Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016SC0411

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (athmhúnlú) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an margadh leictreachais (athmhúnlú) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (athmhúnlú) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais

SWD/2016/0411 final - 2016/0379 (COD)

An Bhruiséil,30.11.2016

SWD(2016) 411 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (athmhúnlú)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an margadh leictreachais (athmhúnlú)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (athmhúnlú)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais

{COM(2016) 861 final}
{SWD(2016) 410 final}
{SWD(2016) 412 final}
{SWD(2016) 413 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar:

-Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (athmhúnlú)

-Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an margadh leictreachais (athmhúnlú)

-Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (athmhúnlú)

-Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais 

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi? 11 líne ar a mhéid

Tá margaí fuinnimh a bhíonn ag dea-fheidhmiú agus a áirithíonn go mbíonn soláthairtí d'fhuinneamh slán ag praghsanna iomaíocha riachtanach chun fás a bhaint amach ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí san Aontas Eorpach, Tá siad ag croílár bheartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh ar an ábhar sin agus ar cheann de phríomhchuspóirí aontas fuinnimh an Aontais Eorpaigh freisin, ó tharla gur fhógair an tAontas Eorpach go bhfuil sé beartaithe aige tograí reachtacha a ullmhú ar chinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus athdhearadh a dhéanamh ar an margadh fuinnimh, chun naisc a dhéanamh idir na margaí mórdhíola agus miondíola. Sa mheasúnú tionchair seo, léirítear go mbeidh iarmhairtí troma ag an athrú go hísealcharbón ar eagrú earnáil leictreachais an Aontais agus ar na róil a bheidh ag gníomhaithe sa mhargadh agus ag custaiméirí. Aithnítear an gá le feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh i gceithre réimse idirnasctha: (i) níl an dearadh margaidh atá ann faoi láthair oiriúnach chun méid mór giniúna inathraithí, a bhíonn díláraithe go minic, agus forbairtí teicneolaíochta nua a chumasú. (ii) níltear cinnte an leor an infheistíocht amach anseo san acmhainn ghiniúna agus an scaipfear thar margaí acmhainne neamh-chomhordaithe í; (iii) nuair atá ullmhú á dhéanamh i gcoinne cásanna géarchéime nó bainistiú á dhéanamh orthu, bíonn cur chuige náisiúnta ag na Ballstáit nach mbíonn comhordaithe agus bíonn claonadh acu neamhaird a thabhairt ar chúrsaí lasmuigh dá dteorainneacha féin; agus (iv) sna margaí miondíola leictreachais, is go mall a chuirtear seirbhísí nua i mbun úsáide, ní thugtar leibhéil ard seirbhíse agus d'fhéadfaí feidhmíocht mhargaidh a fheabhsú.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo? 8 líne ar a mhéid

Is é an cuspóir ginearálta beartais margaí leictreachais a fhágáil níos sláine, níos éifeachtaí agus níos iomaíche, agus a áirithiú ag an am céanna go ndéantar leictreachas a ghiniúint ar bhealach inbhuanaithe agus go mbeidh sé inacmhainne ag cách i gcónaí. Chuige sin, is gá go mbainfeadh gach custaiméir leas iomlán as an iomaíocht, ó thaobh praghsanna de, chomh maith le raon agus leibhéal na seirbhísí. Tá ceithre chuspóir sonrach ann: (i) dearadh an mhargaidh a oiriúnú sa chaoi go mbeidh giniúint inathraitheach, a bhíonn díláraithe go minic, costéifeachtach, agus forbairtí teicneolaíochta á gcur san áireamh; (ii) infheistíocht in acmhainní den mhéid ceart agus den chineál ceart a éascú chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú, agus iarmhairtí an tsaofa a bhíonn ag sásraí acmhainne neamh-chomhordaithe a theorannú; (iii) iontaoibh na mBallstát ar a chéile tráthanna a mbíonn brú ar an gcóras agus neartú ar an gcomhordú agus ar an gcomhar eatarthu le linn géarchéimeanna; agus (iv) dul i ngleic leis na cúiseanna agus leis na hiarmhairtí atá ag iomaíocht lag sna margaí miondíola fuinnimh.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 7 líne ar a mhéid 

Tá na margaí leictreachais níos comhtháite toisc go bhfuil méadú ag teacht ar thrádáil leictreachais trasteorann agus go bhfuil tuilleadh idirnascairí fisiceacha ann san eangach leictreachais Eorpach. D'fhág an méid sin, chomh maith leis an sciar d'fhoinsí fuinnimh inathnuaite atá ag dul i méid i gcónaí, go bhfuil idirspleáchas níos mó idir na córais leictreachais náisiúnta ná mar a bhíodh. Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh seo reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana a leasú agus creataí nua a chruthú don chomhar trasteorann. Go dlíthiúil agus go praiticiúil, ní féidir é sin a dhéanamh ach ar an leibhéal Eorpach. Ní féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ar bhealach chomh héifeachtach céanna ina naonar. Tá cur chuige comhchuibhithe comhordaithe de dhíth ó gach Ballstát chun margadh leictreachais níos éifeachtúla agus níos comhtháite a chothú san Aontas Eorpach agus chun a áirithiú go mbeidh freagairt beartais níos comhordaithe ann i dtaca le cinnteacht an tsoláthair. Is le gníomhaíochtaí ón Aontas Eorpach is fearr is féidir iad sin a bhaint amach.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 14 líne ar a mhéid 

Sa mheasúnú tionchair, cuirtear raon roghanna beartais agus neamhbheartais i láthair maidir le gach ceann de na ceithre réimsí inar aithníodh go raibh fadhbanna ann.

I dtaca le dearadh an mhargaidh a oiriúnú: (0) gan aon ghníomh ón Aontas Eorpach; (0+) rogha neamh-rialála; (1) solúbthacht an mhargaidh a uasghrádú trí chreat ceangailteach ó thaobh an dlí de a thabhairt isteach, rud a fhágann go bhfuil deiseanna don chur chun feidhme náisiúnta. Leagtar amach méideanna éagsúla uaillmhianacha i dtaca le comhtháthú na margaí faoin rogha seo, ó gceann is ísle uaillmhéine (a) go dtí an ceann is uaillmhianaí (c); (2) comhtháthú iomlán mhargadh an Aontais Eorpaigh. Is é 1(c) rogha na tosaíochta.

I dtaca le hinfheistíochtaí a spreagadh san acmhainn ghiniúna: (0) gan aon ghníomh ón Aontas Eorpach; (0+) rogha neamh-rialála; (1) margadh leictreachais feabhsaithe a lorg, gan sásraí acmhainne; (2) sásraí acmhainne a bhunú ar mheasúnú leordhóthanachta uile-Aontais; (3) sásraí acmhainne a bhunú ar chreat de chuid an Aontais don rannpháirtíocht trasteorann; (4) sásraí acmhainne de chuid an Aontais/ réigiúnacha a leagan síos. Is í rogha 3 rogha na tosaíochta (rogha a chuimsíonn Rogha 1 agus Rogha 2 freisin.

I dtaca le hiontaoibh na mBallstát ar a chéile agus comhar eatarthu le linn géarchéimeanna: (0) gan aon ghníomh ón Aontas Eorpach; (0+) rogha neamh-rialála a chuimsíonn forfheidhmiú;; (1) rialacha coiteanna íosta le hurramú ag na Ballstáit; (2) rialacha coiteanna íosta maille le hoibleagáidí chun dul i mbun comhair go héifeachtach i gcomhthéacs réigiúnach agus i gcomhthéacs an Aontais; (3) comhchuibhiú iomlán agus cinnteoireacht ar an leibhéal réigiúnach Is í rogha 2 rogha na tosaíochta.

I dtaca le dul i ngleic le hiomaíocht lag sna margaí miondíola: (0) gan aon ghníomh ón Aontas Eorpach; (0+) rogha neamh-rialála chun iomaíocht agus rannpháirtíocht na dtomhaltóirí a fheabhsú; (1) creat atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a thabhairt isteach a fhágann go bhfuil deiseanna don chur chun feidhme náisiúnta; (2) comhchuibhiú iomlán agus coimircí fairsinge do thomhaltóirí. Is í rogha 1 rogha na tosaíochta.

Tá roghanna na tosaíochta ar na roghanna is éifeachtaí agus ó thaobh an gheilleagair de agus is iad na roghanna is mó atá ag teacht leis na réimsí beartais eile iad.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 7 líne ar a mhéid 

Tá na roghanna agus smaointe éagsúla bunaithe ar ualú ar na roghanna agus argóintí a rinne na geallsealbhóirí ábhartha go léir, go háirithe sna comhairliúcháin phoiblí. Creidimid gur comhréiteach cothrom comhréireach atá sna tograí atá beartaithe. Creidimid gurb é an toradh a bheidh leo margaí leictreachais a fhágáil níos sláine, níos éifeachtaí agus níos iomaíche sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, agus a áirithiú ag an am céanna go ndéantar leictreachas a ghiniúint ar bhealach inbhuanaithe agus go bhfanfaidh sé de bheith inacmhainne. Áiritheoidh na tograí atá molta nach ndéanfar aon dochar don mhargadh inmheánach sa leictreachas.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 12 líne ar a mhéid

Seo forléargas ar na leasanna a bhaineann le roghanna na tosaíochta:

-Cuirfear cothroime iomaíochta ar bun i measc na nacmhainní éagsúla ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh, rud a rannchuideoidh leis an margadh inmheánach sa leictreachas. Méadóidh sin brú na hiomaíochta agus dá bhrí sin d'fhéadfaí go mbeidh brú i dtreo an laghdaithe ar bhillí leictreachais, rud a rachaidh chun leasa tomhaltóirí agus an gheilleagair i ndeireadh thiar gan aon tionchar a imirt ar an gcomhshaol. Lena chois sin, beidh leas indíreach ar an gcomhshaol ag margadh leictreachais a bhíonn ag dea-fheidhmiú toisc go gcruthófaí dreasachtaí chun giniúint ísealcharbóin a mhéadú.

-Córais leictreachais níos iontaofa san Eoraip, ar chostas níos lú. Rachaidh na roghanna seo chun leasa an gheilleagair agus beidh sochair dhíreacha do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí ag roinnt leo. Cabhróidh siad chun géarchéimeanna leictreachais a sheachaint agus, má bhíonn siad ann mar sin féin, bhainfí an leas is fearr as acmhainní tearca agus dhéanfaí a áirithiú go leanfadh na margaí de bheith ag feidhmiú chomh fada agus is féidir.

-Córais tarchurtha agus dáileacháin Eorpacha a oibriú ar bhealach níos éifeachtúla. Beidh laghduithe ar chostais mar thoradh leis sin, laghduithe a mbeifear in ann a thabhairt ar aghaidh do thomhaltóirí, lena náirítear daoine a bhfuil tearcrochtain ar fhuinneamh acu agus gnólachtaí. Arís rachadh sin chun leasa an gheilleagair agus na saoránach. Beidh leasanna indíreacha aige don chomhshaol freisin toisc go mbeidh córas níos éifeachtúla in ann freastal ar sciar ard de ghiniúint leictreachais inathnuaite ar bhealach níos fearr.

-Beidh tionchar dearfach ar shláinte agus ar fholláine na dteaghlach san Aontas Eorpach ag na bearta atá beartaithe i dtaca le tearcrochtain fuinnimh, chomh maith le méadú táirgiúlachta ar fud an gheilleagair a sholáthar go hindíreach.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 12 líne ar a mhéid

D'fhéadfadh costais riaracháin a bheith ag geallsealbhóirí a eascraíonn as an ngá le hathbhreithniú agus oiriúnú a dhéanamh ar na cleachtais ghnó atá acu le gur féidir le hathruithe atá beartaithe ar fheidhmiú na margaí fuinnimh faoin togra a bhaint amach. Beidh laghduithe ar chostais ann freisin áfach toisc go mbeidh na margaí fuinnimh níos comhtháite. Níltear ag súil leis go mbeidh aon tionchar diúltach díreach sóisialta nó comhshaoil acu.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas? 8 líne ar a mhéid

Laghdófar na bacainní margaidh d'iontrálaithe nua faoi na tionscnaimh atá beartaithe agus cuirfear creat cobhsaí oibriúcháin ar fáil dóibh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do ghnólachtaí nua-thionscanta agus do FBManna, ar minic a mbíonn seirbhísí agus táirgí fuinnimh nuálacha á dtairiscint acu. Ar an lámh eile, d'fhéadfadh go mbeidh tionchar ar chúrsaí riaracháin i gceist do ghléasraí an-bheaga. Laghdófar an tionchar sin go mór a bhuí leis na bearta chun comhbhailiú le chéile a éascú, bearta a fhágann gur féidir oibriú agus bainistiú comhpháirteach a dhéanamh ar líon mór gléasraí beaga. Tá foráil ann maidir le díolúintí áirithe freisin.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 4 líne ar a mhéid

D'fhéadfadh sé go mbeidh costas aonuaire i gceist do Bhallstáit faoi na tionscnaimh atá beartaithe, toisc go gceanglófar orthu a reachtaíocht náisiúnta a leasú. D'fhéadfadh siad ualach breise a leagan ar údaráis inniúla freisin toisc go gceanglófar orthu maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtionscnamh sin agus faireachán a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach. Is tionchar teoranta a bheidh i gceist, áfach, toisc go mbíonn na cúraimí sin idir lámha ag na húdaráis inniúla cheana féin ar an leibhéal náisiúnta.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 6 líne ar a mhéid

A luaithe a mbeidh na tionscnaimh atá beartaithe curtha chun feidhme agus curtha i bhfeidhm ag Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, dhéanfaí comhar níos dlúithe leo. Beidh sé sin i gceist go háirithe i gcás na mBallstát a bhfuil teorainneacha acu le tíortha an Chomhphobail Fuinnimh.

Comhréireacht?

Is é an tréith chomónta a bhaineann le roghanna na tosaíochta a bhfuil achoimre orthu thuas ná gurb é is aidhm cothromaíocht a bhaint amach idir cheithre cinn de chuspóirí: (i) iontaofacht, éifeachtúlacht agus iontaofacht fhoriomlán na margaí leictreachais a fheabhsú; (ii) dálaí a chruthú le gur féidir athrú a dhéanamh i dtreo táirgeadh ísealcharbóin leictreachais; (iii) comhar réigiúnach a chur chun cinn; agus (iv) deiseanna a fhágáil do chur chun feidhme náisiúnta.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas? 4 líne ar a mhéid 

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thrasuí na reachtaíocht agus ar chomhréireacht na mbeart a ghlacfar. Déanfaidh sé bearta forfheidhmiúcháin de réir mar a theastódh a leithéid. Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) faireachán bliantúil ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí na dtionscnamh atá beartaithe a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, leanúnachas agus ábharthacht na mbeart a ghlacfar i ndeireadh thiar 5 bliana (táscach) tar éis theacht i bhfeidhm na mbeart a ghlacfar.

Top