AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.6.2016
COM(2016) 388 final
2016/0182(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le clár Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha lena gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais don tréimhse 2017–2020
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2016) 196 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Foras agus cuspóirí an togra
In 2007 bhuail an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch buille ar mhuinín úsáideoirí deiridh seirbhísí airgeadais, go háirithe muinín tomhaltóirí i réimse an airgeadais. Dá bhrí sin mheas reachtóirí an Aontais Eorpaigh gur cheart dul i ngleic go córasach agus ar dhóigh leordhóthanach leis na nithe atá ag déanamh scime do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, chun muinín na saoránach i bhfolláine na hearnála airgeadais a thabhairt ar ais.
Cuimsíonn an téarma 'tomhaltóirí seirbhísí airgeadais' mórchuid cineálacha daoine nádúrtha a úsáideann nó a iarrann seirbhísí airgeadais, lena náirítear infheisteoirí, coigilteoirí, sealbhóirí árachais, rannpháirtithe i gcistí pinsin agus iasachtaithe. Siúd is gurb iad ar thomhaltóirí go háirithe atá an togra seo dírithe, is féidir go mbeidh baint ag a chuspóirí le úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais a úsáideann nó a iarrann seirbhísí airgeadais ar chúiseanna a bhaineann lena gceard, lena ngnó nó lena ngairm bheatha. Tá roinnt beart déanta ag an gCoimisiún lena áirithiú go dtabharfar aird ar thuairimí tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, go háirithe le (i) bunú Ghrúpa Úsáideoirí na Seirbhísí Airgeadais (FSUG) in 2010 a fheidhmíonn mar fhóram ina gcoinnítear ionadaithe na bpáirtithe leasmhara nach ón tionscal iad ar an eolas ar bhonn rialta faoi na saincheisteanna beartais a bhaineann leis na seirbhísí airgeadais atá á bhforbairt agus iarrtar orthu a dtuairimí a thabhairt agus a nábhair imní agus a moltaí a chur in iúl maidir le tionscnaimh reachtacha atá beartaithe agus (ii) cuimsiú córasach tomhaltóirí agus ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna grúpaí saineolaithe éagsúla a cuireadh ar bun chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún nó do na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha leis an obair a dhéanann siad i réimse na seirbhísí airgeadais.
Tá sé déanta amach ag an gCoimisiún go gcuireann ganntanas acmhainní agus saineolais na neagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí sin bac ar na geallsealbhóirí sin ról gníomhach a bheith acu i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais. Ní raibh acmhainní leordhóthanacha ag na comhlachtaí tomhaltóirí ná ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun réimse leathan ábhar, ar minic iad a bheith fíortheicniúil, a chumhdach go cuí, agus ionchur ábhartha a chur le ceapadh beartais sheirbhísí airgeadais an Aontais. Ní raibh sé sin sásúil mar ní raibh an Coimisiún in ann tairbhe a bhaint as an réimse ba leithne tuairimí agus ionchur ab fhéidir agus bhraith eagraíochtaí sochaí sibhialta áirithe go raibh tionchar míchuí ag ranníocaíochtaí tionscail air.
Sa chomhthéacs sin, sheol an Coimisiún treoirthionscadal i ndeireadh 2011 a raibh sé mar aidhm leis deontais a sholáthar chun tacú le lárionad saineolais airgeadais a fhorbairt chun tairbhe na núsáideoirí deiridh agus na bpáirtithe leasmhara nach ón tionscal iad agus chun feabhas a chur ar a gcumas páirt a ghlacadh i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais. I ndiaidh glaonna oscailte leantacha ar thograí, dhámh an Coimisiún deontais oibriúcháin ar dhá eagraíocht neamhbhrabúis a bhí lonnaithe sa Bhruiséil, Finance Watch agus Better Finance, idir 2012 agus 2015.
Obair thaighde, anailís ar bheartais, gníomhaíochtaí abhcóideachta agus cumarsáide is mó a rinne an dá eagraíocht le linn na tréimhse sin. In 2015, rinneadh meastóireacht ar an treoirthionscadal agus ar an réamhbheart ina dhiaidh sin chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh tuilleadh céimeanna a d'fhéadfaí a ghlacadh sa réimse seo.
Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht gur baineadh amach cuspóirí beartais an treoirthionscadail agus an réamhbhirt, a bheag nó a mhór. Mar sin féin, cuireadh i dtábhacht nach raibh an dá eagraíocht cobhsaí gan cistiú ón Aontas, in ainneoin iarrachtaí chun a nacmhainní a éagsúlú le linn na dtrí bliana sin. Dá gcuirfí deireadh leis an gcistiúchán ó 2017 ar aghaidh, beidh ar na heagraíochtaí a ngníomhaíochtaí a laghdú go mór nó scor dá ngníomhaíochtaí go fiú, rud a d'fhágfadh nach mbainfí na cuspóirí beartais amach. Ar an gcaoi chéanna, dá laghdófaí an leibhéal comhchistiúcháin, bheadh riosca ag baint leis sin freisin ós rud é go mbeadh ar an dá eagraíocht líon a bhall foirne a laghdú láithreach, rud a chuirfeadh teorainn lena ngníomhaíochtaí in 2017, agus a chiallódh, níos dóichí ná a mhalairt, gur ghearr go gcaithfidís scor dá gcuid oibre.
Níl ach aon dóigh amháin ann le féachaint leis go leanfaidh na torthaí agus na héifeachtaí de bheith ann a baineadh amach, de réir na meastóireachta, ó 2012 i leith, agus is í dóigh í sin ná na tairbhithe a chómhaoiniú i ndiaidh 2017 faoi mar atá siad á gcómhaoiniú i láthair na huaire. Ach sin a dhéanamh, féadfar tuilleadh méadú a dhéanamh ar an ról san earnáil airgeadais atá ag tomhaltóirí, úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais agus ag geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Comhlánóidh an clár Aontais seo tionscnaimh bheartais atá ann cheana, cuir i gcás na gníomhaíochtaí atá déanta ag Grúpa Úsáideoirí na Seirbhísí Airgeadais (FSUG) ó 2010 i leith, nó ag grúpa saineolaithe eile a cuireadh ar bun chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún nó do na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta (e.g. grúpaí páirtithe leasmhara na nÚdarás Eorpach Maoirseachta) i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais.
Comhlánóidh an clár Aontais seo an beartas atá ag an Aontas cheana maidir le tomhaltóirí. Trí rannchuidiú le próiseas ceaptha beartas an Aontais i leith na hearnála airgeadais a dhéanamh níos feasaí agus níos cothromaithe, agus trí fheabhas a chur ar an gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal faoi rialáil airgeadais san Eoraip, beidh an clár seo in chuidiú muinín na saoránach sa chóras Eorpach airgeadais a thabhairt ar ais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 169(2)(b) de, bunús dlí an togra seo. Rannchuideoidh an clár Aontais atá beartaithe le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach agus le tomhaltóirí a chur i gcroílár an mhargaidh aonair do sheirbhísí airgeadais, trí thacú le beartais na mBallstát agus trí na bearta sin a chomhlánú trí bhíthin deimhin a dhéanamh de gur féidir le saoránaigh lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus, ar an dóigh sin, go dtugtar aird ar a leasanna dlíthiúla agus eacnamaíocha agus go gcosnaítear na leasanna sin mar is ceart. I gcomhréir le beartas reachtach an Choimisiúin a glacadh faoi chuimsiú an chreata airgeadais ilbhliantúil, tá sé beartaithe gur Rialachán a bheadh sa chlár cistiúcháin seo.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Leis an gclár seo Aontais, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht gníomhaíochtaí an dhá thairbhí a chómhaoiniú, d'fhonn feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais agus ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd, i réimse na seirbhísí airgeadais. Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta ós rud é, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach féidir leis na Ballstáit a chuspóirí a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr fhairsinge agus éifeacht an bhirt, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.
Go háirithe, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht gur mhaith ann breisluach an Aontais sa treoirthionscadal agus sa réamhbheart: níl an saineolas teicniúil ag na heagraíochtaí náisiúnta a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna tomhaltóirí de gach cineál ná ní féidir leo raon chomh leathan sin de réimsí beartais a bhaineann le seirbhísí airgeadais a chumhdach. Ina theannta sin, níor aithníodh aon eagraíochtaí comhchosúla eile ar leibhéal an Aontais.
•
Comhréireacht
Sa togra seo, comhlíontar prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Mar a measadh sa mheastóireacht ex ante atá ag gabháil leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán Maoinithe, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na tionchair agus na héifeachtaí a choinneáil, ar tionchair agus éifeachtaí iad a ghnóthaíodh go dtí seo tríd an treoirthionscadal agus an réamhbheart a bhí ann roimhe seo. Moltar cistiúchán ón Aontas a thabhairt do dhá thairbhí atá deaaitheanta agus a ndearadh meastóireacht in 2015 ar a ngníomhaíochtaí, ar a naschuir agus ar a dtionchar. Laistigh den chreat institiúideach reatha, áiritheofar, leis na socruithe cistiúcháin nua, cistiúchán cobhsaí fónta leordhóthanach chun na cuspóirí beartais a bhaint amach. Deonófar tacaíocht airgeadais i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012, maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.
•
An rogha ionstraime
Rialachán is ea an ionstraim dlí is iomchuí sa chás seo, ar bhonn Airteagal 169(2)(b), d'fhonn clár Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha lena gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais, agus ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd, i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais.
3.
TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•
Meastóireacht ex post ar an reachtaíocht atá ann cheana
I gcomhréir leis an meastóireacht ex post, measann an Coimisiún gur baineadh amach, a bheag nó a mhór. na cuspóirí a leagadh amach don treoirthionscadal agus don réamhbheart ina dhiaidh sin. Baineadh amach an cuspóir foriomlán lárionad Eorpach saineolais airgeadais a fhorbairt agus tá dhá lárionad saineolais chomhlántacha tagtha chun cinn. Leis na gníomhaíochtaí a chuir an dá thairbhí chun feidhme, cuireadh le tuairimí a sholáthar do lucht ceaptha beartas san Eoraip, ar tuairimí eile iad seachas na tuairimí a cuireadh in iúl sa tionscal airgeadais sa tréimhse sin, agus leis na tuairimí sin a chur in iúl go rathúil don phobal i gcoitinne. Bhí Finance Watch agus Better Finance araon i ndlúthchomhar le lucht ceaptha beartas an Aontais ó 2012 i leith, mar a léirítear lena rannpháirtíocht i gcruinnithe agus in éisteachtaí éagsúla i bparlaimintí náisiúnta nó i bParlaimint na hEorpa. Chuir a saineolas, a roinneadh i roinnt foilseachán agus freagraí ar chomhairliúcháin, ar a gcumas guth eile a thabhairt isteach sa díospóireacht phoiblí. Ar deireadh, d'fhorbair an dá eagraíocht acmhainneacht éifeachtach cumarsáide, rud a chuir ar a gcumas a mball agus an pobal trí chéile, go fiú, a chur ar an eolas faoi na saincheisteanna a bhíonn i dtreis san earnáil airgeadais. Tá obair déanta ag Finance Watch agus Better Finance ar réimsí éagsúla beartais agus tá siad tar éis díriú siad ar phobail éagsúla, ach trína ngníomhaíochtaí i dteannta a chéile tá an chuid is mó de chlár oibre polaitiúil airgeadais an Aontais cumhdaithe acu ó 2012 i leith.
Cuireadh Finance Watch ar bun a leis na deontais sin ón Aontas, agus fuair sé €3.04 milliún ranníocaíocht airgeadais idir 2012 agus 2014. Cinneadh sa mheasúnú go bhfuil an eagraíocht, an fhoireann atá aici agus na gníomhaíochtaí a dhéanann sí an-ábhartha maidir le cuspóirí an treoirthionscadail agus an réamhbhirt a bhaint amach. Is léir gur dhírigh Finance Watch ar an gclár oibre le haghaidh athchóiriú airgeadais i ndiaidh na géarchéime agus chumhdaigh sé cuid shuntasach de chlár oibre polaitiúil an Aontais idir 2012 agus 2014. Tríd is tríd, ba dhíol sásaimh an saineolas a soláthraíodh le linn na tréimhse sin (tuarascálacha taighde, páipéir sheasaimh, freagraí ar chomhairliúcháin, preaseisiúintí). Ó thaobh na cumarsáide de, chuir Finance Watch suíomh gréasáin tiomnaithe ar bun, d'éirigh leis láithreacht meán a bhí cuibheasach ard a chinntiú agus dhá chomhdháil ardleibhéil a eagrú in aghaidh na bliana ó 2012 i leith. Measadh nach raibh an eagraíocht chomh héifeachtach céanna ó thaobh feabhas a chur ar acmhainneacht na núsáideoirí deiridh, tomhaltóirí i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais san earnáil airgeadais, agus d'fhéadfaí an méid sin a nascadh lena comhaltas ilchineálach (giaráil íseal lasmuigh den Bhruiséil). B'ionann a buiséad bliantúil agus €1.8 milliún ar an meán, agus bhí nach mór an dá thrian dá hacmhainní leithdháilte ar an bhfoireann ardcháilithe (14 bhall foirne) a fhruiliú chun a gníomhaíochtaí a dhéanamh. Measadh go raibh an cóimheas costais in aghaidh aschuir (foilseacháin, ócáidí agus cruinnithe, cumarsáid) cobhsaí idir 2012 agus 2014.
Fuair Better Finance deontais oibriúcháin €0.90 milliún in imeacht trí bliana. D'éirigh leis an eagraíocht lárionad saineolais airgeadais a chur ar bun ina ndírítear den chuid is mó ar leasanna infheisteoirí príobháideacha, scairshealbhóirí aonair, coigilteoirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i gcomhréir le cineál a mball agus lena hacmhainní teoranta. Maidir le Better Finance, measadh go raibh an eagraíocht, an fhoireann atá aici agus na gníomhaíochtaí a dhéanann sí an-ábhartha do chuspóirí an treoirthionscadail maidir le réimsí sonracha beartais. Mar sin féin, measadh go raibh a rúnaíocht sách leochaileach mar gheall ar a méid theoranta (5 bhall foirne), ar a líon teoranta de shaineolaithe airgeadais agus ar na deacrachtaí a bhí aici le linn na tréimhse sin chun acmhainní cobhsaí a choimeád. Maidir lena fhíorthionchar ar cheapadh beartais an Aontais, measadh go raibh an eagraíocht éifeachtach agus lucht ceaptha beartas an Aontais lonnaithe sa Bhruiséil ag plé le roinnt sainchomhad, agus measadh go raibh sí níos éifeachtaí fós i réimse na reachtaíochta ar an dara leibhéal agus ar an tríú leibhéal leis na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta. Bhí Better Finance in ann, a bhuí lena deontais oibriúcháin, a chumas cumarsáide a mhéadú go héifeachtúil trí shuíomh gréasáin gairmiúil a fhorbairt agus foireann thiomnaithe a fhruiliú. Díríodh ar phinsin den chuid is mó sa taighde a rinne sé le linn na tréimhse sin.
Ó 2012 i leith, rinneadh an dá thairbhí a chistiú go dtí 60% dá gcostais incháilithe trí dheontais ón Aontas agus tá siad fós ag brath go mór ar chistiú ón Aontas. In ainneoin na niarrachtaí rialta a rinneadh, níor éirigh le Finance Watch ach deontóir cobhsaí suntasach amháin eile, Adessium Foundation, a mhealladh agus níl a ranníocaíocht daingnithe i ndiaidh 2016. Ní dócha go ndéanfaidh comhaltaí Finance Watch an caillteanas seo a chúiteamh. Is cosúil gur measa fós atá cúrsaí i gcás Better Finance. Seachas an deontas, bhain an eagraíocht sochar as ranníocaíocht shuntasach athfhillteach ó dhuine dá comhaltaí le linn na tréimhse a raibh meastóireacht á déanamh uirthi (2012-2014). D'fhéadfadh sé go mbeadh bagairt ann d'inbhuanaitheacht Better Finance mar gheall ar an laghdú mór a tháinig ar an ranníocaíocht seo in 2015.
Ar deireadh, trí bhreathnú ar bhreisluach an Aontais an treoirthionscadail agus an réamhbhirt sin, ba é an chonclúid a baineadh as an meastóireacht gur cinnte gur chuir an dá eagraíocht le ceapadh beartais an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais. Ar leibhéal AE, is beag eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do leas ginearálta tomhaltóirí, agus ní ann d'eagraíochtaí sochaí sibhialta ar bith a dhíríonn go sonrach ar an earnáil airgeadais agus ar rialáil na hearnála sin. Idir 2012 agus 2014, i gcomhthéacs na nglaonna bliantúla ar thograí, níor cuireadh aon tionscnamh eile in iúl mar mhalairt ar Finance Watch agus Better Finance. Leis an measúnú, suíodh go ndearna an dá eagraíocht, trína mbearta, luach a chur le gníomhaíochtaí a gcomhaltaí náisiúnta agus go ndeachaigh siad chun tairbhe na núsáideoirí deiridh Eorpacha ar bhealach nár éirigh le grúpaí náisiúnta abhcóideachta tomhaltóirí a dhéanamh.
•Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara
Cuireadh san áireamh sa mheastóireacht ex post, comhairliúchán dírithe a chuimsigh suirbhé leathan ar líne agus agallaimh spriocdhírithe ar na páirtithe leasmhara ábhartha uile:
Comhaltaí uile na dtairbhithe (eagraíochtaí agus daoine aonair araon)
Roinnt déantóirí beartais lena náirítear Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (Feisirí ón gcoiste ECON den chuid is mó), oifigigh COM (FISMA agus JUST), ionadaithe ó na trí Údarás Eorpacha Maoirseachta agus ionadaithe ó údaráis náisiúnta
Deontóirí, lucht cistithe eile na dtairbhithe
Eagraíochtaí tomhaltóirí
Ionadaithe ón tionscal baincéireachta
Saineolaithe airgeadais
Meithleacha machnaimh a bhfuil baint acu leis an earnáil airgeadais
•Measúnú tionchair
I bhfianaise chonclúidí na meastóireachta ex post a rinneadh le déanaí ar an treoirthionscadal a bhí ann roimhe seo agus ar an réamhbheart a rinneadh ina dhiaidh – lena náirítear aschuir an chomhairliúcháin spriocdhírithe a rinneadh sa chomhthéacs sin – agus fairsinge theoranta an chláir Aontais nua, freisin, cinneadh meastóireacht ex ante i gcomhréir leis an rialachán airgeadais a chur ag gabháil leis an togra le haghaidh bunús dlí. Mar sin, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair sa chomhthéacs sin.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Clár a bheidh mar thoradh ar an rialachán atá beartaithe, a bheidh á reáchtáil le linn na tréimhse 2017-2020 agus a mbeidh buiséad foriomlán uasta EUR 6 000 000 aige chun tacú leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Finance Watch and Better Finance. Tá an clár sin ag teacht sna sála ar threoirthionscadal (2012-2013) agus ar réamhbheart (2014-2016). Cuirtear impleachtaí buiséadacha an togra seo i láthair sa ráiteas airgeadais atá san Iarscríbhinn.
2016/0182 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le clár Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha lena gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais don tréimhse 2017–2020
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d'Airteagal 169(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Bíonn an tAontas ag rannchuidiú le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú agus le tomhaltóirí a chur i gcroílár an mhargaidh aonair trí thacú le beartais na mBallstát agus trí na bearta sin a chomhlánú trí bhíthin deimhin a dhéanamh de gur féidir le saoránaigh lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus, ar an dóigh sin, go dtugtar aird ar a leasanna dlíthiúla agus eacnamaíocha agus go gcosnaítear na leasanna sin mar is ceart. Cuid thábhachtach den mhargadh aonair is ea earnáil seirbhísí airgeadais a fheidhmíonn go maith agus atá iontaofa. Is gá, chuige sin, creat stóinseach rialála agus maoirseachta a áirithíonn cobhsaíocht airgeadais agus atá dírithe, san am céanna, ar gheilleagar inbhuanaithe a chothú. Ina theannta sin, ba cheart ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus do úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, coigilteoirí, sealbhóirí árachais, rannpháirtithe i gcistí pinsin, scairshealbhóirí aonair, iasachtaithe nó fiontair bheaga agus mheánmhéide.
(2)Ó bhí 2007 ann, tá buille buailte ag an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch ar mhuinín tomhaltóirí agus ar mhuinín úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais go háirithe. Chun muinín na saoránach as folláine na hearnála airgeadais a thabhairt ar ais, tá sé tábhachtach dá bhrí sin feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile, agus ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd, i bpróiseas déanta cinntí an Aontais agus in earnáil an airgeadais.
(3)Chun an cuspóir sin a bhaint amach, thionscain an Coimisiún treoirthionscadal i ndeireadh 2011 a raibh sé mar aidhm leis deontais a sholáthar chun tacú le lárionad saineolais airgeadais a fhorbairt a rachadh chun sochair do thomhaltóirí, d'úsáideoirí deiridh eile agus do gheallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd agus chun feabhas a chur ar chumas na ndreamanna sin páirt a ghlacadh i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais. Ba iad na príomhchuspóirí beartais a bhí ann deimhin a dhéanamh de go bhfaigheadh lucht ceaptha beartas an Aontais, agus reachtaíocht nua á tionscnamh acu, tuairimí eile seachas tuairimí lucht na hearnála airgeadais, go mbeadh an pobal trí chéile ní b'eolaí faoi na saincheisteanna a bhíonn i dtreis i rialáil airgeadais agus go gcuirfí feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais, nithe a mbeadh reachtaíocht chothromaithe mar thoradh orthu.
(4)Dá bharr sin, idir 2012 agus 2105 dhámh an Coimisiún, trí bhíthin glao oscailte ar iarratais, deontais oibriúcháin do dhá einiteas neamhbhrabúis, mar atá Finance Watch agus Better Finance. Is mar chuid de threoirthionscadal a bhí ar siúl in 2012 agus 2013, agus mar chuid de réamhbheart atá ann ó 2014, a dámhadh na deontais sin. Ós ní é nach féidir réamhbheart a úsáid ach ar feadh trí bliana, tá gá le gníomh reachtach chun bunús dlí a bheith ag cistiú do ghníomhachtaí den saghas sin ó 2017 ar aghaidh.
(5)Cuireadh Finance Watch ar bun in 2011 mar chomhlachas idirnáisiúnta neamhbhrabúis faoi dhlí na Beilge. Is é an misean atá aige leasanna na sochaí sibhialta a chosaint i réimse an airgeadais. A bhuí le deontais ón Aontas, d'éirigh le Finance Watch foireann cháilithe saineolaithe a chur le chéile laistigh de ghearrthréimhse, atá in ann staidéir, anailís ar bheartais agus gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh i réimse na seirbhísí airgeadais.
(6)D'eascair Better Finance as cónaidhmeanna Eorpacha infheisteoirí agus scairshealbhóirí a bhí ann cheana agus a atheagraíodh agus a athbhrandáladh roinnt uaireanta ó bhí 2009 ann. A bhuí le deontais ón Aontas, d'éirigh le Better Finance lárionad saineolais airgeadais a chur ar bun arb é a phríomhfhócas leasanna tomhaltóirí, infheisteoirí aonair, scairshealbhóirí aonair, coigilteoirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, rud atá ag luí lena cineál a mball.
(7)Ba é an chonclúid a baineadh as an meastóireacht a rinneadh in 2015 ar an treoirthionscadal agus ar an réamhbheart ina dhiaidh sin gur gnóthaíodh na cuspóirí beartais, a bheag nó a mhór. Tá obair déanta ag Finance Watch agus Better Finance ar réimsí comhlántacha beartais agus tá siad tar éis díriú ar phobail éagsúla. Trí ghníomhaíochtaí gach ceann acu tá an chuid is mó de chlár oibre polaitiúil airgeadais an Aontais cumhdaithe acu ó bhí 2012 ann.
(8)Chuir an dá eagraíocht luach breise ar fáil d'iomlán ghníomhaíochtaí a mball náisiúnta agus do thomhaltóirí an Aontais araon, ar bhealach nár éirigh le grúpaí náisiúnta abhcóideachta tomhaltóirí a dhéanamh go dtí seo. Níl an saineolas teicniúil i réimsí beartais a bhaineann le seirbhísí airgeadais ag eagraíochtaí náisiúnta atá ag déileáil le saincheisteanna tomhaltóirí de gach cineál. Ina theannta sin, níor sainaithníodh aon eagraíochtaí comhchosúla eile ar leibhéal an Aontais go dtí seo. Léirítear sa mheastóireacht, freisin, nár fhreagair aon iarratasóir eile na glaonna bliantúla leantacha ar thograí ó 2012, rud a thabharfadh le fios nach bhfuil aon eagraíocht eile in ann gníomhaíochtaí comhchosúla a dhéanamh ar fud an Aontais faoi láthair.
(9)Mar sin féin, in ainneoin iarrachtaí a rinneadh arís is arís, níor éirigh le ceachtar den dá eagraíocht mórchistiú cobhsaí a mhealladh ó dheontóirí nach cuid den tionscal airgeadais iad, agus, dá bhrí sin, tá an dá eagraíocht fós ag brath go mór ar chistiú ón Aontas. Dá bhrí sin, tá gá le comhchistiúchán ón Aontas chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ar fáil chun na cuspóirí beartais inmhianaithe a bhaint amach sna blianta atá amach romhainn, trí chobhsaíocht airgeadais a sholáthar do na heagraíochtaí sin ar éirigh leo go dtí seo a ngníomhaíochtaí ábhartha a thosú laistigh de ghearrthréimhse. Dá bhrí sin, is gá clár Aontais a bhunú don tréimhse 2017–2020 chun tacú le gníomhaíochta Finance Watch agus Better Finance ('an Clár').
(10)Dá leanfaí de bheith ag cistiú Finance Watch agus Better Finance le linn na tréimhse 2017–2020, a bheag nó a mhór mar a rinneadh faoin réamhbheart, d'áiritheofaí go mairfeadh an dea-thionchar a bhí ag an dá eagraíocht go dtí seo. Ba cheart an clúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir a bheith bunaithe ar na meánchostais iarbhír arna dtabhú ag gach tairbhí idir 2012 agus 2015. Níor cheart an ráta comhchistiúcháin a athrú.
(11)Idir 2012 agus 2015, rinneadh an dá eagraíocht a chomhchistiú trí dheontais oibriúcháin. In 2016, cinneadh deontais bhirt a sholáthar ina náit, toisc go náirítear le deontais bhirt go ndéantar rialú níos fearr ar chaiteachas bhuiséad an Aontais .
(12)Ba cheart, leis an Rialachán seo, imchlúdach airgeadais a leagan síos do thréimhse iomlán an Chláir arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.
(13)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na cláir oibre bhliantúla a bhunú.
(14)Gach bliain, roimh an 31 Nollaig, ba cheart do gach tairbhí tuairisc a thíolacadh ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe don bhliain dár gcionn chun cuspóirí beartais an Chláir a bhaint amach. Ba cheart tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar na gníomhaíochtaí sin, lena náirítear na cuspóirí atá acu, na torthaí a bhfuil coinne leo, na costais agus an creat ama a mheastar a bheidh i gceist, agus táscairí ábhartha chun measúnú a dhéanamh orthu.
(15)Ba cheart tacaíocht airgeadais a dheonú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún.
(16)Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena náirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí sin, pionóis riaracháin agus airgeadais a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
(17)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leis seo bunaítear clár Aontais ('an Clár') don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2020 chun tacú le gníomhaíochtaí na n eagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 a rannchuidíonn cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach maidir le feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais, agus ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd, i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais
2.Cumhdóidh an Clár na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)gníomhaíochtaí taighde, lena náirítear taighde dílis, sonraí dílse agus saineolas dílis a tháirgeadh;
(b)gníomhartha feasachta agus scaipthe, lena náirítear do phobal leathan de dhaoine nach saineolaithe iad;
(c)gníomhaíochtaí a neartaíonn idirghníomhaíocht idir baill na neagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus na gníomhaíochtaí abhcóideachta a threisíonn seasamh na mball sin ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 2
Cuspóirí
1.Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an gClár:
(a)tuilleadh feabhais a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais, agus ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd, i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais;
(b)an fhaisnéis a mhéadú a fhaigheann tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile, agus geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna, i dtaobh saincheisteanna a bhíonn i dtreis i rialáil réimse an airgeadais.
2.Na cuspóirí atá leagtha amach i mír 1, déanfar faireachán orthu go háirithe trí thuairisc bhliantúil a thabhairt ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag tairbhithe an chláir agus trí thuarascáil bhliantúil beart, tuarascáil ina mbeidh táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla i leith gach beart a bheartaigh agus a rinne na tairbhithe.
Airteagal 3
Tairbhithe
1.Beidh Finance Watch agus Better Finance ina dtairbhithe den Chlár ('tairbhithe')
2.Chun tairbhiú den chlár, leanfaidh na tairbhithe sin de bheith ina neintitis dhlíthiúla neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha, atá neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó. Ní bheidh aon leas coinbhleachta acu agus déanfaidh siad ionadaíocht, trína mbaill, ar leasanna thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais. Áiritheoidh an Coimisiún go leantar de bheith ag comhlíonadh na gcritéar sin, ar feadh ré an Chláir, trí na critéir sin a áireamh sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 7 agus trí mheasúnú a dhéanamh go bliantúil ar cé acu atá siad á gcomhlíonadh ag na tairbhithe nó nach bhfuil, sula ndéanfar an deontas birt dá dtagraítear in Airteagal 4 a dhámhachtain.
3.Má dhéantar an dá thairbhí dá dtagraítear i mír 1 a chónascadh, is é an teintiteas dlíthiúil a thiocfadh as an gcumasc a bheidh mar thairbhí an Chláir.
Airteagal 4
Deontais a dhámhachtain
Déanfar an maoiniú faoin gClár a sholáthar i bhfoirm deontais bhirt arna ndámhachtain ar bhonn bliantúil, agus bunófar an maoiniú sin ar na moltaí a chuir na tairbhithe isteach i gcomhréir le hAirteagal 7.
Airteagal 5
Trédhearcacht
I ngach cumarsáid nó foilseachán a bhaineann le beart a dhéanann tairbhí agus a cistíodh faoin gClár, déarfar go bhfuair an beart sin cistiú ó bhuiséad an Aontais.
Airteagal 6
Forálacha airgeadais
1.EUR 6 000 000 i bpraghsanna reatha an tuasmhéid a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2020.
2.Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a údaróidh na leathreasuithe bliantúla, laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Airteagal 7
An Clár a chur chun feidhme
1.Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.
2.Chun tairbhiú den Chlár, déanfaidh na tairbhithe, gach bliain roimh 31 Nollaig, moladh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh tuairisc ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1 atá beartaithe don chéad bhliain eile.
3.Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla d'fhonn an Clár a chur chun feidhme. Sna cláir oibre sin leagfar amach na cuspóirí atá le saothrú, na torthaí a mheastar a bheidh ar bheart na dtairbhithe, modh cur chun feidhme na mbeart sin agus a méid iomlán is gá lena ndéanamh. Beidh iontu freisin tuairisc ar na bearta atá le maoiniú, meastachán ar an méid atá le leithdháileadh ar gach beart agus tráthchlár cur chun feidhme garbh. Maidir leis na deontais bhirt, leagfar amach sna cláir oibre bliantúla na tosaíochtaí agus na bunchritéir dhámhachtana. Is é an ráta uasta cómhaoinithe a bheidh ann 60 % de na costais incháilithe.
4.Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre bhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.
Airteagal 8
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
1.Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2.Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí Aontais, go díreach nó go hindíreach faoin gClár.
3.Féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú sin go díreach nó go hindíreach leo, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, AE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear, go díreach nó go hindíreach, faoin gClár seo.
4.Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, tabharfar cead sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh. I gcás go ndéantar cur chun feidhme birt a sheachfhoinsiú nó a fhotharmligean, go hiomlán nó go páirteach, nó má éilíonn sé go ndéanfaí conradh soláthair a dhámhachtain nó tacaíocht airgeadais a thabhairt do thríú páirtí, luafar sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais an oibleagáid atá ar an tairbhí é a fhorchur ar aon tríú páirtí lena mbaineann glacadh go sainráite le cumhachtaí sin an Coimisiún, na Cúirte Iniúchóirí agus OLAF.
Airteagal 9
Meastóireacht
1.Tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag roimh dheireadh an Chláir, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le gnóthú chuspóirí an Chláir. Sa tuarascáil sin déanfar measúnú ar ábharthacht agus breisluach foriomlán an Chláir, ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht a fheidhmithe agus ar éifeachtacht fheidhmíocht na dtairbhithe le chéile agus leo féin, i dtéarmaí na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 a bhaint amach.
2.Cuirfear an tuarascáil ar aghaidh chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa mar eolas.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clár Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha lena gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais don tréimhse 2017–2020.
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
Réimse Beartais: 12.02 Seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil
Gníomhaíocht: Seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
◻ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais
1.4.2.Cuspóir(í) sonracha agus na gníomhaíocht(aí) ABM/ABB lena mbaineann
Cuspóirí sonracha:
Tuilleadh feabhais a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais, agus ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna siúd, i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais
An fhaisnéis a mhéadú a fhaigheann tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile, agus geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna, i dtaobh saincheisteanna a bhíonn i dtreis i rialáil earnáil an airgeadais
Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann:
12. Seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Meastar go gcoinneofar an tionchar a measadh sa mheastóireacht ex ante ar an treoirthionscadal agus ar an réamhbheart:
-tionchar tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a neartú sa rialáil Eorpach airgeadais agus ar an gcaoi sin a áirithiú go mbeidh reachtaíocht an Aontais níos cothromaithe
-gaireas láidir cumarsáide a fhorbairt leis na húsáideoirí deiridh Eorpacha
1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
|
Táscairí do na gníomhaíochtaí taighde: táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla ar nós:
- líon agus cineál na ngníomhaíochtaí taighde; na topaicí a chumhdaítear;
- straitéis scaipthe;
- athbhreithnithe piaraí
Táscairí do na gníomhaíochtaí feasachta agus scaipthe: táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla ar nós:
- líon agus cineál na nócáidí poiblí a eagraítear (e.g. comhdhálacha ardleibhéil); an topaic a chumhdaítear; meastóireacht na rannpháirtithe ar an ócáid;
- trácht tríd an suíomh gréasáin, lena náirítear ó bhaill;
- na táscairí ábhartha cainníochtúla go léir do na meáin shóisialta;
- clúdach sa phreas, lena náirítear líon na nagallamh agus na gcraoltaí; na topaicí a chumhdaítear
Táscairí do na gníomhaíochtaí abhcóideachta a neartaíonn idirghníomhaíochtaí idir Finance Watch agus Better Finance agus idir a mbaill; táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla ar nós:
- líon na gcruinnithe le lucht ceaptha beartas an Aontais, rannpháirtíocht in éisteachtaí;
- comhordú le Finance Watch agus Better Finance, rannchuidithe a fuarthas, meithleacha oibre a bunaíodh leis na baill
|
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglas is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
Ní fhéadfar treoirthionscadal agus réamhbheart a úsáid ach ar feadh tréimhse theoranta ama. Chun a áirithiú go gcoinneofar an toradh a fuarthas agus an tionchar a ndearnadh measúnú air go dtí seo, níl aon bhealach eile ann ach creat reachtach a bheith ann lena bhforálfar do chistiú do na gníomhaíochtaí céanna.
1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirtíocht an AE
Sa mheastóireacht measadh gur rud dearfach é go raibh breisluach Aontais sa treoirthionscadal agus sa réamhbheart: níl an saineolas teicniúil ag na heagraíochtaí náisiúnta a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna tomhaltóirí de gach cineál ná ní féidir leo raon chomh leathan sin de réimsí beartais a bhaineann le seirbhísí airgeadais a chumhdach. Ina theannta sin, níor aithníodh aon eagraíochtaí comhchosúla eile ar leibhéal an Aontais. Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta ós rud é, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach féidir leis na Ballstáit a chuspóirí a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr fhairsinge agus éifeacht an bhirt, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Measadh sa mheastóireacht ex post a rinneadh ar an treoirthionscadal agus ar an réamhbheart a bhí ann roimhe seo gur gnóthaíodh, a bheag nó a mhór, na cuspóirí beartais a leagadh amach i ndeireadh 2011.
Chun a áirithiú go gcoinneofar an toradh dearfach a measadh a bheith ann go dtí seo, is gá leanúint de bheith ag cistiú na ngníomhaíochtaí céanna, a bheag nó a mhór mar a rinneadh go dtí seo.
1.5.4.Comhsheasmhacht le hionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann
Comhlánóidh an clár Aontais seo tionscnaimh bheartais atá ann cheana, amhail na gníomhaíochtaí atá déanta ag Grúpa Úsáideoirí na Seirbhísí Airgeadais (FSUG) ó 2010 i leith, nó ag grúpa saineolaithe eile a cuireadh ar bun chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún nó do na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta (e.g. grúpaí páirtithe leasmhara na nÚdarás Eorpach Maoirseacht) i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais le haghaidh seirbhísí airgeadais.
Comhlánfaidh an clár Aontais seo na beartais atá ag an Aontas cheana maidir le tomhaltóirí. Trí ról níos láidre a thabhairt do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí deiridh eile i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse an airgeadais beifear in ann, de bharr an Chláir seo, ionadaíocht níos fearr a dhéanamh ar leasanna tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile sa réimse seo agus caoi a thabhairt dóibh a dtuairim a thabhairt, agus ar an dóigh sin, muinín na saoránach sa chóras Eorpach airgeadais a thabhairt ar ais.
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–X
Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 01/01/2017 go dtí an 31/12/2020
–X
Tionchar airgeadais ó 2017 go 2021
◻Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe
X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme i CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
I gcás an dá thairbhí: tuarascálacha ar dhul chun cinn agus tuarascálacha deiridh
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.Na rioscaí a aithníodh
Tá riosca ann nach ngnóthófar na cuspóirí oibriúcháin mura mbeidh cáilíocht aschur na dtairbhithe i gcomhréir leis na bunchuspóirí a bhfuil tuairisc orthu sna tograí bliantúla
Tá riosca ann go gcuirfear leasanna airgeadais/cáil an Aontais i mbaol má theipeann ar sheirbhísí an Choimisiúin caiteachas neamh-incháilithe a shainaithint
2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm
Riosca nach ngnóthófar na cuspóirí oibriúcháin:
– Iarrtar ar thairbhithe tuarascáil bhliantúil a chur isteach, i gcomhréir le cuspóirí aonair tograí bliantúla agus le treoirlínte Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 an 25 Deireadh Fómhair 2012, maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh
– Na haonaid oibriúcháin atá freagrach laistigh d'Ard-Stiúrthóireacht FISMA, bíonn siad i dteagmháil go rialta leis na tairbhithe
An riosca go gcuirfear leasanna airgeadais an Aontais i mbaol:
– Cloíonn na rialuithe maidir le gealltanais deontas agus íocaíochtaí in ArdStiúrthóireacht FISMA leis an gciorcaid athneartaithe airgeadais agus is cuid de sin seiceálacha deisce a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta a bhaineann le hábhar, tuarascálacha eatramhacha agus deiridh san áireamh, ar chuntais iniúchta agus ar dhoiciméid shonracha a iarrann an Ard-Stiúrthóireacht. Déantar na rialuithe sin a dhoiciméadú i seicliostaí a líontar go córasach ag na gníomhairí uile a bhfuil ról acu sna hidirbhearta airgeadais a bhaineann le hábhar (OIA, OVA, OVA2, FIA, FVA, FVA2, AO), lena náirítear rialuithe a dhéanann aonad airgeadais na hArdStiúrthóireachta ó thaobh cúrsaí airgeadais agus dlí de chun an "Bon à Payer" a sheachadadh
– Déanann aonad airgeadais na hArd-Stiúrthóireachta rialuithe ar an láthair ar bhonn córasach ar gach tairbhí trí thástáil shubstainteach a dhéanamh ar shampla d'idirbhearta agus é mar aidhm aige measúnú a dhéanamh ar chóras airgeadais agus rialaithe inmheánaigh an tairbhí, agus dearbhú breise a thabhairt don Oifigeach Údaraithe maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go leordhóthanach
2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis
D'fhanfadh an tuasráta earráide faoi bhun 2 %
Faoi bhun 0.5 den choibhéis lánaimseartha, nó EUR 67 000 in aghaidh na bliana, an costas a bheadh ar na rialuithe.
100 % den mhéid a dheonaítear gach bliain agus a chaitear go cuí a bheadh mar thoradh ar na rialuithe agus chloífeadh sé le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.
Ciorcaid athneartaithe airgeadais a bhfuil fíorú ex ante oibriúcháin agus airgeadais acu
Anailís rialta ar chuntais, tuarascálacha bliantúla agus deimhnithe iniúchóireachta na tairbhithe
Iniúchóireachtaí rialta ar an láthair chun córais airgeadais agus rialuithe buiséadacha a fhíorú
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana: ní hinfheidhme
Línte nua buiséid atá á niarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
12.0202
Feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
1
|
12.02.02
|
Difreáilte
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil:
|
Uimhir 1
|
Ceannteideal: Fás cliste agus uilechuimsitheach
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: FISMA
|
|
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
IOMLÁN
|
|
•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
12.02.02
|
Gealltanais
|
(1)
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
|
6.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
0750
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
0.750
|
6.000
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
|
(3)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
i gcomhair Ard-Stiúrthóireacht FISMA
|
Gealltanais
|
=1+1a +3
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
|
6.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a
+3
|
0.750
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
0.750
|
6.000
|
•IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
|
6.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0.750
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
0.750
|
6.000
|
|
•IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach
|
(6)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
|
6.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0.750
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
0.750
|
6.000
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin: ní hinfheidhme
|
•IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
|
6.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0.750
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
0.750
|
6.000
|
|
•IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat ilbhliantúil airgeadais
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
|
6.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0.750
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
0.750
|
6.000
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat ilbhliantúil airgeadais
|
Gealltanais
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
|
6.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
0.750
|
1.500
|
1.500
|
1.500
|
0.750
|
6.000
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–X
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: (deontais bhirt)
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.3.1.Achoimre
–X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
– Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
3.2.3.2.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana.
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil
–X
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don togra le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil nua 2014-2020
–◻
Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)
|
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
Iomlán
|
|
Finance Watch agus Better Finance, agus a gcuid cistí féin agus cistí arna bhfáil ó thríú páirtithe san áireamh
(Meán-chómhaoiniú an tairbhí 40 %)
|
1.000
|
1.000
|
1.000
|
1.000
|
4.000
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
1.000
|
1.000
|
1.000
|
1.000
|
4.000
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–X
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam ilghnéitheach