AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.4.2018
COM(2018) 229 final
2018/0109(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus Rialachán (AE) 2017/2107
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 (an "bun-Rialachán"), a áirithiú go ndéanfar beo-acmhainní bitheolaíocha na farraige a shaothrú ar chaoi a chothófar inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta.
Le Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle, d’fhormheas an tAontas Eorpach Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ina bhfuil, inter alia, prionsabail agus rialacha i dtaca le beo-acmhainní bitheolaíocha na farraige a chaomhnú agus a bhainistiú. Faoi chuimsiú na noibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta stoic éisc a chaomhnú.
De bhun Chinneadh 86/238/CEE ón gComhairle, is páirtí conarthach an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú ("Coinbhinsiún ICCAT") ón 14 Samhain 1997.
Déantar foráil le Coinbhinsiún ICCAT do chreat le haghaidh comhar réigiúnach i ndáil le caomhnú agus bainistiú tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird tríd an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) a bhunú.
Tá an túdarás ag ICCAT cinntí éigeantacha (moltaí) a ghlacadh maidir le caomhnú agus bainistiú iascaigh atá faoina chúram, agus tá na cinntí sin ceangailteach ar na páirtithe conarthacha. Is ar na páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún ICCAT go háirithe a bhíonn na moltaí sin dírithe, ach cuireann siad oibleagáidí ar oibreoirí príobháideacha (e.g. máistrí soithigh) chomh maith. Tagann moltaí ICCAT i bhfeidhm sé mhí tar éis a nglactha agus, i gcás an Aontais, ní mór iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais a luaithe is féidir.
Ag an gcruinniú bliantúil in 2016 in Vilamoura (an Phortaingéil), thug páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha (CPCanna) ICCAT céim mhór ar aghaidh chun aghaidh a thabhairt ar cás mórphráinne an cholgáin Mheánmhuirí (Xiphias gladius) trí phlean téarnaimh 15 bliana a ghlacadh i Moladh ICCAT 16-05. Leis an moladh, leagtar síos rialacha maidir le stoc an cholgáin Mheánmhuirí a chaomhnú, a bhainistiú agus a rialú chun go ndéanfar bithmhais a bhaint amach a chomhfhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe faoi 2031, agus dóchúlacht de 60% ar a laghad ann go mbainfear an cuspóir sin amach.
Dhearbhaigh an tAontas Eorpach, i litir a seoladh chuig Rúnaíocht ICCAT i Nollaig 2016, gur cuireadh Moladh ICCAT 16-05 chun feidhme amhail ón 1 Eanáir 2017.
Is é is cuspóir don mholadh seo go ndéanfar Moladh ICCAT 16-05 a thrasuí i ndlí an Aontais Eorpaigh chun a oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus chun deimhneacht dlí maidir le rialacha agus oibleagáidí a thabhairt d'oibreoirí.
Ceanglaítear le Moladh ICCAT 16-05, lena mbunaítear plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí, na colgáin a aschur nó a scaoileadh saor i gcúinsí áirithe. Chun go mbeidh a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta faoin ICCAT á gcomhlíonadh ag an Aontas, foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/191 do mhaoluithe ón oibleagáid gabhálacha colgán Meánmhuirí a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, an Rialachán seo lena mbunaítear plean téarnaimh don cholgán Meánmhuirí, ní gá dó na hoibleagáidí sin a chumhdach maidir leis an gcolgán a chur ar ais san fharraige ná a scaoileadh saor agus beidh sé gan dochar do na forálacha comhfhreagracha de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/191.
Luaitear in Airteagal 15(2) den bhun-Rialachán gur cheart go gcuirfí an oibleagáid chun feidhme gabhálacha a thabhairt i dtír gan dochar d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na hoibleagáidí idirnáisiúnta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, lena náirítear, go háirithe, maoluithe ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.
Leagtar síos le Moladh 16-05 ICCAT an oibleagáid gabhálacha colgán ar bord soithí, lena náirítear in iascaigh spóirt agus áineasa, a théann thar chuóta leithdháilte an tsoithigh, agus/nó thar uasmhéid na bhfoghabhálacha ceadaithe a aischur. Ní mór gabhálacha colgán Meánmhuirí atá ar bord soithí agus atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe a aischur, cé is moite de theorainn foghabhála ar leith a leag na Ballstáit síos ina bpleananna iascaireachta bliantúla.
Le Rialachán (AE) 2017/127 ón gComhairle socraítear don bhliain 2017 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Déantar na deiseanna iascaireachta sin a leasú roinnt uaireanta, de ghnáth, le linn iad a bheith i bhfeidhm.
Tar éis Moladh ICCAT 16-05 a ghlacadh, socraíodh 10 500 tona mar ghabháil iomlán incheadaithe (“TAC”) do cholgáin Mheánmhuirí. Ní dhearna ICCAT an TAC a leithdháileadh, áfach, ar na CPCanna agus, dá bhrí sin, ní raibh sciar an Aontais cinnte ag tráth foilsithe Rialachán (AE) 2017/127 ón gComhairle. Bhí ICCAT le meitheal a thionól chun scéim atá cóir cothrom a shainiú le haghaidh an TAC do cholgáin Mheánmhuirí a leithdháileadh, agus cuóta a bhunú do na CPCanna le haghaidh 2017.
Tháinig an mheitheal le chéile i Maidrid ón 20 go dtí an 22 Feabhra 2017 agus tháinig na páirtithe ar chomhaontú chun an cuóta a leithdháileadh le haghaidh 2017 agus thángthas ar chomhréiteach chun glacadh an chuóta le haghaidh 2017 a bhainistiú.
Dá bhrí sin, ba thábhachtach an rud é Rialachán (AE) 2017/127 a leasú chun deimhneacht dlí a thabhairt d’oibreoirí maidir le cainníochtaí colgán Meánmhuirí a d’fhéadfaidís a ghabháil in 2017 agus limistéir a bhunú ina mbeidh teorainneacha maidir le gabhálacha i bhfeidhm. Rinneadh sin le Rialachán (AE) 2017/1398 ón gComhairle.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is le bearta teicniúla amháin faoi Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir a rinneadh na colgáin Mheánmhuirí a rialáil, agus níos déanaí le hAirteagal 20 go hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle.
Le linn na caibidlíochta bhí seasamh an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le cuspóirí Airteagail 2(2), 28(1) agus (2), 29 agus 33 den bhun-Rialachán.
Tá na bearta a glacadh de bhíthin Mholadh 16-05 ICCAT, agus a thrasuitear leis an Rialachán seo, níos sriantaí agus níos beaichte ná na bearta sin atá i bhfeidhm cheana (féach thuas) ionas gur féidir leis na stoic téarnamh. D’fhéadfaí achoimre a dhéanamh ar na príomhdhifríochtaí mar seo a leanas:
a) Íosmhéid tagartha chaomhnaithe: Sainítear in Airteagal 11 den Rialachán seo go bhfuil an íosmhéid tagartha chaomhnaithe faoi 100 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill, nó go bhfuil an íosmhéid faoi bhun 11,4 kg de mheáchan slánaithe, nó faoi bhun 10,2 kg de mheáchan geolbhaithe agus glanta. Dá bhrí sin, tá sé níos sriantaí ná Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/2107 lena sainítear go bhfuil an íosmhéid 90 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill, nó, de rogha air sin, go bhfuil sí faoi bhun 10 kg meáchan slánaithe nó 9 kg meáchan geolbhaithe agus glanta, nó 7,5 kg cóirithe (geolbhaithe, glanta, eití bainte, cuid den chloigeann bainte);
b) An líon uasta duán: Leagtar amach in Airteagal 14 den Rialachán seo go socrófar gur 2 500 duán an líon uasta duán is ceadmhach a chur nó a ghlacadh ar bord soithí atá ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí. Dá bhrí sin, tá sé níos sriantaí ná Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2017/2107 lena sainítear "de mhaolú ar Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle, socrófar gur 2 800 duán an líon uasta duán is ceadmhach a chur nó a ghlacadh ar bord soithí atá ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí";
c) Tréimhse iaimh: Tá an tréimhse iaimh ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta gach bliain glactha cheana le Rialachán (AE) 2017/1398 ón gComhairle an 25 Iúil 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/127 maidir le deiseanna áirithe iascaireachta agus le Rialachán (AE) 2018/120 ón gComhairle an 23 Eanáir 2018, lena socraítear don bhliain 2018 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Dá bhrí sin, ní bheidh na tréimhsí iaimh ná na tréimhsí iaimh a shainítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/2107 bailí a thuilleadh;
d) Rinneadh an sainmhíniú ar TAC agus leithdháileadh an chuóta a thrasuí cheana in 2017 agus tá siad san áireamh anois i Rialachán (AE) 2018/120 ón gComhairle an 23 Eanáir 2018, lena socraítear don bhliain 2018 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Dá bhrí sin, ní gá trasuí na ndeiseanna iascaireachta a chur san áireamh anseo.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Le Moladh ICCAT 16-05, arb é ábhar an trasuite seo é, léirítear go soiléir i mír 1 den téacs sin go gcuirfidh páirtithe conarthacha a raibh soithí ag iascaireacht colgán sa Mheánmhuir go gníomhach plean téarnaimh 15 bliana chun feidhme agus cuirfear tús leis an bplean sin in 2017 agus leanfar leis go dtí 2031 arb é an cuspóir a bheidh leis go mbainfear amach BMSY a bhfuil dóchúlacht 60% ar a laghad aige. Tá an chosúlacht air go bhfuil cuspóir agus uastréimhse an phlean (2031) ag teacht salach ar chuspóir an Chomhbheartais Iascaigh go mbainfear amach ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe (FMSY) faoi 2020 ar a dhéanaí. Ina ainneoin sin, ba cheart roinnt eilimintí, i gcomhréir le hAirteagal 28(1) agus (2), Airteagal 29 agus Airteagal 33 den bhun-Rialachán, a chur san áireamh chun an maolú ar Airteagal 2 den bhun-Rialachán a spreagadh:
a) ní an tAontas Eorpach amháin atá ag déanamh saothrú ar an stoc ach bruachthíortha na Meánmhara freisin, a bhfuil iascaigh dá gcuid féin ag cuid de na tíortha sin (Maracó, an Ailgéir, an Túinéis agus an Tuirc) agus cuid eile a dhéanann gabhálacha de thaisme;
b) déanann an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), ar ceann de na 51 pháirtí chonarthacha é an tAontas Eorpach ann, an stoc a bhainistiú;
c) ba i Samhain 2016, tráth a rinne an Buanchoiste um Thaighde agus Staidreamh, comhlacht eolaíoch ICCAT, cur i láthair ar an measúnú a rinneadh ar an stoc, a moladh plean téarnaimh;
d) i ngeall ar dhinimic lín agus patrún saothraithe an speicis seo, ní bheifear in ann an bhithmhais a théarnamh as seo go dtí 2020 agus moltar tréimhse níos faide de 15 bliana a socraíodh de bharr na comhairle eolaíche;
e) fiú amháin dá gcuirfí na bearta is déine amach i bhfeidhm ar fhlít an Aontais Eorpaigh, .i.e. iamh iomlán an iascaigh, ní fhéadfaí na leibhéil bhithmhaise a bheadh in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh a bhaint amach faoi 2020 ar a dhéanaí;
f) ghlac ICCAT plean téarnaimh roimhe seo agus rinneadh é a thrasuí i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Ba é sin an plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bunaíodh in 2006 le Moladh ICCAT 06-05 a bhfuil tréimhse 15 bliana luaite leis freisin (suas go dtí 2022). Chuir an tAontas Eorpach an plean téarnaimh seo chun feidhme le Rialachán (AE) 2016/1627. I bhfianaise na comhairle eolaíche is déanaí ón mBuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh, comhaontaíodh cheana féin in 2017 nach raibh gá a thuilleadh le bearta an phlean téarnaimh (cúig bliana roimh an dáta a socraíodh chun an cuspóir ó thaobh na bithmhaise de a bhaint amach).
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2) CFAE ina leagtar amach na forálacha is gá chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach.
•
Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiatach)
Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3(1)(d) CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Maidir le hiascaigh na gcolgán Meánmhuirí a bhainistiú, agus go háirithe na rialacha agus na hoibleagáidí go léir den phlean téarnaimh arna bhformheas ag ICCAT, áiritheofar leis an togra go mbeidh dlí an Aontais i gcomhréir lena chuid oibleagáidí idirnáisiúnta agus go mbeidh an tAontas Eorpach ag comhlíonadh na gcinntí arna ndéanamh ag na heagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh ina bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí conarthach. Déanfar sin gan níos mó ná mar a bhfuil gá leis a dhéanamh chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Tá an ionstraim atá beartaithe ina Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA GEALLSEALBHÓIRÍ AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní bhaineann sé le hábhar.
•Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí
Cuireadh an togra seo in iúl d’údaráis riaracháin na mBallstát i gcruinniú an Choiste um Iascach agus Dobharshaothrú an 8 Meán Fómhair 2017. Cuireadh an togra seo in iúl don Chomhairle Chomhairleach don Mheánmhuir (MEDAC) i gcruinniú an 10 Deireadh Fómhair 2017.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Is é atá ann moladh a thrasuí a glacadh ar leibhéal ceann de na heagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh (ICCAT) agus tá sé i gcomhréir le comhairle eolaíoch arna soláthar ag Buanchoiste ICCAT um Thaighde agus Staidreamh.
•Measúnú tionchair
Ní bhaineann sé le hábhar. Is é atá ann moladh a thrasuí atá infheidhme go díreach maidir leis na Ballstáit.
•Ar bhealach amháin, comhlíontar leis an togra seo cuspóirí simplithe chlár REFIT trí tharchur sonraí chun críocha acmhainní dílse OIN a shioncrónú le tarchur sonraí chun críocha cuntasaíochta náisiúnta eile.
Níl aon bhaint ag an togra seo le REFIT.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairtí ag an togra maidir le cearta bunúsacha saoránach a chosaint.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo.
5.
EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Scríobh an tAontas Eorpach chuig Rúnaíocht ICCAT ag tabhairt le fios go bhfuil an tAontas ag cur Moladh ICCAT 16-05 i bhfeidhm ó rinneadh é a thrasuí an 1 Eanáir 2017.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
a) Maolú ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír
Luaitear in Airteagal 15(2) den bhun-Rialachán gur cheart go gcuirfí an oibleagáid chun feidhme gabhálacha a thabhairt i dtír gan dochar d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na hoibleagáidí idirnáisiúnta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, lena náirítear, go háirithe, maoluithe ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.
Leagtar síos le Moladh 16-05 ICCAT an oibleagáid gabhálacha colgán ar bord soithí, lena náirítear in iascaigh spóirt agus áineasa, a théann thar chuóta leithdháilte an tsoithigh, agus/nó thar uasmhéid na bhfoghabhálacha ceadaithe a aischur. Ní mór gabhálacha colgán Meánmhuirí atá ar bord soithí agus atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe a aischur, cé is moite de theorainn foghabhála ar leith a leag na Ballstáit síos ina bpleananna iascaireachta bliantúla.
Ceadaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/191 ón gCoimisiún, lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 maidir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a chur chun feidhme, amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den bhun-Rialachán, colgáin Mheánmhuirí a aischur sna cásanna dá bhforáiltear i Moladh ICCAT 16-05.
b) Na deiseanna iascaireachta do 2017 agus 2018 a thrasuí
Le Rialachán (AE) 2017/127 ón gComhairle socraítear don bhliain 2017 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Déantar na deiseanna iascaireachta sin a leasú roinnt uaireanta, de ghnáth, le linn iad a bheith i bhfeidhm.
Tar éis Moladh ICCAT 16-05 a ghlacadh, socraíodh 10 500 tona mar ghabháil iomlán incheadaithe (“TAC”) do cholgáin Mheánmhuirí. Ní dhearna ICCAT an TAC a leithdháileadh, áfach, ar na CPCanna agus, dá bhrí sin, ní raibh sciar an Aontais cinnte ag tráth foilsithe Rialachán (AE) 2017/127 ón gComhairle. Bhí ICCAT le meitheal a thionól chun scéim atá cóir cothrom a shainiú le haghaidh an TAC do cholgáin Mheánmhuirí a leithdháileadh, agus cuóta a bhunú do na CPCanna le haghaidh 2017.
Tháinig an mheitheal le chéile i Maidrid ón 20 go dtí an 22 Feabhra 2017 agus tháinig na páirtithe ar chomhaontú chun an cuóta a leithdháileadh le haghaidh 2017 agus thángthas ar chomhréiteach chun glacadh an chuóta le haghaidh 2017 a bhainistiú.
Dá bhrí sin, ba thábhachtach an rud é Rialachán (AE) 2017/127 a leasú chun deimhneacht dlí a thabhairt d’oibreoirí maidir le cainníochtaí colgán Meánmhuirí a d’fhéadfaidís a ghabháil in 2017 agus limistéir a bhunú ina mbeidh teorainneacha maidir le gabhálacha i bhfeidhm. Rinneadh sin le Rialachán (AE) 2017/1398 ón gComhairle.
Rialachán (AE) 2018/120 ón gComhairle lena socraítear don bhliain 2018 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/127. De réir mhír 4 de Mholadh ICCAT 16-05, laghdaíodh TAC faoi 3% maidir le TAC a glacadh in 2017.
c) Cumhachtaí tarmligthe
Bunaítear le hAirteagal 34 den Rialachán seo liosta cuimsitheach de chásanna ina niarrtar cumhachtaí tarmligthe chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe rialta ar na moltaí a ghlacann ICCAT. D’fhéadfaí achoimre a dhéanamh mar seo a leanas ar na príomhchúiseanna a d’fhéadfadh an liosta cásanna a mhíniú ina niarrtar cumhachtaí tarmligthe:
Toisc go gcuirtear (go mbeidh) plean ar bun ar feadh 15 bliana, ní bhainfear an bhrí as sin nach ndéanfaidh na páirtithe conarthacha iarracht an bhithmhais a atógáil agus an stoc a thabhairt ar ais go leibhéil bhitheolaíocha shábháilte chomh luath agus is féidir, arb é is cuspóir a bheidh leis cuspóirí bitheolaíocha an phlean a bhaint amach chomh luath agus is féidir. Sa chomhthéacs sin, léirítear a bhuí leis an taithí gur gá na bearta a glacadh, go háirithe bearta teicniúla agus bearta rialaithe, gur gá iad a threisiú tar éis cúpla bliain, go háirithe nuair a léirítear sna treochtaí nach bhfuiltear gar do chuspóirí an téarnaimh a bhaint amach agus nach bhfuil an stoc éisc á atógáil ar an luas inmhianaithe. Dá bhrí sin, féadfar gur gá athruithe sonracha agus rialta a chur chun feidhme sa ghearrthéarma agus gur gá nós imeachta mear a iarraidh chun iad a ghlacadh;
Bunaithe ar an taithí maidir le pleananna téarnaimh, in ICCAT agus in áiteanna eile, is léir go ndéantar athruithe ar an téacs go measartha minic agus go bhfuil gá práinneach go leor leis na rialacha a theacht i bhfeidhm ina niomláine. Mar shampla, maidir leis an bplean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, athraíodh an téacs 6 huaire (2006, 2008, 2010, 2012, 2014 agus 2017) ó mhol ICCAT é in 2006.
2018/0109 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus Rialachán (AE) 2017/2107
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a áirithiú go ndéanfar beo-acmhainní bitheolaíocha mara a shaothrú ar bhealach a chruthóidh dálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.
(2)Is páirtí é an tAontas sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT).
(3)Ag an gcruinniú bliantúil in 2016 in Vilamoura (an Phortaingéil), d’aithin páirtithe conarthacha ICCAT agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha nó eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta (na CPCanna) go raibh gá le dul i ngleic le cás scáfar an cholgáin Mheánmhuirí (Xiphias gladius). Chun na críche sin, ghlac ICCAT plean téarnaimh ar cuireadh tús leis in 2017 agus a leanfaidh ar aghaidh go dtí 2031, i bhfianaise nach leor an bhitheolaíocht, an struchtúr ná an dinimic atá ag daonra stoc Meánmhuirí an cholgáin faoi láthair chun leibhéil bhithmhaise a bhaint amach sa ghearrthréimhse atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, fiú dá nglacfaí dianbhearta bainistíochta práinneacha (an tiascach a chosc go hiomlán). Ag a 20ú cruinniú speisialta, glacadh moladh ICCAT maidir leis an bplean téarnaimh, tar éis dó anailís a dhéanamh ar an gcomhairle eolaíoch ón mBuanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh (SCRS). Tháinig an Moladh sin 16-05 i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2017 agus tá sé ina cheangal ar an Aontas.
(4)Chuir an tAontas in iúl do Rúnaíocht ICATT i litir i Nollaig 2016 go raibh bearta áirithe i Moladh 16-05 le teacht i bhfeidhm in Eanáir 2017, go háirithe bearta i dtaca leis an tréimhse choiscthe atá socraithe ó 1 Eanáir go 31 Márta, agus i dtaca le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh iascaigh an cholgáin Mheánmhuirí. Ba cheart gach beart eile de chuid Mholadh 16-05 a bheith san áireamh i bplean téarnaimh an Aontais.
(5)De réir Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá seasamh an Aontais in eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh le bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chun a áirithiú go mbainisteofar acmhainní iascaigh i gcomhréir le cuspóirí CBI, go háirithe leis an gcuspóir maidir le stoic éisc a athbhunú nó a chothabháil os cionn leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, fiú má leantar den spriocdháta socraithe go dtí 2031, agus leis an gcuspóir maidir le dálaí a chur ar fáil le haghaidh tionscal gabhála agus próiseála iascaireachta agus le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta ar talamh atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh na heacnamaíochta de agus, ag an am céanna, i gcomhréir le hAirteagal 28(1) agus (2), Airteagal 29 agus Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena gcuirtear cothrom iomaíochta d’oibreoirí an Aontais chun cinn.
(6)Cuirtear san áireamh sa phlean téarnaimh sainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla trealamh agus teicnící iascaireachta. Le linn dó an plean téarnaimh a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit féachaint leis an méid seo a leanas a chur chun cinn: gníomhaíochtaí iascaireachta cósta agus úsáid trealamh agus teicnící iascaireachta atá roghnaitheach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, lena náirítear trealaimh agus teicnící a úsáidtear in iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála le haghaidh geilleagair áitiúla.
(7)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, bunaítear coincheap na níosmhéideanna tagartha caomhnaithe. D'fhonn an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart coincheap íosmhéideanna ICCAT a thrasuí i ndlí an Aontais mar íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.
(8)Ní mór aon cholgán Meánmhuirí a ghabhtar agus atá faoi bhun an íosmhéid tagartha a aischur de bhun phointe 17 de Mholadh 16-05 ICCAT, mura rud é go bhfuil siad laistigh de na teorainneacha foghabhála a leagann na Ballstáit síos ina bpleananna iascaireachta bliantúla. Chun go mbeidh a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta faoi ICCAT á gcomhlíonadh ag an Aontas, foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/191 do mhaoluithe ón oibleagáid gabhálacha colgán Meánmhuirí a thabhairt i dtír i gcomhréir le Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/191 déantar forálacha áirithe de Mholadh 16-05 ICCAT a chur chun feidhme lena leagtar síos an oibleagáid gabhálacha colgán ar bord soithí a théann thar a gcuóta leithdháilte agus/nó a nuasmhéid foghabhálacha ceadaithe a aischur. Áirítear soithí a bhíonn i mbun iascaireacht áineasa i raon feidhme an Rialacháin Tarmligthe.
(9)Ós rud é go gcuirfear Moladh 16-05 ICCAT chun feidhme leis an bplean téarnaimh, ba cheart na forálacha a bhaineann leis an gcolgán Meánmhuirí i Rialachán (AE) 2017/1207 a scriosadh.
(10)Roimhe seo tháinig fás rábach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta le sruthlíonta i dtaca le hiarracht iascaireachta agus le heaspa roghnaíochta leordhóthanaí. Ba bhaol tromchúiseach é fás neamhrialaithe na ngníomhaíochtaí sin don spriocspeiceas agus le Rialachán Uimh. 1239/98 ón gComhairle cuireadh cosc ar iad a úsáid chun éisc mhór-imirceacha, lena náirítear iascaigh colgán, a ghabháil.
(11)Chun comhlíonadh CBI a áirithiú, glacadh reachtaíocht de chuid an Aontais d'fhonn córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, ar cuid de an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN). Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, bunaítear córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe de chuid an Aontais ag a bhfuil cur chuige cuimsitheach agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile CBI a áirithiú. Le Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún, leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle, bunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Áirítear sna Rialacháin sin cheana féin roinnt beart a leagtar síos i Moladh 16-05 ICCAT. Dá bhrí sin, ní gá na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.
(12)Sna socruithe um chairtfhostú, is minic a bhíonn an caidreamh idir an túinéir, an cairtfhostóir agus an Stát brataí doiléir agus seachnaíonn roinnt iascairí NNN na rialuithe trí mhí-úsáid a bhaint as na socruithe le haghaidh cairtfhostú soithí iascaireachta. Toirmeasctar cairtfhostú faoi Rialachán (AE) 2016/1627 lena mbunaítear plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach agus sa Mheánmhuir. Dá bhrí sin, mar bheart coisctheach chun stoc atá ag téarnamh a chosaint agus ar mhaithe le comhsheasmhacht le dlí an Aontais, is iomchuí toirmeasc comhchosúil a ghlacadh sa phlean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí.
(13)Le reachtaíocht an Aontais, ba cheart moltaí ICCAT a chur chun feidhme d'fhonn iascairí an Aontais agus iascairí tríú tír a chur ar comhchéim agus chun a áirithiú gur féidir le gach duine glacadh leis na rialacha.
(14)D'fhonn leasuithe a dhéanfar amach anseo ar mholtaí ICCAT a chur chun feidhme gan mhoill i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, chomh maith leis na forálacha a liostaítear in Airteagal 34(1) den Rialachán seo, a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(15)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a chuir na Ballstáit isteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(16)Tá na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo gan dochar do mholtaí ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais amach anseo tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.
(17)Faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle, is 3 500 duán an líonta uasta duán is ceadmhach do shoithí atá ag díriú ar cholgáin a chur nó a thógáil ar bord, agus faoi Mholadh 16-05 ICCAT is 2 500 duán an líon uasta duán is ceadmhach. D’fhonn an Rialachán sin a chur chun feidhme go hiomchuí i ndlí an Aontais, is gá Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a leasú dá réir.
(18)Le Roinn 2 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos bearta teicniúla agus rialaithe áirithe maidir leis an gcolgán Meánmhuirí. Tá na bearta a glacadh de bhíthin Mholadh 16-05 ICCAT, agus a thrasuitear leis an Rialachán seo, níos sriantaí agus níos beaichte ionas gur féidir leis na stoic téarnamh. Dá bhrí sin, ba cheart Roinn 2 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2017/2107 a scriosadh agus ba cheart na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur ina háit.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha ginearálta maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí (Xiphias gladius), a mhol an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), ar cuireadh tús leis in 2017 agus a leanfaidh ar aghaidh go dtí 2031 ("an plean téarnaimh"), a chur chun feidhme ag an Aontas.
Airteagal 2
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
soithí iascaireachta de chuid an Aontais, agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa:
(i)a oibríonn i limistéar Choinbhinsiún ICCAT agus a bhíonn ag iascaireacht colgán sa Mheánmhuir;
nó
(ii)a thrasloingsíonn colgáin a ghabhtar sa Mheánmhuir, lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT freisin;
(b)
Tsoithí iascaireachta tríú tír agus soithí tríú tír a bhíonn i mbun iascaigh áineasa a oibríonn in uiscí an Aontais agus a bhíonn ag iascaireacht colgán sa Mheánmhuir;
(c)
Tsoithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt na mBallstát agus a mbíonn ar bord acu colgáin a gabhadh sa Mheánmhuir, nó táirgí iascaigh de thionscnamh colgán a gabhadh sa Mheánmhuir agus nár tugadh i dtír cheana nó nár trasloingsíodh i gcalafoirt cheana.
Airteagal 3
Cuspóir
De mhaolú ar mhír 2 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is é is cuspóir leis an Rialachán seo bithmhais colgán sa Mheánmhuir a bhaint amach a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe faoi 2031, agus dóchúlacht de 60% ar a laghad ann go mbainfear an cuspóir sin amach.
Airteagal 4
Gaol le dlí eile de chuid an Aontais
Tá feidhm ag forálacha an Rialacháin seo agus ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin seo a leanas, nó de mhaolú ar na Rialacháin sin, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh:
(1)Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú.
(2)Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú inbhuanaithe na gcabhlach seachtrach;
(3)Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT).
Airteagal 5
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn "soitheach iascaireachta" soitheach ar bith atá feistithe le haghaidh saothrú tráchtála a dhéanamh ar bheo-acmhainní bitheolaíocha na farraige;
(2)ciallaíonn“soitheach iascaireachta de chuid an Aontais” soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain air agus atá cláraithe san Aontas;
(3)ciallaíonn 'limistéar Choinbhinsiún ICCAT' uiscí uile an Aigéin Atlantaigh agus na farraigí máguaird
(4)ciallaíonn "an Mheánmhuir" uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5˚36' I;
(5)ciallaíonn "CPC" páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún ICCAT agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha nó eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta;
(6)ciallaíonn "údarú iascaireachta" údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;
(7)ciallaíonn "údarú iascaireachta speisialta" údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh le trealamh ar leith le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;
(8)ciallaíonn "deis iascaireachta" teidlíocht dhlíthiúil chainníochtaithe iascaireachta, arna léiriú i dtéarmaí gabhálacha agus/nó iarracht iascaireachta;
(9)ciallaíonn "stoc" acmhainn bhitheolaíoch farraige a tharlaíonn i limistéar bainistíochta ar leith;
(10)ciallaíonn "táirgí iascaigh" orgánaigh uisceacha a eascraíonn as gníomhaíocht iascaireachta ar bith, nó as táirgí a fhaightear uathu sin;
(11)ciallaíonn "ábhar muirí aischurtha" gabhálacha a chuirtear ar ais san fharraige;
(12)ciallaíonn "iascach áineasa" gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear beo-acmhainní bitheolaíocha farraige chun críocha áineasa, turasóireachta nó spóirt;
(13)ciallaíonn "sonraí an chórais um fhaireachán soithí" sonraí maidir le céannacht soithigh iascaireachta, suíomh geografach, dáta, am, cúrsa agus luas a tharchuirtear, le gléasanna rianaithe satailíte suiteáilte ar bord soithí iascaireachta, chuig ionad faireacháin iascaigh sa Bhallstát brataí;
(14)ciallaíonn "tabhairt i dtír" aon chainníocht táirgí iascaigh atá ar bord soithigh iascaireachta a dhíluchtú ar tír den chéad uair;
(15)ciallaíonn "trasloingsiú" na táirgí iascaigh go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soithigh a dhíluchtú chuig soitheach eile;
(16)ciallaíonn 'cairtfhostú’ socrú lena ndéanann oibreoir i mBallstát eile nó i dtríú tír conradh i leith soitheach iascaireachta atá faoi bhratach Ballstáit ar feadh tréimhse áirithe ama gan an bhratach a athrú;
(17)ciallaíonn “soitheach spiléir peiligeach mórscála” soitheach spiléir peiligeach ar mó ná 24 mhéadar a fhad iomlán;
(18)ciallaíonn "spiléir" trealamh iascaireachta atá déanta de phríomhdhorú ar a bhfuil cuid mhaith duán ar fhodhoruithe (snúdaí) a bhfuil a bhfad agus a spásáil ag brath ar an speiceas a bhfuiltear ag díriú air;
(19)ciallaíonn "duán" píosa de shreang cruach agus é lúbtha faobhraithe;
(20)ciallaíonn "slat agus ruaim" dorú ar shlat a núsáideann duánaithe í agus a chastar ar fhearas rothlaithe (roithleán) chun an ruaim a chasadh.
TEIDEAL II
BAINISTÍOCHT, BEARTA TEICNIÚLA CAOMHNAITHE AGUS RIALÚ
CAIBIDIL 1
Bearta Bainistíochta
Airteagal 6
Iarracht iascaireachta
1.Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh iarrachtaí iascaireachta soithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain acu i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh an cholgáin Mheánmhuirí atá ar fáil don Bhallstát sin.
2.Beidh toirmeasc ar aon chuóta nár baineadh feidhm as a thabhairt anonn.
Airteagal 7
Leithdháileadh deiseanna iascaireachta
1.I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena náirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch, agus féachfaidh siad le cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird á tabhairt acu ar iascaireacht thraidisiúnta agus iascaireacht ar mhionscála, agus le dreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a mbeidh trealamh iascaireachta roghnaitheach á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á núsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.
2.Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le foghabháil colgán laistigh dá chuóta colgán agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin nuair a chuirfidh sé a phlean iascaireachta ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 9. Áiritheofar leis an bhforáil sin go ndéanfar gach iasc marbh a asbhaint ón gcuóta.
Airteagal 8
Teorainneacha toillte
1.Beidh feidhm ag teorainn toillte de réir chineál trealaimh na soithí iascaireachta ar feadh thréimhse an phlean téarnaimh. Is le ceachtar de na bearta seo a leanas, cibé acu a mbeidh líon níos lú mar thoradh air, a theorannóidh na Ballstáit líon na soithí iascaireachta de réir cineál trealaimh a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a iascach:
(a)meánlíon bliantúil a gcuid soithí a rinne colgáin Mheánmhuirí a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar nó a thabhairt i dtír le linn na tréimhse ó 2013 go 2016;
nó
(b)líon a gcuid soithí iascaireachta a rinne colgáin Mheánmhuirí a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar nó a thabhairt i dtír in 2016.
2.Féadfaidh na Ballstáit lamháltas de 5% a chur i bhfeidhm ar an teorainn toillte dá dtagraítear i mír 1 ar feadh na mblianta 2018-2019.
3.Faoin 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar chun teorainn a chur le líon na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a iascach.
Airteagal 9
Pleananna iascaireachta bliantúla
1.Cuirfidh na Ballstáit a bpleananna iascaireachta faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meitheamh gach bliain. Beidh na pleananna sin i gcomhréir le Treoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach, agus áireofar sna pleananna sin faisnéis mhionsonraithe i dtaca leis an gcuóta don cholgán Meánmhuirí a leithdháiltear, de réir cineál trealaimh, ar iascaigh áineasa agus, i gcás inarb ábhartha, ar fhoghabhálacha san áireamh.
2.Cuirfidh an Coimisiún na pleananna dá dtagraítear i mír 1 le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhtháthú i bplean iascaireachta an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún plean iascaireachta an Aontais chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Márta gach bliain.
CAIBIDIL 2
Bearta Teicniúla Caomhnaithe
Roinn 1
Séasúir iascaireachta
Airteagal 10
Séasúir choiscthe le haghaidh iascaireachta
1.
Ní dhéanfar colgáin Mheánmhuirí a ghabháil (mar spriocspeiceas nó mar fhoghabháil), a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta gach bliain.
2.D’fhonn colgáin Mheánmhuirí a chosaint, cuirfear tréimhse choiscthe i bhfeidhm ar shoithí spiléir a bheidh ag díriú ar an tuinnín colgach sa Mheánmhuir (Thunnus alalunga) ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain gach bliain.
3.Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar éifeachtacht na dtréimhsí coiscthe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus, chun comhlíonadh na míreanna sin a áirithiú, cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir leis na rialuithe agus cigireachtaí iomchuí a rinneadh sa bhliain roimhe faoi bhráid an Choimisiúin ar a laghad dhá mhí agus 15 lá roimh chruinniú bliantúil ICCAT gach bliain. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT ar a laghad dhá mhí roimh chruinniú bliantúil ICCAT gach bliain.
Roinn 2
Íosmhéid tagartha caomhnaithe, gabháil de thaisme agus foghabháil
Airteagal 11
Íosmhéid tagartha caomhnaithe le haghaidh colgáin Mheánmhuirí
1.De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013, beidh toirmeasc ar na gabhálacha agus ar na foghabhálacha colgán seo a leanas a áireamh mar sprioc, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol nó a chur ar taispeántas nó a chur ar díol, fiú i gcás iascaigh áineasa:
(a)gabhálacha agus foghabhálacha níos lú ná 100 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill;
nó
(b)gabhálacha agus foghabhálacha níos lú ná 11,4 kg de mheáchan slánaithe, nó níos lú ná 10,2 kg de mheáchan geolbhaithe agus glanta.
2.Ní féidir ach eiseamail iomlána colgán a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír, a thrasloingsiú, nó a iompar tar éis teacht i dtír den chéad uair, is é sin le rá gan aon chuid sheachtrach de chorp an éisc a bheith bainte de nó gan aon eiseamal geolbhaithe agus glanta a bheith san áireamh.
Airteagal 12
Foghabhálacha de thaisme colgán faoi bhun an íosmhéid tagartha chaomhnaithe
In ainneoin mhír 1 d’Airteagal 11, féadfaidh soithí gabhála a bheidh ag déanamh iascaireacht ghníomhach colgán gabhálacha de thaisme colgán faoi bhun an íosmhéid tagartha chaomhnaithe a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a aistriú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a chur ar taispeántas nó a chur ar díol, ar choinníoll nach rachaidh na gabhálacha sin thar 5%, de réir meáchain nó líon na bpíosaí, de ghabháil iomlán colgán na soithí sin.
Airteagal 13
Foghabhálacha
1.Ag aon am tar éis oibríocht iascaireachta, ní rachaidh foghabhálacha colgán thar an ngabháil iomlán ar bord de réir meáchain nó líon na neiseamal a ghabhfar in iascaigh spiléir.
2.De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní choinneoidh soithí gabhála nach mbeidh ag déanamh iascaireacht ghníomhach colgán aon cholgán ar bord a rachaidh thar an teorainn foghabhála a bhunaíonn na Ballstáit ina bpleananna iascaireachta bliantúla le haghaidh na gabhála iomlána ar bord de réir meáchain nó líon na bpíosaí.
3. De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh toirmeasc ar níos mó ná aon cholgán amháin sa lá a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áineasa. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú agus a éascú go scaoilfear saor colgáin a ghabhfar beo i gcomhthéacs na hiascaireachta áineasa.
4.De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh an cuóta a leithdháiltear ar an mBallstát brataí ídithe, scaoilfear saor aon cholgán a gabhadh beo.
5.I gcás ina mbeidh an cuóta a leithdháiltear ar an mBallstát brataí ídithe, tabharfar colgáin mharbha i dtír slán agus neamhphróiseáilte, agus beidh siad faoi réir coigistiú agus na gníomhaíochta leantaí is iomchuí. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir le cainníocht colgán marbh den chineál sin ar fáil ar bhonn bliantúil don Choimisiún a chuirfidh ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT í, i gcomhréir le hAirteagal 21.
Roinn 3
Saintréithe teicniúla an trealaimh iascaireachta
Airteagal 14
Saintréithe teicniúla an trealaimh iascaireachta
1.Socrófar gur 2 500 duán an líon uasta duán is ceadmhach do shoithí iascaireachta atá ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí a chur nó a thógáil ar bord.
2.De mhaolú ar mhír 1, ceadófar 2 500 duán neamhrigeáilte ionaid sa bhreis ar bord soithí iascaireachta le haghaidh turas níos faide ná 2 lá.
3.Ní bheidh méid an duáin níos lú ná 7 cm ar airde.
4.Ní rachaidh fad na spiléar peiligeach thar 30 muirmhíle (55,56 km).
CAIBIDIL 3
Bearta Rialaithe
Roinn 1
Taifead ar shoithí
Airteagal 15
Údaruithe iascaireachta
1.Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta chun colgáin Mheánmhuirí a ghabháil chuig soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le:
(a)soithí iascaireachta atá ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí;
(b)soithí iascaireachta atá ag gabháil colgán Meánmhuirí mar fhoghabháil; agus
(c)soithí atá i mbun iascaigh áineasa.
2.Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta speisialta chuig soithí a bheidh ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí le spiléar peiligeach nó harpúin.
3.Ní údarófar ach soithí de chuid an Aontais, a áirítear i dtaifead ICCAT ar shoithí de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16 agus Airteagal 17, colgáin Mheánmhuirí a áireamh mar sprioc, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír.
4.Clárófar soithí iascaireachta mórscála atá údaraithe ag aon Bhallstát ar thaifead ICCAT ar shoithí iascaireachta mórscála atá níos mó ná 20 méadar ar fad san iomlán, atá le húdarú ag ICCAT tuinnín agus speicis atá cosúil le tuinnín a áireamh mar sprioc, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiu nó a thabhairt i dtír.
Airteagal 16
Faisnéis maidir le soithí atá údaraithe colgáin agus tuinníní colgacha a ghabháil sa bhliain reatha
1.Gach bliain cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach agus san fhormáid a leagtar síos i dTreoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach:
(a)faoin 1 Eanáir, an fhaisnéis maidir le soithí gabhála a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil, lena náirítear mar fhoghabháil agus i gcomhthéacs iascaigh áineasa. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Eanáir gach bliain.
(b)faoin 1 Márta, an fhaisnéis maidir le soithí gabhála a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe díriú ar thuinníní colgacha sa Mheánmhuir. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Márta gach bliain.
2.Áireofar san fhaisnéis maidir le soithí gabhála dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b) ainm an tsoithigh agus a uimhir ar chlár chabhlach an Aontais mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún maidir le clár chabhlach iascaireachta an Aontais.
3.Chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, laistigh de 30 lá ar a mhoille, faoi aon bhreisiúchán, aon scriosadh nó aon mhodhnú a dhéanfar ar an bhfaisnéis maidir le soithí gabhála dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht ICCAT ar an eolas faoi aon bhreisiúchán, aon scriosadh nó aon mhodhnú a dhéanfar ar an bhfaisnéis maidir leis na soithí gabhála sin laistigh de 45 lá ar a laghad.
4.I gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2017/2403, modhnóidh an Coimisiún le linn na bliana, más gá, an fhaisnéis maidir le soithí gabhála dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin faisnéis nuashonraithe a chur ar fáil do Rúnaíocht ICCAT.
Airteagal 17
Faisnéis eolaíoch maidir le soithí atá údaraithe díriú ar cholgáin Mheánmhuirí le harpúin nó spiléir pheiligeacha sa bhliain roimhe
1.Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach an fhaisnéis seo a leanas maidir le soithí gabhála a bhfuil a mbratach ar foluain acu a údaraíodh iascaireacht spiléir pheiligigh nó iascaireacht harpúin a dhéanamh ina ndíríodh ar cholgáin Mheánmhuirí le linn na bliana roimhe sin:
(a)ainm an tsoithigh (i gcás nach bhfuil ainm air, léireofar an uimhir chláraithe gan litreacha na tíre san áireamh);
(b)Uimhir chlár cabhlaigh an Aontais de réir mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún;
(c)uimhir thaifid ICCAT.
2.Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 isteach san fhormáid a leagtar síos sa leagan is déanaí de Threoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach.
3.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.
Roinn 2
Faireachán agus faireachas
Airteagal 18
Córas um fhaireachán soithí
1.Maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a áirítear i dtaifead ICCAT ar shoithí agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a iascach, agus soithí tríú tír atá níos mó ná 12 mhéadar ar fad san iomlán agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a iascach in uiscí an Aontais, suiteálfar ar bord na soithí sin gléas lánfheidhmiúil lena féidir an soitheach a aimsiú agus a shainaithint go huathoibríoch tríd an gcóras um fhaireachán soithí, trí bhíthin sonraí faoi shuíomh an tsoithigh a tharchur go tráthrialta, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009.
2.Chun críocha rialaithe, ní chuirfear isteach ar tharchur shonraí an chórais um fhaireachán soithí ó shoithí gabhála atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a iascach fad agus atá na soithí sin i gcalafort.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a nionaid faireacháin iascaigh na teachtaireachtaí ón gcóras um fhaireachán soithí a fuarthas ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig comhlacht a ainmneoidh sé i bhfíoram agus ag úsáid na formáide “fotha sonraí https”. Cuirfidh an Coimisiún na teachtaireachtaí sin ar aghaidh go leictreonach chuig Rúnaíocht ICCAT.
4.Áiritheoidh na Ballstáit:
(a)go ndéanfar teachtaireachtaí VMS ó shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach dhá uair ar a laghad[...];
(b)i gcás mífheidhm theicniúil ar an gcóras um fhaireachán soithí, go gcuirfear teachtaireachtaí malartacha, a fuarthas faoi Airteagal 25(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011, ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu ar aghaidh chuig an gCoimisiún laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh dá nionaid faireacháin iascaigh iad a fháil;
(c)go mbeidh uimhriú seicheamhach (le haitheantóir uathúil) ar gach teachtaireacht a chuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun dúbláil a sheachaint;
(d)go mbeidh teachtaireachtaí a chuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.
5.Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéileálfar go rúnda leis na teachtaireachtaí go léir a chuirfear ar fáil dá shoithí cigireachta agus go mbeidh siad teoranta d'oibríochtaí cigireachta ar muir.
Airteagal 19
Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a chairtfhostú
Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a chairtfhostú le haghaidh colgáin Mheánmhuirí a iascach.
Airteagal 20
Cláir breathnóirí náisiúnta ar shoithí spiléir pheiligigh
1.Cuirfidh gach Ballstát brataí ag a bhfuil cuóta colgán Meánmhuirí clár breathnóirí náisiúnta chun feidhme le haghaidh soithí spiléir pheiligigh a bheidh ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí i gcomhréir leis an Airteagal seo. Leis an gclár breathnóirí náisiúnta comhlíonfar na híoschaighdeáin a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
2.Áiritheoidh gach Ballstát lena mbaineann go nimlonnófar breathnóirí eolaíocha náisiúnta ar ar a laghad 20% de shoithí spiléir pheiligigh a bheidh ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí. Measfar an céatadán de réir laethanta iascaireachta, líon na gcur nó líon na dturas.
3.De mhaolú ar mhír 2, maidir le soithí faoi bhun 15 mhéadar ar fad san iomlán, i gcás ina bhfuil imní sábháilteachta neamhghnách ann a fhágann nach féidir breathnóir a imlonnú ar bord, féadfaidh Ballstát cur chuige malartach le haghaidh faireachán eolaíoch a úsáid. Le cur chuige malartach den chineál sin áiritheofar clúdach a bheidh ar aon dul leis an gcur chuige a shonraítear i mír 2, mar aon le bailiú comhchosúil sonraí. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann mionsonraí maidir leis an gcur chuige malartach faoi bhráid an Choimisiúin gan moill mhíchuí.
4.Cuirfidh an Coimisiún mionsonraí maidir leis an gcur chuige malartach dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh láithreach le go ndéanfar meastóireacht orthu. Beidh aon chur chuige malartach faoi réir fhormheas Choimisiún ICCAT ag cruinniú bliantúil ICCAT sula gcuirfear chun feidhme iad.
5.Déanfaidh na Ballstáit doiciméad aitheantais oifigiúil a eisiúint dá mbreathnóirí náisiúnta.
6.Chomh maith le cúraimí na mbreathnóirí eolaíocha a leagtar síos in Iarscríbhinn I, ceanglóidh na Ballstáit ar bhreathnóirí eolaíocha na sonraí seo a leanas maidir le colgáin Mheánmhuirí a mheasúnú agus a thuairisciú:
(a)líon neiseamal róbheag aischurtha;
(b)méid réigiún-sonrach agus aois aibíochta;
(c)úsáid gnáthóg chun comparáid a dhéanamh idir líonta na gcolgán atá ar fáil do na hiascaigh éagsúla, lena náirítear comparáid idir spiléir thraidisiúnta agus spiléir mhéisipheiligeacha;
(d)tionchar na niascach spiléir mhéisipheiligigh ar chomhdhéanamh gabhála, sraith na gabhála in aghaidh an aonaid iarrachta, méid-dáileadh na ngabhálacha; agus
(e)meastachán míosúil ar choibhneas na niasc sceitheach agus na niasc óg inghafa sna gabhálacha.
7.Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a bailíodh faoina gcláir breathnóirí eolaíocha náisiúnta ón mbliain roimhe chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.
Roinn 3
Gabhálacha a Rialú
Airteagal 21
Gabhálacha a thaifeadadh agus a thuairisciú
1.Coinneoidh an máistir ar gach soitheach atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil logleabhar iascaireachta i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus cuirfidh sé faisnéis an logleabhair faoi bhráid an Bhallstáit brataí.
2.Gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe ar na Ballstáit a bunaíodh i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha ráithiúla ar gach gabháil colgán Meánmhuirí a rinne soithí údaraithe a raibh a mbratach ar foluain acu chuig an gCoimisiún. Cuirfear na tuarascálacha ráithiúla sin 15 lá ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach ráithe (faoin 15 Aibreán, faoin 15 Iúil agus faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain agus faoin 15 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 30 Aibreán, faoin 30 Iúil agus faoin 30 Deireadh Fómhair gach bliain agus faoin 30 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin.
3.Chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhí údaraithe iascaireacht spiléir pheiligigh nó iascaireacht harpúin a dhéanamh inar díríodh ar cholgáin Mheánmhuirí le linn na bliana roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain:
(a)faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta, bunaithe ar shampláil nó ar an gcabhlach ar fad, lena náirítear:
tréimhse nó tréimhsí iascaireachta agus líon iomlán bliantúil laethanta iascaireachta an tsoithigh, de réir spriocspeicis agus limistéir;
(ii)
limistéir gheografacha, de réir dronuilleoga staitistiúla ICCAT, do na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann an soitheach, de réir spriocspeicis agus limistéir;
(iii)
cineál soithigh, de réir spriocspeicis agus limistéir;
(iv)
líon na nduán a úsáideann an soitheach, de réir spriocspeicis agus limistéir;
(v)
líon na naonad spiléir a úsáideann an soitheach, de réir spriocspeicis agus limistéir;
(vi)
fad iomlán na naonad spiléir don soitheach, de réir spriocspeicis agus limistéir.
(b)Sonraí faoi na gabhálacha, sa tréimhse ama-limistéar is lú is féidir, lena náirítear:
(i)
méid agus, más féidir, dáileadh aoise na ngabhálacha;
(ii)
gabhálacha agus comhdhéanamh gabhála in aghaidh an tsoithigh;
(iii)
iarracht iascaireachta (meánlíon laethanta iascaireachta in aghaidh an tsoithigh, meánlíon duán in aghaidh an tsoithigh, meánlíon aonad spiléir in aghaidh an tsoithigh, meánfhad iomlán spiléir in aghaidh an tsoithigh).
4.Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.
5.Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 isteach san fhormáid a leagtar síos sa leagan is déanaí de Threoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach.
Airteagal 22
Faisnéis maidir le hídiú cuótaí agus an tiascach a chosc
1.Gan dochar d’Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas gan mhoill nuair a mheastar gur baineadh amach 80% den chuóta a leithdháileadh ar chineál trealaimh.
2.Nuair a bhainfidh gabhálacha carntha colgán Meánmhuirí an tairseach 80% den chuóta náisiúnta amach, cuirfidh na Ballstáit bhrataí sonraí maidir leis na gabhálacha ar aghaidh chuig an gCoimisiún ar bhonn seachtainiúil.
Roinn 4
Tabhairt i dtír agus trasloingsithe
Airteagal 23
Calafoirt ainmnithe
1.Maidir le gabhálacha colgán Meánmhuirí, lena náirítear foghabhálacha agus colgáin Mheánmhuirí a ghabhtar i gcomhthéacs iascaigh áineasa gan aon chlib greamaithe ar gach píosa dá dtagraítear in Airteagal 30, ní thabharfar i dtír iad ach i gcalafoirt ainmnithe amháin.
2.Ainmneoidh gach Ballstát calafoirt ina dtabharfar na gabhálacha sin dá dtagraítear i mír 1 i dtír agus sonróidh siad na hamanna agus na hionaid ina gceadófar gabhálacha a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú, mar aon leis na nósanna imeachta cigireachta agus faireacháin is infheidhme sna calafoirt sin.
3.Faoin 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh na Ballstáit liosta calafort ainmnithe faoi bhráid an Choimisiúin. Faoin 1 Márta gach bliain, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT.
Airteagal 24
Réamhfhógra
1.Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é 12 mhéadar nó níos mó fad na soithí sin san iomlán, a áirítear sa liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo. Cuirfear an fógra réamhtheachta dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 chuig údarás inniúil an Bhallstáit, lena náirítear an Ballstát brataí, nó chuig an CPC a bhfuil sé i gceist acu úsáid a bhaint as a chalafoirt nó as a shaoráidí maidir le tabhairt i dtír.
2.Cuirfidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais, ar lú ná 12 mhéadar fad na soithí sin san iomlán agus a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 16, an fhaisnéis seo a leanas in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit, lena náirítear an Ballstát brataí, nó don CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó as a shaoráidí maidir le tabhairt i dtír, ar a laghad ceithre huaire an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach:
(a)an tam a mheastar a bhainfear an calafort amach;
(b)meastachán ar an gcainníocht colgán Meánmhuirí a coinníodh ar bord; agus
(c)an fhaisnéis maidir leis an limistéar geografach inar tógadh an ghabháil.
3.Coinneoidh údaráis Bhallstáit an chalafoirt taifead ar gach réamhfhógra a thugtar sa bhliain reatha.
Airteagal 25
Trasloingsithe
1.Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a mbíonn colgáin Mheánmhuirí á niompar ar bord acu agus iad ar muir trasloingsiú i ngach cúinse.
2.Gan dochar d’Airteagail 51, 52, 54 agus 57 de Rialachán (AE) 2017/2107, ní dhéanfaidh soithí iascaireachta colgáin Mheánmhuirí a thrasloingsiú ach i gcalafoirt ainmnithe amháin.
Roinn 5
Cigireachtaí
Airteagal 26
Pleananna cigireachta bliantúla
1.Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh na Ballstáit a bpleananna cigireachta bliantúla ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Leagfar na pleananna cigireachta amach i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)na cuspóirí, na tosaíochtaí, agus na nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta a leagadh síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/17 ón gCoimisiún; agus
(b)an clár gníomhaíochta náisiúnta um an gcolgán Meánmhuirí a rialú a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
2.Cuirfidh an Coimisiún na pleananna cigireachta náisiúnta le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhtháthú i bplean cigireachta an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún an plean sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT, le go bhformhuineoidh ICCAT é, maille leis na pleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9.
Airteagal 27
Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta
1.Déanfar gníomhaíochtaí comhchigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir le Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta (“Scéim ICCAT”) a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
2.Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta údaraithe colgáin Mheánmhuirí a iascach cigirí a shannadh agus cuirfear cigireachtaí ar muir ar bun faoi Scéim ICCAT. Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé cigirí de chuid an Aontais a shannadh do Scéim ICCAT.
3.I gcás ina mbeidh níos mó ná 50 soitheach iascaireachta faoi bhratach Ballstáit i mbun colgáin Mheánmhuirí a iascach i limistéar an Choinbhinsiúin sa Mheánmhuir ag aon tráth amháin, cuirfidh an Ballstát sin soitheach cigireachta amach chun críocha cigireachta agus rialaithe ar muir sa Mheánmhuir ar feadh na tréimhse a bheidh na soithí sin ann. Measfar go mbeidh an oibleagáid sin comhlíonta freisin i gcás ina gcomhoibreoidh Ballstáit le chéile chun soitheach cigireachta a chur amach nó i gcás ina ndéanfar soitheach cigireachta de chuid an Aontais a chur amach sa Mheánmhuir.
4.Comhordóidh an Coimisiún, nó comhlacht a ainmneoidh sé, na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta don Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit ábhartha, cláir chomhchigireachta a tharraingt suas le cur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoi scéim ICCAT a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun colgáin Mheánmhuirí a iascach na bearta is gá chun cur i bhfeidhm na gclár sin a éascú, go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí a úsáidfear na hacmhainní sin agus na limistéir gheografacha ina núsáidfear iad.
5.Faoin 1 Nollaig gach bliain, cuirfidh na Ballstáit ainmneacha na gcigirí agus na soithí cigireachta a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh do scéim ICCAT le linn na bliana ina dhiaidh sin in iúl don Choimisiún. I gcomhar leis na Ballstáit, bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis sin chun plean bliantúil maidir le rannpháirtíocht an Aontais i scéim ICCAT a tharraingt suas agus seolfaidh an Coimisiún an plean sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 1 Eanáir gach bliain.
Airteagal 28
Cigireachtaí i gcás sáruithe
1.Déanfaidh an Ballstát brataí an beart faoi mhír 2 den Airteagal seo más rud é go sáróidh soitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige forálacha an Rialacháin seo.
2.Áiritheoidh gach Ballstát brataí go ndéanfar cigireacht fhisiciúil faoina údarás ina chalafoirt nó go ndéanfaidh duine a bheidh ainmnithe aige é i gcás nach mbeidh soitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige i gceann dá chalafoirt.
CAIBIDIL 4
Iascaigh áineasa
Airteagal 29
Bearta bainistíochta
1.Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le cuóta le haghaidh iascaigh áineasa laistigh dá chuóta náisiúnta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin nuair a chuirfidh sé a phlean iascaireachta ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 9. Áiritheofar leis an bhforáil sin go ndéanfar gach iasc marbh a asbhaint ón gcuóta.
2.In iascaigh áineasa, beidh toirmeasc ar níos mó ná aon cholgán amháin sa lá a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.
3.Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú, a mhéid is féidir, go scaoilfear saor colgáin a ghabhfar beo i gcomhthéacs na hiascaireachta áineasa.
4.Beidh toirmeasc ar cholgáin Mheánmhuirí a ghabhfar in iascaigh áineasa a dhíol nó a mhargú ar dhóigh ar bith.
Airteagal 30
Bearta rialaithe
1.Ní údarófar ach soithí "slat agus ruaim" colgáin Mheánmhuirí a ghabháil in iascaigh áineasa.
2.Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis ar shoithí áineasa údaraithe a chuirfear chuig Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir le hAirteagal 16(1)(a):
(a)ainm an tsoithigh (i gcás nach bhfuil ainm air, léireofar an uimhir chláraithe gan litreacha na tíre san áireamh);
(b)Uimhir chlár cabhlaigh an Aontais de réir mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún;
(c)an tainm a bhí ar an soitheach, i gcás inarb ábhartha;
(d)fad iomlán an tsoithigh;
(e) ainm agus seoladh úinéir nó úinéirí an tsoithigh iascaireachta agus oibreoir nó oibreoirí an tsoithigh iascaireachta.
3.Déanfar sonraí na gabhála, lena náirítear meáchan slánaithe agus fad (ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill) gach colgáin Mheánmhuirí a ghabhfar, a choinneofar ar bord agus a thabharfar i dtír i gcomhthéacs iascaigh áineasa, a thaifeadadh agus a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 21.
4.Ní féidir ach colgáin Mheánmhuirí atá slán nó geolbhaithe agus glanta a thabhairt i dtír, agus i gcalafort ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 23, nó le clib greamaithe ar gach píosa. Beidh uimhir thír-shonrach uathúil ar gach clib agus beidh na clibeanna crioscaíldíonach.
5.Bunóidh na Ballstáit clár clibeála chun críocha an Rialacháin seo agus cuirfidh siad sonraíochtaí an chláir sin san áireamh sna pleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo.
6.Ní údaróidh na Ballstáit na clibeanna sin a úsáid ach amháin nuair a bheidh líonta na ngabhálacha carntha laistigh den chuóta a leithdháileadh orthu.
7.Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an chláir clibeála chuig an gCoimisiún dhá mhí agus 15 lá roimh chruinniú bliantúil ICCAT gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ó na Ballstáit le chéile agus cuirfidh sé chuig Rúnaíocht ICCAT é dhá mhí roimh chruinniú bliantúil ICCAT gach bliain.
TEIDEAL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 31
Tuarascáil bhliantúil
1.Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil, le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, mar aon le haon fhaisnéis oiriúnach bhreise, faoi bhráid an Choimisiúin.
2.Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis maidir leis na céimeanna a glacadh chun foghabhálacha a mhaolú agus colgáin Mheánmhuirí róbheaga aiscurtha a laghdú, agus maidir le haon taighde ábhartha sa réimse sin.
3.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 agus mhír 2 le chéile agus cuirfidh sé ar aghaidh í chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain.
4.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le ceanglais mhionsonraithe maidir le formáid na tuarascála bliantúla dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36.”;
Airteagal 32
Athbhreithniú
Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú an phlean téarnaimh don cholgán Meánmhuirí faoin Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2025.
Airteagal 33
Maoiniú
Chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, measfar gur plean ilbhliantúil de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bheidh sa phlean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí.
Airteagal 34
An nós imeachta maidir le leasuithe
1.I gcás inar gá d’fhonn leasuithe, a bheidh ceangailteach ar an Aontas, ar mholtaí ICCAT atá ann cheana a chur chun feidhme i ndlí an Aontais nó na moltaí sin a fhorlíonadh, a mhéid nach dtéann leasuithe ar dhlí an Aontais thar mholtaí ICCAT, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an méid seo a leanas a leasú:
(a)Spriocdhátaí chun faisnéis a thuairisciú mar a leagtar síos in Airteagail 9(1) agus (2), 10(3), 16(1) agus (3), 17(1) agus (3), 21(2) agus (3), 22(2), 23(3), 26(1), 27(5) agus 31(1) agus (3);
(b)tréimhsí ama le haghaidh tréimhsí coiscthe dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) agus (2);
(c)an tiosmhéid tagartha caomhnaithe a leagtar síos in Airteagal 11(1);
(d)na leibhéil lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13;
(e)saintréithe teicniúla an trealaimh iascaireachta in Airteagal 14(1) go (4);
(f)céatadán an ídithe cuóta a leagtar síos in Airteagal 22(1) agus (2);
(g)An fhaisnéis ar shoithí gabhála dá dtagraítear in Airteagail 16(2), 17(1), 21(1), (2), (3) agus (4) agus 23(3); agus
(h)Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
2.Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe agus/nó na bhforlíontaí ar mholadh ICCAT lena mbaineann i ndlí an Aontais.
Airteagal 35
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 34 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 34 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 34 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 36
Nós imeachta coiste
Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 37
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2107
I Rialachán (AE) 2017/2107 scriostar Airteagal 20 go hAirteagal 26.
Airteagal 38
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6(2):
–“2. 2 500 duán le haghaidh soithí atá ag díriú ar cholgán (Xiphias gladius) nuair is ionann an speiceas seo agus ar a laghad 70% de bheomheáchan na gabhála tar éis a shórtála;”
Airteagal 39
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán