AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.5.2018
COM(2018) 315 final
2018/0162(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2008/106/CE maidir le híosleibhéal oiliúna maraithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/45/EC
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2018) 239 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
1.1.Forais agus cuspóirí an togra
Ó bhí tús na 1990í ann, aithníodh, ar leibhéal an Aontais, an tábhacht a bhaineann leis an ngné dhaonna maidir le sábháilteacht anama ar muir agus cosaint an chomhshaoil mhuirí. Measadh gur thábhachtach an rud é feabhas a chur ar oideachas muirí, ar oiliúint agus ar an deimhniúchán a fhaigheann maraithe chun leibhéal ard sábháilteachta a bhaint amach. Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is le Treoir 2008/106/EC, mar atá arna leasú, a baineadh an méid sin amach trí íoschaighdeáin oiliúna agus oideachais a leagan síos. Leis an Treoir sin, comhtháthaítear an creat idirnáisiúnta ar cheanglais maidir le hoiliúint, deimhniúchán agus faire do mharaithe arna fhorbairt faoin Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus arna shaintreorú ag an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus faire do Mharaithe, 1978, mar atá arna leasú (Coinbhinsiún STWC).
Ina theannta sin, cuimsítear i dTreoir 2008/106/CE sásra coiteann an Aontais chun go dtabharfar aitheantas do na córais oideachais mhuirí, oiliúna agus dheimhnithe maraithe arb as tríú tíortha dóibh. Anuas air sin, foráiltear leis an Treoir maidir le fíorú rialta, ag an gCoimisiún le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), ar chomhlíonadh na mBallstát agus tríú tíortha ceanglais na Treorach 2008/106/CE agus an Choinbhinsiún STWC, faoi seach.
Ba é an cuspóir a bhí le Treoir 2005/45/CE soghluaisteacht ghairmiúil maraithe a chothú laistigh den Aontas, trí chomhaitheantas a éascú do dheimhnithe maraithe arna neisiúint ag na Ballstáit. Leis an Treoir, tugadh isteach nós imeachta simplithe i ndáil le comhaitheantas do dheimhnithe maraithe arna eisiúint ag na Ballstáit. Ba é an cuspóir a bhí leis a áirithiú go gceadófar do gach maraí atá cáilithe i mBallstát agus a bhfuil na deimhnithe sin ina seilbh aige, go gceadófar dó dul ag obair ar bord long a bhfuil bratach aon Bhallstát ar foluain orthu.
Cuireadh meastóireacht i gcrích agus ba é an chonclúid leis go bhfuil an dá Threoir oiriúnach don aidhm atá leo agus go bhfuil na bunchuspóirí agus na spriocanna bainte amach den chuid is mó. Mar sin féin, aithníodh go bhfuil gnéithe áirithe ann a chuireann isteach ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chreat reachtaíochta. Is é is aidhm don togra dul i ngleic leis na fadhbanna a aithníodh.
Dá bhrí sin, is é cuspóir uileghabhálach an athbhreithnithe seo creat reachtaíochta an Aontais atá ann maidir le hoiliúint agus deimhnithe maraithe a shimpliú agus a shruthlíniú chun: i) rialacha an Aontais a choimeád ailínithe leis an gcreat idirnáisiúnta; an sásra láraithe maidir le haitheantas do thríú tíortha a athchóiriú chun a éifeachtacht agus a éifeachtúlacht a fheabhsú; agus iii) soiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú maidir le comhaitheantas do dheimhnithe maraithe arna eisiúint ag na Ballstáit.
1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra go hiomlán i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Muiriompair 2018 inar moladh go ndéanfaí an Creat Eorpaigh a ailíniú go leanúnach leis an gCoinbhinsiún STWC agus go mbunófaí coinníollacha córa iomaíochta maidir le cur chun feidhme an chreat idirnáisiúnta idir an tAontas agus na Tríú tíortha. Sa bhreis air sin, ó tugadh isteach Treoir 2005/45/CE den scéim maidir le comhaitheantas a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna eisiúint ag na Ballstáit, níl na forálacha i ndáil le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla i gcomhréir le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, níl siad infheidhme maidir le haitheantas a thabhairt do dheimhnithe maraithe faoi Threoir 2008/106/CE.
1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Leis an togra, áirítear go bhfuil an reachtaíocht atá ann cheana simplí agus soiléir, nach neascrófar ualaí gan chúis as agus go mbeidh sé cos ar chos leis na cúrsaí polaitíochta agus sochaíocha de réir mar a théann siad chun cinn ar an leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta. Tá an togra go hiomlán i gcomhréir le Páipéar Bán 2011 ar an mbeartas iompair sa todhchaí toisc go náirítear ann cur chun feidhme comhchuibhithe cheanglais an Choinbhinsiún STWC san Aontas agus go gcosnaítear ann coinníollacha córa iomaíochta maidir idir na Ballstáit agus na tríú tíortha.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
2.1.Bunús dlí
I bhfianaise go leasaítear leis an togra an Treoir reatha 2008/106/CE agus go naisghairtear Treoir 2005/45/CE, is é an bunús dlí go fóill Airteagal 100(2) TFEU (ex Airteagal 80(2) TEC), lena fhoráiltear maidir le bearta in earnáil an mhuiriompair.
2.2.Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Is go mór mhór de réir ceanglas idirnáisiúnta, mar atá an Coinbhinsiún STCW, a cuireadh múnla agus barr feabhais ar Reachtaíocht an Aontais maidir le ceanglais oiliúna agus deimhnithe maraithe. Ó tharla gur trasuíodh cheana féin agus ina iomláine an Coinbhinsiún STWC i ndlí an Aontais agus ó tharla na Ballstáit uile a bheith comhpháirteach a Choinbhinsiún, ní mór an Treoir a ailíniú leis na leasuithe deireanacha ar an gcreat idirnáisiúnta.
Má chuirtear san áireamh réimse dhomhanda na loingseoireachta, ní mór a sheachaint go mbeadh míréir idir gealltanais idirnáisiúnta na mBallstát agus a ngealltanas i leith an Aontais. I ndáil leis an méid sin tá sé ríthábhachtach go gcuirfí an Coinbhinsiún STWC i bhfeidhm, ar fud an Aontais, ar bhealach comhchuibhithe ionas go gcoinneofar coinníollacha córa iomaíochta idir na Ballstáit.
Thairis sin, déanann an sásra láraithe maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha, ar leibhéal an Aontais, ceanglas na mBallstát faoin gCoinbhinsiún STWC meastóireacht a dhéanamh ar chórais oiliúna, oideachais agus deimhnithe na dtríú tíortha a dtugann na Ballstáit aitheantas dá ndeimhnithe maraithe, déanann sé sin a ionchorprú. Léiríodh sa meastóireacht gur chuidigh an sásra láraithe le coinníollacha córa iomaíochta a leagan síos idir tíortha an Aontais agus tríú tíortha agus ag an am céanna gur laghdaíodh go mór a chostais dá bharr, le hais an trátha a ndéanadh gach Ballstát cigireachtaí sna tríú tíortha as féin.
Déanfar a áirithiú, leis na bearta atá á moladh, go gcuirfidh na Ballstáit an creat idirnáisiúnta i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe agus go gcosnóidh siad dáileadh éifeachtúil na nacmhainní daonna agus airgeadais atá ann agus atá curtha ar fáil faoin sásra láraithe maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha.
2.3.Comhréireacht
I bhfianaise a bhfuil ag titim amach ó thaobh an dlí de agus na leasuithe ar an gCoinbhinsiún STWC, meastar gurb é an taon rogha comhréireach agus comhtháite atá ann an togra arb é is aidhm dó ceanglais an Aontais atá ann cheana a ailíniú leis na ceanglais idirnáisiúnta, éifeachtúlacht an tsásra láraithe maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha a fheabhsú agus sainmhíniú na ndeimhnithe maraithe dá dtugann na Ballstáit aitheantas a shoiléiriú. Áirithítear leis an togra nach gcuirfear ó mhaith an tardleibhéal sábháilteachta atá ann faoi láthair agus fágtar gur féidir úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil.
2.4.An rogha ionstraime
Meastar gurb é Treoir an fhoirm is oiriúnaí chun na cuspóirí sainaitheanta a bhaint amach. Leagtar síos le Treoir prionsabail chomhchoiteanna agus leibhéal sábháilteachta comhchuibhithe, áirithítear forfheidhmiú na rialacha, ach fágtar faoi gach Ballstát na nósanna imeachta dlí agus teicniúla a roghnú agus a chur i bhfeidhm. Go háirithe, baineann na bearta atá á moladh le híoscheanglais oiliúna do mharaithe agus meastar go dtugann Treoir an tsaoirse riachtanach do na Ballstáit ceanglais níos airde a thabhairt isteach ina gcórais oiliúna, má mheasann siad go bhfuil a leithéid iomchuí.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
3.1.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar chreat rialála an Aontais Eorpaigh maidir leis an íosleibhéal ceanglas oiliúna agus deimhnithe do mharaithe agus ar chomhaitheantas do dheimhnithe maraithe arna eisiúint ag na Ballstáit i gcomhthéacs a Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT). Léiríodh sa mheastóireacht REFIT gur bhain Creat an Aontais Eorpaigh maidir le hoiliúint agus deimhnithe maraithe, gur bhain sé amach a phríomhchuspóirí den chuid is mó agus go leanann sé de bheith ábhartha dá bharr sin. Go háirithe, chabhraigh Creat an Aontais Eorpaigh deireadh a chur le foirne fochaighdeánacha a bheith ag obair ar bord long a raibh bratach de chuid an Aontais ar foluain orthu trí oideachas, oiliúint agus deimhniú muirí a chur chun cinn agus leagadh síos coinníollacha córa iomaíochta idir maraithe ar cuireadh oiliúint orthu san Aontas agus maraithe atá fostaithe ó thríú tíortha trí shásra láraithe an Aontais a chur ar bun. Thairis sin, chothaigh comhaitheantas do dheimhnithe maraithe faoi bhun Treoir 2005/45/CE, chothaigh sé sin soghluaisteacht na maraithe i measc soitheach a bhfuil bratach de chuid an Aontais ar foluain orthu.
Léiríodh sa mheastóireacht REFIT roinnt easnamh éifeachtúlachta agus comhréireachta i gcás chuid de na ceanglais rialála maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)Tá an creat riaracháin maidir le haitheantas agus nós imeachta athmheasúnaithe tríú tíortha easnamhach ó thaobh éifeachtachta agus éifeachtúlachta de:
·Tá an tréimhse ama a leagadh amach sa reachtaíocht chun aitheantas a thabhairt do tríú tír nua neamhréalaíoch mar ní chuirtear san áireamh go leordhóthanach na céimeanna riachtanacha nós imeachta.
·Ní úsáidtear na hacmhainní airgeadais agus daonna a bhaineann leis an bpróiseas maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha, ní úsáidtear go héifeachtúil iad. San am i láthair ní chuirtear san áireamh sa nós imeachta líon na máistrí agus na noifigeach is dóichí a fhostófar ó na tríú tíortha
·Ní dhéantar an próiseas athmheasúnaithe ar thríú tíortha ar bhealach comhréireach. Ní chuirtear san áireamh i dtréimhse ama an athmheasúnaithe ráta comhlíonta na dtíortha éagsúla le ceanglais an Choinbhinsiúin STCW agus líon na bhformhuinithe arna neisiúint ag na Ballstáit.
(b)Tá easpa soiléireachta agus deimhneachta dlíthiúla ag baint le raon feidhme an chomhaitheantais do dheimhnithe maraithe arna neisiúint ag na Ballstáit.
(c)Is gá Treoir 2008/106/CE a ailíniú ag eatraimh rialta leis na leasuithe is déanaí ar an gCoinbhinsiún STCW. Chuige sin, fágann an nós imeachta maidir le leasuithe a chur leis an gCoinbhinsiún STCW, fágann sé go mbíonn moilleanna nach beag ann agus go bhfuil baol ann nach mbeidh dlí an Aontais i gcomhréir leis an gcreat idirnáisiúnta ar feadh tamall maith feasta.
3.2.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
I bhfianaise ghné theicniúil an togra atá beartaithe, táthar tar éis comhairliúchán spriocdhírithe a dhéanamh. Chuathas i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta de chuid an STCW, cumainn na dtógálaithe long agus ceardchumainn na maraithe trí bhíthin suirbhé ar líne le linn tréimhse cheithre seachtaine. Eagraíodh ceardlann ar ghlac na Ballstáit in éineacht le cumainn Eorpacha na longúinéirí agus na maraithe páirt inti agus inar chuir siad a dtuairimí in iúl i dtaobh na mbeart ata beartaithe. Tá an achoimre ar an gcomhairliúcháin, chomh maith le haiseolas mionsonraithe ar thuairimí a nochtadh le linn an phróisis chomhairliúcháin, tá siad ar fáil sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an togra. Bunús mór na saineolaithe náisiúnta agus na ngeallsealbhóirí a ghlac páirt sa cheardlann, thacaigh siad leis na bearta atá beartaithe. Ba iad na geallsealbhóirí thar ceann na longúinéirí amháin a léirigh go raibh imní áirithe orthu maidir leis an athchóiriú iomlán atá beartaithe a dhéanamh ar an sásra láraithe trí phlé a thabhairt isteach idir na Ballstáit i dtaobh an ghá le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha. Bíodh sin mar atá, cuireadh a nimní siúd in áireamh sna bearta críochnaitheacha chun cothromaíocht a bhaint amach idir aon bhearta éifeachtúlachta agus an gá le hiomaíochas chabhlach na hEorpa a choinneáil trí cead a thabhairt don Bhallstát iarrthach aitheantas aontaobhach a thabhairt don tríú tír go dtí go dtiocfar ar chinneadh maidir leis an aitheantas sin.
3.3.Bailiú agus úsáid saineolais
Cuireann an togra seo, go príomha, leis na sonraí a bailíodh le linn mheastóireacht REFIT mar a thuairiscítear sa Doiciméad inmheánach oibre ábhartha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.
Anuas air sin, eagraíodh ceardlann i gcomhthéacs ullmhúcháin an togra seo i gcomhar le saineolaithe náisiúnta agus geallsealbhóirí. Thairis sin, bailíodh saineolas teicniúil go hinmheánach i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí.
Tá tuairisc ar thorthaí na ceardlainne agus na gcainteanna leis na saineolaithe náisiúnta mar aon le tuairimí na ngeallsealbhóirí ábhartha eile, tá a dtuairisc sin ar fáil sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra.
3.4.Measúnú tionchair
Obair iardain is ea an togra, agus tagann sé sna sála ar mheastóireacht REFIT inar ainmníodh na saincheisteanna maidir leis an ngá le hailíniú leis an gcreat idirnáisiúnta, feabhas a chur ar éifeachtúlacht i ndáil leis an sásra láraithe chun aitheantas a thabhairt do thríú tíortha agus an gá le soiléireacht dhlíthiúil maidir le haitheantas do dheimhnithe maraithe. Níltear ag súil leis go mbeidh tionchar mór ag na bearta atá beartaithe (i.e. amach ó shoiléireacht dhlíthiúil, deimhneacht nó simplíocht) agus níl aon réiteach eile ar fáil a dhéanfadh difríocht shuntasach. I gcomhréir le le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr, ní dhearnadh measúnú lánfheidhme.
Bíodh sin mar atá, tá Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ag gabháil leis an togra ina mínítear an réasúnaíocht laistiar de na réitigh atá molta ó thaobh cúrsaí teicniúla agus cúrsaí dlí de agus ina ndéantar achoimre ar thuairimí na ngeallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo le linn don tionscnamh seo a bheith á ullmhú.
3.5.Oiriúnacht Rialála agus simpliú
Ós rud é gur athbhreithniú é seo ar phíosa reachtaíochta atá ann cheana féin a thagann faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiún (REFIT), bhreathnaigh an Coimisiún ar dheiseanna chun ualaigh a shimpliú agus a laghdú.
Léirítear san anailís gur féidir an cás a shimpliú go mór má dhéantar Treoir 2005/45/CE a aisghairm, agus má dhéantar Treoir 2008/106/CE a ailíniú leis an gcreat idirnáisiúnta.
Is é an phríomhghné a bhaineann le feabhas a chur ar an éifeachtúlacht athchóiriú iomlán an tsásra láraithe maidir le haitheantas a thabhairt do chórais oideachais agus deimhnithe maraithe na dtríú tíortha. Má thugtar isteach plé idir na Ballstáit ar an ngá le haitheantas a thabhairt do thríú tír nua, fágfaidh sin go mbeidh an próiseas níos trédhearcaí maidir leis an ngá leis an aitheantas sin a chur i gcrích. Is é an toradh a bheadh air sin go mbainfí úsáid níos ciallmhaire agus níos éifeachtúla as na hacmhainní daonna agus airgeadais toisc go ndéanfar measúnú iomlán ar an gcostas a bhainfeadh leis an aitheantas sin i gcomparáid leis an mbuntáiste iomaíoch do chabhlach an Aontais as maraithe ón tríú tír ábhartha a fhostú.
Sa bhreis air sin, a bhuí leis an síneadh ama a chuirfear leis an tréimhse athmheasúnaithe do na tríú tíortha ar tugadh aitheantas dóibh cheana féin ar bhonn chritéir thosaíochta shainithe, a bhuí leis sin cuirfear ar fáil in athuair acmhainní atá á núsáid go neamhéifeachtúil san am i láthair. Go háirithe, déanfar na hacmhainní atá ar fáil a atreorú ó thíortha a sholáthraíonn líon beag maraithe do chabhlach an Aontais agus nach bhfuil ach baol beag ag baint leo, déanfar iad a atreorú chuig tíortha a ndéanfar a athmheasúnú níos minice toisc go soláthraíonn siadsan an cion is mó maraithe deimhnithe lasmuigh den Aontas.
Sa chaoi chéanna, i gcásanna a ndéanfar dí-aitheantas a thabhairt do thríú tíortha nár sholáthair aon mháistir nó oifigeach do chabhlach an Aontais, cuirfear acmhainní ar fáil in athuair ar mhaithe le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha nua ar mó is féidir leo lucht oibre a sholáthar do shoithigh an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise an easpa sonraí ata ann agus i bhfianaise ghné dhlíthiúla na nathruithe, níl cainníochtú déanta ar na gnéithe simplithe.
3.6.Cearta bunúsacha
Níl aon impleachtaí ag an togra seo do chosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí sa togra do bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá raon feidhme an-teicniúil ag baint leis an togra reatha maidir leis na bearta ar gá do na Ballstáit a thrasuí agus ní leasaítear ann ach líon an-srianta de na ceanglais dlí reatha. Dá bhrí sin, níl gá le plean cur chun feidhme, i bhfianaise an líon srianta gníomhaíochtaí atá ag teastáil ó na Ballstáit chun na bearta atá beartaithe a chur i bhfeidhm.
5.2.Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Níl gá le doiciméid mhíniúcháin toisc gan aon ró-thoirt a bheith sna bearta atá beartaithe a bhfuil ar na Ballstáit a thrasuí.
5.3.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Sainmhínithe agus raon feidhme
Leasaítear Airteagal 1 chun go bhforáiltear maidir le sainmhínithe nua a bhaineann le Rialachán V/3 nua agus le Rialachán V/4, arna dtabhairt isteach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2008/106/CE. Anuas ais sin, measadh go raibh gá le sainmhíniú nua maidir leis an ‘mBallstát ósta’ i ndiaidh gur tugadh isteach Airteagal 5b nua agus, sa bhreis air sin, chun cur chun feidhme Airteagal 8 reatha a shoiléiriú.
Ina theannta sin, leasaítear Airteagal 2 chun raon feidhme Threoir aisghairthe 2005/45/CE a ionchorprú.
Comhaitheantas a thabhairt do mharaithe arna neisiúint ag na Ballstáit
Cuirtear isteach leis Airteagal 5b nua chun an scéim maidir le comhaitheantas do dheimhnithe maraithe arna neisiúint ag na Ballstáit a ionchorprú. Den chuid is mó, léirítear in Airteagal 5b Airteagal aisghairthe 3 de Threoir 2005.45.CE, ina soiléirítear cé acu na deimhnithe a dtabharfar comhaitheantas dóibh chun críche cead a thabhairt do mharaithe atá deimhnithe ag Ballstát eile a bheith ag obair ar bord soitheach a bhfuil bratach Bhallstáit eile ar foluain orthu.
Ailíniú leis na gcreat idirnáisiúnta
Déanann Airteagal 12 agus Iarscríbhinn I na leasuithe nua ar an gCoinbhinsiún STCW maidir le ceanglais nua oiliúna agus cáilíochta do mharaithe atá ag obair ar bord long paisinéirí agus ar bord long a thagann faoin gCód IGF agus faoin gCód Polach.
Aitheantas a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna neisiúint ag tríú tíortha
Leasaítear Airteagal 19 chun go bhforálfar i ndáil le cinneadh cur chun feidhme ar an ngá le tús a chur le nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha. Cuirfidh an chéim nós imeachta nua seo ar a chumas don Bhallstát iarrthach na cúiseanna lenar tíolacadh an iarraidh le haghaidh aitheantais a mhíniú agus beidh an deis ag na Ballstáit an iarraidh a phlé agus cinneadh a dhéanamh air.
Anuas air sin, déanfar an spriocdháta faoi nach mór cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh a fhadú ó 18 go 24 mí, agus i gcásanna inar gá don tríú tír bearta ceartaithe nach beag a chur chun feidhme, lena náirítear leasuithe ar a reachtaíocht, cuirfear síneadh 36 mí breise leis an spriocdháta céanna. Níltear ag súil leis go mbeidh impleachtaí diúltacha ann de dheasca síneadh a chur leis na spriocdhátaí toisc gur ceadmhach don Bhallstát aitheantas aontaobhach a thabhairt don tríú tír go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir le haitheantas a thabhairt don tríú tír.
Cuirtear mír nua le hAirteagal 20, lena gcuirtear isteach cúis shainiúil dí-aitheantas a thabhairt do thríú tír ar an mbonn nár sholáthair sí aon mharaí do chabhlach le cúig bliana ar a laghad.
Athmheasúnú ar thríú tíortha
Déantar Airteagal 21 a leasú chun an teatramh athmheasúnaithe a fhadú go dtí suas le 10 mbliana ar bhonn chritéir thosaíochta. Tríú tíortha a sholáthraíonn líon srianta maraithe ar bord chabhlach an Aontais agus nach bhfuil iontu ach mionriosca ó thaobh sábháilteachta de, ba cheart athmheasúnú a dhéanamh orthu ag eatraimh níos faide i gcomparáid leis na tríú tíortha móra soláthair lucht oibre.
Eolas maidir le formhuinithe ina léirítear aitheantas do dheimhnithe arna neisiúint ag tríú tíortha
Leasaítear Airteagal 25a le gur féidir an fhaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit ar líon na bhformhuinithe arna eisiúint ag tríú tíortha chun críche dí-aitheantas a thabhairt do thríú tíortha agus tús áite a thabhairt don athmheasúnú a dhéanfar ar na tíortha céanna. Sa chaoi chéanna, déanfar Airteagal nua a chur in áit Airteagal 5a chun go mbeidh sé ailínithe le hAirteagal 25a nua.
Nós imeachta leasaithe agus nós imeachta coiste
Leasaítear Airteagal 27 chun é a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, forálacha riachtanacha Threoir 2008/106/CE a leasú le go bhféadfaí iad a ailíniú le leasuithe ar an gCoinbhinsiún STCW a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo.
Déanfar Airteagal nua a chur in áit Airteagal 27a ionas go mbeidh sé i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016
2018/0162 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2008/106/CE maidir le híosleibhéal oiliúna maraithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/45/EC
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Chun leibhéil ard slándála muirí agus cosanta ó thruailliú ar muir, tá sé riachtanach leibhéil eolais agus scileanna mharaithe an Aontais trí oiliúint agus deimhniú muirí a fhorbairt i gcomhréir le rialacha idirnáisiúnta.
(2)Déantar oiliúint agus deimhniú na maraithe a rialú ar leibhéil idirnáisiúnta le Coinbhinsiúin na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978 (‘an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus faire do Mharaithe’) arna athbhreithniú in 2010. Glacadh breis leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus faire do Mharaithe in 2015 i ndáil le ceanglais oiliúna agus cáilíochta do mharaithe atá ag obair ar bord long faoi réir an Chóid Idirnáisiúnta um shábháilteacht longa a úsáideann gáis nó breoslaí íseal-splancphointe eile (Cód snámhacht gáis spreagtha). Anuas air sin, in 2016 glacadh breis leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus faire do Mharaithe i ndáil le hoiliúint agus cáilíocht mharaithe atá ag obair ar bord long paisinéirí agus ar bord long a oibríonn in uiscí Polacha.
(3)Cuimsíonn Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus faire do Mharaithe i dlí an Aontais. Sínitheoirí an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus faire do Mharaithe is ea na Ballstáit uile agus dá bhrí sin déanfar cur chun feidhme comhchuibhithe a ngealltanas idirnáisiúnta a bhaint amach trí rialacha an Aontais maidir le hoiliúint agus deimhniú maraithe a ailíniú leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus faire do Mharaithe. Dá bhrí sin, ba cheart roinnt forálacha de Threoir 2008/106/EC a leasú chun go léireofaí ann na leasuithe is déanaí ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus faire do Mharaithe maidir le hoiliúint agus cáilíocht mharaithe atá ag obair ar bord long a thagann faoin Cód Cód snámhacht gáis spreagtha, ar bord long paisinéirí agus ar bord long a oibríonn in uiscí polacha.
(4)Chun forbairtí ar leibhéil idirnáisiúnta a chur san áireamh agus chun a áirithiú gur féidir glacadh le rialacha an Aontais maidir leis na forbairtí sin nuair is gá, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus faire do Mharaithe a chuimsiú trí na ceanglais theicniúla i ndáil le hoiliúint agus deimhniú maraithe a nuashonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, tabharfar na doiciméid uile do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna agus a thabharfar iad do na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag na saineolaithe sin ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag roinnt le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(5)Cuimsítear i dTreoir 2008/106/CE freisin sásra chun go dtabharfar aitheantas do dheimhnithe maraithe arna eisiúint ag tríú tíortha. Tá sé léirithe ag measúnú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) gur baineadh amach laghdú suntasach ar chostais do na Ballstáit ó tugadh isteach an sásra láraithe. Mar sin féin, léiríodh sa mheastóireacht, maidir le cuid de na tríú tíortha aitheanta, nár fostaíodh ach líon an-bheag maraithe ar shoithigh an Aontais ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, chun na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, ba cheart an nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha a bheith bunaithe ar anailís ar an ngá atá leis an aithint sin, ag cur san áireamh uimhir na máistrí agus na noifigeach as an tír sin is dóichí a fhostófar ar shoithigh an Aontais.
(6)I bhfianaise na taithí arna fáil de dhroim an nós imeachta maidir le haitheantas tríú tíortha a chur i bhfeidhm, léiríodh i mheastóireacht an chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála nach gcuirtear san áireamh leis an tréimhse ama reatha 18 mí a chasta atá an próiseas lena náirítear cigireacht ar an láthair a dhéanann An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí. Bíonn tuilleadh ama ag teastáil chun na cigireachtaí sin a phleanáil agus a chur i gcrích, ó thaobh socruithe taidhleoireachta de. Anuas air sin, níl an tréimhse 18 mí leordhóthanach nuair a bhíonn ar an tríú tír bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme agus athruithe dlí a dhéanamh ina chóras chun a bheith i gcomhréir le ceanglais an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus faire do Mharaithe. Ar na forais sin, ba cheart an spriocdháta faoi nach mór cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh, ba cheart é a fhadú ó 18 go 24 mí, i gcásanna inar ghá don tríú tír bearta ceartaithe nach beag a chur chun feidhme, lena náirítear leasuithe ar fhorálacha dlíthiúla, ba cheart síneadh 36 mí breise a chur leis an spriocdháta céanna. Anuas air sin, ba cheart an rogha atá ag an mBallstát iarrthach aitheantas sealadach a thabhairt don tríú tír i ndáil lena córas maidir le caighdeáin oiliúna, deimhniúcháin agus faire do mharaithe, ba cheart an rogha sin a choimeád chun solúbthacht an nós imeachta aitheantais a choinneáil.
(7)Chun éifeachtúlacht an chórais láraithe maidir le haitheantais a thabhairt do thríú tíortha a fheabhsú níos mó, ba cheart athmheasúnú tríú tíortha a sholáthraíonn líon beag maraithe do chabhlach an Aontais, ba cheart é sin a dhéanamh ag eatraimh rialta níos faide agus ba cheart iad a fhadú go deich mbliana mar sin. Mar sin féin, ba cheart an tréimhse níos faide athmheasúnaithe ar chóras na dtríú tíortha sin a chomhcheangal le critéir thosaíochta a chuireann san áireamh ceisteanna sábháilteachta, agus á chur san áireamh go mbeadh gá le cothromaíocht idir éifeachtúlacht agus sásra Coimirce éifeachtach i gcás go dtiocfadh meath ar chaighdeán oiliúna do mharaithe a chuirtear ar fáil sna tríú tíortha ábhartha.
(8)Na maraithe atá fostaithe agus arb as tríú dtíortha dóibh, tá faisnéis curtha ar fáil ina dtaobh le cumarsáid ó na Ballstáit a chuireann in iúl an fhaisnéis ábhartha atá ina gcláir náisiúnta maidir le deimhnithe agus formhuinithe arna neisiúint acu. Ba cheart an fhaisnéis a úsáid ní amháin chun críocha staidreamh agus beartais a cheapadh ach chun críche éifeachtúlacht an chórais láraithe lena naithnítear tríú tíortha a a fheabhsú. Bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit, bainfear de liosta na dtríú tíortha aitheanta na tíortha aitheanta sin nár sholáthraigh maraithe do chabhlach an Aontais ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad. Anuas air sin, úsáidfear an fhaisnéis seo chun tús áite a thabhairt d’athmheasúnú ar na tríú tíortha aitheanta.
(9)Níl na forálacha i ndáil le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla i gcomhréir le Treoir 2005/36/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, níl siad infheidhme maidir le haitheantas a thabhairt do dheimhnithe maraithe faoi bhun Treorach 2008/106/EC. Rinne Treoir 2005/45/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle comhaitheantas do dheimhnithe maraithe arna eisiúint ag na Ballstáit, rinne sé sin a rialú. Tá sainmhínithe ar theastais mharaithe dá dtagraítear i dTreoir 2005/45/EC imithe i léig, áfach, i bhfianaise na leasuithe 2010 ar Choinbhinsiún STCW. Dá bhrí sin, Ba cheart comhaitheantas do dheimhnithe maraithe arna eisiúint ag an Ballstáit, ba cheart é a leasú chun na leasuithe idirnáisiúnta agus na sainmhínithe nua ar theastais mharuithe atá mar chuid de Threoir 2008/106/EC a léiriú. Ina theannta sin, ba cheart na deimhnithe maraithe arna eisiúint faoi bhun údarás na mBallstát a áireamh sa scéim chomhaitheantais. Chun débhríocht agus neamhréireachtaí idir Treoir 2005/45/EC agus Treoir 2008/106/EC a bhaint, ba cheart comhaitheantas do dheimhnithe maraithe a rialú le Treoir 2008/106/EC.
(10)Chun soiléireacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht dlíthiúil a fheabhsú agus, Ba cheart Treoir 2005/45/EC a aisghairm agus ba cheart Treoir 2008/106/CE a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2008/106/CE
Leasaítear Treoir 2008/106/CE mar a leanas:
(1)In Airteagal 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
“43. Ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát ina niarrann maruithe go nglacfar nó go dtabharfar aitheantas dá ndeimhnithe;
44. Ciallaíonn ‘Snámhacht Gáis Spreagtha’ Cód an Cód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht longa a úsáideann gáis nó breoslaí íseal-splancphointe eile, mar a shainítear sa Rialachán SOLAS II-1/2.29;
45. Ciallaíonn ‘Cód Polach’ an Cód Idirnáisiúnta maidir le Longa a oibríonn in Uiscí Polacha, mar a shainmhínítear é sa Rialachán SOLAS XIV/1.1;
46. Ciallaíonn ‘uiscí Polacha’ uiscí Artacha agus/nó an limistéar an Antartaigh, mar a shainmhínítear i Rialacháin XIV/1.2 go XIV/1.4.”
(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a) leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:
“1. Beidh feidhm ag an Treoir seo le maruithe a luaitear sa Treoir seo atá ag obair ar bord long farraige a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain orthu, cé is moite de;”
(b) cuirtear isteach an mhír 2 seo a leanas:
“2. Bainfidh Airteagal 5b le maruithe:
(a) ar náisiúnaigh de Bhallstát iad;
(b) ar neamhnáisiúnach iad a bhfuil deimhniú arna eisiúint ag Ballstát ina seilbh acu.”
(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5a:
“Chun crocha mhír 8 d’Airteagal 20, mír 2 d’Airteagal 21 agus lena núsáid ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i gcomhair ceapadh beartais, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhonn bliantúil, an teolas dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo maidir le deimhnithe inniúlachta agus formhuinithe lena bhfianaítear aitheantas arna thabhairt do dheimhnithe inniúlachta. Féadfaidh siad a sholáthair, ar bhonn deonach, an fhaisnéis maidir le deimhnithe oilteachta arna neisiúint i gcomhréir le Caibidil II, III agus VII den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún STCW.”
(4)Cuirtear an tAirteagal 5b seo a leanas isteach:
“Airteagal 5b
Deimhnithe maraithe arna neisiúint ag Ballstáit a aithint go frithpháirteach
1. Glacfaidh gach Ballstát le deimhnithe oilteachta agus fianaise dhoiciméadach arna eisiúint ag Ballstát eile, nó faoina údarás, chun críche cead a thabhairt do mharuithe a bheith ag obair ar bord longa a chabhlaigh.
2. Tabharfaidh gach Ballstát aitheantas do Dheimhnithe Inniúlachta arna eisiúint ag Ballstát eile nó do Dheimhnithe Oilteachta arna eisiúint ag Ballstát eile do mháistrí agus d’oifigigh i gcomhréir le Rialacháin V/1-1 agus V/1-2 d’Iarscríbhinn I, tríd an deimhniú sin a fhormhuiniú a léiriú go dtugtar aitheantas dó. Beidh na formhuinithe a léiríonn an taitheantas teoranta do chumas, feidhmeanna agus leibhéil inniúlachta a fhorordaítear iontu. Leagfar amach foirm an fhormhuinithe a úsáidfear i mír 3 de Roinn A-I/2 den Chód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire .
3. D’fhonn ligean do mharaithe a bheith ag obair ar longa a chabhlaigh, glacfaidh gach ballstát le deimhnithe leighis arna eisiúint faoi údarás Ballstáit eile i gcomhréir le Airteagal 11.
4. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag maraithe achomharc a dhéanamh i gcoinne aon diúltaithe deimhnithe bháillí a fhormhuiniú nó a ghlacadh, nó in éagmais freagra, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta agus nósanna imeachta.
5. Gan dochar do mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstát ósta srianta breise a chur ar chumais, feidhmeanna agus leibhéil inniúlachta nó oilteachta maidir le muiraistir gar don chósta, dá dtagraítear in Airteagal 7, nó deimhnithe malartacha arna eisiúint faoi Rialachán VII/1 d’Iarscríbhinn I.
6. De réir mar is gá agus gan dochar do mhír 2, féadfaidh Ballstát ligean do mharaí a bheith ag obair i gcáil eile seachas mar oifigeach raidió nó mar oibreoir raidió, ach amháin mar a fhoráiltear leis na Rialacháin Raidió, ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí ar bord loinge a bhfuil a bratach ar foluain uirthi, agus deimhniú báillí agus iomchuí arna eisiúint agus arna fhormhuiniú ag Ballstát eile, ach nár fhormhuinigh le haghaidh aitheantas go fóill an Ballstát lena mbaineann.
Fianaise dhoiciméadach gur cuireadh iarratas ar fhormhuiniú faoi bhráid na núdarás inniúla, coimeádfar ar bord na loinge agus in aice láimhe í.
7. Maraithe a chuireann isteach ar theastais aitheantais d’fheidhmeanna ar leibhéil na bainistíochta, déanfaidh Ballstát ósta a áirithiú go bhfuil an teolas iomchuí acu ar rialacháin mhuirí an Bhallstáit sin a bhaineann leis na feidhmeanna a ligfear dóibh a dhéanamh.”
(5)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Chun gur féidir leis leanúint de bheith cáilithe le haghaidh obair ar bord loinge, beidh ceanglas ar gach máistir, oifigeach agus oibreoir raidió a bhfuil ina sheilbh aige deimhniú arna eisiúint nó arna aithint faoi chaibidil d’Iarscríbhinn I ar bith eile seachas Rialachán V/3 de Chaibidil V nó de Chaibidil VI, agus atá ag obair ar muir nó a bhfuil sé mar rún aige cur chun farraige in athuair tar éis tréimhse a chaitheamh ar tír mór, beidh na ceanglais seo a leanas air ag eatraimh nach faide ná cúig bliana:
(a) caighdeáin dea-shláinte dá bhforordaítear in Airteagal 11 a chomhlíonadh; agus
(b) inniúlacht ghairmiúil leanúnach a léiriú i gcomhréir le Roinn A-I/11 den Chód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire .”
(b)cuirtear mír 2b seo a leanas isteach:
“2b. Déanfaidh gach máistir nó oifigeach na ceanglais a luaitear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh agus ní mór dóibh, ag eatraimh nach faide ná cúig bliana, inniúlacht ghairmiúil leanúnach a léiriú maidir le longa a oibríonn in uiscí Polacha i gcomhréir le Roinn A-I/11, mír 4 den Chód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire.”
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Déanfaidh gach ballstát caighdeán inniúlachta nach mór a bheith ag iarrthóirí ar dheimhnithe inniúlachta agus/nó deimhnithe oilteachta arna neisiúint go dtí an 1 Eanáir 2017 a chur i gcomparáid leis na caighdeáin arna sonrú i dtaobh an deimhnithe ábhartha inniúlachta agus/nó oilteachta i gCuid A den Chód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire, agus déanfaidh an Ballstát céanna a chinneadh an gá atá ann ceangal a chur ar shealbhóirí na ndeimhnithe inniúlachta agus/nó na ndeimhnithe oilteachta sin dul faoi oiliúint athnuachana, oiliúint leanúna nó measúnú.”
(d)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
“3a. Déanfaidh gach Ballstát na caighdeáin inniúlachta a gcuireann sé de cheangal ar dhaoine atá ag obair ar longa a bhreoslaítear le gás roimh an 1 Eanáir 2017 a chur i gcomparáid leis na caighdeáin inniúlachta a luaitear i Roinn A-V/3 den Chód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire, agus déanfaidh siad a chinneadh an gá atá ann, más ann dó, ceangal a chur ar an bpearsanra sin a gcáilíochtaí a nuashonrú.”
(6)Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Ballstát a bhfuil sé mar rún aige a aithint, trí fhormhuiniú, deimhnithe inniúlachta nó deimhnithe oilteachta dá dtagraítear i mír 1 arna neisiúint ag tríú tír do mháistir, oifigeach nó oibreoir raidió, maidir lena bheith ag obair ar bord long a bhfuil a mbratach ar foluain orthu, cuirfidh an Ballstát sin iarratas faoi bhráid an Choimisiúin le go dtabharfaí aitheantas don tríú tír sin, in éineacht le réamhanailís ar chomhlíonadh an tríú tír le ceanglais an Choinbhinsiún Chóid do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire tríd an bhfaisnéis a bhailiú dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, lena náirítear réamh-mheastachán ar líon na máistrí agus na noifigeach ón tír sin is dóichí a fhostófar.
Tar éis don Bhallstát an iarradh a thíolacadh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh chun tús a chur leis an nós imeachta maidir leis an tríú tír sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
An uair a ghlacfar cinneadh dearfach chun tús a chur leis an nós imeachta aitheantais, baileoidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, agus seans ann go mbeidh ról ag an mBallstát atá ag tíolacadh na hiarrata, baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus a dhéanfaidh measúnú ar na córais oiliúna agus deimhnithe sa tríú tír a mbaineann an iarraidh ar aitheantas léi, chun a fhíorú go gcomhlíonann an tír lena mbaineann ceanglais uile an Choinbhinsiún Chóid do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire agus a fhíorú go ndearnadh na bearta iomchuí chun cosc a chur ar eisiúint deimhnithe calaoiseacha.”
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh ar aitheantas a thabhairt don tríú tír trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2), laistigh de 24 mí ón uair a glacadh cinneadh dearfach de bhun Pharagraif 2.
I gcás a bhfuil gá leis an tríú tír lena mbaineann mórbhearta ceartaithe a chur i bhfeidhm, lena náirítear leasuithe a dhéanamh ar a reachtaíocht, a córas oideachais, oiliúna agus deimhniúcháin chun ceanglais an Choinbhinsiún Chóid do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire a chomhlíonadh, féadfar an cinneadh a ghlacadh laistigh de 36 mí ón uair a glacadh cinneadh dearfach dá dtagraítear i mír 2.
Féadfaidh an Ballstát atá ag tíolacadh na hiarrata a chinneadh aitheantas a thabhairt don tríú tír faoi bhun na míre seo. I gcás a dtugtar an taitheantas aontaobhach sin, cuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún líon na bhformhuinithe a léiríonn aitheantas arna eisiúint maidir le deimhnithe inniúlachta agus deimhnithe oilteachta dá dtagraítear i mír 1, arna neisiúint ag an tríú tír go dtí go nglacfar leis an gcinneadh ar aitheantas.”
(7)Cuirtear mír 8 mar a leanas le hAirteagal 20:
“8. Mura bhfuil aon fhormhuiniú ann a léiríonn aitheantas arna eisiúint ag Ballstát maidir le deimhnithe inniúlachta nó deimhnithe oilteachta, dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 19, arna eisiúint ag tríú tír le haghaidh tréimhse níos faide ná 5 bliana, déanfar an taitheantas do dheimhnithe na tíre sin a tharraingt siar. Chun na críche sin, glacfaidh an Coimisiún le cinntí cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2), tar éis dó é sin a chur in iúl do na Ballstáit agus don tríú tír lena mbaineann dhá mhí roimh ré ar a laghad.”
(8)leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Na tríú tíortha ar tugadh aitheantas dóibh faoin nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 19(3), lena náirítear na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 19(6), déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú orthu, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, ar bhonn rialta agus laistigh de dheich mbliana ó uair a nathbhreithnithe deireanaí, chun a fhíorú go bhfuil na critéir ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II á gcomhlíonadh acu agus gur rinneadh na bearta iomchuí chun cosc a chur ar dheimhnithe calaoiseacha.”
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Déanfaidh an Coimisiúin, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, athbhreithniú ar na tríú tíortha de réir critéir thosaíochta. Áireofar na nithe seo a leanas sna critéir thosaíochta sin:
a) sonraí feidhmiúlachta ón rialú Stáit ar chalafoirt de bhun Airteagail 23;
b) líon na bhformhuinithe a léiríonn aitheantas arna eisiúint maidir le deimhnithe inniúlachta nó deimhnithe oilteachta, arna eisiúint i gcomhréir le Rialacháin V/1-1 agus V/1-2 de Choinbhinsiún Chóid do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire, arna eisiúint ag an tríú tír;
c) líon na ninstitiúidí Oideachais agus Oiliúna Muirí arna gcreidiúnú ag an mBallstát;
d) líon na gclár arna fhormheas ag an tríú tír;
e) dáta an athbhreithnithe is déanaí agus líon na neaspaí i bpróisis ríthábhachtacha a aithníodh le linn an athbhreithnithe is déanaí a rinne an Coimisiún;
f) athrú suntasach ar bith i gcóras oiliúna agus deimhniúcháin muirí tríú tíre.
I gcás nach gcomhlíonann tríú tír ceanglais Choinbhinsiún an Chóid do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire i gcomhréir le hAirteagal 20, tabharfar tús áite don athbhreithniú ar an tír atá i gceist le hais na dtríú tíortha eile.”
(9)In Airteagal 25a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a chur in iúl don Choimisiún chun críocha mhír 8 d’Airteagal 20, mír 2 d’Airteagal 21 agus le gur féidir leis na Ballstáit agus an Coimisiún í a úsáid i gcomhair ceapadh beartas.”
(10)leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
(a) leasaítear an chéad mhír mar a leanas:
“1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 27a, lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo maidir le hábhar agus sonraí ábhartha na faisnéise ar gá do na Ballstáit a thuairisciú ar an gcoinníoll nach bhfuil i gceist leis na hachtanna sin ach na leasuithe ar Choinbhinsiún an Chóid do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire a chur san áireamh agus na coimircí do chosaint sonraí a chosaint. Ní bheidh aon tionchar ag na gníomhartha tarmligthe sin ar na forálacha maidir le haithnidiú sonraí mar a cheanglaítear le hAirteagal 25a(3).”
(b) cuirtear isteach an mhír 2 seo a leanas:
“2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 27a, chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus le gach foráil is gá chun é a ailíniú le leasuithe nua ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe agus leis an gCód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire.”
(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27a:
“Airteagal 27a
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 27, a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse éiginnte ama ó [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 27 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 27 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”
(12)Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Aisghairm
Déantar Treoir 2005/45/CE a aisghairm.
Airteagal 3
Trasuí
Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán