This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014PC0151
COMMUNICATION FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT pursuant to Article 294(6) of the Treaty on the Functioning of the European Union concerning the position of the Council on the adoption of a Regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EC) No 428/2009 setting up a Community regime for the control of exports, transfer, brokering and transit of dual use items
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras
/* COM/2014/0151 final - 2011/0310 (COD) */
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras /* COM/2014/0151 final - 2011/0310 (COD) */
2011/0310 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh
Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán
(CE) Uimh. 428/2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a
dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus
ar iad a bheith ar idirthuras An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2011) 704 final – 2011/0310 COD): || 7 Samhain 2011 Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: || 23 Deireadh Fómhair 2012 An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle: || 3 Márta 2014 2. Cuspóir an togra ón
gCoimisiún Déantar foráil sa togra maidir le leasuithe ar
Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 i ndáil leis leis an nós imeachta chun
liosta rialaithe an AE a nuashonrú. Is é is cuspóir leis an togra cumhacht a
thabhairt don Choimisiún nuashonrú a dhéanamh ar liosta an AE de na hítimí
rialaithe dé-úsáide atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE)
Uimh. 428/2009, trí ghníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí slándála
idirnáisiúnta ina n-iomláine, agus chun iomaíochas oibreoirí eacnamaíocha an AE
a chothú. Is é is aidhm, chomh maith, leis an togra ón gCoimisiún, cumhacht a
thabhairt don Choimisiún 'cinn scríbe' (i.e. tíortha) a bhaint de liosta na
dtíortha atá ag baint tairbhe as Údaruithe Ginearálta Onnmhairithe an AE in
Iarscríbhinn II ionas go mbeidh an AE in ann
freagairt go mear do dhálaí idirnáisiúnta. 3. Tráchtaí maidir leis an
seasamh ón gComhairle Tacaíonn an seasamh ón gComhairle le
príomheilimintí thogra an Choimisiúin ach beartaíonn sé roinnt leasuithe ar
bhuntogra an Choimisiúin maidir le roinnt ceann scríbe (tíortha) a bhaint amach
amhail cinn scríbe atá ag baint tairbhe as nósanna imeachta onnmhairithe
éascaithe agus as raon feidhme gníomhartha tarmligthe. Moltar sa seasamh ón
gComhairle grinnscrúdú na Parlaiminte i ndáil le cumhacht tarmligthe a ailíniú
leis an gcomhaontú maidir le "Omnibus um Thrádáil II". Beidh "Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha
tarmligthe" ag gabháil leis an Rialachán, ráiteas a dhéanfaidh meabhrú ar
ghealltanas an Choimisiúin faoin gcreat-chomhaontú faisnéis faoi shainghrúpaí a
chur ar fáil don Pharlaimint. Beartaítear
freisin sa seasamh ón gComhairle roinnt leasuithe maidir le hathbhreithniú agus
bailíocht tharmligean na gcumhachtaí, tarmligean a bheadh teoranta go cúig
bliana agus gurbh fhéidir a fhadú to hintuigthe faoi réir tuarascála a
chuirfear i láthair, ach amháin má chuireann Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle i gcoinne sínidh den chineál sin tráth nach déanaí ná trí mí roimh dheireadh
na tréimhse. Ar
deireadh, tá "Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón
gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras rialaithe onnmhairí
dé-úsáide", mar aon le "Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an
Rialachán a nuashonrú" ag gabháil leis an seasamh ón gComhairle (féach
thíos). 4. Conclúid Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón
gComhairle. _______________________ RÁITIS Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón
gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras
rialaithe onnmhairí dé-úsáide Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle
agus an Coimisiún an tábhacht a bhaineann le héifeachtacht agus comhtháthú
chóras rialaithe onnmhairithe straitéiseach an AE a fheabhsú ar bhonn
leanúnach, lena n-áiritheofar ardleibhéal slándála agus trédhearcachta imleor
gan cur isteach ar iomaíochas ná ar thrádáil dlisteanach in ítimí dé-úsáide. Measann na trí institiúid gur gáan córas a
nua-chóiriú agus a choinbhéirsiú tuilleadh chun coimeád suas le bagairtí nua
agus le hathruithe teicneolaíochta atá ag tarlú go mear, chun saobhadh a
laghdú, chun fíor-chomhmhargadh le haghaidh ítimí dé-úsáide a chruthú
(cothromaíocht choimhionann d'onnmhaireoirí) agus chun leanúint a bheith ina
eiseamláir maidir le rialú onnmhairithe do thriú tíortha. Chuige sin, is den riachtanas é athchóiriú a
dhéanamh ar an bpróiseas chun na liostaí rialaithe a nuashonrú (Iarscríbhinní a
ghabhann leis an Rialachán); measúnú riosca agus malartú faisnéise a neartú,
caighdeáin tionsclaíochta feabhsaithe a fhorbairt, agus difríochtaí maidir le
cur chun feidhmea laghdú. Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle
agus an Coimisiún na saincheisteanna a bhaineann le teicneolaíochtaí áirithe
faisnéise agus cumarsáide (TFC) a onnmhairiú, ar teicneolaíochtaí iad ar féidir
a úsáid i dtaca le sáruithe ar chearta an duine agus chun an bonn a bhaint de
shlándáil an AE, go háirithei dtaca le teicneolaíochtaí a úsáidtear le haghaidh
oll-fhaireachais, faireacháin, rianú, rianúcháin, cinsireachta, chomh maith le
leochaileachtataí bogearraí. Cuireadh tús le comhairliúcháin theicniúla i
ndáil leis sin, lena n-áirítear comhairliúcháin faoi chuimsiú Chuairt Piaraí AE
maidir le Dé-Úsáid; an Grúpa Chomhordaithe Dé-Úsáide, agus na gcóras rialuithe
onnmhairiúcháin, agus tá gníomhaíochtaí á ndéanamh i gcónaí chun aghaidh a
thabhairt ar chásanna práinneacha trí smachtbhannaí (de bhun Airteagal 215
CFAE), nó trí bhearta náisiúnta. Neartófar na hiarrachtaí a dhéantar le
comhaontuithe iltaobhacha a chur chun cinn i gcomhthéacs na gcóras rialuithe
onnmhairiúcháin, agus scrúdófar roghanna chunaghaidh a thabhairt ar an
tsaincheist sin i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar bheartas an
Aontais Eorpaigh maidir le rialú onnmhairí dé-úsáide, agus maidir le
Teachtaireacht ón gCoimisiún a ullmhú. Sa chomhthéacs sin thug na trí
institiúid dá n-aire an comhaontú ar tháinig na Stáit atá rannpháirteach i
gComhshochrú Wassennar air an 4 Nollaig 2013 chun rialuithe a ghlacadh maidir
le huirlisí ilchasta faireachais lena bhféadfaí rochtain neamhúdaraithe a fháil
ar chórais ríomhaireachta agus ar chórais faireachais ar líonraí Prótacail
Idirlín. Geallann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle
agus an Coimisiún go ndéanfaidh siad breis forbartha ar an sásra
"uileghabhálach" atá ann cheana féin maidir le hítimí dé-úsáide nach
gcumhdaítear faoi Iarscríbhinn I den Rialachán, chun an córas rialaithe
onnmhairí a fheabhsú agus é á chur i bhfeidhm laistigh den mhargadh aonair
Eorpach . Ráiteas ón gCoimisiún
maidir le gníomhartha tarmligthe I gcomhthéacs an Rialacháin
seo, déanann an Coimisiún meabhrú ar an ngealltanas uaidh i mír 15 den
Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an
Coimisiún Eorpach faisnéis iomlán agus doiciméid a chur ar fáil don Pharlaimint
i ndáil leis na cruinnithe a bhí aige le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a
chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú. Ráiteas ón gCoimisiún
maidir le pleananna chun an Rialachán a nuashonrú Chun cur chuige Eorpach níos comhtháite, níos
éifeachtúla agus níos comhleanúnaí maidir le gluaiseacht (onnmhairiú, aistriú,
bróicéireacht agus idirthuras) ítimí straitéiseacha a áirithiú, cuirfidh an
Coimisiún togra nua ar aghaidh chun an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta a
luaithe agus is féidir. _______________________