AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.6.2018
COM(2018) 394 final
2018/0218(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n
x001e
oileán beag Aeigéach
{SWD(2018) 301 final}
{SEC(2018) 305 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is i dtogra an Choimisiúin le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027 (an togra le haghaidh an CAI) a leagtar síos an creat buiséadach agus na príomhthreochtaí don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT). Ar a bhonn sin, tá an Coimisiún ag tíolacadh sraithe rialachán lena leagfar síos an creat rialaitheach le haghaidh CBT le linn na tréimhse 2021-2027, maille le measúnú tionchair ar chásanna malartacha a d'fhéadfadh a bheith i gceist le héabhlóid an bheartais. Foráiltear leis na tograí seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Is in 2013 a cinneadh an tathchóiriú deireanach ar an gComhbheartas Talmhaíochta, agus is in 2015 a cuireadh i bhfeidhm é. Ó shin i leith, is mór an tathrú atá ar an gcomhthéacs as ar fáisceadh an tathchóiriú. Go háirithe:
Tharla titim mhór i bpraghsanna talmhaíochta, agus iad á dtarraingt anuas ag tosca maicreacnamaíocha, ag teannas geopholaitiúil, agus ag fórsaí eile.
Tá athrú suntasach béime sa chaibidlíocht ó chomhaontuithe iltaobhacha go comhaontuithe déthaobhacha, agus tá an tAontas Eorpach níos oscailte do na margaí domhanda feasta.
Tá gealltanais nua idirnáisiúnta sínithe ag an Aontas Eorpach – gealltanais a bhaineann le srian a chur ar an athrú aeráide cuir i gcás (trí bhíthin COP 21), agus le gnéithe leathana den fhorbairt idirnáisiúnta (trí bhíthin Cuspóirí Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe – SDG), mar aon le hiarrachtaí le freagairt ar bhealach níos fearr d’athruithe geopholaitiúla eile ar a náirítear an imirce.
De bharr na nathruithe seo, tá díospóireacht phoiblí ann faoi athchóiriú 2013, agus ceist an bhfuil dóthain soláthair san athchóiriú sin le haghaidh a thabhairt mar is ceart ar raon leathan dúshlán leanúnach a bhaineann le sláinte eacnamaíoch na hearnála feirmeoireachta, le cúram an chomhshaoil, le gníomhaíocht i leith an athraithe aeráide, agus le creatlach láidir eacnamaíoch agus shóisialta a bheith i gceantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – go mór mór i bhfianaise deiseanna gníomhaíochta atá ag teacht chun cinn i réimsí na trádála, an bhithgheilleagair, an fhuinnimh inathnuaite, an gheilleagair chiorclaigh agus an gheilleagair dhigitigh.
Ní mór CBT a nuachóiriú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo, agus ní mór é a shimpliú leis an ualach riaracháin a laghdú chomh mór agus is féidir, agus ní mór é a dhéanamh níos comhleanúnaí le beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh ionas gur féidir leis an deich dTosaíocht atá ag an gCoimisiún agus leis na Cuspóirí Forbartha Inbhuanaithe oiread sochair agus is féidir a bhaint as. Go deimhin, faoi mar a meabhraíodh ón gCoimisiúin i dTeachtaireacht dá chuid ar an CAI le deireanas, beidh ar CBT tacú leis an aistriú i dtreo na láninbhuanaitheachta in earnáil na talmhaíochta agus i dtreo fhorbairt na bríomhaireachta i gceantair thuaithe, le bia slán, sábháilte ar ardcháilíocht a chur ar fáil do 500 milliún tomhaltóir. Is éard atá ag teastáil ón Eoraip earnáil na talmhaíochta a bheith cliste, athléimneach, inbhuanaithe agus iomaíoch, chun táirgeacht bia ar ardcháilíocht a áirithiú, bia inacmhainne a mbeidh cothabháil ann agus éagsúlacht do na saoránaigh agus do chreatlach shocheacnamaíoch láidir i gceantair thuaithe. Ó tá CBT á nuachóiriú, ní mór dó feabhas a chur ar an luach breise Eorpach atá ann, trí leibhéal níos airde uaillmhéine a thaispeáint i leith an chomhshaoil agus na haeráide, agus trí aghaidh a thabhairt ar ionchais na saoránach maidir lena gcuid sláinte, maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid.
Faoi mar a bhí á thuar i gClár na hOibre le haghaidh 2017, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le líon mór eagras faoi CBT a shimpliú agus a nuachóiriú ionas go bhféadfadh an deich dTosaíocht atá ag an gCoimisiún agus na Cuspóirí Forbartha Inbhuanaithe an sochar uasta a bhaint as. Is ar thosaíochtaí beartais faoi leith don am atá le teacht a bhí an fócas lena linn sin, gan dochar do na leithdháiltí airgeadais don CBT a bheidh sa chéad CIB eile. Ar chuid den phróiseas bhí comhairliúchán mór, mar aon le hanailís ar an bhfianaise a bhí ar fáil faoi fheidhmíocht CBT, lena náirítear na tuairimí ardán REFIT ábhartha.
Cuireadh an toradh i láthair sa Teachtaireacht a glacadh an 29 Samhain 2017 dar teideal "Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta". De bharr na Teachtaireachta, féadfar comhrá struchtúrtha a chur ar bun faoi thodhchaí CBT in Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus leis na geallsealbhóirí chomh maith céanna. Bhí cur síos sa doiciméad beartais seo ar na dúshláin, na cuspóirí agus na bealaí inmholta atá ann le CBT a thabhairt slán sa todhchaí ós gá dó a bheith níos simplí, níos cliste agus níos nua-aoisí, agus treoir a thabhairt san aistriú chuig talmhaíocht níos inbhuanaithe.
Thar aon ní eile, shainaithin an Coimisiún tosaíochta móra do CBT tar éis 2020 mar atá méadú ar a chuid uaillmhéine sa ghníomhaíocht i réimse an chomhshaoil agus na haeráide, feabhas ar aimsiú tacaíochta, agus spleáchas níos treise ar an dea-chumar idir Taighde-NuálaíochtComhairle. Chomh maith leis sin, mhol sé samhail nua sheachadta (NDM) le feabhas a chur ar fheidhmíocht CBT ionas go bhféadfar fócas an bheartais a aistriú ón oiriúint go dtí an fheidhmíocht, agus athchothromaíocht freagrachtaí a bhaint amach idir an tAontas Eorpach agus leibhéal na mBallstát a mbeadh breis coimhdeachta i gceist leis. Is é sprioc atá ag an tsamhail nua cuspóirí de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i gcrích ar bhealach feabhsaithe, rud a bheadh bunaithe ar phleanáil straitéiseach, mar aon le réimse mór idirghabhálacha beartais, agus táscairí feidhmíochta coiteanna, ionas go bhfeabhsófaí an chomhsheasmhacht beartas i CBT amach anseo, agus an chomhsheasmhacht le cuspóirí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leagtar amach cuspóirí CBT in Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU):
·táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú trí dhul chun cinn teicniúil a chur chun cinn agus trína áirithiú go ndéanfar forbairt réasúnach ar tháirgeadh na talmhaíochta agus go núsáidfear na tosca táirgthe a fheabhas agus is féidir, go háirithe an lucht oibre;
·mar sin, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú do lucht na talmhaíochta, go mór mór tuilleamh gach duine dá mbíonn ag gabháil don talmhaíocht a mhéadú;
·margaí a chobhsú;
·cinntiú go mbíonn soláthairtí ar fáil;
·a áirithiú go mbíonn soláthairtí á gcur chuig tomhaltóirí ar phraghsanna réasúnta.
Tá an togra seo i gcomhsheasmhacht iomlán le cuspóirí Chonradh CBT. Déanann sé nuachóiriú agus simpliú ar an gcaoi a gcuirtear forálacha an Chonartha i bhfeidhm.
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá 84% de chríocha an Aontais Eorpaigh faoi thalmhaíocht agus faoi choillte. Tá an dá earnáil sin spleách ar an gcomhshaol, agus bíonn siad ag dul i gcion ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, i gcomhréir le beartais an Aontais Eorpaigh faoi seach, cuirfear gníomhaíocht comhshaoil agus aeráide ar siúl trí bhíthin cuid de na cuspóirí sonracha atá molta sa CBT.
Is maith is fios go mbíonn tionchar ag pátrúin tomhaltais ar an tsláinte phoiblí. An nasc atá ag beartais thalmhaíochta le bia, agus in amanna leis an mbealach a dtáirgtear an bia, is nasc é idir na beartais thalmhaíochta agus na beartais shláinte. Déanann na moltaí athneartú ar na naisc leis an mbeartas sláinte, go mór mór i dtaobh bia folláin a ithe, agus laghdú ar úsáid na bhfrithmhiocróbach.
Is mór an tallmhairiú a dhéanann an tAontas Eorpach ar thráchtearraí, agus is mór an tonnmhairiú a dhéanann sé ar tháirgí bia agus talmhaíochta luachmhara, agus dá bhrí sin, tá tionchar aige ar chórais bia lasmuigh den Aontas Eorpach. Tá an moladh i gcomhréir le hAirt. 208 de CFAE, agus is rud atá san áireamh ann cuspóirí chomhar forbartha an Aontais Eorpaigh leis an mbochtanas a dhíothú agus leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur i réim i dtíortha atá i mbéal forbartha, go mór mór an táirithiú gur ríbheag d’éifeachtaí trádála atá ag tacaíocht an Aontais Eorpaigh d’fheirmeoirí, nó nach ann do na héifeachtaí sin ar chor ar bith.
Ar deireadh, ach oiread le hearnálacha eile, is féidir feabhas a chur ar úsáid na teicneolaíochta nua agus eolais nua i réimse na talmhaíochta agus na tuaithe, go mór mór na teicneolaíochtaí digiteacha. Déanann na moltaí naisc leis an mbeartas taighde a athneartú arae tugann siad aird faoi leith ar eagrú an mhalartaithe eolais sa tsamhail seachadta beartais. Ar an dul céanna, tá béim ar an digitiú, rud a thapóidh nascadh le Clár Oibre Digiteach an Aontais Eorpaigh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Foráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gur rud le roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit atá san inniúlacht talmhaíochta, fad atá comhbheartas talmhaíochta á bhunú a bhfuil cuspóirí coiteanna agus cur chun feidhme coiteann ag dul leis. An córas seachadta CBT atá ann faoi láthair, braitheann sé ar riachtanais mhionsonraithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus tá idir dhianrialú, phíonóis, agus shocruithe iniúchóireachta ag dul leis. Is minic na rialacha seo anfhorordaitheach, anuas chomh fada le leibhéal na feirme. I gcomhshaol an Aontais áfach, áit a bhfuil éagsúlacht mhór feirmeoireachta agus aeráide, ní hé ‘an tordú ónmbarr anuas’ ná ‘an cheap a dhéanann gach uile bhróg’ an cur chuige oiriúnach leis an dea-thoradh a chur ar fáil agus luach breise an Aontais Eorpaigh anuas air.
Sa tsamhail sheachadta atá sa mholadh seo, is é an tAontas a leagann síos na bunpharaiméadair beartais (cuspóirí CBT, réimse na hidirghabhála go ginearálta, na bunriachtanais), áit a bhfuil breis freagrachta ar na Ballstáit, agus iad níos cuntasaí, maidir leis na cuspóirí a chomhlíonadh agus na spriocanna comhaontaithe a bhaint amach.
De bharr breis coimhdeachta, is fearr a bheifear in ann na cúinsí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh i gcoinne cuspóirí agus spriocanna dá leithéid. Is iad na Ballstáit a bheidh i gceannas ar idirghabhálacha CBT ionas gur móide na hidirghabhálacha sin rannchuidiú na mBallstát le cuspóirí an Aontais Eorpaigh. Coinneofar na struchtúir rialachais reatha – struchtúir nach mór dóibh a áirithiú go leanfar go héifeachtach den fhaireachán ar fhíorú na gcuspóirí ar fad atá sa bheartas, agus ar chur i bhfeidhm an fhíoraithe sin – ach is mó tionchar a bheidh ag na Ballstáit ar dhearadh an chreata um chomhlíonadh agus rialú, creat is infheidhme ar na tairbhithe (lena náirítear rialuithe agus pionóis).
•Comhréireacht
Na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta atá roimh earnáil feirmeoireachta an Aontais Eorpaigh, agus roimh na ceantair tuaithe, is gá freagairt dóibh go láidir, freagairt a thabharfaidh a cheart féin do na gnéithe de na dúshláin sin a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Nuair is mó de chumhacht an roghnaithe a bheidh á tairiscint do na Ballstáit le huirlisí beartais laistigh de CBT a roghnú agus a chur in oiriúint, le samhail a mbeidh níos mó béime ann ar na torthaí, ba cheart an uair sin gur lú fós an baol a bheidh ann go gcuirfidh CBT a shúil thar a chuid féin de leibhéal gníomhaíochta comhréireach.
•An rogha ionstraime
Ó tharla gur rialacháin de chuid Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle atá sna bunachtanna ar fad, ní mór na leasuithe a thabhairt isteach le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Tá CBT fréamhaithe go domhain i dtógáil agus i bhforbairt an Aontais Eorpaigh (AE). Cuireadh ar bun é i dtús na seascaidí i gcomhthéacs na gcuspóirí atá cumhdaithe sa Chonradh, agus ó shin i leith athchóiríodh roinnt uaireanta é le hiomaíochas na hearnála talmhaíochta a fheabhsú, le forbairt na tuaithe a chothú, le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua, agus le freastal ar bhealach níos fónta ar éilimh na sochaí agus an stáit. Is in 2013 an bhí athchóiriú mór ann go deireanach. In athchóiriú 2013, tugadh spriocanna ginearálta CBT chun cruinnis timpeall ar thrí bhloc:
i.
Táirgeadh inmharthana bia
ii.
Bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus gníomhú ar son na haeráide
iii.
Forbairt chothrom na gcríoch
Ionas gur féidir an dul chun cinn a mheas i gcomhlíonadh na gcuspóirí thuas, agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo a shainaithint, bhí próiseas leathan comhairliúcháin ann, próiseas a d’fhéach le díospóireacht struchtúrtha a chur ar bun leis geallsealbhóirí ar fad, ionadaithe lasmuigh de shaol na talmhaíochta san áireamh. Rud eile fós, is ó fhoinse mhór eolais faoi CBT (féach an achoimre i mBosca 1 thíos) a tiomsaíodh an fhianaise maidir le feidhmíocht CBT, rud a raibh feidhm cúlra leis le meas a thabhairt ar an méid a chuir CBT i gcrích in imeacht na mblianta, agus ar ar méid nár chuir, i dtaobh athchóirithe is deireanaí ach go háirithe. Baineann sin go sonrach leis na nithe seo a leanas:
·fianaise a tiomsaíodh tríd an gCreat Coiteann Faireacháin agus Measúnaithe arb éard is fónamh dó feidhmíocht CBT a mheas;
·Sraith staidéar meastóireachta atá i gceist le linn an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil reatha (2014-2020) le cuspóirí reatha CBT a mheas a mbeidh an chéad toradh air in 2017/18.
Torthaí a bhaineann leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna agus leis na cistí airgeadais comhfhreagracha atá ar fáil sna Tuarascálacha Cur Chun Feidhme Bliantúla le haghaidh Fhorbairt Tuaithe.
·Foilsíodh doiciméid chúlra bhreise, sonraí, fíricí, agus figiúirí ábhartha faoin measúnú tionchair ar leathanach idirlín DG AGRI.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Eagraíodh comhairliúchán poiblí oscailte ina bhfuarthas os cionn 322,000 aighneacht, déanadh plé struchtúrtha le geallsealbhóirí, tionóladh cúig cheardlanna le saineolaithe, cuireadh tuairimí in iúl ar ardán REFIT, tháinig rannchuidithe ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta Eorpach, ó Choiste na Reigiún agus ó Phairlimintí Náisiúnta. Rud eile a chuir an próiseas san áireamh ab ea moltaí de chuid Thascfhórsa na Margaí Talmhaíochta (AMTF) agus Comhdháil Chorcaí faoin bhForbairt Tuaithe (2016).
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ar mhaithe le fianaise/eolas a bhailiú ó na saineolaithe ar cheisteanna a bhaineann le CBT, tionóladh sraith ceardlanna speisialaithe idir Márta 2017 agus Feabhra 2018. A bhuíochas leis na ceardlanna seo, bhí malartú tuairimí ann idir na saineolaithe agus oifigigh an Choimisiúin, agus cuireadh na conclúidí i bhfocail, agus b’fhéidir nuachóiriú agus simpliú an phróiseas a chur san áireamh.
Ionas go bhféadfaí na réimsí ábhartha a chlúdach, chuathas i ngleic le cúig cheist sna ceardlanna, ceisteanna a roghnaíodh san áit ar léir bearnaí eolais nó easaontas faoin gcur chuige sa bheartas. Dearadh na ceardlanna ar aon mhodheolaíocht le chéile ar an mbonn seo a leanas:
1.an fhianaise is deireanaí dá bhfuil ar fáil a bhailiú ar leibhéal na saineolaithe, ó lucht léinn, ó lucht cleachta na hoibre, agus ó na hinstitiúidí idirnáisiúnta;
2.fócas ar thaithí na ndaoine agus iad i mbun a gcuid oibre ar an láthair;
3.measúnú ar an rud is acmhainn do na teicneolaíochtaí nua agus don chur chuige nua le feabhas a chur ar dhearadh an bheartais amach anseo sa sainréimse atá á clúdach.
Tá achoimrí na gceardlann agus na gcur i láthair le fáil ag:
https://ec.europa.eu/agriculture/events/cap-have-your-say/workshops_en
Ceardlann 1:
An scothchleachtas sa fhreastal ar riachtanais comhshaoil agus aeráide
(23/24 Márta 2017)
Sa cheardlann seo, is iad a tháinig le chéile raon leathan saineolaithe ar na dúshláin comhshaoil agus aeráide atá ann. Rinneadh scrúdú ann ar:
·uirlisí atá ar fáil le riachtanais comhshaoil a mheas;
·modhanna le feabhas a chur ar an nglacadh atá leis na forálacha (agus fócas ann ar an ról atá sa chur chuige ag an iompraíocht).
Ceardlann 2: Bainistiú riosca (18/19 Bealtaine 2017)
Sa cheardlann dhá lá seo, féachadh le dul chun cinn a dhéanamh i dtiomsú na fianaise sa díospóireacht faoi uirlisí tacaíochta don phobal feirmeoireachta ag tabhairt aghaidh dó chomh maith agus is féidir ar na rioscaí a bhaineann le táirgeacht, le praghsanna agus le hioncam. Rinneadh scrúdú ann ar:
·na dúshláin a bhaineann le heangach sábháilteachta mhargadh an Aontais Eorpaigh, agus an córas bainistithe riosca atá i bhfeidhm i SAM;
·Cás na margaí a bheidh ann amach anseo san Aontas Eorpach, earnáil árachais agus athárachais na talmhaíochta san Aontas Eorpach;
·Na gnéithe iompraíochta atá sa bhainistiú riosca.
Ceardlann 3: Cúrsaí bia agus cúrsaí eile sa réimse sin (31 Bealtaine 2017)
Sa cheardlann ar chúrsaí bia agus ar chúrsaí eile sa réimse sin, scrúdaíodh ailíniú CBT le beartais sláinte, agus a inniúla agus atá sé ar an mbealach a réiteach do na feirmeoirí agus iad ag cur a gcuid nósanna in oiriúint don athrú sna pátrúin tomhaltais. Thar aon ní, tá tuilleadh airde le tabhairt ar Fhrithsheasmhacht na bhFrithmhiocróbach.
Ceardlann 4: Ceisteanna Socheacnamaíocha (9 Meitheamh 2017)
Is ar anailís na dinimice a bhaineann le fás agus poist in earnáil agraibhia an Aontais Eorpaigh a bhí an fócas sa cheardlann ar chúrsaí socheacnamaíocha. Rinneadh scrúdú ann ar na naisc idir an talmhaíocht go domhanda agus slabhraí luach an bhia san Aontas Eorpach, scrúdú faoi ghné na gcoincheap agus faoin ngné phraiticiúil araon, rud a bhí bunaithe ar chásstaidéir.
Ceardlann 5: Feidhmíocht chomhshaoil agus feidhmíocht aeráide CBT a mheas (26 Feabhra 2018)
Scrúdaigh an cheardlann na bunspriocanna polasaí is féidir a shocrú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, cé mar is féidir a gcur i bhfeidhm ar leibhéal na mBallstát, agus cé mar is féidir faireachán, rialú, agus measúnú a dhéanamh orthu.
•Measúnú tionchair
An measúnú tionchair a thugann tacaíocht do na tograí reachtacha, mar aon le tuairimí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, is ar an suíomh seo a leanas atá siad le fáil:
Liosta na measúnuithe tionchair agus tuairimí tionlacain an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála
Ba dhiúltach don chéad tuairim a d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála. Tuigeann an Bord an uaillmhian atá ann CBT a nuachóiriú agus a shimpliú, agus tuigeann sé an anailís dhomhain ar chásanna éagsúla a thugann léargas úsáideach ar an trádmhalartú idir cuspóirí an bheartais, ach shíl an Bord go bhféadfadh an tuarascáil míniú ní b’fhearr a thabhairt ar réasúnaíocht, ar indéantacht agus ar fheidhmiú na samhaile seachadta nua atá á moladh. Cuireadh an comhlánú riachtanach leis an tuarascáil um mheasúnú tionchair, agus cuireadh iad le hIarscríbhinn faoi leith maidir leis na molta don tsamhail seachadta nua. Ar a bhonn seo, d'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach, ach bhí roinnt agús léi. Aithníonn an Bord na feabhsuithe atá ar an tuarascáil, ach d’iarr sé breis sonraíochtaí maidir le cosaint chruinn leis na rioscaí sainaitheanta a mhaolú. Na hathruithe atá le déanamh le riachtanais an Bhoird a chomhlíonadh, tá siad leagtha amach go soiléir in Iarscríbhinn I den tuarascáil um mheasúnú tionchair (Doiciméad Oibre Foirne).
Cuirtear roghanna éagsúla beartais i láthair sa mheasúnú tionchair, agus déantar iad a phlé ann. Níl luí le rogha faoi leith sa mheasúnú tionchair. Na codanna atá sa mholadh, cuireadh le chéile ar bhealaí éagsúla iad, agus tástáladh iad ar na roghanna éagsúla a bhí ann féachaint cén rogha ab fhearr ar fad a d’fhéadfaí a bhaint astu.
Is éard a dhéanann na roghanna go bunúsach tástáil ar an gcur chuige éagsúil atá ann leis cuspóirí sainaitheanta a ghnóthú:
1.Na leibhéil éagsúla atá ann san uaillmhian i leith an chomhshaoil agus i leith na haeráide, agus fócas ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chórais seachadta idir éigeantach agus dheonach;
2.bealaí éagsúla chun tacú le hioncaim feirmeacha, go háirithe i roinnt an ioncaim seo ar fheirmeoirí éagsúla, le fócas ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar fheirmeacha beaga agus meánmhéide.
3.Idirghabhálacha socheacnamaíocha níos leithne, go háirithe faoin mbeartas forbartha tuaithe, chomh maith le cur chuige don nuachóiriú a ghearrann trasna ar a chéile.
Is ar an acmhainn atá in éiciscéim dheonach leis an uaillmhian chomhshaoil agus aeráide a mhéadú a bhíonn tástáil a déanamh ag an gcéad rogha. Déanann sé scrúdú chomh maith ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag uirlisí bainistíochta arb ísle na híocaíochtaí díreacha atá ag dul leo i dtacaíocht d’ioncaim na bhfeirmeoirí. Tá dhá fho-rogha ann a thugann léargas ar an éagsúlacht atá sna Ballstáit i leith uaillmhianta comhshaoil agus íocaíochtaí díreacha laistigh den tsamhail seachadta nua.
I rogha eile, is fearr an taimsiú a dhéantar ar íocaíochtaí díreacha, agus is uaillmhianaí an forfheidhmiú coinníollachta atá ann, ar mhaithe le comhfheidhmíocht eacnamaíoch agus comhshaoil CBT a fheabhsú, sin agus le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin san athrú aeráide. Tugtar fo-roghanna chun cinn freisin le léiriú a dhéanamh ar na difríochtaí féideartha in uaillmhian na mBallstát maidir le cuspóirí comhshaoil agus aeráide.
Maidir leis an rogha deiridh, cuirtear béim mhór ansin ar chúram an chomhshaoil, agus ar an bhfostaíocht, agus tá athrú san fhócas ar fheirmeoirí beaga agus meánmhéide mar bhealach le poist a choinneáil sna ceantair tuaithe. Tá de dhualgas ar na Ballstáit 30% de na híocaíochta Philéar 1 a leithdháileadh le hairgead a chur i dtreo ceithre scéim a bhféadfadh feirmeoir a bheith páirteach iontu go deonach, an fheirmeoireacht orgánach, an féarach buan, limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu, agus eilimintí líneacha tírdhreacha.
Tugann an measúnú tionchair le fios nach féidir ach géilleadh don trádmhalartú nuair a chuirtear athrú suntasach ar na paraiméadair bhunúsacha atá i gceist leis an oiread sin spriocanna éagsúla.
Is bunpharaiméadar ríthábhachtach atá sa leibhéal tacaíochta ó CBT. An laghdú 5% a mhol an Coimisiún i dTeachtaireacht uaidh i mBealtaine 2018 don CAI 2021-2027, is rud é atá laistigh den raon atá faoi chaibidil sa mheasúnú tionchair.
Maidir le hioncam na bhfeirmeoirí, tá tábhacht le leibhéal na tacaíochta agus le dáileadh na tacaíochta araon. Áirithiú leibhéal leordhóthanach tacaíochta ionas go mbeidh ioncam na bhfeirmeoirí ina chuid bhunúsach den CBT amach anseo arís, chun gur féidir slándáil bia a áirithiú, mar aon le huaillmhian i leith an chomhshaoil agus na haeráide, agus beocht na gceantar tuaithe. Feabhas a chur ar an aimsiú tacaíochta d’fheirmeacha beaga agus meanmhéide agus do cheantair a bhfuil srianta nádúrtha iontu, is rud é a d’fhéadfadh a bheith ina chúnamh le tuilleadh post a choinneáil ar fheirmeacha, agus le gníomhaíocht feirmeoireachta a choinneáil sa limistéar ar fad, rud a neartóidh creatlach shocheacnamaíoch na gceantar tuaithe. Is féidir feabhas a chur ar dháileadh na níocaíochtaí díreacha le caidhpeáil agus le cóineasú. Rogha ar bith a dhéanfaidh athdháileadh mór ar íocaíochtaí díreacha d’fheirmeacha agus do réigiúin a bhfuil táirgiúlacht íseal iontu, is léir gur rud é sin a chuirfidh laghdú ar iomaíochas an Aontais Eorpaigh go gearrthéarmach, fad atá sé ag cur feabhais ar chosaint an chomhshaoil. Rud nach bhfuil chomh soiléir céanna áfach ná an cumasc beart a d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha ioncaim a mhaolú ach san am céanna aghaidh a thabhairt ar dhúsláin a bhfuil baint acu leis an talmhaíocht freisin - idir na hionchais chomhshaoil agus aeráide atá ann, agus na hionchais ar thaobh an stáit agus na sochaí. Chun sin a dhéanamh, teastaíonn athruithe a bheidh ina spreagadh, athruithe a chuirfidh feabhas ar fheidhmíocht na hearnála ó thaobh socheacnamaíochta de agus ó thaobh an chomhshaoil.
Léiríonn comhairle agus anailísí na ngeallsealbhóirí gur féidir é seo a dhéanamh, ach an scothchleachtas a chur i bhfeidhm (san fheirmeoireacht choinbhinsiúnach, agus i gcineálacha eile feirmeoireachta), rud a dhéanfaí trí bhíthin forálacha tionlacain a thabharfadh aird ar uaillmhian mhéadaithe i leith an chomhshaoil agus i leith gníomhaíochta aeráide lena náirítear eolas, nuálaíocht agus an teicneolaíocht ábhartha is deireanaí.
Ar bhonn gach ní ar glacadh leis san anailís, agus gach rogha a rinneadh ann, d’fhéadfadh trádmhalartú a bheith ann le spriocanna eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta CBT a bhaint amach, sin agus leis an athchóiriú agus leis an simpliú atáthar ag iarraidh a dhéanamh air. Tionchar ioncaim inbhainistithe, tacaíocht don mhéadú uaillmhéine don chomhshaol, don ghníomhaíocht aeráide, agus do shineirgí CBT eile, sin go hachomair an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an athdháileadh. Le go dtarlódh sin áfach, níor mhór don earnáil agus don bheartas greim a bhreith ar na deiseanna atá ann de bharr na nuálaíochta agus na dteicneolaíochtaí a chuireann an nuachóiriú agus an simpliú ar a gcumas.
Má bhíonn toimhdí agus roghanna eile ann, is cinnte go gcuirfidh siad sin athrú ar thorthaí mionsonraithe, ach ní ar an bpríomhtheachtaireacht bhunúsach, is é sin go an is rogha is fearr do CBT amach anseo an rogha a cheanglóidh na heilimintí is bisiúla le chéile ó na roghanna éagsúla, an rogha a sheachnóidh laigí na roghanna eile trí chlaí cosanta a thógáil a áiritheoidh cothromaíocht iomaíochta san Aontas Eorpach. Tugann sin le fios go dteastaíonn critéir shoiléire don tacaíocht do leibhéal an ioncaim agus do dháileadh an ioncaim (m.sh. an chaidhpeáil agus/nó laghdú céime, don uaillmhian i leith an chomhshaoil agus i leith na haeráide, an gríosú atá ann chun nuachóirithe, agus coimhdeacht/simpliú de réir mar is oiriúnach.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
An chastacht atá i gcur i bhfeidhm an bheartais faoi láthair, is í an bhéim ar chomhlíonadh na mionrialacha a leagtar síos ag leibhéal an Aontais Eorpaigh cuid mhaith den chúis atá léi. An tsamhail nua seachadta atá á moladh, bainfidh sí amach sraith na gcritéar incháilitheachta do thacaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, critéir a ligeann do na Ballstáit coinníollacha incháilitheachta a shainmhíniú a oireann dá gcuid dálaí sonracha féin. Meastar go dtarlóidh simpliú mór dá bharr seo.
Ó thaobh na staire de, is ó athchóiriú go hathchóiriú a cuireadh forbairt ar CBT ionas gurbh ina ionstraimí éagsúla a bhí sé. Ó am go chéile, ní rud gan dua a bhí ann comhordú a dhéanamh ar na hionstraimí seo. Faoin togra reatha, tugtar eilimintí tacaíochta CBT ar fad le chéile in aon chreat comhleanúnach amháin a laghdóidh an tualach riaracháin a bhaineann le CBT a chur i bhfeidhm.
•Cearta bunúsacha
Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Is foráil de chuid thogra an Choimisiúin don chreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027 (COM (2018) 322 críochnaitheach) gur ceart cuid mhór de bhuiséad an Aontais Eorpaigh a chur i dtreo na talmhaíochta arís, rud atá in chomhbheartas a bhfuil tábhacht straitéiseach ag roinnt leis. Dá bhrí sin, faoi mar atá na praghsanna reatha, moltar go ndéanfadh CAP fócas ar na croíghníomhaíochtaí, agus EUR 286.2 billiún a leithdháileadh don CERT, agus EUR 78.8 billiún don CETFT.
Tá comhlánú na gcistí talmhaíochta seo sa mhaoiniú breise ó Fhís Eorpach, ós rud é go bhfuil EUR 10 billiún sa phacáiste atá molta don chlár seo chun tacú le taighde agus le nuálaíocht i gcúrsaí bia, sa talmhaíocht, san fhorbairt tuaithe, agus sa bhitheacnamaíocht. Cuirfear cúlchiste talmhaíochta nua ar bun sa CERT le maoiniú a dhéanamh ar thacaíocht bhreise d’earnáil na talmhaíochta. Suimeanna airgid a bheidh gan úsáid bliain amháin, cuirfear ar aghaidh iad chuig an gcéad bhliain eile.
Maidir le dáileadh na níocaíochtaí díreacha i measc na Ballstát, moltar i gcás gach Ballstáit a bhfuil íocaíochtaí díreacha acu is lú ná 90% de mheán an Aontais Eorpaigh go leanfar den phróiseas seo a tosaíodh sa tréimhse 2014-2020, agus go ndúnfar 50% den bhearna atá ann faoi láthair go 90%. Tabharfaidh na Ballstáit ar fad rannchuidiú do mhaoiniú an chóineasaithe seo ar leibhéil na níocaíochtaí díreacha. Is ar an mbonn seo a ríomhtar leithdháiltí na Ballstáit le haghaidh íocaíochtaí díreacha i rialachán maidir leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT.
Moltar athchothromaíocht a chur sa mhaoiniú idir buiséid an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát le haghaidh fhorbairt na tuaithe. Beifear ábalta an tacaíocht phoiblí do cheantair tuaithe a fhágáil gan mórán athraithe de bharr ardú rátaí cómhaoinithe náisiúnta, rud atá ar aon dul leis an méid atá á thuar do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. An dáileadh a dhéanfar ar thacaíocht EAFRD, is ar chritéir oibiachtúla atá nasctha leis na cuspóirí beartais a bhunófar é, agus tá an dáileadh reatha curtha san áireamh ann. Faoi mar atá inniu, ba cheart rátaí cómhaoinithe ní b’airde a bheith ann chun leasa na réigiún lagfhorbartha, rátaí a chuirfear i bhfeidhm ar bhearta áirithe eile, ar Leader, cuir i gcás, agus ar íocaíochtaí ar chostais bainistíochta.
Tairgfear leibhéal áirithe solúbthachta do na Ballstáit le haghaidh aistrithe idir leithdháiltí. Is féidir suas le 15 % de na híocaíochtaí díreacha a aistriú do leithdháileadh CETFT agus vice versa. Is féidir céatadán is airde ná sin a aistriú ó íocaíochtaí díreacha go leithdháileadh CETFT i gcás idirghabhálacha a bhaineann le spriocanna comhshaoil agus aeráide, agus deontais d'fheirmeoirí óga le gnó a shocrú suas.
Tá sonraí faoi thionchar airgeadais thogra an CBT leagtha amach sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
An taistriú i dtreo beartais ar mó béim atá ann ar an bhfeidhmíocht, is gá creat láidir feidhmíochta a leagan síos ina choinne, é sin a bhunú a tháscairí coiteanna, rud a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin feidhmíocht an bheartais a mheasúnú, agus faireachán a dhéanamh air. Is iad an Comhchreat Faireacháin agus Meastóireachta (CMEF) agus an córas faireacháin ar Íocaíochtaí Díreacha agus ar Fhorbairt Tuaithe atá ann faoi láthair an bunús a bheadh le faireachán agus measúnú ar fheidhmíocht an bheartais, ach beidh barr éifeachta le cur orthu, agus tuilleadh forbartha, (an chomhsheasmhacht idir an dá philéar san áireamh). Bheadh tuilleadh infheistíochta ag teastáil le táscairí oiriúnacha a thabhairt chun cinn, agus le dóthain sruthanna eolais a áirithiú.
Clúdóidh Creat nua Faireacháin agus Meastóireachta na hionstraimí ar fad a bheidh i CBT amach anseo: Na pleananna straitéiseacha maidir le CBT, mar aon leis na heilimintí de CBT nach gclúdaítear sna pleananna straitéiseacha maidir le CBT (roinnt codanna de Chomheagrú Na Margaí, scéimeanna faoi leith). Dhéanfaí an fheidhmíocht a mheas i dtaca le Cuspóirí Sonracha an bheartais le húsáid na dtáscairí coiteanna.
Is faoi chomaoin na bprionsabal seo a leanas a eagrófar an tsamhail nua:
·Is rud iad na táscairí comhthéacs a mbeidh baint acu leis an ábhar, mar léiríonn siad gnéithe ábhartha de na treochtaí ginearálta sa gheilleagar, sa chomhshaol, agus sa tsochaí, agus is dóigh go mbeidh tionchar acu ar an bhfeidhmíocht.
·Ba cheart tacar táscairí níba theoranta ach níba chruinne a roghnú, rogha a léireodh chomh mór agus a éiríonn leis an idirghabháil tacaíochta a cion féin a dhéanamh leis na spriocanna a bhaint amach leis an mbunlíne atá i gceist, agus de réir sainmhínithe soiléire.
·Déanfar feidhmíocht an bheartais ina hiomláine a mheas go hilbhliantúil, agus is ar bhonn na dtáscairí tionchair a dhéanfar sin. Is ar liosta uileghabhálach na dtáscairí toraidh a bheidh an dara féachaint ar fheidhmíocht bhliantúil an bheartais ag brath.
·Dhéanfadh na táscairí aschuir ceangal uair sa bhliain idir caiteachas agus feidhmíocht chur i bhfeidhm an bheartais. Is obair bhliantúil atá sa rud sin, agus é ag brath ar liosta na dtáscairí aschuir (cinn atá ar fáil cheana go príomha).
·An iontaofacht atá sna táscairí feidhmíochta ábhartha, tig iad a éascú le sineirgí idir sonraí staitisticiúla agus sonraí riaracháin, ach ní féidir sin a dhéanamh gan córas rialaithe cáilíochta a bheith ann.
Go bunúsach, is éard atá á mholadh aistriú sna freagrachtaí agus sna deiseanna atá i gcreat coiteann, iad sainithe go soiléir agus iad curtha i bhfeidhm, ionas go gcuirfidh siad toradh ar níos mó ná bunsprioc amháin san am, mar atá simpliú, béim ar na torthaí (seachas ar chomhlíonadh na rialacha), ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht an bheartais.
Meastar gurb é an tathbhreithnithe bliantúil ar an bhfeidhmíocht an chuid is tábhachtaí den fhaireachán leanúnach agus den stiúradh a dhéantar ar chur chun feidhme an bheartais. Ionas gur féidir athbhreithniú bliantúil ar an bhfeidhmíocht a chur ag obair, beidh táscairí leordhóthanacha aschuir agus táscairí torthaí le comhthíolacadh i dtuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme Plean Straitéiseach CBT ar a dtugtar An Tuarascáil Bliantúil Feidhmíochta. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fáil faoin aschur agus faoin gcaiteachas a bhí ann, mar aon le tuairisc faoin obair atá fós le déanamh le spriocanna na tréimhse uile a bhaint amach, rud a chuirfear in iúl ina luachanna de na táscairí coiteanna clárshonracha.
Is i gcomhréir le hailt 22 agus 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach ar Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 a dhéanfar an mheastóireacht, áit ar dhearbhaigh an trí institiúid gur dóigh go mbeidh an mheastóireacht ar an reachtaíocht agus ar an gcomhbheartas atá ann faoi láthair ina bunús don mheasúnú tionchair agus do roghanna le haghaidh bearta eile. Is éard a dhéanfaidh na meastóireachtaí ná éifeachtaí obair an chláir ar na feirmeacha féin a mheas, rud a bheidh bunaithe ar tháscairí/spriocanna an chláir, agus ar mhionanailís ar an ábharthacht, ar an éifeachtúlacht, agus ar an éifeachtacht a mheastar a bheith sa chlár, agus mionanailís ar cé chomh mór agus atá luach breise don Aontas Eorpach ann, agus ar cé chomh mór agus atá comhleanúint idir é agus beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Beidh le háireamh orthu ceachtanna a foghlaimíodh i sainaithint easpa/fadhbanna nó aon deis eile le tuilleadh feabhais a chur ar na gníomhartha agus ar an toradh a bhíonn orthu, agus le saothrú/tionchar a bhaint astu oiread agus is féidir.
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Ní bhaineann seo le hábhar.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Baineann an togra le trí rialachán:
·Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) (eadhon: Rialachán an Phlean Straitéisigh faoi CBT
· Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi mhaoiniú, faoi bhainistiú agus faoi fhaireachán an chomhbheartais talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (eadhon: An Rialachán Cothrománach CBT)
·Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí do tháirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 ar scéimeanna ardchaighdeáin do tháirgí talmhaíochta agus bia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 ar shainmhíniú, ar chur síos, ar chur i láthair, ar lipéadú, agus ar chosaint na dtásc geografach a bhaineann le fíonta cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 a leagann síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus (AE) Uimh. 229/2013 a leagann síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na noileán Aeigéach is lú. (eadhon: Rialachán Leasaithe)
Na rialacháin seo agus iad a chur le chéile, is athrú iad ar CBT sa mhéid agus go ndéanann siad ailíniú ar a gcuid spriocanna le tosaíochtaí Juncker agus na SFIanna, sin agus simpliú ar chur chun feidhme an bheartais san am céanna. Cuirfear CBT in oiriúint do na dálaí áitiúla de bhrí go mbainfear amach an coinníoll incháilitheachta do thacaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Beidh ar chumas na mBallstát formhór na gcoinníollacha incháilitheachta a shainmhíniú ar an leibhéal náisiúnta chun iad a chur in oiriúint dá gcuid toscaí sainiúla féin. San am céanna, laghdófar an tualach riaracháin a ghabhann le rialuithe trí theorainn a chur leis an nasc díreach idir coinníollacha incháilitheachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus na tairbhithe deiridh.
Ós éard is cuspóir do CBT leanúint den fheabhas ar fhorbairt inbhuanaithe na feirmeoireachta, an bhia, agus na gceantar tuaithe, tá fócas sna cuspóirí ginearálta atá aige ar fheabhas feidhmíochta i réimsí an chomhshaoil agus na haeráide, agus neartú an ghréasáin shocheacnamaíochta sna ceantair thuaithe. Ina theannta sin, is cuspóir a bhfuil gearradh trasna ar a chéile ann atá i gcothú an eolais, sa nuálaíocht agus sa digitiú sa talmhaíocht agus sna ceantair thuaithe.
Leanfaidh CBT nua na cuspóirí sonracha seo a leanas:
(a)Tacaíocht d’ioncam feirme inmharthana agus don athléimneacht ar fud chríocha an Aontais chun feabhas a chur ar an tslándáil bia;
(b)díriú níos fearr ar an margadh, agus cur leis an iomaíochas, lena náirítear fócas ar an taighde, ar an teicneolaíocht agus an digitiú, agus fócas níos mó ar ghlacadh na nithe sin;
(c)Áit na bhfeirmeoirí sa slabhra luacha a fheabhsú;
(d)Cuidiú an tathrú aeráide a mhaolú, an cuidiú san oiriúnú don athrú sin, mar aon leis an bhfuinneamh inbhuanaithe;
(e)An fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, idir an tuisce, an ithir agus an taer, a chothú;
(f)Cuidiú an bhithéagsúlacht a chosaint, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú;
(g)Feirmeoirí óga a mhealladh agus forbairt gnó a éascú;
(h)An fhostaíocht, an fás, an cuimsiú sóisialta, agus an fhorbairt áitiúil a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena náirítear an bithgheilleagar agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe;
(i)An chaoi a dtéann earnáil talmhaíochta an Aontais Eorpaigh i ngleic le héilimh shochaíocha ar bhia agus ar shláinte, lena náirítear bia sábháilte cothaitheach inbhuanaithe, agus leas ainmhithe, a fheabhsú.
Leis na spriocannaí seo a chur díobh, áiritheoidh na Ballstáit simpliú agus feidhmíocht na tacaíochta faoi CBT. Déanfaidh siad idirghabháil atá oiriúnach do na toscaí atá ann, rud a bheidh bunaithe ar na cineálacha idirghabhála a luaitear sa rialachán. Beidh ar na Ballstáit aird faoi leith a thabhairt ar na cuspóirí sonracha atá ag dul le cúrsaí comhshaoil agus le cúrsaí aeráide, agus ar athnuachan na nglún, agus ar nuachóiriú an bheartais um chur chun feidhme, agus chuige sin beidh fócas ar úsáid ab fhearr a bhaint as eolas agus as comhairle agus as teicneolaíochtaí (digiteacha) nua.
Cuirfidh na Ballstáit a gcuid moltaí idirghabhála i láthair leis na cuspóirí AE-sonracha i bPlean Straitéiseach maidir le CBT a chur i gcrích. Leagtar síos rialacha faoi Plean Straitéiseach maidir le CBT sa reachtaíocht, agus déanfaidh an Coimisiún na pleananna a sheiceáil agus a fhaomhadh. Déanfaidh Pleananna Straitéiseacha maidir le CBT cónascadh ar an gcuid is mó d’ionstraimí Tacaíochta CBT atá á maoiniú faoin CERT (lena náirítear na cláir earnála a bhí bunaithe faoin rialachán CMT go nuige seo) agus faoin CETFT. Ar an gcaoi seo, déanfar straitéis cur chun feidhme comhleanúnach idirghábhála amháin a dhearadh trí obair na mBallstát. Sna Pleananna Straitéiseacha maidir le CBT, leagfaidh na Ballstáit síos spriocanna ar an méid is mian leo a chur i gcrích le linn na clárthréimhse, agus úsáidfidh siad táscairí toraidh a bhfuil sainmhíniú coiteann leo.
An uair a bheidh na Pleananna Straitéiseacha maidir le CB bunaithe, cuirfidh na Ballstáit tuairisc ar fáil uair sa bhliain faoin dul chun cinn a bhí ann sa chur cur chun feidhme, rud a núsáidfidh siad córas táscairí coiteanna lena aghaidh. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn, agus déanfaidh siad measúnú ar éifeachtacht na hidirghabhála.
Tá eolas sa roinn seo thíos ar an ábhar sainiúil atá sa trí rialachán.
Rialachán an Phlean Straitéisigh faoi CBT
Tá foráil i dTeideal I do raon feidhme an rialacháin chomh maith le foráil a bheith ann do na sainmhínithe.
Cuirtear cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha CBT i láthair i dTeideal II, cuspóirí ar gá cloí leo san idirghabháil a dhearann na Ballstáit ina gcuid Pleananna Straitéiseacha maidir le CBT. I dTeideal III, cuirtear cuid de na ceanglais choiteanna do na Pleananna straitéiseacha maidir le CBT i láthair, mar aon le heilimintí arb infheidhme dóibh ar idirghabhálacha éagsúla. Baineann na ceangaltais choiteanna le comhlíonadh na bprionsabail ginearálta agus na mbunchearta, fiaradh na hiomaíochta a sheachaint, urraim don mhargadh inmheánach, agus an neamhchlaontacht, mar aon le hurraim do rialacha tacaíochta baile na hEagraíochta Trádála Domhanda. Áirítear orthu sin chomh maith ceanglais maidir le heilimintí sonracha atá le sainmhíniú i bpleananna CBT, eadhon céard is ceantar talmhaíochta ann, céard is gníomhaíocht talmhaíochta ann, céard is feirmeoir dearbhaithe ann, agus céard is feirmeoir óg ann. Is é rud a bhfuil cur síos air sa roinn seo na dualgais faoi ‘choinníollacht’ (na ceanglais ar gá do gach tairbhí a bheith in oiriúint dóibh, ceanglais a bhaineann leis an dea-chleachtas talmhaíochta, ach dualgais eile chomh maith de bhun reachtaíocht an Aontais Eorpaigh), agus an gá atá le seirbhísí comhairliúcháin feirme ar fónamh.
Ar deireadh, tá cur i láthair sa Teideal seo ar na cineálacha idirghabhála i láthair a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid lena gcuid Pleananna Straitéiseacha maidir le CBT a chur chun feidhme. Na cineálacha idirghabhála atá ann, sin iad na catagóir leathana idirghabhála is féidir leis na Ballstáit a úsáid ina gcuid Pleananna Straitéiseacha faoi CBT.
Is forálacha airgeadais atá i dTeideal IV. Dhá rud atá ann ach go háirithe na leithdháiltí do gach Ballstát agus do gach Ciste, agus sainmhíniú ar an tsolúbthacht le leithdháiltí a aistriú idir cistí. Foráiltear ann do rátaí rannchuidithe CETFT i ndáil le caiteachas poiblí na mBallstát, agus leagtar amach ann cuid de na leithdháiltí íosta agus uasta le haghaidh críoch faoi leith.
Cuirtear na rialacha faoi Pleananna Straitéiseacha faoi CBT i láthair i dTeideal V. Luaitear ann na heilimintí is gá do na Ballstáit a chur san áireamh agus Plean Straitéiseach faoi CBT á dhréachtú acu, an phleanáil airgeadais, agus cén íosmhéid ábhair a bheidh ann. Mínítear sa teideal seo freisin cé na rialacha atá infheidhme don fhaomhadh a dhéanfaidh an Coimisiún ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT, agus cé mar is féidir pleananna dá leithéid a leasú.
Foráiltear i dTeideal VI do na heilimintí is gá chun comhordaithe agus chun rialachais. Leagann sé freagrachtaí ar údaráis na mBallstát le haghaidh cúraimí sonracha a bhaineann le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT. Cuireann sé coiste faireacháin ar bun a thabharfaidh na geallsealbhóirí ar fad i gceist. Cuirtear líonraí ar bun leis freisin arb é dea-chur chun feidhme Pleananna Straitéiseacha faoi CBT is éigean dó a dhéanamh. Bunófar na líonraí seo ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh araon. Ar deireadh, seo é an teideal lena mbunaítear an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach le borradh a chur faoin malartú eolais agus faoin nuálaíocht.
Tugtar an creat faireacháin feidhmíochta agus meastóireachta isteach le Teideal VII, áit a lena leagfar síos rialacha faoin an uair agus faoin rud is éigean do na Ballstáit tuairisc a thabhairt air, tuairisc maidir le dul chun cinn sna rialacha atá acu dá gcuid Pleananna Stráitéiseacha faoi CBT, agus faoin mbealach a ndéanfar faireachán agus meastóireacht air sin. Thar teideal ar bith eile, is sa teideal seo atá na rialacha ar bhónas feidhmíochta ar fheidhmíocht ar fónamh i réimsí an chomhshaoil agus na haeráide.
Ar deireadh thiar, baineann Teidil VIII agus IX leis na rialacha iomaíochta, teidil a mhíníonn cé mar is éigean rialacha cúnta a chur i bhfeidhm i Stáit ar leith, cé na rialacha infheidhme a aisghairtear, agus cén uair is infheidhme don rialachán.
An Rialachán Cothrománach CBT
Moltar struchtúr reatha CBT a choinneáil, struchtúr atá ina dhá philéar a bhfuil forálacha bliantúla i bPiléar I ann faoin bhforfheidhmiú ginearálta, mar aon leis na forálacha i bPiléar II a léiríonn tréithe sonracha náisiúnta agus réigiúnacha faoi chlár maoinithe ilbhliantúil. Is ar bhreis coimhdeachta a bheidh CBF ag díriú i ndiaidh 2020 áfach, ionas gur fearr a fhéadfaidh na Ballstáit na forálacha forfheidhmithe a mhúnlú faoin dá Philéar, múnla a bheidh de réir a gcuid réaltachtaí saoil féin agus de réir chúinsí saoil na bhfeirmeoirí. Is ionann breis coimhdeachta agus athchothromaíocht freagrachtaí i mbainistiú CBT ar thaobh amháin den scéal, agus caidreamh eile idir Aontas na hEorpa, na Ballstáit agus na feirmeoirí ar an taobh eile de.
Ar an mbonn seo, tá an Rialachán Cothrománach CBT reatha in oiriúint don tsamhail seachadta nua, agus léiríonn sé an bhreis solúbthachta atá sna Ballstáit ag cur an bheartais chun feidhme dóibh (i gcomhréir lena gcuid riachtanas áitiúil, mar aon le laghdú riaracháin do na tairbhithe, agus aistriú i dtreo beartais atá bunaithe ar chúrsaí feidhmíochta.
An taistriú seo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ó chomhlíonadh na rialacha go dtí an fheidhmíocht, is rud é a dteastaíonn sainaithint shoiléir ar na spriocanna lena aghaidh, spriocanna a chaithfidh an beartas a chur i gcrích: is ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a bhunófar na spriocanna seo. Le dul i dtreo meicníocht bheartais ar mó an bhéim ann ar na torthaí atá á dtabhairt chun cinn, beidh aistriú á dhéanamh ó dhearbhú na dlíthiúlachta agus rialtachta a bhaineann leis na hidirbhearta chuig dearbhú na feidhmíochta agus chuig an urraim do bhuncheanglais an Aontais Eorpaigh, leithéid CCRR (An Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe), nó na comhlachtaí rialachais (ghníomhaireachtaí íocaíochta, comhlachtaí comhordaithe, údaráis inniúla, agus comhlachtaí deimhniúcháin). Coinneofar na struchtúir rialachais téagartha iontaofa ar de thréithe CBT iad.
Chomh maith leis na forálacha airgeadais, tá forálacha sa Rialachán Cothrománach fós ar na prionsabail ghinearálta a bhaineann le seiceálacha agus pionóis, ar sheiceálacha coinníollachta agus ar an gCóras Rialaithe um Uathoibriú Tionsclaíoch IACS. Mar thoradh air seo, leagtar síos rialacha sa rialachán maidir le hairgeadas, le bainistiú, le córais rialaithe, le próisis imréitigh (imréiteach airgeadais bliantúil agus imréiteach feidhmíochta bliantúil) mar aon le nós imeachta an chomhlíonta.
Tá eilimintí simpliúcháin éagsúla sa rialachán seo. Ar an gcéad dul síos, léiríonn an timréiteach feidhmíochta bliantúil nua an taistriú ón gcomhlíonadh a bhí ar an tairbhí aonair a dhéanamh chuig feidhmíocht beartais sna Ballstáit.
Chomh maith leis sin, tá tuar ann ar laghdú ar líon na ngníomhaireachtaí íocaíochta, agus ar athneartú ról an chomhlachta chomhordaithe agus an chomhlachta dheimhniúcháin i gcomhréir leis an tsamhail seachadta nua. A bhuíochas leis sin, beidh an córas níos trédhearcaí agus is lú ualaí a bheidh i gceist leis do riaracháin náisiúnta agus don Choimisiún araon. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tugtar isteach coincheap seo an chur chuig aonair chun iniúchóireachta, agus dá bharr sin féadfaidh an Coimisiún gan iniúchadh a dhéanamh chomh minic.
Rialacháin Leasaithe
Is dearbhú í an Teachtaireacht ar Thodhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta gur cuid bhunúsach de CBT atá i dtreocht an mhargaidh, ach tá léargas ann freisin ar na dúshláin a bhaineann le inbhuanaitheacht comhshaoil agus le hathrú aeráide. Rud eile de, cuireann sé earnáil na talmhaíochta i gceartlár na díospóireachta faoi chúrsaí bia, rud is cás leis na saoránaigh, agus meabhraíonn sé dúinn “gurb é an ról is tábhachtaí atá ag an mbeartas ná cuidiú leis na feirmeoirí na hathruithe i nósanna ithe na ndaoine a thuiscint roimh ré, agus a gcuid táirgeachta a athrú de réir chomharthaí sóirt an mhargaidh agus de réir éilimh na dtomhaltóirí”. Ó tharla gur leagadh síos rialacha mionsonraithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh gur féidir go dtiocfaidís salach ar na hathruithe riachtanacha, is deis atá san athchóiriú le roinnt athruithe riachtanacha a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart don CBT díriú ar na ceisteanna atá ag déanamh buartha do na saoránaigh faoi tháirgeadh talmhaíochta atá inbhuanaithe.
Is é is dócha más ea go gcoinneofar creatlach agus príomhghnéithe Rialacháin (AE) 1308/2013, ach go leasófar líon teoranta forálacha de bharr na héabhlóide a bhí ann i gcúrsaí eacnamaíochta agus comhshaoil, mar aon le héabhlóid an stáit agus na sochaí, ó tháinig an rialachán i bhfeidhm in 2014.
Ar an gcéad dul síos, is é is dócha go gcuirfear deireadh le forálacha a bhaineann le hidirghabhálacha earnála, forálacha a leagadh síos cheana i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, de bhrí gur faoi Rialachán Plean maidir le CBT a rialófar na hidirghabhálacha CBT sa todhchaí, agus de bhrí gur cuid de phleananna straitéiseacha na mBallstát a bheidh ann chun feabhas a chur ar chomhsheasmhacht na hidirghabhála a dhéanann CBT.
Ar an dara dul síos, cé gur chuir an dá leasú ar bheartas fíona i 2008 agus i 2018 na spriocanna a bhí i gceist leo i gcrích den chuid is mó, rud a fhágann go bhfuil biseach eacnamaíoch ar an earnáil fíona, tá dúshláin nua tagtha chun follais ó thaobh geilleagair, comhshaoil agus aeráide de. Dá bhrí sin, le ceart a bhaint de na dúshláin sin, tá tuar sa rialachán ar líon áirithe leasuithe sonracha ar rialacha atá ann cheana féin.
Ar an tríú dul síos, bhí gairm sa Teachtaireacht ar Thodhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta ar thásca geografacha (GI) a mbeadh mealladh na bhfeirmeoirí agus na dtomhaltóirí iontu thar mar atá, agus an córas a thabhairt chun sobhainistithe. Dá bhrí sin, moltar leasú ar na rialacha reatha faoi tásca geografacha, agus sin a roinnt ar cheithre Acht bunúsach, agus é de sprioc acu an córas thásca geografacha a shimpliú, dlús a chur i gclárú na dtásca geografacha, agus breis éifeachta a chur i bhfaomhadh na leasuithe ar shonraíochtaí táirgí. Is éard is sprioc do na hathruithe sin an córas tásca geografacha a shimpliú ionas gurbh fhusa don tomhaltóir tuiscint a bhaint as, ionas gurbh fhusa é a chur chun cinn, agus ionas gur lú na costais riaracháin a bheadh i mbainistiú an chórais dá bharr.
Maidir leis na rialacha a bhaineann le fíon, rialacha a chuireann teorainn le hiniúchadh an Aontais Eorpaigh ar iarratais, ionas nach ndéantar ach botúin fhollasacha a cheartú iontu, agus rialacha maidir le maoin intleachtúil a dhealú ó cheanglais eile a leagtar síos sa tsonraíocht táirge, sin agus é a chur ar chumas na mBallstát cinneadh a dhéanamh ar leasuithe nach mbíonn tionchar acu ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is rud e sin a chuirfeadh líofacht sna hiarratais, a ghiorródh na hamlínte, agus a dhéanfadh réasúnú ar na foinsí, i gcomhréir le dhá phrionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta. Sa tslí chéanna, má shimplítear cuid de na nósanna imeachta sonracha, an nós imeachta freasúra, mar shampla, meastar go gcuirfidh sé sin breis éifeachta sa nós imeachta formheasa.
An soiléiriú ar an sainmhíniú ar ainmniú cosanta tionscnaimh d’fhíonta, is soiléiriú é a chuirfidh ar chumas na ngrúpaí táirgeoirí cineálacha nua a úsáid, rud eile atá ag teastáil chun freagairt don athrú aeráide, agus rud a mbeidh bonn cirt cuí faoi iarratais dá bharr, i gcomhréir le réaltachtaí fíonsaothraithe agus fhíoneolaíocha. Moltar freisin cosaint na dtásc geografach a neartú, mar aon le cosaint in aghaidh tásca geografacha bréige ar an idirlíon, agus cosaint ar earraí le linn dóibh a bheith á niompar.
An simpliú a mholtar do thásca geogracha fíona, is rud é is gá a chur i bhfeidhm ar tháirgí talmhaíochta agus ar earraí bia chomh maith: chun leibhéal réasúnach comhleanúnachais a áirithiú idir na scéimeanna, agus leis an sochar thuasluaite a chur ar fáil do lucht táirgthe tásca geografacha san earnáil seo freisin. Níl ag scéim tásca geografacha na bhfíonta cumhraithe ach 5 thásca den 3350 tásc atá ann, tá sé do-oibrithe, agus ba cheart a tháthú le scéim eile – is oiriúnach an scéim atá i scéim na dtáirgí talmhaíochta agus bia-earraí mar clúdaíonn sí deochanna alcóil eile cheana féin.
Ina theannta sin, tá tuar forála sa rialachán nach ndéanann le gealltanais a thug an tAontas Eorpach agus na Ballstáit le deireanas ach iad a aistriú ina reachtaíocht inmheánach i gcomhthéacs Chinntí na nAirí san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Ar deireadh, moltar cuid de na forálacha atá imithe i léig a chur ar ceal, inter alia an córas rialachán agus ceanglas a bhaineann le hearnáil an tsiúcra, córas a chuaigh in éag ag deireadh na bliana margaíochta 2016/2017.
2018/0218 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na noileán beag Aeigéach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 114, an chéad mhír d’Airteagal 118, agus Airteagal 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ ("Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta") an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta ("CBT") tar éis 2020. Ar na cuspóirí seo tá, inter alia, an gá atá ann an Comhbheartas Talmhaíochta a bheith dírithe níos mó ar thorthaí a bhaint amach, ar bhorradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena náirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, agus ar chuidiú le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin sin a bhíonn ar thairbhithe ar ualach é a thagann de reachtaíocht an Aontais.
(2)Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt an Chomhbheartais Talmhaíochta do na dúshláin agus do na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus ar leibhéal an Aontais, ní mór rialachas an Chomhbheartais Talmhaíochta a chomhchuibhiú agus an chaoi a seachadann sé cuspóirí an Aontais a fheabhsú agus an tualach riaracháin a laghdú go suntasach. I gComhbheartas Talmhaíochta atá bunaithe ar fheidhmíocht a sheachadadh ("an tsamhail seachadta"), ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus na bunriachtanais, agus san am céanna ba cheart freagracht níos mó a bheith ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus a mbainfidh siad spriocanna amach. Le coimhdeacht fheabhsaithe, féadtar na dálaí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh ar dhóigh níos fearr, agus ar an dóigh sin an tacaíocht a chur in oiriúint ionas go rannchuideofaí, ar an dóigh is mó is féidir, le cuspóirí an Aontais.
(3)Chun comhleanúnachas an Chomhbheartais Talmhaíocht a áirithiú, ba chóir idirghabhálacha CBT uile na todhchaí a bheith ina gcuid de phlean tacaíochta straitéiseach a mbeadh mar chuid de, freisin, idirghabhálacha áirithe de réir earnála a leagadh síos cheana le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4)Leagtar amach, in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, sainmhínithe áirithe a bhaineann le hearnálacha atá faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Na sainmhínithe a bhaineann leis an earnáil siúcra a leagtar amach i Roinn B de Chuid II den Iarscríbhinn sin, ba chóir iad a scriosadh aisti óir níl siad infheidhme a thuilleadh. Chun nuashonrú a dhéanamh ar shainmhínithe a bhaineann le hearnálacha eile a dtagraítear dóibh san Iarscríbhinn sin, nuashonrú a thabharfadh san áireamh faisnéis nua eolaíochtúil nó nuafhorbairt ar na margaí, ba chóir, ar feadh a mbaineann le leasú na sainmhínithe sin, an chumhacht le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún. Tá tábhacht ar leith leis go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear comhairliúcháin ar an leibhéal saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á nullmhú agus á ndréachtú aige, ba chóir don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach tráthúil iomchuí. Dá bhrí sin, an cumhachtú leithleach sin chun leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar shíoróip ionúiline a tharmligtear don Choimisiúin trí bhíthin phointe 4 de roinn A de Chuid II den Iarscríbhinn sin, ba chóir é a scriosadh.
(5)Ba chóir Cuid I de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a shimpliú. Sainmhínithe agus forálacha atá iomarcach nó dulta i léig, agus a thugann an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, ba chóir iad a scriosadh.
(6)Na huasteorainneacha a leagtar amach in Airteagal 23(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le cabhair ón Aontas i dtaca le torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar i bhforais oideachais, ba chóir iad a nuashonrú chun dáta.
(7)Forálacha a bhaineann le scéimeanna cabhrach a leagtar amach i Ranna 2 go 6 de Chaibidil II de Theideal I de Chuid II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba chóir iad a scriosadh óir déanfar gach cineál idirghabhála sna hearnálacha sin a leagan amach i Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT).
(8)I bhfianaise an laghdaithe a tháinig sna blianta 2014–2017 ar an achar a bhí faoi phlandáil fíniún i roinnt de na Ballstáit, agus i bhfianaise an chaillteanais táirgeachta a d’fhéadfadh teacht dá dheasca sin, ba chóir go bhféadfadh na Ballstáit, agus an tachar maidir le húdaruithe i gcomhair planduithe nua dá dtagraítear in Airteagal 63(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 á bhunú, rogha a dhéanamh idir an bonn atá ann agus bonn arbh é a bheadh ann céatadán den achar iomlán a bhí faoi phlandáil fíniún ina gcríocha ar 31 Iúil 2015 agus é sin arna mhéadú leis an achar talún arna shocrú de réir na gcearta plandála a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1234/2007 agus a bhí ar fáil ar 1 Eanáir 2016 lena choinbhéartú ina údaruithe sna Ballstáit lena mbaineann.
(9)Ba chóir modhnú a dhéanamh ar na rialacha lena ndéanann na Ballstáit rangú ar chineál na gcaor fíniúna ionas go dtabharfaí san áireamh iontu na cineálacha caor fíniúna Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton agus Herbemont, cineálacha nach raibh san áireamh cheana. Chun a áirithiú gur i méad a rachaidh an fhriotaíocht in aghaidh galair a bhaineann le táirgeadh an fhíona san Aontas agus chun a áirithiú go núsáidfear sa táirgeadh sin cineálacha fíniúna a bheidh in oiriúint níos fearr do na hathruithe ar dhálaí aeráide, ba chóir foráil a dhéanamh lena gceadófaí na cineálacha Vitis Labrusca agus cineálacha ó chrosáil Vitis vinifera, Vitis Labrusca le spéicis eile den ghéineas Vitis a phlandáil le haghaidh fíon a tháirgeadh san Aontas.
(10)Chun a chur ar chumas na dtáirgeoirí cineálacha fíniúna a úsáid a bheidh in oiriúint níos fearr do na hathruithe ar dhálaí aeráide agus ar mó a bhfriotaíocht in aghaidh galair, ba chóir foráil a dhéanamh lena gceadófaí táirgí a dhéanamh ní hé amháin as sonrúcháin tionscnaimh de na cineálacha fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera ach freisin as sonrúcháin tionscnaimh de bhunús crosála Vitis vinifera le spéicis eile den ghéineas Vitis.
(11)Ó tharla comhaontuithe idirnáisiúnta a bheith tugtha i gcrích i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), ba chóir forálacha a chur i bhfeidhm i dtaca le teastais chomhlíonta agus le tuarascálacha anailíse a úsáidtear i ndáil le hallmhairithe fíona.
(12)Ba chóir an sainmhíniú ar an rud is sonrúchán tionscnaimh ann a thabhairt chun comhréire leis an sainmhíniú a dhéantar air sa Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (‘Comhaontú TRIPS’), arna fhormheas le Cinneadh 94/800/EC ón gComhairle, agus go háirithe ba chóir é a thabhairt chun comhréire le hAirteagal 22(1) de, is é sin é a bheith sa chaoi go dtabharfadh an tainm tásc ar an réigiún nó ar an áit áirithe inar tionscnaíodh an táirge.
(13)Chun leanúnachas a áirithiú sa chinnteoireacht a dhéantar maidir le hiarratais ar chosaint agus maidir le hagóidí a chuirtear isteach le linn an nóis imeachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba chóir an Coimisiún a chur ar an eolas, ar mhodh rialta tráthúil, faoi lainseáil nósanna imeachta sna cúirteanna náisiúnta nó faoi bhráid comhlachtaí eile, nuair is nósanna imeachta iad a bhaineann le hiarratais ar chosaint arna gcur ag an mBallstát chuig an gCoimisiún, de réir na tagairte in Airteagal 96(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ba chóir cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiúin chun go mbeadh sé in ann, sna cúinsí sin agus fairis sin nuair ba chuí, an scrúdú ar an iarratas a chur ar fionraí go dtí go mbeadh breithniú na cúirte náisiúnta nó an chomhlachta eile náisiúnta ar fáil i dtaca leis an dúshlán a tugadh faoin measúnú a rinne an Ballstát ar an iarratas sa nós imeachta náisiúnta um réamhrialú.
(14)Ba chóir clárú na sonrúchán tionscnaimh a shimpliú agus a luathú trí dhealú idir an measúnú a dhéantar maidir le comhlíonadh na rialacha um maoin intleachtúil agus an measúnú a dhéantar maidir le ceanglais eile a thagann de chaighdeáin margaíochta agus lipéadaithe a bheith á gcomhlíonadh ag sonraíochtaí an táirge.
(15)Céim sár-riachtanach sa nós imeachta is ea an measúnú a dheanann na húdaráis inniúla sna Ballstáit. A bhuí leis an eolas agus leis an saineolas atá ag na Ballstáit agus a bhuí leis an rochtain atá acu ar shonraí agus ar fhíorais, is leis na Ballstáit a thig, ar an tslí is fearr, a fhíorú, i dtaca leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil san iarratas, an bhfuil an fhaisnéis sin cruinn agus fírinneach. Ar an ábhar sin, ba chóir do na Ballstáit a ráthú gur beacht agus gurb iontaofa toradh an mheasúnaithe sin, toradh a ndéanfar taifead dílis air i ndoiciméad aonair ina mbeidh cur síos achomair ar eilimintí ábhartha shonraíocht an táirge. Ba chóir don Choimisiún, ag féachaint do phrionsabal na coimhdeachta, grinnscrúdú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na hiarratais lena áirithiú nach mbeidh aon earráidí follasacha iontu agus lena áirithiú gur tugadh san áireamh dlí an Aontais agus leasanna páirtithe leasmhara lasmuigh de Bhallstát an iarratais.
(16)An tréimhse ama ar féidir agóid a dhéanamh lena linn, ba chóir fad a chur léi, go trí mhí, chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain ama ag na páirtithe leasmhara uile le hanailís a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint agus go bhféadfaidh siad ráiteas agóide a chur isteach. Chun a áirithiú gurb é an nós imeachta amháin a leanfar i gcás agóidí a dhéanfar faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, dá réir sin, ionas go mbeidh ar chumas na mBallstát, i dtaca le hagóidí ó dhaoine nadúrtha nó dlítheanacha a mbeidh cónaí orthu nó a bheidh bunaithe laistigh dá gcríocha, na hagóidí sin a chur ar aghaidh ar mhodh comhordaithe éifeachtúil éifeachtach, ba chóir go ndéanfaí gach agóid ó dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha a chur isteach trí láimh údaráis an Bhallstáit ina mbeidh cónaí orthu nó ina mbeidh siad bunaithe. Ar mhaithe le simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta agóide, ba chóir an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún ráitis agóide neamhinghlactha a dhiúltú leis na ngníomh cur chun feidhme lena mbronntar an chosaint. Dá bhrí sin, Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbronntar cumhachtaí cur chun feidhme ar an gCoimisiún agóidí neamhinghlactha a dhiúltú faoi ghníomh cur chun feidhme ar leithligh, ba chóir é a scriosadh.
(17)Ar mhaithe le héifeachtúlacht an nóis imeachta a fheabhsú agus chun a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas ann i dtaca le bronnadh cosanta ar shonrúcháin tionscnaimh agus ar thásca geografacha, ba chóir cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún a ligfeadh dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbronntar cosaint, gan dul in iontaoibh an nós imeachta scrúdúcháin, i gcás nach mbeadh aon ráiteas inghlactha agóide curtha isteach in aghaidh an iarratais ar chosaint. I gcás ina mbeadh ráiteas inghlactha agóide curtha isteach, ba chóir cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún a ligfeadh dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin, lena mbronnfaí cosaint nó lena ndiúltófaí an tiarratas ar chosaint.
(18)Ag féachaint go hiomchuí do Chomhaontú TRIPS, do Airteagail 22 and 23 de go háirithe, agus don Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thradáil (‘Comhaontú CGTT’) agus go háirithe d’Airteagal V de a bhaineann le saoirse idirthurais, dhá chomhaontú a formheasadh le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle agus a bhfuil sé d’aidhm leo treisiú le cosaint na sonrúchán tionscnaimh agus na dtásca geografacha agus comhrac níos éifeachtaí a chur ar an ngóchumadh, ba chóir an chosaint a bhronntar le hAirteagal 103(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a leathnú ionas go gcumhdódh sí earraí a bheadh á niompar trasna chríocha custaim an Aontais agus earraí a bheifí a dhíol ar an idirlíon nó trí mhodhanna eile trádála leictreonaí.
(19)Ba chóir é a bheith indéanta an chosaint a bheadh ag sonrúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach a chur ar ceal, i gcúinsí nach mbeadh siad in úsáid ní ba mhó nó i gcúinsí nár mhian leis an iarrthóir dá dtagraítear in Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an chosaint sin a choinneáil i bhfeidhm ní ba mhó.
(20)I bhfianaise an mhéadaithe sheasta atá ag teacht ar an éileamh ó thomhaltóirí ar tháirgí nuálacha fíniúna ar lú a neart alcólach iarbhír ná an neart alcólach iarbhír íosta a leagtar amach le haghaidh táirgí fíniúna i gCuid II de Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba chóir é a bheith indéanta a leithéidí sin de tháirgí nuálacha fíniúna a tháirgeadh san Aontas freisin.
(21)Is den riachtanas foráil a dhéanamh le haghaidh sainmhínithe ar tháirgí fíniúna díalcólaithe agus ar tháirgí fíniúna páirtdhíalcólaithe. Ba chóir a thabhairt san áireamh sna sainmhínithe sin na sainmhínithe atá leagtha amach i Rúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), OIV-ECO 433-2012 Beverage Obtained By Partial Dealcoholisation of Wine (‘Deochanna ó pháirtdhíalcólú fíona’) agus OIV-ECO 523-2016 Wine With An Alcohol Content Modified by Dealcoholisation (‘Fíon a ndearnadh a chion alcóil a mhodhnú trí dhíalcólú’) .
(22)Chun a áirithiú go mbeidh na rialacha lena rialaítear lipéadú agus cur i láthair na dtáirgí in earnáil an fhíona á gcur de cheangal freisin ar tháirgí fíniúna ó dhíalcólú agus ó pháirtdhíalcólú, chun na rialacha a bhunú lena rialófar na próisis dhíalcólúcháin le haghaidh táirgeadh táirgí áirithe fíniúna ó dhíalcólú nó ó pháirtdhíalcólú san Aontas, chomh maith le rialacha, a bhaineann le coinníollacha úsáide dúntán in earnáil an fhíona, a mbeidh d’fheidhm acu a áirithiú go mbeidh cosaint ag na tomhaltóirí ar úsáid mhíthreorach a bheith á baint as dúntáin áirithe a bhaineann le deochanna áirithe agus chun a áirithiú go mbeidh cosaint ag tomhaltóirí ar dhéanábhair dhíobhálacha dúntán a d’fhéadfadh na deochanna a éilliú, ba chóir a tharmligean don Choimisiún, ar feadh a mbaineann le leasuithe a dhéanamh ar na forálacha ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, an chumhacht le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am amháin a bhfaighidh na saineolaithe sna Ballstáit iad, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin áit a mbeifear ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(23)Na rialacha a bhaineann le táirgeadh an tsiúcra, agus na ceanglais atá ar earnáil an tsiúcra, chuaigh siad in éag ag deireadh na bliana margaíochta 2016/2017. Tá Airteagal 124 agus Airteagail 127 go 144 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 dulta i léig, agus ba chóir iad a scriosadh.
(24)Na bearta agus na rialacha a bhaineann le hallmhairiú cnáibe a leagtar amach in Airteagal 189 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, tá siad iomarcach agus dulta i léig, agus ba chóir iad a scriosadh.
(25)De bhrí nach bhfuil riachtanas a thuilleadh leo i bhfianaise an deiridh le rialú an táirgthe in earnáil an tsiúcra, ba chóir Airteagail 192 agus 193 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a scriosadh. Chun a áirithiú go mbeidh leorsholáthar ag margaí an Aontais trí bhíthin allmhairithe as tríú tíortha, ba chóir a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, trí tharmligean, dleachtanna ar allmhairiúcháin cána agus moláis bhiatais a chur ar fionraí.
(26)Leagtar síos rialacha faoi bhearta iomaíochta onnmhairíochta sa Chinneadh Aireachta ar Iomaíocht Onnmhairíochta a rinneadh ar an 19 Nollaig 2015 ag an 10ú Comhdháil Airí de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, in Nairobi. I dtaca le fóirdheontais onnmhairíochta, tá de cheanglas ar chomhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádala a dteidlíochtaí fóirdheontas onnmhairíochta a dhíothú agus an díothú sin a chur i bhfeidhm ó dháta an Chinnidh sin. Dá bhrí sin, forálacha an Aontais, i dtaca le fóirdheontais onnmhairíochta, a leagtar amach in Airteagail 196 go 204 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba chóir iad a scriosadh.
(27)Maidir le creidmheasanna onnmhairíochta, ráthaíochtaí creidmheasa onnmhairíochta agus cláir árachais, fiontair thrádála de chuid stát easpórtála talmhaíochta agus maidir le cabhair bhia idirnáisiúnta, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a thabharfaidh urraim do dhlí an Aontais. Ó tharla go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina gcomhaltaí de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, ba chóir go gcomhlíonfadh na bearta náisiúnta sin na rialacha a leagtar síos i gCinneadh Airí sin an 19 Nollaig 2015 de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, óir is é sin dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta.
(28)Oibleagáidí tuairisciúcháin atá ar an gCoimisiún i dtaca le margaí an bhainne agus na dtáirgí bainne, i dtaca le síneadh a chur le raon scéim na scoileanna agus i dtaca le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta san earnáil talmhaíochta, ar oibleagáidí iad atá dulta i léig, ba chóir iad sin uile a scriosadh. An oibleagáid tuairisciúcháin a bhaineann le hearnáil na beachaireachta, ba chóir í a chomhtháthú i Rialachán .../... (an Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT).
(29)I bhfianaise aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le Rialachán (AE) …/… (an Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT), ba chóir go gcomhtháthófaí, i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, na forálacha a bhaineann le seiceálacha agus pionóis i dtaca le caighdeáin mhargaíochta, i dtaca le cosaint do shonrúcháin tionscnaimh, do thásca geografacha agus do théarmaí traidisiúnta.
(30)Na forálacha i dtaca le cúlchistí do ghéarchéimeanna in earnáil na talmhaíochta a leagtar síos i gCaibidil III de Chuid V de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba chóir iad a scriosadh óir leagtar síos forálacha nuashonraithe i dtaca le cúlchistí talmhaíochta i Rialachán .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(an Rialachán Cothrománach).
(31)I bhfianaise a theoranta agus atá uimhir na gclárúchán ar thásca geografacha fíonta cumhraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba chóir simpliú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh chosaint thásca geografacha na dtáirgí sin. Fíonta cumhraithe agus deochanna alcólacha eile diomaite de dheochanna biotáille agus de na táirgí fíniúna sin a liostaítear i gCuid II de Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba chóir go mbeidís sin faoi réir an réimis dlí agus na nósanna imeachta a bhaineann le táirgí eile talmhaíochta agus bia-earraí. Ba chóir raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a shíneadh le go gcumhdódh sé na táirgí sin. Ba chóir Rialachán (AE) Uimh. 251/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú leis an athrú seo a chur san áireamh ar feadh a mbaineann lena theideal, lena raon feidhme, lena shainmhínithe agus leis na forálacha atá ann i dtaca le lipéadú táirgí fíona chumhraithe. Ba chóir a áirithiú go ndéanfar an taistriú go réidh i gcás ainmneacha a dtugtar cosaint dóibh faoi Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.
(32)Na nósanna imeachta a bhaineann le clárú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, le clárú tásca geografacha faoi chosaint agus le clárú sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba chóir iad sin a chuíchóiriú agus a shimpliú chun a áirithiú gur féidir ainmneacha nua a chlárú laistigh de thréimhsí níos giorra. Ba chóir an nós imeachta freasúra a shimpliú.
(33)Ba chóir foráil a dhéanamh do mhaoluithe sonracha a cheadódh ainmneacha eile a úsáid taobh le hainm cláraithe sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht. Ba chóir don Choimisiún idirthréimhse a shocrú i dtaca le húsáid sonrúchán a bhfuil ainm sainearraí faoi ráthaíocht mar chuid díobh, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le hidirthréimhsí dá leithéid chéanna atá leagtha síos cheana le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint.
(34)An nós imeachta a bhaineann le formheas a dhéanamh ar leasuithe ar shonraíochtaí táirge, nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. (AE) 1151/2012, ba chóir é a shimpliú trí mhodh idirdhealaithe a thabhairt isteach a dhéanfadh dealú idir leasuithe ar leibhéal an Aontais agus leasuithe caighdeánacha. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is iad na Ballstáit ba chóir a bheith freagrach as leasuithe caighdeánacha a fhormheas agus ba chóir gur ar an gCoimisiún a d’fhanfadh an fhreagracht i dtaca le formheas a dhéanamh ar leasuithe ar leibhéal an Aontais a dhéantar ar shonraíocht táirge.
(35)Ba chóir nuashonrú chun dáta a dhéanamh ar mhéid na nacmhainní airgeadais atá ar fáil le maoiniú a dhéanamh ar bhearta faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(36)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1308/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, Rialachán (AE) Uimh. 251/2014, Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 a leasú dá réir.
(37)Ba chóir socruithe idirthréimhseacha a chur ar bun le haghaidh iarratais ar chosaint agus le haghaidh clárú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a dhéanfar roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus le haghaidh an chaiteachais a bheidh déanta roimh 1 Eanáir 2021 faoi na scéimeanna cabhrach um ola olóige agus ológa boird, thorthaí agus ghlasraí, fhíon, beachaireacht agus leannlus a bunaíodh le hAirteagail 29 go 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
(38)Chun a áirithiú go ndéanfar, go rianúil, an taistriú go dtí an creat dlíthiúil nua a leagtar síos i Rialachán (AE) .../... (an Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT), ba chóir go dtiocfadh i bhfeidhm, ar an 1 Eanáir 2021, forálacha i dtaca le leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le scéimeanna cabhrach áirithe agus cúlchistí le haghaidh géarchéimeanna sna hearnálacha talmhaíochta, agus ba chóir go dtiocfadh i bhfeidhm mar an gcéanna, agus ar an dáta céanna, na forálacha le haghaidh leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 agus ar Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar seo a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a)scriostar mír 2;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:
‘3.Chun críocha an Rialacháin seo, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*[an Rialachán Cothrománach] agus i Rialachán (AE) Uimh. .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** [an Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT].
4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leasaítear na sainmhínithe a bhaineann leis na hearnálacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, a mhéid is gá chun na sainmhínithe a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh.
----------------------------
*Rialachán .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an .... maidir le maoiniú agus faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartas talmhaíochta, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L ..., ...., lch. ...)
**Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena mbunaítear rialacha i dtaca le tacaíocht do phleananna straitéiseacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Rathaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L ..., ...,, lch. ...);
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:
‘Airteagal 5
Rátaí comhshó i gcomhair ríse
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na rátaí comhshó a shocrú i gcomhair ríse ag staideanna éagsúla dá próiseáil.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).';
(3)scriostar Airteagal 6;
(4)leasaítear Caibidil II de Theideal I de Chuid II mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
'CAIBIDIL II
Cabhair i dtaca le torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar i bhforais oideachais';
(b)scriostar an ceannteideal 'Roinn 1’ agus an teideal a ghabhann leis;
(c)
leasaítear Airteagal 23 a mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.Gan dochar do mhír 4, an chabhair faoin scéim scoile a leithdháilfear ar dháileadh táirgí, na bearta tionlacain oideachais agus na costais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 23(1), ní bheidh siad níos mó ná EUR 220 804 135 in aghaidh na bliana scoile.
Laistigh den teorainn fhoriomlán sin, ní bheidh an chabhair níos mó ná na méideanna seo a leanas:
(a)le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna: EUR 130 608 466 in aghaidh na bliana scoile;
(b)le haghaidh bainne do scoileanna: EUR 90 195 669 in aghaidh na bliana scoile.’;
(ii)sa tríú fomhír de mhír 2, scriostar an dara habairt;
(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4.Gan dul thar an teorainn fhoriomlán EUR 220 804 135 a leagtar síos i mír 1, féadfaidh aon Bhallstát suas le 20 % de cheann amháin nó de cheann eile dá leithdháiltí táscacha a aistriú uair amháin in aghaidh na bliana scoile.
(d)
scriostar Ranna 2 go 6 lena gcumhdaítear Airteagail 29 go 60;
(5)in Airteagal 63, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.Cuirfidh na Ballstáit ar fáil, gach bliain, údaruithe le haghaidh plandálacha nua a bheidh de réir ceann amháin díobh seo a leanas:
(a)1 % den achar iomlán dá gcríocha a bheidh plandáilte faoi fhíniúnacha, agus an tachar sin arna thomhas ar an 31 Iúil an bhliain roimhe sin; nó
(b)1 % de achar arb é a bheidh ann an tachar dá gcríocha a bheidh plandáilte faoi fhíniúnacha agus an tachar sin arna thomhas ar an 31 Iúil an bhliain roimhe sin, agus iomlán an achair arna chumhdach ag na cearta plandála a dheontar do tháirgeoirí ina gcríocha i gcomhréir le hAirteagal 85h, le hAirteagal 85i nó le hAirteagal 85k de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus a raibh fáil air le haghaidh údaruithe ar an 1 Eanáir 2016, mar a thagraítear dó in Airteagal 68 den Rialachán seo.’;
(6)in Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor a fhéadfar a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun críocha táirgthe fíona.
Féadfaidh na Ballstáit an taicmiú a dhéanamh ar na cineálacha fíonchaor nuair:
(a)is cineálacha iad a bhaineann le ceann de na spéicis Vitis vinifera nó Vitis Labrusca; nó
(b)is cineálacha iad a fhaightear trí na spéicis Vitis vinifera, Vitis Labrusca a chrosáil le spéicis eile den ghéineas Vitis.
I gcás ina scriosfar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh amach laistigh de 15 bliana ó thráth an scriosta sin.';
(7)in Airteagal 90, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le CFAE, beidh allmhairiú na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an méid seo a thaispeáint:
(a) deimhniú lena léirítear go gcomhlíontar na forálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ar deimhniú é arna tharraingt suas ag comhlacht inniúil i dtír thionscnaimh an táirge agus an comhlacht sin a bheith san áireamh ar liosta a phoibleoidh an Coimisiún;
(b) tuarascáil anailíse arna tarraingt suas ag comhlacht nó roinn arna hainmniú ag tír thionscnaimh an táirge, más rud é gur táirge é atá ceaptha lena chaitheamh díreach ag an duine.’;
(8)i Roinn 1 de Chaibidil I de Theideal II de Chuid II, cuirtear isteach an Fhoroinn 4a seo a leanas:
‘Foroinn 4a
Seiceálacha agus pionóis
Airteagal 90a
Seiceálacha agus pionóis a bhaineann le rialacha margaíochta
1.Gan dochar do ghníomhartha maidir le hearnáil an fhíona a glacadh de bhun Airteagal 57 de Rialachan (AE) [.../...] (an Rialachán Cothrománach), má sháraítear rialacha de chuid an Aontais in earnáil an fhíona cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm pionóis riaracháin a bheidh comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach i gcomhréir le Teideal IV de Chaibidil 1 den Rialachán sin (an Rialachán Cothrománach).
2.Chun cistí an Aontais agus céannacht, áit tionscnaimh agus cáilíocht fhíon an Aontais a chosaint, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i dtaobh an méid seo a leanas:
(a)bunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha a bhunú a chuideoidh le calaois a bhrath agus a dhéanfar a chur i dtoll a chéile ar bhonn samplaí arna mbailiú ag na Ballstáit;
(b)rialacha lena rialálfar comhlachtaí rialaithe agus an cúnamh frithpháirteach eatarthu;
(c)rialacha lena rialálfar an dóigh a ndéantar comhúsáid de thorthaí taighde na mBallstát;
3.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfadh sé síos na bearta uile a bheadh riachtanach chun iad seo a leanas a bhunú:
(a)na nósanna imeachta a bhaineann le bainc sonraí dhílse na mBallstát agus leis na bainc sonraí anailíseacha de shonraí iseatópacha a chuideoidh le calaois a bhrath;
(b)na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhar agus leis an gcúnamh a bhíonn ann idir údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe;
(c)maidir leis an oibleagáid dá dtagraítear i mír 3, rialacha maidir le seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh caighdeán margaíochta, rialacha lena rialaítear na húdaráis atá freagrach as na seiceálacha a dhéanamh, agus rialacha maidir le hábhar agus le minicíocht na seiceálacha sin agus leis an gcéim mhargaíochta a mbeidh feidhm ag na seiceálacha sin maidir leo.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).';
(9)leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a)ciallaíonn ‘sonrúchán tionscnaimh’ ainm a dhéanann sainaithint ar tháirge, dá dtagraítear in Airteagal 92(1):
(i)ar timpeallacht gheografach ar leith gona gnéithe dúchasacha nádúrtha, agus más iomchuí sin, gona gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe;
(ii)ar de thionscnamh ionaid, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith é;
(iii)a rinneadh le fíonchaora de thionscnamh eisiach an limistéir gheografaigh sin;
(iv)ar sa limistéar geografach sin a dhéantar é a tháirgeadh; agus
(v)ar ó chineál fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera é nó ó chrosáil na spéiceas Vitis vinifera le spéicis eile den ghéineas Vitis.';
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c)má chomhlíonann siad na ceanglais dá dtagraítear i bpointí 1(a)(i) go (v) de mhír 1; agus';
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4.An táirgeadh dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) agus i bpointe (b)(iii) de mhír 1, cumhdóidh sé gach oibríocht a bheidh bainteach, ó bhuaint na bhfíonchaor go dtí críoch na bpróiseas déanta fíona, ach amháin na próisis iartháirgthe.’;
(10)in Airteagal 94(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Sna hiarratais ar chosaint do shonrúcháin tionscnaimh nó do thásca geografacha, beidh an méid seo a leanas:’;
(11)in Airteagal 96, cuirtear isteach mír 6 agus mír 7 mar seo a leanas:
‘6. Má thionscnaítear nós imeachta faoi bhráid cúirt náisiúnta nó comhlacht poiblí náisiúnta eile, ar nós imeachta é a bhaineann le hiarratas ar chosaint a chuir an Ballstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl don Choimisiún gan aon mhoill.
7.Féadfaidh an Coimisiún, nuair is cuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun scrúdú an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 97(2) a fhionraí go dtí go mbeidh breithniú déanta ag cúirt náisiúnta nó ag comhlacht náisiúnta eile i dtaca le dúshlán a tugadh faoi iarratas ar chosaint ar iarratas é a ndearna an Ballstát a chinneadh ina leith gur chomhlíon sé na ceanglais i nós imeachta náisiúnta um réamhrialú i gcomhréir le mír 5.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.’;
(12)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4 d’Airteagal 97:
‘2.Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarratais chlárúcháin a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 94 agus le hAirteagal 96(5). Agus toradh an nóis imeachta um réamhrialú a rinne an Ballstát á thabhairt san áireamh aige, déanfaidh sé na hiarratais sin a ghrinnscrúdú d’fhonn aon earráidí follasacha a aimsiú.
Níor chóir gurbh fhaide ná sé mhí an tréimhse a chaithfeadh an Coimisiún i mbun an scrúdúcháin, agus an tréimhse sin arna thomhas ó dháta faighte an iarratais ón mBallstát. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún cúiseanna na moille in iúl i scríbhinn don iarratasóir.
3.I gcás ina measann an Coimisiún, ar bhonn an ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh aige de bhun mhír 2 den Airteagal seo, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 93, 100 agus 101, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme maidir le foilsiú, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an doiciméid aonair dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 94(1) agus na tagartha d'fhoilsiú na sonraíochta táirge a rinneadh le linn an nóis imeachta náisiúnta um réamhrialú.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.’;
4.I gcás ina measann an Coimisiún, ar bhonn an ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh aige de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 93, 100 agus 101, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar an tiarratas.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).';
(13)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 98 agus 99:
‘Airteagal 98
Nós imeachta agóide
Laistigh de thrí mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 94(1), in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Ballstáit nó údaráis tríú tíre, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san ábhar agus a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i dtríú tír, ráiteas agóide a chur faoi bhráid an Choimisiúin ag cur in aghaidh na cosanta a moladh. Ní mór cuíréasúnú a bheith le ráiteas agóide.
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san ábhar agus a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i mBallstát nach ionann agus an Ballstát a chuir ar aghaidh an tiarratas ar chosaint, féadfaidh sé, laistigh de theorainn ama áirithe, an ráiteas agóide a chur isteach trí láimh údaráis an Bhallstáit ina bhfuil cónaí air nó ina bhfuil sé bunaithe, ionas go mbeifear in ann ráiteas agóide a chur isteach roimh an teorainn ama dá dtagraítear sa chéad mhír.
Airteagal 99
Cinneadh maidir le cosaint
1.I gcás nach bhfaighidh an Coimisiún aon ráiteas agóide inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 98, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena mbronnfar an chosaint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.
2. I gcás go bhfaighidh an Coimisiún ráiteas agóide inghlactha, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena mbronnfar an chosaint nó lena ndiúltófar an tiarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).
3. Cosaint a bhronnfar de bhun an Airteagail seo, beidh sí gan dochar don chaoi a gcomhlíonfadh na hearraí atá i gceist rialacha eile de chuid an Aontais a bhaineann, go háirithe, le táirgí a chur ar an margadh, le margaíocht agus le lipéadú bia.’
(14)in Airteagal 103 cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:
‘4.An chosaint sin dá dtagraítear i mír 2, beidh feidhm aici freisin i dtaca le táirgí a bheidh tugtha isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcríoch chustaim an Aontais, agus i dtaca le táirgí a dhíolfar trí mhodhanna leictreonacha trádála san Aontas Eorpach.’;
(15)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 106:
'Airteagal 106
Cealú
Ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuíréasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san ábhar, féadfaidh an Coimisiún, sna cúinsí seo a leanas agus i gcúinsí eile, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófar an chosaint atá ag sonrúcháin tionscnaimh nó ag tásc geografach:
(a)nuair a stadtar de bheith ag tabhairt ráthaíochta i dtaca le sonraíocht an táirge a bheith á comhlíonadh.
(b)i gcás nár cuireadh ar an margadh ar feadh seacht mbliana, ar a laghad, tar éis a chéile, táirge lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach;
(c)i gcás go ndéanfadh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 a dhearbhú nach mian leis an chosaint a bheith feasta ag an sonrúchán tionscnaimh nó ag an tásc geografach.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).';
(16)scriostar Airteagal 111;
(17)i Roinn 2 de Chaibidil I de Theideal II de Chuid II, cuirtear isteach an Fhoroinn 4 seo a leanas:
‘Foroinn 4
Seiceálacha maidir le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint
Airteagal 116a
Seiceálacha
1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, na dtásc geografach faoi chosaint agus na dtéarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear sa Rialachán seo.
2.Ainmneoidh na Ballstáit an túdarás inniúil a bheidh freagrach as na seiceálacha a dhéanamh i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Roinn seo. Chun na críche sin, is iad Airteagail 4(2), 4(4), 5(1), 5(4) agus 5(5) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* na hairteagail a bheidh infheidhme.
3.Laistigh den Aontas, déanfaidh an túdarás inniúil dá dtagraítear i mír 2 nó comhlacht rialúcháin tarmligthe amháin nó níos mó, de réir bhrí phointe 5 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625, ar údarás nó comhlachtaí iad atá ag feidhmiú mar chomhlacht deimhniúcháin táirgí i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i gCaibidil III de Theideal II den Rialachán sin, a áirithiú go ndéanfar a fhíorú ar bhonn bliantúil go bhfuil an tsonraíocht táirge á chomhlíonadh, le linn tháirgeadh an fhíona agus le linn a chomhoiriúnaithe nó ina dhiaidh.
4.Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:
(a)an chumarsáid a bheidh le déanamh ag na Ballstáit leis an gCoimisiún;
(b)rialacha lena rialófar an túdarás atá freagrach as comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú, lena náirítear an cás ina bhfuil an limistéar geografach i dtríú tír;
(c)na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint;
(d)na seiceálacha agus an fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena náirítear tástáil.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).
*Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(18)leasaítear Airteagal 119 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Beidh na sonraí éigeantacha seo a leanas ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15, 16, 18 agus 19 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII agus a mhargaítear san Aontas nó atá le honnmhairiú:’;
(b)cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:
‘Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh nó, sa chás go bhfuil siad ar an margadh cheana, go mbainfear den mhargadh na táirgí, dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil an lipéadú orthu i gcomhréireacht le forálacha an Rialacháin seo.’
(19)in Airteagal 120(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Féadfaidh na sonraí roghnacha seo a leanas, go háirithe, a bheith ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15, 16, 18 agus 19 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII:’;
(20)in Airteagal 122, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a)i bpointe (b), scriostar pointe (ii);
(b)i bpointe (c), cuirtear an pointe (iii) seo a leanas leis:
‘(iii)téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas agus na coinníollacha a ghabhann lena núsáid.’;
(c)i bpointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
‘(i)na coinníollacha úsáide a ghabhann le cruthanna áirithe buidéal agus le dúntáin, agus liosta de chruthanna sonracha buidéal ar leith;’;
(21)leasaítear Roinn I de Chaibidil II de Theideal II de Chuid II mar a leanas:
(a)scriostar Airteagal 124;
(b)scriostar an ceannteideal “Roinn 1” agus an teideal a ghabhann leis;
(c)scriostar Foranna 2 agus 3 lena gcumhdaítear Airteagail 127 go 144;
(22)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 145(3):
‘Ballstáit a dhéanann foráil ina gcuid pleananna straitéiseacha faoi CBT d'athstruchtúrú agus d’athchóiriú fíonghort i gcomhréir le pointe (1) d’Airteagal 52(1) de Rialachan (AE) .../...[an Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT], déanfaidh siad fardal uasdátaithe, ar bhonn an chláir fíonghort, dá nacmhainneacht táirgthe a thíolacadh don Choimisiún faoin 1 Márta gach bliain.’;
(23)scriostar Airteagal 189;
(24)scriostar Airteagail 192 agus 193.
(25)cuirtear an tAirteagal 193a seo a leanas i gCaibidil IV:
'Airteagal 193a
Dleachtanna allmhairiúcháin ar mholás a fhionraí
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar dleachtanna allmhairiúcháin a fhionraí, go hiomlán nó i bpáirt, i gcás molás a thagann faoi réim chód CN 1703.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.’;
(26)i gCuid III, scriostar Caibidil VI lena gcumhdaítear Airteagail 196 go 204;
(27)in Airteagal 225, scriostar pointí (a) go (d);
(28)i gCuid V, scriostar Caibidil III lena gcumhdaítear Airteagal 226;
(29)leasaítear Cuid II d'Iarscríbhinn II mar seo a leanas:
(a)i bpointe 4 de Roinn A, scriostar an dara habairt;
(b)scriostar Roinn B;
(30)leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘CÁILÍOCHT CHAIGHDEÁNACH RÍSE AGUS SIÚCRA MAR A THAGRAÍTEAR DÓIBH IN AIRTEAGAL 1a DE RIALACHÁN (AE) UIMH. 1370/2013*
*Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta maidir le cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (IO L 346, 20.12.2013, p. 12)’;
(b)
i gCuid B, scriostar Roinn I:
(31)scriostar Iarscríbhinn VI;
(32)i gCuid II d’Iarscríbhinn VII, cuirtear isteach na pointí 18 agus 19 seo a leanas:
‘(18)Féadfar an téarma ‘díalcólaithe’ a úsáid i dteannta ainm na dtáirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointí 4 go 9, i gcás táirgí ar fíor an méid seo fúthu:
(a)táirge é a fuarthas ó fhíon den chineál a shainítear i bpointe 1, ó fhíon súilíneach den chineál a shainítear i bpointe 4, ó fhíon súilíneach ardcháilíochta den chineál a shainítear i bpointe 5, ó fhíon súilíneach cumhraithe den chineál a shainítear i bpointe 6, ó fhíon súilíneach aeraithe den chineál a shainítear i bpointe 7, ó fhíon leathshúilíneach den chineál a shainítear i bpointe 8, nó ó ó fhíon leathshúilíneach aeraithe den chineál a shainítear i bpointe 9;
(b)táirge é a ndearnadh cóiriú díalcólúcháin air i gcomhréir leis na próisis a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII; agus
(c)táirge é nach mó ná 0.5 % a neart alcólach iomlán arna thomhas mar chéatadán dá thoirt.
(19)Féadfar an téarma ‘páirtdhíalcólaithe’ a úsáid i dteannta ainm na dtáirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointí 4 go 9, i gcás táirgí ar fíor an méid seo fúthu:
(a)táirge é a fuarthas ó fhíon den chineál a shainítear i bpointe 1, ó fhíon súilíneach den chineál a shainítear i bpointe 4, ó fhíon súilíneach ardcháilíochta den chineál a shainítear i bpointe 5, ó fhíon súilíneach cumhraithe den chineál a shainítear i bpointe 6, ó fhíon súilíneach aeraithe den chineál a shainítear i bpointe 7, ó fhíon leathshúilíneach den chineál a shainítear i bpointe 8, nó ó ó fhíon leathshúilíneach aeraithe den chineál a shainítear i bpointe 9;
(b)táirge é a ndearnadh cóiriú díalcólúcháin air i gcomhréir leis na próisis a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII; agus
(c)táirge é ar mó ná 0.5 % a neart alcólach iomlán arna thomhas mar chéatadán dá thoirt, agus a ndearnadh, leis na próisis a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII, a neart alcólach iomlán arna thomhas mar chéatadán dá thoirt a laghdú 20 % i gcomparáid leis an neart alcólach iomlán a bhí ann roimh thús na bpróiseas sin.’;
(33)i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII, cuirtear isteach an Roinn E seo a leanas:
‘EPróisis dhíalcólúcháin
Ceadófar na próisis dhíalcólúcháin seo a leanas, úsáidtear astu féin iad nó i gcumasc le cinn eile díobh, chun cion eatánóil na dtáirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointí 4 go 9 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII a laghdú nó a asbhaint beagnach ina iomláine:
(a)páirtfholúsghalú;
(b)teicnící fíocháin;
(c)driogú.
Is éigean a áirithiú nach mbeidh de thoradh ar na próisis dhíalcólúcháin go bhfágtar fabhtanna orgánaileipteacha sa táirge fíniúna. Ní mór a chinntiú nach i gcónasc leis an méadú ar an gcion siúcra san fhíonchaor a dhéantar an díbirt eatánóil as an táirge fíniúna.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 mar seo a leanas:
(1)in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:
‘2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le deochanna biotáilleacha, ná le táirgí fíniúna, mar a shainítear iad i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhínéagair fíona.
3.An Rialachán seo, agus go háirithe na clárúcháin a dhéanfar de bhun Airteagal 52 de, beidh sé sin gan dochar don chaoi a gcomhlíonfadh na hearraí atá i gceist rialacha eile de chuid an Aontais a bhaineann, go háirithe, le táirgí a chur ar an margadh, le margaíocht agus le lipéadú bia.;
(2)i mír 1 d'Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b)ar timpeallacht gheografach ar leith gona gnéithe dúchasacha nádúrtha, agus más iomchuí sin, gona gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe;
(3)i mír 1 d'Airteagal 7, scriostar pointe (d);
(4)i mír 1 d’Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Ráiteas agóide réasúnaithe amhail a thagraítear dó in Airteagal 51(1), ní bheidh sé inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa mhír sin, agus:’;
(5)in Airteagal 13, cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:
‘4.An chosaint sin dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm aici freisin i dtaca le táirgí a bheidh tugtha isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh de críoch chustaim an Aontais, agus i dtaca le táirgí a dhíolfar trí mhodhanna leictreonacha trádála san Aontas Eorpach.’;
(6)leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm.’;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhféadfar an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhadú go 15 bliana, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, agus nuair a léirítear an méid seo a leanas:’;
(7)cuirtear an tAirteagal 16a seo a leanas isteach:
'Airteagal 16a
Na tásca geografacha atá ann faoi láthair, ar tháirgí fíona cumhraithe
Na hainmneacha atá cláraithe sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, déanfar iad a chlárú go huathoibríoch sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Na sonraíochtaí a bhaineann leo, measfar gurb iad sin na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo.
*Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).
(8)i mír 1 d’Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Ráiteas agóide réasúnaithe den chineál a dtagraítear dó in Airteagal 51(1), ní bheidh sé inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin sula rachaidh an teorainn ama in éag, agus:’;
(9)cuirtear an tAirteagal 24a seo a leanas isteach:
'Airteagal 24a
Idir-thréimhsí le haghaidh úsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtabharfar idir-thréimhse suas le cúig bliana do tháirgí atá ar an margadh agus a bhfuil ainm a sháraíonn Airteagal 24(1) mar shonrúchán orthu nó mar chuid dá sonrúchán, ionas go bhféadfar leanúint de bheith ag úsáid an ainm faoinar cuireadh ar an margadh iad, ach é a bheith de choinníoll leis an tabhairt sin go gcuirtear ar fáil ráiteas agóide inghlactha de bhun Airteagal 49(3) nó Airteagal 51 a léiríonn go raibh an tainm sin in úsáid go dleathach ar mhargadh an Aontais ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an fhoilseacháin dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 50(2).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm.’;
(10)in Airteagal 49, cuirtear isteach an mhír 8 agus an mhír 9 seo a leanas:
‘8.Má thionscnaítear nós imeachta faoi bhráid cúirt náisiúnta nó comhlacht poiblí náisiúnta eile, ar nós imeachta é a bhaineann le hiarratas ar chosaint a chuir an Ballstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl don Choimisiún gan aon mhoill.
9.Féadfaidh an Coimisiún, nuair is cuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun scrúdú an iarratais clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 97 a fhionraí go dtí go mbeidh breithniú déanta ag cúirt náisiúnta nó ag comhlacht náisiúnta eile i dtaca le dúshlán a tugadh faoi iarratas clárúcháin ar iarratas clárúcháin é a ndearna an Ballstát cinneadh fabhrach ina leith i nós imeachta náisiúnta i gcomhréir le mír 4.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm.’;
(11)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:
‘Airteagal 50
Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra
1.Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarratais chlárúcháin a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 49(4) agus (5). Agus toradh an nóis imeachta scrúdúcháin agus an nóis imeachta freasúra a rinne an Ballstát á dtabhairt san áireamh aige, déanfaidh sé na hiarratais sin a athbhreithniú d’fhonn aon earráidí follasacha a aimsiú.
Níor chóir gurbh fhaide ná sé mhí an tréimhse a chaithfeadh an Coimisiún i mbun an scrúdúcháin, agus an tréimhse sin arna thomhas ó dháta faighte an iarratais ón mBallstát. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún cúiseanna na moille in iúl i scríbhinn don iarratasóir.
Uair sa mhí ar a laghad, foilseoidh an Coimisiún liosta na nainmneacha sin ar cuireadh iarratais chlárúcháin ina leith faoina bhráid, mar aon leis an dáta ar cuireadh isteach iad.
2.I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus an scrúdúchán a rinneadh de bhun mhír 1 á thabhairt san áireamh aige, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 i dtaca le hiarratais chlárúcháin faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, nó gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus in Airteagal 18(2) i dtaca le hiarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, foilseoidh sé an méid seo a leanas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
(a)i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge;
(b)i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, an tsonraíocht.’;
(12)leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.Laistigh de thrí mhí ó dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Union, féadfaidh údaráis Ballstáit nó údaráis tríú tíre, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san ábhar agus atá bunaithe i dtríú tír, ráiteas agóide a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san ábhar agus atá bunaithe nó ina chónaí i mBallstát seachas sa Bhallstát sin ónar cuireadh an tiarratas isteach, féadfaidh sé ráiteas freasúra réasúnaithe a chur faoi bhráid an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe laistigh de theorainn ama lenar féidir agóid a chur isteach de bhun na chéad fhomhíre.
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.Déanfaidh an Coimisiún inghlacthacht an ráitis freasúra chuíréasúnaithe a scrúdú, agus déanfaidh sé an scrúdú sin de bhonn, go háirithe, na bhforas freasúra a leagtar síos in Airteagal 10 i dtaca le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, agus de bhonn, go háirithe, na bhforas freasúra a leagtar síos in Airteagal 21 i dtaca le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb inghlactha an ráiteas freasúra réasúnaithe, tabharfaidh sé, laistigh de chúig mhí ó dháta foilsithe an iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cuireadh don údarás nó don duine a chuir isteach an ráiteas freasúra cuíréasúnaithe, agus don údarás nó don chomhlacht a chuir an tiarratas faoi bhráid an Choimisiúin, a bheith páirteach i gcomhairliúcháin chuí ar feadh tréimhse réasúnta nach faide ná trí mhí.
An túdarás nó an duine a chuir isteach an ráiteas freasúra réasúnaithe agus an túdarás nó an comhlacht a chuir an tiarratas faoi bhráid an Choimisiúin, rachaidh siad i mbun na gcomhairliúchán cuí sin gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile d’fhonn a mheasúnú an gcomhlíonann an tiarratas clárúcháin na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Mura dtagtar ar chomhaontú, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún.
Tráth ar bith laistigh den tréimhse chomhairliúcháin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don iarratasóir, síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh na gcomhairliúchán ach gan an síneadh sin a bheith níos faide ná trí mhí.’;
(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. An ráiteas freasúra réasúnaithe agus na doiciméid ghaolmhara a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1, mír 2 agus mír 3, beidh siad i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.’;
(13)in Airteagal 52, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.Mura bhfaighidh an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe arb inghlactha é faoi Airteagal 51, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, lena gclárófar an tainm.’;
(14)in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:
‘2.Ina dhá gcatagóir a aicmítear leasuithe ar shonraíocht táirge agus is de réir a dtábhachta an taicmiú sin: leasuithe ar leibhéal an Aontais a dteastaíonn nós imeachta freasúra lena naghaidh ar leibhéal an Aontais, agus leasuithe caighdeánacha a ndéileálfar leo ar leibhéal an Bhallstáit nó an tríú tír.
Meastar gur leasú ar leibhéal an Aontais is ea leasú ar fíor an méid seo faoi:
(a)bíonn, mar chuid de, athrú ar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ar ainm an tásc gheografaigh faoi chosaint nó ar ainm an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht;
(b)bíonn riosca ag gabháil leis go gcealódh sé na naisc dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(1) i dtaca le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, agus d’Airteagal 5(2) i dtaca le tásca geografacha faoi chosaint;
(c)tugann sé isteach athruithe ar an modh táirgeachta nó ar úsáid amhábhar agus comhábhar ar athruithe iad nach bhfuil i gcomhréir leis an gcleachtas traidisiúnta ná le húsáidí a bhaintear as sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht;
(d)gabhann srianta nua leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.
Meastar gur leasuithe caighdeánacha gach uile leasú eile ar shonraíochtaí táirge. Meastar gur leasuithe caighdeánacha is ea leasuithe arb éard atá iontu leasuithe sealadacha a bhaineann le hathrú sealadach ar shonraíocht táirge de bhun bearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta a d’fhorchuir na húdaráis phoiblí nó arb éard atá iontu leasuithe sealadacha ab éigean a dhéanamh de dheasca tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire a ndearna na húdaráis inniúla iad a aithint amhlaidh.
Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas. Leanfaidh an nós imeachta formheasa, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 49 go 52.
An Ballstát ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann agus arb as a cuireadh an fógra chuig an gCoimisiún, is é sin an Ballstát a dhéanfaidh na leasuithe caighdeánacha a fhormheas. Déanfaidh tríú tíortha leasuithe caighdeánacha a fhormheas i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann, agus cuirfidh siad faisnéis ina dtaobh sin chuig an gCoimisiún.
Déanfar na leasuithe a ghrinnscrúdú agus tabharfar eilimintí eile de na sonraíochtaí táirge san áireamh le linn an ghrinnscrúdaithe sin. I gcás inarb iomchuí sin, féadfaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann deis a thairiscint don iarrthóir eilimintí eile de na sonraíochtaí tairge a mhodhnú.
3.Chun cur le héascaíocht an phróisis riaracháin a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirge, idir leasuithe ar leibhéal an Aontais agus leasuithe caighdeánacha araon, lena nairítear leasuithe nach ngabhann aon athrú ar an doiciméad aonair leo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, agus ar an dóigh sin forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann leis an bpróiseas lena ndéantar iarratais i leith leasuithe.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).';
(15)i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, cuirtear isteach na fleasca seo a leanas:
'-fíonta cumhraithe mar a shainítear iad in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014;
-deochanna alcólacha eile, diomaite de dheochanna biotáille agus de tháirgí fíniúna mar a shainítear iad i gCuid II d'Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.’.
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 251/2014
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle’
(2)in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha i dtaca le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus le lipéadú táirgí fíona cumhraithe.’;
(3)in Airteagal 2, scriostar mír 3;
(4)in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4.Féadtar tásc geografach táirge fíona chumhraithe arna chosaint faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a chur in ionad ainmníochtaí díolacháin nó iad a fhorlíonadh leis.
(5)in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.Ainm an táisc gheografaigh ar tháirge fíona chumhraithe atá faoi chosaint faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, taispeánfar é ar an lipéad sa teanga nó sna teangacha ina gclárófar é, fiú i gcás ina gcuirtear an tásc geografach in ionad na hainmníochta díolacháin i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Rialachán seo.
I gcás ina ndéantar ainm táisc gheografaigh táirge fíona chumhraithe atá faoi chosaint faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a scríobh in aibítir nach aibítir Laidineach í, féadfar é a thaispeáint freisin i dteanga oifigiúil amháin nó níos mó de chuid an Aontais.
(6)scriostar Airteagal 9;
(7)scriostar Caibidil III.
Airteagal 4
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 228/2013
In Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:
‘2. I dtaca le gach bliain airgeadais, maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV suas le huasmhéid bliantúil is ionann agus na méideanna seo a leanas:
-sna ranna Francacha thar lear: EUR 267 580 000
-na hAsóir agus Maidéara:EUR 102 080 000
-na hOileáin Chanáracha:EUR 257 970 000
3. Na suimeanna arna leithdháileadh do gach bliain airgeadais chun na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú, ní fhéadfaidh siad na méideanna seo a leanas a shárú:
-sna ranna Francacha thar lear: EUR 25 900 000
-na hAsóir agus Maidéara:EUR 20 400 000
-na hOileáin Chanáracha:EUR 69 900 000
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar na ceanglais ar i gcomhréir leo a fhéadfaidh na Ballstáit leasú a dhéanamh ar leithdháileadh na nacmhainní a dhéantar a leithdháileadh gach bliain do na táirgí éagsúla a chumhdaítear leis na socruithe soláthair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).’;
Airteagal 5
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 229/2013
In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:
‘2. Maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV suas le huasmhéid bliantúil EUR 23 000 000.
3. An méid a leithdháilfear gach bliain chun na socruithe sonracha soláthair dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú, ní fhéadfaidh sé EUR 6 830 000 a shárú.’
Airteagal 6
Forálacha idirthréimhseacha
1.Na rialacha a bhí infheidhme roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, leanfaidh siad de bheith infheidhme i dtaca le hiarratais ar chosaint do shonrúcháin tionscnaimh nó do thásca geografacha arna bhfáil ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus i dtaca le hiarratais chlárúcháin i leith sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint nó sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht arna bhfáil ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2.Na rialacha a bhí infheidhme roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, leanfaidh siad de bheith infheidhme i dtaca le hiarratais ar chosaint d’ainmneacha fíonta cumhraithe le tásc geografach, arna bhfáil ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, an cinneadh i dtaca le clárúchán, déanfar é a ghlacadh de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus an tairteagal sin arna leasú ag pointe (13) d’Airteagal 2 den Rialachán seo.
3.Leanfaidh Airtegal 29 go 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 de bheith infheidhme tar éis an 1 Eanáir 2021 ar feadh a mbaineann le caiteachas arna thabhú roimh an 1 Eanáir 2021 laistigh de na scéimeanna dá dtagraítear sna hAirteagail sin.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an [X] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointí (1)(b), (4), (8), (17), (22), (27), (28) agus (31) d’Airteagal 1 agus d’Airteagail 4 agus 6 ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
1.4.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.Fad agus tionchar airgeadais
1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA
1.1.Teideal an togra
a) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013;
b) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
c) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach.
1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann (Cnuasach clár)
Cnuasach clár 8 - Beartas Talmhaíochta agus Muirí faoi Cheannteideal 3 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 – Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
☒ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Forais an togra/tionscnaimh
1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Is iad na nithe seo a leanas is aidhm do chuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT), a leagtar amach in Airteagal 39 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
(a) táirgiúlacht talmhaíochta a mhéadú (lena n-áirítear trí bhíthin dul chun cinn teicniúil agus tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as tosca táirgeachta);
(b) lena n-áirithítear, mar sin, caighdeán cóir maireachtála do lucht na talmhaíochta (lena n-áirítear trí thuilleamh a mhéadú);
(c) margaí a chobhsú;
(d) infhaighteacht soláthairtí a áirithiú; agus
(e) a áirithiú go mbíonn soláthairtí á gcur chuig tomhaltóirí ar phraghsanna réasúnta.
Coigeartaítear agus eagraítear iad sin ar bhonn na ndúshlán a luaitear i roinn 1.4.2 thíosluaite d’fhonn béim a chur ar na deich dtosaíocht de chuid an Choimisiúin le haghaidh 2015-2019 agus ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus d’fhonn go gcomhlíonfar na tograí thuasluaite arb é is aidhm dóibh creat reachtach don Chomhbheartas Talmhaíochta a leagan síos le haghaidh na tréimhse 2021-2027 – CBT níos simplí, níos cliste, níos nua-aimseartha agus níos inbhuanaithe.
1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.
Fágann na dúshláin trasteorann agus dhomhanda roimh an earnáil talmhaíochta agus roimh cheantair thuaithe san Aontas go dteastaíonn comhbheartas ar leibhéal an Aontais. Le CBT, tugtar aghaidh ar na dúshláin sin tríd an méid seo a leanas:
● margadh aonair agus cothrom iomaíochta a chinntiú trí chóras slándála ioncaim comhchoiteann i dtaca le tacaíocht a sholáthar lena gcuirtear taca faoi shlándáil bia agus lena seachnaítear saobhadh iomaíochta ionchasach;
● taca a chur faoi athléimneacht earnáil feirmeoireachta an Aontais atá riachtanach chun leas a bhaint as an domhandú agus
● beart a dhéanamh maidir le príomhghnéithe na ndúshlán inbhuanaitheachta amhail an t-athrú aeráide, úsáid an uisce, cáilíocht an aeir agus an bhithéagsúlacht trí bhíthin bhonnstruchtúr comhshaoil CBT.
I réimsí eile, ní mór tuilleadh coimhdeachta a chur le gné láidir uile-Aontais. Áirítear sna réimsí sin slándáil bia (e.g. caighdeáin a chomhchuibhiú), dúshláin i gceantair thuaithe (tá bearnaí móra maidir le dífhostaíocht tuaithe i measc na mBallstát), droch-bhonneagar agus drochsheirbhísí tuaithe, laigí sa taighde agus sa nuálaíocht, agus fadhbanna a bhaineann le cáilíocht bia, sláinte phoiblí agus cothúchán. Le freagairt iomchuí ar leibhéal an Aontais do na dúshláin sin, is féidir gníomhaíocht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a dhéanamh nuair a chuirtear í le breis solúbthachta ar leibhéal an Bhallstáit.
1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil eile san am a chuaigh thart
Ar bhonn na meastóireachta ar an gcreat beartais reatha, comhairliúchán leathan leis na páirtithe leasmhara agus anailís ar dhúshláin agus ar riachtanais amach anseo, rinneadh measúnú tionchair cuimsitheach. Tá mionsonraí breise ar fáil sa mheasúnú tionchair agus sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis na tograí dlíthiúla.
1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann
Go príomha i dtaca le CBT, gnóthófar sineirgíochtaí suntasacha agus éifeachtaí simplithe trí chur chun feidhme na n-idirghabhálacha arna maoiniú ag CERT agus CETFT a chuimsiú faoi chreat straitéiseach amháin de chuid an Phlean Straitéisigh faoi CBT. Cothófar na struchtúir atá cheana féin i bhfeidhm sna Ballstáit agus simpleofar rialacha bainistithe agus rialaithe, agus cuirfear iad in oiriúint d’idirghabhálacha sonracha arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit.
Le CBT, coinnítear sineirgíochtaí láidre le beartais aeráide agus chomhshaoil, sábháilteacht bia agus saincheisteanna sláinte, an clár oibre digiteach i gceantair thuaithe agus an bithgheilleagar, eolas agus nuálaíocht, beartas méadaithe agus comharsanachta, beartais trádála agus forbartha, Erasmus+.
Oibreoidh CBT i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le beartais agus cistí eile de chuid an Aontais amhail gníomhaíochtaí arna gcur i bhfeidhm faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, ciste InvestEU, an naoú Clár Réime um Thaighde chomh maith le beartais chomhshaoil agus aeráide. I gcás inarb iomchuí, bunófar rialacha comhchoiteanna chun comhsheasmhacht agus comhlántacht a uasmhéadú idir na cistí, agus san am céanna á áirithiú go n-urramófar sainiúlachtaí na mbeartas sin.
Áiritheofar sineirgíochtaí leis an gClár Réime um Thaighde i gcnuasach FP9 maidir le “Bia agus Acmhainní Nádúrtha” arb é is cuspóir dó córais talmhaíochta agus bhia a dhéanamh go hiomlán sábháilte, inbhuanaithe, athléimneach, ciorclach, éagsúil agus nuálach. Le CBT, cruthófar naisc níos láidre arís le beartas Taighde agus Nuálaíochta an Aontais tríd an mbithgheilleagar a thabhairt isteach mar thosaíocht de chuid CBT. Faoin gcnuasach maidir le “Bia agus Acmhainní Nádúrtha”, cuirtear béim freisin ar leas a bhaint as an réabhlóid dhigiteach agus, mar sin de, le gníomhaíochtaí Taighde agus Nuálaíochta cabhrófar le claochlú digiteach na talmhaíochta agus na gceantar tuaithe.
Ba cheart féachaint ar na tograí reachtacha a bhaineann leis an ráiteas airgeadais seo i gcomhthéacs níos leithne an togra le haghaidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna lena leagtar síos creat aonair rialacha comhchoiteanna le haghaidh cistí amhail CETFT, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus cistí eile. Cuideoidh an creat-rialachán sin go suntasach leis an ualach riaracháin a laghdú, le cistí an Aontais a chaitheamh ar bhealach éifeachtach, agus le simpliú a chur i ngníomh.
1.5.Fad agus tionchar airgeadais
☒ tréimhse theoranta
–☒
i bhfeidhm ó 01/01/2021 go 31/12/2027
–☒
Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go tar éis 2027 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
☒ tréimhse neamhtheoranta don Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach
–Cur chun feidhme ó 2021 (an bhliain bhuiséadach).
1.6.Modh/modhanna bainistíochta atá beartaithe
☒ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–☒
ina ranna, lena n-áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–☒
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
☒ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.
Nótaí
Níl aon athrú substainteach ann i gcomparáid leis an staid reatha, i.e. déanfar formhór an chaiteachais a bhaineann leis na tograí reachtacha maidir le CBT a bhainistiú trí bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit. Mar sin féin, beidh cuid an-bheag fós faoi bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Bunófar creat feidhmíochta, faireacháin agus meastóireachta d'fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
measúnú a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir le CBT;
(b)
garspriocanna agus spriocanna a leagan síos le haghaidh cuspóirí sonracha na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT;
(c)
faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar maidir le spriocanna an Phlean Straitéisigh faoi CBT a ghnóthú;
(d)
measúnú a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht agus comhsheasmhacht idirghabhálacha de chuid na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT;
(e)
tacú le próiseas foghlama i dtaca le faireachán agus meastóireacht.
Déanfaidh an tÚdarás Bainistíochta agus an Coiste Faireacháin faireachán ar chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus ar an dul chun cinn a dhéantar maidir le spriocanna an Phlean Straitéisigh faoi CBT a ghnóthú.
Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht
Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go 2030 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT sa bhliain airgeadais roimhe sin. Leagfar amach sna tuarascálacha seo faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ríthábhachtach maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT trí thagairt a dhéanamh do shonraí airgeadais, táscairí aschuir agus táscairí toraidh. Áireofar iontu freisin faisnéis maidir le haschuir, caiteachas agus torthaí arna gcur i gcrích agus an t-achar atá fágtha chun na spriocanna faoi seach a ghnóthú.
Bainfidh na sonraí a tharchuirfear le luachanna arna ngnóthú le haghaidh táscairí a bhaineann le hidirghabhálacha arna gcur chun feidhme i bpáirt nó go hiomlán. Leagfar amach leo freisin sintéis ar staid chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT arna chur i gcrích sa bhliain airgeadais roimhe, aon saincheist a dhéanann difear d’fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh faoi CBT, go háirithe maidir le diallais ó gharspriocanna, na cúiseanna atá leo agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta arna ndéanamh.
Déanfaidh an Coimisiún Athbhreithniú Bliantúil ar Fheidhmíocht agus Imréiteach Feidhmíochta Bliantúil bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar sna Tuarascálacha Bliantúla ar Fheidhmíocht.
Meastóireacht ar phlean straitéiseach faoi CBT
Déanfaidh na Ballstáit meastóireachtaí ex ante lena n-áirítear anailís ar na láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí is ábhartha i dtaca leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT lena mbaineann chun na riachtanais a dtabharfar aghaidh orthu leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT a shainaithint.
Déanfaidh na Ballstáit na meastóireachtaí ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT chun cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na bpleananna a fheabhsú, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht, breisluach AE agus a dtionchar i ndáil lena rannchuidiú le cuspóirí ginearálta agus sonracha CBT.
Measúnú ar fheidhmíocht arna dhéanamh ag an gCoimisiún
Bunóidh an Coimisiún plean meastóireachta ilbhliantúil ar CBT a dhéanfar faoi fhreagracht an Choimisiúin.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir leis na Cistí agus na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII á gcur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as gach faisnéis ábhartha atá ar fáil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 128 den Rialachán Airgeadais.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chúlghabhálach lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir leis na Cistí.
Bunaithe ar fhianaise arna soláthar sna meastóireachtaí ar CBT, lena n-áirítear meastóireachtaí ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT, chomh maith le foinsí faisnéise ábhartha eile, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil tosaigh maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, lena n-áirítear na chéad torthaí ar fheidhmíocht CBT, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2025. Cuirfear an dara tuarascáil, lena n-áirítear measúnú ar fheidhmíocht CBT, isteach faoin 31 Nollaig 2031.
Tuairisciú bunaithe ar chroí-thacar táscairí
Is é an fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil an bonn a bheidh faoin tuairisciú a dhéanfaidh an Coimisiún faoin dul chun cinn arna dhéanamh i dtaca le cuspóirí sonracha a ghnóthú le linn na clárthréimhse ar fad, agus úsáidfear croí-thacar táscairí chun na críche sin.
I gcomhréir leis an gceanglas tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal 38(3)(e)(i) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faisnéis maidir le feidhmíocht dá dtagraítear san Airteagal sin agus arna tomhas leis an gcroí-thacar táscairí.
2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe
Is le bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit a chuirtear CBT chun feidhme go príomha. Tá sé léirithe ag na comhlachtaí rialachais atá curtha ar bun cheana féin sna Ballstáit, go háirithe na gníomhaireachtaí íocaíochta agus na comhlachtaí deimhniúcháin, go bhfuil siad éifeachtach maidir le buiséad an Aontais a chosaint agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú. Léirítear leis na leibhéil sheasta atá ann le blianta beaga anuas i ndáil leis an ráta earráidí íseal faoi CBT go bhfeidhmíonn na córais bhainistithe agus rialaithe atá bunaithe ag na Ballstáit i gceart agus go dtugann siad dearbhú réasúnta.
Aithnítear an staid sin sa tsamhail seachadta nua trí choimhdeacht bhreise a thabhairt do na Ballstáit maidir leis na córais rialaithe atá i bhfeidhm a chinneadh agus a bhainistiú laistigh de thacar rialuithe níos ginearálta ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, agus an straitéis maidir le buiséadú atá dírithe ar thorthaí agus íocaíochtaí dírithe ar fheidhmíocht á leanúint aige, le CBT déanfar nasc idir incháilitheacht na n-íocaíochtaí agus an seachadadh iarbhír ar an láthair. Dá bhrí sin, tá an fheidhmíocht ag croílár na samhla bainistíochta agus dearbhaithe airgeadais sna tograí reachtacha le haghaidh CBT tar éis 2020.
Beidh an straitéis rialaithe don tréimhse nua i gcomhréir iomlán leis an gcur chuige iniúchóireachta aonair, lena n-áiritheofar go soláthróidh gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe agus comhlachtaí deimhniúcháin an dearbhú is gá. Beidh aird ar leith ag an gCoimisiún ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras rialachais i bhfeidhm agus ar iontaofacht an tuairiscithe ar fheidhmíocht. Mar a dhéantar faoi láthair, dréachtófar straitéis iniúchóireachta ag tús na tréimhse, mar aon le clár oibre ilbhliantúil.
Mar achoimre, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na córais rialachais atá curtha ar bun sna Ballstáit ag feidhmiú go héifeachtach, aisíocfaidh sé na híocaíochtaí arna dtabhú ag na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe agus déanfaidh sé imréiteach feidhmíochta bliantúil lena measúnófar na haschuir arna ngnóthú a thuairisceoidh na Ballstáit.
2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Tá breis agus seacht milliún tairbhí de chuid CBT ann, agus faigheann siad tacaíocht faoi réimse leathan scéimeanna cabhrach éagsúla. Is anuas atá an treocht i laghdú an ráta earráide i réimse CBT agus léirítear leis sin go bhfuil córais bhainistithe agus rialaithe na ngníomhaireachtaí íocaíochta stóinseach iontaofa.
Is le rialacha incháilitheachta mionsonraithe ar leibhéal an tairbhí a cuireadh CBT chun feidhme go dtí seo, rud a raibh castacht, ualach riaracháin agus riosca earráide mar thoradh breise air. Measadh na costais a bhaineann leis an gcóras bainistithe agus rialaithe, d’fhonn an riosca sin a mhaolú, a bheith rud beag díréireach.
Leis an bpacáiste reachtach le haghaidh CBT tar éis 2020, laghdófar gné an chomhlíonta go substaintiúil agus, dá réir sin, cuirfear tuilleadh béime ar fheidhmíocht. Is iad na Ballstáit a chomhlíonfaidh oibleagáidí a eascraíonn ó rialacha an Aontais agus ansin ba cheart dóibh an córas bainistithe agus rialaithe iomchuí a chur ar bun. Beidh breis solúbthachta ag na Ballstáit maidir le ceapadh na scéimeanna agus na mbeart is fearr a oirfidh dá gcúinsí nithiúla féin. Dá bhrí sin, le cistiú CBT, cuirfear coinníollacha le seachadadh straitéiseach an bheartais i dtreo cuspóirí comhchoiteanna arna sainmhíniú ar leibhéal an Aontais. Is é a bheidh sa Phlean faoi CBT an comhaontú idir na Ballstáit agus an Coimisiún lena leagfar síos agus lena bhformheasfar an straitéis ar feadh seacht mbliana, spriocanna, idirghabhálacha agus caiteachas beartaithe.
Leis an togra le haghaidh an Rialacháin maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, leasaítear cur chuige reatha na samhla seachadta seo agus, san am céanna, coinnítear na comhlachtaí rialachais a fheidhmíonn go maith (gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí deimhniúcháin). Mar atá faoi láthair, gach bliain ceanglaítear ar cheannasaí gach gníomhaireachta íocaíochta dearbhú bainistíochta a sholáthar lena gcumhdaítear iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas, feidhmiú cuí na struchtúr rialachais, lena n-áirítear buncheanglais an Aontais a chomhlíonadh, agus iontaofacht an tuairiscithe ar fheidhmíocht. Ceanglaítear ar chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách (Comhlacht Deimhniúcháin) tuairim a sholáthar i dtaca leis na heilimintí seo.
Laghdófar caiteachas i gcás nach mbeidh aschuir curtha i gcrích ag an mBallstát de réir na gcaighdeán aontaithe. Déanfar iniúchóireachtaí comhlíonta chun feidhmiú na struchtúr rialachais a mheas. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag iniúchadh caiteachas talmhaíochta, agus cur chuige riosca-bhunaithe á úsáid aige d’fhonn a áirithiú go ndíreofar sna hiniúchtaí ar na réimsí is mó riosca, i gcomhréir le prionsabal na hiniúchóireachta aonair. Thairis sin, tá sásraí soiléire ann le haghaidh íocaíochtaí a chur ar fionraí i gcásanna ina mbeidh easnaimh thromchúiseacha sna struchtúir rialachais nó ina mbeidh treochtaí tearcfheidhmíochta suntasacha ann.
Is é an príomhriosca a shamhlaítear leis an tréimhse nua go bhféadfaidh sé go mbeidh tionchar ar chlú an Choimisiúin ag na rialacha nithiúla mionsonraithe maidir leis an gcaoi ar cheart an córas bainistithe agus rialaithe sa Bhallstát a bhunú ar leibhéal na ngníomhaireachtaí íocaíochta, i gcás nach n-urramófar rialacha incháilitheachta arna mbunú ag na Ballstáit. Ba cheart béim a leagan air go n-áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil córais rialachais i bhfeidhm agus go bhfuil aschuir agus torthaí á ngnóthú. Agus aird ar bhuiséadú atá dírithe ar thorthaí, cuirfidh an Coimisiún béim ar cad a chuirtear i gcrích leis an mbeartas.
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)
Leis an tsamhail seachadta nua do CBT, meastar go laghdófar costais na rialuithe go suntasach, le haghaidh na mBallstát agus tairbhithe araon.
Tá laghdú suntasach tagtha ar na ceanglais ar leibhéal an Aontais agus tá na ceanglais sin socraithe ar leibhéal na mBallstát, ar cheart dóibh an deis seo a thapú na hoibleagáidí atá le comhlíonadh ag tairbhithe a oiriúnú do na cúinsí nithiúla náisiúnta nó réigiúnacha.
Saineoidh na Ballstáit an córas bainistithe agus rialaithe laistigh de chreat simplithe an Aontais mar a shainmhínítear sna tograí reachtacha é. Coinneofar an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe, atá freagrach as timpeall 88 % d’íocaíochtaí CBT, cé go bhfágfar eilimintí ar leith, a sainíodh ar leibhéal an Aontais go dtí seo, ag na Ballstáit. Dá bhrí sin, ní shaineofar déine agus raon na rialuithe, lena mbaineann na costais is mó, ar leibhéal an Aontais a thuilleadh.
Leis an mbéim ar fheidhmíocht, teastaíonn córas tuairiscithe stóinseach iontaofa a bheidh, mar a luadh i ranna roimhe seo, faoi réir iniúchtaí neamhspleácha. Ní mheastar, áfach, go mbeidh tionchar suntasach aige sin ar ualach riaracháin na mBallstát mar go bhfuil an chuid is mó de na táscairí aschuir ar fáil cheana féin sna gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe.
Beidh sé d’acmhainn ag na Ballstáit an t-ualach riaracháin a bhaineann le bainistiú agus rialú CBT a shimpliú agus a laghdú, mar go mbeidh siad in ann rialacha incháilitheachta a chur in oiriúint ar leibhéal an tairbhí agus a chinneadh an chaoi is fearr chun rialú a dhéanamh (níl aon chur chuige ann a oireann do gach cás). Mar atá luaite sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann le tograí reachtacha CBT, sa chaibidil ar an simpliú, ní mheastar go mbeidh costais seachadta CBT nua níos airde (tá siad ag 3.6 % faoi láthair), fiú agus an bhéim mhéadaithe ar thuairisciú ar fheidhmíocht á cur san áireamh.
Maidir leis an leibhéal earráidí measta, de réir na samhla seachadta nua, meastar incháilitheacht an chaiteachais ó thaobh na n-aschur arna ngnóthú. Dá bhrí sin, ní ríomhfaí earráidí i dtaca le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart aonair ach ar leibhéal na n-aschur arna ngnóthú i gcomparáid leis an gcaiteachas arna aisíoc. Maidir leis an gcaiteachas nach bhfuil aschur comhfhreagrach aige, laghdófar é faoi chuimsiú an imréitigh feidhmíochta bhliantúil agus, mar sin de, beidh buiséad an Aontais cosanta fós.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Beartaítear leis an bpacáiste reachtach go n-áiritheoidh na Ballstáit cosaint éifeachtach ar chalaois, go háirithe i réimsí lena mbaineann leibhéal riosca níos airde, agus go ndéanfaidh siad neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú. Ní mór do na Ballstáit pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha, mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais nó sa dlí náisiúnta, a fhorchur, agus ní mór dóibh aon íocaíocht neamhrialta móide ús a ghnóthú.
Tá na buncheanglais sin de chuid an Aontais mar chuid de na struchtúir rialachais ar a ndéanfaidh na Comhlachtaí Deimhniúcháin iniúchadh agus, trí bhíthin cur chuige riosca-bhunaithe, ar a ndéanfaidh an Coimisiún iniúchadh freisin, agus prionsabal na hiniúchóireachta aonair á leanúint aige.
Pléifear leis na sonraí, de réir mar is iomchuí, i Straitéis Frithchalaoise athbhreithnithe de chuid AGRI. Ní mheastar, áfach, go dtiocfaidh athrú substaintiúil ar shaintréithe na calaoise ná na neamhrialtachtaí tromchúiseacha eile amach anseo i gcomparáid leis an status quo.
In CBT nua, is dócha go leanfar leis an gcur chuige reatha maidir le hoiliúint spriocdhírithe a sholáthar do na Ballstáit i dtaca le calaois agus neamhrialtachtaí tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a cheartú. Is amhlaidh an cás le nótaí treorach téamacha do na Ballstáit maidir le réimsí ardriosca ar leith.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA
Sloinntear na méideanna a luaitear sa ráiteas airgeadais i bpraghsanna reatha.
I dteannta na n-athruithe a eascraíonn ó na tograí reachtacha mar a liostaítear sna táblaí tionlacain thíos, tugtar le tuiscint sna tograí reachtacha go mbeidh tuilleadh athruithe ann nach mbeidh aon tionchar airgeadais acu.
Maidir leis an gcaiteachas a bhaineann leis an margadh, ba cheart a thabhairt chun suntais go bhfuil na méideanna arna gcur san áireamh le haghaidh caiteachas a bhaineann leis an margadh bunaithe ar an mbonn tuisceana nach mbeidh ceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí ann ná aon bheart eile ann a bhaineann le cás géarchéime in aon earnáil.
Bunófar cúlchiste talmhaíochta nua in CERT chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil don earnáil talmhaíochta chun críocha bearta slándála i gcomhthéacs bainistiú margaidh agus cobhsú margaidh agus/nó i gcás géarchéimeanna a dhéanfaidh difear don táirgeacht talmhaíochta nó dáileadh talmhaíochta. EUR 400 milliún, ar a laghad, a bheidh i méid an chúlchiste ag tús gach bliana airgeadais. Maidir leis na méideanna ón gcúlchiste géarchéime talmhaíochta nach n-úsáidfear sa bhliain airgeadais 2020, tabharfar ar aghaidh iad go dtí an bhliain airgeadais 2021 chun an cúlchiste a bhunú; beidh feidhm ag tar-rolladh bliantúil i leith na méideanna nach n-úsáidfear sa tréimhse 2021-2027. I gcás ina n-úsáidfear an cúlchiste, úsáidfear infhaighteachtaí buiséid atá ann cheana nó leithreasuithe nua chun é a athlíonadh. I gcás ina sárófar fo-uasteorainn shonrach CERT a leagtar síos in CAI 2021-2027, beidh feidhm ag an smacht airgeadais chun gach riachtanas os cionn na huasteorann a chumhdach, lena n-áirítear na riachtanais a bhaineann leis an gcúlchiste a athlíonadh. Dá bhrí sin, ní fhoráiltear maidir leis an smacht airgeadais a chur i bhfeidhm arís agus arís eile chun an cúlchiste a bhunú sa tréimhse 2021-2027. Coinneofar an sásra smachta airgeadais chun a áirithiú go n-urramófar fo-uasteorainn CERT.
Maidir le cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad, tá na glan-uasteorainneacha le haghaidh na bliana airgeadais 2021 (an bhliain féilire 2020), a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, níos airde ná na méideanna arna leithdháileadh ar chineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad a luaitear sna táblaí tionlacain. Dá bhrí sin, is gá iad a choigeartú i gcomhréir leis an gcomhaontú deiridh ar imchlúdach airgeadais CBT laistigh de na sprioc-amanna is gá le haghaidh cur chun feidhme tráthúil sna Ballstáit.
Áirítear sa togra go leanfar leis an bpróiseas maidir le cóineasú seachtrach na n-íocaíochtaí díreacha: na Ballstáit sin ag a bhfuil meánleibhéal tacaíochta faoi bhun 90 % de mheán an Aontais, dúnfaidh siad 50 % den bhearna go 90 % de mheán an Aontais le sé chéim de réir a chéile, a thosóidh in 2022. Rannchuideoidh na Ballstáit ar fad leis an gcóineasú sin a mhaoiniú. Léirítear sin i leithdháiltí na mBallstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha in Iarscríbhinn IV den Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT.
Maidir leis an laghdú ar íocaíochtaí na tacaíochta dírí le feirmeoirí, tá tionchar atá neodrach ó thaobh buiséid aige i dtaca le leithdháileadh na n-íocaíochtaí díreacha, mar go n-úsáidfear an toradh ar an laghdú ar íocaíochtaí chun an íocaíocht athdháilte a mhaoiniú laistigh den Bhallstát céanna. I gcás nach mbeifear in ann an laghdú ar íocaíochtaí a chur san áireamh i maoiniú na gcineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad, aistreofar é chuig leithdháileadh CETFT de chuid an Bhallstát lena mbaineann. Ní féidir méideanna na n-aistrithe ionchasacha sin a chainníochtú ag an staid seo.
Maidir leis an ioncam arna shannadh do CERT, léirítear sa mheastachán tionchar na n-iarchur agus na dtráthchodanna deonaithe ar chinntí imréitigh a rinneadh roimhe agus a íocfar tar éis 2020, agus tionchar an ioncaim arna shannadh ó imréiteach agus neamhrialtachtaí atá le bailiú. Maidir le tionchar an ioncaim arna shannadh ó imréiteach agus neamhrialtachtaí atá le bailiú, meastar go dtiocfaidh laghdú air sin i gcomparáid leis na leibhéil reatha tar éis don tsamhail seachadta nua teacht isteach.
Maidir le CETFT, foráiltear sa togra maidir le laghdú ar rátaí cómhaoinithe an Aontais, ar an mbealach céanna le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta eile na hEorpa. Leis sin, agus leis an leithdháileadh le haghaidh cineálacha idirghabhálacha CETFT, fágfar tacaíocht phoiblí do cheantair thuaithe na hEorpa gan athrú den chuid is mó. Tá an leithdháileadh idir na Ballstáit bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar fheidhmíocht roimhe seo.
Sna tograí le haghaidh athchóiriú, tá forálacha lena dtugtar solúbthacht áirithe do na Ballstáit maidir lena leithdháileadh le haghaidh cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad agus cineálacha idirghabhálacha i dtaca le forbairt tuaithe, agus idir leithdháileadh le haghaidh cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad agus leithdháileadh le haghaidh cineálacha idirghabhálacha earnálacha áirithe. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an tsolúbthacht sin a úsáid, beidh iarmhairtí airgeadais aige sin laistigh de na méideanna airgeadais áirithe sin, nach féidir a chainníochtú ag an staid seo.
3.1.Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil agus réamhliosta de na línte nua buiséid maidir le caiteachas atá beartaithe
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Ceannteideal 3:
Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais
|
3
|
[08.01.YY] CERT, Cúnamh teicniúil neamhoibríochtúil
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
[08.01.YY] CETFT, Cúnamh teicniúil neamhoibríochtúil
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
[08.01.YY] Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
[08.02.YY] Cúlchiste talmhaíochta
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
[08.02.YY] Cineálacha idirghabhálacha earnálacha faoin bPlean faoi CBT
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
[08.02.YY] Caiteachas a bhaineann leis an margadh lasmuigh den Phlean faoi CBT
|
LD agus LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
[08.02.YY] Cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad faoin bPlean faoi CBT
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
[08.02.YY] Íocaíochtaí díreacha lasmuigh den Phlean faoi CBT
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
[08.02.YY] CERT, Cúnamh teicniúil oibríochtúil
|
LD agus LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
[08.03.YY] 2021-2027 Cineálacha idirghabhálacha i dtaca le forbairt tuaithe faoin bPlean faoi CBT
|
LD
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
[08.03.YY] CETFT, Cúnamh teicniúil oibríochtúil
|
LD
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
[08.01.YY] Caiteachas a bhaineann le gníomhairí oifigiúla agus sealadacha sa réimse beartais “Talmhaíocht agus forbairt tuaithe”
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
[08.01.YY] Pearsanra seachtrach agus caiteachas bainistíochta eile mar thaca leis an réimse beartais “Forbairt talmhaíochta agus tuaithe”
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
[08.01.YY] Caiteachas a bhaineann le trealamh agus seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide sa réimse beartais “Forbairt talmhaíochta agus tuaithe”
|
LN
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
Is réamhliosta de mhíreanna buiséid é an tábla thuas agus ní dhéantar leis aon réamhbhreith ar an ainmníocht bhuiséadach nithiúil a mholfaidh an Coimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (le trí ionad de dheachúlacha)
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
3
|
Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
08 02 YY – Cúlchiste talmhaíochta
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(1)
|
iontráil mheabhráin
|
iontráil mheabhráin
|
iontráil mheabhráin
|
iontráil mheabhráin
|
iontráil mheabhráin
|
iontráil mheabhráin
|
iontráil mheabhráin
|
|
iontráil mheabhráin
|
08 02 YY – Cineálacha idirghabhálacha earnálacha faoin bPlean faoi CBT
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(2)
|
2,044.116
|
2,066.584
|
2,091.060
|
2,115.010
|
2,139.737
|
2,165.443
|
2,192.347
|
|
14,814.294
|
08 02 YY – Caiteachas a bhaineann leis an margadh lasmuigh den Phlean faoi CBT
|
Gealltanais
|
(3)
|
638.309
|
638.309
|
638.309
|
638.309
|
638.309
|
638.309
|
638.309
|
|
4,468.163
|
|
Íocaíochtaí
|
(4)
|
605.136
|
611.601
|
623.808
|
627.643
|
629.770
|
630.334
|
630.314
|
109.558
|
4,468.164
|
08 02 YY – Cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(5)
|
37,392.689
|
37,547.129
|
37,686.679
|
37,802.859
|
37,919.038
|
38,035.217
|
38,151.396
|
|
264,535.007
|
08 02 YY – Íocaíochtaí díreacha lasmuigh den Phlean faoi CBT
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(6)
|
421.321
|
421.321
|
421.321
|
421.321
|
421.321
|
421.321
|
421.321
|
|
2,949.249
|
08 02 YY – CERT, cúnamh teicniúil oibríochtúil
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(7)
|
71.000
|
71.000
|
71.000
|
71.000
|
71.000
|
71.000
|
71.000
|
|
497.000
|
08 01 YY – Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as CERT
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(8)
|
13.000
|
13.000
|
13.000
|
13.000
|
13.000
|
13.000
|
13.000
|
|
91.000
|
67 01 & 67 02 – Ioncam arna shannadh do CERT
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(9)
|
280.000
|
230.000
|
130.000
|
130.000
|
130.000
|
130.000
|
130.000
|
|
1,160.000
|
FO-IOMLÁN – CERT
|
Gealltanais
|
(10)=(1+2+3+5+6+7+8-9)
|
40,300.435
|
40,527.343
|
40,791.369
|
40,931.499
|
41,072.405
|
41,214.290
|
41,357.373
|
|
286,194.715
|
|
Íocaíochtaí
|
11)=(1+2+4+5+6+7+8-9)
|
40,267.262
|
40,500.635
|
40,776.868
|
40,920.833
|
41,063.866
|
41,206.315
|
41,349.378
|
109.558
|
286,194.715
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
08 03 YY – Cineálacha idirghabhálacha i dtaca le forbairt tuaithe
|
Gealltanais
|
(12)
|
11,230.561
|
11,230.561
|
11,230.561
|
11,230.561
|
11,230.561
|
11,230.561
|
11,230.561
|
|
78,613.927
|
|
Íocaíochtaí
|
(13)
|
786.139
|
3,703.699
|
6,314.312
|
7,860.977
|
9,356.414
|
10,331.700
|
11,025.236
|
29,235.450
|
78,613.927
|
08 03 YY – CETFT, cúnamh teicniúil oibríochtúil AE
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(14)
|
22.147
|
22.147
|
22.147
|
22.147
|
22.147
|
22.147
|
22.147
|
|
155.029
|
08 01 YY – Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as CETFT
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(15)
|
6.000
|
6.000
|
6.000
|
6.000
|
6.000
|
6.000
|
6.000
|
|
42.000
|
FO-IOMLÁN – CETFT
|
Gealltanais
|
(16)=(12+14+15)
|
11,258.708
|
11,258.708
|
11,258.708
|
11,258.708
|
11,258.708
|
11,258.708
|
11,258.708
|
|
78,810.955
|
|
Íocaíochtaí
|
(17)=(13+14+15)
|
814.286
|
3,731.846
|
6,342.459
|
7,889.124
|
9,384.561
|
10,359.847
|
11,053.383
|
29,235.450
|
78,810.955
|
IOMLÁN leithreasuithe do CBT
|
Gealltanais
|
=10+16
|
51,559.143
|
51,786.051
|
52,050.077
|
52,190.207
|
52,331.113
|
52,472.998
|
52,616.081
|
|
365,005.670
|
|
Íocaíochtaí
|
=11+17
|
41,081.548
|
44,232.481
|
47,119.327
|
48,809.957
|
50,448.427
|
51,566.162
|
52,402.761
|
29,345.008
|
365,005.670
|
Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
7
|
“Caiteachas riaracháin”
|
EUR milliúin (le trí ionad de dheachúlacha)
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
Acmhainní daonna
|
125.678
|
125.678
|
125.678
|
125.678
|
125.678
|
125.678
|
125.678
|
|
879.746
|
Caiteachas riaracháin eile
|
6.008
|
6.008
|
6.008
|
6.008
|
6.008
|
6.008
|
6.008
|
|
42.056
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
131.686
|
131.686
|
131.686
|
131.686
|
131.686
|
131.686
|
131.686
|
|
921.802
|
EUR milliúin (le trí ionad de dheachúlacha)
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
51,690.829
|
51,917.737
|
52,181.763
|
52,321.893
|
52,462.799
|
52,604.684
|
52,747.767
|
|
365,927.472
|
|
Íocaíochtaí
|
41,213.234
|
44,364.167
|
47,251.013
|
48,941.643
|
50,580.113
|
51,697.848
|
52,534.447
|
29,345.008
|
365,927.472
|
Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–☒
Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
125.678
|
125.678
|
125.678
|
125.678
|
125.678
|
125.678
|
125.678
|
879.746
|
Caiteachas riaracháin eile
|
6.008
|
6.008
|
6.008
|
6.008
|
6.008
|
6.008
|
6.008
|
42.056
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
131.686
|
131.686
|
131.686
|
131.686
|
131.686
|
131.686
|
131.686
|
921.802
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
1.850
|
1.850
|
1.850
|
1.850
|
1.850
|
1.850
|
1.850
|
12.950
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
17.150
|
17.150
|
17.150
|
17.150
|
17.150
|
17.150
|
17.150
|
120.050
|
Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
19.000
|
19.000
|
19.000
|
19.000
|
19.000
|
19.000
|
19.000
|
133.000
|
Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
IOMLÁN
|
150.686
|
150.686
|
150.686
|
150.686
|
150.686
|
150.686
|
150.686
|
1 054.802
|
Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna.
–☒
Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin
|
845
|
845
|
845
|
845
|
845
|
845
|
845
|
Toscaireachtaí
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: (i gcoibhéis lánaimseartha) - CA, LA, SNE, INT agus JED
Ceannteideal 7
|
Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
- sa Cheanncheathrú
|
57.75
|
57.75
|
57.75
|
57.75
|
57.75
|
57.75
|
57.75
|
|
- i dToscaireachtaí
|
1
|
1
|
1
|
1
|
1
|
1
|
1
|
Arna maoiniú as imchlúdach an chláir
|
- sa Cheanncheathrú
|
29
|
29
|
29
|
29
|
29
|
29
|
29
|
|
- i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
Eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
935.75
|
935.75
|
935.75
|
935.75
|
935.75
|
935.75
|
935.75
|
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
Leis an togra/tionscnamh seo:
–☒
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–◻
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–☒
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻ ar acmhainní dílse
–☒ ar ioncam eile
má tá an t-ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ☒
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Tionchar an togra
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
67 01 & 67 02
|
280
|
230
|
130
|
130
|
130
|
130
|
130
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.
08 02 YY – Cineálacha idirghabhálacha earnálacha
08 02 YY – Cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
Féach na nótaí tráchta faoi phointe 3