This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52015PC0154
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL implementing the safeguard clause and the anti-circumvention mechanism providing for the temporary suspension of tariff preferences of the Association Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community and their Member States, of the one part, and the Republic of Moldova, of the other part.
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme an clásal cosanta agus an sásra frith-imchéimniúcháin lena ndéantar foráil maidir le fabhair taraife an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a chur ar fionraí go sealadach.
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme an clásal cosanta agus an sásra frith-imchéimniúcháin lena ndéantar foráil maidir le fabhair taraife an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a chur ar fionraí go sealadach.
/* COM/2015/0154 final - 2015/0079 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme an clásal cosanta agus an sásra frith-imchéimniúcháin lena ndéantar foráil maidir le fabhair taraife an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a chur ar fionraí go sealadach. /* COM/2015/0154 final - 2015/0079 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Forais agus cuspóirí an togra Baineann an togra seo leis an gclásal cosanta
agus an sásra frith‑imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú
Comhlachais AE-an Mholdóiv a ionchorprú i ndlí an Aontais Eorpaigh. Comhthéacs ginearálta Cosúil le formhór ár gComhaontuithe trádála,
áirítear clásal cosanta déthaobhach sa Chomhaontú Comhlachais leis an Moldóiv.
Leis an ionstraim sin is féidir fabhair a chur ar fionraí go sealadach ar eagla
go mbeadh méadú suntasach gan choinne ar allmhairí de bharr iad a chur i
bhfeidhm, rud a dhéanfadh dochar eacnamaíoch do thionscal intíre an pháirtí
allmhairiúcháin (i.e. is féidir léirscaoileadh breise na taraife a chur ar
fionraí, sin nó ráta dleachta custaim an náisiúin barrfhabhair (MFN) a
thabhairt isteach arís). Ina theannta sin, sa Chomhaontú seo áirítear sásra
frith‑imchéimniúcháin mar a thugtar air, lena bhforáiltear gur féidir an
ráta dleachta custaim MFN a thabhairt isteach arís i gcás ina sáraíonn earraí
talmhaíochta áirithe ón Moldóiv tairseach áirithe gan údar maith leis an áit
tionscnaimh atá acu. Is gá rialachán cur chun feidhme ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle chun an ionstraim is gá a chur i reachtaíocht
inmheánach an Aontais Eorpaigh le bheith in ann an clásal cosanta déthaobhach
seo agus an sásra frith‑imchéimniúcháin a chur i bhfeidhm. Tá an togra le haghaidh Rialachán ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghabhann leis seo bunaithe den chuid
is mó ar rialacháin cur chun feidhme inchomparáide a caibidlíodh agus a
comhaontaíodh, i measc na dtrí institiúid, i gcás gach ceann de na
comhaontuithe saorthrádála atá i bhfeidhm faoi láthair agus a rinneadh le
déanaí: An Chóiré (rialachán a foilsíodh in 2011), Meiriceá Láir (rialachán a
foilsíodh in 2013) agus an Cholóim agus Peiriú (rialachán a foilsíodh in 2013). 2. TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LE
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Díorthaítear an togra seo le haghaidh
Rialachán cur chun feidhme go díreach ó théacs an Chomhaontaithe a caibidlíodh
le Poblacht na Moldóive. Dá bharr sin, níl gá le comhairliúchán ar leith le
páirtithe leasmhara ná le haon mheasúnú tionchair. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Is é atá sa togra le haghaidh Rialachán ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghabhann leis seo ionstraim dlí chun
clásal cosanta agus sásra frith‑imcheimniúcháin an Chomhaontaithe, a
tugadh i gcrích cheana idir AE agus Poblacht na Moldóive, a chur chun feidhme. Bunús dlí Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh. 2015/0079 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN
gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme an clásal cosanta
agus an sásra frith‑imchéimniúcháin lena ndéantar foráil maidir le
fabhair taraife an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an
Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin,
agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a chur ar fionraí go sealadach. TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach[1],
De bharr an méid seo a leanas: (1) Ar an 15 Meitheamh 2009, thug
an Chomhairle údarás don Choimisiún caibidlíochtaí a thosú le Poblacht na
Moldóive chun comhaontú nua idir an tAontas agus an Poblacht na Moldóive a
thabhairt chun críche. (2) Tugadh na caibidlíochtaí sin
chun críche agus síníodh an Comhaontú comhlachais idir an tAontas Eorpach agus
an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt
amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile[2] ('an Comhaontú') an 24
Meitheamh 2014 agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ón 1 Meán
Fómhair 2014 i leith. (3) Is gá na nósanna imeachta a
leagan síos le go ráthófar feidhmiú éifeachtach an chlásail cosanta a
comhaontaíodh le Poblacht na Moldóive. (4) Sa Chomhaontú áirítear
freisin sásra frith‑imchéimniúcháin chun fabhair taraife ar tháirgí ar
leith a chur ar fionraí go sealadach. Is gá freisin na nósanna imeachta a
leagan síos maidir le cur i bhfeidhm an tsásra sin. (5) Ní fhéadfar breithniú i
dtaobh bearta cosanta a dhéanamh ach amháin má allmhairítear an táirge i
dtrácht isteach san Aontas sna cainníochtaí méadaithe sin, i ndearbhthéarmaí nó
i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi na coinníollacha sin a fhágann
go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina
gcúis le mórdhíobháil, do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí
comhchosúla nó táirgí díriomaíocha, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 165(1)
den Chomhaontú. (6) Ba cheart téarmaí áirithe amhail
'mórdhíobháil', 'bagairt mórdhíobhála' agus 'idirthréimhse' dá dtagraítear in
Airteagal 169 den Chomhaontú a shainmhíniú. (7) Maidir leis na cúraimí a
ghabhann le bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leis an gComhaontú agus a
ghabhann leis an gComhaontú a athbhreithniú, le himscrúduithe a dhéanamh agus,
más gá, le bearta cosanta a fhorchur, ba cheart iad a dhéanamh sa dóigh is
trédhearcaí is féidir. (8) Ba cheart go bhfaigheadh an
Coimisiún faisnéis, lena n‑áirítear fianaise atá ar fáil ó na Ballstáit,
i ndáil le haon treochtaí allmhairiúcháin a d'fhéadfadh a fhágáil gur ghá
bearta cosanta a chur i bhfeidhm. (9) Iontaofacht an staidrimh i
ndáil leis na hallmhairí go léir ó Phoblacht na Moldóive chuig an Aontas, tá sí
ríthábhachtach, dá bhrí sin, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha á
gcomhlíonadh maidir le bearta cosanta a chur i bhfeidhm. (10) Má bhíonn dóthain fianaise prima
facie ann chun údar a thabhairt le himeachtaí a thionscnamh, ba cheart don
Choimisiún fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. (11) Ba cheart go mbeadh forálacha
mionsonraithe ann maidir le himscrúduithe a thionscnamh, maidir le rochtain
agus cigireacht ag na páirtithe leasmhara ar an bhfaisnéis a bhailítear, maidir
le héisteachtaí do na páirtithe leasmhara lena mbaineann, agus maidir le
deiseanna do na páirtithe sin a gcuid tuairimí a chur isteach. (12) Ba cheart don Choimisiún fógra
i scríbhinn a thabhairt do Phoblacht na Moldóive i dtaca le himscrúdú a
thionscnamh agus ba cheart dó dul i gcomhairle le Poblacht na Moldóive, faoi
mar a fhoráiltear in Airteagal 166(1) den Chomhaontú. (13) Ní mór freisin teorainneacha
ama a shocrú maidir le himscrúdú a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh
cé acu is iomchuí nó nach iomchuí bearta cosanta, d'fhonn a áirithiú go
ndéanfar na cinntí sin go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na
hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann. (14) Ba cheart imscrúdú a dhéanamh
sula gcuirfear aon bheart cosanta i bhfeidhm, ach sin faoi réir cead a bheith
ag an gCoimisiún bearta cosanta sealadacha a chur i bhfeidhm in imthosca
géibheannacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 167 den Chomhaontú. (15) Níor cheart bearta cosanta a
chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid is gá, agus go ceann cibé tréimhse is gá,
chun mórdhíobháil a sheachaint agus chun coigeartú a éascú. Ba cheart tréimhse
uasta na mbeart cosanta a chinneadh agus ba cheart forálacha sonracha i dtaca
le fadú agus athbhreithniú na mbeart sin a leagan síos. (16) Ba cheart go bhféadfaí na
dleachtanna custaim fabhracha a chur ar fionraí ar feadh uastréimhse sé mhí
nuair a shroicheann allmhairiú táirgí talmhaíochta áirithe agus táirgí
talmhaíochta próiseáilte áirithe na méideanna allmhairí bliantúla a shainítear
sna hIarscríbhinní (XV-C) a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. (17) Ar chúiseanna trédhearcachta,
ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint
na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus
maidir le cur i bhfeidhm na mbeart cosanta agus an tsásra frith‑imchéimniúcháin.
(18) D'fhonn coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú chun bearta cosanta sealadacha agus cinntitheacha a
ghlacadh, chun réamhbhearta faireachais a fhochur agus chun imscrúdú a
fhoirceannadh gan bearta dá bhforáiltear sa Chomhaontú, ba cheart cumhachtaí
cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a
fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle[3].
(19) Ba cheart go n‑úsáidfí
an nós imeachta comhairliúcháin chun bearta cosanta faireachais agus sealadacha
a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí
maidir le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach. Ba cheart an nós imeacht
comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i bhfianaise
gur gá na gníomhartha sin a chur chun feidhme go tapa a luaithe is a bhaintear
amach an tairseach ábhartha agus nach bhfuil ach tréimhse feidhme an‑teoranta
acu. (20) Ba cheart go n‑úsáidfí
an nós imeachta scrúdúcháin le bearta cosanta cinntitheacha a ghlacadh agus
leis na bearta sin a athbhreithniú. (21) Ba cheart don Choimisiún
gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh, más rud é, i
gcásanna cuí-réasúnaithe, go ndéanfaí damáiste a bheadh deacair a leigheas de
bharr moill i bhforchur beart cosanta sealadach, nó chun iarmhairt dhiúltach ar
mhargadh an Aontais, de thoradh méadú ar allmhairí, a sheachaint. Sa chás ina
ndéantar gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin atá infheidhme láithreach a
chur i bhfeidhm, ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I –
FORÁLACHA COSANTA Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme 1. Sa Rialachán seo leagtar síos
forálacha maidir le chur chun feidhme an chlásail cosanta agus an tsásra frith‑imchéimniúcháin
lena bhforáiltear do fhabhair taraife atá sa Chomhaontú Comhlachais idir an
tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a
mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile, a chur
ar fionraí go sealadach. 2. Tá feidhm ag an Rialachán seo
maidir le táirge de thionscnamh Phoblacht na Moldóive. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo: (a)
ciallaíonn 'táirge' earra de thionscnamh an Aontais
nó de thionscnamh Phoblacht na Moldóive; maidir le táirge atá faoi réir
imscrúdaithe, d’fhéadfadh sé go gcuimseofar leis líne tharaife amháin nó roinnt
línte taraife, nó fodheighilt de líne tharaife, ag brath ar imthosca sonracha
an mhargaidh nó ar aon deighilt táirgí a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i
dtionscal an Aontais; (b)
ciallaíonn 'páirtithe leasmhara' na páirtithe a
ndéanann allmhairiú an táirge i dtrácht difear dóibh; (c)
ciallaíonn 'tionscal an Aontais' táirgeoirí an
Aontais ina n‑iomláine a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí
díriomaíocha agus a oibríonn laistigh de chríoch an Aontais, nó táirgeoirí de
chuid an Aontais arb ionann a gcomh‑aschur de tháirgí comhchosúla nó de
tháirgí díriomaíocha agus cion mór de tháirgeacht iomlán an Aontais i dtaca
leis na táirgí sin, nó, nuair nach bhfuil sa táirge comhchosúil nó sa táirge
díriomaíoch ach táirge amháin de roinnt táirgí arna ndéanamh ag na táirgeoirí
de chuid an Aontais, déanfar tionscal an Aontais a shainmhíniú i ndáil leis na
hoibríochtaí sonracha a bhaineann le táirgeadh an táirge chomhchosúil nó an
táirge díriomaíoch; (d)
ciallaíonn 'mórdhíobháil' lagú suntasach foriomlán
ar sheasamh thionscal an Aontais; (e)
ciallaíonn 'bagairt mhórdhíobhála' do sheasamh
thionscal an Aontais mórdhíobháil atá go soiléir ar tí tarlú; (f)
ciallaíonn 'idirthréimhse' tréimhse 10 mbliana ó
theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe; Airteagal 3 Prionsabail 1. Féadfar beart cosanta a
fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, más rud é go bhfuil táirge de
thionscnamh Phoblacht na Moldóive, mar thoradh ar na dleachtanna custaim ar an
táirge sin a laghdú nó a dhíchur, á allmhairiú isteach san Aontas sna
cainníochtaí méadaithe sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an
Aontais, agus faoi na coinníollacha sin a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le
mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do
thionscal an Aontais. 2. Féadfaidh beart cosanta
bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas: (a)
tuilleadh laghdaithe ar an ráta dleachta custaim ar
an táirge lena mbaineann a chur ar fionraí de réir mar a fhoráiltear i Sceideal
um Dhíchur Taraife an Chomhaontaithe le Poblacht na Moldóive; (b)
an ráta dleachta custaim ar an táirge lena
mbaineann a mhéadú go leibhéal nach mó ná an ráta is ísle díobh seo a leanas: –
ráta dleachta custaim an náisiúin bharrfhabhair
("NBF") a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge lena mbaineann
agus atá i bhfeidhm an tráth a ndéantar an beart; nó –
an bonnráta dleachta custaim mar atá sainithe sna
sceidil a áirítear in Iarscríbhinn XV de bhun Airteagal 147 den Chomhaontú. Airteagal 4 Imeachtaí a thionscnamh 1. Déanfar imeacht a thionscnamh
arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas
nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige ag gníomhú dóibh thar ceann
thionscal an Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin más dealraitheach
don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann, arna
chinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5) den
Rialachán seo, le bheith ina húdar maith le tionscnamh den sórt sin. 2. De ghnáth, beidh an fhaisnéis
seo a leanas san iarraidh: ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí i ndáil
leis an táirge lena mbaineann, arna shloinneadh i ndearbhthéarmaí agus i
dtéarmaí coibhneasta, an sciar den mhargadh baile a bhaineann leis na hallmhairí
méadaithe agus na hathruithe ar an leibhéal díolacháin, táirgeachta,
táirgiúlachta, úsáid acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta
maidir le tionscal an Aontais. 3. Féadfar imeacht a thionscnamh
freisin i gcás ina dtagann borradh ar allmhairí i mBallstát amháin nó i roinnt
Ballstát, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie
ann, de réir mar a chinntear ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in
Airteagal 5(5), chun údar a thabhairt leis an tionscnamh sin. 4. Cuirfidh Ballstát an
Coimisiún ar an eolas más dealraitheach go léiríonn treochtaí allmhairiúcháin ó
Phoblacht na Moldóive go bhfuil gá le bearta cosanta. Beidh an fhianaise atá
luaite i mír 1 agus i mír 2 mar chuid den fhaisnéis sin. 5. Cuirfidh an Coimisiún na
Ballstáit ar an eolas nuair a gheobhaidh sé iarraidh imeacht a thionscnamh nó
nuair a mheasann sé gur iomchuí imeacht a thionscnamh ar a thionscnamh féin de
bhun mhír 1 den Airteagal seo. 6. Más rud é go ndealraíonn sé
go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann chun údar a thabhairt
le himeacht a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún an t‑imeacht a
thionscnamh agus déanfaidh sé fógra ina thaobh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh. Déanfar an tionscnamh laistigh d'aon mhí amháin ón
tráth a bhfaighidh an Coimisiún an iarraidh nó an fhaisnéis de bhun mhír 1. 7. Déanfar an méid seo a leanas
san fhógra dá dtagraítear i mír 6: (a)
tabharfar achoimre ar an bhfaisnéis a fuarthas agus
ceanglófar leis go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile a chur chuig an gCoimisiún;
(b)
luafar ann an tréimhse a fhéadfaidh páirtithe
leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a thíolacadh
don Choimisiún lena linn, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin
le cur san áireamh le linn an imeachta; (c)
luafar an tréimhse a bhféadfaidh páirtithe
leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal os comhair an Choimisiúin i
gcomhréir le hAirteagal 5(9). Airteagal 5 Imscrúduithe 1. Tar éis imeacht a
thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú. Tosóidh an tréimhse, mar
atá leagtha amach i mír 3 den Airteagal seo, an lá a fhoilseofar an
cinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun imscrúdú a
thionscnamh. 2. Féadfaidh an Coimisiún a
iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar agus glacfaidh na Ballstáit cibé
beart is gá chun éifeacht a thabhairt don iarraidh sin. Más rud é gur faisnéis
de chineál leasa ghinearálta í an fhaisnéis sin, agus nach faisnéis rúnda í de
réir bhrí Airteagal 11 den Rialachán seo, cuirfear leis an gcomhad neamhrúnda
í, faoi mar a fhoráiltear i mír 8 den Airteagal seo. 3. Aon uair is féidir, cuirfear
an t‑imscrúdú i gcrích laistigh de shé mhí tar éis é a thionscnamh.
Féadfar trí mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla,
amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith ann nó staideanna
casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe
leasmhara go léir i dtaobh aon fhadaithe den sórt sin agus míneoidh sé na
cúiseanna atá leis. 4. Lorgóidh an Coimisiún an
fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh
maidir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) den
Rialachán seo, agus, nuair is iomchuí, féachfaidh sé leis an bhfaisnéis sin a
fhíorú. 5. Déanfaidh an Coimisiún
meastóireacht ar gach toisc ábhartha atá oibiachtúil agus inchainníochtúil agus
a imríonn tionchar ar an staid ina bhfuil tionscal an Aontais, go háirithe an
ráta ag a bhfuil allmhairí an táirge i dtrácht ag ardú agus méid an ardaithe
sin, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin de mhargadh an
Aontais a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, athruithe ar an leibhéal
díolacháin, táirgthe, táirgiúlachta, úsáid acmhainne, brabúis agus
caillteanais, agus fostaíochta. Ní liosta iomlán é an liosta sin agus d'fhéadfadh
an Coimisiún tosca ábhartha eile a chur san áireamh i gcomhair a chinnidh i
dtaobh an bhfuil mórdhíobháil nó bagairt mhórdhíobhála ann, amhail stoic,
praghsanna, fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, agus tosca eile
is cúis le mórdhíobháil, nó a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le mórdhíobháil,
nó a bhagraíonn a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais. 6. Féadfaidh páirtithe leasmhara
atá tar éis faisnéis a thíolacadh de bhun Airteagal 4(7)(b) den Rialachán
seo, agus féadfaidh ionadaithe Phoblacht na Moldóive, ar iarraidh i scríbhinn,
iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a chuirtear ar fáil don Choimisiún i
dtaca leis an imscrúdú, seachas doiciméid inmheánacha arna n‑ullmhú ag
údaráis an Aontais nó ag údaráis na mBallstát, ar choinníoll go mbaineann an
fhaisnéis sin le tíolacadh a gcáis agus nach faisnéis rúnda atá ann de réir
bhrí Airteagal 11 den Rialachán seo agus ar choinníoll gur úsáid an
Coimisiún san imscrúdú í. Féadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur
in iúl faoin bhfaisnéis a chuirtear ar fáil don Choimisiún. I gcás ina bhfuil
fianaise leordhóthanach prima facie ann chun tacú leis na tuairimí sin,
cuirfidh an Coimisiún san áireamh iad. 7. Áiritheoidh an Coimisiún go
mbeidh na sonraí uile agus an staidreamh go léir a úsáidtear don imscrúdú ar
fáil agus go mbeidh siad ionadaíoch, sothuigthe, trédhearcach agus
infhíoraithe. 8. Áiritheoidh an Coimisiún, a
luaithe a bheidh an creat teicniúil is gá ann, go mbeidh rochtain ar líne faoi
chosaint pasfhocail ann don chomhad neamhrúnda (an t‑ardán ar líne), agus
déanfaidh sé bainistiú air sin, agus is tríd sin a scaipfear an fhaisnéis go
léir atá ábhartha agus nach bhfuil faoi rún de réir bhrí Airteagal 11 den
Rialachán seo. Tabharfar rochtain ar an ardán sin do pháirtithe leasmhara, do
na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa. 9. Tabharfaidh an Coimisiún
éisteacht do pháirtithe leasmhara, go háirithe i gcás ina bhfuil iarratas i
scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra a
fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar iarratas é ina
léireofar gur dócha go ndéanfaidh toradh an imscrúdaithe difear dóibh agus go
bhfuil cúiseanna speisialta ann le héisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh.
Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara ar ócáidí eile má tá
cúiseanna speisialta ann leis sin. 10. I gcás nach soláthraítear an
fhaisnéis laistigh de na teorainneacha ama a shocraigh an Coimisiún, nó nuair
atá bac mór ar an imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún cinntí a dhéanamh ar bhonn
na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach go ndearna
aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a
sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid
a bhaint as na fíorais atá ar fáil. 11. Tabharfaidh an Coimisiún fógra
i scríbhinn do Phoblacht na Moldóive maidir le himscrúdú a thionscnamh. Airteagal 6 Bearta Réamhfhaireachais 1. Féadfaidh an Coimisiún bearta
réamhfhaireachais a ghlacadh i dtaca le hallmhairí ó Phoblacht na Moldóive i
gcás ina bhfuil an treocht in allmhairiú táirge den sórt sin go bhféadfadh
ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4
den Rialachán seo a bheith mar thoradh uirthi. Glacfar na gníomhartha cur chun
feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 14(3) den Rialachán seo. 2. Beidh tréimhse theoranta
bailíochta ag bearta réamhfhaireachais. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh
siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na chéad sé
mhí tar éis iad a thabhairt isteach. Airteagal 7 Bearta cosanta sealadacha a fhorchur 1. In imthosca géibheannacha ina
mbeadh moill ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, glacfaidh an
Coimisiún bearta cosanta sealadacha de bhun réamhchinnidh, ar bhonn na dtosca
dá dtagraítear in Airteagal 5(5), go bhfuil fianaise leordhóthanach prima
facie ann go bhfuil méadú tagtha ar allmhairí táirge de thionscnamh
Phoblacht na Moldóive de thoradh dleacht chustaim a laghdú nó a dhíchur i
gcomhréir leis na Sceidil a áirítear in Iarscríbhinn XV de bhun
Airteagal 147 den den Chomhaontú leis an tír lena mbaineann, agus go
bhfuil allmhairí den sórt sin ina gcúis le mórdhíobháil, nó ina gcúis le
bagairt mhórdhíobhála, do thionscal an Aontais. Glacfar na gníomhartha cur chun
feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 14(3) den Rialachán seo. 2. Ar mhórfhorais práinne a
bhfuil údar cuí leo, lena n‑áirítear an cás dá dtagraítear i mír 3 den
Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún bearta cosanta sealadacha atá infheidhme
láithreach a ghlacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir
leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(5) den Rialachán seo. 3. I gcás ina n‑iarrfaidh
Ballstát go ndéanfadh an Coimisiún idirghabháil láithreach agus i gcás ina
mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 comhlíonta, déanfaidh an
Coimisiún cinneadh laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a
fháil. 4. Ní bheidh feidhm ag bearta
cosanta sealadacha ar feadh tréimhse níos faide ná 200 lá féilire. 5. I gcás ina n‑aisghairfear
na bearta cosanta sealadacha toisc go léirítear san imscrúdú nach bhfuil na
coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Rialachán seo á
gcomhlíonadh, déanfar aon dleacht chustaim a bailíodh mar thoradh ar na bearta
cosanta sealadacha sin a aisíoc go huathoibríoch. 6. Beidh feidhm ag bearta
cosanta sealadacha maidir le gach táirge a chuirfear i saorchúrsaíocht tar éis
dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin. Ní dhéanfaidh na bearta sin, áfach,
cosc a chur le táirgí atá faoi bhealach chuig an Aontas cheana féin a
scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta i gcás nach féidir ceann scríbe na
dtáirgí sin a athrú. Airteagal 8 Foirceannadh imscrúduithe agus imeachtaí
gan bhearta 1. I gcás ina léiríonn na
fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh iad, nach gcomhlíontar na
coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Rialachán seo,
glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena bhfoirceannfar an t‑imscrúdú agus an
t‑imeacht, cinneadh a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an
nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(4) den Rialachán
seo. 2. Déanfaidh an Coimisiún, ag
féachaint go hiomchuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí
Airteagal 11 den Rialachán seo, tuarascáil a phoibliú ina leagfar amach a
chinntí agus na conclúidí réasúnaithe ar thángthas orthu maidir le gach
saincheist iomchuí fíorais agus dlí. Airteagal 9 Bearta cosanta cinntitheacha a fhorchur 1. I gcás ina léiríonn na
fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, go bhfuil na coinníollacha
a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Rialachán seo á gcomhlíonadh,
féadfaidh an Coimisiún bearta cosanta cinntitheacha a ghlacadh. Glacfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin
dá dtagraítear in Airteagal 14(4) den Rialachán seo. 2. Déanfaidh an Coimisiún, ag
féachaint go hiomchuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 11
den Rialachán seo, tuarascáil a phoibliú ina mbeidh achoimre ar na fíorais
ábhartha agus ar na nithe atá ábhartha don chinneadh. Airteagal 10 Na bearta cosanta: ré agus athbhreithniú 1. Ní leanfaidh beart cosanta de
bheith i bhfeidhm ach go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá léi chun an
mhórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas, agus chun
coigeartú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain, ach amháin má
fhadaítear faoi mhír 3 den Airteagal seo í. 2. Go dtí go bhfaighfear toradh
an athbhreithnithe faoi mhír 3, leanfaidh beart cosanta de bheith i
bhfeidhm. 3. Féadfar tréimhse thosaigh
birt chosanta a fhadú dhá bhliain ar a mhéad, ar choinníoll go leanann an beart
cosanta de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc
nó a leigheas agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil coigeartú á
dhéanamh i dtionscal an Aontais. 4. Sula ndéanfar aon fhadú de
bhun mhír 3 den Airteagal seo, déanfar imscrúdú a thionscnamh arna
iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas nach
bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an
Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin má tá fianaise leordhóthanach prima
facie ann go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 den
Airteagal seo á gcomhlíonadh, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in
Airteagal 5(5) den Rialachán seo. 5. Foilseofar tionscnamh
imscrúdaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le
hAirteagal 4(6) agus (7) den Rialachán seo. Déanfar an t‑imscrúdú
agus aon chinneadh maidir le fadú de bhun mhír 3 den Airteagal seo i
gcomhréir le hAirteagal 5, Airteagal 8 agus Airteagal 9 den
Rialachán seo. 6. Ní mhairfidh fad iomlán birt
chosanta níos mó ná ceithre bliana, lena n‑áirítear tréimhse feidhme aon
bhirt shealadaigh, an tréimhse tosaigh cur chun feidhme agus iarchur a dhéanfaí
uirthi. 7. Ní chuirfear beart cosanta i
bhfeidhm níos faide ná dáta dhul in éag na hidirthréimhse, ach amháin le toiliú
Phoblacht na Moldóive. Airteagal 11 Rúndacht 1. Ní dhéanfar faisnéis a
fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina
leith a iarradh í. 2. Ní dhéanfar faisnéis ar bith
de ghné rúnda a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a
sholáthraítear ar bhonn rúnda agus a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, a
nochtadh gan cead sainráite sholáthróir na faisnéise sin. 3. I ngach iarraidh ar rúndacht,
luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda. Más rud é, áfach, go n‑iarrann
soláthróir na faisnéise nach ndéanfaí an fhaisnéis a phoibliú nó nach ndéanfaí
í a nochtadh, ina hiomláine nó i bhfoirm achoimre, agus mura bhfuil údar maith
leis an iarraidh sin, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena
mbaineann. 4. Ar chaoi ar bith, measfar go
bhfuil gach faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise
dochar suntasach do sholáthróir nó d’fhoinse na faisnéise sin. 5. Ní fhágfaidh mír 1 go
mír 4 den Airteagal seo nach bhféadfaidh údaráis an Aontais tagairt a
dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar a bhfuil
cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe. Mar sin féin, cuirfidh
na húdaráis sin san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus na
ndaoine dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó. Airteagal 12 Tuarascáil 1. Cuirfidh an Coimisiún
tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle
maidir le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus comhlíonadh oibleagáidí
Theideal V den Chomhaontú agus an Rialacháin seo. 2. Áireofar sa tuarascáil
faisnéis maidir le cur i bhfeidhm beart sealadach agus cinntitheach, maidir le
bearta réamhfhaireachais, maidir le bearta faireachais réigiúnacha agus bearta
cosanta réigiúnacha agus maidir le himscrúduithe agus imeachtaí a fhoirceannadh
gan bhearta. 3. Déanfar achoimre ar an
staidreamh agus ar na hathruithe ar an trádáil le Poblacht na Moldóive a leagan
amach sa tuarascáil freisin. 4. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa, laistigh de mhí amháin ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a
iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc de choiste freagrach na
Parlaiminte chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an
Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú. 5. Tráth nach déanaí ná trí mhí
tar éis a thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na
Comhairle, déanfaidh an Coimisiún í a phoibliú. CAIBIDIL II –SÁSRA
FRITH‑IMCHÉIMNIÚCHÁIN DO THÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA ÁIRITHE AGUS TÁIRGÍ
TALMHAÍOCHTA PRÓISEÁILTE ÁIRITHE Airteagal 13 1. Tá meánmhéid bliantúil
allmhairí socraithe d'allmhairí táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn XV-C
a ghabhann leis an gComhaontú, atá faoi réir an tsásra frith‑imchéimniúcháin
atá leagtha amach in Airteagal 148 den Chomhaontú. Ar mhórfhorais práinne
a bhfuil údar cuí leo, a luaithe a shroicheann méid allmhairí i gcatagóir
amháin táirgí nó níos mó an méid atá leagtha síos in Iarscríbhinn XV-C a
ghabhann leis an gComhaontú in aon bhliain ar leith ag tosú ar 1 Eanáir, murar
thug Poblacht na Moldóive údar maith leis, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur
chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá
dtagraítear in Airteagal 14(5) den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún a
chinneadh an dleacht fhabhrach is infheidhme maidir leis an táirge/na táirgí
lena mbaineann a chur ar fionraí nó nach iomchuí a leithéid d'fhionraí. 2. Beidh fionraí sealadach na
dleachta fabhraí infheidhme ar feadh uastréimhse sé mhí ón dáta a fhoilsítear
an cinneadh maidir leis an dleacht fhabhrach a chur ar fionraí. Sula dtéann an
tréimhse sé mhí sin in éag agus ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo a
bhaineann le dleachtanna fabhracha a chur ar fionraí, féadfaidh an Coimisiún
gníomh cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an
nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(5) den Rialachán seo chun gur
féidir an fionraí sealadach ar an dleacht fhabhrach a chur i leataobh, má tá sé
sásta gur de thoradh athrú ar leibhéal na táirgeachta agus ar acmhainn
allmhairiúcháin Phoblacht na Moldóive don táirge lena mbaineann, gur dá thoradh
sin méid na catagóire ábhartha allmhairí de bhreis ar an méid dá dtagraítear in
Iarscríbhinn XV-C a ghabhann leis an gComhaontú. 3. Tá cur i bhfeidhm an tsásra a
leagtar amach sa Chaibidil seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon cheann de na
bearta a shainítear i gCaibidil I. Ní dhéanfar, áfach, bearta a ghlacfar de
bhun fhorálacha an dá chaibidil a chur i bhfeidhm go comhuaineach maidir leis
na táirgí céanna. CAIBIDIL IV– NÓS IMEACHTA COISTE Airteagal 14 1. Beidh an Coiste a bunaíodh le
hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009[4] ón gComhairle de
chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh.182/2011. 2. Chun críocha
Airteagal 13, beidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, arna
bhunú le hAirteagal 229(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, de
chúnamh ag an gCoimisiún, agus, i dtaca le táirgí talmhaíochta próiseáilte, beidh an
Coiste Bainistíochta um cheisteanna cothrománacha faoi thrádáil i dtáirgí
talmhaíochta próiseáilte nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, a bunaíodh
faoi Airteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2014[5], de chúnamh ag an
gCoimisiún. Is coistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a
bheidh sna Coistí sin. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 5. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 den Rialachán sin. 6. De bhun Airteagal 3(5)
de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcás ina rachfar in iontaoibh nós
imeachta i scríbhinn chun bearta a ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo,
déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den
teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach
amhlaidh nó ina n‑iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a
shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011,
amhlaidh. CAIBIDIL V –
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 15 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh sé i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó
Phoblacht na Moldóive ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Beidh an
Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go
díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] [2] Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle an
16 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh,
agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas
Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de
pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014,
lch. 1). [3] Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha
agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag
na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55,
28.2.2011, lch. 13). [4] Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an
26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d'allmhairí
(IO L 84, 31.3.2009, lch. 1). [5] Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na
socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar
phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n‑aisghairtear Rialachán
(CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009
ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 1).