AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.3.2018
COM(2018) 85 final
2018/0040(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá forálacha Chód Custaim an Aontais (an Cód) á gcur i bhfeidhm ón 1 Bealtaine 2016. Mórchuspóir de chuid an Chóid is ea athrú chuig úsáid iomlán córas leictreonach le haghaidh idirbhearta idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, nó idir údaráis chustaim, agus deireadh a chur le próisis chustaim phaipéarbhunaithe.
Foráiltear sa Chód gur cheart próisis chustaim éagsúla a bheith cumhdaithe ag córais leictreonacha agus foráiltear ann freisin gur cheart na sonraí agus an phleanáil i gcomhair na gcóras sin a leagan amach i gClár Oibre ar leithligh. I gClár Oibre Chód Custaim an Aontais, déantar pleanáil a dhréachtú i gcomhair seacht gcinn déag de chórais leictreonacha Chód Custaim an Aontais san iomlán, ar bhonn an Phlean Straitéisigh Ilbhliantúil maidir le gach tionscadal leictreonach custaim a ullmhaítear agus a ndéantar nuashonrú rialta air i gcomhréir le Cinneadh ón mbliain 2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is féidir na córais a roinnt ina dhá chatagóir:
(a)ceithre cinn déag de chórais thras-Eorpacha lena náirítear roinnt córas a bhfuil comhpháirteanna náisiúnta iontu lena bhforbairt ag na Ballstáit, agus
(b)trí cinn de chórais náisiúnta nach mór do na Ballstáit ina naonair iad a fhorbairt nó a uasghrádú.
Foráiltear in Airteagal 278 den Chód gur féidir córais atá ann cheana, idir chórais leictreonacha agus chórais phaipéarbhunaithe, a úsáid go fóill i gcomhair próisis chustaim go dtí go mbeidh na córais leictreonacha nua uile atá beartaithe faoin gCód ag feidhmiú. Bunaítear leis an Airteagal gurb é deireadh 2020, ar a dhéanaí, an dáta faoi nach mór deireadh a chur le húsáid na socruithe idirthréimhseacha sin. I gcomhréir leis an spriocdháta sin, leagtar amach sa Chlár Oibre pleananna céim ar chéim chun an obair ar na córais leictreonacha a chur i gcrích faoi 2020.
Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag feidhmiú de réir an sceidil chun an chuid is mó den obair ar an gcóras leictreonach a bheith déanta in am. Cuireadh chun feidhme trí cinn de na seacht gcóras déag in 2017 agus cuireadh an chéad chéim de chóras eile i gcrích, agus bhí siadsan ar fad críochnaithe de réir na ndátaí a bhí leagtha síos sa sceideal. Go bunúsach, beidh beagnach ochtó faoin gcéad d’obair an Choimisiúin ar na córais thras-Eorpacha dá bhforáiltear faoin gClár Oibre curtha i gcrích faoin dáta sin. Is minic gurb iad na céimeanna deiridh na cinn is faide agus córais TF á bhforbairt, áfach, agus, dá bhrí sin, cé go mbeidh formhór na gcóras críochnaithe faoi 2020, beidh cuid acu nach mbeidh ach críochnaithe i bpáirt. Tá iliomad dúshlán roimh an gCoimisiún agus na Ballstáit araon san obair sin i dtaobh seacht gcinn déag de chórais leictreonacha a chur chun feidhme. Áirítear leis na dúshláin sin, nárbh fhéidir iad a thuar an tráth a leagadh síos an spriocdháta, an méid seo a leanas:
·An mhoill nárbh fhéidir a sheachaint maidir le dearadh na gcóras leictreonach a chur i gcrích. Nuair a leagadh síos spriocdháta na bliana 2020, bhíothas ag súil leis go nglacfaí na rialacha lena ndéanfaí Cód Custaim an Aontais a fhorlíonadh agus a chur chun feidhme (an Rialachán Tarmligthe maidir le Cód Custaim an Aontais, an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le Cód Custaim an Aontais agus an Rialachán Tarmligthe Idirthréimhseach maidir le Cód Custaim an Aontais) go gairid tar éis ghlacadh Chód Custaim an Aontais in 2013, ionas go bhféadfaí a bhforálacha a chur san áireamh agus na córais TF á bhforbairt. Mar a tharla, áfach, ghlac na pléití i bhfad ní ba mhó ama ná mar a bhíothas ag súil leis agus níor glacadh na gníomhartha ina bhfoirm dheiridh go dtí amach sa bhliain 2015/tús na bliana 2016. D’fhág an mhoill sin go raibh moill ann maidir leis na sonraíochtaí feidhmiúla agus na sonraíochtaí teicniúla a tháirgeadh i leith cuid mhór de na córais leictreonacha.
·An obair ollmhór a bhaineann le seacht gcinn déag de chórais leictreonacha a nascadh ar fud an Aontais agus an chastacht ar leith a bhaint le cuid de na córais leictreonacha sin. Níor léir na gnéithe sin a bheith i gceist go dtí gur cuireadh tús leis an obair ar shonraíochtaí feidhmiúla agus sonraíochtaí teicniúla na gcóras. De bharr léargas iomlán a bheith acu tar éis na hoibre a rinneadh ar na sonraíochtaí, chinn an Coimisiún agus na Ballstáit nár mhór an spriocdháta le haghaidh chur i gcrích na gcóras a leasú i roinnt cásanna. Is fíor an méid sin go háirithe i gcás na gcóras leictreonach sin nach gcríochnófar na sonraíochtaí dóibh go dtí 2018.
·Deacrachtaí maidir le comhchuibhiú sonraí. Ón uair a glacadh an Rialachán Tarmligthe agus an Rialachán Cur Chun Feidhme, táthar ag leanúint ar aghaidh leis an obair dhian ar chomhchuibhiú na sonraí arna soláthar ag oibreoirí eacnamaíocha. Gné ríthábhachtach is ea é sin maidir le hidir-inoibritheacht chórais leictreonacha éagsúla Chód Custaim an Aontais, maidir le cur i bhfeidhm comhchuibhithe na rialacha dlí agus maidir leis an gcomhar le seirbhísí poiblí eile a bhíonn gníomhach ag an teorainn. Ach na sonraí a chomhchuibhiú i gcomhréir le samhlacha idirnáisiúnta sonraí, amhail samhail na hEagraíochta Domhanda Custaim, áirithítear naisc níos fearr le córais TF de chuid tríú tíortha, rud lena néascaítear go mór an trádáil. Tá cuid mhór níos mó infheistíochta ná mar a ceapadh i gceist leis an obair sin, áfach, i dtaobh ama agus airgeadais, maidir le hathríomhchlárú a dhéanamh ar roinnt de na córais leictreonacha atá ann cheana.
·Seicheamhú. Agus amlínte agus costais réalaíocha á bpleanáil, ní mór aird a thabhairt ar an tionchar a bheadh ag na hathruithe leictreonacha atá beartaithe ar an éiceachóras custaim agus trádála. Toisc go bhfuil dlúthnasc idir na córais leictreonacha, is tábhachtach an rud é iad a thabhairt isteach san ord ceart (seicheamhú) lena áirithiú go dtabharfar aird chuí ar an idirspleáchas eatarthu agus gur ar bhealach comhleanúnach, struchtúrtha a chuirfear i bhfeidhm na hathruithe i gcomhair údaráis riaracháin agus i gcomhair na trádála.
Ar na cúiseanna sin go léir, is gá foráil a dhéanamh maidir le dáta níos déanaí (2025 ar a dhéanaí) i gcomhair chur i gcrích iomlán na hoibre ar roinnt de na córais. Áiritheofar leis an spriocdháta sin go gcuirfear chun feidhme go rianúil faoi 2020 formhór na gcóras agus go gcuirfear chun feidhme na córais eile níos déanaí, san ord ceart, ar dhátaí idir 2021 agus 2025. Is ann cheana do leath na gcóras a bhfuil a gcur chun feidhme le cur siar agus níl ann ach go mbeidh uasghrádú á dhéanamh orthu faoi Chód Custaim an Aontais anois, agus is córais nua atá i gceist leis an leath eile.
Is iad seo a leanas na córais atá le cur siar:
·Uasghráduithe arb é comhchuibhiú sonraí an mórdhúshlán teicniúil ina leith, i.e. an tuasghrádú ar an gCóras Rialaithe Allmhairí (ICS), ar an gCóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais (NCTS), ar an Uathchóras Onnmhairiúcháin (AES) agus ar an gCóras Náisiúnta Onnmhairiúcháin (lena náirítear an chomhpháirt onnmhairiúcháin den Chóras Náisiúnta Nósanna Imeachta Speisialta); agus
·Trí chóras nua atá ceaptha chun gnéithe nuálacha den Chód a chur i bhfeidhm, i.e., Imréiteach Láraithe i gcomhair Allmhairithe (CCI), Cruthúnas ar Stádas Aontais (PoUS) agus Bainistíocht Ráthaíochta (GUM).
Tá cur siar an dáta seachadta is déanaí i leith na gcóras leictreonach sin go dtí 2025 ag teacht salach ar Airteagal 278 den Chód, faoi nach gceadaítear ach go dtí 2020 chun bealaí eile a úsáid le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas na córais leictreonacha atá beartaithe. Dá bhrí sin, ní mór síneadh ama a chur leis an spriocdháta in Airteagal 278 i leith na gcóras a bhfuil moill orthu. Ina theannta sin, ní mór beart a dhéanamh go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. Bheadh fadhbanna tromchúiseacha ag lucht gnó agus ag lucht riaracháin custaim dá mba rud é, faoi 2020, nach mbeadh roinnt de na córais leictreonacha curtha chun feidhme agus go mbeadh toirmeasc faoin dlí an tráth céanna ar leanúint ar aghaidh le socruithe malartacha a úsáid san idirthréimhse.
Toisc go mbíonn dhá bhliain ar an meán ag teastáil ó na Ballstáit agus gnólachtaí chun socruithe a dhéanamh i gcomhar gach córais leictreonaigh, ní mór don Choimisiún deimhneacht a thabhairt faoi 2018 maidir leis an athphleanáil i gcomhair cuid de na córais agus maidir leis an síneadh ama a bheadh ag gabháil léi maidir le hinfheidhmeacht na socruithe idirthréimhseacha i ndiaidh 2020 go dtí 2025.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an leasú ar Airteagal 278 den Chód ag teacht leis an amchlár le haghaidh pleanáil TF sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil agus déanfar nuashonrú go gairid ar an gClár Oibre i gcomhair an Chóid ar an mbonn sin trí mheán Cinneadh Cur Chun Feidhme nua ón gCoimisiún.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 33 agus Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (comhar custaim agus comhbheartas tráchtála).
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Tagann an togra faoi réir inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) CFAE. •Comhréireacht
Níl aon fhorbairtí beartais nua i gceist leis an togra i gcomparáid leis an ngníomh reachtach a bhfuil sé beartaithe a leasú leis. Déantar modhnú leis ar fhoráil amháin den ghníomh reachtach sin chun síneadh ama a chur leis an spriocdháta maidir le bearta idirthréimhseacha a úsáid i leith líon beag próisis chustaim ionas gur fearr is féidir rogha beartais atá ann cheana (athrú de réir a chéile chuig timpeallacht leictreonach) a áirithiú. Toisc gur gníomh dlí de chuid an Aontais Eorpaigh é an Cód, ní féidir é a leasú ach le gníomh dlí comhionann. Ní féidir leis na Ballstáit gníomhú ina naonar sa réimse seo.
•An rogha ionstraime
Chun dul i ngleic leis an bhfadhb réamhluaite, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leasú a dhéanamh ar Airteagal 278 den Chód ionas gur féidir leanúint ar aghaidh ag úsáid na socruithe idirthréimhseacha i ndáil le faisnéis chustaim a mhalartú agus a stóráil (i.e. córais leictreonacha agus córais phaipéarbhunaithe atá ann cheana) i ndiaidh 2020 i gcás na bpróiseas custaim atá cumhdaithe ag na córais leictreonacha nach mbeidh curtha chun feidhme faoi 2020.
Leis an leasú atá beartaithe, coimeádtar spriocdháta na bliana 2020 in Airteagal 278 ach déantar foráil an tráth céanna maidir le síneadh ama a chur leis an spriocdháta go dtí 2025 i ndáil le próisis chustaim arna gcumhdach ag na córais leictreonacha réamhluaite nach mbeidh ag feidhmiú faoi 2020.
3.COMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR
Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit go minic agus d’éist sé leis na hábhair imní atá acu maidir leis an ngá atá ann le hamchlár níos réadúla chun forbairt a dhéanamh ar chórais leictreonacha Chód Custaim an Aontais agus maidir leis an ngá atá ann dá réir le hinfheidhmeacht leanúnach na socruithe idirthréimhseacha i ndáil le faisnéis a mhalartú agus a stóráil tar éis spriocdháta na bliana 2020 atá i bhfeidhm faoi láthair. Chomh maith le roinnt comhairliúchán i scríbhinn agus roinnt comhairliúchán déthaobhach, pléadh na saincheisteanna sin go mion ag cruinnithe de chuid an Choimisiúin leis na Ballstáit an 31 Márta 2017 agus an 29-30 Meitheamh 2017. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún ceistneoir mionsonraithe chuig na Ballstáit chun faisnéis a fháil faoina gcuid roghanna maidir le cé na córais ar cheart iad a chur siar dá mba ghá ceann ar bith a chur siar. Glactar san áireamh sa spriocdháta agus sa sceideal pleanála nua atá beartaithe i gcomhair na gcóras leictreonach freagraí na mBallstáit ar an gceistneoir sin.
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin le hionadaithe an lucht trádála i bhfóram an tsainghrúpa ina dtugtar le chéile ionadaithe ó eagraíochtaí trádála éagsúla,
Grúpa Teagmhála na Trádála
, ag Cruinnithe Iomlánacha an 27 Aibreán 2017 agus an 12 Iúil 2017. Bíonn amchláir réalaíocha de dhíth ar ghnólachtaí agus aontaíonn siad nach mór síneadh ama a chur leis an spriocdháta maidir leis na socruithe idirthréimhseacha a úsáid i ndáil le faisnéis chustaim a mhalartú agus a stóráil i gcás córais leictreonacha nach mbeidh réidh faoi 2020.
Measúnú tionchair
Ní gá measúnú tionchar a dhéanamh i leith an tionscnaimh seo toisc nach rogha beartais atá i gceist leis. Ní dhéantar ann ach a mholadh go gcuirfí síneadh ama breise le húsáid na socruithe idirthréimhseacha dá foráiltear cheana i gCód Custaim an Aontais. Go deimhin, áiritheofar leis an síneadh ama sin gur réidhe agus gur neamhshuaití a bheidh cur chun feidhme na rogha beartais atá sa Chód maidir le haistriú de réir a chéile chuig úsáid córas leictreonach amháin i gcomhair na hidirghníomhaíochta idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus i measc údaráis chustaim, agus maidir le deireadh a chur le nósanna imeachta páipéarbhunaithe.
Ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme Chód Custaim an Aontais agus a thionchar go dtí seo, lena náirítear a chórais leictreonacha, ina bhfuil níos mó mionsonraí faoin rud is bun leis an moill a cuireadh ar chur chun feidhme roinnt córas leictreonach.
Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá sé ina chuspóir leis an gCód a áirithiú go naistreofar chuig timpeallacht lánleictreonach na próisis custaim go léir d’fhonn creat a áirithiú do chustam an Aontais atá in oiriúint do chúinsí nua-aimseartha trádála agus, ar an gcaoi sin, cur lena iomaíche atá gnólachtaí Eorpacha agus cosaint níos fearr á tabhairt do leasanna airgeadais agus leasanna eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát agus do shlándáil agus sábháilteacht thomhaltóirí an Aontais san am céanna. Leis an spriocdháta i leith gach ceann de na seacht gcóras leictreonacha dhéag a chur chun feidhme faoi 2020, áfach, cuirtear brú nach beag ar gach dream atá i gceist – ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún agus ar an lucht gnó. Leis an moill atá beartaithe ar chur chun feidhme lín beag córas, cuideofar aird a dhíriú ar a áirithiú go seachadfar na córais eile go héifeachtach faoi 2020. Ina theannta sin, is féidir an mhoill a bhainistiú leis an leasú seo ar an gcreat dlíthiúil, chun go gceadófar go leanfar d’úsáid socruithe idirthréimhseacha i ndiaidh 2020 i gcás na ngnóthaí custaim a mbeifear ag déileáil leo trí mheán na gcóras leictreonach a gcuirfear moill orthu. I roinnt cásanna, go deimhin, tá córais leictreonacha i gceist cheana sna socruithe sin atá ann cheana agus ní dhéantar le forálacha an Chóid ach foráil maidir lena nuasghrádú. Dá bhrí sin, ní bheidh sé ina thoradh ar chur siar an spriocdháta le haghaidh seachadadh roinnt córas TF go gcuirfear i mbaol baint amach na gcuspóirí atá le Cód Custaim an Aontais.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheadh aon impleachtaí buiséadacha sa ghearrthréimhse ag an bhféidearthacht maidir le húsáid a bhaint as bealaí eile i ndáil le faisnéis chustaim a mhalartú agus a stóráil i gcás roinnt de na córais leictreonacha de chuid Chód Custaim an Aontais. Leis an tionscnamh seo, trí fhoráil a dhéanamh maidir le beart sábháilteachta dlí i gcomhair an lín bhig córas leictreonach a bheidh le cur i bhfeidhm i ndiaidh 2020, ceadaítear aird iomlán a dhíriú sa dá bhliain atá romhainn ar an obair a bhaineann lena áirithiú go mbeidh formhór na gcóras curtha chun críche faoi 2020. Ar an gcaoi sin, cuidíonn sé le baint amach chuspóirí Chód Custaim an Aontais, lena náirítear an cuspóir i dtaobh chosaint acmhainní airgeadais an Aontais a áirithiú ar bhealach níos fearr.
Beidh maoiniú de dhíth faoin gcéad ghlúin eile de chláir cistiúcháin custaim an Aontais le haghaidh na tréimhse i ndiaidh 2020 lena áirithiú gur féidir leanúint ar aghaidh go dtí 2025 leis an obair ar mhaithe le córais leictreonacha Chód Custaim an Aontais a fhorbairt.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Cuirfidh an Coimisiún i gcrích, faoi 2021, meastóireacht eatramhach ar chreat dlíthiúil Chód Custaim an Aontais agus ar na córais leictreonacha a bheidh curtha chun feidhme faoin dáta sin. Seolfaidh sé seiceáil oiriúnachta níos cuimsithí tar éis 2025, nuair a bheidh na córais leictreonacha go léir i bhfeidhm, lena chinneadh an bhfuil aon bhearnaí nó earráidí sa Chód nach mór dul i ngleic leo trí thogra níos uileghabhálaí maidir le leasú.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
I gcomhréir leis an gcur chuige reachtach a úsáideadh i gcomhair na foclaíochta atá in Airteagal 278 faoi láthair, agus i gcomhair an Chóid ina iomláine, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún nach nainmneofar san Airteagal 278 leasaithe na córais leictreonacha a bhfuil moill ar a gcur chun feidhme. Ina ionad sin, déanfar tagairt sa leasú do ghrúpaí na bhforálacha reachtacha a bhfuil na córais leictreonacha i dtrácht ceaptha lena gcur i bhfeidhm, mar seo a leanas:
·Bainistíocht Ráthaíochtaí (GUM) – an córas leictreonach arna ceapadh chun Airteagail 89 go 98 den Chód a chur i bhfeidhm (ráthaíocht i dtaca le fiach poitéinsiúil custaim nó le fiach custaim atá ann cheana);
·an Córas Rialaithe Allmhairí (ICS) – an córas leictreonach arna ceapadh chun Airteagail 127 go 130 den Chód a chur i bhfeidhm (dearbhú iontrála achomair);
·an Cruthúnas ar Stádas Aontais (PoUS) – an córas leictreonach arna ceapadh chun Airteagail 153 go 155 den Chód a chur i bhfeidhm (stádas custaim earraí);
·an Imréiteach Láraithe i gcomhair Allmhairithe (CCI) – córas leictreonach atá ceaptha chun Airteagal 179 den Chód a chur i bhfeidhm;
·an Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais (NCTS) – an córas leictreonach atá ceaptha chun Airteagail 210(a), 215(2), 226 go 230 233 go 234 den Chód (idirthuras) a chur i bhfeidhm; agus
·an Uathchóras Onnmhairiúcháin (AES) móide an tuasghrádú ar an gCóras Náisiúnta Onnmhairiúcháin (lena gcumhdaítear freisin an chomhpháirt onnmhairiúcháin den Chóras Náisiúnta Nósanna Imeachta Speisialta) – na córais leictreonacha arna gceapadh chun mír (d) d’Airteagail 210, Airteagal 215(1) agus Airteagail 263, 264, 267, 269 go 272, 274 agus 275 den Chód a chur i bhfeidhm (mar is infheidhme maidir le hearraí arna dtabhairt amach as críoch chustaim an Aontais).
Tá an tUathchóras Onnmhairiúcháin (AES) ceaptha freisin chun imréiteach láraithe a chur i bhfeidhm i leith onnmhairiúcháin (Airteagal 179 den Chód) ach, a mhéid go bhfuil Imréiteach Láraithe (CCI) agus AES araon le seachadadh i ndiaidh 2020, níl aon ghá le tagairt shainráite a dhéanamh don nasc idir Airteagal 179 agus AES sa mhír nua atá beartaithe in Airteagal 278 den Chód.
Má ghlactar é, fágfaidh an téacs leasaithe go bhféadfar aistriú réidh a dhéanamh ó na córais atá ann faoi láthair, atá phaipéarbhunaithe den chuid is mó, chuig an timpeallacht leictreonach nua dá bhforáiltear sa Chód. Tá cur síos mionsonraithe ar na socruithe idirthréimhseacha maidir le gach ceann de na córais leictreonacha atá á bhforbairt, a mbeadh feidhm acu go fóill dá réir sin i gcás na gcóras ar cuireadh moill orthu, sa Rialachán Tarmligthe Idirthréimhseach maidir le Cód Custaim an Aontais. Is é an toradh dlí a bheadh ar leasú a dhéanamh ar Airteagal 278 den Chód sa bhrí a thuairiscítear thuas ná go mbeadh feidhm ag cuid de na bearta idirthréimhseacha sin ar feadh tréimhse ama ní b’fhaide. Is iad seo a leanas na bearta is tábhachtaí díobh siúd:
·ba iad na leaganacha reatha de ICS, NCTS agus an Córas Rialaithe Onnmhairiúcháin a bheadh go fóill mar an gcóras leictreonach chun déileáil leis an dearbhú iontrála achomair, leis an nós imeachta idirthurais agus leis an rialú onnmhairiúcháin;
·leanfadh na húdaráis chustaim ag formhuiniú na foirme páipéir T2L mar chruthúnas ar stádas Aontais;
·leagfaí síos le hIarscríbhinn 9 den Rialachán Tarmligthe Idirthréimhseach, seachas le hIarscríbhinn B den Rialachán Tarmligthe, na socruithe sonraí is infheidhme maidir le dearbhuithe agus fógraí sna córais TF réamhluaite a chuirfear i bhfeidhm i ndiaidh 2020;
·bheadh feidhm go fóill ag nósanna imeachta idirthurais an Aontais atá ann cheana i gcomhair aeriompair, muiriompair nó iompar d’iarnród;
·d’úsáidfí doiciméid pháipéir go fóill chun fógra a thabhairt maidir le hearraí arna tabhairt amach as an gcríoch chustaim;
·cé go mbeadh comhar ann idir na Ballstáit a raibh baint acu le húdarú ar Imréiteach Láraithe, bheidís i dteideal freisin diúltú d’údarú i gcás ina gcruthófaí ualach riaracháin díréireach dá ndeonófaí é; agus
·níor mhór an fhaisnéis ar ráthaíochtaí arna núsáid i níos mó ná Ballstát amháin chun crocha seachas idirthuras a mhalartú idir na Ballstáit ar an ríomhphost agus níor mhór í a stóráil i gcórais náisiúnta na mBallstát.
2018/0040 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (an Cód), is trí úsáid a bhaint as teicnící próiseála sonraí leictreonacha a dhéanfar gach malartú faisnéise idir údaráis chustaim, agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus a stórálfar faisnéis den sórt sin.
(2)Ceadaítear faoin gCód, áfach, leas a bhaint, le linn idirthréimhse, as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha, a mhéid nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha an Chóid a chur i bhfeidhm ag feidhmiú go fóill, ach ní bheidh sé sin amhlaidh ach go dtí an 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí.
(3)I gcomhréir leis an gCód, tá na Ballstáit chun comhoibriú leis an gCoimisiún chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid ar mhaithe le faisnéis chustaim a mhalartú agus a stóráil agus tá an Coimisiún chun clár oibre a dhréachtú a bhaineann le forbairt agus le húsáid na gcóras leictreonach sin.
(4)Bunaíodh an Clár Oibre le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/578 ón gCoimisiún. Tá liosta ann de sheacht gcinn déag de chórais leictreonacha is gá a fhorbairt chun an Cód a chur i bhfeidhm, ag na Ballstáit ina naonar (i gcás córais atá le bainistiú ar an leibhéal náisiúnta – “córais náisiúnta”) nó ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar le chéile (i gcás córais ar fud an Aontais, a gcuimsítear i gcuid acu comhpháirteanna ar fud an Aontais agus comhpháirteanna náisiúnta – “córais thras-Eorpacha”).
(5)Leagtar amach sa Chlár Oibre an sceideal pleanála maidir le cur chun feidhme na gcóras náisiúnta agus na gcóras tras-Eorpach sin.
(6)Tá an iliomad dúshlán i gceist leis na córais leictreonacha go léir atá riachtanach a bhunú faoi 2020, don Choimisiún agus do na Ballstáit araon. Ar an gcéad dul síos, i gcásanna áirithe, chun na heilimintí sonraí a chomhchuibhiú ar bhonn samhlacha sonraí atá inghlactha go hidirnáisiúnta mar a cheanglaítear faoin gCód, ní mór athríomhchlárú as an nua a dhéanamh ar na córais leictreonacha atá ann cheana, agus ar infheistíochtaí ó thaobh airgeadais agus ó thaobh ama araon ar mó iad ná mar a bhí beartaithe an tráth a glacadh an Cód. Ar an dara dul síos, toisc go bhfuil na córais leictreonacha idirnasctha go dlúth le chéile, is tábhachtach an rud é iad a thabhairt isteach san ord ceart. Má bhíonn moill ar fhorbairt córais amháin, is cinnte go mbeidh sé ina thoradh air sin go mbeidh moill ar fhorbairt córas eile. Ar an tríú dul síos, glacadh an Cód (lena náirítear an dáta deiridh le haghaidh bearta idirthréimhseacha, mar atá an 31 Nollaig 2020) in 2013 ach ní go dtí 2015 agus 2016 a glacadh na rialacha lena bhforlíontar nó lena gcuirtear chun feidhme é, eadhon Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 ón gCoimisiún. Ghlac an plé ar na rialacha sin i bhfad ní ba mhó ama ná mar a bhíothas ag súil leis agus bhí sé sin ina chúis le moill ar leagan amach na sonraíochtaí feidhmiúla agus na sonraíochtaí teicniúla is gá chun na córais leictreonacha a fhorbairt.
(7)Tá sé tagtha chun solais, cé go mbeidh formhór na gcóras in úsáid faoi 2020, gurb amhlaidh nach féidir cinn eile a chur i gcrích ach i bpáirt faoin dáta sin.
(8)Dá bhrí sin, tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le hoibreoirí eacnamaíocha, tá sé á mholadh aige go leanfaí leis an obair i ndiaidh an 31 Nollaig 2020 ar dhá ghrúpa córas. Cuimsítear sa chéad ghrúpa córais leictreonacha atá ann cheana nach mór a uasghrádú chun ceanglais áirithe de chuid an Chóid a chur san áireamh, amhail comhchuibhiú na gceanglas maidir le sonraí atá le cur isteach sna córais. Cuimsítear sa ghrúpa sin trí cinn de chórais thras-Eorpacha (an córas lena ndéileáiltear le dearbhaithe iontrála achomair, an córas lena ndéileáiltear le hidirthuras inmheánach agus idirthuras seachtrach agus an córas lena ndéileáiltear le hearraí arna dtabhairt amach as críoch chustaim an Aontais), chomh maith leis an gCóras Náisiúnta Onnmhairiúcháin (lena náirítear an chomhpháirt onnmhairiúcháin den Chóras Náisiúnta Nósanna Imeachta Speisialta). Cuimsítear sa dara grúpa trí cinn de chórais leictreonacha thras-Eorpacha nua (na córais a bhaineann le ráthaíochtaí i dtaca le fiach poitéinsiúil custaim nó le fiach custaim atá ann cheana, le stádas custaim earraí agus le himréiteach láraithe). Dhréachtaigh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, amchlár mionsonraithe d’fhonn na córais sin a chur in úsáid thar tréimhse suas go dtí deireadh 2025.
(9)I gcomhréir leis an bpleanáil nua maidir leis na córais leictreonacha a fhorbairt, ba cheart síneadh ama, go dtí 2025, a leagan síos freisin, i gcás an dá ghrúpa sin de chórais leictreonacha, maidir leis an tréimhse a leagtar síos sa Chód inar féidir úsáid a bhaint ar bhonn idirthréimhseach as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Chód.
(10)Maidir leis na córais eile atá le cur ar bun chun críocha an Cód a chur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith go fóill ag an dáta deiridh ginearálta den 31 Nollaig 2020 maidir le húsáid a bhaint as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Chód.
(11)Ba cheart, dá bhrí sin, an Cód a leasú dá réir sin.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 278:
“Airteagal 278
Bearta idirthréimhseacha
1.Féadfar leas a bhaint as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil, seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ar bhonn idirthréimhseach, go dtí an 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí, i gcás nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha an Chóid a chur i bhfeidhm, cé is moite dóibh sin dá dtagraítear i mír 2, ag feidhmiú go fóill.
2.Féadfar leas a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ar bhonn idirthréimhseach, go dtí an 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, i gcás nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha seo a leanas an Chóid a chur i bhfeidhm ag feidhmiú go fóill:
(a)na forálacha maidir le ráthaíochtaí i dtaca le fiach poitéinsiúil custaim nó le fiach custaim atá ann cheana a leagtar síos in Airteagail 89 go 98;
(b)na forálacha maidir le dearbhuithe iontrála achomair a leagtar síos in Airteagail 127 go 130;
(c)na forálacha maidir le stádas custaim earraí a leagtar síos in Airteagail 153 go 155;
(d)na forálacha maidir le himréiteach láraithe a leagtar síos in Airteagal 179;
(e)na forálacha maidir le hidirthuras a leagtar síos in Airteagal 210(a), Airteagal 215(2), Airteagail 226 go 230 agus Airteagail 233 go 234; agus
(f)na forálacha maidir le hearraí arna dtabhairt amach as críoch chustaim an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 210(d), Airteagal 215(1), Airteagail 263 go 264, Airteagal 267, Airteagail 269 go 272 agus Airteagail 274 go 275.
(2)In Airteagal 279, cuirtear na focail “sna cásanna sin dá dtagraítear in” in ionad na bhfocal “sa chás sin dá dtagraítear in”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán