This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014PC0258
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on appliances burning gaseous fuels
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha
/* COM/2014/0258 final - 2014/0136 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha /* COM/2014/0258 final - 2014/0136 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Comhthéacs ginearálta, forais agus cuspóirí
an togra Is í Treoir 2009/142/CE maidir le fearais
a dhónn breoslaí gásacha[1]
códú Threoir 90/396/CEE[2]
a glacadh an 29 Meitheamh 1990 agus atá infheidhme ón 1 Eanáir 1992. Is sampla í Treoir 2009/142/CE de
reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, lena n‑áirithítear
saorghluaiseacht fearas a dhónn breoslaí gásacha. Leis an Treoir táthar
tar éis cur go mór le feidhmiú agus tabhairt i gcrích an Mhargaidh Aonair
maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha. Comhchuibhítear na coinníollacha
maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha a chur ar an margadh agus/nó a chur
i mbun seirbhíse a thagann faoina raon feidhme maidir le rioscaí a bhaineann le
sábháilteacht gáis agus úsáid réasúnach fuinnimh. Tá ceanglais riachtanacha leagtha amach i
dTreoir 2009/142/CE nach mór fearais a dhónn breoslaí gásacha a
chomhlíonadh ionas go gcuirfear ar fáil ar mhargadh an AE iad. Tá Treoir 2009/142/CE bunaithe ar
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear
"an Conradh" anseo feasta) agus tá sí ar cheann de na chéad
Treoracha comhchuibhithe atá bunaithe ar phrionsabail an “Chur Chuige
Nua”, agus dá réir sin ní mór do na monaróirí a áirithiú go gcomhlíonann a
dtáirgí na ceanglais éigeantacha feidhmíochta agus sábháilteachta dá
bhforáiltear san ionstraim reachtach, gan réitigh theicniúla shonracha ná
sonraíochtaí teicniúla sonracha a fhorchur, áfach. Tá sé beartaithe leis an togra seo go
gcuirfear Rialachán in ionad Threoir 2009/142/CE maidir le fearais a dhónn
breoslaí gásacha, i gcomhréir le cuspóirí simpliúcháin an Choimisiúin. Leis an taithí a fuarthas ar
Threoir 2009/142/CE a chur chun feidhme ba ghá cuid dá forálacha a
shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta, gan a raon feidhme a mhodhnú,
áfach. Baineann na forálacha sin go príomha le roinnt sainmhínithe sonracha
earnála, le hábhar agus foirm chumarsáid na mBallstát i dtaca lena
gcoinníollacha soláthair gáis, leis an gcaidreamh le reachtaíocht
chomhchuibhithe eile an Aontais is infheidhme maidir le fearais gháis (i gcás
gnéithe eile) agus le roinnt ceanglas riachtanach chun iad a thabhairt i gcrích
agus an gá atá le léirmhíniú a laghdú dá bharr sin. Faoin Rialachán atá beartaithe ní dhéantar
athrú ar raon fheidhme reatha Threoir 2009/142/CE, ach déantar cuid dá
forálacha a mhodhnú, áfach, chun a bhfuil iontu a shoiléiriú agus a thabhairt
cothrom le dáta. Tá an Rialachán atá beartaithe ailínithe freisin le forálacha
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE lena mbunaítear comhchreat le haghaidh
margú táirgí (Cinneadh an Chreata Nua Reachtaigh). Sa Rialachán atá beartaithe déantar an
caidreamh idir a fhorálacha agus reachtaíocht chomhchuibhithe níos sonraí eile
de chuid an AE a shoiléiriú freisin. Déantar é a shoiléiriú freisin nach mbeidh
feidhm ag an gceanglas riachtanach maidir le húsáid réasúnach fuinnimh atá in
Iarscríbhinn I den Rialachán seo maidir le gné na héifeachtúlachta fuinnimh a
bhaineann le fearais a dhónn breoslaí gásacha a thagann faoi bheart cur chun
feidhme de chuid Threoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat do leagan amach
na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh[3]. Go dtí seo is iad na
bearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE Treoir 92/42/CEE
maidir le ceanglais éifeachtúlachta le haghaidh coirí uisce te nua arna lasadh
le breoslaí leachtacha nó gásacha[4],
Rialachán (AE) Uimh. 813/2013 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme
Treoir 2009/125/CE maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do théitheoirí
spáis agus comhthéitheoirí[5],
Rialachán (AE) Uimh. 814/2013 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme
Treoir 2009/125/CE maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do théitheoirí
uisce agus umair stórála uisce te[6]
agus Rialachán (AE) Uimh. 932/2012 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme
Treoir 2009/125/CE maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do
thriomadóirí rothlaim tí[7].
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le húsáid réasúnach fuinnimh atá sa
Rialachán seo maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha,
ach cumhdófar na fearais sin faoi bhearta curtha chun feidhme éicidhearthóireachta faoi Threoir 2009/125/CÉ. I gcás nach mbeidh
bearta curtha chun feidhme éicidhearthóireachta ann, beidh feidhm fós ag an
gceanglas maidir le húsáid réasúnach fuinnimh. Os a choinne sin, ní dhéanann
sin difear do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh
maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn agus maidir
le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le Treoir 2009/28/CE
maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn[8], Treoir 2010/31/AE
maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh[9]
agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh[10]. Ní mór na bearta sin,
lenar féidir, i gcásanna áirithe, teorainn a chur le suiteáil fearas gáis a chomhlíonann
an ceanglas maidir le húsáid réasúnach fuinnimh atá sa Rialachán seo, a bheith
i gcomhréir leis an gConradh agus aird a thabhairt ar an ngá atá le cur chun
feidhme comhtháite gach gné de dhlí an Aontais a áirithiú. Tá sé beartaithe leis an togra seo
Treoir 2009/142/CE a ailíniú leis an “bpacáiste earraí” a glacadh in 2008
agus go háirithe le Cinneadh an Chreata Nua Reachtaigh. Tá comhchreat leagtha amach i gCinneadh an
Chreata Nua Reachtaigh le haghaidh reachtaíocht chomhchuibhithe an AE maidir le
táirgí. Sa chreat sin tá forálacha a úsáidtear go coitianta i reachtaíocht an
AE maidir le táirgí (e.g. sainmhínithe, oibleagáidí maidir le hoibreoirí
eacnamaíocha, comhlachtaí dá dtugtar fógra, sásraí coimirce, etc.. Rinneadh na
forálacha coitianta sin a neartú chun a áirithiú gur féidir an reachtaíocht a
chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí i ngníomh. Tá
gnéithe nua, amhail oibleagáidí ar allmhaireoirí, tugtha isteach, gnéithe atá
ríthábhachtach chun sábháilteacht táirgí atá ar an margadh a fheabhsú. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cheana féin
naoi dTreoir a ailíniú le Cinneadh an Chreata Nua Reachtaigh laistigh de
phacáiste cur chun feidhme de chuid an Chreata Nua Reachtaigh a glacadh an
21 Samhain 2011. Chun comhsheasmhacht ar fud reachtaíocht
chomhchuibhithe an Aontais do tháirgí tionsclaíocha a áirithiú, i gcomhréir
leis an tiomantas polaitiúil mar thoradh ar Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh
a ghlacadh agus an oibleagáid dhlíthiúil dá bhforáiltear in Airteagal 2 de
Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh, is gá an togra seo a bheith i gcomhréir le
forálacha Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh. Tugtar aird sa togra seo ar Rialachán (AE)
Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
caighdeánú Eorpach[11]. Tugtar aird sa togra freisin ar an togra ón
gCoimisiún an 13 Feabhra 2013 le haghaidh Rialacháin maidir le
faireachas margaidh táirgí[12],
ina bhfuil sé beartaithe ionstraim dlí aonair a leagan amach maidir leis na
gníomhaíochtaí faireachais mhargaidh i réimse na n‑earraí neamhbhia, na
dtáirgí tomhaltais nó neamhthomhaltais agus na dtáirgí a thagann nó nach
dtagann faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Sa togra seo
comhcheanglaítear na rialacha maidir le faireachas margaidh ó
Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí[13], ó Rialachán (CE)
Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar
amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a
bhaineann le táirgí a mhargú[14]
agus ó reachtaíocht chomhchuibhithe earnáil‑shonrach chun cur le
héifeachtacht na ngníomhaíochtaí faireachais mhargaidh laistigh den Aontas. Sa
Rialachán atá beartaithe maidir le faireachas margaidh táirgí tá na forálacha
ábhartha maidir le faireachas margaidh agus clásail coimirce freisin. Dá bhrí
sin, ba cheart na forálacha sa reachtaíocht chomhchuibhithe earnáil‑shonrach
atá ann cheana a bhaineann le faireachas margaidh agus clásail coimirce a
bhaint den reachtaíocht chomhchuibhithe sin. Is é is cuspóir uileghabhálach don
Rialachán atá beartaithe creat faireachais mhargaidh an Aontais a shimpliú ó
bhonn chun gur fusa dá phríomhúsáideoirí é a úsáid, mar atá údaráis um
fhaireachas margaidh agus oibreoirí eacnamaíocha. Déantar foráil i
dTreoir 2009/142/CE maidir le nós imeachta clásail coimirce d'fhearais
gháis. I gcomhréir leis an gcreat atá le bunú leis an Rialachán atá beartaithe
maidir le faireachas margaidh táirgí, níl na forálacha maidir le faireachas
margaidh agus nósanna imeachta clásail coimirce dá bhforáiltear i gCinneadh an
Chreata Nua Reachtaigh san áireamh sa togra seo. Chun soiléire dhlíthiúil a
áirithiú, áfach, déantar tagairt don Rialachán atá beartaithe maidir le
faireachas margaidh táirgí. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí
eile an Aontais Tá an tionscnamh i
gcomhréir leis an nGníomh um an Margadh Aonair[15], inar cuireadh béim ar an ngá atá le
muinín tomhaltóirí as cáilíocht táirgí ar an margadh a áirithiú agus ar an
tábhacht a bhaineann le faireachas margaidh a neartú. Tá sé comhsheasmhach le
beartas fuinnimh an Aontais ó nach ndéanann sé difear do chur i bhfeidhm agus
cur chun feidhme reachtaíocht an AE maidir le soláthar fuinnimh i réimse na
héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh in‑athnuaite. Comhlánaíonn sé beartas an Aontais maidir le
soláthar agus éifeachtúlacht fuinnimh ó nach bhfuil feidhm aige i gcás ina
bhfuil feidhm ag gníomhartha níos sonraí de chuid an Aontais. Anuas air sin, tugtar
tacaíocht ann freisin do bheartas an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr
agus simpliú na timpeallachta rialála. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Rinneadh an t‑athbhreithniú ar
Threoir 2009/142/CE a phlé leis na saineolaithe náisiúnta atá freagrach as
an Treoir a chur chun feidhme, le fóram na gcomhlachtaí um measúnú
comhréireachta, leis an ngrúpa comhair riaracháin maidir le faireachas margaidh
agus rinneadh é a phlé i dteagmhálacha déthaobhacha le cumainn tionscail
freisin. San áireamh sa chomhairliúchán bhí cruinnithe
le Meitheal na mBallstát um Fhearais Gháis (WG‑GA), leis an Meitheal um
Athbhreithniú na Treorach maidir le Fearais Gháis (WG GAD REV) agus le Coiste
Comhairleach na Treorach maidir le Fearais Gháis (GAD‑AC). Rinneadh Staidéar Meastóireachta Ex post
in 2010‑2011, agus é d'aidhm aige meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí
chur chun feidhme Rialachán 2009/142/CE[16].
Sa staidéar rinneadh measúnú ar éifeachtacht Threoir 2009/142/CE, ar
thionchar na Treorach ar chuideachtaí agus úsáideoirí, ar bhacainní trádála a
d'fhéadfadh a bheith ann lena gcuirfí teorainn le saorghluaiseacht earraí, ar
thionscnamh agus ar leordhóthanacht fhorálacha na Treorach chun a áirithiú go
ndeartar agus go monaraítear fearais a dhónn breoslaí gásacha agus feistis a
chuirtear ar an margadh agus/nó a chuirtear i mbun seirbhíse i gcomhréir léi,
sa chaoi go bhfeidhmeoidh siad go sábháilte agus nach mbeidh aon rioscaí a
bhaineann le gás i gceist leo. Cé gurbh í conclúid an staidéir
mheastóireachta go raibh Treoir 2009/142/CE ag feidhmiú i gceart agus gur
chuir sí leis an bhfeabhas ar shábháilteacht fearas a dhónn breoslaí gásacha,
léiríodh roinnt réimsí sa staidéar ina bhféadfaí dul i bhfeabhas. Idir Nollaig 2011 agus Márta 2012,
reáchtáladh comhairliúchán poiblí agus ba é an príomhchuspóir a bhí leis
dearcaí agus tuairimí a fháil ó na húdaráis, monaróirí, cumainn, eagraíochtaí
caighdeánaithe, comhlachtaí dá dtugtar fógra, eagraíochtaí tomhaltóirí agus
saoránaigh i dtaca le ceisteanna éagsúla ar ghá aghaidh a thabhairt orthu agus
na roghanna do na hathbhreithnithe ar Threoir 2009/142/CE á gcur le
chéile. Bhí tábhacht leis an rannpháirtíocht sa
chomhairliúchán poiblí agus fuair seirbhísí an Choimisiúin 90 freagra ina raibh
tuairimí ó na húdaráis phoiblí, cumainn tionscail, comhlachtaí dá dtugtar
fógra, eagraíochtaí caighdeánaithe agus tomhaltóirí, fiontair mhóra agus
fiontair bheaga agus mheánmhéide agus custaiméirí. Tá torthaí an chomhairliúcháin phoiblí
foilsithe ar: http://ec.europa.eu/enterprise/sectors/pressure‑and‑gas/files/gad/publ‑cons‑summary_en.pdf
Le linn an phróisis chomhairliúcháin sna
fóraim ar fad lena mbaineann léiríodh tacaíocht fhorleathan don athbhreithniú. Táthar ar aon intinn faoin ngá atá le hailíniú
leis an gCreat Nua Reachtach agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an gcreat
rialála ginearálta atá ann cheana. Tugann na húdaráis lántacaíocht don bheart
mar déanfar an córas atá ann cheana a neartú agus cuirfear feabhas ar an
gcomhar ar leibhéal an AE. Bítear ag súil sa tionscal le cothrom iomaíochta
níos fearr mar thoradh ar bhearta níos éifeachtaí in éadan táirgí nach
gcomhlíonann an reachtaíocht, chomh maith le héifeacht simpliúcháin de bharr
ailíniú na reachtaíochta. Cuireadh údair áirithe imní in iúl i dtaca le roinnt
oibleagáidí nach mór a chur i bhfeidhm, áfach, chun éifeachtúlacht faireachais
mhargaidh a mhéadú. Ní bheidh costas suntasach don tionscal i gceist leis na
bearta sin agus ba cheart gur mhó i bhfad an tairbhe a bhainfeadh le faireachas
margaidh feabhsaithe ná na costais. Saineolas a bhailiú agus a úsáid ‑
Measúnú tionchair Rinneadh measúnú tionchair ar an athbhreithniú
ar Threoir 2009/142/CE. Tá na roghanna éagsúla maidir le hathbhreithniú ar
na gnéithe a bhaineann leis an earnáil ó Threoir 2009/142/CE leagtha amach
go mion sa mheasúnú tionchair. Maidir le hailíniú na ngnéithe a bhaineann
leis an gCreat Nua Reachtach, i dtuarascáil an mheasúnaithe tionchair maidir
leis na hathbhreithnithe ar Threoir 2009/142/CE déantar tagairt don mheasúnú
tionchair ghinearálta a rinneadh faoi chuimsiú phacáiste chur chun feidhme an
Chreata Nua Reachtaigh an 21 Samhain 2011[17]. Go háirithe, táthar ag súil go mbeidh na
modhnuithe a dhéanfar mar thoradh ar an ailíniú le Cinneadh an Chreata Nua
Reachtaigh, agus an tionchar a bheidh ag na modhnuithe sin, mar a chéile is a
bheidh ag na naoi dTreoir maidir le comhchuibhiú táirgí atá sa Phacáiste
Ailínithe. Rinneadh mionscrúdú cheana féin i dTuarascáil
an Mheasúnaithe Tionchair maidir leis an bPacáiste Ailínithe sin ar na roghanna
éagsúla, atá go hiomlán mar a chéile i dtaca le Treoir 2009/142/CE. Bhí
anailís sa Tuarascáil freisin ar an tionchar a bheadh ag an ailíniú reachtach
le forálacha Chinneadh an Chreat Nua Reachtaigh. Dá bhrí sin, ní dhearnadh scrúdú i dTuarascáil
an Mheasúnaithe Tionchair maidir leis an athbhreithniú ar
Threoir 2009/142/CE ar na gnéithe sin agus díríodh ar cheisteanna sonracha
a bhaineann le Treoir 2009/142/CE chomh maith leis na bealaí chun aghaidh
a thabhairt orthu. Bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh, rinneadh
scrúdú sa mheasúnú tionchair a rinne an Coimisiún ar thrí rogha maidir le
fadhbanna agus ceisteanna a bhaineann le Treoir 2009/142/CE agus cuireadh
na trí rogha sin i gcomparáid lena chéile. Rogha 1 ‑ “Ná déan rud ar bith” ‑
Gan aon athrú ar na dálaí atá ann cheana Ní bheartaítear aon athrú ar
Threoir 2009/142/CE faoin rogha seo. Rogha 2 ‑ Idirghabháil trí
bhearta neamhreachtacha I Rogha 2 déantar an cás a mheas ina
spreagfaí idirghabhálacha deonacha chun na ceisteanna lena mbaineann a
réiteach, e.g., doiciméid treorach ina bhfuil léirmhíniú comhaontaithe ar
Threoir 2009/142/CE. Rogha 3 ‑ Idirghabháil trí
bhearta reachtacha Beartaítear Treoir 2009/142/CE a mhodhnú
faoin rogha seo. Fuarthas amach
gurb í rogha 3 an rogha is fearr mar: –
meastar í a bheith níos éifeachtaí ná rogha 2:
de dheasca easpa forfheidhmiúcháin ar rogha 2 ní féidir a bheith cinnte go
mbeadh dea‑thionchar ag an rogha sin; –
níl costas suntasach ag baint léi d'oibreoirí
eacnamaíocha agus comhlachtaí dá dtugtar fógra; ina gcás siúd atá ag gníomhú go
freagrach, níl aon chostas breise tuartha nó níl ach costas fíorbheag tuartha,
mar níl aon athrú ar an raon feidhme ná ar na forálacha ar an iomlán agus ní
chuirtear ach soiléirithe dlíthiúla isteach; –
ní fhéadfaí aon tionchair shuntasacha eacnamaíocha
ná sóisialta a shainaithint; –
Ní thugann rogha 1 ná rogha 2 freagra ar
neamhréireachtaí ná ar dhébhríonna dlí agus, dá bhrí sin, ní chuirfear
Treoir 2009/142/CE chun feidhme ar bhealach níos fearr. Cuimsíonn an togra an méid seo a leanas: ·
an teorainn teochta 105°C atá as dáta a bhaint de
shainiú an raoin feidhme. ·
Sainmhínithe atá ar lár faoi láthair a thabhairt
isteach le haghaidh na téarmaíochta earnáil‑shonraí faoi
Threoir 2009/142/CE; ·
Ábhar comhchuibhithe agus foirm chomhchuibhithe a
thabhairt isteach de chumarsáid na mBallstát faoi Airteagal 2(2) de
Threoir 2009/142/CE, i dtaca leis na cineálacha gáis agus na brúnna
soláthair comhfhreagracha a úsáidtear ina gcríocha; ·
An gaol idir Treoir 2009/142/CE agus
reachtaíocht chomhchuibhithe eile an AE a shoiléiriú, lena n‑áirítear bearta
curtha chun feidhme éicidhearthóireachta faoi Threoir 2009/124/CÉ agus
ionstraimí beartais fuinnimh eile de chuid an Aontais; ·
Feabhas a chur ar inléiteacht chuid d'fhorálacha
Threoir 2009/142/CE. De bharr thionchar an togra déanfar iomaíochas
fiontar Eorpach a neartú mar thoradh ar chothrom iomaíochta a chinntiú do na
hoibreoirí eacnamaíochta agus beidh cosaint sábháilteachta níos fearr ann do
chustaiméirí agus úsáideoirí deiridh eile. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Raon feidhme agus sainmhínithe Is ionann raon feidhme an Rialacháin atá
beartaithe agus raon feidhme Threoir 2009/142/CE, ina gcumhdaítear
“fearais” agus “feistis”. Faoin togra tugtar isteach roinnt sainmhínithe
a bhaineann le ceisteanna earnáil‑shonracha, chun inléiteacht an togra a
fheabhsú. Anuas air sin, cuireadh isteach na
sainmhínithe ginearálta a tháinig as an ailíniú le Cinneadh an Chreata Nua
Reachtaigh. 3.2. Cumarsáid na mBallstát maidir le
coinníollacha soláthair gáis ina gcríocha Sa Rialachán atá beartaithe tá
Airteagal 2(2) reatha de Threoir 2009/142/CE, agus de réir an
Airteagail sin ní mór do na Ballstáit na cineálacha gáis agus na brúnna
soláthair comhfhreagracha a úsáidtear ina gcríocha agus aon athruithe ar a gcoinníollacha
soláthair gáis a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún Eorpach.
Ina dhiaidh sin, foilsítear an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh[18]. Tá an fhaisnéis sin an‑tábhachtach do
mhonaróirí mar tá na coinníollacha soláthair gáis san áit a gcuirtear fearas a
dhónn breoslaí gásacha i mbun seirbhíse an‑tábhachtach d'fheidhmiú
sábháilte agus ceart an fhearais. Dá bhrí sin, ní mór don mhonaróir an ghné sin
a chur san áireamh agus é ag an gcéim deartha. Is réamhriachtanas é fáil a bheith ar fhaisnéis
leordhóthanach chun marc nó marcanna na "catagóire fearais" a
chinneadh, comharthaí nach mór a thaispeáint ar an bhfearas agus atá sainithe
ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN). Faoi láthair, cuirtear an fhaisnéis
sin ar fáil sa chaighdeán comhchuibhithe hEN 437:2003+A1:2009 agus i
gcaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha maidir le táirgí sonracha. Ós rud é nach leor an fhaisnéis atá foilsithe
faoi láthair, áfach, is gá na paraiméadair ba cheart do na Ballstáit a chur in
iúl chun leordhóthanacht agus inchomparáideacht na faisnéise sin a áirithiú a
chinneadh ar bhealach níos fearr. Anuas air sin, tá na
coinníollacha soláthair gáis san Aontas á bhforbairt go tapa faoi láthair. Is
éard is cúis leis sin, i measc nithe sin, cuspóir ginearálta an Aontais
coibhneas an fhuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a mhéadú. Mar thoradh air
sin, déanfar níos mó agus níos mó gás ó fhoinsí neamhthraidisiúnta[19] a
sholáthar trí líonraí logánta aonair agus trína gcur sna líonraí dáileacháin
gáis nádúrtha. D'ainneoin na n‑iarrachtaí
leibhéal comhchuibhithe níos airde ar cháilíochtaí gáis a bhaint amach ar fud
na hEorpa[20],
is éard a bheidh mar thoradh ar ídiú de réir a chéile na bhfoinsí gáis arna
mbaint ó roinnt gáscheantar agus bithghás arna gcur ina n‑ionad
éagsúlacht níos mó ó thaobh cáilíochtaí gáis. Ós rud é nach bhfuil na cineálacha gáis agus a
mbrúnna soláthair faoi réir comhchuibhiú faoi chuimsiú Threoir 2009/142/CE
agus nach féidir iad a bheith faoi réir comhchuibhiú den chineál sin faoin
togra seo, ní mór ceist na cáilíochta gáis a chur san áireamh sa togra chun an
nasc le sábháilteacht agus feidhmíocht na bhfearas a áirithiú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go n‑áirithítear
leis an togra seo go bhfuil faisnéis leordhóthanach ag na monaróirí faoi na
cineálacha gáis agus brúnna soláthair atá ar fáil mar tá fearais gháis an‑íogair
i dtaca lena bhfuil sa bhreosla. Le linn na céime deartha, is éard a bheadh mar
thoradh ar phíosaí faisnéise atá ar lár nó nach leor fearais nach bhfuil
sábháilte agus/nó nach bhfeidhmíonn i gceart (e.g. leibhéal éifeachtúlachta
fuinnimh atá laghdaithe go mór) á gcur ar an margadh. Sa togra, dá bhrí sin, sainítear na
paraiméadair ba cheart a chur san áireamh sa chumarsáid, chun a áirithiú go
bhfuil na fearais i gcomhréir níos mó leis na coinníollacha soláthair gáis agus
déantar foráil maidir le foirm chomhchuibhithe don chumarsáid sin. 3.3. Fearais agus feistis gháis a chur ar
fáil ar an margadh, oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha, an comhartha CE,
saorghluaiseacht Sa togra tá na gnáthfhorálacha maidir le
reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a bhaineann le táirgí agus leagtar
amach oibleagáidí na n‑oibreoirí eacnamaíocha ábhartha (monaróirí,
ionadaithe údaraithe, hallmhaireoirí agus dáileoirí), i gcomhréir le Cinneadh
an Chreata Nua Reachtaigh. De réir Threoir 2009/142/CE, ní bhíonn an
comhartha CE ar na feistis (mar níl siad faoi réir nós imeachta clásail
coimirce). Ní fearais a dhónn breoslaí gásacha iad feistis; is táirgí
idirmheánacha iad a chuirtear ar fáil go leithleach idir ghairmithe amháin agus
atá beartaithe lena gcur isteach i bhfearas sula gcuirtear an fearas ar an
margadh. De réir Threoir 2009/142/CE, áfach, ní mór deimhniú a bheith ag
gabháil le feistis ina ndearbhaítear go bhfuil siad i gcomhréir le forálacha na
Treorach agus ina sonraítear a saintréithe agus conas ba cheart iad a chur
isteach i bhfearas nó a chóimeáil chun na ceanglais riachtanacha is infheidhme
maidir le fearais chríochnaithe a chomhlíonadh. Ós rud é go gcuireann dearadh
iomchuí feistis le feidhmiú ceart agus sábháilte fearais chríochnaithe agus
nach féidir measúnú a dhéanamh ar rioscaí an fhearais a bhaineann le gás ach
tar éis an feisteas a chur isteach, coinnítear an fhoráil atá ann cheana sa
Rialachán atá beartaithe gan an comhartha CE a bheith ar na feistis. Ar mhaithe
le soiléireacht, áfach, tugtar “Deimhniú comhréireachta an fheistis” anois ar
an deimhniú a ghabhann le feistis faoi Threoir 2009/142/CE, chun a bhfuil
ann a shainiú ar bhealach níos fearr agus a ghaol leis an gceanglas maidir le
deimhniú comhréireachta an AE a shoiléiriú faoi reachtaíocht chomhchuibhithe
eile an Aontais a d'fhéadfadh a bheith infheidhme. 3.4. Caighdeáin chomhchuibhithe Le comhlíonadh caighdeán comhchuibhithe
déantar foráil maidir le toimhde comhréireachta leis na ceanglais riachtanacha.
I Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 tá creat dlíthiúil cothrománach leagtha
amach do chaighdeánú Eorpach. Sa Rialachán tá forálacha inter alia
maidir le hiarrataí ar chaighdeánú ón gCoimisiún chuig an Eagraíocht Eorpach um
Chaighdeánú, maidir leis an nós imeachta do chur in aghaidh caighdeán
comhchuibhithe agus maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí sa phróiseas
caighdeánaithe. Dá réir sin, níl forálacha Threoir 2009/142/CE ina
gcumhdaítear na gnéithe céanna tugtha isteach arís sa togra seo de bharr cinnteachta
dlíthiúla. 3.5. Comhlachtaí dá dtugtar fógra Tá sé ríthábhachtach go bhfeidhmeodh
comhlachtaí dá dtugtar fógra i gceart chun ardleibhéal cosanta sláinte agus
sábháilteachta a áirithiú agus ar mhaithe le muinín gach páirtí leasmhair as
córas an Chur Chuige Nua. Dá bhrí sin, de réir Chinneadh an Chreata Nua
Reachtaigh, neartaítear leis an togra na critéir maidir le fógra a thabhairt do
chomhlachtaí dá dtugtar fógra agus tugtar isteach ceanglais shonracha d'údaráis
a thugann fógra. 3.6. Measúnú comhréireachta Sa togra coinnítear na nósanna imeachta um
measúnú comhréireachta dá bhforáiltear faoi Threoir 2009/142/CE. Tugtar na
modúil chomhfhreagracha cothrom le dáta i gcomhréir le Cinneadh an Chreata Nua
Reachtaigh, áfach. Go háirithe, coinnítear an ceanglas maidir le
hidirghabháil ó chomhlacht dá dtugtar fógra i gcéim deartha agus táirgthe gach
fearais agus feistis. Anuas air sin, coinnítear an cur chuige atá
ann faoi láthair i leith na céime deartha ina mbíonn an scrúdú cineáil a
dhéanann an comhlacht dá dtugtar fógra ar an táirge i bhfoirm scrúdaithe ar an
bhfearas nó feisteas deiridh. Dá bhrí sin, i gcomhréir le
hAirteagal 4(6) de Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh, ní dhéantar foráil
ann ach maidir le scrúdú cineáil an AE (cineál táirgeachta), mar meastar an
scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil i gcomhar leis an scrúdú ar an gcineál
deiridh, mar atá i dTreoir 2009/142/CE, a bheith ag freagairt níos fearr
do na rioscaí arda a bhaineann le sábháilteacht gáis. 3.7. Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe Faoin togra tugtar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, más iomchuí, chun cur i bhfeidhm
aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú i ndáil le comhlachtaí dá dtugtar
fógra nach gcomhlíonann na ceanglais maidir lena bhfógra nó nach gcomhlíonann
iad a thuilleadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis
na forálacha maidir le gníomhartha cur chun feidhme atá leagtha síos i
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún
an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail
ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú
chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin. Faoin togra tugtar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, más iomchuí, i gcomhréir le
hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le hábhar agus foirm chumarsáid na
mBallstát a bhaineann le coinníollacha soláthair gáis ina gcríocha, chun
forbairtí teicniúla a chur san áireamh. 3.8. Forálacha críochnaitheacha Beidh an Rialachán atá beartaithe infheidhme
dhá bhliain tar éis a theachta i bhfeidhm chun am a thabhairt do na monaróirí,
na comhlachtaí dá dtugtar fógra, na Ballstáit agus na Comhlachtaí Eorpacha um
Chaighdeánú, iad féin a chur in oiriúint do na ceanglais nua. Ní mór tús a chur le hainmniú na gcomhlachtaí
dá dtugtar fógra de bhun na gceanglas agus an phróisis nua go gairid tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, áfach. Ar an gcaoi sin, áiritheofar go
mbeidh leordhóthain comhlachtaí dá dtugtar fógra ainmnithe i gcomhréir leis na
rialacha nua faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe chun
fadhbanna le leanúnachas táirgeachta agus soláthar margaidh a sheachaint. Déantar foráil maidir le foráil
idirthréimhseach do na deimhnithe arna n‑eisiúint ag comhlachtaí dá
dtugtar fógra faoi Threoir 2009/142/CE ionas gur féidir stoic a
chomhghabháil agus aistriú réidh go dtí na ceanglais nua a áirithiú. Déanfar Treoir 2009/142/CE a aisghairm
agus cuirfear an Rialachán atá beartaithe ina hionad. 3.9. Inniúlacht an Aontais, bunús dlí,
prionsabal na coimhdeachta agus foirm dlí Bunús dlí Bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh
atá an togra. Prionsabal na coimhdeachta Tagann prionsabal na coimhdeachta chun cinn go
háirithe maidir leis na forálacha nua a cuireadh isteach a bhfuil sé d'aidhm
acu feabhas a chur ar fhorfheidhmiú éifeachtach Threoir 2009/142/CE,
eadhon, oibleagáidí na n‑oibreoirí eacnamaíocha, na forálacha maidir le
hinrianaitheacht, na forálacha maidir le measúnú ar chomhlachtaí um measúnú
comhréireachta agus maidir le fógra a thabhairt ina leith. Leis an taithí a fuarthas ar an reachtaíocht a
fhorfheidhmiú léiríodh go bhfuil cineálacha cur chuige éagsúla ann agus go
gcaitear le hoibreoirí eacnamaíocha laistigh den Aontas ar bhealaí difriúla mar
thoradh ar bhearta ar an leibhéal náisiúnta, rud a bhaineann an bonn de
chuspóirí Threoir 2009/142/CE. Dá ndéanfaí bearta ar an leibhéal náisiúnta
chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna, bheadh an baol ann go gcuirfí
constaicí roimh shaorghluaiseacht earraí. Anuas air sin, tá bearta ar an
leibhéal náisiúnta teoranta d'inniúlacht chríche Ballstáit. Is féidir na
cuspóirí atá leagtha amach a bhaint amach i bhfad níos fearr le gníomhaíocht
chomhordaithe ar leibhéal an Aontais, agus is féidir, go háirithe, faireachas
margaidh níos éifeachtaí a chur i gcrích. Dá bhrí sin, is iomchuí bearta a
dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Comhréireacht I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta,
ní théann na modhnuithe atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun na
cuspóirí atá leagtha síos a bhaint amach. Leis na hoibleagáidí nua nó modhnaithe ní
fhorchuirtear ualaí agus costais nach gá ar an tionscal ‑ go háirithe ar
fhiontair bheaga agus mheánmhéide ‑ ná ar lucht riaracháin. I gcás inar
sainaithníodh go bhfuil tionchar diúltach ag na modhnuithe, is é is aidhm don
anailís ar thionchar na rogha an fhreagairt is mó atá i gcomhréir leis na
fadhbanna atá sainaitheanta a chur ar fáil. Baineann roinnt modhnuithe le
feabhas ar shoiléire na Treorach atá ann cheana gan ceanglais nua lena
mbaineann costas breise a thabhairt isteach. Teicníc reachtach Tá an togra i bhfoirm Rialacháin. San aistriú atá beartaithe ó Threoir go
Rialachán tá aird ar chuspóir ginearálta an Choimisiúin an timpeallacht rialála
a shimpliú agus ar an ngá atá le cur chun feidhme aonfhoirmeach na
reachtaíochta atá beartaithe ar fud an Aontais a áirithiú. Tá an Rialachán atá beartaithe bunaithe ar
Airteagal 114 den Chonradh agus is é is aidhm dó feidhmiú ceart an
mhargaidh inmheánaigh d'fhearais gháis a áirithiú. Forchuireann sé rialacha
soiléire agus mionsonraithe a bheidh infheidhme ar bhealach aonfhoirmeach go
comhuaineach ar fud an Aontais. I gcomhréir leis na
prionsabail chomhchuibhithe iomlána, ní cheadaítear do na Ballstáit ceanglais
bhreise ná ceanglais níos déine a fhorchur ina reachtaíocht náisiúnta maidir le
fearais gháis a chur ar an margadh. Go háirithe, ní mór gur comhionann i ngach
Ballstát na ceanglais riachtanacha éigeantacha agus na nósanna imeachta um
measúnú comhréireachta a gcaithfidh na monaróirí cloí leo. Is ionann é sin i dtaca
leis na forálacha atá tugtha isteach mar thoradh ar an ailíniú le Cinneadh an
Chreata Nua Reachtaigh. Tá na forálacha sin soiléir agus sách cruinn ionas gur
féidir leis na gníomhaithe lena mbaineann iad a chur i bhfeidhm go díreach. Ní dhéantar na
hoibleagáidí a fhoráiltear do na Ballstáit, amhail an oibleagáid na comhlachtaí
um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a cheapadh agus fógra a thabhairt dóibh a
thrasuí, in aon chás, ina ndlí náisiúnta; cuireann na Ballstáit chun feidhme
iad trí bhíthin na socruithe rialála agus riaracháin is gá. Ní thiocfaidh athrú
air sin nuair a bheidh na hoibleagáidí lena mbaineann leagtha amach i
Rialachán. Dá bhrí sin, is ar éigean
go bhfuil aon solúbthacht ag na Ballstáit i ndáil le Treoir a thrasuí ina
ndlí náisiúnta. Trí Rialachán a roghnú, áfach, beidh siad in ann na costais a
bhaineann le Treoir a thasuí a sheachaint. Anuas air sin, le Rialachán seachnaítear an
baol a bhaineann leis an gcaoi a bhféadfadh na Ballstáit éagsúla Treoir a
thrasuí ar bhealaí éagsúla; d'fhéadfadh leibhéil éagsúla cosanta sábháilteachta
teacht as sin agus constaicí a bheith ann roimh an margadh inmheánach, rud a
bhainfeadh an bonn dá cur chun feidhme éifeachtach. Ní bheidh aon athrú ar an
gcur chuige reachtach mar thoradh ar an aistriú ó Threoir go Rialachán. Coinneofar saintréithe an
Chur Chuige Nua ina n‑iomláine, go háirithe an tsolúbthacht a thugtar do
mhonaróirí i dtaca le rogha faoi na modhanna arna n‑úsáid chun na
ceanglais riachtanacha a chomhlíonadh agus i dtaca le rogha faoin nós imeachta
arna úsáid, i measc na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá ar fáil,
chun comhlíonadh fearas gáis a léiriú. Ní dhéanfaidh cineál na hionstraime dlí
difear do na sásraí atá ann cheana a chuireann le cur chun feidhme na
reachtaíochta (próiseas caighdeánaithe, meithleacha, comhar riaracháin,
doiciméid treorach a fhorbairt etc.). Anuas air sin, ní chiallaíonn rogha an
Rialacháin go bhfuil an próiseas cinnteoireachta láraithe. Coinníonn na
Ballstáit a n‑inniúlacht e.g. maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra a
ainmniú agus a chreidiúnú, faireachas margaidh agus gníomhaíocht
fhorfheidhmiúcháin agus a gcoinníollacha soláthair gáis a shainiú fad nach
bhfuil na cáilíochtaí gáis comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Ar deireadh, le húsáid an
Rialacháin i réimse na reachtaíochta maidir leis an margadh inmheánach, is
féidir, i gcomhréir leis an rogha atá curtha in iúl ag na geallsealbhóirí
freisin, an baol a bhaineann le 'rórialáil' a sheachaint. Is féidir le
monaróirí obair go díreach le téacs na Reachtaíochta freisin gan gá 28 dlí
maidir le trasuíomh a shainaithint agus a scrúdú. Ar an mbonn sin, meastar
gurb í rogha Rialacháin an réiteach is oiriúnaí do gach páirtí lena mbaineann
mar is féidir an reachtaíocht atá beartaithe a chur i bhfeidhm ar bhealach níos
tapa agus níos comhtháite agus bunófar timpeallacht rialála níos soiléire
d'oibreoirí eacnamaíocha. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Ní dhéanfaidh an togra aon difear do bhuiséad
an Aontais. 5. FAISNÉIS BHREISE Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana Aisghairfear Treoir 2009/142/CE de
thoradh an togra a ghlacadh. An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an togra seo leis an LEE agus ba
cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann. 2014/0136 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[21], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) I dTreoir 2009/142/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fearais a dhónn breoslaí
gásacha[22]
tá rialacha leagtha síos maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha a chur ar
an margadh agus a chur i mbun seirbhíse. (2) Tá Treoir 2009/142/CE
bunaithe ar phrionsabail an Chur Chuige Nua, mar atá leagtha amach sa Rún ón
gComhairle maidir le cur chuige nua i leith comhchuibhiú teicniúil agus
caighdeánú[23].
Dá bhrí sin, níl ach na ceanglais riachtanacha a bhfuil feidhm acu maidir le
fearais a dhónn breoslaí gásacha leagtha amach inti, cé go nglacann an Coiste
Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil
(CENELEC) sonraí teicniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Caighdeánú Eorpach[24]. Fágann comhréireacht
leis na caighdeáin chomhchuibhithe mar atá leagtha amach, a bhfuil a n‑uimhreacha
tagartha foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhde
comhréireachta le ceanglais Threoir 2009/142/CE. Tá sé léirithe sa taithí
a fuarthas gur oibrigh na bunphrionsabail sin go maith san earnáil sin agus ba
cheart iad a choinneáil agus a chur chun cinn tuilleadh. (3) Tá sé léirithe sa taithí a
fuarthas ar Threoir 2009/142/CE a chur chun feidhme gur gá cuid dá
forálacha a mhodhnú chun iad a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta agus
deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, dá bhrí sin, maidir leis na sainmhínithe a bhaineann
lena raon feidhme, le hábhar chumarsáid na mBallstát i dtaca lena gcineálacha
gáis agus a mbrúnna soláthair agus le ceanglais riachtanacha áirithe. (4) Ós rud é gur cheart
athbhreithniú a dhéanamh agus feabhas a chur ar ghnéithe áirithe de
Threoir 2009/142/CE, ar mhaithe le soiléire ba cheart an Treoir sin a
aisghairm. Ós rud é nach mór gur comhionann an raon feidhme, na ceanglais
riachtanacha agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i ngach
Ballstát, is ar éigean go bhfuil aon solúbthacht ann maidir le Treoir atá
bunaithe ar phrionsabail an Chur Chuige Nua a thasuí ina dlí náisiúnta. Chun an
creat rialála a shimpliú, ba cheart Rialachán a chur in ionad
Threoir 2009/142/CE, arb é an ionstraim dlí oiriúnach é mar forchuirfear
leis rialacha soiléire mionsonraithe a fhágann nach féidir leis na Ballstáit
iad a thrasuí ar bhealaí éagsúla agus áiritheofar leis, dá bhrí sin, go
gcuirfear chun feidhme go haonfhoirmeach é ar fud an Aontais. (5) Le Cinneadh
Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
creat comhchoiteann chun táirgí a mhargú[25]
leagtar síos creat comhchoiteann prionsabal ginearálta agus forálacha tagartha
a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith acu ar fud na reachtaíochta lena
gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú, ar mhaithe le bonn
comhtháite a chur ar fáil chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin
nó í a athmhúnlú. Chun comhsheasmhacht le reachtaíocht earnála eile maidir le
táirgí a áirithiú, ba cheart Treoir 2009/142/CE a chur in oiriúint don
Chinneadh sin. (6) Le Rialachán (CE) Uimh.
765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na
ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le
táirgí a mhargú[26]
leagtar síos forálacha cothrománacha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú
comhréireachta [faireachas margaidh táirgí agus rialuithe ar tháirgí ó thríú
tíortha] agus an comhartha CE. (7) I Rialachán (AE)
Uimh. […/…] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[27] [maidir le faireachas margaidh
táirgí] tá rialacha mionsonraithe le fáil maidir le faireachas margaidh agus
maidir le rialuithe ar tháirgí a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha,
lena n‑áirítear fearais a dhónn breoslaí gásacha. Leagtar amach ann
freisin nós imeachta clásail coimirce. Ba cheart do na Ballstáit faireachas
margaidh a eagrú agus a dhéanamh, údaráis um fhaireachas margaidh a cheapadh
agus a gcumhachtaí agus a ndualgais a shainiú. Ba cheart dóibh cláir
ghinearálta agus earnáil‑shonracha um fhaireachas margaidh a bhunú
freisin. (8) Ba cheart raon feidhme
Threoir 2009/142/CE a choinneáil. Ba cheart feidhm a bheith ag an
Rialachán maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus maidir le feistis
arna gcur isteach i bhfearas a dhónn breoslaí gásacha. Is fearais bhaile agus
tráchtála iad fearais a dhónn breoslaí gásacha a bhfuil roinnt feidhmeanna
sonraithe leo. (9) Ba cheart go mbeadh sé mar
aidhm ag an Rialachán seo feidhmiú mhargadh inmheánach na bhfearas a dhónn
breoslaí gásacha agus na bhfeisteas a áirithiú maidir le rioscaí sábháilteachta
gáis agus éifeachtúlacht fuinnimh. (10) Níor cheart feidhm a bheith ag
an Rialachán seo i gcás ina gcumhdaíonn reachtaíocht chomhchuibhithe eile an
Aontais na gnéithe atá cumhdaithe faoin Rialachán seo ar bhealach níos sonraí.
Ina measc tá na bearta arna n‑eisiúint faoi Threoir 2009/125/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[28]
lena mbunaítear creat do cheanglais éicidhearthóireachta. (11) Le hAirteagal 6 den
Rialachán seo coisctear na Ballstáit ar cheanglais níos déine maidir le
sláinte, sábháilteacht agus caomhnú fuinnimh a dhéanamh a chuirfeadh toirmeasc,
teorainn nó bac le fearais atá i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fáil
ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse. Os a choinne sin, ní chuirtear cosc
ar na Ballstáit, agus iad ag cur Treoracha eile de chuid an AE chun feidhme,
ceanglais a dhéanamh a dhéanfaidh difear d’éifeachtúlacht fuinnimh táirgí, lena
n‑áirítear fearais gháis, fad is go mbeidh na bearta sin i gcomhréir leis
an gConradh. (12) Le Treoir 2009/28/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29]
maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn,
ceanglaítear ar na Ballstáit bearta iomchuí a chur isteach ina gcuid rialachán
tógála chun go méadófar cion gach cineáil fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite
san earnáil tógála, le Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh[30], ceanglaítear ar na
Ballstáit íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a leagan síos d’fhoirgnimh agus le
Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
héifeachtúlacht fuinnimh[31],
ceanglaítear ar na Ballstáit bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun tomhaltas
fuinnimh a laghdú de réir a chéile i réimsí éagsúla lena n‑áirítear
réimse na bhfoirgneamh. (13) Ní dhéanann an Rialachán seo
difear don oibleagáid atá ar na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh maidir le
fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a úsáid agus éifeachtúlacht fuinnimh
foirgneamh i gcomhréir le Treoracha 2009/28/CE 2010/31/AE agus 2012/27/AE. Tá
sé comhsheasmhach le cuspóirí na dTreoracha sin go bhféadfar, i gcásanna
áirithe, teorainn a chur le suiteáil fearas gáis atá i gcomhréir leis an
gceanglas maidir le húsáid réasúnach fuinnimh atá sa Rialachán seo, fad is nach
mbeidh na ceanglais sin ina mbacainn mhargaidh dhochosanta. (14) Ba cheart do na Ballstáit na
bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirtear fearais a dhónn breoslaí
gásacha ar an margadh agus i mbun seirbhíse ach amháin i gcás nach gcuireann
siad sábháilteacht daoine, ainmhithe clóis agus maoine i mbaol, le linn
gnáthúsáide. (15) Ní dhéanann forálacha an
Rialacháin seo difear do theidlíocht na mBallstát rialacha a leagan síos maidir
le fearais a dhónn breoslaí gásacha a chur i mbun seirbhíse nó a scrúdú go
tráthrialta chun a áirithiú go suiteáiltear agus go n‑úsáidtear i gceart
iad agus go ndéantar cothabháil cheart orthu. (16) Ní dhéanann forálacha an
Rialacháin seo difear do theidlíocht na mBallstát ceanglais a leagan síos a
mheasfaidh siad a mbeidh gá leo maidir le gnéithe suiteála, dálaí aerála
spásanna agus gnéithe a bhaineann le sábháilteacht an fhoirgnimh féin agus a
fheidhmíocht fuinnimh, ar choinníoll nach bhforchuireann na forálacha sin
ceanglais deartha ar fhearais a dhónn breoslaí gásacha. (17) Ós rud é nach gcumhdaítear
faoin Rialachán seo na rioscaí sin de dheasca fearas a dhónn breoslaí gásacha
nach suiteáiltear nó nach n‑úsáidtear i gceart nó nach ndéantar
cothabháil cheart orthu, iarrtar ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a
áirithiú go gcuirtear an pobal ar an eolas maidir leis na rioscaí a bhaineann
le táirgí dócháin agus go háirithe aonocsaíd charbóin. (18) Cé nach ndéantar na
coinníollacha soláthair gáis sna Ballstáit a rialú leis an Rialachán seo, ba
cheart a chur san áireamh ann go bhfuil coinníollacha éagsúla i bhfeidhm sna
Ballstáit maidir le cineálacha gáis agus brúnna soláthair de cheal
chomhchuibhiú shaintréithe teicniúla an bhreosla ghásaigh. Tá comhdhéanamh agus
sonraíochtaí na gcineálacha gáis agus na mbrúnna soláthair san áit a gcuirtear
fearas a dhónn breoslaí gásacha i mbun seirbhíse an‑tábhachtach dá
fheidhmiú sábháilte agus ceart agus, dá bhrí sin, ba cheart an ghné sin a chur
san áireamh ag céim deartha an fhearais chun a chomhoiriúnacht do na cineálacha
gáis agus na brúnna soláthair dá bhfuil sé beartaithe a áirithiú. (19) Chun bacainní ar thrádáil a
sheachaint maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha ar chúinsí a bhaineann
leis an gcaoi nach bhfuil coinníollacha soláthair gáis comhchuibhithe fós agus,
dá bhrí sin, chun faisnéis leordhóthanach d'oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú,
ba cheart do na Ballstáit na cineálacha gáis agus brúnna soláthair a úsáidtear
ina gcríocha agus aon athruithe orthu a chur in iúl do na Ballstáit eile agus
don Choimisiún in am trátha. (20) Ba cheart do na Ballstáit an
fhaisnéis ábhartha is gá d'oibreoirí eacnamaíocha a chur san áireamh agus iad
ag cur na gcineálacha gáis agus na mbrúnna soláthair in iúl. Sa chreat sin, ní
bhaineann príomhfhoinse an bhreosla ghásaigh arna sholáthar le hábhar i dtaca
le saintréithe, feidhmíocht agus comhoiriúnacht fearas a dhónn breoslaí
gásacha, faoi na coinníollacha soláthair gáis arna gcur in iúl. (21) Agus na finte gáis agus grúpaí
gáis arna n‑úsáid ina gcríocha á gcinneadh, iarrtar ar na Ballstáit an
obair caighdeánaithe leanúnach atá ar siúl maidir le cáilíochtaí gáis a chur
san áireamh agus, dá bhrí sin, cur chuige comhtháite comhordaithe i leith
chomhchuibhiú na mbreoslaí gásacha trí chaighdeánú a áirithiú. (22) I gcás ina ndéanann na
Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás
nádúrtha[32]
agus obair caighdeánaithe leanúnach CEN i dtaca leis sonraíochtaí cáilíochta
gáis, bearta nithiúla ar mhaithe le húsáid níos leithne bithgháis trí ghás den
chineál sin a chur sa líonra dáileacháin gáis nó trí ghás den chineál sin a
dháileadh trí chórais aonair, ba cheart dóibh a gcumarsáid maidir le cineálacha
gáis a thabhairt cothrom le dáta go tráthúil ar eagla nach bhfanfaidh cáilíocht
an gháis arna sholáthar laistigh den raon cáilíochta a cuireadh in iúl roimhe. (23) I gcás ina mbunaíonn na
Ballstáit a bpleananna náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2009/28/CE chun a n‑oibleagáid
céatadán an fhuinnimh in‑athnuaite agus go háirithe an bhithgháis a
mhéadú san úsáid iomlán fuinnimh a chomhlíonadh, iarrtar orthu na
féidearthachtaí a bhaineann leis na gáis sin a chur sa líonra dáileacháin gáis
a mheas. (24) Ba cheart do na Ballstáit na
bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach ionann na coinníollacha soláthair
gáis agus bacainní ar thrádáil agus nach gcuirtear srian leo le fearais a dhónn
breoslaí gásacha atá comhoiriúnach do na coinníollacha soláthair gáis logánta a
chur i mbun seirbhíse. (25) Ba cheart go rachadh an
prionsabal saorghluaiseachta earraí chun tairbhe fearas a dhónn breoslaí
gásacha atá cumhdaithe faoi Rialachán seo a chomhlíonann na forálacha ann. Ba
cheart a bheith in ann na fearais sin a chur i mbun seirbhíse ar choinníoll go
bhfuil siad comhoiriúnach do na coinníollacha soláthair gáis logánta. (26) Le comhartha chatagóir an
fhearais atá curtha in iúl ar phláta sonraí an fhearais bunaítear nasc díreach
leis na finte gás agus/nó grúpaí gáis a bhfuil fearas a dhónn breoslaí gásacha
ceaptha iad a dhó go sábháilte ar an leibhéal feidhmíochta inmhianaithe agus
áirithítear, dá bhrí sin, comhoiriúnacht an fhearais leis na coinníollacha
soláthair gáis logánta. (27) Ba cheart cloí leis na
ceanglais riachtanacha maidir le sábháilteacht, sláinte agus úsáid réasúnach fuinnimh
chun a áirithiú go bhfuil fearais a dhónn breoslaí gásacha sábháilte nuair a
úsáidtear ar ghnáthbhealach iad ar an leibhéal feidhmíochta inmhianaithe. (28) Ba cheart na ceanglais
riachtanacha a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm sa chaoi a chuirfear staid na
teicneolaíochta tráth an deartha agus an mhonaraithe san áireamh chomh maith le
gnéithe teicniúla agus eacnamaíocha atá comhsheasmhach le hardleibhéal sláinte,
cosanta sábháilteachta agus úsáid réasúnach fuinnimh. (29) Ba cheart oibreoirí
eacnamaíocha a bheith freagrach as comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag
fearais a dhónn breoslaí gásacha agus ag feistis, maidir lena róil sa slabhra
soláthair, chun ardleibhéal cosanta leasanna an phobail, amhail an tsláinte, an
tsábháilteacht, úsáid réasúnach fuinnimh agus cosaint custaiméirí agus
úsáideoirí eile, ainmhithe clóis agus maoine a áirithiú agus chun iomaíocht
chothrom ar mhargadh an Aontais a áirithiú. (30) Na hoibreoirí eacnamaíocha a
mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte, ba cheart dóibh gach beart is
iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach
fearais a dhónn breoslaí gásacha atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is gá
foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh
in oiriúint do ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra soláthair agus dáilte. (31) Is é an monaróir, a bhfuil
mioneolas aige ar an bpróiseas deartha agus táirgeachta, an duine is fearr chun
an nós imeachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh. Is ar an monaróir amháin
atá an oibleagáid measúnú comhréireachta a dhéanamh. (32) Ba cheart don mhonaróir
faisnéis leordhóthanach agus mhionsonraithe a chur ar fáil i dtaca le húsáid
bheartaithe an fhearais a dhónn breoslaí gásacha ionas gur féidir é a
shuiteáil, a chur i mbun seirbhíse, a úsáid agus a chothabháil i gceart agus go
sábháilte. D'fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis sin sonraíochtaí teicniúla
an idirghníomhaithe idir an fearas agus a thimpeallacht suiteála. (33) Chun an chumarsáid idir
oibreoirí eacnamaíocha, údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh agus
tomhaltóirí a éascú, ba cheart do na Ballstáit iarraidh ar na hoibreoirí
eacnamaíocha seoladh suímh ghréasáin a chur san áireamh chomh maith leis an
seoladh poist. (34) Ní mór a áirithiú go
gcomhlíonann na fearais a dhónn breoslaí gásacha agus feistis ó thríú tíortha a
thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo, agus go
háirithe go bhfuil nósanna iomchuí um measúnú comhréireachta déanta ag na
monaróirí i ndáil leis na fearais agus feistis sin. Dá bhrí sin, ba cheart
foráil a dhéanamh maidir le hallmhaireoirí chun a áirithiú go gcomhlíonann na
fearais a dhónn breoslaí gásacha agus feistis a chuireann siad ar an margadh
ceanglais an Rialacháin seo agus nach gcuireann siad fearais agus feistis nach
gcomhlíonann na ceanglais sin nó lena mbaineann riosca ar an margadh. Ba cheart
foráil a dhéanamh freisin maidir le hallmhaireoirí chun a áirithiú go bhfuil na
nósanna imeachta um measúnú comhréireachta déanta agus go bhfuil comharthaíocht
agus doiciméadacht an fhearais arna dtarraingt suas ag na monaróirí ar fáil le
haghaidh cigireachta ag na húdaráis inniúla mhaoirseachta. (35) Cuireann an dáileoir fearas a
dhónn breoslaí gásacha nó feisteas ar fáil ar an margadh tar éis é a bheith
curtha ar an margadh ag an monaróir nó ag an allmhaireoir agus ba cheart
dó gníomhú leis an gcúram is iomchuí chun a áirithiú nach ndéanann láimhseáil
an fhearais nó an fheistis difear díobhálach dá chomhlíonadh. (36) Agus fearas a dhónn breoslaí
gásacha nó feisteas á chur ar an margadh aige, ba cheart do gach
allmhaireoir a ainm, a thrádainm cláraithe nó a thrádmharc cláraithe agus
an seoladh poist lenar féidir dul i dteagmháil leis a léiriú ar an bhfearas nó
feisteas. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí sna cásanna nach
féidir é sin a dhéanamh de dheasca mhéid nó chineál an fhearais nó an fheistis.
Ina measc tá na cásanna ina mbeadh ar an allmhaireoir an pacáistiú a
oscailt chun a ainm agus a sheoladh a chur ar an táirge. (37) Maidir le haon
oibreoir eacnamaíoch a chuireann fearas a dhónn breoslaí gásacha nó
feisteas ar an margadh faoina ainm féin nó faoi thrádmharc nó a mhodhnaíonn
fearas a dhónn breoslaí gásacha nó feisteas sa chaoi a bhféadfaí difear a
dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart féachaint air
mar an monaróir agus ba cheart dó oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh chuige
féin. (38) Ba cheart do na dáileoirí agus
na hallmhaireoirí, atá gar don mhargadh, a bheith bainteach le cúraimí
faireachais mhargaidh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus ba
cheart dóibh a bheith réidh chun a bheith rannpháirteach go gníomhach tríd an
bhfaisnéis ar fad is gá a bhaineann leis an bhfearas a dhónn breoslaí gásacha
nó feisteas lena mbaineann a thabhairt do na húdaráis sin. (39) Trí inrianaitheacht fearais a
dhónn breoslaí gásacha nó feistis a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair ina
iomláine is féidir faireachas margaidh a dhéanamh níos simplí agus níos
éifeachtúla. Le córas inrianaitheachta éifeachtúil éascaítear cúram na n‑údarás
um fhaireachas margaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuir fearais a dhónn breoslaí
gásacha nó feistis nach bhfuil comhlíontach ar an margadh a rianú. (40) Ba cheart an Rialachán seo a
bheith teoranta do léiriú na gceanglas riachtanach. Chun measúnú comhréireachta
leis na ceanglais sin a éascú is gá foráil a dhéanamh maidir le toimhde
comhréireachta i dtaca le fearais a dhónn breoslaí gásacha nó feistis atá i
gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe a ghlactar i gcomhréir le
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le Caighdeánú Eorpach[33]
chun mionsonraíochtaí teicniúla na gceanglas sin a léiriú, go háirithe i dtaca
le dearadh, monarú, feidhmiú, tástáil úsáide réasúnaí fuinnimh agus suiteáil na
bhfearas a dhónn breoslaí gásacha. (41) Le Rialachán (AE)
Uimh. 1025/2012 déantar foráil maidir le nós imeachta i ndáil le hagóidí
in aghaidh caighdeán comhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin
ceanglais an Rialacháin seo go hiomlán. (42) Ionas gur féidir le hoibreoirí
eacnamaíocha a thaispeáint agus na húdaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonann
fearais a dhónn breoslaí gásacha nó feistis a chuirtear ar fáil ar an margadh
na ceanglais riachtanacha, is gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta
um measúnú comhréireachta. Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE bunaítear
modúil le haghaidh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ina bhfuil na
nósanna imeachta is scaoilte go dtí na cinn is déine, i gcomhréir le leibhéal
an riosca lena mbaineann agus leibhéal na sábháilteachta is gá. Chun comhtháthú
idirearnála a áirithiú agus chun malairtí ad hoc a sheachaint, ba cheart
na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú ó na modúil sin. (43) Ba cheart do mhonaróirí fearas
a dhónn breoslaí gásacha dearbhú comhréireachta an AE a tharraingt suas chun
faisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo faoi chomhréireacht fearais le
ceanglais an Rialacháin seo agus reachtaíochta comhchuibhithe ábhartha eile an
Aontais a chur ar fáil. (44) Chun rochtain éifeachtach ar
fhaisnéis chun críocha faireachais mhargaidh a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis
is gá chun na Gníomhartha Aontais ar fad is infheidhme maidir le fearas a dhónn
breoslaí gásacha a shainaithint a bheith ar fáil i ndearbhú comhréireachta
aonair de chuid an AE. (45) Ba cheart do mhonaróirí
feisteas deimhniú comhréireachta feistis a eisiúint chun faisnéis a
cheanglaítear faoin Rialachán seo faoi chomhréireacht feistis le ceanglais an
Rialacháin seo a chur ar fáil. I gcás ina bhfuil an feisteas faoi réir
reachtaíochta comhchuibhithe eile an Aontais freisin, ba cheart do mhonaróirí
feisteas, más ábhartha, dearbhú comhréireachta de chuid an AE a eisiúint
freisin i gcomhréir leis an reachtaíocht sin. (46) Is é an comhartha CE, lena
léirítear comhréireacht fearais a dhónn breoslaí gásacha, an iarmhairt
infheicthe ar phróiseas iomlán a chuimsíonn measúnú comhréireachta sa chiall is
leithne. Tá na prionsabail ghinearálta lena rialaítear an comhartha CE agus a
ghaol le comharthaí eile leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ba
cheart rialacha lena rialaítear an comhartha CE a ghreamú a leagan síos sa
Rialachán seo. (47) Ní fearais a dhónn breoslaí
gásacha iad feistis; is táirgí idirmheánacha iad a chuirtear ar fáil idir
ghairmithe agus atá beartaithe lena gcur isteach i bhfearas. Ós rud é go
gcuireann dearadh iomchuí feistis le feidhmiú ceart agus sábháilte fearais
chríochnaithe agus nach féidir measúnú a dhéanamh ar rioscaí an fhearais a
bhaineann le gás ach tar éis an feisteas a chur isteach, is iomchuí nach mbíonn
an comhartha CE ar na feistis. (48) Is gá a sheiceáil go bhfuil
fearais a dhónn breoslaí gásacha agus feistis i gcomhréir leis na ceanglais
riachtanacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun cosaint éifeachtach
d'úsáideoirí agus tríú páirtithe a chur ar fáil. (49) Chun a áirithiú go bhfuil
fearais a dhónn breoslaí gásacha i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha, is
gá nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta a leagan síos nach mór
don mhonaróir cloí leo. Ba cheart na nósanna imeachta sin a shocrú ó na modúil
um measúnú comhréireachta atá leagtha síos i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE. (50) Faoi na nósanna imeachta um
measúnú comhréireachta atá leagtha amach sa Rialachán seo ceanglaítear
idirghabháil comhlachtaí um measúnú comhréireachta, a dtabharfaidh na Ballstáit
fógra ina leith don Choimisiún. (51) Tá sé léirithe sa taithí a
fuarthas nach leor na critéir atá leagtha amach i dTreoir 2009/142/CE,
critéir nach mór do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh sa
chaoi go dtabharfar fógra don Choimisiún ina leith, chun ardleibhéal
aonfhoirmeach feidhmíochta na gcomhlachtaí sin ar fud an Aontais a áirithiú. Tá
sé riachtanach, áfach, go ndéanfaidh gach comhlacht um measúnú comhréireachta a
fheidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi choinníollacha na hiomaíochta cothroime.
Chuige sin is gá ceanglais éigeantacha a shocrú do chomhlachtaí um measúnú
comhréireachta ar mian leo go dtabharfaí fógra dóibh chun seirbhísí um measúnú
comhréireachta a chur ar fáil. (52) Chun leibhéal comhsheasmhach
cáilíochta i dtaca le measúnú comhréireachta a áirithiú, is gá ceanglais a
shocrú freisin d'údaráis a thugann fógra agus do chomhlachtaí eile atá
bainteach le measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, fógra a
thabhairt dóibh agus faireachán a dhéanamh orthu. (53) Má léiríonn comhlacht um
measúnú comhréireachta go bhfuil sé i gcomhréir leis na critéir atá leagtha
síos sna caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart glacadh leis go gcomhlíonann sé
na ceanglais chomhfhreagracha atá leagtha amach sa Rialachán seo. (54) Ba cheart an córas atá leagtha
amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnaithe dá bhforáiltear
i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ós rud é gur modh riachtanach é creidiúnú
chun inniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhíorú, ba cheart é a
úsáid chun fógra a thabhairt freisin. (55) Ba cheart do na húdaráis
phoiblí náisiúnta ar fud an Aontais féachaint ar chreidiúnú trédhearcach, dá
bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus lena n‑áirithítear
an leibhéal muiníne is gá i ndeimhnithe comhréireachta, mar an modh
inmhianaithe chun inniúlacht theicniúil na gcomhlachtaí um measúnú
comhréireachta a thaispeáint. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta a mheas, áfach,
go bhfuil na bealaí iomchuí acu chun an mheastóireacht sin a dhéanamh iad féin.
Sna cásanna sin, chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal iomchuí creidiúnachta ag
meastóireachtaí a dhéanfaidh údaráis náisiúnta eile, ba cheart dóibh an
fhianaise dhoiciméadach is gá lena léirítear go gcomhlíonann na comhlachtaí um
measúnú comhréireachta na ceanglais rialála ábhartha a chur ar fáil don
Choimisiún agus do na Ballstáit eile. (56) Is minic a ligeann comhlachtaí
um measúnú comhréireachta codanna dá ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an
measúnú comhréireachta ar fochonradh nó go dtéann siad i muinín fochuideachta.
Chun an leibhéal cosanta is gá sa chaoi go gcuirfear na fearais a dhónn
breoslaí gásacha ar mhargadh an Aontais a chosaint, tá sé riachtanach go
gcomhlíonann na fochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta
na ceanglais chéanna a chomhlíonann na comhlachtaí dá dtugtar fógra maidir le
cúraimí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach
go gcumhdaítear freisin sa mheasúnú ar inniúlacht agus feidhmíocht comhlachtaí
a bhfuil fógra le tabhairt dóibh agus san fhaireachán ar chomhlachtaí a bhfuil
fógra tugtha dóibh cheana féin gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fochonraitheoirí
agus fochuideachtaí. (57) Is gá éifeachtúlacht agus
trédhearcacht an nós imeachta fógra a mhéadú agus, go háirithe, é a chur in
oiriúint do na teicneolaíochtaí nua ionas gur féidir fógra a thabhairt ar líne. (58) Ós rud é go bhféadfadh
comhlachtaí dá dtugtar fógra a seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais, is
iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóidí a
chur in iúl i dtaca le comhlacht dá dtugtar fógra. Tá sé tábhachtach, dá bhrí
sin, foráil a dhéanamh maidir le tréimhse inar féidir aon amhras nó údar imní
faoi inniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a shoiléiriú sula
dtosóidh siad ag feidhmiú mar chomhlachtaí dá dtugtar fógra. (59) Ar mhaithe le hiomaíochas, tá
sé ríthábhachtach go gcuirfidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta na
nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm gan ualaí nach gá a chur
ar na hoibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus chun a áirithiú go
gcaithfear go cothrom le hoibreoirí eacnamaíocha, is gá comhsheasmhacht a
áirithiú i gcur i bhfeidhm teicniúil na nósanna imeachta um measúnú
comhréireachta. Trí chomhordú agus comhar iomchuí idir na comhlachtaí um measúnú
comhréireachta an chaoi is fearr chun é sin a bhaint amach. (60) Chun a áirithiú go mbeidh
coinníollacha cur chun feidhme an Rialacháin seo aonfhoirmeach, ba cheart
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí
sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na
rialacha maidir le feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[34]. (61) Ba cheart an nós imeachta
comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n‑iarrtar
ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh i
ndáil leis na comhlachtaí dá dtugtar fógra nach gcomhlíonann na ceanglais
maidir lena bhfógra nó nach gcomhlíonann iad a thuilleadh. (62) Chun na forbairtí teicniúla a
chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i ndáil leis na leasuithe ar ábhar agus foirm chumarsáid na mBallstát i dtaca
leis na coinníollacha soláthair gáis ina gcríocha. (63) Le linn dó gníomhartha
tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú
go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an
gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. (64) Is gá foráil a dhéanamh maidir
le socruithe idirthréimhseacha lenar féidir fearais a dhónn breoslaí gásacha
agus feistis atá curtha ar an margadh cheana féin a chur ar fáil ar an margadh
nó i mbun seirbhíse i gcomhréir le Treoir 2009/142/CE. (65) Ba cheart do na Ballstáit
rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe
ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba
cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. (66) Ó tharla nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go gcomhlíonann fearais
a dhónn breoslaí gásacha atá ar an margadh na ceanglais lena ndéantar foráil
maidir le hardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta úsáideoirí agus
cosanta ainmhithe clóis nó maoine agus maidir le húsáid réasúnúnach fuinnimh,
a bhaint amach go leordhóthanach, cé go n‑áirithítear feidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh leis, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge
agus iarmhairtí an Rialacháin, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais,
féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha
amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach
chun an cuspóir sin a bhaint amach. (67) Dá bhrí sin, ba cheart
Treoir 2009/142/CE a aisghairm. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I FORÁLACHA
GINEARÁLTA Airteagal 1 Raon feidhme (1)
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fearais
agus feistis. (2)
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar go bhfuil
'gnáthúsáid' á baint as fearas más rud é go bhfuil na coinníollacha seo a
leanas á gcomhlíonadh: (a)
tá sé suiteáilte i gceart agus déantar seirbhísiú
rialta air i gcomhréir le Treoracha an mhonaróra. (b)
úsáidtear é le gnáthéagsúlacht i gcáilíocht an
gháis agus gnáth‑luaineacht i mbrú an tsoláthair. (c)
úsáidtear é i gcomhréir leis an gcuspóir dá bhfuil
sé beartaithe nó ar bhealach a d'fhéadfaí a thuar go réasúnta. (3)
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo
a leanas: (a)
(Fearais arna ndearadh go sonrach lena n‑úsáid
i bpróisis thionsclaíocha a dhéantar ar áitribh thionsclaíocha. (b)
Fearais arna ndearadh go sonrach lena n‑úsáid
ar aerárthaí agus ar iarnróid. (c)
Fearais arna ndearadh go sonrach chun críocha
taighde lena n‑úsáid go sealadach i saotharlanna. (4)
Más rud é, i gcás fearas nó feisteas, go
gcumhdaítear na gnéithe arna gcumhdach ag an Rialachán seo ar leibhéal níos
sonraí in ionstraimí eile de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, ní
bheidh feidhm leis an Rialachán seo nó scoirfidh sé de bheith i bhfeidhm maidir
le fearais nó feistis den sórt sin i ndáil leis na gnéithe sin. (5)
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas riachtanach maidir
le húsáid réasúnach fuinnimh i bpointe 3.5 d’Iarscríbhinn I a
ghabhann leis an Rialachán seo maidir fearais atá cumhdaithe ag beart arna
eisiúint de bhun Airteagal 15 de Threoir 2009/125/CE. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a
leanas: (1)
ciallaíonn 'fearais' fearais a dhónn breoslaí
gásacha a úsáidtear ar mhaithe le cócaráil, cuisniú, aerchóiriú, téamh spáis,
uisce a théamh, soilsiú agus níochán, ach freisin dóirí brúshéidte agus
gléasanna téimh a fheisteofar le dóirí den sórt sin; (2)
ciallaíonn 'feistis' gléasanna sábháilteachta,
gléasanna rialaithe nó gléasanna rialála agus fo-chóimeálacha díobh, arna gcur
ar an margadh ar leithligh chun úsáide trádála agus atá deartha le cur isteach
i bhfearas a dhónn breoslaí gásacha nó a chóimeáil le go mbeidh siad ina gcuid
d'fhearas den sórt sin; (3)
ciallaíonn 'dó' próiseas lena n‑imoibríonn
breosla gásach le hocsaigin chun solas nó teas a tháirgeadh; (4)
ciallaíonn 'níochán' an próiseas iomlán níocháin,
lena n‑áirítear triomú agus iarnáil; (5)
ciallaíonn 'breosla gásach' aon bhreosla atá i
bhfoirm ghásach ag teocht 15°C faoi bhrú 1 bar; (6)
ciallaíonn 'próiseas tionsclaíoch' eastóscadh, fás,
scagadh, próiseáil, táirgeadh, monarú nó ullmhú ábhar, plandaí, beostoc, táirgí
ainmhithe, bia nó táirgí eile d'fhonn úsáid thráchtála a bhaint astu; (7)
ciallaíonn 'dearadh sonrach' dearadh le haghaidh
fearais nuair nach bhfuil sé beartaithe leis an dearadh sin ach dul i ngleic le
riachtanas sonrach de chuid próisis shonraigh; (8)
ciallaíonn 'áitreabh tionsclaíoch' aon áit arb é
próiseas tionsclaíoch a bheadh faoi réir rialachán sláinte agus sábháilteachta
náisiúnta sonrach an phríomhghníomhaíocht a dhéantar ann; (9)
ciallaíonn 'fine gás' grúpa breoslaí gásacha a
bhfuil iompar dó comhchosúil acu atá nasctha le chéile le raon innéacsanna
Wobbe; (10)
ciallaíonn 'grúpa gás' raon sonraithe de chuid
innéacs Wobbe laistigh den fhine lena mbaineann; (11)
ciallaíonn 'innéacs Wobbe' táscaire ar
inmhalartacht gásbhreoslaí a úsáidtear chun fuinneamh aschuir dó na
ngásbhreoslaí de chomhdhéanaimh dhifriúla i bhfearas a chur i gcomparáid lena
chéile; (12)
ciallaíonn 'catagóir fearais' sainaithint ar na
finí gás agus/nó na grúpaí gás lena ndeartar fearas chun iad a dhó go sábháilte
agus ag an leibhéal feidhmíochta inmhianaithe, mar a thugtar le fios ar
chomhartha chatagóir an fhearais, arna chinneadh ag CEN; (13)
ciallaíonn 'fearais a chur ar fáil ar an margadh'
aon soláthar fearas lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn
gníomhaíochta tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce; (14)
ciallaíonn 'feistis a chur ar fáil ar an margadh'
aon soláthar fearas chun úsáide trádála lena dháileadh ar mhargadh an Aontais
d'fhonn é a chur isteach i bhfearas nó a chóimeáil le go mbeidh sé ina chuid
d'fhearas den sórt sin bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce; (15)
ciallaíonn 'éifeachtúlacht fuinnimh' an cóimheas
idir feidhmíocht aschuir de chuid fearais agus fuinneamh ionchuir; (16)
ciallaíonn 'cur ar an margadh' an chéad uair a
chuirtear fearas nó feisteas ar fáil ar mhargadh an Aontais; (17)
ciallaíonn 'cur i mbun seirbhíse' an chéad uair a
úsáidtear fearas nó an chéad uair a úsáideann monaróir chun a chríche féin é; (18)
ciallaíonn "monaróir" aon duine nádúrtha
nó dlítheanach a mhonaraíonn fearas nó feisteas nó a chuireann faoi deara
fearas nó feisteas den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an
táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc; (19)
ciallaíonn 'ionadaí údaraithe' aon duine nádúrtha
nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn
faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí
sonraithe; (20)
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó
dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann fearas nó feisteas ó thríú
tír ar mhargadh an Aontais; (21)
ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó
dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas monaróir nó allmhaireoir, a chuireann
fearas nó feisteas ar fáil ar an margadh; (22)
ciallaíonn 'oibreoirí eacnamaíocha' an monaróir, an
t‑ionadaí údaraithe, an t‑allmhaireoir agus an dáileoir; (23)
ciallaíonn 'sonraíocht theicniúil' doiciméad a
fhorordaíonn ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag fearas nó ag feisteas; (24)
ciallaíonn 'caighdeán comhchuibhithe' caighdeán
comhchuibhithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(c) de Rialachán (AE)
Uimh. 1025/2012; (25)
ciallaíonn 'creidiúnú' creidiúnú mar atá
sainmhínithe in Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) Uimh. 765/2008; (26)
ciallaíonn 'comhlacht náisiúnta creidiúnaithe'
comhlacht náisiúnta creidiúnaithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(11)
de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008; (27)
ciallaíonn 'measúnú comhréireachta' an próiseas
lena léirítear cibé ar comhlíonadh ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo a
bhaineann le fearas nó le feisteas nó nár comhlíonadh; (28)
ciallaíonn 'comhlacht um measúnú comhréireachta'
comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n‑áirítear
calabrú, tástáil, deimhniúchán agus cigireacht. (29)
ciallaíonn 'aisghlaoch' aon bheart a bhfuil sé
d’aidhm aige fearas a cuireadh ar fáil don úsáideoir deiridh cheana féin a
fháil ar ais; (30)
ciallaíonn 'tarraingt siar' aon bheart a bhfuil sé
d’aidhm aige cosc a chur ar fhearas nó ar fheisteas sa slabhra soláthair a chur
ar fáil ar an margadh; (31)
ciallaíonn 'an comhartha CE' comhartha lena
léiríonn an monaróir go bhfuil an táirge ag comhlíonadh na gceanglas atá
infheidhme agus atá leagtha amach i reachtaíocht an Aontais um
chomhchuibhiú lena ndéantar foráil maidir lena ghreamú; (32)
ciallaíonn 'reachtaíocht an Aontais um
chomhchuibhiú' aon reachtaíocht de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar
na coinníollacha do mhargú na dtáirgí. Airteagal 3 Cur ar fáil ar
an margadh agus cur i mbun seirbhíse (1)
Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí uile is gá
lena áirithiú nach bhféadfar fearais a chur ar fáil ar an margadh agus a chur i
mbun seirbhíse ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo. (2)
Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí uile is gá
lena áirithiú nach bhféadfar feistis a chur ar fáil ar an margadh ach amháin má
chomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo. (3)
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do
theidlíocht na mBallstát na ceanglais a mheasann siad a bheith riachtanach a
leagan síos chun a áirithiú go ndéanfar daoine, ainmhithe clóis agus maoin a
chosaint le linn ghnáthúsáid na bhfearas, ar choinníoll nach modhnuithe ar
fhearais den sórt sin atá i gceist leo. Airteagal 4 Coinníollacha
maidir le soláthar gáis (1)
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún agus do
na Ballstáit na cineálacha gáis agus brúnna comhfhreagracha soláthair na
mbreoslaí gásacha a úsáidtear ar a gcríoch, agus aon athruithe orthu sin in am
is i dtráth, i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in
Iarscríbhinn II. (2)
Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar an
fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Airteagal 5 Ceanglais
riachtanacha Comhlíonfaidh fearais agus feistis na
ceanglais riachtanacha a bhaineann leo atá leagtha amach in
Iarscríbhinn I. Airteagal 6 Saorghluaiseacht (1)
Ní chuirfidh Ballstáit, ar fhorais a bhaineann le
gnéithe arna gcumhdach ag an Rialachán seo, toirmeasc, srian ná bac ar fhearais
a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh ná a chur i mbun
seirbhíse. (2)
Ní chuirfidh Ballstáit, ar fhorais a bhaineann le
rioscaí arna gcumhdach ag an Rialachán seo, toirmeasc, srian ná bac ar
fheistis a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh. (3)
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don
oibleagáid atá ar na Ballstáit foráil do bhearta maidir le húsáid fuinnimh ó
fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn agus d’éifeachtúlacht fuinnimh
foirgneamh, i gcomhréir le Treoracha 2009/28/CE, 2010/31/AE
agus 2012/27/AE. Beidh na bearta sin i gcomhréir leis an gConradh. CAIBIDIL II OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA Airteagal 7 [Airteagal R2 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáidí na
monaróirí (1)
Nuair a chuirfidh siad a gcuid fearas nó a gcuid
feisteas ar an margadh, áiritheoidh na monaróirí gur dearadh agus gur
monaraíodh iad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in
Iarscríbhinn I. (2)
Tarraingeoidh monaróirí fearas nó feisteas suas an
doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus
tabharfaidh siad faoin nós imeachta um measúnú comhréireachta ábhartha dá
dtagraítear in Airteagal 14 nó tabharfar faoi dóibh é. I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta dá
dtagraítear sa chéad fhomhír go bhfuil na ceanglais is infheidhme á
gcomhlíonadh ag fearas, tarraingeoidh monaróirí suas dearbhú comhréireachta an
AE agus an comhartha CE a ghreamú de. I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta dá
dtagraítear sa chéad fhomhír go bhfuil na ceanglais is infheidhme á
gcomhlíonadh ag feisteas, tarraingeoidh monaróirí suas deimhniú comhréireachta
an Fheistis. (3)
Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil
agus dearbhú comhréireachta an AE ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an
fearas a chur ar an margadh. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil
agus deimhniú comhréireachta an Fheistis ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis
an feisteas a chur ar an margadh. (4)
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i
bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh an táirgeadh sraithe comhréireach i gcónaí.
Cuirfear athruithe ar dhearadh nó ar thréithe fearais nó feistis agus athruithe
ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar shonraíochtaí teicniúla eile lena
ndéantar comhréireacht an fhearais nó an fheistis a dhearbhú trí thagairt a
dhéanamh dóibh san áireamh go hiomchuí. Nuair a mheasfar gurb iomchuí i ndáil leis na
rioscaí a bhaineann le fearas nó le feisteas, ar mhaithe le sláinte agus
sábháilteacht custaiméirí agus úsáideoirí deiridh eile a chosaint, déanfaidh
monaróirí tástáil shamplach ar an bhfearas arna chur ar fáil ar an margadh,
déanfaidh siad gearáin a imscrúdú agus, más gá, clár um ghearáin maidir le
táirgí neamhchomhréireacha agus maidir le haisghlaochanna táirgí den sórt sin a
choimeád agus coinneoidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán den
sórt sin. (5)
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh uimhir chineáil,
baiscuimhir, nó uimhir sraithe, nó eilimint eile lenar féidir iad a aithint, ar
a bhfearas nó ar a bhfeiste. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid
nó chineál an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis
riachtanach ar an bpacáistíocht. (6)
Cuirfidh monaróirí a n‑ainm, a dtrádainm
cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ag a bhféadfar dul i
dteagmháil leo in iúl ar an bhfearas nó, mura féidir é sin a dhéanamh, ar an
bpacáistíocht agus sna Treoracha a ghabhann leis an bhfearas. Ní foláir
pointe aonair ag a bhféadfar teagmháil a dhéanamh leis an monaróir a chur in
iúl sa seoladh. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir leis na
tomhaltóirí agus na húsáideoirí eile agus na húdaráis um fhaireachas margaidh í
a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Cuirfidh monaróirí a n‑ainm, a dtrádainm
cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ag a bhféadfar dul i
dteagmháil leo in iúl ar an bhfeisteas nó, mura féidir é sin a dhéanamh, ar an
bpacáistíocht agus sna Treoracha a ghabhann leis an bhfeisteas. Ní foláir
pointe aonair ag a bhféadfar teagmháil a dhéanamh leis an monaróir a chur in iúl
sa seoladh. (7)
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh Treoracha agus
faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an bhfearas i gcomhréir le pointe 1.5
d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na
húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an
mBallstát lena mbaineann. Beidh Treoracha agus faisnéis sábháilteachta den
sórt sin soiléir, intuigthe agus intuigthe. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh deimhniú
comhréireachta an Fheistis ag gabháil leis an bhfeisteas ina mbeidh, i measc
nithe eile, Treoracha maidir le hionchorprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú
agus cothabháil i gcomhréir le pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is
féidir le monaróirí fearas í a thuiscint go héasca. Beidh na
Treoracha soiléir, intuigthe agus intuigthe. (8)
Monaróirí a mheasann, nó ag a bhfuil cúis chun a
chreidiúint, nach gcomhlíonann an fearas nó feisteas atá curtha ar an margadh
acu an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh
láithreach chun go mbeidh an fearas nó an feisteas sin ag comhlíonadh an
Rialacháin, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, de réir mar is
iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an bhfearas nó
leis an bhfeisteas, cuirfidh monaróirí údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát
inar chuir siad an fearas nó an feisteas ar fáil ar an margadh ar an eolas
láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin
neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh. (9)
De thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás
náisiúnta inniúil, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad
is gá chun comhréireacht an fhearais nó an fheistis leis an Rialachán seo a
léiriú ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a
thuiscint go héasca. Féadfar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar
ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás
sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na
rioscaí a dhíothú a bhaineann leis na fearais nó leis na feistis atá curtha ar
an margadh acu. Airteagal 8 [Airteagal R3 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Ionadaithe
údaraithe (1)
Féadfaidh monaróir, trí bhíthin sainordú i
scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh. Ní bheidh na hoibleagáidí atá leagtha síos in
Airteagal 7(1) ná tarraingt suas na doiciméadachta teicniúla mar chuid de
shainordú an ionadaí údaraithe. (2)
Déanfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar
sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin ligfear don ionadaí
údaraithe an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh: (a)
dearbhú comhréireachta an AE agus an doiciméadú
teicniúil a choinneáil ar fáil d’údaráis fhaireachais náisiúnta ar feadh 10
mbliana tar éis an fearas a chur ar an margadh; (b)
deimhniú comhréireachta an Fheistis agus an doiciméadacht
theicniúil a choinneáil ar fáil d’údaráis fhaireachais náisiúnta ar feadh 10
mbliana tar éis an feisteas a chur ar an margadh; (c)
de thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás
náisiúnta inniúil , an fhaisnéis agus an doiciméadú ar fad is gá chun comhréireacht
an fhearais nó an fheistis a léiriú a chur ar fáil don údarás sin; (d)
oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta
inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a rinneadh chun
na rioscaí a dhíothú a bhaineann le fearais nó le feistis atá cumhdaithe ag
sainordú an ionadaí údaraithe. Airteagal 9 [Airteagal R4 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáidí
allmhaireoirí (1)
Ní chuirfidh allmhaireoirí ach fearais nó feistis
chomhlíontacha ar an margadh. (2)
Sula ndéanfar fearas a chur ar an margadh,
áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil an nós imeachta iomchuí um measúnú
comhréireachta curtha i gcrích ag an monaróir i gcomhréir le
hAirteagal 14. Áiritheoidh siad go ndearna an monaróir an doiciméadacht
theicniúil a tharraingt suas, go bhfuil an comhartha CE ar an bhfearas agus go
bhfuil Treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i gcomhréir
le pointe 1.5 d'Iarscríbhinn I, agus gur chomhlíon an monaróir na
ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 7(5) agus in Airteagal 7(6)
faoi seach. Sula ndéanfar feisteas a chur ar an margadh,
áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil an nós imeachta oiriúnach um measúnú
comhréireachta curtha i gcrích ag an monaróir i gcomhréir le
hAirteagal 14. Áiritheoidh siad go ndearna an monaróir an doiciméadacht theicniúil
a tharraingt suas, go bhfuil deimhniú comhréireachta an Fheistis ag gabháil
leis an bhfeisteas ina bhfuil, i measc nithe eile, Treoracha maidir le
hionchorprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil i gcomhréir le
pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, agus gur chomhlíon an monaróir na ceanglais
atá leagtha amach in Airteagal 7(5) agus in Airteagal 7(6) faoi
seach. I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil
cúis aige chun a chreidiúint, nach gcomhlíonann fearas nó feisteas na ceanglais
riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh sé an
fearas nó an feisteas ar an margadh go dtí go mbeidh siad á gcomhlíonadh ag an
bhfearas nó ag an bhfeisteas. Thairis sin, má tá riosca ag baint leis an
bhfearas nó leis an bhfeisteas, cuirfidh an t‑allmhaireoir an
monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin. (3)
Cuirfidh allmhaireoirí a n‑ainm, a dtrádainm
cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ag a bhféadfar dul i
dteagmháil leo in iúl ar an bhfearas nó, más rud é nach féidir é sin a
dhéanamh, ar a phacáistíocht agus sna Treoracha a ghabhann leis an
bhfearas. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí
agus na húsáideoirí deiridh eile agus na húdaráis um fhaireachas margaidh a
thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Cuirfidh allmhaireoirí a n‑ainm, a dtrádainm
cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ag a bhféadfar dul i
dteagmháil leo in iúl ar an bhfeisteas nó, mura féidir é sin a dhéanamh, ar a
phacáistíocht. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir le monaróirí
fearas agus leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca,
teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. (4)
Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh
Treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an bhfearas i
gcomhréir le pointe 1.5 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir leis na
tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna
cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh deimhniú
comhréireachta an Fheistis ag gabháil leis an bhfeisteas ina mbeidh, i measc
nithe eile, Treoracha maidir le hionchorprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú
agus cothabháil i gcomhréir le pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is
féidir le monaróirí fearas a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an
mBallstát lena mbaineann. (5)
Áiritheoidh allmhaireoirí, fad a bheidh fearas nó
feisteas faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair
comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach in Iarscríbhinn I i mbaol. (6)
Nuair a mheasfar gurb iomchuí i ndáil leis na
rioscaí a bhaineann le fearas nó le feisteas, ar mhaithe le sláinte agus
sábháilteacht úsáideoirí a chosaint, de thoradh ar iarraidh cuí-réasúnaithe ó
na húdaráis inniúla, déanfaidh monaróirí tástáil shamplach ar fhearais nó ar
fheistis arna gcur ar fáil ar an margadh, déanfaidh siad gearáin a imscrúdú
agus, más gá, clár um ghearáin maidir le táirgí neamhchomhréireacha agus maidir
le haisghlaochanna táirgí a choimeád agus coinneoidh siad dáileoirí ar an eolas
faoi aon fhaireachán den sórt sin. (7)
Allmhaireoirí a mheasann, nó ag a bhfuil cúis chun
a chreidiúint, nach gcomhlíonann fearas nó feisteas atá curtha ar an margadh
acu an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh
láithreach chun go mbeidh an fearas nó an feisteas sin ag comhlíonadh an
Rialacháin, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, más iomchuí.
Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an bhfearas nó leis an
bhfeisteas, cuirfidh allmhaireoirí údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar
chuir siad an fearas nó an feisteas ar fáil ar an margadh ar an eolas
láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin
neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh. (8)
Ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas a chur ar an
margadh, coinneoidh allmhaireoirí cóip de dhearbhú comhréireachta an AE ar fáil
do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar an
doiciméadú teicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin
dóibh. Ar feadh 10 mbliana tar éis an feisteas a chur ar
an margadh, coinneoidh allmhaireoirí cóip de dheimhniú comhréireachta an
Fheistis ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad
go bhféadfar an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin,
arna iarraidh sin dóibh. (9)
De thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás
náisiúnta inniúil , cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht
ar fad is gá chun comhréireacht fearais nó feistis a léiriú ar fáil don údarás
sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Féadfar an
fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar ar pháipéar nó i bhfoirm
leictreonach. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin
dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a dhíothú a
bhaineann le fearais nó le feistis atá curtha ar an margadh acu. Airteagal 10 [Airteagal R5 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáidí na
ndáileoirí (1)
Agus fearas nó feisteas á chur ar fáil ar an
margadh acu, gníomhóidh dáileoirí leis an gcúram is cuí i ndáil le ceanglais an
Rialacháin seo. (2)
Sula gcuirfear fearas ar fáil ar an margadh,
fíoróidh dáileoirí go mbeidh an comhartha CE ar an bhfearas agus go mbeidh
Treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i gcomhréir le
pointe 1.5 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus
na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an
mBallstát ina mbeidh an fearas le cur ar fáil ar an margadh, agus gur chomhlíon
an monaróir agus an t‑allmhaireoir na ceanglais atá leagtha amach in
Airteagal 7(5) agus (6) agus in Airteagal 9(3) faoi seach. Sula gcuirfear feisteas ar fáil ar an margadh,
fíoróidh dáileoirí go mbeidh deimhniú comhréireachta an Fheistis ag gabháil
leis an bhfeisteas ina mbeidh, i measc nithe eile, Treoracha maidir le
hionchorprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil i gcomhréir le
pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir le monaróirí fearas a
thuiscint go héasca, agus gur chomhlíon an monaróir agus an t‑allmhaireoir na
ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 7(5) agus (6) agus in
Airteagal 9(3) faoi seach. I gcás ina measann dáileoir, nó ina bhfuil cúis
aige chun a chreidiúint, nach gcomhlíonann fearas nó feisteas na ceanglais
riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh sé an
fearas nó an feisteas ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh siad á
gcomhlíonadh ag an bhfearas nó ag an bhfeisteas. Thairis sin, má tá riosca ag
baint leis an bhfearas nó leis an bhfeisteas, cuirfidh an dáileoir an monaróir
agus an t‑allmhaireoir, mar aon leis na húdaráis um fhaireachas margaidh,
ar an eolas faoi sin. (3)
Áiritheoidh dáileoirí, fad a bheidh fearas nó
feisteas faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair
comhlíonadh na gceanglas riachtanach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I i
mbaol. (4)
Dáileoirí a mheasann, nó ag a bhfuil cúis chun a
chreidiúint, nach gcomhlíonann fearas nó feisteas atá curtha ar fáil ar an
margadh acu an Rialachán seo, déanfaidh siad cinnte go ndéanfar na bearta
ceartaitheacha is gá a dhéanamh chun go mbeidh an fearas sin ag comhlíonadh an
Rialacháin, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, más iomchuí.
Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an bhfearas, cuirfidh
dáileoirí údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an fearas ar
fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí,
go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a
rinneadh. (5)
De thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil
náisiúnta, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá
chun comhréireacht fearais nó feistis a léiriú ar fáil don údarás sin; Féadfar
an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar ar pháipéar nó i bhfoirm
leictreonach. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin
dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a dhíothú a
bhaineann leis an bhfearas nó leis an bhfeisteas atá curtha ar fáil ar an margadh
acu. Airteagal 11 [Airteagal R6 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Cásanna ina
mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith
ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh sé faoi réir
oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 7, i gcás ina gcuirfidh sé fearas
nó feisteas ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina
modhnóidh sé fearas nó feisteas a cuireadh ar an margadh cheana ar bhealach a
d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo. Airteagal 12 [Airteagal R7 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Sainaithint
oibreoirí eacnamaíocha Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna
iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na húdaráis um fhaireachas
margaidh: (a)
aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair fearas
nó feisteas dóibh; (b)
aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad
fearas nó feisteas dó. Beidh oibreoirí eacnamaíocha ábalta an
fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír a thíolacadh ar feadh tréimhse 10
mbliana tar éis an trátha a soláthraíodh an fearas nó an feisteas dóibh agus ar
feadh tréimhse 10 mbliana tar éis dóibh an fearas nó an feisteas a sholáthar. CAIBIDIL III COMHRÉIREACHT
FEARAS AGUS FEISTEAS Airteagal 13 [Airteagal R8 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Toimhde
na comhréireachta i dtaca le fearais agus feistis Fearais agus feistis atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó
leis na codanna díobh ar foilsíodh a dtagairtí in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil
siad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha atá faoi chumhdach na
gcaighdeán sin nó na gcodanna díobh, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. Airteagal 14 Nós
imeachta um measúnú comhréireachta d'fhearais agus d'fheistis (1)
Sula gcuirfear fearas nó feisteas ar an margadh,
cuirfidh an monaróir faoi nós imeachta um measúnú comhréireachta é i gcomhréir
le mír 2 nó le mír 3. (2)
Déanfar deimhniúchán ar chomhréireacht fearas agus
feisteas arna monarú i sraitheanna le ceanglais an Rialacháin seo trí scrúdú
cineáil an AE (Modúl B – cineál táirgeachta) dá dtagraítear i bpointe 1
d'Iarscríbhinn III, maille le haon cheann den na nósanna imeachta um
measúnú comhréireachta seo a leanas, ar rogha an mhonaróra: (a)
cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach
táirgthe móide seiceálacha ar fhearais nó ar fheistis faoi mhaoirseacht ag
eatraimh randamacha (Modúl C2), atá leagtha amach i bpointe 2
d'Iarscríbhinn III; (b)
cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú
cáilíochta phróiseas an táirgthe (Modúl D), atá leagtha amach i bpointe 3
d'Iarscríbhinn III; (c)
cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú
cáilíochta fearas nó feisteas (Modúl E), atá leagtha amach i bpointe 4
d'Iarscríbhinn III; (d)
cineál-chomhréireacht arna bunú ar fhíorú fearas nó
feisteas (Modúl F), atá leagtha amach i bpointe 5 d'Iarscríbhinn III. (3)
I gcás ina dtáirgtear fearas mar aonad amháin nó
líon beag díobh, féadfaidh an monaróir comhréireacht arna bunú ar fhíorú aonaid
(Modúl G), atá leagtha amach i bpointe 6 d'Iarscríbhinn III, a
roghnú. (4)
Tar éis na nósanna imeachta dá dtagraítear i
bpointe (a) go pointe (d) de mhír 2 nó i mír 3 a chur i gcrích, déanfaidh
monaróir an fhearais, i gcomhréir le hAirteagal 18, an comhartha CE a
ghreamú den fhearas atá i gcomhréir agus dearbhú comhréireachta an AE a tharraingt
suas. Tar éis na nósanna imeachta dá dtagraítear i
bpointe (a) go pointe (d) de mhír 2 a chur i gcrích, eiseoidh monaróir an
fheistis deimhniú comhréireachta an Fheistis. (5)
Déanfar taifid agus comhfhreagras a bhaineann le
measúnú comhréireachta fearais nó feistis a tharraingt suas i dteanga oifigiúil
nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht dá dtugtar
fógra, dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, a dhéanann na nósanna
imeachta bunaithe nó i dteanga a nglacann an comhlacht sin léi. Airteagal 15 Dearbhú
comhréireachta an AE [Airteagal R10 de Chinneadh
Uimh. 768/2008/CE] (1)
Sonrófar i ndearbhú comhréireachta an AE gur
léiríodh go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in
Iarscríbhinn I. (2)
Is é struchtúr na samhla atá leagtha amach in Iarscríbhinn
V a bheidh ag dearbhú comhréireachta an AE, beidh na gnéithe atá sonraithe sna
nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta atá leagtha amach in
Iarscríbhinn III ann agus déanfar é a thabhairt chun dáta ar bhonn
leanúnach. Cuirfear aistriúchán de ar fáil sa teanga nó sna teangacha a
éileoidh an Ballstát ina gcuirfear an táirge ar an margadh nó ina gcuirfear an
fearas ar fáil ar an margadh. (3)
I gcás ina mbeidh fearas faoi réir níos mó ná
gníomh amháin an Aontais lena mbeidh dearbhú comhréireachta an AE de dhíth,
déanfar dearbhú comhréireachta amháin an AE a tharraingt suas i ndáil le gach
gníomh an Aontais den sórt sin. Beidh uimhreacha aitheantais na ngníomhartha
lena mbaineann sa dearbhú sin, lena n‑áirítear na tagairtí foilseacháin. (4)
Trí dhearbhú comhréireachta an AE a tharraingt
suas, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as comhlíonadh an fhearais leis
na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo. Airteagal 16 Deimhniú
comhréireachta an Fheistis (1)
Sonrófar i ndeimhniú comhréireachta an Fheistis gur
léiríodh go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha is infheidhme atá leagtha
amach in Iarscríbhinn I. (2)
Is é struchtúr na samhla atá leagtha amach in
Iarscríbhinn VI a bheidh ag deimhniú comhréireachta na Feiste. D'fhonn cabhrú
leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme i leith fearas críochnaithe, atá
leagtha amach in Iarscríbhinn I, a chomhlíonadh, sonrófar saintréithe an
fheistis ar dheimhniú comhréireachta an Fheistis agus beidh Treoracha ann
faoin gcaoi ar cheart é a chur isteach i bhfearas nó a chóimeáil chun fearas
den sórt sin a dhéanamh. Beidh na gnéithe atá sonraithe sna nósanna imeachta
ábhartha um measúnú comhréireachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III
ann agus déanfar é a thabhairt chun dáta ar bhonn leanúnach. Beidh sé i dteanga
is féidir le monaróirí fearas a thuiscint go héasca. (3)
Déanfar deimhniú comhréireachta an Fheistis a
sholáthar in éineacht leis an bhfeisteas. (4)
I gcás ina bhfuil feisteas cumhdaithe ag
reachtaíocht eile an Aontais lena gcumhdaítear gnéithe eile a bhfuil an
comhartha CE de dhíth orthu, tabharfar le fios ar an gcomhartha CE sin go
dtoimhdítear go bhfuil an feisteas i gcomhréir le forálacha na ngníomhartha
eile sin. I gcás den sórt sin, tabharfar tagairt foilseacháin na ngníomhartha
sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh sna doiciméid, fógraí nó
Treoracha atá de dhíth faoi na gníomhartha sin agus a ghabhann leis an
bhfeisteas. (5)
Trí dheimhniú comhréireachta an Fheistis a
tharraingt suas, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as comhlíonadh an
fheistis leis na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo. Airteagal 17 [Airteagal R11 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Prionsabail
ghinearálta an chomhartha CE Beidh an comhartha CE faoi réir na bprionsabal
ginearálta atá leagtha amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE)
Uimh. 765/2008. Airteagal 18 [Airteagal R12 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Rialacha
agus coinníollacha maidir leis an gcomhartha CE agus inscríbhinní a ghreamú (1)
Déanfar an comhartha CE agus na hinscríbhinní dá
dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghreamú den fhearas nó dá phláta sonraí
go feiceálach, go soléite agus go doscriosta. (2)
Déanfar na hinscríbhinní dá dtagraítear i bpointe 2
d'Iarscríbhinn IV a ghreamú den fhearas nó dá phláta sonraí go feiceálach,
go soléite agus go doscriosta, chomh fada is ábhartha. (3)
Déanfar an comhartha CE agus/nó na hinscríbhinní dá
dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghreamú sula gcuirfear an fearas nó an
feisteas ar an margadh. (4)
I ndiaidh an chomhartha CE, beidh uimhir
aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra atá bainteach le céim um rialú
táirgeachta an fhearais. (5)
Déanfar uimhir aitheantais an chomhlachta dá
dtugtar fógra atá bainteach leis an gcéim um rialú táirgeachta a ghreamú ar an
bhfeisteas. (6)
Féadfaidh aon chomhartha eile lena gcuirtear riosca
nó úsáid speisialta in iúl a bheith i ndiaidh an chomhartha CE agus/nó na
huimhreach aitheantais dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5. CAIBIDIL IV FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA Airteagal 19 [Airteagal R13 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Fógra a thabhairt Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún
agus do na Ballstáit eile maidir le comhlachtaí atá údaraithe chun cúraimí tríú
páirtí um measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14. Airteagal 20 [Airteagal R14 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Na
húdaráis a thugann fógra (1)
Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra, ar
údarás é a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a bhunú agus a chur i
gcrích d’fhonn measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta
agus fógra a thabhairt ina leith, agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí
dá dtugtar fógra, lena n‑áirítear Airteagal 24 a chomhlíonadh. (2)
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh
comhlacht náisiúnta creidiúnaithe, de réir bhrí Rialachán (CE)
Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis, an measúnú agus an faireachán
dá dtagraítear i mír 1. (3)
I gcás ina ndéanfaidh an t‑údarás a thugann
fógra an measúnú, tabhairt an fhógra, nó an faireachán dá dtagraítear
i mír 1 a tharmligean chun comhlachta nach eintiteas rialtais é, is
eintiteas dlíthiúil a bheidh sa chomhlacht sin agus comhlíonfaidh sé mutatis
mutandis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 21 (1) go (6). Lena
chois sin, déanfar socruithe ionas go gclúdófar dliteanais a bheidh ann de
thoradh a ghníomhaíochtaí. (4)
Glacfaidh an t‑údarás a thugann fógra
freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanfaidh an comhlacht dá dtagraítear
i mír 3. Airteagal 21 [Airteagal R15 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Na
ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra (1)
Bunófar údarás a thugann fógra sa chaoi nach
dtarlóidh aon choinbhleacht leasa leis na comhlachtaí um measúnú
comhréireachta. (2)
Eagrófar údarás a thugann fógra agus riarfar é sa
chaoi is go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí. (3)
Eagrófar an t‑údarás a thugann fógra sa chaoi
go ndéanfaidh daoine inniúla gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt
maidir le comhlacht um measúnú feidhmíochta, nach iad na daoine a rinne an
measúnú iad. (4)
Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh údarás a thugann
fógra aon ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ná
aon seirbhísí sainchomhairle, ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch. (5)
Caomhnóidh údarás a thugann fógra rúndacht na
faisnéise a gheobhaidh sé. (6)
Beidh dóthain pearsanra inniúil ar fáil d'údarás a
thugann fógra chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh mar is ceart. Airteagal 22 [Airteagal R16 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Ceanglais
faisnéise na n‑údarás a thugann fógra Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas
maidir lena gcuid nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí a
thugann fógra agus fógra a thabhairt ina leith, agus chun faireachán a dhéanamh
ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra, agus maidir le haon athrú ar na nósanna
imeachta sin. Cuirfidh an
Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí. Airteagal 23 [Airteagal R17 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Ceanglais
a bhaineann le comhlachtaí dá dtugtar fógra (1)
Chun críche fógra a thabhairt, comhlíonfaidh
comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais atá leagtha síos i mír 2 go
mír 11. (2)
Déanfar comhlacht um measúnú comhréireachta a bhunú
faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige. (3)
Is comhlacht tríú páirtí a bheidh i gcomhlacht um
measúnú comhréireachta agus beidh sé neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an
bhfearas nó feisteas a ndéanann sé measúnú air. Féadfar a mheas gur comhlacht den sórt sin é
comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann
ionadaíocht ar ghnólachtaí a bhíonn ag plé le dearadh, monarú, soláthar,
cóimeáil, úsáid nó cothabháil fearas nó feisteas a ndéanann sé measúnú orthu,
ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon
choinbhleacht leasa ann. (4)
Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta,
lucht a ardbhainistíochta agus an fhoireann atá freagrach as cúraimí um measúnú
comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh siad ina ndearthóirí, ina monaróirí,
ina soláthróirí, ina suiteálaithe, ina gceannaitheoirí, ina n‑úinéirí,
ina n‑úsáideoirí ná ina gcothabhálaithe ar na fearais ná na feistis a
ndéanann siad measúnú orthu, ná ní bheidh siad ina n‑ionadaithe ar aon
cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfidh sin úsáid a bhaint as fearais nó
feistis mheasúnaithe is gá le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú
comhréireachta ná úsáid a bhaint as fearais nó feistis den sórt sin chun críche
pearsanta. Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta,
lucht a ardbhainistíochta agus an fhoireann atá freagrach as cúraimí um measúnú
comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, le
monarú nó tógáil, le margaíocht, le suiteáil, le húsáid nó le cothabháil na
bhfearas ná na bhfeisteas sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe
a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní bheidh siad ag gabháil d'aon
ghníomhaíocht a d'fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná
a n‑ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a
dtugtar fógra dóibh maidir leo. Beidh feidhm ag an gceanglas sin go háirithe
maidir le seirbhísí comhairliúcháin. Áiritheoidh na comhlachtaí um measúnú
comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a
bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d'oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht
a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. (5)
Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta
agus a bhfoireann na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích
leis an oiread ionracais ghairmiúil is féidir agus leis an inniúlacht
theicniúil is gá sa réimse sonrach sin, agus beidh siad saor ó gach cineál brú
agus meallta, go háirithe brú agus mealladh airgeadais, a bhféadfadh tionchar a
bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú
comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí a mbeadh
leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin. (6)
Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú
comhréireachta na cúraimí tríú páirtí uile sa phróiseas um measúnú
comhréireachta a shanntar dó i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus ar tugadh
fógra dó ina leith a chur i gcrích, cibé acu a chuirfidh an comhlacht um
measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin i gcrích nó a chuirfear i gcrích
thar a cheann agus faoina fhreagracht iad. I dtaca le gach aon nós imeachta um measúnú
comhréireachta agus gach cineál nó catagóir fearas nó feisteas ar tugadh fógra
don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht
i gcónaí ar na nithe riachtanacha seo a leanas: (a)
foireann ag a bhfuil an t‑eolas teicniúil is
gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta
a chur i gcrích; (b)
tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo
a dhéantar an measúnú comhréireachta, agus trédhearcacht agus in‑atáirgtheacht
na nósanna imeachta seo á n‑áirithiú. Beidh beartais agus nósanna
imeachta i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dhéantar
mar chomhlacht a dtugtar fógra dó agus aon ghníomhaíochtaí eile. (c)
na nósanna imeachta is gá maidir le gníomhaíochtaí
a chur i gcrích a thugann aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina
bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an fhearais
nó an fheistis atá i gceist agus ar chineál an phróisis táirgthe, is é sin, an
t‑olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann. Beidh gach acmhainn is gá ag comhlacht um measúnú
comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann le
gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh mar is iomchuí agus beidh
rochtain acu ar gach trealamh agus ar gach áis is gá. (7)
Beidh na nithe seo a leanas ag an bhfoireann atá
freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta: (a)
oiliúint mhaith theicniúil agus ghairme a
chumhdóidh na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra don
chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith; (b)
eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a
dhéanann siad agus taithí leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh; (c)
eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais
riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, ar na caighdeáin
chomhchuibhithe is infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha eile de reachtaíocht
an Aontais um
chomhchuibhiú agus den reachtaíocht náisiúnta; (d)
an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a
tharraingt suas a léiríonn go bhfuil na measúnuithe déanta. (8)
Déanfar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú
comhréireachta, a n‑ardbhainistíocht agus an fhoireann atá freagrach as
na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích a ráthú. Ní bheidh luach saothair na hardbhainistíochta ná
na foirne atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích
i gcomhlacht um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe a
dhéanfar ná ar thorthaí na measúnuithe sin. (9)
Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi
árachas dliteanais ach amháin má ghabhann an Stát dliteanas air féin i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó má tá an Ballstát féin freagrach go díreach
as an measúnú comhréireachta. (10)
Urramóidh foireann comhlachta um measúnú
comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear
agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi Iarscríbhinn III nó faoi aon
fhoráil de chuid an dlí náisiúnta a thugann éifeacht dó, ach amháin maidir le
húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí na seirbhíse.
Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint. (11)
Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta
páirteach i ngníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí
ghrúpa comhordaithe an chomhlachta dá dtugtar fógra arna bhunú faoi
reachtaíocht an Aontais um
chomhchuibhiú, nó áiritheoidh sé go mbeidh a phearsanra atá freagrach as na
cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích ar an eolas faoi na
gníomhaíochtaí sin, agus cuirfidh sé i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta,
na cinntí riaracháin agus na doiciméid a thiocfaidh ó obair an ghrúpa sin. Airteagal 24 [Airteagal R18 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Toimhde
maidir le comhréireacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú
comhréireachta go gcomhlíonann sé na critéir atá leagtha síos sna caighdeáin
chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí
foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go mbeidh
na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 23 á gcomhlíonadh aige a mhéid a
chumhdaítear na ceanglais seo leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.
Airteagal 25 [Airteagal R20 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Fochuideachtaí
na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra agus ligean ar fochonradh (1)
I gcás ina ligeann comhlacht dá dtugtar fógra
cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás
ina dtéann sé ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an
fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais atá leagtha síos in
Airteagal 23 agus cuirfidh sé an t‑údarás a thugann fógra ar an
eolas dá réir sin. (2)
Beidh an comhlacht dá dtugtar fógra lánfhreagrach
as na cúraimí a dhéanfaidh fochonraitheoir nó fochuideachta, cibé áit ina
bhfuil siad bunaithe. (3)
Ní fhéadfaidh fochuideachta gníomhaíochtaí a
dhéanamh agus ní fhéadfar iad a ligean ar fochonradh gan toiliú an chliaint. (4)
Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra na doiciméid
ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na
fochuideachta agus na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an
fochonraitheoir nó an fochuideachta faoi Iarscríbhinn III a choimeád ar
fáil don údarás a thugann fógra. Airteagal 26 [Airteagal R22 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Iarratas
ar fhógra (1)
Cuirfidh comhlacht um measúnú comhréireachta
isteach iarratas ar fhógra chuig an údarás a thugann fógra sa Bhallstát ina
bhfuil an comhlacht sin bunaithe. (2)
In éineacht leis an iarratas beidh tuairisc ar na
gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, an modúl nó na modúil um measúnú
comhréireachta agus an fearas/feisteas nó na fearais/feistis a mhaíonn an
comhlacht go bhfuil sé inniúil ina leith, mar aon le deimhniú creidiúnaithe,
más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta um chreidiúnú lena
bhfianaítear go bhfuil na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 23 á
gcomhlíonadh ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta. (3)
Más rud é nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú
comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a chur ar fáil,
soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá
d'fhonn comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Airteagal 23 a
fhíorú, a aithint agus faireachán rialta a dhéanamh air. Airteagal 27 [Airteagal R23 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] An
nós imeachta um fhógra a thabhairt (1)
Ní thabharfaidh údaráis a thugann fógra aon fhógra
ach do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh na ceanglais atá leagtha
síos in Airteagal 23 á gcomhlíonadh acu. (2)
Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na
Ballstáit eile trí bhíthin na huirlise leictreonaí lena dtugtar fógra, arna
forbairt agus arna riar ag an gCoimisiún. (3)
San fhógra beidh na sonraí uile faoi na
gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, an modúl nó na modúil um measúnú
comhréireachta agus an fearas/feisteas nó na fearais/feistis lena mbaineann
agus fianú ábhartha na hinniúlachta. (4)
I gcás nach mbeidh fógra bunaithe ar dheimhniú
creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 26(2), déanfaidh an t‑údarás
a thugann fógra an méid seo a leanas a sholáthar don Choimisiún agus do na
Ballstáit eile: an fhianaise dhoiciméadach uile lena bhfianófar inniúlacht an
chomhlachta um measúnú comhréireachta agus lena bhfianófar na socruithe a
bheidh déanta lena n‑áiritheofar faireachán rialta ar an gcomhlacht sin
agus go leanfaidh sé air ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in
Airteagal 23. (5)
I gcás ina n‑úsáidfear deimhniú
creidiúnaithe, ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann na gníomhaíochtaí a
dhéanann comhlacht dá dtugtar fógra a chur i gcrích ach amháin mura ndéanfaidh
an Coimisiún nó na Ballstáit eile agóid laistigh de dhá sheachtain ón uair a
thabharfar fógra, nó, i gcás nach n‑úsáidtear deimhniú creidiúnaithe,
laistigh de dhá mhí ón uair a thabharfar fógra. Chun críche an Rialacháin seo ní mheasfar gur
comhlacht a thugann fógra ach comhlacht den sórt sin. (6)
Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an
eolas maidir le haon athruithe ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh
sin. Airteagal 28 [Airteagal R24 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Uimhreacha
aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra (1)
Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do gach
comhlacht dá dtugtar fógra. Ní shannfaidh sé ach uimhir amháin den sórt sin
fiú más rud é go dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid
an Aontais. (2)
Déanfaidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí dá
dtugtar fógra faoin Rialachán seo a chur ar fáil don phobal, agus beidh ar
áireamh sa liosta na huimhreacha aitheantais ar sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí
ar tugadh fógra dóibh ina leith. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an liosta sin
cothrom le dáta i gcónaí. Airteagal 29 [Airteagal R25 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Athruithe
ar na fógraí (1)
I gcás ina bhfionnfaidh údarás a thugann fógra, nó
go i gcás ina gcuirfear in iúl dó, nach bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag
comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos amach in Airteagal 23 a
thuilleadh, nó nach bhfuil sé ag comhall a chuid oibleagáidí, déanfaidh an t‑údarás
a thugann fógra, de réir mar is iomchuí, srian a chur ar an bhfógra, é a chur
ar fionraí, nó é a tharraingt siar, é sin de réir a thromchúisí a bheidh an
chaoi ina mbeidh ag teip ar an gcomhlacht na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na
hoibleagáidí sin a chomhall. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar
an eolas láithreach ina thaobh sin. (2)
I gcás ina ndéanfar an fógra a shrianadh, a chur ar
fionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina scoirfidh an comhlacht dá dtugtar
fógra dá ghníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra na bearta
iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile dá dtugtar fógra comhaid
an chomhlachta chéadluaite a phróiseáil nó go gcoinneofar ar fáil iad do na
húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus do na húdaráis um fhaireachas
margaidh, arna iarraidh sin dóibh. Airteagal 30 [Airteagal R26 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Agóidí
in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra (1)
Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar gach uile chás
ina mbeidh sé in amhras, nó ina dtabharfar le fios dó go bhfuiltear in amhras,
faoi inniúlacht comhlachta dá dtugtar fógra nó faoin gcaoi ina bhfuil comhlacht
dá dtugtar fógra ag leanúint de na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil sé
faoina réir a chomhall. (2)
Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra gach faisnéis
a bhaineann le bunús an fhógra nó le coinneáil inniúlacht an chomhlachta dá
dtugtar fógra lena mbaineann a chur ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin. (3)
Áiritheoidh an Coimisiún go ndéileálfar le gach
faisnéis íogair a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe ar mhodh rúin. (4)
I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach
gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra, nó
nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme ina
n‑iarrfar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá
a dhéanamh, lena n‑áirítear an fógra a tharraingt siar, más gá sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear
sa chéad fhomhír i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 36(2). Airteagal 31 [Airteagal R27 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáidí
oibríochtúla na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra (1)
Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra measúnuithe
comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta
dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III. (2)
Déanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach
comhréireach agus seachnófar ualaí nach bhfuil gá leo ar oibreoirí
eacnamaíocha. Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta
a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid an ghnóthais, ar
an earnáil ina mbíonn sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht
theicneolaíocht an fhearais nó an fheistis a bheidh i gceist agus ar chineál an
phróisis táirgthe, más olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann. Lena linn sin, áfach, urramóidh siad an déine agus
an leibhéal cosanta atá de dhíth le go gcomhlíonfaidh an fearas nó an feisteas
forálacha an Rialacháin seo. (3)
I gcás ina bhfaighidh comhlacht dá dtugtar fógra
amach nár chomhlíon monaróir na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in
Iarscríbhinn I nó nár chomhlíon sé caighdeáin chomhchuibhithe
chomhfhreagracha nó sonraíochtaí teicniúla eile, ceanglóidh sé ar an monaróir
sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú
comhréireachta. (4)
I gcás ina bhfaighidh comhlacht dá dtugtar fógra
amach, le linn fhaireachán na comhréireachta tar éis deimhniú a eisiúint, nach
bhfuil fearas nó feisteas ag comhlíonadh a thuilleadh, ceanglóidh sé ar an
monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú
a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, más gá sin. (5)
I gcás nach ndéanfar bearta ceartaitheacha nó i
gcás nach mbeidh an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra
aon deimhnithe a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar
is iomchuí. Airteagal 32 Achomharc
i gcoinne cinntí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nós
imeachta achomhairc i gcoinne chinntí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra ar fáil. Airteagal 33 [Airteagal R28 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáid
faisnéise ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra (1)
Cuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid
seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra: (a)
aon deimhniú ar diúltaíodh dóibh, ar cuireadh srian
air, a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar; (b)
aon tosca a dhéanann difear do raon feidhme an
fhógra nó do na coinníollacha faoina dtugtar é; (c)
aon iarratas a gheobhaidh siad ó údaráis um
fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta; (d)
arna iarraidh sin orthu, gníomhaíochtaí um measúnú
comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon
ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí trasteorann
agus fochonraitheoireacht. (2)
Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra faisnéis
ábhartha a sholáthar do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra faoin Rialachán
seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina
gcumhdaítear na fearais nó feistis chéanna a bhaineann le saincheisteanna
maidir le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin orthu, torthaí dearfacha na
measúnuithe comhréireachta. Airteagal 34 [Airteagal R29 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Malartú
taithí Féachfaidh an Coimisiún chuige go n‑eagrófar
malartú taithí idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an mbeartas
maidir le fógraí a thabhairt. Airteagal 35 [Airteagal R30 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Comhordú
na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú
iomchuí agus comhar iomchuí ar bun idir na comhlachtaí dá dtugtar fógra faoin
Rialachán seo agus go riarfar mar is ceart é, eadhon, i bhfoirm grúpa
earnála nó grúpaí earnála na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na
comhlachtaí dá dtugann siad fógra páirteach in obair an ghrúpa nó na ngrúpaí
sin, go díreach nó trí ionadaithe ainmnithe. CAIBIDIL V AN
NÓS IMEACHTA COISTE Airteagal 36 An
nós imeachta coiste (1)
Déanfaidh an Coiste maidir le fearais a dhónn
breoslaí gásacha cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina
choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (2)
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh
feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 37 Na
hIarscríbhinní a leasú Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 a bhaineann le
modhnuithe ar ábhar agus ar chineál na cumarsáide ó na Ballstáit maidir leis na
coinníollacha soláthair gáis a úsáidtear ar a gcríoch, atá leagtha amach in
Iarscríbhinn II, chun forbairtí teicniúla a chur san áireamh maidir leis
na coinníollacha soláthair gáis. Airteagal 38 An
tarmligean a fheidhmiú (1)
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san
Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh. (2)
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 37 a thabhairt don Choimisiún go
ceann tréimhse neamhchinntithe. (3)
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 a chúlghairm aon
tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh cuirfear deireadh le tarmligean na
cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis
fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta
is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon
ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. (4)
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe,
tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina
leith an tráth céanna. (5)
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun
Airteagal 37 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag
Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis
fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle
nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa
agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh
siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh
Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. CAIBIDIL VI FORÁLACHA
IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 39 Pionóis Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a
bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe a dhéanann oibreoirí
eacnamaíocha ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena
áirithiú bhforfheidhmeofar iad. Féadfaidh pionóis choiriúla as sáruithe
tromchúiseacha a bheith i measc na rialacha sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach,
comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl
don Choimisiún faoin [3 mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin
seo] agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill má dhéantar aon leasú ar na
forálacha sin ina dhiaidh sin lena ndéanfaí difear dóibh. Airteagal 40 Forálacha
idirthréimhseacha (1)
Ní chuirfidh na Ballstáit srian ar fhearais atá
cumhdaithe ag Treoir 2009/142/CE atá i gcomhréir leis an Treoir sin agus a
cuireadh ar an margadh roimh [an dáta dá dtagraítear in
Airteagal 42(2)] a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i mbun
seirbhíse. (2)
Ní chuirfidh Ballstáit srian ar fheistis atá
cumhdaithe ag Treoir 2009/142/CE atá i gcomhréir leis an Treoir sin agus a
cuireadh ar an margadh roimh [an dáta dá dtagraítear in
Airteagal 42(2)] a chur ar fáil ar an margadh. Airteagal 41 Aisghairm Aisghairtear Treoir 2009/142/CE ón [dáta
dá dtagraítear in Airteagal 42(2)]. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a
fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an
tábla comhghaoil atá leagtha síos in Iarscríbhinn VII." Airteagal 42 Teacht
i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm (1)
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. (2)
Beidh feidhm aige ó [dhá bhliain tar éis a theachta
i bhfeidhm]. (3)
De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag
Airteagal 19 go hAirteagal 35 ó [sé mhí tar éis a theachta i
bhfeidhm]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] IO L 330, 16.12.2009, lch. 10. [2] IO L 196, 26.7.1990, lch. 15. [3] IO L 285, 31.10.2009, lch. 10. [4] IO L 167, 22.6.1992, lch. 17. [5] IO L 239, 6.9.2013, lch. 136. [6] IO L 239, 6.9.2013, lch. 162. [7] IO L 278, 12.10.2012, lch. 1. [8] IO L 140, 5.6.2009, lch. 16. [9] IO L 153, 18.6.2010, lch. 13. [10] IO L 315, 14.11.2012, lch. 1. [11] Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le
caighdeánú Eorpach agus lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus
Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE,
95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus
2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear
Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012). [12] Togra le haghaigh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le faireachas margaidh tairgí lena leasaítear
Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus
Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 1999/5/CE, 2000/9/CE,
2000/14/CE, 2001/95/CE, 2004/108/CE, 2006/42/CE, 2006/95/CE, 2007/23/CE,
2008/57/CE, 2009/48/CE, 2009/105/CE, 2009/142/CE, 2011/65/AE, Rialachán (AE)
Uimh. 302/2011, Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 agus Rialachán (CE)
Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2013) 75
final). [13] IO L 11, 15.1.2002, lch. 4. [14] IO L 218, 13.8.2008, lch. 30. [15] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa,
chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig
Coiste na Réigiún, COM(2011) 206 final. [16] Meastóireacht ex post ar Threoir 2009/142/CE
maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha, Tuarascáil Deiridh, Risk &
Policy Analysts Limited, Márta 2011,
http://ec.europa.eu/enterprise/dg/files/evaluation/03_2011_finalreport_gas_en.pdf. [17] Pacáiste Ailínithe an Chreata Nua Reachtaigh (An Pacáiste
Earraí a chur chun feidhme), Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin ‑
Measúnú Tionchair a ghabhann leis na 10 dTogra chun na Treoracha maidir le
Comhchuibhiú Táirgí a ailíniú le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, SEC(2011)
1376 final. [18] http://eur‑lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:C:2004:296:0002:0007:EN:PDF
[19] Mar shampla, breosla gásach arna tháirgeadh ó bhithmhais i
gcás ina gciallaíonn ‘bithmhais’ an codán in‑bhithmhilte de tháirgí,
dramhaíl, agus fuíll de thionscnamh bitheolaíoch ón talmhaíocht (lena n‑áirítear
substaintí cothaitheacha agus ainmhíocha), ón bhforaoiseacht agus ó thionscail
lena mbaineann, lena n‑áirítear iascach agus dobharshaothrú, chomh maith
leis an gcodán in‑bhithmhilte de dhramhaíl thionsclaíoch agus uirbeach. [20] Sainordú M400 ‑ Céim I: Standardization
in the field of gas qualities, Final report, CEN/BT/WG 197 (2012) evaluating
the impact of H gas quality variations on the behaviour of GAD compliant
appliances. (Caighdeánú i réimse na gcáilíochtaí gáis, Tuarascáil deiridh,
CEN/BT/WG 197 (2012) lena ndéantar meastóireacht ar thionchar athruithe
cáilíochta gáis H ar iompraíocht fearas a chomhlíonann an Treoir maidir le
fearais a dhónn breoslaí gásacha). Sainordú M475:
Mandate given to CEN for standards for biomethane for use in transport and
injection in natural gas pipelines (Sainordú arna thabhairt don Choiste
Eorpach um Chaighdeánú maidir le caighdeáin do bhithmheatán i dtaca lena úsáid
i gcúrsaí iompair agus i dtaca lena chur isteach i bpíblínte gáis nádúrtha). [21] IO C […], […], lch. […]. [22] Treoir 2009/142/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le fearais a dhónn breoslaí
gásacha (IO L 330, 16.12.2009, lch. 10). [23] IO C 136, 4.6.1985, lch. 1. [24] Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le
Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus
Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE,
95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus
2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear
Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12). [25] Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann chun
táirgí a mhargú agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/465/CEE ón
gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82). [26] Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le
creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú,
agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008,
lch. 30). [27] IO L […], […], lch. […]. [28] Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat
chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a
shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10). [29] Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite
a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina
dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO L 140,
5.6.2009, lch. 16). [30] Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L
153, 18.6.2010, lch. 13). [31] Treoir 2012/27/AE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir
le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus
Treoir 2010/30/AE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/8/CE
agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1). [32] Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don
mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n‑aisghairtear
Treoir 2003/55/CE (IO L 211,14.8.2009, lch. 94). [33] Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le
Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus
Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE,
95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear
Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12). [34] Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha
agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag
na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L
55, 28.2.2011, lch. 13). IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS
RIACHTANACHA RÉAMHBHARÚLACHA: 1. Na ceanglais riachtanacha atá leagtha síos
sa Rialachán seo, tá siad éigeantach. 2. Tá na ceanglais riachtanacha le léirmhíniú
agus le cur i bhfeidhm ar shlí a chuirfidh san áireamh an úrnuacht agus na
cleachtais a bhí ann tráth an dheartha agus an mhonaraithe, chomh maith le
gnéithe teicniúla agus eacnamaíocha atá comhsheasmhach le leibhéal ard
éifeachtúlachta fuinnimh, chosaint na sláinte agus na sábháilteachta. 1. CEANGLAIS
GHINEARÁLTA 1.1. Is amhlaidh a dhearfar agus a thógfar
fearais ionas go n-oibreoidh siad go sábháilte agus nach baol iad do dhaoine,
d'ainmhithe clóis ná do mhaoin nuair a úsáidtear ar ghnáthbhealach iad ar an
leibhéal feidhmíochta inmhianaithe. Dearfar agus tógfar feistis ionas go
gcomhlíonfaidh siad an cuspóir ar beartaíodh iad chuige nuair a chuirtear
isteach i bhfearas iad nó nuair a chóimeáiltear i bhfearas den sórt sin iad. 1.2. Tá an monaróir faoi oibleagáid chun
anailís a dhéanamh ar na rioscaí d'fhonn na cinn a bhaineann lena fhearas nó a
fheisteas a aithint. Ansin déanfaidh sé é a dhearadh agus a thógáil agus an
anailís sin á cur san áireamh aige. 1.3. Agus na réitigh is iomchuí á roghnú acu,
cuirfidh monaróir fearais nó feistis i bhfeidhm na prionsabail atá leagtha
amach thíos, san ord seo a leanas: (a)
rioscaí a dhíchur nó a laghdú a mhéid is féidir
(dearadh agus tógáil atá sábháilte iontu féin); (b)
na bearta cosanta is gá a dhéanamh i ndáil le
rioscaí nach féidir a dhíchur; (c)
úsáideoirí a chur ar an eolas faoi na rioscaí iarmharacha
i ngeall ar aon lochtanna sna bearta cosanta a glacadh agus a léiriú cé acu an
gá aon réamhchúraimí ar leith . 1.4. Agus an fearas á dhearadh agus á thógáil
aige, agus nuair a bheidh na treoracha á ndréachtú aige, réamhbheartóidh an
monaróir ní amháin don úsáid atá beartaithe don fhearas, ach freisin do na
húsáidí atá insamhlaithe go réasúnta. 1.5. Nuair a chuirfear ar an margadh é, beidh
le gach fearas: (a)
treoracha teicniúla atá ceaptha don suiteálaí; (b)
treoracha don úsáid agus do sheirbhísiú, atá
ceaptha don úsáideoir; (c)
fógraí rabhaidh iomchuí, a bheidh ar an bpacáistiú
freisin. Beidh na treoracha agus na fógraí rabhaidh i
dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus leis na húsáideoirí deiridh eile a
thuiscint, arna chinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. 1.6.1. Sna
treoracha teicniúla atá ceaptha don suiteálaí beidh na treoracha uile don
suiteáil, don choigeartú agus don seirbhísiú is gá lena áirithiú gur cuireadh
na hoibríochtaí i gcrích i gceart agus gur féidir an fearas a úsáid go
sábháilte. Sna treoracha le
haghaidh suiteála freisin beidh faisnéis ar shonraíochtaí teicniúla an
idirghníomhaithe idir an fearas agus a thimpeallacht suiteála, rud a cheadóidh
é a nascadh i gceart leis an líonra soláthair gáis, leis an soláthar fuinnimh
chúnta, an soláthar aeir dócháin agus le córas aslonnaithe gáis an mhúcháin. 1.6.2. Sna treoracha úsáide agus um
sheirbhísiú atá ceaptha don úsáideoir beidh an fhaisnéis uile is gá don úsáid
shábháilte, agus go háirithe tarraingeoidh siad aird an úsáideora ar aon srianta
ar úsáid. Cuirfidh monaróir an fhearais sna treoracha a
ghabhann leis an bhfearas an fhaisnéis go léir is gá maidir le coigeartú,
oibriú agus cothabháil na bhfeisteas mar chuid den fhearas críochnaithe, de
réir mar is cuí. 1.6.3. Luafaidh na fógraí rabhaidh ar an
bhfearas agus ar a phacáistiú go soiléir an cineál gáis a úsáidtear, brú an
tsoláthar gáis, an catagóir fearas agus aon srianta ar úsáid, go háirithe an
srian ar dá réir nach suiteálfar an fearas ach amháin i limistéir ina bhfuil go
leor aerála d'fhonn a áirithiú go n-íoslaghdófar na rioscaí a bhaineann leis. 1.7. Déanfar na treoracha um chur isteach nó
cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil a chur ar fáil leis na feistis lena
mbaineann mar chuid de dheimhniú comhréireachta an fheistis. 2. ÁBHAIR 2.1. Beidh ábhair le haghaidh fearas nó
feisteas oiriúnach don chuspóir dá bhfuil siad beartaithe agus seasfaidh siad
na dálaí ceimiceacha, meicniúla agus teirmeacha a mbeidh siad faoina réir go
hintuartha. 2.2. Ráthóidh monaróir nó soláthraí na n-ábhar
airíonna na n-ábhar atá tábhachtach don tsábháilteacht. 3. DEARADH
AGUS TÓGÁIL Na hoibleagáidí le haghaidh fearas a
eascraíonn as na ceanglais riachtanacha a leagtar amach maidir leis an bpointe
seo, beidh feidhm leo i dtaca le feistis, chomh fada agus is ábhartha. 3.1. Ginearálta 3.1.1. Déanfar fearais a dhearadh agus a
thógáil ar shlí nach dtarlóidh aon éagobhsaíocht, saobhadh, briseadh ná
caitheamh ar dócha go ndéanfaidís dochar dá sábháilteacht, nuair a bhaintear
gnáthúsáid astu. 3.1.2. Comhdhlúthú a tháirgtear ag an tosú
agus/nó le linn úsáide, ní dhéanfaidh sé aon difear do shábháilteacht na
bhfearas. 3.1.3. Déanfar fearais a dhearadh agus a
thógáil ar shlí go n-íoslaghdófar an baol pléasctha i gcás dóiteáin de
thionscnamh seachtrach. 3.1.4. Déanfar fearais a dhearadh agus a
thógáil ar shlí a chinnteoidh nach dtarlóidh treá uisce ná treá míchuí aeir
isteach sa chiorcad gáis. 3.1.5. I gcás gnáthluaineachta fuinnimh
thánaistigh, leanfaidh fearais ar aghaidh ag feidhmiú go sábháilte. 3.1.6. Ní bheidh staid neamhshábháilte de
thoradh ar luaineachtaí neamhghnácha fuinnimh nó teip fuinnimh thánaistigh ná
ar a athchóiriú. 3.1.7. Déanfar fearais a dhearadh agus a
thógáil sa tslí is go dtiocfar roimh aon rioscaí a bhaineann le gás i ngeall ar
ghuaiseacha de thionscnamh leictreach. Chomh fada agus is ábhartha, déanfar
torthaí an mheasúnaithe comhréireachta i ndáil le ceanglais sábháilteachta
Threoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[1] maidir le trealamh
raidió nó le cuspóirí sábháilteachta Threoir 2006/95/EC ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle a bhaineann le trealamh leictreach a dearadh lena úsáid
laistigh de theorainneacha áirithe voltais [2]
a chur san áireamh. 3.1.8. Ní mór fearais a dhearadh agus a
thógáil sa tslí is go dtiocfar roimh aon rioscaí a bhaineann le gás i ngeall ar
fheiniméin leictreamaighnéadacha. Chomh fada agus is ábhartha, déanfar torthaí
an mheasúnaithe comhréireachta i dtaca le ceanglais chomhoiriúnacht
leictreamaighnéadach Threoir 1999/5/CE nó Threoir 2004/108/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach[3] a chur san áireamh. 3.1.9. Seasfaidh codanna brúchóirithe uile
fearais na struis mheicniúla agus theirmeacha a bhfuil siad faoina réir gan aon
dífhoirmiú a bhainfeadh den tsábháilteacht. 3.1.10. Déanfar fearais a dhearadh agus a
thógáil sa tslí is nach mbeidh staid neamhshábháilte mar thoradh ar theip ar
ghléas sábháilteachta, a rialaithe nó rialála. 3.1.11. Má tá fearas feistithe le feistí
rialaithe agus le feistí sábháilteachta, ní chuirfidh feidhmiú na bhfeistí
rialaithe feidhmiú na bhfeistí sábháilteachta ar ceal. 3.1.12. Gach cuid d'fhearais atá socraithe nó
coigeartaithe ag céim an mhonaraithe agus nár cheart don úsáideoir nó don
suiteálaí iad a ionramháil, cosnófar go hiomchuí iad. 3.1.13. Déanfar luamháin agus feistí rialaithe
agus socraithe eile a mharcáil go soiléir agus tabharfar treoracha cuí chun
cosc a chur le haon earráid ina bhfeidhmiú/n-úsáid. Dearfar iad
sa tslí nach bhféadfar iad a oibriú de thaisme. 3.2. Gás neamhdhóite a scaoileadh 3.2.1. Déanfar fearais a dhearadh agus a
thógáil sa tslí is nach mbeidh an ráta sceite gáis
contúirteach. 3.2.2. Déanfar fearais a dhearadh agus a
thógáil sa tslí is go dteorainneofar scaoileadh gáis ag aon chéim oibríochta
d'fhonn carnadh contúirteach gáis neamhdhóite san fhearas a sheachaint. 3.2.3. Fearais a mbeartaítear iad a úsáid i
spásanna agus i seomraí laistigh, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa tslí
is gcoscfar scaoileadh gáis neamhdhóite i ngach cás a d'fhéadfadh a bheith ina
chúis le carnadh contúirteach gáis neamhdhóite i spásanna agus seomraí den sórt
sin. 3.2.4. Fearais a dearadh agus a tógadh chun
gás ina bhfuil comhábhair thocsaineacha a dhó, ní bheidh siad ina mbaol do
shláinte daoine agus ainmhithe clóis a nochfar dóibh. 3.3. Adhaint Déanfar
fearais a dhearadh agus a thógáil sa tslí is go mbeidh adhaint agus athadhaint
go réidh agus go n-áiritheofar tras-soilsiú, nuair a bhaintear gnáthúsáid
astu. 3.4. Dóchán 3.4.1. Déanfar fearais a dhearadh agus a
thógáil sa tslí is go mbeidh an próiseas dócháin cobhsaí agus nach mbeidh tiúchan
do-ghlactha de shubstaintí díobhálacha don tsláinte sna táirgí dócháin, nuair a
bhaintear gnáthúsáid astu. 3.4.2. Déanfar fearais a dhearadh agus a
thógáil sa tslí is nach mbeidh aon scaoileadh táirgí dócháin de thaisme, nuair
a bhaintear gnáthúsáid astu. 3.4.3. Fearais atá ceangailte le múchán le
táirgí dócháin a scaipeadh, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa tslí is
nach mbeidh aon scaoileadh táirgí dócháin i gcainníocht chontúirteach isteach
sna spásanna nó na seomraí istigh lena mbaineann, faoi dhálaí neamhghnácha
seoidirí. 3.4.4. Déanfar fearais a dhearadh agus a
thógáil sa tslí is nach mbeidh siad ina gcúis le tiúchan substaintí atá
díobhálach don tsláinte, amhail is gur dócha go mbeidís ina mbaol do shláinte
daoine agus ainmhithe clóis a nochtar dóibh, nuair a bhaintear gnáthúsáid
astu. 3.5. Úsáid réasúnach. Ní mór fearais a dhearadh agus a thógáil sa
tslí is go gcinnteofar úsáid réasúnach fuinnimh a léiríonn staid na
teicneolaíochta agus gnéithe sábháilteachta á gcur san áireamh. 3.6. Teocht 3.6.1. Codanna d'fhearais a bhfuil sé
beartaithe iad a shuiteáil nó a chur i ngaireacht do dromchlaí, ní shroichfidh
siad teocht a bheidh ina baol. 3.6.2. Teocht dromchla na gcodanna fearas a
mbeartaítear iad a láimhseáil i rith gnáthúsáide, ní bheidh sí ina baol don
úsáideoir. 3.6.3. Teocht dromchla na gcodanna seachtracha
d'fhearais, cé is moite de dhromchlaí nó de chodanna a bhfuil baint acu le
tarchur teasa, ní bheidh siad ina mbaol do dhaoine neamhchosanta faoi dhálaí
oibriúcháin agus go háirithe do leanaí agus do dhaoine scothaosta, a bhfuil am
cuí le frithghníomhú le cur san áireamh ina leith. 3.7. Teagmháil le bia agus uisce a cheaptar
lena gcaitheamh ag an duine Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[4]
maidir le hábhair agus nithe teagmhála bia agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5]
maidir le táirgí foirgníochta, ábhair agus páirteanna a úsáidtear i dtógáil
fearais, a fhéadfaidh a bheith i dteagmháil le bia nó le huisce a cheaptar lena
gcaitheamh ag an duine mar a shainítear in Airteagal 2 de Threoir 98/83/CE ón
gComhairle maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha lena chaitheamh ag an duine[6], ní dhéanfaidh siad
dochar do cháilíocht an bhia nó an uisce. IARSCRÍBHINN II ÁBHAR CHUMARSÁID NA mBALLSTÁT MAIDIR LE
COINNÍOLLACHA AN tSOLÁTHAIR GHÁIS (1)
I gcumarsáid na mBallstát chuig an gCoimisiún agus
chuig na Ballstáit eile dá bhforáiltear in Airteagal 4 beidh an t-ábhar seo a
leanas: (a)
(i ) Oll-luach Calrach ( GCV ) i MJ/m3
Uasmhéid Íosmhéid; (ii ) Innéacs Wobbe i MJ/m3 Uasmhéid
Íosmhéid. (b)
Comhdhéanamh Gáis de réir toirte i % den ábhar
iomlán: –
Cion C1 go C5 i % ( suim ) Uasmhéid
Íosmhéid; –
Cion N2 + CO2 i %
Uasmhéid Íosmhéid; –
Cion CO i % ; Uasmhéid
Íosmhéid; –
HC Neamhsháithithe Uasmhéid
Íosmhéid; –
Cion Hidrigine i % ; Uasmhéid
Íosmhéid; (c)
Eolas faoi chomhpháirteanna tocsaineacha atá sa
bhreosla gásach Sa chumarsáid freisin beidh ceann díobh seo a
leanas: (a)
Brú an tSoláthair ag inraon na bhfearais in mbar: Ainmniúil/Uasmhéid/Íosmhéid; (b)
(i) Brú an tSoláthair ag an bpointe seachadta in
mbar: Ainmniúil/Uasmhéid/Íosmhéid; (ii) Caillteanas brú atá inghlactha i suiteáil
gáis an úsáideora deiridh i mbar: Ainmniúil/Uasmhéid/Íosmhéid. (2)
Is iad seo a leanas a bheidh mar choinníollacha
tagartha don Innéacs Wobbe agus d'Oll-luach Calrach: (a)
Teocht thagartha dócháin: 15°C; (b)
Teocht thagartha thomhas toirte: 15°C; (c)
Brú tagartha thomhas toirte: 1013,25 mbar. IARSCRÍBHINN
III NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
D'FHEARAIS AGUS d'FHEISTIS 1. MODÚL B:
SCRÚDÚ CINEÁIL AN AE – CINEÁL TÁIRGTHE 1.1. Scrúdú cineáil an AE, sin an chuid de nós
imeachta measúnaithe comhréireachta ina scrúdaíonn comhlacht dá dtugtar fógra
dearadh teicniúil fearais nó feistis agus go bhfíoraíonn agus go bhfianaíonn sé
go gcomhlíonann dearadh teicniúil an fhearais nó an fheistis ceanglais an
Rialacháin seo. 1.2. Déantar scrúdú cineáil an AE trí mheasúnú
a dhéanamh ar leordhóthanacht dhearadh teicniúil an fhearais nó an fheistis trí
scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil agus an fhianaise tacaíochta dá
dtagraítear i bpointe 1.3, chomh maith le scrúdú ar eiseamal, atá ina ionadaí
ar an táirgeadh atá beartaithe, den fhearas iomlán nó den fheisteas (cineál
táirgthe). 1.3. Cuirfidh an monaróir isteach iarratas ar
scrúdú cineáil an AE chuig comhlacht amháin dá dtugtar fógra dá rogha féin. 1.3.1. Beidh san iarratas na nithe seo a
leanas: (a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an
t-ionadaí údaraithe a chuireann isteach an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh
freisin, (b)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas
céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra, (c)
an doiciméadacht theicniúil. Fágfaidh an
doiciméadacht theicniúil go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an
fhearais nó an fheistis le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo agus beidh
ann anailís agus measúnú leordhóthanach ar an riosca (na rioscaí). Sonróidh an
doiciméadacht theicniúil na ceanglais agus an cumhdach is infheidhme, chomh
fada agus is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an fhearais nó
an fheistis. Beidh sa doiciméadacht theicniúil, más infheidhme, na heilimintí
seo a leanas ar a laghad: (1)
cur síos ginearálta ar an bhfearas nó ar an
bhfeisteas; (2)
dearadh coincheapúil agus líníochtaí agus
scéimeanna monaraíochta na gcomhpháirteanna, na bhfo-chóimeálacha, na gciorcad,
etc.; (3)
an cur síos agus na mínithe is gá do thuiscint ar
na líníochtaí agus na scéimeanna sin agus ar oibriú an fhearais nó an fheiste; (4)
liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe agus/nó na
sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile ar foilsíodh a gcuid tagairtí in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, atá i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach,
agus cur síos ar na réitigh arna nglacadh chun freastal ar cheanglais
sábháilteachta riachtanacha an Rialachán seo i gcás nár cuireadh na caighdeáin
chomhchuibhithe i bhfeidhm. I gcás caighdeáin chomhchuibhithe a bheith i
bhfeidhm go páirteach, sonróidh an doiciméadacht theicniúil na codanna a
cuireadh i bhfeidhm; (5)
torthaí na ríomhaireachtaí a rinneadh, scrúduithe a
rinneadh, etc; (6)
tuarascálacha tástála; (7)
na heiseamail atá ionadaíoch ar an táirgeadh atá
beartaithe. Féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra eiseamal bhreise a iarraidh
nuair is gá sin chun an clár tástála a chur i gcrích; (8)
an fhianaise tacaíochta do leordhóthanacht an
réitigh maidir le dearadh teicniúil. Luafaidh an fhianaise tacaíochta aon
doiciméid a úsáideadh, go háirithe i gcás nár cuireadh na caighdeáin ábhartha
chomhchuibhithe agus/nó na sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm ina n-iomláine.
Áireofar ar an bhfianaise tacaíochta, nuair is gá, torthaí na dtástálacha a
rinne saotharlann iomchuí an mhonaróra, nó saotharlann tástála eile thar a
cheann agus faoina fhreagracht. (9)
treoracha maidir le suiteáil agus úsáid an
fhearais. (10)
deimhniú comhréireachta an Fheistis ina bhfuil na
treoracha conas ba cheart an feisteas a chur isteach i bhfearas nó a chóimeáil
chun fearas den sórt sin a dhéanamh. 1.3.2. I gcás inarb iomchuí, beidh sa
doiciméadacht um dhearadh na heilimintí a leanas: (a)
an deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus deimhniú
comhréireachta an Fheistis a bhaineann leis na feistis arna gcur isteach san
fhearas; (b)
fianuithe agus deimhnithe a bhaineann le modhanna
monaraíochta agus/nó cigireacht agus/nó faireachán a dhéanamh ar an bhfearas nó
ar an bhfeisteas; (c)
aon doiciméad eile a fhágann go bhféadfaidh an
comhlacht dá dtugtar fógra a mheasúnú a fheabhsú. 1.4. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra
an méid seo a leanas: Le haghaidh an fhearais nó an fheistis: 1.4.1 . an doiciméadacht theicniúil agus an
fhianaise tacaíochta a scrúdú chun fóntacht dhearadh teicniúil an fhearais nó
an fheistis a mheasúnú. Le haghaidh an eiseamail/na n-eiseamal: 1.4.2 . a fhíorú gur monaraíodh an
t-eiseamal/na heiseamail i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus na
gnéithe a aithint a dearadh i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme ar na
caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla, mar aon
leis na heilimintí a dearadh gan forálacha ábhartha na gcaighdeáin sin a chur i
bhfeidhm; 1.4.3. scrúduithe agus tástálacha iomchuí a
dhéanamh, nó a shocrú, lena sheiceáil cé acu ar cuireadh i bhfeidhm i gceart
iad sa chás gur roghnaigh an monaróir na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe
ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla a chur i bhfeidhm; 1.4.4. scrúduithe agus tástálacha iomchuí a
dhéanamh, nó iad a shocrú, lena sheiceáil cibé ar chomhlíon na réitigh a ghlac
an monaróir ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha an Rialacháin seo sa chás
nár cuireadh na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na
sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm; 1.4.5. a aontú leis an monaróir ar shuíomh ina
ndéanfar na scrúduithe agus tástálacha. 1.5. Ullmhóidh an comhlacht dá dtugtar fógra
tuarascáil mheastóireachta a chláraíonn na gníomhaíochtaí a rinneadh i
gcomhréir le pointe 1.4 agus a dtorthaí. Gan dochar dá oibleagáidí i leith na
n-údarás a thugann fógra, ní scaoilfidh an comhlacht dá dtugtar fógra ábhar na
tuarascála sin, go hiomlán nó go páirteach, ach amháin le comhaontú an
mhonaróra. 1.6. I gcás go gcomhlíonann an fearas nó an
feisteas ceanglais an Rialacháin seo, eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra
deimhniú ar scrúdú cineáil an AE chuig an monaróir. Beidh sa deimhniú ainm agus
seoladh an mhonaróra, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha (más ann dóibh)
le haghaidh a bhailíochta, na sonraí is gá chun an cineál formheasta a aithint
agus, más ábhartha, cur síos ar a fheidhmiú. Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó
níos mó a bheith ceangailte leis an deimhniú. Beidh sa deimhniú agus ina iarscríbhinní gach
faisnéis ábhartha ar a bhféadfar comhréireacht fearas nó feisteas monaraithe
leis an gcineál a scrúdaíodh a mheas agus chun deis a thabhairt do rialú
inseirbhíse. Beidh uastréimhse bailíochta deich mbliana ó
dháta a eisiúna ag an deimhniú. I gcás nach gcomhlíonann an cineál ceanglas
infheidhme an Rialacháin seo, diúltóidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú
ar scrúdú cineáil an AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don
iarratasóir, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú. 1.7. Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra
é féin ar an eolas faoi aon athruithe ar staid na teicníochta lena nglactar go
ginearálta a léiríonn gur féidir nach gcomhlíonann an cineál formheasta a
thuilleadh ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, agus cinnfidh sí cibé an gá
imscrúdú breise de bharr athruithe den sórt sin. Más amhlaidh atá, cuirfidh
an comhlacht dá dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir sin. Cuirfidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar
fógra agus a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an deimhniú ar
scrúdú cineáil an AE aige na modhnuithe uile ar an gcineál formheasta a
d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhréireacht an fhearas nó an fheiste le
ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo nó do choinníollacha bailíochta an
deimhnithe. Éileoidh modhnuithe den sórt sin formheas breise i bhfoirm breise a
chur leis an mbundeimhniú ar scrúdú cineáil an AE. 1.8. Gach comhlacht dá dtugtar fógra, cuirfidh
sé a údaráis a thugann fógra agus na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra ar an
eolas faoi na deimhnithe ar scrúdú cineáil an AE agus/nó aon chinn bhreise
d'eisigh sé. An comhlacht dá dtugtar fógra a dhiúltóidh
deimhniú ar scrúdú cineáil an AE a eisiúint nó a tharraingt siar, nó a
chuireann ar fionraí nó shrianann ar shlí eile é, cuirfidh sé é sin in iúl do
na húdaráis a thugann fógra agus do na comhlachtaí dá dtugtar fógra eile dá
réir, agus tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh. Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na
comhlachtaí eile dá dtugtar fógra, ar iarratas, cóip a fháil de na deimhnithe
ar scrúdú cineáil an AE agus/nó na cinn bhreise a ghabhann leis. Arna iarraidh
sin, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip den doiciméadacht theicniúil
agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht dá dtugtar fógra a fháil.
An comhlacht dá dtugtar fógra, coinneoidh sé cóip den deimhniú ar scrúdú
cineáil an AE, dá iarscríbhinní agus breisithe, chomh maith leis an gcomhad
teicniúil lena n-áirítear an doiciméadacht a thíolaic an monaróir, go dtí go
dtéann bailíochta an deimhnithe as feidhm. 1.9. Coinneoidh an monaróir cóip den deimhniú
ar scrúdú cineáil an AE, a iarscríbhinní agus a bhreiseanna mar aon leis an
doiciméadacht theicniúil ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana
tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh. 1.10. Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra
an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe 1.3 a chur isteach agus na hoibleagáidí
atá leagtha amach i bpointí 1.7 agus 1.9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go
sonraítear sa sainordú iad. 2. MODÚL C2:
CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE MÓIDE SEICEÁLACHA
AR FHEARAIS NÓ AR FHEISTIS FAOI MHAOIRSEACHT AG EATRAIMH RANDAMACHA 2.1.
Cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe móide seiceálacha
ar fhearais nó ar fheistis faoi mhaoirseacht ag eatraimh randamacha, sin an
chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na
hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2.2 agus 2.3 agus pointe 2.4 nó 2.5, agus
ina n-áirithíonn sé agus a fhógraíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go bhfuil
na fearais nó na feistis lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear
sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an
Rialacháin seo. 2.2. Monaraíocht Déanfaidh an
monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus
a fhaireachán comhréireacht na bhfearas nó na bhfeisteas monaraithe leis an
gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus le ceanglais
an Rialacháin seo. 2.3. Seiceálacha
fearas nó feisteas Comhlacht dá dtugtar fógra, arna roghnú ag an
monaróir, déanfaidh sé seiceálacha fearas nó feisteas nó eagróidh siad iad ag
eatraimh de bhliain amháin nó níos lú, d'fhonn caighdeán na seiceálacha
inmheánacha ar an bhfearas a fhíorú, ag cur san áireamh, inter alia,
castacht teicneolaíochta na bhfearas nó na bhfeisteas agus cainníocht an
táirgthe. Scrúdofar sampla leordhóthanach de na fearais nó na feistis deiridh a
ghlac an comhlacht dá dtugtar fógra ar an láthair sular cuireadh ar an margadh
iad, agus déanfar tástálacha iomchuí a aithnítear sna codanna ábhartha de na
caighdeáin chomhchuibhithe agus/nó sonraíochtaí teicniúla, nó tástálacha
comhionanna, a chur i gcrích d'fhonn a sheiceáil go gcomhlíonann an fearas nó
an feisteas ceanglais ábhartha an Rialacháin seo. I gcás nach gcomhlíonann an
sampla an leibhéal cáilíochta atá inghlactha, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar
fógra bearta iomchuí chun cosc a chur leis na fearais nó na
feistis lena mbaineann a chur ar an margadh. Tá sé i gceist go gcinnfeadh an nós imeachta
samplála atá le cur i gcrích cibé an gcomhlíonann próiseas monaríochta an fhearais
nó an fheiste laistigh de theorainneacha inghlactha, d'fhonn comhréireacht an
fhearais nó an fheistis a áirithiú. Déanfaidh an
monaróir, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra, uimhir aitheantais
an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú le linn an phróisis mhonaraithe. 2.4. An comhartha
CE agus dearbhú comhréireachta an AE 2.4.1. Greamóidh
an monaróir an comhartha CE agus na hinscríbhinní dá bhforáiltear in
Iarscríbhinn IV ar gach fearas ar leith atá i gcomhréir leis an gcineál a
thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus a chomhlíonann
ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. 2.4.2. Déanfaidh
an monaróir dearbhú comhréireachta an AE i scríbhinn do gach múnla fearais a
tharraingt suas agus é a choimeád ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10
mbliana tar éis an fearas a chur ar an margadh. Aithneoidh dearbhú
comhréireachta an AE múnla an fhearais dar tarraingíodh suas é. Déanfar cóip de
dhearbhú comhréireachta an AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna
iarraidh sin. 2.5. Deimhniú
comhréireachta an fheistis 2.5.1. Greamóidh
an monaróir na hinscríbhinní dá bhforáiltear i i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV ar
gach feisteas ar leith atá i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa
deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an
Rialacháin seo. 2.5.2. Déanfaidh
an monaróir deimhniú comhréireachta scríofa an Fheistis d'eiseamal feistis a
tharraingt suas agus é a choimeád ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10
mbliana tar éis an feisteas a chur ar an margadh. Aithneoidh deimhniú
comhréireachta an Fheistis múnla an fheistis dar tarraingíodh suas é agus beidh
sé ag gabháil leis an bhfeisteas. 2.6. Ionadaí
údaraithe Féadfaidh a
ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach i bpointe 2.4 nó
2.5 a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go
sonraítear sa sainordú iad. 3. MODÚL D:
CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA PHRÓISEAS AN TÁIRGTHE 3.1.
Cineál-chomhréireacht arna bunú ar áirithiú cáilíochta phróiseas an táirgthe,
sin an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an
monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 3.2 agus pointí 3.5 nó 3.6,
agus ina n-áirithíonn sé agus a fhógraíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go
bhfuil na fearais nó na feistis lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a
thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus go gcomhlíonann siad
ceanglais an Rialacháin seo a bhaineann leo. 3.2. Monaraíocht Oibreoidh an
monaróir córas cáilíochta formheasta le haghaidh táirgthe, cigireachta deiridh
ar ionstraimí agus tástála na bhfearas nó na bhfeisteas atá i gceist mar a
shonraítear i bpointe 3.3, agus beidh sé faoi réir faireachais mar atá
sonraithe i bpointe 3.4. 3.3. Córas
cáilíochta 3.3.1. Cuirfidh an
monaróir isteach iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta chuig a rogha
comhlacht dá dtugtar fógra, le haghaidh na bhfearas nó na bhfeisteas lena
mbaineann. Beidh na nithe seo
a leanas san iarratas: (a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an
t-ionadaí údaraithe a chuireann isteach an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh
freisin, (b)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas
céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra, (c)
an fhaisnéis iomchuí go léir don fhearas nó don fheiste
a formheasadh faoi mhodúl B, (d)
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras
cáilíochta, (e)
an doiciméadacht theicniúil ar an gcineál
formheasta agus cóip den deimhniú ar scrúdú cineáil an AE. 3.3.2. Áiritheoidh an córas cáilíochta go
bhfuil na fearais nó feistis i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa
deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an
Rialacháin seo a bhaineann leo. Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus
forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach,
ordúil i bhfoirm beartas, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Ceadóidh an
doiciméadacht um chóras cáilíochta léirmhíniú comhsheasmhach ar na cláir
ardchaighdeáin, pleananna, lámhleabhair agus taifid. Beidh ann, go háirithe, cur síos
leordhóthanach ar: (a)
na cuspóirí cáilíochta agus an struchtúr
eagrúcháin, freagrachtaí agus cumhachtaí na bainistíochta maidir le cáilíocht
na bhfearas; (b)
na teicnící comhfhreagracha monaraíochta, um rialú
cáilíochta agus dearbhú cáilíochta, próisis agus gníomhaíochtaí córasacha a
úsáidfear; (c)
na scrúduithe agus tástálacha a chuirfear i gcrích
roimh mhonarú, lena linn agus dá éis, agus a mhinice a chuirfear i gcrích iad; (d)
na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha
cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta
ar an bpearsanra lena mbaineann, etc. agus (e)
an tslí chun faireachán a dhéanamh ar an gcáilíocht
riachtanach san fhearas agus oibriú éifeachtúil an chórais cháilíochta. 3.3.3. Measúnóidh an comhlacht dá dtugtar
fógra an córas cáilíochta chun a chinneadh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá
dtagraítear i Roinn 3.2. Toimhdeofar comhréireacht leis na ceanglais
sin maidir le gnéithe an chórais cháilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí
comhfhreagracha an chaighdeáin náisiúnta a chuireann an caighdeán
comhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla i gcrích. Chomh maith le taithí i gcórais bhainistíochta
cáilíochta, beidh ag an bhfoireann iniúchta ball amháin ar a laghad a bhfuil
taithí ar mheastóireacht sa réimse fearas nó feisteas ábhartha agus sa
teicneolaíocht fearas nó feisteas lena mbaineann, agus eolas ar cheanglais
infheidhme an Rialacháin seo. Beidh cuairt measúnaithe chuig áitreabh an
mhonaróra san áireamh san iniúchadh. Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.3.1(e), chun cumas an
mhonaróra chun ceanglais ábhartha an Rialacháin seo a shainaithint, agus na
scrúduithe is gá a chur i gcrích d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an fearas
nó an feisteas na ceanglais sin, a fhíorú. Tabharfar fógra don mhonaróir maidir leis an
gcinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe
réasúnaithe. 3.3.4. Gabhfaidh
an monaróir ar láimh na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta mar a
formheasadh é a chomhlíonadh agus é a choimeád ar bun é ionas go mbeidh sé
leordhóthanach, éifeachtúil. 3.3.5. Coinneoidh an monaróir an comhlacht dá
dtugtar fógra a d'fhormheas an córas cáilíochta ar an eolas faoi aon athrú ar
an gcóras cáilíochta atá beartaithe. Déanfaidh an
comhlacht dá dtugtar fógra meastóireacht ar aon athruithe atá molta agus
cinnfidh sé cé acu an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe leis na
ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.3.2 a shásamh nó an bhfuil gá le
hathmheasúnú. Tabharfaidh sé
fógra don mhonaróir faoina chinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an scrúdaithe
agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe. 3.4. Faireachas
faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra 3.4.1. Is é is
cuspóir d'fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a
fhorchuirtear leis an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta. 3.4.2. Ceadóidh an
monaróir, chun críocha measúnachta, don chomhlacht dá dtugtar fógra rochtain ar
na suímh um monarú, iniúchadh, tástáil agus stóráil gus tabharfaidh sé gach
faisnéis is gá, go háirithe: (a)
doiciméadacht an chórais cháilíochta agus (b)
na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha
cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta
ar an bpearsanra lena mbaineann, etc. agus 3.4.3. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra
iniúchtaí tréimhsiúla uair sa dá bhliain ar a laghad chun a áirithiú go
gcoimeádann an monaróir an córas cáilíochta agus go gcuireann sé i bhfeidhm é
agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóireachta son mhonaróir. 3.4.4. Ina theannta sin, féadfaidh an
comhlacht dá dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an monaróir.
I rith na gcuairteanna sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra, más gá,
tástálacha fearas nó feisteas a chur i gcrích, nó a eagrú go gcuirfear i gcrích
iad, d'fhonn a fhíorú go bhfuil an córas cáilíochta ag feidhmiú i gceart.
Tabharfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil cuairte don mhonaróir
agus, má cuireadh tástálacha i gcrích, tuarascáil tástála. 3.5. An comhartha CE agus dearbhú
comhréireachta an AE 3.5.1. Greamóidh an monaróir an comhartha CE
agus na hinscríbhinní dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV, agus, faoi
fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.3.1,
uimhir aitheantais an chomhlachta sin ar gach fearas ar leith atá i gcomhréir
leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus a
chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. 3.5.2. Déanfaidh an monaróir dearbhú
comhréireachta an AE do gach fearas a tharraingt suas agus é a choimeád ar fáil
do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas a chur ar an
margadh. Aithneoidh dearbhú comhréireachta an AE múnla an fhearais dar
tarraingíodh suas é. Déanfar cóip de dhearbhú comhréireachta an AE
a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin. 3.6. Deimhniú comhréireachta an fheistis 3.6.1. Greamóidh
an monaróir na hinscríbhinní dá bhforáiltear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV
agus, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe
3.3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin ar gach feisteas ar leith atá i
gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE
agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. 3.6.2. Déanfaidh
an monaróir deimhniú comhréireachta an fheistis a tharraingt suas i scríbhinn
agus é a choimeád ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis
an feisteas a chur ar an margadh. Aithneoidh deimhniú comhréireachta an
fheistis múnla an fheistis dar tarraingíodh suas é agus beidh sé ag gabháil
leis an bhfeisteas. 3.7. Coinneoidh an
monaróir, ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana ar a laghad tar éis an fearas
nó an feisteas a chur ar an margadh, na nithe seo a leanas ar fáil do na
húdaráis náisiúnta: (a)
an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe 3.3.1, (b)
an t-athrú dá dtagraítear i bpointe 3.3.5, mar a
formheasadh é, (c)
cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta dá dtugtar
fógra dá dtagraítear i bpointí 3.3.5, 3.4.3 agus 3.4.4. 3.8. Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra
in iúl dá údaráis a thugann fógra faoi fhormheasanna ar chórais cáilíochta a
tarraingíodh siar, agus déanfaidh sé, go tráthrialta nó ar iarraidh, faisnéis a
bhaineann le measúnuithe córas cáilíochta a chur ar fáil don údarás a thugann
fógra. Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in
iúl do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra aon fhormheasanna córas cáilíochta
a dhiúltaigh sé, a chuir sé ar fionraí, a tharraing sé siar nó a shrian sé ar
shlí eile, agus tabharfaidh sé na cúiseanna lena chinneadh. 3.9. Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an
mhonaróra atá leagtha amach i bpointí 3.3.1, 3.3.5 agus pointe 3.5 nó 3.6 agus
pointe 3.7 a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll
go sonraítear sa sainordú iad. 4. MODÚL E:
CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA FEARAS NÓ FEISTEAS 4.1.
Cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta fearas nó feisteas, sin
an chuid sin de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an
monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 4.2 agus pointí 4.5 nó 4.6,
agus ina n-áirithíonn sé agus a fhógraíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go
bhfuil na fearais nó na feistis lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a
thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus go gcomhlíonann siad
ceanglais an Rialacháin seo a bhaineann leo. 4.2. Monaraíocht Oibreoidh an
monaróir córas cáilíochta formheasta do chigireacht deiridh ar fhearais agus ar
fheistis agus tástáil na bhfearas nó na bhfeisteas lena mbaineann mar a
shonraítear i bpointe 4.3, agus beidh sé faoi réir faireachais mar atá
sonraithe i bpointe 4.4. 4.3. Córas
cáilíochta 4.3.1. Cuirfidh an
monaróir isteach iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta chuig a rogha
comhlacht dá dtugtar fógra, do na fearais nó feistis lena mbaineann. Beidh na nithe seo
a leanas san iarratas: (a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an
t-ionadaí údaraithe a chuireann isteach an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh
freisin, (b)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas
céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra, (c)
gach faisnéis ábhartha don chatagóir fearas atá
beartaithe; (d)
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras
cáilíochta, agus (e)
an doiciméadacht theicniúil ar an gcineál
formheasta agus cóip den deimhniú ar scrúdú cineáil an AE. 4.3.2. Áiritheoidh an córas cáilíochta go
gcomhlíonann na fearais nó na feistis an cineál a thuairiscítear sa deimhniú ar
scrúdú cineáil an AE agus le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus
forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach,
ordúil i bhfoirm beartas, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Ceadóidh an
doiciméadacht um chóras cáilíochta léirmhíniú comhsheasmhach ar na cláir
ardchaighdeáin, pleananna, lámhleabhair agus taifid. Beidh ann, go háirithe, cur síos
leordhóthanach ar na nithe seo a leanas: (a)
na cuspóirí cáilíochta agus an struchtúr
eagrúcháin, freagrachtaí agus cumhachtaí na bainistíochta maidir le cáilíocht
na bhfearas; (b)
na scrúduithe agus tástálacha a bheidh le déanamh
tar éis monaraithe; (c)
na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha
cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta
ar an bpearsanra atá i gceist, etc.; (d)
an tslí chun faireachán a dhéanamh ar oibriú
éifeachtach an chórais cháilíochta. 4.3.3. Measúnóidh an comhlacht dá dtugtar
fógra an córas cáilíochta chun a chinneadh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá
dtagraítear i bpointe 4.3.2. Toimhdeoidh sé comhréireacht leis na ceanglais
sin maidir le gnéithe an chórais cháilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí
comhfhreagracha an chaighdeáin náisiúnta a chuireann an caighdeán
comhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla i gcrích. Chomh maith le taithí i gcórais bhainistíochta
cáilíochta, beidh ag an bhfoireann iniúchta ball amháin ar a laghad a bhfuil
taithí aige ar mheastóireacht sa réimse fearas nó feisteas ábhartha agus sa
teicneolaíocht fearas nó feisteas lena mbaineann, agus eolas ar cheanglais
infheidhme an Rialacháin seo. Beidh cuairt measúnaithe chuig áitreabh an
mhonaróra san áireamh san iniúchadh. Athbhreithneoidh an fhoireann
iniúchóireachta an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 4.3.1(e),
chun cumas an mhonaróra chun ceanglais ábhartha an Rialacháin seo a
shainaithint, agus na scrúduithe is gá a chur i gcrích d'fhonn a áirithiú go
gcomhlíonfaidh an fearas nó an feisteas na ceanglais sin, a fhíorú. Tabharfar fógra don mhonaróir maidir leis an
gcinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe
réasúnaithe. 4.3.4. Gabhfaidh an monaróir ar láimh na
hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta mar a formheasadh é a
chomhlíonadh agus é a choimeád ar bun é ionas go mbeidh sé leordhóthanach,
éifeachtúil. 4.3.5. Coinneoidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar
fógra, agus a d'fhormheas an córas cáilíochta, ar an eolas faoi aon athrú ar an
gcóras cáilíochta atá beartaithe. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra
meastóireacht ar aon athruithe atá molta agus cinnfidh sé cé acu an leanfaidh
an córas cáilíochta modhnaithe leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 4.3.2
a shásamh nó an bhfuil gá le hathmheasúnú. Tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoina
chinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an scrúdaithe agus an cinneadh
measúnaithe réasúnaithe. 4.4. Faireachas
faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra 4.4.1. Is é is
cuspóir d'fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a
fhorchuirtear leis an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta. 4.4.2. Ceadóidh an
monaróir, chun críocha measúnachta, don chomhlacht dá dtugtar fógra rochtain ar
na suímh um monarú, iniúchadh, tástáil agus stóráil gus tabharfaidh sé gach
faisnéis is gá, go háirithe: (a)
doiciméadacht an chórais cháilíochta; (b)
na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha
cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta
ar an bpearsanra lena mbaineann, etc. agus 4.4.3. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra
iniúchtaí tréimhsiúla uair sa dá bhliain ar a laghad chun a áirithiú go
gcoimeádann an monaróir an córas cáilíochta agus go gcuireann sé i bhfeidhm é
agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóireachta don mhonaróir. 4.4.4. Ina
theannta sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a
thabhairt ar an monaróir. I rith na gcuairteanna sin, féadfaidh an comhlacht dá
dtugtar fógra, más gá, tástálacha fearas nó feisteas a chur i gcrích, nó a
eagrú go gcuirfear i gcrích iad, d'fhonn a fhíorú go bhfuil an córas cáilíochta
ag feidhmiú i gceart. Tabharfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil
cuairte don mhonaróir agus, má cuireadh tástálacha i gcrích, tuarascáil
tástála. 4.5. An comhartha
CE agus dearbhú comhréireachta an AE 4.5.1. Greamóidh
an monaróir an comhartha CE agus na hinscríbhinní dá bhforáiltear in
Iarscríbhinn IV agus, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá
dtagraítear i bpointe 4.3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin ar gach
fearas ar leith atá i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar
scrúdú cineáil an AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin
seo. 4.5.2. Déanfaidh
an monaróir dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn do gach múnla fearais a
tharraingt suas agus é a choimeád ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10
mbliana tar éis an fearas a chur ar an margadh. Aithneoidh dearbhú
comhréireachta an AE múnla an fhearais dar tarraingíodh suas é. Déanfar cóip de
dhearbhú comhréireachta an AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna
iarraidh sin. 4.6.
Deimhniú comhréireachta an fheistis 4.6.1. Greamóidh
an monaróir na hinscríbhinní dá bhforáiltear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV
agus, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe
4.3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin ar gach feisteas ar leith atá i
gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE
agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. 4.6.2. Déanfaidh
an monaróir deimhniú comhréireachta scríofa an fheistis do gach múnla a
tharraingt suas agus é a choimeád ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10
mbliana tar éis an feisteas a chur ar an margadh. Aithneoidh deimhniú
comhréireachta an fheistis múnla an fheistis dar tarraingíodh suas é agus beidh
sé ag gabháil leis an bhfeisteas. 4.7. Coinneoidh an monaróir, ar feadh tréimhse
dar críoch 10 mbliana ar a laghad tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an
margadh, na nithe seo a leanas uile ar fáil do na húdaráis náisiúnta: (a)
an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe 4.3.1; (b)
an t-athrú dá dtagraítear i bpointe 4.3.5, mar a
formheasadh é, (c)
cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta dá dtugtar
fógra dá dtagraítear i bpointí 4.3.5, 4.4.3 agus 4.4.4. 4.8. Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra
in iúl dá údaráis a thugann fógra faoi fhormheasanna ar chórais cáilíochta a
eisíodh nó a tarraingíodh siar, agus déanfaidh sé, go tráthrialta nó ar
iarraidh, liosta na bhformheasanna um chóras cáilíochta a diúltaíodh, a
cuireadh ar fionraí nó a srianadh ar shlí eile a chur ar fáil dá údaráis a
thugann fógra. Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in
iúl do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra na formheasanna maidir le córas
cáilíochta a d'eisigh sé. Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl do na
comhlachtaí eile dá dtugtar fógra aon fhormheasanna maidir le córas cáilíochta
a dhiúltaigh sé, a chuir sé ar fionraí nó a tharraing sé siar, agus tabharfaidh
sé na cúiseanna lena chinneadh. 4.9. Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an
mhonaróra atá leagtha amach i bpointí 4.3.1, 4.3.5 agus 4.5 nó 4.6 agus pointe
4.7 a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go
sonraítear sa sainordú iad. 5. MODÚL F:
CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ FEARAS NÓ FEISTEAS 5.1.
Cineál-chomhréireacht arna bunú ar fhíorú fearas nó feisteas, sin an chuid de
nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na
hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 5.2, 5.5.1 agus pointe 5.6 nó 5.7, agus
ina n-áirithíonn sé agus a fhógraíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go bhfuil
na fearais nó na feistis lena mbaineann, a bhí faoi réir fhorálacha phointe
5.3, i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar a laghad agus
go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin sin a bhaineann leo. 5.2. Monaraíocht Déanfaidh an
monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus
a fhaireachán comhréireacht na bhfearas nó na bhfeisteas monaraithe leis an
gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus le
ceanglais uile an Rialacháin seo a bhaineann leo. 5.3. Fíorú Comhlacht dá
dtugtar fógra atá roghnaithe ag an monaróir, cuirfidh sé i gcrích cibé
scrúduithe agus tástálacha is cuí, nó eagróidh sé iad, d'fhonn a sheiceáil go
gcomhlíonann na fearais nó feistis an cineál formheasta a thuairiscítear sa
deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus ceanglais iomchuí an Rialacháin seo. Déanfar na
scrúduithe agus tástálacha lena sheiceáil go gcomhlíonann na fearais nó feistis
na ceanglais iomchuí a chur i gcrích, ar rogha an mhonaróra trí gach fearas nó
feisteas a scrúdú agus a thástáil mar atá sonraithe i bpointe 5.4, sin nó na
fearais nó feistis a scrúdú agus a thástáil ar bhonn staidrimh mar atá
sonraithe i bpointe 5.5. 5.4. Fíorú
comhréireachta trí gach fearas nó feisteas a scrúdú agus a thástáil 5.4.1. Ba cheart
go ndéanfaí gach fearas nó feisteas ar leith a scrúdú agus tástálacha iomchuí a
leagan amach sa chaighdeán/sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó sna
sonraíochtaí teicniúla, nó tástálacha comhionanna, a chur i gcrích d'fhonn a
fhíorú go bhfuiltear i gcomhréir leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa
deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus le ceanglais iomchuí an Rialacháin seo. In éagmais a
leithéid de chaighdeán comhchuibhithe, cinnfidh an comhlacht lena mbaineann
dtugtar fógra na tástálacha iomchuí a bheidh le chur i gcrích. 5.4.2. Déanfaidh
an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta a eisiúint i leith na
scrúduithe agus na dtástálacha a cuireadh i gcrích, agus greamóidh sé a uimhir
aitheantais le gach fearas nó feisteas formheasta, nó eagróidh sé an greamú
faoina fhreagracht. Coinneoidh an
monaróir na deimhnithe comhréireachta ar fáil lena n-iniúchadh ag na húdaráis
náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an
margadh. 5.5. Fíorú
staidrimh comhréireachta 5.5.1. Déanfaidh
an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta
agus an faireachán air aonchineálacht gach luchtóige a tháirgtear, agus
tíolacfaidh sé a chuid fearas nó feisteas lena bhfíorú i bhfoirm luchtóg
aonchineálach. 5.5.2. Tógfar
sampla randamach ó gach luchtóg de réir cheanglais an Rialacháin seo. Ba cheart
go ndéanfaí gach fearas nó feisteas ar leith i sampla a scrúdú agus tástálacha
iomchuí a leagan amach sa chaighdeán/sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha
agus/nó sna sonraíochtaí teicniúla, nó tástálacha comhionanna, a chur i gcrích
d'fhonn a gcomhréireacht le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo a áirithiú
agus lena chinneadh cibé an nglacfar nó an ndiúltófar leis an luchtóg. In
éagmais a leithéid de chaighdeán comhchuibhithe, cinnfidh an comhlacht lena
mbaineann dtugtar fógra na tástálacha iomchuí a bheidh le chur i gcrích. 5.5.3. Má ghlactar
le luchtóg, measfar gur formheasadh gach fearas nó feisteas de chuid na
luchtóige, ach amháin i gcás na bhfearas nó na bhfeisteas as an sampla nár
shásaigh na tástálacha. Déanfaidh an
comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta a eisiúint i leith na
scrúduithe agus na dtástálacha a cuireadh i gcrích, agus greamóidh sé a uimhir
aitheantais le gach fearas nó feisteas formheasta, nó eagróidh sé an greamú faoina
fhreagracht. Coinneoidh an
monaróir na deimhnithe comhréireachta ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh
10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh. 5.5.4. Má
dhiúltaítear do luchtóg, déanfar an comhlacht dá dtugtar fógra nó an t-údarás
inniúil na bearta iomchuí chun cosc a chur leis an luchtóg sin a chur ar an
margadh. Má dhiúltaítear do luchtóga go minic, féadfaidh an comhlacht dá
dtugtar fógra an fíorú staidrimh a chur ar fionraí agus bearta cuí a dhéanamh.
5.6. An comhartha
CE agus dearbhú comhréireachta an AE 5.6.1. Greamóidh
an monaróir an comhartha CE agus na hinscríbhinní dá bhforáiltear in
Iarscríbhinn IV agus, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá
dtagraítear i bpointe 5.3, uimhir aitheantais an chomhlachta sin, ar gach
fearas ar leith atá i gcomhréir leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa
deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an
Rialacháin seo. 5.6.2. Déanfaidh
an monaróir dearbhú comhréireachta an AE i scríbhinn do gach múnla fearais a
tharraingt suas agus é a choimeád ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10
mbliana tar éis an fearas a chur ar an margadh. Aithneoidh dearbhú
comhréireachta an AE múnla an fhearais dar tarraingíodh suas é. Déanfar cóip de dhearbhú
comhréireachta an AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin. Má aontaíonn an
comhlacht dá dtugtar fógra i bpointe 5.3, agus faoina fhreagracht siúd,
féadfaidh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a
ghreamú do na fearais freisin. 5.7.
Deimhniú comhréireachta an fheistis 5.7.1. Greamóidh
an monaróir na hinscríbhinní dá bhforáiltear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV gus,
faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 5.3,
uimhir aitheantais an chomhlachta sin ar gach fearas ar leith atá i gcomhréir
leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE
agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. 5.7.2. Déanfaidh
an monaróir deimhniú comhréireachta an AE do gach múnla a tharraingt suas agus
é a choimeád ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an
feisteas a chur ar an margadh. Aithneoidh deimhniú comhréireachta an Fheistis
múnla an fheistis dar tarraingíodh suas é agus beidh sé ag gabháil leis an
bhfeisteas. Má aontaíonn an
comhlacht dá dtugtar fógra i bpointe 5.3, agus faoina fhreagracht siúd,
féadfaidh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a
ghreamú do na feistis freisin. 5.8. Má aontaíonn
an comhlacht dá dtugtar fógra agus faoina fhreagracht siúd, féadfaidh an
monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú ar na
fearais nó na feistis le linn an phróisis mhonaraíochta. 5.9. Ionadaí
údaraithe Féadfaidh a
ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a chomhlíonadh, thar a cheann agus
faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad. Ní fhéadfaidh
ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach i bpointí 5.2 agus
5.5.1 a chomhlíonadh. 6. MODÚL G:
COMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ AONAD 6.1. Comhréireacht arna bunú ar fhíorú fearas
nó feisteas, sin an nós imeachta um measúnacht chomhréireachta ina gcomhlíonann
an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 6.2, 6.3 agus 6.5, agus
ina n-áirithíonn sé agus a fhógraíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go bhfuil
an fearas lena mbaineann, a bhí faoi réir fhorálacha phointe 6.4, i gcomhréir
le ceanglais an Rialacháin sin a bhaineann leis. 6.2. Doiciméadacht theicniúil Bunóidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil
agus cuirfidh sé ar fáil don chomhlacht dá dtugtar fógra dá dtagraítear i
bpointe 6.4 é. Fágfaidh an doiciméadacht go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar
chomhréireacht an fhearais leis na ceanglais ábhartha, agus beidh ann anailís
agus measúnú leordhóthanach ar an riosca (na rioscaí). Sonróidh an
doiciméadacht theicniúil na ceanglais agus an cumhdach is infheidhme, chomh
fada agus is ábhartha do mheasúnú, dearadh, monaraíocht agus oibriú an
fhearais. 6.2.1. Beidh sa doiciméadacht theicniúil, más
infheidhme, na heilimintí seo a leanas ar a laghad: (a)
cur síos ginearálta ar an bhfearas; (b)
dearadh coincheapúil agus líníochtaí agus
scéimeanna monaraíochta na gcomhpháirteanna, na bhfo-chóimeálacha, na gciorcad,
etc.; (c)
an cur síos agus na mínithe is gá do thuiscint ar
na líníochtaí agus na scéimeanna sin agus ar oibriú an fhearais; (d)
liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe agus/nó na
sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile ar foilsíodh a gcuid tagairtí in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, atá i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach,
agus cur síos ar na réitigh arna nglacadh chun freastal ar cheanglais
riachtanacha an Rialachán seo i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe
i bhfeidhm. I gcás caighdeáin chomhchuibhithe a bheith i bhfeidhm go páirteach,
sonróidh an doiciméadacht theicniúil na codanna a cuireadh i bhfeidhm; (e)
torthaí na ríomhaireachtaí a rinneadh, scrúduithe a
rinneadh, etc; (f)
tuarascálacha tástála; (g)
lámhleabhair don suiteáil agus don úsáid. 6.2.2. I gcás inarb iomchuí, beidh sa
doiciméadacht um dhearadh na heilimintí a leanas: (a)
an deimhniú comhréireachta a bhaineann leis na
feistis atá arna gcur isteach san fhearas; (b)
fianuithe agus deimhnithe a bhaineann le modhanna
monaraíochta agus cigireacht agus faireachán a dhéanamh ar an bhfearas; (c)
aon doiciméad eile a fhágann go bhféadfaidh an
comhlacht dá dtugtar fógra a mheasúnú a fheabhsú. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht
theicniúil ar fáil do na húdaráis ábhartha náisiúnta ar feadh tréimhse 10
mbliana tar éis an fearas a chur ar an margadh. 6.3. Monaraíocht Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas
go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus a fhaireachán comhréireacht na
bhfearas monaraithe le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. 6.4. Fíorú Comhlacht dá dtugtar fógra agus atá roghnaithe
ag an monaróir, cuirfidh sé i gcrích scrúduithe agus tástálacha cuí, atá
leagtha amach sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó sonraíochtaí
teicniúla, nó tástálacha coibhéiseacha, lena sheiceáil an gcomhlíonann an
fearas ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, nó eagróidh sé go gcuirfear i
gcrích iad. In éagmais a leithéid de chaighdeán comhchuibhithe, agus/nó
sonraíocht theicniúil, cinnfidh an comhlacht lena mbaineann dá dtugtar fógra na
tástálacha iomchuí a bheidh le cur i gcrích. Má mheasann an comhlacht dá dtugtar fógra gur
gá sin, féadfar na scrúduithe agus na tástálacha a chur i gcrích tar éis an
fearas a shuiteáil. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra
deimhniú comhréireachta a eisiúint i leith na scrúduithe agus na dtástálacha a
cuireadh i gcrích, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais don fhearas atá
formheasta, nó eagróidh sé an greamú faoina fhreagracht. Coinneoidh an monaróir na deimhnithe
comhréireachta ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an
fearas a chur ar an margadh. 6.5. An comhartha CE agus dearbhú
comhréireachta an AE 6.5.1. Greamóidh an monaróir an comhartha CE
agus na hinscríbhinní dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV agus, faoi fhreagracht
an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 6.4, uimhir
aitheantais an chomhlachta sin ar gach fearas a shásaíonn ceanglais infheidhme
an Rialacháin seo. 6.5.2. Déanfaidh an monaróir dearbhú
comhréireachta an AE i scríbhinn a tharraingt suas agus é a choimeád ar fáil do
na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas a chur ar an
margadh. Aithneoidh dearbhú comhréireachta an AE an fearas dar tarraingíodh
suas é. Déanfar cóip de dhearbhú comhréireachta an AE
a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin. 6.6. Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an
mhonaróra atá leagtha amach i bpointe 6.2 agus 6.5 a chomhlíonadh, thar a
cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad. IARSCRÍBHINN
IV AN COMHARTHA CE AGUS
INSCRÍBHINNÍ (1)
Beidh ar an bhfearas nó ar a phláta sonraí an
comhartha CE dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE)
Uimh. 765/2008 arna leanúint ag uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar
fógra agus atá bainteach leis an gcéim um rialú táirgeachta agus an dá dhigit
dheireanacha den bhliain inar greamaíodh an comhartha CE. (2)
Beidh ar an bhfearas nó ar a phláta sonraí an
fhaisnéis seo a leanas: (a)
Ainm an mhonaróra ainm, a thrádainm cláraithe,
trádmharc cláraithe nó siombail aitheantais. (b)
Cineál, baiscuimhir nó uimhir sraithe an fhearais,
nó eilimint eile lena bhféadfar é a shainaithint. (c)
An cineál soláthair leictreachais a úsáideadh, i
gcás inarb infheidhme. (d)
Marc catagóir an fhearais. (e)
Brú an tsoláthair gháis. (f)
An fhaisnéis is gá chun suiteáil cheart, shábháilte
a áirithiú, de réir chineál an fhearais. (3)
Beidh ar an bhfeisteas nó ar a phláta sonraí, chomh
fada agus is ábhartha, an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír (2). IARSCRÍBHINN V DEARBHÚ
COMHRÉIREACHTA AN AE Sa dearbhú comhréireachta AE beidh an
fhaisnéis seo a leanas: (a)
Fearas/múnla fearais (táirge, baisce, uimhir
cineáil nó sraithuimhir). (b)
Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más
infheidhme, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe; (c)
Is faoi fhreagracht an mhonaróra amháin a eisítear
an dearbhú comhréireachta seo. (d)
Cuspóir an dearbhaithe (aitheantas an fhearais a
áiritheoidh inrianaitheacht. D'fhéadfadh íomhá a bheith ann, nuair is gá sin
chun an fearas a aithint): (1)
cur síos ar an bhfearas; (2)
an nós imeachta measúnaithe comhréireachta a
leanadh; (3)
ainm agus seoladh an chomhlachta dá dtugtar fógra a
rinne an measúnú comhréireachta; (4)
tagairt don deimhniú ar scrúdú cineáil an AE. (e)
Tá cuspóir an dearbhaithe a thuairiscítear thuas i
gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú: …………….
(tagairt do ghníomhartha eile an Aontais a cuireadh i bhfeidhm): (f)
Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha
a úsáideadh nó tagairtí do na sonraíochtaí a ndearbhaítear comhréireacht ina
leith: (g)
Chuir an comhlacht dá dtugtar fógra nó na
comhlachtaí ... (ainm, seoladh, uimhir) ... (tuairisc ar an ngníomh) i gcrích
... agus d'eisigh sé an deimhniú (na deimhnithe): … (h)
Faisnéis bhreise: Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann: ……………………. (áit agus dáta eisiúna): (ainm, feidhm)(síniú): IARSCRÍBHINN
VI DEIMHNIÚ
COMHRÉIREACHTA AN FHEISTIS I ndeimhniú comhréireachta
an fheistis beidh na heilimintí a leanas: (a)
Feisteas/múnla feistis (táirge, baisce, uimhir
cineáil nó sraithuimhir). (b)
Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más
infheidhme, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe; (c)
Is faoi fhreagracht an mhonaróra feisteas amháin a
eisítear deimhniú comhréireachta an fheistis seo. (d)
Cuspóir an dearbhaithe (aitheantas an fheistis a
cheadóidh inrianaitheacht). D'fhéadfadh íomhá a bheith ann, nuair is gá sin
chun an feisteas a aithint): (1)
cur síos agus tréithe an fheistis; (2)
an nós imeachta measúnaithe comhréireachta a
leanadh; (3)
ainm agus seoladh an chomhlachta dá dtugtar fógra a
rinne an measúnú comhréireachta; (4)
tagairt don deimhniú ar scrúdú cineáil an AE. (e)
Tá cuspóir dheimhniú comhréireachta an fheistis ar
a bhfuil tuairisc thuas i gcomhréir le Rialachán ................ Maidir le
fearais a dhónn breoslaí gásacha (tagairt don Rialachán seo): (f)
Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha
a úsáideadh nó tagairtí do na sonraíochtaí a ndearbhaítear comhréireacht ina
leith: (g)
Chuir an comhlacht dá dtugtar fógra nó na
comhlachtaí ... (ainm, seoladh, uimhir) ... (tuairisc ar an ngníomh) i gcrích
... agus d'eisigh sé an deimhniú (na deimhnithe): … (h)
Treoracha maidir leis an gcaoi ba cheart an
feisteas a ionchorprú isteach i bhfearas nó a chóimeáil chun fearas den sórt
sin a dhéanamh chun cabhrú le comhlíonadh na gceanglas riachtanach is
infheidhme maidir le fearais chríochnaithe. (i)
Faisnéis bhreise: Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann: …………; (áit agus dáta eisiúna); (ainm, feidhm) agus síniú. IARSCRÍBHINN
VII AN TÁBLA COMHGHAOIL Treoir 2009/142/CE || An Rialachán seo || Airteagal 1(1), an chéad fhomhír || Airteagal 1(1) Airteagal 1(1), an dara fomhír || Airteagal 1(3)(a) Airteagal 1(2) || Airteagal 2(1), (2) agus (5) Airteagal 1(3) || Airteagal 1(2) ___ || Airteagal 2(3), (4), (6) go (31) Airteagal 2(1) || Airteagal 3(1) ___ || Airteagal 3(2) Airteagal 2(2) || Airteagal 4(1) ___ || Airteagal 4(2) Airteagal 3 || Airteagal 5 Airteagal 4 || Airteagal 6 ___ || Airteagal 7 ___ || Airteagal 8 ___ || Airteagal 9 ___ || Airteagal 10 ___ || Airteagal 11 ___ || Airteagal 12 ___ || Airteagal 13 Airteagal 5(1)(a) || ___ Airteagal 5(1)(b) || ___ Airteagal 5(2) || ___ Airteagal 6 || ___ Airteagal 7 || ___ Airteagal 8(1) go (4) || Airteagal 14(1) go (5) Airteagal 8(5) || ___ ___ || Airteagal 14(6) Airteagal 8(6) || Airteagal 14(7) ___ || Airteagal 15 ___ || Airteagal 16 ___ || Airteagal 17 Airteagal 9 || ___ Airteagal 10(1) || Airteagal 18(1) Airteagal 10(2) || ___ Airteagal 11 || ___ Airteagal 12 || ___ ___ || Airteagal 18(2) go (5) ___ || Airteagal 19 ___ || Airteagal 20 ___ || Airteagal 21 ___ || Airteagal 22 ___ || Airteagal 23 ___ || Airteagal 24 ___ || Airteagal 25 ___ || Airteagal 26 ___ || Airteagal 27 ___ || Airteagal 28 ___ || Airteagal 29 ___ || Airteagal 30 ___ || Airteagal 31 ___ || Airteagal 32 ___ || Airteagal 33 ___ || Airteagal 34 ___ || Airteagal 35 ___ || Airteagal 36 ___ || Airteagal 37 ___ || Airteagal 38 ___ || Airteagal 39 ___ || Airteagal 40 Airteagal 13 || __ Airteagal 14 || __ Airteagal 15 || __ Airteagal 16 || __ ___ || Airteagal 41 Iarscríbhinn I || Iarscríbhinn I ___ || Iarscríbhinn II Iarscríbhinn II || Iarscríbhinn III Iarscríbhinn III || Iarscríbhinn IV Iarscríbhinn IV || __ Iarscríbhinn V || __ Iarscríbhinn VI || __ ___ || Iarscríbhinn V ___ || Iarscríbhinn VI ___ || Iarscríbhinn VII [1] Treoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le trealamh raidió agus trealamh
teirminéil teileachumarsáide agus le haitheantas frithpháirteach a
gcomhréireachta (IO L 91, 7.4.1999, lch. 10). [2] Treoir 2006/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a
bhaineann le trealamh leictreach a dearadh lena úsáid laistigh de
theorainneacha áirithe voltais (IO L 374, 27.12.2006, lch. 10). [3] Treoir 2004/108/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a
bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach agus lena n-aisghairtear
Treoir 89/336/CEEC (IO L 390, 31.12.2004, lch.24). [4] Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus
nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear
Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4). [5] Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha
comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear
Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch.5). [6] Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir
le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.98, lch. 32).