EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0239

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí

COM/2018/239 final - 2018/0113 (COD)

An Bhruiséil,25.4.2018

COM(2018) 239 final

2018/0113(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 141 final}

{SWD(2018) 142 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá cuideachtaí rafara rathúla ag teastáil ón Aontas Eorpach a bheidh in ann oibriú go héasca sa Mhargadh Aonair. Imríonn na cuideachtaí sin ról fíorthábhachtach i leith fás eacnamaíoch a chur chun cinn, poist a chruthú agus infheistíocht a mhealladh san Aontas Eorpach. Cuidíonn siad cur le luach eacnamaíoch agus sóisialta na sochaí trí chéile. Chun na críche sin, ní mór do chuideachtaí oibriú i dtimpeallacht dhlíthiúil riaracháin atá fabhrach don fhás agus oiriúnaithe chomh maith leis sin do dhul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta nua a bhaineann le domhan domhandaithe digiteach, agus leasanna poiblí dlisteanacha eile á saothrú acu amhail fostaithe, creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh a chosaint agus na coimircí uile a sholáthar d’údaráis is gá chun calaois nó mí-úsáid a chomhrac.

Is chun an cuspóir sin a bhaint amach atá an togra seo á chur chun cinn ag an gCoimisiún, mar aon leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, le cumaisc agus le deighiltí trasteorann – tacar cuimsitheach beart chun rialacha maidir le dlí na gcuideachtaí atá cothrom, cumasúcháin agus nua-aimseartha a áirithiú in AE.

Tá timpeall 24 mhilliún cuideachta in AE, a bhfuil thart ar 80 % díobh ina gcuideachtaí faoi dhliteanas teoranta. Is FBManna iad timpeall 98-99 % de na cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta.

Tá ag méadú ar an úsáid a bhaineann cuideachtaí as uirlisí digiteacha ina ngnóthaí agus ní mór dóibh idirghníomhú le húdaráis phoiblí freisin, ach ní féidir sin a dhéanamh ar líne i gcónaí. Tá difríochtaí suntasacha in AE idir na Ballstáit i dtaca le huirlisí a bheith ar fáil ar líne do chuideachtaí agus teagmháil á déanamh acu le húdaráis phoiblí i réimse dhlí na gcuideachtaí. Ní hionann an méid seirbhísí ríomhrialtais a sholáthraíonn na Ballstáit uile: soláthraíonn roinnt díobh seirbhísí an-ard agus réitigh inúsáidte go hiomlán ar líne, agus ní sholáthraíonn cuid eile díobh réitigh ar líne ar na céimeanna criticiúla i saolré chuideachta in aon chor – réitigh amhail an chuideachta a chlárú mar eintiteas dlíthiúil.

Ar cheann de na 10 dtosaíocht atá ag an gCoimisiún, áirítear margadh inmheánach atá níos doimhne agus níos cothroime ná mar a bhí a bhaint amach, mar aon leis an Margadh Aonair Digiteach a fhorbairt. I Straitéis 2015 maidir le Margadh Aonair Digiteach 1 agus i bPlean Gníomhaíochta ríomh-Rialtais 2016 2 , leagadh béim ar an ról atá ag údaráis phoiblí i leith cuidiú le gnólachtaí na nithe seo a leanas a dhéanamh gan stró: gnólacht a thosú, oibriú ar líne agus leathnú amach thar na teorainneacha. Aithnítear go sonrach sa Phlean Gníomhaíochta ríomh-Rialtais an tábhacht a bhaineann le feabhas a chur ar úsáid uirlisí digiteacha agus ceanglais a bhaineann le dlí na gcuideachtaí á gcomhlíonadh. Sa togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach 3 , leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le huirlisí agus próisis dhigiteacha chun cuidiú le gnólachtaí leas iomlán a bhaint as an Margadh Aonair agus ceanglaítear go ndéanfar na nósanna imeachta riaracháin is tábhachtaí a dhigitiú i gcomhair úsáideoirí trasteorann.

D’iarr Parlaimint na hEorpa, sa rún uaithi in 2017 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta ríomh-Rialtais 4 , ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar bhealaí eile chun réitigh dhigiteacha a chur chun cinn le haghaidh foirmiúlachtaí i rith saolré chuideachta agus leag sí béim ar an tábhacht a bhaineann le hobair a dhéanamh ar chláir ghnó a idirnascadh.

Mhol an Chomhairle don Choimisiún ina Conclúidí uaithi in 2015 5 maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair aghaidh a thabhairt ar chlárú cuideachtaí ar líne tríd an bPacáiste maidir leis an Margadh Aonair Digiteach a úsáid. Ina fhianaise sin, cuireadh san áireamh i gClár Oibre an Choimisiúin in 2017 tionscnamh i dtaca le dlí na gcuideachtaí chun úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a éascú i rith saolré chuideachta (rud atá deimhnithe san Athbhreithniú Meántéarma ar an Margadh Aonair Digiteach freisin 6 ). De bhreis air sin, den uair is déanaí, d’iarr na Ballstáit go láidir sa Tallinn declaration on e-Government 7 [Dearbhú Taillinn maidir le ríomh-Rialtas] go gcuirfí dlús le hiarrachtaí chun nósanna imeachta leictreonacha atá éifeachtúil agus úsáideoir-lárnach a sholáthar in AE. Chuir an Coimisiún tionscnamh maidir le dlí na gcuideachtaí san áireamh mar chuid den Chlár Oibre do 2017 8 .

I láthair na huaire, tá eilimintí áirithe de dhigitiú san áireamh i ndlí cuideachtaí AE 9 amhail an oibleagáid atá ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil ar líne a bhaineann le cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta atá cláraithe i gcláir lárnacha, tráchtála agus cuideachtaí (dá ngairtear “cláir” anseo). Mar sin féin, is ceanglais theoranta neamhbheachta iad sin agus cuirtear chun feidhme ar bhealaí an-éagsúil ar an leibhéal náisiúnta iad dá bharr sin.

Ina theannta sin, ní chumhdaítear próisis dhigiteacha ar leith in aon chor i ndlí AE agus ní thugann ach líon áirithe Ballstát aghaidh orthu ar an leibhéal náisiúnta. Ní cheadaíonn roinnt Ballstát ach nós imeachta aghaidh ar aghaidh chun cuideachta a chlárú agus athruithe a chomhdú, agus ceadaíonn Ballstáit eile nós imeachta aghaidh ar aghaidh agus nós imeachta ar líne nó nós imeachta ar líne amháin. Is amhlaidh atá i gcás brainsí a chlárú ar líne. Cé nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach ag brainsí, ní mór iad a chlárú sa chlár gnó 10 . Is ionann a bheag nó a mhór na ceanglais atá le comhlíonadh agus brainse á chlárú agus atá le cuideachta á clárú.

I rialacha AE faoi láthair, tá foráil freisin maidir le foilsiú na faisnéise cláraithe ina hiomláine nó foilsiú cuid di san iris náisiúnta. Ní bhíonn éifeacht dhlíthiúil leis an bhfaisnéis arna nochtadh ach amháin má foilsíodh í san iris náisiúnta (nó trí mheán a bhfuil an éifeacht chéanna leis). Tháinig an ceanglas sin i bhfeidhm le teacht isteach dhlí cuideachtaí AE tráth nach rabhthas in ann deimhneacht ná trédhearcacht faisnéise gnó a áirithiú ach amháin trína foilsiú san iris oifigiúil. Is féidir leis na Ballstáit an iris náisiúnta a choimeád i bhfoirm leictreonach ach tá ceanglais fós i bhfeidhm i mBallstáit áirithe maidir le faisnéis a bheith á tíolacadh an iliomad uaireanta go féideartha (i.e. don chlár gnó agus don iris náisiúnta). Ina theannta sin, ní mór do chuideachtaí a bhfuil brainse i dtír eile de chuid AE acu a gcuntais bhliantúla a chomhdú leis an gclár ina bhfuil an chuideachta cláraithe agus leis an gclár sa Bhallstát ina bhfuil an brainse cláraithe.

Ní mór do thríú páirtithe (infheisteoirí, saoránaigh, cuideachtaí eile) rochtain a fháil ar fhaisnéis chuideachta sna cláir. Leagtar tacar íosta sonraí síos i ndlí AE nach mór a sholáthar saor in aisce i gcónaí; mar sin féin, tá teorainn leis an méid sin go fóill 11 . I gcás faisnéis cuideachta eile, gearrann an chuid is mó de na Ballstáit táillí le haghaidh na faisnéise sin uile nó cuid di. Dá réir sin, ní hionann an rochtain atá le fáil ar fhaisnéis ar fud an Aontais mar cuirtear níos mó faisnéise ar fáil saor in aisce i mBallstát áirithe ná mar a chuirtear ar fáil i mBallstáit eile, rud a chruthaíonn neamhchothromaíocht in AE.

Ós rud é go bhfuil ganntanas rialacha ann maidir le clárú, comhdú agus foilsiú ar líne nó toisc nach ionann na rialacha sin atá i bhfeidhm sna Ballstáit, cuirtear costais agus ualaí neamhriachtanacha ar fhiontraithe ar mian leo gnólacht nua a chur ar bun nó a ngnólacht a leathnú trí fhochuideachtaí nó brainsí a chlárú nó ceanglais shonracha a chomhlíonadh ar líne. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh sé go gcaillfí deiseanna gnó áirithe toisc go ndéanfaí moill agus an gnólacht á chlárú nó, níos measa fós, toisc go ndéanfaí cinneadh gan gnólacht a chur ar bun ar chor ar bith.

Is iondúil go mbíonn na próisis sna Ballstáit ina bhfuil réitigh le haghaidh clárú ar líne curtha i bhfeidhm níos saoire agus níos tapúla ná na cinn ina ndéanann an duine féin na hiarratais agus na cinn a dhéantar ar pháipéar 12 . Aon chuideachta nach bhfuil sé de rogha aici clárú ar líne, tarchuireann sí costais níos airde ná cuideachta atá in ann an nós imeachta a chur i gcrích go hiomlán ar líne. Cuirtear an méid ama is gá chun an nós imeachta a chur i gcrích leis na costais arna dtarchur ag cuideachtaí agus nuair is gá a bheith i láthair go fisiciúil os comhair údarás inniúil chun nósanna imeachta áirithe a chur i gcrích, is gá níos mó ama chun an clárú a chur i gcrích ná mar is gá nuair a chuirtear nósanna imeachta i gcrích ina niomláine ar líne. Déantar difear do na húdaráis inniúla ábhartha sna Ballstáit freisin – is iad sin na cláir ghnó – toisc go mbítear mall ag glacadh réitigh dhitigeacha. Léirítear an méid sin go príomha le frithshamplaí ó na cinn sin a bhfuil dul chun cinn déanta cheana féin acu chun a bpróisis a dhigitiú le blianta beaga anuas. Na cláir nach bhfuil nósanna imeachta sruthlínithe ar líne á dtairiscint do chuideachtaí go fóill acu, tá siad thíos leis mar d’fhéadfadh na réitigh sin cur leis an éifeachtúlacht ina neagraíochtaí féin.

Ba cheart réitigh dhigiteacha a úsáid i ndlí na gcuideachtaí, go háirithe chun cuideachtaí a chlárú, sa dóigh nach féidir calaois nó mí-úsáid a bheith ann. Léirigh roinnt páirtithe leasmhara go raibh imní orthu faoi fheiniméan na gcuideachtaí caoch. Níl sé mar aidhm leis an togra seo aghaidh a thabhairt go sonrach ar shaincheist na gcuideachtaí caoch mar ní dhéantar ceanglais shubstaintiúla a chomhoiriúnú ann chun cuideachtaí a chur ar bun ná gnó a dhéanamh. Tá sé gan dochar do na rialacha a leagtar síos i réimsí áirithe, amhail oibrithe a phostáil 13 , córais slándála sóisialta a chomhordú 14 agus iompar bóthair 15 , chun a áirithiú nach mbainfidh gnóthais leas míchuí ná calaoiseach as saoirsí a thugann an Conradh dóibh trí chuideachtaí caoch nach ndéanann gníomhaíochtaí suntasacha i ndáiríre. Pléitear le ceanglais shuntasacha a bhaineann le cuideachtaí a ionchorprú mar aon le nascfhachtóirí faoi dhlíthe náisiúnta na mBallstát. Mar sin féin, faoi raon feidhme an togra, agus chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a chuir roinnt páirtithe leasmhara béim orthu sa chomhairliúchán poiblí, leagtar coimircí síos sa togra in aghaidh calaoise agus mí-úsáide amhail rialú sainaitheantais éigeantach, rialacha maidir le stiúrthóirí dícháilithe agus deis a bheith ag na Ballstáit a chur de cheangal ar dhuine nó ar chomhlacht a bheith rannpháirteach sa phróiseas, amhail nótairí nó dlíodóirí. Rinne an Coimisiún bearta eile freisin atá lasmuigh de raon feidhme an togra seo ionas nach núsáidfear cuideachtaí le haghaidh gníomhaíochtaí coiriúla 16 . Ghlac na Ballstáit roinnt beart chun gníomhú in aghaidh seachaint cánach corparáide le blianta beaga anuas: Treoir 2015/2376 ón gComhairle 17 , Treoir 2016/881 ón gComhairle 18 agus Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle 19 . Thángthas ar chomhaontú polaitiúil laistigh den Chomhairle an 13 Márta 2018 maidir leis an togra ón gCoimisiún 20 le haghaidh Treoir maidir le hidirghabhálaithe do dhéanamh nochtadh éigeantach le haghaidh scéimeanna pleanála cánach, agus ba cheart go nglacfaí é go luath.

Meastar go bhfuil an-tábhacht le clárú cuideachtaí a dhigitiú. De réir na dtorthaí a bhí ar chomhairliúchán poiblí in 2016, bhíothas den tuairim go raibh clárú gníomhaíochta gnó, lena náirítear clárú cuideachta, ar an nós imeachta ba thábhachtaí le haghaidh gnólachtaí ba cheart a bheith ar fáil ar líne. Mar fhreagra ar an aiseolas sin, sa togra ón gCoimisiún maidir le Tairseach Aonair Dhigiteach ina ndéantar foráil maidir le rialacha ginearálta i leith nósanna imeachta ar líne, cumhdaítear clárú ginearálta gníomhaíochta gnó ar líne cé is moite de bhunú cuideachtaí de réir bhrí Airteagal 54 CFAE. Rinneadh an eisceacht sin chun foráil a dhéanamh maidir le cur chuige sainiúil cuimsitheach i dtaca le clárú cuideachtaí agus gach eachtra nós imeachta eile i rith a saolré ar a dtabharfar aghaidh san acquis maidir le dlí na gcuideachtaí. Le linn don Choimisiún an togra maidir le Tairseach Aonair Dhigiteach a ghlacadh, gheall sé go molfadh sé rialacha sonracha don réimse sin gan mhoill.

Tá sé mar aidhm ag an togra seo aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a chuirtear síos orthu thuas agus freagra a thabhairt ar na hiarrataí a rinneadh chun breis réitigh dhigiteacha a sholáthar do chuideachtaí sa Mhargadh Aonair. Tá sé mar aidhm aige breis deiseanna comhionanna a thabhairt do chuideachtaí in AE agus a áirithiú go mbeidh an tsolúbthacht is gá ag na Ballstáit chun a gcórais náisiúnta a choigeartú dá riachtanais agus a dtraidisiúin dhlíthiúla a choinneáil. Ba cheart do na Ballstáit úsáid uirlisí agus próiseas digiteach a chumasú agus a chur chun cinn i ndlí na gcuideachtaí.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá sé mar aidhm ag an togra seo na rialacha atá ann cheana maidir le dlí cuideachtaí AE atá códaithe i dTreoir (AE) 2017/1132 a chomhlánú. Tá an tionscnamh iomlán comhleanúnach le heilimintí digiteacha de dhlí cuideachtaí AE atá ann cheana agus cuirfear leis na heilimintí sin ann, go háirithe Córas Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS) atá bunaithe ar oibleagáidí dlíthiúla a leagtar amach i dTreoir 2012/17/AE agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/884 ón gCoimisiún.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Beidh an tionscnamh seo ina chuidiú ag roinnt mhaith tionscnamh de chuid an Choimisiúin a bhfuil sé mar aidhm acu feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú trína dhoimhniú agus trí chur lena chothroime atá sé Eoraip dhigiteach a thógáil 21 . Feabhsófar na hidirghníomhaíochtaí digiteacha idir na húdaráis agus na saoránaigh/gnólachtaí leis an togra agus cuirfear le trédhearcacht bhreise. De bhreis air sin, déanfar cur chun feidhme phrionsabal na haonuaire a chur chun cinn, rud a dtugtar tacaíocht dó ar an mórchóir sna tionscnaimh ón gCoimisiún amhail an Plean Gníomhaíochta ríomh-Rialtais agus a áirítear sa Rialachán beartaithe maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach agus sa Tallinn declaration on e-Government [Dearbhú Taillinn maidir le ríomh-Rialtas] a rinneadh le déanaí. Cé go bpléitear le cásanna “aonuaire” tíolactha sonraí cuideachta i gcomhthéacs dhlí na gcuideachtaí sa togra seo, cuireann na cásanna sin leis na hiarrachtaí ginearálta a bhaineann le prionsabal na haonuaire a chur chun feidhme ar leibhéal AE.

Beidh an togra seo ina chomhlánú go háirithe ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Tairseach Aonair Dhigiteach a bhunú lena gcumhdaítear clárú ginearálta gníomhaíochta gnó ar líne cé is moite de bhunú cuideachtaí teoranta faoi dhliteanas. Rinneadh an togra seo a ailíniú le forálacha na Tairsí Aonair Digití. Déantar foráil sa togra maidir le rialacha níos sonraithe agus níos suntasaí i leith na nósanna imeachta chun cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta agus brainsí a chlárú agus is lex specialis i ndáil leis an Tairseach Aonair Dhigiteach é. Tá sé tábhachtach comhtháthú idir an Tairseach Aonair Dhitigeach agus an togra seo a áirithiú chun beartas digiteach fadtéarma a chur le chéile. Dá bhrí sin, maidir leis an bhfaisnéis faoi nósanna imeachta de bhun an togra seo, ní mór í a sholáthar ar na suíomhanna gréasáin tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach agus ba cheart í a bheith i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta chéanna, go háirithe maidir leis an ngá atá le bheith cothrom le dáta, soiléir agus só-úsáidte. Soláthrófar sa togra na dálaí dlíthiúla is gá chun uirlisí agus próisis dhigiteacha a úsáid chun a chur ar chumas cuideachtaí tairbhe a bhaint as ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe a úsáid tríd an Rialachán eIDAS 22 . De bhreis air sin, tabharfar prionsabal na haonuaire isteach leis an togra i réimse dhlí na gcuideachtaí i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta ríomh-Rialtais 2016 – 2020, le tacú le hiarrachtaí ar fud AE chun ualaí riaracháin ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí a laghdú.

I ndeireadh na dála, trí chuideachtaí a chlárú ar líne, beifear in ann tairbhe a bhaint as an Rialachán maidir le Doiciméid Phoiblí 23 freisin a tugadh isteach le déanaí lena gceanglófar ar na Ballstáit sraith doiciméad a ghlacadh ó na saoránaigh gan tuilleadh deimhniúcháin ná aistriúcháin a dhéanamh orthu faoi dheireadh 2018.

Ar an iomlán, sa tionscnamh seo feabhsófar éifeachtúlacht agus deimhneacht dhlíthiúil nósanna imeachta oibríochta trasteorann a bhaineann le cumaisc, deighiltí agus comhshónna trasteorann mar chuid de thionscnamh comhthreomhar lena náirítear eilimintí dírithe de dhigitiú freisin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 50 (1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) arb é an bunús dlí é le haghaidh na hinniúlachta atá ag AE gníomhú i réimse dhlí na gcuideachtaí. Déantar foráil in Airteagal 50(2) (f) go háirithe maidir le srianta le saoirse bhunaíochta a dhíothú de réir a chéile agus déantar foráil in Airteagal 50(2) (g) maidir le bearta comhordaithe i dtaca le leasanna comhaltaí cuideachtaí agus páirtithe leasmhara eile a chosaint.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Is é cuspóir foriomlán an togra reachtaigh seo feidhmiú rianúil Mhargadh Aonair AE a áirithiú i rith tréimhse iomlán saolré cuideachta agus teagmháil á déanamh aici le húdaráis i dtaca le clárú cuideachta agus brainse agus comhdú faisnéise. Níl le críoch Ballstáit amháin a bhaineann sé ach cumhdaítear leis críoch iomlán AE. Maidir le clárú, comhdú nó rochtain a fháil ar shonraí cuideachta, níor cheart ualaí rialála suntasacha breise a bheith ar na hiarratasóirí agus cuideachtaí nó brainsí á gclárú i mBallstáit eile acu. Is féidir cuideachtaí agus brainsí a chlárú thar theorainneacha ar bhealach i bhfad níos costéifeachtaí ar líne. Chun go mbeidh na coinníollacha céanna i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus ós rud é gur margadh trasnáisiúnta é an Margadh Aonair agus gur gá aghaidh a thabhairt ar chúrsaí mar atá faoi láthair i gcomhthéacs trasteorann, beidh gníomhaíocht AE níos éifeachtaí ná aon ghníomhaíocht eile chun na costais atá ar ghnólachtaí a laghdú agus cuideachtaí agus brainsí á gclárú, athruithe á gcomhdú nó rochtain á fáil ar shonraí cuideachta. Leanfadh na Ballstáit a ghníomhódh ina naonar dá rialacha féin a chur i bhfeidhm i ndáil leis an méid sin agus is beag seans go dtabharfaí aghaidh ar na cásanna trasteorann ar bhealach comhoiriúnach sna rialacha sin.

Dealraíonn sé, dá bhrí sin, cheal aon bheart ar leibhéal AE, nach mbeadh ach réitigh náisiúnta neamh-chomhchuibhithe ar fáil agus go mbeadh bacainní ar FBManna go fóill féin, rud a d’fhágfadh gur dheacra an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú go héifeachtach agus dhéanfadh na costais a bheadh ann dá bharr sin difear do na cuideachtaí go háirithe. Sa chomhthéacs sin, tá an idirghabháil spriocdhírithe ó AE i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Tá na bearta a thugtar isteach leis an togra seo comhréireach leis an gcuspóir atá leis a bhaineann le réitigh dhigiteacha a sholáthar do chuideachtaí sa Mhargadh Aonair i rith a saolré iomláine. Ceanglaítear ar na Ballstáit sna forálacha a áirithiú gur féidir modhanna ar líne a úsáid agus cuideachtaí á gclárú nó athruithe á gcomhdú, ach tugtar solúbthacht iomlán do na Ballstáit an méid sin a bhaint amach i gcomhréir lena ndlíthe agus lena gcórais náisiúnta. Sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, mínítear an costas agus na sochair a bhaineann le gach rogha le haghaidh cuideachtaí, páirtithe leasmhara agus Ballstát trí gach eilimint is gá a chur i gcuntas lena náirítear sochair shochaíocha agus féidearthacht pholaitiúil. Mar shampla, ar an meán bíonn leath an méid ama i gceist le clárú ar líne ná mar a bhíonn i gceist le formáidí traidisiúnta bunaithe ar pháipéar agus is féidir é a bheith suas le 3 huaire níos saoire clárú a dhéanamh ar líne ná na formáidí a luaitear thuas a úsáid, agus meastar gur coigilteas EUR 42 – 84 milliún a bheidh i gceist in aghaidh na bliana le clárú agus comhdú ar líne, rud a dhéanfar a luaithe a thiocfaidh an togra seo in éifeacht. Ina theannta sin, bunaithe ar anailísiú éifeachtúlachta, ar an gcostas agus ar na sochair a bhaineann le gach rogha do na cuideachtaí, na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit, dealraíonn sé nach dtéann na bearta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun an aidhm a bhaint amach agus go sáraíonn tionchair dhearfacha na mbeart atá beartaithe na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith acu (Roinn 6.3 den mheasúnú tionchair). Déanfar na costais infheistíochta tosaigh a bhaineann leis na forbairtí TF a chúiteamh trí choigiltis arna ndéanamh ag gnólachtaí agus ag an údarás riaracháin araon san fhadtéarma.

Urramaítear traidisiúin dhlithiúla náisiúnta sa togra freisin go háirithe na cinn sin lena mbaineann rannpháirtíocht nótaireachta i bpróiseas clárúcháin cuideachtaí. De bhreis air sin, ullmhaíodh an togra agus cúrsaí mar atá faoi láthair sna Ballstáit á gcur san áireamh agus ar bhonn na réiteach agus na gcleachtas atá ag na Ballstáit cheana féin. Comhlíonann a lán Ballstát roinnt de na bearta atá beartaithe cheana agus ní bheidh le déanamh acu ach athruithe áirithe a thabhairt isteach. Ní chuirtear aon oibleagáidí breise ar shaoránaigh ná ar ghnólachtaí leis an togra seo ós rud é go bhfuil sé mar aidhm leis na bearta na nósanna imeachta a shimpliú agus a shruthlíniú.

An rogha ionstraime

Is é Airteagal 50 CFAE an bunús dlí le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le dlí na gcuideachtaí lena gceanglaítear ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle gníomhú trí mheán treoracha. Déantar dlí na gcuideachtaí a rialáil ar leibhéal AE le Treoir (AE) 2017/1132. Ar mhaithe le comhtháthú agus comhsheasmhacht dlí cuideachtaí AE, leasófar Treoir (AE) 2017/1132 leis an togra seo.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tá sé mar aidhm leis an togra forálacha nua a thabhairt isteach, agus na forálacha atá ann cheana a chomhlánú a mhéid is gá chun úsáid uirlisí agus próiseas digiteach a bhaint amach i rith saolré chuideachta. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon mheastóireacht.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go gníomhach le páirtithe leasmhara agus rinne sé comhairliúcháin chuimsitheacha i rith an phróisis measúnaithe tionchair. Is éard a bhí i gceist leis an bpróiseas comhairliúcháin comhairliúchán poiblí ar líne, cruinnithe leis na páirtithe leasmhara, lena náirítear plé le saineolaithe as na Ballstáit agus cuid mhaith staidéar. Bhí tionchar ag an bhfaisnéis a bailíodh ar na modhanna sin uile ar an togra.

Léirigh torthaí an chomhairliúcháin phoiblí in 2016 maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach go raibh clárú gníomhaíochta gnó, lena náirítear clárú cuideachta ar an nós imeachta is tábhachtaí ar líne do ghnólachtaí ba cheart a chur ar fáil ar líne.

Seoladh an comhairliúchán poiblí ar líne, dar teideal EU Company law upgrade: Rules on digital solutions and efficient cross-border operation (Uasghrádú ar dhlí cuideachtaí AE: Rialacha maidir le réitigh dhigiteacha agus comhar trasteorann) an 10 Bealtaine 2017 agus cuireadh deireadh leis an 6 Lúnasa 2017. Bhí sé mar aidhm leis ionchur a bhailiú ó na páirtithe leasmhara maidir le fadhbanna a bhaineann le dlí na gcuideachtaí, an fhianaise a d’fhéadfadh a bheith acu faoi na fadhbanna sin a bhailiú agus éisteacht faoi réitigh a d’fhéadfadh a bheith acu ar an dóigh le dul i ngleic leis na fadhbanna ar leibhéal AE.

Tíolacadh 209 bhfreagra. Fuarthas freagra ó ghrúpaí páirtithe leasmhara éagsúla amhail údaráis phoiblí náisiúnta, údaráis phoiblí réigiúnacha, eagraíochtaí gnó, nótairí, ceardchumainn, gnólachtaí príobháideacha, cláir ghnó náisiúnta, acadóirí dlíthiúla chomh maith le daoine aonair príobháideacha.

I bhformhór na núdarás de chuid na mBallstát, bhíothas den tuairim gur tosaíocht é na hidirghníomhaíochtaí digiteacha a éascú idir cuideachtaí agus údaráis de chuid na mBallstát. Thacaigh eagraíochtaí gnó leis na tionscnaimh reachtacha go léir sa réimse seo (go háirithe nósanna imeachta go hiomlán ar líne, caighdeáin ríomh-shainaitheantais agus prionsabal na haonuaire) agus bhíothas den tuairim gur tosaíocht láidir de chuid AE é chun gníomhaíocht eacnamaíoch a chothú agus bacainní míchuí a bhaint do chuideachtaí ar mian leo oibriú go trasteorann. Tríd is tríd, bhí acadóirí agus institiúidí taighde i bhfabhar tionscnamh reachtach sa réimse seo freisin agus mheas timpeall 68 % díobh gur saincheist tosaíochta an cheist sin. Bhí formhór na gceardchumann i bhfabhar tionscnamh reachtach go pointe áirithe sa réimse sin, agus bhíothas ina fhabhar go príomha toisc go rabhthas buartha go mbeadh baol níos airde calaoise ag baint le nós imeachta ar líne. Dhiúltaigh nótairí d’aon ghuth nach mór go raibh deacracht ag baint leis an nganntanas reachtaíochta agus chreid siad go láidir nár cheart do AE a bheith ag tabhairt aghaidh ar an tsaincheist sin in aon chor 24 .

Bailíodh tuairimí na bpáirtithe leasmhara le linn cruinnithe iomadúla. In 2012, cuireadh tús leis an bpróiseas comhairliúcháin faoin bpacáiste maidir le dlí na gcuideachtaí laistigh den Sainghrúpa um Dhlí na gCuideachtaí (CLEG). Ó 2012 go 2014, sna cruinnithe de chuid CLEG díríodh ar Phlean Gníomhaíochta 2012 maidir le Dlí na gCuideachtaí agus Rialachas Corparáideach agus in 2015 agus 2016 díríodh na cruinnithe ar eilimintí de dhigitiú. In 2017, reáchtáladh trí chruinniú de chuid CLEG inar pléadh go mion na saincheisteanna ábhartha don phacáiste maidir le dlí na gcuideachtaí, is é sin digitiú, cumaisc, deighiltí agus comhshónna trasteorann. Chuir an Coimisiún a rúin agus a smaointe in iúl do na saineolaithe sna réimsí ábhartha agus d’iarr sé ar na saineolaithe as na Ballstáit a dtuairim a thabhairt maidir leis na saincheisteanna sonracha. Tríd is tríd, thacaigh ionadaithe na mBallstát leis an tionscnamh.

In 2017, thug an Coimisiún cuireadh do shaineolaithe as na Ballstáit chuig na cruinnithe de chuid CLEG, ach, ní hamháin sin, thug sé cuireadh d’ionadaithe na bpáirtithe leasmhara chucu freisin. Díríodh ar na páirtithe leasmhara sin agus aithníodh iad bunaithe ar a rannpháirtíocht sna comhairliúcháin phoiblí in 2013, 2015 agus 2017 agus sna réimsí arna rialáil le Dlí Cuideachtaí AE. Rinne na páirtithe leasmhara ionadaíocht do ghnólachtaí, d’fhostaithe agus do ghairmithe dlíthiúla. Ba léir ó thoradh na gcruinnithe sin go raibh réitigh fhairsinge dhigiteacha ag an gcuid is mó de na Ballstáit cheana féin ar idirghníomhaíochtaí idir cuideachtaí agus údaráis de chuid na mBallstát. Thacaigh siad le digitiú ar leibhéal AE i gcoitinne; ní rabhthas ar aon intinn maidir leis an gcaoi le haghaidh a thabhairt ar eilimintí sonracha den togra. Ba é seasamh na nionadaithe gnó go raibh gá le digitiú agus go mbeadh sé ina chuidiú mór ag cuideachtaí Eorpacha. Bhí nótairí agus roinnt Ballstát buartha faoi chalaois a d’fhéadfadh a bheith ag baint le clárú ar líne.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bunaíodh an Sainghrúpa Neamhfhoirmiúil um Dhlí na gCuideachtaí (ICLEG) i mBealtaine 2014 chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le saincheisteanna faoi dhlí na gcuideachtaí. Bhí comhaltaí an tsainghrúpa ina nacadóirí agus ina gcleachtóirí dlíthiúla ardcháilithe agus bhí an-taithí acu ar dhlí na gcuideachtaí ó Bhallstáit iomadúla. Rinne comhaltaí ICLEG moladh faoin gcreat atá anois ann a fhorbairt amach anseo, creat lena rialaítear úsáid uirlisí digiteacha i ndlí na gcuideachtaí 25 .

Bhain an Coimisiún leas freisin as torthaí dhá staidéar ó 2017 26 ina bhfuil anailísiú ar cheisteanna sonracha a bhaineann le dlí na gcuideachtaí a dhigitiú agus measúnú ar na tionchair atá ag úsáid uirlisí digiteacha i gcomhthéacs oibríochtaí cuideachtaí trasteorann. De bhreis air sin, bhailigh an Coimisiún aiseolas saineolaíoch i gcuid mhaith comhdhálacha, lena náirítear an chomhdháil “Dlí na gCuideachtaí san Aois Dhigiteach” a reáchtáladh i nDeireadh Fómhair 2015 sa Bhruiséil, an chomhdháil a reáchtáladh i Meán Fómhair 2017 i dTaillinn na hEastóine: An 21ú Comhdháil maidir le Dlí Cuideachtaí Eorpacha agus Rialachas Corparáideach: Teorainneacha a Thrasnú, go Digiteach agus an Chomhdháil Bhliantúil maidir le Dlí Cuideachtaí Eorpacha agus Rialachas Corparáideach a reáchtáladh in Trier na Gearmáine i nDeireadh Fómhair 2017.

Measúnú tionchair

Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) scrúdú ar an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair, lena gcumhdaítear digitiú, oibríochtaí trasteorann agus rialacha maidir le heasaontas dlíthe i ndlí na gcuideachtaí an 11 Deireadh Fómhair 2017. Tar éis tuairim dhiúltach a fháil ó RSB, tíolacadh leagan athbhreithnithe den Mheasúnú Tionchair don Bhord agus eisíodh tuairim dhearfach ina leith, a raibh agúis áirithe ag dul léi, an 7 Samhain 2017. Den chuid is mó, bhain na hagúis a luaigh RSB le réimsí eile a ndearnadh measúnú orthu sa tuarascáil, agus níor bhain siad leis na saincheisteanna i ndáil le dlí na gcuideachtaí a dhigitiú. Go háirithe, thug an Bord faoi deara gur cuireadh feabhas suntasach ar an tuarascáil ó tíolacadh den chéad uair í. Cuireadh breis sonraí/fianaise léi agus b’fhearr an míniú a tugadh ar na foinsí agus ar na modheolaíochtaí. Aithníodh freisin gur tugadh breis faisnéise sa tuarascáil maidir le scála na bhfadhbanna agus tugadh sonraí níos mionsonraithe inti ar na roghanna beartais. Bhí an tionscnamh bunaithe ar na coimircí atá ann cheana d’fhostaithe, do chreidiúnaithe agus do scairshealbhóirí mionlaigh, lena náirítear cearta atá faighte i ndáil le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht fostaithe. Pléadh le trí phríomh-shaincheist sa mheasúnú tionchair i ndáil le húsáid uirlisí digiteacha i ndlí na gcuideachtaí. Breithníodh cuid mhaith roghanna beartais le haghaidh gach saincheiste agus tíolacadh rogha ina rogha thosaíochta i ngach cás tar éis comparáid a dhéanamh idir í agus na roghanna eile.

I dtaca le clárú ar líne (cuideachta a chruthú mar eintiteas dlíthiúil) agus doiciméid a chomhdú leis an gclár gnó, moladh trí rogha agus rinneadh measúnú ar na tionchair a bhí acu agus cuireadh i gcomparáid le chéile iad. Dhéanfaí foráil sa rogha thosaíochta maidir le rialacha i ndáil le cuideachta agus brainse a chlárú ar líne agus i ndáil le doiciméid chuideachta a chomhdú ar líne i ngach Ballstát. Ba ghá do na Ballstáit a áirithiú gur féidir na nósanna imeachta sin a chur i gcrích ar líne gan gá a bheith le láithreacht fhisiciúil an iarratasóra (ná a ionadaí) os comhair aon údarás nó daoine nó comhlachtaí eile atá páirteach sa phróiseas. Ina theannta sin, tugtar deis do na Ballstáit sa rogha sin láithreacht fhisiciúil a éileamh, de réir an cháis, nuair atá fíoramhras calaoise ann. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú idir na Ballstáit, thabharfaí coimircí isteach freisin leis an rogha sin le haghaidh ríomh-shainaitheantais a leagtar síos ar leibhéal AE.

I dtaca leis an bhfaisnéis chéanna a bheith á tíolacadh an iliomad uaireanta ag cuideachtaí, moladh dhá rogha agus rinneadh measúnú ar na tionchair a bhí acu agus rinneadh comparáid eatarthu. Sa chéad rogha, féachtar le cúrsaí a shimplí trí rialacha a thabhairt isteach lena gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, nuair a fhaigheann an clár sonraí áirithe ón gcuideachta (e.g. athrú ar ainm cuideachta, athrú ar oifig chláraithe nó ar na cuntais bhliantúla is déanaí), go seolfaidh sé iad go dtí an clár i mBallstát eile ina bhfuil brainse ag an gcuideachta (in áit an méid sin a bheith á dhéanamh ag an gcuideachta). Ar an dóigh chéanna, a luaithe a dhéanfar an fhaisnéis chuideachta a chomhdú leis an gclár, is é an clár a sheolfaidh í go leictreonach chuig an iris náisiúnta (in áit an doiciméad céanna a bheith á thíolacadh dhá uair ag ionadaí na cuideachta). Ina theannta sin, leis an rogha thosaíochta níor ghá faisnéis chuideachta a fhoilsiú san iris náisiúnta ach bheadh an rogha sin ann. Déantar foráil sa rogha sin maidir le cuid mhaith cásanna nithiúla a bhaineann le prionsabal na haonuaire a chur chun feidhme ar leibhéal AE.

Ar deireadh, maidir le rochtain a fháil ar líne ar fhaisnéis chuideachta a choinnítear i gcláir ghnó, moladh dhá rogha agus rinneadh measúnú ar na tionchair a bhí acu agus rinneadh comparáid eatarthu. Moltar an tacar sonraí cuideachta atá le soláthar saor in aisce ag gach clár gnó a leathnú, agus d’fhéadfadh na Ballstáit táillí a ghearradh le haghaidh faisnéis eile go fóill féin. I láthair na huaire, ní bhíonn ach na sonraí seo a leanas saor in aisce i gcónaí: ainm cuideachta, oifig chláraithe, uimhir chlárúcháin agus foirm dhlíthiúil. Moltar go bhféadfadh faisnéis faoi stádas dlíthiúil na cuideachta, cuir i gcás, a bheith san áireamh freisin sna sonraí a bhíonn “saor in aisce i gcónaí”; ainmneacha eile ar an gcuideachta (iarainmneacha nó ainmneacha tánaisteacha/malartacha), más ann; suíomh gréasáin na cuideachta (más ann); cuspóir na cuideachta (más ceanglas sa dlí náisiúnta é an fhaisnéis sin a chur sa chlár gnó); agus faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil aon bhrainsí bunaithe ag an gcuideachta i mBallstát eile. Ina theannta sin, chuirfí san áireamh sa tacar sonraí saor in aisce ainmneacha ionadaithe dlíthiúla na cuideachta a meastar tábhacht a bheith leo do pháirtithe leasmhara agus iarradh ar an gCoimisiún rochtain éasca ar an tacar sin a chur chun cinn.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Meastar go mbeidh tairbhí simplithe suntasacha le baint ag gnólachtaí as an togra trí idirghníomhaíochtaí digiteacha le húdaráis de chuid na mBallstát a éascú. Ach an deis a bheith ann clárú a dhéanamh ar líne, beidh gnólachtaí in ann cuideachtaí a chlárú agus athruithe a chomhdú gan é a bheith de cheangal orthu a bheith i láthair go fisiciúil. Meastar go ndéanfaidh cuideachtaí nua a bheidh cláraithe in AE coigilteas idir EUR 42-84 milliún mar gheall ar chlárú ar líne a thabhairt isteach, faoi na toimhdí a thugtar sa mheasúnú tionchair. Ina theannta sin, beidh na rialacha atá beartaithe maidir le sonraí cuideachta a nochtadh i gcomhréir le ‘prionsabal na haonuaire’. Beidh leathnú na sonraí cuideachta atá saor in aisce ina chuidiú do ghnólachtaí agus do pháirtithe leasmhara i leith faisnéis atá tábhachtach ó thaobh caidreamh gnó de a bhailiú agus a fhíorú.

Maidir leis an laghdú costais agus le simplithe a dhéanamh a tugadh isteach leis na rialacha nua, beidh tionchar dearfach ar leith acu sin ar FBManna.

Cearta bunúsacha

I rialacha beartaithe an tionscnaimh seo, áirítear urraim iomlán do na cearta agus do na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus cuirtear le cur chun feidhme cuid mhaith de na cearta sin. Go háirithe, is é príomhchuspóir an tionscnaimh seo na cearta bunaíochta a éascú in aon Bhallstát, mar a leagtar síos in Airteagal 15(2) den Chairt. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh an tsaoirse a neartú chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus dlíthe agus cleachtais náisiúnta (Airteagal 16). Áiritheofar cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chairt freisin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Meastar go mbeidh impleachtaí buiséadacha áirithe ag an togra ar roinnt de na Ballstáit ar a laghad arbh fhéidir gur ghá dóibh a gcórais TF a oiriúnú chun tacú leis na forálacha nua. Mar sin féin, mar a mhínítear sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, dhéanfaí na costais sin a bhaineann leis an gcur ar bun a aisghabháil sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí am agus acmhainní i riar na mBallstát a shábháil. Maidir le leathnú an tacair sonraí atá le fáil saor in aisce i gcláir gnólachtaí, meastar go mbeidh tionchar aige sin ar acmhainní airgeadais cuid de na cláir ghnó freisin. Ní bheidh aon tionchar aige ar bhuiséad AE.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit chun na bearta beartaithe a thrasuí agus déanfaidh sé faireachán ar an gcur chun feidhme. Sa ghníomhaíocht sin, oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta e.g. na saineolaithe náisiúnta ar dhlí na gcuideachtaí sa Sainghrúpa um Dhlí na gCuideachtaí (CLEG). Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coimisiún cúnamh agus comhairle a thabhairt (e.g. trí cheardlanna cur chun feidhme a eagrú nó comhairle a thabhairt ar bhonn déthaobhach). Maidir le cur chun feidhme na rialacha, ní mór a chur chun suntais go bhfuil cuid nó cuid mhór de na rialacha beartaithe á gcomhlíonadh ag roinnt Ballstát cheana ó cuireadh réitigh atá anois ann agus dea-chleachtais sna Ballstáit san áireamh agus an togra á cheapadh. Bunaithe ar an taithí a fuarthas tríd an gcur chun feidhme agus tríd an meastóireacht, féadfaidh an Coimisiún treoirthionscadal a bhreithniú chun teimpléid choiteanna a fhorbairt le haghaidh na hionstraime comhdhéanaimh i gcomhair cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta de chineál amháin nó níos mó.

Chun cuidiú leis na Ballstáit agus iarrachtaí á ndéanamh acu ceisteanna praiticiúla a chur chun feidhme amhail eIDAS a úsáid le haghaidh nósanna imeachta maidir le dlí na gcuideachtaí, úsáidfidh an Coimisiún an creat comhair atá anois ann.

Ar bhonn táscairí éagsúla amhail faireachán a dhéanamh ar chostais oibríochtaí cuideachtaí faoi raon feidhme an tionscnaimh trí chostais a bhailiú lena gclárú ar líne agus lena gcomhdú, féadfar a mhéid atá sprioc an tionscnaimh á baint amach a mheas mar atá costais agus ualaí neamhriachtanacha a chiorrú do chuideachtaí. Chun go bhféadfar na sonraí riachtanacha a bhailiú, beidh gá le roinnt oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh na mBallstát. Ar mhaithe leis an ionchur riachtanach a bhailiú ó scairshealbhóirí, féadfaidh an Coimisiún suirbhéanna spriocdhírithe a eagrú. Ní mór meastóireacht a dhéanamh chun tionchar na mbeart beartaithe a mheas agus a fhíorú ar baineadh na cuspóirí amach. Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht ar bhonn na faisnéise arna bailiú i rith an chleachtaidh faireacháin agus ar bhonn ionchur breise arna bhailiú ó na páirtithe leasmhara ábhartha, mar is gá. D’fhéadfaí tuarascáil mheastóireachta a eisiúint 5 bliana tar éis dheireadh na tréimhse trasuí.

Níor cheart aon ualach riaracháin nach gá a chur ar na páirtithe leasmhara lena mbaineann trí fhaisnéis a sholáthar chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh uirthi.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Is leasú ar Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí é an togra. Ionas go bhféadfaí cur chun feidhme cuí na treorach casta seo a áirithiú, bheadh gá leis an doiciméad míniúcháin, e.g. i bhfoirm táblaí comhghaoil.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí leis an togra seo. Cuirtear síos sa mhíniúchán mionsonraithe seo ar na forálacha beartaithe dá réir sin agus dírítear ar eilimintí suntasacha an togra. Ní chuirtear síos ar mhodhnuithe teicniúla ach amháin más gá chun tuiscint níos fearr a fháil ar an togra.

In Airteagal 1 den Treoir seo, cuirtear síos ar na leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1132:

In Airteagal 13, leagtar síos raon feidhme na treorach atá teoranta do na foirmeacha cuideachta a shonraítear sna hIarscríbhinní.

In Airteagal 13a, tá na sainmhínithe.

In Airteagal 13b, tá forálacha maidir leis na modhanna sainaitheantais is gá chun cuideachta a chlárú agus a chomhdú ar líne. Tá sé ríthábhachtach go sainaithneofar na daoine a chuirfidh na nósanna imeachta sin i gcrích chun iontaofacht clár gnó a áirithiú agus calaois chéannachta a sheachaint. Leis an bhforáil, áirithítear aithint éigeantach modhanna ríomh-shainaitheantais le haghaidh shaoránaigh an Aontais i gcomhréir le e-IDAS arna nglacadh i mBallstát eile agus cumasaítear do na Ballstáit ag an am céanna modhanna sainaitheantais eile a aithint. Mar choimirce chun calaois a sheachaint, ceadaítear do na Ballstáit sna forálacha láithreacht fhisiciúil daoine ábhartha a éileamh os comhair údarás inniúil i gcás fíoramhras bunaithe ar fhorais réasúnacha agus sa chás sin amháin.

In Airteagal 13c, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na rialacha maidir le táillí is infheidhme maidir le clárú agus comhdú ar líne trédhearcach agus go gcuirfear i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach iad. Déantar foráil ann nach sáróidh na táillí a ghearrfaidh cláir na costais riaracháin a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar.

In Airteagal 13d, i gcás ina mbeidh gá le híocaíochtaí chun nósanna imeachta a chur i gcrích ar líne, is féidir iad a dhéanamh thar theorainneacha le córais a bhfuil rochtain choiteann orthu.

Tá sé mar aidhm le hAirteagal 13e a áirithiú go mbeidh siad siúd ar mian leo cuideachtaí agus brainsí a chur ar bun agus a oibriú thar theorainneacha in ann rochtain a fháil gan dua ar an bhfaisnéis ábhartha uile faoi chuideachtaí agus brainsí a chlárú agus a chomhdú. Ceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis fhairsing a chur ar fáil ar líne faoi na nósanna imeachta, na hoibleagáidí agus na foirmiúlachtaí ábhartha a bhaineann le dlí na gcuideachtaí. Ceanglaítear ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi.

In Airteagal 13f, ceanglaítear ar na Ballstáit an deis a thabhairt isteach cuideachtaí a chlárú ar líne. Is é an ghné is tábhachtaí de chlárú ar líne gur féidir é a chur i gcrích go hiomlán ar líne agus nach gcuirtear de cheangal ar an iarratasóir, ná ar a ionadaí, teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil ná aon duine ná comhlacht eile. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan an oibleagáid sin a chomhlíonadh i ndáil le cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta mar gheall ar a chasta atá sé na cuideachtaí sin a bhunú agus a chlárú. Cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit leis an bhforáil rialacha mionsonraithe a leagan síos le haghaidh clárú ar líne agus sonraítear roinnt eilimintí éigeantacha agus roghnacha i gcomhair na rialacha sin. Bunaítear uasteorainn ama ghinearálta cúig lá oibre chun an próiseas a chur i gcrích d’fhonn cuideachtaí a chlárú ar líne.

In Airteagal 13g, ceanglaítear ar na Ballstáit teimpléid ionstraimí comhdhéanaimh a chur ar fáil ar líne ar féidir iad a úsáid chun cuideachtaí a chumhdaítear in Iarscríbhinn IIA a chlárú ar líne. Féadfaidh na Ballstáit na teimpléid sin a chur ar fáil ar líne freisin do na cuideachtaí a chumhdaítear in Iarscríbhinn II seachas na cineálacha a chumhdaítear in Iarscríbhinn IIA. Tá inneachar na dteimpléad dá dtagraítear san Airteagal seo agus fíorú na dteimpléad sin faoi réir an dlí náisiúnta. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin na teimpléid sin a chur ar fáil ar a laghad i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbaineann “foirm chuí dhlí” dá dtagraítear san Airteagal seo ach le bunú cuideachta; ní leagtar aon fhasach síos le haghaidh réimsí dlí eile (e.g. maoin) leis sin.

In Airteagal 13h, déantar foráil maidir le creat dlíthiúil le haghaidh na mBallstát chun faisnéis a iarraidh ó Bhallstáit eile i dtaca le stiúrthóirí dícháilithe. Leis na forálacha ceadaítear do na Ballstáit a sheiceáil le Ballstáit eile an bhfuil duine atá le clárú mar stiúrthóir cuideachta dícháilithe ó ghníomhú mar stiúrthóir i mBallstát eile ar bhonn dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Leis na forálacha cuirtear d’oibleagáid ar Bhallstáit eile an fhaisnéis sin a sholáthar arna hiarraidh. Féadfaidh na Ballstáit ceapadh duine ina stiúrthóir ar chuideachta nó ar bhrainse a dhiúltú, más duine é atá dícháilithe i láthair na huaire ó ghníomhú mar stiúrthóir i mBallstát eile.

In Airteagal 13i, ceanglaítear ar na Ballstáit réitigh atá go hiomlán ar líne a áirithiú i gcás an fhaisnéis riachtanach a thíolacadh don chlár i rith shaolré na cuideachta, ar an mbealach céanna le cuideachtaí a chlárú ar líne.

Cuirtear Airteagal 16 agus Airteagal 16a in ionad Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132. Rinneadh Airteagal 16 mar a bhí a roinnt chun an téacs a shimpliú. 

Scriostar an sainmhíniú ar ‘meán leictreonach’ ós rud é go bhfágann na rialacha nua atá beartaithe maidir le nósanna imeachta ar líne go bhfuil sé iomarcach.

Ní mór faisnéis agus doiciméid a nochtadh trína gcur isteach agus trína gcur ar fáil don phobal sa chlár gnó. Fágann sin gur féidir le tríú páirtithe brath ar an bhfaisnéis sa chlár gan é a bheith riachtanach aon bheart eile a dhéanamh, go háirithe an fhaisnéis chéanna a fhoilsiú san iris náisiúnta. D’ainneoin sin, is féidir leis na Ballstáit foilsiú faisnéise cuideachta a choinneáil san iris náisiúnta ach, i gcás den sórt sin, ba cheart don chlár an fhaisnéis a sheoladh chuig an iris náisiúnta (in áit an méid sin a bheith á dhéanamh ag an gcuideachta). Tá sé mar aidhm ag an bhforáil nua seo tacú le “prionsabal na haonuaire” ar dá réir nár cheart é a bheith d’oibleagáid ag na cuideachtaí an fhaisnéis chéanna a sholáthar faoi dhó d’údaráis éagsúla.

San Airteagal sin, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh an fhaisnéis agus na doiciméid uile arna soláthar d’údarás inniúil mar chuid de chuideachta nó de bhrainse a chlárú nó a chomhdú, go mbeidh siad stóráilte sna cláir i bhformáid atá inléite ag meaisín agus inchuardaithe nó mar shonraí struchtúrtha. Beidh tréimhse 5 bliana ag na Ballstáit chun comhlíonadh iomlán an cheanglais sin a áirithiú. Trí fhaisnéis chuideachta a choimeád i bhformáidí struchtúrtha, éascófar an chaoi a bhféadfar sonraí a chuardach agus a mhalartú le córais eile.

In Airteagal 16a, áirítear forálacha maidir le rochtain a bheith ag tríú páirtithe ar fhaisnéis cuideachta. Leis an leasú, tugtar isteach oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh iarratasóir in ann sleachta leictreonacha a fháil arna bhfíordheimhniú le seirbhísí iontaoibhe ó na cláir.

Leasaítear Airteagal 18 de Threoir (AE) 2017/1132 chun go mbeidh na Ballstáit in ann cóipeanna leictreonacha a chur ar fáil trí idirnascadh na gclár, is cóipeanna leictreonacha d’fhaisnéis agus de dhoiciméid a bhaineann le cineálacha cuideachtaí seachas na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn II den threoir chódaithe.

Cuirtear foráil in ionad Airteagal 19 de Threoir (AE) 2017/1132. Leis an bhforáil nua, leathnaítear raon feidhme na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil saor in aisce. Le cois nithe eile, tá iarainmneacha cuideachta (más ann) sa liosta leathnaithe, a suíomh gréasáin (más ann), a stádas dlí agus a cuspóir (más rud é go gcuirtear an teolas sin ar fáil sa chlár faoin dlí náisiúnta). Tá sé mar chuspóir leis an bhforáil sin rochtain a thabhairt saor in aisce do bhreis sonraí cuideachta rud a fheabhsóidh trédhearcacht agus muinín sa Mhargadh Aonair.

Leasaítear Airteagal 22 de Threoir (AE) 2017/1132 chun go bhféadfar córas idirnascadh na gclár agus an tardán lárnach Eorpach gaolmhar a fhorbairt. Chuige sin, leagtar amach in Airteagal 22(4) go bhféadfaidh ní hamháin na Ballstáit, ach an Coimisiún nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, pointí rochtana roghnacha a bhunú chun go bhféadfaidh siad a bhfeidhmeanna a fheidhmiú nó forálacha dhlí AE a chomhlíonadh.

Leasaítear Airteagal 24 de Threoir (AE) 2017/1132 tríd an mbunús dlí le haghaidh na ngníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le hidirnascadh na gclár gnó a oiriúnú do na hathruithe atá beartaithe a dhéanamh anois ar an Treoir. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme le haghaidh sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le malartuithe áirithe faisnéise faoin treoir.

In Airteagal 28a, tugtar isteach clárú ar líne do bhrainsí, ar an dóigh chéanna le cuideachtaí.

In Airteagal 28b, tugtar isteach comhdú ar líne do bhrainsí, ar an dóigh chéanna le cuideachtaí.

In Article 28c, ceanglaítear ar na Ballstáit eolas a thabhairt dá chéile, trí chóras idirnascadh na gclár gnó, faoi dhúnadh brainsí atá cláraithe i mBallstát seachas an ceann ina bhfuil an chuideachta cláraithe.

In Airteagal 30a, ceanglaítear ar an mBallstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe an Ballstát ina bhfuil brainse den chuideachta cláraithe a chur ar an eolas, trí chóras idirnascadh na gclár, faoi athruithe i bhfaisnéis áirithe de chuid na gcuideachtaí, amhail athruithe ar ainm nó seoladh cláraithe na cuideachta. Tá sé mar aidhm ag an bhforáil sin “prionsabal na haonuaire” a chur chun feidhme freisin i gcásanna trasteorann.

Áirítear roinnt coigeartuithe teicniúla is gá a dhéanamh ar Threoir (AE) 2017/1132 sa togra freisin.

Scriostar Airteagal 43 mar atá. Déantar tagairt san Airteagal sin den Treoir chódaithe (a thagann ó Airteagal 17 de Threoir 89/666/CEE) don Choiste Teagmhála arna chur ar bun de bhun Airteagal 52 de Threoir 78/660/CEE ón gComhairle. Cuireadh Treoir 2013/34/AE 27 in ionad Threoir 78/660/CEE. Níl aon bhunús dlí san áireamh sa Treoir nua, Treoir 2013/34/AE, don Choiste sin, mar sin, ní ann don Choiste a thuilleadh.

Tá an tagairt nuashonraithe do na rialacha is infheidhme lena rialáiltear cosaint sonraí in Airteagal 161 arna leasú: Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).

Déantar tagairt in Airteagal 162a arna leasú do na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh d’fhonn na liostaí foirmeacha de dhlí na gcuideachtaí a choimeád cothrom le dáta sna Ballstáit (Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA). Glacfaidh an Coimisiún leasú ar na hIarscríbhinní sin, trí ghníomh tarmligthe, nuair a gheobhaidh sé an fhaisnéis sin ó na Ballstáit.

Ar deireadh, in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, rinneadh cineálacha cuideachtaí na Sualainne a nuashonrú chun téarmaíocht níos beaichte a áirithiú.

Tá forálacha trasuí le fáil in Airteagal 2.

In Airteagal 3, cuirtear síos ar an tuairisciú agus ar an athbhreithniú arna ndéanamh ar an Treoir tar éis thús a cur i bhfeidhm.

Cuireadh Iarscríbhinn IIA isteach.

2018/0113 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1) agus pointí (b), (c), (f) agus (g) d’Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 28 ,

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I dTreoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 , leagtar síos inter alia na rialacha maidir le nochtadh agus le hidirnascadh na gclár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí de chuid na mBallstát.

(2)Ceann de na réamhriachtanais le Margadh Aonair iomaíoch a fheidhmiú go héifeachtach agus le hiomaíochas cuideachtaí a áirithiú ná úsáid uirlisí agus próiseas digiteach chun gur fusa gníomhaíocht eacnamaíoch a thionscnamh, chun dlús a chur léi agus chun í a dhéanamh ar bhealach níos costéifeachtaí trí chuideachta a chur ar bun nó trí bhrainse de chuid na cuideachta sin a oscailt i mBallstát eile.

(3)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún A Digital Single Market Strategy for Europe 30 [Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip] agus sa Teachtaireacht uaidh EU e-Government Action Plan 2016-2020: Accelerating the digital transformation of government 31 [Plean Gníomhaíochta AE maidir le ríomh-Rialtas 2016-2020: Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais], cuireadh béim ar ról údarás poiblí i gcuidiú le gnólachtaí gnó na nithe seo a leanas a dhéanamh gan stró: gnó a chur ar bun, oibriú ar líne agus leathnú amach thar theorainneacha. Aithnítear go sonrach sa Phlean Gníomhaíochta ríomh-Rialtais an tábhacht a bhaineann le feabhas a chur ar úsáid uirlisí digiteacha agus ceanglais a bhaineann le dlí na gcuideachtaí á gcomhlíonadh. De bhreis air sin, d’iarr na Ballstáit sa Tallinn Declaration on eGovernment [Dearbhú Taillinn maidir le ríomh-Rialtas] 2017 go gcuirfí dlús le hiarrachtaí ar nósanna imeachta leictreonacha atá éifeachtúil agus úsáideoir-lárnach a sholáthar san Aontas.

(4)I Meitheamh 2017, tháinig idirnascadh na gclár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí de chuid na mBallstát de bheith oibríochtúil, rud a éascaíonn rochtain trasteorann ar fhaisnéis faoi chuideachta go mór san Aontas agus a chuireann ar chumas clár sna Ballstáit cumarsáid a dhéanamh go leictreonach le chéile i ndáil le hoibríochtaí trasteorann áirithe a dhéanann difear do chuideachtaí.

(5)Chun clárú cuideachtaí agus a mbrainsí a éascú agus chun na costais agus na hualaí riaracháin a bhaineann leis an bpróiseas clárúcháin a laghdú, go háirithe i ndáil le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún 32 , ba cheart nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun go bhféadfar clárú a dhéanamh go hiomlán ar líne. Ní ó tháillí riaracháin a ghearrtar as cuideachta a chur ar bun amháin a dhíorthaíonn na costais agus na hualaí sin ach ó ceanglais eile chomh maith leis sin, rud a fhágann go mbíonn níos mó ama de dhíth chun an próiseas a chur i gcrích, go háirithe nuair is gá láithreacht fhisiciúil an iarratasóra nó a ionadaí. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis faoi na nósanna imeachta sin a chur ar fáil saor in aisce ar líne.

(6)I Rialachán (AE) Uimh. [COM (2017) 256] lena mbunaítear an Tairseach Aonair Dhigiteach 33 , déantar foráil maidir le rialacha ginearálta i ndáil le faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh atá ábhartha i leith feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sholáthar ar líne. Sa Treoir seo, leagtar síos rialacha sonracha a bhaineann le clárú agus le hoibriú cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis faoi nósanna imeachta a leagtar amach sa Treoir seo a sholáthar ar na suíomhanna gréasáin is féidir a rochtain trí mheán na Tairsí Aonair Digití agus ba cheart an fhaisnéis a bheith i gcomhréir le ceanglais cháilíochta Airteagal X den [Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach].

(7)Dá bhféadfaí cuideachtaí agus brainsí a chlárú go hiomlán ar líne agus doiciméid agus faisnéis a chomhdú go hiomlán ar líne, bheadh cuideachtaí in ann uirlisí digiteacha a úsáid agus teagmhálacha á ndéanamh acu le húdaráis inniúla de chuid na mBallstát. Chun iontaoibh a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ríomh-shainaitheantas slán indéanta i gcás úsáideoirí náisiúnta agus trasteorann agus go bhféadfaidh siad seirbhísí iontaoibhe a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 . De bhreis air sin, chun ríomh-shainaitheantas trasteorann a chumasú, ba cheart do na Ballstáit scéimeanna ríomh-shainaitheantais a chur ar bun lena ndéanfar foráil maidir le modhanna ríomh-shainaitheantais údaraithe. D’úsáidfí na scéimeanna náisiúnta sin mar bhonn chun modhanna ríomh-shainaitheantais a aithint arna neisiúint i mBallstát eile. Chun ardleibhéal iontaoibhe a áirithiú i gcásanna trasteorann, níor cheart ach modhanna ríomh-shainaitheantais atá i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a aithint. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit modhanna sainaitheantais eile a aithint amhail cóip scanta de phas. In aon chás, leis an Treoir seo, níor cheart a chur d’oibleagáid ar na Ballstáit ach an deis a thabhairt cuideachtaí agus a mbrainsí a chlárú ar líne agus deis a thabhairt do shaoránaigh an Aontais comhdú a dhéanamh ar líne trína meáin ríomh-shainaitheantais a aithint.

(8)Chun nósanna imeachta ar líne a éascú do chuideachtaí, níor cheart do na Ballstáit costais a ghearradh i leith clárú ar líne ná tíolacadh faisnéise ar líne ar mó iad ná na costais riaracháin iarbhír a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar. De bhreis air sin, ba cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt dóibh sin a fhéachann le cuideachta nó brainse a bhunú trí fhaisnéis a sholáthar atá cothrom le dáta, beacht agus só-úsáidte i ndáil leis na nósanna imeachta agus leis na ceanglais chun cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta agus a mbrainsí a bhunú agus a oibriú. I dtaca le cuideachtaí príobháideacha faoi dhliteanas teoranta, ba cheart níos mó faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil do na hiarratasóirí agus do na stiúrthóirí toisc gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar na cuideachtaí sin a chlárú go hiomlán ar líne.

(9)Mar chéad chéim i saolré chuideachta, ba cheart an deis a bheith ann cuideachtaí a bhunú agus a chlárú go hiomlán ar líne. Mar sin féin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit maolú a bheith acu ón gceanglas sin i gcás cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta toisc na castachta a bhaineann le bunú agus clárú na gcuideachtaí sin agus chun na traidisiúin atá ag na Ballstáit cheana i leith dhlí na gcuideachtaí a urramú. In aon chás, ba cheart do na Ballstáit rialacha mionsonraithe clárúcháin a leagan síos. Ba cheart an deis a bheith ann clárú ar líne a dhéanamh agus doiciméid á dtíolacadh i bhfoirm leictreonach.

(10)Chun go bhféadfar cuideachta a chlárú go tráthúil, níor cheart do na Ballstáit é a chur de choinníoll le clárú cuideachta nó brainse ar líne go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula bhféadfar clárú cuideachta nó brainse a chur i gcrích ach amháin i gcás ina mbeidh sé fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí áirithe a rialú go cuí. Tar éis clárú a dhéanamh, ba cheart rialáil a dhéanamh leis an dlí náisiúnta ar na cásanna nach bhféadfaidh cuideachtaí gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh gan ceadúnas ná údarú a fháil. 

(11)Chun cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta, a ngnó a chur ar bun, ba cheart an deis a bheith ann cuideachta phríobháideach faoi dhliteanas teoranta a chlárú trí theimpléid a úsáid ar samhailionstraimí comhdhéanaimh iad ba cheart a bheith ar fáil ar líne. Féadfar tacar roghanna réamhshainithe a bheith sna samhlacha sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart don iarratasóir a bheith in ann rogha a dhéanamh idir an tsamhail sin a úsáid nó cuideachta a chlárú leis na hionstraimí comhdhéanaimh saincheaptha agus ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit teimpléid a sholáthar do chineálacha eile cuideachtaí freisin.

(12)Chun déanamh de réir na dtraidisiún atá ag na Ballstáit cheana i leith dhlí na gcuideachtaí, is gá solúbthacht a bheith ann maidir leis an modh ina náiritheoidh siad córas iomlán ar líne chun cuideachtaí agus brainsí a chlárú, lena náirítear i ndáil leis an ról atá ag nótairí nó dlíodóirí i bpróiseas den sórt sin. Maidir le nithe a bhaineann le cuideachtaí agus brainsí a chlárú ar líne nach ndéantar iad a rialáil sa Treoir seo, ba cheart iad a rialáil leis an dlí náisiúnta.

(13)De bhreis air sin, chun dul i ngleic le calaois agus le fuadach cuideachta agus chun coimircí a sholáthar d’iontaofacht agus d’inchreidteacht doiciméad agus faisnéise atá sna cláir náisiúnta, ba cheart rialuithe a bheith san áireamh freisin sna forálacha maidir le cuideachtaí agus a mbrainsí a chlárú ar líne, rialuithe i ndáil le céannacht agus le hinniúlacht dhlíthiúil daoine a fhéachann le cuideachta nó brainse a bhunú. Mar sin féin, maidir leis na meáin agus leis na modhanna chun na rialuithe sin a bhaint amach, ba cheart é a bheith faoi na Ballstáit iad a fhorbairt agus a ghlacadh. D’fhéadfaí fíorú trí mheán físchomhdhála nó trí mheán eile ar líne lena dtugtar nasc closamhairc fíor-ama a chur san áireamh sna rialacha sin le cois nithe eile. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rannpháirtíocht nótairí nó dlíodóirí a éileamh mar chuid den phróiseas clárúcháin ar líne; mar sin féin, níor cheart an rannpháirtíocht sin a bheith ina cosc ar an nós imeachta clárúcháin a chur i gcrích go hiomlán ar líne.

(14)Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit bearta a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcásanna fíoramhrais calaoise, lena bhféadfaí láithreacht fhisiciúil an iarratasóra nó a ionadaí a éileamh de réir an cháis seachas ar bhonn córasach os comhair aon údarás de chuid Ballstáit inar gá an chuideachta nó an brainse a chlárú. Ba cheart fíoramhras calaoise den sórt sin a bheith bunaithe ar fhorais réasúnacha amhail, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil ó chláir na núinéirí tairbhiúla, ó thaifid choiriúla nó ó thásca calaoise céannachta nó imghabhála cánach.

(15)Chun go bhféadfar cosaint gach duine a idirghníomhaíonn le cuideachtaí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iompar calaoiseach a chosc trí cheapadh duine ina stiúrthóir ar chuideachta nó ar bhrainse ina chríoch féin a dhiúltú, más duine é atá dícháilithe i láthair na huaire ó ghníomhú mar stiúrthóir i mBallstát eile. Maidir leis na hiarrataí sin ar fhaisnéis, i ndáil le stiúrthóireachtaí roimhe sin, ba cheart a bheith in ann iad a dhéanamh trí mheán chóras idirnascadh na gclár agus dá bhrí sin ba cheart do na Ballstáit na socruithe riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na cláir náisiúnta in ann an fhaisnéis sin a sholáthar. Ba cheart na rialacha maidir le stiúrthóirí a dhícháiliú agus maidir le rúndacht tarchuir a rialáil leis an dlí náisiúnta. Chun go bhféadfar comhlíonadh rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, ba cheart do na cláir náisiúnta aon sonraí den sórt sin a bhaineann le dícháiliú stiúrthóra a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 .

(16)Ba cheart na hoibleagáidí a bhaineann le clárú ar líne a bheith gan dochar d’aon fhoirmiúlachtaí eile nach mbaineann le dlí na gcuideachtaí ar gá do chuideachta iad a chomhlíonadh chun oibríochtaí a thosú i gcomhréir le dlí AE agus leis an dlí náisiúnta.

(17)Mar an gcéanna sin, maidir le clárú cuideachtaí ar líne, chun go bhféadfar na costais agus na hualaí ar chuideachtaí a laghdú, i rith saolré cuideachtaí ba cheart a bheith in ann doiciméid agus faisnéis a thíolacadh go hiomlán ar líne do chláir náisiúnta. San am céanna, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cead a thabhairt do chuideachtaí doiciméid agus faisnéis a chomhdú trí mheán eile, lena náirítear ar páipéar. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis chuideachta a nochtadh a luaithe a chuirfear an fhaisnéis ar fáil don phobal sna cláir sin, ós rud é go bhfuil siad idirnasctha anois agus go soláthraíonn siad pointe tagartha cuimsitheach d’úsáideoirí. Chun nach gcuirfear isteach ar an modh nochta atá ann cheana, ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit an fhaisnéis chuideachta uile nó cuid di a fhoilsiú in iris naisiúnta, agus iad á áirithiú san am céanna go seolfaidh an clár an fhaisnéis go leictreonach go dtí an iris náisiúnta sin.

(18)Chun go néascófar an chaoi ar féidir an fhaisnéis atá stóráilte ar na cláir a chuardach agus a mhalartú le córais eile, maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis uile arna soláthar d’údarás inniúil mar chuid de chuideachta nó de bhrainse a chlárú nó a chomhdú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú de réir a chéile go ndéanfaidh na cláir iad a stóráil i bhformáid atá inléite ag meaisín agus inchuardaithe nó mar shonraí struchtúrtha. Ós rud é go bhféadfadh sé gur ghá athruithe a dhéanamh ar na córais atá ag na Ballstáit cheana féin, ba cheart tréimhse thrasuí níos faide a bheith i gceist le haghaidh an cheanglais sin.

(19)Chun go bhféadfar costais a chiorrú agus an tualach riaracháin a laghdú do chuideachtaí, ba cheart do na Ballstáit ‘prionsabal na haonuaire’ a chur i bhfeidhm i réimse dhlí na gcuideachtaí. Is éard atá i gceist le prionsabal na haonuaire a chur i bhfeidhm nach niarrtar ar chuideachtaí an fhaisnéis chéanna a chur faoi bhráid údaráis phoiblí níos mó ná uair amháin. Mar shampla, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ag cuideachtaí an fhaisnéis chéanna a thíolacadh don chlár náisiúnta agus don iris náisiúnta. Ina ionad sin, ba cheart don chlár an fhaisnéis a tíolacadh cheana a sholáthar go díreach don iris náisiúnta. Mar an gcéanna, i gcás ina bhfuil cuideachta corpraithe i mBallstát amháin agus inar mian léi brainse a chlárú i mBallstát eile, ba cheart don chuideachta a bheith in ann leas a bhaint as an bhfaisnéis nó as doiciméid a tíolacadh do chlár roimhe sin. De bhreis air sin, i gcás ina bhfuil cuideachta corpraithe i mBallstát amháin ach ina bhfuil brainse i mBallstát eile aici, ba cheart an chuideachta a bheith in ann athruithe áirithe ar a faisnéis chuideachta a thíolacadh don chlár ina bhfuil an chuideachta cláraithe, agus dó sin amháin, gan é a bheith de cheangal uirthi an fhaisnéis chéanna a thíolacadh don chlár ina bhfuil an brainse cláraithe. Ina ionad sin, ba cheart faisnéis amhail athrú ar ainm cuideachta nó athrú ar oifig chláraithe na cuideachta a mhalartú go leictreonach idir an clár ina bhfuil an chuideachta cláraithe agus an clár ina bhfuil an brainse cláraithe trí úsáid a bhaint as córas idirnascadh na gclár.

(20)Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis chomhsheasmhach atá cothrom le dáta ar fáil maidir le cuideachtaí san Aontas agus méadú breise a chur ar thrédhearcacht, ba cheart an deis a bheith ann idirnascadh na gclár a úsáid chun faisnéis a mhalartú faoi aon chineál cuideachta atá cláraithe i gcláir na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis faoi na cineálacha cuideachtaí eile sin a chur ar fáil tríd an gcóras sin freisin.

(21)Ar mhaithe le trédhearcacht agus chun muinín a chur chun cinn in idirbhearta gnó, lena náirítear na hidirbhearta trasteorann laistigh den Mhargadh Aonair, tá sé tábhachtach go bhféadfaidh infheisteoirí, páirtithe leasmhara, comhpháirtithe gnó agus údaráis rochtain a fháil gan stró ar fhaisnéis chuideachta. Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise sin, ba cheart breis faisnéise a bheith ar fáil saor in aisce i ngach Ballstát. Ba cheart suíomh gréasáin na cuideachta a chur san áireamh san fhaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, agus stádas dlíthiúil na cuideachta agus a brainsí i mBallstáit eile, i gcás ina bhfuil an teolas sin le fáil sna cláir náisiúnta. Chomh maith leis sin, ba cheart faisnéis a chur san áireamh inti i ndáil leis na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh do chuideachtaí agus líon na bhfostaithe i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil.

(22)Is féidir leis na Ballstáit pointí rochtana roghnacha a bhunú i ndáil le córas idirnascadh na gclár. Mar sin féin, ní féidir leis an gCoimisiún i láthair na huaire páirtithe leasmhara eile a nascadh le córas idirnascadh na gclár. Chun go bhféadfaidh páirtithe leasmhara eile tairbhe a bhaint as idirnascadh na gclár agus a áirithiú go mbeidh faisnéis atá cruinn, cothrom le dáta agus iontaofa fós ag a gcórais maidir le cuideachtaí, ba cheart a údarú don Choimisiún pointí rochtana breise a bhunú. Níor cheart do na pointí rochtana sin a bheith ar fáil ach amháin do chórais a fhorbraíonn agus a oibríonn an Coimisiún nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chun a bhfeidhmeanna riaracháin a chomhlíonadh nó forálacha dhlí an Aontais a chomhlíonadh.

(23)Chun cuidiú le cuideachtaí atá bunaithe sa Mhargadh Aonair a ngníomhaíochtaí gnó a leathnú ar bhealach níos éasca thar theorainneacha, ba cheart iad a bheith in ann brainsí a oscailt agus a chlárú i mBallstát eile ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, ar an dóigh chéanna le cuideachtaí, clárú brainsí ar líne agus comhdú doiciméad agus faisnéise ar líne a chumasú.

(24)Agus brainse cuideachta atá cláraithe i mBallstát eile á chlárú, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann faisnéis áirithe a fhíorú freisin maidir leis an gcuideachta trí idirnascadh na gclár nuair atá brainse cláraithe sa Bhallstát sin. De bhreis air sin, i gcás ina ndúntar brainse i mBallstát amháin, ba cheart do chlár an Bhallstáit sin an Ballstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe a chur ar an eolas faoi sin trí chóras idirnascadh na gclár agus ba cheart don dá chlár an fhaisnéis sin a chlárú.

(25)Chun comhsheasmhacht le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta a áirithiú, is gá an fhoráil i ndáil leis an gCoiste Teagmhála nach bhfuil ann níos mó a scriosadh, agus na cineálacha cuideachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 a nuashonrú.

(26)Chun go bhféadfar athruithe eile a dhéanamh amach anseo ar dhlíthe na mBallstát agus ar reachtaíocht an Aontais i ndáil le cineálacha cuideachtaí, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an liosta de na cineálacha cuideachtaí atá in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 a nuashonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 36 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a saineolaithe ar na cruinnithe de chuid ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a dhéileálann le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(27)Ní dhéanann forálacha na Treorach seo difear do na forálacha dlíthiúla ná riaracháin maidir le dlíthe náisiúnta i dtaca le bearta cánach Ballstát nó a bhforanna críche agus riaracháin, lena náirítear na hoibleagáidí a bhaineann le clárú cuideachtaí.

(28)Ní dhéanann Treoir seo difear d’fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 ina dtugtar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta, go háirithe na hoibleagáidí a bhaineann leis na bearta iomchuí díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh ar bhonn riosca-íogair agus i ndáil le húinéir tairbhiúil aon eintiteas a cruthaíodh le gairid a aithint agus a chlárú i mBallstát a ionchorpraithe.

(29)Ba cheart an Treoir seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais um chosaint sonraí agus le cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta mar a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha faoin Treoir seo, ní mór í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(30)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 agus thug sé tuairim uaidh an … 2018.

(31)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin breis réitigh dhigiteacha a sholáthar do chuideachtaí sa Mhargadh Aonair, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(32)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 39 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó lena míneofar an gaol idir codanna de Threoir agus na páirteanna comhfhreagracha d’ionstraimí náisiúnta trasuí a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuí. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(33)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 40 , ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar chúig chritéar mar atá éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

(34)Ba cheart faisnéis a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na reachtaíochta i gcoinne na gcuspóirí a shaothraítear inti agus chun bheith mar bhonn eolais le meastóireacht ar an reachtaíocht i gcomhréir le mír 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach.

(35)Ba cheart Treoir (AE) 2017/1132 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1132

Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 mar a leanas:

(1)in Airteagal 1, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach tar éis an dara fleasc:

“-    na rialacha maidir le clárú agus comhdú ar líne a dhéanann cuideachtaí agus a mbrainsí,”;

(2)i dTeideal I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:

“Clárú agus comhdú ar líne, nochtadh agus cláir”;

(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13
Raon feidhme

Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe dá bhforordaítear leis an Roinn seo maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus i gcás ina sonrófar sin, a bhaineann leis na cineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn IIA.”;

(4)cuirtear isteach Airteagal 13a go hAirteagal 13e mar a leanas:

“Airteagal 13a
Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(1)ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” modh ríomh-shainaitheantais mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*);

(2)ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” scéim ríomh-shainaitheantais mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(3)ciallaíonn “clárú” cuideachta a bhunú mar eintiteas dlíthiúil;

(4)ciallaíonn “teimpléad” samhail le haghaidh na hionstraime comhdhéanaimh de chuid cuideachta arna dréachtú ag na Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus a úsáidtear chun cuideachta a chlárú ar líne;

(5)ciallaíonn “aitheantóir uathúil Eorpach cuideachtaí agus brainsí (‘EUID’)” an taitheantóir uathúil chun críche cumarsáid a dhéanamh idir cláir dá dtagraítear i bpointe (8) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/884(**) ón gCoimisiún.

Airteagal 13b
Modhanna sainaitheantais a aithint chun críocha nósanna imeachta ar líne

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar na modhanna ríomh-shainaitheantais seo a leanas a úsáid chun saoránaigh den Aontas a shainaithint chun críche clárú ar líne agus comhdú ar líne:

(a)modh ríomh-shainaitheantais arna eisiúint faoi scéim ríomh-shainaitheantais arna formheas ag a mBallstát féin;

(b)modh ríomh-shainaitheantais arna eisiúint i mBallstát eile agus arna aithint chun críche fíordheimhniú trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

2.Féadfaidh na Ballstát modhanna sainaitheantais eile a aithint freisin cé is moite díobh sin dá dtagraítear i mír 1.

3.I gcás ina naithneoidh Ballstát modh sainaitheantais dá dtagraítear i mír 2 chun clárú ar líne agus comhdú ar líne a chur i gcrích, aithneoidh an Ballstát sin an cineál céanna modha sainaitheantais arna eisiúint ag Ballstát eile freisin.

4.Gan dochar do mhír 1 go mír 3, déanfaidh na Ballstáit bearta lena bhféadfar láithreacht fhisiciúil a éileamh chun críocha céannacht daoine a fhíorú os comhair aon údarás inniúil chun déileáil le clárú ar líne nó comhdú ar líne, i gcásanna fíoramhrais calaoise bunaithe ar fhíorais réasúnacha.

Airteagal 13c
Táillí maidir le clárú ar líne agus comhdú ar líne

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na rialacha i leith táillí is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear sa Chaibidil seo trédhearcach agus go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach iad.

2.Aon táillí a ghearrfar leis na cláir, dá dtagraítear in Airteagal 16, chun cuideachta nó brainse a chlárú ar líne, nó a chomhdú ar líne, ní bheidh siad níos mó ná na costais riaracháin a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar.

Airteagal 13d
Íocaíochtaí 

I gcás inar gá íocaíocht a dhéanamh chun nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo a chur i gcrích, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an íocaíocht a dhéanamh le seirbhís íocaíochta atá le fáil go forleathan i seirbhísí íocaíochta trasteorann.

Airteagal 13e
Ceanglais faisnéise

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar líne:

(a)ceanglais maidir le clárú agus le hoibriú cuideachtaí agus a mbrainsí, lena náirítear clárú ar líne agus comhdú ar líne faoin dlí náisiúnta;

(b)ceanglais a bhaineann le húsáid teimpléad, lena náirítear faisnéis faoin dlí náisiúnta lena ndéantar úsáid agus inneachar na dteimpléad sin a rialáil;

(c)ceanglais a bhaineann le fíordheimhniú doiciméad agus faisnéise is gá a thíolacadh mar chuid den nós imeachta clárúcháin ar líne;

(d)rialacha a bhaineann leis an modh sainaitheantais is gá mar chuid den chlárú agus den chomhdú ar líne.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil i ndáil leis na cineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIA:

(a)aon fhoirmiúlachtaí a bhaineann le clárú ar líne agus comhdú ar líne arna ndéanamh ag cuideachta nó ag brainse, lena náirítear nósanna imeachta agus teorainneacha ama, mar aon le sonraí faoi na doiciméid uile agus faoin bhfaisnéis uile is gá agus faoi aon táillí is infheidhme;

(b)aon cheanglais maidir le tíolacadh doiciméad arna ndréachtú i dteangacha eile, lena náirítear na doiciméid sin a aistriú nó a dheimhniú;

(c)an modh sainaitheantais, dá dtagraítear in Airteagal 13b, a éilíonn na Ballstát;

(d)cumhachtaí agus freagrachtaí chomhlacht riaracháin, chomhlacht bainistithe agus orgán maoirseachta na cuideachta nó an bhrainse lena náirítear an tionadaí de chuid cuideachta nó brainse i leith tríú páirtithe;

(e)na ceanglais a bhaineann le comhaltas i gcomhlacht riaracháin, de chomhlacht bainistithe agus d’orgán maoirseachta na cuideachta nó an bhrainse;

(f)sonraí a bhaineann le próiseas cinnteoireachta chomhlacht riaracháin, chomhlacht bainistithe agus orgán maoirseachta na cuideachta nó an bhrainse;

(g)sonraí a bhaineann le cearta agus le hoibleagáidí na scairshealbhóirí;

(h)sonraí a bhaineann le díbhinní a íoc agus le cineálacha dáileachán eile;

(i)faisnéis a bhaineann le cúlchistí dlíthiúla, i gcás inarb infheidhme;

(j)coinníollacha a dhéanann difear do bhailíocht conarthaí roimh chorprú;

(k)aon cheanglais i ndáil le brainse a bheith á oibriú ag cuideachta agus i ndáil lena ghníomhaíochtaí, mar aon le haon cheanglais a bhaineann le brainse a oscailt agus a dhúnadh;

(l)aon cheanglais a bhaineann le hathrú sna doiciméid agus san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 30.

3.Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar na suíomhanna gréasáin atá ar fáil tríd an Tairseach Aonair Dhitigeach arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. [COM (2017) 256] (***). Beidh an fhaisnéis i gcomhréir le ceanglais cháilíochta Airteagal X den Rialachán sin. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi agus beidh sí saor in aisce.

(*) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(**) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/884 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2015 lena mbunaítear sonraíochtaí agus nósanna imeachta is gá le haghaidh chóras idirnascadh na gclár arna bhunú le Treoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 10.6.2015, lch. 1).

(***) Rialachán […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear tairseach aonair dhigiteach chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L […], […], lch. […]).”

(5)i gCaibidil III de Theideal I, cuirtear Roinn 1a isteach mar a leanas:

“Roinn 1a

Clárú ar líne, comhdú ar líne agus nochtadh

Airteagal 13f
Cuideachtaí a chlárú ar líne

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cuideachtaí a chlárú go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí, ná ar a nionadaithe, teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil ná os comhair aon duine ná comhlacht eile a bheidh ag déileáil leis an iarratas ar chlárú, faoi réir an choinníll a leagtar síos in Airteagal 13b(4). Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan nósanna imeachta clárúcháin a sholáthar go hiomlán ar líne le haghaidh na gcineálacha cuideachtaí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I.

2.Leagfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe síos maidir le cuideachtaí a chlárú ar líne, lena náirítear rialacha maidir le húsáid teimpléad, dá dtagraítear in Airteagal 13g agus na doiciméid agus an fhaisnéis is gá chun cuideachta a chlárú. Mar chuid de na rialacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an clárú ar líne a dhéanamh trí fhaisnéis nó doiciméid a thíolacadh i bhfoirm leictreonach, lena náirítear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16a(4).

3.Sna rialacha, dá dtagraítear i mír 2, déanfar foráil ar a laghad maidir leis an méid seo a leanas:

(a)na nósanna imeachta chun inniúlacht dhíthiúil an iarratasóra agus a údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta a áirithiú;

(b)na modhanna chun céannacht an duine nó na ndaoine a bhfuil an chuideachta á clárú acu a fhíorú nó na modhanna chun céannacht a ionadaí nó a nionadaithe a fhíorú;

(c)na ceanglais a chuirtear ar an iarratasóir seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a úsáid.

4.Sna rialacha, dá dtagraítear i mír 2, féadfar foráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a)na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht chuspóir na cuideachta a áirithiú;

(b)na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht ainm na cuideachta a áirithiú;

(c)na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht na nionstraimí comhdhéanaimh a áirithiú, lena náirítear úsáid cheart teimpléad a fhíorú;

(d)na nósanna imeachta chun ceapachán stiúrthóirí a fhíorú agus dícháiliú stiúrthóirí arna ndéanamh ag údaráis inniúla de chuid Ballstáit eile á chur san áireamh;

(e)na nósanna imeachta chun foráil a dhéanamh maidir leis an ról atá ag nótaire nó ag aon duine nó comhlacht eile arna shainordú ag an mBallstát chun iarratas ar chlárú a thíolacadh;

(f)na himthosca ina bhféadfar clárú ar líne a eisiamh i gcás inar gá scairchaipiteal cuideachta a íoc trí ranníocaíochtaí comhchineáil.

5.Ní chuirfidh na Ballstáit é de choinníoll le clárú cuideachta ar líne go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula gclárófar an chuideachta, ach amháin i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí áirithe a leagtar síos sa dlí náisiúnta a rialú go cuí.

6.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá scairchaipiteal a íoc mar chuid den nós imeachta chun cuideachta a chlárú, go bhféadfar an íocaíocht sin a dhéanamh ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 13d, le cuntas bainc an bhainc atá ag oibriú san Aontas. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cruthúnas ar na híocaíochtaí sin a sholáthar ar líne freisin.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an clárú ar líne i gcrích laistigh de thréimhse cúig lá oibre ón dáta is déanaí de na dátaí seo a leanas:

(a)an tráth a gheobhaidh údarás inniúil na doiciméid agus an fhaisnéis riachtanach uile nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a gheobhaidh duine nó comhlacht arna shainordú faoin dlí náisiúnta chun an tiarratas a thíolacadh chun cuideachta a chlárú iad;

(b)an tráth a íocfar táille chlárúcháin, an tráth a dhéanfar íocaíocht in airgead tirim le haghaidh scairchaipitil nó, i gcás inar gá íocaíocht le haghaidh an scairchaipitil a sholáthar trí ranníocaíocht chomhchineáil, dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra láithreach don iarratasóir maidir leis na cúiseanna atá le haon mhoill, más rud é, in imthosca eisceachtúla a mbeidh údar cuí leo, nach mbeifí in ann an teorainn ama sin a chomhlíonadh.

Airteagal 13g
Teimpléid chun cuideachtaí a chlárú

1.Cuirfidh na Ballstáit teimpléid ar fáil ar thairseacha clárúcháin nó ar shuíomhanna gréasáin atá mar chuid den Tairseach Aonair Dhigiteach le haghaidh na gcineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIA. Féadfaidh na Ballstáit teimpléid a chur ar fáil ar líne freisin chun na cineálacha cuideachtaí sin a liostaítear in Iarscríbhinn II seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn IIA a chlárú.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh iarratasóirí na teimpléid, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a úsáid mar chuid den nós imeachta clárúcháin ar líne, dá dtagraítear in Airteagal 13f. Más rud é go núsáidfidh an tiarratasóir na teimpléid sin i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 13f(4), i gcás inarb infheidhme, measfar go mbeidh an ceanglas a bhaineann le hionstraimí comhdhéanamh na cuideachta a dhréachtú agus a dheimhniú i bhfoirm chuí dhlíthiúil a leagtar síos in Airteagal 10, measfar go mbeidh sé á chomhlíonadh.

3.Ní mór do na Ballstáit na teimpléid a chur ar fáil ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi.

4.Déanfar inneachar na dteimpléad a rialáil leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 13h
Stiúrthóirí dícháilithe

1.Más rud é go leagfaidh na Ballstáit rialacha síos a bhaineann le dícháiliú stiúrthóirí, dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 13f(4), féadfaidh an clár inar gá an chuideachta a chlárú, trí chóras idirnascadh na gclár dá dtagraítear in Airteagal 22, deimhniú a iarraidh ó chláir na mBallstáit eile maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an duine atá le ceapadh ina stiúrthóir ar an gcuideachta dícháilithe i láthair na huaire chun gníomhú mar stiúrthóir sna Ballstáit eile sin. Chun críche an Airteagail seo, áiritheofar ar na stiúrthóirí na daoine uile dá dtagraítear in Airteagal 14(d).

2.Déanfaidh na Ballstáit na socruithe is gá chun a áirithiú gur féidir lena gcláir, trí mheán an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar agus an tréimhse ar ina leith atá aon dícháiliú i bhfeidhm a thabhairt freisin. Soláthrófar an fhaisnéis sin chun críche clárú agus féadfaidh na Ballstáit na forais dícháilithe a sholáthar freisin.

3.Féadfaidh na Ballstáit diúltú duine a cheapadh ina stiúrthóir ar chuideachta i gcás ina mbeidh an duine sin dícháilithe i láthair na huaire ó ghníomhú mar stiúrthóir i mBallstát eile.

4.Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 mutatis mutandis i gcás ina gcomhdóidh cuideachta faisnéis faoi cheapadh stiúrthóra nua sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16.

Airteagal 13i
Comhdú ar líne arna dhéanamh ag cuideachtaí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cuideachtaí in ann na doiciméid agus an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 14 a chomhdú ar líne, lena náirítear aon mhodhnú orthu, leis an gclár laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear le dlíthe an Bhallstáit ina bhfuil cuideachta le clárú. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an comhdú sin a chur i gcrích go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar an iarratasóir, ná ar a ionadaí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil ná os comhair aon duine ná comhlacht eile a bheidh ag déileáil leis an gcomhdú ar líne, faoi réir an choinníll a leagtar síos in Airteagal 13b(4).

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar tionscnamh agus sláine na ndoiciméad arna gcomhdú ar líne a fhíorú go leictreonach.

2.Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfaidh cuideachtaí áirithe nó na cuideachtaí uile cuid de na doiciméid agus den fhaisnéis nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 a chomhdú ar líne.”;

(6)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

Airteagal 16
Nochtadh sa chlár

1.I ngach Ballstát, osclófar comhad i gclár lárnach, tráchtála nó cuideachtaí (‘an clár’), le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá cláraithe ann.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aitheantóir uathúil ag cuideachtaí lena bhféadfar iad a aithint gan iomrall sa chumarsáid a dhéanfar idir cláir trí chóras idirnascadh na gclár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 22 (‘córas idirnascadh na gclár’). Beidh san aitheantóir uathúil sin, ar a laghad, eilimintí lena mbeifear in ann Ballstát an chláir a shainaithint, mar aon leis an gclár tionscnaimh intíre agus an uimhir chuideachta sa chlár sin agus, i gcás inarb iomchuí, gnéithe chun earráidí sainaitheanta a sheachaint.

2.Coimeádfar sa chomhad dá dtagraítear i mír 1 na doiciméid agus an fhaisnéis uile a cheanglaítear a nochtadh de bhun Airteagal 14, nó cuirfear isteach go díreach sa chlár iad agus déanfar ábhar na niontrálacha sa chlár a thaifeadadh sa chomhad.

Na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14, beag beann ar an modh ar a ndéanfar iad a chomhdú, is i bhfoirm leictreonach a choimeádfar sa chomhad nó a chuirfear isteach go díreach sa chlár iad. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an clár na doiciméid agus an fhaisnéis sin uile a comhdaíodh i bhfoirm pháipéir a iompú i bhfoirm leictreonach.

Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a comhdaíodh ar páipéar roimh an 31 Nollaig 2006, go niompóidh an clár iad i bhfoirm leictreonach ar iarratas ar nochtadh a fháil le meán leictreonach.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na doiciméid agus an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 14, a nochtadh trína gcur ar fáil don phobal sa chlár. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a éileamh freisin go ndéanfar roinnt de na doiciméid agus den fhaisnéis nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile a fhoilsiú in iris náisiúnta arna hainmniú chun na críche sin. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an clár go ndéanfar na doiciméid agus an fhaisnéis sin a sheoladh go leictreonach leis an gchlár chuig an iris náisiúnta.

4.Ní fhéadfaidh an chuideachta brath ar na doiciméid ná ar an bhfaisnéis mar fhianaise i gcoinne tríú páirtithe ach amháin tar éis dóibh a bheith nochta i gcomhréir le mír 3, murar chruthaigh an chuideachta go raibh na tríú páirtithe ar an eolas faoi sin.

Mar sin féin, maidir le hidirbhearta a dhéanfar roimh an séú lá déag i ndiaidh an nochta, ní rachfar i muinín na ndoiciméad ná na faisnéise mar fhianaise i gcoinne tríú páirtithe a chruthaigh nárbh fhéidir go raibh siad ar an eolas fúthu.

5.Maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis uile arna soláthar d’údarás inniúil mar chuid de chuideachta nó de bhrainse a chlárú ar líne nó a chomhdú ar líne, áiritheoidh na Ballstáit go stórálfar iad sna cláir i bhformáid atá inléite ag meaisín agus inchuardaithe nó mar shonraí struchtúrtha.

(7)cuirtear isteach Airteagal 16a mar a leanas:

“Airteagal 16a
Rochtain ar fhaisnéis nochta

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cóipeanna de na doiciméid agus den fhaisnéis uile nó d’aon chuid díobh nó di, dá dtagraítear in Airteagal 14, go bhféadfar iad a fháil ón gclár ar iarratas a fháil agus go bhféadfar na hiarratais sin a thíolacadh don chlár ar páipéar nó le meán leictreonach.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhféadfar cineálacha nó codanna áirithe de na doiciméid agus den fhaisnéis, a comhdaíodh ar páipéar an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, a fháil le meán leictreonach i gcás ina mbeidh tréimhse shonraithe caite idir dáta an chomhdaithe agus dáta an iarratais. Ní bheidh tréimhse is gairide ná 10 mbliana i gceist le tréimhse shonraithe den sórt sin.

2.Ní bheidh an praghas ar chóip de na doiciméid agus den fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14 a fháil, nó cóip de chuid díobh nó di a fháil, níos airde ná an costas riaracháin a bhaineann leis sin, is cuma cé acu ar páipéar nó le meán leictreonach a thabharfar í.

3.Cóipeanna leictreonacha a sholáthrófar d’iarratasóir, déanfar iad a dheimhniú mar ‘cóipeanna dílse’ mura bhfágfaidh an tiarratasóir an deimhniú sin ar lár.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar sleachta leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis arna soláthar as an gclár a fhíordheimhniú le seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun a ráthú go mbeidh na sleachta leictreonacha soláthartha as an gclár agus gur cóip dhílis atá iontu den doiciméad a atá coinnithe sa chlár nó go bhfuil sé ag teacht leis an bhfaisnéis atá ann.”;

(8)leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Cuirfear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 ar fáil don phobal freisin trí chóras idirnascadh na gclár. Féadfaidh na Ballstáit na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur ar fáil do chineálacha cuideachtaí seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn II.”;

(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14, lena náiritear le haghaidh cineálacha cuideachtaí seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn II i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit na doiciméid sin ar fáil;”;

(9)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19
Na táillí a fhéadfar a ghearradh le haghaidh doiciméad agus faisnéise

1.Ní bheidh na táillí a ghearrfar chun na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a fháil trí chóras idirnascadh na gclár níos airde ná an costas riaracháin lena mbaineann.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sonraí seo a leanas ar fáil saor in aisce trí chóras idirnascadh na gclár:

(a)ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta;

(b)oifig chláraithe na cuideachta agus an Ballstát ina bhfuil sí cláraithe;

(c)uimhir chlárúcháin na cuideachta agus a EUID;

(d)sonraí faoi shuíomh gréasáin na cuideachta, i gcás inarb infheidhme;

(e)stádas dlíthiúil na cuideachta, amhail an tráth a dhúntar í, an tráth a bhaintear den chlár í, an tráth a dhéantar í a fhoirceannadh, an tráth a dhéantar í a dhíscaoileadh, an tráth atá sí gníomhach nó neamhghníomhach go heacnamaíoch mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta agus i gcás ina mbeidh fáil air sna cláir náisiúnta;

(f)cuspóir na cuideachta, i gcás ina mbeidh sé taifeadta sa chlár náisiúnta;

(g)líon fostaithe na cuideachta, i gcás ina mbeidh fáil air i ráitis airgeadais na cuideachta mar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta;

(h)ainm aon duine atá údaraithe ag an gcuideachta i láthair na huaire ionadaíocht a dhéanamh di ag déileáil le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla nó chun páirt a ghlacadh i riarachán, maoirseacht nó rialú a dhéanamh ar chuideachta, dá dtagraítear in Airteagal 14(d);

(i)faisnéis faoi aon bhrainse arna oscailt ag an gcuideachta i mBallstát eile lena náirítear ainm, uimhir chlárúcháin, EUID agus an Ballstát ina bhfuil an brainse cláraithe.

Féadfaidh na Ballstáit breis faisnéise agus doiciméad a chur ar fáil saor in aisce.”;

(10)leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 4:

“Féadfaidh an Coimisiún pointí roghnacha a bhunú freisin chun rochtain a fháil ar chóras idirnascadh na gclár. Is éard a bheidh i gceist leis na pointí rochtana sin córais a fhorbraíonn agus a oibríonn an Coimisiún nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chun a bhfeidhmeanna riaracháin a chomhlíonadh nó chun forálacha dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit gan moill míchuí faoi bhunú na bpointí rochtana sin agus faoi aon athruithe suntasacha ar a noibriú.”;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.    Déanfar rochtain ar fhaisnéis as córas idirnascadh na gclár a áirithiú tríd an tairseach agus trí na pointí rochtana roghnacha arna mbunú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún.”;

(11)leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d) an tsonraíocht theicniúil lena sainítear na modhanna chun faisnéis a mhalartú idir clár na cuideachta agus clár an bhrainse dá dtagraítear in Airteagal 20, i mír (4) agus i mír (6) d’Airteagal 28a, in Airteagal 28c, in Airteagal 30a agus in Airteagal 34;”,

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):

“(n) an nós imeachta agus na ceanglais theicniúla a bhaineann leis na pointí rochtana roghnacha ar an ardán a nascadh dá dtagraítear in Airteagal 22;”,

(c)cuirtear pointe (o) isteach mar a leanas:

“(o) an tsonraíocht theicniúil a bhaineann leis na modhanna chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13h a mhalartú idir cláir.”;

(12)i gCaibidil III de Theideal I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil ar Roinn 2:

“Rialacha maidir le clárú agus nochtadh is infheidhme maidir le brainsí cuideachtaí ó Bhallstáit eile”;

(13)i Roinn 2 de Chaibidil III de Theideal I, cuirtear Airteagal 28a, Airteagal 28b agus Airteagal 28c isteach mar a leanas:

“Airteagal 28a
Brainsí a chlárú ar líne

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar brainse cuideachta a ndéantar í a rialáil le dlí Ballstáit eile a chlárú go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar an iarratasóir, ná ar a ionadaí, teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil ná os comhair aon duine eile a bheidh ag déileáil leis an iarratas ar chlárú, faoi réir an choinníll a leagtar síos in Airteagal 13b(4).

2.Leagfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe síos chun brainsí a chlárú ar líne, lena náirítear rialacha maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a chur faoi bhráid údarás inniúil. Mar chuid de na rialacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an clárú ar líne a dhéanamh trí fhaisnéis nó doiciméid a thíolacadh i bhfoirm leictreonach, lena náirítear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16a(4), nó trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis nó as na doiciméid a tíolacadh do chlár roimhe sin.

3.Sna rialacha, dá dtagraítear i mír 2, déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)an nós imeachta chun inniúlacht dhíthiúil an iarratasóra agus an túdarás atá aige ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta a áirithiú;

(b)na modhanna chun céannacht an duine nó na ndaoine a bhfuil an brainse á chlárú acu a fhíorú nó na modhanna chun céannacht a ionadaí nó a nionadaithe a fhíorú.

4.Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis faoin gcuideachta a fhíorú le córas idirnascadh na gclár agus brainse cuideachta arna bunú i mBallstát eile á chlárú.

Ní chuirfidh na Ballstáit é de choinníoll le clárú brainse ar líne go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula gclárófar an brainse, ach amháin i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí áirithe a leagtar síos sa dlí náisiúnta a rialú go cuí.

5.Cuirfidh na Ballstáit clárú brainse ar líne i gcrích laistigh den tréimhse cúig lá oibre ón tráth a gheobhaidh údarás inniúil na doiciméid agus an fhaisnéis riachtanach uile nó, i gcás inarb infheidhme, ón tráth a gheobhaidh duine nó comhlacht arna shainordú faoin dlí náisiúnta chun iarratas ar chlárú a thíolacadh iad.

6.I ndiaidh brainse cuideachta arna bunú faoi dhlí Ballstáit eile a chlárú, tabharfaidh clár an Bhallstáit ina bhfuil an brainse sin cláraithe fógra don Bhallstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe á rá go ndearnadh an brainse a chlárú le córas idirnascadh na gclár. Admhóidh an Ballstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe go bhfuarthas an fógra sin agus déanfaidh sé an fhaisnéis a thaifeadadh ina chlár gan mhoill.

Airteagal 28b
Comhdú ar líne le haghaidh brainsí

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar na doiciméid agus an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 30, nó aon mhodhnú orthu, a chomhdú ar líne laistigh den tréimhse dá bhforáiltear le dlíthe na mBallstát ina bhfuil an brainse bunaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an comhdú sin a chur i gcrích go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar an iarratasóir, ná ar a ionadaí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil ná os comhair aon duine eile a bheidh ag déileáil leis an gcomhdú ar líne, faoi réir an choinníll a leagtar síos in Airteagal 13b(4).

Airteagal 28c
Dúnadh an bhrainse

Ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 30(1) a fháil, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an clár de chuid Ballstáit ina bhfuil brainse cuideachta cláraithe, le córas idirnascadh na gclár, an clár de chuid Ballstáit ina bhfuil an chuideachta cláraithe a chur ar an eolas gur dúnadh a brainse. Admhóidh clár Bhallstát na cuideachta go bhfuarthas an fógra sin, leis an gcóras sin freisin agus clárófar sa dá chlár an fhaisnéis sin, gach ceann ina chlár féin gan mhoill.”;

(14)cuirtear isteach Airteagal 30a mar a leanas:

“Airteagal 30a
Athruithe ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis na cuideachta

1.Tabharfaidh an Ballstát ina bhfuil cuideachta cláraithe fógra gan mhoill, le córas idirnascadh na gclár, don Bhallstát ina bhfuil brainse de chuid na cuideachta cláraithe, i gcás ina gcomhdófar athrú i leith aon cheann díobh seo a leanas:

(a)ainm na cuideachta;

(b)oifig chláraithe na cuideachta;

(c)uimhir chlárúcháin na cuideachta sa chlár;

(d)foirm dhlíthiúil na cuideachta;

(e)na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (f) d’Airteagal 14.

Ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil, admhóidh an clár ina bhfuil an brainse cláraithe, le córas idirnascadh na gclár, go bhfuarthas an fógra sin agus áiritheoidh sé go ndéanfar na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(1) a nuashonrú gan mhoill.”;

(15)cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 31:

“Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfar a mheas go bhfuil nochtadh éigeantach doiciméad cuntasaíochta dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 30(1) comhlíonta tríd an nochtadh i gclár an Bhallstáit ina bhfuil an chuideachta cláraithe i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 14.”;

(16)scriostar Airteagal 43.

(17)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 161:

“Airteagal 161
Cosaint sonraí

Beidh próiseáil aon sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs na Treorach seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679.”;

(18)cuirtear isteach Airteagal 162a a mar a leanas:

“Airteagal 162a
Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe ar na cineálacha cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta dá bhforáiltear ina ndlí náisiúnta lena ndéanfaí difear d’inneachar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA.

I gcás den sórt sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún an liosta de na cineálacha cuideachtaí atá in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA a oiriúnú de réir na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 163.”;

(19)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 163:

“Airteagal 163
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus in Airteagal 162a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm na treorach seo].

3.Féadfar Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus in Airteagal 162a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 25(3) agus Airteagal 162a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(20)in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú fleasc is fiche:

“—    An tSualainn:

publikt aktiebolag;”;

(21)in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú fleasc is fiche:

“—    An tSualainn:

privat aktiebolag

publikt aktiebolag;”;

(22)cuirtear Iarscríbhinn IIA isteach.

Airteagal 2
Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin ….[Iarrtar ar OP an dáta a shocrú an lá deiridh den mhí den 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun Airteagal 16(5) agus pointe (g) d’Airteagal 19(2) a chomhlíonadh faoin ….[Iarrtar ar OP an dáta a shocrú an lá deiridh den mhí den 60 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí.

2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

3.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3
Tuairisciú agus athbhreithniú

1.Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis [Iarrtar ar OP dáta deiridh thréimhse thrasuí na Treorach seo a chur isteach], meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé Tuarascáil faoi na torthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun an tuarascáil a ullmhú, déanfaidh na Ballstáit í a thabhairt don Choimisiún, is é sin, trí shonraí faoin líon clárúchán ar líne agus faoi chostais ghaolmhara a sholáthar.

2.Déanfar meastóireacht ar na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, sa tuarascáil ón gCoimisiún:

(a)an gá atá leis na cineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a sholáthar go hiomlán ar líne agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh;

(b)an gá atá le teimpléid ó na Ballstáit a sholáthar le haghaidh gach cineáil cuideachta faoi dhliteanas teoranta agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh agus an gá atá le teimpléad comhchuibhithe a sholáthar ar fud an Aontais lena úsáid ag na Ballstáit uile i gcomhair na gcineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIA agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh;

(c)na modhanna a bhaineann le comhdú ar líne agus rochtain ar líne, lena náirítear comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár a úsáid;

(d)an gá atá le níos mó faisnéise ná mar a leagtar síos in Airteagal 19(2) a chur ar fáil saor in aisce agus an gá atá le rochtain neamhualaithe ar an bhfaisnéis sin a áirithiú agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh;

(e)an gá atá le prionsabal na haonuaire a chur i bhfeidhm tuilleadh agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh.

3.Beidh ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, tograí chun Treoir (AE) 2017/1132 a leasú.

Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5
Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2015) 192 final.
(2)    COM(2016) 179 final.
(3)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 - COM(2017)256.
(4)    European Parliament resolution of 16 May 2017 on the EU eGovernment Action Plan 2016-2020 [Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Bealtaine 2017 maidir le Plean Gníomhaíochta ríomh-Rialtas AE 2016-2020]; (2016/2273(INI)).
(5)    Conclúidí ón gComhairle maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair, 6197/15, 2-3 Márta 2015.
(6)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on the Mid-Term Review on the implementation of the Digital Single Market Strategy - A Connected Digital Single Market for All. [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Athbhreithniú Meántéarma ar chur chun feidhme na Straitéise maidir le Margadh Aonair Digiteach - Margadh Aonair Digiteach Nasctha do Chách] (- COM/2017/0228 final).
(7)    Síníodh an Tallinn Declaration on eGovernment [Dearbhú Taillinn maidir le ríomh-Rialtas] ag an gcruinniú aireachta le linn Uachtaránacht na hEastóine ar Chomhairle AE an 6 Deireadh Fómhair 2017.
(8)    COM(2016) 710 final.
(9)    Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(10)    Déantar tagairt i ndlí cuideachtaí AE do chláir gnólachtaí mar “cláir lárnacha, tráchtála nó cuideachtaí” (féach Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132).
(11)    Cumhdaítear ainm na cuideachta, an seoladh cláraithe, an fhoirm dhlíthiúil agus uimhir chlárúcháin na cuideachta sa tacar coiteann sonraí atá saor in aisce.
(12)    Mar shampla, tógann sé 5 lá in Éirinn clárú ar líne seachas 10-15 lá clárú ar páipéar agus níl ach leath na gcostas a bhaineann le clárú ar páipéar i gceist le clárú ar líne. Mar an gcéanna, is tapúla i bhfad clárú ar líne san Fhionlainn, sa Ríocht Aontaithe agus san Eastóin agus níl an méid céanna costas ag baint leis.
(13)    Féach Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le Treoir 96/71/CE a fhorfheidhmiú maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘Rialachán IMI’) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).
(14)    Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir córais slándála sóisialta a chomhordú agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (COM(2016)815 final) a chur chun feidhme.
(15)    Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil, COM(2017)281 final.
(16)    Féach mar shampla an Communication from the Commission to the European Parliament, the Council and the European Economic and Social Committee on the follow-up to the Action Plan on VAT Towards a single EU VAT area - Time to act [an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an bPlean Gníomhaíochta leantach i ndáil le CBT I dtreo Limistéar CBL aonair in AE – An tam gníomhú] COM(2017) 566 final.
(17)    Déantar foráil inti maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach faoi réamhrialuithe cánach agus réamhshocruithe praghsála idir na Ballstáit, Treoir (AE) 2015/2376 an 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach i réimse an chánachais (IO L. 332, 18.12.2015, lch. 1).
(18)    Déantar foráil inti maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach ó thaobh tuairisciú de réir tíre de a dhéanann fiontair ilnáisiúnta, Treoir (AE) 2016/881 an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach i réimse an chánachais (IO L. 146, 3.6.2016, lch. 8).
(19)     Leagtar rialacha síos inti i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn éifeacht dhíreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh , lena náirítear forálacha maidir le cáin scuchta chun cosc a chur ar chuideachtaí cáin a sheachaint agus sócmhainní á nathshuí acu, Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn éifeacht dhíreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L. 193, 19.7.2016, lch. 1).
(20)    COM(2017) 335 final.
(21)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions: Upgrading the Single Market: more opportunities for people and business [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí] - COM/2015/550 final.
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbhearta sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE.
(23)    Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.
(24)    Féach Iarscríbhinn II chun breis sonraí a fháil: Comhairliúchán na bpáirtithe leasmhara sa Mheasúnú Tionchair.
(25)    An Sainghrúpa Neamhfhoirmiúil um Dhlí na gCuideachtaí, Report on digitalisation in company law , Márta 2016. https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/icleg-report-on-digitalisation-24-march-2016_en.pdf
(26)    Study On Digitalisation Of Company Law, Everis 2017 agus Assessment of the impacts of using digital tools in the context of cross-border company operations, Optimity Advisors agus Tipik Legal, 2017.
(27)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus le tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir le LEE.
(28)    IO C , ,, , lch. ..
(29)    Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(30)    COM(2015) 192 final an 6 Bealtaine 2015.
(31)    COM(2016) 179 final an 19 Aibreán 2016.
(32)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(33)    Rialachán […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear tairseach aonair dhigiteach chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.
(34)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(35)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(36)    IO L 123, 12.5.2016, lch.1.
(37)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(38)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(39)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(40)    IO L 123, 12.5. 2016, lch. 1.
Top

An Bhruiséil,25.4.2018

COM(2018) 239 final

IARSCRÍBHINN

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí

{SWD(2018) 141 final}

{SWD(2018) 142 final}


IARSCRÍBHINN IIA

NA CINEÁLACHA CUIDEACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 13, 13e, 13g, agus 162a

       An Bheilg:

société privée à responsabilité limitée/besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid, 

société privée à responsabilité limitée unipersonnelle/Eenpersoons besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid;

       An Bhulgáir:

дружество с ограничена отговорност

еднолично дружество с ограничена отговорност

       Poblacht na Seice:

společnost s ručením omezeným;

       An Danmhairg:

Anpartsselskab;

       An Ghearmáin:

Gesellschaft mit beschränkter Haftung;

       An Eastóin:

osaühing;

       Éire:

private company limited by shares or by guarantee/cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna nó ráthaíochta, 

designated activity company/cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe;

       An Ghréig:

εταιρεία περιορισμένης ευθύνης,

ιδιωτική κεφαλαιουχική εταιρεία;

       An Spáinn:

sociedad de responsabilidad limitada;

       An Fhrainc:

société à responsabilité limitée,

entreprise unipersonnelle à responsabilité limitée,

société par actions simplifiée,

société par actions simplifiée unipersonnelle;

       An Chróit:

društvo s ograničenom odgovornošću,

društvo s ograničenom odgovornošću,

       An Iodáil:

società a responsabilità limitata, 

società a responsabilità limitata semplificata;

       An Chipir:

ιδιωτική εταιρεία περιορισμένης ευθύνης με μετοχές ή/και με εγγύηση;

       An Laitvia:

sabiedrība ar ierobežotu atbildību;

       An Liotuáin:

uždaroji akcinė bendrovė;

       Lucsamburg:

société à responsabilité limitée;

       An Ungáir:

korlátolt felelősségű társaság;

       Málta:

private limited liability company/kumpannija privata;

       An Ísiltír:

besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid;

       An Ostair:

Gesellschaft mit beschränkter Haftung;

       An Pholainn:

spółka z ograniczoną odpowiedzialnością;

       An Phortaingéil:

sociedade por quotas;

       An Rómáin:

societate cu răspundere limitată;

       An tSlóivéin:

družba z omejeno odgovornostjo;

       An tSlóvaic:

spoločnosť s ručením obmedzeným;

       An Fhionlainn:

yksityinen osakeyhtiö/privat aktiebolag;

       An tSualainn:

privat aktiebolag; 

       An Ríocht Aontaithe:

Private Limited by shares or guarantee

Top