Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016SC0461

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)

    SWD/2016/0461 final - 2016/0397 (COD)

    Strasbourg, 13.12.2016

    SWD(2016) 461 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    a ghabhann leis an doiciméad

    Togra le haghaidh
    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme
    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)

    {COM(2016) 815 final}
    {SWD(2016) 460 final}


    Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

    Measúnú tionchair ar an tionscnamh chun athbhreithniú i bpáirt a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus ar an rialachán cur chun feidhme a ghabhann leis, mar atá Rialachán (CE) Uimh. 987/2009

    A. An gá atá le beart

    Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

    Baineann an togra le rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le comhordú na slándála sóisialta i ndáil le sochair chúraim fhadtéarmaigh; sochair dífhostaíochta; sochair theaghlaigh agus rochtain saoránach atá neamhghníomhach go heacnamaíoch ar shochair shóisialta áirithe.

    Sainaithníodh trí cinn d'fhadhbanna i ndáil le sochair chúraim fhadtéarmaigh: (i) Easpa soiléireachta do na saoránaigh agus do na hinstitiúidí; (ii) Easpa soiléireachta sa chreat dlí; (iii) An baol go gcaillfí sochair, nó go níocfaí faoi dhó iad. Dá réir sin, is léir nach bhfuil comhordú trasteorann na sochar cúraim fhadtéarmaigh ag feidhmiú go héifeachtúil. Tá 1.8 milliún duine árachaithe ag cur fúthu i mBallstát nach é an Ballstát ina bhfuil siad árachaithe i gcoinne breoiteachta é. Díobh sin, is sochair chomhchineáil atá ag 45 000 agus sochair in airgead tirim atá ag 35 000. I gcomparáid le 2013, tiocfaidh méadú 11 % faoi 2020 ar líon na ndaoine a gheobhaidh sochair chúraim fhadtéarmaigh, agus méadú 28 % faoi 2030.

    I gcás sochair dhífhostaíochta baineann na fadhbanna leis na nithe seo: (i) éagsúlacht sa chaoi a gcuireann na Ballstáit na rialacha comhshuimithe i bhfeidhm (ii) líon beag daoine a onnmhairíonn a sochar dífhostaíochta (iii) neamhréir sa chaoi a ndéileáiltear le daoine dífhostaithe a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach é an stát ina raibh siad ag obair roimhe sin é (oibrithe teorann agus oibrithe trasteorann eile); (iv) rialacha míshásúla maidir le haisíoc. Dá thoradh sin, déantar próiseáil neamhéifeachtúil ar shochair dhífhostaíochta, dáiltear an tualach airgeadais go héagothrom agus cruthaítear bacainní a d'fhéadfadh cosc a chur ar dhaoine dífhostaithe dul isteach sa mhargadh saothair arís. In 2014, bhí tuairim is 91 700 oibrí trasteorann dífhostaithe ann agus b'oibrithe teorann 53 800 díobh sin. Bhí tuairim is 25 000 cás comhshuimithe ann agus tuairiscíodh 27 300 cás onnmhairithe.

    Maidir le sochair shóisialta, soiléiríodh le déanaí sna cásanna C140/12 Brey, C133/13 Dano; agus C308/14 An Coimisiún v An Ríocht Aontaithe gur féidir leis na Ballstáit a chinneadh teorainn a chur leis an gcóir chomhionann i gcás sochair airgid speisialta neamhranníocacha agus sochair shóisialta eile a éilíonn saoránaigh atá neamhghníomhach go heacnamaíoch a mhéid is ceadmhach de réir na Treorach maidir leis an tsaorghluaiseacht. Ní léirítear an cásdlí sin sa Rialachán, agus fágann sin go bhfuil easpa trédhearcachta ann. In 2014, bhí tuairim is 3.7 milliún saoránach soghluaiste den Aontas a bhí neamhghníomhach go heacnamaíoch. Tá ag beagnach 80 % díobh sin cearta díorthacha (cearta cónaithe agus/nó cearta ar shochair) atá acu a bhuí le baill dá dteaghlach atá gníomhach go heacnamaíoch agus dá bhrí sin tá siad i dteideal cóir chomhionann maidir le baill teaghlaigh na noibrithe náisiúnta. Is iad an 20 % atá fágtha atá thíos leis an easpa soiléireachta agus trédhearcachta atá ann faoi láthair maidir lena gcearta ar shochair sa Bhallstát óstach.

    Sainaithníodh trí cinn d'fhadhbanna i ndáil le sochair theaghlaigh: (i) an tuairim gur éagórach an chumhacht ceannaigh chomparáideach atá ag sochair theaghlaigh onnmhairithe (ii) an baol go laghdóidh na rialacha na dreasachtaí do thuismitheoirí dul amach ag obair agus na cúraimí tógála linbh a roinnt; (iii) deacrachtaí riaracháin, go háirithe sochair de chineálacha áirithe a bhronnadh ar bhonn cearta díorthacha. Cruthaíonn an méid sin dúshláin do na húdaráis phoiblí agus baineann iarmhairtí diúltacha leis a d'fhéadfadh cur isteach ar theaghlaigh ina noibríonn tuismitheoir amháin nó an dá thuismitheoir i mBallstát nach é an stát ina bhfuil cónaí ar an leanbh é. In 2013, onnmhairíodh 1 % de shochair linbh ar an meán, le haghaidh 506 000 leanbh a raibh cónaí orthu i mBallstát eile.

    Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

    An nuachóiriú is mórchuspóir don togra seo, agus é sin trí shoiléireacht dlí, dáileadh cóir cothromasach den ualach airgeadais idir institiúidí na mBallstát lena mbaineann agus an tsimplíocht riaracháin agus infhorfheidhmitheacht na rialacha a áirithiú.

    Is iad seo na cuspóirí sonracha maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh:

    Córas iomchuí cobhsaí a chur ar bun,

    Comhroinnt chothrom den ualach idir na Ballstáit a áirithiú,

    Soiléireacht dlí agus trédhearcacht a sholáthar le haghaidh na saoránach, institiúidí agus geallsealbhóirí eile.

    I gcás sochair dhífhostaíochta:

    A áirithiú go ndéanfar na rialacha maidir le comhshuimiú agus ríomhadh a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go comhsheasmhach ar dhóigh a léireoidh a chomhtháite atá an toibrí sa Bhallstát,

    A áirithiú go mbeidh cosaint ag oibrithe soghluaiste den Aontas nuair a lorgóidh siad agus nuair a nglacfaidh siad post i mBallstát eile,

    Deireadh a chur leis an idirdhealú idir oibrithe teorann agus oibrithe trasteorann eile i ndáil leis an stát inar féidir leo sochair a éileamh, agus comhtháthú leis an margadh saothair a chur chun cinn ag an am céanna,

    A áirithiú go ndéanfar ualach airgeadais na sochar dífhostaíochta a dháileadh idir na Ballstáit i gcomhréir le leibhéal na ranníocaíochtaí nó na cánach arna fáil agus gan sásra aisíoctha,

    Foráil a dhéanamh maidir le sásra comhoibrithe agus rialaithe a bheidh córasach agus soriartha chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh chearta agus oibleagáidí an duine dhífhostaithe a bhfuil cónaí air i mBallstát nach é an Ballstát a íocann na sochair é.

    I gcás sochair shóisialta:

    Soiléireacht dlí agus trédhearcacht a áirithiú maidir leis na cearta atá ag oibrithe, daoine atá ag lorg fostaíochta agus saoránaigh shoghluaiste den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, lena náirítear an méid is ceadmhach d'institiúidí slándála sóisialta na mBallstát teorainn a chur le prionsabal na córa comhionainne maidir le rochtain ar shochair shóisialta.

    I gcás sochair theaghlaigh:

    Nasc follasach trédhearcach a áirithiú idir an Ballstát a eisíonn na sochair theaghlaigh agus na daoine a fhaigheann na sochair,

    Na bacainní agus na dídhreasuithe a chuireann cosc ar thuismitheoirí bheith páirteach sa mhargadh saothair a íoslaghdú,

    A áirithiú go ndéanfar sochair theaghlaigh a phróiseáil ar an dóigh is éifeachtúla is féidir.

    Cad é an breisluach atá le beart ar leibhéal an Aontais? 

    Ar mhaithe le comhordú éifeachtach éifeachtúil ní mór aird a thabhairt ar athruithe ar shlándáil shóisialta náisiúnta na mBallstát agus ar athruithe sa tsochaí. Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais áiritheofar go ndéanfar cearta na saoránach soghluaiste den Aontas Eorpach agus a mball teaghlaigh a thuiscint agus a chosaint ar dhóigh aonfhoirmeach nach mbeadh indéanta ag na Ballstáit ina naonar.

    B. Réitigh

    Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

    I gcás sochair chúraim fhadtéarmaigh, rinne dhá rogha bheartais reachtaigh (maille le dhá fhorogha) a mheas:

    1.Déanfaidh an Ballstát inniúil na sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim a thabhairt agus costas na sochar comhchineáil a thugann an Ballstát cónaithe a aisíoc (de réir na bprionsabal atá ann cheana maidir le sochair bhreoiteachta, móide soiléirithe),

    2.Déanfaidh an Ballstát cónaithe na sochair chúraim fhadtéarmaigh uile a sholáthar agus aisíocfaidh an Ballstát inniúil é 2a) gan forlíonadh ón mBallstát inniúil 2b) maille le forlíonadh.

    Cuireadh trí rogha as an áireamh: (1) foráil chosanta a thabhairt isteach, (2) an Ballstát cónaithe a dhéanamh freagrach as na sochair chúraim fhadtéarmaigh uile a sholáthar gan aisíoc agus (3) an Ballstát inniúil a dhéanamh freagrach as na sochair chúraim fhadtéarmaigh uile a sholáthar (onnmhairiú).

    Is í Rogha 1 rogha na tosaíochta chun cobhsaíocht a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm na rialacha.

    I gcás sochair dhífhostaíochta: Rinneadh rogha bheartais reachtaigh a mheas chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú i gcás na rialacha maidir le comhshuimiú agus ríomhadh do shochair dhífhostaíochta:

    1.An comhshuimiú tar éis aon lá amháin fostaíochta,

    2.An comhshuimiú tar éis a) aon mhí b) trí mhí fostaíochta,

    3.Ioncam tagartha a fuarthas i mBallstát na fostaíochta roimhe sin a úsáid chun sochair dhífhostaíochta a ríomh tar éis a) aon mhí b) trí mhí fostaíochta sa Bhallstát inniúil,

    4.rogha chothrománach maidir le tréimhsí árachais a aithint le haghaidh an chomhshuimithe.

    Déanfar rogha na tosaíochta (Rogha 2b) a chomhcheangal leis an oibleagáid go gcaithfidh Ballstát na fostaíochta roimhe sin sochair dhífhostaíochta a sholáthar i gcás nach gcomhlíonfar an coinníoll sin agus an rogha chothrománach. Ar an dóigh sin áiritheofar íosleibhéal comhtháthaithe sa Bhallstát óstach sula mbeifear i dteideal sochair dhífhostaíochta a éileamh agus áiritheofar cur chuige comhsheasmhach ag na Ballstáit. Thairis sin, beidh cosaint ag oibrithe soghluaiste nuair nach mbeidh an tréimhse sin curtha isteach acu i mBallstát na gníomhaíochta is deireanaí.

    Rinneadh dhá rogha bheartais reachtaigh a mheas chun síneadh a chur leis an íostréimhse le haghaidh sochair dhífhostaíochta a onnmhairiú:

    1.Síneadh a chur leis an íostréimhse le haghaidh onnmhairiú sochar dífhostaíochta ó thrí mhí go sé mhí agus an rogha ann an sochar a onnmhairiú le haghaidh thréimhse iomlán na teidlíochta,

    2.Síneadh a chur leis an tréimhse le haghaidh onnmhairiú sochar dífhostaíochta chun an tréimhse teidlíochta ina hiomláine a chuimsiú,

    Is í Rogha 1 rogha na tosaíochta maille le sásra comhair treisithe idir na seirbhísí fostaíochta lena mbaineann chun cuardach trasteorann fostaíochta a thacú.

    Rinneadh trí rogha bheartais reachtaigh a mheas maidir le sochair dhífhostaíochta le haghaidh oibrithe teorann agus oibrithe trasteorann eile:

    1.Rogha a thabhairt d'oibrithe teorann faoin áit a néileoidh siad a sochair dhífhostaíochta ar an dóigh chéanna a dhéanann oibrithe trasteorann eile,

    2.An fhreagracht a chur ar Bhallstát na gníomhaíochta is deireanaí as sochair dhífhostaíochta a íoc maille leis an bhforogha a) ceangal a chur ar oibrithe teorann clárú leis an tseirbhís fostaíochta sa Bhallstát atá freagrach nó b) rogha a thabhairt dóibh clárú le seirbhís fostaíochta an Bhallstáit inniúil nó le seirbhís an Bhallstáit chónaithe,

    3.An fhreagracht a chur ar Bhallstát na gníomhaíochta is deireanaí as sochair dhífhostaíochta a íoc má chaith an toibrí teorann 12 mhí ar a laghad ag obair ann agus an fhreagracht ar chur ar an mBallstát cónaithe murar chaith, maille leis an bhforogha a) ceangal a chur ar oibrithe teorann clárú leis an tseirbhís fostaíochta sa Bhallstát atá freagrach nó b) rogha a thabhairt dóibh clárú le seirbhís fostaíochta an Bhallstáit inniúil nó le seirbhís an Bhallstáit chónaithe.

    Is í rogha na tosaíochta Rogha 3a óir is í an comhréiteach is fearr í ó thaobh comhroinnt ualaigh de atá cothrom agus costéifeachtach i dtaca le cúrsaí riaracháin.

    I gcás sochair shóisialta, is roghanna 1 de chineál reachtach a mheasadh (an Rialachán a leasú):

    1.a) Maolú a cheadú ar phrionsabal na córa comhionainne in Airteagal 4 maidir le cúnamh sóisialta amháin,

    b) Maolú a cheadú ar phrionsabal na córa comhionainne in Airteagal 4 maidir le raon níos fairsinge sochar cáinmhaoinithe,

    c) Maolú beacht a cheadú ar phrionsabal na córa comhionainne maidir le sochair airgid speisialta neamhranníocacha in Airteagal 70;

    2.Na sochair airgid speisialta neamhranníocacha a sholáthraíonn ioncam cothaithe a bhaint de Rialachán Uimh. 883/2004,

    3.Rinneadh cur chuige neamhreachtach a mheas freisin (na rialacha a shoiléiriú le Teachtaireacht).

    Chun soiléireacht dlí agus trédhearcacht a áirithiú ar an dóigh is éifeachtaí éifeachtúla is féidir is é meascán de Rogha 1a agus Rogha 1b is fearr.

    I gcás sochair theaghlaigh, de rogha ar an status quo, rinneadh dhá rogha reachtach a mheas maidir leis an nasc idir leibhéal na sochar teaghlaigh a fhaightear agus na costais a thabhaítear:

    1.Innéascú na sochar teaghlaigh arna nonnmhairiú chuig stát cónaithe an linbh: a) coigeartú aníos agus anuas nó b) coigeartú anuas amháin,

    2.An inniúlacht phríomha as sochair theaghlaigh a íoc a bheith ag an stát cónaithe.

    Breathnaíodh an rogha deireadh a chur leis an oibleagáid sochair theaghlaigh a onnmhairiú, ach níor glacadh léi ar chúiseanna dlíthiúla.

    Thairis sin, breathnaíodh rogha reachtach chothrománach maidir le liúntais tógála linbh a chomhordú. Tá trí leagan de sin a) cearta dílse ar liúntais tógála linbh atá ceangailte leis an tuarastal maille le hoibleagáid shainordaitheach ar an mBallstát inniúil tánaisteach maolú ar na rialacha i gcoinne forluí (i.e. an sochar a íoc ina iomláine), b) an cur chuige céanna leis an gcéad rogha sin ach é a dhéanamh i gcás na liúntas tógála linbh uile (idir na cinn atá ceangailte leis an tuarastal agus na cinn ar ráta comhréidh) agus c) an cur chuige céanna leis an dara rogha sin ach maolú roghnach a bheith ar fáil ar na rialacha i gcoinne forluí (i.e. d'fhéadfadh an Ballstát inniúil tánaisteach an sochar a íoc ina iomláine nó breisiú a íoc más rud é go bhfuil a sochair féin níos airde ná na sochair i stát na hinniúlachta príomha).

    Is é rogha na tosaíochta an status quo a choinneáil maille le rogha chothrománach (c). Ar an dóigh sin áiritheofar go bhfanfaidh an fhreagracht as sochair theaghlaigh le Ballstát na gníomhaíochta eacnamaíche ina níocann an tuismitheoir a chuid cánach agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta; cosaint ar na baill teaghlaigh é sin, agus is le leas an linbh freisin é. Trí rogha chothrománach (c) a thabhairt isteach is féidir cothromaíocht a chur chun cinn idir an obair agus saol an teaghlaigh i rith tréimhsí tógála linbh toisc go gcuirfear béim is mó ar chearta dílse agus go dtabharfar tacaíocht do na Ballstáit sin atá ag cur an chothromaíocht idir fir agus mná chun cinn go gníomhach, gan an oibleagáid seo a fhorchur.

    Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

    I gcás sochair chúraim fhadtéarmaigh, bhí ocht mBallstát ar son an rogha bhunlíne (i.e. an status quo 2 ; bhí dhá Bhallstát in aghaidh na rogha sin. Chuir eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saoránaigh in iúl freisin gur ceist mhór é an chosaint shóisialta a mhéadú le haghaidh saoránaigh leochaileacha. Ba í Rogha 1 is mó a fuair tacaíocht na mBallstát (16 ar a son – 0 ina coinne).

    Ní raibh aon Bhallstát ar son Rogha 2.

    I gcás sochair dhífhostaíochta bhí tuairimí éagsúla ag na Ballstáit, na saineolaithe, na comhpháirtithe sóisialta, na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus na geallsealbhóirí eile agus, diomaite den rogha chothrománach, ní raibh tromlach ar bith i bhfabhar aon rogha ar leith. Bhí formhór na bhfreagróirí aonair a bhí páirteach sa chomhairliúchán poiblí i bhfabhar síneadh a chur leis an tréimhse le haghaidh onnmhairiú do shochair dhífhostaíochta agus an ceart chun roghnú a thabhairt d'oibrithe trasteorann.

    I gcás sochair shóisialta, bhí 11 Bhallstát ar son Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 a leasú chun maoluithe a cheadú le haghaidh cúnamh sóisialta. Bhí dhá Bhallstát ar son na sochair airgid speisialta neamhranníocacha a bhaint den Rialachán. Bhí ceithre Bhallstát i bhfabhar treoir riaracháin a thabhairt. Bhí tuairimí éagsúla ag na comhpháirtithe sóisialta. Bhí cuid acu ar son cosaint níos láidre chun na córais slándála sóisialta a chosaint ar ualach míréasúnta, ach d'aibhsigh cuid eile acu an díobháil a d'fhéadfaí a dhéanamh do shaoránaigh leochaileacha. Níor chuid den chomhairliúchán poiblí iad na bearta sin toisc gur códú cásdlí atá i gceist leo.

    I gcás sochair theaghlaigh, bhí 17 as 28 Ballstát ar son na rogha bunlíne, mar aon le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe sóisialta a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe, agus formhór na bhfreagróir sa chomhairliúchán poiblí. Ba bheag tacaíocht a thug na Ballstáit do Rogha 1a agus 1b (ceithre Bhallstát i bhfabhar (a), Ballstát ar bith i bhfabhar (b)). Bhí 10 mBallstát ar son Rogha 2 mar chéadrogha nó mar dhara rogha, ach bhí tuairimí éagsúla ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha, na comhpháirtithe sóisialta agus freagróirí an chomhairliúcháin phoiblí. Ceapadh na Roghanna Cothrománacha de thoradh an aiseolais a tháinig ó 4 Bhallstát, ón gComhairle, ón bParlaimint, ó na comhpháirtithe sóisialta, ón gCoiste Comhairleach um Dheiseanna Comhionanna do Mhná agus d'Fhir agus ó gheallsealbhóirí eile maidir leis an ngá cleachtais oibre níos solúbtha chun tacú le tuismitheoirí. Toisc gur ceapadh go déanach sa phróiseas comhairliúcháin iad, ní dhearnadh ach comhairliúchán neamhfhoirmiúil ina leith.

    C. Tionchar na rogha tosaíochta

    Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

    Sochair chúraim fhadtéarmaigh

    Le Rogha 1, gheofar níos mó deimhneachta dlíthiúla, trédhearcachta agus cobhsaíochta sa chóras. A bhuí le Caibidil ar leith ina ndéanfar catagóiriú ar na rialacha maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh, beidh idirdhealú soiléir ann idir na forálacha maidir le sochair bhreoiteachta agus maidir le cúnamh sóisialta. Bainfidh idir shaoránaigh agus institiúidí tairbhe as an soiléiriú sin. Is beag costas cur chun feidhme a bheidh ann mar ní mórathrú é an tathrú atá le déanamh ar an gcóras atá ann faoi láthair. Trí chomparáid idir shochair a éascú, d'fhéadfadh an rogha seo líon na ndíospóidí idir institiúidí a laghdú agus an méid ama agus airgid a chaitear ar chásanna a laghdú. Tá sé ag luí leis an gcuspóir fadtéarmach cosaint na ndaoine faoi chúram fadtéarmach a mhéadú.

    Sochair dhífhostaíochta

    Leis na roghanna tosaíochta áiritheofar go mbeidh nasc láidir idir na hinstitiúidí inniúla agus an téilitheoir. An moladh maidir le hoibrithe teorann agus fadú na tréimhse le haghaidh onnmhairiú, is nithe iad ar dócha go gcuirfidh siad le comhtháthú sa mhargadh saothair agus de réir sin beidh tionchar dearfach acu ar oibrithe soghluaiste; táthar ag súil le tionchar dearfach, ar an iomlán, a bheith ann de thoradh deireadh a chur leis an nós imeachta aisíocaíochta. De thoradh fhadú na tréimhse le haghaidh onnmhairiú méadófar na deiseanna chun comhtháthú sa mhargadh saothair, ach ní bheidh aon tionchar díreach eacnamaíoch ag baint leis, óir ní sháraíonn tréimhse an onnmhairithe an bhunteidlíocht riamh.

    Sochair shóisialta

    Le rogha na tosaíochta, soiléireofar cearta na saoránach soghluaiste den Aontas agus éascófar do na saoránach roghanna eolasacha a dhéanamh. D'fhéadfadh an rogha sin na costais rialála a laghdú (costais dlíthíochta agus costais chomhairle dlí) agus d'fhéadfadh sí na cosaintí atá ann cheana do chóras leasa an Bhallstáit óstaigh a aibhsiú, agus ag an am céanna cearta na saoránach a chaomhnú maidir leis an tsaorghluaiseacht.

    Sochair theaghlaigh

    Tionchar neodrach a bheidh ag an gcás bunlíne. D'fhéadfadh rogha chothrománach (c) deireadh a chur le dídhreasuithe a chuireann cosc ar thuismitheoirí a oibríonn na cúraimí tógála linbh a roinnt. Leis an bhforáil nach féidir an sochar sin a thabhairt ach ar bhonn teidlíocht dhílis, áiritheofar go mbeidh nasc follasach trédhearcach idir an Ballstát a eisíonn an sochar agus an duine a fhaigheann é. Simpleofar na nósanna imeachta freisin a bhuí leis an bhforáil chéanna, agus laghdóidh sin na costais rialála ar na húdaráis phoiblí agus an mhoill a bhaineann le próiseáil éileamh.

    Ní mheastar go mbeidh aon tionchar ag an tionscnamh ar chúrsaí comhshaoil.

    Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

    Sochair chúraim fhadtéarmaigh

    Meastar go mbeidh na costais chur chun feidhme íseal agus, sa síneadh fada, gur lú am agus airgead a bheidh ar na Ballstáit a chaitheamh in aghaidh an cháis.

    Sochair dhífhostaíochta

    Ní dócha go mbeidh tionchar mór ar chaiteachas ag an rogha tosaíochta le haghaidh comhshuimiú tréimhsí agus ríomhadh sochar. Ar bhonn na rialacha atá ann faoi láthair, bheifí ag súil le sábháil bheag airgid ar an iomlán (€ 29 milliún le haghaidh na 23 Ballstát a thug tuairisc).

    Ní bheadh aon tionchar eacnamaíoch díreach ag baint le síneadh na híostréimhse le haghaidh onnmhairiú sochar dífhostaíochta ó 3 go 6 mhí, óir ní sháraíonn tréimhse an onnmhairithe an bhunteidlíocht ar shochair dhífhostaíochta riamh.

    De thoradh na rogha tosaíochta le haghaidh sochair dhífhostaíochta d'oibrithe teorann, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú beag ar íocaíochtaí iomlána (€442 milliún in áit €416 milliún de réir an cháis bunlíne).

    Sochair shóisialta

    Ós códú ar an gcásdlí atá ann cheana é, níltear ag súil le haon chostais mhóra.

    Sochair theaghlaigh

    Tionchar neodrach a bheidh ag an gcás bunlíne. De thoradh rogha chothrománach (c) d'fhéadfadh tuismitheoirí áirithe na teidlíochtaí atá acu ar bhonn cearta díorthacha a chailleadh, ach toisc go bhfuil leibhéal íseal comhlíontachta i measc na mBallstát maidir leis an gceanglas cearta díorthacha ar liúntais tógála linbh a dheonú, meastar gur beag tionchar a bheidh ann. D'fhéadfadh tionchar eacnamaíoch diúltach a bheith ag an rogha chothrománach óir d'fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit inniúla tánaisteacha tuilleadh a íoc mar shochair. Mar sin féin, beidh rogha ag na Ballstáit maidir le deireadh a chur le feidhm na rialacha i gcoinne carnadh. Is iadsan a chinnfidh an tionchar eacnamaíoch dá bhrí sin. Toisc gur maolú de chineál roghnach é seo, d'fhéadfadh sé gur lú tionchar dearfach an athraithe seo ar thuismitheoirí a oibríonn.

    Ní mheastar go mbeidh aon tionchar diúltach ag an tionscnamh ar chúrsaí comhshaoil.

    Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

    Ní mheastar go mbeidh aon tionchar díreach ann ar ghnólachtaí, ar FBManna ná ar mhicrifhiontair.

    An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

    Sochair chúraim fhadtéarmaigh:

    Neamhbhainteach

    Sochair dhífhostaíochta:

    Neamhbhainteach

    Sochair shóisialta:

    Neamhbhainteach

    Sochair theaghlaigh:

    D'fhéadfadh rogha chothrománach (c) an caiteachas a dhéanfadh an Ballstát inniúil tánaisteach a mhéadú 60 % ar an meán, ach beidh rogha ag na Ballstáit deireadh a chur le feidhm na rialacha i gcoinne forluí, nó gan é sin a dhéanamh.

    An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

    Sochair chúraim fhadtéarmaigh

    Cuirfidh na rialacha nua le comhordú rianúil ar shochair chúraim fhadtéarmaigh agus, ar an dóigh sin, le saoirse ghluaiseachta agus chónaithe. Áiritheoidh siad nach mbeidh na saoránaigh a bhfuil riachtanais chúraim acu faoi aon mhíbhuntáiste agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu laistigh den Aontas.

    Sochair shóisialta:

    Aibhseoidh an rogha na cosaintí atá ar fáil i ndlí an Aontais cheana chun cosc a chur ar shaoránaigh den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch úsáid a bhaint as córas leasa an Bhallstáit óstaigh chun iad féin a chothú.

    Sochair dhífhostaíochta

    Leis an bhfadú ar an tréimhse le haghaidh onnmhairiú, is fearr a bheidh daoine atá ag lorg fostaíochta in ann leas a bhaint as margadh saothair na hEorpa.

    Sochair theaghlaigh

    Leis na roghanna cothrománacha is fearr an chosaint a bheadh ann le haghaidh cearta bunúsacha i ndáil le cearta an teaghlaigh (Airteagal 33(2)) réiteach a aimsiú idir saol an teaghlaigh agus saol na hoibre.

    D. Iarobair

    Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

    Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an dul chun cinn ar chur chun feidhme an athbhreithnithe seo 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an chreata dlí athbhreithnithe.

    (1)  Le rialú 308/14 de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh An Coimisiún v An Ríocht Aontaithe, rinneadh difear don mheasúnú ar thionchar na roghanna eile. De thoradh an rialaithe sin, is féidir leis na Ballstáit a éileamh ar shaoránaigh atá neamhghníomhach go heacnamaíoch go gcomhlíonfaidís coinníollacha na Treorach maidir le Saorghluaiseacht le rochtain a fháil ar chúnamh sóisialta agus ar shochair slándála sóisialta araon. Ní hamhlaidh atá i gcás daoine atá ag lorg fostaíochta a bhfuil ceart cónaithe acu a leagtar síos go díreach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ós rud é gur fhaomh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an tuarascáil seo roimh an breithiúnas sin, níl mórathbhreithniú déanta ag na húdair ar na roghanna ná ar an anailís ar a dtionchar, nach léiríonn an chóir éagsúil sin do shaoránaigh atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus daoine atá ag lorg fostaíochta.
    (2)

    Tuairimí na mBallstát arna gcur in iúl sa Choimisiún Riaracháin um Chomhordú Slándála Sóisialta

    Top