AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.12.2015
COM(2015) 638 final
2013/0260(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le galair in
x001e
tarchurtha ainmhithe (Dlí um Shláinte Ainmhithe)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
2013/0260 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le galair intarchurtha ainmhithe (Dlí um Shláinte Ainmhithe)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2013) 260 final – 2013/0136 COD):
|
6 Bealtaine 2013.
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:
|
10 Nollaig 2013.
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
15 Aibreán 2014.
|
|
An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:
|
[*].
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:
|
14 Nollaig 2015.
|
|
*Mar gheall ar an dul chun cinn sa phlé neamhfhoirmiúil idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i ndiaidh chéad léamh Pharlaimint na hEorpa, níor ullmhaigh an Coimisiún togra leasaithe ach chuir sé a thuairimí maidir le leasuithe na Parlaiminte in iúl sa teachtaireacht dar teideal "Communication de la Commission sur les suites données aux avis et résolutions adoptés par le Parlement européen lors des sessions d'avril I et II 2014" [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na bearta a rinneadh i leith na dtuairimí agus na rún a ghlac Parlaimint na hEorpa i bpáirtseisiúin Aibreáin I agus II] (doiciméad SP(2014) 471 an 9 Iúil 2014).
|
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Is é cuspóir an togra ón gCoimisiún aon phíosa reachtaíochta amháin a thabhairt isteach chun sláinte ainmhithe san Aontas a rialáil, ar bhonn an phrionsabail gur "fearr cosc ná leigheas". Tá sé mar aidhm ag an togra caighdeáin a fheabhsú agus córas coiteann a sholáthar ar fearr a bhraithfear agus a rialófar galair a bhuí leis, agus lena rachfar i ngleic ar dhóigh chomhordaithe le rioscaí sláinte, bia agus sábháilteachta beatha.
Cuirfidh an córas feabhsaithe seo ar a gcumas d'oibreoirí atá i mbun oibre sa bhiashlabhra, amhail feirmeoirí agus tréidlianna, gníomhú go mear chun srian a chur le leathadh galair agus chun tionchar galair ar ainmhithe agus ar thomhaltóirí a íoslaghdú.
Thairis sin, tugtar isteach leis an togra seo catagóiriú, beartú tosaíochta agus liostú na ngalar nach mór gníomhú ina leith ar leibhéal an Aontais, agus a bhuí leis sin is mó béim is féidir a chur ar riosca sa chur chuige agus is féidir úsáid níos iomchuí a bhaint as acmhainní.
Cuirtear solúbthacht leordhóthanach ar fáil chun na bearta sláinte ainmhithe a chur in oiriúint do bhunaíochtaí éagsúla agus do dhálaí áitiúla, go háirithe i ndáil le ceanglais maidir le bunaíochtaí a chlárú agus a fhormheas agus maidir le coinneáil ainmhithe agus táirgí.
Ar scála níos leithne, tá an tAontas ina iomláine ag obair ar chuspóirí na straitéise Eoraip 2020. Tacóidh an togra maidir le sláinte ainmhithe leis na cuspóirí ríthábhachtacha uileghabhálacha sin trí laghdú riosca na dtionchar diúltach a bhíonn ag drochshláinte ainmhithe nó ag ráigeanna de ghalair ainmhithe ar chúrsaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil; agus, ar an dóigh sin, trí bheith ag tacú le slándáil eacnamaíoch agus le rath coimeádaithe ainmhithe, go háirithe feirmeoirí, rud a chuirfidh le fás cliste cuimsitheach inbhuanaithe.
Ar deireadh, is gá an creat dlíthiúil a bheith solúbtha ach sách stóinseach freisin le go mbeidh an tAontas in ann gníomhú go héifeachtach i gcás athruithe móra ar an aeráid, agus i gcás rioscaí nua agus anaithnide a thiocfaidh chun cinn, agus le go mbeifear in ann é a choigeartú go tapa i bhfianaise forbairtí eolaíocha agus caighdeáin idirnáisiúnta nua.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
3.1Tráchtanna ginearálta
Seoladh togra an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 6 Bealtaine 2013. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 15 Aibreán 2014 agus thacaigh sí le príomhchuspóirí an togra ón gCoimisiún. Go háirithe, chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go dtacaíonn sí leis an bprionsabal gur fearr cosc ná leigheas agus d'fháiltigh sí roimh an iarracht an reachtaíocht maidir le sláinte ainmhithe atá scaipthe faoi láthair a thabhairt le chéile in aon sraith amháin prionsabal. D'aithin sí raon feidhme an ghnímh atá beartaithe freisin, ar gníomh maidir le galair intarchurtha ainmhithe é, agus d'fháiltigh sí roimh chur chuige na 'Sláinte Aonair' lena gcruthaítear nasc soiléir idir leas ainmhithe agus sláinte ainmhithe agus an phobail. Ina theannta sin, d'iarr Parlaimint na hEorpa cothromaíocht a bheith ann idir intuarthacht agus solúbthacht. Bhí 331 leasú ar an togra ón gCoimisiún sa seasamh ó Pharlaimint na hEorpa.
Níor eisíodh aon togra modhnaithe ón gCoimisiún. Ina theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, thug an Coimisiún le fios go bhféadfadh sé glacadh go hiomlán, i bpáirt, i bprionsabal nó faoi réir athrú foclaíochta, le 106 de na 331 leasú, ós rud é go ndéanfaidís an togra ón gCoimisiún a shoiléiriú nó a fheabhsú agus go raibh siad ag teacht lena aidhmeanna ginearálta. Toisc nach raibh an seasamh ón gComhairle ar fáil san am sin agus ionas nach ndéanfaí dochar do ról an Choimisiúin comhaontú a éascú idir na comhreachtóirí ag céim ní b'fhaide anonn, coinníodh seasamh an Choimisiúin maidir le leasuithe na Parlaiminte sách coimeádach agus is ar an togra ón gCoimisiún a chosaint a bhí siad dírithe den chuid is mó.
I ndiaidh do Pharlaimint na hEorpa a seasamh a ghlacadh ar an gcéad léamh, leanadh leis an bplé neamhfhoirmiúil idir Parlaimint na hEorpa, Uachtaránacht na Comhairle agus an Coimisiún, d'fhonn teacht ar chomhaontú ag céim an chomhsheasaimh ('comhaontú luath ar an dara léamh').
D'éirigh go maith leis an bplé sin agus tá sé sin le sonrú sa chomhsheasamh ón gComhairle a glacadh trí thromlach cáilithe an 14 Nollaig 2015.
3.2Leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo agus atá ionchorpraithe go hiomlán, i bpáirt nó i bprionsabal sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh
Teideal an togra: mhol Parlaimint na hEorpa teideal nua ar an togra chun tuairisc níos fearr a thabhairt ar an mbéim ar ghalair intarchurtha ainmhithe. Glacadh leis sin sa seasamh ón gComhairle, agus moladh an fhoclaíocht a athrú de bheagán. I bhfianaise na tábhachta polaitiúla a bhaineann leis an teideal nua agus ós rud é gur fíor go bhfuil an togra dírithe ar ghalair intarchurtha ainmhithe, glacann an Coimisiún leis an athrú.
Catagóiriú galar ainmhithe agus galar atá ag teacht chun cinn: mhol Parlaimint na hEorpa ina leasuithe darb uimhir 83 go 87 foclaíocht nua chun soiléiriú a dhéanamh ar na catagóirí de ghalair ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 8 den togra ón gCoimisiún. D'ionchorpraigh an Chomhairle na leasuithe sin ina seasamh, faoi réir athrú áirithe ar an bhfoclaíocht. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an soiléiriú sin.
Maidir le galair atá ag teacht chun cinn, d'iarr Parlaimint na hEorpa ina leasuithe darb uimhir 176 agus 177 níos mó beart agus bearta níos soiléire a dhéanamh. Ní raibh na leasuithe sin suite san áit is fearr sa téacs, áfach. Bhí an imní chéanna ar an gComhairle is a bhí ar Pharlaimint na hEorpa maidir le soiléire na mbeart i ndáil le galair atá ag teacht chun cinn agus mhol sí Airteagal nua. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an gcomhréiteach sin, a thugann aghaidh ar ábhar imní an dá chomhreachtóir, mar déantar foráil ann maidir le rialacha níos soiléire chun déileáil le galair atá ag teacht chun cinn.
Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 maidir le sainaithint bó-ainmhithe agus lipéadú mairteola: mhol Parlaimint na hEorpa ina leasuithe darb uimhir 38, 324 agus 328 go gcoinneofaí Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 maidir le sainaithint bó-ainmhithe agus lipéadú mairteola, rialachán a raibh sé d'aidhm ag an togra maidir le sláinte ainmhithe a aisghairm. Thug an Coimisiún soiléiriú nach raibh rún aige, cé go raibh sé tugtha le fios sa togra go ndéanfaí Rialachán (CE) Uimh. Uimh. 1760/2000 a aisghairm ina iomláine, nach raibh rún aige ach na codanna sin den Rialachán a aisghairm a bhaineann le lipéadú mairteola agus táirgí mairteola. Pléadh an tsaincheist seo sa Chomhairle freisin agus moladh an togra a athrú chun an méid sin a léiriú. Aontaíonn an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle agus dá bhrí sin glacann sé le Teideal II de Rialachán (CE) 1760/2000 a choinneáil, teideal a bhaineann le lipéadú mairteola agus táirgí mairteola agus atá lasmuigh de raon feidhme an togra maidir le sláinte ainmhithe.
Thairis sin, chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go raibh in Airteagal 22 de Rialachán (CE) 1760/2000 mar a leasaíodh le déanaí é foráil maidir le déine shocraithe don rialú i gcás sainaithint agus clárú bó-ainmhithe. Creideann an Coimisiún nach gá forálacha tuairisciúla den sórt sin toisc go ndéantar foráil maidir leo sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla (COM (2013) 265, 2013/0140/COD). Mar sin féin, theastaigh ó Pharlaimint na hEorpa dearbhuithe a fháil go gcoinneofaí a chomhionann de leibhéal amach anseo maidir le rialuithe i gcás bó-ainmhithe agus tá sin léirithe in aithris nua.
Leas ainmhithe: d'éiligh Parlaimint na hEorpa ina leasuithe darb uimhir 5, 99 agus 202 go gcuirfí leas ainmhithe san áireamh tráth a dhéanfaí bearta maidir le sláinte ainmhithe a bhreathnú nó a chur chun feidhme. Bhí sé leagtha síos sa togra ón gCoimisiún cheana go gcuirfí leas ainmhithe san áireamh go córasach nuair a bheadh tionchair galar agus na bearta le dul i ngleic le galair á mbreathnú. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí glacadh leis na leasuithe de chuid Pharlaimint na hEorpa a raibh sé d'aidhm acu an cuspóir sin a threisiú agus thacaigh an Chomhairle leo freisin.
3.3Leasuithe Pharlaimint na hEorpa arna ndiúltú ag an gCoimisiún agus atá ionchorpraithe go hiomlán, i bpáirt nó i bprionsabal sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh
Galair ainmhithe a liostú: mhol Parlaimint na hEorpa, i sraith leasuithe (go háirithe leasuithe 13, 14, 6567, 7072, 76, 77, 8082, 8890) deireadh a chur le cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin faoi Airteagail 5, 7 agus 8 lena gcuirtear ar a chumas an liosta a leagan síos de ghalair ainmhithe agus de speicis a bhfuil feidhm ag na rialacha sa Rialachán maidir leo, chomh maith le catagóiriú galar i ngrúpaí éagsúla de réir na mbeart is iomchuí ina leith. Mhol Parlaimint na hEorpa na galair a liostú in Iarscríbhinn a ghabhfadh leis an Rialachán, ach cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún chun an liosta sin a leasú nó a fhorlíonadh (leasú 331).
Mhol an Chomhairle liosta gearr de chúig cinn de ghalair shuntasacha a scríobh isteach sa chuid achtacháin den Rialachán, ach gur cheart liostú na ngalar eile, agus catagóiriú na ngalar uile arna liostú, agus liostú na speiceas, gur cheart é sin a dhéanamh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Ina theannta sin, chuir an Chomhairle tuilleadh critéar isteach maidir le liostú agus catagóiriú galar ainmhithe (i ndáil le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 8 faoi seach), rud a sholáthair, ina tuairim féin, na heilimintí riachtanacha a bhí de dhíth ar an gcuid achtacháin den togra ón gCoimisiún.
D'aithin an Pharlaimint fiúntas na neilimintí riachtanacha sin a sholáthair critéir ní ba shoiléire maidir le liostú agus catagóiriú galar. D'aontaigh an Pharlaimint leis an moladh i dtaobh an liosta de chúig ghalar in Airteagal 5 agus leis an deis galair eile a liostú in Iarscríbhinn a d'fhéadfaí a leasú trí ghníomh tarmligthe, a fhad is a choinneofaí cumhachtaí cur chun feidhme i gcás catagóiriú galar ainmhithe (de réir Airteagal 8).
Cé gur dhiúltaigh an Coimisiún i dtosach do na leasuithe thuasluaite a mhol Parlaimint na hEorpa, d'fhéadfadh sé glacadh leis an seasamh deiridh ón gComhairle agus ón bParlaimint mar chomhréiteach ina gcaomhnófaí an éifeachtúlacht, an tsolúbthacht agus an deimhneacht dhlíthiúil ba ghá le galair a liostú agus a chatagóiriú agus speicis a liostú.
Comhairliúchán le geallsealbhóirí agus le heolaithe: d'éiligh Parlaimint na hEorpa, ina leasuithe darb uimhir 41, 66, 75, 77, 82, 157, 260 agus 322, comhairliúcháin shonracha de chineálacha éagsúla tráth a tharraingeofaí gníomhartha tarmligthe suas. Contrártha d'Airteagal 290(2) CFAE, leagtar amach i roinnt de na leasuithe sin oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar an gCoimisiún na comhairliúcháin sin a sheoladh.
Theastaigh ón gComhairle a aithint ina seasamh a thábhachtaí a bhí comhairliúchán an Choimisiúin le saineolaithe, lena náirítear saineolaithe na mBallstát, agus leasaigh sí an togra dá réir sin. Ina theannta sin, thacaigh an Chomhairle leis an bParlaimint maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí sa chomhairliúchán.
Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe sin de chuid Pharlaimint na hEorpa atá contrártha d'Airteagal 290(2) CFAE. Is féidir leis, áfach, glacadh leis an bhfoclaíocht atá sa seasamh ón gComhairle. De réir na foclaíochta sin rachadh sé i gcomhairle le saineolaithe, le geallsealbhóirí agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, agus dhéanfadh sé comhairliúcháin phoiblí ní ba leithne chomh maith, de réir mar b'iomchuí.
Clásal athbhreithnithe (tuarascáil ón gCoimisiún): iarradh ar an gCoimisiún i leasú 330 de chuid Pharlaimint na hEorpa, in Airteagal, tuarascáil a chur isteach maidir le tionchar an Rialacháin faoin 31 Nollaig 2019. D'iarr an Chomhairle oibleagáid tuairiscithe freisin in aithris nó in Airteagal, agus aon ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint.
Ní raibh an Coimisiún i bhfabhar an dualgais bhreise tuairiscithe seo i dtosach ós rud é gurb ann d'uirlisí eile, amhail seiceálacha oiriúnachta agus meastóireachtaí, chun tionchar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a mheas. Bhí an tréimhse ama a iarradh i dtosach róghearr, pé scéal é. Mar cuid den chomhréiteach foriomlán, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an leasú a mhol Parlaimint na hEorpa, faoi réir athrú foclaíochta de réir mar a fhoráiltear sa seasamh ón gComhairle.
Leas ainmhithe: d'iarr Parlaimint na hEorpa roinnt leasuithe maidir le leas ainmhithe i dtosach. Ghlac an Chomhairle le roinnt acu (féach pointe 3.2) ach bhí cinn eile ann (leasuithe 173, 180, 194 agus 257 mar shampla) a chuaigh ní b'fhaide agus a leag síos rialacha maidir le leas ainmhithe, dá thoradh sin bhí siad ina mbac ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le leas ainmhithe agus d'fhéadfaidís an bonn a bhaint ó bhearta rialaithe galair i gcásanna éigeandála. Tá an Chomhairle daingean ina tuairim maidir leis an dealú idir sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe agus tá sí i gcoinne na leasuithe sin, agus an tuairim chéanna aici is atá ag an gCoimisiún ar an mórgóir. Ina theannta sin, ní dhearnadh aon leasú a bhí ag forluí nó ag teacht salach ar na ceanglais atá ann cheana – nó a bhí ina mbaol do shláinte ainmhithe agus an phobail – ní dhearnadh aon leasú den sórt sin a ionchorprú sa seasamh ón gComhairle. Tacaíonn an Coimisiún leis an seasamh sin.
D'fhéadfadh Parlaimint na hEorpa roinnt dá leasuithe a tharraingt siar nó a choigeartú ar deireadh, ach d'iarr sí ar an gCoimisiún gealltanas a thabhairt beart a dhéanamh amach anseo ar son cosaint ainmhithe trí ráiteas maidir le leas ainmhithe. Mar cuid den chomhaontú foriomlán, thoiligh an Coimisiún go heisceachtúil ráiteas a dhéanamh.
Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha; ghlac Parlaimint na hEorpa roinnt leasuithe maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha. Bhí frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha cumhdaithe cheana sa togra ón gCoimisiún ag forálacha maidir le frithsheasmhacht in aghaidh cóireálacha agus maidir le próifíl an ghalair. Is féidir glacadh le leasuithe a chuireann oibleagáid ar ghníomhairí feasacht faoi na rioscaí a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chur san áireamh nó a ardú (leasú 73 agus leasú 101), ach ní féidir tacú le leasuithe atá ina mbac ar an reachtaíocht maidir le cógais tréidliachta toisc go dtéann siad níos faide ná raon feidhme an togra seo.
Ina theannta sin, d'éiligh Parlaimint na hEorpa go gcoigeartófaí Airteagal 9 (leasú 94) lena gcuirtear de chúram ar oibreoirí cógais tréidliachta a úsáid go freagrach toisc gur ghá, ina tuairimse, oibleagáid shoiléir den sórt sin a bheith i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh le nasc a dhéanamh leis an togra maidir le cógais tréidliachta (COM (2014) 558, 2014/0257 (COD)). Thoiligh Parlaimint na hEorpa leasuithe eile a tharraingt siar ar deireadh, ar leasuithe iad a bhain le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus le cógais tréidliachta, ach mar chúiteamh air sin d'iarr sí comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, agus ráiteas ón gCoimisiún maidir le tuairisciú tráthrialta ar úsáid táirgí íocshláinte in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha in ainmhithe san Aontas.
Ghlac an Chomhairle le leasú 94 i bprionsabal agus thug sí a tacaíocht don chomhráiteas. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh le leasú 94 de réir na foclaíochta nua atá sa seasamh ón gComhairle, is féidir leis tacú leis an gcomhráiteas maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, agus mar chomhréiteach, is féidir leis ráiteas a dhéanamh maidir le tuairisciú tráthrialta ar úsáid táirgí íocshláinte in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha.
Gairmithe eile agus comhlachtaí gairmiúla eile a dhéanann cúraimí áirithe thar ceann an údaráis inniúil: d'iarr Parlaimint na hEorpa go naithneofaí gairmithe áirithe, amhail gairmithe sláinte beach, ar an mbonn céanna le tréidlianna (leasú 103 agus leasú 110) agus go gceadófaí do dhaoine aonair eile nó do chomhlachtaí gairmiúla eile a bheadh cáilithe cúraimí áirithe a dhéanamh (leasú 19 agus leasú 109).
Chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna céanna, thug an Chomhairle an deis isteach na Ballstáit gairmithe eile a údarú le cúraimí áirithe a dhéanamh agus prionsabal na coimhdeachta á chur san áireamh aici sa dóigh go mbeadh na Ballstáit in ann a gcinntí féin a dhéanamh maidir le húdarú ar bhonn na struchtúr náisiúnta atá ann cheana. Tá an méid sin ag teacht le tuairim an Choimisiúin gur féidir cúraimí a tharmligean chuig gairmithe eile a fhad is atá sé sin i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus go nurramaítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.
Saotharlanna sláinte ainmhithe: bheartaigh Parlaimint na hEorpa (leasuithe 150155) ceanglais maidir le saotharlanna oifigiúla sláinte ainmhithe, lena náirítear forálacha maidir leis an líonra saotharlann agus ceanglais maidir leis na saotharlanna oifigiúla chomh maith le saotharlanna tagartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na mBallstát. Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe seo toisc go bhfuil cúraimí agus freagrachtaí na saotharlann sin cumhdaithe ag an togra le haghaidh Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla.
Bhí an Chomhairle d'aon tuairim leis an gCoimisiún ar an mórgóir agus, mar chomhréiteach, mhol sí Airteagal nua a nascfadh na ceanglais maidir le saotharlanna atá sa togra maidir le sláinte ainmhithe agus sa togra maidir le rialuithe oifigiúla. De mheon comhréitigh, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an réiteach sin.
3.4Leasuithe Pharlaimint na hEorpa arna nglacadh ag an gCoimisiún go hiomlán, i bpáirt nó i bprionsabal, ach nach bhfuil ionchorpraithe sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh
Tá roinnt saincheisteanna beaga ann ar ghlac an Coimisiún leo i bpáirt, ach nár cuireadh isteach go sonrach sa seasamh deiridh ón gComhairle toisc gur fágadh gan fheidhm iad le dul chun cinn na caibidlíochta nó toisc go raibh siad mínithe áit éigin eile nó curtha isteach go hintuigthe sa togra (leasuithe 4, 8, 26, 45, 156, 222 agus 277 mar shampla).
3.5Leasuithe Pharlaimint na hEorpa arna ndiúltú ag an gCoimisiún agus nach bhfuil ionchorpraithe sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh
Bearta straitéiseacha na mBallstát i gcás galair nach bhfuil liostaithe: d'éiligh Parlaimint na hEorpa (leasú 29 agus leasú 107) go ndéanfadh na Ballstáit bearta straitéiseacha i leith galar, na galair sin san áireamh nach meastar a bheith ábhartha don Aontas agus nach bhfuil liostaithe i gcomhair gníomhú ón Aontas dá bhrí sin.
Níor ionchorpraigh an Chomhairle leasú Pharlaimint na hEorpa ina seasamh toisc go ndeachaigh an fhoráil sin ní b'fhaide ná raon feidhme an togra agus chuirfeadh sé ualach riaracháin agus airgeadais nach bhfuil call leis ar na Ballstáit. Tacaíonn an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle ós rud é gur faoi chuimsiú phrionsabal na coimhdeachta atá bearta straitéiseacha i leith galair nach bhfuil liostaithe.
Táirgí íocshláinte tréidliachta: dhéanfadh na leasuithe de chuid na Parlaiminte darb uimhir 94, 159, 160, 162 agus 163-165 úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta a rialáil ar bhealach a chuirfeadh bac ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le cógais tréidliachta agus a bheadh ag forluí go suntasach ar an togra ón gCoimisiún maidir le cógais tréidliachta. Níorbh fhéidir leis an gComhairle glacadh leis na leasuithe sin dá bhrí sin. Tá an Coimisiún d'aon tuairim leis an gComhairle.
Bearta náisiúnta: mhol Parlaimint na hEorpa leasuithe 37, 268 agus 323, leasuithe a chuirfeadh ar a chumas do Bhallstát srian a chur le gluaiseacht ainmhithe nó táirgí dá mba é breith an Bhallstáit féin go bhfuil údar eolaíoch leis agus gur gá é le cosc a chur ar aon ghalar a theacht isteach nó a scaipeadh. Chuaigh sé sin ní b'fhaide ná córas na 'ráthaíochtaí breise' atá ann faoi láthair agus a coinníodh sa togra ón gCoimisiún, faoina bhformheasann an Coimisiún, i gcás líon teoranta galar, na ráthaíochtaí breise maidir le trádáil laistigh den Aontas a iarrann Ballstát a bhfuil cinneadh déanta aige ar bhonn roghnach ceann amháin nó níos mó de na galair sin a dhíothú.
Mhol an Chomhairle leasuithe a shoiléireodh na 'ráthaíochtaí breise' agus a chuirfeadh ar a gcumas do na Ballstáit a mbearta féin a dhéanamh chun galair a chosc agus a rialú. Measann an Coimisiún gur comhréiteach oiriúnach é an seasamh ón gComhairle toisc go sásaíonn sé go pointe áirithe an méid a bhí ó Pharlaimint na hEorpa agus go nurramaíonn sé prionsabail an Mhargaidh Aonair.
Ainmhithe nach bhfuil ar coimeád, ainmhithe strae agus ainmhithe fia: bhí sé d'aidhm ag roinnt leasuithe de chuid Pharlaimint na hEorpa (leasuithe 49, 51, 53, 74, 198201, 203, 211215, 218) ainmhithe strae, ainmhithe fia nó ainmhithe nach bhfuil ar coimeád a shainmhíniú mar chatagóirí a bhí éagsúil le hainmhithe fiáine. Ba é a bhí ón bParlaimint nach bhfágfaí na catagóirí sin ainmhithe amach as reachtaíocht an Aontais.
Bhí dealú follasach sa togra ón gCoimisiún idir 'ainmhithe ar coimeád' agus 'ainmhithe fiáine' agus idir na rialacha sin i dtaobh cosc agus rialú galar ainmhithe a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm maidir le hainmhithe a choimeádtar faoi smacht an duine agus na rialacha a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm maidir le hainmhithe nach bhfuil faoi smacht an duine. Sa chomhthéacs sin, meastar gur 'ainmhithe fiáine' ainmhithe strae nó ainmhithe fia, lena náirítear ainmhithe de speicis atá ceansaithe de ghnáth. Dá gcuirfí na hainmhithe sin i gcatagóir ar leith, d'fhéadfadh sé sin bheith ina chúis le mearbhall agus le heaspa deimhneachta dlíthiúla agus d'fhéadfadh sé srian a chur leis na bearta ab fhéidir a dhéanamh ina leith.
Ghlac an Chomhairle le loighic an togra ón gCoimisiún agus chuir sí roinnt soiléirithe leis, lena náirítear Cuid iomlán maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí, ina ndéantar dealú idir gluaiseacht ainmhithe a choimeádtar ar mhaithe le comhluadar agus gluaiseacht ainmhithe strae agus eile. Tacaíonn an Coimisiún leis na réitigh sin, ar réitigh iad atá ag teacht lena thogra agus a shoiléiríonn é.
Sainaithint agus clárú madraí: d'éiligh Parlaimint na hEorpa, i leasú 236, go gcuirfeadh gach Ballstát clárú éigeantach gach madra ar bun agus, i gcás inarbh iomchuí, go gcuirfí bunachar sonraí ar bun. Bhí foráil déanta sa togra ón gCoimisiún maidir le bunús dlí ar a bhféadfaí ceanglais a thabhairt isteach amach anseo maidir le sainaithint agus clárú speiceas éagsúil ainmhithe, lena bhféadfaí madraí a áireamh. Bhí an Chomhairle i bhfabhar an togra ón gCoimisiún ós rud é, dá néileofaí ar gach Ballstát córas den sórt sin a chur ar bun, gan measúnú tionchair iomchuí a bheith déanta, go bhféadfadh sé bheith díréireach leis an riosca ar shláinte ainmhithe agus go bhféadfadh ualach airgeadais agus riaracháin a bheith ag baint leis ar mhaithe le tairbhe nach bhfuil sainaitheanta.
Gluaiseacht neamhthráchtála peataí: bhí roinnt leasuithe de chuid Pharlaimint na hEorpa (leasuithe 36, 39, 40, 54, 239244, 246247, 263267 agus 325) a raibh sé i gceist leo Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí (an "Rialachán maidir le peataí") a choinneáil, rialachán a bhí le haisghairm de réir an togra maidir le sláinte ainmhithe.
Bhí sé d'aidhm ag an togra ón gCoimisiún na rialacha ábhartha uile maidir le sláinte ainmhithe, i gcás gach speiceas agus catagóir ainmhithe, a chuimsiú in aon sraith amháin rialacha. D'áiritheofaí ar an dóigh sin go ndéileálfaí le hainmhithe amhail madraí agus cait ar bhealach comhleanúnach ó thaobh sláinte ainmhithe de, bídís ina nainmhithe ar coimeád nó ina nainmhithe strae, agus bídís á dtrádáil ar bhonn tráchtála nó á mbogadh chun críocha neamhthráchtála mar pheataí.
Bhí amhras ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa araon faoin Rialachán maidir le peataí a aisghairm chomh luath sin tar éis a ghlactha. Ba é tuairim na Parlaiminte gur cheart go leanfadh an Rialachán maidir le peataí de bheith i bhfeidhm. Ba é seasamh na Comhairle gur luí sé le réasún go gcuirfí gluaiseacht neamhthráchtála peataí faoi chuimsiú an chreata i gcomhair sláinte ainmhithe, ach nár cheart an Rialachán maidir le peataí a tharraingt anuas arís chomh luath sin tar éis a ghlactha. Dá bhrí sin, mhol sí an Rialachán maidir le peataí a chur i bhfeidhm ar feadh deich mbliana agus sraith rialacha a chur sa togra maidir le sláinte ainmhithe a bheadh mar an gcéanna leis na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán maidir le peataí, agus ansin an tsraith rialacha sin a chur in ionad rialacha an Rialacháin tar éis na tréimhse 10 mbliana dá gcur i bhfeidhm.
Comhréiteach maith is ea an seasamh ón gComhairle i leith an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa agus is féidir leis an gCoimisiún tacú leis dá bhrí sin.
Coinneáil reachtaíochta maidir le sainaithint agus clárú mucra, ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair: d'iarr Parlaimint na hEorpa ina leasuithe darb uimhir 238, 326 agus 327 go gcoinneofaí Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair, agus Treoir 2008/71/CE maidir le sainaithint agus clárú mucra.
Bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le sainaithint agus clárú a aisghairm ionas go gcuimseodh aon sraith amháin de phrionsabail ghinearálta gach saincheist sláinte ainmhithe. Bhí sé de rún ag an gCoimisiún spiorad agus mionsonraí na reachtaíochta sin a choinneáil agus cobhsaíocht a sholáthar do na Ballstáit agus d'oibreoirí, agus ag an am céanna tuilleadh solúbthachta a chur ar fáil ionas go mbeifí in ann glacadh le teicneolaíochtaí nua, dul in oiriúint do dhúshláin nua agus maoluithe a dheonú i gcásanna inar beag riosca atá ann. Thacaigh an Chomhairle, ina seasamh, leis an togra ón gCoimisiún.
Ainmhithe uisceacha, athruithe ar shainmhínithe i dtaca le dobharshaothrú: mhol Parlaimint na hEorpa leasuithe 50, 291-296, 300304, 306 agus 307 lena dtabharfaí isteach catagóir nua de 'ainmhithe uisceacha ar coimeád' a scarfadh 'ainmhithe dobharshaothraithe' ó 'ainmhithe uisceacha ar coimeád' de shaghsanna eile. Rinneadh dealú sa togra ón gCoimisiún idir 'ainmhithe ar coimeád' agus 'ainmhithe fiáine', agus measadh gur ainmhithe uisceacha ar coimeád a bhí in ainmhithe dobharshaothraithe de réir an dealaithe sin. Rinne an Chomhairle iarracht ábhar imní na Parlaiminte a shásamh gan an bonn a bhaint ón mbunaidhm a bhí leis an togra ón gCoimisiún, tríd an sainmhíniú ar ainmhithe dobharshaothraithe a shoiléiriú agus trína dhéanamh ní ba shoiléire cé na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú a bhfuil feidhm acu maidir leis an dobharshaothrú agus cé na cinn a bhaineann le 'hainmhithe fiáine uisceacha'. Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoimisiún tacú leis na réitigh atá molta ag an gComhairle.
3.6Forálacha nua a thug an Chomhairle isteach
Idirthréimhsí: chuir an Chomhairle a himní in iúl faoin méid reachtaíochta a d'aisghairfí agus a d'athsholáthrófaí de thoradh an chreata nua seo maidir le sláinte ainmhithe. Le breis ama a chur ar fáil chun an reachtaíocht a chur chun feidhme, mhol an Chomhairle idirthréimhse fhoriomlán 60 mí in áit 36 mhí mar a bhí beartaithe ag an gCoimisiún. D'iarr sí bearta idirthréimhseacha breise freisin, amhail na bearta sin a chuireann d'oibleagáid ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe príomha áirithe a ghlacadh 24 mhí ar a laghad roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin agus i gcás gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme eile tréimhse sé mhí ar a laghad a leagan síos idir glacadh sraithe de ghníomhartha den sórt sin den chéad uair agus a gcur i bhfeidhm.
Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an seasamh ón gComhairle mar chomhréiteach ginearálta agus, ina theannta sin, ag cur san áireamh an méid ama is gá chun an reachtaíocht thánaisteach tarmligthe agus cur chun feidhme a cheapadh. Ní dhearna Parlaimint na hEorpa agóid i gcoinne an cheanglais sin.
Bearta idirthréimhseacha (cearta faighte a aithint): thug an Chomhairle Airteagail nua isteach lena dtabharfaí an deis d'oibreoirí agus do na Ballstáit cearta a aithint i ndáil le formheas nó clárú oibreoirí agus bunaíochtaí atá ann cheana, na stádais saor ó ghalar atá formheasta, agus na forálacha speisialta maidir le salmonella. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na moltaí sin toisc go náiritheoidh siad go dtabharfar na cearta atá ann cheana ar aghaidh go huathoibríoch chuig an gcreat dlíthiúil nua, rud a sheachnóidh ualach riaracháin neamhriachtanach agus costais neamhriachtanacha ar oibreoirí agus ar údaráis inniúla agus a sholáthróidh deimhneacht dhlíthiúil le linn na hidirthréimhse. Thacaigh Parlaimint na hEorpa leis na hathruithe sin.
Oibleagáid cláraithe ar oibreoirí áirithe a dhéanann oibríochtaí cruinnithe: leis an seasamh ón gComhairle tugadh isteach forálacha maidir leis an oibleagáid cláraithe atá ar oibreoirí áirithe gan bhunaíochtaí a dhéanann idirbheartaíochtaí ainmhithe is féidir difear a dhéanamh d'inrianaitheacht na nainmhithe sin. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na forálacha sin toisc go gcuirfidh siad leis an inrianaitheacht fhoriomlán agus toisc go bhfuil siad ag teacht leis na ceanglais atá sa reachtaíocht atá ann cheana maidir le sláinte ainmhithe. Thacaigh Parlaimint na hEorpa leis na hathruithe sin.
4.Conclúid
Is é tuairim an Choimisiúin go bhfuil an seasamh coiteann atá glactha ag an gComhairle le tromlach cáilithe i gcomhréir leis na spriocanna a bhí ag an togra ón gCoimisiún i dtosach agus go gcuirtear san áireamh ann a lán nithe a bhí ag déanamh imní do Pharlaimint na hEorpa. Cé go bhfuil an seasamh coiteann éagsúil leis an togra ón gCoimisiún mar a bhí sé i dtosach maidir le heilimintí áirithe, is é tuairim an Choimisiúin gur comhréiteach tomhaiste cáiréiseach é agus tá sé sásta go gcumhdaíonn sé na saincheisteanna ar fad a mheas an Coimisiún a bheith riachtanach tráth a ghlac sé a thogra.
5.Ráitis
5.1Ráiteas ón gCoimisiún maidir le leas ainmhithe
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe ar intarchurtha iad go hainmhithe nó go daoine agus nach bhfuil forálacha ann a rialaíonn leas ainmhithe go sonrach, cé go bhfuil sláinte agus leas ainmhithe nasctha. Tá acquis deafhorbartha ag an Aontas maidir le leas ainmhithe a chlúdaíonn speicis éagsúla (sicíní grísce, cearca atá ag breith, muca, laonna) nó gníomhaíochtaí (feirmeoireacht, iompar, marú, taighde, etc.). Is gá go leanfar den reachtaíocht leasa ainmhithe seo a chur i bhfeidhm. Tá an Coimisiún tiomanta go hiomlán aird iomlán a thabhairt ar leas ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 13 den Chonradh agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha amach iontu, lena náirítear a áirithiú go gcuirtear an reachtaíocht seo i bhfeidhm go hiomlán agus go ndéantar forbairt chuí uirthi.
5.2Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle – Plean Gníomhaíochta i gcoinne na mbagairtí atá ag teacht chun cinn ó Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha – cuirtear béim ar ról coisctheach an Rialacháin um ghalair intarchurtha ainmhithe (an "Dlí um Shláinte Ainmhithe") agus ar an laghdú iarmhartach in úsáid antaibheathach in ainmhithe a bhfuiltear ag súil leis. Chomh maith le ceanglais an Rialacháin seo, iarrtar ar na Ballstáit a gheallúint go dtiomsóidh siad sonraí ábhartha, inchomparáide agus sách mionsonraithe ar úsáid iarbhír táirgí íocshláinte in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha in ainmhithe agus na sonraí sin a chur chuig an gCoimisiún chun úsáid níos stuama táirgí íocshláinte in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha in ainmhithe a áirithiú, rud a chuirfidh le laghdú ar an mbaol frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha.
5.3Ráiteas ón gCoimisiún maidir le tuairisciú rialta ar úsáid na dtáirgí íocshláinte frithmhiocróbach in ainmhithe san Aontas
Geallann an Coimisiún tuarascáil rialta a fhoilsiú maidir le húsáid táirgí íocshláinte in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha in ainmhithe san Aontas, ar bhonn na sonraí a chuireann na Ballstáit ar fáil.