AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.4.2018
COM(2018) 185 final
2018/0090(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993, Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint tomhaltóirí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2018) 96}
{SWD(2018) 98}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
1.1.Forais agus cuspóirí an togra
Is é aidhm an togra seo leasú a dhéanamh ar cheithre Threoir de chuid an Aontais Eorpaigh lena gcosnaítear leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí. Baineann formhór na leasuithe le Treoir 2005/29/CE maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha agus Treoir 2011/83/AE maidir le Cearta Tomhaltóirí. Is maidir le pionóis amháin a leasaítear an dá Threoir eile – Treoir 93/13/CEE maidir le Téarmaí Éagóracha i gConarthaí agus Treoir 98/6/CE maidir le Praghsanna Táirgí a Chur in Iúl. Cuirtear an togra seo i láthair i dteannta togra maidir le bearta ionadaíocha le haghaidh cosaint comhleasanna tomhaltóirí agus lena naisghairtear Treoir 2009/22/CE.
Ceanglaítear ardleibhéal cosanta tomhaltóirí san Aontas leis na Conarthaí (Airteagal 114 agus Airteagal 169 CFAE) agus an Chairt um Chearta Bunúsacha (Airteagal 38). Lena chois sin, cuireann reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais le feidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh. Is é an aidhm atá léi a áirithiú gur cóir agus trédhearcach a bheidh an caidreamh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, rud a thacóidh sa deireadh le leas foriomlán tomhaltóirí Eorpacha agus gheilleagar an Aontais.
Tá an togra seo ina chuid den obair leantach ar Sheiceáil Oiriúnachta REFIT ar dhlí Tomhaltóirí agus Margaíochta an Aontais, a foilsíodh an 23 Bealtaine 2017 (an 'tSeiceáil Oiriúnachta'), agus ar an meastóireacht ar Threoir 2011/83/AE maidir le Cearta Tomhaltóirí, a rinneadh i gcomhthráth leis an tSeiceáil Oiriúnachta agus a foilsíodh an lá céanna (an 'Mheastóireacht ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí').
Thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta agus sa mheastóireacht ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí gurb amhlaidh, tríd is tríd, gurb oiriúnach don fheidhm atá na rialacha substainteacha tomhaltóirí de chuid an Aontais a chuirtear ar áireamh sna ceithre Threoir a leasaítear leis an togra seo. Mar sin féin, leagadh béim sna torthaí freisin ar a thábhachtaí atá sé na rialacha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr agus iad a nuachóiriú de réir forbairtí sa réimse digiteach. Leagadh béim freisin ar a thábhachtaí atá sé an tualach rialála a laghdú i roinnt réimsí.
Tugadh níos mó tábhachta do thorthaí na meastóireachta de bharr sáruithe trasteorann a rinneadh le déanaí ar dhlí tomhaltóirí an Aontais, go háirithe an scannal i leith astaíochtaí ó charranna díosail (nuair a shuiteáil monaróirí carranna teicneolaíocht i gcarranna chun séitéireacht a dhéanamh i dtástálacha astaíochtaí). Baineann sáruithe den sórt sin an bonn d'iontaoibh tomhaltóirí as an Margadh Aonair. Ina theannta sin, spreag siad díospóireacht ar cé acu atá nó nach bhfuil sásraí sách láidir i bhfeidhm ag an Aontas chun déileáil le saincheisteanna den sórt sin, chun rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus chun sásamh a thabhairt d’íospartaigh.
Ar na cúiseanna sin, d’fhógair Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin, an 'Beart Nua do Thomhaltóirí' san Aitheasc ar Staid an Aontais 2017, beart a bhfuil sé mar aidhm leis forfheidhmiú dhlí tomhaltóirí an Aontais a neartú i bhfianaise riosca méadaitheach go mbeidh sáruithe ann ar fud an Aontais. Tá an togra seo, lena dtugtar isteach leasuithe spriocdhírithe i gceithre Threoir maidir le dlí tomhaltóirí, ina phríomhchuid den 'Bheart Nua' sin. Mar achoimre, is é aidhm an togra na feabhsuithe a leagtar amach thíos a ghnóthú.
·Pionóis níos éifeachtaí, níos comhréirí agus níos athchomhairlí i leith sáruithe forleathana trasteorann. Le Rialachán (AE) 2017/2394 a glacadh le déanaí, rialáiltear an dóigh a noibríonn údaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí le chéile chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe trasteorann ar dhlí na dtomhaltóirí. Dírítear go háirithe ann ar sháruithe forleathana a dhéanann díobháil do thomhaltóirí i roinnt Ballstát agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. I gcás an chineáil sin sáraithe fhorleathain, is féidir go mbeidh ar údaráis náisiúnta pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar bhealach comhordaithe. Is amhlaidh, áfach, atá an-éagsúlacht ann san Aontas idir na pionóis atá ar fáil i leith sáruithe ar dhlí na dtomhaltóirí agus gur minic a shocraítear ar leibhéal íseal iad. Faoin togra, beidh de chumhacht ag údaráis náisiúnta fíneáil atá cothrom le suas go dtí 4 % ar a laghad de láimhdeachas trádálaí a fhorchur i leith sáruithe forleathana den sórt sin. Go ginearálta, ba cheart do na húdaráis náisiúnta leibhéal na bpionós a shocrú ar bhonn paraiméadair choiteanna, go háirithe cineál trasteorann an tsáraithe. Cuirfear na rialacha neartaithe sin maidir le pionóis isteach sna ceithre Threoir lena mbaineann.
·Ceart na dtomhaltóirí chun leigheasanna aonair. Tá sé beartaithe leis an togra go mbeidh an ceart ag tomhaltóirí chun leigheasanna aonair i gcás ina ndéanfaidh cleachtais tráchtála éagóracha ar nós margaíocht ionsaitheach díobháil dóibh. Ba cheart do na Ballstáit leigheasanna conarthacha agus leigheasanna neamhchonarthacha araon a chur ar fáil go háirithe. Ar a laghad, ba cheart an ceart chun conradh a fhoirceannadh a bheith ar cheann de na leigheasanna conarthacha. Ar a laghad, ba cheart an ceart chun cúiteamh a fháil i leith damáistí a bheith ar cheann de na leigheasanna neamhchonarthacha. Cuirfear na cearta sin le Treoir 2005/29/CE maidir le cleachtais tráchtála éagóracha.
·Tuilleadh trédhearcachta do thomhaltóirí i margaí ar líne. Sa lá atá inniu ann, nuair a théann tomhaltóirí chuig margaí ar líne, feiceann siad tairiscintí éagsúla ó sholáthraithe tríú páirtí atá i mbun díola sa mhargadh ar líne (mar aon le tairiscintí ón margadh ar líne í féin). Ní bhíonn a fhios ag tomhaltóirí i gcónaí conas a rangaíodh na tairiscintí os a gcomhair ar an margadh ar líne ná cé uaidh atá siad ag ceannach (ó thrádálaithe gairmiúla nó ó thomhaltóirí eile). Creideann cuid mhór tomhaltóirí gur ón margadh ar líne atá siad ag ceannach agus, dá bhrí sin, gur léi atá siad ag déanamh conradh. Is é fírinne an scéil go bhféadfadh sé go bhfuil siad ag ceannach ó sholáthraí tríú páirtí atá liostaithe ar an margadh ar líne agus nach trádálaí é. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh tomhaltóirí a cheapadh go mícheart gur le trádálaithe gairmiúla atá siad ag déileáil (agus ag baint leas as cearta tomhaltóirí dá bharr). Is féidir leis an mearbhall sin fadhbanna a chruthú i gcás ina rachaidh rud éigin ó rath le ceannachán ar líne toisc nach mbíonn sé éasca i gcónaí a dhéanamh amach cé atá freagrach as. Leis an togra, tugtar ceanglais bhreise faisnéise isteach i dTreoir 2011/83/AE lena gceanglaítear ar mhargaí ar líne fógra soiléir a thabhairt do thomhaltóirí faoi na nithe seo: (a) na príomhpharaiméadair lena socraítear rangú na dtairiscintí éagsúla, (b) an leis an trádálaí nó le duine aonair a thugtar i gcrích an togra, (c) an bhfuil reachtaíocht cosanta tomhaltóirí i bhfeidhm agus (d) cén trádálaí (soláthraí tríú páirtí nó margadh ar líne) atá freagrach cearta tomhaltóirí a bhaineann leis an gconradh a áirithiú (amhail an ceart tarraingt siar nó ráthaíocht dhlíthiúil).
·Lena chois sin, bíonn tomhaltóirí a bhaineann úsáid as feidhmchláir dhigiteacha amhail margaí ar líne, uirlisí comparáide, aipmhargaí nó innill chuardaigh ag súil le torthaí cuardaigh atá 'nádúrtha' nó 'orgánach' a fháil, ar torthaí iad atá bunaithe ar na cuardaigh a rinne siad, agus ní ar íocaíocht ag tríú páirtithe. I gcomhréir leis an Treoirpháipéar a foilsíodh in 2016 i dtaca le Treoir 2005/29/CE, ba cheart forálacha ábhartha na Treorach sin a shoiléiriú chun a léiriú nach mór ardáin ar líne torthaí cuardaigh a thaispeáint ina bhfuil 'socrúcháin íoctha', i.e nuair a íocann tríú páirtithe as rangú níos airde a fháil, nó 'cuimsiú íoctha', áit a níocann tríú páirtithe as a bheith ar áireamh sa liosta torthaí cuardaigh.
·Cosaint tomhaltóirí a leathnú i leith seirbhísí digiteacha. Leis an togra, leathnaítear cur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE chuig seirbhísí digiteacha ar ina leith a thugann tomhaltóirí sonraí pearsanta in ionad airgead a íoc, ar nós na seirbhísí seo: néalstóráil, na meáin shóisialta agus cuntais ríomhphoist. Ós rud é go bhfuil an luach eacnamaíoch a bhaineann le sonraí pearsanta ag méadú, ní féidir a mheas gur ‘saor in aisce’ go bunúsach atá na seirbhísí sin. Dá bhrí sin, ba cheart tomhaltóirí an ceart céanna a bheith acu faisnéis réamhchonarthach a fháil agus an conradh a chealú laistigh de thréimhse tarraingt siar 14 lá, beag beann ar cé acu a íocann siad airgead as an tseirbhís nó a thugann siad sonraí pearsanta ina leith.
·Deireadh a chur le hualaí ar ghnólachtaí. Leasaítear Treoir 2011/83/AE leis an togra trí níos mó solúbthachta a thabhairt do thrádálaithe agus iad ag roghnú na modhanna is oiriúnaí chun cumarsáid a dhéanamh le tomhaltóirí. Cumasófar leis do thrádálaithe úsáid a bhaint as modhanna nua cumarsáide ar líne amhail foirmeacha gréasáin nó comhráite gréasáin mar mhalairt ar an ríomhphost traidisiúnta, ar choinníoll go bhfuil an tomhaltóir in ann cuntas a choinneáil ar an gcumarsáid leis an trádálaí. Toradh eile a bheidh ar an togra is ea go gcuirfear deireadh le dhá oibleagáid shonracha atá ar thrádálaithe maidir leis an gceart tarraingt siar laistigh de 14 lá, ar oibleagáidí iad a cruthaíodh atá ina nualach díréireach. Is í an chéad oibleagáid an oibleagáid atá ar an trádálaí glacadh leis an gceart tarraingt siar fiú amháin i gcás inar bhain tomhaltóir úsáid as earra ordaithe in ionad é a thriail ar an mbealach céanna a d’fhéadfadh siad a dhéanamh i siopa fisiciúil atá suite i bhfoirgneamh. Is í an dara hoibleagáid an oibleagáid atá ar an trádálaí aisíocaíocht a dhéanamh leis an tomhaltóir fiú amháin sula mbeidh na hearraí a thug an tomhaltóir ar ais faighte ag an trádálaí.
·Soiléiriú a dhéanamh ar shaoirse na mBallstát chun rialacha a ghlacadh maidir le cineálacha agus gnéithe áirithe de dhíolachán seacháitribh. Cé gur bealach díolacháin dlisteanach seanbhunaithe é díolachán seacháitribh, soiléirítear leis an togra nach gcuirtear le Treoir 2005/29/CE aon chosc ar na Ballstáit rialacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le roinnt cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach go háirithe i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar theach tomhaltóra nó i ndáil le turais tráchtála a d'eagródh trádálaí a mbeadh mar aidhm leo nó a mbeadh de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina mbeidh údar ann le srianta den sórt sin ar fhoras an bheartais phoiblí nó ar son meas ar an saol príobháideach a chosaint.
·Soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le margaíocht mhíthreorach táirgí 'décháilíochta'. Leis an togra, leasaítear Treoir 2005/29/CE chun a leagan amach go follasach gur cleachtas tráchtála míthreorach ar cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh air agus aghaidh a thabhairt air de réir an cháis i gcomhréir le forálacha na Treorach é cleachtas tráchtála ina margaítear táirge mar tháirge atá comhionann leis an táirge céanna a mhargaítear i roinnt Ballstát eile, i gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir comhdhéanamh nó saintréithe na dtáirgí sin agus ina bhfuil an cleachtas sin ina chúis, nó inar dócha go mbeidh sé ina chúis, le cinneadh idirbhirt ón ngnáth-thomhaltóir nach ndéanfadh sé murach sin.
1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo comhsheasmhach le roinnt bearta reachtacha agus neamhreachtacha eile i réimse na cosanta tomhaltóirí. Go háirithe, tá an togra seo comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2017/2394 maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, rud a athbhreithníodh le déanaí agus a bhfuil sé mar aidhm leis neartú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú poiblí trasteorann na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí. Leis na rialacha neartaithe maidir le pionóis i leith sáruithe ar dhlí tomhaltóirí an Aontais a sholáthraítear sa togra seo, méadófar éifeacht dhíspreagthach agus éifeachtacht na ngníomhartha comhordaithe um chomhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí i gcás sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. Cuireadh in iúl le linn na caibidlíochta ar an Rialachán athbhreithnithe maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí go dteastaíonn pionóis atá ‘éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach’ i ngach Ballstát chun go néireoidh leis an Rialachán. Mar sin féin, chinn comhreachtóirí an Rialacháin maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí gurb iomchuí aghaidh a thabhairt ar an ngá a bhí le leibhéal neartaithe pionós mar chuid den athbhreithniú féideartha ar dhlí tomhaltóirí substainteach an Aontais.
Na rialacha maidir le leigheasanna aonair do thomhaltóirí a dtéann sáruithe ar Threoir 2005/29/CE i bhfeidhm orthu, comhlánóidh siad iarrachtaí an Aontais ar chabhrú le tomhaltóirí sásamh a lorg leis an togra eile sa phacáiste ‘Beart Nua do Thomhaltóirí’, i.e. an togra maidir le gníomhartha ionadaíocha le haghaidh cosaint comhleasanna tomhaltóirí agus lena naisghairtear Treoir 2009/22/CE. De bhreis air sin, d’fhéadfadh tomhaltóirí aonair a dtéann sáruithe ar Threoir 2005/29/CE i bhfeidhm orthu a bheith ag brath ar na leigheasanna atá beartaithe agus iad i mbun an nós imeachta um éilimh bheaga agus réiteach díospóidí malartach/ar líne. Faoin Treoir maidir le réiteach díospóidí malartach do thomhaltóirí (ADR) tá rochtain ag tomhaltóirí an Aontais ar chórais réitigh lasmuigh den chúirt a bhfuil a gcáilíocht dearbhaithe le haghaidh díospóidí conarthacha intíre agus trasteorann araon. Chruthaigh an Coimisiún freisin ardán réitigh díospóidí ar líne (ardán ODR). Leis an ardán sin, cabhraítear le tomhaltóirí agus trádálaithe a ndíospóidí intíre agus trasteorann a réiteach maidir le ceannach earraí agus seirbhísí ar líne.
Tá an togra seo ag teacht leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun a áirithiú go mbeidh eolas níos fearr ag tomhaltóirí, trádálaithe agus dlíodóirí ar dhlí tomhaltóirí an Aontais. Tá roinnt gníomhaíochtaí beartaithe chun an sprioc sin a bhaint amach, mar a liostaítear thíos.
·In 2018, seolfaidh an Coimisiún feachtas ardaithe feasachta uile-Eorpach faoi chearta tomahltóirí a bheith bunaithe ar an méid a foghlaimíodh as Feachtas Ceart Tomhaltóirí le linn 2014-2016.
·Tá an Coimisiún ag déanamh tionscadal píolótach maidir le hoiliúnt gnólachtaí beaga agus meánmhéide sa ré dhigiteach (an tionscnamh ‘ConsumerLawReady’).
·Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún roinnt gníomhaíochtaí oiliúna do bhreithiúna agus dlíodóirí eile a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach faoi leagan athchóirithe den Straitéis Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach do 20192025..
·Chun cabhrú le gach gníomhaí sa mhargadh a gcearta conarthacha agus a ndualgais chonarthacha a thuiscint, tá an Coimisiún ag comhordú tionscnamh féinrialála laistigh de ghrúpa páirtithe leasmhara REFIT. Tá an tionscnamh dírithe ar fhaisnéis réamhchonarthach éigeantach agus téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a chur i láthair tomhaltóirí ar bhealach níos soiléire.
·Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú a thuilleadh do gach gníomhaí sa mhargadh, tá an Coimisiún i mbun oibre ar roinnt treoirdhoiciméid a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go mbeidh tuiscint níos fearr ag daoine ar dhlí tomhaltóirí an Aontais. Tá sé ar tí Bunachar Sonraí nua um Dhlí na dTomhaltóirí a fhoilsiú laistigh den Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Cuimseofar sa bhunachar sonraí sin cásdlí an Aontais agus an cásdlí náisiúnta agus éascófar leis rochtain ar chinntí riaracháin faoi reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais.
1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is maidir leis na hearnálacha eacnamaíocha go léir atá feidhm ag na ceithre Threoir um dhlí na dtomhaltóirí a leasaítear leis an togra seo. De bharr raon feidhme ginearálta na dTreoracha, tá feidhm acu maidir le roinnt mhaith gnéithe d’idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a chumhdaítear le reachtaíocht eile de chuid an Aontais freisin. Is leis an bprionsabal lex specialis a rialáiltear an tidirghníomhú idir na corpais dhifriúla de dhlí an Aontais. Faoin bprionsabal sin, ní bhaineann forálacha na dTreoracha ginearálta dlí tomhaltóirí le hábhar ach amháin i gcás nach gcuirfear leis na forálacha i ndlí an Aontais atá sonrach don earnáil smacht ar na gnéithe ábhartha d’idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí ann. Dá bhrí sin, fónann na treoracha ginearálta dlí tomhaltóirí sin mar ‘líontán sábhála’, á áirithiú go bhféadfar ardleibhéal chosanta tomhaltóirí a choinneáil ar bun i ngach earnáil trí dhlí an Aontais atá sonrach don earnáil a chomhlánú agus bearnaí sa dlí sin a líonadh.
Leis na leasuithe atá beartaithe lena ndéileáiltear leis an easpa trédhearcachta in idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí i margaí ar líne agus leis an easpa cosanta tomhaltóra i leith seirbhísí digiteacha, cabhrófar leis an Margadh Aonair Digiteach a chur i gcrích agus áiritheofar leis go mbeidh comhsheasmhacht ann le gné thábhachtach eile den Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach, i.e. an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach a sholáthar. Sainítear cearta tomhaltóirí sa togra sin i gcás nach bhfuil an tábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha a fhaigheann an tomhaltóir ag teacht leis an gconradh ann agus cumhdaítear leis freisin conarthaí nach gcuirtear íocaíocht an tomhaltóra in airgead ar áireamh iontu. Tá feidhm ag Treoir 2011/83/AE maidir le hábhar digiteach a sholáthar freisin; mar sin féin, níl feidhm aici faoi láthair ach amháin maidir le seirbhísí, lena náirítear seirbhísí digiteacha, a sholáthraítear ar íocaíocht airgid. De réir an togra le haghaidh Treoir maidir le hÁbhar Digiteach, is díol suntais é go bhfuil easpa comhréireachta ann i gcás inarb amhlaidh nach bhfuil an tábhar ná na seirbhísí ag teacht leis na sonraíochtaí a soláthraíodh mar fhaisnéis réamhchonarthach ná na ceanglais faisnéise réamhchonarthaí a leagtar síos i dTreoir 2011/83/AE. Ar na cúiseanna thuas, is gá raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE a ailíniú le raon feidhme na Treorach reatha maidir le hÁbhar Digiteach i dtaca leis na sainmhínithe ar ‘ábhar digiteach’ agus ‘seirbhísí digiteacha’. D’iarr an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile ar an gCoimisiún go sonrach a áirithiú go mbeadh comhsheasmhacht ann idir Treoir 2011/83/AE agus an togra le haghaidh Treoir maidir le hÁbhar Digiteach, go háirithe i dtaca leis na sainmhínithe ar ‘ábhar digiteach’ agus ‘seirbhísí digiteacha’.
An leasú ar Threoir 2011/83/AE chun go náireofaí seirbhísí digiteacha léi, cibé acu atá íocaíocht airgid a bheith i gceist leo nó nach bhfuil, comhlánaíonn sé Rialachán Ginearálta 2016/679 maidir le Cosaint Sonraí. Go sonrach, is leis an gceart an conradh le haghaidh seirbhísí digiteacha a fhoirceannadh laistigh den tréimhse tarraingt siar 14 lá a chuirfear deireadh leis an mbonn conarthach le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Dá réir sin, spreagfar cur i bhfeidhm na gceart dá bhforáiltear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, e.g. an ceart an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad agus an ceart chun iniomparthacht sonraí.
Maidir leis an leasú atá beartaithe le haghaidh margaí ar líne, cuireadh in iúl sa Teachtaireacht maidir le hArdáin ar Líne a eisíodh in 2016 go ndéanfadh an Coimisiún ‘tuilleadh measúnaithe ar aon ghá breise atá leis na rialacha cosanta tomhaltóirí atá ann cheana thabhairt cothrom le dáta i dtaca le hardáin mar chuid den tseiceáil oiriúnachta rialála a dhéanfar ar dhlí tomhaltóirí agus margaíochta an Aontais in 2017’. I mí na Nollag 2016, mhol Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go noiriúnófaí na ceanglais faisnéise réamhchonarthaí do riachtanais an tomhaltóra a cheannaíonn ó ardáin ríomhthráchtála i gcoitinn. An 19 Deireadh Fómhair 2017, leag an Chomhairle Eorpach béim ar ‘a riachtanaí atá tuilleadh trédhearcachta i gcleachtais agus úsáidí ardán’.
Tá an togra seo ag comhlánú bhearta an Choimisiúin i leith téarmaí idir ardáin agus gnólachtaí agus cleachtais trádála atá míchothrom (an tionscnamh idir ardáin agus gnólachtaí, mar a fógraíodh in athbhreithniú Bhealtaine 2017 ar an Margadh Aonair Digiteach. Saothraítear leis an togra seo agus leis an tionscnamh idir ardáin agus gnólachtaí na spriocanna comhroinnte um níos mó trédhearcachta agus cothroime sna hidirbhearta a dhéantar ar ardáin ar líne. Leis an togra seo, déileáiltear le fadhbanna sonracha a sainaithníodh cheana féin sa mheastóireacht ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí, mar atá nach eol do thomhaltóirí go minic cé hé a gcontrapháirtí conarthach nuair a dhéanann siad siopadóireacht ar mhargaí ar líne. Mar thoradh air sin, ní heol do thomhaltóirí go minic cé acu is féidir nó nach féidir leo cearta tomhaltóirí an Aontais a fheidhmiú agus, más féidir, cé hé ar gá dóibh teagmháil a dhéanamh leis chun a áirithiú go seasfar leis na cearta sin. Tá bealach eile ina bhfuil an togra seo agus an tionscnamh idir an tardán agus an gnólacht ag comhlánú a chéile, mar atá go bhfuil an dá cheann acu dírithe ar a áirithiú go mbeidh na príomhpharaiméadair lena socraítear an rangú sa chaidreamh idir ardáin agus tomhaltóirí agus sa chaidreamh idir ardáin agus gnólachtaí, go mbeidh na príomhpharaiméadair sin trédhearcach.
Is féidir a bheith ag súil go dtabharfaidh reachtaíocht tomhaltóirí níos fearr de chuid an Aontais tairbhí i réimsí beartais eile de chuid an Aontais i gcás ina gcomhlíonann idirbhearta tráchtála idir gnólachtaí agus tomhaltóirí ról tábhachtach. Sampla amháin de sin is ea obair an Choimisiúin ar thomhaltas inbhuanaithe, lena náirítear an obair a dhéantar leis an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, ina gcuimsítear freisin bearta chun aghaidh a thabhairt ar éilimh mhíthreoracha chomhshaoil agus dífheidhmeacht phleanáilte. Cé gur gabhadh iad cheana féin faoin Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha, is é an toradh a bheidh ar phionóis agus uirlisí sásaimh níos láidre go bhféadfar sáruithe ar chearta tomhaltóirí sna réimsí sin a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
·Bunús dlí
Inniúlacht atá comhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit is ea an chosaint tomhaltóirí. Mar a shonraítear in Airteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní mór don Aontas cur le cosaint leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí agus a gceart chun faisnéise agus oideachais a chur chun cinn chun leasanna a chosaint. Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (ina dtagraítear do chur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh) agus Airteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
· Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Leis an togra seo, leasaítear rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, ar measadh a nglacadh ar leibhéal an Aontais a bheith riachtanach agus i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Ní féidir feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú le dlíthe náisiúnta amháin. Baineann rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí le hábhar fós de réir mar a théann an margadh inmheánach i ndoimhneacht agus de réir mar a mhéadaíonn an líon idirbheart tomhaltóirí san Aontas idir na Ballstáit.
Maidir leis an eacnamaíocht, is dócha go nimreoidh iompraíocht trádálaithe i leith tomhaltóirí tionchar mór ar oibriú na margaí tomhaltóirí. Is é an chúis atá leis sin go mbíonn tionchar an-mhór ag trádálaithe ar fhaisnéis do thomhaltóirí agus ar an gcinnteoireacht i margaí den sórt sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an beartas tomhaltóirí feabhas a chur ar fhórsaí margaidh. Is féidir leis sin cabhrú iomaíocht a chothú agus éifeachtúlacht a fheabhsú.
Laistigh den Aontas, tá méid agus déine na trádála trasteorann ard go leor (le bheith cruinn faoi, tá siad níos airde san Aontas ná mar atá in aon mhórlimistéar trádála eile ar domhan) chun an trádáil trasteorann sin a dhéanamh soloite ag roghanna beartais atá neamh-chomhsheasmhach, nó éagsúil fiú, a rinne na Ballstáit. Ina theannta sin, is féidir le trádálaithe freastal ar thomhaltóirí thar theorainneacha na mBallstát. Cruthaíonn sin fadhbanna in amanna nach bhfuil reachtóirí agus rialálaithe náisiúnta in ann aghaidh a thabhairt orthu go leordhóthanach ina naonar.
Leis an togra seo, leasaítear rialacha reatha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí. Le Treoir 2005/29/CE, áirithítear comhchuibhiú iomlán na rialacha náisiúnta maidir le cleachtais tráchtála éagóracha a dhéanann díobháil do leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí. Soláthraítear go bunúsach le Treoir 2011/83/AE rialacha atá lán-chomhchuibhithe maidir le ceanglais faisnéise réamhchonarthaí agus cearta chun aistarraingt le haghaidh conarthaí tomhaltóirí. Bheadh reachtaíocht náisiúnta nua a thiocfadh faoi raon feidhme na dTreoracha sin ag teacht salach ar an acquis lán-chomhchuibhithe atá i bhfeidhm cheana féin.
Tá sé soiléir go háirithe i gcás cleachtais neamhdhleathacha a théann i bhfeidhm ar thomhaltóirí i roinnt Ballstáit den Aontas ag an aon am amháin gur fadhb uile-Aontais an fhadhb sin agus gur gá gníomhaíocht forfheidhmithe iomchuí ar leibhéal an Aontais chun í a réiteach. Sáruithe forleathana den sórt sin ar chearta tomhaltóirí, sainíodh go dlíthiúil iad leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, rud a chruthaíonn creat cumhachtach nós imeachta le haghaidh comhar idir údaráis forfheidhmithe náisiúnta. Chun go mbeidh sé iomlán éifeachtach, ní mór forfheidhmiú ar fud an Aontais a bheith bunaithe freisin ar chreat dlíthiúil substainteach atá coiteann agus aonfhoirmeach. Ní féidir forfheidhmiú ceart tomhaltóirí agus deiseanna sásaimh ar fud an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí le bearta a dhéanann na Ballstáit ina naonar amháin.
I gcás trádáil ar líne, tá an chuma air nach féidir aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar leibhéal náisiúnta ar na fadhbanna a a bhíonn ag tomhaltóirí. Go háirithe, is ar fud na hEorpa agus thar theorainneacha a bhíonn cuid mhór margaí ar líne agus cuid mhór soláthraithe seirbhísí digiteacha i mbun trádála.
Deimhníodh sa tSeiceáil Oiriúnachta agus sa mheastóireacht ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí gur chabhraigh acquis dlí tomhaltóirí agus margaíochta an Aontais ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a chruthú ar fud an Aontais. Chabhraigh sé freisin feabhas a chur ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus costais a laghdú do ghnólachtaí a dhíolann táirgí agus seirbhísí thar theorainneacha. Na gnólachtaí a dhíolann a gcuid táirgí agus seirbhísí i dtíortha eile san Aontas, baineann siad tairbhe as an reachtaíocht chomhchuibhithe lena néascaítear díol trasteorann le tomhaltóirí i dtíortha eile san Aontas.
Is le Treoir 2005/29/CE go háirithe a ionadaíodh rialacháin éagsúla ar fud an Aontais trí fhoráil a dhéanamh mair le creat dlíthiúil aonfhoirmeach ar fud na mBallstát go léir. Leis an gcur chuige trasnaí prionsabalbhunaithe a ghlactar ann, soláthraítear creat úsáideach solúbtha ar fud an Aontais, agus, mar thoradh ar dhúliosta a thabhairt isteach, cuireadh deireadh le roinnt cleachtais éagóracha i margaí náisiúnta éagsúla. Mar an gcéanna, baineadh an-leas as Treoir 2011/83/AE chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus áirithíodh léi go bhfuil ardleibhéal coiteann cosanta tomhaltóirí ann trí dheireadh a chur le difríochtaí idir na dlíthe náisiúnta a bhaineann le conarthaí idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Is é an toradh atá uirthi gur méadaíodh deimhneacht dhlíthiúil do thrádálaithe agus do thomhaltóirí, go háirithe iad sin atá i mbun trádáil trasteorann. Go háirithe, tá méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar an iontaoibh atá ag tomhaltóirí as margadh méadaitheach na ríomhthráchtála trasteorann.
Luadh sa Tuarascáil ar an tSeiceáil Oiriúnachta gurb iad na rialacha comhchuibhithe coiteanna atá istigh ann is cúis leis an tionchar is mó a bhí ag dlí tomhaltóirí an Aontais. Cumasaítear leis na rialacha sin d’údaráis forfheidhmithe náisiúnta aghaidh a thabhairt ar bhealach níos éifeachtaí ar sháruithe trasteorann a dhéanann díobháil do thomhaltóirí i roinnt Ballstát. Mar shampla, mura ndéanfar tuilleadh beart ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú gurb ‘éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach’ atá fíneálacha, is dócha nach leor na córais éagsúla náisiúnta atá ann cheana le haghaidh fíneálacha chun iomaíocht chóir a áirithiú do thrádálaithe comhlíontacha agus go mbainfidh siad an bonn den chomhar forfheidhmithe faoin Rialachán athbhreithnithe maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí. Ina theannta sin, má bhunaítear iomaíocht níos cothroime trí rialacha náisiúnta maidir le fíneálacha a chomhfhogasú, beidh dlí tomhaltóirí an Aontais ag teacht níos fearr leis na creataí pionóis le haghaidh dhlí iomaíochta agus cosanta sonraí an Aontais. Tá méadú tagtha ar an aitheantas a thugtar ar leibhéal an Aontais do shineirgíochtaí idir na trí réimse sin, go háirithe maidir le bearta forfheidhmithe a chomhordú.
Ina theannta sin, tá sé i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta maidir le soiléiriú a dhéanamh laistigh de Threoir 2005/29/CE ar shaoirse na mBallstát chun forálacha a ghlacadh lena gcosnófar leasanna dlisteanacha tomhaltóirí ar chuairteanna gan iarraidh chun críocha margaíochta dírí nó turais tráchtála, i gcás ina mbeidh údar leis na srianta sin ar fhoras an bheartais phoiblí nó ar son meas ar an saol príobháideach a chosaint, mar go náiritheofar leis go mbeidh na Ballstáit in ann rialáil i réimse ina meastar nach nimreofar ach tionchar an-teoranta ar an Margadh Aonair.
·Comhréireacht
Tá na bearta sa togra comhréireach leis na cuspóirí um fheabhas a chur ar chomhlíonadh dhlí na dtomhaltóirí agus nuachóiriú agus laghdú ualaí.
Maidir le pionóis, comhchuibhítear leibhéal íosta na bpionós leis an togra trí cheangal a chur ar na Ballstáit gan fíneálacha a thabhairt isteach atá bunaithe ar láimhdeachas trádálaí ach amháin i gcás sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais i gcás ina mbeidh sé soiléir go bhfuil an comhchuibhiú sin riachtanach chun comhordú pionós a áirithiú mar a cheanglaítear leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí. I gcás gach sáraithe eile, ní shocraítear leis an togra ach critéir neamh-uileghabhálacha ba cheart a chur san áireamh nuair a bheidh pionóis shonracha á gcur i bhfeidhm. I gcás na sáruithe eile sin, ní chomhchuibhítear na pionóis sin leis an togra agus tugtar soiléiriú ann fiú nach gá feidhm a bheith ag na critéir sin maidir le mionsáruithe.
Maidir leis an gceanglas i réimse na leigheasanna aonair i leith sáruithe ar Threoir 2005/29/AE, tugtar leis an togra roinnt saoirse do na Ballstáit na leigheasanna sonracha atá le cur ar fáil a roghnú. Ní cheanglaítear leis an togra ach an leigheas conarthach um fhoirceannadh conartha agus an leigheas neamhchonarthach um chúiteamh i leith damáistí a thabhairt ar a laghad. Is iad sin an dá leigheas is coitianta i ndlí sibhialta náisiúnta na mBallstát sa lá atá inniu ann.
Comhréireacht an leathnaithe atá beartaithe a dhéanamh ar Threoir 2011/83/AE chuig seirbhísí digiteacha nach soláthraítear ar íocaíocht airgid, áirithítear í trí raon feidhme an chur i bhfeidhm a ailíniú le raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach atá le teacht maidir le hÁbhar Digiteach agus trí dhíolúine a thabhairt freisin do na conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha nach dtugann an tomhaltóir ach sonraí pearsanta dóibh ó roinnt de na ceanglais fhoirmiúla de Threoir 2011/83/AE nach mbaineann le hábhar ach amháin i gcás conarthaí íoctha, i.e. an ceanglas atá ann toiliú an tomhaltóra a fháil i dtaca le soláthar láithreach seirbhíse nach mbíonn iarmhairtí aige ach maidir leis an íocaíocht airgid as na seirbhísí a soláthraíodh le linn na tréimhse tarraingt siar sular feidhmíodh an ceart tarraingt siar.
Is comhréireach atá na hathruithe atá beartaithe ar na rialacha maidir le margaí ar líne sa mhéid nach gcuirtear leo aon oibleagáid ar mhargaí ar líne faireachán nó fíorú a dhéanamh ar a fhírinní atá an fhaisnéis a thugann soláthraithe tríú páirtí faoin stádas atá acu mar thrádálaithe nó mar sholáthraithe nach trádálaithe iad. Dá bhrí sin, is ar fhéindearbhú amháin atá na hathruithe bunaithe agus níl de chúram ar an margadh ach a áirithiú go dtabharfaidh soláthraithe tríú páirtí an fhaisnéis sin ar an suíomh gréasáin agus í a thabhairt ina dhiaidh sin don tomhaltóir. Maidir le trédhearcacht an rangaithe, ní mór don mhargadh ar líne na príomhpharaiméadair lena socraítear rangú na dtairiscintí a chur in iúl gan aon chritéir rangaithe shonracha a leagan síos.
Cuirtear feabhas leis an togra freisin ar chomhréireacht na reachtaíochta trí chostais rialála a laghdú do thrádálaithe i gcás nach gcuirfidh sin cuspóir na reachtaíochta i mbaol, mar shampla i gcás oibleagáidí an dá thrádálaí shainaitheanta maidir leis an gceart tarraingt siar agus na bearta laghdú ualaí a bheartaítear le haghaidh ceanglais faisnéise. Meastar go mbainfidh fiontair bheaga tairbhe ar leith as athruithe den sórt sin lena gcuirfear deireadh le hualach neamhriachtanach.
·An rogha ionstraime
Ós rud é go leasaítear ceithre Threoir atá ann cheana leis an togra seo, is Treoir an ionstraim is iomchuí.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Tá an togra seo bunaithe ar thorthaí na Seiceála Oiriúnachta a rinneadh ar Dhlí Tomhaltóirí agus Margaíochta an Aontais agus ar thorthaí na meastóireachta a rinneadh ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí, ar foilsíodh an dá cheann díobh i mí na Bealtaine 2017.
Thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta gurb amhlaidh, tríd is tríd, gurb oiriúnach don fheidhm atá formhór na bhforálacha substainteacha sna Treoracha lena mbaineann. Cé go leagtar forálacha cosanta tomhaltóirí síos freisin i gcuid mhór ionstraimí ón Aontas atá sonrach don earnáil, ba é an chonclúid ar thángthas uirthi sa tSeiceáil Oiriúnachta go gcomhlánaíonn na Treoracha ginearálta atá á nanailísiú agus reachtaíocht an Aontais atá sonrach don earnáil um chosaint tomhaltóirí a chéile. Thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta freisin go naontaíonn páirtithe leasmhara den chuid is mó go bhfuil creat dlíthiúil ag an Aontas atá soiléir agus comhleanúnach mar gheall ar rialacha ginearálta agus rialacha atá sonrach don earnáil araon a bheith i bhfeidhm.
Mar sin féin, thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta go mbaineann na nithe sin d'éifeachtacht na rialacha: (a) nach bhfuil a fhios ag trádálaithe agus tomhaltóirí go bhfuil siad ann, agus (b) nach leor an forfheidhmiú agus na na deiseanna sásaimh tomhaltóirí. A mhéid a bhaineann leis an togra seo, moladh sa tSeiceáil Oiriúnachta go ndéanfaí gníomhaíocht sa todhchaí chun comhlíonadh a fheabhsú trí fhorfheidhmiú a neartú agus trína dhéanamh níos éasca do thomhaltóirí sásamh a lorg, go háirithe trí mhéadú a dhéanamh ar an éifeacht dhíspreagthach atá ag baint le pionóis a fhorchuirtear i leith sáruithe ar dhlí na dtomhaltóirí agus trí leigheasanna tomhaltóirí a thabhairt isteach i gcás inar úsáideadh cleachtais tráchtála éagóracha a sháraíonn Treoir 2005/29/CE in aghaidh tomhaltóirí. Moladh sa tSeiceáil Oiriúnachta freisin go nuachóireofaí an tírdhreach rialála agus go laghdófaí ualaí rialála trí dheireadh a chur le dúbláil ceanglas faisnéise nach bhfuil údar léi idir Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE.
Thaángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí gur baineadh leas dearfach as Treoir 2011/83/AE chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a fheabhsú agus gur áirithíodh léi go bhfuil ardleibhéal coiteann cosanta tomhaltóirí ann. Sainaithníodh inti, áfach, go bhfuil roinnt bearnaí ann sna rialacha, go háirithe maidir leis na forbairtí sa gheilleagar digiteach. Tarraingíodh aird sa mheastóireacht ar roinnt réimsí a bhféadfadh leasuithe reachtacha a bheith ábhartha iontu, lena náirítear na réimsí seo a leanas:
(a)trédhearcacht na nidirbheart i margaí ar líne;
(b)na rialacha lena rialaítear conarthaí ábhair dhigitigh a ailíniú leis na rialacha le haghaidh seirbhísí digiteacha ‘saor in aisce’ (amhail néalstóráil agus post gréasáin);
(c)simpliú a dhéanamh ar roinnt de na ceanglais faisnéise i dTreoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a fhorluíonn ar a chéile;
(d)laghdú a dhéanamh ar an ualach ar thrádálaithe, go háirithe gnólachtaí beaga agus meánmhéide, i réimse an chirt tarraingt siar as ciandíolachán agus díolachán seacháitribh maidir leis na nithe seo: (1) ceart an tomhaltóra earraí a thabhairt ar ais freisin i gcás inar úsáideadh iad níos mó ná atá fíor-riachtanach agus (2) an oibleagáid atá ann aisíocaíocht a dhéanamh leis an tomhaltóir sula bhfaighfear na hearraí ar ais ón tomhaltóir;
(e)an modh cumarsáide idir trádálaithe agus tomhaltóirí a nuachóiriú.
Moladh sa mheastóireacht freisin go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus go neiseofaí tuilleadh treoirdhoiciméad mar bheart leantach.
·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Agus é ag ullmhú an togra, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara tríothu seo a leanas:
·an sásra aiseolais ar an Measúnú Tionchair Tosaigh;
·comhairliúchán poiblí ar líne;
·comhairliúchán spriocdhírithe painéil le gnólachtaí beaga agus meánmhéide;
·comhairliúcháin spriocdhírithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile trí shuirbhéanna agus cruinnithe le líonraí na hArd-Stiúrthóireachta um Cheartas agus Tomhaltóirí atá comhdhéanta d’údaráis na mBallstát agus eagraíochtaí tomhaltóirí;
·comhairliúchán le páirtithe leasmhara tomhaltóirí agus gnólachtaí trí Shainghrúpa Páirtithe Leasmhara REFIT.
Ba é cuspóir na gcomhairliúchán fianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil a bhailiú ó ghrúpaí ábhartha páirtithe leasmhara (tomhaltóirí, comhlachais tomhaltóirí, gnólachtaí, comhlachais ghnó, údaráis na mBallstát, dlíodóirí) agus ón bpobal i gcoitinne. Bhí sé deacair dul i dteagmháil le cineálacha sonracha gnólachtaí, amhail margaí ar líne agus soláthraithe seirbhísí digiteacha ‘saor in aisce’. Poiblíodh na comhairliúcháin trí chruinnithe rialta, Twitter, Facebook agus ríomhphoist chuig líonraí na hArd-Stiúrthóireachta um Cheartas agus Tomhaltóirí agus trí óráidí a thug an Coimisinéir agus oifigigh ardleibhéil eile de chuid an Choimisiúin.
Tá an togra bunaithe freisin ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin a rinneadh le linn na Seiceála Oiriúnachta agus na meastóireachta ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí.
Níl páirtithe leasmhara ar aon tuairim faoi na bearta a chuirtear ar áireamh sa togra. Léiríodh sa chomhairliúchán poiblí go bhfuil roinnt mhaith comhlachais tomhaltóirí agus údaráis phoiblí i bhfách leis an leibhéal uasta fíneálacha a chur in iúl mar chéatadán de láimhdeachas an trádálaí. Ní raibh ach roinnt bheag comhlachais ghnó i bhfabhar an smaoinimh sin, áfach. Os a choinne sin, mheas céatadán nach lú ná 80 % de na freagróirí sa phainéal fiontar beag agus meánmhéide gurb é an leibhéal uasta fíneálacha a chur in iúl mar chéatadán de láimhdeachas an trádálaí, agus dearbhmhéid a chur leis, dá mb’fhéidir, cibé acu is airde, an bealach is comhréirí, is éifeachtaí agus is athchomhairlí chun an leibhéal uasta fíneálacha a shocrú.
Sa chomhairliúchán poiblí, luaigh formhór mór na núdarás poiblí, na gcomhlachas tomhaltóirí agus na dtomhaltóirí a thug freagra gur cheart ceart ar fud an Aontais chun leigheasanna faoi Threoir 2005/29/AE a thabhairt isteach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh trádálaithe rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí ar bhealach níos fearr. Mar sin féin, ní mór an tacaíocht a thug comhlachais ghnó (35 %) agus cuideachtaí aonair (31 %) don smaoineamh sin. I gcomhairliúchán an phainéil fiontar beag agus meánmhéide, bhí 87 % de fhreagróirí i bhfách le ceart ar fud an Aontais chun leigheasanna faoi Threoir 2005/29/AE a thabhairt isteach.
Bhí roinnt mhaith páirtithe leasmhara i bhfách le ceanglais trédhearcachta nua le haghaidh conarthaí a thugtar i gcrích i margaí ar líne. Aontaíonn comhlachais tomhaltóirí, údaráis phoiblí, daoine aonair agus an chuid is mó de na cuideachtaí agus na comhlachais ghnó gur cheart do thomhaltóirí atá i mbun ceannaigh i margaí ar líne faisnéis a fháil faoi aitheantas agus stádas an tsoláthraí. Aontaíonn siad freisin go dtiocfadh méadú ar iontaoibh tomhaltóirí dá bharr. Chomh maith leis sin, tá a lán gnólachtaí beaga agus meánmhéide i bhfabhar ceanglais a thabhairt isteach maidir le fógra a thabhairt do thomhaltóirí faoi aitheantas agus stádas dlíthiúil an chomhpháirtí chonarthaigh. Bhí comhlachais ghnó i bhfabhar trédhearcachta freisin. Chuir roinnt mórmhargaí ar líne in iúl go laghdófaí costais leis na rialacha nua, cé go raibh roinnt eile díobh éiginnte.
Bhí an chuid is mó de na páirtithe leasmhara i bhfách le Treoir 2011/83/AE a leathnú chun go gcumhdófaí léi seirbhísí digiteacha nach ndéantar aon íocaíocht airgid ina leith. Bhí trádálaithe i bhfách le ceanglais faisnéise a thabhairt isteach chun eolas níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí, cé nach raibh siad ar aon intinn faoi cheart tarraingt siar a thabhairt isteach le haghaidh na seirbhísí digiteacha sin. Ní raibh comhlachais ghnó i bhfách le ceart tarraingt siar a thabhairt isteach le haghaidh seirbhísí digiteacha nach ndéantar aon íocaíocht airgid ina leith.
Bhí comhlachais ghnó i bhfách le ceanglais faisnéise a scriosadh i dTreoir 2005/29/CE i gcás ina bhforluíonn siad ar cheanglais faisnéise réamhchonarthaí i dTreoir 2011/83/AE. Ní raibh comhlachais tomhaltóirí i bhfách le ceanglais faisnéise a scriosadh sna cásanna sin. Mheas formhór na núdarás poiblí nach raibh sé tábhachtach ag an gcéim fógraíochta faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí faoi láimhseáil gearán.
Tríd is tríd, bhí páirtithe leasmhara i bhfách le tagairt atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de do mhodhanna cumarsáide ar líne a chur in ionad an cheanglais reatha atá ar thrádálaithe seoladh ríomhphoist a sholáthar. Bhí páirtithe leasmhara i bhfách, den chuid is mó, leis an tagairt d’uimhir facs i dTreoir 2011/83/AE a scriosadh.
Sa chomhairliúchán poiblí, thuairiscigh 35 % de chuideachtaí ar líne gur tháinig siad ar fhadhbanna suntasacha de bharr na noibleagáidí sonracha thuasluaite atá ar thrádálaithe maidir leis an gceart tarraingt siar. Dheimhnigh formhór na gcomhlachas gnó go gcuirtear ualach díréireach/neamhriachtanach ar thrádálaithe de bharr na noibleagáidí sin. Sa phainéal fiontar beag agus meánmhéide, thuairiscigh geall le leath na ndaoine féinfhostaithe, na micreachuideachtaí agus na gcuideachtaí beaga a bhíonn ag díol ar líne le tomhaltóirí go raibh ualaí díréireacha orthu. Ní raibh an chuid is mó de chomhlachais tomhaltóirí, údaráis phoiblí agus daoine aonair i bhfách le deireadh a chur leis na hoibleagáidí sin ar thrádálaithe, áfach.
·Measúnú tionchair
Tá an togra seo bunaithe ar Mheasúnú Tionchair (IA). D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhiúltach mar aon le nótaí tráchta cuimsitheacha den chéad uair an 12 Eanáir 2018. Nuair a bhí athbhreithniú suntasach déanta ar an gcéad dréacht d'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach an 9 Feabhra 2018. Mínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Measúnú Tionchair cén dóigh ar tugadh aghaidh ar na nótaí tráchta ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála.
Déileáiltear ar leithligh sa Mheasúnú Tionchair le roghanna chun comhlíonadh an dlí cosanta tomhaltóirí a fheabhsú ar thaobh amháin agus le roghanna a bhaineann le nuachóiriú agus laghdú ualaí ar an taobh eile.
Chun comhlíonadh a fheabhsú, breithníodh trí rogha cé is moite den chás bonnlíne:
(1)rogha a raibh sé i gceist léi gan ach díspreagadh agus comhréireacht an fhorfheidhmithe phoiblí a mhéadú trí rialacha níos láidre a thabhairt isteach maidir le pionóis agus nós imeachta níos éifeachtaí a thabhairt isteach maidir le hurghairí;
(2)rogha a raibh sé i gceist léi cur leis na bearta in (1) ceart an tomhaltóra chun leigheasanna aonair;
(3)rogha a raibh sé i gceist léi bearta um chomhshásamh tomhaltóirí cur leis na bearta in (1) agus (2).
Ba í rogha 3, a chomhcheangail na bearta go léir, an rogha thosaíochta. Leis an togra seo, tugtar aghaidh ar na codanna den rogha thosaíochta a bhaineann le rialacha níos láidre maidir le pionóis agus cearta chun leigheasanna aonair do thomhaltóirí i leith sáruithe ar Threoir 2005/29/CE. Na gnéithe a bhaineann le hurghairí agus comhshásamh, tugtar aghaidh orthu leis an togra comhuaineach maidir le gníomhartha ionadaíocha le haghaidh cosaint comhleasanna tomhaltóirí agus lena naisghairtear Treoir 2009/22/CE.
Maidir le pionóis, méadófaí leis an togra comhsheasmhacht chur i bhfeidhm na bpionós ar fud an Aontais. Déanfar sin trí liosta critéar coiteann neamh-uileghabhálach a thabhairt isteach le haghaidh measúnú a dhéanamh ar thromchúis na sáruithe (seachas mionsáruithe). Cheanglófaí ar údaráis forfheidhmithe aird a thabhairt ar na critéir sin le linn dóibh a chinneadh cé acu a fhorchuirfidh nó nach bhforchuirfidh siad pionóis agus cén leibhéal pionóis ba cheart a fhorchur. Da mba fhíneáil é an pionós a fhorchuirfear, cheanglófaí ar na húdaráis, le linn dóibh méid na fíneála a shocrú, aird a thabhairt ar láimhdeachas agus glanbhrabús an trádálaí is sáraitheoir agus ar aon fhíneálacha a forchuireadh i leith an tsáraithe chéanna nó sáruithe den chineál céanna i mBallstáit eile. I gcás ‘sáruithe forleathana’ agus ‘sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais’, mar a shainmhínítear sa Rialachán athbhreithnithe maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, ba cheart fíneálacha a thabhairt isteach mar ghné éigeantach de phionóis, agus ba cheart do na Ballstáit an fhíneáil uasta i leith sáruithe den sórt sin a shocrú ar leibhéal atá cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas an trádálaí.
Maidir le leigheasanna aonair, ceanglaítear leis an togra ar na Ballstáit a áirithiú gurb amhlaidh ar a laghad a bheidh rochtain ag tomhaltóirí a ndéanann cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh ar an leigheas conarthach um fhoirceannadh conartha agus an leigheas neamhchonarthach um chúiteamh i leith damáistí. Go háirithe, léirigh an chonspóid maidir le hastaíochtaí ó charranna díosail (nuair a shuiteáil monaróirí carranna teicneolaíocht i gcarranna chun séitéireacht a dhéanamh i dtástálacha astaíochtaí) gurb amhlaidh ó am go chéile a bhíonn leigheasanna neamhchonarthacha, amhail an ceart seach-chonarthach chun cúiteamh i leith damáistí, níos tábhachtaí do thomhaltóirí ná leigheasanna conarthacha. I gcás na conspóide maidir le hastaíochtaí ó charranna díosail, bhí cuid mhór tomhaltóirí nach raibh in ann leigheasanna a éileamh go dtí seo, fiú amháin sna Ballstáit sin a thugann leigheasanna cheana féin do dhaoine ar úsáideadh cleachtais tráchtála éagóracha ina naghaidh. Is é is cúis leis sin gur leigheas conarthach an taon chineál leigheas atá ar fáil. Ní féidir, dá bhrí sin, na leigheasanna a chur i bhfeidhm ach in aghaidh chontrapháirtithe conarthacha na dtomhaltóirí, arb iad na díoltóirí carranna iad, de ghnáth, sa chás seo agus ní na monaróirí carranna.
Maidir leis na costais a bheadh i gceist leis na bearta sin, d’fhéadfadh go mbeadh roinnt costais tosaigh ann ar thrádálaithe agus iad ag cur eolas orthu. I gcomhairliúchán an Phainéil Fiontar Beag agus Meánmhéide, áfach, chuir formhór na bhfreagróirí in iúl nach nimreofaí aon tionchar ar a gcostais dá neartófaí pionóis. Maidir le leigheasanna aonair, EUR 638 na costais airmheánacha mheasta aon uaire, amhail costais a bhaineann le comhairle dlí, a tuairiscíodh i gcomhairliúchán an Phainéil Fiontar Beag agus Meánmhéide. EUR 655 na costais airmheánacha mheasta reatha in aghaidh na bliana. Sa chomhairliúchán poiblí, chuir formhór na núdarás poiblí in iúl go dtiocfadh méadú ar chostais an fhorfheidhmithe riaracháin agus bhreithiúnaigh dá neartófaí rialacha maidir le pionóis. Bheadh roinnt costais tosaigh i gceist d’údaráis náisiúnta agus cúirteanna agus iad ag cur eolas ar chearta chun leigheasanna aonair a thabhairt isteach. Níor sholáthair aon údarás poiblí meastacháin ar na méaduithe nó na laghduithe a thiocfadh ar chostais forfheidhmithe. Ar na costais d’údaráis forfheidhmithe phoiblí agus na cúirteanna tá méadú féideartha ar an líon cásanna forfheidhmithe agus cúirte. Is dócha, áfach, go ndéanfar na costais sin a fhritháireamh leis an laghdú foriomlán a mheastar a bheidh ann i sáruithe ar dhlí tomhaltóirí an Aontais, rud a thiocfaidh as an éifeacht dhíspreagthach mhéadaithe atá ag pionóis agus leigheasanna níos láidre.
Toradh eile a bheadh ar an togra ba ea go soláthrófaí coigiltí do thrádálaithe atá i mbun trádáil trasteorann, a bhuí le comhchuibhiú méadaithe na rialacha. Bheadh níos mó soiléire ann go háirithe ar na hiarmhairtí féideartha do thrádálaithe i gcás neamhchomhlíonadh. Chruthódh sé sin costais níos ísle agus níos cruinne ar mheasúnú riosca.
Maidir le nuachóiriú agus laghdú ualaí, rinneadh measúnú sa Mheasúnú Tionchair ar na roghanna i dtaca le (a) trédhearcacht margaí ar líne, (b) cosaint tomhaltóirí i leith seirbhísí digiteacha nach soláthraítear ar íocaíocht airgid agus (c) bearta laghdaithe ualaí a phléitear sa chéad roinn eile ar oiriúnacht rialála agus simpliú.
Maidir le trédhearcacht margaí ar líne, rinneadh measúnú sa Mheasúnú Tionchair ar na roghanna i leith cur chun cinn a dhéanamh ar fhéinrialáil, comhrialáil agus leasuithe reachtacha ar Threoir 2011/83/AE lena bhforchuirfí ceanglais bhreise faisnéise ar mhargaí ar líne. Ní raibh ach líon an-íseal freagróirí ar na comhairliúcháin spriocdhírithe agus phoiblí a thug meastacháin chainníochtúla chostais. Thuairiscigh roinnt mórmhargaí ar líne go soláthrófaí roinnt laghduithe costais le rialacha lán-chomhchuibhithe nua maidir le trédhearcacht, cé go raibh roinnt eile díobh éiginnte faoi cé acu a thiocfadh nó nach dtiocfadh laghduithe costais as na rialacha sin. De na ceithre mhargadh ar líne a thug freagra ar an gceist faoi chostais, ba réasúnta a bheadh na costais a bhaineann le ceanglais nua faisnéise (costais aonuaire agus costais reatha) a chomhlíonadh i dtuairim dhá cheann díobh, níor réasúnta a bheadh siad i dtuairim ceann amháin agus b’éiginnte fúthu a bhí ceann amháin eile.
I dtaca le leathnú na Treorach maidir le Cearta Tomhaltóirí chuig seirbhísí digiteacha ‘saor in aisce’, is soiléiriú reachtach é sin a mbeadh costais mheasartha do chuideachtaí i gceist leis toisc go mbeadh orthu a suíomh gréasáin/a gcomhéadan ar líne a choigeartú. Mheas gnólachtaí beaga agus meánmhéide gur cothrom le EUR 33 i gcás ceanglais faisnéise réamhchonarthaí agus EUR 50 i gcás an chirt tarraingt siar a bheadh airmheán na gcostas bliantúil a thiocfadh as Treoir 2011/83/AE a leathnú chun seirbhísí digiteacha nach soláthraítear ar íocaíocht a chumhdach.
An leasú ar Threoir 2005/29/CE lena sonraítear go bhféadfaidh na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach go háirithe i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar theach tomhaltóra nó i ndáil le turais tráchtála a d'eagródh trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina mbeidh údar ann le srianta den sórt sin ar fhorais bheartais phoiblí nó ar son meas ar an saol príobháideach a chosaint, is gá an leasú sin a dhéanamh chun soiléiriú a thabhairt ar an gcaidreamh idir an Treoir agus rialacha náisiúnta maidir le gníomhaíochtaí margaíochta den sórt sin.
Chuir roinnt Ballstát toirmisc ar chineálacha sonracha díolacháin seacháitribh nó srianta leo, amhail díol gan iarraidh ó dhoras go doras, ar son meas ar an saol príobháideach a chosaint agus ar fhoras an bheartais phoiblí freisin. Cé go dtagann siad salach ar chineál lán-chomhchuibhithe Threoir 2005/29/CE, níl aon impleachtaí trasteorann ag na srianta sin nó níl ach impleachtaí trasteorann an-bheag acu (de bharr chineál an díolacháin seacháitribh). Dá bhrí sin, ní bheadh aon tionchar suntasach ag na srianta sin ar an Margadh Aonair. Leis an athrú atá beartaithe, d’aithneofaí an status quo atá ann i roinnt Ballstát a ghlac srianta áirithe le díol ó dhoras go doras agus/nó turais díolacháin. Bheadh aon tionchar eile ag brath ar cé acu a bhainfeadh nó nach mbainfeadh na Ballstáit úsáid as an bhféidearthacht sin. Dá bhrí sin, maidir le soiléiriú a thabhairt ar an deis a bheith ag na Ballstáit srianta den sórt sin a thabhairt isteach ar fhorais an bheartais phoiblí nó ar son meas ar shaol príobháideach tomhaltóirí a chosaint, measadh nach bhfuil aon tionchar láithreach aige ar an Margadh Aonair, agus tá sé i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.
An leasú ar Threoir 2005/29/CE i dtaca le ‘décháilíocht’ táirgí, is gá é a dhéanamh chun tuilleadh soiléire dlíthiúla a thabhairt d’údarás na mBallstáit atá freagrach as an Treoir a fhorfheidhmiú. Bhí an cheist sin pléite ag an gCoimisiún i gComhairle an 25 Bealtaine 2016 maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2005/29/AE agus tar a éis sin i bhFógra 26.9.2017 ón gCoimisiún 'faoi chur i bhfeidhm dhlí cosanta bia agus tomhaltóirí an Aontais maidir le ceisteanna faoi dhécháilíocht táirgí - cás sonrach an bhia'. Is léir ar an taithí a fuarthas ar fhorfheidhmiú, áfach, go mbainfeadh na húdaráis náisiúnta tairbhe as a bheith ag brath ar thacar follasach forálacha. Teastaíonn siad chun go mbeifear in ann dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí le cleachtais tráchtála ina margaítear táirge mar cheann atá comhionann leis an táirge céanna a mhargaítear i roinnt Ballstát eile, i gcás ina bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe na dtáirgí sin agus ina dtugann na cleachtais sin ar an meántomhaltóir, nó ina bhfuil an cleachtas sin ina chúis, nó inar dócha go mbeidh sé ina chúis, le cinneadh idirbhirt ón ngnáth-thomhaltóir nach ndéanfadh sé murach sin
·Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ós rud é gur mar chuid de chlár REFIT atá an togra seo á dhéanamh, cuid thábhachtach de na meastóireachtaí bunúsacha ba ea na hualaí rialála a dhéanamh amach. Léirigh siad sin nach bhfuil ualach an-mhór ag baint le reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais. Dá bhrí sin, i bhfianaise na dtairbhí móra a bhaineann le reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais ó thaobh tomhaltóirí a chosaint agus an Margadh Aonair a éascú de, níor sainaithníodh sna meastóireachtaí sin ach scóip theoranta le haghaidh ualaí a laghdú.
Ós rud é go leasaítear leis an togra seo reachtaíocht a bhfuil feidhm aici maidir le gach trádálaí, lena náirítear micrifhiontair, níl aon chúiseanna suntasacha ann le díolúine a thabhairt do mhicrifhiontair ó chur i bhfeidhm an togra seo. Is dócha go mbainfidh micrifhiontair go háirithe tairbhe as na bearta laghdaithe ualaí atá beartaithe maidir leis an gceart tarraingt siar. Is é an chúis atá leis sin gur féidir go bhfuil níos lú solúbthachta ag na gnólachtaí sin faoi láthair i leith caillteanais a mhaolú de bharr na noibleagáidí reatha. Is dócha go mbeidh tionchar níos lú ar mhicrifhiontair ag an neartú atá beartaithe a dhéanamh ar rialacha maidir le pionóis i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais, ós rud é gurb iad na cuideachtaí móra a dhéanann na sáruithe sin de ghnáth, ar cuideachtaí iad a bhíonn ansin faoi réir bearta comhordaithe forfheidhmithe um chomhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí.
Leis an gcéad leasú, a bhaineann leis an gceart tarraingt siar, cuirtear deireadh leis an oibleagáid atá ar thrádálaí glacadh le tabhairt ar ais earraí, fiú amháin i gcás inar úsáid tomhaltóirí na hearraí sin níos mó ná mar a ceadaíodh. Thuairiscigh gnólachtaí beaga agus meánmhéide caillteanais bhliantúla EUR 2 223 ar an meán (airmheán EUR 100) de bharr na hoibleagáide reatha atá ann 'earraí a tástáladh go míchuí' den sórt sin a ghlacadh. Tá sé le tuiscint as na tuairimí a chuir comhlachais ghnó agus cuideachtaí in iúl go mbainfidh trádálaithe, agus gnólachtaí beaga agus meánmhéide go háirithe, tairbhe as laghdú san ualach sin. Maidir leis an oibleagáid atá ar an trádálaí aisíocaíocht a dhéanamh le tomhaltóirí sula bhfaighidh sé deis na hearraí arna dtabhairt ar ais a iniúchadh, b’ionann agus EUR 1 212 (airmheán 0) na meánchaillteanais bhliantúla mheasta a tuairiscíodh i gcomhairliúchán an Phainéil Fiontar Beag agus Meánmhéide de bharr na rialacha reatha. Tá sé le tuiscint as na tuairimí a chuir comhlachais ghnó agus cuideachtaí in iúl go mbainfidh trádálaithe, agus gnólachtaí beaga agus meánmhéide go háirithe, tairbhe as laghdú san ualach sin.
Ní raibh ach méid an-bheag sonraí cainníochtúla ar fáil faoi dheireadh a chur leis an oibleagáid atá ar an trádálaí faisnéis faoi láimhseáil gearán a thabhairt ag an gcéim fógraíochta. Mar sin féin, tá sé le tuiscint as na tuairimí a chuir comhlachais ghnó in iúl go mbeidh coigiltí suntasacha ann do chuideachtaí. Maidir le deireadh a chur leis an oibleagáid atá ar thrádálaithe a nuimhir facs a thaispeáint agus modhanna cumarsáide níos nua-aimseartha (amhail foirm ghréasáin) a chumasú mar mhalairt ar sheoladh ríomhphoist, tá sé le tuiscint as an bhfíric go dtairgeann lear trádálaithe na modhanna cumarsáide níos nua-aimseartha sin do thomhaltóirí cheana féin (i dteannta seoladh ríomhphoist) gurb éifeachtúla iad ná an ríomhphost. D’fhéadfadh sé nach rachfaí i bhfeidhm ar chostais dá gcuirfí deireadh leis an oibleagáid atá ann uimhir facs a thaispeáint, toisc nach faisnéis éigeantach í ach don líon beag trádálaithe sin a d’fhéadfadh an facs a úsáid fós agus iad i mbun cumarsáide le tomhaltóirí.
Chun a áirithiú nach rachaidh forbairtí teicneolaíochta chun tosaigh orthu go mear, is ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a dhréachtaítear na leasuithe go léir sa togra. Dá bharr sin, tá an sainmhíniú reatha a thugtar ar ‘mhargaí ar líne’ i reachtaíocht eile de chuid an Aontas á nuashonrú chun tagairtí sonracha do theicneolaíocht nithiúil amhail ‘suíomhanna gréasáin’ a bhaint agus chun a áirithiú go mbeidh an sainmhíniú seasmhach i leith na todhchaí. Dá leathnófaí Treoir 2011/83/AE chuig seirbhísí digiteacha nach soláthraítear ar íocaíocht airgid, thabharfaí aghaidh ar staid reatha na nidirbheart digiteach do thomhaltóirí trí rialacha atá neodrach ó thaobh ábhair de agus atá seasmhach i leith na todhchaí a thabhairt isteach. Chomhlánódh sé sin rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí. Is neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus, dá bhrí sin, seasmhach i leith na todhchaí a bheidh na hathruithe a dhéanfar ar na rialacha maidir le modhanna cumarsáide atá i dTreoir 2011/83/AE. Is é is cúis leis sin go ndéanfar tagairt do mhodhanna eile cumarsáide ar líne lena gcumasaítear don tomhaltóir ábhar na cumarsáide a choinneáil, in ionad tagairt a dhéanamh do theicneolaíocht ar leith.
·Cearta bunúsacha
Tá an togra i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha ar i gcomhréir leis nach mór don Aontas ardleibhéal chosaint tomhaltóirí a áirithiú. Leis na bearta chun (a) feabhas a chur ar chomhlíonadh na reachtaíochta um chosaint tomhaltóirí agus (b) na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a nuachóiriú do mhargaí ar líne agus seirbhísí digiteacha, méadaítear an leibhéal cosanta tomhaltóirí. Ina theannta sin, chabhródh na deiseanna feabhsaithe sásaimh do dhaoine aonair in aghaidh cleachtais tráchtála éagóracha leis an gceart chun leigheas éifeachtach a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt a áirithiú. Ar deireadh, urramaítear leis an togra seo an ceart a chumhdaítear in Airteagal 8 den Chairt go ndéanfar sonraí pearsanta daoine aonair a chosaint agus an ceart atá ag na Ballstáit cineálacha agus gnéithe sonracha de dhíolachán seacháitribh a shrianadh chun a áirithiú gur i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chairt atá an meas ar shaol príobháideach tomhaltóirí.
Maidir leis na bearta laghdaithe ualaí (a) i dtaca leis an gceart tarraingt siar, (b) i dtaca le simpliú na gceanglas faisnéise, agus (c) i dtaca le nuachóiriú na modhanna cumarsáide, rannchuideoidh siad le cur chun feidhme Airteagal 16 den Chairt lena náirithítear an tsaoirse gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Ag an am céanna, ní thiocfaidh aon laghdú suntasach ar chosaint tomhaltóirí má dhéantar ceanglais faisnéise a shimpliú agus na modhanna cumarsáide a nuachóiriú. Ina theannta sin, tugann na bearta ar an gceart tarraingt siar cearta níos cothromaithe do thrádálaithe agus tomhaltóirí agus cuireann siad oibleagáidí níos cothromaithe orthu. Is é is cúis leis sin gurb é an toradh a bheidh orthu go gcuirfear deireadh le hualaí nach bhfuil údar leo, gan dul i bhfeidhm ach ar mhionlach tomhaltóirí ag an am céanna.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí buiséadacha ann do bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a éifeachtaí, a éifeachtúla, a ábhartha agus a chomhleanúnaí atá an idirghabháil seo agus an breisluach Eorpach atá leis de réir na dtáscairí a shainaithnítear sa Mheasúnú Tionchair. Is féidir na táscairí sin a úsáid mar bhonn leis an meastóireacht ba cheart a thíolacadh tráth nach luaithe ná 5 bliana tar éis an dáta teacht i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh go leor sonraí ar fáil tar éis cur chun feidhme iomlán sna Ballstáit go léir.
Tá atá staitisticí cuimsitheacha faoi thrádáil ar líne san Aontas agus faoi thrádáil mhiondíola ar líne go háirithe le fáil i mbunachar sonraí Eurostat. D’fhéadfaí iad sin a úsáid mar fhoinsí príomha sonraí le haghaidh na meastóireachta. Comhlánófar é sin le suirbhéanna ionadaíocha le tomhaltóirí agus miondíoltóirí san Aontas a dhéantar ar bhonn rialta le haghaidh Scórchláir Dhálaí na dTomhaltóirí a fhoilsítear dhá uair sa bhliain. Déantar imscrúdú sna suirbhéanna sin ar an taithí agus ar dhearcthaí, ar tosca tábhachtacha iad araon a théann i bhfeidhm ar iompraíocht tomhaltóirí agus gnólachtaí sa Mhargadh Aonair. Áireofar leis an bhfaireachán freisin comhairliúchán poiblí agus suirbhéanna spriocdhírithe le grúpaí sonracha páirtithe leasmhara (tomhaltóirí, eintitis cháilithe, margaí ar líne, trádálaithe a sholáthraíonn seirbhísí digiteacha gan íocaíocht airgid). Ó thaobh na ngnólachtaí de go sonrach, cumhdófar an faireachán tríd an suirbhé ar mhiondíoltóirí a dhéantar ar bhonn rialta le haghaidh Scórchlár Dhálaí na dTomhaltóirí agus trí shuirbhéanna spriocdhírithe a dhéanfar i measc margaí ar líne agus soláthraithe seirbhísí digiteacha 'saor in aisce'.
Bainfear leas as an mbailiú sonraí sin freisin i dtuairisciú an Choimisiúin ar an trasuí agus an cur chun feidhme. De bhreis air sin, coinneoidh an Coimisiún i ndlúth-theagmháil leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí an ghnímh reachtaigh fhéideartha. Chun teorainn a chur leis an ualach breise riaracháin ar na Ballstáit agus an earnáil phríobháideach mar thoradh ar bhailiú na faisnéise a úsáidtear le haghaidh faireacháin, beidh na táscairí faireacháin atá beartaithe ag brath ar fhoinsí sonraí atá ann cheana nuair is féidir.
Beidh sé mar aidhm leis an mbailiú sonraí a shainaithint ar bhealach níos beaichte cá mhéad a d’fhéadfaí athruithe sna táscairí a chur i leith an togra. Mar shampla, cé gur cheart go mbeifí ag súil go mbeadh tomhaltóirí níos muiníní as a gcearta a fheidhmiú in idirbhearta trasteorann agus go laghdófaí an díobháil a dhéanfaí dóibh dá bharr dá dtabharfaí cearta comhionanna do thomhaltóirí ar fud an Aontais, rachaidh tosca eile i bhfeidhm freisin ar an sciar de thomhaltóirí a fhaigheann leigheasanna éifeachtacha. Déantar cur síos ar thosca ábhartha den sórt sin faoi na tuairiscí ar fhadhbanna. Tá amshraith ar an gcuid is mó de tháscairí ar áireamh sna suirbhéanna a dhéantar le haghaidh Scórchláir Dhálaí na dTomhaltóirí, rud a fhágann gur féidir i bprionsabal (trí anailís staitistiúil) an tionchar atá ag tionscnamh beartais ar leith a idirdhealú ó threochtaí níos leithne.
·Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Ós rud é go dtugtar leasuithe sonracha ar cheithre Threoir atá ann cheana isteach leis an togra, ba cheart do na Ballstáit téacs na leasuithe sonracha ar fhorálacha náisiúnta a thabhairt don Choimisiún nó, in éagmais leasuithe den sórt sin, ba cheart dóibh a mhíniú cad í an fhoráil dlí náisiúnta ar leith lena gcuirtear chun feidhme cheana féin na leasuithe a thugtar sa togra.
·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Airteagal 1 – Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE
Is ar dhá phríomhbhealach a leasaítear Treoir 2005/29/CE le hAirteagal 1 den togra: tugtar do thomhaltóirí an ceart chun leigheasanna aonair agus neartaítear na rialacha maidir le pionóis. Soiléirítear leis an togra freisin cur i bhfeidhm rialacha reatha na Treorach ó thaobh fógraíocht fholaithe agus fógraíocht mhíthreorach táirgí ‘décháilíochta’ de. Ar deireadh, tugtar leis an togra aghaidh ar na rialacha náisiúnta maidir le cineálacha sonracha díolacháin seacháitribh.
Maidir le leigheasanna aonair do thomhaltóirí, cuirtear Airteagal 11a nua isteach i dTreoir 2005/29/CE chun ceangal a chur ar na Ballstáit a áirithiú gur ar fáil faoin dlí náisiúnta a bheidh cineálacha sonracha áirithe leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha ar sháruithe ar Threoir 2005/29/CE. Dá dtabharfaí cearta chun leigheasanna aonair isteach sa Treoir sin, chumhachtófaí do dhaoine ar úsáideadh cleachtais tráchtála éagóracha ina naghaidh gníomhaíocht a dhéanamh in aghaidh trádálaithe chun na fadhbanna a chruthaíonn na trádálaithe sin a réiteach.
Maidir le pionóis, tugtar isteach in Airteagal 13 den Treoir liosta critéar coiteann neamh-uileghabhálach le haghaidh measúnú a dhéanamh ar thromchúis na sáruithe (seachas mionsáruithe). Cheanglófaí ar údaráis forfheidhmithe aird a thabhairt ar na critéir sin le linn dóibh a chinneadh cé acu a fhorchuirfidh nó nach bhforchuirfidh siad pionóis agus le linn dóibh leibhéal na bpionós a shocrú. Más fíneáil é an pionós a fhorchuirfear, cheanglófaí ar an údarás, le linn dó méid na fíneála a shocrú, aird a thabhairt ar láimhdeachas agus glanbhrabús an trádálaí is sáraitheoir agus ar aon fhíneálacha a forchuireadh i leith an tsáraithe chéanna i mBallstáit eile. Ina theannta sin, i gcás 'sáruithe forleathana' agus 'sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais', mar a shainmhínítear i Rialachán athbhreithnithe (AE) 2017/2395 maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, ceanglófar ar na Ballstáit foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta maidir le fíneálacha ar cheart an fhíneáil uasta díobh a bheith cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas an trádálaí is sáraitheoir sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. Fágann sé sin gurb amhlaidh, i gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla náisiúnta atá i mbun gníomhaíocht chomhordaithe um chomhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí údarás inniúil amháin a ainmniú chun fíneáil aonair a fhorchur, gur cheart an fhíneáil uasta sa chás sin a bheith cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas comhcheangailte an trádálaí i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann.
Maidir le fógraíocht fholaithe, bíonn tomhaltóirí a bhaineann úsáid as feidhmchláir dhigiteacha amhail margaí ar líne, uirlisí comparáide, aipmhargaí nó innill chuardaigh ag súil le torthaí cuardaigh atá 'nádúrtha' nó 'orgánach' a fháil, ar torthaí iad atá bunaithe ar na cuardaigh a rinne siad, agus ní ar íocaíocht ag tríú páirtithe. Mar sin féin, mar a thugtar faoi deara sa Treoirpháipéar a foilsíodh sa bhliain 2016 i dtaca le Treoir 2005/29/CE, is minic a bhíonn i dtorthaí cuardaigh 'socrúcháin íoctha', áit a níocann tríú páirtithe as rangú níos airde a fháil, nó 'cuimsiú íoctha', áit a níocann tríú páirtithe as a bheith ar áireamh sa liosta torthaí cuardaigh. I bhformhór na gcásanna, ní léirítear gur socrúchán íoctha nó cuimsiú íoctha é an toradh nó ní léirítear iad ach ar bhealach débhríoch nach bhfuil sothuigthe ag tomhaltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha ábhartha de Threoir 2005/29/CE maidir leis an toirmeasc ar fhógraíocht fholaithe a shoiléiriú chun a léiriú go soiléir nach é amháin go bhfuil feidhm acu maidir le hábhar eagarthóireachta sna meáin ach go bhfuil feidhm acu freisin maidir le torthaí cuardaigh a thugtar mar fhreagra ar chuardach ar líne an tomhaltóra.
Maidir le cineálacha sonracha díolacháin seacháitribh, tugtar le leasú ar Airteagal 3 den Treoir údarás do na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar theach tomhaltóra (is é sin le rá, cuairteanna nach dtabharfaí ar iarratas an tomhaltóra, mar shampla, trí choinne a shocrú leis an trádálaí) agus i ndáil le turais tráchtála a d'eagródh trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina bhfuil údar ann le srianta den sórt sin ar fhoras an bheartais phoiblí nó ar son meas ar an saol príobháideach a chosaint. Chun trédhearcacht iomlán na mbeart sin a áirithiú, beidh ar na Ballstáit fógra a thabhairt fúthu don Choimisiún, a chuirfidh fógraí den sórt sin ar fáil go poiblí ansin.
Maidir le táirgí ‘décháilíochta’, sonraítear go sainráite i leasú ar Airteagal 6(2) den Treoir gur cleachtas tráchtála míthreorach ar cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh air agus aghaidh a thabhairt air de réir an cháis i gcomhréir le forálacha na Treorach é cleachtas tráchtála ina margaítear táirge mar tháirge atá comhionann leis an táirge céanna a mhargaítear i roinnt Ballstát eile, i gcás ina bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe na dtáirgí sin agus ina bhfuil an cleachtas sin ina chúis, nó inar dócha go mbeidh sé ina chúis, le cinneadh idirbhirt ón ngnáth-thomhaltóir nach ndéanfadh sé murach sin
Airteagal 2 – Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE maidir le Cearta Tomhaltóirí
Is ar roinnt bealaí a leasaítear Treoir 2011/83/AE le hAirteagal 2 den togra seo.
Tugtar le leasuithe ar Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE sainmhínithe breise ar ábhar digiteach agus ar sheirbhís dhigiteach agus ar na conarthaí faoi seach le haghaidh na táirgí sin a sholáthar, ar sainmhínithe iad atá ag teacht leis na sainmhínithe atá sa [Treoir maidir le hÁbhar Digiteach]. Leis na sainmhínithe sin, tugtar faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE freisin conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha a sholáthar ar faoina mbun a thugann an tomhaltóir sonraí pearsanta, agus ní airgead, chun íoc as seirbhísí. I gcomhréir leis an [togra le haghaidh Treoir maidir le hÁbhar Digiteach], soiléirítear leis na sainmhínithe ar ‘chonradh le haghaidh ábhar digiteach a sholáthar’ agus ‘conradh seirbhíse digití’ gurb amhlaidh, in éagmais aon íocaíochta airgid, nach mbeidh feidhm ag cearta agus oibleagáidí Threoir 2011/83/AE i gcás ina ndéanfaidh an trádálaí na sonraí pearsanta a thug an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun an tábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar nó chun gur féidir leis an trádálaí ceanglais dlí a chomhlíonadh agus i gcás nach ndéanfaidh an trádálaí na sonraí sin a phróiseáil chun aon chríche eile ann. Tugtar isteach le leasuithe ar Airteagal 2 freisin sainmhíniú ar 'mhargadh ar líne', rud atá faoi réir ceanglais shonracha bhreise faisnéise réamhchonarthaí faoi Airteagal 6a nua.
Airteagal 5 de Threoir 2011/83/AE maidir le ceanglais faisnéise réamhchonarthaí le haghaidh conarthaí seachas conarthaí seacháitribh agus cianchonarthaí, leasaítear é ar chúiseanna comhsheasmhachta chun go gcumhdófar leis na seirbhísí digiteacha nua-shainmhínithe agus coincheap an ábhair dhigitigh atá ann cheana maidir le ceanglais faisnéise réamhchonarthaí a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus le feidhmiúlacht.
Déantar Airteagal 6 de Threoir 2011/83/AE maidir le ceanglais faisnéise réamhchonarthaí le haghaidh conarthaí seacháitribh agus cianchonarthaí a leasú ar chúiseanna comhsheasmhachta chun go gcumhdófar leis na seirbhísí digiteacha nua-shainmhínithe agus coincheap an ábhair dhigitigh atá ann cheana maidir le ceanglais faisnéise réamhchonarthaí a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus le feidhmiúlacht. Ina theannta sin, leasaítear Airteagal 6 tríd an bhfacs a bhaint den liosta modhanna cumarsáide féideartha agus trí thrádálaithe a chumasú modhanna cumarsáide eile ar líne a úsáid mar mhalairt ar an ríomhphost traidisiúnta.
Cuirtear Airteagal 6a nua isteach i dTreoir 2011/83/AE ina bhfuil ceanglais shonracha bhreise faisnéise réamhchonarthaí maidir le conarthaí a thugtar i gcrích ar mhargaí ar líne, mar atá: (1) tuairisc ar na príomhpharaiméadair lena socraítear rangú na dtairiscintí éagsúla, (2) cé acu is trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil an táirge á thairiscint aige nó nach ea, (3) cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag cearta tomhaltóirí a eascraíonn as dlí tomhaltóirí an Aontais maidir leis an gconradh, agus (4) i gcás ina dtabharfar conradh i gcrích le trádálaí, cén trádálaí atá freagrach as cearta tomhaltóirí a eascraíonn as dlí tomhaltóirí an Aontais a áirithiú i ndáil leis an gconradh.
Airteagal 7 de Threoir 2011/83/AE lena leagtar síos ceanglais fhoirmiúla shonracha le haghaidh conarthaí seacháitribh, leasaítear é chun a shonrú ann gur maidir le seirbhísí a sholáthraítear ar íocaíocht amháin atá feidhm ag an oibleagáid atá ar thrádálaithe faoi mhír 3 toiliú sainráite an tomhaltóra a fháil le haghaidh comhlíonadh láithreach seirbhísí. Tá an leasú sin riachtanach de bharr leathnú raon feidhme na Treorach chun go gcumhdófar leis freisin seirbhísí digiteacha nach soláthraítear ar íocaíocht airgid, mar nach mbaineann an oibleagáid atá ann toiliú sainráite a fháil le hábhar ach amháin le linn ríomh a dhéanamh ar an gcúiteamh airgid nach mór don tomhaltóir a thabhairt don trádálaí i leith seirbhísí a úsáid le linn na tréimhse tarraingt siar i gcás ina gcinnfidh an tomhaltóir an ceart tarraingt siar a fheidhmiú.
Is ar roinnt bealaí a leasaítear Airteagal 8 de Threoir 2011/83/AE lena leagtar síos ceanglais fhoirmiúla shonracha le haghaidh cianchonarthaí. Ar an gcéad dul síos, déantar foráil i mír 4 don fhoirm shamplach tarraingt siar a eisiamh ó na ceanglais faisnéise a sholáthraítear ar mhodh cianchumarsáide a úsáidtear chun conradh a thabhairt i gcrích agus lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a sholáthar, lena náirítear glaonna teileafóin. Tá sé sin riachtanach mar nach féidir an fhoirm shamplach tarraingt siar i scríbhinn a thabhairt don tomhaltóir trí ghlao teileafóin agus mar nach mbítear in ann ina amanna an fhoirm a thabhairt ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí mhodhanna cumarsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(4). Sna cásanna sin, is leor an fhoirm shamplach tarraingt siar a chur ar fáil don tomhaltóir trí mhodhanna eile, amhail suíomh gréasáin an trádálaí, agus í a chur ar áireamh sa deimhniú conartha ar mheán marthanach.
Leasaítear mír 8 ar bhealach atá cosúil leis an leasú ar Airteagal 7(3) a gcuirtear síos air thuas.
Leasaítear Airteagal 13 de Threoir 2011/83/AE lena bpléitear le hoibleagáidí an trádálaí i gcás tarraingt siar chun scriosadh a dhéanamh ar oibleagáid an trádálaí aisíocaíocht a dhéanamh leis an tomhaltóir fiú amháin sula mbeidh na hearraí arna dtabhairt ar ais faighte ag an trádálaí. Dá bharr sin, beidh an trádálaí i dteideal an aisíocaíocht a choinneáil siar i ngach cás go dtí go mbeidh na hearraí arna dtabhairt ar ais faighte aige agus go dtí go mbeidh deis aige iad a iniúchadh. Cuirtear isteach tagairtí don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus don [Treoir maidir le hÁbhar Digiteach] maidir le hoibleagáidí an trádálaí i ndáil le sonraí an tomhaltóra a úsáid tar éis fhoirceannadh an chonartha.
Airteagal 14 de Threoir 2011/83/AE lena bpléitear le hoibleagáidí an tomhaltóra i gcás tarraingt siar, leasaítear é trí dheireadh a chur leis an gceart atá ag tomhaltóirí earraí a thabhairt ar ais fiú amháin i gcás inar úsáideadh na hearraí níos mó ná mar a bhí riachtanach chun iad a thástáil, faoi réir na hoibleagáide atá ann íoc as luach laghdaithe na nearraí. Cuirtear isteach foráil atá cosúil leis an riail chomhfhreagrach sa Treoir maidir le hÁbhar Digiteach i ndáil le hoibleagáidí an tomhaltóra staonadh ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha tar éis fhoirceannadh an chonartha. Ar deireadh, déantar mír 4(b), lena leagtar amach smachtbhanna conarthach i gcás nach nurramaíonn trádálaí na hoibleagáidí faisnéise maidir le hábhar digiteach ann, déantar í a leasú ar chúiseanna comhsheasmhachta tríd an mainneachtain deimhniú a thabhairt gur thoiligh an tomhaltóir go sainráite le cailleadh an chirt tarraingt siar agus gur admhaigh an tomhaltóir cailleadh an chirt sin i gcomhréir leis an eisceacht a leagtar síos in Airteagal 16(m) a bhaint den liosta cúiseanna malartacha leis an smachtbhanna sin. Ós rud go bpléitear in Airteagal 14 le hiarmhairtí an chirt tarraingt siar, ní bhaineann an coinníoll seo le hábhar toisc gurb é an toradh atá ar an toiliú sainráite agus ar an admháil sin go gcailltear go héifeachtach an ceart tarraingt siar faoi Airteagal 16(m).
Is ar roinnt bealaí a leasaítear Airteagal 16 lena bpléitear le heisceachtaí ón gceart tarraingt siar. Ar an gcéad dul síos, déantar leasú i bpointe (a) chun comhsheasmhacht le hAirteagal 7(3) agus 8(7) a áirithiú maidir le hoibleagáidí an trádálaí i gcás ina bhfuil comhlíonadh láithreach seirbhísí á iarraidh ag tomhaltóir. Ar an dara dul síos, déantar pointe (m), lena dtugtar díolúine ón gceart tarraingt siar maidir le hábhar digiteach a sholáthraítear ar mheán inláimhsithe i gcás inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú leis an gcomhlíonadh a thosú roimh dhul in éag na tréimhse tarraingt siar agus inar admhaigh an tomhaltóir go gcaillfeadh sé an ceart tarraingt siar dá bharr sin, déantar é a leasú chun an dá choinníoll sin a chur i bhfeidhm maidir le hábhar a sholáthraítear ar íocaíocht agus le hábhar den sórt sin amháin. Déantar é sin chun comhsheasmhacht le hAirteagal 14(4)(b) a áirithiú, lena bhforáiltear do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí na ceanglais sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach gceanglófar ar an tomhaltóir íoc as an ábhar digiteach a úsáideadh. Dá bhrí sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann toiliú sainráite agus admháil an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás ábhar digiteach a sholáthraítear ar phraghas a íoc. Ar deireadh, cuirtear pointe (n) nua isteach chun earraí ar úsáid an tomhaltóir iad níos mó ná mar a bhí riachtanach chun iad a thástáil a dhíolmhú ón gceart tarraingt siar.
Airteagal 24 de Threoir 2011/83/AE maidir le pionóis, leasaítear é ar bhealach atá cosúil leis an leasú ar Airteagal 13 maidir le pionóis atá i dTreoir 2005/29/CE, mar a chuirtear síos air thuas.
Airteagal 3 – Leasuithe ar Threoir 93/13/CEE maidir le Praghsanna a Chur in Iúl
Cuirtear Airteagal nua maidir le pionóis isteach i dTreoir 93/13/CEE ar bhealach atá cosúil leis an leasú ar Airteagal 13 maidir le pionóis atá i dTreoir 2005/29/CE, mar a chuirtear síos air thuas.
Airteagal 4 – Leasuithe ar Threoir 98/6/CE maidir le Praghsanna a Chur in Iúl
Airteagal 8 maidir le pionóis atá i dTreoir 98/6/CE, leasaítear é ar bhealach atá cosúil leis an leasú ar Airteagal 13 maidir le pionóis atá i dTreoir 2005/29/CE, mar a chuirtear síos air thuas.
2018/0090 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993, Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint tomhaltóirí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus pointe (a) d’Airteagal 169(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go rannchuideoidh an tAontas ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a ghnóthú trí bhearta a ghlacfar de bhun Airteagal 114 CFAE. Foráiltear le hAirteagal 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go náiritheofar le beartais an Aontais ardleibhéal cosanta tomhaltóirí.
(2)Ba cheart an reachtaíocht um chosaint tomhaltóirí a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar fud an Aontais. Mar sin féin, thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta chuimsitheach a rinne an Coimisiún ar an treoir maidir le dlí na dtomhaltóirí agus ar an Treoir maidir leis an dlí margaíochta sna blianta 2016 agus 2017 faoi chuimsiú chreat an chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) go mbaintear an bonn dá éifeachtaí atá reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais mar gheall ar an easpa feasachta atá ann i measc trádálaithe agus tomhaltóirí araon agus mar gheall ar fhorfheidhmiú neamhdhóthanach agus an easpa féidearthachtaí atá ann le haghaidh sásamh a thabhairt do thomhaltóirí.
(3)Rinne an tAontas roinnt beart cheana chun feasacht a mhéadú i measc tomhaltóirí, trádálaithe agus dlíodóirí ar chearta tomhaltóirí agus chun forfheidhmiú ceart tomhaltóirí agus sásamh tomhaltóirí a fheabhsú. Mar sin féin tá bearnaí ann fós, go háirithe easpa pionóis fhíoréifeachtacha fhíor-chomhréireacha chun sáruithe a dhíspreagadh agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm dá ndeasca, neamh-leordhóthanacht leigheasanna aonair do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sáruithe ar an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh Treoir 2005/29/AE agus easnaimh sa nós imeachta urghairí faoi Threoir 2009/22/AE. Ba cheart an nós imeachta urghairí a athbhreithniú le hionstraim ar leith lena leasófar Treoir 2009/22/CE agus a chuirfear ina hionad.
(4)Ceanglaítear le Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/A ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh na treoracha sin. Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394 maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí ar na Ballstáit bearta forfheidhmithe a dhéanamh, lena náirítear pionóis a fhorchur, ar bhealach éifeachtach éifeachtúil comhordaithe chun a áirithiú go scoirfear de sháruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmiscfear sáruithe den sórt sin.
(5)Tá difríochtaí suntasacha ar fud an Aontais faoi láthair idir na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm maidir le pionóis. Go háirithe, ní áirithíonn na Ballstáit uile go bhféadfar fíneálacha atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar thrádálaithe is sáraitheoirí i leith sáruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. Ar mhaithe le comhsheasmhacht a áirithiú idir na Treoracha difriúla maidir le cosaint tomhaltóirí, ba cheart aghaidh a thabhairt ar phionóis ar bhealach cothrománach trí leasú a dhéanamh ar na rialacha reatha maidir le pionóis atá i dTreoir 98/6/CE, Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE agus trí rialacha nua maidir le pionóis a thabhairt isteach i dTreoir 93/13/CEE.
(6)Chun gur fusa pionóis a chur i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí, go háirithe pionóis i leith sáruithe laistigh den Aontas, sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/2394, ba cheart critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha a thabhairt isteach le haghaidh fíneálacha a chur i bhfeidhm. Ba cheart cineál trasteorann an tsáraithe a chur ar áireamh sna critéir sin, mar shampla cé acu a rinne nó nach ndearna an sárú díobháil do thomhaltóirí i mBallstáit eile freisin. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar aon sásamh a thug an trádálaí do thomhaltóirí i leith na díobhála a rinneadh. Sáruithe leantacha ag an aon déantóir amháin, is fianaise iad ar an gclaonadh atá ag an déantóir sáruithe den sórt sin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, is léiriú suntasach iad ar thromchúis an iompair agus, dá réir sin, ar an ngá atá ann le leibhéal an phionóis a mhéadú ar mhaithe le díspreagadh éifeachtach a ghnóthú. Baineann an critéar maidir leis na tairbhí airgeadais a gnóthaíodh, nó maidir leis na caillteanais a seachnaíodh, de bharr an tsáraithe le hábhar go háirithe i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta d’fhíneálacha a ghearradh mar phionóis agus ina socraítear leis an dlí náisiúnta an fhíneáil uasta mar chéatadán de láimhdeachas an trádálaí agus i gcás inarb amhlaidh nach mbaineann an sárú ach le ceann amháin nó roinnt de na margaí ina bhfuil an trádálaí ag oibriú.
(7)Ina theannta sin, i gcás aon fhíneálacha a fhorchuirfear mar phionóis, ba cheart aird a thabhairt ar láimhdeachas agus brabús bliantúil an trádálaí is sáraitheoir agus ar aon fhíneálacha a forchuireadh ar an trádálaí in aon Bhallstáit eile i leith an tsáraithe chéanna, go háirithe i gcomhthéacs sáruithe forleathana ar dhlí na dtomhaltóirí agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais atá faoi réir imscrúdú agus forfheidhmiú comhordaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2394.
(8)D’fhéadfadh nach mbainfeadh na critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha sin le haghaidh pionóis a chur i bhfeidhm le hábhar le linn pionóis a chinneadh i leith gach sáraithe, go háirithe i leith sáruithe neamh-thromchúiseacha. Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt freisin ar na prionsabail ghinearálta eile dlí is infheidhme i leith pionóis a fhorchur, amhail an prionsabal non bis in idem.
(9)Chun a áirithiú go bhféadfaidh údaráis na mBallstát pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur i leith sáruithe forleathana ar dhlí na dtomhaltóirí agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais atá faoi réir imscrúdú agus forfheidhmiú comhordaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2394, ba cheart fíneálacha a thabhairt isteach mar eilimint éigeantach de na pionóis a fhorchuirfear i leith sáruithe den sórt sin. Chun a áirithiú go mbeidh na fíneálacha ina ndíspreagadh, ba cheart do na Ballstáit an fhíneáil uasta i leith sáruithe den sórt sin a shocrú ina ndlí náisiúnta ar leibhéal atá cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát lena mbaineann.
(10)Má tharlaíonn sé, mar thoradh ar an sásra comhordaithe faoi Rialachán (AE) 2017/2394, go bhforchuirfidh údarás inniúil náisiúnta aonair de réir bhrí an Rialacháin sin fíneáil ar an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, ba cheart don údarás sin bheith in ann fíneáil a fhorchur atá cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an ghníomhaíocht forfheidhmithe chomhordaithe.
(11)Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit fíneálacha uasta níos airde atá bunaithe ar láimhdeachas a chothabháil nó a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais ar dhlí na dtomhaltóirí, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2017/2394. Maidir leis an gceanglas atá ann an fhíneáil a shocrú ar leibhéal nach lú ná 4 % de láimhdeachas an trádálaí, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le haon rialacha breise atá i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, amhail fíneálacha laethúla, i leith mainneachtain comhlíonadh a dhéanamh ar aon chinneadh, aon ordú, aon bheart eatramhach, aon ghealltanas ón trádálaí nó aon bheart eile a bhfuil sé mar aidhm leo deireadh a chur leis an sárú.
(12)Le linn dóibh a chinneadh cén cuspóir ar chuige a úsáidfear an tioncam ó fhíneálacha, ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar an bpríomhchuspóir atá le reachtaíocht na dtomhaltóirí agus lena forfheidhmiú, is é sin, leas ginearálta tomhaltóirí a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chuid ar a laghad den ioncam ó fhíneálacha a leithdháileadh chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú laistigh dá ndlínse, amhail tacaíocht a thabhairt do ghluaiseachtaí tomhaltóirí nó gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo tomhaltóirí a chumhachtú.
(13)Ba cheart rochtain ar leigheasanna aonair do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh a fheabhsú i gcomhthéacs Threoir 2005/29/CE chun an tomhaltóir a chur sa staid ina mbeadh sé murach an cleachtas tráchtála éagórach. Cé gurbh é príomhaidhm na Treorach sin ar dtús iompar margaidh na dtrádálaithe a rialáil bunaithe ar fhorfheidhmiú poiblí, léiríonn an teispéireas lena cur i bhfeidhm le níos mó ná deich mbliana anuas na heasnaimh atá ag baint le creat soiléir lena leagtar amach cearta chun leigheasanna aonair a bheith in éagmais.
(14)Tá difríochtaí ag teacht chun cinn sna rialacha náisiúnta maidir le leigheasanna aonair do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh. Bac ar Threoir 2005/29/CE a bheith éifeachtach go hiomlán is ea an staid reatha, áit a bhfágtar é faoi na Ballstáit, tríd is tríd, a chinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart leigheasanna a bheith ar fáil agus cén dóigh ar cheart leigheasanna a chur ar fáil. Dá bhrí sin, tá acmhainneacht ag an Treoir sin an dá chuspóir atá léi a ghnóthú go hiomlán go fóill, is iad sin, rannchuidiú le feidhmiú iomchuí an Mhargaidh Inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach. Beag beann ar na deiseanna atá ann faoi láthair i leith leigheasanna faoin dlí náisiúnta, níor sainaithníodh sa tSeiceáil Oiriúnachta aon samplaí suntasacha de chásdlí ina raibh leigheasanna éilithe ag daoine ar úsáideadh cleachtais tráchtála éagóracha ina naghaidh.. Tá sé sin amhlaidh beag beann ar an bhfíric go bhfuil cleachtais tráchtála éagóracha ar an bhfadhb is coitianta ó thaobh cearta tomhaltóirí de ar fud na hEorpa. Tugann an méid sin le fios nach náirithíonn na féidearthachtaí reatha atá ann le haghaidh leigheasanna gur féidir le tomhaltóirí a bhfadhbanna a réiteach i gcás inar sáraíodh na cearta atá acu faoin Treoir sin. Dá réir sin, dá dtabharfaí isteach creat soiléir le haghaidh leigheasanna aonair, d’éascófaí forfheidhmiú príobháideach agus chomhlánófaí an ceanglas reatha atá ar na Ballstáit a áirithiú gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach sin a fhorfheidhmiú. Bheadh an creat ag teacht freisin leis an gcur chuige a ghlactar i leith leigheasanna aonair i dTreoracha eile um chosaint tomhaltóirí, amhail Treoir 93/13/CEE agus Treoir 1999/44/CE, rud a d’áiritheodh cur i bhfeidhm níos comhleanúnaí agus níos comhsheasmhaí an acquis tomhaltóirí.
(15)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh leigheasanna ar fáil do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun deireadh a chur le héifeachtaí uile na gcleachtas éagórach sin. Chun an cuspóir sin a ghnóthú, ba cheart do na Ballstáit leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha araon a chur ar fáil. Ar a laghad, ba cheart an ceart chun conradh a fhoirceannadh a bheith ar cheann de na leigheasanna conarthacha a sholáthróidh na Ballstáit. Ar a laghad, ba cheart an ceart chun cúiteamh a fháil i leith damáistí a bheith ar cheann de na leigheasanna neamhchonarthacha a sholáthrófar faoin dlí náisiúnta. Ní chuirfí aon chosc ar na Ballstáit cearta chun leigheasanna eile a chothabháil nó a thabhairt isteach do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun a áirithiú go gcuirfear deireadh iomlán le héifeachtaí na gcleachtas sin.
(16)Sainaithníodh freisin sa tSeiceáil Oiriúnachta ar an treoir maidir le dlí na dtomhaltóirí agus ar an treoir maidir leis an dlí margaíochta agus sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2011/83/AE i gcomhthráth leis an tSeiceáil Oiriúnachta gurb ann do roinnt réimsí inar cheart na rialacha reatha maidir le cosaint tomhaltóirí a nuachóiriú agus inar cheart an tualach díréireach ar thrádálaithe a laghdú.
(17)I gcás ina dtairgtear táirgí do thomhaltóirí i margaí ar líne, bíonn ról ag an margadh ar líne agus ag an soláthraí tríú páirtí araon is soláthar na faisnéise réamhchonarthaí a cheanglaítear le Treoir 2011/83/AE. Mar sin, bíonn seans ann nach mbeidh tuiscint shoiléir ag na tomhaltóirí a úsáideann an margadh ar líne ar cé na comhpháirtithe conarthacha lena mbaineann agus ar an difear a dhéanann sé sin dá gcearta agus dá noibleagáidí.
(18)Ba cheart margaí ar líne a shainmhíniú chun críocha Threoir 2011/83/AE ar bhealach atá cosúil leis an sainmhíniú i Rialachán (AE) 524/2013 agus i dTreoir 2016/1148/AE. Mar sin féin, ba cheart an sainmhíniú a thabhairt cothrom le dáta agus a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de chun teicneolaíochtaí nua a chumhdach. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt do 'chomhéadan ar líne', seachas 'suíomh gréasáin', mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2018/302.
(19)Ba cheart ceanglais shonracha trédhearcachta le haghaidh margaí ar líne a leagan síos i dTreoir 2011/83/AE chun tomhaltóirí a úsáideann margaí ar líne a chur ar an eolas faoi na príomhpharaiméadair lena socraítear rangú na dtairiscintí agus faoi cé acu is trádálaí é an duine lena bhfuil conradh á dhéanamh acu nó nach ea (amhail tomhaltóir eile), faoi cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag an dlí cosanta tomhaltóirí agus faoi cén trádálaí atá freagrach as comhlíonadh an chonartha agus as cearta tomhaltóirí a áirithiú i gcás ina bhfuil feidhm ag na cearta sin. Ba cheart an fhaisnéis sin a thabhairt ar bhealach soiléir sothuigthe anuas ar thagairt a chur isteach sna Téarmaí agus na Coinníollacha caighdeánacha nó i ndoiciméad conarthach den chineál céanna amháin. Ba cheart na ceanglais faisnéise maidir le margaí ar líne a bheith comhréireach leis an ngá atá ann cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochas na margaí. Níor cheart ceangal a chur mhargaí ar líne cearta sonracha tomhaltóirí a liostáil le linn dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina ninfheidhmeacht nó faoina neamh-infheidhmeacht. Maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfreagracht as cearta tomhaltóirí a áirithiú, beidh sí de réir na socruithe conarthacha idir an margadh ar líne agus na trádálaithe ábhartha tríú páirtí. Féadfaidh an margadh ar líne tagairt don trádálaí tríú páirtí amr an taon duine amháin atá freagrach as cearta tomhaltóirí a áirithiú nó féadfaidh se cur síos a dhéanamh ar a freagrachtaí sonracha féin i gcás ina nglacfaidh sí freagracht as gnéithe áirithe den chonradh, mar shampla seachadadh nó feidhmiú an chirt tarraingt siar. An oibleagáid faisnéis a thabhairt faoi na príomhpharaiméadair lena socraítear torthaí cuardaigh, tá sí gan dochar d'aon rún trádála i leith na nalgartam. Ba cheart míniú a bheith san fhaisnéis sin ar na príomhpharaiméadair réamhshocraithe a úsáideann an margadh ach ní gá é a chur é láthair ar bhealach ar leith i gcás gach cuardaigh ar leith.
(20)I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE, níor cheart ceangal a chur ar mhargaí ar líne an stádas dlíthiúil atá ag soláthraithe tríú páirtí a fhíorú. Ina ionad sin, ba cheart don mhargadh ar líne ceangal a chur ar sholáthraithe tríú páirtí táirgí sa mhargadh ar líne an stádas atá acu mar thrádálaithe nó mar sholáthraithe nach trádálaithe iad a chur in iúl chun críocha an dlí tomhaltóirí agus an fhaisnéis sin a thabhairt don mharagadh ar líne.
(21)Is minic a sholáthraítear ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha ar líne faoi chonarthaí ar faoina mbun a thugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí seachas praghas a íoc. Saintréith de sheirbhísí digiteacha is ea rannpháirtíocht leanúnach an trádálaí thar thréimhse ama an chonartha chun an tomhaltóir a chumasú an tseirbhís a úsáid, mar shampla sonraí a rochtain, a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a chomhroinnt i bhfoirm dhigiteach. Samplaí de sheirbhísí digiteacha is ea conarthaí síntiúis le haghaidh ardáin ábhair, néalstórála, poist ghréasáin, na meán sóisialta agus néal-fheidhmchlár. Mar gheall ar rannpháirtíocht leanúnach an tsoláthraí seirbhíse, tá údar le cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar a thugtar i dTreoir 2011/83/AE, rialacha lena dtugtar cead , go praiticiúil, don tomhaltóir, triail a bhaint as an tseirbhís agus a chinneadh, le linn na tréimhse 14 lá ó thabhairt i gcrích an chonartha, cé acu a choinneoidh nó nach gcoinneoidh sé an tseirbhís. I gcodarsnacht leis sin, saintréith de chonarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar is ea gníomhaíocht aonuaire ag an trádálaí chun píosa sonrach nó píosaí sonracha ábhair dhigitigh, amhail comhaid shonracha cheoil nó físe, a sholáthar don tomhaltóir. Ós rud é gur soláthar aon uaire an soláthar ábhair dhigitigh sin tá eisceacht ann ón gceart tarraingt siar de bhun Airteagal 16(m) de Threoir 2011/83/AE, sa chaoi go gcailleann an tomhaltóir an ceart tarraingt siar tráth thús chomhlíonadh an chonartha, amhail an tábhar sonrach a íoslódáil nó a shruthú.
(22)Tá feidhm ag Treoir 2011/83/AE cheana féin maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar (i.e. ábhar digiteach ar líne a sholáthar) beag beann ar cé acu a íocann an tomhaltóir praghas le hairgead nó a thugann sé sonraí pearsanta ina leith. I gcodarsnacht leis sin, níl feidhm ag Treoir 2011/83/AE ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse, lena náirítear conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha, ar faoina mbun a íocann an tomhaltóir praghas nó a gheallann sé praghas a íoc. Dá bharr sin, níl feidhm ag an Treoir sin maidir le conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha ar faoina mbun a thugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí gan praghas a íoc. Mar gheall ar na cosúlachtaí eatarthu agus ar a idirmhalartaithe atá seirbhísí digiteacha íoctha agus seirbhísí digiteacha a thugtar mar mhalairt ar shonraí pearsanta, ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha céanna faoi Threoir 2011/83/AE.
(23)Ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE agus an [Treoir maidir le hÁbhar Digiteach], rud a bhfuil feidhm aige maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach de chuid seirbhísí digiteacha a sholáthar ar faoina mbun a thugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí.
(24)Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme Threoir 2011/83/AE a leathnú chun go gcumhdófaí léi freisin conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé seirbhís dhigiteach a sholáthar dó, agus a thugann an tomhaltóir sonraí pearsanta nó a gheallann sé sonraí pearsanta a thabhairt. Cosúil le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir i gcás ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó ina ngeallann an tomhaltóir sonraí pearsanta a thabhairt dó, ach amháin i gcás ina ndéanann an trádálaí na sonraí pearsanta a thug an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun an tábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar agus i gcás nach ndéanann an trádálaí na sonraí sin a phróiseáil chun aon chríche eile ann. Ba cheart Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh agus aon sonraí pearsanta á bpróiseáil.
(25)I gcás nach soláthraítear ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha mar mhalairt ar phraghas ann, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2011/83/AE ach oiread maidir le cásanna ina ndéanann an trádálaí sonraí pearsanta a bhailiú go heisiach chun ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a choinneáil comhréireach nó chun ceanglais dlí a chomhlíonadh. Samplaí féideartha de na cásanna sin is ea cásanna ina gceanglaítear leis an dlí is infheidhme go gcláróidh an tomhaltóir chun críocha slándála agus aitheanta agus cásanna nach mbailíonn forbróir bogearraí foinse oscailte sonraí ó úsáideoirí iontu ach amháin chun comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht bogearraí foinse oscailte a áirithiú.
(26)Níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2011/83/AE ach oiread maidir le cásanna inarb amhlaidh nach mbailíonn an trádálaí ach meiteashonraí amhail seoladh IP, stair bhrabhsála nó faisnéis eile a bhailítear agus a tharchuirtear, ar nós fianán, ach amháin i gcás ina meastar faoin dlí náisiúnta gur conradh iad cásanna den sórt sin. Níor cheart feidhm a bheith aici ach oiread maidir le cásanna ina gcuirtear an tomhaltóir, gan conradh a bheith tugtha i gcrích aige leis an trádálaí, faoi réir fógraí a bhfuil sé mar aidhm eisiach leo rochtain a ghnóthú ar ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit bheith in ann cur i bhfeidhm rialacha Threoir 2011/83/AE a leathnú go fóill chuig cásanna den sórt sin nó rialáil a dhéanamh ar shlí eile ar chásanna den sórt sin nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin.
(27)Ceanglaítear le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(8) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe, i gcás conarthaí seacháitribh agus cianchonarthaí faoi seach, réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil le comhlíonadh a thosú roimh dhul in éag na tréimhse tarraingt siar. Foráiltear le hAirteagal 14(4)(a) do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach gceanglófar ar an tomhaltóir íoc as na seirbhísí a soláthraíodh. Dá bhrí sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann toiliú sainráite an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás seirbhísí, lena náirítear seirbhísí digiteacha, a sholáthraítear ar phraghas a íoc. Mar sin, tá sé riachtanach Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
(28)Foráiltear le hAirteagal 16(m) de Threoir 2011/83/AE maidir le díolúine ón gceart tarraingt siar maidir le hábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe i gcás inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú leis an gcomhlíonadh a thosú roimh dhul in éag na tréimhse tarraingt siar agus inar admhaigh an tomhaltóir go gcaillfeadh sé an ceart tarraingt siar dá bharr sin. Foráiltear le hAirteagal 14(4)(b) de Threoir 2011/83/AE do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach gceanglófar ar an tomhaltóir íoc as an ábhar digiteach a úsáideadh. Dá réir sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann toiliú sainráite agus admháil an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás ábhar digiteach a sholáthraítear ar phraghas a íoc. Mar sin, tá sé riachtanach Airteagal 16(m) a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
(29)Leagtar amach in Airteagal 7(4) de Threoir 2005/29/CE ceanglais faisnéise le haghaidh 'cuireadh chun táirge a cheannach' ar phraghas sonrach. Tá feidhm ag na ceanglais faisnéise sin ag an gcéim fógraíochta cheana féin agus forchuirtear le Treoir 2011/83/AE na ceanglais faisnéise chéanna agus ceanglais faisnéise eile níos mionsonraithe ag an gcéim réamhchonarthach ina dhiaidh sin (i.e. díreach sula ndéanann an tomhaltóir conradh). Dá bharr sin, d’fhéadfadh go gceanglófaí ar thrádálaithe an fhaisnéis chéanna a thabhairt in ábhar fógraíochta (e.g. i bhfógra ar líne ar shuíomh gréasáin) agus ag an gcéim réamhchonarthach (e.g. ar leathanaigh a siopaí gréasáin ar líne).
(30)Áirítear leis na ceanglais faisnéise faoi Airteagal 7(4) de Threoir 2005/29/CE fógra a thabhairt don tomhaltóir faoi bheartas láimhseála gearán an trádálaí. Léirítear sna fionnachtana ón tSeiceáil Oiriúnachta go bhfuil an fhaisnéis sin is ábhartha ag an gcéim réamhchonarthach, a rialaítear le Treoir 2011/83/AE. Ba cheart an ceanglas atá ann faoi Threoir 2005/29/CE an fhaisnéis sin a thabhairt i gcuirí chun ceannach ag an gcéim fógraíochta a scriosadh mar sin.
(31)Ceanglaítear le hAirteagal 6(1)(h) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe faisnéis réamhchonarthach a thabhairt do thomhaltóirí faoin gceart tarraingt siar, lena náirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a ghabhann leis an Treoir. Foráiltear le hAirteagal 8(4) de Threoir 2011/83/AE do cheanglais faisnéise réamhchonarthaí níos simplí i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, amhail thar an teileafón nó trí SMS. Áirítear leis na ceanglais faisnéise réamhchonarthaí éigeantaí a thabharfar tríd an modh cianchumarsáide ar leith sin faisnéis maidir leis an gceart tarraingt siar dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 6(1). Dá réir sin, áirítear leo freisin an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a ghabhann leis an Treoir a sholáthar. Mar sin féin, ní féidir an fhoirm tarraingt siar a sholáthar i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodhanna amhail thar an teileafón agus d’fhéadfadh nach mbeadh sé indéanta go teicniúil an fhoirm a sholáthar ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí mhodhanna cianchumarsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(4). Is iomchuí, mar sin, soláthar na foirme eiseamláirí tarraingt siar a eisiamh ón bhfaisnéis nach mór do thrádálaithe a thabhairt in aon chás tríd an modh cianchumarsáide ar leith a úsáidtear chun conradh a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 8(4) de Threoir 2011/83/AE.
(32)Foráiltear le hAirteagal 16(a) de Threoir 2011/83/AE maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí seirbhíse a comhlíonadh go hiomlán i gcás inar tosaíodh an comhlíonadh tar éis réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil agus tar éis dó a admháil go gcaillfeadh sé an ceart tarraingt siar a luaithe a bheadh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí. Os a choinne sin, is amhlaidh, i gcás Airteagail 7(3) agus 8(7) de Threoir 2011/83/AE lena bpléitear le hoibleagáidí an trádálaí i gcás inar tosaíodh comhlíonadh an chonartha roimh dhul in éag na tréimhse tarraingt siar, nach gceanglaítear ar thrádálaithe ach réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil, gan aon admháil go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe. Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na forálacha dlí thuasluaite, tá sé riachtanach an tagairt in Airteagal 16(a) don admháil go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán a bhaint.
(33)Soláthraítear le Treoir 2011/83/AE rialacha lán-chomhchuibhithe maidir leis an gceart tarraingt siar as cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh. Sa chomhthéacs sin, tá sé léirithe go bhfuil dhá oibleagáid nithiúla ina nualaí díréireacha ar thrádálaithe agus ba cheart iad a scriosadh.
(34)Baineann an chéad oibleagáid leis an gceart atá ag an tomhaltóir chun aistarraingt ó chonarthaí díolacháin a thugtar i gcrích i gcéin nó lasmuigh den áitreabh tar éis dó earraí a úsáid níos mó ná mar a bhí riachtanach chun a gcineál, a saintréithe agus a bhfeidhmiú a dhéanamh amach. I gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Threoir 2011/83/AE, féadfaidh tomhaltóir aistarraingt ón gceannach ar líne/seacháitribh go fóill fiú amháin i gcás inar úsáid sé an tearra níos mó ná mar a ceadaíodh; i gcás den sórt sin, áfach, féadfar an tomhaltóir a choinneáil faoi dhliteanas i leith aon laghdaithe ar luach an earra.
(35)Is é an toradh atá ar an oibleagáid atá ann glacadh le tabhairt ar ais earraí den sórt sin go gcruthaítear deacrachtaí do thrádálaithe a gceanglaítear orthu ‘luach laghdaithe’ na nearraí arna dtabhairt ar ais a mheas agus iad a athdhíol mar earraí athláimhe nó fáil réidh díobh. Saobhann an méid sin an chothromaíocht idir ardleibhéal cosanta tómhaltóirí agus iomaíochas fiontar a shaothraítear le Treoir 2011/83/AE. Ba cheart an ceart atá ag tomhaltóirí earraí a thabhairt ar ais i gcásanna den sórt sin a scriosadh mar sin. Ba cheart Iarscríbhinn I dar teideal 'Faisnéis a bhaineann leis an gceart tarraingt siar a fheidhmiú' a ghabhann le Treoir 2011/83/AE a choigeartú i gcomhréir leis an leasú sin freisin.
(36)Baineann an dara hoibleagáid le hAirteagal 13 de Threoir 2011/83/AE, ar i gcomhréir leis a fhéadfaidh trádálaithe an aisíocaíocht a choinneáil siar go dtí go mbeidh na hearraí faighte ar ais acu nó go dtí go mbeidh fianaise tugtha ag an tomhaltóir á léiriú gur sheol sé na hearraí ar ais, cibé acu is luaithe. I gcás an dara rogha, d’fhéadfadh go gceanglófaí ar thrádálaithe go bunúsach, i gcúinsí áirithe, aisíocaíocht a dhéanamh le tomhaltóirí sula bhfuil na hearraí arna dtabhairt ar ais faighte acu agus sula bhfuil deis acu iad a iniúchadh. Saobhann an méid sin an chothromaíocht idir ardleibhéal cosanta tómhaltóirí agus iomaíochas fiontar a shaothraítear le Treoir 2011/83/AE. Ba cheart an oibleagáid atá ar thrádálaithe aisíocaíocht a dhéanamh leis an tomhaltóir bunaithe ar an gcruthúnas gur seoladh na hearraí ar ais chuig an trádálaí agus air sin amháin a scriosadh mar sin. Ba cheart Iarscríbhinn I dar teideal 'Faisnéis a bhaineann leis an gceart tarraingt siar a fheidhmiú' a ghabhann le Treoir 2011/83/AE a choigeartú i gcomhréir leis an leasú sin freisin.
(37)Sonraítear in Airteagal 14(4) de Threoir 2011/83/AE na coinníollacha, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart tarraingt siar, faoina mbeidh an tomhaltóir saor ón gcostas i leith seirbhísí a chomhlíonadh, fóntais phoiblí a sholáthar agus ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar. I gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha sin, ní cheanglófar ar an tomhaltóir íoc as an tseirbhís, as na fóntais phoiblí ná as an ábhar digiteach a fuarthas sular feidhmíodh an ceart tarraingt siar. Maidir le hábhar digiteach, ar na coinníollacha neamhcharnacha sin tá an mhainneachtain deimhniú conartha a thabhairt, lena náirítear deimhniú go bhfuarthas réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra le comhlíonadh an chonartha a thosú roimh dhul in éag na tréimhse tarraingt siar agus gur admhaigh sé go gcaillfí an ceart tarraingt siar dá bharr sin. Níl an choinníoll sin ábhartha maidir leis an gceart tarraingt siar a fheidhmiú mar gur tugadh fógra iomchuí don tomhaltóir go gcaillfeadh sé an ceart sin agus gur ghlac sé é. Dá bhrí sin, ba cheart é a scriosadh ó Airteagal 14(4)(b) chun comhsheasmhacht le hAirteagal 16(m) a áirithiú freisin, Airteagal ina sainítear eisceacht ón gceart tarraingt siar i gcás ábhar digiteach.
(38)I bhfianaise forbairtí teicneolaíochta, tá sé riachtanach an tagairt d’uimhir facs a bhaint den liosta modhanna cumarsáide in Airteagal 6(1)(c) de Threoir 2011/83/AE ós rud é gurb annamh a úsáidtear an facs agus go bhfuil sé as feidhm den chuid is mó. Ina theannta sin, ba cheart do thrádálaithe bheith in ann, mar mhalairt ar sheoladh ríomhphoist, modhanna eile cumarsáide ar líne a sholáthar do thomhaltóirí, mar shampla, foirmeacha agus comhráite ar líne, ar choinníoll gur le modhanna malartacha den sórt a chumasaítear don tomhaltóir ábhar na cumarsáide a choinneáil ar mheán marthanach ar an mbealach céanna leis an ríomhphost. Ba cheart Iarscríbhinn I dar teideal 'Faisnéis a bhaineann leis an gceart tarraingt siar a fheidhmiú' a ghabhann leis an Treoir a choigeartú i gcomhréir leis an leasú sin freisin.
(39)Ba cheart roinnt leasuithe breise a thabhairt isteach sna hionstraimí a leasófar leis an Treoir seo chun cur i bhfeidhm rialacha sonracha a shoiléiriú.
(40)Ba cheart Uimh. 11 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE lena dtoirmisctear fógraíocht fholaithe in ábhar eagarthóireachta sna meáin a choigeartú chun a chur in iúl go soiléir go bhfuil feidhm ag an toirmeasc céanna freisin i gcás ina dtugann trádálaí faisnéis do thomhaltóir i bhfoirm torthaí cuardaigh mar fhreagra ar chuardach ar líne an tomhaltóra.
(41)Ráthaítear le hAirteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Mar sin féin, i gcás ina margaítear táirgí ar fud na mBallstát mar tháirgí atá comhionann le táirgí eile cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe na dtáirgí sin, d’fhéadfaí tomhaltóirí a chur ar míthreoir agus tabhairt orthu cinneadh idirbhirt a dhéanamh nach ndéanfadh siad murach sin.
(42)Dá bhrí sin, is féidir cleachtas den sórt sin a cháiliú mar chleachtas atá contrártha do Threoir 2005/29/CE bunaithe ar mheasúnú a dhéanamh de réir an cháis ar na heilimintí ábhartha. Chun gur fusa le húdaráis tomhaltóirí agus údaráis bhia na mBallstát an dlí reatha a chur i bhfeidhm, tugadh comhairle maidir le rialacha reatha an Aontais a chur i bhfeidhm i leith décháilíocht táirgí bia san Fhógra ón gCoimisiún 'maidir le dlí bia agus dlí cosanta tomhaltóirí an Aontais a chur i bhfeidhm i leith saincheisteanna décháilíocht táirgí – cás sonrach an bhia' an 26.9.2017. Sa chomhthéacs sin, tá Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin ag forbairt cur chuige coiteann faoi láthair i leith tástáil chomparáideach táirgí bia.
(43)Mar sin féin, léirigh an teispéireas forfheidhmithe gur féidir, gan foráil fhollasach a bheith ann, nach dtuigeann tomhaltóirí, trádálaithe agus údaráis inniúla náisiúnta cé na cleachtais tráchtála a d’fhéadfadh a bheith contrártha do Threoir 2005/29/CE. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2005/29/CE a leasú chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do thrádálaithe agus d’údaráis forfheidhmithe araon trí aghaidh a thabhairt go sainráite ar mhargú táirge mar tháirge atá comhionann leis an táirge céanna a mhargaítear i roinnt Ballstát eile i gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir comhdhéanamh nó saintréithe na dtáirgí sin. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an gcleachtas sin agus aghaidh a thabhairt air de réir an cháis i gcomhréir le forálacha na Treorach. Agus an measúnú á dhéanamh aige, ba cheart don údarás inniúil aird a thabhairt an gceist an bhfuil difríocht sin so-aitheanta ag tomhaltóirí, ar an gceart atá ag trádálaí táirgí de chuid an aon bhranda amháin a oiriúnú do mhargaí geografacha difriúla ar chúiseanna dlisteanacha, amhail infhaighteacht nó séasúracht amhábhar, sainroghanna sainithe tomhaltóirí nó straitéisí deonacha a bhfuil sé mar aidhm leo rochtain a fheabhsú ar bhia sláintiúil cothaitheach, agus ar an gceart atá ag an trádálaí táirgí de chuid an aon bhranda amháin a thairiscint i bpacáistí a bhfuil meáchan difriúil nó toirt dhifriúil iontu i margaí geografacha difriúla.
(44)Cé gur bealach díolacháin dlisteanach seanbhunaithe é díolachán seacháitribh, amhail díolachán in áitreabh gnó an trádálaí agus ciandíol, is féidir cleachtais mhargaíochta atá ionsaitheach nó míthreorach go háirithe i gcomhthéacs cuairteanna ar theach an tomhaltóra gan réamhthoiliú an tomhaltóra nó le linn turais tráchtálais féidir na cleachtais sin an tomhaltóir a chur faoi bhrú earraí a cheannach nach gceannódh sé murach sin agus/nó earraí a cheannach ar phraghsanna iomarcacha lena mbaineann íocaíocht láithreach go minic. Is minic a dhírítear cleachtais den sórt sin ar thomhaltóirí scothaosta nó ar thomhaltóirí leochaileacha eile. Measann Ballstáit áirithe gur cleachtais neamh-inmhianaithe iad sin agus gur gá srian a chur le cineálacha agus gnéithe áirithe díolacháin seacháitribh de réir bhrí Threoir 2011/83/AE, amhail táirge a mhargú nó a dhíol ar bhealach ionsaitheach agus míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh ar theach tomhaltóra nó turais tráchtála, ar fhorais bheartais phoiblí nó ar son meas a thabhairt ar shaol príobháideach tomhaltóirí a chosnaítear le hAirteagal 7 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le priosabal na comhréireachta agus chun gur fusa forfheidhmiú a dhéanamh, ba cheart a shoiléiriú, dá bhrí sin, go bhfuil Treoir 2005/29/CE gan dochar do shaoirse na mBallstát socruithe a dhéanamh, gan aon ghá a bheith ann measúnú de réir an cháis a dhéanamh ar an gcleachtas sonrach, chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar a dteach príobháideach chun táirgí a thairiscint nó a dhíol nó i ndáil le turais tráchtála a d'eagródh trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina bhfuil údar ann le socruithe den sórt sin ar foras an bheartais phoiblí nó chun an saol príobháideach a chosaint. Ba cheart aon fhorálacha den sórt sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon fhorálacha náisiúnta a ghlacfar ina leith sin ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar agus faireachán a dhéanamh ar chineál comhréireach agus dlíthiúlacht na mbeart sin.
(45)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.
(46)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, mar atá forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú na reachtaíochta um chosaint tomhaltóirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál uile-Aontais na faidhbe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE
Leasaítear Treoir 2005/29/CE mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
Ní chuirtear leis an Treoir seo aon chosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó i ndáil le turais tráchtála arna neagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, ar choinníoll go bhfuil údar ann le forálacha den sórt sin ar fhorais bheartais phoiblí nó ar son meas ar an saol príobháideach a chosaint.
(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon fhorálacha náisiúnta a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn mhír 5 agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach sorochtana do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.
(2)Cuirtear an pointe (c) seo a leanas isteach i mír 2 d’Airteagal 6:
(c) Táirge a mhargú mar cheann atá comhionann leis an táirge céanna a mhargaítear i roinnt Ballstát eile, cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe na dtáirgí sin;
(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) d’Airteagal 7(4):
(d) na socruithe le haghaidh íocaíocht a dhéanamh, seachadadh agus comhlíonadh, i gcás ina nimíonn siad ó cheanglais díchill ghairmiúil;
(4)Cuirtear isteach an tAirteagal 11a seo a leanas:
‘Airteagal 11a
Sásamh
1. I dteannta an cheanglais atá ann modhanna leordhóthanacha éifeachtacha a áirithiú chun comhlíonadh a fhorfheidhmiú in Airteagal 11, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha ar fáil freisin do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun deireadh a chur le héifeachtaí uile na gcleachtas tráchtála éagórach sin i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.
2. Áireofar le leigheasanna conarthacha, ar a laghad, deis a thabhairt don tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh go haontaobhach.
3. Áireofar le leigheasanna neamhchonarthacha, ar a laghad, deis a thabhairt don tomhaltóir cúiteamh a éileamh i leith damáistí a bhain dó.
(5)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:
Airteagal 13
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn dóibh a chinneadh cé acu a fhorchuirfidh nó nach bhforchuirfidh siad pionós agus le linn dóibh leibhéal an phionóis a shocrú, go dtabharfaidh na húdaráis riaracháin nó na cúirteanna aird chuí ar na critéir seo a leanas nuair is iomchuí:
(a)cineál, tromchúis, fad ama nó éifeachtaí ama an tsáraithe;
(b)an líon tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh, lena náirítear iad sin i mBallstá(i)t eile;
(c)aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;
(d)nuair is iomchuí, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;
(e)aon sáruithe roimhe ag an trádálaí;
(f)na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe;
(g)aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.
3. I gcás inar fíneáil é an pionós a fhorchuirfear, tabharfar aird ar láimhdeachas agus glanbhrabús bliantúil an trádálaí is sáraitheoir agus ar aon fhíneálacha a forchuireadh i leith an tsáraithe chéanna nó sáruithe eile faoin Treoir seo i mBallstáit eile freisin le linn méid na fíneála a shocrú.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur ar áireamh sna pionóis i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 2017/2934, ar fíneálacha iad a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí is sáraitheoir sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.
5. Le linn dóibh a chinneadh conas a leithdháilfear an tioncam ó fhíneálacha, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leas ginearálta tomhaltóirí.
6. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina rialacha maidir le pionóis faoin [dáta le haghaidh thrasuí na Treorach] agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.’
(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Uimh. 11 d’Iarscríbhinn I:
11. Ábhar eagarthóireachta a úsáid sna meáin, nó faisnéis a thabhairt do chuardach ar líne an tomhaltóra., chun táirge a chur chun cinn i gcás inar íoc trádálaí as an gcur chun cinn gan an méid sin a chur in iúl go soiléir san ábhar nó sna torthaí cuardaigh nó le híomhánna nó fuaimeanna atá in-sainaitheanta go soiléir ag an tomhaltóir (alt fógraíochta; socrúchán íoctha nó cuimsiú íoctha). Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2010/13/CE.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE
Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)Cuirtear isteach an pointe (4a) seo a leanas:
‘(4a) ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679;’
(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe (6):
‘(6) ciallaíonn ‘conradh seirbhíse’ aon chonradh seachas conradh díolacháin ar faoina bhun a sholáthraíonn an trádálaí seirbhís don tomhaltóir, nó a gheallann sé seirbhís a sholáthar dó, agus a íocann an tomhaltóir praghas, nó a gheallann sé praghas a íoc, i leith na seirbhíse sin. Áirítear le haon tagairt do ‘seirbhísí’ freisin ‘seirbhísí digiteacha’ agus áirítear le haon tagairt do ‘conradh seirbhíse’ freisin ‘conradh seirbhíse digití’;
(c)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe (11):
‘(11) ciallaíonn ‘ábhar digiteach’ sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach, lena náirítear comhaid físe, comhaid fuaime, feidhmchláir, cluichí digiteacha agus aon bhogearraí eile’;
(d)Cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
‘(16) ciallaíonn ‘conradh le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar’ conradh ar faoina bhun a sholáthraíonn trádálaí ábhar digiteach sonrach don tomhaltóir, nó a gheallann sé ábhar digiteach sonrach a sholáthar dó, agus a íocann an tomhaltóir praghas, nó a gheallann sé praghas a íoc, i leith an ábhair sin. Áirítear leis sin freisin conarthaí ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó a gheallann sé sonraí pearsanta a thabhairt dó, ach amháin i gcás ina ndéanann an trádálaí na sonraí pearsanta a thug an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun an tábhar digiteach a sholáthar nó chun gur féidir leis an trádálaí ceanglais dlí a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh agus i gcás nach ndéanann an trádálaí na sonraí sin a phróiseáil chun aon chríche eile ann;
(17) ciallaíonn ‘seirbhís dhigiteach’ (a) seirbhís lena gcumasaítear don tomhaltóir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó (b) seirbhís lena gcumasaítear comhroinnt sonraí i bhfoirm dhigiteach nó aon idirghníomhaíocht eile le sonraí i bhfoirm dhigiteach arna nuaslódáil nó arna gcruthú ag an tomhaltóir agus ag úsáideoirí eile na seirbhíse sin, lena náirítear comhroinnt comhad físe agus fuaime agus óstáil comhad eile, próiseáil focal nó cluichí a thairgtear sa timpeallacht néalríomhaireachta agus sna meáin shóisialta.
(18) ciallaíonn ‘conradh seirbhíse digití’ conradh ar faoina bhun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé seirbhís dhigiteach a sholáthar dó, agus a íocann an tomhaltóir praghas, nó a gheallann sé praghas a íoc, i leith na seirbhíse digití sin. Áirítear leis sin freisin conarthaí ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó a gheallann sé sonraí pearsanta a thabhairt dó, ach amháin i gcás ina ndéanann an trádálaí na sonraí pearsanta a thug an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun an tseirbhís dhigiteach a sholáthar nó chun gur féidir leis an trádálaí ceanglais dlí a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh agus i gcás nach ndéanann an trádálaí na sonraí sin a phróiseáil chun aon chríche eile ann;
(19) ciallaíonn ‘margadh ar líne’ soláthraí seirbhíse a lenar féidir le tomhaltóirí conarthaí ar líne a thabhairt i gcrích le trádálaithe agus le tomhaltóirí ar chomhéadan ar líne an mhargaidh ar líne;
(20) ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ comhéadan ar líne mar a shainmhínítear i bpointe (16) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/302’
(2)I mír 1 d’Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h):
‘(g) nuair is infheidhme, feidhmiúlacht, lena náirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha.
(h) nuair is infheidhme, aon idir-inoibritheacht ábhartha idir ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha agus crua-earraí agus bogearraí a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh an trádálaí ar an eolas fúthu.’
(3)I mír 1 d’Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c), (r) agus (s):
‘(c) an seoladh geografach ag a bhfuil an trádálaí bunaithe, mar aon le huimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist nó modhanna eile cumarsáide ar líne an trádálaí lena ráthaítear gur féidir leis an tomhaltóir an comhfhreagras leis an trádálaí a choinneáil ar mheán marthanach, chun an tomhaltóir a chumasú teagmháil a dhéanamh leis an trádálaí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis go héifeachtúil. Nuair is infheidhme, tabharfaidh an trádálaí seoladh geografach agus aitheantas an trádálaí a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann freisin.
(r) nuair is infheidhme, feidhmiúlacht, lena náirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha.
(s) nuair is infheidhme, aon idir-inoibritheacht ábhartha idir ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha agus crua-earraí agus bogearraí a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh an trádálaí ar an eolas fúthu.’
(4)Cuirtear isteach an tAirteagal 6a seo a leanas:
‘Airteagal 6a
Ceanglais bhreise faisnéise le haghaidh conarthaí a thugtar i gcrích i margaí ar líne
Sula gcuirfear tomhaltóir faoi cheangal ag cianchonradh, nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach, i margadh ar líne, tabharfaidh an margadh ar líne an fhaisnéis seo a leanas freisin:
(a)na príomhpharaiméadair lena socraítear tairiscintí a chuirtear i láthair an tomhaltóra mar thoradh ar a chuardach ar an margadh ar líne;
(b)cé acu is trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an tábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí sin don mhargadh ar líne;
(c)cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag cearta tomhaltóirí a eascraíonn as reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais maidir leis an gconradh a tugadh i gcrích; agus
(d)i gcás ina dtugtar conradh i gcrích le trádálaí, cén trádálaí atá freagrach as cearta tomhaltóirí a eascraíonn as reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais a áirithiú i ndáil leis an gconradh. Tá an ceanglas sin gan dochar don fhreagracht a d’fhéadfadh a bheith ar margadh ar líne nó a d’fhéadfadh an margadh ar líne a ghlacadh i ndáil le heilimintí sonracha den chonradh.’
(5)In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite den sórt sin ar mheán marthanach.’
(6)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Má thugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, tabharfaidh an trádálaí, ar an modh lena mbaineann sula dtabharfar an conradh sin i gcrích, ar a laghad an fhaisnéis réamhchonarthach maidir le príomh-shaintréithe na nearraí nó na seirbhísí, aitheantas an trádálaí, an praghas iomlán, an ceart tarraingt siar, fad ama an chonartha agus, más conradh tréimhse neamhchinntithe ama é an conradh, na coinníollacha maidir leis an gconradh a fhoirceannadh, dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (e), (h) agus (o) d’Airteagal 6(1) faoi seach, seachas an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) dá dtagraítear i bpointe (h). Maidir leis an bhfaisnéis eile dá dtagraítear in Airteagal 6(1), tabharfaidh an trádálaí don tomhaltóir í ar bhealach iomchuí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.’
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite ina leith.’
(7)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Ach amháin i gcás inar thairg an trádálaí na hearraí a bhailiú é féin, féadfaidh an trádálaí, i gcás conarthaí díolacháin, an aisíocaíocht a choinneáil siar go dtí go mbeidh na hearraí faighte ar ais aige.’
(b)cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:
‘4. Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679.
5. Maidir le haon ábhar digiteach, a mhéid nach ionann é agus sonraí pearsanta, a ndearna an tomhaltóir é a uaslódáil nó a chruthú agus úsáid á baint aige as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthair an trádálaí, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí faoin [Treoir maidir le hÁbhar Digiteach] agus féadfaidh sé na cearta a thugtar fúithi a fheidhmiú.’
(8)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘Tar éis fhoirceannadh an chonartha, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó an tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.’
(2)leasaítear mír 4(b) mar a leanas:
(a)Leasaítear pointe (ii) mar a leanas:
‘(ii) nár admhaigh an tomhaltóir go gcaillfeadh sé an ceart tarraingt siar a bhí aige agus toiliú á thabhairt aige’;
(b)Scriostar pointe (iii).
(9)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) conarthaí seirbhíse tar éis an tseirbhís a chomhlíonadh go hiomlán i gcás inar tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra’;
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):
‘(m) conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar má tosaíodh an comhlíonadh agus, má chuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, i gcás inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite leis an gcomhlíonadh a thosú le linn na tréimhsetarraingt siar agus inar admhaigh sé go gcaillfeadh sé an ceart tarraingt siar atá aige dá bharr sin.’
(2)cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(n) an soláthar earraí ar láimhseáil an tomhaltóir iad, le linn na tréimhse tarraingt siar, níos mó ná mar a bhí riachtanach chun cineál, saintréithe agus feidhmiú na nearraí a dhéanamh amach.’
(10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:
‘Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn dóibh a chinneadh cé acu a fhorchuirfidh nó nach bhforchuirfidh siad pionós agus le linn dóibh leibhéal an phionóis a shocrú, go dtabharfaidh na húdaráis riaracháin nó na cúirteanna aird chuí ar na critéir seo a leanas nuair is iomchuí:
(a)cineál, tromchúis, fad ama nó éifeachtaí ama an tsáraithe;
(b)an líon tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh, lena náirítear iad sin i mBallstá(i)t eile;
(c)aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;
(d)nuair is iomchuí, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;
(e)aon sáruithe roimhe ag an trádálaí;
(f)na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe;
(g)aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.
3. I gcás inar fíneáil é an pionós a fhorchuirfear, tabharfar aird ar láimhdeachas agus glanbhrabús bliantúil an trádálaí is sáraitheoir agus ar aon fhíneálacha a forchuireadh i leith an tsáraithe chéanna nó sáruithe eile faoin Treoir seo i mBallstáit eile freisin le linn méid na fíneála a shocrú.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur ar áireamh sna pionóis i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 2017/2934, ar fíneálacha iad a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí is sáraitheoir sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.
5. Le linn dóibh a chinneadh conas a leithdháilfear an tioncam ó fhíneálacha, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leas ginearálta tomhaltóirí.
6. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina rialacha maidir le pionóis faoin [dáta le haghaidh thrasuí na Treorach] agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.’
(11)Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
(1)Leasaítear pointe A mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír de phointe A faoin teideal "An ceart tarraingt siar":
“Chun an ceart tarraingt siar a fheidhmiú, ní mór duit fógra a thabhairt dúinn [2] faoin gcinneadh uait tarraingt siar as an gconradh seo le ráiteas aonchiallach (e.g. litir arna seoladh tríd an bpost nó le ríomhphost). Cé go bhféadfaidh tú an fhoirm shamplach tarraingt siar faoi iamh a úsáid, níl sé éigeantach sin a dhéanamh. [3]”
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2 faoin teideal "Treoracha le haghaidh comhlánú":
“[2.] Cuir isteach d’ainm, do sheoladh geografach agus d’uimhir theileafóin nó do sheoladh ríomhphoist.”
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4 faoin teideal "Treoracha le haghaidh comhlánú":
“[4.] I gcás conarthaí díolacháin nár thairg tú iontu na hearraí a bhailiú i gcás tarraingt siar, cuir isteach an méid seo a leanas: ‘Féadfaimid aisíocaíocht a choinneáil siar go dtí go mbeidh na hearraí faighte ar ais againn.’.”
(d)Scriostar fophointe (c) de phointe 5 faoin teideal "Treoracha le haghaidh comhlánú".
(2)I bpointe B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:
“Chuig [cuirfidh an trádálaí isteach anseo a ainm, a sheoladh geografach agus, má tá sé ar fáil, a sheoladh ríomhphoist]:”
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 93/13/CE
Leasaítear Treoir 93/13/CEE mar a leanas:
Cuirtear isteach an tAirteagal 8b seo a leanas:
‘Airteagal 8b
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn dóibh a chinneadh cé acu a fhorchuirfidh nó nach bhforchuirfidh siad pionós agus le linn dóibh leibhéal an phionóis a shocrú, go dtabharfaidh na húdaráis riaracháin nó na cúirteanna aird chuí ar na critéir seo a leanas nuair is iomchuí:
(a)cineál, tromchúis, fad ama nó éifeachtaí ama an tsáraithe;
(b)an líon tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh, lena náirítear iad sin i mBallstá(i)t eile;
(c)aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;
(d)nuair is iomchuí, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;
(e)aon sáruithe roimhe ag an trádálaí;
(f)na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe;
(g)aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.
3. I gcás inar fíneáil é an pionós a fhorchuirfear, tabharfar aird ar láimhdeachas agus glanbhrabús bliantúil an trádálaí is sáraitheoir agus ar aon fhíneálacha a forchuireadh i leith an tsáraithe chéanna nó sáruithe eile faoin Treoir seo i mBallstáit eile freisin le linn méid na fíneála a shocrú.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur ar áireamh sna pionóis i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 2017/2934, ar fíneálacha iad a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí is sáraitheoir sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.
5. Le linn dóibh a chinneadh conas a leithdháilfear an tioncam ó fhíneálacha, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leas ginearálta tomhaltóirí.
6. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina rialacha maidir le pionóis faoin [dáta le haghaidh thrasuí na Treorach] agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.’
Airteagal 4
Leasuithe ar Threoir 98/6/CE
Leasaítear Treoir 98/6/CE mar a leanas:
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:
‘Airteagal 8
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn dóibh a chinneadh cé acu a fhorchuirfidh nó nach bhforchuirfidh siad pionós agus le linn dóibh leibhéal an phionóis a shocrú, go dtabharfaidh na húdaráis riaracháin nó na cúirteanna aird chuí ar na critéir seo a leanas nuair is iomchuí:
(h)cineál, tromchúis, fad ama nó éifeachtaí ama an tsáraithe;
(i)an líon tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh, lena náirítear iad sin i mBallstá(i)t eile;
(j)aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;
(k)nuair is iomchuí, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;
(l)aon sáruithe roimhe ag an trádálaí;
(m)na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe;
(n)aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.
3. I gcás inar fíneáil é an pionós a fhorchuirfear, tabharfar aird ar láimhdeachas agus glanbhrabús bliantúil an trádálaí is sáraitheoir agus ar aon fhíneálacha a forchuireadh i leith an tsáraithe chéanna nó sáruithe eile faoin Treoir seo i mBallstáit eile freisin le linn méid na fíneála a shocrú.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur ar áireamh sna pionóis i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 2017/2934, ar fíneálacha iad a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí is sáraitheoir sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.
5. Le linn dóibh a chinneadh conas a leithdháilfear an tioncam ó fhíneálacha, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leas ginearálta tomhaltóirí.
6. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina rialacha maidir le pionóis faoin [dáta le haghaidh thrasuí na Treorach] agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.’
Airteagal 5
Trasuí
1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú laistigh de 18 mí ar a dhéanaí óna nglacadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ó 6 mhí tar éis an spriocdháta le haghaidh trasuí.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 7
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán