sa chomhthéacs sin, níor cheart comhar custaim, agus é sin amháin, a chumhdach sa chlár Custaim ach ba cheart a thacaíocht a leathnú chuig misean na núdarás custaim trí chéile, mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, i.e. maoirseacht a dhéanamh ar thrádáil idirnáisiúnta an Aontais, cur chun feidhme ghnéithe seachtracha an mhargaidh inmheánaigh, an chomhbheartais trádála agus na gcomhbheartas eile atá ag an Aontas a bhfuil tionchar acu ar thrádáil, mar aon le slándáil an tslabhra soláthair. Dá bhrí sin, leis an mbunús dlí, cumhdófar comhar custaim (Airteagal 33 CFAE), an margadh inmheánach (Airteagal 114 CFAE) agus an beartas tráchtála (Airteagal 207 CFAE).

    (3)Trí chreat gníomhaíochtaí a sholáthar a bhfuil sé mar chuspóirí leis tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus d'údaráis custaim, leis an gClár, ba cheart rannchuidiú le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint; an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach neamhdhleathach, agus tacaíocht á tabhairt do ghníomhaíocht dhlisteanach ghnó; slándáil agus sábháilteacht an Aontais agus a chónaitheoirí a áirithiú; agus trádáil dhlisteanach a éascú, ionas go bhféadfadh gnólachtaí agus saoránaigh lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus as trádáil dhomhanda.

    (4)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, arb éard a bheidh ann an príomhmhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 20 .

    (5)D'fhonn an próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar chuntar go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe. Féadfar é a oscailt do thríú tíortha eile freisin, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha sin lena gcumhdaítear a rannpháirtíocht in aon chlár de chuid an Aontais.

    (6)Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) [2018/XXXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 ('an Rialachán Airgeadais') maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht saineolaithe seachtracha.

    (7)Léiríodh go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhí i bhfeidhm faoin gclár Custam 2020 leordhóthanach agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a choinneáil. Ionas go bhféadfaí simplíocht agus solúbthacht bhreise a sholáthar agus an Clár á chur i ngníomh agus, ar an dóigh sin, ionas gurbh fhearr ab fhéidir a chuspóirí a bhaint amach, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin ó thaobh catagóirí foriomlána de le liosta samplaí léiriúcháin de ghníomhaíochtaí nithiúla. Trí chomhar agus trí fhothú acmhainneachta, leis an gclár Custaim, ba cheart tacaíocht a thabhairt do ghlacadh agus úsáid éifeachtach na nuálaíochta agus an méid sin a chur chun cinn, ionas gurbh fhearr ab fhéidir na príomhthosaíochtaí custaim a bhaint amach.

    (8)Le Rialachán [2018/XXXX] bunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim 22 (‘Ionstraim TRC’). Ionas go bhféadfaí comhleanúnachas agus comhordú cothrománach a choinneáil idir gach gníomhaíocht chomhair a bhaineann le cúrsaí custaim agus trealamh rialaithe custaim, is iomchuí iad uile a chur chun feidhme faoi aon ghníomh dlí agus tacar rialacha amháin, is é sin an Rialachán seo. Dá bhrí sin, níor cheart tacú ach amháin leis an trealamh incháilithe a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú leis an Ionstraim TRC, agus ba cheart tacú le gach gníomhaíocht ghaolmhar eile sa Chlár seo, amhail gníomhaíochtaí comhair chun riachtanais trealaimh a mheasúnú nó, i gcás inarb iomchuí, oiliúint i ndáil leis an trealamh arna cheannach.

    (9)Tá malartuithe faisnéise custaim agus faisnéise gaolmhaire ríthábhachtach le haghaidh feidhmiú cuí custaim agus téann siad i bhfad thar na malartuithe laistigh den aontas custaim. Dá ndéanfaí córais leictreonacha Eorpacha a oiriúnú do thríú tíortha agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó dá ndéanfaí iad a shíneadh chucu, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé chun leas an Aontais nó na mBallstát. Dá bhrí sin, nuair atá údar cuí leis i ngeall ar an leas sin, ba cheart oiriúnuithe córas leictreonach Eorpach nó síntí leo arna ndéanamh le haghaidh comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith ina gcostais incháilithe faoin gClár.

    (10)I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le domhandú, ba cheart leanúint de dheis rannpháirtíochta a thabhairt do shaineolaithe seachtracha leis an gClár de réir bhrí Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart do na saineolaithe seachtracha sin a bheith ina nionadaithe údarás rialtais den chuid is mó, lena náirítear ó thríú tíortha neamhchomhlachaithe, mar aon le hionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó oibreoirí eacnamaíocha nó ón tsochaí shibhialta.

    (11)I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a bhaineann le comhleanúnachas agus simpliú clár cistiúcháin a áirithiú, a leagtar amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal 'Athbhreithniú Bhuiséad AE' 23 , ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais más ionann na cuspóirí atá á saothrú le gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus cuspóirí roinnt ionstraimí cistiúcháin eile, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh, áfach. Ba cheart go náiritheofaí leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár seo comhleanúnachas ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais de chun tacú leis an aontas custaim agus le húdaráis chustaim.

    (12)Meastar go núsáidfear an chuid is mó den bhuiséad faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta Teicneolaíochta Faisnéise (TF). I bhforálacha sonracha, ba cheart cur síos a dhéanamh ar na comhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta faoi seach de na córais leictreonacha Eorpacha. Thairis sin, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú go soiléir.

    (13)Le Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 iarrtar ar an gCoimisiún Plean Straitéiseach Ilbhliantúil a tharraingt suas le haghaidh Custaim chun timpeallacht chustaim leictreonach atá comhleanúnach comhinoibritheach a chruthú le haghaidh an Aontais. Déantar forbairt agus oibriú na gcóras leictreonach atá san áireamh sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil a chistiú leis an gClár go príomha. Chun comhleanúnachas agus comhordú a áirithiú idir an Clár agus an Plean Straitéiseach Ilbhliantúil, ba cheart forálacha ábhartha an Chinnidh a chur san áireamh sa Rialachán seo. Ós rud é go ndéantar na forálacha ábhartha uile de Chinneadh Uimh. 70/2008/CE a thógáil ar láimh anois le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nó leis an Rialachán seo, ba cheart Cinneadh Uimh. 70/2008/CE a aisghairm.

    (14)Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin cláir oibre. I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart go bhféadfaí roinnt blianta a chumhdach i gcláir oibre. Laghdófar an tualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon leis an aistriú ó chláir oibre bhliantúla go cláir oibre ilbhliantúla.

    (15)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 .

    (16)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 26 , is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gclár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus rórialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit, go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na hIonstraime ar an láthair.

    (17)Chun freagairt go hiomchuí d'athruithe i dtosaíochtaí beartais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú chuspóirí sonracha an Chláir a thomhas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

    (18)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 28 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 29 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 30 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (19)Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh na bainistíochta fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach AE is ea urramú an smachta reachta.

    (20)Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamhchomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

    (21)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (22)Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart dá bhrí sin an Rialachán sin a aisghairm,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    1.Bunaítear an clár 'Custaim' leis an Rialachán seo chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim ('Clár').

    2.Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn ‘údaráis chustaim' na húdaráis mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 5 de Rialachán (AE) 952/2013;

    (2)ciallaíonn 'córais leictreonacha Eorpacha' córais leictreonacha atá riachtanach don aontas custaim agus chun misean údarás custam a fhorghníomhú;

    (3)ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nach bhfuil ina ball den Aontas.

    Airteagal 3

    Cuspóirí an Chláir

    1.Tá sé mar chuspóir ginearálta leis an gClár tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus d'údaráis chustaim chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, chun slándáil agus sábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach agus neamhdhleathach, agus gníomhaíocht ghnó dhlisteanach á héascú san am céanna.

    2.Tá cuspóir ar leith ag an gClár, is é sin, tacaíocht a thabhairt d'ullmhú agus do chur chun feidhme aonfhoirmeach reachtaíochta agus beartais custaim mar aon le comhar custaim agus fothú acmhainneachta riaracháin, lena náirítear inniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú.

    Airteagal 4

    An buiséad

    1.Is é EUR 950 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021-2027.

    2.Féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1 speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú an Chláir agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chláir. Ina theannta sin, féadfar a chumhdach leis speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena náirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir.

    Airteagal 5

    Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

    Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

    (a)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (b)tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais;

    (c)tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

    go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

    go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] de Rialachán [2018/XXXX] [an Rialachán Airgeadais nua] a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

    nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gClár;

    go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

    Airteagal 6

    Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

    1.Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

    2.Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha.

    CAIBIDIL II

    INCHÁILITHEACHT

    Airteagal 7

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    1.Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

    2.Maidir le gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) [2018/XXX] [an ionstraim TRC] nó maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear leo sin, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár seo freisin.

    3.Beidh an méid seo a leanas san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

    (a)cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla;

    (b)comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe;

    (c)gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF, go háirithe forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach;

    (d)gníomhaíochtaí maidir le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine;

    (e)tacaíocht agus gníomhaíochtaí eile, lena náirítear:

    (1)staidéir;

    (2)gníomhaíochtaí nuálaíochta, go háirithe cruthúnas coincheap, treoirthionscnaimh agus tionscnaimh fréamhshamhaltaithe;

    (3)gníomhaíochtaí cumarsáide a forbraíodh i gcomhpháirt;

    (4)aon ghníomhaíocht eile dá bhforáiltear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 13, atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach nó chun tacú leo.

    Cuirtear foirmeacha gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) i láthair i liosta neamhuileghabhálach in Iarscríbhinn 1.

    4.Maidir le gníomhaíochtaí arb éard atá i gceist leo oiriúnuithe do chomhpháirteanna coiteanna de na córais leictreonacha Eorpacha nó síntí leo a fhorbairt agus a oibriú le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú nuair is chun leas an Aontais atá siad. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm, lena bhféadfar foráil a dhéanamh maidir le ranníocaíocht airgeadais ó na tríú páirtithe lena mbaineann na gníomhaíochtaí sin.

    5.I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht fothaithe acmhainneachta TF dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 le forbairt agus oibriú córais leictreonaigh Eorpaigh, ní bheidh ach na costais a bhaineann leis na freagrachtaí arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 11(2) incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár. Is iad na Ballstáit a íocfaidh na costais a bhaineann leis na freagrachtaí a thugtar dóibh de bhun Airteagal 11(3).

    Airteagal 8

    Saineolaithe seachtracha

    1.Aon uair inar tairbhiúil chun na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach, i gcás ionadaithe ó údaráis rialtais, lena náirítear iad sin ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár de bhun Airteagal 5, ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d'oibreoirí eacnamaíocha agus don tsochaí shibhialta, féadfaidh siad páirt a ghlacadh mar shaineolaithe seachtracha i ngníomhaíochtaí arna neagrú faoin gClár.

    2.Beidh costais arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1 incháilithe le haghaidh aisíocaíocht faoin gClár i gcomhréir le forálacha Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais.

    3.Roghnóidh an Coimisiún na saineolaithe seachtracha bunaithe ar na scileanna, ar an taithí agus ar an eolas atá acu is ábhartha don ghníomhaíocht shonrach, agus déanfar aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint san am céanna.

    CAIBIDIL III

    DEONTAIS

    Airteagal 9

    Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte

    1.Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

    2.Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoi chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn an ranníocaíocht na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus féadfar an tacaíocht as na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

    3.I gcomhréir le hAirteagal 198(f) den Rialachán Airgeadais, dámhfar na deontais gan glao ar thograí i gcás inar údaráis chustaim de chuid na mBallstát agus na dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo iad na heintitis incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

    Airteagal 10

    Ráta cómhaoinithe

    1.De mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú leis an gClár.

    2.Sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, leagfar amach an ráta cómhaoinithe is infheidhme i gcás ina néileofar go mbronnfar deontais de réir na ngníomhaíochtaí.

    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ FOTHAITHE ACMHAINNEACHTA TF

    Airteagal 11

    Freagrachtaí

    1.Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit an fhorbairt agus an toibriú i gcomhar, lena náirítear dearadh, sonraíocht, tástáil comhréireachta, úsáid, cothabháil, éabhlóid, slándáil, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta, na gcóras leictreonach Eorpach a liostaítear sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá dtagraítear in Airteagal 12.

    2.Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)forbairt agus oibriú comhpháirteanna coiteanna arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá bhforáiltear in Airteagal 12;

    (b)forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú go foriomlán chun críocha a ninoibritheachta, a nidirnascachta agus a bhfeabhsaithe leanúnaigh agus a gcur chun feidhme shioncronaithe;

    (c)comhordú córas leictreonach Eorpach ar leibhéal an Aontais d'fhonn iad a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta;

    (d)forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú maidir lena nidirghníomhaíochtaí le tríú páirtithe, seachas gníomhaíochtaí atá ceaptha chun ceanglais náisiúnta a chomhlíonadh;

    (e)comhordú córas leictreonach Eorpach le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomhRialtas ar leibhéal an Aontais.

    3.Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá bhforáiltear in Airteagal 12;

    (b)forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta córas leictreonach Eorpach a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta;

    (c)córais leictreonacha Eorpacha a chomhordú le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomhRialtas ar leibhéal an Aontais;

    (d)soláthar rialta faisnéise don Choimisiún maidir leis na bearta arna ndéanamh chun go bhféadfaidh a núdaráis nó a noibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann lánúsáid a bhaint as córais leictreonacha Eorpacha;

    (e)cur chun feidhme córas leictreonach Eorpach ar an leibhéal náisiúnta.

    Airteagal 12

    Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim

    1.Déanfaidh an Coimisiún Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta ina liostófar gach cúram ábhartha chun córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú agus ina naicmeofar gach córas, nó cuid de:

    (a)mar chomhpháirt choiteann: mar chomhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, atá ar fáil do gach Ballstát nó atá sainaitheanta mar chomhpháirt choiteann ag an gCoimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe;

    (b)mar chomhpháirt náisiúnta: mar chomhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh comhpháirt den sórt sin nó a rannchuidigh lena comhchruthú;

    (c)nó meascán den dá rud.

    2.Ina theannta sin, cuirfear san áireamh sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim gníomhaíochtaí nuálaíochta agus treoirghníomhaíochtaí mar aon leis na modheolaíochtaí agus leis na huirlisí tacaíochta i ndáil leis na córais leictreonacha Eorpacha.

    3.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach cúram a shanntar dóibh a chur i gcrích faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá dtagraítear i mír 1. Tuairisceoidh siad go rialta don Choimisiún freisin maidir leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad lena gcúraimí.

    4.Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar an dul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá dtagraítear i mír 1 lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Beidh na tuarascálacha bliantúla sin bunaithe ar fhormáid réamhshocraithe.

    5.Tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, bunóidh an Coimisiún, ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 4, tuarascáil chomhdhlúite ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i mír 1 agus poibleoidh sé an tuarascáil sin.

    CAIBIDIL V

    CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

    Airteagal 13

    Clár oibre

    1.Is leis na cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 108 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.

    2.Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre ilbhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

    Airteagal 14

    Faireachán agus tuairisciú

    1.Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

    2.Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 17, chun Iarscríbhinn 2 a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    3.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

    Airteagal 15

    Meastóireacht

    1.Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

    2.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an chláir.

    3.I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

    4.Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    Airteagal 16

    Iniúchtaí agus imscrúduithe

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dhlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar ar na cearta sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF).

    CAIBIDIL VI

    AN NÓS IMEACHTA COISTE AGUS AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

    Airteagal 17

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 18

    Nós imeachta coiste

    1.Tabharfaidh coiste dá ngairfear "Coiste an Chláir Custaim" cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    CAIBIDIL VII

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

    Airteagal 19

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

    2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

    Airteagal 20

    Aisghairm

    1.Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    2.Déantar Cinneadh Uimh. 70/2008/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    Airteagal 21

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

    2.Ina theannta sin, féadfaidh clúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an taistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013, a áirithiú.

    3.Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

    Airteagal 22

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

    1.3An cineál togra/tionscnaimh

    1.4Forais an togra/tionscnaimh

    1.5Fad agus tionchar airgeadais

    1.6Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár Custaim le haghaidh tacaíocht i réimse an chustaim

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

    An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

     beart nua 

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 32  

    X síneadh ar bheart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Forais an togra/tionscnaimh

    1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    Cuirfear an clár chun feidhme trí ghníomh cur chun feidhme lena nglactar clár oibre ilbhliantúil. Glacfar an clár sa chéad ráithe de 2021 tar éis dul i gcomhairle le Coiste an Chláir Custaim. Déanfar an clár oibre ilbhliantúil a fhorghníomhú trí chomhaontuithe deontais a thabhairt i gcrích leis na tairbhithe agus trí chonarthaí soláthair phoiblí a thabhairt i gcrích leis na soláthraithe seirbhísí ag tosú sa dara ráithe de 2018 ar a dhéanaí.

    1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

    Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante) 

    Cuidíonn údaráis chustaim le leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint, agus, sa ról atá acu mar chaomhnóirí theorainn sheachtrach AE d'earraí, cosnaíonn siad an pobal ar bhagairtí sceimhlitheoireachta, sláinte, comhshaoil agus ar bhagairtí eile. Cuireann údaráis chustaim liosta de bhreis agus 60 reachtaíocht neamhchustaim i bhfeidhm a bhaineann, inter alia, le hearraí dé-úsáide, le hairm thine, le réamhtheachtaithe drugaí, le gluaiseacht airgid, le cearta maoine intleachtúla, le sláinte phoiblí, le sábháilteacht táirgí agus le cosaint tomhaltóirí agus le cosaint an fhiadhúlra agus an chomhshaoil. Tá ról ríbhábhachtach ag údaráis chustaim freisin i dtaca le sláine an tslabhra soláthair a áirithiú agus cosc a chur ar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a gcistí a ghluaiseacht faoi shaoirse. De dheasca dúshláin nua a thagann chun cinn trí theicneolaíochtaí a athraíonn go tapa (digitiú, nascacht, idirlíon na rudaí nithiúla, blocshlabhra) agus samhlacha gnó (ríomhthráchtáil, optamú an tslabhra soláthair), acmhainní poiblí airgeadais laghdaithe, méideanna méadaitheacha trádála domhanda agus bagairt sheasta coireachta trasteorann agus slándála, cuirtear de shíor leis an mbrú i dtaca le feidhmíocht an aontais custaim a fheabhsú agus raon na gcúraimí atá le déanamh ag lucht riaracháin custaim a mhéadú.

    Ó 2016 i leith, is é Cód Custaim an Aontais (CCA) an creat custaim dlíthiúil nua. Spreag CCA tionscadal digitithe ollmhór le 17 gcóras leictreonacha éagsúla a bheidh i bhfeidhm ina iomláine faoi 2025.

    Níl ach aon bhealach amháin chun é sin uile a chur chun feidhme is é sin dlúthchomhar oibríochtúil idir lucht riaracháin custaim na mBallstát, eatarthu féin agus údaráis eile, le lucht trádála agus tríú páirtithe eile. Leis an gclár beartaithe a thagann i ndiaidh an chláir Custam 2020, tacófar leis an aontas custaim agus leis na húdaráis chustaim trí ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta riaracháin agus TF agus trí chomhar oibríochtúil.

    An luach breise ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)

    Caithfear formhór mór an bhuiséid bheartaithe ar ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF. Líonra ardslándála tiomnaithe cumarsáide atá ina bhunchloch ag an gcomhar custaim lena náirithítear nach gá do gach riarachán náisiúnta ach é féin a nascadh uair amháin leis an mbonneagar coiteann sin chun bheith in ann faisnéis de shaghas ar bith a mhalartú. Murach an bonneagar sin a bheith ar fáil, bheadh ar na Ballstáit iad féin a nascadh 27 nuaire le córais náisiúnta gach ceann de na Ballstáit eile.

    1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil eile san am a chuaigh thart

    Meastóireacht deiridh ar an gclár Custam 2013:

    Tríd is tríd, torthaí dearfacha a bhí ann maidir le rannchuidiú an chláir le cuspóirí ar leibhéal an bheartais agus ó thaobh cuidiú le húdaráis chustaim oibriú mar aon údarás amháin. Is féidir achoimre a dhéanamh ar na mórthairbhí mar seo a leanas:

    -    Sábháilteacht agus slándáil a fheabhsú, lena náirítear cur chun feidhme iomlán an Chórais Rialaithe Allmhairí agus an Chórais Bainistíochta Riosca Custaim mar aon leis an Oibreoir Eacnamaíoch Údaraithe agus Córais Oibreoirí Eacnamaíocha a phríomhshruthú.

    -    Trádáil a éascú, rud a fhágann go bhfuil an tAontas Custaim níos sláine agus nach mbíonn an oiread lámhrialuithe i gceist lena moillítear sreabhadh na trádála agus lena mbrostaítear an próiseas idirthurais.

    -    Leasanna airgeadais AE a chosaint, mar gheall ar bhunachair sonraí láraithe a úsáid agus éifeachtacht fheabhsaithe córas bainistíochta riosca.

    Ní forbairt leanúnach amháin ar threochtaí a bhí ann cheana a bhí i gceist lenar baineadh amach le linn na tréimhse faoi athbhreithniú. Ach baineadh cuid mhór amach agus b'úrnua an méid é (go háirithe maidir le córais leictreonacha a thabhairt isteach i ndáil le slándáil agus sábháilteacht) rud a léirigh go raibh forbairtí móra á ndéanamh chun príomhchuspóirí an chláir a bhaint amach.

    Sainaithníodh cás láidir sa mheastóireacht le haghaidh bhreisluach AE maidir leis an gclár, go háirithe maidir lena ról chun tacú le cur chun feidhme reachtaíocht AE ar an leibhéal náisiúnta. Tá na córais leictreonacha arna gcistiú tríd an gclár anchomhlántach le tionscnaimh náisiúnta agus baineann siad den chuid is mó leis an reachtaíocht sin a chur chun feidhme. Dá bharr sin, tháinig laghdú ar chostais riaracháin a thiocfadh as an ngá a bheadh ann do gach Ballstát córais leictreonacha chomhchosúla a fhorbairt ar a thionscnamh féin. Measadh go raibh an líonrú arna chothú trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha an chláir ríthábhachtach ar roinnt cúiseanna, lena náirítear reachtaíocht choiteann a chur i bhfeidhm go leanúnach, dea-chleachtais a scaipeadh agus an mhuinín is gá chun go ngníomhódh lucht riaracháin mar aon lucht riaracháin amháin a chothú.

    Léiríodh i dtorthaí tosaigh na meastóireachta meántéarma ar an gclár Custam 2020 go bhfuil lucht riaracháin custaim náisiúnta dearfach i gcoitinne i dtaobh a mhéid atá torthaí á mbaint amach tríd an gclár, torthaí nach bhféadfaí a bhaint amach dá mbeadh lucht riaracháin náisiúnta ag gníomhú leo féin. Mheas cion ard d'fhreagróirí na gceistneoirí meastóireachta freisin go bhfuil ról lárnach ag an gclár chun muinín a fhorbairt agus is é an toradh atá air cóineasú a bhaint amach le lucht riarachán custaim Bhallstáit AE agus le tíortha rannpháirteacha eile (tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha). Is léir ó agallaimh gur baineadh gnóthachain éifeachtúlachta amach a bhuí le hacmhainní a thiomsú, go háirithe i réimse TF (barainneacht scála agus costais forbartha laghdaithe). Tugtar le fios sna torthaí freisin go bhfuil dúshláin roimh údaráis náisiúnta cúinsí náisiúnta a ailíniú le ceanglais chustaim AE: d'fhéadfadh sé go mbeadh leasanna éagsúla ina mbacainní i gcásanna áirithe le breisluach AE a áirithiú agus chuir roinnt údaráis náisiúnta in iúl freisin gur ábhar frustrachais acu é leibhéal a nuaillmhéine a choigeartú do leibhéal uaillmhéine lucht riaracháin custaim náisiúnta nach bhfuil chomh forbartha céanna.

    1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

    Tá dlúthbhaint idir an clár agus an Ionstraim nua maidir le Trealamh Rialaithe Custaim lena dtacófar le ceannach, le cothabháil agus le huasghrádú an trealaimh incháilithe.

    Ina theannta sin, tá naisc idir an clár agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise OLAF maidir le calaois a chomhrac chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 325 CFAE.

    De bhreis air sin, tá sineirgíochtaí móra ann leis an gclár Fiscalis lena dtacaítear le comhar i réimse an chánachais. Sa réimse TF, tá malartú tuairimí agus cistiú comhpháirteach á ndéanamh i dtaca le comhpháirteanna coiteanna TF amhail an Líonra Cumarsáide Coiteann. Tá cineálacha cur chuige comhionanna maidir le bainistiú TF i bhfeidhm mar aon le sásraí tacaíochta coiteanna cothrománacha. Úsáidtear an cineál céanna gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus cur chuige comhchosúil maidir le fothú agus oiliúint inniúlacht an duine. Déantar bainistiú an chláir ó thaobh an togra, an bhainistithe, bainistiú gníomhaíochta, gníomhartha cur chun feidhme agus faireachán ar fheidhmíocht de a chuíchóiriú go hiomlán.

    1.5.Fad agus tionchar airgeadais

    X tréimhse theoranta

    X    i bhfeidhm ón 01/01/2021 go dtí an 31/12/2027

    X    Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2030 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

     tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 33  

    X Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

    X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí poiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn 'Nótaí' le do thoil.

    Nótaí

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Déanfar measúnú ar thionchar an chláir Custaim bheartaithe trí mheastóireachtaí eatramhacha agus deiridh agus trí fhaireachán a dhéanamh ar thacar eochairtháscairí feidhmíochta ardleibhéil ar bhonn leanúnach.

    Beidh torthaí agus aischuir an chláir faoi réir measúnú ar bhonn rialta trí chóras faireacháin cuimsitheach, bunaithe ar tháscairí réamhshainithe agus an gá atá le luach ar airgead a fháil á chur san áireamh. Bainfear leas as uirlisí éagsúla bailithe sonraí chun sonraí a fháil le feidhmíocht a thomhas lena náirítear foirmeacha leantacha gníomhaíochtaí, foirmeacha measúnaithe ócáidí agus suirbhéanna rialta ar oifigigh chustaim.

    Ós rud é go bhfuil ról tacaíochta ag an gclár chun cuidiú le lucht riaracháin tíortha rannpháirteacha faisnéis a roinnt agus a nacmhainneacht a threisiú, tá an córas faireacháin dírithe ar dhul chun cinn ghníomhaíochtaí an chláir a leanúint ó thaobh táscairí ar leibhéil aischur de. Aon uair is féidir, déantar scrúdú ar tháscairí freisin i réimsí i ndáil le cuspóirí ardleibhéil an chláir.

    Eiseoidh an Choimisiún, ar bhonn bliantúil, tuarascáil ar dhul chun cinn an chláir ina mbeidh achoimre ar an bhfeidhmíocht i dtaca le cuspóirí an chláir agus leis na táscairí aischuir agus toraidh lena mbaineann.

    2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme cistiúcháin, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis rialaithe atá beartaithe

    Cuirfear an clár chun feidhme faoin modh bainistíochta dírí i bhfianaise chineál ghníomhaíochtaí an chláir, na béime a leagtar sa chlár ar lucht riaracháin custaim mar thairbhithe agus inniúlacht neamheisiach AE don aontas custaim, déantar foráil ann maidir le hacmhainní airgeadais a leithdháileadh ar an mbealach is éifeachtúla agus is féidir agus leis an tionchar is mó agus is féidir. Go deimhin, tugtar solúbthacht agus cumhacht stiúrtha don Choimisiún leis an gclár chun na cistí iomchuí a leithdháileadh ar bhonn bliantúil trí a chinneadh airgeadais de réir tosaíochtaí arna gcomhaontú leis na Ballstáit trí nós imeachta coiste, lena náirítear riachtanais atá ag teacht chun cinn. Go sonrach, ní mór do ranna an Choimisiúin gach beart ar leith a dhéantar a athbhreithniú agus glacadh léi i bhfianaise an méid seo a leanas: na cuspóirí agus na coinníollacha atá leabaithe sa rialachán; an clár oibre bliantúil arna ghlacadh; agus na critéir incháilitheachta atá sa chinneadh maoinithe nó sna comhaontuithe deontais.

    Déanfar an cur chun feidhme trí bhíthin soláthair den chuid is mó agus, go pointe áirithe, trí bhíthin comhaontuithe deontais arna mbunú leis na hÚdaráis Náisiúnta.

    I dtaca le soláthar, déantar na modúlachtaí íocaíochta a ailíniú go hiomlán le caighdeáin chorparáideacha (réamhmhaoiniú ar bith; tá na híocaíochtaí uile nasctha le glacadh le gnéithe insoláthartha réamhshainithe).

    I dtaca le deontais, tá réamhmhaoiniú suas le 90% beartaithe. Déantar íocaíocht deiridh nó gnóthuithe le haghaidh deontas ar bhonn tuarascálacha airgeadais mar aon le hiniúchtaí ex-post ar an láthair.

    Tá an córas rialaithe le haghaidh soláthair bunaithe ar fhíorú críochnúil ex-ante ar 100% de na hidirbhearta uile agus dá bhrí sin cuirtear aon earráid tráth íocaíochta as an áireamh.

    I dtaca le deontais, tá cur chuige déach ag an straitéis rialaithe:

    (1) críochnaítear tuarascálacha airgeadais an Údaráis Náisiúnta tar éis athbhreithniú tapa a dhéanamh ar na doiciméid, agus an tordú íocaíochta deiridh nó an tordú gnóthaithe ina dhiaidh sin (rud a laghdaíonn na moilleanna ar íocaíochtaí). Déantar na horduithe íocaíochta nó na horduithe gnóthaithe sin a fhíorú trí na gnáthrialuithe ex-ante sna snagchuarda airgeadais (fíorú ex-ante ar 100% de na hidirbhearta).

    (2) tá iniúchtaí ex-post ar an láthair sna Ballstáit mar bhonn taca leis na rialuithe thuas. Tá sé i gceist ag an ArdStiúrthóireacht TAXUD misin iniúchóireachta a dhéanamh ar an láthair i dtrí Bhallstát go cúig Bhallstát in aghaidh na bliana agus é mar rún aici tromlach na dtíortha rannpháirteacha a chumhdach roimh dheireadh na clárthréimhse.

    2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    Tá na rioscaí a bhaineann leis na hidirbhearta airgeadais lena gcuirtear an clár chun feidhme teoranta.

    (1) Maidir le soláthar, déantar formhór na nidirbheart (atá nasctha den chuid is mó le forbairt agus oibriú córas TF) a chur chun feidhme ag úsáid creatchonarthaí atá anois ann agus/nó trí bhíthin comhtharmligean chuig ranna eile de chuid an Choimisiúin.

    Leis an gcóras rialaithe inmheánaigh foriomlán a bhí i bhfeidhm san ArdStiúrthóireacht TAXUD (bunaithe ar fhíorú ex-ante críochnúil ar 100% de na hidirbhearta gaolmhara), bhíothas in ann na rátaí earráidí sa chlár roimhe a choinneáil go mór faoi bhun na tairsí ábharthachta (i.e. ar leibhéal measta 0,5%). Leanfar den chóras rialaithe sin a úsáid agus a chur i bhfeidhm le haghaidh gach idirbhirt faoin gclár nua rud a áiritheoidh go mbeidh rátaí earráidí go mór faoi bhun na tairsí ábharthachta.

    (2) Maidir le deontais, tá leibhéal íseal riosca i gceist leis na hidirbhearta go háirithe ós rud é:

       go bhfuil na tairbhithe mar lucht riaracháin custaim na mBallstát, na dtíortha is iarrthóirí agus na niarrthóirí ionchasacha – i gcás den sórt sin níl aon ghlaonna ar thograí i gceist;

       go bhfuil caiteachas nasctha den chuid is mó le gníomhaíochtaí iomadúla agus méideanna réasúnta beaga i gceist le haghaidh gach gníomhaíochta (aisíocaíochtaí caiteachas taistil agus cothaithe go príomha);

       go bhfuil taifeadadh gníomhaíochtaí agus tiomsú tuarascálacha airgeadais faoi réir úsáid éigeantach ART2 (an córas TF a úsáidtear le faireachán a dhéanamh ar an gcaiteachas) - cuimsítear rialuithe áirithe sa chóras sin;

       go bhfuil na tionscadail agus na gníomhaíochtaí uile faoin gclár formheasta ex ante ag an ArdStiúrthóireacht TAXUD, áirítear dlíthiúlacht agus rialtacht na ngealltanas deontas trí na rialuithe a bhaineann leis na céimeanna roghnúcháin agus conarthacha;

       go ndearbhaítear leis an anailís ar na hearráidí is coitianta arna mbrath le linn fíoruithe ex-post a rinneadh roimhe sin nó iniúchtaí ex-post ar an láthair go bhfuil riosca íseal ag baint leis na hidirbhearta airgeadais gaolmhara.

    Faoin gclár roimhe sin, bhí an ráta earráidí don chuid arna cur chun feidhme trí bhíthin deontas faoi bhun na tairsí ábharthachta (i.e. timpeall 1%) go leanúnach. Leanfar den chóras rialaithe sin a chur i bhfeidhm rud a áiritheoidh go mbeidh rátaí earráidí faoi bhun na tairsí ábharthachta.

    2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

    B'ionann costas bliantúil na rialuithe faoin gclár roimhe agus timpeall 1.5% go leanúnach (costas na rialuithe uile (soláthar agus deontais) ar íocaíochtaí arna ndéanamh le linn na bliana) agus meastar go bhfuil sé costéifeachtach.

    Tá an riosca earráide, mar a léirítear thuas, teoranta i bhfianaise chineál agus mhodh cur chun feidhme na nidirbheart airgeadais gaolmhar. De bhreis air sin, tá sé mar aidhm leis an gcóras rialaithe inmheánaigh foriomlán, bunaithe ar fhíoruithe ex-ante críochnúla, gach earráid ionchasach a bhaint roimh an íocaíocht nó roimh an ndúnadh.

    Laghdaítear an riosca earráide a d'fhéadfadh a bheith i gceist tráth íocaíochta/dúnta leis na rialuithe ex-post ar an láthair ós rud é gur mór an díspreagadh iad.

    Léiríodh go bhfuil an straitéis rialaithe atá i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil faoin gclár roimhe agus go bhfuil costas an rialaithe teoranta.

    Ós rud é go núsáidfear na córais rialaithe chéanna don chlár nua, beidh an costas a mheastar a bhainfidh le rialuithe agus leibhéal an riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis tráth na híocaíochta nó an dúnta faoin gclár nua ar an dul céanna.

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

    Tá straitéis frithchalaoise na hArdStiúrthóireachta TAXUD dírithe ar chultúr frithchalaoise a bhfuil borradh faoi a fhorbairt laistigh den ArdStiúrthóireacht trí ghníomhaíochtaí múscailte feasachta faoi rioscaí calaoise a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus iompar eiticiúil i measc fhoireann na hArdStiúrthóireachta TAXUD. De bhreis air sin, tugtar aghaidh sa straitéis ar chomhar gníomhach le OLAF agus gnéithe calaoise a chomhtháthú sa timthriall um Pleanáil Straitéiseach agus Cláreagrú de chuid na hArdStiúrthóireachta.

    Ós rud é go gcuirfear an clár chun feidhme (den chuid is mó) trí sholáthar, maidir le cuspóir 3 de straitéis frithchalaoise na hArdStiúrthóireachta TAXUD (i.e. "Feasacht a mhúscailt i dtaobh coinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith i gceist ag déileáil le páirtithe leasmhara seachtracha amhail brústocairí, tairgeoirí, conraitheoirí") agus béim ar 1) thaifid ar theagmhálacha le brústocairí a choinneáil, 2) ar bhainistíocht láraithe nósanna imeachta soláthair agus teagmhálacha le tairgeoirí, 3) ar oiliúint thiomnaithe ó thaobh teagmhálacha le brústocairí, beidh sé infheidhme go háirithe maidir le cur chun feidhme an chláir. De bhreis air sin, beidh aon chalaois agus neamhrialtacht a d'fhéadfadh a bheith ann san áireamh i gcomhairliúchán éigeantach an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh roimh chonarthaí a dhámhachtain (agus aon idirbheart airgeadais).

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir

    LD/LN 34 .

    ó thíortha de chuid CSTE 35

    ó thíortha is iarrthóirí 36

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

    1

    03.01 An Margadh Aonair – Líne riaracháin

    03.05 An Margadh Aonair – Comhar i réimse an chustaim (CUSTAM)

    Difreáilte

    NÍL

    NÍL

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    1

    An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Tar éis 2027

    IOMLÁN

    Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)

    Gealltanais

    (1)

    126.587

    130.144

    132.753

    135.414

    138.129

    140.897

    143.976

    947.900

    Íocaíochtaí

    (2)

    30.975

    94.322

    117.123

    122.203

    124.928

    127.061

    129.462

    201.826

    947.900

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 37  

    Gealltanais = Íocaíochtaí

    (3)

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    2.100

    IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

    Gealltanais

    =1+3

    126.887

    130.444

    133.053

    135.714

    138.429

    141.197

    144.276

    950.000

    Íocaíochtaí

    =2+3

    31.275

    94.622

    117.423

    122.503

    125.228

    127.361

    129.762

    201.826

    950.000





    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    7

    “Caiteachas riaracháin”

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Tar éis 2027

    IOMLÁN

    Acmhainní daonna

    16.864

    16.864

    16.864

    16.864

    16.864

    16.864

    16.864

    118.048

    Caiteachas riaracháin eile

    0.686

    0.686

    0.686

    0.686

    0.686

    0.686

    0.686

    4.802

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    17.550

    17.550

    17.550

    17.550

    17.550

    17.550

    17.550

    122.850

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Tar éis 2027

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe
    ar fud na gCEANNTEIDEAL
    den chreat airgeadais ilbhliantúil
     

    Gealltanais

    144.437

    147.994

    150.603

    153.264

    155.979

    158.747

    161.826

    1072.850

    Íocaíochtaí

    48.825

    112.172

    134.973

    140.053

    142.778

    144.911

    147.312

    201.826

    1072.850

    3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Blianta

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    16.864

    16.864

    16.864

    16.864

    16.864

    16.864

    16.864

    118.048

    Caiteachas riaracháin eile

    0.686

    0.686

    0.686

    0.686

    0.686

    0.686

    0.686

    4.802

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    17.550

    17.550

    17.550

    17.550

    17.550

    17.550

    17.550

    122.850

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 38
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    2.100

    Fo-iomlán
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7den chreat airgeadais ilbhliantúil

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    0.300

    2.100

    IOMLÁN

    17.850

    17.850

    17.850

    17.850

    17.850

    17.850

    17.850

    124.950

    Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

    X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Blianta

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

     Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

    108

    108

    108

    108

    108

    108

    108

    Toscaireachtaí

    Taighde

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: (FTE) - CA, LA, SNE, INT agus JPD  39

    Ceannteideal 7

    Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    - sa cheanncheathrú

    18

    18

    18

    18

    18

    18

    18

    - toscaireachtaí

    Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  40

    - sa cheanncheathrú

    - toscaireachtaí

    Taighde

    Eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athimlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    San áireamh sna figiúirí tá foireann atá ag obair ar bhainistiú díreach agus cur chun feidhme an chláir agus foireann atá ag obair ar réimsí beartais a fhaigheann tacaíocht nó cistiú ón gclár.

    Foireann sheachtrach

    San áireamh sna figiúirí tá foireann atá ag obair ar bhainistiú díreach agus cur chun feidhme an chláir agus foireann atá ag obair ar réimsí beartais a fhaigheann tacaíocht nó cistiú ón gclár.

    3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    Leis an togra/tionscnamh seo:

    X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

       déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Blianta

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

    X    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    X     ar acmhainní dílse

    ◻ ar ioncam eile

    má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Tionchar an togra/tionscnaimh 41

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

    Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

    D’fhéadfadh tionchar an chláir dul i bhfeidhm go hindíreach ar ioncam AE toisc go bhfuiltear ag tnúth go mbaileofar níos mó dleachtanna custaim agus CBL tráth an allmhairithe trí na seirbhísí custaim a fheabhsú agus trí chur lena éifeachtúla atá siad. Ní féidir an tionchar sin a chainníochtú, áfach.

    (1)    COM(2018) 322 final
    (2)    COM(2018) 321 final
    (3)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
    (4)    Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála (IO L 23, 26.1.2008, lch. 21).
    (5)    COM(2018) 434
    (6)     https://ec.europa.eu/cefdigital/wiki/display/CEFDIGITAL/CEF+Digital+Home  
    (7)    COM(2017)134
    (8)     https://ec.europa.eu/growth/industry/policy/ictstandardisation_ga  
    (9)     https://ec.europa.eu/info/businesseconomy-euro/banking-andfinance/fintech_en#actionplan  
    (10)     https://ec.europa.eu/info/designing-nextresearchandinnovationframework-programme/whatshapesnextframework-programme_en  
    (11)     https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/news/europeancommissionlauncheseu-blockchainobservatory-andforum  
    (12)    https://ec.europa.eu/taxation_customs/sites/taxation/files/resources/documents/common/
    publications/studies/customs_2013_final_evaluation_report.pdf
    (13)    Clúdach teoranta ar réimse TF, ós rud é nach raibh na freagraí ar cheistneoir TF ná ar chásstaidéir tugtha chun críche tráth dréachtaithe an Mheasúnaithe Tionchair seo.
    (14)    COM(2018) 321 final
    (15)    COM(2018) 322 final
    (16)    An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1-14
    (17)    IO C , , lch. .
    (18)    Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE, IO L 347, 20.12.2013, lch. 209.
    (19)     https://ec.europa.eu/taxation_customs/general-informationcustoms/customsrisk-management/measurescustomsrisk-managementframework-crmf_en  
    (20)    IO L 373, 20.12.2013, lch. 1
    (21)    COM(2016) 605 final
    (22)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim
    (23)    COM(2010) 700 final
    (24)    Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custaim agus le trádáil (IO L 23, 26.1.2008, lch. 21).
    (25)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
    (26)    An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, IO L 123, 12.5.2016, lch. 1-14.
    (27)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
    (28)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
    (29)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
    (30)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
    (31)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
    (32)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (33)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
    (34)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (35)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (36)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb iomchuí, iarrthóirí ionchasacha ó na Balcáin Thiar.
    (37)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (38)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (39)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
    (40)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
    (41)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top

    An Bhruiséil,8.6.2018

    COM(2018) 442 final

    IARSCRÍBHINNÍ

    a ghabhann leis an Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear an clár 'Custaim' chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim

    {SEC(2018) 295 final}
    {SWD(2018) 321 final}
    {SWD(2018) 322 final}


    IARSCRÍBHINN 1

    Liosta neamhuileghabhálach d'fhoirmeacha gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist
    dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) den chéad fho-mhír d'Airteagal 7(3)

    Féadfaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(3) a bheith sna foirmeacha seo a leanas, i measc nithe eile:

    (a)    Maidir le cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla:

    Seimineár agus ceardlann, a bhfreastalaíonn gach tír orthu den chuid is mó ina ndéantar cur i láthair agus ina ndéanann rannpháirtithe dianphlé agus gníomhaíocht maidir le hábhar ar leith;

    Turas oibre, arna eagrú chun cur ar a gcumas d'oifigigh saineolas nó tuiscint ar chúrsaí custaim a fháil nó a mhéadú;

    (b)    Maidir le comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe:

    Grúpa tionscadail, comhdhéanta de ghnáth de líon teoranta tíortha, a bheidh oibríochtúil ar feadh tréimhse theoranta ama chun cuspóir atá réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, lena náirítear comhordú nó tagarmharcáil, a shaothrú;

    Tascfhórsa, eadhon foirmeacha struchtúrtha comhair, de chineál buan nó neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a shaineolas chun tascanna i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh agus seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh mar thaca leis sin, b'fhéidir;

    Gníomhaíocht faireacháin, arna déanamh ag comhfhoirne atá comhdhéanta d'oifigigh de chuid an Choimisiúin agus d'oifigigh de chuid na núdarás incháilithe chun anailís a dhéanamh ar chleachtais chustaim, aon deacrachtaí a bhaineann le rialacha a chur chun feidhme a shainaithint, agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar rialacha agus ar mhodhanna oibre an Aontais;

    (d)    Maidir le gníomhaíochtaí i dtaca le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine:

    Oiliúint choiteann nó forbairt na ríomhfhoghlama chun tacú leis na scileanna gairmiúla agus an teolas riachtanach i ndáil le cúrsaí custaim a neartú;

    Tacaíocht theicniúil, a bhfuil sé mar aidhm léi nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú, feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin agus feidhmiú agus oibríochtaí údarás custam a fheabhsú trí dhea-chleachtais a thionscnamh agus a chomhroinnt.



    IARSCRÍBHINN 2

    Táscairí

    Cuspóir sonrach: Tacaíocht a thabhairt d'ullmhú agus do chur chun feidhme aonfhoirmeach reachtaíochta agus beartais custaim mar aon le comhar custaim agus fothú acmhainneachta riaracháin, lena náirítear inniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha le haghaidh custaim a fhorbairt agus a oibriú.

    1. Fothú Acmhainneachta (acmhainneacht riaracháin, an duine agus TF):

    1.An tInnéacs maidir le Dlí agus Beartais an Aontais a Chur i bhFeidhm agus a Chur Chun Feidhme (Líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna neagrú sa réimse sin agus moltaí arna neisiúint i ndiaidh na ngníomhaíochtaí sin)

    2.An tInnéacs Foghlama (Na modúil foghlama arna núsáid; líon na noifigeach ar cuireadh oiliúint orthu; scór cáilíochta de réir rannpháirtithe)

    3.Infhaighteacht córas leictreonach Eorpach (ó thaobh céatadán oibre de)

    4.Infhaighteacht an Líonra Cumarsáide Choitinn (ó thaobh céatadán oibre de)

    5.Úsáid príomhchóras leictreonach Eorpach a bhfuil sé mar aidhm leo idirnascacht a mhéadú agus dul i dtreo Aontas Custaim gan pháipéar (líon na dteachtaireachtaí arna malartú agus líon na gcomhairliúchán arna ndéanamh)

    6.An ráta críochnaithe i ndáil le CCA (céatadán na ngarspriocanna arna mbaint amach le córais CCA a chur chun feidhme)

    2. Comhroinnt eolais agus líonrú:

    1.Innéacs Láidreacht an Chomhoibrithe (méid an líonraithe arna dhéanamh, líon na gcruinnithe aghaidh ar aghaidh, líon na ngrúpaí comhoibrithe ar líne)

    2.An tInnéacs Dea-Chleachtas agus Treoirlínte (líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna neagrú sa réimse seo; céatadán na rannpháirtithe a bhain leas as cleachtas oibre nó as treoirlíne arna fhorbairt nó arna forbairt agus tacaíocht á fáil ón gClár)

    Top