AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.12.2016
COM(2016) 826 final
2016/0414(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52016PC0826
Proposal for a DIRECTIVE OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on countering money laundering by criminal law
Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil
Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil
COM/2016/0826 final - 2016/0414 (COD)
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.12.2016
COM(2016) 826 final
2016/0414(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh san Aontas Eorpach agus níos faide anonn le déanaí, léiríonn siad go soiléir gur gá don Aontas Eorpach obair a dhéanamh ar fud gach réimse beartais chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Teastaíonn maoiniú ó eagraíochtaí sceimhlitheoireachta agus ó lucht na coireachta eagraithe chun a ngréasáin choiriúla a choinneáil ar bun, baill nua a earcú agus gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh. Maidir leis an obair atá ar siúl chun a bhfoinsí maoiniúcháin a chosc, chun é a dhéanamh níos deacra do sceimhlitheoirí brath a sheachaint agus na cistí sin á n-úsáid acu agus chun leas a bhaint as faisnéis ábhartha ó idirbhearta airgeadais, cuireann sí go mór leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe.
Ní rud nua é an dúshlán seo a bhaineann le maoiniú na sceimhlitheoireachta. Tá uirlisí i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach cheana féin chun dul i ngleic leis an dúshlán sin, lena náirítear an reachtaíocht choiriúil atá ann cheana, comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí agus próisis chun faisnéis ábhartha a mhalartú. Tá reachtaíocht i bhfeidhm aige freisin chun sciúradh airgid a chosc agus a chomhrac agus is reachtaíocht í sin a bhíonn á neartú i gcónaí.
Bíonn athrú leanúnach ag teacht ar an dóigh a maoinítear an sceimhlitheoireacht, áfach. Dá bhrí sin, teastaíonn ón Aontas Eorpach gníomhartha atá tiomnaithe, tapa agus cuimsitheach chun an reachtaíocht atá ann cheana a nuachóiriú, chun a chinntiú go gcuirfidh na gníomhaithe ábhartha uile an reachtaíocht sin chun feidhme ina hiomláine agus chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sainaitheanta sa reachtaíocht. Teastaíonn ón Aontas comhar méadaithe idir údaráis inniúla, thar theorainneacha agus le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid AE freisin chun feabhas a chur ar an dóigh a scaiptear faisnéis faoi na daoine a mhaoiníonn an sceimhlitheoireacht agus chun breith ar na daoine sin.
An togra seo le haghaidh Treorach, a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2016 chun an comhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú 1 , is é an aidhm atá leis sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil. Bainfear an cuspóir sin amach leis an Treoir atá beartaithe trí oibleagáidí idirnáisiúnta sa réimse seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le sciúradh, cuardach, urghabháil agus coigistiú na bhfáltas ón gcoireacht agus maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta, 2005, CETS Uimh. 198 ("Coinbhinsiún Vársá"), agus trí na moltaí ábhartha ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) a chur chun feidhme.
Is teoranta ó thaobh raon feidhme de atá na hionstraimí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (go háirithe Cinneadh Réime 2001/500/CGB 2 ). Ní chinntítear leo ach oiread go ndéanfar cionta sciúrtha airgid a choiriúlú go cuimsitheach. Cé go ndéanann gach Ballstát sciúradh airgid a choiriúlú, tá difríochtaí suntasacha idir na sainmhínithe atá acu ar cad is sciúradh airgid ann, idir na cionta a measann siad a bheith ina gcionta preideacáide – i.e. an bhunghníomhaíocht choiriúil ónar gineadh an mhaoin a sciúradh – agus ar leibhéal na smachtbhannaí a ghearrtar. Ní cuimsitheach ná sách comhleanúnach atá an creat reachtach reatha chun bheith éifeachtach go hiomlán. Is féidir le coirpigh agus le sceimhlitheoirí na difríochtaí sin i gcreataí dlíthiúla a dhúshaothrú agus cinneadh a dhéanamh a n-idirbhearta airgeadais a sheoladh sna háiteanna sin a measann siad go bhfuil na bearta is laige i gcoinne sciúradh airgid i bhfeidhm iontu.
Rud ba shuntasaí fós, ar leibhéal oibríochtúil is amhlaidh go dtéann na difríochtaí idir na sainmhínithe ar chionta sciúrtha airgid, raon feidhme na gcionta sin agus na smachtbhannaí a ghearrtar ina leith i bhfeidhm ar an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach trasteorann idir údaráis náisiúnta agus ar an malartú faisnéise araon. Mar gheall ar na difríochtaí atá ann maidir le raon feidhme na gcionta preideacáide, mar shampla, bíonn sé deacair d’Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus d’údaráis forfheidhmithe dlí i mBallstát amháin comhordú a dhéanamh le dlínsí eile san Aontas chun dul i ngleic le sciúradh airgid trasteorann (e.g. maidir le sciúradh airgid a bhaineann le cionta cánach). Mar chuid den chomhairliúchán a rinneadh chun an togra seo a ullmhú, thuairiscigh cleachtóirí - gníomhaireachtaí amhail Europol agus Eurojust ina measc - gur constaicí ar chomhar éifeachtach póilíneachta agus ar imscrúduithe éifeachtacha trasteorann iad na difríochtaí atá ann i reachtaíocht na mBallstát maidir le cionta den chineál sin a choiriúlú.
Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí de chuid coirpeach agus eagraíochtaí coiriúla brabús a ghiniúint. Go bunúsach, is é atá i gceist le sciúradh airgid úsáid a bhaint as ioncam a gineadh ó raon éagsúil gníomhaíochtaí neamhdhleathacha trasteorann - amhail gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil aindleathach ar airm, éilliú - chun maoin a fháil, a chomhshó nó a aistriú, agus foinse fhírinneach an ioncaim sin á ceilt ag an am céanna d’fhonn é a úsáid sa gheilleagar dlisteanach ina dhiaidh sin. Cumasaíonn sciúradh airgid d’eagraíochtaí coiriúla tairbhe a bhaint as a gcuid gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus a gcuid oibríochtaí a choinneáil ar bun ag an am céanna. Má thugtar freagairt choiriúil neartaithe do sciúradh airgid, beifear in ann cabhrú le deireadh a chur leis an dreasacht airgeadais a bhrúnn an choireacht chun cinn.
De réir meastacháin ó na Náisiúin Aontaithe, b’fhiú USD 2.1 trilliún san iomlán iad na fáltais a gnóthaíodh ón gcoireacht ar fud an domhain sa bhliain 2009. B’ionann an figiúr sin agus 3.6 % den Olltáirgeacht Intíre dhomhanda 3 . Meastar gur fiú €110 billiún iad na fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil sna príomh-mhargaí aindleathacha san Aontas Eorpach dá bhfuil sonraí ar fáil 4 . Níl sa mhéid airgid atá á aisghabháil san Aontas Eorpach faoi láthair ach sciar beag de na fáltais mheasta iomlána ón gcoireacht 5 .
Maidir le daoine aonair agus grúpaí a bhfuil baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta, baineann siad úsáid as gréasáin choiriúla nó téann siad i mbun coireanna chun a gcuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú. Ina dhiaidh sin, baineann siad úsáid as scéimeanna sciúrtha airgid chun cistí a chomhshó nó foinse aindleathach na gcistí sin a cheilt nó cistí a fháil chun a gcuid oibríochtaí a mhaoiniú. Cuireann sé sin go mór lena tharraingtí atá sé tabhairt faoi choireacht eagraithe. Is ó fhoinsí coiriúla amhail gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar earraí cultúrtha nó iarratais chalaoiseacha ar iasachtaí a thiomsaíonn cuid mhór de na buíonta sceimhlitheoireachta atá ag oibriú san Eoraip a gcuid cistí. Téann móreagraíochtaí sceimhlitheoireachta i muinín cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí coiriúla freisin chun a gcuid gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a mhaoiniú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sceimhlitheoirí leas a bhaint as eagraíochtaí coiriúla chun freastal ar a riachtanais lóistíochtúla trí dhoiciméid bhréagacha nó airm thine a cheannach ó na heagraíochtaí sin. D’fhéadfadh na heagraíochtaí coiriúla an t-ioncam ó na hoibríochtaí sin a sciúradh ina dhiaidh sin. Dá neartófaí creat dlíthiúil an Aontais Eorpaigh, mar sin, bheifí in ann dul i ngleic le maoiniú na sceimhlitheoireachta ar bhealach ní b’éifeachtúla agus laghdófaí an bhagairt a bhaineann le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta trí bhac a chur ar an gcumas atá acu a gcuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú.
Más rud é go dtabharfar rialacha íosta isteach chun cion coiriúil an sciúrtha airgid a shainmhíniú, go gcuirfear an sainmhíniú sin i bhfeidhm i leith cionta sceimhlitheoireachta agus gníomhaíochtaí coiriúla tromchúiseacha eile agus go ndéanfar na smachtbhannaí lena mbaineann a chomhfhogasú, is amhlaidh go dtreiseofar creat coiriúil reatha an Aontais Eorpaigh i gcoinne an sciúrtha airgid ar fud na hEorpa ag an am céanna. Leis an Treoir atá beartaithe, cuirfear feabhas ar an gcomhar trasteorann agus an malartú faisnéise atá ann cheana idir údaráis inniúla agus cabhrófar le cosc a chur ar choirpigh na difríochtaí idir reachtaíocht náisiúnta na mBallstát a dhúshaothrú chun a dtairbhe féin. Má dhéantar na bearta sin, soláthrófar creat dlíthiúil neartaithe chun sciúradh airgid a chomhrac san Aontas Eorpach, chun forfheidhmiú a fheabhsú agus chun gníomhaíocht sceimhlitheoireachta agus choiriúil a dhíspreagadh ar bhealach níos fearr. Rachfar i ngleic le coireacht eagraithe agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta ar bhealach níos éifeachtaí, mar sin, agus feabhas á chur ar shlándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh agus ar shábháilteacht a chuid saoránach ag an am céanna.
•An gá atá ann le caighdeáin agus oibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme agus le dul i ngleic le sciúradh airgid ar bhealach éifeachtach
Tá sé mar aidhm leis an togra seo cur chun feidhme a dhéanamh ar na ceanglais idirnáisiúnta a thagann as Coinbhinsiún Vársá agus ar na moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais maidir le coiriúlú an sciúrtha airgid.
I Moladh 3 ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF 6 ), éilítear ar thíortha sciúradh airgid a choiriúlú ar bhonn Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha (Coinbhinsiún Vín), 1988, agus Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (Coinbhinsiún Palermo), 2001. Sa Mholadh, iarrtar ar thíortha sciúradh na bhfáltas ó gach cineáil ciona thromchúisigh a choiriúlú d’fhonn go gcuimseofar an raon is leithne is féidir de chionta preideacáide (trí liosta a sholáthar de chatagóirí cionta preideacáide amhail an sceimhlitheoireacht, lena n-áirítear maoiniú na sceimhlitheoireachta, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, gáinneáil ar airm aindleathacha, an choireacht chomhshaoil, calaois, éilliú nó coireanna cánach), agus lánrogha á tabhairt do na tíortha maidir le conas a dhéanfaidh siad amhlaidh. Ceadaítear sa Mholadh do thíortha cion an sciúrtha airgid a chur i bhfeidhm i leith an duine a rinne an cion preideacáide taobh thiar den sciúradh airgid. Chomh maith leis sin, ceanglaítear ann ar thíortha smachtbhannaí coiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach do dhaoine nádúrtha, dliteanas coiriúil (nó dliteanas sibhialta nó riaracháin) agus smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha a chinntiú. Éilítear sa Mholadh go ndéanfaí gníomhaíochtaí coimhdeacha a choiriúlú freisin, mar shampla, cásanna ina nglacann duine páirt i gcion a dhéanamh, in iarracht a dhéanamh ar chion, i gcabhrú agus neartú le cion, i gcion a éascú agus i gcomhairliú do dhuine cion a dhéanamh, nó i gcásanna ina bhfuil baint ag duine leis na gníomhaíochtaí sin nó ina bhfuil comhcheilg ann tabhairt faoi na gníomhaíochtaí sin, ach amháin sa chás nach gceadaítear na nithe sin a choiriúlú le prionsabail bhunúsacha an dlí náisiúnta.
Tá Coinbhinsiún Vársá ar an gcoinbhinsiún idirnáisiúnta is cuimsithí maidir le sciúradh airgid (lena n-áirítear forálacha a bhaineann le sciúradh airgid a choiriúlú agus forálacha a bhaineann le sócmhainní a chalcadh agus a choigistiú agus le comhar idirnáisiúnta). Iarrtar i gCoinbhinsiún Vársá ar na páirtithe bearta reachtacha a ghlacadh chun cabhrú le sciúradh airgid a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus le fáltais agus ionstraimeachtaí ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú go héifeachtach. Téann ábhar an Choinbhinsiúin sin níos faide ná ceanglais Mholadh FATF ar roinnt bealaí, mar shampla, trí neamhaird a thabhairt ar an gceist maidir le cé acu a bhí nó nach raibh an cion preideacáide faoi réir dhlínse choiriúil na tíre ina ndearnadh an cion sciúrtha airgid, trí chead a thabhairt do thíortha leibhéal níos ísle intinne a chur i bhfeidhm, agus trí cheanglas a chur ar thíortha a chinntiú nach gá ciontú roimhe sin ná ciontú comhuaineach sa chion preideacáide a bheith ann, agus nach gá an cion preideacáide a bhunú go beacht ach oiread, sula bhféadfar duine a chiontú i sciúradh airgid.
Cé gur shínigh 26 Bhallstát den Aontas Eorpach Coinbhinsiún Vársá, níl sé daingnithe ach ag 17 gcinn díobh go dtí seo. Shínigh an tAontas Eorpach an Coinbhinsiún, ach níl sé daingnithe aige go fóill. Dá nglacfaí an togra seo le haghaidh Treorach, thógfaí céim shuntasach ar aghaidh i dtreo dhaingniú Choinbhinsiún Vársá ag an Aontas Eorpach.
Tá sé mar aidhm leis an togra seo na ceanglais idirnáisiúnta thuasluaite a chur chun feidhme. Téann ábhar an togra seo níos faide ná na ceanglais sin i réimsí áirithe, áfach: bunaítear íosleibhéal na smachtbhannaí uasta leis agus coiriúlaítear féinsciúradh leis - i.e. cásanna inarb ionann an duine atá ag sciúradh maoin a gnóthaíodh ó ghníomhaíocht choiriúil agus an duine a rinne an bunchion preideacáide. Mar sin féin, tá féinsciúradh teoranta do mhaoin a chomhshó nó a aistriú agus a cheilt nó a chur i mbréagriocht. Anuas ar na catagóirí ginearálta coireachta a sholáthraítear sa liosta de chionta preideacáide arna mbunú ag FATF agus ag Coinbhinsiún Vársá, áirítear leis an liosta a sholáthraítear sa togra seo an chibearchoireacht agus na coireanna sin dá bhfuil reachtaíocht ann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena sainmhínítear na cionta preideacáide trí thagairt a dhéanamh do na gníomhartha reachtacha ábhartha ó AE.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo leabaithe sa chomhrac domhanda i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta toisc go ndéanfar leis cur chun feidhme ar Mholadh 3 ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), arb é an comhlacht idir-rialtasach a shainíonn caighdeáin idirnáisiúnta sa réimse seo agus a chuireann cur chun feidhme na gcaighdeán sin chun cinn é, agus ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha. Chomh maith leis sin, tá an togra seo mar chuid den mhóriarracht atá á déanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac tríd an ngníomh diansmachtúil i gcoinne eagraíochtaí coiriúla agus mhaoinitheoirí na sceimhlitheoireachta a threisiú.
Éilíodh sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil, a glacadh i mí Aibreáin 2015 7 , go dtabharfaí bearta breise isteach i leith mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus sciúradh airgid. Aithníodh sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil go bhfuil "brabús ar an bpríomhsprioc atá ag an lucht coireachta eagraithe" agus éilíodh ann go neartófaí an cumas atá ag an lucht forfheidhmithe dlí chun dul i ngleic le maoiniú na coireachta eagraithe. Luadh ann gur "gá gníomh a dhéanamh chun dul i ngleic le hinsíothlú an lucht coireachta eagraithe sa gheilleagar dleathach toisc go mbaineann gréasáin choiriúla idirnáisiúnta úsáid as struchtúir dhleathacha ghnó chun foinse a mbrabúis a cheilt." Díríodh sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil freisin ar dhul i ngleic leis an nasc idir an sceimhlitheoireacht agus an lucht coireachta eagraithe, agus aird á tarraingt ann ar an bhfíric go ndéanann an lucht coireachta eagraithe an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú ar roinnt bealaí éagsúla, mar shampla: airm a sholáthar d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a mhaoiniú trí smuigleáil drugaí, agus insíothlú sna margaí airgeadais.
Chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta i láthair an 2 Feabhra 2016, rud a bhfuil sé mar aidhm leis an comhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú. Ceann de na príomhghníomhartha a bhí sa Phlean Gníomhaíochta ba ea breithniú a dhéanamh ar thogra le haghaidh Treorach a ullmhú chun rialacha íosta a thabhairt isteach maidir leis an sainmhíniú ar chion coiriúil an sciúrtha airgid (agus an sainmhíniú sin a chur i bhfeidhm i leith cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile) agus chun na smachtbhannaí a ghearrfar ina leith sin a chomhfhogasú. Ba é an réasúnaíocht taobh thiar de sin gur minic a théann sceimhlitheoirí i muinín fáltais ón gcoireacht chun a gcuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú agus gur minic a bhaineann siad úsáid as scéimeanna sciúrtha airgid mar chuid den phróiseas sin. Dá ndéanfaí sciúradh airgid a choiriúlú, mar sin, b’amhlaidh go gcuirfí le dul i ngleic le maoiniú na sceimhlitheoireachta ag an am céanna.
Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus beart leantach maidir leis an rún ó CRIM (2015/2110(INI)) 8 , tarraingíodh aird arís eile ar an bhfíric go bhféadfadh go mbeadh nasc ann idir rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí coiriúla agus coireanna sceimhlitheoireachta. Éilíodh sa rún go dtreiseofaí reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus sciúradh airgid ionas go bhféadfaí an sceimhlitheoireacht a chomhrac go héifeachtach.
Ina theannta sin, treiseofar leis an togra seo na bearta atá i bhfeidhm chun mí-úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a bhrath, a shuaitheadh agus a chosc, go háirithe an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid 9 (4AMLD), ina leagtar amach rialacha a bhfuil sé mar aidhm leo cosc a chur ar mhí-úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, agus an Rialachán maidir le hAistrithe Cistí 10 . Meastar go ndéanfar an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le hAistrithe Cistí a thrasuí an 1 Eanáir 2017. Cuireadh roinnt leasuithe ar an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid i láthair an 5 Iúil 2016 11 d’fhonn treisiú a dhéanamh ar an gcreat um sciúradh airgid a chosc, go háirithe trí dhul i ngleic le rioscaí atá ag teacht chun cinn agus trí chur leis an gcumas atá ag údaráis inniúla chun faisnéis a rochtain agus a mhalartú.
Leis na hionstraimí dlí sin, cabhraítear le sciúradh airgid a chosc agus éascaítear imscrúduithe ar chásanna sciúrtha airgid. Mar sin féin, ní dhírítear sna hionstraimí sin ar a bhfuil i gceist leis an tionscnamh seo, is é sin, gan aon sainmhíniú aonfhoirmeach a bheith ann ar choir an sciúrtha airgid agus na difríochtaí atá ann i gcineál agus leibhéal na smachtbhannaí a ghearrtar i leith an chiona sin ar fud an Aontais. Tar éis do na comhreachtóirí an treoir atá beartaithe a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a bheidh nó nach mbeidh sé riachtanach an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a leasú d’fhonn an sainmhíniú ar “gníomhaíocht choiriúil” a thugtar inti a chur ar chomhréim leis an sainmhíniú a thugtar sa treoir seo.
Ina theannta sin, déantar leis an togra seo an creat dlí choiriúil a threisiú agus a chomhlánú i ndáil le cionta a bhaineann le grúpaí sceimhlitheoireachta, go háirithe an togra le haghaidh Treoir maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac 12 , ina dtugtar sainmhíniú cuimsitheach ar choir mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Ní hé amháin go dtagann cionta sceimhlitheoireachta faoin sainmhíniú sin, ach cumhdaítear ann freisin cionta eile a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht amhail earcaíocht, oiliúint agus bolscaireacht.
Treisítear leis an togra seo an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe freisin toisc go gcomhlánaítear leis Treoir 2014/42/AE 13 , a bhfuil sé mar aidhm léi sraith choiteann rialacha íosta a chruthú maidir le fáltais ón gcoireacht a bhrath, a rianú agus a choigistiú ar fud an Aontais Eorpaigh, agus Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle 14 , lena ndéantar rannpháirtíocht i ngrúpa coireachta eagraithe agus an chambheartaíocht a choiriúlú.
Ina theannta sin, chomhlánófaí leis an togra seo roinnt píosaí difriúla de reachtaíocht AE lena gceanglaítear ar na Ballstáit cineálacha áirithe sciúrtha airgid a choiriúlú. Cuirfear in ionad Chinneadh Réime 2001/500/CGB ón gComhairle 15 go páirteach é i ndáil leis na Ballstáit a bheidh faoi cheangal ag an togra seo. Is é an aidhm atá leis an gCinneadh Réime sin comhfhogasú a dhéanamh ar rialacha náisiúnta maidir le coigistiú agus maidir le cineálacha áirithe sciúrtha airgid, ar rialacha iad ar ceanglaíodh ar na Ballstáit iad a ghlacadh de réir Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le sciúradh, cuardach, urghabháil agus coigistiú na bhfáltas ón gcoireacht agus maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta, 1990.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an Treoir atá beartaithe ag teacht leis na haidhmeanna beartais atá á saothrú ag an Aontas, go háirithe na haidhmeanna seo a leanas:
–An comhrac i gcoinne coireanna a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais. Leis an Dara Prótacal arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, ceanglaítear ar na Ballstáit coiriúlú a dhéanamh ar sciúradh na bhfáltas ó choireanna a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais, amhail calaois agus éilliú, mar a shainmhínítear sa Choinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus sna prótacail a ghabhann leis. I mí Iúil 2012 16 , bheartaigh an Coimisiún Treoir lena mbainfí leas as an dlí coiriúil chun calaois a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Bheartaigh sé go gcuirfí an Treoir sin in ionad an Choinbhinsiúin agus na bprótacal a ghabhann leis le haghaidh na mBallstát rannpháirteach. Thabharfaí isteach leis an Treoir cionta coiriúla nua a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais agus foráiltear léi gur cheart sciúradh na bhfáltas ó choireanna den sórt sin a choiriúlú. Tá an togra seo gan dochar do rialacha an dlí choiriúil a bhaineann le sciúradh airgid.
–An comhrac i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí agus úsáid agus infhaighteacht drugaí, mar a leagtar amach i Straitéis na hEorpa maidir le Drugaí (2013-20) 17 .
–An comhrac i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla amhail gáinneáil ar fhiadhúlra. Sa Teachtaireacht dar teideal “Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh i gcoinne Gáinneáil ar Fhiadhúlra” 18 ón gCoimisiún sa bhliain 2016, iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a reachtaíocht náisiúnta maidir le sciúradh airgid chun a chinntiú go bhféadfaí plé le cionta a bhaineann le gáinneáil ar fhiadhúlra mar chionta preideacáide.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 83(1) CFAE an bunús dlí leis an togra seo, ar airteagal é ina n-aithnítear sciúradh airgid mar cheann de na coireanna a bhfuil gné thrasteorann ar leith ag baint leo. Cumasaítear leis an togra seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na rialacha íosta riachtanacha a bhunú maidir leis an sainmhíniú ar sciúradh airgid trí bhíthin treoracha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.
•Geoiméadracht athraitheach
Cinneadh Réime 2001/500/CGB maidir le sciúradh airgid agus le hionstraimeachtaí agus fáltais ón gcoireacht a shainaithint, a rianú, a chalcadh, a urghabháil agus a choigistiú, tá feidhm aige maidir leis na Ballstáit uile.
I gcomhréir le Prótacal 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis na Conarthaí, féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire gan bheith rannpháirteach nuair a ghlacfar an togra seo. Féadfaidh siad déanamh amhlaidh tar éis ghlacadh an togra freisin.
Faoi Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta de bhun Theideal V de CFAE (seachas "bearta ag cinneadh na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nuair a bheidh teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, nó ar bhearta maidir le formáid chomhionann do víosaí"). Faoi na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair, mar sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfar an togra seo agus ní bheidh sí faoi cheangal aige.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Is féidir le coirpigh agus le maoinitheoirí na sceimhlitheoireachta a gcistí a aistriú go héasca thar theorainneacha d’fhonn foinse aindleathach na gcistí sin a chur i mbréagriocht. Is ar fud Ballstáit dhifriúla a fheidhmíonn eagraíochtaí coiriúla agus gréasáin sceimhlitheoireachta. Déantar fáltais aindleathacha a sciúradh go forleathan ar fud gheilleagar dleathach na hEorpa. Tá fianaise ar infheistíochtaí coireachta eagraithe le fáil i mbeagnach gach Ballstát den Aontas Eorpach 19 .
Ar bhonn méadaitheach, bíonn grúpaí coireachta eagraithe ag ceilt agus ag athinfheistiú a sócmhainní i mBallstáit seachas an ceann ina ndearnadh an choir ónar gnóthaíodh an mhaoin 20 . Fágann sé sin go mbíonn sé níos casta fós d’údaráis inniúla an choireacht thromchúiseach agus eagraithe trasteorann a chomhrac san Aontas Eorpach ar fad. Déanann sé difear d’fheidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh freisin trí iomaíocht a shaobhadh le gnólachtaí dlisteanacha agus trí dhochar a dhéanamh d’iontaoibh as an gcóras airgeadais.
An ghné thrasteorann de sciúradh airgid, bíonn sí le feiceáil gach lá ag údaráis phoiblí agus cleachtóirí a phléann le cásanna sciúrtha airgid: téann na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais sna Ballstáit den Aontas Eorpach i mbun comhair le chéile go rialta chun a misean a chomhlíonadh, is é sin, anailís a dhéanamh ar idirbhearta a bhfuil drochamhras ann go bhfuil baint acu le sciúradh airgid agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta agus torthaí na hanailíse sin a scaipeadh ar údaráis inniúla. Léiriú ar an méid sin is ea an líon iarrataí ar fhaisnéis agus ar chomhar a bhíonn á dtarchur trí FIU.Net, arb é an uirlis malartaithe faisnéise do na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais san Aontas Eorpach é: bhí 12,076 malartú faisnéise ann sa bhliain 2014, figiúr a mhéadaigh go 17,149 gcinn sa bhliain 2015 21 . Bíonn móréagsúlacht ann i measc na mBallstát maidir le céatadán na dTuarascálacha maidir le hIdirbhearta Amhrasacha lena mbaineann Ballstát eile den Aontas Eorpach. Cé nach bhfuil sonraí beachta ag formhór na mBallstát, measann líon mór díobh go mbíonn gné thrasteorann ann i gcás idir 30 % agus 50 % de na Tuarascálacha maidir le hIdirbhearta Amhrasacha arna scaipeadh ar údaráis inniúla 22 .
Is minic a thugtar faoi imscrúduithe coiriúla ar sciúradh airgid lena mbaineann roinnt Ballstát den Aontas Eorpach. Meastar i mBallstát amháin go bhfuil gné thrasteorann ag idir 10 % agus 15 % de chásanna sciúrtha airgid. Measann dhá Bhallstát go bhfuil gné thrasteorann ag baint le 20 % de chásanna. Tá an ráta sin cothrom le 70 % i gcúpla Ballstát eile. Measann cúig Bhallstát gur sa raon idir 38 % agus 50 % atá céatadán na nimscrúduithe sciúrtha airgid a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo. Thug Ballstát amháin le fios gur thar lear a rinneadh thart ar 50 % de chionta coiriúla preideacáide 23 .
Fianaise ar an ngné thrasteorann de sciúradh airgid agus ar an ngá atá ann le dul i ngleic leis an bhfeiniméan sin trí chomhar breithiúnach i measc na mBallstát is ea an líon cásanna ar chláraigh na Ballstáit agus na hIonchúisitheoirí Idirchaidrimh le Eurojust iad. Chláraigh Eurojust 724 chás maidir le sciúradh airgid idir an bhliain 2012 agus mí Iúil 2015, figiúr a mhéadaigh ó 193 chás sa bhliain 2013 go 286 chás sa bhliain 2015. Chláraigh Eurojust 212 chás idir an 1 Eanáir agus an 30 Meán Fómhair 2016. Den 160 cruinniú comhordaithe ar eagraigh Eurojust iad idir mí Eanáir agus mí Aibreáin 2015, ba le sciúradh airgid a bhain aon ochtú (12.5 %) díobh. Bhí an figiúr sin a dhá oiread ní b’airde ná an céatadán don bhliain 2014. Réimse fáis leanúnaigh i gcásobair Eurojust is ea sciúradh airgid.
Mura ndéantar aon ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is dóigh go dtiocfaidh méadú suntasach ar scála na faidhbe sna blianta atá le teacht. Leanfadh údaráis bhreithiúnacha agus údaráis forfheidhmithe dlí le teacht ar dheacrachtaí agus iad ag déileáil leis na cásanna is casta sciúrtha airgid. Thabharfadh sé sin deis do dhéantóirí na coire dul i mbun tóraíocht fóram i leith dlínsí den Aontas Eorpach nach mbíonn ag gabháil gníomhaíochtaí coiriúla áirithe, nó nach mbíonn ag gabháil gníomhaíochtaí den sórt sin ar bhealach sách éifeachtach agus cuimsitheach, laistigh dá gcreat reachtach i gcoinne sciúradh airgid. Mura gcuirfí stop le gníomhaíocht sciúrtha airgid, b’amhlaidh go mbeadh mórchostas sochaíoch ann ar deireadh trí ghníomhaíocht choiriúil leanúnach agus tríd an ioncam cánach a chaillfí. D’fhéadfaí maoiniú leanúnach grúpaí sceimhlitheoireachta a éascú ag an am céanna freisin.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, tá an Treoir nua atá beartaithe teoranta dá bhfuil riachtanach agus comhréireach chun oibleagáidí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun feidhme, go háirithe maidir le sciúradh airgid a choiriúlú, ar aon dul le moltaí FATF agus le Coinbhinsiún Vársá. Téann ábhar an Choinbhinsiúin níos faide ná Moladh FATF ar roinnt bealaí, mar shampla, trí neamhaird a thabhairt ar an gceist maidir le cé acu a bhí nó nach raibh an cion preideacáide faoi réir dhlínse choiriúil na tíre ina ndearnadh an cion sciúrtha airgid agus trí cheanglas a chur ar thíortha a chinntiú nach gá ciontú roimhe sin ná ciontú comhuaineach sa chion preideacáide a bheith ann, agus nach gá an cion preideacáide a bhunú go beacht ach oiread, sula bhféadfar duine a chiontú i sciúradh airgid.
Leis an togra seo, déantar forbairt ar na hoibleagáidí sin, nuair is gá, chun feabhas a chur ar chomhar trasteorann agus ar an malartú faisnéise agus chun cosc a chur ar choirpigh na difríochtaí atá ann idir reachtaíocht náisiúnta na mBallstát a dhúshaothrú chun a dtairbhe féin (mar shampla, trí fhéinsciúradh a choiriúlú – cé go bhfuil féinsciúradh teoranta do mhaoin a chomhshó nó a aistriú agus a cheilt nó a chur i mbréagriocht – agus trí íostairseacha a leagan síos maidir leis na smachtbhannaí uasta a fhéadfar a ghearradh). Tá an liosta cionta preideacáide a bhunaítear leis an togra seo bunaithe freisin ar na catagóirí de chionta preideacáide a leagtar amach i Moltaí FATF agus san aguisín a ghabhann le Coinbhinsiún Vársá, ach amháin i gcás dhá eisceacht: ainmnítear an chibearchoireacht agus an míleithreasú mar chionta preideacáide sa togra seo.
Sainmhínítear sa togra seo raon feidhme na gcionta sciúrtha airgid d’fhonn gach cineál iompraíochta ábhartha a chumhdach, agus an méid sin á dhéanamh ar bhealach atá teoranta dá bhfuil riachtanach agus comhréireach.
•An rogha ionstraime
I gcomhréir le hAirteagal 83(1) CFAE, ní féidir rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú i réimsí na coireachta tromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, lena n-áirítear sciúradh airgid, a bhunú ach amháin trí bhíthin Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna glacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní dhearnadh i bhforálacha atá ann cheana aon mheastóireacht ex post ar sciúradh airgid a choiriúlú (i.e. pointe (b) d’Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2001/500/CGB).
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Thug an Coimisiún aird ar an toradh ar shuirbhé a chuir comhairleoir seachtrach i gcrích sa bhliain 2013, rud inar measúnaíodh, i measc nithe eile, an dóigh a raibh Moltaí FATF á gcomhlíonadh ag na Ballstáit, lenar áiríodh an moladh chun cion an sciúrtha airgid a choiriúlú. Chreid formhór na bhfreagróirí a ghlac páirt sa cheistneoir ar líne, a seoladh sa bhliain 2013, gurbh amhlaidh, dá mbeadh feidhm aige maidir leis an Aontas Eorpach ar fad, go mbeadh sainmhíniú ar sciúradh airgid éifeachtach maidir le dul i ngleic leis na gnéithe trasteorann de sciúradh airgid. Chomh maith leis sin, léiríodh sa suirbhé go raibh formhór na bhfreagróirí i bhfách le comhchuibhiú a dhéanamh ar an raon cionta preideacáide taobh thiar de sciúradh airgid agus tugadh le fios ann go dtugann na difríochtaí ina leith sin deis do choirpigh airgead a sciúradh i ndlínsí a meastar go bhfuil na bearta is laige i gcoinne sciúradh airgid i bhfeidhm iontu. Cruthaíonn an méid sin fadhbanna praiticiúla d’údaráis inniúla ar leibhéal trasteorann. Léiríodh sa suirbhé freisin go raibh formhór na bpáirtithe leasmhara i bhfách le coiriúlú an fhéinsciúrtha a chomhchuibhiú trí bhíthin bheart AE.
I mí Dheireadh Fómhair 2016, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis na forálacha a bhí i bhfeidhm acu ar leibhéal náisiúnta i ndáil le sciúradh airgid a choiriúlú, agus é ag iarraidh ar gach Ballstát forbhreathnú nuashonraithe tíre a sholáthar dó. Rinneadh athbhreithniú ar thorthaí an chomhairliúcháin sin le linn cruinniú leis na Ballstáit i mí na Samhna 2016, áit ar pléadh na saincheisteanna seo a leanas: na cineálacha difriúla cur chuige a ghlactar i leith nithe amhail na cionta preideacáide taobh thiar de sciúradh airgid; an ceanglas chun ciontú roimhe sin a bheith ann nó chun an cion preideacáide a bhunú sula bhféadfar duine a chiontú i sciúradh airgid; coiriúlú an fhéinsciúrtha; agus leibhéal na smachtbhannaí a ghearrtar.
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le hionadaithe ó chomhlachais dlí i mí na Samhna 2016 freisin chun a gcuid tuairimí a fháil faoin mbreac-chuntas le haghaidh Treoir atá beartaithe ón gCoimisiún, mar a cuireadh i láthair sa treochlár é. Tríd is tríd, leag páirtithe leasmhara béim ar an ngá atá ann le comhchuibhiú a dhéanamh ar chionta sciúrtha airgid agus ar na smachtbhannaí a ghearrtar ina leith ionas gur féidir dul i ngleic le sciúradh airgid ar fud an Aontais Eorpaigh ar bhealach cuimsitheach éifeachtach. Thug páirtithe leasmhara le fios go dtagann cásanna chun cinn go minic ina gcuirtear bac ar chomhar éifeachtach trasteorann le linn cionta sciúrtha airgid a ionchúiseamh mar gheall ar na sainmhínithe difriúla atá ann ar sciúradh airgid. Dá gcuirfí deireadh leis na difríochtaí suntasacha atá ann sna sainmhínithe faoi seach ar an gcion sciúrtha airgid, bheifí in ann feabhas a chur ar mhalartú faisnéise trasteorann agus ar chomhar trasteorann idir údaráis forfheidhmithe dlí. Dá gcuirfí leibhéal na smachtbhannaí a ghearrtar i leith cionta sciúrtha airgid ar chomhréim le chéile, bheifí in ann cur lena éifeachtaí atá gníomhartha forfheidhmithe agus díspreagtha ar fud an Aontais Eorpaigh freisin.
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin le Gníomhaireachtaí AE a bhfuil sé de chúram orthu tacú le comhar póilíneachta agus breithiúnach idir na Ballstáit.
Tugadh aird ar shonraí eile chomh maith, amhail an tuarascáil nuashonraithe ó Eurostat maidir le sciúradh airgid agus na cinntí ó thionscadal ECOLEF 24 . Bhain an Coimisiún leas as tuarascálacha ábhartha eile ó na heagraíochtaí sin freisin, amhail an tuarascáil tíopeolaíochtaí maidir le fáltais ón gcoireacht a sciúradh, rud ar eisigh Moneyval é sa bhliain 2015 25 .
•Measúnú tionchair
Ós rud é gurb iad oibleagáidí agus caighdeáin idirnáisiúnta den chuid is mó a chuimsítear sa togra seo le haghaidh Treorach, cuirtear an togra seo i láthair gan measúnú tionchair a bheith ag gabháil leis ar bhonn eisceachtúil.
Mar sin féin, cuirtear sa Treoir seo leis an bhfianaise a gnóthaíodh ó na staidéir sheachtracha agus na measúnuithe seachtracha a gcuirtear síos orthu níos luaithe sa doiciméad seo agus leis na comhairliúcháin éagsúla a reáchtáladh le páirtithe leasmhara.
Rinneadh breithniú ar roinnt cineálacha cur chuige, agus leas á bhaint as an bhfaisnéis a bhí ar fáil:
1) Gníomhaíocht neamhreachtach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nó ar leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear treoirlínte, malartú an dea-chleachtais, oiliúint, agus táblaí comhfhreagrais a fhorbairt le haghaidh cionta preideacáide;
2) An togra a theorannú do Mholtaí FATF, an sainmhíniú a thugann an tAontas Eorpach ar sciúradh airgid a chur ar chomhréim le caighdeáin idirnáisiúnta, agus lánrogha shuntasach a thabhairt do na Ballstáit i réimsí eile ag an am céanna;
3.1) Togra lena dtrasuitear forálacha Choinbhinsiún Vársá agus lena maolaítear na ceanglais atá ann maidir leis an mbunchion preideacáide atá taobh thiar den chion sciúrtha airgid a chruthú;
3.2) Togra lena dtrasuitear forálacha Choinbhinsiún Vársá agus lena dtéitear níos faide ná oibleagáidí idirnáisiúnta ar bhealaí áirithe, lena n-áirítear sainmhíniú a thabhairt ar na cionta preideacáide taobh thiar de sciúradh airgid, féinsciúradh a choiriúlú, agus íostairseacha agus/nó uastairseacha a leagan síos maidir leis na smachtbhannaí a fhéadfar a ghearradh;
4) Togra lena sainmhínítear na dálaí agus na heilimintí éagsúla a bhaineann le cion an sciúrtha airgid (lena n-áirítear sainmhínithe ar mhaoin a chomhshó/a aistriú agus fáltais ón gcoireacht a cheilt, a fháil, a shealbhú agus a úsáid), lena bhforchuirtear cur chuige coiteann i leith gach cineál coire agus lena ndéantar sciúradh airgid faillíoch a choiriúlú.
Ar bhonn na fianaise a bailíodh agus na measúnuithe roimhe sin a gcuirtear síos orthu thuas, roghnaigh an Coimisiún cur chuige lena mbeartaítear go ndéanfaí comhchuibhiú íosta ar aon dul le forálacha Choinbhinsiún Vársá, nach dtéitear níos faide ná oibleagáidí idirnáisiúnta leis ach amháin sna réimsí sin ina bhfuil tairbhí inléirithe ag gníomhaíocht ó thaobh comhar trasteorann de, lena n-urramaítear traidisiúin náisiúnta agus an cásdlí náisiúnta, agus lena gcinntítear comhsheasmhacht le dlí an Aontais Eorpaigh, i.e. trína chinntiú go gcáilíonn gach cion, mar a shainmhínítear i ngníomhartha reachtacha AE iad, mar chionta preideacáide taobh thiar de sciúradh airgid.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá sé mar aidhm leis an togra seo oibleagáidí agus caighdeáin idirnáisiúnta a thabhairt isteach i ndlíchóras an Aontais Eorpaigh agus an creat dlíthiúil a nuashonrú ionas go mbeifear in ann freagairt go leordhóthanach d’fheiniméan trasteorann an sciúrtha airgid. Cabhróidh sé sin leis na Ballstáit le linn dóibh na forálacha ábhartha a thrasuí agus a chur chun feidhme.
•Cearta bunúsacha
Ní mór coiriúlú a bhunú, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar bhealach a lánurramaíonn na hoibleagáidí maidir le cearta bunúsacha. Tá aon teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, is iad sin: faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorannuithe a dhéanamh ach amháin má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó má tá gá leo chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Chomh maith leis sin, ní mór go bhforáiltear dóibh leis an dlí agus ní mór go n-urramaítear leo inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin.
Cuireadh raon éagsúil ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha san áireamh ina leith sin. Áirítear iad seo a leanas leis na cearta atá ábhartha go háirithe i ndáil leis na bearta atá beartaithe, ach gan a bheith teoranta dóibh: na cearta atá ar áireamh i dTeideal I den Chairt maidir leis an gceart chun saoirse agus slándála (Airteagal 6 den Chairt), an ceart chun maoine (Airteagal 17 den Chairt), an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47 den Chairt), toimhde na neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil (Airteagal 48 den Chairt), prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis (Airteagal 49 den Chairt), agus an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna (ne bis in idem, Airteagal 50 den Chairt).
Gach beart arna nglacadh ag an Aontas agus ag a chuid Ballstát i ndáil le coiriúlú an sciúrtha airgid mar a fhoráiltear dó sa Treoir seo, agus aon chinntí arna ndéanamh i leith smachtbhannaí coiriúla agus neamhchoiriúla a ghearradh ina leith, ní mór iad a bheith faoi réir phrionsabal na dlíthiúlachta agus na coimhdeachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, ní mór iad a bheith faoi réir thoimhde na neamhchiontachta agus an chirt chun cosaint a fháil, agus níor cheart aon chineál treallachais a bheith i gceist leo.
Déantar cearta bunúsacha i gcoitinne agus prionsabal na comhréireachta a urramú trí raon feidhme na gcionta a theorannú dá bhfuil fíor-riachtanach chun go bhféadfar gníomhartha atá ina mbagairt ar leith ar shlándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh a ionchúiseamh go héifeachtach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí buiséadacha láithreacha ag an togra seo don Aontas.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Treorach bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit faoi na bearta arna ndéanamh chun na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm.
Cuirfidh an Coimisiún, faoi dhá bhliain tar éis an spriocdháta le haghaidh an Treoir seo a chur chun feidhme, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Ní mheastar go bhfuil aon doiciméid mhíniúcháin maidir le trasuí na Treorach ag teastáil.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Airteagal 1: Ábhar agus raon feidhme.– Leagtar amach san fhoráil seo cuspóir agus raon feidhme na dréacht-Treorach, go háirithe rialacha íosta a bhunú maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus smachtbhannaí i réimse na gcionta sciúrtha airgid.
Airteagal 2: Sainmhínithe.– Soláthraítear leis an bhforáil seo sainmhínithe ar "maoin" (i ndáil le cionta sciúrtha airgid, féach Airteagal 3) atá ar aon dul le acquis an Aontais 26 agus ar "daoine dlítheanacha" (i ndáil leis an oibleagáid chun dliteanas daoine dlítheanacha a bhunú, féach Airteagal 6).
Cé go gceadófar do na Ballstáit cineálacha difriúla cur chuige a ghlacadh go fóill maidir leis na cionta preideacáide taobh thiar de sciúradh airgid (áit a mbeidh siad in ann cur chuige coiteann a ghlacadh i leith gach cineál coire, liosta cionta preideacáide a ghlacadh nó liosta cionta lena ngabhann íosphionós a ghlacadh), soláthraítear san fhoráil seo sainmhíniú ar an téarma "gníomhaíocht choiriúil" ar cion preideacáide í chun críocha sciúradh airgid. An raon gníomhaíochtaí coiriúla óna ngintear an mhaoin a sciúrtar, mar a liostaítear san fhoráil seo, tá sé ag teacht le Moladh 3 ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais lena gceanglaítear, beag beann ar an gcur chuige arna ghlacadh chun cur síos a dhéanamh ar na cionta preideacáide, go gcuimseofaí cionta ó liosta catagóirí ainmnithe de chionta. Tá an liosta san fhoráil seo ag teacht freisin le hAirteagal 9(4) de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le sciúradh, cuardach, urghabháil agus coigistiú na bhfáltas ón gcoireacht agus maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta, 2005 (CETS Uimh. 198), lena gceanglaítear ar na páirtithe sa Choinbhinsiún an cion sciúrtha airgid a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí de chionta preideacáide a liostaítear san aguisín a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Comhfhreagraíonn na catagóirí atá ainmnithe ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus na catagóirí a liostaítear san aguisín a ghabhann leis an gCoinbhinsiún don raon gníomhaíochtaí coiriúla a liostaítear in Airteagal 2 den togra seo, ach amháin in aon chás amháin: ainmnítear an chibearchoireacht mar chion preideacáide san airteagal sin freisin, faoi mar a mhínítear thíos.
Toisc go bhfuil na catagóirí sin liostaithe go simplí agus nár shainmhínigh FATF iad ná nár sainmhíníodh i gCoinbhinsiún 2005 iad, tá scóip leathan ann chun difríochtaí náisiúnta a bheith ann sa raon cionta preideacáide. Mar gheall air sin, is teoranta atá raon feidhme na gcionta preideacáide atá ar áireamh i bhforálacha náisiúnta Ballstát áirithe. Níl aon chomhthuiscint chuimsitheach ann i measc na mBallstát ach oiread ar na bunghníomhaíochtaí coiriúla óna ngintear an mhaoin a sciúrtar.
De réir an chomhairliúcháin le Europol, is féidir le tuairimí difriúla ar cé na coireanna as a bhféadfadh sciúradh airgid teacht chun cinn deacrachtaí a chruthú maidir le cosc a chur ar idirbhearta airgeadais a bhaineann le sciúradh airgid agus maidir le sciúradh airgid trasteorann a ionchúiseamh. Sa líne chéanna, rinne Eurojust, mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, tagairt do na deacrachtaí a bhíonn ag na Ballstáit le linn dóibh cásanna sciúrtha airgid trasteorann a imscrúdú agus a ionchúiseamh de bharr chineál coimhdeach an chiona sin. Thug páirtithe leasmhara eile le fios freisin gur bacainní ar chomhar trasteorann iad na difríochtaí atá ann ó thaobh cionta preideacáide de. Ós rud é gur minic a éilíonn na Ballstáit, nuair a iarrtar orthu dul i mbun comhair in imscrúduithe nó ionchúisimh a bhaineann le sciúradh airgid, nach mór go mbeadh an bunchion preideacáide ina chion preideacáide dá mba rud é go ndearnadh ina ndlínse féin é, ní bhítear in ann dul i mbun comhair i ngach cás agus éiríonn le coirpigh a bhfáltais ón gcoireacht dá bharr.
In aon chás ina bhfuil reachtaíocht ann cheana in acquis an Aontais Eorpaigh lena sainmhínítear ceann ar bith de na cionta preideacáide, déantar tagairt don ghníomh reachtach ábhartha ón Aontas Eorpach chun a chinntiú gur mar chion sciúrtha airgid a cháileoidh gach ceann de na cionta a shainmhínítear sa ghníomh reachtach lena mbaineann. Cabhróidh sé sin leis na neamhréireachtaí atá ann cheana a laghdú agus le comhthuiscint níos fairsinge a chothú.
Ina theannta sin, tá gá ann le dul i ngleic le bagairt mhéadaitheach na cibearchoireachta agus na n-ionsaithe ar chórais faisnéise, go háirithe ionsaithe atá nasctha leis an gcoireacht eagraithe. Is í an choireacht ríomhairí an t-aon réimse coireachta a luaitear in Airteagal 83 CFAE agus nach liostaítear sna catagóirí de chionta atá ainmnithe ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais agus a ainmnítear i gCoinbhinsiún Vársá. Tá sé deacair tionchar airgeadais na cibearchoireachta agus méid na bhfáltas gaolmhar a mheas gan aon sonraí ná taighde iontaofa a bheith againn. Mar sin féin, is cosúil, bunaithe ar na cásanna a imscrúdaíodh, gur trí scéimeanna sofaisticiúla a sciúrtar fáltais ón gcibearchoireacht agus go mbaintear leas as modhanna íocaíochta traidisiúnta agus nua araon chun é sin a dhéanamh 27 . D’fhonn an dreasacht airgeadais a bhrúnn cuid mhór gníomhaíochtaí cibearchoireachta chun cinn a shuaitheadh, ainmnítear san fhoráil seo an chibearchoireacht, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2013/40/AE 28 , mar chion preideacáide taobh thiar de sciúradh airgid.
Airteagal 3: Cionta sciúrtha airgid.– Sainmhínítear leis an bhforáil seo cé na cionta ar cheart a mheas gur cionta sciúrtha airgid iad sna Ballstáit.
Leis an bhforáil seo, cuirtear Airteagal 9(1) de Choinbhinsiún Vársá chun feidhme trí na heilimintí ábhartha de chionta sciúrtha airgid a shainmhíniú, i.e. maoin a gnóthaíodh ó ghníomhaíocht choiriúil a chomhshó nó a aistriú d’fhonn foinse aindleathach na maoine sin a cheilt nó a chur i mbréagriocht (pointe (a) de mhír 1), agus cineál nó suíomh fírinneach nó foinse, bail, gluaiseacht nó úinéireacht fhírinneach na maoine nó aon cheart ina leith a cheilt nó a chur i mbréagriocht (pointe (b) de mhír 1).
Ina theannta sin, téann ábhar na forála seo níos faide ná an Moladh ó FATF agus Coinbhinsiún Vársá trí é a dhéanamh riachtanach fáil, sealbhú nó úsáid aon mhaoine a gnóthaíodh ó ghníomhaíocht choiriúil a choiriúlú, rud ar gníomh é, de réir Choinbhinsiún Vársá, atá faoi réir phrionsabail bhunreachtúla agus bhunchoincheapa an chórais dlí i ngach tír. I bhformhór na mBallstát, ní mheastar gur sciúradh airgid é fáltais ón gcoireacht a shealbhú amháin 29 . Urramaítear leis an togra seo traidisiúin dhifriúla dlí na mBallstát trí iad a chumasú féinsciúradh a eisiamh ón gcineál sin sciúrtha airgid (féach an méid thíos maidir le mír 3 d’Airteagal 3).
Ba cheart na trí chineál sciúrtha airgid (maoin a chomhshó nó a aistriú; maoin a cheilt nó a chur i mbréagriocht; agus maoin a fháil, a shealbhú nó a úsáid) a choiriúlú nuair a dhéantar d’aon ghnó iad, ar aon dul le Coinbhinsiún Vársá. Ní thugtar aon eilimint faillí isteach. Tugtar le hAirteagal 9(3) de Choinbhinsiún Vársá lánrogha do na páirtithe sa Choinbhinsiún cásanna a choiriúlú sa chás gurb amhlaidh, i gcás an chiontóra, go raibh "(a) drochamhras air/uirthi gurbh fháltais ón gcoireacht í an mhaoin; agus (b) gur cheart go mbeadh barúil aige/aici gurbh fháltais ón gcoireacht í an mhaoin." Is ann do chineálacha difriúla cur chuige i leith sciúradh airgid sna Ballstáit, ar nithe iad a léiríonn na difríochtaí atá ann i dtraidisiúin náisiúnta dlí na mBallstát maidir leis an eilimint shuibiachtúil a theastaíonn don chion. Ní fhéachtar ar na difríochtaí sin mar fhadhb shuntasach maidir le comhar trasteorann, áfach. Toisc nach leagtar síos sa Treoir seo ach rialacha íosta, ní chuirtear cosc ar na Ballstáit sciúradh airgid faillíoch a choiriúlú.
Ina theannta sin, leagtar síos i mír 2 den fhoráil seo go bhféadfar, le linn na cionta sciúrtha airgid a gcuirtear síos orthu thuas a phionósú, neamhaird a thabhairt ar cé acu atá nó nach bhfuil ciontú roimhe sin nó ciontú comhuaineach ann sa bhunghníomhaíocht choiriúil nó ar cé acu is féidir nó nach féidir déantóir na gníomhaíochta coiriúla ónar gineadh an mhaoin nó cúinsí eile a bhaineann leis an ngníomhaíocht choiriúil sin a bhunú go mion. Ar an mbealach sin, cuirtear míreanna 5 agus 6 d’Airteagal 9 de Choinbhinsiún Vársá chun feidhme leis an bhforáil seo trína chinntiú go ndéanfar sciúradh airgid a choiriúlú fiú amháin sa chás nach bhfuil aon chiontú roimhe sin ná ciontú comhuaineach ann sa chion preideacáide. Ní gá a bhunú go beacht cén cion as ar tháinig an mhaoin ar dtús ach oiread.
Chuir Eurojust agus páirtithe leasmhara eile in iúl go bhfuil an ceanglas leis na cionta preideacáide a bhunú go cruinn ina bhac tábhachtach a fhéadann deacrachtaí a chruthú don chomhrac trasteorann i gcoinne sciúradh airgid. De réir Europol, ceanglaítear ar an gcuid is mó d’údaráis forfheidhmithe dlí an cion preideacáide a léiriú. Tuairiscíonn údaráis forfheidhmithe dlí gur le cistí amhrasacha a nascadh le cion preideacáide ar leith a bhaineann an fhadhb is mó nuair atáthar ag imscrúdú sciúradh airgid: i gcás ildlínse ar thacaigh Europol leis, mhainnigh an tír ina ndearnadh an cion preideacáide freagairt d’iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach. Chuir gach tír lenar bhain an cás sin in iúl gurbh é nascadh cistí le cion preideacáide ar leith an príomhbhac ar an imscrúdú.
Is gnách go n-éilítear táscairí coiriúlachta d'fhonn ciontú nó coigistiú a fháil, fiú sna Ballstáit sin inar féidir ciontú i gcion sciúrtha airgid a fháil trína chruthú go bhféadfadh gur gnóthaíodh an t-airgead ó fhoinse dhleathach. Dá bhrí sin, tá an cur chuige a ghlactar san fhoráil seo ag teacht le ceanglas Choinbhinsiún Vársá agus le cleachtais náisiúnta araon.
Ina theannta sin, sonraítear le Coinbhinsiún Vársá nár cheart deacracht a bheith ag baint le sciúradh airgid a ionchúiseamh, fiú sa chás gur i dtír eile a rinneadh an ghníomhaíocht choiriúil ónar gineadh na cistí. Bunaítear le pointe (c) de mhír 2 den togra seo gur cuma cé acu ba i gcríoch Ballstáit eile nó i gcríoch tríú tír a rinneadh an ghníomhaíocht choiriúil ónar gineadh an mhaoin, agus tugtar lánrogha leis do na Ballstáit an critéar coiriúlachta dúbailte a chur i bhfeidhm, is é sin, gur cheart an cion preideacáide a bheith ina chion coiriúil sa tír ina ndearnadh é agus go mbeadh sé ina chion coiriúil sa Bhallstát atá ag ionchúiseamh an chiona sciúrtha airgid, dá mba rud é gur sa tír sin a rinneadh an cion preideacáide.
Sa deireadh, cuirtear ceangal leis an bhforáil seo ar na Ballstáit féinsciúradh a choiriúlú. Luann Eurojust go bhféadfadh go gcruthófaí deacrachtaí do roinnt Ballstát cion ionchúisithe a bhunú agus sreabhadh “airgid dhuibh” a rianú mar gheall ar an bhfíric nach bhfuil ‘féinsciúradh’ coiriúlaithe i ngach dlínse. Tugtar soiléiriú le mír 3 den Airteagal seo nach bhfuil an oibleagáid chun féinsciúradh a choiriúlú teoranta do chomhshó ná aistriú agus do cheilt ná cur i mbréagriocht agus nach gcuirtear i bhfeidhm í maidir le sealbhú nó le húsáid amháin. Cuirtear san áireamh sa chur chuige sin go meastar i roinnt Ballstát go sáraítear an prionsabal ne bis in idem i gcás ina n-ionchúisítear duine i leith ‘taitneamh pearsanta’ amháin a bhaint as fáltais na coire céanna ar tugadh breithiúnas air ina leith cheana féin. Is é atá i gceist leis an bprionsabal sin nach féidir breithiúnas a thabhairt ar dhuine faoi dhó i leith an aon iompair choiriúil amháin 30 . Os a choinne sin, is amhlaidh, i gcásanna ina bhfuil comhshó agus aistriú mar aon le ceilt agus cur i mbréagriocht tríd an gcóras airgeadais i gceist le gníomhaíocht sciúrtha airgid, gur léir go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ina ngníomh coiriúil eile is féidir a idirdhealú ón gcion preideacáide agus a dhéanann cineál eile nó difriúil damáiste ar bharr an damáiste a rinne an cion preideacáide. Tá an cur chuige sin ag teacht le cásdlí na mBallstát 31 .
Airteagal 4: Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh.– Is foráil í seo a bhfuil feidhm aici maidir leis na cionta atá luaite thuas. Ceanglaítear ar na Ballstáit léi, i gcás roinnt mhaith de na cionta atá luaite thuas, coiriúlú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ina gcabhraítear nó ina neartaítear leis na cionta sin, ina ngríosaítear iad, nó ina ndéantar iarracht iad a dhéanamh.
D’fhéadfadh sé go n-áireofaí raon leathan gníomhaíochtaí le cabhrú agus neartú le cion sciúrtha airgid. Ina measc sin tá soláthar seirbhísí tacúla a éascú le haghaidh dhéanamh na ngníomhartha sin nó comhairle a chur ar fáil ina leith.
Leis an bhforáil seo, cinntítear go bhfuiltear ar chomhréim leis na sainmhínithe sna caighdeáin idirnáisiúnta dá dtagraítear thuas.
Anuas air sin, d’fhonn díspreagadh éifeachtach a chinntiú, tá sé riachtanach gríosú a choiriúlú, sa dóigh is go bhféadfaí pionós a ghearradh as iarraidh ar dhaoine eile na cionta dá dtagraítear thuas a dhéanamh.
Airteagal 5: Pionóis do dhaoine nádúrtha.– Tá feidhm ag an bhforáil seo maidir leis na cionta go léir agus ceanglaítear léi ar na Ballstáit pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.
Anuas air sin, bunaítear íosleibhéal an smachtbhanna uasta leis an bhforáil. Socraítear íostairseach le Cinneadh Réime 2001/500/CGB cheana le haghaidh uasphionós ceithre bliana a ghearradh i leith cineálacha áirithe sciúrtha airgid. Is é príosúnacht ceithre bliana, i leith cásanna tromchúiseacha ar a laghad, an t-uasphionós íosta a shocraítear leis an togra seo freisin. Cuirtear na rialacha atá ann cheana sna Ballstáit san áireamh freisin i sainiú na híostairsí.
Trí íosleibhéal an uasphionóis a shocrú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, éascófar an comhar idirnáisiúnta póilíneachta agus breithiúnach agus neartófar díspreagadh ag an am céanna. Leagadh béim in anailísí difriúla ar leibhéal íseal na smachtbhannaí/na bhfíneálacha agus ar na rátaí ísle ionchúisimh atá le sonrú go dtí seo 32 . Cé go bhféadfadh go mbeadh cúiseanna éagsúla taobh thiar de sin, lena n-áirítear rochtain theoranta, cumas teoranta nó acmhainní teoranta na n-údarás inniúil chun an fhaisnéis ábhartha a rochtain agus a anailísiú i gcásanna lena mbaineann castacht ar leith, ní mór a mheas freisin go ngéaraítear ar an bhfadhb sin de bharr an tsainmhínithe chúng ar an gcion sciúrtha airgid agus de bharr leibhéal íseal na smachtbhannaí agus constaicí fianaiseacha. De bhreis ar bhearnaí forfheidhmithe, cruthaíonn an cás sin an riosca go rachaidh ciontóirí i mbun “tóraíocht fóram”. Is é atá i gceist leis go seolann coirpigh idirbhearta airgeadais sna háiteanna sin a measann siad go bhfuil na bearta is laige i gcoinne sciúradh airgid i bhfeidhm iontu.
Airteagal 6: Cúinsí géaraitheacha. – Is foráil í seo a bhfuil feidhm aici maidir leis na cionta sciúrtha airgid a shainmhínítear in Airteagal 3 chun a chinntiú go meastar gur cúinse ghéaraitheach atá i gceist le cás ar bith ina ndearnadh an cion laistigh d’eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle 33 nó inar bhain déantóir na coire mí-úsáid as a gcáil ghairmiúil chun sciúradh airgid a éascú.
Airteagal 7: Dliteanas daoine dlítheanacha. – Is foráil í seo a bhfuil feidhm aici maidir leis na cionta go léir atá luaite thuas. Ceanglaítear léi ar na Ballstáit dliteanas daoine dlítheanacha a chinntiú, agus á eisiamh ag an am céanna go bhfuil an dliteanas sin difriúil le dliteanas daoine nadúrtha. Tá an fhoráil ag teacht le hAirteagal 10 de Choinbhinsiún Vársá.
Leis an bhforáil seo, leantar foirmle chaighdeánach is féidir a aimsiú in ionstraimí dlí eile AE lena gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i leith cionta dá dtagraítear in Airteagail 1 go 4 a rinne duine ar bith a bhfuil post ceannaireachta áirithe aige laistigh den duine dlítheanach chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin. Níl sé ina cheangal gur dliteanas coiriúil amháin é an dliteanas sin.
Airteagal 8: Smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha. – Tá feidhm ag an bhforáil seo maidir le smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha. Leis an bhforáil seo, leantar foirmle chaighdeánach is féidir a aimsiú in ionstraimí dlí eile AE.
Airteagal 9: Dlínse.– Ceanglaítear leis an bhforáil seo, a bhfuil feidhm aici maidir leis na cionta go léir atá luaite thuas, go bhfuil bunúis inniúlachta ann d’údaráis bhreithiúnacha lena dtugtar cead dóibh imscrúduithe a thionscnaimh, ionchúisimh a shaothrú agus breithiúnas a thabhairt ar na cionta a shainmhínítear sa Treoir seo.
Airteagal 10: Uirlisí imscrúdaitheacha.– Is é aidhm na forála seo a áirithiú gur le haghaidh cásanna sciúrtha airgid freisin a fhéadfar úsáid a bhaint as na huirlisí dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta le haghaidh cásanna coireachta eagraithe agus le haghaidh cásanna eile coireachta tromchúisí.
Airteagal 11: An Treoir seo a chur in ionad forálacha áirithe de Chinneadh Réime 2001/500/CGB – Cuirtear an fhoráil seo in ionad na bhforálacha reatha i réimse an choiriúlaithe sciúrtha airgid atá leagtha amach i bpointe (b) d’Airteagal 1 agus in Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2001/500/CGB i dtaca le páirt a bheith á glacadh ag na Ballstáit sa Treoir seo.
Cuireadh Treoir 2014/42/AE in ionad na bhforálacha a bhaineann le coigistiú atá ar áireamh i bpointe (a) d’Airteagal 1 agus in Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2001/500/CGB.
2016/0414 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is fadhbanna suntasacha ar leibhéal an Aontais fós iad sciúradh airgid agus maoiniú gaolmhar na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, ar fadhbanna iad a dhéanann damáiste do shláine agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais agus don chlú atá uirthi agus a chuireann slándáil inmheánach agus margadh inmheánach an Aontais i gcontúirt. D’fhonn dul i ngleic leis na fadhbanna sin agus cur i bhfeidhm Threoir 2015/849/AE 34 a threisiú, is é an aidhm atá leis an Treoir seo dul i ngleic le sciúradh airgid tríd an dlí coiriúil. Éascóidh sé sin comhar trasteorann níos fearr idir údaráis inniúla.
(2)Ní bheadh ach tionchar an-bheag ag bearta nach nglacfaí ach ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais amháin gan comhordú agus comhar idirnáisiúnta a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta arna nglacadh ag an Aontas chun sciúradh airgid a chomhrac a bheith ag teacht le gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh i bhfóraim idirnáisiúnta agus ba cheart iad a bheith chomh dian leo ar a laghad freisin.
(3)Agus bearta á ndéanamh ar leibhéal an Aontais, ba cheart leanúint d’aird ar leith a thabhairt ar mholtaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus ar ionstraimí de chuid comhlachtaí idirnáisiúnta eile atá ag glacadh páirt ghníomhach sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Ba cheart gníomhartha dlíthiúla ábhartha an Aontais a chur ar chomhréim tuilleadh, nuair is cuí, leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir leis an gComhrac i gcoinne Sciúradh Airgid agus i gcoinne Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus an Leata ar ghlac FATF iad i mí Feabhra 2012 (‘Moltaí athbhreithnithe FATF’). Ós rud é gur shínigh an tAontas Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le sciúradh, cuardach, urghabháil agus coigistiú na bhfáltas ón gcoireacht agus maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta (CETS Uimh. 198), ba cheart dó ceanglais an Choinbhinsiúin sin a thrasuí ina dhlíchóras.
(4)Le Cinneadh Réime 2001/500/CGB 35 ón gComhairle, leagtar ceanglais síos maidir le sciúradh airgid a choiriúlú. Ní cuimsitheach go leor atá an Cinneadh Réime, áfach, agus níl ionchoiriú reatha an sciúrtha airgid sách comhleanúnach ach oiread chun sciúradh airgid a chomhrac go héifeachtach ar fud an Aontais, rud as a n-eascraíonn bearnaí forfheidhmithe agus bacainní sa chomhar idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit dhifriúla.
(5)An sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí coiriúla ar cionta preideacáide iad chun críocha sciúradh airgid, ba cheart é a bheith sách comhionann i ngach ceann de na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit cionta éagsúla a áireamh i ngach ceann de na catagóirí arna n-ainmniú ag FATF. I gcás ina ndéantar catagóirí cionta, amhail an sceimhlitheoireacht nó coireanna comhshaoil, a leagan amach i ndlí an Aontais, tagraítear don reachtaíocht sin sa Treoir seo. Leis sin, cinntítear go bhféadfar pionós a ghearradh sna Ballstáit i leith sciúradh na bhfáltas ó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus ó gháinneáil ar fhiadhúlra. I gcás ina dtugtar cead le dlí an Aontais do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí eile nach smachtbhannaí coiriúla iad, níor cheart ceangal a chur ar na Ballstáit leis an Treoir seo na cásanna sin a bhunú mar chionta preideacáide chun críocha na Treorach seo.
(6)Ba cheart coireanna cánach a bhaineann le cánacha díreacha agus cánacha indíreacha a áireamh sa sainmhíniú ar ghníomhaíocht choiriúil, ar aon dul le Moltaí athbhreithnithe FATF. Ós rud é go bhféadfadh sé i ngach Ballstát gurbh ionann cionta difriúla cánach agus gníomhaíocht choiriúil a bhféadfar pionós a ghearradh ina leith trí bhíthin na smachtbhannaí dá dtagraítear sa Treoir seo, d’fhéadfadh na sainmhínithe ar choireanna cánach bheith difriúil sa dlí náisiúnta. Níltear ag iarraidh sa chás seo, áfach, go ndéanfaí na sainmhínithe ar choireanna cánach i ndlí náisiúnta na mBallstát a chomhchuibhiú.
(7)Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le sciúradh airgid i dtaca le maoin a gnóthaíodh ó chionta a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais, rud atá faoi réir rialacha sonracha mar a leagtar síos i dTreoir 2017/XX/AE 36 . De réir Airteagal 325(2) CFAE, na bearta a dhéanann Ballstáit chun calaois a dhéanann dochar dá leasanna airgeadais féin a chomhrac, déanfaidh siad na bearta sin freisin chun calaois a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.
(8)I gcás ina bhfuil níos mó ná sealbhú nó úsáid amháin i gceist le gníomhaíocht sciúrtha airgid agus ina mbaineann sí freisin le maoin a aistriú nó í a cheilt nó a chur i mbréagriocht tríd an gcóras airgeadais agus ina ndéantar damáiste leis an ngníomhaíocht sin atá de bhreis ar an damáiste a rinneadh cheana leis an gcion preideacáide, amhail damáiste a dhéanamh do shláine an chórais airgeadais, ba cheart pionós a ghearradh ar leithligh i leith na gníomhaíochta sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go bhféadfar pionós a ghearradh i leith an iompair sin i gcás inarb ionann an duine a rinne an ghníomhaíocht choiriúil ónar gineadh an mhaoin agus an duine a rinne an t-iompar (rud ar a dtugtar féinsciúradh).
(9)Ionas go mbeidh sciúradh airgid ina uirlis éifeachtach sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, níor cheart é a bheith riachtanach mionsonraí na coire ónar gineadh an mhaoin a shainaithint ná ciontú roimhe sin ná ciontú comhuaineach sa choir sin a éileamh. Ina theannta sin, níor cheart go gcuirfeadh sé aon bhac le hionchúisimh i leith sciúradh airgid dá mba i mBallstát nó i dtríú tír eile a rinneadh an cion preideacáide, ar choinníoll gur cion coiriúil é sa Bhallstát nó sa tríú tír sin. Féadfaidh na Ballstáit réamhriachtanas a dhéanamh den fhíric go mbeadh an cion preideacáide ina choir ina ndlí náisiúnta dá mba rud é go ndearnadh ina dtír féin é.
(10)Is é aidhm na Treorach seo sciúradh airgid a choiriúlú i gcás ina ndéantar é d’aon ghnó. Féadfar an rún taobh thiar den sciúradh airgid agus an t-eolas air a bhaint as cúinsí oibiachtúla fíorasacha. Ós rud é go bhforáiltear leis an Treoir seo maidir le rialacha íosta, tá cead ag na Ballstáit rialacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil ina ndlí coiriúil féin maidir le sciúradh airgid. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, mar shampla, gur cion coiriúil é sciúradh airgid a dhéantar go meargánta nó trí fhaillí thromchúiseach.
(11)D’fhonn sciúradh airgid a dhíspreagadh ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit íoschineálacha pionós agus íosleibhéil pionós a leagan síos i leith cásanna ina ndéantar na cionta coiriúla a shainmhínítear sa Treoir seo. I gcás ina ndearnadh an cion laistigh d’eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle 37 8 nó inar bhain déantóir na coire mí-úsáid as a cháil ghairmiúil chun sciúradh airgid a éascú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúinsí géaraitheacha de réir na rialacha is infheidhme arna mbunú lena gcórais dlí.
(12)Mar gheall ar shoghluaisteacht dhéantóirí na coireachta agus ar shoghluaisteacht na bhfáltas ó ghníomhaíochtaí coiriúla, agus mar gheall ar na himscrúduithe casta trasteorann a theastaíonn chun sciúradh airgid a chomhrac, ba cheart do gach Ballstát a ndlínse a bhunú chun cur ar chumas na n-údarás inniúil gníomhaíochtaí den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go n-áirítear lena ndlínse na cásanna sin ina ndéantar cion trí bhíthin teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide óna gcríoch féin, bíodh sí lonnaithe ina gcríoch nó ná bíodh.
(13)Ba cheart an Treoir seo a chur in ionad forálacha áirithe de Chinneadh Réime 2001/500/CGB 38 i ndáil leis na Ballstáit a bheidh faoi cheangal ag an Treoir seo.
(14)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin sciúradh airgid i ngach Ballstát a chur faoi phionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na Treorach, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(14)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.
(15)AGUS/NÓ
(16)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo agus níl siad faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.]
(17)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. Leanfaidh Cinneadh Réime 2001/500/CGB 39 de bheith ina cheangal ar an Danmhairg agus infheidhme maidir léi,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú i réimse an sciúrtha airgid.
2. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le sciúradh airgid i dtaca le maoin a gnóthaíodh ó chionta a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais, rud atá faoi réir rialacha sonracha a leagtar síos i dTreoir 2017/XX/AE.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn "gníomhaíocht choiriúil" aon chineál rannpháirteachais choiriúil i ndéanamh na gcoireanna seo a leanas:
(a)rannpháirtíocht i ngrúpa coiriúil eagraithe agus sa chambheartaíocht, lena náirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i gCinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle;
(b)an sceimhlitheoireacht, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2017/XX/AE 40 ;
(c)gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2011/36/AE 41 agus i gCinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle 42 ;
(d)teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2011/93/AE 43 ;
(e)gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i gCinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle 44 ;
(f)gáinneáil aindleathach ar airm;
(g)gáinneáil aindleathach ar earraí goidte agus earraí eile;
(h)éilliú, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach sa Choinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann 45 agus a leagtar amach freisin i gCinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle 46 ;
(i)calaois, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i gCinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle 47 ;
(j)góchumadh airgid, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2014/62/AE 48 ;
(k)góchumadh agus píoráideacht táirgí;
(l)an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2008/99/CE 49 nó i dTreoir 2009/123/CE 50 ;
(m)dúnmharú, mórdhíobháil choirp;
(n)fuadach, srianadh neamhdhleathach agus tógáil giall;
(o)robáil nó gadaíocht;
(p)smuigleáil (lena n-áirítear i dtaca le dleachtanna agus cánacha custam agus máil);
(q)sracadh;
(r)brionnú;
(s)píoráideacht;
(t)trádáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2014/57/AE 51 ;
(u)an chibearchoireacht, lena n-áirítear ceann ar bith de na cionta a leagtar amach i dTreoir 2013/40/AE 52 ;
(v)gach cion, lena n-áirítear coireanna cánach a bhaineann le cánacha díreacha agus cánacha indíreacha mar a shainmhínítear i ndlí náisiúnta na mBallstát, a bhféadfar cailleadh saoirse nó ordú coinneála is mó ná bliain amháin ar a mhéad a ghearradh mar phionós ina leith nó, maidir leis na Ballstáit ag a bhfuil íostairseach ina gcóras dlí le haghaidh cionta, gach cion a bhféadfar cailleadh saoirse nó ordú coinneála is faide ná sé mhí ar a laghad a ghearradh mar phionós ina leith;
(2)ciallaíonn "maoin" sócmhainní de chineál ar bith, bídís corprach nó neamhchorprach, inaistrithe nó do-aistrithe, inláimhsithe nó doláimhsithe, agus doiciméid dlí nó ionstraimí dlí i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear foirm leictreonach agus foirm dhigiteach, lena bhfianaítear teideal arna sócmhainní sin nó leas iontu;
(3)ciallaíonn "duine dlítheanach" eintiteas ar bith a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoin dlí is infheidhme, cé is moite de Stáit nó comhlachtaí poiblí atá i mbun údarás Stáit a fheidhmiú agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.
Airteagal 3
Cionta sciúrtha airgid
1.Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cineálacha iompair seo a leanas ina gcion coiriúil atá inphionóis nuair a dhéantar iad d'aon ghnó:
(a)maoin a chomhshó nó a aistriú, i gcás inarb eol gur gnóthaíodh an mhaoin sin ó ghníomhaíocht choiriúil nó ó bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht den sórt sin, d’fhonn foinse aindleathach na maoine a cheilt nó a chur i mbréagriocht nó chun cabhrú le duine ar bith a bhfuil baint aige le déanamh na gníomhaíochta sin iarmhairtí dlíthiúla ghníomh an duine sin a sheachaint;
(b)fíorchineál na maoine, foinse, suíomh, bail, gluaiseacht nó úinéireacht na maoine nó aon cheart ina leith a cheilt nó a chur i mbréagriocht, i gcás inarb eol gur gnóthaíodh an mhaoin sin ó ghníomhaíocht choiriúil nó ó bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht den sórt sin;
(c)maoin a fháil, a shealbhú nó a úsáid, i gcás inarb eol, tráth a fála, gur gnóthaíodh an mhaoin sin ó ghníomhaíocht choiriúil nó ó bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht den sórt sin.
2.Chun go bhféadfar pionós a ghearradh i leith cion dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh sé riachtanach na nithe seo a bhunú:
(a)ciontú roimhe sin nó ciontú comhuaineach sa ghníomhaíocht choiriúil ónar gineadh an mhaoin;
(b)aitheantas dhéantóir na gníomhaíochta coiriúla ónar gineadh an mhaoin nó cúinsí eile a bhaineann leis an ngníomhaíocht choiriúil sin;
(c)cé acu i gcríoch Ballstáit eile nó i gcríoch tríú tír a rinneadh an ghníomhaíocht choiriúil ónar gineadh an mhaoin, i gcás ina bhfuil an tiompar lena mbaineann ina chion coiriúil faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit nó an tríú tír ina ndearnadh an tiompar agus ina mbeadh sé ina chion coiriúil faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an tAirteagal seo á chur chun feidhme nó á chur i bhfeidhm aige dá mba rud é gur sa chríoch sin a rinneadh é;
3.Beidh feidhm ag na cionta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 freisin maidir le daoine a rinne an ghníomhaíocht choiriúil ónar gnóthaíodh an mhaoin nó a ghlac páirt inti.
Airteagal 4
Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh
Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar pionós a ghearradh i gcás cion dá dtagraítear in Airteagal 3 a ghríosú, i gcás ina gcabhraítear nó ina neartaítear le cion den sórt sin nó ina ndéantar iarracht cion den sórt sin a dhéanamh.
Airteagal 5
Pionóis do dhaoine nádúrtha
1.Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh mar phionós i leith an iompair dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4.
2.Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar téarma uasta príosúnachta ceithre bliana ar a laghad a ghearradh mar phionós i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3, i gcásanna tromchúiseacha ar a laghad.
Airteagal 6
Cúinsí géaraitheacha
Áiritheoidh na Ballstáit go measfar na cúinsí seo a leanas a bheith ina gcúinsí géaraitheacha i dtaca leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4:
(a)má rinneadh an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841 53 ; nó
(b)má tá caidreamh conarthach ag an gciontóir le heintiteas faoi oibleagáid agus freagracht air ina leith nó má tá an ciontóir ina eintiteas faoi oibleagáid de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir 2015/849/AE agus má rinne sé an cion i bhfeidhmiú a ghníomhaíochtaí gairmiúla.
Airteagal 7
Dliteanas daoine dlítheanacha
1.Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar cheann ar bith de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 i gcás ina ndearna aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach, ina ndearna sé an cion chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin, bunaithe ar cheann ar bith de na nithe seo a leanas:
(a)cumhacht chun ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;
(b)an t-údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó
(c)an t-údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inarbh fhéidir le duine faoi údarás an duine dhlítheanaigh ceann ar bith de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 1.
3.Ní eisiafar i ndliteanas daoine dlítheanacha faoi mhír 1 agus mír 2 imeachtaí coiriúla in aghaidh daoine nádúrtha a ghríosaíonn déanamh ceann ar bith de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4, a dhéanann ceann ar bith díobh nó atá ina gcúlpháirtithe i gceann ar bith díobh.
Airteagal 8
Smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha
Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar smachtbhannaí atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh ar dhuine dlítheanach atá faoi dhliteanas mar gheall ar chionta de bhun Airteagal 6, lena n-áirítear fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus d'fhéadfadh sé go n-áireofaí smachtbhannaí eile leo, amhail:
(1)eisiamh an duine dhlítheanaigh sin ó theidlíocht i leith sochair phoiblí nó cúnamh poiblí;
(2)dícháiliú sealadach nó buan an duine dhlítheanaigh sin ó ghníomhaíochtaí tráchtála a fheidhmiú;
(3)an duine dlítheanach sin a chur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;
(4)foirceannadh breithiúnach;
(5)dúnadh sealadach nó buan gnólachtaí ar baineadh úsáid astu chun an cion a dhéanamh.
Airteagal 9
Dlínse
1.Bunóidh gach Ballstát a dhlínse ar na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 sna cásanna seo:
(a)má rinneadh an cion go hiomlán nó go páirteach ar chríoch an Bhallstáit;
(b)má tá an ciontóir ina náisiúnach den Bhallstát.
2.Tabharfaidh Ballstát eolas don Choimisiún i gcás ina gcinneann sé dlínse bhreise a bhunú ar chionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 a rinneadh lasmuigh dá chríoch sna cásanna seo:
(a)má tá gnáthchónaí ar an gciontóir ina chríoch;
(b)má rinneadh an cion chun tairbhe duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina chríoch.
Airteagal 10
Uirlisí imscrúdaitheacha
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh fáil ag daoine, aonaid nó seirbhísí atá freagrach as na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 a ionchúiseamh ar uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha, amhail iad sin a úsáidtear chun an choireacht eagraithe nó coireanna tromchúiseanna eile a chomhrac.
Airteagal 11
An Treoir seo a chur in ionad forálacha áirithe de Chinneadh Réime 2001/500/CGB
1.Cuirtear an Treoir seo in ionad phointe (b) d'Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2001/500/CGB i ndáil leis na Ballstáit a bheidh faoi cheangal ag an Treoir seo, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Cinneadh Réime sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.
2.Maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Treoir seo, déanfar tagairtí do Chinneadh Réime 2001/500/CGB a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.
Airteagal 12
Trasuí
1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoi [24 mhí tar éis glacadh] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 13
Tuairisciú
Cuirfidh an Coimisiún, faoi [24 mhí tar éis an spriocdháta le haghaidh an Treoir seo a chur chun feidhme], tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 15
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán