This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52015PC0083
OPINION OF THE COMMISSION pursuant to Article 294(7)(c) of the Treaty on the Functioning of the European Union, on the European Parliament's amendments to the Council's position regarding the proposal for a DIRECTIVE OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Directive 2001/18/EC as regards the possibility for the Member States to restrict or prohibit the cultivation of GMOs in their territory
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú orgánach géinmhodhnaithe ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú orgánach géinmhodhnaithe ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc
/* COM/2015/083 final - 2010/0208 (COD) */
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú orgánach géinmhodhnaithe ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc /* COM/2015/083 final - 2010/0208 (COD) */
2010/0208 (COD) TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN
de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa
ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann
do na Ballstáit saothrú orgánach géinmhodhnaithe ina gcríoch a shrianadh nó a
thoirmeasc 1. Réamhrá I bpointe (c) d'Airteagal 294 (7)
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráiltear go bhfuil ar an
gCoimisiún tuairim a thabhairt ar na leasuithe arna moladh ag Parlaimint na
hEorpa ar an dara léamh. Tá a thuairim leagtha amach thíos ag an gCoimisiún ar
na leasuithe atá molta ag an bParlaimint. 2. Cúlra An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: || 14 Iúil 2010 Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: || 9 Nollaig 2010 Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: || 5 Iúil 2011 An dáta a seoladh an togra leasaithe: || [*] An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle, an chéad leámh**: || 23 Iúil 2014 Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an dara léamh: || 13 Eanáir 2015 * Níor ullmhaigh an Coimisiún togra
leasaithe ach chuir sé a chuid tuairimí ar leasuithe na Parlaiminte in iúl sa 'Teachtaireacht
ón gCoimisiún maidir leis na bearta a rinneadh i leith na dtuairimí agus na rún
a ghlac an Pharlaimint i bpáirtseisiún Iúil 2011'
(doiciméad SP(2011)8072), a seoladh chuig Parlaimint na hEorpa an
8 Meán Fómhair 2011. ** Chuir an Coimisiún a chuid tuairimí ar
leasuithe na Comhairle in iúl sa 'Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis
an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2001/18/CE
maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú orgánach
géinmhodhnaithe ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc' (doiciméad
COM(2014) 570 final) a seoladh chuig Parlaimint na hEorpa an
10 Meán Fómhair 2014. 3. Cuspóir an togra Tá creat dlíthiúil cuimsitheach glactha ag an
Aontas Eorpach (AE) chun táirgí ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna)
nó táirgí a fhaightear uathu a údarú. Sa nós imeachta um údarú cumhdaítear
úsáid OGManna i mbia agus i mbeatha, i bpróiseáil thionsclaíoch agus i saothrú
tionsclaíoch, agus úsáid na dtáirgí a fhaightear ó OGManna i mbia agus i
mbeatha. Tá córas údaraithe an Aontais Eorpaigh dírithe ar
éifeachtaí díobhálacha OGManna ar shláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus
ar an gcomhshaol a chosc agus, san am céanna, margadh inmheánach a bhunú le
haghaidh na dtáirgí sin. In dhá phíosa reachtaíochta, eadhon
Treoir 2001/18/CE maidir le scaoileadh comhshaoil OGManna[1] agus Rialachán (CE)
Uimh. 1829/2003 maidir le bia agus beatha géinmhodhnaithe[2], déantar foráil maidir
le húdarú réamh‑mhargaíochta OGManna. Leis an dá rialachán, bunaítear
caighdeáin eolaíochtbhunaithe maidir le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a
d'fhéadfadh bheith ann do shláinte an duine, sláinte ainmhithe agus don
chomhshaol mar aon le ceanglais lipéadaithe. Ina theannta sin, leagtar amach i
Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003[3]
rialacha maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú OGManna agus maidir le
hinrianaitheacht bia agus beatha a dhéantar as OGManna. I Márta 2009, dhiúltaigh an Chomhairle moltaí
an Choimisiúin go n‑iarrfaí ar an Ostair agus ar an Ungáir a mbearta
cosanta náisiúnta a aisghairm, toisc nach raibh an tacaíocht eolaíoch acu, de
réir an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA), a bhfuil gá léi de réir
reachtaíocht AE. Ina dhiaidh sin, d’iarr grúpa de 13 Bhallstát[4] ar an gCoimisiún tograí
a ullmhú faoina bhfágfaí faoi na Ballstáit é cinneadh a dhéanamh faoi shaothrú
OGManna[5]. D’fhonn córas údaraithe de chuid AE le haghaidh
OGManna, a bheadh eolaíocht bhunaithe, a bhunú agus, san am céanna, saoirse a
bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cibé acu an mian leo barra
géinmhodhnaithe a shaothrú ar a gcríoch nó nach mian, ghlac an Coimisiún an
togra reachtach sin in Iúil 2010. Leis sin cuirtear bunús dlí ar fáil i
gcreat dlíthiúil AE maidir le hOGManna chun go bhféadfaidh na Ballstáit saothrú
OGManna atá údaraithe ar leibhéal AE a shrianadh nó a thoirmeasc i gcuid dá
gcríoch nó ina gcríoch ina hiomláine. Beidh na toirmisc nó na srianta sin
bunaithe ar fhorais nach iad na forais atá cumhdaithe sa mheasúnú riosca don
chomhshaol agus don tsláinte faoi chóras údaraithe AE. 4. An tuairim ón gCoimisiún
ar na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar an dara léamh Vótáil Parlaimint na hEorpa, ar an dara léamh, ar
son téacs comhdhlúite ina bhfuil roinnt leasuithe ar théacs an tseasaimh ón
gComhairle ar an gcéad léamh. Toradh na caibidlíochta idir Parlaimint na
hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún atá sa téacs sin. Glacann an Coimisiún
leis na leasuithe uile ar vótáil Parlaimint na hEorpa ar a son. [1] IO L 106, 17.4.2001, lch. 1. [2] IO L 268, 18.10.2003, lch. 1. [3] IO L 268, 18.10.2003, lch. 24. [4] An Bhulgáir, an Chipir, Éire, an Ghréig, an Ísiltír, an
Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin
agus an Ungáir. [5] Tionóladh plé ag cruinnithe na Comhairle an
2 Márta, an 23 Márta agus an 25 Meitheamh 2009 faoi seach.