Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0097

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic peiligeach beag i Muir Aidriad agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin

COM/2017/097 final - 2017/043 (COD)

An Bhruiséil,24.2.2017

COM(2017) 97 final

2017/0043(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic peiligeach beag i Muir Aidriad agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin

{SWD(2017) 63 final}
{SWD(2017) 64 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Fo-limistéar tábhachtach laistigh den Mheánmhuir is ea Muir Aidriad (Fo-limistéir gheografacha 17 agus 18 de chuid an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM)). 1 Tá sí freagrach as thart ar aon trian de luach iomlán na ngabhálacha sa réigiún 2 . Tá speicis peiligeach beag (a shnámhann pas beag faoin dromchla) ina gcuid thábhachtach d’iascach Mhuir Aidriad, agus iad freagrach as ardioncam eacnamaíoch don earnáil iascaigh san imchuach farraige sin. Is iad ainseabhaí agus sairdín na speicis peiligeach beag is luachmhaire agus is mó tóir i Muir Aidriad.

Tá ainseabhaí agus sairdín i dteannta a chéile freagrach as geall leis na gabhálacha uile i measc iascach peiligeach beag 3 . Tá ainseabhaí ar an gceann is luachmhaire den dá speiceas agus tá sé ar an gceann a bhrúnn an t-iascach chun cinn i Muir Aidriad. Is iad an Iodáil agus an Chróit a ghabhann an formhór mór díobh, agus an méid sin á dhéanamh acu sa chuid thuaidh de Mhuir Aidriad. Is iad an tSlóivéin, atá freagrach as níos lú ná 1 % de na gabhálacha iomlána, agus an Albáin agus Montainéagró, atá freagrach as sciar chomh híseal céanna de ghabhálacha, na haon Bhallstáit eile atá ag gabháil don iascach i Muir Aidriad.3

San am i láthair, tá iascaigh peiligeach beag i Muir Aidriad á rialú le roinnt creataí dlíthiúla atá i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ghlac an Chróit, an Iodáil agus an tSlóivéin pleananna náisiúnta bainistíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (an Rialachán maidir leis an Meánmhuir), 4 lena gcumhdaítear báid peas-saighneoireachta agus tráil peiligeach, arb é an trealamh atá i gceist sna hiascaigh peiligeach beag é. Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ceadaítear méid teoranta aischurtha faoi phlean trí bliana maidir le hábhar muirí aischurtha 5 . Ghlac an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) plean bainistíochta 6 agus bearta éigeandála comhleantacha 7 ar leibhéal idirnáisiúnta.

Beag beann ar na bearta bainistíochta sin, tugtar le fios sa chomhairle eolaíoch is déanaí go bhfuil ainseabhaithe agus sairdíní i Muir Aidriad á róshaothrú go fóill agus gur dóigh go laghdóidh na stoic arís eile. Tá an scéal ag éirí níos measa toisc go bhfuilimid ag bogadh níos faide ar shiúl ó leibhéil inbhuanaithe iascaireachta agus toisc go bhfuilimid i bhfad ar shiúl ó stoic a shaothrú de réir uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) faoin mbliain 2020 ar a dhéanaí, ar sprioc í a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle 8 (an ‘bun-Rialachán’). De réir na comhairle eolaíche is déanaí, is gá an líon gabhálacha a laghdú go suntasach don dá speiceas má táthar chun leibhéil inbhuanaithe iascaireachta a bhaint amach 9 .

Tá an creat reatha bainistíochta bunaithe go príomha ar theorainn a chur leis an iarracht iascaireachta agus leis an acmhainn iascaireachta, mar aon le roinnt beart breise amhail dúnadh spásúil/ama agus méideanna íosta gabhála. Mar sin féin, tá éagsúlacht gheografach ann maidir leis na bearta iarbhír a dhéantar (idir na trí Bhallstát lena mbaineann agus in uiscí idirnáisiúnta). Tá athrú déanta ar na bearta sin roinnt uaireanta le blianta beaga anuas freisin. Mar shampla, is difriúil idir na trí Bhallstát Aidriadacha den Aontas Eorpach atá na tréimhsí dúnta atá i bhfeidhm (ar tréimhsí iad nach gceadaítear iascaireacht lena linn). Tá athrú déanta ar na tréimhsí sin ar bhonn bliantúil sna cúig bliana seo a chuaigh thart freisin. Is casta an rud é an creat bainistíochta sin agus bíonn sé ag athrú i gcónaí. Dá bharr sin, tá sé níos deacra fós don tionscal iascaireachta coinneáil ar an eolas faoi na rialacha atá i bhfeidhm agus na rialacha sin a chur chun feidhme. Is laige fós an obair ina leith sin i gcásanna ina bhfuil stoc ar leith á bhainistiú faoi rialacha difriúla i gcodanna difriúla de limistéar an stoic sin. Má dhúntar limistéar amháin d’iascaireacht faoi rialacha náisiúnta aon Bhallstáit amháin, mar shampla, tá seans ann go n-aistreofar an iarracht iascaireachta agus an stoc chuig cuid eile de Mhuir Aidriad ina gceadaítear iascaireacht ag an am sin.

Sna meastóireachtaí a rinneadh ar an gcreat reatha bainistíochta, thángthas ar an gconclúid nach bhfuil sé sách éifeachtach ná dóthanach chun a chinntiú go n-iascfar stoic go hinbhuanaithe faoin mbliain 2020. Mhol Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) an Aontais Eorpaigh 10 go ndéanfadh bainisteoirí breithniú ar shrianta gabhála (nó srianta gabhálacha) a úsáid mar uirlis bhainistíochta níos éifeachtaí do pheiligigh bheaga 11 12 . I gcás stoc peiligeach beag a bhíonn le fáil ina ndlúth-chomhchruinnithe, meastar go mbaineann riosca níos mó le iad a bhainistiú ar bhonn na hiarrachta. Fiú amháin má laghdaítear an iarracht faoi 20 %, mar shampla, ní gá go gcruthóidh sé sin laghdú 20 % sa líon gabhálacha ná i mbásmhaireacht iascaireachta. Má tharlaíonn soitheach ar chomhchruinniú peiligeach beag, mar shampla, is amhlaidh go mbeidh sé in ann cainníocht mhór díobh a thógáil i méid gearr ama. Má laghdaítear an líon gabhálacha, áfach, is amhlaidh go mbeidh laghdú coibhéiseach ann i mbásmhaireacht iascaireachta ag an am céanna.

Leis an togra seo, téitear i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann le róshaothrú stoc peiligeach beag de bharr iascach neamh-inbhuanaithe agus rialachas neamhéifeachtach. Is é an príomhchuspóir atá leis an bplean ilbhliantúil staid fholláin a athbhunú sna stoic agus san earnáil iascaigh trína chinntiú go ndéanfar rud inbhuanaithe den iascach. Cinnteoidh sé sin go mbeidh an earnáil iascaireachta in ann brath ar an acmhainn sin san fhadtéarma. Leis an bplean ilbhliantúil, éascófar tabhairt isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír trí bhonn le maoluithe a sholáthar i gcásanna teoranta áirithe. Cumasófar le plean ilbhliantúil freisin leas a bhaint as réigiúnú, áit a mbeidh ról i rialacha bainistíochta a cheapadh agus a dhearadh do na páirtithe leasmhara ag na Ballstáit atá suite thart ar imchuacha farraige. Is é an aidhm atá leis sin glacadh agus forfheidhmiú na rialacha bainistíochta a mhéadú i measc oibreoirí iascaireachta agus, ar deireadh, cur lena éifeachtaí atá na rialacha sin.Éascóidh sé sin an próiseas cinnteoireachta freisin tríd an bpróiseas a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos freagrúla do chúinsí atá ag athrú agus trí ról méadaithe a thabhairt do pháirtithe leasmhara sa phróiseas i gcásanna ina bhfuil saincheisteanna an-teicniúil i gceist.

D’áireofaí sa phlean ilbhliantúil spriocbhásmhaireacht iascaireachta a léireofaí ina raonta, i gcás ina mbeidís ar fáil, do gach ceann de na stoic. Bheadh na raonta sin ar an mbonn le teorainneacha bliantúla gabhála a leagan síos do na stoic sin. Ina theannta sin, chuimseofaí sa phlean ilbhliantúil bearta coimirce lena soláthrófaí creat chun stoic a athbhunú i gcásanna ina dtiteann siad faoi bhun teorainneacha bitheolaíocha sábháilte.

Beidh feidhm ag an bplean ilbhliantúil maidir le gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh, beag beann ar a rannpháirtíocht fhoriomlán in iascaireacht i Muir Aidriad (in uiscí an Aontais Eorpaigh agus in uiscí idirnáisiúnta). Tá sé sin i gcomhréir le rialacha an chomhbheartais iascaigh agus tá sé ag teacht leis an éifeacht atá ag na soithí ar na stoic éisc lena mbaineann.

Is ábhartha maidir leis an bplean ilbhliantúil atá na forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 (‘an bun-Rialachán’):

Leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 den bhun-Rialachán forálacha maidir le cuspóirí agus ábhar na bpleananna ilbhliantúla. I gcomhréir le hAirteagal 10 den bhun-Rialachán, ba cheart spriocanna inchainníochtaithe a bheith sna pleananna ilbhliantúla. Ba cheart forálacha coimirce atá nasctha le pointe tagartha caomhnaithe ar truicearphointe é a bheith ag gabháil leis na spriocanna sin.

De bhun Airteagal 15 den bhun-Rialachán, tá feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le hiascaigh peiligeach beag (i.e. iascaigh maidir le ronnach, scadán, bolmán, faoitín gorm, torciasc, ainseabhaí, airgintín, sairdín, salán) áit ar bith in uiscí an Aontais Eorpaigh ón 1 Eanáir 2015 i leith. I gcomhréir le hAirteagal 15(5) den bhun-Rialachán, ní mór sonraí faoi chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagan síos i bpleananna ilbhliantúla, lena n-áirítear na sonraí seo a leanas:

(a)forálacha sonracha maidir le hiascaigh nó speicis a chumhdaítear leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

(b)sonraíocht na ndíolúintí ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

(c)forálacha do dhíolúintí de minimis is comhionann le suas le 5 % de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, agus é mar aidhm leo seachaint a dhéanamh ar chostais dhíréireacha a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil.

I gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu moltaí comhpháirteacha a chur isteach go nglacfaí bearta áirithe i gcás inar tugadh cumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe a ghlacadh chun na cuspóirí a leagtar amach sa phlean ilbhliantúil a bhaint amach.

Is é atá sa phlean ilbhliantúil freisin forálacha rialaithe sonracha arb é is aidhm dóibh oiriúnú do chomhthéacs sonrach na n-iascach peiligeach beag i Muir Aidriad, na bearta rialaithe ginearálta a bhunaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, 13 lena bhforáiltear don chreat reachtach um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú. Is iad seo a leanas na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009:

De réir Airteagal 9, ní mór gaireas lánfheidhmiúil a bheith suiteáilte ar shoitheach iascaireachta arb é dhá mhéadar déag nó níos mó a fhad foriomlán, ar gaireas é lena gcumasaítear an soitheach a aimsiú agus a shainaithint go huathoibríoch tríd an gcóras um fhaireachán soithí trí shonraí faoi shuíomh an tsoithigh a tharchur ag eatraimh rialta. Chomh maith leis sin, ní mór go gcumasaítear leis an ngaireas sin don ionad um fhaireachán iascach sa Bhallstát brataí faireachán a dhéanamh ar an soitheach iascaireachta.

De réir Airteagal 15, ní mór do mháistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh arb é dhá mhéadar déag nó níos mó a bhfad foriomlán logleabhar leictreonach a úsáid agus an logleabhar sin a sheoladh trí mheán leictreonach chuig údarás inniúil an Bhallstáit brataí uair amháin ar a laghad sa lá.

De réir Airteagal 17, ní mór do mháistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh arb é dhá mhéadar déag nó níos mó a bhfad foriomlán agus atá ag gabháil d’iascaigh stoc a chumhdaítear le plean ilbhliantúil, agus a bhfuil oibleagáid orthu sonraí logleabhair iascaireachta a thaifeadadh go leictreonach, sraith faisnéise faoin soitheach agus faoi ghabhálacha a thabhairt d’údaráis inniúla a mBallstáit brataí ceithre huaire ar a laghad roimh an am a meastar go mbainfidh siad an calafort amach.

D’fhéadfadh gur chuí na forálacha sin a oiriúnú do chineál sonrach iascaigh ar leith trí phlean ilbhliantúil.

I gcomhréir le hAirteagal 43, féadfar na tairseacha nach mór gabhálacha stoc a thabhairt i dtír i gcalafoirt ainmnithe os a gcionn a leagan síos i bpleananna ilbhliantúla.

Cuirtear forbhreathnú ar na forálacha sonracha den phlean ilbhliantúil i láthair i gCuid 5.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos an creat ginearálta don chomhbheartas iascaigh agus sainaithnítear na cásanna sin nach mór don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa pleananna ilbhliantúla a ghlacadh iontu.

Leis an togra seo maidir le plean ilbhliantúil do stoic peiligeach beag i Muir Aidriad, glactar an cur chuige sin i leith cuspóirí, spriocanna agus coimircí an phlean ilbhliantúil a chinneadh agus i leith chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a glacadh le Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016, ar glacadh le déanaí é agus lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle 14 .

I Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint 15 , leagtar amach bearta teicniúla caomhnaithe, i.e. rialacha maidir le comhdhéanamh gabhála, mogallmhéid íosta, méideanna íosta gabhála, limistéir dhúnta agus séasúir dhúnta d’iascaigh áirithe. Tá an Rialachán sin á athbhreithniú faoi láthair agus cuirfear Rialachán eile ina ionad má ghlactar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla 16 . Leis an togra seo, chumasófaí do na Ballstáit bearta teicniúla a leasú trí phróiseas an réigiúnaithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo agus a chuspóirí comhsheasmhach le beartais an Aontais Eorpaigh, go háirithe beartais chomhshaoil amhail an Chreat-Treoir um Straitéis Mhuirí 17 agus na cuspóirí a leagtar síos inti chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach d’uiscí muirí an Aontais Eorpaigh faoin mbliain 2020.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí don togra seo.

Prionsabal na coimhdeachta

Baineann forálacha an togra seo le hacmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú, ar bearta iad a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Leis an togra seo, urramaítear prionsabal na coimhdeachta agus comhlíontar ceanglais an phrionsabail sin. Gluaiseann stoic ainseabhaithe agus sairdíní agus na soithí iascaireachta lena mbaineann go saor thar theorainneacha idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, ní dóigh go n-éireoidh le gníomhaíocht ar leibhéal an Bhallstáit aonair na cuspóirí lena mbaineann a bhaint amach. Má tá na bearta chun bheith éifeachtach, ba cheart iad a dhéanamh ar bhealach comhordaithe agus ba cheart feidhm a bheith acu maidir le limistéar iomlán dháileadh an stoic agus maidir leis na cabhlaigh uile lena mbaineann.

Prionsabal na comhréireachta

Cloíonn na bearta atá beartaithe le prionsabal na comhréireachta toisc go bhfuil siad cuí agus riachtanach agus toisc nach ann d'aon bhearta eile nach bhfuil chomh sriantach céanna lena bhféadfaí na cuspóirí inmhianaithe beartais a bhaint amach. Tá comhaontú forleathan ann i measc na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo nach leor an creat reachtach reatha, a chuimsíonn reachtaíocht náisiúnta, plean maidir le hábhar muirí aischurtha ón Aontas Eorpach agus bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir, chun cuspóirí inbhuanaitheachta an chomhbheartais iascaigh a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Is é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim atá beartaithe.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Le linn an togra seo agus an measúnú tionchair a ghabhann leis a ullmhú; chuathas i mbun comhairliúcháin ar roinnt leibhéal difriúil, lenar áiríodh leo seo a leanas: páirtithe leasmhara, eolaithe, saoránaigh aonair, údaráis riaracháin phoiblí agus rannóga ábhartha de chuid an Choimisiúin.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar bhealach spriocdhírithe, go háirithe trí dhul i gcomhairle leis an gComhairle Chomhairleach don Mheánmhuir (CCM) 18 , arb í an phríomheagraíocht a dhéanann ionadaíocht do pháirtithe leasmhara iascaigh sa Mheánmhuir í. Déanann CCM ionadaíocht do na páirtithe uile a dtéann an togra seo i bhfeidhm orthu. Áirítear leo sin an earnáil iascaigh, lena n-áirítear iascaigh ar bheagscála, an earnáil próiseála, ceardchumainn agus grúpaí leasmhara eile amhail eagraíochtaí comhshaoil, grúpaí tomhaltóirí agus cumainn iascaigh spóirt/áineasa a oibríonn i limistéar na Meánmhara faoin gcomhbheartas iascaigh.

Tá meitheal ar bun ag CCM ón mbliain 2014 i leith a bhfuil dualgas sonrach uirthi plean ilbhliantúil a fhorbairt do pheiligigh bheaga i Muir Aidriad. Thionóil an mheitheal sé chruinniú agus bhí siad seo a leanas páirteach iontu: ionadaithe ó Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta (DG MARE) sa Choimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, an lucht taighde eolaíoch, ionadaithe tionscail agus údaráis iascaigh na mBallstát 19 . I mí an Mhárta 2016, ghlac CCM comhairle maidir leis an bplean ilbhliantúil do pheiligigh bheaga in Aidriadach Thuaidh 20 . Is ar áireamh sa togra seo atá roinnt de na bearta ar mhol CCM iad, is iad sin: úsáid logleabhar leictreonach agus córas leictreonach a mhéadú chun faireachán a dhéanamh ar shuíomh soithigh agus bearta a áireamh atá riachtanach chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme.

D’eagraigh an Coimisiún seimineár eolaíoch agus teicniúil ar iascaigh peiligeach beag i Muir Aidriad an 18 Meán Fómhair 2015 freisin, áit ar tugadh eolaithe, CCM agus údaráis riaracháin iascaigh na mBallstát le chéile. Bhí comhaontú ginearálta ann go bhfuil ainseabhaí agus sairdín á róshaothrú agus go bhfuil sé in am gníomh a dhéanamh ina leith sin.

Ag teacht sna sála ar an seimineár, eagraíodh ceardlann ar chur chun feidhme na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI) sna cás-staidéir dhifriúla, lenar áiríodh na stoic peiligeach beag i Muir Aidriad, idir an 21 agus an 25 Meán Fómhair 2015. Eagraíodh an cheardlann sin mar chuid de thionscadal arna chistiú ag an gCoimisiún ar chásanna bainistíochta le haghaidh pleananna ilbhliantúla bainistíochta a ullmhú don Mheánmhuir agus don Mhuir Dhubh. Le linn an chruinnithe, bhí deis ag na gníomhaithe difriúla (an Coimisiún, CCM, saineolaithe neamhspleácha, na comhairleoirí a bhí ag seoladh an tionscadail) plé a dhéanamh, agus teacht ar chomhaontú, ar na féidearthachtaí difriúla bainistíochta, ar na critéir dhifriúla agus ar na cásanna pleanáilte difriúla atá ann chun uastáirgeacht inbhuanaithe (FUTI) a bhaint amach i gcomhthéacs an togra.

Chomh maith leis sin, reáchtáladh comhairliúchán le páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le hiascaigh i réigiún na Meánmhara (lenar áiríodh na húdaráis in ocht mBallstát, institiúidí taighde ó ocht mBallstát, cúig eagraíocht neamhrialtasacha, ionadaithe tionscail ó ocht mBallstát, CCM agus CETEI). Reáchtáladh an cruinniú sin i gcomhthéacs an staidéir Meastóireachta Siarghabhálaí ar an Rialachán maidir leis an Meánmhuir, 21 ar staidéar é ina bhfuil cás-staidéar a bhaineann go sonrach le peiligigh bheaga i Muir Aidriad. Tugadh ionchur ábhartha le linn an chomhairliúcháin sin maidir le sainiú na faidhbe agus maidir le héifeachtacht an chreata reatha. Chomhaontaigh formhór mór na bpáirtithe leasmhara go raibh stoic éisc sa Mheánmhuir á róshaothrú go mór agus luaigh tromlach na bhfreagraithe ar fud na gcatagóirí uile de pháirtithe leasmhara nach raibh aon fheabhas ar stádas na stoc le brath go dtí seo. Bhain saincheist ríthábhachtach eile a sainaithníodh le hábhair imní faoi inbhuanaitheacht shocheacnamaíoch amach anseo na n-iascach i réigiún na Meánmhara.

Ina theannta sin, reáchtáladh comhairliúchán poiblí forleathan a bhí bunaithe ar an Idirlíon ar iascaigh peiligeach beag in Aidriadach Thuaidh idir an 22 Bealtaine 2015 agus an 11 Meán Fómhair 2015 22 . Fuarthas 15 aighneacht mhionsonraithe san iomlán ó na Ballstáit, ó CCM, ó ionadaithe tionscail, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó shaoránaigh phríobháideacha. Ba iad seo a leanas na príomhchonclúidí ar thángthas orthu:

Chomhaontaigh formhór na rannpháirtithe go bhfuil plean ilbhliantúil AE ag teastáil toisc nach dtugtar aird sa chreat dlíthiúil reatha ar shainiúlachtaí iascaigh an réigiúin agus toisc nach gcuirtear an comhbheartas iascaigh chun feidhme ina iomláine leis, go háirithe prionsabal an réigiúnaithe.

Meastar gur róchasta atá an creat reatha.

Ba cheart an idirghabháil ón Aontas Eorpach a bheith teoranta do na cuspóirí a chinneadh agus a dhíriú.

Ba cheart aird a thabhairt ar an idirghníomhaíocht idir iascaigh agus tosca comhshaoil.

Níor cheart na bearta a bheith dírithe ach amháin ar spriocspeicis.

Ba cheart bearta teicniúla agus bearta eile ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a ghlacadh trí réigiúnú agus níor cheart iad a bheith ina mbearta seasta sa phlean ilbhliantúil.

Ba cheart bearta teicniúla a bheith dírithe ar dhúnadh spásúil/ama agus ní ar mhéadú i roghnaíocht bunaithe ar mhogallmhéid.

Ba cheart cur chuige oiriúnaitheach a ghlacadh sa phlean ilbhliantúil agus ba cheart an plean a bheith comhréireach le sciar na ngabhálacha ag na cabhlaigh dhifriúla lena mbaineann.

Bailiú agus úsáid saineolais

Mar aon leis an obair comhairliúcháin phoiblí a thuairiscítear thuas, agus leis an staidéar meastóireachta siarghabhálaí a thuairiscítear sa chéad chuid eile, baineadh leas as roinnt staidéar tábhachtach eile chun an togra seo a dhréachtú.

Sa bhliain 2014, choimisiúnaigh an Coimisiún staidéar dar teideal ‘Improved knowledge of the main socio-economic aspects related to the most important fisheries in the Adriatic Sea’. Is é aidhm an staidéir na príomhiascaigh i Muir Aidriad a shainaithint, cur síos a dhéanamh ar na measúnuithe stoic agus ar an gcomhairle eolaíoch do na stoic lena mbaineann, agus faisnéis shocheacnamaíoch a sholáthar a bhaineann leis na hiascaigh dhifriúla atá ar bun ag na tíortha cósta i Muir Aidriad. Tugadh an staidéar chun críche sa bhliain 2015 23 .

Sheol DG MARE staidéar eile sa bhliain 2014. Bhí sé mar aidhm leis measúnú a dhéanamh ar chásanna sonracha bainistíochta do phleananna ilbhliantúla i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh 24 . Breithníodh ceithre chás-staidéar sa staidéar sin, ar bhain ceann amháin díobh leis na hiascaigh peiligeach beag i Muir Aidriad. Baineadh leas as samhaltú bitheacnamaíoch sa staidéar ansin chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch a bheadh ag cásanna difriúla ar na deighleoga difriúla cabhlaigh.

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

Cé gur cuireadh cuid mhór de na bearta faoin Rialachán sin chun feidhme, fuarthas amach i staidéar ar an meastóireacht shiarghabhálach ar an Rialachán maidir leis an Meánmhuir21 gur cosúil go bhfuil ag teip ar an Rialachán maidir leis an Meánmhuir formhór a cuspóirí a chomhlíonadh i réigiún Aidriadach Thuaidh nó gur neamhchinnte atá na torthaí ar éifeachtacht an Rialacháin mar gheall ar an easpa fianaise tacaíochta atá ar fáil. Mar shampla, bhí gach ceann de na húdaráis náisiúnta a ndeachthas i gcomhairle leo i gcomhthéacs an staidéir den tuairim nach raibh aon tionchar ar bith ag an Rialachán maidir leis an Meánmhuir, nó nach raibh ach tionchar beag aige, ar an iarracht iascaireachta a laghdú i réigiún Aidriadach Thuaidh agus go raibh tionchar teoranta ag an Rialachán ar an líon soithí agus ar fhostaíocht san Iodáil agus sa Chróit.

Rinne CETEI 25  anailís ar na pleananna náisiúnta bainistíochta arna nglacadh ag na Ballstáit faoin Rialachán maidir leis an Meánmhuir, bunaithe ar staidéar tiomnaithe 26 . Tháinig CETEI ar an gconclúid nach leor na laghduithe i ngabhálacha faoi na pleananna náisiúnta reatha bainistíochta chun leibhéil inbhuanaithe iascaireachta a bhaint amach faoin mbliain 2020. Mura ndéantar athruithe ar na pleananna náisiúnta bainistíochta, mar sin, measann CETEI gur beag seans go mbainfear cuspóirí an chomhbheartais iascaigh amach.

Maidir leis na bearta idirnáisiúnta a cuireadh chun feidhme faoin gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM), rinne CGIM measúnú bitheacnamaíoch ar bhearta bainistíochta le haghaidh iascaigh ainseabhaí agus sairdín i Muir Aidriad sa bhliain 2015 27 . Léirítear in ionsamhlúcháin gur ró-ard atá na básmhaireachtaí reatha iascaireachta 28 , lena náirítear na leibhéil faoi na bearta éigeandála ar ghlac CGIM iad. Má leanann an treocht sin ar aghaidh, bheadh stoic ainseabhaithe agus sairdíní lasmuigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte, nó d’fhéadfaidís titim as a chéile go hiomlán fiú, idir na blianta 2020 agus 2030.

Measúnú tionchair

Ba i gcomhthéacs an chomhbheartais iascaigh nua agus athdhréachtú na rialachán maidir le bearta teicniúla a rinneadh an measúnú tionchair ar phlean ilbhliantúil do pheiligigh bheaga i Muir Aidriad. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil na measúnuithe tionchair seo a leanas ábhartha maidir leis an togra seo:

Athchóiriú an chomhbheartais iascaigh 29 .

An tionchar atá ag tabhairt isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír 30 , 31 .

Na gnéithe socheacnamaíocha den chomhbheartas iascaigh 32 .

Rialachán nua a fhorbairt maidir le bearta teicniúla 33 .

Ina theannta sin, rinneadh measúnú tionchair ar an togra dlí seo chun plean ilbhliantúil a bhunú do stoic peiligeach beag agus dá n-iascaigh i Muir Aidriad.

Ba iad seo a leanas na roghanna beartais a breithníodh sa mheasúnú tionchair sin:

Rogha 0: Úsáid a bhaint as ionstraimí neamhreachtacha nó as ‘reachtaíocht bhog’ (ar rogha í a cuireadh i gcártaí go luath sa phróiseas);

Rogha 1: An status quo a choinneáil (is é sin, an cás bonnlíne ar cuireadh na roghanna eile i gcomparáid leis);

Rogha 2: Rialachán AE a cheapadh chun iascaigh peiligeach beag a bhainistiú d’fhonn go mbeidh stoic á n-iascach go hinbhuanaithe faoin mbliain 2018 nó faoin mbliain 2020 (dhá fho-rogha). Faoi Rogha 2, beartaítear sásra nua bainistíochta a thabhairt isteach trí theorainneacha gabhála a leagan síos. Is ar aschur an iascaigh a bheidh a sásra sin dírithe. Triaileadh an cur chuige sin go rathúil in uiscí eile an Aontais Eorpaigh agus cuireadh feabhas ar stádas na stoc dá bharr;

Rogha 3: Iarracht a dhéanamh ar an gcreat reatha bainistíochta (reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta) a leasú, rud a d’fhéadfadh an cás is fearr nó an cás is measa a chruthú, ag brath ar cé acu a éireoidh nó nach n-éireoidh leis an iarracht sin.

Ba í Rogha 2 an rogha thosaíochta – is é sin, Rialachán AE a thabhairt isteach chun iascaigh peiligeach beag a bhainistiú – agus measadh go raibh sí ar aon rogha amháin lena mbainfí na cuspóirí uile amach. Tríd is tríd, meastar go gcuirfear feabhas ar stádas caomhnaithe ainseabhaí agus sairdín le Rogha 2. Ar deireadh, chruthódh sé sin earnáil iascaireachta níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe a bheadh ag brath ar an acmhainn sin, áit a mbeadh tuarastal níos fearr ann d’iascairí aonair agus a mbeadh brabúsacht níos fearr ann i gcomparáid leis an scéal mar atá.

Má táthar chun iascaigh níos inbhuanaithe a bhaint amach, is dóigh go mbeidh gá ann le méid na hearnála iascaireachta a laghdú, lena n-áirítear an leibhéal fostaíochta agus ioncam foriomlán na hearnála. De réir mar a laghdaíonn gabhálacha, is dóigh go méadóidh praghsanna an chéad díola, rud lena bhféadfaí ioncam laghdaithe na hearnála iascaireachta, arbh é laghdú i ngabhálacha ba chúis leis, a chúiteamh go pointe éigin. D’fhéadfadh gur ghá don earnáil próiseála (go háirithe sa Chróit agus san Iodáil) a hallmhairí a mhéadú ó thíortha eile. Tá ionstraimí agus bearta sonracha airgeadais ar fáil chun cabhrú leis na hearnálacha lena mbaineann le linn an aistrithe sin.

I gcás Rogha 2, dar le formhór mór na bpáirtithe leasmhara gur fearr an bhliain 2020 ná an bhliain 2018 mar spriocdháta nach mór iascaireacht inbhuanaithe a bhaint amach faoi. Tá an bhliain sin níos réadúla freisin mar gheall ar an am ar dóigh go dtiocfaidh plean ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm.

Níor mheas ceann ar bith de na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo gur rogha indéanta í an reachtaíocht bhog (Rogha 0). Le linn an chomhairliúcháin phoiblí, níor chuir ach aon pháirtí leasmhar amháin in iúl gur leor an creat reatha (Rogha 1). Bhí na freagraithe uile, seachas freagraí amháin, den tuairim nár leor an creat reatha a leasú (Rogha 3). Bhí CCM (a chuimsíonn ionadaithe don earnáil tionsclaíochta agus don tsochaí shibhialta), eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis phoiblí, institiúidí eolaíocha, an Chróit, an Iodáil agus an tSlóivéin i bhfách le plean ilbhliantúil a fhorbairt (Rogha 2). Tá siad go mór i bhfabhar na fo-rogha ‘2020’.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní tionscnamh laistigh den Chlár um Oiriúnacht Rialála is ea an togra seo. Ina ainneoin sin, chabhrófaí leis an togra seo leis an reachtaíocht Aontais Eorpaigh is infheidhme a shimpliú. Bheadh an plean ilbhliantúil ina ionstraim aonair ina mbeadh gach ceann de na forálacha a bhaineann leis na hiascaigh a bhainistiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. I gcomparáid leis sin, is é atá sa chóras reatha forálacha i dtrí phlean náisiúnta reatha bainistíochta a nglactar iad le trí rialachán náisiúnta aonair i dteannta plean maidir le hábhar muirí aischurtha ón Aontas Eorpach.

Is casta an rud é an creat reatha bainistíochta agus bíonn sé ag athrú i gcónaí. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí an staid reatha a fheabhsú go suntasach dá gcuirfí simpliú mar aon le cobhsaíocht agus trédhearcacht mhéadaithe leis.

Chomh maith leis sin, d’fhorálfaí leis an bplean ilbhliantúil do sholáthar a dhéanamh ar chóras bainistíochta a bheadh níos simplí agus níos trédhearcaí ná an córas atá ann faoi láthair sa mhéid go ndéanfaí comhairle eolaíoch a aistriú ina bearta bainistíochta leis. Sholáthródh eolaithe comhairle eolaíoch ar bhonn bliantúil, lena n-áirítear na teorainneacha gabhála a chinneadh do gach stoc ar mhaithe le leibhéil inbhuanaithe iascaireachta a áirithiú. Le córas rialaithe aschuir, déantar an laghdú riachtanach i mbásmhaireacht iascaireachta a aistriú go díreach ina laghduithe i ngabhálacha, rud nach dtarlaíonn i gcás córas rialaithe ionchuir (e.g. bunaithe ar bhainistíocht iarrachta nó acmhainne). Chomh maith leis sin, mhéadófaí leis an bplean ilbhliantúil a chobhsaí agus a intuartha atá an fháil ar acmhainní don earnáil iascach peiligeach beag.

Tá an comhbheartas iascaigh ina bheartas atá dírithe go sonrach ar fhreastal ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), atá an-choitianta ar fud na hearnála iascaireachta. I gcás na n-iascach peiligeach beag i Muir Aidriad, is micrifhiontair nó fiontair bheaga agus mheánmhéide atá i ngach gnólacht iascaireachta, beagnach, agus i bhformhór mór na gcuideachtaí san earnáil próiseála. Dá bhrí sin, níl aon bhonn ann le iad a choinneáil amach as raon feidhme an togra seo ar bhonn a méide. Dá ndéanfaí amhlaidh, b’eisiata a bheadh formhór mór na hearnála, rud a d’fhágfadh an togra seo gan fiúntas. Mar sin, bheadh feidhm ag plean ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le gach gnólacht, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide agus micrifhiontair. Dá bhrí sin, is dóigh go rachaidh gach ceann de na cineálacha tionchair a thuairiscítear thuas i bhfeidhm ar gach fiontar. Beidh éagsúlacht ann i méid an tionchair, áfach, ag brath ar an dóigh a gcinnfidh na Ballstáit na laghduithe riachtanacha in iascaireacht a leithdháileadh ar dheighleoga difriúla cabhlaigh.

Cearta bunúsacha

Tá an togra seo ag teacht go hiomlán leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 34 , go háirithe Airteagal 37 den Chairt, lena bhforáiltear nach mór ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a lánpháirtiú i mbeartais an Aontais Eorpaigh agus an méid sin a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Is mar chuid den ghnáthobair a bhaineann le cur chun feidhme an chomhbheartais iascaigh a dhéantar faireachán ar roinnt de na héifeachtaí atá ag bearta bainistíochta. Is faoi reachtaíocht AE maidir le bailiú sonraí 35 a bhailíonn na Ballstáit na sonraí a theastaíonn chun faireachán a dhéanamh ar thionchar socheacnamaíoch agus comhshaoil an phlean ilbhliantúil cheana féin. Ina theannta sin, déanann CETEI measúnú rialta ar staid an ainseabhaí agus an tsairdín agus ar fheidhmíocht shocheacnamaíoch na hearnála iascaigh agus na hearnála próiseála araon. Is trí Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe 36 a dhéanfar faireachán débhliantúil ar thionchar an phlean ilbhliantúil ar mhargaí. Is é an tAontas Eorpach a reáchtálann an Fhaireachlann. Dá bhrí sin, tá sonraí bonnlíne ar fáil agus tá próiseas i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar na cuspóirí oibríochtúla atá luaite thuas agus ar thionchar socheacnamaíoch an phlean ilbhliantúil.

Foráiltear leis an bplean ilbhliantúil go ndéanfar meastóireacht thréimhsiúil ar an tionchar atá aige ar na stoic lena mbaineann. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe ar chomhairle eolaíoch. Tá sé ríthábhachtach go sainaithnítear tréimhse chuí le haghaidh na meastóireachta: tréimhse lenar féidir bearta réigiúnaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus an tionchar atá acu ar na stoic agus ar an iascach a thaispeáint. Ba cheart an mhoill atá ann idir bailiú na sonraí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha agus modh oibre na gcomhlachtaí eolaíocha a dhéanann measúnú ar na sonraí sin a chur san áireamh nuair atá uainiú na meastóireachta á chinneadh. Mhol CETEI gur cheart úsáid a bhaint as sonraí faoi thionchar is fiú sonraí trí bliana chun na pleananna ilbhliantúla a mheasúnú. Luaigh CETEI freisin go dtógann sé cúig bliana ó chur chun feidhme an phlean chun sonraí is fiú sonraí trí bliana a bhailiú 37 . Dá bhrí sin, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an bplean ilbhliantúil gach cúig bliana.

Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndéantar leis an meastóireacht thréimhsiúil ar thionchar an phlean ilbhliantúil aon chosc a chur ar reachtóirí an plean a leasú i gcás ina dtagann forbairtí eolaíocha, polaitiúla nó socheacnamaíocha nua chun cinn.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gcomhréir le huaillmhian fhoriomlán an chomhbheartais iascaigh maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú, agus ag féachaint d’Airteagal 9 agus d’Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena leagtar síos prionsabail, cuspóirí agus ábhar na bpleananna ilbhliantúla, is mar seo a leanas atá príomheilimintí an phlean:

Le raon feidhme an phlean ilbhliantúil, dírítear ar stoic peiligeach beag. Dírítear go sonrach ar ainseabhaí, sairdín, ronnach agus bolmán agus ar na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin i Muir Aidriad.

Is iad cuspóirí an phlean ilbhliantúil rannchuidiú le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh, go háirithe an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach agus a choinneáil i gcás na stoc lena mbaineann, earnáil iascaigh inbhuanaithe a bhaint amach agus creat bainistíochta éifeachtach a sholáthar. Déantar rannchuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú leis an bplean ilbhliantúil freisin.

Léirítear na spriocanna beartaithe mar raonta básmhaireachta iascaireachta i gcomhréir le FUTI, mar a mholann CETEI. Is é an bhliain 2020 ar a dhéanaí an spriocdháta a ghabhann leis na spriocanna a bhaint amach. Le raonta FUTI, éascaítear bainistíocht atá bunaithe ar an uastáirgeacht inbhuanaithe le haghaidh na stoc lena mbaineann agus soláthraítear ardleibhéal intuarthachta don earnáil. Cuireadh spriocanna le haghaidh ainseabhaí agus sairdín ar áireamh sa phlean agus ba é CETEI a mhol na raonta ina leith9. Leis na raonta sin, is féidir na stoic sin a bhainistiú bunaithe ar UTI. Is cosúil go néascaítear oiriúnú leo freisin i gcás athruithe sa chomhairle eolaíoch, agus ardleibhéal intuarthachta á chaomhnú ag an am céanna. I gcás ina bhfuil sonraí ar fáil le haghaidh stoic éisc, léirítear na pointí tagartha sin mar bhithmhais stoic sceite.

Is é CETEI a chinneann na pointí tagartha caomhnaithe atá sa phlean ilbhliantúil, ar pointí iad a léirítear i dtonnaí de bhithmhais stoic sceite nó i bhflúirse an lín.

coimircí agus bearta sonracha caomhnaithe nasctha leis na pointí tagartha caomhnaithe. I gcás ina luaitear i gcomhairle eolaíoch gur faoi bhun an phointe sin atá ceann ar bith de na stoic lena mbaineann, ba cheart na gabhálacha incheadaithe le haghaidh an stoic sin a laghdú. Nuair is gá, féadfar bearta amhail bearta teicniúla, bearta éigeandála an Choimisiúin nó bearta éigeandála na mBallstát a úsáid chun an beart sin a chomhlánú. Féadfar roinnt de na bearta sin a ghlacadh trí réigiúnú.

Forálacha atá nasctha leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a ghlacfar faoi réigiúnú, tá gá leo chun fadú (agus/nó leasú) a dhéanamh ar dhíolúintí ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás speiceas a léirítear i gcomhairle eolaíoch go bhfuil ardrátaí marthanais acu agus chun fadú (agus/nó leasú) a dhéanamh ar dhíolúintí de minimis, ar aon dul le forbairt na comhairle eolaíche. Tá tréimhse feidhme trí bliana ag na díolúintí sin faoi láthair, ar díolúintí iad a glacadh faoin bPlean maidir le hÁbhar Muirí Aischurtha don Mheánmhuir5.

Leis an bplean ilbhliantúil, bunaítear comhar réigiúnach i measc na mBallstát maidir le forálacha a ghlacadh le haghaidh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus le haghaidh bearta sonracha caomhnaithe, bearta teicniúla san áireamh, do stoic áirithe.

Soláthraítear forálacha rialaithe maidir leis an gcóras um fhaireachán soithí, réamhfhógra, logleabhair leictreonacha agus calafoirt ainmnithe. Ar réamhfhógra a thabhairt, is gá go nglacfar na rialacha ginearálta i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle maidir le saintréithe Mhuir Aidriad agus lena hiascaigh peiligeach beag. Maidir le logleabhair leictreonacha agus leis an gcóras um fhaireachán soithí, leathnaítear na forálacha atá ar áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle chun gach soitheach is mó ná ocht méadar ar fad a chumhdach d’fhonn rialú na n-iascach a chumhdaítear leis an bplean ilbhliantúil a fheabhsú. Maidir le calafoirt ainmnithe, soláthraítear tairseach sa togra seo thuas a fhágann nár cheart ainseabhaí agus sairdín a thabhairt i dtír ach i gcalafoirt mar a bhfuil rialuithe breisithe.

Meastóireacht thréimhsiúil a dhéanamh ar an bplean ilbhliantúil bunaithe ar chomhairle eolaíoch: ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an bplean gach cúig bliana. Leis an tréimhse sin, is féidir, i dtosach báire, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme go hiomlán, bearta réigiúnaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus an tionchar ar na stoic agus ar an iascach a thaispeáint. Is í sin an íostréimhse a éilíonn comhlachtaí eolaíocha freisin37.

2017/0043 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic peiligeach beag i Muir Aidriad agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 38 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 39 ,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Ba cheart don chomhbheartas iascaigh a chion a dhéanamh i ndáil le cosaint na muirthimpeallachta, le bainistíocht inbhuanaithe na speiceas uile sin a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach sa mhuirthimpeallacht faoin mbliain 2020, i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

(2)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 , bunaítear rialacha an chomhbheartais iascaigh i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Is iad cuspóirí an chomhbheartais iascaigh, i measc nithe eile, a áirithiú gurb inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de a bheidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe, an cur chuige réamhchúraim i leith bainistíocht iascaigh a chur i bhfeidhm, agus an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistíocht iascaigh a chur chun feidhme.

(3)Sa chomhairle eolaíoch ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) agus ó Choiste Comhairleach Eolaíoch an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM — CCE), cuirtear in iúl gur mó saothrú na stoc ainseabhaithe agus sairdíní i Muir Aidriad ná na leibhéil a theastaíonn chun an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach.

(4)Cé go bhfuil siad á mbainistiú faoi phlean idirnáisiúnta bainistíochta faoi CGIM agus faoi phleananna náisiúnta bainistíochta arna nglacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle 42 , tá róshaothrú á ndéanamh ar stoic ainseabhaithe agus sairdíní i Muir Aidriad go fóill agus meastar nach leor na bearta reatha bainistíochta chun UTI a bhaint amach faoin mbliain 2020. Tá sé curtha in iúl ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara go bhfuil siad i bhfách le pleananna bainistíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais Eorpaigh don dá stoc sin.

(5)Baineann na bearta reatha bainistíochta do pheiligigh bheaga i Muir Aidriad le rochtain ar uiscí, le rialú na hiarrachta iascaireachta agus le bearta teicniúla chun úsáid trealaimh a rialáil. Cuirtear in iúl sa chomhairle eolaíoch gurb é rialú gabhálacha an modh is cuí trínar féidir básmhaireacht iascaireachta a oiriúnú agus go mbeadh sé ina uirlis bhainistíochta níos éifeachtaí do pheiligigh bheaga 43 .

(6)Chun cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a bhaint amach, glacfar roinnt beart caomhnaithe, agus meascáin éagsúla díobh de réir mar is cuí, amhail pleananna ilbhliantúla, bearta teicniúla agus socrú agus leithdháileadh deiseanna iascaireachta.

(7)De bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh pleananna ilbhliantúla bunaithe ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch agus cuimseoidh siad cuspóirí, spriocanna inchainníochtaithe lena ngabhann amchláir shoiléire, pointí tagartha caomhnaithe agus coimircí.

(8)Ba cheart féachaint sa phlean ilbhliantúil le rannchuidiú le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a bhaint amach, go háirithe UTI a bhaint amach agus a choinneáil i gcás na stoc lena mbaineann, earnáil iascaigh inbhuanaithe a bhaint amach agus creat bainistíochta éifeachtach a sholáthar.

(9)Ina theannta sin, tugadh oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír isteach le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena n-áirítear i gcás gach gabhála de speicis atá faoi réir íosmhéideanna, mar a shainítear in Iarscríbhinn III de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1392/2014 44  ón gCoimisiún plean trí bliana maidir le hábhar muirí aischurtha lena bhforáiltear maidir le díolúine de minimis ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír d’ainseabhaithe, sairdíní, ronnaigh agus bolmáin i Muir Aidriad. D’fhonn an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme, is cuí bailíocht na mbeart a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1392/2014 a leathnú trína fhorálacha faoi seach a chur ar áireamh sa phlean ilbhliantúil.

(10)Ar aon dul leis an gcur chuige bunaithe ar éiceachóras agus sa bhreis ar an tuairisceoir a bhaineann leis an iascach atá i dTreoir 2008/56/CE, déanfar tuairisceoir 1, tuairisceoir 4 agus tuairisceoir 6 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir a bhreithniú faoi chuimsiú na bainistíochta iascaigh.

(11)Ceanglaítear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach sna pleananna ilbhliantúla.

(12)Is cuí spriocbhásmhaireacht iascaireachta (F), a chomhfhreagraíonn don chuspóir chun UTI a bhaint amach agus a choinneáil, a shocrú mar raonta luachanna atá comhsheasmhach le huastáirgeacht inbhuanaithe (FUTI) a bhaint amach. Teastaíonn na raonta sin, agus iad bunaithe ar chomhairle eolaíoch, chun solúbthacht a sholáthar chun forbairtí sa chomhairle eolaíoch a chur san áireamh, chun rannchuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus chun saintréithe na n-iascach measctha a chur san áireamh. Ba é an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) a ríomh na raonta FUTI agus díorthaíodh iad chun laghdú nach mó ná 5 % i dtáirgeacht fhadtéarmach a sholáthar i gcomparáid le hUTI 45 . Anuas air sin, caidhpeáiltear uasteorainn an raoin ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (Bteorainn).

(13)Chun críocha deiseanna iascaireachta a shocrú, ba cheart tairseach a bheith ann do raonta FUTI i ngnáthúsáid agus, ar choinníoll go meastar go bhfuil an stoc lena mbaineann faoi dhea-bhail, ba cheart uasteorainn a bheith ann do chásanna áirithe. Níor cheart é a bheith indéanta deiseanna iascaireachta a shocrú suas leis an uasteorainn ach amháin más rud é gurb amhlaidh, ar bhonn comhairle eolaíoch nó fianaise eolaíoch, gur gá é sin a dhéanamh chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint amach in iascaigh mheasctha nó chun díobháil a dhéantar do stoc de bharr dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint, nó chun na héagsúlachtaí ó bhliain go bliain i ndeiseanna iascaireachta a theorannú.

(14)I gcás nach bhfuil fáil ar na spriocanna a bhaineann le hUTI, ba cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige réamhchúraim.

(15)I gcás stoic a bhfuil spriocanna ar fáil ina leith, is gá, chun críocha bearta coimirce a chur i bhfeidhm, pointí tagartha caomhnaithe a bhunú a léirítear mar UTI Btruicear agus Bteorainn le haghaidh stoic ainseabhaithe agus sairdíní. Dá dtitfeadh na stoic faoi bhun UTI Btruicear, ba cheart an bhásmhaireacht iascaireachta a laghdú faoi bhun FUTI.

(16)Ba cheart bearta breise coimirce a chur chun feidhme i gcás ina dtitfidh méid an stoic faoi bhun an phointe tagartha Bteorainn. Ba cheart a áireamh i mbearta coimirce laghdú i ndeiseanna iascaireachta agus bearta sonracha caomhnaithe nuair a léirítear i gcomhairle eolaíoch go bhfuil stoc ar leith i mbaol. Ba cheart bearta eile a chur leis na bearta sin mar is cuí, amhail bearta de chuid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó bearta de chuid na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(17)I gcás stoic nach bhfuil fáil ar na pointí tagartha ina leith, ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal an réamhchúraim. I gcás sonrach na stoc a ghabhtar mar fho-ghabhálacha, in éagmais comhairle eolaíoch maidir le leibhéil bhithmhaise sceite íosta stoc den sórt sin, ba cheart bearta sonracha caomhnaithe a ghlacadh i gcás ina léirítear i gcomhairle eolaíoch go bhfuil gá ann le bearta feabhais.

(18)Chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chumasú, ba cheart foráil a dhéanamh sa phlean maidir le bearta breise bainistíochta. Ba cheart bearta den sórt sin a leagan síos trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(19)An sprioc-am chun moltaí comhpháirteacha ó na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu a thíolacadh, ba cheart é a leagan síos, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(20)Ba cheart foráil a dhéanamh sa phlean freisin go ndéanfar bearta teicniúla tionlacain áirithe a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun rannchuidiú le cuspóirí an phlean a bhaint amach, go háirithe maidir le héisc óga a chosaint, nó chun roghnaíocht a fheabhsú.

(21)D'fhonn comhlíonadh iomlán na mbeart a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart bearta sonracha rialaithe a ghlacadh chun na bearta sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle a chomhlánú 46 .

(22)I bhfianaise gur gnách go dtugann soithí Mhuir Aidriad a dhíríonn ar pheiligigh bheaga faoi thurais ghairide iascaireachta, ba cheart úsáid an réamhfhógra mar a cheanglaítear faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a oiriúnú ionas go gcuirfí na réamhfhógraí isteach uair go leith ar a laghad roimh an am a meastar go mbainfear an calafort amach. I bhfianaise na héifeachta teoranta a bhíonn ag turais iascaireachta nach ngabhann ach méideanna an-bheag éisc ar na stoic lena mbaineann, áfach, is cuí tairseach a leagan síos do réamhfhógraí den sórt sin, i gcás ina gcoinníonn na soithí sin 1 thonna ar a laghad d’ainseabhaithe nó de shairdíní ar bord.

(23)I bhfianaise go n-áirithítear le huirlisí rialaithe leictreonaigh go ndéantar rialú níos fearr agus níos tráthúla ar na hiascaigh, go háirithe ar dháileadh spásúil na ngníomhaíochtaí iascaireachta agus ar shaothrú na stoc, ba cheart úsáid an chórais um fhaireachán soithí agus úsáid an logleabhair leictreonaigh, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 9 agus Airteagal 15 faoi seach de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, a leathnú chuig na soithí iascaireachta go léir arb é ocht méadar a bhfad foriomlán.

(24)Ba cheart tairseacha a bhunú i gcomhair gabhálacha ainseabhaithe agus sairdíní agus má théitear os cionn na dtairseach sin ní mór do shoitheach iascaireachta na gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort ainmnithe nó in áit gar don chladach, i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Ina theannta sin, nuair atá na calafoirt sin nó na háiteanna sin gar don chladach á n-ainmniú, ba cheart do na Ballstáit na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 43(5) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm sa chaoi is go n-áiritheofar rialú éifeachtach.

(25)D’fhonn dul in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar bhealach tráthúil agus comhréireach, agus chun solúbthacht a áirithiú agus forbairt beart áirithe a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil le bearta feabhais maidir le ronnaigh agus bolmáin a chaomhnú, leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme agus le bearta teicniúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(26)I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart forálacha a bhunú don mheasúnú tréimhsiúil a dhéanfaidh an Coimisiún ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart measúnú den sórt sin a bheith bunaithe ar mheastóireacht thréimhsiúil ar an bplean agus ba cheart é a dhéanamh tar éis na meastóireachta tréimhsiúla, rud a bheidh bunaithe ar chomhairle eolaíoch. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an bplean gach cúig bliana. Leis an tréimhse sin, is féidir an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme go hiomlán, bearta réigiúnaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus an tionchar ar na stoic agus ar an iascach a thaispeáint. Tá sí ar an íostréimhse a éilíonn comhlachtaí eolaíocha freisin.  

(27)I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, rinneadh tionchar dóchúil eacnamaíoch agus sóisialta an phlean a mheasúnú sular dréachtaíodh an plean 47 .

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leis an Rialachán seo, bunaítear plean ilbhliantúil do stoic peiligeach beag i Muir Aidriad.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na stoic ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) agus sairdíní (Sardina pilchardus) i Muir Aidriad ("na stoic lena mbaineann") agus leis na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin. Beidh feidhm aige freisin maidir le fo-ghabhálacha ronnach (Scomber spp.) agus bolmán (Trachurus spp.) i Muir Aidriad a ghabhtar nuair atáthar ag iascaireacht ceann amháin de na stoic lena mbaineann nó an dá cheann díobh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle.

2.Ina dteannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘Muir Aidriad’ Fo-limistéir Gheografacha 17 agus 18 de chuid CGIM;

(b)ciallaíonn ‘Fo-limistéar Geografach de chuid CGIM’ Fo-limistéar Geografach de chuid an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 ;

(c)ciallaíonn ‘stoic peiligeach beag’ na stoic a liostaítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus aon mheascán díobh sin;

(d)ciallaíonn ‘raon FUTI’ raon luachanna mar a bhfuil an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) ann san fhadtéarma faoi mheándálaí comhshaoil atá ann cheana gan difear suntasach a dhéanamh don phróiseas atáirgthe do na stoic lena mbaineann mar thoradh ar gach leibhéal básmhaireachta iascaireachta laistigh de theorainneacha an raoin sin, ar teorainneacha iad a luaitear go heolaíoch, i gcásanna iascaigh mheasctha agus i gcomhréir le comhairle eolaíoch;

(e)ciallaíonn ‘UTI Btruicear’ an pointe tagartha do bhithmhais stoic sceite ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht bainistíochta shonrach agus chuí chun a áirithiú go ndéanfaidh rátaí saothraithe i dteannta éagsúlachtaí nádúrtha stoic a athbhunú thar leibhéil atá in ann UTI a tháirgeadh san fhadtéarma.

(f)ciallaíonn ‘deis iascaireachta’ teidlíocht dhlíthiúil chainníochtaitheiascaireachta, arna léiriú i dtéarmaí gabhálacha agus/nó iarracht iascaireachta.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.Leis an bplean ilbhliantúil, rannchuideofar le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe tríd an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistíocht iascaigh agus beidh sé mar aidhm leis an bplean a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in ann UTI a tháirgeadh.

2.Beidh an plean ilbhliantúil ina chreat bainistíochta éifeachtach, simplí agus cobhsaí do shaothrú na stoc peiligeach beag i Muir Aidriad.

3.Rannchuideofar leis an bplean ilbhliantúil le haischur ábhar muirí a dhíothú trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, agus le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bunaíodh in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas atá faoina réir agus a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.

4.Leis an bplean ilbhliantúil, cuirfear an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistíocht iascaigh chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar tionchar diúltach na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a íoslaghdú. Beidh sé i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe an cuspóir chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoin mbliain 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

5.Go háirithe, beidh sé mar aidhm leis an bplean ilbhliantúil:

(a)a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a thuairiscítear i dtuairisceoir 3 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE; agus

(b)rannchuidiú le comhlíonadh na dtuairisceoirí ábhartha eile a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE, i gcomhréir leis an ról atá ag iascaigh ina mbaint amach.

CAIBIDIL II
SPRIOCANNA, COIMIRCÍ AGUS BEARTA SONRACHA

Airteagal 4

Spriocanna d’ainseabhaithe agus sairdíní

1.Déanfar an spriocbhásmhaireacht iascaireachta a bhaint amach a luaithe is féidir agus de réir a chéile ar bhonn forásach faoin mbliain 2020 do na stoic lena mbaineann, agus déanfar í a chothabháil ina dhiaidh sin laistigh de na raonta a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3(1).

2.Comhlíonfaidh deiseanna iascaireachta na raonta spriocbhásmhaireachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, colún A, a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú ar leibhéil a chomhfhreagraíonn do leibhéil bhásmhaireachta iascaireachta atá faoi bhun na leibhéal sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I, colún A.

4.D’ainneoin mhír 2 agus mhír 3, féadfar deiseanna iascaireachta do stoc ar leith a shocrú i gcomhréir leis na raonta básmhaireachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, colún B, ar choinníoll go bhfuil an stoc lena mbaineann os cionn an phointe tagartha íosta do bhithmhais sceite a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún A:

(a)más rud é, ar bhonn comhairle eolaíoch nó fianaise eolaíoch, gur gá é sin a dhéanamh chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 a bhaint amach i gcás iascaigh mheasctha,

(b)más rud é, ar bhonn comhairle eolaíoch nó fianaise eolaíoch, gur gá é sin a dhéanamh chun díobháil thromchúiseach do stoc a sheachaint de bharr dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla, nó

(c)chun éagsúlachtaí i ndeiseanna iascaireachta idir blianta as a chéile a theorannú go céatadán nach mó ná 20 %.

Airteagal 5

Coimircí

1.Na pointí tagartha caomhnaithe a léirítear mar leibhéil íosta agus teorann do bhithmhais stoic sceite a chuirfear i bhfeidhm chun acmhainn iomlán atáirgthe na stoc lena mbaineann a chosaint, leagtar amach iad in Iarscríbhinn II.

2.I gcás ina léirítear i gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite ceachtar de na stoic lena mbaineann faoi bhun an phointe tagartha íosta do bhithmhais stoic sceite a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún A, a ghabhann leis an Rialachán seo, glacfar gach beart feabhais cuí chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann UTI a tháirgeadh. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(2) agus 4(4) den Rialachán seo, socrófar deiseanna iascaireachta do na stoic lena mbaineann ar leibhéal atá comhsheasmhach le básmhaireacht iascaireachta arna laghdú faoin raon a leagtar amach in Iarscríbhinn I, colún A, a ghabhann leis an Rialachán seo, agus an laghdú i mbithmhais an stoic sin á chur san áireamh.

3.I gcás ina léirítear i gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite ceachtar de na stoic lena mbaineann faoi bhun an phointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (Bteorainn) a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún B, a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar bearta feabhais breise chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn an leibhéil atá in ann UTI a tháirgeadh. Go háirithe, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis na bearta feabhais sin, de mhaolú ar mhír 2 agus mhír 4 d'Airteagal 4, an t-iascach spriocdhírithe a chur ar fionraí don stoc lena mbaineann agus deiseanna iascaireachta a laghdú go cuí.

Airteagal 6

Bearta sonracha caomhnaithe

I gcás ina léirítear i gcomhairle eolaíoch go bhfuil gníomhaíocht feabhais ag teastáil le haghaidh chaomhnú na stoc peiligeach beag dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo nó i gcás gurb amhlaidh, maidir le hainseabhaithe agus sairdíní, gur lú bithmhais sceite ceachtar de na stoic sin do bhliain ar leith ná na pointí tagartha caomhnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún A, a ghabhann leis an Rialachán seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na nithe seo:

(a)saintréithe an trealaimh iascaireachta, go háirithe mogallmhéid, déanamh an trealaimh, méid an trealaimh nó úsáid gaireas roghnaíochta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(b)úsáid an trealaimh iascaireachta agus an doimhneacht ar a n-úsáidtear é, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(c)toirmeasc nó srianadh ar iascaireacht i limistéir ar leith, chun éisc sceite agus óga, éisc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint;

(d)toirmeasc nó srianadh ar iascaireacht nó úsáid cineálacha áirithe trealaimh iascaireachta le linn tréimhsí ama áirithe, chun éisc sceite, éisc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint;

(e)íosmhéideanna tagartha caomhnaithe, chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint;

(f)saintréithe eile atá nasctha le roghnaíocht.

CAIBIDIL III
FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN OIBLEAGÁID GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

Airteagal 7

Forálacha a bhaineann leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le peiligigh bheaga a ghabhtar i Muir Aidriad

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)díolúintí ó chur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás speiceas a léirítear i bhfianaise eolaíoch go bhfuil ardrátaí marthanais acu, agus saintréithe an trealaimh, na gcleachtas iascaireachta agus an éiceachórais á gcur san áireamh, chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú; agus

(b)díolúintí de minimis chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a chumasú; déanfar foráil maidir le díolúintí de minimis den sórt sin do chásanna dá dtagraítear in Airteagal 15(5)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach ann;

(c)forálacha sonracha maidir le doiciméadú gabhálacha, go háirithe chun críche faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; agus

(d)íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú, chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint.

CAIBIDIL IV
RÉIGIÚNÚ

Airteagal 8

Comhar réigiúnach

1.Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 den Rialachán seo.

2.Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 den chéad uair tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, ina dhiaidh sin, dhá mhí dhéag tar éis gach uaire a thíolactar an mheastóireacht ar an bplean ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo. Féadfaidh siad moltaí den sórt sin a thíolacadh freisin i gcás ina measann siad gur gá déanamh amhlaidh, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid ceachtar de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Déanfar moltaí comhpháirteacha i leith bearta a bhaineann le bliain féilire áirithe a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh sa bhliain roimhe.

3.Beidh an cumhachtú a thugtar faoi Airteagal 6 agus faoi Airteagal 7 den Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL V
RIALÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 9

Gaol le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Beidh feidhm ag na bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Chaibidil seo sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, seachas i gcás ina bhforáiltear dá mhalairt sa Chaibidil seo.

Airteagal 10

Réamhfhógra

1.De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tabharfar an réamhfhógra dá dtagraítear san Airteagal sin uair go leith ar a laghad roimh an am a meastar go mbainfear an calafort amach. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát cósta cead a thabhairt, ar bhonn gach cáis ar leith, teacht isteach i gcalafort níos luaithe .

2.Beidh feidhm ag oibleagáid an réamhfhógra maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag coinneáil tonna amháin ar a laghad d’ainseabhaithe nó tonna amháin ar a laghad de shairdíní ar bord.

Airteagal 11

Córas um fhaireachán soithí

1.Chun críocha an Rialacháin seo, leathnófar cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 chuig soithí iascaireachta arb é ocht méadar nó níos mó a bhfad foriomlán agus atá in úsáid ag iascach spriocdhírithe peiligeach beag i Muir Aidriad.

2.Ní bheidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos in Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le soithí atá in úsáid ag iascaigh spriocdhírithe peiligeach beag i Muir Aidriad i gcomhréir leis an Rialachán seo, beag beann ar a bhfad.

Airteagal 12
Comhlánú agus tarchur leictreonach na logleabhar iascaireachta

1.Chun críocha an Rialacháin seo, maidir leis an oibleagáid chun logleabhar leictreonach iascaireachta a choinneáil agus é a sheoladh trí mheán leictreonach uair amháin ar a laghad sa lá chuig údarás inniúil an Bhallstáit brataí, a leagtar síos in Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, leathnófar an oibleagáid chuig máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é ocht méadar nó níos mó a bhfad foriomlán agus atá ag gabháil d’iascaireacht spriocdhírithe ainseabhaithe nó sairdíní.

2.Ní bheidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos in Airteagal 15(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí soithí atá ag gabháil d’iascaireacht spriocdhírithe ainseabhaithe nó sairdíní, beag beann ar a bhfad.

Airteagal 13

Calafoirt ainmnithe

Seo a leanas an tairseach is infheidhme maidir le beomheáchan na speiceas ó na stoic faoi seach atá faoi réir an phlean ilbhliantúil agus má théitear os cionn na tairsímór do shoitheach iascaireachta a ghabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort ainmnithe nó in áit gar don chladach mar a leagtar amach in Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009:

(a)2000 kg d’ainseabhaithe;

(b)2000 kg de shairdíní.

CAIBIDIL VI
ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 14

Meastóireacht ar an bplean ilbhliantúil

Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht ar thionchar an phlean ilbhliantúil ar na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo agus ar na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

CAIBIDIL VII
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 agus Airteagal 7 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6 agus Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) http://www.fao.org/3/a-ax817e.pdf .
(2) CGIM (2016) The State of Mediterranean and Black Sea Fisheries .
(3) Staidreamh maidir le gabhálacha ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, a íoslódáladh an 10 Bealtaine 2016.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 36, 8.2.2007, lch. 6).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1392/2014 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2014 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha d’iascaigh áirithe peiligeach beag sa Mheánmhuir (IO L 370, 30.12.2014, lch. 21).
(6) Moladh GFCM/37/2013/1 maidir le plean ilbhliantúil bainistíochta d’iascaigh stoc peiligeach beag i bhfo-limistéar geografach 17 an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (Muir Aidriad Thuaidh) agus maidir le bearta idirthréimhseacha caomhnaithe d’iascaigh stoc peiligeach beag i bhfo-limistéar geografach 18 (Muir Aidriad Theas).
(7) Moladh GFCM/38/2014/1 lena leasaítear Moladh GFCM/37/2013/1 agus maidir le bearta réamhchúraim agus éigeandála sa bhliain 2015 do stoic peiligeach beag i bhfo-limistéar geografach 17 an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir; Moladh GFCM/39/2015/1 lena mbunaítear tuilleadh beart réamhchúraim agus éigeandála sa bhliain 2016 do stoic peiligeach beag i Muir Aidriad (fo-limistéar geografach 17 agus fo-limistéar geografach 18), agus Moladh GFCM/40/2016/3 lena mbunaítear tuilleadh beart éigeandála sna blianta 2017 agus 2018 do stoic peiligeach beag i Muir Aidriad (fo-limistéar geografach 17 agus fo-limistéar geografach 18), is féidir iad uile a fháil ag an seoladh seo a leanas: http://www.fao.org/gfcm/decisions/en/.
(8) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(9) CETEI (2015) – Small pelagic stocks in the Adriatic Sea. Mediterranean assessments part 1 (CETEI-15-14). Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, EUR 27492 EN, JRC 97707, 52 lch.
(10) Cinneadh 2005/629/CE ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2005 lena mbunaítear Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach.
(11) An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) – Assessment of Mediterranean Sea stocks - part 2 (CETEI-11-14) .
(12) Tuarascálacha ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) – Tuarascáil ón 51ú Cruinniú Iomlánach (PLEN-16-01). 2016. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, EUR 27917 EN, JRC 101442, 95 lch.
(13)

    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch.1).

(14) Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).
(15)

   Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint (IO L 125, 27.4.1998, lch. 1).

(16) COM/2016/0134 críochnaitheach - 2016/074 (COD).
(17) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Creat-Treoir um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(18) http://www.med-ac.eu/ .
(19) 8 Deireadh Fómhair 2014, Split (an Chróit); 20 Samhain 2014, an Róimh (an Iodáil); 11 Márta 2015, an Róimh (an Iodáil); 23 Aibreán 2015, Marseilles (an Fhrainc); 11 Meitheamh 2015, Maidrid (an Spáinn); 17 Feabhra 2016, an Róimh (an Iodáil).
(20) An Chomhairle Chomhairleach don Mheánmhuir (CCM) (2016) Comhairle ó CCM maidir le Pleananna Fadtéarmacha Bainistíochta do Pheiligigh Bheaga i bhFo-Limistéar Geografach 17 (Aidriadach Thuaidh) an 11 Márta 2016 (Prot. 94/2016).
(21) Wakeford et al. (2016) retrospective evaluation study of the Mediterranean Sea Regulation. Tuarascáil deiridh (Iúil 2016). http://ec.europa.eu/fisheries/documentation/studies/index_en.htm
(22)

    http://ec.europa.eu/dgs/maritimeaffairs_fisheries/consultations/northern-adriatic- multiannual/index_en.htm - Níor pléadh le linn an chomhairliúcháin phoiblí ach le hAidriadach Thuaidh toisc gur san áit sin a chuirtear formhór mór na gníomhaíochta iascaireachta ar pheiligigh bheaga i gcrích agus toisc go raibh an Coimisiún ag smaoineamh ar dtús faoi thogra a chur síos le haghaidh plean ilbhliantúil nach gcumhdófaí ach Aidriadach Thuaidh amháin ann sular chinn sé raon feidhme an togra a leathnú beagáinín chun Muir Aidriad ar fad a chumhdach. Cinneadh raon feidhme an togra a leathnú d’fhonn an limistéar iomlán ina bhfuil an stoc le fáil a chumhdach agus d’fhonn seachaint a dhéanamh ar an gcostas díréireach a bhaineann le plean ilbhliantúil ar leith nach gcumhdófaí ach Aidriadach Theas amháin ann a fhorbairt amach anseo, agus aird á tabhairt ar mhéid bheag an iascaigh sin (is in Aidriadach Theas a thugtar i dtír 6 % den ainseabhaí agus den sairdín a ghabhtar i Muir Aidriad (2013) agus is amhlaidh gur in Aidriadach Thuaidh a dhéantar cuid mhór de na gabhálacha sin). Tá sciar na ngabhálacha in Aidriadach Theas ag laghdú go seasta ón mbliain 2008 i leith.

(23) Lembo et al. (2015) ‘Improved knowledge of the main socio-economic aspects related to the most important fisheries in the Adriatic Sea (SEDAF)’. Conradh sonrach Uimh. 10 faoi Chreat-Chonradh MAREA. http://ec.europa.eu/fisheries/documentation/studies/index_en.htm .
(24) Spedicato et al. (2016) ‘Study on the evaluation of specific management scenarios for the preparation of multi-annual management plans in the Mediterranean and the Black Sea’ - CALL MARE/2014/27. http://ec.europa.eu/fisheries/documentation/studies/index_en.htm .
(25) An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach – tuarascáil ón 49ú cruinniú iomlánach (PLEN-15-02), 6-10 Iúil 2015, Varese.
(26) 'Mediterranean halieutic resources evaluation and advice' – conradh sonrach Uimh. 9 faoi chreat-Chonradh MAREA, Tasc 4 - Comhairle eolaíoch ad hoc chun tacú le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh, ‘Scientific advice on the conformity of management plans with the requirements of the Common Fisheries Policy in the Mediterranean Sea’- Tuarascáil athbhreithnithe 08.08.2014.
(27) Tuarascáil ó CGIM (2016) maidir leis an gceardlann ar an measúnú bitheacnamaíoch ar bhearta bainistíochta, 1-3 Feabhra 2016 .
(28) Arna ríomh bunaithe ar an meánbhásmhaireacht iascaireachta sna blianta 2012, 2013 agus 2014.
(29) http://ec.europa.eu/fisheries/reform/impact_assessments_en.htm .
(30) Tuarascáil ón 45ú Cruinniú Iomlánach de chuid an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (PLEN-14-01).
(31) http://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2015/540360/IPOL_STU(2015)540360_EN.pdf .
(32) http://ec.europa.eu/fisheries/documentation/studies/socio_economic_dimension/index_en.htm .
(33) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin - Measúnú Tionchair a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla , lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 894/97, Rialachán (CE) Uimh. 850/98, Rialachán (CE) Uimh. 2549/2000, Rialachán (CE) Uimh. 254/2002, Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle, SWD/2016/057 críochnaitheach - 2016/074 (COD).
(34) An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2012/C 326/02) (IO C 326, 26.10.2012, lch. 391).
(35) Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (IO L 60, 5.3.2008, lch. 1).
(36) http://ec.europa.eu/fisheries/cfp/market/market_observatory/index_en.htm .
(37) Tuarascáil ó Ghrúpa Staidéir CETEI ar an Meastóireacht ar Phleananna Ilbhliantúla Iascaigh (SGMOS 09-02) .
(38)

   IO C […], […], lch. […].

(39) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an .... (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(40) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Chreat-Treoir um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(41) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(42) Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (an Rialachán maidir leis an Meánmhuir) (IO L 36, 8.2.2007, lch. 6).
(43) An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) – Assessment of Mediterranean Sea stocks - cuid 2 (CETEI-11-14) .
(44) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1392/2014 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2014 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha d’iascaigh peiligeach beag áirithe sa Mheánmhuir (IO L 370, 30.12.2014, lch. 21).
(45) An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) – Small pelagic stocks in the Adriatic Sea. Mediterranean assessments - cuid 1 (CETEI-15-14) . 2015. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, EUR 27492 EN, JRC 97707, 52 lch.] [The second part of this reference seems to be mistaken. OPOCE, please check.]
(46) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(47) Measúnú Tionchair…[include reference when published].
(48) Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).
Top

An Bhruiséil,24.2.2017

COM(2017) 97 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic peiligeach beag i Muir Aidriad agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin

{SWD(2017) 63 final}
{SWD(2017) 64 final}


IARSCRÍBHINN I

Spriocbhásmhaireacht iascaireachta

(dá dtagraítear in Airteagal 4)

Stoc

Spriocraon básmhaireachta iascaireachta a fhágann gur féidir uastáirgeacht inbhuanaithe a shroicheadh (FUTI)

Colún A

Colún B

Ainseabhaithe

0.23 – 0.30

0.30 – 0.364

Sairdíní

0.065 – 0.08

0.08 – 0.11



IARSCRÍBHINN II

Pointí tagartha caomhnaithe

(dá dtagraítear in Airteagal 5)

Stoc

Pointe tagartha íosta do bhithmhais stoic sceite (i dtonaí) (UTI Bspreagphointe)

Pointe tagartha don teorainn bhithmhaise (i dtonaí) (Bteorainn)

Colún A

Colún B

Ainseabhaithe

139 000

69 500

Sairdíní

180 000

36 000

Top