Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0166

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur

/* COM/2014/0166 final - 2014/0090 (COD) */

52014PC0166

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur /* COM/2014/0166 final - 2014/0090 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

An 21 Samhain 2013, d'fhógair an Úcráin go raibh na hullmhúcháin i gcomhair shíniú an Chomhaontaithe Comhlachais, lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála leis an AE, á gcur ar fíonraí.

Tar éis na n-imeachtaí eisceachtúla atá tite amach le déanaí san Úcráin agus i bhfianaise na ndúshlán slándála, polaitiúil agus eacnamaíoch atá roimh an tír, an 6 Márta 2014, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil sé beartaithe aici tacaíocht a thabhairt chun geilleagar na tíre a chur ar bhonn cobhsaí trí bhíthin pacáiste beart, lena n-áirítear fabhair trádála uathrialacha a dheonú.

Fágfaidh an beart sin go bhféadfaidh an tAontas dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur go haontaobhach, i gcomhréir leis an Sceideal Lamháltas atá leagtha amach in Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an AE agus an Úcráin.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

Neamhbhainteach.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Is é Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra.

4.           AN IMPLEACHT BHUISÉADACH

Caillfidh an tAontas Eorpach ioncam custaim ar fiú EUR 487 milliún in aghaidh na bliana (méid comhlán). Níl sna figiúirí sin ach meastacháin, áfach, agus i ngeall ar staid eacnamaíoch na hÚcráine d'fhéadfadh sé go n-athróidís.

2014/0090 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Tír chomhpháirtíochta tosaíochta is ea an Úcráin i mBeartas Comharsanachta na hEorpa agus i gComhpháirtíocht an Oirthir. Tá caidreamh níos dlúithe leis an Úcráin á lorg ag an Aontas Eorpach le tamall, caidreamh a rachadh níos faide ná gnáthchomhar déthaobhach agus a chuimseodh dul chun cinn de réir a chéile chun comhlachas polaitiúil agus lánpháirtíocht eacnamaíoch a bhaint amach. Chuige sin, rinne an tAontas Eorpach agus an Úcráin Comhaontú Comhlachais, lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, a chaibidliú idir 2007 agus 2011 agus chuir an dá pháirtí a gceannlitreacha leis in 2012. Faoi na forálacha a bhaineann leis an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, tá an tAontas Eorpach agus an Úcráin le limistéar saorthrádála a bhunú thar idirthréimhse nach mó ná 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhlachais, i gcomhréir le hAirteagal XXIV de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil.

(2)       I bhfianaise na ndúshlán mór slándála, polaitiúil agus eacnamaíoch atá roimh an Úcráin, agus chun tacaíocht a thabhairt do gheilleagar na tíre sin, is iomchuí gan fanacht go dtiocfadh i bhfeidhm na forálacha den Chomhaontú Comhlachais a bhaineann leis an Limisitéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, ach beart a dhéanamh roimhe sin trí bhíthin fabhar trádála uathrialach agus tús a chur go haontaobhach le laghdú nó le díchur dleachtanna custaim an Aontais ar earraí de thionscnamh na hÚcráine, i gcomhréir leis an Sceideal Lamháltas atá leagtha amach in Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais.

(3)       Chun aon riosca calaoise a chosc, ba cheart teidlíocht na hÚcráine leas a bhaint as na fabhair trádála uathrialacha a bheith ag brath ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sí na rialacha ábhartha maidir le tionscnamh táirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin agus ar choinníoll go mbeidh sí rannpháirteach i gcomhar éifeachtach riaracháin leis an Aontas. Ina theannta sin, ba cheart don Úcráin staonadh ó aon dleachtanna nua nó muirir a mbeadh an éifeacht chéanna acu a thabhairt isteach, ó aon srianta cainníochtúla nua nó bearta a mbeadh an éifeacht chéanna acu a thabhairt isteach, ó na leibhéil ag a bhfuil na dleachtanna nó na muirir faoi láthair a ardú nó ó aon srianta eile a thabhairt isteach. I gcás ina sáraítear aon cheann de na coinníollacha sin, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú na fabhair a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach go ceann tréimhse sealadaí.

(4)       Is gá foráil a dhéanamh go dtabharfar gnáthdhleachtanna na Comhtharaife Custaim isteach arís i gcás aon táirgí is cúis nó is baol a bheith ina gcúis le deacrachtaí móra do tháirgeoirí san Aontas a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo, faoi réir imscrúdaithe ag an gCoimisiún.

(5)       Ba cheart na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.[1]

(6)       I bhfianaise na práinne, tá sé tábhachtach eisceacht a dhéanamh ón tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socruithe fabhracha

Laghdófar nó díchuirfear dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Coinníollacha chun bheith i dteideal socruithe fabhracha

Beidh teidlíocht chun leas a bhaint as na socruithe fabhracha a thugtar isteach le hAirteagal 1 faoi réir an méid seo a leanas:

(a)          comhlíonadh na rialacha maidir le tionscnamh táirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin dá bhforáiltear i Roinn 2 de Chaibidil 2 de Theideal IV de Rialachán (CEE) Uimh 2454/93[2];

(b)          comhlíonadh na modhanna comhair riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 121 agus Airteagal 122 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93;

(c)          rannpháirtíocht na hÚcráine i gcomhar éifeachtach riaracháin leis an Aontas chun aon riosca calaoise a chosc;

(d)          staonadh na hÚcráine ó aon dleachtanna nua nó muirir a mbeadh an éifeacht chéanna acu a thabhairt isteach agus aon srianta cainníochtúla nua nó bearta a mbeadh an éifeacht chéanna acu ar allmhairí de thionscnamh an Aontais a thabhairt isteach nó ó na leibhéil ag a bhfuil na dleachtanna nó na muirir faoi láthair a ardú nó ó aon srianta eile a thabhairt isteach ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 3

Rochtain ar tharaif-chuótaí

1.           Beidh cead táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a allmhairiú isteach san Aontas laistigh de theorainneacha tharaif-chuótaí an Aontais mar atá siad leagtha amach sna hIarscríbhinní sin.

2.           Riarfaidh an Coimisiún na taraif-chuótaí dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagail 308a, 308b agus 308c de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93, cé is moite de na taraif-chuótaí do tháirgí talmhaíochta sonracha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.

3.           Na taraif-chuótaí sin do tháirgí talmhaíochta sonracha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, riarfaidh an Coimisiún iad de bhun na rialacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 184 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013[3].

Airteagal 4

Fionraí shealadach

Má chinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, féadfaidh sé na socruithe fabhracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Airteagal 5

Clásal cosanta

Maidir le hallmhairí táirgí de thionscnamh na hÚcráine a áirítear in Iarscríbhinn I, i gcás inar cúis iad nó inar baol a bheith ina gcúis iad le deacrachtaí móra do tháirgeoirí san Aontas a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leis na hallmhairí sin, féadfaidh an Coimisiún gnáthdhleachtanna na Comhtharaife Custaim a thabhairt isteach arís ar na hallmhairí sin faoi réir na gcoinníollacha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal 11 agus Airteagal 11a de Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle[4] agus ag a mbeidh feidhm mutatis mutandis.

Airteagal 6

Nós imeachta coiste

1.           Chun críocha chur chun feidhme Airteagal 3(2) agus Airteagal 4 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 248a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh.182/2011.

2.           I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtiocfaidh an Comhaontú Comhlachais i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, nó, más iomchuí, go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é.

Scoirfidh an Rialachán d'fheidhm a bheith aige an 1 Samhain 2014. Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh má scoireann an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige roimh an 1 Samhain 2014.

Arna dhéanamh sa Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

[2]               Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1).

[3]               Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671)

[4]               Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair trádála uathrialacha do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún (OJ L 20, 24.1.2008 lch. 1).

Top