Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0283

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    COM/2016/0283 final - 2016/0148 (COD)

    An Bhruiséil,25.5.2016

    COM(2016) 283 final

    2016/0148(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SWD(2016) 164 final}
    {SWD(2016) 165 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    Le hAirteagal 21a de Rialachán 2006/2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, dá ngairfear an Rialachán maidir le CCT feasta) 1 foráiltear go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht agus ar shásraí oibríochtúla an Rialacháin mar aon le dianscrúdú i dtaobh an bhféadfaí dlíthe breise lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a áireamh in Iarscríbhinn an Rialacháin. De réir an mheasúnaithe seo, déanfaidh an Coimisiún, nuair is iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán a athrú.

    Ar dtús, in 2012, chríochnaigh an Coimisiún meastóireacht sheachtrach 2 ar fheidhmiú an Rialachán maidir le CCT. Ina dhiaidh sin, reáchtáladh comhairliúchán poiblí 3 (20132014), Cruinniú Mullaigh na dTomhaltóirí 2013 4 , dhá thuarascáil dhébhliantúla in 2009 5 agus 2012 6 agus Tuarascáil ón gCoimisiún in 2014 maidir le feidhmiú an Rialacháin maidir le CCT 7 . Cuireadh measúnú tionchair i gcrích in 2015 chun measúnú a dhéanamh ar an ngá le togra reachtach. Ina theannta sin, sholáthair an Coimisiún staidéar dlí agus geilleagair 8 chun tacú le meastóireacht ar an Rialachán maidir le CCT. Ba é deireadh 2014 an spriocdháta a bhí leis an athbhreithniú i dtús ama, cuireadh siar é chun tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin reatha a chur san áireamh.

    Fógraíodh sa Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach 9 a ghlac an Coimisiún an 6 Bealtaine 2015 go ndéanfadh an Coimisiún togra a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le CCT chun sásraí comhair níos éifeachtúla a fhorbairt i measc na núdarás náisiúnta atá i gceannas ar fhorfheidhmiú reachtaíocht an Aontais maidir le tomhaltóirí. Cuireadh in iúl an athuair sa Straitéis maidir leis an Margadh Aonair 10 a ghlac an Coimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2015 go ndéanfadh an Coimisiún forfheidhmiú dhlí tomhaltais an Aontais ag údaráis náisiúnta a fheabhsú trí bhíthin leasú ar an Rialachán maidir le CCT.

    Sa tuarascáil ón gCoimisiún faoi Airteagal 21a den Rialachán maidir le CCT, ina gcuirtear san áireamh an tuarascáil ar an measúnú tionchair a cuireadh i gcrích in 2015, cuirtear i láthair torthaí an mheasúnaithe maidir le héifeachtacht agus sásraí oibríochtúla an Rialacháin maidir le CCT. Baintear de thátal as gur gá an Rialachán atá ann faoi láthair a athrú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an gheilleagair dhigitigh agus ar fhorbairt na trádála miondíola trasteorann san Aontas. Glactar Tuarascáil seo an Choimisiúin in éineacht leis an togra le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún a thiocfaidh in áit an Rialacháin maidir le CCT atá ann faoi láthair.

    Is cuid de Chlár Oibre an Choimisiúin do 2016 11 an togra seo le haghaidh Rialachán nuachóirithe, agus tá sé bunaithe ar an taithí atá ag an nGréasán um CCT i réimse an chomhair i gcúrsaí forfheidhmiúcháin ó bhí 2007 ann. Leagtar amach sa mheabhrán míniúcháin seo na cúiseanna leis an togra agus dírítear ar na príomhghnéithe a bhaineann leis, go háirithe na hionstraimí nua comhair atá beartaithe.

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    1.1.Comhthéacs beartais: an gá le sásra foirmiúil maidir le comhar forfheidhmiúcháin trasteorann

    Déantar an creat comhair idir na húdaráis náisiúnta san Aontas 12 a chomhchuibhiú faoin Rialachán maidir le CCT sa chaoi gur féidir leo fairsinge iomlán an Mhargaidh Aonair 13 a chumhdach lena gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin. Is é príomhchuspóir an Rialacháin maidir le CPC deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú sa Mhargadh Aonair trí fhorfheidhmiú comhleanúnach a dhéanamh ar phríomhreachtaíocht tomhaltais an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis 14 . I gcomhthéacs trasteorann, ní leor na socruithe náisiúnta atá ann cheana maidir le forfheidhmiú dhlíthe tomhaltais an Aontais. Ar an ábhar sin, tá sé ríthábhachtach go mbeidh comhar forfheidhmiúcháin trasteorann éifeachtach ann idir údaráis phoiblí ar fud an Aontais chun cosc a chur ar thrádálaithe neamhchomhlíontacha teacht i dtír ar bhearnaí, mar aon le teorainneacha críche agus teorainneacha eile ar chumas forfheidhmiúcháin gach Ballstáit.

    Déantar sin faoi láthair trí shásra foláireamh agus trí shásra cúnaimh fhrithpháirtigh 15 , sásraí a gcomhlánaítear le sraith íoschumhachtaí 16 ar gá a bheith ag údaráis náisiúnta le go mbeidh comhar éifeachtúil trasteorann ann atá fónta ó thaobh dlí. Tá sásra ann freisin a úsáidtear chun dul i ngleic le míchleachtais a bhaineann le níos mó ná dhá thír 17 , trína dtugann Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún, aghaidh le chéile ar shaincheisteanna a bhfuil comhleas acu iontu

    1.2.Meastóireacht ar fheidhmiú an Rialacháin maidir le CCT

    In 2012, d'fhostaigh an Coimisiún conraitheoir chun meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán maidir le CCT 18 inar tugadh le fios go ndearna an Rialachán sin tairbhe do na húdaráis inniúla, do thomhaltóirí agus do thrádálaithe agus inar deimhníodh oiriúnacht agus ábharthacht a chuspóirí 19 . Tugadh le fios inti freisin nár baineadh na cuspóirí sin amach go hiomlán agus nár baineadh leas iomlán as an Rialachán 20 . Is iad seo a leanas príomhthorthaí na meastóireachta 21 :

    Raon Feidhme an Rialacháin maidir le CCT: moladh sa tuarascáil mheastóireachta go ndéanfaí iniúchadh ar an ngá le hIarscríbhinn an Rialacháin maidir le CCT a thabhairt cothrom le dáta chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an reachtaíocht earnálach agus an reachtaíocht chothrománach atá liostaithe san Iarscríbhinn faoi láthair, go háirithe in earnáil an iompair agus earnáil na seirbhísí airgeadais 22 .

    Srianta a eascraíonn as difríochtaí idir dlíthe nós imeachta náisiúnta agus idir cumhachtaí forfheidhmiúcháin náisiúnta: moladh sa tuarascáil mheastóireachta go ndéanfaí iniúchadh ar na roghanna a bheadh ann go náireofaí íoschaighdeáin nós imeachta sa Rialachán maidir le CCT agus go leathnófaí na híoschumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin atá ag na húdaráis um CCT 23 chun roinnt deacrachtaí maidir le héifeachtúlacht an chomhair a shárú 24 .

    Feidhmiú an Ghréasáin um CCT agus comhghníomhaíochtaí, agus ról an Choimisiúin agus gníomhaithe eile: léiríodh sa tuarascáil mheastóireachta nach rachfaí i ngleic go hiomlán le sáruithe forleathana a tharlaíonn go comhuaineach i roinnt Ballstát faoin Rialachán maidir le CCT 25 atá ann faoi láthair. Aithníodh sa tuarascáil an gá atá le treoir bhreise a chur ar fáil don Ghréasán um CCT maidir leis an gcaoi a ndéantar comhghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin 26 a úsáid agus a chomhordú, lena náirítear soiléiriú a dhéanamh ar ról an Choimisiúin 27 sna gníomhaíochtaí sin.

    1.3.Forais agus cuspóirí an togra

    Treisíodh leis an Rialachán maidir le CCT forfheidhmiú na ndlíthe tomhaltais ar fud an Aontais Eorpaigh 28 . Maireann leibhéal ard neamhchomhlíontachta, áfach, i gcás rialacha lárnacha tomhaltais an Aontais sna príomh-mhargaí tomhaltais. Sa chreat atá ann cheana ní dhéantar foráil maidir leis na dlíthe sin a fhorfheidhmiú ar bhealach láidir agus cothrom ar fud an Aontais, rud atá riachtanach má táthar le Margadh Aonair Digiteach dinimiciúil a chur chun cinn.

    Leibhéal ard neamhchomhlíontachta le rialacha lárnacha tomhaltais an Aontais

    Is léir ar an ráta reatha neamhchomhlíontachta i measc gnólachtaí maidir le acquis tomhaltais an Aontais nach bhfuil an forfheidhmiú is fearr á dhéanamh ar na dlíthe sin. Léiríonn an scagadh comhordaithe a rinne údaráis um CCT ó 2007 ar ghréasáin r-thráchtála ar líne ("scuabadh") gur idir 32 % agus 69 % atá na rátaí neamhchomhlíontachta le bunrialacha tomhaltais sna margaí a seiceáladh 29 . Tagann na torthaí sin leis na sonraí ó na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí: baineann dhá thrian de na 37,000 gearán aonair a tháinig chucu in 2014 le ceannacháin trasteorann ar líne 30 . Anuas air sin, léiríonn meastachán coimeádach bunaithe ar shampla ionadaíoch de chúig earnáil ar líne (éadaí, earraí leictreonacha, áineas, creidmheas tomhaltóirí agus taisteal láneagraithe) nár chloígh 37 % de r-thráchtáil san Aontas Eorpach le dlí tomhaltais an Aontais in 2014. Leanann de sin go ndéantar díobháil a mheastar a bheith thart ar EUR 770 milliún in aghaidh na bliana do thomhaltóirí agus iad i mbun siopadóireacht ar líne ar bhonn trasteorann gan ach na hearnálacha a ndearnadh suirbhé orthu a lua 31 .

    Ar an ábhar sin, teastaíonn togra reachtach má táthar le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá aitheanta sa Rialachán maidir le CCT. Is é aidhm ghinearálta an togra sásraí um CCT a fhorbairt atá nua-aimseartha, éifeachtúil agus éifeachtach, sásraí a laghdóidh an díobháil do thomhaltóirí de dheasca sáruithe trasteorann agus sáruithe forleathana ar dhlí tomhaltais an Aontais. Áirítear leis sin cásanna a laghdú go háirithe nuair nach dtugtar faoi deara sáruithe trasteorann tromchúiseacha nó sáruithe forleathana tromchúiseacha tríd an gcreat um CCT nó nuair nach dtugtar aghaidh ar bhealach leordhóthanach orthu agus féachaint chuige go mbaineann na húdaráis cosanta tomhaltóirí spriocanna mar an gcéanna amach i gcás na míchleachtais chéanna.

    1.4.Comhsheasmhacht leis na forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

    Molann an Coimisiún nuachóiriú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le CCT atá ann faoi láthair, trí chur leis an leibhéal comhchuibhithe, chun go bhféadfaí dul i ngleic leis na saincheisteanna thuasluaite agus chun go neartófaí forfheidhmiú trasteorann dhlíthe tomhaltais an Aontais sa Mhargadh Aonair.

    Sa togra déantar forbairt bhreise ar phrionsabail an Rialacháin maidir le CCT atá ann cheana i réimsí ar gá a neartú de bharr go bhfuil méadú ag teacht ar raon agus ar scála na sáruithe sa Mhargadh Aonair agus go háirithe sa chuid ar líne de. Ar cheann de na réimsí sin tá an comhar chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe forleathana. Mar aon le hionstraimí eile, moltar nós imeachta comhchoiteann ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le sáruithe tromchúiseacha díobhálacha a bhaineann le 3/4 de na Ballstáit ar a laghad agus a chuimsíonn ar a laghad 3/4 de dhaonra an Aontais. Moltar go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an nós imeachta comhchoiteann a sheoladh agus go mbeidh ról éigeantach comhordúcháin aige sa nós imeachta sin. Beidh sé éigeantach do na Ballstáit lena mbaineann páirt a ghlacadh sa chomhghníomhaíocht seo.

    Is céim mhór chun cinn iad na huirlisí i gcomhar forfheidhmiúcháin maidir le freagairt atá éifeachtach, éifeachtúil agus comhréireach ar sháruithe forleathana a bhfuil gné Aontais ag baint leo agus a dhéanann díobháil shuntasach do thomhaltóirí agus don Mhargadh Aonair.

    De bharr go moltar iliomad athruithe, beartaíonn an Coimisiún, i gcomhréir leis na prionsabail i dtaca le rialáil níos fearr, Rialachán nua lena ndéanfar comhdhlúthú ar na leasuithe a chur in áit an Rialacháin maidir le CCT atá ann cheana.

    1.5.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Ina theannta sin, tá an togra go hiomlán comhsheasmhach agus comhoiriúnach le beartais an Aontais atá ann cheana, beartais in earnáil an iompair san áireamh, ina ndéanann reachtaíocht a bhaineann go sonrach le cearta paisinéirí foráil maidir le rialacha chun tomhaltóir a chúiteamh 32 . Cuireann sé leis na socruithe comhair (malartuithe faisnéise i measc na núdarás) atá ar fáil sna hionstraimí earnála atá cumhdaithe ag an Rialachán maidir le CCT.

    Ní dhéanann an togra dúbláil ar rialacha earnála atá ann cheana i reachtaíocht an Aontais. Cuirfear na rialacha atá ann cheana i bhfeidhm maidir le cúiteamh do thomhaltóirí sna hearnálacha lena mbaineann i gcomhthéacs an CCT freisin, go háirithe chun méid an chúitimh a ríomh (m.sh. i gcás iompar paisinéirí d'aer). Cuireann an togra leis na rialacha seo trí fhoráil a dhéanamh maidir le cumhachtaí agus nósanna imeachta comhair chun déileáil le sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana.

    Tá an Rialachán comhsheasmhach leis na sásraí comhair trasteorann faoin Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta agus faoin Treoir maidir le Creidmheas Morgáiste, a bhfuil na forálacha cumhdaithe ag an Rialachán maidir le CCT. I bhfianaise na sásraí comhair maidir le sáruithe laistigh den Aontas atá ann cheana faoi na treoracha sin, ní bheidh feidhm ag Caibidil III (an sásra um chúnamh frithpháirteach) i gcás sáruithe ar na treoracha sin laistigh den Aontas. Beidh feidhm iomlán ag Caibidil IV i gcás sáruithe forleathana ar na treoracha sin. Chun comhleanúnachas a áirithiú i réimse na seirbhísí airgeadais, ba cheart an tÚdarás Baincéireachta Eorpach a chur ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí comhordaithe agus comhchoiteanna faoi ranna I agus II de Chaibidil IV sa mhéid go mbaineann siad le sáruithe ar an dá threoir (ról breathnóra).

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    2.1.Bunús Dlí

    Mar is amhlaidh i gcás an Rialacháin maidir le CCT atá ann faoi láthair, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra. Is é is aidhm don togra deireadh a chur le saobhadh ar iomaíocht agus fáil réidh le bacainní roimh an Margadh Inmheánach (Airteagal 26 CFAE) agus féachtar le héifeachtacht agus éifeachtúlacht an chórais forfheidhmiúcháin trasteorann i dtaca le reachtaíocht maidir le tomhaltóirí a chaomhnú agus a mhéadú.

    2.2.Coimhdeacht

    Tá cosaint an tomhaltóra ar cheann de na hinniúlachtaí a roinntear idir an tAontas agus na Ballstáit. De réir Airteagal 169 CFAE, rannchuideoidh an tAontas, inter alia, le leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chosaint mar aon lena gceart chun faisnéise agus oideachais a chur chun cinn ar mhaithe lena leasanna a choimirciú. I ngeall nach bac do theicneolaíochtaí digiteacha teorainneacha náisiúnta cruthaítear dúshláin d'údaráis phoiblí maidir le forfheidhmiú chearta tomhaltóra an Aontais, údaráis a mbíonn a ngníomhaíochtaí faoi chuing a dteorainneacha dlínsiúla náisiúnta. Ós a choinne sin, cuireann trádálaithe ar líne a samhlacha gnó agus a gcleachtais ghnó chun feidhme ar fud an Aontais, agus go deimhin féin go domhanda, beag beann ar theorainneacha.

    Ar an ábhar sin, chun go náiritheofaí forfheidhmiú comhsheasmhach dlíthe tomhaltais ar fud an Aontais agus chun go rachfaí i ngleic go héifeachtach le sáruithe, a chuimsíonn roinnt Ballstát, ar reachtaíocht cosanta tomhaltóirí an Aontais, ní mór forálacha comhchuibhithe a chur ar fáil chun gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú. In éagmais creat comhair ón Aontas, bheadh ar na Ballstáit dul i dtuilleamaí líon mór comhaontuithe déthaobhacha, sin nó dul i dtuilleamaí malartuithe breithiúnacha nó consalacha fianaise agus doiciméad, malartuithe a bheadh fada agus achrannach. Chomh maith leis sin, ní bheadh cinntí i gcoinne trádálaí atá lonnaithe i mBallstát eile i gcónaí infhorfheidhmithe. I ngeall air sin, bheadh forfheidhmiú an dlí i gcásanna trasteorann fadálach agus, go minic, mí-éifeachtúil agus chuirfí moill mhór ar chúrsaí agus bheadh bearnaí i bhforfheidhmiú an dlí i gceist. Lena chois sin, d'fhéadfadh córas mar sin spreagadh a thabhairt do thrádálaithe athlonnú laistigh den Aontas chun nach mbeadh orthu cloí le cinntí forfheidhmiúcháin a rinneadh i mBallstát amháin. Dá réir sin, dhéanfaí an cothrom iomaíochta a shaobhadh sa Mhargadh Aonair agus thiocfadh laghdú ar mhuinín tomhaltóirí as idirbhearta trasteorann.

    Baineann a bhfuil de bhearta sa togra seo le cásanna trasteorann nó le sáruithe forleathana a dhéantar i mBallstáit éagsúla. Ní féidir gnéithe trasteorann de dhlí tomhaltais an Aontais a ghnóthú go leordhóthanach le gníomhartha aonair na mBallstát. Ní féidir leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ina naonar, comhar agus comhordú éifeachtúil a áirithiú i dtaca lena ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin. Ní mór comhleanúnachas na dtorthaí forfheidhmiúcháin a áirithiú, go háirithe in ábhair a bhaineann le roinnt Ballstát nó leis an Aontas ar fad; is ar dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí atá na bearta seo bunaithe, ina bhfuil forálacha maidir le comhchuibhiú uasta den chuid is mó. Ar an ábhar sin, go háirithe i gcás na saincheisteanna sin a bhfuil tionchar acu ar fud an Aontais (sáruithe forleathana a bhfuil gné Aontais ag baint leo, áit a bhfuil tionchar ag an sárú ar21 Bhallstát ar a laghad), is é an Coimisiún Eorpach is fearr a ghlacfadh an ról comhordúcháin chuige féin i ngeall ar scála agus raon na faidhbe, agus toisc gur gá comhordú a dhéanamh ar mhórchuid údarás agus toradh comhsheasmhach a áirithiú do thomhaltóirí agus do thrádálaithe. I ndáil leis sin, dá ndéanfaí gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (seachas gníomhaíochtaí a dhéanfadh na Ballstáit ar a gconlán féin) ba thairbhí an mhaise é i dtaca le héifeachtacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú don uile ghníomhaí lena mbaineann.

    Ag an am céanna, i gcás na sáruithe forleathana nach mbaineann an tairseach amach chun go luafaí go bhfuil gné Aontais acu, beartaítear leis an togra, i gcomhréir le gnéithe coimhdeachta, go ndéanfaidh na Ballstáit go príomha comhordú ar bhearta comhordaithe den sórt sin. Is ar bhonn roghnach a bheadh an Coimisiún rannpháirteach mar chomhordaitheoir ar ghníomhaíochtaí den sórt sin, nuair is iomchuí, i bhfianaise scála agus raon na sáruithe.

    Chomh maith leis sin, fearacht an Rialacháin maidir le CCT atá ann faoi láthair, cumhdaítear sa togra sáruithe laistigh den Aontas agus ar bhonn nua, cumhdaítear freisin sáruithe forleathana, sé sin sáruithe a bhfuil gnéithe comónta ag baint leo agus a tharlaíonn i roinnt Ballstát nó sna Ballstáit uile. Ní chumhdaítear sáruithe intíre, a tharlaíonn laistigh d'aon Bhallstát amháin, sa togra.

    Tá comhchuibhiú chumhachtaí na núdarás inniúil a eascróidh ón Rialachán seo teoranta do sháruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana, sáruithe nach féidir feidhm a bhaint as na cumhachtaí atá ar fáil d'údaráis phoiblí sa dlí náisiúnta ina leith de bharr go bhfuil úsáid na gcumhachtaí sin teoranta den chuid is mó do chúrsaí intíre amháin. Ní féidir le gach Ballstát aonair na híoschumhachtaí atá beartaithe maidir le comhar i gcomhthéacs trasteorann a thabhairt isteach de bharr nach gceadódh na teorainneacha dlínsiúla a núsáid thar theorainneacha náisiúnta, i gcásanna a bhaineann le tomhaltóirí i mBallstáit eile. Ar an ábhar sin, ní féidir, mar shampla, fianaise a bailíodh trí na cumhachtaí atá ar fáil go náisiúnta a úsáid i mBallstát eile de bharr nach fianaise a fuarthas go dleathach sa Bhallstát sin a bheadh san fhianaise sin. Sin an fáth gur gá go neascróidh na híoschumhachtaí a úsáidfear sa chomhthéacs trasteorann as ionstraim ar leibhéal an Aontais a sháraíonn srianta dlínsiúla náisiúnta. Tá srianta dlínsiúla ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin na mBallstát aonair aitheanta cheana féin in aithrisí 2, 5, 6, 7 agus 18 den Rialachán maidir le CCT atá ann faoi láthair.

    2.3.Comhréireacht

    Ní dhéanann an togra difear d'inniúlachtaí na mBallstát maidir le forfheidhmiú. B'fhéidir go mbeidh ar roinnt Ballstát a ndlíthe nós imeachta náisiúnta a oiriúnú áfach chun go náiritheofaí gur féidir lena núdaráis um CCT úsáid éifeachtach a bhaint as na híoschumhachtaí nuashonraithe sa chomhthéacs trasteorann, chun dul i gcomhar lena chéile agus dul i ngleic le sáruithe laistigh den Aontas agus le sáruithe forleathana.

    Foráiltear leis an togra, fearacht an Rialacháin maidir le CCT atá ann faoi láthair, sraith chomhchoiteann íoschumhachtaí do na húdaráis inniúla uile sna Ballstáit i gcomhthéacs na sáruithe laistigh den Aontas agus na sáruithe forleathana. Tá an leibhéal de chomhchuibhiú atá roghnaithe de dhíth chun comhar rianúil agus malartuithe fianaise idir údaráis inniúla a bhaint amach agus chun cúrsaí mar atá siad faoi láthair a chur ina gceart i gcás nach féidir codanna áirithe de acquis tomhaltais an Aontais a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach agus go comhleanúnach sa Mhargadh Aonair de bharr nach bhfuil na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla i roinnt Ballstát chun sáruithe den sórt sin a imscrúdú agus a stadadh. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach áfach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    De bharr an togra, cuirfear feabhas ar an gcomhar forfheidhmiúcháin ach san am céanna ní leagfar ualach míréireach ná iomarcach ar údaráis na mBallstát.

    2.4.An rogha ionstraime

    Fearacht an Rialacháin maidir le CCT atá ann faoi láthair, Rialachán is ea an taon ionstraim oiriúnach chun na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach. Ní bhainfeadh Treoir ná CreatTreoir na cuspóirí amach óir i ndiaidh a trasuite bheadh teorainneacha dlínsiúla ann, agus bheadh coinbhleachtaí dlínsiúla fós ann dá bharr.

    3.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA GEALLSEALBHÓIRÍ, AN MHEASÚNAITHE TIONCHAIR AGUS NA TUARASCÁLA MEASÚNAITHE MAIDIR LE CCT

    3.1.Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

    Idir Deireadh Fómhair 2013 agus Feabhra 2014 d'eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar an ngréasán 33 maidir le hathchóiriú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán maidir le CCT 34 . Iarradh ar gheallsealbhóirí a dtuairimí a thabhairt faoin mbealach ina bhféadfaí feidhmiú agus éifeachtúlacht an Rialacháin maidir le CCT a fheabhsú, ag díriú ar thrí réimse: (i) modhanna chun treochtaí margaidh agus sáruithe a shainaithint; (ii) an gá atá le cumhachtaí breise ó thaobh comhair agus le comhchaighdeáin nós imeachta do na húdaráis forfheidhmiúcháin; agus (iii) i bhfianaise go bhfuil srian ar na buiséid phoiblí, cé acu an gcabhródh forfheidhmiúchán comhordaithe ag leibhéal an Aontais chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí le sáruithe forleathana ar dhlíthe tomhaltais an Aontais, sáruithe a dhéanann díobháil do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar fud na hEorpa, agus conas a chabhródh sé sin.

    Fuarthas 222 fhreagairt san iomlán a bhí ionadaíoch go leordhóthanach ar iomlán na ngeallsealbhóirí a bhfuil baint dhíreach ag an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le CCT leo 35 .

    Thug na geallsealbhóirí ar fad (údaráis phoiblí, comhlachais tomhaltóirí, Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, gnólachtaí agus tomhaltóirí aonair) tacaíocht mhaith do phrionsabal na níoschumhachtaí breise, go háirithe na cumhachtaí maidir le ceannach tástála a dhéanamh chun críocha imscrúdaithe; cumhacht shainráite (faoi choinníollacha sainithe) chun trádálaithe atá i mbun sáruithe a ainmniú; an chumhacht íocaíochtaí pionóis a iarraidh chun gnóthachain a fuarthas go haindleathach a aisghabháil; agus an chumhacht bearta eatramhacha a cheangal, fad agus a bhfuiltear ag feitheamh ar imeachtaí iomlána a chur i gcrích. Bhí leibhéal tacaíochta do phrionsabal na gcumhachtaí sin os cionn 50 % i measc gach grúpa geallsealbhóirí. 36 .

    Maidir le sásamh do thomhaltóirí 37 ba iad údaráis ón nGearmáin, ón Ostair agus ón Ríocht Aontaithe na húdaráis is mó a thacaigh leis na bearta seo. Bhí drogall ar chuid eile de na Ballstáit (tíortha in Oirthear na hEorpa, an Iodáil, Éire agus an Lucsamburg) de bharr gur údar imní dóibh an costas mór a tharraingeodh bearta den sórt sin ar na húdaráis, agus bhí údaráis eile neodrach ina seasamh. Ba lú an tacaíocht a thug na comhlachais gnó don bheart sin chomh maith 38 . A mhalairt ar fad a bhí fíor i gcás na neagraíochtaí tomhaltóirí a thug tacaíocht láidir don bheart sin (bhí na 34 fhreagróir sa chomhairliúchán poiblí ar fad d'aon ghuth i bhfabhar an bhirt) 39 .

    I dtaca le caighdeáin chun sáruithe laistigh den Rialachán maidir le CCT a láimhseáil, thacaigh 88 % de na freagróirí leis an bhféidearthacht go dtabharfaí isteach comhchritéir/comhchaighdeáin nós imeachta ionas go bhféadfaí fáil réidh leis na difríochtaí atá ann faoi láthair sna rialacha náisiúnta nós imeachta a réiteach 40 . I measc na réimsí ar measadh go raibh tabhairt isteach caighdeán fíorábhartha agus ar thacaigh breis agus 55 % leo, áirítear iad seo a leanas: foilsiú na gcinntí forfheidhmiúcháin; rochtain ar dhoiciméid; bailiú fianaise; imscrúdú ar shuíomhanna gréasáin; agus glacadh le torthaí imscrúdaithe údaráis comhpháirtíochta 41 .

    D'admhaigh na freagróirí ar fad nach mór (thug 190 freagra ar an gceist) gur theastaigh gníomhaíocht shonrach chun dul i ngleic le sáruithe forleathana 42 . Bheadh spéis ag níos mó ná leath d'údaráis forfheidhmiúcháin i nós imeachta aonair ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le sáruithe den sórt sin; glacann údaráis eile leis gur gá comhordú níos fearr má táthar chun dul i ngleic le sáruithe den sórt sin ar bhealach éifeachtach 43 . Tacaíonn eagraíochtaí gnó le forbairt a dhéanamh ar chomhordú ar fhorfheidhmiúchán ag leibhéal an Aontais toisc go bhfeiceann siad go soiléir na buntáistí a bhaineann le hionad ilfhreastail agus rialacha aonfhoirmeacha dá ngnó 44 . Chomh maith leis sin, tacaíonn eagraíochtaí tomhaltóirí go láidir leis an nós imeachta maidir le comhar forfheidhmiúcháin ar leibhéal an Aontais 45 .

    Thacaigh na húdaráis forfheidhmiúcháin ar fad, geall leis, leis an bhfeabhas ar an sásra faireachais 46 . Tá sé iarrtha ag na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí (83 %), ag comhlachais tomhaltóirí (75 %), agus ag gnólachtaí (62 %) go mbeadh níos mó deiseanna ann dóibh tionchar a bheith acu ar thosaíocht forfheidhmiúcháin agus sáruithe a thabhairt le fios tríd an sásra foláirimh 47 . Bhí údaráis phoiblí faichilleach ó thaobh tríú páirtithe a bheith rannpháirteach sa sásra faireachais margaidh, ós rud é go bhfuil imní orthu go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige seo ar rúndacht a gcuid imscrúduithe 48 .

    Cuireadh na torthaí sin san áireamh sa togra atá le teacht in áit an Rialacháin maidir le CCT.

    3.2.Tuarascáil ón gCoimisiún de bhun Airteagal 21a den Rialachán maidir le CCT

    I gcomhréir le hAirteagal 21a den Rialachán maidir le CCT, tá an Coimisiún ag glacadh, maille leis an togra seo, Tuarascáil ina ndéantar measúnú ar éifeachtacht an Rialacháin maidir le CCT. Tugtar toradh an athbhreithnithe sa Tuarascáil agus, de bharr cur chun feidhme an Rialacháin maidir le CCT in 2007, dearbhaítear gur forbraíodh modhanna éifeachtacha poiblí chun comhleasanna tomhaltóirí a choimirciú ar fud an Aontais.

    Sainaithnítear sa Tuarascáil freisin na dúshláin a bhaineann le comhar um CCT. Dearbhaítear sa Tuarascáil na príomhfhadhbanna a bhaineann le héifeachtacht na sásraí oibríochtúla um CCT, fadhbanna ar leagadh béim orthu sa mheastóireacht sheachtrach. Is é conclúid na Tuarascála go gcaithfear an Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta chun go dtabharfar reachtaíocht thábhachtach cosanta tomhaltóirí an Aontais nach gcumhdaítear leis an Rialachán faoi láthair faoi raon feidhme an Rialacháin. Moltar an reachtaíocht Aontais seo a leanas a chur san áireamh in Iarscríbhinn an Rialacháin maidir le CCT: an Treoir maidir le Creidmheas Morgáiste, an Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta, an Rialachán maidir le Cearta Paisinéirí Iarnróid, an Rialachán maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer, forálacha praghsála an Rialacháin maidir le hAersheirbhísí, agus Airteagal 20 den Treoir um Sheirbhísí 49 . Leagtar béim sa tuarascáil ar an ngá atá le luas, lúfaireacht agus comhsheasmhacht an chomhair forfheidhmiúchain maidir le CCT a mhéadú, rud a chuireann le cosaint tomhaltóirí go háirithe sa timpeallacht ar líne.

    3.3.Measúnú tionchair

    Sa tuarascáil mheasúnaithe a d'ullmhaigh an Coimisiún cumhdaítear gnéithe a bhaineann leis an togra seo. I mí na Samhna 2015 chuir Bord Grinnscrúdú Rialála an Choimisiúin in iúl go raibh siad fabhrach ar choinníoll go gcuirfí tuairimí áirithe san áireamh, rud a rinneadh mar ba chuí 50 .

    Rinneadh cíoradh ar chúig rogha beartais. Athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le CCT trí bhíthin a raon feidhme a leathnú agus a éifeachtúlacht a neartú an rogha tosaíochta 51 . Is é an rogha beartais sin a chuirtear chun feidhme sa togra seo. In ainneoin gur airde an costas atá ar an rogha tosaíochta le hais na roghanna beartais "gan athrú" nó "dlí bog" (1 agus 2) bainfear amach na cuspóirí beartais ar chostas réasúnta do na húdaráis náisiúnta agus don Choimisiún, go háirithe taobh le roghanna beartais 4 agus 5. Leis an rogha sin méadófar ar éifeachtacht na gníomhaíochta poiblí agus ar rialú mhargaí miondíola trasteorann an Aontais agus is cothroime agus is trédhearcaí a bheidh na margaí sin le haghaidh trádálaithe agus tomhaltóirí dá réir. Tiocfaidh laghdú ar chostais na gníomhaíochta poiblí agus ar chostais na nidirbheart do ghníomhaithe eacnamaíocha. Fágfaidh sin gur iomaíche a bheidh geilleagar an Aontais tríd is tríd.

    Ní thiocfaidh athrú ar inniúlachtaí na mBallstát maidir le forfheidhmiú de bharr an togra. Is iad na Ballstáit atá freagrach as a leagan amach institiúideach agus ainmniú na núdarás um CCT agus na neintiteas eile faoin Rialachán maidir le CCT.

    Cé air a mbeidh tionchar ag an togra agus cén chaoi

    Beidh tionchar ag an togra ar thomhaltóirí agus iad ag siopadóireacht le haghaidh seirbhísí agus earraí trasteorann, bíodh siad i dtimpeallacht as líne nó ar líne, óir is é príomhaidhm an togra iad a chosaint i margaí den sórt sin. Cuirfidh an togra deireadh le cuid den riosca go ndéanfar díobháil don tomhaltóir, m.sh. nuair nach ndéantar earraí a cheannaítear thar lear a sheachadadh orthu nó nuair a thugtar faisnéis mhíthreorach dóibh maidir le socruithe íocaíochta nó nuair a bhaintear airgead as a gcuntas trí bhíthin réamhshocruithe gan toiliú sainráite a fháil uathu. Is mó an chosaint a bheidh ar fáil ag tomhaltóirí de réir mar a bhíonn nithe á gceannach acu thar theorainneacha, go háirithe i gcás nithe a cheannaítear ar líne. Maidir leis an bhfothacar de chúig mhargadh ar líne ar a ndearnadh staidéar sa mheasúnú tionchair, measadh dá mbeadh laghdú de 10 bpointe ar an ráta reatha neamhchomhlíontachta de 37  %, go bhféadfaí an díobháil a laghdú ó EUR 770 milliún in aghaidh na bliana, mar a mheastar, go tuairim is EUR 539 milliún, i.e. laghdú 30  % 52 . D'fhéadfadh gníomhaíocht nua um CCT atá dírithe ar shárú forleathan an díobháil atá á déanamh do thomhaltóirí ar fud an Aontais a laghdú go mór. Cé go mbeidh an laghdú iarbhír ar an díobháil don tomhaltóir i ngach gníomhaíocht ag brath ar imthosca sainiúla gach cáis, measadh mar shampla gur tháinig laghdú EUR 68 milliún ar an díobháil don tomhaltóir de bharr na gníomhaíochta comhordaithe um CCT i gcoinne margaíocht mhíthreorach ar cheannach laistigh d'aipeanna 53 .

    Féadfaidh sé go bhfuil faisnéis luachmhar agus saineolas ag Ionadaithe leasanna tomhaltóirí agus ag Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí (ECC-Net), ach faoi láthair ní chuirtear na sonraí sin ar fáil do na húdaráis um CCT go córasach. Sa Rialachán nua iarrfar orthu an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Chabhródh sé seo leis na húdaráis um CCT réimsí tosaíochta a aithint san Aontas nó foláireamh a thabhairt d'údaráis um CCT faoi mhíchleachtais trasteorann nó faoi mhíchleachtais fhorleathana atá ag teacht chun cinn.

    Údaráis um CCT agus oifigigh idirchaidrimh aonair: faoi láthair is airde na costais riaracháin a thiteann orthu de dheasca neamhéifeachtúlachtaí sa chomhar trasteorann (amhail costais arda ar imscrúduithe). De bharr go gcuirfear dlús le comhordú an fhorfheidhmiúcháin, seachnóidh na húdaráis náisiúnta dúbláil a dhéanamh ar a gcuid iarrachtaí. Go deimhin, má dhéantar acmhainní a chomhthiomsú chun dul i ngleic le sáruithe forleathana beidh coigilteas airgid ann dá bharr: mar shampla, féadfaidh aon ghníomhaíocht chomhordaithe amháin teacht in áit 28 ngníomhaíocht náisiúnta, as a dtiocfaidh coigilteas glan idir thart ar EUR 180,000 (i gcás gníomhaíocht chomhordaithe a néireoidh léi) agus tuairim is EUR 815,000 (i gcás gníomhaíocht a dteipfidh uirthi) 54 . Is féidir go mbeidh ar chuid de na Ballstáit a ndlíthe náisiúnta a oiriúnú chun go mbeidh sé ar a gcumas ag a núdaráis inniúla a áirithiú go núsáidfear fianaise na nimscrúduithe agus toradh na nimscrúduithe ó údaráis eile um CCT ar bhealach comhleanúnach agus a áirithiú gur féidir na híoschumhachtaí breise maidir le comhar i gcomhthéacs trasteorann a úsáid go héifeachtach i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta. Sa mheántéarma, meastar go mbeidh coigilteas airgid ann de bharr an chomhordúcháin agus go ndéanfaidh an coigilteas sin na costais aonuaire oiriúnúcháin a chúiteamh.

    Oibreoirí eacnamaíocha: bíonn monaróirí, trádálaithe, díoltóirí, ionaid mhargaidh ar líne, idirghabhálaithe, go háirithe iad siúd a fheidhmíonn i níos mó ná Ballstát amháin, bíodh siad ar líne nó as líne, bíonn siad thíos leis de dheasca éiginnteachtaí agus costais arda mar thoradh ar chastacht agus ar éagsúlacht na 28 gcóras forfheidhmiúcháin atá ann faoi láthair san Aontas. De bharr go mbíonn cur chuige éagsúil i leith forfheidhmiúcháin ag na Ballstáit, bíonn ar na trádálaithe sin saineolas dlíthiúil a fháil maidir le gach aon chóras. Anuas air sin, bíonn gach trádálaí thíos leis de dheasca iomaíocht éagórach ó thrádálaithe nach gcloíonn leis na rialacha, trádálaithe a bhfuil samhlacha gnó curtha ar bun acu a thugann deis dóibh teacht thart ar dhlíthe agus díobháil a dhéanamh do thomhaltóirí i dtír eile. Méadófar leis an togra an deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí agus, más comhsheasmhaí agus más comhleanúnaí an forfheidhmiúchán trasteorann, déanfar iomaíochas na dtrádálaithe atá i gcomhréir leis an dlí a spreagadh agus tiocfaidh feabhas ar an gcothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair. Leis an togra, ní chuirtear aon oibleagáidí breise dlíthiúla ar an earnáil ghnó.

    Ní mór freagairt thréan agus chomhsheasmhach ar leibhéal an Aontais a thabhairt ar sháruithe forleathana ag a mbíonn tionchar ar thomhaltóirí ar fud an Aontais. Is tábhachtaí a bheidh ról an Choimisiúin sa Ghréasán um CCT, go háirithe ó thaobh chomhordú na mbeartas i gcoinne sáruithe forleathana a bhfuil gné Aontais ag baint leo.

    3.4.Cearta bunúsacha

    Beidh tionchar dearfach ag an togra ar chearta bunúsacha ar an ábhar go gcuirfidh sé le cearta an tomhaltóra, go háirithe i dtaca le rochtain chothrom oscailte ar tháirgí agus ar sheirbhísí ar fud an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha, is faoi réir phrionsabail na comhréireachta agus an ghá, mar aon leis na leigheasanna éifeachtacha atá ar fáil sna cúirteanna náisiúnta, a thagann aon teorannú ar feidhmiú cearta bunúsacha. Áiritheofar leis an Rialachán go mbeidh próis chuí, trédhearcacht agus cearta cosanta ann do na gnólachtaí lena mbainfeadh gníomhaíocht na núdarás inniúil faoi Chaibidil IV den Rialachán maidir le CCT.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Meastar go mbeidh tuairim is ceithre chomhghníomhaíocht ann in aghaidh na bliana i gcoinne sáruithe forleathana a bhfuil gné an Aontais ag baint leo. Beidh ualach oibre breise ar an gCoimisiún dá bharr agus meastar go mbeidh beirt oifigeach lánaimseartha 55 ag teastáil chun na comhghníomhaíochtaí 56 seo a chomhordú. Déanfar an pearsanra atá ann cheana a athdháileadh agus a athdhíriú chun go mbeidh na hacmhainní ann leis an ualach oibre breise sin a dhéanamh. Lena chois sin, tabhóidh an Coimisiún costais bhreise agus faireachán á dhéanamh aige ar an sásra um chúnamh fhrithpháirtigh agus ar ar an sásra foláirimh 57 . Meastar gur faoi bhun EUR 300,000 in aghaidh na bliana na costais bhreise iomlána a bheidh ar an gCoimisiún as siocair go mbeidh ról feabhsaithe comhordúcháin agus faireacháin aige agus cumhdófar na costais sin trí ath-leithdháileadh inmheánach acmhainní.

    Dá réir sin, tá foráil déanta cheana féin sa Chlár Tomhaltóirí 2014–2020 58 atá ann faoi láthair maidir leis na himpleachtaí buiséadacha agus tá na himpleachtaí buiséadacha sin i gcomhréir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil. Tá na sonraí leagtha amach sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra seo.

    5.EILIMINTÍ EILE

    5.1.Teacht i bhfeidhm agus an bunachar um CCT

    Tá moill aon bhliana ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin mar chuid togra le go mbeidh na Ballstáit, na húdaráis inniúla agus an Coimisiún Eorpach in ann na socruithe praiticiúla is gá, agus na hathruithe ar an reachtaíocht is gá, a dhéanamh. Beidh gá na bearta cur chun feidhme atá ann faoi cheana 59 a ionadú chun na hathruithe a thabharfar isteach faoin togra a chur san áireamh. Beidh gá an bunachar sonraí um CCT agus an tardán malartaithe faisnéise a athrú chun na hathruithe a thabharfar isteach faoin togra a chur san áireamh.

    5.2.Míniú ar phríomhfhorálacha an togra

    Tá 8 gcaibidil sa togra, ina bhfuil 53 airteagal agus Iarscríbhinn amháin.

    Caibidil I – Forálacha tosaigh

    Sa chaibidil seo tá sainmhíniú ar raon feidhme an Rialacháin agus ar na príomhthéarmaí a úsáidtear ann. I gcomparáid leis an Rialachán reatha tá nuashonrú ann ar na sainmhínithe chun leathnú an Rialacháin go sáruithe forleathana agus sáruithe atá stadta (sáruithe nár mhair ach tréimhse ghairid ar tháinig deireadh leo sula bhféadfaí bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, ach a bhféadfadh díobháil bheith á ndéanamh acu do thomhaltóirí ina dhiaidh sin, amhail feachtais mhíthreoracha fógraíochta ar líne ar feadh tréimhse ghairid).

    Chun a áirithiú go mbeidh forfheidhmiú comhsheasmhach comhleanúnach ann i gcás sáruithe atá stadta agus deimhneacht dhlíthiúil ann sa chomhthéacs trasteorann, tugtar isteach leis na Rialachán seo tréimhse teorann ina mbeidh an deis ann pionóis a ghearradh (cúig bliana ó dheireadh theacht le sáruithe den sórt sin) agus leagtar síos rialacha ann maidir leis an tréimhse teorannaithe a ríomh agus maidir lena chur ar fionraí.

    Caibidil II – Údaráis inniúla agus a gcuid cumhachtaí

    Tá sainmhíniú sa Chaibidil seo ar conas údaráis inniúla agus oifigí idirchaidrimh aonair a ainmniú don Rialachán seo. Tá soiléiriú ann ar an ról a bheidh ag na hoifigí idirchaidrimh aonair. Iarrann sé ar na Ballstáit comhar gan srianadh a áirithiú i measc na mball den líonra forfheidhmiúcháin ar a gcríoch. Ceanglaíonn sé ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfadh údaráis náisiúnta eile tacaíocht d'obair na núdarás inniúil óir tá ríthábhacht ag baint leis an ngné sin, go háirithe i gcásanna ina mbíonn gá le bearta coiriúla chun an sárú a stopadh.

    Sa Chaibidil seo bunaítear íoschumhachtaí na núdarás inniúil freisin, ar cumhachtaí iad atá de dhíth chun comhoibriú a dhéanamh agus chun acquis an Aontais maidir le tomhaltóirí a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs trasteorann. I gcomparáid leis an Rialachán atá ann faoi láthair, tugadh íoschumhachtaí breise isteach, amhail an chumhacht ceannacháin tástála a dhéanamh agus rúnsiopadóireacht a dhéanamh, an chumhacht chun bearta eatramhacha a ghlacadh agus bac a chur ar shuíomhanna gréasáin agus an chumhacht chun pionóis a ghearradh agus chun cúiteamh do thomhaltóirí a chosaint i gcomhthéacs trasteorann. Tá soiléiriú déanta ar roinnt de na híoschumhachtaí atá ann faoi láthair lena áirithiú go mbeidh raon feidhme comhionann ag na cumhachtaí sin, agus go cuirfear i bhfeidhm ar bhealach comhionann iad, i ngach mBallstát, mar shampla an chumhacht chun faisnéis agus doiciméid a iarraidh nó an chumhacht chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh. Tá an deis ag na Ballstáit fós cinneadh a dhéanamh an ndéanfaidh na húdaráis inniúla na híoschumhachtaí a chleachtadh go díreach faoina núdarás féin nó an ndéanfar na cumhachtaí sin a chleachtadh trí iarratais a chur faoi bhráid na gcúirteanna.

    Caibidil III – Sásra um Chúnamh Frithpháirteach

    Dhá ionstraim atá sa sásra um chúnamh frithpháirteach: iarrataí ar fhaisnéis a chuireann ar chumas na núdarás inniúla faisnéis agus fianaise a fháil thar theorainneacha agus iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin, a chuireann ar chumas údarás inniúil amháin a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh.

    Bainfear úsáid as an sásra um chúnamh frithpháirteach chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe laistigh den Aontas, ar sáruithe iad a mbíonn tionchar acu ar thomhaltóirí i mBallstát amháin ach a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo (e.g. go bhfuil an trádálaí atá freagrach lonnaithe i mBallstát eile). Leagtar amach, ar bhonn nua, go bhfuil oibleagáid ar an údarás faighte iarrata freagra a thabhairt ar iarraidh ar chúnamh frithpháirteach laistigh den teorainn ama a bheidh leagtha síos i mbearta cur chun feidhme. Chomh maith leis na cumhachtaí atá leagtha amach sa Rialachán, féadfaidh an túdarás faighte iarrata cumhachtaí eile a thugtar dó faoin dlí náisiúnta a úsáid chun an sárú a stopadh. Tar éis iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a dhéanamh, feidhmíonn an túdarás faighte iarrata thar ceann tomhaltóirí ó Bhallstát an údaráis is iarratasóir amhail agus dá mba tomhaltóirí dá gcuid féin iad.

    Le go mbeidh ar chumas na mBallstát sin a bhfuil córais forfheidhmiúcháin acu a bhfuil baint ag eagraíochtaí tomhaltóirí leo leas iomlán a bhaint as an sásra um chúnamh frithpháirteach, tá sainmhíniú sa Rialachán ar ról na gcomhlachtaí ainmnithe ar féidir leis na húdaráis inniúla treoir a thabhairt dóibh sárú a stopadh nó an fhianaise is gá a fháil. Féadfar an sásra um chúnamh frithpháirteach a úsáid i ngníomhaíochtaí i gcoinne sáruithe forleathana (Caibidil IV), go háirithe i gcásanna ina mbíonn an fhianaise i mBallstát nach bhfuil baint aige leis an sárú forleathan.

    Déantar treisiú nua sa Rialachán ar an sásra chun easaontuithe i measc údaráis inniúla a réiteach atá mar chuid den sásra um chúnamh frithpháirteach. Déantar neartú ar ról an Choimisiúin sa sásra um chúnamh frithpháirteach a bhuí le faireachán córasach, treoir a thabhairt d'údaráis inniúla agus an fhéidearthacht tuairimí a ghlacadh ar iarratas ó údaráis inniúla nó ar a thionscnamh féin.

    Caibidil IV – An sásra um fhaireachas, cigireacht agus forfheidhmiú comhordaithe i gcás sáruithe forleathana

    Tá foráil sa Chaibidil seo maidir le hionstraimí chun dul i ngleic le sáruithe forleathana. Ina measc tá gníomhaíochtaí comhordaithe (Roinn I), gníomhaíochtaí coiteanna i gcoinne sáruithe forleathana a bhfuil gné Aontais ag baint leo (Roinn II) agus dianimscrúduithe ar mhargaí tomhaltóirí (Airteagal 32).

    Roinn I

    Is ionstraim sholúbtha atá i gceist le gníomhaíochtaí comhordaithe chun dul i ngleic le sáruithe forleathana, atá faoi bhun na tairsí le gné an Aontais a bheith acu, ionstraim a chuireann ar chumas na núdarás inniúil na modhanna is oiriúnaí a roghnú, i measc na cinn siúd dá bhforáiltear sa Rialachán, chun dul i ngleic leis an sárú forleathan. I bprionsabal ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla na gníomhaíochtaí sin a chomhordú. Féadfaidh an Coimisiún ról comhordúcháin a ghlacadh, ach sin sa chás gur gá leis i ngeall ar a fhorleithne atá an sárú nó i gcás gur dócha go ndéanfaidh an sárú díobháil mhór do chomhleasanna tomhaltóirí, agus sna cásanna sin amháin.

    Sa roinn seo leagtar amach na roghanna maidir le gníomhaíochtaí imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin a chomhordú. Más iomchuí, dhéanfaí an toradh ar an imscrúdú agus measúnú comhordaithe ar an gcás a leagan amach i gcomhsheasamh. Lena áirithiú go gcloífear le dlíthe tomhaltais an Aontais, féadfaidh na húdaráis inniúla údarás amháin a chumhachtú chun bearta forfheidhmiúcháin thar ceann tomhaltóirí i mBallstáit eile a mbaineann an sárú leo. Féadfaidh na húdaráis inniúla gníomhú i gcomhthráth i ngach Ballstát lena mbaineann, nó i roinnt acu.

    Cé nach féidir rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chomhordaithe a tharmligean ar chomhlachtaí ainmnithe, féidir treoir a thabhairt do na comhlachtaí sin bearta forfheidhmiúcháin leantacha a dhéanamh mar chuid de ghníomhaíocht chomhordaithe. Ní féidir sin a dhéanamh áfach ach amháin má aontaíonn na húdaráis inniúla sin a dhéanamh agus má áirithítear go ndéanfar an rúndacht ghairmiúil agus rúndacht tráchtála atá leagtha amach sa Rialachán seo a urramú.

    Roinn II

    Sa roinn seo bunaítear ionstraim nua chun dul i ngleic le sáruithe forleathana a bhfuil gné Aontais ag baint leo, ar dócha go ndéanfaidh siad díobháil do thomhaltóirí i gcuid mhór den Aontas. Leagtar amach na sáruithe faoina gcinntear cé na sáruithe amhrasta a bhfuil gné Aontais ag baint leo. Tá an tairseach bunaithe ar dhá chritéar, i dtéarmaí líon na dtíortha agus méid an daonra lena mbaineann, agus ní mór an dá chritéar a chomhlíonadh.

    Deimhníonn an Coimisiún cé acu an bhfuil na tairseacha maidir le gné an Aontais comhlíonta nó nach bhfuil agus seolann sé an chomhghníomhaíocht de bhun cinnidh. Tá oibleagáid air freisin comhordú a dhéanamh ar bhearta imscrúdaithe agus ar bhearta eile ar gá do na Ballstáit a dhéanamh chun an sárú a stopadh. Tá sé éigeantach go mbeidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann an sárú rannpháirteach sa chomhghníomhaíocht. Sa roinn seo tá sainmhíniú freisin ar na cúiseanna lena bhféadfaí na húdaráis inniúla diúltú bheith rannpháirteach sa chomhghníomhaíocht. Dúnann an Coimisiún an ghníomhaíocht de bhun cinnidh i gcásanna ina ndéantar na cúiseanna don dúnadh a chomhlíonadh.

    Is é comhsheasamh na núdarás inniúil lena mbaineann, ina bhfuil toradh an imscrúdaithe, príomhionstraim na comhghníomhaíochta. Ba cheart an comhsheasamh a chur in iúl don trádálaí atá freagrach as an sárú agus ba cheart an deis a bheith ag an trádálaí éisteacht a fháil faoin gcomhsheasamh.

    Is é príomhchuspóir na comhghníomhaíochta deireadh a chur leis an sárú agus a áirithiú, nuair is gá, go mbeidh cúiteamh ag tomhaltóirí a bhuí le gealltanais ón trádálaí atá freagrach as an sárú. I gcásanna nach dócha go ndéanfar gealltanais a thairiscint (e.g. sáruithe ina bhfuil trádálaithe bradacha i gceist), féadfaidh na húdaráis inniúla dul díreach ar aghaidh chuig na bearta forfheidhmiúcháin is gá chun an sárú a stopadh. Is gá go mbeadh an rogha seo ar fáil do na húdaráis inniúla lena áirithiú nach mbainfidh trádála mí-úsáid as an nós imeachta chun dul timpeall ar fhorfheidhmiú.

    I gcás bearta forfheidhmiúcháin leantacha, ba cheart do na húdaráis inniúla údarás inniúil amháin a roghnú, sé sin an túdarás inniúil is fearr atá in ann bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh chun an sárú a stopadh. Faoi chomhaontú i measc na núdarás inniúil lena gcumhdaítear údarás inniúil amháin feidhmiú thar ceann na cinn eile, beidh sé in ann gníomhú thar ceann tomhaltóirí i mBallstáit eile amhail agus dá mbeidís ina tomhaltóirí ina Bhallstát féin. Más gá, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh go comhuaineach freisin.

    Roinn III

    Sa roinn seo déantar foráil maidir le forálacha coiteanna le haghaidh nósanna imeachta i gcomhair gníomhaíochtaí comhordaithe agus comhghníomhaíochtaí, amhail an ceart chun éisteachta do na trádálaithe, ról an comhordaitheora, déanamh cinntí agus an córas maidir le teangacha. Chomh maith leis sin, bunaítear as an nua an bonn dlí le haghaidh dianimscrúduithe ar mhargaí tomhaltóirí ('scuabadh').

    Caibidil V – An Sásra Faireachais

    Rachaidh an sásra faireachais nua in áit córas na bhfoláireamh um CCT atá ann faoi láthair. Cuirtear le chéile ann na foláireamh faoin Rialachán reatha maidir le CCT agus malartú níos leithne ar fhaisnéis atá ábhartha agus riachtanach chun sáruithe forleathana a bhrath in am trátha.

    Féadfaidh eintitis eile bheith rannpháirteach sa sásra faireachais trí fholáirimh sheachtracha. Tá dhá chatagóir eintiteas ar féidir leo bheith rannpháirteach sa sásra faireachais. De bhun an Rialacháin, tá na comhlachtaí ainmnithe agus na Lárionaid Eorpacha Tomhaltóirí rannpháirteach. Sa dara catagóir tá na heintitis arna nainmniú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún as measc na neagraíochtaí tomhaltóirí, na gcomhlachas tráchtála agus na neintiteas eile a bhfuil an saineolas iomchuí agus an leas dlisteanach acu i gcosaint tomhaltóirí agus ar féidir leo páirt a ghlacadh sa sásra faireachais. Tá an rochtain atá ag gach ceann de na heintitis sin teoranta do "foláirimh le haghaidh faisnéise" a chur amach. I gcomhréir leis na riachtanais maidir le rúndacht ghairmiúil, ní bheidh rochtain acu ar fhaisnéis eile ná ar fholáirimh arna malartú ag na húdaráis inniúla eatarthu féin.

    Caibidil VI – Gníomhaíochtaí eile ar fud an Aontais

    Ar aon dul leis an Rialachán maidir le CCT atá ann cheana, tá foráil sa Chaibidil seo maidir le comhar, comhoibriú agus malartuithe faisnéise i dtaca le gníomhaíochtaí eile a bhfuil baint acu le comhar forfheidhmiúcháin.

    Caibidil VII – Rúndacht ghairmiúil agus tráchtála agus socruithe eile

    Tá tábhacht thar na bearta ag baint le rúndacht ghairmiúil, ní amháin chun leasanna tríú páirtithe a chosaint ach chun a áirithiú go mbeidh na himscrúduithe éifeachtach agus nach ndéantar fianaise a scriosadh freisin. Áirithítear faoin Rialachán go ndéanfar rúin ghairmiúla agus tráchtála a chosaint. Tá foráil ann freisin nach núsáidfear an fhaisnéis a bhaileofar trí úsáid a bhaint as na cumhachtaí íosta faoin Rialachán ach amháin chun a áirithiú go gcomhlíontar na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí. Lena chois sin, áirithítear faoin Rialachán go mbeifear in ann an fhianaise agus na torthaí ar imscrúduithe a fhaightear trí úsáid a bhaint as na cumhachtaí íosta a úsáid gan bac gan srian thar theorainneacha, go háirithe i gcásanna inar gá dul i ngleic le sáruithe forleathana.

    Faoin Rialachán, cuirtear pleananna forfheidhmiúcháin náisiúnta débhliantúla in ionad na hoibleagáide tuairisciú débhliantúil a dhéanamh, atá sa Rialachán atá ann faoi láthair, agus ba cheart go ndéanfaí a áirithiú ar an mbealach sin go dtabharfar tosaíochtaí do na gníomhaíochtaí agus go mbainfí úsáid níos éifeachtúil as acmhainní chun sáruithe a chomhrac sa Mhargadh Aonair. I ngeall go bhfuil gné thrasteorann ag na sáruithe a thagann faoin Rialachán seo, agus go mbíonn tionchar acu a théann thar theorannacha dlínsiúla aon Bhallstát amháin, bunaítear sa Rialachán seo na prionsabail faoina ngearrfar pionóis as sáruithe den sórt sin.

    Iarscríbhinn

    Is é an Iarscríbhinn ina bhfuil liosta de na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a chinneann raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin ar bhonn rationae materiae. I gcomparáid leis an Rialachán atá ann cheana, déantar an Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta chun reachtaíocht nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh a bhaint amach agus leasaítear í chun raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin a leathnú go hionstraimí eile.

    Ba cheart don leathnú ar an Iarscríbhinn chuig ionstraimí eile de dhlí an Aontais maidir le tomhaltóirí bheith i bhfeidhm cheana féin sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

    2016/0148 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 60 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Tá foráil i Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 maidir le rialacha agus nósanna imeachta comhchuibhithe arb é is aidhm dóibh comhar a éascú idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe chun tomhaltóirí a chosaint a fhorfheidhmiú thar theorainneacha. In Airteagal 21a tá foráil maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar shásraí oibríochtúla an Rialacháin sin, agus de bhun an Airteagail sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 leordhóthanach chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin forfheidhmiúcháin a bhaineann leis an Margadh Aonair, agus go háirithe leis an Margadh Aonair Digiteach,

    (2)Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach a ghlac an Coimisiún an 6 Bealtaine 2015, aithníodh gur tosaíocht é muinín tomhaltóirí a neartú trí rialacha maidir le tomhaltóirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos tapa, níos solúbtha agus níos comhsheasmhaí. Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach a ghlac an Coimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2015 cuireadh i dtábhacht arís gur cheart forfheidhmiú reachtaíocht cosanta tomhaltóirí an Aontais a athneartú leis an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí,

    (3)Mar thoradh ar reachtaíocht maidir le sáruithe trasteorann a chur i bhfeidhm go mí-éifeachtach, go háirithe sa timpeallacht dhigiteach, bíonn trádálaithe in ann dul timpeall ar fhorfheidhmiú an dlí trí athlonnú go háit eile laistigh den Aontas, rud a chruthaíonn saobhadh iomaíochta do na trádálaithe atá i gcomhréir leis an dlí, bídís ag feidhmiú go náisiúnta nó thar theorainneacha, agus dá bhrí sin déantar díobháil dhíreach do thomhaltóirí agus lagaítear an mhuinín atá ag tomhaltóirí as idirbhearta trasteorann agus as an Margadh Aonair. Dá bhrí sin, tá gá le níos mó comhchuibhiú le comhar forfheidhmiúcháin éifeachtach éifeachtúil a bhaint amach i measc údaráis inniúla phoiblí forfheidhmiúcháin chun sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana a bhrath agus a imscrúdú agus ordú a thabhairt stad a chur leo,

    (4)Le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle bunaíodh líonra d'údaráis inniúla phoiblí ar fud an Aontais. Tá gá le comhordú éifeachtach idir na húdaráis inniúla éagsúla atá rannpháirteach sa líonra, agus idir údaráis phoiblí eile ar leibhéal na mBallstát chomh maith. Ba cheart ról comhordúcháin na hoifige idirchaidrimh aonair a chur de chúram ar údarás inniúil i ngach Ballstát, údarás a bhfuil a dhóthain cumhachtaí agus acmhainní aige chun an ról tábhachtach seo i líonra na núdarás inniúil a ghlacadh chuige féin,

    (5)Ba ceart tomhaltóirí a chosaint freisin ar sháruithe neamhbhuana laistigh den Aontas agus ar sháruithe forleathana nach mbíonn ar ann ach ar feadh seal ach a bhféadfadh a dhrochthionchar maireachtáil go ceann i bhfad tar éis deireadh a theacht leis an sárú. Ba cheart na cumhachtaí iomchuí a bheith ag údaráis inniúla chun sáruithe den sórt sin a imscrúdú agus ordú a thabhairt iad a stadadh amach anseo,

    (6)Ba cheart sraith íosta cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a bheith ag údaráis inniúla chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach, chun dul i mbun comhair le chéile, agus chun tabhairt ar thrádálaithe gan sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana a dhéanamh. Ba cheart na cumhachtaí sin a bheith leordhóthanach chun dul i ngleic leis na dúshláin forfheidhmiúcháin a bhaineann le ríomhthráchtáil agus leis an timpeallacht dhigiteach, arae is údar imní nach beag é a fhusa atá sé ag trádálaithe a gcéannacht a cheilt nó a athrú sa réimse sin. Ba cheart a áirithiú leis na cearta sin gur féidir fianaise a mhalartú ar dhóigh bhailí i measc na núdarás inniúil chun go mbeidh an leibhéal forfheidhmiúcháin mar an gcéanna i ngach Ballstát,

    (7)Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh a dhéanamh cé acu an mbainfidh na húdaráis inniúla leas as na cumhachtaí sin go díreach faoina núdarás féin nó trí iarratais a chur faoi bhráid na gcúirteanna inniúla. I gcás ina gcinneann an Ballstát go ndéanfaidh údaráis inniúil a gcumhachtaí a fheidhmiú trí iarratais a chur faoi bhráid na gcúirteanna inniúla, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir na cumhachtaí sin a fheidhmiú go héifeachtach agus go tráthúil agus go mbeidh an costas a bhaineann le feidhmiú na gcumhachtaí sin comhréireach agus nach gcuirfidh sé bac ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo,

    (8)Agus freagra á thabhairt ar iarrataí arna ndéanamh tríd sásra um chúnamh frithpháirteach, ba cheart do na húdaráis inniúla, nuair is iomchuí, úsáid a bhaint freisin as cumhachtaí nó bearta eile atá acu ar an leibhéal náisiúnta, lena náirítear an chumhacht chun ionchúiseamh coiriúil a thionscnamh nó ábhair a chur faoi réir ionchúiseamh coiriúil. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh na hacmhainní agus na cumhachtaí is gá ag cúirteanna agus údaráis eile, go háirithe cúirteanna agus údaráis a bhíonn ag plé le hionchúisimh choiriúla, chun dul i mbun comhair le húdaráis inniúla go héifeachtúil agus go tráthúil,

    (9)Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla in ann tús a chur le himscrúduithe a oscailt ar a dtionscnamh féin má chuirtear sáruithe laistigh den Aontas nó sáruithe forleathana ar a súile dóibh ar aon dóigh seachas gearáin ó thomhaltóirí. Tá gá ar leith leis an méid sin chun comhar éifeachtach a áirithiú i measc údarás inniúil agus iad ag dul i ngleic le sáruithe forleathana,

    (10)Ba cheart rochtain a bheith ag údaráis inniúla ar an bhfianaise, na sonraí agus an fhaisnéis ar fad is gá chun a chinneadh an ndearnadh nó nach ndearnadh sárú laistigh den Aontas nó sárú forleathan, agus go háirithe chun an trádálaí is cúis leis a aithint, is cuma cé aige a bhfuil an fhianaise, an fhaisnéis nó na sonraí sin, cá háit a bhfuil siad agus cén formáid ina bhfuil siad. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a iarraidh go díreach ar thríú páirtithe sa slabhra luacha dhigitigh an fhianaise, na sonraí agus an fhaisnéis ar fad atá de dhíth a chur ar fáil,

    (11)Ba cheart do na húdaráis inniúla bheith in ann a fhíorú go bhfuil reachtaíocht cosanta tomhaltóirí á comhlíonadh agus fianaise a fháil faoi sháruithe laistigh den Aontas nó faoi sháruithe forleathana, go háirithe sáruithe a dhéantar le linn nó tar éis earraí agus seirbhísí a cheannach. Ba cheart dá bhrí sin an chumhacht a bheith acu ceannacháin tástála a dhéanamh agus earraí nó seirbhísí a cheannach faoi chéannacht cheilte,

    (12)Sa timpeallacht dhigiteach go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla bheith in ann sáruithe a stopadh go tapa agus go héifeachtach, go háirithe i gcásanna ina ndéanann an trádálaí atá ag díol earraí nó seirbhísí a chéannacht a cheilt nó ina nathlonnaíonn sé laistigh den Aontas nó go tríú tír chun forfheidhmiú a sheachaint. I gcásanna ina bhfuil baol ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach doleasaithe do thomhaltóirí, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann bearta eatramhacha a ghlacadh chun cosc a chur ar an mbaol sin nó chun é a laghdú, lena náirítear, go háirithe, suíomh gréasáin nó fearann, nó suíomh, seirbhís nó cuntas digiteach dá sórt a chur ar fionraí. Lena chois sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis inniúla suíomh gréasáin, fearann nó suíomh digiteach den sórt céanna, seirbhís nó cuntas a dhúnadh nó é a chur á dhúnadh ag soláthraí seirbhísí tríú páirtí,

    (13)Chun a áirithiú go dtabharfar ar thrádálaithe gan sáruithe a dhéanamh ná a dhéanamh athuair ar bhealach leordhóthanach, agus nach ndéanfaidh siad brabús as na sáruithe sin, ba cheart na rialacha i dtaca le pionóis atá glactha ag na Ballstáit i gcomhréir leis na ceanglais sin atá leagtha síos i ndlí an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, ba cheart iad a chur i bhfeidhm freisin maidir le sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do thomhaltóirí bheith i dteideal cúiteamh a fháil as díobháil a thagann as sáruithe den sórt sin.

    (14)I dtaca le sásamh do thomhaltóirí, ba cheart do na húdaráis inniúla bearta comhréireacha, cothroma agus réasúnta a roghnú a chuirfeadh deireadh, nó a laghdódh, an baol go bhféadfadh sáruithe a bheith ann nó go bhféadfaí sáruithe a dhéanamh arís, ag cur san áireamh dóibh go háirithe an sochar a mheasfaí a bhainfeadh tomhaltóirí astu agus na costais réasúnta riaracháin is dócha a thiocfadh as na bearta sin a chur chun feidhme. Sa chás nach féidir na tomhaltóirí lena mbaineann a shainaithint nó nach féidir iad a aithint gan costas míréireach a bheith ar an trádálaí is cúis leis an sárú, féadfaidh an túdarás inniúil ordú a thabhairt an brabús a rinneadh de bharr an tsáraithe a íoc leis an státchiste nó le tairbhí atá ainmnithe ag an údarás inniúil nó faoin dlí náisiúnta,

    (15)Ba cheart éifeachtúlacht agus éifeachtacht an tsásra um chúnamh frithpháirteach a fheabhsú. Ba cheart faisnéis arna niarraidh a sholáthar go tráthúil agus ba cheart na bearta forfheidhmiúcháin atá riachtanach a ghlacadh go tráthúil. Dá bhrí sin, ba chart don Choimisiún tréimhsí a shocrú lena mbeidh sé de cheangal ar údaráis inniúla freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis agus ar fhorfheidhmiú laistigh dóibh, agus gnéithe nós imeachta agus gnéithe eile de láimhseáil iarrataí ar fhaisnéis agus ar fhorfheidhmiú a shoiléiriú, trí bhíthin bearta cur chun feidhme,

    (16)Is gá go dtiocfaidh feabhas ar chumas an Choimisiúin comhordú agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an tsásra um chúnamh frithpháirteach, treoracha a thabhairt, moltaí a dhéanamh agus tuairimí a thabhairt do na Ballstáit nuair a thagann fadhbanna chun cinn. Ní mór don Choimisiún a bheith in ann cúnamh éifeachtach tapa a thabhairt do na húdaráis inniúla freisin chun díospóidí maidir le léirmhíniú na noibleagáidí atá orthu de dhroim an tsásra um chúnamh frithpháirteach a réiteach,

    (17)Ba cheart rialacha comhchuibhithe a sholáthar ag leagan amach an nós imeachta maidir le comhordú a dhéanamh ar fhaireachán, imscrúdú agus forfheidhmiú ar sháruithe forleathana. Ba cheart a áirithiú leis na gníomhaíochtaí comhordaithe i gcoinne sáruithe forleathana go bhféadfaidh údaráis inniúla na huirlisí is oiriúnaí agus is éifeachtaí a roghnú chun sáruithe forleathana a stopadh agus chun cúiteamh do thomhaltóirí a áirithiú,

    (18)Is saghas eile comhordú forfheidhmiúcháin é an scagadh comhordaithe a dhéantar ar shuíomhanna gréasáin ríomhthráchtála (scagadh), agus tá sé léirithe gur uirlis éifeachtach i gcoinne sáruithe é agus ba cheart leanúint de bheith á úsáid agus ba cheart é a neartú,

    (19)Féadfaidh sáruithe forleathana a bhfuil gné Aontais ag baint leo díobháil mhór a dhéanamh d'fhormhór thomhaltóirí an Aontais. Ar an gcúis sin tá nós imeachta comhordúcháin sonrach ar leibhéal an Aontais de dhíth ina leith, agus is éigean an Coimisiún a bheith ina chomhordaitheoir air. Chun a áirithiú go ndéanfar an nós imeacht a sheoladh go tráthúil comhsheasmhach éifeachtach agus go ndéanfar na coinníollacha a fhíorú go haonfhoirmeach, ba cheart don Choimisiún a bheith i gceannas ar fhíorú a dhéanamh cé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha chun an nós imeachta a sheoladh. Ba cheart fianaise agus faisnéis a bhailítear i rith na comhghníomhaíochta a úsáid gan bac gan stró in imeachtaí náisiúnta nuair is gá,

    (20)I gcomhthéacs sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana a bhfuil gné an Aontais ag baint leo, ba cheart na cearta chun cosanta atá ag na trádálaithe lena mbaineann a urramú. Chuige sin, go háirithe, tá sé riachtanach ceart éisteachta a thabhairt don trádálaí agus an ceart chun teanga dá rogha féin a úsáid sna himeachtaí,

    (21)Mura stadfaidh an trádálaí is cúis leis an sárú forleathan nó leis an sárú forleathan a bhfuil gné an Aontais ag baint leis den sárú dá dheoin féin, ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann aon údarás inniúil amháin i mBallstát a ainmniú chun an ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin, atá ceaptha caomhnú a dhéanamh ar chearta na dtomhaltóirí atá ina gcónaí sna Ballstáit eile lena mbaineann an sárú, a dhéanamh. Ba cheart an túdarás inniúil sin á ainmniú agus aird á tabhairt ar a chumas gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh i gcoinne an trádálaí, mar shampla cé acu atá an trádálaí bunaithe i mBallstát an údaráis sin nó nach bhfuil. Ba cheart don údarás inniúil ainmnithe gníomhú amhail is dá mba ag gníomhú thar ceann thomhaltóirí a mBallstáit féin a bheadh sé. Nuair is gá, ar mhaithe le cur i bhfeidhm allchríche an dlí a sheachaint, ba cheart roinnt de na Ballstáit lena mbaineann an sárú, nó iad ar fad, bheith in ann bearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh ag an am céanna chun a gcuid tomhaltóirí féin, nó tomhaltóirí atá ina gcónaí i mBallstáit eile, a chosaint. D'fhéadfadh gá a bheith leis sin, mar shampla, chun stad a chur le sáruithe den chineál céanna atá á ndéanamh ag fochuideachtaí de chuid cuideachta atá bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, sáruithe a bhfuil tionchar acu ar na Ballstáit sin amháin agus gan aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil gné trasteorann ag baint leo (sáruithe comhthreomhara),

    (22)Ba cheart an sásra faireachais agus sásra na bhfoláireamh a neartú chun a áirithiú go ndéanfar sáruithe forleathana a bhrath go tráthúil agus go héifeachtach. Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar an bhfaisnéis ba cheart a mhalartú agus ar an iarobair is gá a dhéanamh tar éis malartú faisnéise chun a áirithiú go ndéantar gníomh cuí i leith na bhfoláireamh sin a bhfuil gníomh de dhíth ina leith, agus go dtéitear i ngleic leo. Ba cheart don Choimisiún comhordú a dhéanamh ar fheidhmiú an tsásra faireachais,

    (23)Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí tomhaltóirí ó thaobh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina gcearta, a bhfeasacht a neartú, agus a leasanna a chosaint, lena náirítear díospóidí a réiteach. Ba cheart tomhaltóirí a spreagadh le dul i mbun comhair leis na húdaráis inniúla chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a neartú. Ba cheart go mbeadh eagraíochtaí tomhaltóirí, go háirithe eagraíochtaí tomhaltóirí a bhféadfaidh cúraimí forfheidhmiúcháin a tharmligean chucu faoin Rialachán seo agus Lárionaid Eorpacha Tomhaltóirí, ba cheart go mbeidís in ann fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi sháruithe amhrasta agus faisnéis a chomhroinnt leo atá de dhíth chun sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana a bhrath, a imscrúdú agus a stopadh,

    (24)Ba cheart sáruithe atá forleathan ar fud an Aontais a réiteach go héifeachtach éifeachtúil. Chuige sin, ba cheart tosaíochtaí agus pleanáil ar leibhéal an Bhallstáit ó thaobh forfheidhmiú de a chomhordú agus Ba cheart na hacmhainní atá ag údaráis inniúla a chomhthiomsú. Ba cheart córas de phleananna débhliantúla forfheidhmiúcháin leanúnacha a chur i bhfeidhm chun é sin a bhaint amach,

    (25)Is féidir le sonraí a bhaineann le gearáin tomhaltóirí cabhrú le lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú margaí tomhaltóirí agus chun sáruithe a bhrath. D'fhonn malartú sonraí den sórt sin ar leibhéal an Aontais a éascú, tá Moladh glactha ag an gCoimisiún maidir le modheolaíocht chomhchuibhithe a úsáid chun gearáin agus fiosrúcháin ó thomhaltóirí a aicmiú agus a thuairisciú 62 . Ba cheart an Moladh sin a chur chun feidhme chun tacaíocht iomlán a thabhairt do chomhar forfheidhmiúcháin agus chun brath sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana a éascú,

    (26)Bíonn dúshláin forfheidhmiúcháin ann a théann thar theorainneacha an Aontais, agus ba cheart leasanna thomhaltóirí an Aontais a chosaint ó thrádálaithe bradacha atá bunaithe i dtríú tíortha. Ar an ábhar sin, ba cheart caibidliú a dhéanamh le tríú tíortha ar chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cúnamh frithpháirteach chun an reachtaíocht lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a fhorfheidhmiú. Ba cheart an tábhar atá leagtha síos sa Rialachán seo a bheith san áireamh sna comhaontuithe idirnáisiúnta sin agus ba cheart iad a chaibidliú ar leibhéal an Aontais chun an chosaint is fearr is féidir do thomhaltóirí an Aontais agus comhar réidh le tríú tíortha a áirithiú,

    (27)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le híoschumhachtaí na núdarás inniúil a chur chun feidhme agus a fheidhmiú, teorainneacha ama a shocrú agus sonraí eile a leagan amach do nósanna imeachta arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le sáruithe laistigh den Aontais agus le sáruithe forleathana agus sonraí don sásra faireachas agus comhar riaracháin idir na húdaráis inniúla a leagan amach freisin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 ,

    (28)Is é an nós imeachta scrúdúcháin ba cheart a úsáid chun gníomhartha a ghlacadh de bhun Airteagail 10, 11, 12, 13, 15, 20, 27, 31, 32, 34, 35, 36, 37, 39, 43 agus 46 den Rialachán seo toisc gur gníomhartha iad a bhfuil raon feidhme ginearálta acu,

    (29)Tá an Rialachán seo ina chomhlánú ar rialacha earnála an Aontais lena ndéantar foráil maidir le comhar idir rialaitheoirí earnála, agus ar rialacha earnála an Aontais maidir le cúiteamh do thomhaltóirí as díobháil a eascraíonn as sáruithe ar na rialacha sin. Tá an Rialachán seo gan dochar do chórais agus do líonraí eile comhair atá leagtha amach i reachtaíocht earnála an Aontais. Méadaíonn an Rialachán seo an comhar agus an comhordú idir an líonra cosanta tomhaltóirí agus i measc líonraí na gcomhlachtaí agus na núdarás rialála a bunaíodh le reachtaíocht earnála an Aontais,

    (30)Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le cumhachtaí comhlachtaí náisiúnta rialála a bunaíodh le reachtaíocht earnála an Aontais. Más iomchuí agus más féidir, ba cheart do na comhlachtaí sin na cumhachtaí atá ar fáil dóibh faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta a úsáid chun stad nó cosc a chur le sáruithe laistigh den Aontas agus le sáruithe forleathana nó chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla é sin a dhéanamh,

    (31)Maidir le cúiteamh as díobháil a rinneadh do chomhleasanna tomhaltóirí a ríomh, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha reachtaíocht earnála an Aontais maidir le paisinéirí, e.g. Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 , Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 , Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 agus Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 67 . I gcás nach gcumhdaíonn reachtaíocht earnála an Aontais cúiteamh as díobháil a eascraíonn as sáruithe laistigh den Aontas nó sáruithe forleathana, ba cheart an cúiteamh a bhunú ar an dlí náisiúnta is infheidhme,

    (32)Tá an Rialachán seo gan dochar do ról agus cumhachtaí na núdarás inniúil agus an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le comhleasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint i gcúrsaí a bhaineann le seirbhísí do chuntais íocaíochta agus comhaontuithe creidmheasa a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe faoi Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 68 agus faoi Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 69 .

    (33)I bhfianaise na sásraí comhair atá ann cheana faoi Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ní bheidh feidhm ag an sásra um chúnamh frithpháirteach (Caibidil III) maidir leis sáruithe laistigh den Aontas dá bhforáiltear leis na Treoracha sin.

    (34)Tá an Rialachán seo gan dochar do na pionóis atá leagtha síos i reachtaíocht earnála an Aontais agus i reachtaíocht an Aontais maidir le tomhaltóirí atá infheidhme maidir le sáruithe náisiúnta. Ba cheart do na húdaráis inniúla, de réir mar is iomchuí, forálacha an dlí náisiúnta lena gcuirtear na forálacha sin chun feidhme a chur i bhfeidhm, agus scála agus raon iarbhír an tsáraithe agus an díobháil atá á déanamh ag an sárú do thomhaltóirí i mBallstáit eile á chur san áireamh,

    (35)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 70 . Ba cheart, dá réir sin, na cearta agus na prionsabail sin a urramú agus an Rialachán seo á léirmhíniú agus á chur i bhfeidhm. Agus na híoschumhachtaí atá leagtha amach sa Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, ba cheart do na húdaráis inniúla an chothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir na leasanna arna gcosaint ag na cearta bunúsacha amhail leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí, an tsaoirse gnó a dhéanamh agus saoirse faisnéise.

    (36)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an dlí cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, a ghnóthú go leordhóthanach toisc nach féidir leo comhar agus comhordú a áirithiú agus iad ag gníomhú leo féin, ach gur fearr, de bharr raon feidhme críochach agus pearsanta an Rialacháin, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

    (37)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 a aisghairm,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA TOSAIGH

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, leagtar síos na coinníollacha maidir le comhar idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit atá ainmnithe mar údaráis atá freagrach as na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus maidir le comhar leis an gCoimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfar na dlíthe sin agus go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go réidh agus chun cosaint leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a fheabhsú.

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na sáruithe laistigh den Aontas agus na sáruithe forleathana atá sainmhínithe i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 3.

    2. Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana gearrshaolacha, fiú má stadadh den sárú sular cuireadh tús leis an bhforfheidhmiú nó sularbh fhéidir an forfheidhmiú a chur i gcrích.

    3. Beidh an Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais maidir leis an dlí príobháideach idirnáisiúnta, go háirithe rialacha a bhaineann le dlínse cúirteanna agus na dlíthe is infheidhme.

    4. Beidh an Rialachán seo gan dochar do bhearta a chur i bhfeidhm sna Ballstáit a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus shibhialta, go háirithe feidhmiú an Ghréasáin Breithiúnaigh Eorpaigh.

    5. Beidh an Rialachán seo gan dochar do na Ballstáit aon oibleagáidí breise a chomhlíonadh atá orthu maidir le cúnamh frithpháirteach ar mhaithe le comhleasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint, lena náirítear ábhair choiriúla a eascraíonn as gníomhartha eile dlí, comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha san áireamh.

    6. Beidh an Rialachán seo gan dochar don ról agus do na cumhachtaí atá ag údaráis inniúla agus ag an Údarás Baincéireachta Eorpach faoi Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus faoi Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu.

    7. Ní bheidh feidhm ag Caibidil III den Rialachán seo maidir le sáruithe laistigh den Aontas ar na gníomhartha reachtacha seo a leanas:

    (a)Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe.

    (b)Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu.

    8. Beidh an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 71 .

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)ciallaíonn 'na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí' na Treoracha, arna dtrasuí i ndlíchórais na mBallstát, agus na Rialacháin atá liostaithe san Iarscríbhinn;

    (b)ciallaíonn 'sárú laistigh den Aontas' aon ghníomh nó neamhghníomh leanúnach nó stoptha nach bhfuil i gcomhréir leis na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, a rinne díobháil, atá ag déanamh díobhála, nó ar dócha go ndéanfaidh sé díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí atá ina gcónaí i mBallstát eile seachas an Ballstát inar thosaigh nó inar ndearnadh an gníomh nó an neamhghníomh, ina bhfuil an trádálaí atá freagrach as an ngníomh nó neamhghníomh bunaithe nó ina bhfuil fianaise nó sócmhainní an trádálaí a bhaineann leis an ngníomh nó neamhghníomh le fáil;

    (c)ciallaíonn 'sárú forleathan':

    (1)aon ghníomh nó neamhghníomh nach bhfuil i gcomhréir leis na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, a rinne díobháil, atá ag déanamh díobhála, nó ar dócha go ndéanfaidh sé díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí atá in dhá Bhallstát eile ar a laghad seachas an Ballstát inar thosaigh nó inar ndearnadh an gníomh nó an neamhghníomh, nó ina bhfuil an trádálaí atá freagrach as an ngníomh nó neamhghníomh bunaithe, nó ina bhfuil fianaise nó sócmhainní a bhaineann leis an ngníomh nó neamhghníomh le fáil; is cuma an gníomh nó neamhghníomh a bheith ag leanúint ar aghaidh nó stad a bheith curtha leis; nó

    (2)aon ghníomh nó neamhghníomh atá i gcoinne na ndlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a bhfuil gnéithe comónta ag baint leo, e.g. an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú nó an dá ní sin a bheith ag tarlú i gcomhthráth, in dhá Bhallstát ar a laghad;

    (d)ciallaíonn 'údarás is iarratasóir' an túdarás inniúil a iarrann cúnamh frithpháirteach;

    (e)ciallaíonn 'údarás faighte iarrata' an túdarás inniúil a niarrtar air cúnamh frithpháirteach a thabhairt;

    (f)ciallaíonn 'trádálaí' aon duine nádúrtha nó dlítheanach, is cuma cé acu faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí atá sé, atá ag gníomhú chun críocha a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, lena náirítear aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm nó thar ceann an duine sin;

    (g)ciallaíonn 'faireachas margaidh' gníomhaíochtaí, gníomhartha nó bearta arna ndéanamh ag údarás inniúil arb é is aidhm dóibh fáil amach an ndearnadh, nó an bhfuiltear ag déanamh, sáruithe laistigh den Aontas nó sáruithe forleathana;

    (h)ciallaíonn 'gearán ó thomhaltóir' ráiteas, a bhfuil fianaise réasúnta ag tacú leis, go ndearna, nó gur dócha go ndéanfaidh, trádálaí sárú ar na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí;

    (i)ciallaíonn 'díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí' díobháil iarbhír nó fhéideartha do leasanna roinnt tomhaltóirí a mbaineann sáruithe laistigh den Aontas nó sárú forleathan leo; agus déanfar toimhde den mhéid sin go háirithe i gcás ina ndearna, ina ndéanann nó ar dócha go ndéanfaidh an sárú díobháil fhéideartha nó iarbhír do líon mór tomhaltóirí atá sa chás céanna.

    Airteagal 4

    Tréimhsí teorann i leith sáruithe

    1. Féadann na húdaráis áitiúla imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe dá dtagraítear in Airteagal 2 agus toirmeasc a chur ar thrádálaithe sáruithe den sórt sin a dhéanamh arís. Féadfaidh na húdaráis inniúla pionóis a fhorchur as sáruithe den sórt sin laistigh de thréimhse cúig bliana ó stad an sárú.

    2. Is é an tús a bheidh ag an tréimhse teorann ar féidir pionóis a fhorchur lena linn an lá a stad an sárú.

    3. Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an túdarás inniúil chun críche an imscrúdaithe nó na nimeachtaí forfheidhmiúcháin agus a bhaineann leis an sárú, beidh d'éifeacht aici an tréimhse teorann ar féidir pionóis a chur i bhfeidhm lena linn a chur ar fionraí go dtí go nglacfar an cinneadh deiridh faoin gcúrsa. Déanfar an tréimhse teorann ar féidir pionóis a chur i bhfeidhm lena linn a chur ar fionraí a fhad is a bheidh an cinneadh, an tordú nó an gníomh eile arna dhéanamh ag an údarás inniúil faoi réir imeachtaí cúirte atá ar feitheamh.

    CAIBIDIL II

    ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS A gCUID CUMHACHTAÍ

    Airteagal 5

    Údaráis inniúla agus oifigí idirchaidrimh aonair

    1. Is é saghas údarás a ainmneoidh gach Ballstát mar údaráis inniúla ná údaráis phoiblí atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus a bhfuil freagrachtaí sonracha orthu na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, sin é an saghas údarás.

    2. Comhlíonfaidh údaráis inniúla a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo amhail is dá mba ag gníomhú thar ceann thomhaltóirí a mBallstáit féin, agus thar a gceann féin, a bheidís.

    3. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin mar oifig idirchaidrimh aonair.

    4. Is í an oifig idirchaidrimh aonair a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin a bhaineann le sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana, gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla, údaráis phoiblí eile dá dtagraítear in Airteagal 6, comhlachtaí ainmnithe eile atá leagtha amach in Airteagal 13 agus eintitis atá rannpháirteach sa sásra foláirimh atá leagtha amach in Airteagal 34.

    5. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an méid acmhainní is gá ag údaráis inniúla agus ag oifigí idirchaidrimh aonair chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun úsáid éifeachtach a bhaint as na cumhachtaí atá acu de bhun Airteagal 8, lena náirítear leordhóthain acmhainní buiséadacha agus acmhainní de chineálacha eile, saineolas, nósanna imeachta agus socruithe eile.

    6. I gcás ina bhfuil níos mó ná aon údarás inniúil amháin ar a gcríoch, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil dualgais gach ceann de na húdaráis sin sainithe go soiléir agus go bhfuil siad ag obair i ndlúthchomhar le chéile sa chaoi is go bhféadfaidh siad a gcuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach.

    Airteagal 6

    Comhar le húdaráis phoiblí eile agus le comhlachtaí ainmnithe eile

    1. Féadfaidh gach Ballstát oibleagáid a fhorchur ar údaráis phoiblí eile cúnamh a thabhairt d'údaráis inniúla a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

    2. Féadfaidh údarás inniúil iarraidh ar na húdaráis phoiblí eile dá dtagraítear i mír 1 gach beart forfheidhmiúcháin a dhéanamh is gá agus is féidir a dhéanamh faoin dlí náisiúnta chun stad a chur le sáruithe laistigh den Aontas agus le sáruithe forleathana, nó chun toirmeasc a chur orthu.

    3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hacmhainní agus na cumhachtaí is gá ag na húdaráis phoiblí eile chun dul i mbun comhair go héifeachtach leis na húdaráis inniúla chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Déanfaidh na húdaráis phoiblí eile an túdarás inniúil a chur ar an eolas go rialta faoi na bearta a rinneadh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

    4. Féadfaidh gach Ballstát comhlachtaí a ainmniú ag a bhfuil leas dlisteanach i stad a chur le sáruithe nó toirmeasc a chur orthu ('comhlachtaí ainmnithe') chun an fhaisnéis is gá a bhailiú agus na bearta forfheidhmiúcháin is gá atá ar fáil dóibh faoin dlí náisiúnta a dhéanamh thar ceann údarás faighte iarrata inniúil.

    5. Áiritheoidh na Ballstáit go noibreoidh na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí ainmnithe i gcomhar le chéile, go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur ar a súile do na húdaráis inniúla gan mhoill.

    Airteagal 7

    Faisnéis agus liostaí

    1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl gan mhoill don Choimisiún agus do gach Ballstát céannacht na núdarás inniúil, na hoifige idirchaidrimh aonair, agus na gcomhlachtaí ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 13 agus céannacht na neintiteas atá rannpháirteach sa sásra foláirimh mar atá leagtha amach in Airteagal 34, agus cuirfidh sé in iúl dóibh, freisin, aon athruithe a rinneadh orthu.

    2. Beidh ag an gCoimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta a bheidh ar fáil go poiblí de na hoifigí idirchaidrimh aonair, de na húdaráis inniúla, agus de na comhlachtaí agus eintitis ainmnithe, agus coinneoidh sé an liosta sin cothrom le dáta.

    Airteagal 8

    Íoschumhachtaí údarás inniúil

    1. Beidh ag gach údarás inniúil na cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus feidhmeoidh siad na cumhachtaí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta.

    2. Beidh na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad ag gach údarás inniúil agus feidhmeoidh siad iad de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 9 chun an méid seo a dhéanamh:

    (a)rochtain a fháil ar aon doiciméad, sonraí nó faisnéis ábhartha a bhaineann le sáruithe faoin Rialacháin seo, is cuma cén fhoirm nó formáid ina bhfuil siad agus is cuma cad é meán nó ionad a stórála;

    (b)ceangal a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena náirítear bainc, soláthraithe seirbhísí idirlín, clárlanna agus cláraitheoirí fearann agus soláthraithe seirbhísí óstála, aon doiciméad, sonraí nó faisnéis ábhartha, is cuma cén fhoirm nó formáid ina bhfuil siad agus is cuma cad é meán nó ionad a stórála, a sholáthar, chun críche, i measc nithe eile, sreabha airgeadais agus sonraí a shainaithint agus a leanúint, nó chun críche céannacht daoine a fhionnadh a bhfuil baint acu le sreabha airgeadais agus sonraí, faisnéis cuntas bainc agus úinéireacht suíomhanna gréasáin;

    (c)ceangal a chur ar aon údarás, comhlacht nó gníomhaireacht phoiblí atá i mBallstát an údaráis inniúil aon doiciméad, sonraí nó faisnéis ábhartha, is cuma cén fhoirm nó formáid ina bhfuil siad agus is cuma cad é meán nó ionad a stórála, a sholáthar, chun críche, i measc nithe eile, sreabha airgeadais agus sonraí a shainaithint agus a leanúint, nó chun críche céannacht daoine a fhionnadh a bhfuil baint acu le sreabha airgeadais agus sonraí, faisnéis cuntas bainc agus úinéireacht suíomhanna gréasáin;

    (d)na cigireachtaí ar an láthair is gá a dhéanamh, lena náirítear an chumhacht chun dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh nó in aon chóir iompair nó iarraidh ar údaráis eile é sin a dhéanamh chun cóipeanna d'fhaisnéis, de shonraí nó de dhoiciméid a scrúdú, a ghabháil, a thógáil nó a fháil, is cuma cad é a meán stórála; aon áitreabh, faisnéis, sonraí nó doiciméad a shéalú ar feadh tréimhse is gá agus a mhéid is gá chun an chigireacht a dhéanamh; iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid an trádálaí lena mbaineann míniú a thabhairt ar fhíricí, faisnéis nó doiciméid a bhaineann le hábhar na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh;

    (e)earraí nó seirbhísí a cheannach mar cheannacháin tástála, chun sáruithe faoin Rialachán a bhrath agus fianaise a fháil;

    (f)earraí nó seirbhísí a cheannach faoi rúnaitheantas, chun sáruithe faoin Rialachán a bhrath agus fianaise a fháil;

    (g)bearta eatramhacha a ghlacadh chun cosc a chur ar an mbaol go ndéanfar díobháil thromchúiseach dholeasaithe do thomhaltóirí, go háirithe suíomh gréasáin, fearann nó suíomh digiteach den sórt sin, seirbhís nó cuntas a chur ar fionraí;

    (h)imscrúduithe nó nósanna imeachta a thionscnamh chun stad a chur le sáruithe laistigh den Aontas nó le sáruithe forleathana, ar a thionscnamh féin agus nuair is iomchuí, faisnéis ina thaobh sin a fhoilsiú;

    (i)gealltanas a fháil ón trádálaí is cúis leis an sárú laistigh den Aontas nó leis an sárú forleathan stadadh den sárú agus, nuair is iomchuí, an díobháil a rinneadh a chúiteamh le tomhaltóirí;

    (j)iarratas i scríbhinn a dhéanamh ar an trádálaí stadadh den sárú;

    (k)stad a chur leis an sárú nó toirmeasc a chur air;

    (l)suíomh gréasáin, fearann nó suíomh digiteach den sórt céanna, seirbhís nó cuntas, nó cuid de na nithe sin, a dhúnadh, lena náirítear trí iarraidh ar thríú páirtí nó ar údarás poiblí eile é sin a dhéanamh;

    (m)pionóis a fhorchur, lena náirítear fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis, as sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana agus as gan cinneadh, ordú, beart eatramhach, gealltanas nó beart eile arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

    (n)    ordú don trádálaí is cúis leis an sárú nó leis an sárú forleathan an díobháil a rinneadh do thomhaltóirí de dheasca an tsáraithe a chúiteamh leo, le cúiteamh airgid cuir i gcás, nó trí dheireadh a chur leis an gconradh más rogha leo é nó le bearta eile;

    (o)ordú a thabhairt an brabús a rinneadh de bharr an tsáraithe a aisíoc, lena náirítear ordú a thabhairt an brabús a íoc leis an státchiste nó le tairbhí atá ainmnithe ag an údarás inniúil nó faoin dlí náisiúnta;

    (p)aon chinneadh deiridh, aon bheart eatramhach nó aon ordú eatramhach a fhoilsiú, lena náirítear céannacht an trádálaí is cúis leis an sárú laistigh den Aontas nó leis an sárú forleathan a fhoilsiú;

    (q)dul i gcomhairle le tomhaltóirí, eagraíochtaí tomhaltóirí, comhlachtaí ainmnithe agus le daoine eile ar údar imní dóibh éifeachtacht na ngealltanas atá molta maidir le stad a chur leis an sárú agus deireadh a chur leis an díobháil a tháinig as.

    Airteagal 9

    Íoschumhachtaí a fheidhmiú

    1. Déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí atá leagtha amach in Airteagal 8 a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta:

    (a)go díreach faoina núdarás féin; nó

    (b)trí iarratas a dhéanamh ar chúirteanna atá inniúil an cinneadh is gá a ghlacadh, agus, nuair is iomchuí, trí achomharc a dhéanamh má dhiúltaítear don iarratas ar an gcinneadh is gá a ghlacadh.

    2. A mhéid a fheidhmeoidh údaráis inniúla a gcuid cumhachtaí trí iarratas a chur faoi bhráid cúirteanna, beidh sé de chumhacht ag na cúirteanna sin an cinneadh is gá a ghlacadh, agus gníomhóidh siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na táillí cúirte agus na costais eile a bhaineann le cinneadh cúirte a ghlacadh mar thoradh ar imeachtaí a tionscnaíodh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh siad go bhfuil siad comhréireach agus nach bac iad ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 10

    Cumhachtaí cur chun feidhme

    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm agus feidhmiú íoschumhachtaí na núdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    CAIBIDIL III

    SÁSRA UM CHÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH

    Airteagal 11

    Iarrataí ar fhaisnéis

    1. Déanfaidh an túdarás faighte iarrata, ar iarraidh a fháil dó ó údarás is iarratasóir, aon fhaisnéis ábhartha a thabhairt is gá chun a shuíomh an ndearnadh sárú laistigh den Aontas agus chun go gcuifear stad leis an sárú sin. Tabharfaidh an túdarás faighte iarrata fógra don Choimisiún gan mhoill faoin iarraidh ar fhaisnéis agus faoina fhreagra.

    2. Déanfaidh an túdarás faighte iarrata na himscrúduithe iomchuí nó déanfaidh sé aon bhearta eile is gá nó is iomchuí d'fhonn an fhaisnéis a theastaíonn a fháil. Más gá, déanfar na himscrúduithe sin i gcomhar le húdaráis phoiblí eile nó le comhlachtaí ainmnithe eile.

    3. Ar iarratas a fháil dó ón údarás is iarratasóir, féadfaidh an túdarás faighte iarrata cead a thabhairt d'oifigigh inniúla de chuid an údaráis is iarratasóir bheith in éineacht le hoifigigh an údaráis iarrata fad is atá oifigigh an údaráis iarrata i mbun imscrúdú.

    4. Freagróidh an túdarás faighte iarrata an iarraidh trí úsáid a bhaint as an nós imeachta um iarrataí faisnéise, agus déanfaidh sé sin laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos ag an gCoimisiún sa ghníomh cur chun feidhme.

    5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na teorainneacha ama, na foirmeacha caighdeánacha agus mionsonraí na nósanna imeachta um iarrataí faisnéise. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Airteagal 12

    Iarrataí ar bhearta cur chun feidhme

    1. Ar iarraidh a fháil dó ó údarás is iarratasóir, déanfaidh údarás faighte iarrata gach beart is gá chun go gcuirfear stad leis an sárú laistigh den Aontas nó chun go gcuirfear toirmeasc air, lena náirítear trí phionóis a fhorchur agus ordú a thabhairt an díobháil a rinneadh do thomhaltóirí de dheasca an tsáraithe a chúiteamh leo nó an cúiteamh sin a éascú.

    2. D'fhonn na hoibleagáidí atá air de bhun mhír 1 a chomhlíonadh, feidhmeoidh an túdarás faighte iarrata na cumhachtaí atá leagtha amach in Airteagal 8 agus feidhmeoidh sé aon chumhachtaí eile a deonaíodh dó faoin dlí náisiúnta. Cinnfidh an túdarás faighte iarrata cé na bearta forfheidhmiúcháin atá iomchuí chun go gcuirfear stad leis an sárú laistigh den Aontas nó chun go gcuirfear toirmeasc air, ar dhóigh chomhréireach, éifeachtach agus éifeachtúil. Más gá, cinnfear agus cuirfear chun feidhme na bearta sin le cuidiú údarás poiblí eile.

    3. Cuirfidh an túdarás faighte iarrata an túdarás is iarratasóir ar an eolas go rialta faoi na bearta atá déanta aige agus rachaidh sé i gcomhairle leis ina dtaobh freisin. Trí bhíthin an bhunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43, tabharfaidh an túdarás faighte iarrata fógra gan mhoill don údarás is iarratasóir, d'údaráis inniúla Ballstát eile agus don Choimisiún faoi na bearta atá déanta aige agus faoina dtionchar ar an sárú laistigh den Aontas, agus luafar na nithe seo a leanas:

    (a)cé acu a forchuireadh bearta eatramhacha nó nár forchuireadh;

    (b)cé acu ar stad an sárú nó nár stad;

    (c)cé na pionóis a forchuireadh;

    (d)méid an chúitimh a tugadh do na tomhaltóirí;

    (e)cé acu a cuireadh chun feidhme na bearta nó nár cuireadh chun feidhme iad.

    4. Freagróidh an túdarás faighte iarrata an iarraidh trí úsáid a bhaint as an nós imeachta um iarrataí faisnéise, agus déanfaidh sé sin laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos ag an gCoimisiún sa ghníomh cur chun feidhme.

    5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na teorainneacha ama, na foirmeacha caighdeánacha agus mionsonraí na nósanna imeachta um iarrataí faisnéise. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Airteagal 13

    Ról na gcomhlachtaí ainmnithe

    1. Féadfaidh an túdarás faighte iarrata treoir a thabhairt do chomhlacht ainmnithe an fhaisnéis is gá a bhailiú nó na bearta forfheidhmiúcháin is gá a dhéanamh chun go gcuirfear stad leis an sárú nó chun go gcuirfear toirmeasc air. Ní fhéadfaidh an túdarás faighte iarrata sin a dhéanamh ach amháin i gcás inar dealraitheach go bhfaighidh an comhlacht sin an fhaisnéis atá le hiarraidh nó go gcuirfear stad leis an sárú nó go gcuirfear toirmeasc air ar dhóigh chomh héifeachtach chéanna leis an dóigh a dhéanfadh an túdarás faighte iarrata é.

    2. Áiritheoidh an túdarás faighte iarrata nach nochtfar mar thoradh ar an treoir a thugtar don chomhlacht ainmnithe aon fhaisnéis atá faoi réir na rialacha maidir le rúndacht agus maidir le rúndacht ghairmiúil agus tráchtála atá leagtha amach in Airteagal 41.

    3. I gcás nach néireoidh leis an gcomhlacht ainmnithe stad a chur leis an sárú laistigh den Aontas nó toirmeasc a chur air, laistigh den teorann ama atá leagtha amach de bhun Airteagal 11(4) agus Airteagal 12(4), gníomhóidh an túdarás faighte iarrata é féin i leith na hiarrata de bhun Airteagal 11 agus Airteagal 12.

    4. Sula dtabharfaidh sé treoir don chomhlacht ainmnithe, rachaidh an túdarás faighte iarrata inniúil i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir faoin rún atá aige treoir a thabhairt do chomhlacht ainmnithe. I gcás nach naontaíonn an túdarás is iarratasóir le treoir a thabhairt do chomhlacht ainmnithe, cuirfidh sé sin in iúl don údarás faighte iarrata gan mhoill i scríbhinn agus tabharfaidh sé cúiseanna a easaontaithe. Sa chás sin, ní thabharfaidh an túdarás faighte iarrata treoir don chomhlacht ainmnithe agus gníomhóidh sé féin i leith na hiarrata.

    6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na teorainneacha ama, na foirmeacha caighdeánacha agus mionsonraí na nósanna imeachta a bhaineann le comhlachtaí ainmnithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Airteagal 14

    Nós imeachta um iarrataí ar chúnamh frithpháirteach

    1. In aon iarratas ar chúnamh frithpháirteach, tabharfaidh an túdarás is iarratasóir leordhóthain faisnéise chun é a chur ar chumas d'údarás faighte iarrata an iarraidh a chomhlíonadh, lena náirítear aon fhianaise is gá agus nach féidir a fháil ach i mBallstát an údaráis is iarratasóir.

    2. Déanfaidh an túdarás is iarratasóir iarrataí a sheoladh chuig an oifig idirchaidrimh aonair atá ag Ballstát an údaráis faighte iarrata agus chuig an oifig idirchaidrimh aonair atá ag Ballstát an údaráis is iarratasóir, mar mhéar ar eolas dóibh. Déanfaidh an oifig idirchaidrimh aonair atá ag Ballstát an údaráis faighte iarrata an iarraidh a chur ar aghaidh chuig an údarás inniúil iomchuí gan mhoill.

    3. Maidir le hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus gach cumarsáid a bhaineann leis na hiarrataí sin, is i scríbhinn a dhéanfar iad, ag úsáid na bhfoirmeacha caighdeánacha, agus seolfar go leictreonach iad tríd an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43.

    4. Maidir leis na teangacha a úsáidfear sna hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus i ngach cumarsáid a bhaineann leis na hiarrataí sin, is iad na húdaráis inniúla lena mbaineann a shocróidh iad.

    5. Mura féidir teacht ar shocrú faoi theangacha, is i dteanga oifigiúil Bhallstát an údaráis is iarratasóir a bheidh na hiarrataí agus is i dteanga oifigiúil Bhallstát an údaráis faighte iarrata a bheidh na freagraí. Sa chás sin, áiritheoidh gach údarás inniúil go ndéanfar na haistriúcháin is gá ar na hiarrataí, ar na freagraí agus ar na doiciméid eile a gheobhaidh sé ó údaráis inniúla eile.

    6. Tabharfaidh an túdarás faighte iarrata freagra go díreach ar an údarás is iarratasóir agus ar an oifig idirchaidrimh aonair atá ag Ballstát an údaráis is iarratasóir agus ar an oifig idirchaidrimh atá ag Ballstát an údaráis faighte iarrata.

    Airteagal 15

    Diúltú iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a chomhlíonadh

    1. Féadfaidh údarás faighte iarrata diúltú iarraidh ar fhaisnéis arna déanamh faoi Airteagal 11 a chomhlíonadh, más ann do cheann amháin nó níos mó de na cásanna seo:

    (a) is é a thuairim, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir, nach bhfuil aon ghá ag an údarás is iarratasóir leis an bhfaisnéis chun a shuíomh an ndearnadh sárú laistigh den Aontas nó an bhfuil cúis réasúnta ann lena chreidiúint go bhféadfaí sárú a dhéanamh;

    (b) ní mheasann an túdarás is iarratasóir go bhfuil an fhaisnéis faoi réir na bhforálacha maidir le rúndacht agus maidir le rúndacht ghairmiúil agus tráchtála atá leagtha amach in Airteagal 41;

    (c) tionscnaíodh imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha cheana nó tugadh breith dheiridh cheana i dtaobh an tsáraithe chéanna laistigh den Aontas agus i gcoinne an trádálaí chéanna os comhair údaráis bhreithiúnacha Bhallstát an údaráis faighte iarrata nó Bhallstát an údaráis is iarratasóir.

    2. Féadfaidh údarás faighte iarrata diúltú iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin arna déanamh faoi Airteagal 12, más ann do cheann amháin nó níos mó de na cásanna seo:

    (a) tionscnaíodh imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha cheana nó tugadh breith dheiridh cheana i dtaobh an tsáraithe chéanna laistigh den Aontas agus i gcoinne an trádálaí chéanna os comhair údaráis bhreithiúnacha Bhallstát an údaráis iarrata nó Bhallstát an údaráis is iarratasóir;

    (b) is é a thuairim, i ndiaidh don údarás faighte iarrata imscrúdú iomchuí a dhéanamh, nach ndearnadh sárú laistigh den Aontas;

    (c) is é a thuairim nár thug an túdarás is iarratasóir leordhóthain faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 12(1).

    Ní féidir diúltú d'iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin ar an bhforas nár tugadh leordhóthain faisnéise más amhlaidh a diúltaíodh iarraidh ar fhaisnéis faoin sárú céanna laistigh den Aontas ar an bhforas gur tionscnaíodh imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha cheana nó gur tugadh breith dheiridh cheana i dtaobh an tsáraithe chéanna laistigh den Aontas agus i gcoinne an trádálaí chéanna, rud dá dtagraítear i mír (1)(c).

    3. Cuirfidh an túdarás faighte iarrata an túdarás is iarratasóir agus an Coimisiún ar an eolas faoin diúltú iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a chomhlíonadh agus faoi fhoras an diúltaithe.

    4. I gcás easaontas idir an tiarratasóir agus an túdarás faighte iarrata, déanfaidh an túdarás is iarratasóir nó an túdarás faighte iarrata an cúrsa a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill, agus eiseoidh an Coimisiún tuairim ina thaobh. I gcás nach gcuirfear an cúrsa faoina bhráid, féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint ar a thionscnamh féin.

    5. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an tsásra um chúnamh frithpháirteach, ar a mhéid atá na húdaráis inniúla ag comhlíonadh na nósanna imeachta agus ar na teorainneacha ama d'iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a phróiseáil. Beidh rochtain ag an gCoimisiún ar na hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus ar an bhfaisnéis agus na doiciméid a chur an tiarratasóir agus an túdarás faighte iarrata chuig a chéile.

    6. Nuair is iomchuí, féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na Ballstáit agus comhairle a chur orthu chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an sásra um chúnamh frithpháirteach go héifeachtach agus go héifeachtúil.

    7. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach mionsonraí na nósanna imeachta arb é is feidhm dóibh déileáil le cásanna easaontas idir na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    CAIBIDIL IV

    AN SÁSRA COMHORDAITHE UM FHAIREACHAIS, IMSCRÚDÚCHÁN AGUS FORFHEIDHMIÚCHÁN LE hAGHAIDH SÁRAITHE FORLEATHANA

    Roinn I

    Sáruithe forleathana

    Airteagal 16

    Gníomhaíocht chomhordaithe a oscailt agus an comhordaitheoir a ainmniú

    1. Má bhíonn amhras réasúnta ar údarás inniúil go bhfuil sárú forleathan á dhéanamh, tabharfaidh sé fógra faoi d'údaráis inniúla na mBallstát eile a mbaineann an sárú forleathan leo agus don Choimisiún gan mhoill.

    2. Má bhíonn amhras réasúnta ar an gCoimisiún go bhfuil sárú forleathan á dhéanamh, tabharfaidh sé fógra faoi d'údaráis inniúla lena mbaineann an sárú forleathan leo gan mhoill.

    3. Tar éis dóibh na fógraí a fháil dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú forleathan an túdarás inniúil a chomhordóidh an ghníomhaíocht a ainmniú de chomhthoil.

    4. Tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann cuireadh don Choimisiún ról an comhordaitheora a ghlacadh. Cuirfidh an Coimisiún in iúl gan mhoill do na húdaráis inniúla lena mbaineann an nglacann sé le ról an chomhordaitheora.

    5. Agus é ag tabhairt fógra don údarás inniúil de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go nglacfaidh sé féin ról an chomhordaitheora. Cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann in iúl don Choimisiún gan mhoill an nglacann siad le moladh an Choimisiún go gcomhordóidh sé féin an ghníomhaíocht.

    6. Má dhiúltaíonn an Coimisiún ról an chomhordaitheora a ghlacadh nó mura nglacfaidh na húdaráis inniúla leis an moladh go gcomhordóidh an Coimisiún féin an ghníomhaíocht, ainmneoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann údarás inniúil a chomhordóidh an ghníomhaíocht. Mura mbainfear aon chomhaontú amach idir na húdaráis inniúla, is é an chéad údarás inniúil a thug fógra faoin sárú amhrasta a chomhordóidh an ghníomhaíocht.

    Airteagal 17

    Bearta imscrúdúcháin i ngníomhaíochtaí comhordaithe

    1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann go mbaileofar an fhianaise, na sonraí agus an fhaisnéis is gá go héifeachtach éifeachtúil. Áiritheoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann go ndéanfar imscrúduithe agus cigireachtaí go comhuaineach agus go gcuirfear bearta eatramhacha i bhfeidhm go comhuaineach.

    2. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann úsáid a bhaint as an sásra um chúnamh frithpháirteach de bhun Chaibidil III, go háirithe chun fianaise agus faisnéis a bhailiú ó Ballstáit seachas na Ballstáit lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe nó chun a áirithiú nach rachaidh an trádálaí lena mbaineann timpeall ar na bearta forfheidhmiúcháin.

    3. Más iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann toradh an imscrúdaithe agus an mheasúnaithe ar an sárú forleathan a leagan amach i gcomhsheasamh ar chomhaontaigh siad air.

    4. Más iomchuí agus gan díobháil do na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus rúndacht tráchtála atá leagtha amach in Airteagal 41, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a chinneadh go bhfoilseoidh siad an comhsheasamh nó codanna de ar a suíomhanna gréasáin agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus go niarrfaidh siad tuairimí na bpáirtithe eile lena mbaineann.

    Airteagal 18

    Bearta forfheidhmiúcháin i ngníomhaíochtaí comhordaithe

    1. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann cuireadh a thabhairt don trádálaí is cúis leis an sárú gealltanais a mholadh chun stad de agus, más iomchuí, cúiteamh a thabhairt nó bearta eile a dhéanamh a dhéanfadh cúiteamh tomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh ní b'fhusa. Lena chois sin, féadfaidh an trádálaí, ar a thionscnamh féin, gealltanais a mholadh chun stad den sárú agus na tomhaltóirí a chúiteamh.

    2. Má mholann an trádálaí gealltanais, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann, más iomchuí, na gealltanais a moladh a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin nó, más iomchuí, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin chun tuairimí na bpáirtithe eile lena mbaineann a iarraidh agus chun a fhíorú an leor na gealltanais chun go stadfar den sárú nó chun go gcúiteofar na tomhaltóirí.

    3. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann údarás inniúil amháin a ainmniú le haghaidh bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh ar son na núdarás inniúil eile chun go gcuirfear deireadh leis an sárú forleathan nó chun go dtoirmiscfear é, chun a áirithiú go gcúiteofar tomhaltóirí nó chun pionóis a ghearradh. Agus iad ag ainmniú údarás inniúil le haghaidh bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, cuirfidh na húdaráis inniúla suíomh an trádálaí lena mbaineann san áireamh. Tar éis do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann údarás inniúil a ainmniú le haghaidh bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, beidh sé inniúil gníomhú thar ceann tomhaltóirí gach Ballstáit den chineál sin amhail dá mbeidís ina dtomhaltóirí dá stát féin.

    4. Féadfaidh na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh go comhuaineach sna Ballstáit uile lena mbaineann sárú forleathan nó i gcuid acu. Sa chás sin, áiritheoidh na húdaráis inniúla go seolfar na bearta forfheidhmiúcháin sin go comhuaineach sna Ballstáit uile lena mbaineann.

    5. Ní fhéadfar ordú a thabhairt do chomhlacht ainmnithe bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh de bhun mhíreanna 1 go dtí 4 ach má thoilíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann leis an ordú sin agus mura dtiocfaidh nochtadh faisnéis atá faoi réir na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus tráchtála atá leagtha amach in Airteagal 41 as an ordú sin.

    Airteagal 19

    Na gníomhaíochtaí comhordaithe a dhúnadh

    Nuair a stadfar den sárú forleathan nó nuair a thoirmiscfear é, cuirfidh an túdarás comhordaithe sin in iúl don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

    Airteagal 20

    Cumhachtaí cur chun feidhme

    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh mionsonraí na nósanna imeachta maidir le comhghníomhaíochtaí le haghaidh sáruithe forleathana, go háirithe na foirmeacha caighdeánacha le haghaidh fógraí agus malartuithe eile idir údaráis inniúla agus an Coimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Roinn II

    Sárú forleathan a bhfuil gné Aontais ag baint leis

    Airteagal 21

    Comhghníomhaíochtaí le haghaidh sáruithe forleathana a bhfuil gné Aontais ag baint leis

    1. Má bhíonn amhras réasúnta ann go ndearna sárú forleathan díobháil, go ndéanann sé díobháil nó gur dócha go ndéanfaidh sé díobháil do thomhaltóirí i dtrí cheathrú de na Ballstáit ina bhfuil ar a laghad trí cheathrú de phobal an Aontais ("sárú forleathan a bhfuil gné Aontais ag baint leis"), seolfaidh an Coimisiún comhghníomhaíocht. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá nó na doiciméid is gá a iarraidh ar na húdaráis inniúla.

    2. Tabharfar fógra faoin gcinneadh an chomhghníomhaíocht a sheoladh d'oifigí idirchaidrimh aonair na mBallstát lena mbaineann an chomhghníomhaíocht.

    3. Féadfaidh údarás inniúil diúltú páirt a ghlacadh sa chomhghníomhaíocht ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

    (a)gur tionscnaíodh imeachtaí breithiúnacha maidir leis an sárú céanna in éadan an trádálaí chéanna sa Bhallstát sin;

    (b)gur tugadh breithiúnas deiridh nó go ndearnadh cinneadh riaracháin deiridh cheana maidir leis an sárú céanna in éadan an trádálaí chéanna sa Bhallstát sin.

    4. Tar éis dó fógra a fháil faoin gcinneadh comhghníomhaíocht a sheoladh de bhun mhír 2, má chinneann údarás inniúil gan páirt a ghlacadh sa chomhghníomhaíocht, cuirfidh sé a chinneadh in iúl gan mhoill don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis an gcinneadh de bhun mhír 3 agus cuirfidh sé na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil.

    5. Comhordóidh an Coimisiún an chomhghníomhaíocht.

    Airteagal 22

    Bearta imscrúdúcháin

    1. Na húdaráis inniúla lena mbaineann atá á gcomhordú ag an gCoimisiún, déanfaidh siad imscrúduithe go comhuaineach chun a dhéanamh amach an bhfuil sárú forleathan a bhfuil gné Aontais ag baint leis á dhéanamh.

    2. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann úsáid a bhaint as an sásra um chúnamh frithpháirteach de bhun Caibidil III, go háirithe chun fianaise agus faisnéis a bhailiú ó Ballstáit seachas na Ballstáit lena mbaineann an chomhghníomhaíocht nó chun a áirithiú nach rachaidh an trádálaí lena mbaineann timpeall ar na bearta forfheidhmiúcháin.

    Airteagal 23

    Comhsheasamh

    1. Déanfar toradh an imscrúdaithe agus an mheasúnaithe ar an sárú forleathan a bhfuil gné Aontais ag baint leis a leagan amach i gcomhsheasamh ar ar chomhaontaigh na húdaráis inniúla lena mbaineann.

    2. Más éadóigh go stadfar den sárú de bharr na ngealltanas a rinne an trádálaí is cúis leis an sárú, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 25 gan comhsheasamh a bhunú agus tabharfaidh sé cuireadh don trádálaí is cúis leis an sárú gealltanais a mholadh.

    3. Más iomchuí, agus gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus rúndacht tráchtála atá leagtha amach in Airteagal 41, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh go ndéanfaidh siad an comhsheasamh nó codanna de a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin nó, más iomchuí, tuairimí na bpáirtithe eile lena mbaineann a lorg.

    Airteagal 24

    Gealltanais

    1. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus iad á gcomhordú ag an gCoimisiún, cuireadh a thabhairt don trádálaí is cúis leis an sárú forleathan a bhfuil gné Aontais ag baint leis gealltanais a mholadh chun stad den sárú agus na tomhaltóirí a chúiteamh a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca an tsáraithe. Lena chois sin, féadfaidh an trádálaí, ar a thionscnamh féin, gealltanais a mholadh chun stad den sárú agus na tomhaltóirí a chúiteamh.

    2. Má mholann an trádálaí gealltanais, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann, más iomchuí, na gealltanais a moladh a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin chun tuairimí na bpáirtithe eile lena mbaineann a lorg agus chun a fhíorú an leor na gealltanais sin chun go stadfar den sárú nó chun go gcúiteofar na tomhaltóirí.

    3. Measúnóidh na húdaráis inniúla lena mbaineann na gealltanais atá molta agus cuirfidh siad toradh an mheasúnaithe in iúl don trádálaí i gcomhsheasamh. Más leor na gealltanais chun go stadfar den sárú agus más iomchuí chun na tomhaltóirí a chúiteamh, glacfaidh na húdaráis inniúla iad agus socróidh siad sprioc-am nach mór na gealltanais a chur chun feidhme roimhe.

    4. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann faireachán ar chur chun feidhme na ngealltanas. Go háirithe, áiritheoidh siad go dtabharfaidh an trádálaí tuairisc don Choimisiún go tráthrialta maidir le dul chun cinn chur chun feidhme na ngealltanas. Féadfaidh na húdaráis inniúla, más iomchuí, tuairimí eagraíochtaí tomhaltóirí, páirtithe eile lena mbaineann agus saineolaithe a iarraidh chun a dhéanamh amach an bhfuil na bearta a rinne an trádálaí i gcomhréir leis na gealltanais.

    Airteagal 25

    Bearta forfheidhmiúcháin

    1. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann comhaontú le chéile maidir le cén túdarás inniúil, nó, más gá, cé na húdaráis inniúla, a dhéanfaidh bearta forfheidhmiúcháin i gcoinne an trádálaí thar ceann na núdarás inniúil eile más fíor ceann amháin de na ráitis seo a leanas:

    (a)    is éadóigh go stadfar den sárú de bharr na ngealltanas ón trádálaí is cúis leis an sárú;

    (b)    níl an trádálaí ag moladh gealltanas;

    (c)    tá an trádálaí ag moladh gealltanas nach leor iad chun go stadfar den sárú agus chun na tomhaltóirí a chúiteamh;

    (d)    níor chuir an trádálaí na gealltanais chun feidhme roimh an sprioc-am atá leagtha amach i mír 3;

    2. Tar éis do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann údarás inniúil a ainmniú le haghaidh bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, beidh sé inniúil gníomhú thar ceann tomhaltóirí gach Ballstáit amhail dá mbeidís ina dtomhaltóirí dá stát féin. Agus iad ag ainmniú údarás inniúil le haghaidh bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh, cuirfidh na húdaráis inniúla suíomh an trádálaí lena mbaineann san áireamh.

    3. Mura mbeidh na húdaráis inniúla ag gníomhú i gcomhréir le mír 2, déanfaidh siad bearta forfheidhmiúcháin go comhuaineach i roinnt Ballstát nó i ngach Ballstát lena mbaineann an sárú forleathan a bhfuil gné Aontais ag baint leis. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go seolfar na bearta forfheidhmiúcháin sin go comhuaineach sna Ballstáit uile lena mbaineann.

    4. Ní fhéadfar ordú a thabhairt do chomhlacht ainmnithe bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh de bhun mhíreanna 1 go dtí 3 den Airteagal seo ach má thoilíonn údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann bearta den sórt sin agus mura dtiocfaidh nochtadh faisnéis atá faoi réir na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus tráchtála atá leagtha amach in Airteagal 41 as an ordú sin.

    Airteagal 26

    Comhghníomhaíochtaí le haghaidh sáruithe forleathana a bhfuil gné Aontais ag baint leo a dhúnadh

    1. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh an chomhghníomhaíocht a dhúnadh más fíor ceann de na ráiteas seo a leanas:

    (a) níor comhlíonadh na coinníollacha a bhaineann leis an gcomhghníomhaíocht de bhun Airteagal 21(1);

    (b) rinne na húdaráis inniúla amach nach ndearnadh sárú forleathan a bhfuil gné Aontais ag baint leis;

    (c) rinne na húdaráis inniúla lena mbaineann amach gur stadadh den sárú tar éis don trádálaí na gealltanais a chur chun feidhme agus, más iomchuí, gur cúitíodh na tomhaltóirí;

    (d) rinne na húdaráis inniúla lena mbaineann amach gur stadadh den sárú nó gur toirmisceadh é tar éis bearta forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 25 agus, más iomchuí, gur cúitíodh na tomhaltóirí.

    2. Tabharfaidh an Coimisiún fógra d'oifig idirchaidrimh aonair na mBallstáit lena mbaineann faoin gcinneadh an chomhghníomhaíocht a dhúnadh.

    Airteagal 27

    Cumhachtaí cur chun feidhme

    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh mionsonraí na nósanna imeachta maidir le comhghníomhaíochtaí le haghaidh sáruithe forleathana a bhfuil gné Aontais ag baint leis leagtha amach, go háirithe na foirmeacha caighdeánacha le haghaidh fógraí agus malartuithe eile idir údaráis inniúla agus an Coimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Roinn III

    Na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí comhordaithe agus comhghníomhaíochtaí faoin gcaibidil seo

    Airteagal 28

    Nós imeachta maidir le cinntí idir na Ballstáit

    I gcás nithe a dhéanfar de bhun na Caibidle seo, gníomhóidh na húdaráis inniúla de chomhthoil.

    Airteagal 29

    Ról an comhordaitheora

    1. Déanfaidh an comhordaitheoir a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 16, Airteagal 21 nó Airteagal 32 na nithe seo a leanas go háirithe:

    (a)a áirithiú go gcuirfear na húdaráis inniúla uile lena mbaineann agus an Coimisiún ar an eolas go hiomchuí agus go tráthúil faoi dhul chun cinn na gníomhaíochta forfheidhmiúacháin, na chéad chéimeanna eile a bhfuiltear ag súil leo agus na bearta atá le glacadh;

    (b)comhordú a dhéanamh ar na himscrúduithe, ar na cigireachtaí agus ar ghlacadh na mbeart eatramhach a ndéanann na húdaráis inniúla cinneadh maidir leo i gcomhréir le Roinn I agus Roinn II, faireachán a dhéanamh ar imscrúduithe, cigireachtaí agus bearta eatramhacha, le cois bearta eile, de bhun Airteagal 8;

    (c)comhordú a dhéanamh ar ullmhú agus comhroinnt na ndoiciméad uile is gá idir na húdaráis inniúla lena mbaineann agus an Coimisiún;

    (d)coinneáil i dteagmháil leis na trádálaithe agus na páirtithe eile lena mbaineann na bearta faireachais, imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin, murar chomhaontaigh na húdaráis inniúla lena mbaineann agus an Coimisiún ar a mhalairt;

    (e)comhordú a dhéanamh ar an measúnú, ar na comhairliúcháin agus ar an bhfaireachán a dhéanann na húdaráis inniúla lena a mbaineann maille le céimeanna eile is gá chun gealltanais a mhol na trádálaithe lena mbaineann a phróiseáil agus a chur chun feidhme;

    (f)comhordú a dhéanamh ar bhearta forfheidhmiúcháin eile a ghlac na húdaráis inniúla lena mbaineann, lena náirítear iarratais a cuireadh faoi bhráid na gcúirteanna ar orduithe agus cinntithe is gá, ar ghearradh pionós agus ar ghlacadh beart lena nairítear go gcúiseofar na tomhaltóirí;

    (g)comhordú a dhéanamh ar iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a chuir na húdaráis inniúla lena mbaineann isteach de bhun Chaibidil III.

    2. Ní measfar go bhfuil an comhordaitheoir freagrach as gníomhaíochtaí ná as neamhghníomhaíochtaí na núdarás inniúil lena mbaineann agus iad ag úsáid na gcumhachtaí atá leagtha amach in Airteagal 8.

    Airteagal 30

    Dualgas an comhoibrithe agus socruithe teanga

    1. Comhordóidh na húdaráis inniúla a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh agus a mbearta imscrúdúchain agus forfheidhmiúcháin chun dul i ngleic le sáruithe forleathana de bhun Roinn I agus Roinn II. Malartóidh siad an fhaisnéis uile is gá agus tabharfaidh siad cibé cúnamh is gá dá chéile agus don Choimisiún gan mhoill.

    2. Cuirfidh na húdaráis inniúla acmhainní ar fáil ar leor iad chun imscrúduithe agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin comhordaithe a dhéanamh. Féadfaidh na húdaráis inniúla cuireadh a thabhairt d'oifigigh de chuid an Choimisiúin agus daoine tionlacain eile a fuair údarás ón gCoimisiún bheith rannpháirteach sna himscrúduithe comhordaithe, san gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus sna bearta eile a dhéanfar de bhun na Caibidle seo.

    3. Tiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann agus an Coimisiún ar chomhaontú faoi na teangacha a úsáidfidh siad chun fógra a thabhairt agus sa chumarsáid uile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí comhordaithe, na comhghníomhaíochtaí agus na himscrúduithe comhbheartaithe ar mhargaí tomhaltóirí a dhéanfar de bhun na Caibidle seo.

    4. Mura féidir teacht ar chomhaontú faoi sin, beidh na fógraí agus an chumarsáid eile i dteanga oifigiúil an Ballstáit a bheidh ag déanamh an fhógra nó i mbun cumarsáide. Sa chás sin, áiritheoidh gach údarás inniúil lena mbaineann go ndéanfar na haistriúcháin is gá ar na fógraí, ar an gcumarsáid agus ar na doiciméid uile a gheobhaidh sé ó údaráis inniúla eile.

    5. Má bhaineann na gníomhaíochtaí comhordaithe nó na comhghníomhaíochtaí a dhéanfar de bhun Roinn I agus Roinn II le sáruithe forleathana ar an reachtaíocht seo a leanas de chuid an Aontais, tabharfaidh an comhordaitheoir cuireadh don Údarás Baincéireachta Eorpach ról breathnóra a ghlacadh:

    (a)Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe;

    (b)Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu.

    Airteagal 31

    Comhsheasamh agus éisteacht le trádálaithe

    1. Cuirfear an comhsheasamh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus in Airteagal 23 in iúl don trádálaí is cúis leis an sárú. Tabharfar an deis don trádálaí is cúis leis an sárú éisteacht a fháil maidir le cúrsaí atá in gcuid den chomhsheasamh.

    2. Beidh an trádálaí i dteideal cumarsáid a dhéanamh i dteanga oifigiúil an Bhallstáit inar bunaíodh é nó an Bhallstáit ina bhfuil sé suite. Féadfaidh an trádálaí an ceart sin a tharscaoileadh nó a iarraidh go núsáidfear teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais chun cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla.

    3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh na mionsonraí leagtha amach a bhaineann le cur chun feidhme ceart trádálaithe ar chosaint i ngníomhaíochtaí comhordaithe agus i gcomhghníomhaíochtaí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Airteagal 32

    Imscrúduithe comhbheartaithe ar mhargaí tomhaltóirí

    1. Más cosúil mar gheall ar threochtaí margaidh, gearáin ó thomhaltóirí nó táscairí eile gur féidir go ndearnadh sáruithe forleathana, gur féidir go bhfuil siad á ndéanamh nó gur féidir go ndéanfar iad, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann imscrúdú comhbheartaithe a dhéanamh ar mhargaí tomhaltóirí ("scuabadh"). Comhordóidh an Coimisiún an timscrúdú comhbheartaithe sin.

    2. Nuair a bheidh siad i mbun imscrúduithe comhbheartaithe, bainfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann úsáid éifeachtach as na cumhachtaí atá leagtha amach in Airteagal 8 agus as cumhachtaí eile a thugann an dlí náisiúnta dóibh.

    3. Féadfaidh na húdaráis inniúla cuireadh a thabhairt d'oifigigh de chuid an Choimisiúin agus daoine tionlacain eile a d'údaraigh Coimisiún páirt a ghlacadh i scuabadh.

    4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh mionsonraí na nósanna imeachta maidir le scuabadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    CAIBIDIL V

    6.AN SÁSRA FAIREACHÁIN UM CHOMHAR AR MHAITHE LE COSAINT TOMHALTÓIRÍ

    Airteagal 33

    An sásra faireacháin

    1. Coimeádfaidh an Coimisiún sásra faireacháin le haghaidh faisnéis a mhalartú a bhaineann le sáruithe nó le sáruithe amhrasta.

    2. Is éard a bheidh sa sásra faireachán sin an sásra foláirimh de bhun Airteagal 34 agus malartú faisnéise eile atá ábhartha ó thaobh sáruithe nó sáruithe amhrasta a bhrath de bhun Airteagal 36.

    3. Cuirfear an sásra faireacháin chun feidhme tríd an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43.

    Airteagal 34

    Sásra foláirimh

    1. Tabharfaidh údarás inniúil fógra gan mhoill don Choimisiún agus d'údaráis inniúla eile maidir le haon amhras réasúnach go bhfuil sárú ar bun ina chríoch a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna tomhaltóirí i mBallstáit eile ('foláireamh') tríd an bhfoirm chaighdeánach a úsáid tríd an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43.

    2. Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill do na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir le haon amhras réasúnach go ndearnadh sárú i gcríoch an Aontais ('foláireamh') tríd an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43.

    3. San fholáireamh sin, tabharfaidh an túdarás inniúil nó an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas, má tá sí ar fáil, go háirithe maidir leis an sárú amhrasta:

    (a) tuairisc ar an ngníomh nó an neamhghníomh ar an sárú é;

    (b) an táirge nó an tseirbhís a mbaineann an sárú leis;

    (c) na Ballstáit lena mbaineann nó na Ballstáit a bhféadfadh baint a bheith acu leis an sárú;

    (d) an trádálaí atá freagrach nó a bhfuil amhras ann go bhfuil sé freagrach as an sárú;

    (e) an bunús dlí le haghaidh gníomhaíochtaí féideartha a dhéanamh trí thagairt a dhéanamh do dhlí náisiúnta agus do na forálacha comhfhreagracha de ghníomhartha an Aontais san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (f) na cineálacha imeachtaí dlíthiúla, beart forfheidhmiúcháin nó beart eile a cuireadh ar bun agus a bhaineann leis an sárú, na dátaí agus an tachar ama a bhaineann leo freisin;

    (g) stádas na nimeachtaí dlíthiúla, bearta forfheidhmiúcháin nó bearta eile a cuireadh ar bun a bhaineann leis an sárú;

    (h) an túdarás inniúil a bhfuil na himeachtaí dlíthiúla agus bearta eile ar bun aige;

    (i) cé acu 'le haghaidh faisnéise' nó 'le haghaidh gníomhaíochta' atá an foláireamh á dhéanamh.

    4. I gcás foláireamh 'le haghaidh gníomhaíochta', féadfaidh an túdarás inniúil nó an Coimisiún a iarraidh ar údaráis inniúla eile agus ar an gCoimisiún a fhíorú an bhfuil sáruithe den chineál céanna ar bun i gcríoch Ballstáit eile nó an ndearnadh aon bhearta forfheidhmiúcháin i gcoinne sáruithe den sórt sin i mBallstáit eile.

    5. Chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe amhrasta go héifeachtach, déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann, ag brath ar na freagraí a gheobhfar ar an bhfoláireamh, na bearta is gá atá leagtha síos i gCaibidil III agus IV.

    6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach mionsonraí maidir le feidhmiú an tsásra foláirimh, lena náirítear foirmeacha caighdeánacha ar leith le haghaidh foláireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Airteagal 35

    Rannpháirtíocht eintiteas eile sa sásra foláirimh

    1. Beidh comhlachtaí ainmnithe agus Lárionaid Eorpacha do thomhaltóirí rannpháirteach sa sásra foláirimh atá leagtha amach in Airteagal 34. Ainmneoidh na Ballstáit eagraíochtaí tomhaltóirí agus cumainn, agus eintitis eile amhail cumainn do thrádálaithe a bheidh rannpháirteach sa sásra foláirimh, cumainn a bhfuil an saineolas iomchuí agus an leas dlisteanach acu maidir le cosaint tomhaltóirí. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis sin gan mhoill.

    2. Féadfaidh an Coimisiún eintitis eile a ainmniú a dhéanann ionadaíocht do leasanna tomhaltóirí agus gnó ar leibhéal an Aontais agus a bheidh rannpháirteach sa sásra foláirimh.

    3. Na heintitis a ndéantar tuairisc orthu i mír 1 agus i mír 2, beidh siad i dteideal fógra a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus don Choimisiún maidir le sáruithe amhrasta agus an fhaisnéis a thabhairt atá leagtha amach in Airteagal 34(3), tríd an bhfoirm chaighdeánach le haghaidh fógraí seachtracha a úsáid a bheidh ar fáil sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43 ('foláireamh seachtrach').

    4. Is 'ar bhonn faisnéise amháin' a dhéanfar na foláirimh sheachtracha. Ní bheidh d'oibleagáid ar údaráis inniúla nós imeachta a thionscnamh nó aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh mar fhreagairt ar na foláirimh agus ar fhaisnéis a chuirfidh na heintitis sin ar fáil. Na heintitis a bheidh ag déanamh foláirimh sheachtracha, áiritheoidh siad go bhfuil an fhaisnéis a bheidh ar fáil ceart, cothrom le dáta agus cruinn agus déanfaidh siad an fhaisnéis a postáladh a cheartú gan mhoill nó í a aistarraingt de réir mar is iomchuí. Chuige sin, beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis atá tugtha acu, faoi réir na dteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 41 agus in Airteagal 43.

    5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach mionsonraí ainmniúchán agus rannpháirtíocht na neintiteas eile sa sásra foláirimh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Airteagal 36

    Faisnéis ábhartha eile a mhalartú chun sáruithe a bhrath

    1. Tríd an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Choimisiún agus d'údaráis inniúla eile gan mhoill maidir le haon bheart atá déanta acu chun aghaidh a thabhairt ar shárú na ndlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí ina gcríoch féin má mheasann siad go bhfuil amhras ann go ndéanfaidh an sárú sin difear do leasanna tomhaltóirí i mBallstáit eile, go háirithe:

    (a)aon fhógra, aon ordú, aon chinneadh nó aon bheart den chineál sin de chuid údaráis inniúil nó údaráis inniúla eile maidir le nósanna imeachta naisiúnta a thionscnamh a bhaineann le sárú nó le sárú amhrasta;

    (b)aon chinneadh cúirte nó údaráis bhreithiúnaigh eile, aon ordú breithiúnach, aon urghaire nó aon bheart eile den chineál sin a bhfuil baint aige le sárú nó le sárú amhrasta;

    (c)aon fhaisnéis eile, aon chinneadh eile, aon ordú nó aon ghníomh eile de chuid údarás naisiúnta eile nó de chuid comhlachtaí ainmnithe, de réir mar is iomchuí, a bhféadfadh baint a bheith aige le sárú nó le sárú amhrasta.

    2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach na mionsonraí maidir le faisnéis eile a mhalartú a bheidh ábhartha chun sáruithe a bhrath faoin Rialachán seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    CAIBIDIL VI

    7.GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE AR FUD AN AONTAIS

    Airteagal 37

    Gníomhaíochtaí eile a chomhordú a rannchuidíonn le faireachán agus le forfheidhmiúchán

    1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoina gcuid gníomhaíochtaí sna réimsí seo a leanas:

    (a) an oiliúint a chuirtear ar na hoifigigh acu a bhfuil baint acu le cosaint tomhaltóirí a fhorghníomhú, lena náirítear oiliúint teanga, agus eagrú ceardlann oiliúna;

    (b) sonraí maidir le gearáin tomhaltóirí a bhailiú, a rangú agus a mhalartú;

    (c) forbairt gréasán oifigeach inniúil atá sonrach ó thaobh earnála de;

    (d) forbairt uirlisí faisnéise agus cumarsáide;

    (e) forbairt caighdeán, modhanna agus treoirlínte do na hoifigigh a bhfuil baint acu le cosaint tomhaltóirí;

    (f) malartú a gcuid oifigeach, lena náirítear an cumas gníomhaíochtaí a dhéanamh faoi Chaibidil III agus faoi Chaibidil IV.

    2. Déanfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí atá leagtha amach i mír 1 a chomhordú agus a eagrú go comhpháirteach.

    3. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis agus sonraí a bhaineann le gearáin tomhaltóirí a roinnt ar bhonn rialta. Chuige sin déanfaidh an Coimisiún modh comhchuibhithe a fhorbairt agus a chothabháil le haghaidh gearáin tomhaltóirí a rangú agus a thuairisciú i gcomhar leis na Ballstáit.

    4. Féadfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá a ghlacadh chun an creat um chomhar a fhorbairt faoi mhír 1 agus faoi mhír 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Airteagal 38

    Oifigigh a mhalartú idir údaráis inniúla

    1. Féadfaidh údaráis inniúla bheith rannpháirteach i scéimeanna malartaithe oifigeach inniúil as Ballstáit eile chun comhar a fheabhsú. Déanfaidh na húdaráis na bearta is gá le go mbeidh oifigigh inniúla as Ballstáit eile in ann ról éifeachtach a imirt i ngníomhaíochtaí an údaráis inniúil. Chuige sin, údarófar na hoifigigh sin na cúraimí a dhéanamh a thabharfaidh an túdarás inniúil sa tír aíochta dóibh i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit sin.

    2. Le linn an mhalartaithe, caithfear le dliteanas sibhialta agus coiriúil an oifigigh inniúil ar an dóigh chéanna le dliteanas sibhialta agus coiriúil oifigigh an údaráis inniúil aíochta. Urramóidh na hoifigigh inniúla as Ballstáit eile caighdeáin ghairmiúla agus beidh siad faoi réir na rialacha inmheánacha iomchuí de chuid an údaráis inniúil maidir le hiompar. Áiritheoidh na rialacha iompair sin, go háirithe, cosaint daoine aonair maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, cothroime nós imeachta agus urramú ceart rialacha maidir le hiontaofacht agus rúndacht ghairmiúil agus tráchtála de bhun Airteagal 41.

    Airteagal 39

    Faisnéis maidir le beartas tomhaltóirí a mhalartú

    1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoina gcuid gníomhaíochtaí i dtaca le leasanna tomhaltóirí a chosaint, amhail:

    (a) faisnéis tomhaltóirí agus comhairle;

    (b) tacaíocht do ghníomhaíochtaí ionadaithe tomhaltóirí;

    (c) tacaíocht do ghníomhaíochtaí comhlachtaí atá freagrach as díospóidí tomhaltóirí a réiteach go seachbhreithiúnach;

    (d) tacaíocht do rochtain tomhaltóirí ar cheartas;

    (e) staidreamh, torthaí taighde nó faisnéis eile a bhfuil baint aige le hiompar agus le dearcthaí tomhaltóirí a thiomsú.

    2. Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, comhghníomhaíochtaí comhchoiteanna a dhéanamh sna réimsí atá leagtha amach i mír 1. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, creat comhchoiteann a fhorbairt le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá leagtha amach i bpointe (e) de mhír 1.

    3. Féadfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá a ghlacadh chun forbairt a dhéanamh ar an gcreat um chomhar le haghaidh faisnéis a mhalartú dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Airteagal 40

    Comhar idirnáisiúnta

    1. Comhoibreoidh an tAontas le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta sna réimsí atá cumhdaithe sa Rialachán seo chun leasanna tomhaltóirí a chosaint. Na socruithe le haghaidh comhair, lena náirítear socruithe cúnaimh fhrithpháirtigh, faisnéis faoi rún a mhalartú agus cláir le haghaidh malartú ball foirne, féadfaidh siad bheith faoi réir comhaontuithe idir an tAontas agus na tríú tíortha lena mbaineann.

    2. Na comhaontuithe a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach chun leasanna tomhaltóirí a fheabhsú agus a chosaint, beidh siad faoi réir chosaint na faisnéise faoi rún agus na sonraí pearsanta atá coibhéiseach leis na rialacha atá leagtha amach in Airteagal 41.

    3. Nuair a gheobhaidh údarás inniúil faisnéis ó údarás tríú tír, cuirfidh an túdaras inniúil sin an fhaisnéis in iúl do na húdaráis inniúla ábhartha sna Ballstáit eile a mhéid is ceadmhach sin a dhéanamh trí chomhaontuithe cúnaimh dhéthaobhaigh leis an tríú tír sin agus i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca lena gcuid sonraí pearsanta.

    4. An fhaisnéis a chuirtear in iúl leis an Rialachán seo, féadfaidh údarás inniúil í a chur in iúl d'údarás tríú tír faoi chomhaontú cúnaimh dhéthaobhaigh leis an tríú tír sin, ar choinníoll go bhfuarthas cead ón údarás inniúil a chéadchuir an fhaisnéis in iúl agus sin i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca lena gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil.

    CAIBIDIL VII

    RÚNDACHT GHAIRMIÚIL AGUS SOCRUITHE EILE

    Airteagal 41

    Faisnéis a úsáid agus rúndacht ghairmiúil agus tráchtála

    1. Ní úsáidfear faisnéis a tiomsaíodh de bhun Airteagal 8 agus a cuireadh in iúl do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún ach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí.

    2. Aon fhaisnéis a cuireadh in iúl, i bhfoirm ar bith, do dhaoine atá ag obair d'údaráis inniúla, do chúirteanna, d'údaráis phoiblí eile agus don Choimisiún, lena náirítear faisnéis a thugtar don Choimisiún agus a stóráiltear sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43, beidh sí faoi rún agus beidh sí cumhdaithe faoi na hoibleagáidí a ghabhann le rúndacht ghairmiúil i gcás go mbainfeadh an bonn, de dheasca nochtadh faisnéise, den mhéid seo a leanas:

    (a)cosaint phríobháideachas agus iomláine an duine aonair, go háirithe i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta,

    (b)leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena náirítear maoin intleachtúil,

    (c)imeachtaí cúirte agus comhairle dhlíthiúil, nó

    (d)cuspóir cigireachtaí nó imscrúduithe.

    3. D'ainneoin mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá a úsáid agus a nochtadh sna cásanna seo a leanas:

    (e)chun a chruthú go bhfuil sáruithe ann laistigh den Aontas nó go bhfuil sáruithe forleathana ann;

    (f)chun go dtoirmiscfear sáruithe laistigh den Aontas nó sáruithe forleathana agus chun go stadfar díobh.

    Airteagal 42

    Fianaise agus torthaí imscrúdaithe a úsáid

    1. Féadfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis, aon doiciméid, aon torthaí, aon ráitis, aon fhíorchóipeanna deimhnithe nó aon fhaisnéis a chuireadh in iúl mar fhianaise a úsáid, beag beann ar a bhformáid agus an meán ar a stóráiltear iad.

    2. Féadfaidh údaráis inniúla i mBallstáit eile úsáid a bhaint as fianaise, doiciméid, faisnéis, míniúcháin agus torthaí a fuair nó a d'ullmhaigh údarás inniúil i mBallstáit amháin i gcomhréir le hAirteagal 8 le haghaidh nósanna imeachta a thionscnaítear mar chuid de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, gan ceanglais fhoirmiúla bhreise.

    Airteagal 43

    An bunachar sonraí agus an córas le haghaidh faisnéis maidir le sáruithe a mhalartú

    1. Déanfaidh an Coimisiún an bunachar sonraí leictreonach a bhunú agus a choimeád, bunachar ina ndéanfaidh sé an fhaisnéis a fuarthas chun tacú le hiarratais ar chúnamh frithpháirteach de bhun Chaibidil III, bearta de bhun Chaibidil IV agus leis an sásra faireacháin de bhun Chaibidil V a stóráil agus a phróiseáil. Cuirfear an bunachar sonraí ar fáil do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún le haghaidh a cheadaithe.

    2. An fhaisnéis a thugann údaráis eile, eintitis agus comhlachtaí ainmnithe, stórálfar agus próiseálfar í sa bhunachar sonraí leictreonach ach ní bheidh rochtain ag na húdaráis, na heintitis agus na comhlachtaí ainmnithe sin ar an mbunachar sonraí sin.

    3. An fhaisnéis stóráilte a bhaineann le sárú, scriosfar í cúig bliana ó stadadh den sárú. Tosófar an tréimhse cúig bliana ón dáta a dhéanfar an méid seo a leanas:

    (a)cuireann údarás faighte iarrata fógra chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 12(3) ina gcuirtear in iúl go bhfuil deireadh tagtha le sárú laistigh den Aontas;

    (b)cuireann an túdarás comhordaithe fógra chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 19 ina gcuirtear in iúl gur stadadh den sárú forleathan nó go bhfuil toirmeasc curtha air;

    (c)cinneann an Coimisiún de bhun Airteagal 26 go bhfuil an chomhghníomhaíocht maidir le sárú forleathan a bhfuil gné Aontais ag baint leis dúnta ach stórálfar gealltanais trádálaithe ar feadh 10 mbliana chun a áirithiú go gcomhlíonfar na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí;

    (d)cuirtear an fhaisnéis isteach sa bhunachar sonraí i ngach cás eile.

    4. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá chun an bunachar sonraí a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Airteagal 44

    Aisíocaíocht costas a tharscaoileadh

    Déanfaidh na Ballstáit gach éileamh ar aisíocaíocht a tharscaoileadh maidir le costais a tabhaíodh mar chuid de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, fanfaidh Ballstát an údaráis is iarratasóir faoi dhliteanas ag Ballstát an údaráis faighte iarrata i leith aon chostais agus aon chaillteanais a tabhaíodh de dheasca bearta dífe agus ar chinn cúirt iad a bheith gan bhunús fad a bhaineann sé le substaint an tsáraithe i gceist. 

    Airteagal 45

    Pleananna forfheidhmiúcháin náisiúnta agus tosaíochtaí

    1. Gach dara bliain ón xx/xx/20xx [dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh gach Ballstát pleananna forfheidhmiúcháin débhliantúla faoi bhráid an Choimisiúin, trí fhoirm chaighdeánach atá ann chuige sin amháin a úsáid a chuirfidh an Coimisiún ar fáil. Sna pleananna forfheidhmiúcháin beidh an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)faisnéis maidir le claontaí margaidh a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna tomhaltóirí ina mBallstát féin, lena gcuirtear béim, dar an gcaoi sin, ar shaincheisteanna ar dócha iad a bheidh ann i mBallstáit eile freisin;

    (b)más infheidhme, tabharfar achoimre ar chur chun feidhme an phlean forfheidhmiúcháin dhébhliantúil a bhí ann roimhe, gearáin tomhaltóirí agus gearáin eile a fuarthas, gníomhaíochtaí faireacháin agus forfheidhmiúcháin agus gníomhaíochtaí tábhachtacha cúirte, breithiúnais agus orduithe nó bearta agus fáthanna nár cuireadh an plean débhliantúil a bhí ann roimhe chun feidhme go hiomlán, más gá sin;

    (c)faisnéis maidir le heagrúchán, cumhachtaí agus cúraimí na núdarás inniúil mar aon le haon athruithe nó aon athruithe pleanáilte orthu;

    (d)na réimsí tosaíochta le haghaidh fhorfheidhmiúchán na ndlíthe sin lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí don chéad dá bhliain eile sa Bhallstát;

    (e)na réimsí tosaíochta atá beartaithe le haghaidh fhorfheidhmiúchán na ndlíthe sin lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí ar fud an Aontais;

    (f)forléargas ar na hacmhainní atá ar fáil agus geallta le haghaidh fhorfheidhmiúchán na ndlíthe sin lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí sna Ballstáit don dá bhliain sin;

    (g)ráiteas acmhainní atá geallta le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo don chéad dá bhliain eile.

    2. I gcás athrú mór ar na dálaí nó ar dhálaí margaidh le linn an dá bhliain tar éis thíolacadh an phlean fhorfheidhmiúcháin dheireanaigh, féadfaidh na Ballstáit plean forfheidhmiúcháin athbhreithnithe a thíolacadh.

    Airteagal 46

    Faireachán a dhéanamh ar phleananna forfheidhmiúcháin náisiúnta agus iad a chur chun feidhme

    1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna forfheidhmiúcháin náisiúnta. Féadfaidh an Coimisiún comhairle a thabhairt maidir le cur chun feidhme na bpleananna forfheidhmiúcháin náisiúnta, tagarmharcanna a shocrú i dtaca leis na hacmhainní is gá le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo agus dea-chleachtais a chur chun cinn.

    2. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá chun na foirmeacha caighdeánacha ar líne agus mionsonraí na bpleananna forfheidhmiúcháin náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 45 a fhorbairt. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

    Airteagal 47

    Prionsabail maidir le pionóis a ghearradh le haghaidh sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana

    1. Nuair a ghearrfar pionóis i gcomhthéacs sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana, cuirfidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas san áireamh:

    (a)raon feidhme críche an tsáraithe;

    (b)an díobháil ghinearálta a dhéantar nó an díobháil is dócha a dhéanfaí ar thomhaltóirí i mBallstáit eile;

    (c)athdhéanamh an tsáraithe sa Bhallstát céanna nó san Aontas.

    2. Féadfaidh an Coimisiún moltaí a thabhairt uaithi maidir le pionóis le haghaidh sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana agus maidir lena gcomhordú de bhun Chaibidil IV.

    CAIBIDIL VIII

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 48

    Coiste

    1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 49

    Fógraí

    Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún gan mhoill téacs aon fhorálacha a ghlacann siad sa dlí náisiúnta, nó téacs aon chomhaontaith a dhéanfaidh siad seachas comhaontuithe a dhíríonn ar chásanna daoine aonair a thugann siad i gcrích, a bhaineann le hábhair atá cumhdaithe sa Rialachán seo.

    Airteagal 50

    Meastóireacht

    Faoin [xx/xx/20xx ar a dhéanaí, nó tráth nach déanaí ná seacht mbliana óna theacht i bhfeidhm], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Sa tuarascáil sin, beidh meastóireacht maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin lena náirítear measúnú ar éifeachtacht fhorfheidhmiúchán na ndlithe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí faoin Rialachán seo agus déanfar scrúdú ar, le cois rudaí eile, an gcaoi a gcomhlíonann trádálaithe na dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, agus an fhorbairt a tháinig air sin i margaí tomhaltóra ríthábhachtacha a bhfuil baint acu le trádáil trasteorann.

    Airteagal 51

    An Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) 2006/2004 a leasú

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2006/2004, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    "18. Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí (IO L 304, 22.11.2011, Lch. 64).

    19. Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach: Airteagal 20 (IO L 376, 27.12. 2006, p. 36).

    20. Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12. 2007, Lch. 14).

    21. Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.07.2006, Lch. 1).

    22. Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal: Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 24 (IO L 293, 31.10.2008, Lch. 3).

    23. Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe: Airteagail 10, 11, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 21, 22, 23, Caibidil 10 agus Iarscríbhinní I agus Iarscríbhinn II (IO L 60, 28.2.2014, Lch. 34).

    24. Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu, Airteagail 4 go 18 agus Airteagal 20(2) (IO L 257, 28.8.2014, Lch. 214)."

    Airteagal 52

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 2006/2004 ó [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Airteagal 53

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón [bliain amháin tar éis a theacht i bhfeidhm]. 

    Beidh feidhm ag Airteagal 51, áfach, ón [teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghabhfaidh ionad Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar i gcosaint na dtomhaltóirí)

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 72  

    Teideal 33 – Ceartas agus Tomhaltóirí - Caibidil 33 04: Clár na dTomhaltóirí

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 73  

    X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach

    1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach uimh.

    Sásraí comhair um fhorfheidhmiú i réimse na cosanta tomhaltóirí a fhorbairt atá níos nua-aimseartha, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, agus rannchuidiú le comhlánú an Mhargaidh Aonair Dhigitigh.

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Tomhaltóirí: A bhuí le huirlisí treisithe agus le nósanna imeachta treisithe, tabharfaidh an Rialachán nua maidir le CCT aghaidh ar bhonn níos éifeachtaí ar an díobháil atáthar a dhéanamh do thomhaltóirí ar an iomlán de thoradh sáruithe forleathana ar fud an Aontais Eorpaigh.

    Oibreoirí eacnamaíocha: Leis an togra seo ní chuirfear aon oibleagáidí dlíthiúla ar an earnáil ghnó. Mar gheall ar an bhfeabhas ar thimpeallacht rialála na margaí miondíola, ba cheart go bhféadfadh fiontair, lena náirítear FBManna, costais a bhaineann le saineolas dlí a sheachaint nuair a bhíonn margaíocht á déanamh acu ar bhonn trasteorann agus ba cheart go bhféadfaidís bheith cinnte de gurb ionann dlí tomhaltais an Aontais Eorpaigh sna tíortha eile ar mian leo trádáil leo agus go gcuirtear i bhfeidhm go cothrom é sna tíortha sin. Ach forfheidhmiú trasteorann a dhéanamh ar bhealach ní ba chomhsheasmhaí, chuirfí borradh faoi iomaíochas na dtrádálaithe sin atá ionraic agus géilliúil don dlí agus faoin iomaíocht, agus bhunófaí cothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair.

    Údaráis forfheidhmiúcháin: Leis an togra soiléireofar an creat dlíthiúil, ar ar a bhonn a bhíonn údaráis ag comhoibriú i gcomhthéacs trasteorann. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit ar an mbealach is fearr is féidir maidir lena niarrachtaí forfheidhmiúcháin siúd i gcoinne sáruithe a bhfuil gné thábhachtach Aontais ag baint leo agus déanfar imeachtaí comhthreomhara gan mhaith a sheachaint. Spárálfar costais ar na húdaráis toisc go mbeifear in ann fianaise a athúsáid, an dúbláil a sheachaint agus a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin chomh comhsheasmhach agus is féidir. Bheadh aon ghníomhaíocht chomhordaithe amháin i gceist feasta in ionad 28 ngníomhaíocht náisiúnta mar atá i láthair na huaire, as a dtiocfadh coigilteas glan ó ca. 44  % (i gcás gníomhaíocht chomhordaithe a néireodh léi) go 76  % (i gcás gníomhaíocht a dteipfeadh uirthi).

    1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

    Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    - Ráta neamhchomhlíontachta

    - Líon na niarrataí ar chúnamh frithpháirteach maidir le CCT ar sáraíodh na teorainneacha ama ceangailteacha a socraíodh ina gcomhair

    - Líon na ngníomhaíochtaí comhordaithe agus na gcomhghníomhaíochtaí maidir le CCT

    - Líon na bhfoláireamh ar thug geallsealbhóirí fógra fúthu, lena náirítear an Coimisiún "chun críocha faisnéise"

    - Mionsaothrú uair sa dá bhliain ar na pleananna forfheidhmiúcháin náisiúnta

    - Mionsaothrú ar thagarmharcáil acmhainní ar chun CCT a fhorfheidhmiú iad

    1.5.Foras an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Áiríodh comhlánú an Mhargaidh Aonair Dhigitigh ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh chun fás a chothú san Aontas Eorpach, agus aithníodh go sonrach i Straitéis an Choimisiúin maidir le Margadh Aonair Digiteach 74 a thábhachtaí atá sé rochtain níos fearr a bheith ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí ar earraí ar líne agus ar sheirbhísí ar líne ar fud na hEorpa. Tá gealltanas tugtha aige "rialacha tomhaltais maidir le ceannacháin ar-líne agus ceannacháin dhigiteacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos tapa, níos éasca agus níos comhsheasmhaí" agus, go háirithe, "cumhachtaí na núdarás forfheidhmiúcháin a shoiléiriú agus a fhorbairt mar aon lena ngníomhaíochtaí faireacháin ar an margadh agus a sásraí foláirimh a chomhordú ar bhealach níos fearr chun sáruithe a bhrath ar bhonn níos tapa", a bhuíochas sin ar an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le CCT.

    1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

    Baineann a bhfuil de bhearta sa togra seo le cásanna trasteorann nó le sáruithe forleathana a dhéantar i mBallstáit éagsúla. Ní féidir gnéithe trasteorann de dhlí tomhaltais an Aontais a fhorfheidhmiú mar is ceart más taobh le gníomhartha a dhéanann na Ballstáit ina naonar a bheifear. Ní féidir leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ina naonar, comhar agus comhordú éifeachtúil a áirithiú i dtaca lena ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin. Go mór mór, i gcás saincheisteanna a bhfuil tionchar uile-Eorpach acu, mar sin, is é an Coimisiún Eorpach is fearr a ghabhfaidh an ról comhordúcháin air féin toisc scála agus raon na faidhbe, agus toisc gur gá comhordú a dhéanamh ar mhórchuid údarás agus toradh comhsheasmhach a áirithiú do thomhaltóirí agus do thrádálaithe. I ndáil leis sin, dá ndéanfaí gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (seachas gníomhaíochtaí a dhéanfadh na Ballstáit ar a gconlán féin) ba thairbhí a ghníomhódh sí i dtaca le héifeachtacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú don uile ghníomhaí lena mbaineann.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    In 2012 chuir an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán maidir le CCT amach ar conradh 75 , meastóireacht inar tugadh le fios go ndeachaigh an Rialachán thuasluaite chun tairbhe do na húdaráis inniúla, do thomhaltóirí agus do thrádálaithe agus inar deimhníodh oiriúnacht agus ábharthacht a chuspóirí. Tugadh le fios inti freisin nár baineadh na cuspóirí sin amach go hiomlán agus nár baineadh an leas ba mhó ab fhéidir as an Rialachán. Sa tuarascáil mheastóireachta sainaithníodh laigí sa chreat reatha dlíthiúil maidir le CCT, mar atá bacainní praiticiúla agus dlí ar an gcomhar éifeachtach idir na húdaráis inniúla, rud a bhaineann d'éifeachtúlacht agus d'éifeachtacht an Rialacháin (e.g. nach bhfuil íoschumhachtaí leordhóthanacha ag na húdaráis inniúla; nach gcomhroinntear faisnéis faoin margadh go leordhóthanach; nach leor a bhfuil ann de shásraí lena dtugtar aghaidh ar sháruithe forleathana).

    1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Áirítear an togra seo ar cheann de na tionscnaimh atá faoi chuimsiú Straitéis an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Margadh Aonair Digiteach. Ina theannta sin, tá an togra go hiomlán comhsheasmhach agus comhoiriúnach leis na beartais atá ag an Aontas Eorpach cheana, lena náirítear beartais maidir le hearnáil an iompair. Cuireann sé leis na socruithe comhair (malartuithe faisnéise ó údarás go chéile) atá ar fáil sna hionstraimí earnála atá leagtha síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán maidir le CCT.

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

       Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

       Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

    X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 76  

    X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

    X    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

    X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    ◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

    ◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    ◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    ◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

    ◻ comhlachtaí dlí poiblí;

    ◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    ◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    ◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe a áirithiú trí bhíthin bhainistiú díreach láraithe an Choimisiúin. Is féidir bainistiú an Rialacháin atá beartaithe a chomhlánú le bearta i gcomhar leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia (CHAFEA) ar féidir cúraimí áirithe, a bhaineann le cláir Chomhphobail a bhainistiú, a thabhairt di i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 77 . Is do CHAFEA a thug an Coimisiún na cúraimí cur chun feidhme maidir le Clár na dTomhaltóirí 2014-2020 78 a bhainistiú, arb é an bunús dlí é do sholáthar agus do dheontais i réimse an chomhair forfheidhmiúcháin.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Faoin Rialachán nua cuirfidh an Coiste um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí ardán rialta ar fáil inar féidir saincheisteanna a phlé a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin nua.

    Moltar sa togra gur cheart don Choimisiún éifeachtacht an Rialacháin nua a mheasúnú agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, tráth nach déanaí ná 7 mbliana i ndiaidh dó teacht i bhfeidhm.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

    Níor aithníodh aon rioscaí.

    2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

    Neamhbhainteach.

    2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

    Neamhbhainteach.

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Tá bearta leagtha síos in Airteagal 14 de Rialachán Uimh. 254/2014 maidir le clár ilbhliantúil tomhaltóirí do na blianta 2014-20, bearta lena náirithítear leasanna airgeadais an Aontais a chosaint: e.g. cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a thagann ó Chlár na dTomhaltóirí a chur chun feidhme, lena dtugtar cead go sainráite don Choimisiún, do OLAF, agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh. Thairis sin, agus meastóireacht á déanamh ar thograí nó ar thairiscintí, déanfar na togróirí agus na tairgeoirí a sheiceáil i gcoinne na gcritéar maidir le heisiamh atá foilsithe ar bhonn dearbhuithe agus an Chórais Réamhrabhaidh (EWS). Ina theannta sin, tabharfar oiliúint rialta maidir le saincheisteanna a bhaineann le calaois agus neamhrialtachtaí don fhoireann go léir atá bainteach le bainistíocht conarthaí agus d'iniúchóirí agus do rialaitheoirí a fhíoróidh dearbhuithe tairbhithe ar an láthair.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir

    Caibidil 33 04

    Ceannteideal: Clár na dTomhaltóirí

    LD/LN 79

    ó thíortha de chuid CSTE 80

    ó thíortha is iarrthóirí 81

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    Uimh. 3

    Slándáil agus Saoránacht

    33 04 01

    Clár na dTomhaltóirí 2014-2020

    Difreáilte

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    Línte nua buiséid atá á niarraidh: Níl aon línte nua buiséid á niarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    LD/LN

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    [Ba cheart an scarbhileog ar shonraí buiséid de chineál riaracháin a úsáid leis an gcuid seo a líonadh isteach (an dara doiciméad san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo) agus í a uaslódáil chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.]

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    3

    Slándáil agus Saoránacht

    ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM CHEARTAS AGUS TOMHALTÓIRÍ

    Bliain
    N 82

    2018

    BliainN+1

    2019

    BliainN+2

    2020

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    • Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Uimhir na líne buiséid 33 04 01

    Gealltanais

    (1)

    0

    0

    0

    0

    Íocaíochtaí

    (2)

    0

    0

    0

    0

    Uimhir na líne buiséid

    Gealltanais

    (1a)

    Íocaíochtaí

    (2a)

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 83  

    Uimhir na líne buiséid 33 01 04 03

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi chomhair NA hARD-STIÚRTHÓIREACHTA UM CHEARTAS AGUS TOMHALTÓIRÍ

    Ní theastaíonn aon leithreasuithe nua ós rud é go bhfuil sé beartaithe tacaíocht do ghníomhaíochtaí CCT a chur ar fáil mar chuid de Chlár na dTomhaltóirí 2014-2020

    Gealltanais

    =1+1a +3

    0

    0

    0

    0

    Íocaíochtaí

    =2+2a

    +3

    0

    0

    0

    0






    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    • IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe  
    do CHEANNTEIDEAL 3
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

    • IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    • IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
    den chreat airgeadais ilbhliantúil
    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6





    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil:

    5

    "Caiteachas riaracháin"

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    BliainN

    2018

    BliainN+1

    2019

    BliainN+2

    2020

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM CHEARTAS agus TOMHALTÓIRÍ

    • Acmhainní daonna

    0,268

    0,268

    0,268

    0,804

    • Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN: AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM CHEARTAS AGUS TOMHALTÓIRÍ

    Ní theastaíonn aon leithreasuithe nua ós rud é go ndéanfar an obair trí atheagrú a dhéanamh ar chúraimí atá ann faoi láthair

    Leithreasuithe

    0,268

    0,268

    0,268

    0,804

    IOMLÁN leithreasuithedo CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    0,268

    0,268

    0,268

    0,804

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    BliainN 84

    2018

    BliainN+1

    2019

    BliainN+2

    2020

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    Íocaíochtaí

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    BliainN

    BliainN+1

    BliainN+2

    BliainN+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Saghas 85

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 86

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 ...

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    COSTAS IOMLÁN

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.Achoimre

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    X Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    BliainN 87

    2018

    BliainN+1

    2019

    BliainN+2

    2020

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    0,268

    0,268

    0,268

    0,804

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    0,268

    0,268

    0,268

    0,804

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 88
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    Fo-iomlán
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    IOMLÁN

    0,268

    0,268

    0,268

    0,804

    Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

    X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain N

    2018

    BliainN+1

    2019

    Bliain N+2

    2020

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    • Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    33 04 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    2 FTE

    2 FTE

    2 FTE

    Foireann bhuan; bainfear acmhainní ina comhair seo, áfach, as a bhfuil leithdháilte de phoist in AS CEARTAS cheana féin

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

    10 01 05 01 (Taighde díreach)

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 89

    XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

    XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

    XX 01 04 bb  90

    - sa cheanncheathrú

    - i dtoscaireachtaí

    XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

    10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Ríomhadh na hacmhainní is gá gan na cúraimí a bheidh á gcur chun feidhme ag an ngníomhaireacht feidhmiúcháin a chur san áireamh. Ní thiocfaidh méadú ar na hacmhainní atá in úsáid cheana sa ghníomhaireacht feidhmiúcháin de bharr an togra seo.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Riarthóirí:

    Cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm iomchuí bheartais an Aontais Eorpaigh maidir le forfheidhmiú reachtaíocht tomhaltais an Aontais a áirithiú, faireachán a dhéanamh orthu mar aon le tuairisc a thabhairt orthu.

    Forbairtí beartais i réimse an fhorfheidhmiúcháin agus an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit a leanúint.

    Páirt a ghlacadh i gcruinnithe coisteolaíochta agus ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin iontu.

    Tionscnaimh a shainaithint agus a ullmhú faoi chuimsiú an Rialacháin maidir le CCT, páirt a ghlacadh iontu agus obair leantach a dhéanamh orthu, go háirithe comhordú ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin na núdarás náisiúnta forfheidhmiúcháin a áirithiú.

    Cúntóirí:

    An tacaíocht riaracháin is gá maidir le hoibriú an choiste coisteolaíochta a áirithiú.

    Cúraimí éagsúla a dhéanamh a bhaineann leis an gcomhéadan le comhfhreagróirí inmheánacha agus seachtracha agus le geallsealbhóirí i réimse an chomhair forfheidhmiúcháin.

    An tacaíocht riaracháin maidir le hoibriú na huirlise TF a áirithiú, rud a thacaíonn leis an gcomhar maidir le CCT.

    Cuidiú a thabhairt glaonna ar thairiscintí a sheoladh, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus conarthaí a chur chun feidhme.

    Pearsanra seachtrach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    X    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

       Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú a dhéanann tríú páirtithe.

    Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    BliainN

    BliainN+1

    BliainN+2

    BliainN+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 91

    BliainN

    BliainN+1

    BliainN+2

    BliainN+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    (d)

    (1) Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, IO L 364, 9.12.2004, Lch. 1, téacs comhdhlúite: http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex:02004R2006-20130708  
    (2) Meastóireacht Sheachtrach ar an Rialachán maidir le Cosaint Tomhaltóirí, Tuarascáil Deiridh ón gCuibhreannas um Meastóireacht ar Bheartas Tomhaltóirí, an 17 Nollaig 2012 ("Meastóireacht"), http://ec.europa.eu/consumers/enforcement/docs/cpc_regulation_inception_report_revised290212_en.pdf
    (3) Achoimre ar fhreagraí na ngeallsealbhóirí sa chomhairliúchán poiblí ar an Rialachán maidir le Comhar um Chosaint Tomhaltóirí (CCT) (2006/2004/CE). http://ec.europa.eu/consumers/enforcement/cross-border_enforcement_cooperation/docs/140416_consultation_summary_report_final_en.pdf  
    (4) http://ec.europa.eu/consumers/events/ecs_2013/report/Summitconclusions.pdf  
    (5) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, COM(2009) 336 final, 7.7. 2009, http://ec.europa.eu/consumers/enforcement/docs/Commission_report_en.pdf
    (6) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, COM(2012) 0100 final, 12.3.2012, http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52012DC0100&from=EN  
    (7) COM(2014) 439 final http://ec.europa.eu/consumers/enforcement/cross-border_enforcement_cooperation/docs/140701_commission_report_cpc_reg_en.pdf  
    (8) Le foilsiú in éineacht leis an togra reachtach.
    (9) COM(2015) 192 final http://ec.europa.eu/priorities/digital-single-market/
    (10) COM(2015) 550 final http://ec.europa.eu/priorities/digital-single-market/  
    (11) COM(2015) 610.
    (12) Baineann sé seo freisin le húdaráis sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) de bharr go bhfuil an Rialachán maidir le CCT ábhartha do LEE.
    (13) Foráiltear leis an Rialachán bunús dlí chun rialacha náisiúnta nós imeachta a leathnú sa chaoi go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm i gcásanna trasteorann, i.e. nuair a bhíonn tomhaltóirí i mBallstát amháin thíos leis de bharr míchleachtas trádálaí i mBallstát eile.
    (14) Faoi láthair, cumhdaítear 18 bpíosa éagsúla de reachtaíocht maidir le tomhaltóirí in iarscríbhinn an Rialacháin maidir le CCT agus tugtar é cothrom le dáta go rialta nuair a chuirtear dlíthe substainteacha leis nó nuair a dhéantar na dlíthe a mhodhnú nó a aisghairm. Sa liosta cumhdaítear treoracha a bhfuil raon leathan feidhme acu, m.sh. cleachtais éagóracha trádála, téarmaí éagóracha conartha, cearta tomhaltóirí, ráthaíochtaí, r-thráchtáil, Réiteach Malartach Díospóide (RMD) príobháideachas leictreonach nó reachtaíocht earnáil-shonrach maidir le cearta paisinéirí nó creidmheas tomhaltóirí.
    (15) Airteagail 6-8 den Rialachán maidir le CCT.
    (16) Airteagal 4(6) den Rialachán maidir le CCT.
    (17) Airteagal 9 den Rialachán maidir le CCT.
    (18) Meastóireacht Sheachtrach ar an Rialachán maidir le Cosaint Tomhaltóirí, Tuarascáil Deiridh ón gCuibhreannas um Meastóireacht ar Bheartas Tomhaltóirí, an 17 Nollaig 2012:  http://ec.europa.eu/consumers/enforcement/docs/cpc_regulation_inception_report_revised290212_en.pdf
    (19) Roinn 8.2 (Lch. 115) den tuarascáil mheastóireachta.
    (20) Roinn 8.3.4 (Lch. 118) den tuarascáil mheastóireachta.
    (21) Roinn 9 (Lch. 121) den tuarascáil mheastóireachta.
    (22) Roinn 2 (Lch. 40) den tuarascáil mheastóireachta.
    (23) Sa téacs seo, úsáidtear údaráis um CCT agus údaráis inniúla go hidirmhalartach agus tá an chiall chéanna leo araon.
    (24) Roinn 4 (Lch. 58) agus roinn 9.4 (Lch. 121) den tuarascáil mheastóireachta.
    (25) Roinn 5.9 (lgh. 94–95) agus roinn 9.5 (Lch. 122) den tuarascáil mheastóireachta.
    (26) Ibid.
    (27) Ibid.
    (28) Roinn 1 den tuarascáil ón gCoimisiún ina ndéantar measúnú ar éifeachtacht Rialachán 2006/2004, tuarascáil a ghabhann leis an togra seo.
    (29) Roinn 1.1 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo; féach freisin an suíomh gréasáin tiomnaithe do ghníomhartha um CCT maidir le scuabadh: http://ec.europa.eu/consumers/enforcement/sweeps/index_en.htm  
    (30) Tuarascáil chomórtha deich mbliana Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC-Net) 2005–2015: http://ec.europa.eu/consumers/solving_consumer_disputes/nonjudicial_redress/ecc-net/docs/ecc_net_-_anniversary_report_2015_en.pdf .Léiríonn na sonraí sa tuarascáil seo go bhfuil raon leathan saincheisteanna a gcaithfidh tomhaltóirí dul i ngleic leo i gcomhthéacs trasteorann: is iad seo a leanas na cúig chúis is mó gearán: earraí nach seachadtar (15 % de na cásanna go léir), táirgí lochtacha (11 %), fadhbanna conartha (10 %), táirge nó seirbhís nach bhfuil i gcomhréir lenar ordaíodh (9 %) agus cleachtais éagóracha (6 %).
    (31) Tá an meastachán seo bunaithe ar an gcur chuige a cuireadh le chéile sa Ríocht Aontaithe chun meastachán a dhéanamh ar an díobháil airgeadais a dhéantar do thomhaltóirí. Tá sé bunaithe ar an scagadh a rinneadh ar 2,682 shuíomh gréasáin r-thráchtála in 2014 i ngach tír san Aontas Eorpach sna hearnálacha thuasluaite. Chun teacht ar thuilleadh sonraí, féach Iarscríbhinn IV (Lch. 82) den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.
    (32) M.sh. Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, IO L 46 17.2 2004, Lch. 1.
    (33)

       Le cois an chomhairliúcháin phoiblí, reáchtáladh comhairliúcháin rialta le heagraíochtaí tomhaltóirí, le líonraí agus le hoifigigh shinsearacha na núdarás náisiúnta trí líonraí bunaithe an Choimisiúin le linn 2013–2015. Ina theannta sin, reáchtáladh dhá cheardlann do shaineolaithe ó na Ballstáit (in 2014 agus in 2015) chun go ndéanfaí plé ar réimsí tábhachtacha maidir le hathbhreithniú an Rialacháin. Reáchtáladh tuilleadh cainteanna i gcomhthéacs Chruinniú Mullaigh Eorpach na dTomhaltóirí (mí an Mhárta 2013, an Bhruiséil) agus ag comhdháil inar díríodh ar an bhforfheidhmiúchán (Iúil 2014, an Róimh), agus sa Chomhairle Iomaíochais (Meán Fómhair 2014) chomh maith.

    (34)

       Is féidir teacht ar an tuarascáil ina ndéantar achoimre ar an aiseolas ó na geallsealbhóirí anseo: http://ec.europa.eu/consumers/enforcement/cross-border_enforcement_cooperation/docs/140416_consultation_summary_report_final_en.pdf  

    (35)

       Is geallsealbhóirí a bhfuil cur amach acu ar an Rialachán maidir le CCT a rinne tromlach mór na naighneachtaí (83 %), ina measc rialtais, údaráis phoiblí agus eagraíochtaí tomhaltóirí, féach roinn 2.3 (Lch. 4) den tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán leis na geallsealbhóirí.

    (36)

       Chun tuilleadh sonraí a fháil in aghaidh an chineáil freagróra, féach ibid, roinn 5.1 (Lch. 22).

    (37) Roinn 5.2 (Lch. 26–27), ibid.
    (38) Ibid.
    (39) Ibid.
    (40) Ibid, roinn 5.3 (Lch. 27).
    (41) Ibid, roinn 5.7 (Lch. 32).
    (42) Ibid, roinn 6.2 (Lch. 37).
    (43) Ibid, Táblaí 6.5 agus 6.6 (Lch. 43–44).
    (44) Ibid, Figiúr 6.5 (Lch. 38) agus Tábla 6.5 (lch.43).
    (45) Ibid, Figiúr 6.5 (Lch. 38) agus Tábla 6.5 (lch.43).
    (46) Ibid, Tábla 4.2, (Lch. 15).
    (47) Ibid, Tábla 4.5 (Lch. 19).
    (48) Ibid, Tábla 4.6 (Lch. 20).
    (49) Roinn 3 den tuarascáil mheasúnaithe, a ghlacfar in éineacht leis an togra seo.
    (50) Roinn 9.5 den tuarascáil ar an measúnú tionchair.
    (51) Roinn 4 agus Roinn 5 den tuarascáil ar an measúnú tionchair.
    (52) Roinn 12.2, Iarscríbhinn IV, den tuarascáil ar an measúnú tionchair.
    (53) Féach an sampla i mBosca 9 den tuarascáil ar an measúnú tionchair.
    (54) Iarscríbhinn VI den tuarascáil ar an measúnú tionchair.
    (55)

       Ar bhonn na tairsí iarbhír a leagtar síos chun tús a chur leis an nós imeachta nua maidir le comhordú forfheidhmiúcháin meastar gur beirt oifigeach lánaimseartha le haghaidh ceithre ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin comhordaithe a bheidh de dhíth, meastachán atá bunaithe ar bhonn na taithí a fuarthas i ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin comhordaithe roimhe seo maidir le carrchíos agus ceannach laistigh d'aipeanna. Tá an tairseach atá beartaithe ard go leor chun a áirithiú go gcuirfear tús leis an gcomhordú ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic leis na sáruithe is tromchúisí agus is forleithne agus tá an tairseach sách solúbtha chun a áirithiú nach bhfágtar ar lár cásanna tábhachtacha a bhfuil tosaíocht ag baint leo fiú mura sroichtear an tairseach chainníochtúil.

    (56)

       Faoi láthair meastar gur thart ar 37.8 % de FTE (coibhéis lánaimseartha, sé sin fostaí amháin ag obair go lánaimseartha, 220 lá oibre in aghaidh na bliana) an costas atá ar ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin chomhordaithe agus, ar an mbonn sin, bheadh costas thart ar EUR 50,000 in aghaidh na gníomhaíochta; de bharr an nós imeachta nua áfach, bheadh ról níos mó ag an gCoimisiún ó thaobh chomhordú na gníomhaíochta agus faireachán a dhéanamh ar thoradh na gníomhaíochta, agus meastar go mbeadh costas beagáinín níos airde in aghaidh na gníomhaíochta dá réir. EUR 132,000 (bunaithe ar shonraí ó Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid ar 26.06.2014) an meánchostas ar oifigeach an Choimisiúin in aghaidh na bliana.

    (57)

       Bunaithe ar an mbunachar sonraí RAPEX, a mbaineann údaráis an Aontais úsáid as chun foláirimh maidir le sábháilteacht táirgí a fhógairt, córas atá anchosúil lena bhfuil beartaithe, meastar go gcosnódh sé sin thart ar 20 % de FTE, sé sin thart ar EUR 27,000 in aghaidh na bliana agus d'fhéadfaí sin a chumhdach trí phearsanra atá ann faoi láthair a athdháileadh agus a athdhíriú.

    (58)

       Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le clár ilbhliantúil tomhaltóirí do na blianta 2014-20 agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE, IO L 84, 20.3.2014, lgh. 42–56.

    (59)

       Cinneadh 2007/76/CE ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú i dtaca le cúnamh frithpháirteach (IO C(2008) 987), http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2008:089:0026:0028:EN:PDF , arna leasú ag Cinneadh Uimh. 2011/141/CE ón gCoimisiún an 1 Márta 2011 (IO (2011) 1165), http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32011D0141&from=EN  .

    (60) IO C 108, 30.4.2004, Lch. 86.
    (61) Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (IO L 364, 9.12.2004, Lch. 1).
    (62) Moladh ón gCoimisiún maidir le modheolaíocht chomhchuibhithe a úsáid chun gearáin agus fiosrúcháin ó thomhaltóirí a aicmiú agus a thuairisciú (2010/304/AE, IO L 136, 2.6. 2010, Lch. 1–31).
    (63) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2. 2011, Lch. 13-18).
    (64) Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadaítear dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó ina bhfuil moill mhór ar eitiltí (IO L 46, 17.2.2004, Lch. 1).
    (65) Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, Lch. 14).
    (66) Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre (IO L 334, 17.12.2010, Lch. 1)
    (67) Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, Lch. 1).
    (68) Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe (IO L 60, 28.2.2014, Lch. 34)
    (69) Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, Lch. 214)
    (70) IO C 364, 18.12.2000, Lch. 1.
    (71) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, Lch. 30).
    (72) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
    (73) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (74) Teachtaireacht ón gCoimisiún"Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip" COM (2015) 192 final: http://ec.europa.eu/priorities/digital-single-market/docs/dsm-communication_en.pdf
    (75)

       Meastóireacht Sheachtrach ar an Rialachán maidir le Cosaint Tomhaltóirí, Tuarascáil Deiridh ón gCuibhreannas um Meastóireacht ar Bheartas Tomhaltóirí, an 17 Nollaig 2012:  http://ec.europa.eu/consumers/enforcement/docs/cpc_regulation_inception_report_revised290212_en.pdf

    (76) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
    (77) IO L 11, 16.1.2003, Lch. 1.
    (78) IO L 84, 20.3.2014, Lch. 42.
    (79) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (80) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (81) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
    (82) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (83) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (84) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (85) Is éard atá in aschuir earraí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g. líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (86) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
    (87) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (88) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (89) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
    (90) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
    (91) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25  % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top

    An Bhruiséil,25.5.2016

    COM(2016) 283 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann le

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm


    {SWD(2016) 164 final}
    {SWD(2016) 165 final}


    IARSCRÍBHINN

    Treoracha agus Rialacháin dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 3

    1. Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

    2. Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a chur in iúl do thomhaltóirí (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

    3. Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).

    4. Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach ("an Treoir maidir le trádáil leictreonach") (IO L 178, 17.7.2000 lch. 1).

    5. Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine: Airteagail 86 go 100 (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

    6. Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach): Airteagal 13 (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

    7. Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).

    8. Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

    9. Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ('An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagothroma') (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

    10. Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.07.2006, lch. 1.).

    11. Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21): Airteagal 1, Airteagal 2(c), agus Airteagal 4 go hAirteagal 8.

    12. Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12. 2006, lch. 36): Airteagal 20.

    13. Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12. 2007, lch. 14).

    14. Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

    15. Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3): Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 24

    16. Treoir 2008/122/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le tomhaltóirí a chosaint i ndáil le gnéithe áirithe de chonarthaí amroinnte, de chonarthaí um tháirgí saoire fadtéarmacha, de chonarthaí athdhíola agus de chonarthaí malairte (IO L 33, 3.2.2009, lch. 10).

    17. Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe atá leagtha síos leis an dlí, le Rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1): Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 19 go hAirteagal 26.

    18. Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1.).

    19. Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1.).

    20. Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

    21. Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.06.2013, lch. 63): Airteagal 13.

    22. Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34): Airteagail 10, 11, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 21, 22, 23, Caibidil 10 agus Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

    23. Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214): Airteagal 3 go hAirteagal 18 agus Airteagal 20(2).

    24. Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).

    Top