EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0206

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe

COM/2018/206 final - 2018/0101 (COD)

An Bhruiséil,18.4.2018

COM(2018) 206 final

2018/0101(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo leis an dá ní seo a leanas a ionchorprú i ndlí an Aontais Eorpaigh: (i) na clásail choimirce agus (ii) aon sásraí speisialta chun fabhair tharaife nó cóireáil fhabhrach eile a aistarraingt, a mbeadh rialachán cur chun feidhme ag teastáil ina leith, dá bhforálfaí i gcomhaontuithe trádála a thabharfadh AE i gcrích amach anseo.

Faoi láthair, foráiltear sa Rialachán go gcuirfear chun feidhme an Comhaontú Saorthrádála idir AE agus Singeapór, an Comhaontú Saorthrádála idir AE agus Vítneam agus an Comhaontú Saorthrádála idir AE agus an tSeapáin. Tá sé beartaithe freisin go gcuirfear comhaontuithe trádála a dhéanfar amach anseo le raon feidhme an rialacháin trí ghníomhartha tarmligthe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá clásal coimirce déthaobhach i bhformhór chomhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh. Leis an gclásal sin, déantar foráil maidir leis an deis an léirscaoileadh breise taraifí a chur ar fionraí nó ráta custaim an náisiúin barrfhabhair a athbhunú i gcás ina dtiocfaidh, de thoradh léirscaoileadh trádála, an oiread sin méadaithe ar allmhairí, agus nuair a tharlóidh sin faoi chúinsí de shórt, go ndéanfar mórdhíobháil do na táirgeoirí intíre a tháirgeann táirge comhchosúil nó díriomaíoch (nó go mbeidh bagairt mórdhíobhála ann dóibh). Ina theannta sin, féadfaidh sásraí speisialta a bheith ar áireamh i gcomhaontuithe trádála áirithe de chuid AE lena dtugtar an deis ráta custaim an náisiúin barrfhabhair a athbhunú.

Chun go bhfeidhmeodh na bearta sin, ba cheart an clásal coimirce sin agus aon sásra speisialta a ionchorprú i ndlí an Aontais Eorpaigh, agus ní mór gnéithe nós imeachta a gcur i bhfeidhm chomh maith le cearta na bpáirtithe leasmhara a shonrú.

Go nuige seo, cleachtas comhsheasmhach a bhí ann go gcuirfeadh an Coimisiún rialachán cur chun feidhme síos in éineacht le gach comhaontú trádála ar leith a rinneadh le déanaí.

I bhfianaise na taithí roimhe seo agus na rialachán atá ann cheana, moltar go bhféadfaí an próiseas ar fad a chuíchóiriú ach rialachán coimirce cothrománach déthaobhach a mholadh a d’fhéadfaí a úsáid i ngach comhaontú saorthrádála feasta. Dhíreodh corp théacs an rialacháin ar shonraí coiteanna teicniúla agus nós imeachta na hionstraime coimirce déthaobhaí (imscrúduithe a sheoladh, nósanna imeachta maidir le bearta sealadacha agus cinntitheacha, etc.). I gcaibidil ar leith shocrófaí na rialacha nós imeachta a bhainfeadh le sásraí speisialta. Bheadh iarscríbhinn ann ina léireofaí infheidhmeacht an rialacháin maidir le comhpháirtí comhaontaithe saorthrádála ar leith mar aon le haon sainiúlachtaí sa chomhaontú trádála a bheadh i dtrácht.

Is le gníomhartha tarmligthe a leasófaí na hiarscríbhinní ina bhfuil an dornán eilimintí atá sonrach i dtaobh gach comhaontú aonair. Bheadh na gníomhartha tarmligthe ag cur chun feidhme na gcomhaontuithe trádála a bheadh formheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle cheana féin agus ar an dóigh sin ní fhágfaí mórán rogha polaitiúla ag an gCoimisiún.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é atá sa togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghabhann leis seo an ionstraim dlí chun na clásail choimirce agus aon sásraí speisialta i gcomhaontú trádála AE a chur chun feidhme.

Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Díorthaítear an togra seo le haghaidh Rialacháin go díreach ó théacsanna na gcomhaontuithe a caibidlíodh le roinnt tíortha eile amhail an Cholóim, Peiriú, tíortha Mheiriceá Láir, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia. Dá bharr sin, ní gá comhairliúchán ar leith le páirtithe leasmhara ná aon mheasúnú tionchair. Is ar rialacháin cur chun feidhme atá ann cheana atá sé bunaithe cuid mhaith.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

5.EILIMINTÍ EILE

Cuirfear tuarascáil bhliantúil ar fáil don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa ina leagfar amach an staidreamh trádála leis an gcomhpháirtí comhaontaithe saorthrádála ábhartha chomh maith le faisnéis faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2018/0101 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is minic a thugann an tAontas Eorpach comhaontuithe trádála (‘comhaontuithe’) i gcrích le tríú tíortha ar féidir clásail choimirice dhéthaobhacha a bheith iontu. Is gá na nósanna imeachta a leagan síos le go ráthófar cur i bhfeidhm éifeachtach na gclásal coimirce a bheidh comhaontaithe leis na tíortha lena mbaineann.

(2)Féadfaidh sásraí eile a bheith sna comhaontuithe freisin le haghaidh fabhair tharaife nó cóireáil fhabhrach eile a aistarraingt go sealadach. Is gá freisin na nósanna imeachta a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm sásraí den sórt sin, i gcás ina bhfuil siad ar áireamh sna comhaontuithe.

(3)Ní fhéadfar bearta coimirce déthaobhacha a bheartú ach amháin i gcás ina ndéantar an táirge i dtrácht a allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus i gcúinsí de shórt a fhágann, go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Ba cheart bearta coimirce déthaobhacha a bheith i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear sa chomhaontú.

(4)An obair iardain agus an tathbhreithniú ar na comhaontuithe, seoladh na nimscrúduithe agus, más iomchuí, forchur na mbeart coimirce, rudaí iad sin ba cheart a dhéanamh go trédhearcach.

(5)Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon treochtaí allmhairiúcháin a d’fhéadfadh a fhágáil gur ghá bearta coimirce a chur i bhfeidhm.

(6)Iontaofacht an staidrimh i ndáil leis na hallmhairí uile ó na tíortha lena mbaineann chuig an Aontas, tá sí ríthábhachtach, dá bhrí sin, agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil na coinníollacha ar a gcuirtear bearta coimirce i bhfeidhm comhlíonta.

(7)Le faireachán géar ar tháirgí íogaire, más ann dóibh, ba cheart cinneadh prapúil a éascú maidir leis an bhféidearthacht imscrúdú a thionscnamh agus maidir le bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar allmhairí táirgí íogaire, más ann dóibh, ón dáta a gcuirtear na comhaontuithe i bhfeidhm go sealadach nó ón dáta a dtagann siad i bhfeidhm go sealadach, murab ann d’aon chur i bhfeidhm sealadach. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó lucht an tionscail ábhartha, ba cheart an faireachán a leathnú go dtí earnálacha eile.

(8)Ní mór freisin teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúdú a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh an iomchuí bearta coimirce, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa, chun an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

(9)Ba cheart imscrúdú a dhéanamh sula gcuirfear aon bheart coimirce i bhfeidhm, ach sin faoi réir cead a bheith ag an gCoimisiún bearta coimirce sealadacha a chur i bhfeidhm in imthosca géibheannacha.

(10)Níor cheart bearta coimirce a chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid is gá, agus go ceann cibé tréimhse is gá, chun mórdhíobháil a sheachaint agus chun oiriúnú a éascú. Ba cheart tréimhse uasta na mbeart coimirce a chinneadh agus forálacha sonracha maidir le síneadh agus athbhreithniú na mbeart sin a leagan síos.

(11)Ba cheart don Choimisiún dul i mbun comhairliúchán leis na tíortha lena mbaineann a ndéanann na bearta difear dóibh má cheanglaítear sin sna comhaontuithe sonracha.

(12)Chun comhaontú a chur leis an Iarscríbhinn nó a scriosadh aisti, chun aon fhorálacha a chur leis an Iarscríbhinn a leagann síos rialacha speisialta atá i gcomhaontú, nó chun táirgí a aithnítear mar “tháirgí íogaire” a chur leis an Iarscríbhinn, ba cheart an Iarscríbhinn a leasú. Chun an Iarcsríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún.

(13)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, prapúil agus iomchuí.

(14)Le haghaidh chur i bhfeidhm na gclásal coimirce nó sásraí agus critéir eile chun na fabhair tharaife nó na fabhair eile dá bhforáiltear sna comhaontuithe a chur ar fionraí go sealadach, is gá coinníollacha comhionanna chun bearta coimirce sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, chun bearta faireachais roimh ré a fhorchur, chun deireadh a chur le himscrúdú gan bhearta agus chun na taraifí fabhracha nó an chóireáil fhabhrach eile a chur ar fionraí go sealadach.

(15)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 .

(16)Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun bearta faireachais agus coimirce sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le bearta coimirce cinntitheacha a ghlacadh. Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le bearta coimirce cinntitheacha a fhorchur agus maidir leis na bearta sin a athbhreithniú.

(17)Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh, más rud é, i gcásanna cuí-réasúnaithe, go ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas de thoradh moill ar fhorchur beart coimirce sealadach, nó chun iarmhairt dhiúltach ar mhargadh an Aontais, de thoradh méadú ar allmhairí, a chosc i gcás inar gá sin ar mhórfhoras práinne.

(18)Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na gcomhaontuithe atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus maidir le cur i bhfeidhm na mbeart coimirce.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1. Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha maidir le cur chun feidhme na gclásal coimirce déthaobhach agus sásraí eile a bhaineann le fabhair tharaife agus cóireáil fhabhrach eile atá sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tír dá dtagraítear san Iarscríbhinn a aistarraingt go sealadach.

2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d’aon fhorálacha speisialta sna comhaontuithe dá dtagraítear san Iarscríbhinn.

3. Leanfar d’fheidhm a bheith ag Airteagal 194 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le cur chun feidhme beart coimirce agus sásraí eile atá sna comhaontuithe a thugtar i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha nach dtagraítear dóibh san Iarscríbhinn 2 .

Airteagal 2

Sainmhínithe

1. Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)ciallaíonn ‘clásal coimirce déthaobhach’ foráil a leagtar amach i gcomhaontú idir an tAontas agus tríú tír amháin nó níos mó lena mbaineann dá dtagraítear san Iarscríbhinn maidir le fionraíocht shealadach fabhar taraife;

(b)ciallaíonn ‘páirtithe leasmhara’ na páirtithe a ndéanann allmhairiú an táirge difear dóibh;

(c)ciallaíonn ‘tionscal an Aontais’ táirgeoirí an Aontais ina niomláine a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí díriomaíocha agus a oibríonn laistigh de chríoch an Aontais, nó táirgeoirí de chuid an Aontais arb ionann a gcomh-aschur de tháirgí comhchosúla nó de tháirgí díriomaíocha agus cion mór de tháirgeacht iomlán an Aontais i dtaca leis na táirgí sin, nó, nuair nach bhfuil sa táirge comhchosúil nó sa táirge díriomaíoch ach táirge amháin de roinnt táirgí a dhéanann na táirgeoirí de chuid an Aontais, déanfar tionscal an Aontais a shainmhíniú i ndáil leis na hoibríochtaí sonracha a bhaineann le táirgeadh an táirge chomhchosúil nó an táirge dhíriomaíoch;

(d)ciallaíonn ‘mórdhíobháil’ lagú suntasach foriomlán ar sheasamh thionscal an Aontais;

(e)ciallaíonn ‘bagairt mórdhíobhála’ do sheasamh thionscal an Aontais mórdhíobháil is soiléir go bhfuil sé ar tí tarlú;

(f)ciallaíonn ‘táirge íogair’ táirge a naithnítear i gcomhaontú sonrach gur mó an baol dó, i gcomparáid le táirgí eile, borradh allmhairí;

(g)ciallaíonn ‘comhaontú’ comhaontú trádála dá dtagraítear san Iarscríbhinn;

(h)ciallaíonn ‘idirthréimhse’ tréimhse 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe, murar sainíodh ar shlí eile í sa chomhaontú ábhartha dá dtagraítear san Iarscríbhinn;

(i)ciallaíonn ‘tír lena mbaineann’ tír is páirtí i gcomhaontú dá dtagraítear san Iarscríbhinn;

Airteagal 3

Prionsabail

1. Féadfar beart coimirce a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcás ina ndéanfar táirge de thionscnamh tíre lena mbaineann a allmhairiú isteach san Aontas:

(a)i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus i gcúinsí de shórt a fhágann,

(b)go bhfuil sé ina chúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn sé a bheith ina chúis le mórdhíobháil, do thionscadal an Aontais; agus,

(c)gurb ann don mhéadú ar allmhairí de thoradh éifeacht na noibleagáidí a bhaineann leis an gcomhaontú ar leith arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír, lena náirítear laghdú nó díothú na ndleachtanna custaim ar an táirge sin.

2. Féadfar beart coimirce a dhéanamh i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)tuilleadh laghdaithe ar an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a chur ar fionraí de réir mar a fhoráiltear i Sceideal um Dhíchur Taraifí an Chomhaontaithe leis an tír lena mbaineann;

(b)an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a mhéadú go leibhéal nach mó ná an ráta is ísle díobh seo a leanas:

i) ráta dleachta custaim an náisiúin barrfhabhair a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge lena mbaineann agus atá i bhfeidhm tráth a ndéantar an beart coimirce; nó

ii) an bonnráta dleachta custaim mar a shonraítear i Sceideal um Dhíchur Taraifí an Chomhaontaithe leis an tír lena mbaineann.

Airteagal 4

Faireachán

1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorás an staidrimh allmhairiúcháin maidir le táirgí íogaire, más ann dóibh, a luaitear san Iarscríbhinn i ndáil le gach comhaontú. Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún ar bhonn rialta leis na Ballstáit agus le tionscal an Aontais, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.

2. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún raon feidhme an fhaireacháin a shíneadh chuig earnálacha eile, más iomchuí, seachas iad siúd a luaitear san Iarscríbhinn.

3. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an staidreamh i dtaobh allmhairí táirgí íogaire agus na n-earnálacha sin, más iomchuí, ar síneadh an faireachán chucu.

Airteagal 5

Imscrúdú a thionscnamh

1. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin má tá leordhóthain fianaise prima facie ann, arna chinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6(5).

2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh:

(a)ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí den táirge lena mbaineann i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta;

(b)an sciar den mhargadh baile a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe agus na hathruithe ar an leibhéal díolacháin, táirgeachta, táirgiúlachta, úsáid acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta maidir le tionscal an Aontais.

3. An táirge atá faoi réir imscrúdaithe, d’fhéadfadh sé go gcuimseofar leis líne tharaife amháin nó roinnt línte taraife, nó fodheighilt de líne tharaife, ag brath ar imthosca sonracha an mhargaidh, nó ar aon deighilt táirgí a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i dtionscal an Aontais;

4. Féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin i gcás ina dtiocfaidh borradh faoi allmhairí atá comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, ar choinníoll go bhfuil leordhóthain fianaise prima facie ann, arna chinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6(5).

5. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit uile ar an eolas nuair a gheobhaidh sé iarraidh imscrúdú a thionscnamh nó nuair a mheasfaidh sé gur iomchuí imscrúdú a thionscnamh ar a thionscnamh féin de bhun mhír 1.

6. Más rud é gur léir go bhfuil leordhóthain fianaise prima facie ann mar údar le himscrúdú a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún an timscrúdú a thionscnamh agus déanfaidh sé fógra ina thaobh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar an timscrúdú a thionscnamh laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a bhfaighidh an Coimisiún an iarraidh de bhun mhír 1.

7. Beidh na heilimintí seo a leanas san fhógra faoi imscrúdú a thionscnamh:

(a)achoimre ar an bhfaisnéis a fuarthas agus iarraidh go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile a chur chuig an gCoimisiún;

(b)sainiú na tréimhse a bhféadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena linn, má tá na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imscrúduithe;

(c)sainiú na tréimhse a bhféadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh lena linn ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 6(9).

Airteagal 6

Imscrúdú a sheoladh

1. Tar éis fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 5(7), déanfaidh an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh. Tosóidh an tréimhse a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo an lá a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an cinneadh chun imscrúdú a thionscnamh.

2. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar agus déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun éifeacht a thabhairt don iarraidh sin. Más rud é gur faisnéis de chineál leasa ghinearálta í an fhaisnéis sin, agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 12, cuirfear leis an gcomhad neamhrúnda dá bhforáiltear i mír 8 den Airteagal seo í.

3. Más féidir, cuirfear an timscrúdú i gcrích laistigh de shé mhí tar éis é a thionscnamh. Féadfar trí mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile i dtaobh aon sínte den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis.

4. Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach chun na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) a chinneadh, agus, más iomchuí, fíoróidh sé an fhaisnéis sin.

5. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na tosca ábhartha uile atá de chineáil oibiachtúil agus inchainníochtúil agus a imríonn tionchar ar an staid ina bhfuil tionscal an Aontais, go háirithe an ráta ag a bhfuil allmhairí an táirge i dtrácht ag ardú agus méid an ardaithe sin, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin den mhargadh intíre a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe agus athruithe ar an leibhéal díolacháin, táirgeachta, táirgiúlachta, úsáid acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta. Ní liosta iomlán é an liosta sin agus d’fhéadfadh an Coimisiún tosca ábhartha eile a chur san áireamh i gcomhair a chinnidh an bhfuil mórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála ann, amhail stoic, praghsanna, fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, agus tosca eile is cúis le mórdhíobháil nó ba chúis le mórdhíobháil, nó a bhagraíonn a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.

6. Féadfaidh páirtithe leasmhara atá tar éis faisnéis a chur isteach de bhun phointe (b) d’Airteagal 5(7), agus féadfaidh ionadaithe na tíre lena mbaineann, ar iarratas i scríbhinn, iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a chuirtear ar fáil don Choimisiún i dtaca leis an imscrúdú, seachas doiciméid inmheánacha arna nullmhú ag údaráis an Aontais nó ag údaráis na mBallstát, ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis sin le cur i láthair a gcáis agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 12 agus ar choinníoll go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Féadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin bhfaisnéis a chuirtear ar fáil don Choimisiún. I gcás ina bhfuil leordhóthain fianaise prima facie ann chun tacú leis na tuairimí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh iad.

7. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na sonraí uile agus an staidreamh uile a úsáidfear don imscrúdú ar fáil agus go mbeidh siad ionadaíoch, sothuigthe, trédhearcach agus infhíoraithe.

8. Áiritheoidh an Coimisiún, a luaithe a bheidh an creat teicniúil is gá i bhfeidhm, go mbeidh rochtain ar líne faoi chosaint phasfhocail ann don chomhad neamhrúnda (an tardán ar líne), agus déanfaidh sé bainistiú air sin, agus is tríd sin a scaipfear an fhaisnéis uile atá ábhartha agus nach bhfuil faoi rún, de réir bhrí Airteagal 12. Tabharfar rochtain ar an ardán sin do pháirtithe leasmhara, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa.

9. Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara, go háirithe i gcás ina bhfuil iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar iarratas é ina léireofar gur dócha go ndéanfaidh toradh an imscrúdaithe difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna speisialta ann le héisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh. Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara ar ócáidí eile má tá cúiseanna speisialta ann leis sin.

10. I gcás nach soláthrófar faisnéis laistigh de na teorainneacha ama a shocróidh an Coimisiún, nó i gcás ina gcuirfear bac mór ar an imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach go ndearna aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

11. Tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don tír lena mbaineann maidir le himscrúdú a thionscnamh.

Airteagal 7

Bearta Réamhfhaireachais

1. Féadfaidh an Coimisiún bearta réamhfhaireachais a ghlacadh i dtaca le hallmhairí ó thír lena mbaineann i gcás inarb ann do threocht in allmhairí táirge de shórt sin a bhféadfadh ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 5 a bheith mar thoradh uirthi. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

2. Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag bearta réamhfhaireachais. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na chéad sé mhí tar éis iad a thabhairt isteach.

Airteagal 8

Bearta coimirce sealadacha a chur i bhfeidhm

1. In imthosca géibheannacha ina bhféadfadh moill a bheith ina cúis le damáiste ba dheacair a leigheas, glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha, de bhun réamhchinnidh an Choimisiúin ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6(5) go bhfuil leordhóthain fianaise prima facie ann go bhfuil táirge de thionscnamh na tíre lena mbaineann á allmhairiú:

(a)i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus i gcúinsí de shórt a fhágann,

(b)go bhfuil sé ina chúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn sé a bheith ina chúis le mórdhíobháil, do thionscadal an Aontais; agus,

(c)gurb é laghdú nó díothú na ndleachtanna custaim ar an táirge sin is cúis leis an méadú ar allmhairí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

2. Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, i gcás ina niarrfaidh Ballstát idirghabháil láithreach ar an gCoimisiún agus ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 comhlíonta, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17(4). Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil.

3. Ní bheidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha ar feadh tréimhse níos faide ná 200 lá féilire.

4. I gcás ina naisghairfear na bearta coimirce sealadacha toisc gur léir ón imscrúdú nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, déanfar aon dleacht chustaim a bailíodh mar thoradh ar na bearta coimirce sealadacha sin a aisíoc go huathoibríoch.

5. Beidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha maidir le gach táirge a chuirfear i saorchúrsaíocht tar éis dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin. Ní dhéanfaidh na bearta sin, áfach, cosc a chur le táirgí atá faoi bhealach chuig an Aontas cheana féin a scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcás nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú.

Airteagal 9

Foirceannadh imscrúduithe agus imeachtaí gan bhearta

1. I gcás inarb é conclúid an imscrúdaithe nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, foilseoidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3), cinneadh lena bhfoirceanntar an timscrúdú agus na himeachtaí.

2. Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go hiomchuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 12, tuarascáil a phoibliú ina leagfar amach a chinntí agus na conclúidí réasúnaithe ar thángthas orthu maidir le gach saincheist iomchuí fíorais agus dlí.

Airteagal 10

Bearta cinntitheacha coimirce a fhorchur

1. I gcás inarb é conclúid an imscrúdaithe go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3), bearta coimirce cinntitheacha a ghlacadh.

2. Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go hiomchuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 12, tuarascáil a phoibliú ina mbeidh achoimre ar na fíorais ábhartha agus ar na nithe atá ábhartha don chinneadh.

Airteagal 11

Fad na mbeart coimirce agus athbhreithniú orthu

1. Ní leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm ach go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá léi chun an mhórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas, agus chun oiriúnú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain, ach amháin má chuirtear síneadh léi de réir mhír 3 den Airteagal seo.

2. Go dtí go bhfaighfear toradh an athbhreithnithe faoi mhír 3, leanfaidh an beart coimirce de bheith i bhfeidhm.

3. Féadfar síneadh suas le dhá bhliain a chur le tréimhse thosaigh birt coimirce dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go leanfaidh an beart coimirce de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil oiriúnú á dhéanamh i dtionscal an Aontais.

4. Sula ndéanfar aon síneadh de bhun mhír 3, déanfar imscrúdú a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin má tá leordhóthain fianaise prima facie ann go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 comhlíonta, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6(5).

5. Déanfar tionscnamh imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 4 a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 5(6) agus (7). Déanfar an timscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 6.

6. Is i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 10 a dhéanfar aon chinneadh maidir le síneadh de bhun mhír 3 den mhír seo.

7. Ní mhairfidh fad iomlán birt coimirce níos mó ná ceithre bliana, lena náirítear tréimhse chur i bhfeidhm aon bhirt shealadaigh, an tréimhse tosaigh cur i bhfeidhm agus síneadh na tréimhse sin.

Airteagal 12

Rúndacht

1. Is chun na críche ar iarradh í, agus chun na críche sin amháin, a fhéadfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid.

2. Ní dhéanfar faisnéis ar bith de chineál rúnda a gheofar de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a sholáthrófar ar bhonn rúnda agus a gheofar de bhun an Rialacháin seo, a nochtadh gan cead sainráite sholáthróir na faisnéise sin.

3. I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda. Ceanglófar ar pháirtithe leasmhara atá ag soláthar faisnéis rúnda, achoimrí neamhrúnda den fhaisnéis sin a sholáthar freisin. Beidh na hachoimrí sin mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar tuiscint réasúnta a fháil ar shubstaint na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún. I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh na páirtithe sin a chur in iúl nach féidir achoimre a dhéanamh ar fhaisnéis den sórt sin. I gcúinsí eisceachtúla den sórt sin, ní mór ráiteas faoi na cúiseanna nach bhfuil sé indéanta an tachoimriú sin a dhéanamh a chur ar fáil. Má iarrann soláthróir na faisnéise, áfach, nach ndéanfaí an fhaisnéis a phoibliú nó nach ndéanfaí í a nochtadh, ina hiomláine nó i bhfoirm achoimre, agus mura bhfuil údar leis an iarraidh sin, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.

4. In aon chás, measfar go bhfuil gach faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise dochar suntasach do sholáthróir nó d’fhoinse na faisnéise sin.

5. Ní fhágfaidh mír 1 go mír 4 nach bhféadfaidh údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe orthu. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis sin san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó.

Airteagal 13

Tuairisc

1. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus comhlíonadh oibleagáidí an chomhaontaithe a arna thabhairt i gcrích le gach tír lena mbaineann agus oibleagáidí an Rialacháin seo.

2. Áireofar sa tuarascáil, inter alia, faisnéis maidir le cur i bhfeidhm beart sealadach agus cinntitheach, maidir le bearta réamhfhaireachais, maidir le bearta faireachais réigiúnacha agus bearta coimirce réigiúnacha agus maidir le himscrúduithe agus imeachtaí a fhoirceannadh gan bhearta.

3. Déanfar achoimre ar an staidreamh agus ar na hathruithe ar an trádáil le gach tír lena mbaineann a leagan amach sa tuarascáil freisin.

4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de mhí amháin ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc dá coiste freagrach chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.

5. Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfaidh an Coimisiún í a phoibliú.

Airteagal 14

Sásraí agus critéir eile chun fabhair tharaife agus cóireáil fhabhrach eile a aistarraingt go sealadach

1. I gcás ina bhforálfar i gcomhaontú maidir le sásraí agus critéir eile a cheadódh fabhair tharaife a aistarraingt go sealadach i ndáil le táirgí áirithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás ina bhfuil na téarmaí a leagtar síos sa chomhaontú ábhartha comhlíonta, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar:

(a)na fabhair don táirge lena mbaineann a chur ar fionraí;

(b)na fabhair a thabhairt ar ais i gcás ina bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú ábhartha comhlíonta;

(c)an fhionraíocht a choigeartú le bheith i gcomhréir leis na coinníollacha atá sa chomhaontú ábhartha; nó

(d)aon bheart eile a shonraítear sa chomhaontú.

Déanfar na gníomhartha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

2. Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, i gcás ina ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas de thoradh moill ar fhorchur beart coimirce sealadach, nó chun iarmhairt dhiúltach ar mhargadh an Aontais, go háirithe de thoradh méadú ar allmhairí, a chosc, nó de réir foráil eile sa chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17(4).

Airteagal 15

Gníomhartha tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, chun an Iarscríbhinn a leasú d’fhonn:

(a)comhaontú a chur leis an Iarscríbhinn;

(b)an Iarscríbhinn a fhorlíonadh le rialacha speisialta atá i gcomhaontú;

(c)aon táirgí a aithnítear mar “tháirgí íogaire” i gcomhaontú a chur leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón (dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo) [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach (dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo)]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 1 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1. Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle 3 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go niarrann comhalta den choiste amhlaidh.

4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 de.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d’allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,18.4.2018

COM(2018) 206 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe


IARSCRÍBHINN

Comhaontuithe arna gcur chun feidhme leis an Rialachán agus forálacha atá sonrach don chomhaontú

Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór

Dáta cur i bhfeidhm

xx/xx/xxxx

Clásal coimirce déthaobhach

Foráil shonrach nó forálacha sonracha a leagtar síos sa Chomhaontú:

Airteagal 3.10 (Clásal coimirce déthaobhach)

Airteagal 3.9 “idirthréimhse”:

“ciallaíonn ‘idirthréimhse’ tréimhse 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.”

Airteagal 3.11(5)c:

“Ní féidir le ceachtar de na Páirtithe beart coimirce déthaobhach mar a leagtar amach sin i mír 1 d’Airteagal 3.10 a chur i bhfeidhm tar éis dhul in éag na hidirthréimhse, ach amháin le toiliú an Pháirtí eile”.

Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam

Dáta cur i bhfeidhm

xx/xx/xxxx

Clásal coimirce déthaobhach

Foráil shonrach nó forálacha sonracha a leagtar síos sa Chomhaontú:

Airteagal 3.11 (Clásal coimirce déthaobhach)

Airteagal 3.9 “idirthréimhse”:

“ciallaíonn ‘idirthréimhse’ tréimhse i gcás earra ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.”

Airteagal 3.11(6)c:

“Ní féidir le páirtí beart coimirce déthaobhach a chur i bhfeidhm tar éis dhul in éag na hidirthréimhse, ach amháin le toiliú an Pháirtí eile”.

Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin

Dáta cur i bhfeidhm

xx/xx/xxxx

Clásal coimirce déthaobhach:

Foráil shonrach nó forálacha sonracha a leagtar síos sa Chomhaontú:

Airteagal 2.5 (Clásal coimirce talmhaíochta), 5.2

(Clásal coimirce déthaobhach)

Airteagal 5.1(d):

“ciallaíonn ‘idirthréimhse’, i ndáil le hearra tionscnaimh áirithe, an tréimhse dar tús dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus dar deireadh 10 mbliana tar éis dháta chríochnú an laghdaithe nó an díothaithe taraife ar an earra sin i gcomhréir le hIarscríbhinn 2-A.”

Airteagal 18 den Iarscríbhinn maidir le mótarfheithiclí agus páirteanna:

“I rith na 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh sé de cheart ag gach ceann de na Páirtithe lamháltais choibhéiseacha nó oibleagáidí coibhéiseacha eile a chur ar fionraí sa chás:

(a)    nach gcuirfidh an Páirtí eile i bhfeidhm Rialachán de chuid NA arna shonrú in Aguisín 2-C-1, nó ina scorfaidh sé de Rialachán den sórt sin a chur i bhfeidhm; nó

(b)    go ndéanfaidh an Páirtí eile aon bheart rialála eile a thabhairt isteach nó a leasú lena neamhnítear nó lena lagaítear na tairbhí a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialacháin de chuid NA arna shonrú in Aguisín 2-C-1.

2.    Leanfaidh fionraíochtaí de bhun mhír 1 de bheith i bhfeidhm go dtí an tráth sin, agus go dtí an tráth sin amháin, a ndéanfar cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta brostaithe um réiteach díospóide dá dtagraítear in Airteagal 19 den Iarscríbhinn seo nó a dtiocfar ar réiteach is inghlactha ag an dá thaobh, lena náirítear trí chomhairliúcháin faoi Airteagal 19(b) den Iarscríbhinn seo, cibé acu is túisce.”

Top