This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013SC0469
COMMISSION STAFF WORKING DOCUMENT EXECUTIVE SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT Accompanying the document Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on information provision and promotion measures for agricultural products on the internal market and in third countries
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha
/* SWD/2013/0469 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha /* SWD/2013/0469 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ
TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta faisnéise agus cur
chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú
tíortha
Tacaíonn an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) le
soláthar faisnéise agus bearta cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar
an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha. Ó 1999 i leith, is trí chóras cothrománach
faisnéise agus cur chun cinn do raon leathan táirgí atá an tacaíocht sin tugtha.
Athbhreithníodh an uair dheiridh in 2008 é, d’fhonn a shimplithe. Cumhdaíonn athchóiriú leanúnach an CBT[1] saincheisteanna amhail
tacaíocht a dhíriú níos fearr ar a spriocanna, feabhas a chur ar chóineasú
leibhéal tacaíochta idir Bhallstáit agus laistigh díobh, agus inbhuanaitheacht
trí bhearta glasaithe. Is iomchuí anois, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh
ar na bearta cur chun cinn agus faisnéise mar gheall go mbaineann siad le
hathchóiriú an CBT.Tabharfaidh an t-athchóiriú aghaidh freisin ar easnaimh
éagsúla, feabhsóidh sé éifeachtacht an bheartais agus cabhróidh sé chun
faisnéis níos fearr a chur ar fáil do shaoránaigh faoi bhreisluach an CBT. De
bhuí leis an tionchar a mheastar a bheadh aige ar an iomaíochas, ar bhreisluach
agus ar inbhuanaitheacht thalmhaíocht an AE mhéadófaí tairbhe an CBT don
straitéis Eoraip 2020 freisin. Le linn na bliana 2011 a cuireadh tús leis an
bpróiseas athchóirithe ar bhonn meastóireachta seachtraí ar an mbeartas reatha
agus ar bhonn páipéir uaine maidir le bearta cur chun cinn agus forálacha
faisnéise le haghaidh táirgí talmhaíochta[2].
Mar thoradh air sin tháinig an Teachtaireacht ón gCoimisiún i Márta 2012, inar
leagadh amach treoirlínte don athchóiriú[3]. Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh an
tionscnamhMheas sí go raibh athchóiriú ar an mbeartas maidir le cur chun cinn
ar an gcéad chéim i dtreo feabhas a chur ar an luach a thugann Eorpaigh agus
daoine eile do tháirgeadh talmhaíochta na hEorpa, agus mar sin go mbeadh
tionchar dearfach aige ar a bhrabúsacht. 1. AN FHADHB A SHAINIÚ AGUS
BREISLUACH AN AE 1.1. Brú breise ar iomaíochas na
hearnála talmhaíochta Is í an cheist mhór a gcaithfear dul i ngleic
léi an brú méadaithe ar iomaíochas na hearnála talmhaíochta, a eascraíonn as
trí chinn de fhoinsí éagsúla: ·
iomaíocht fhíochmhar i gcoinne tháirgí
talmhaíochta Eorpacha Cé gur laghdaigh an AE go suntasach an tacaíocht
phoiblí a thugann sé d'onnmhairí (ó 50 % den chaiteachas CBT in 1980 go níos lú
ná 0.5 % de inniu) agus cé go bhfuil sé ag leanúint sa treo sin, tá beartais ag
formhór na n-iomaitheoirí faoina maoiníonn siad bearta cur chun cinn nó faoina
ndeonaíonn siad tacaíocht d’onnmhairí d’fhonn a n-iomaíochas a mhéadú. Is fíor
sin go háirithe i gcás na Stát Aontaithe, an t-onnmhaireoir táirgí talmhaíochta
is mó ar domhan (mar aon leis an Aontas Eorpach in 2011). In 2012 ar an
leibhéal feidearálach amháin, chaith na Stáit Aontaithe $280 milliún as cistí
poiblí chun a gcuid onnmhairí talmhaíochta a chur chun cinn. Is minice freisin a dhéantar iarrachtaí cur i
gcoinne bheartas an AE maidir le tásca geografacha[4]. Toisc gur éirigh chomh maith
sin leis an Eoraip a cuid tásc geografach (TGanna) a chosaint go
hidirnáisiúnta, tháinig ann do roinnt cumann atá ag iarraidh prionsabal na
n-ainmneacha cineálacha le haghaidh táirgí talmhaíochta a chosaint, rud a
chruthaigh ardán do thríú tíortha chun agóid a dhéanamh i gcoinne chosaint na
TGanna. Ina theannta sin, tá talmhaíocht na hEorpa i
dtimpeallacht i bhfad níos iomaíche inniu de bharr dhomhandú gheilleagar an
domhain, agus léirscaoileadh na trádála, a bheith ag méadú. Dá bhrí sin, tá
meath ag teacht ar onnmhairí talmhaíochta na hEorpa chuig an gcuid eile den
domhan, rud atá ag dul ar sochar do na geilleagair éiritheacha a bhfuil cumas
mór acu cur lena dtáirgeacht talmhaíochta. Mar shampla, le 10 mbliana anuas, is
beag nár dhúbail an Bhrasaíl a sciar d’onnmhairí an domhain i luach, ó 5 % go
dtí beagnach 10 %. Tá an dian-iomaíocht sin ar siúl, ní hamháin i dtríú tíortha
ach freisin ar an margadh inmheánach, áit a mbíonn ar tháirgí talmhaíochta
Eorpacha dul san iomaíocht le táirgí allmhairithe. ·
Brúnna costais méadaithe ar fheirmeoireacht an
AE Le linn na tréimhse 2000-2012, mhéadaigh praghsanna
talmhaíochta domhanda 82% ach d'ardaigh praghsanna fuinnimh agus leasacháin
261% agus 286% faoi seach, agus an leibhéal is airde luaineachta le 30 bliain
anuas acu. Táthar ag súil go leanfaidh costais fuinnimh agus cothaithe orthu ag
dul in airde, rud a fhágfaidh go mbeidh costais níos airde ag baint leis an bpróiseas
táirgthe. Ní mór d’fheirmeoirí freisin caighdeáin
táirgeachta níos déine a urramú le táirgeadh sábháilte, ard-chaighdeáin agus
inbhuanaithe, a áirithiú. Tá sé sin amhlaidh chun cloí le ceanglais CBT,
sláinte agus leasa ainmhithe, agus fíteashláintíochta, agus déanfar iad sin a
neartú a thuilleadh in athchóiriú an CBT le ceanglais shonracha maidir leis an
gcomhshaol agus le hathrú aeráide. ·
Easpa feasachta faoi cháilíocht táirgí talmhaíochta
an AE, go háirithe ar an margadh inmheánach Is féidir le cáilíocht táirgí cur le hiomaíochas
chomh fada is atá an cháilíocht sin aitheanta agus an pobal ar an eolas fúithi.
Creideann formhór na saoránach Eorpach cheana féin gur cheart don Aontas Eorpach
a áirithiú, tríd an CBT, go bhfuil táirgí talmhaíochta d’ardcháilíocht, sláintiúil
agus sábháilte. Léiríonn na staitisticí, áfach, nach leor mar a bhíonn
tomhaltóirí ar an eolas faoin gcáilíocht atá ag táirgí talmhaíochta na hEorpa i
ndáiríre, agus gan ach 14% de thomhaltóirí in ann na lógónna STFC/TGFC[5], na príomhchórais cháilíochta Eorpacha
a bunaíodh faoin CBT, a aithint. 1.2. An breisluach don AE ó bheartas
faisnéise agus chur chun cinn an CBT Murab ionann agus earnálacha eacnamaíocha
eile, is í an talmhaíocht an t-aon earnáil amháin a rialaítear trí chomhbheartas
AE agus rialacha comhchoiteanna aige, lena n‑áirítear iad siúd a
bhaineann le cur chun cinn, dá bhforáiltear sa Chonradh. Ní hamháin go gcuireann an CBT ar chumas na
bhfeirmeoirí bia ardcháilíochta, sábháilte a chur ar fáil trí mhodhanna
inbhuanaithe talmhaíochta ach cuireann sé ar a gcumas freisin leas an phobail a
dhéanamh. Ní hamháin gur leas na bhfeirmeoirí nó an phobail talmhaíochta amháin
é mar sin an CBT, is leas na sochaí freisin é. Dá bhrí sin, is tábhachtach
feasacht a ardú i measc na saoránach faoi chuspóirí agus breisluach an CBT d’fhonn
cur le tuiscint agus le tacaíocht an phobail dóibh. Le haghaidh margaí i dtríú
tíortha, is tábhachtach aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhéadaithe iomaíochais
trí na buntáistí a bhaineann le modhanna táirgthe na hEorpa, go háirithe agus
bacainní trádála á ndíchur de réir a chéile, agus caighdeán na dtáirgí
Eorpacha, a chur chun cinn. Áiritheoidh gníomhaíocht ar leibhéal an AE go
gcuirfear faisnéis chomhtháite agus gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcrích, i
gcomhréir lena mbíonn súil leis de ghnáth ó chomhbheartas de chuid an AE amhail
an CBT. I mbeagán focal, cuireann an beartas cur chun cinn le feasacht an
tomhaltóra faoi na cáilíochtaí is dual do tháirgí talmhaíochta na hEorpa agus
an tslí ina dtáirgtear iad, éascaíonn sé trádáil táirgí den sórt sin agus
treisíonn sé malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát. Mar sin féin, i
bhfianaise na n-athruithe atá ag teacht maidir leis an CBT a athchóiriú, ní mór
an beartas cur chun cinn Eorpach a thabhairt cothrom le dáta freisin. I bhfianaise an méid thuas agus de bharr
easpa acmhainní sna buiséid náisiúnta de dheasca na géarchéime eacnamaíochta -
is beag feachtas atá á chur chun feidhme ag na Ballstáit nó eagraíochtaí
táirgeoirí - beidh tionchar tábhachtach giarála ag scéim de chuid an AE ar
chláir faisnéise chineálacha agus ar chláir iltíre a chur chun feidhme freisin,
rud a ghineann malartú taithí idir na Ballstáit agus a bhaineann amach
barainneachtaí mórscála. 2. BEARTAS FAISNÉISE REATHA
AGUS CUR CHUN CINN NA hEORPA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le cláir cur
chun cinn chineálacha faoin mbeartas faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh
táirgí talmhaíochta agus modhanna a dtáirgthe. Ní fholaíonn sé gníomhaíochtaí
atá bunaithe ar bhrandaí tráchtála agus iad siúd a spreagann táirge a thomhailt
mar gheall ar a thionscnamh sonrach. Is iad eagraíochtaí gairmiúla earnálacha a
chuireann na cláir isteach agus cómhaoiníonn an AE go huasmhéid ranníocaíochta
50 % iad. Ní mór don eagraíocht ghairmiúil ranníocaíocht íosta 20 % a dhéanamh agus
is é an Ballstát inar chuir an eagraíocht a clár isteach a íocann an
t-iarmhéid. Ina theannta sin, cuireann an Coimisiún tionscnaimh sonracha i gcrích
i dtríú tíortha, amhail taispeáint ag aontaí idirnáisiúnta nó misin trádála
ardleibhéil a chur i gcrích a mbíonn baint ag an gCoimisinéir Talmhaíochta agus
Forbartha Tuaithe leo. Is é EUR 50 milliún atá sa bhuiséad bliantúil
le haghaidh an bheartais faisnéise agus cur chun cinn talmhaíochta. Thaispeáin an beartas faisnéise agus cur chun
cinn torthaí dearfacha chun feasacht a ardú maidir le táirgí cáilíochta agus le
híomhá an Aontais Eorpaigh, ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha
araon. Chuir sé tomhaltas táirgí talmhaíochta Eorpacha chun cinn freisin. Mar
sin féin, is féidir ceachtanna a fhoghlaim ón taithí a fuarthas ó chur chun
feidhme an bheartais sin, agus ó na haighneachtaí a chuir geallsealbhóirí
isteach don pháipéar uaine agus meastóireachtaí seachtracha na scéime. Léiríonn
siad deacrachtaí agus baic sa chur chun feidhme: an dearcadh gur míchuí an cur
chun cinn cineálach i dtríú tíortha; straitéis a bhfuil tosaíochtaí soiléire
aici a bheith in easnamh; tarraingteacht theoranta na gclár iltíre; bainistíocht
chasta na scéime; agus an easpa táscairí coiteanna chun éifeachtacht an
bheartais cur chun cinn a thomhas. Ní mór dul i ngleic leis na fadhbanna sin. 3. Cuspóirí Tá a lán dúshlán de chineálacha éagsúla roimh
thalmhaíocht na hEorpa: dúshláin eacnamaíocha (luaineacht praghsanna, moilliú ar
fhás tháirgiúlacht na bhfachtóirí, meath ar sciar na talmhaíochta sa slabhra
bia); dúshláin chomhshaoil agus aeráide (talmhaíocht inbhuanaithe a chothabháil
agus a chur chun cinn, laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa); agus dúshláin shóisialta
(rannpháirtíocht i ngeilleagar na tuaithe agus cothroime idir chríocha). Glacfar
cur chuige cuimsitheach agus an CBT á athchóirú chun aghaidh a thabhairt ar na
dúshláin sin uile. Mar ionstraim de chuid an CBT, ní mór do
bheartas cur chun cinn na dtáirgí talmhaíochta cuspóirí ‘An CBT i dtreo 2020’ a
shaothrú chomh maith, agus go háirithe an cuspóir iomaíochas na hearnála a
mhéadú, ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha araon. Tá sé sin le baint
amach trí: –
Margaí nua le haghaidh táirgí talmhaíochta Eorpacha
ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha a fhorbairt agus a oscailt; –
Feasacht na dtomhaltóirí faoi cháilíocht na dtáirgí
talmhaíochta Eorpacha a mhéadú; –
Feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht
an bheartais cur chun cinn. 4. cásanna beartais Forbraíodh trí chás beartais mar roghanna
malartacha ar an mbeartas atá ann. Eascraíonn siad sin as gnéithe sainiúla a
tháinig chun cinn sa díospóireacht phoiblí agus sna seasaimh a ghlac páirtithe
leasmhara éagsúla: an margadh/na margaí ar a bhfuiltear ag díriú; straitéis
Eorpach don chur chun cinn a bheith ann nó gan a bheith ann; agus rialacha
maidir le feiceálacht na mbrandaí príobháideacha agus tionscnamh na dtáirgí a
lua. Ceapadh na cásanna seo a leanas don mheasúnú
iarmharta agus chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta: –
Is éard atá sa chás ‘status quo feabhsaithe’,
oiriúnú teoranta ar an mbeartas cur chun cinn atá ann faoi láthair. Aithnítear
ann luach an bheartais cur chun cinn agus tugtar aghaidh ar easnaimh chun an
beartas a dhéanamh níos simplí, inrochtana, lena chur ar chumas níos mó
tairbhithe a bheith rannpháirteach (go háirithe eagraíochtaí táirgeoirí) agus
chun cabhrú leo le tacaíocht theicniúil leordhóthanach. –
Is mó atá sa chás ‘spriocdhírithe’ ná
i gcás an ‘status quo feabhsaithe’. Chuirfeadh sé gníomhaíochtaí cur
chun cinn spriocdhírithe chun feidhme ar an margadh inmheánach agus i dtríú
tíortha. Bheadh an straitéis bunaithe ar dhlúthfhaireachán ar threochtaí
margaidh agus comhaontuithe saorthrádála a idirbheartú, agus cheadódh sé cláir
cur chun cinn a dhíriú ar mhargaí, daonraí, táirgí nó ar earnálacha ar leith. Ba
chuspóir don chás sin chomh maith comhar idir oibreoirí ó Bhallstáit éagsúla a
mhéadú, rud a d'éascódh bainistíocht na gclár iltíre go díreach don Choimisiún.
B’fhairsinge liosta na dtáirgí agus na dtéamaí incháilithe sa chás seo. Ar
deireadh, sa chás seo, faoi choinníollacha ar leith, mholfaí go gceadófaí tagairtí
do thionscnamh na dtáirgí agus do bhrandaí príobháideacha mar chuid de
theachtaireacht cineálach a chur in iúl. –
Is ionann leibhéal uaillmhéine an cháis ‘tríú
tíortha go heisiach’ agus an cás ‘spriocdhírithe’, ach
teorannaíonn sé do mhargaí tríú tíortha amháin é. Sa chás seo lárófar an
bainistiú sa Choimisiún agus cuirfear gníomhartha chun feidhme i gcomhréir le
straitéis roghnúcháin. Cuimseofar na hathruithe atá leagtha amach faoi chás an ‘status
quo feabhsaithe’ sa chás seo. Ina theannta sin, seachas cur chun cinn
cineálach, beidh gníomhaíochtaí tráchtála do bhrandaí príobháideacha aonair
incháilithe freisin faoin mbeartas cur chun cinn agus, b’fhéidir, liosta breise
táirgí agus téamaí incháilithe. 5. Measúnú ar thionchair na gcásanna
beartais 5.1. An Cás ‘Gan aon bheartas’ Léirítear i staidéir agus i dtuarascálacha
meastóireachta, lena n-áirítear tuarascáil 2009 ón gCúirt Iniúchóirí, go mbíonn
ról dearfach ag an mbeartas cur chun cinn Eorpach, bíodh gur deacair sin a
thomhas, agus ar deireadh thiar tugann sé luach saothair d’fheirmeoirí na
hEorpa as na hiarrachtaí a dhéanann siad táirgeadh i gcomhréir le caighdeáin
arda an CBT. Dá dtréigfí an beartas sin, laghdófaí an t‑ionchas luach
méadaithe a bheith ar tháirgí talmhaíochta na hEorpa agus dá bhrí sin, chaillfí
breisluach don AE, i sciar den mhargadh agus in íomhá araon. D’fhéadfadh sé a
bheith mar thoradh air freisin go ndéanfaí an táirgeadh a chomhchruinniú nó a
dhiansaothrú, agus táirgí talmhaíochta a homaiginiú. 5.2. An cás ‘status quo
feabhsaithe’ Ó thaobh an gheilleagair de, má leathnaítear
rochtain ar an scéim chuig eagraíochtaí táirgeoirí, ba cheart go gcuirfí ar
chumas na dtáirgeoirí úsáid níos fearr a bhaint as na cláir faisnéise agus cur
chun cinn. Mar thoradh air sin, spreagann an cás seo oibriú éifeachtach na
hearnála talmhaíochta, cuireann sé le hiomaíochas, agus baineann sé amach
barainneachtaí mórscála agus fás araon. Ardóidh an méadú ar líon na dtionscnamh
próifíl an Choimisiúin ag aontaí idirnáisiúnta, rud a rachaidh chun tairbhe na
bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a ghlacann páirt iontu don chuid is
mó. Ba cheart go bhfeabhsódh tacaíocht theicniúil dearadh na gclár cur chun
cinn, lena n-áirítear cláir iltíre, rud a dhéanfadh an margadh inmheánach níos
dinimiciúla. Ón taobh sóisialta, má spreagtar bunú
eagraíochtaí táirgeoirí, ba cheart go neartódh sé an earnáil talmhaíochta agus
go bhfeabhsódh sé dálaí sóisialta i gceantair thuaithe. 5.3. An cás ‘spriocdhírithe’ Ó thaobh an gheilleagair de, fágfaidh
straitéis cur chun cinn Eorpach go bhféadfar díriú ar ghníomhartha ar tháirgí,
téamaí agus margaí ar leith, rud a uasmhéadóidh an toradh ar infheistíocht sa
bheartas faisnéise agus cur chun cinn. Gníomhaíochtaí cumarsáide a ghabhfaidh
le gníomhartha cur chun cinn, méadóidh siad feiceálacht an Aontais Eorpaigh
agus ba cheart go spreagfaidís éileamh ar tháirgí talmhaíochta na hEorpa mar
gheall ar a gcaighdeáin agus a modhanna táirgeachta arda. Is sócmhainn
thábhachtach í infheictheacht na mbrandaí príobháideacha chun an ceannach
iarbhír a spreagadh, agus ba cheart go bhfeabhsódh sí iomaíochas tháirgí talmhaíochta
na hEorpa agus go rachadh sí chun tairbhe na FBManna, go háirithe toisc go
mbainfidh siadsan tairbhe as rochtain tosaíochta ar an scéim. Éascófar
méaduithe iomaíochais freisin trí liosta na dtáirgí incháilithe a leathnú. Threiseodh
gníomhaíochtaí an cháis seo onnmhairí táirgí talmhaíochta an AE. Athruithe ar
bhainistiú na gclár iltíre, ba cheart go gcuirfidís lena líon agus go mbeadh
barainneachtaí scála suntasacha agus comhroinnt taithí mar thoradh orthu. Ón taobh sóisialta de, cuirfidh an cás seo
le caomhnú - nó fiú le méadú - fostaíochta san earnáil agraibhia, mar fhreagra
ar an bhfás onnmhairithe a bhfuil súil leis ón straitéis. Ina theannta sin,
éascóidh an straitéis cur chun cinn na dtáirgí atá aitheanta ag córais
cháilíochta na hEorpa agus a bhaineann le réigiúin tionscnaimh agus le
traidisiúin na hEorpa, rud a chuideoidh le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa a
phoibliú agus a chaomhnú. Ba cheart go mbeadh tionchar dearfach ann tionscnaimh
na dtáirgí a chur chun cinn, ní hamháin le haghaidh na réigiún nó na mBallstát
lena mbaineann, ach freisin don Aontas Eorpach ina iomláine, mar tabharfaidh sé
a íomhá agus a chuid traidisiún chuig an bhfeachtas. Mar fhocal scoir, d’fhéadfaí
téamaí a bhaineann le folláine na dtomhaltóirí agus le haiste bia sláintiúil a
chur chun cinn tríd an straitéis. Ó thaobh an chomhshaoil de, aibhseoidh an
straités na saintréithe sin den CBT a bhaineann le táirgeadh inbhuanaithe, agus
cuirfidh sé sin le luach na n-iarrachtaí a dhéanann táirgeoirí na hEorpa agus
spreagfaidh sé forbairt talmhaíochta atá fabhrach don chomhshaol. 5.4. An cás ‘tríú tíortha go
heisiach’ I bhfianaise acmhainneacht fáis na
n-onnmhairithe, tugtar tosaíocht sa chás seo d’iomaíochas méadaithe na hearnála
talmhaíochta. Cuirfidh infheictheacht na mbrandaí tráchtála agus tionscnamh na
dtáirgí onnmhairithe chun cinn. Mar sin féin, d’fhonn teorainn a chur leis an
riosca brabúis amhantair do chuideachtaí príobháideacha agus le haon ionadú ar
thionscnaíocht phríobháideach agus infheistíocht, ba cheart critéir
cháilitheachta ar leith a chur i bhfeidhm. Os a choinne sin, beidh tionchar ar
thomhaltóirí Eorpacha ag an easpa faisnéise agus an easpa gníomhartha cur chun
cinn a dhíríonn ar an margadh inmheánach: fágfar aon fhaisnéis chineálach
maidir le táirgí talmhaíochta, modhanna táirgthe nó bia sláintiúil faoi
thionscnamh na mBallstát nó eagraíochtaí gairmiúla, agus ní gá gurb í sin an
chéad tosaíocht dóibh. Ó thaobh an chomhshaoil de, spreagfaidh gníomhaíochtaí
ceannach agus tomhailt táirgí talmhaíochta Eorpacha i dtríú tíortha, táirgí a
gcomhlíonann a modhanna táirgthe ceanglais uaillmhianacha comhshaoil an CBT.
Spreagann sé sin táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe. Mar sin féin, ní
dhíreofaí sna gníomhaíochtaí sin ar thomhaltóirí na hEorpa a thuilleadh, agus
is lú a bheidh siad ar an eolas faoi na ceanglais comhshaoil a mbíonn ar
fheirmeoirí na hEorpa a urramú, rud a
d’fhéadfadh ina dhiaidh sin an nasc idir an talmhaíocht agus an comhshaol a
lagú. 5.5. Ualach riaracháin Líon méadaithe na dtairbhithe féideartha i ngach
cás, méadóidh sé an t-ualach oibre agus cláir faisnéise agus cur chun cinn á
roghnú. Fairis sin, méadóidh tacaíocht theicniúil agus forbairt tionscnamh
tascanna bainistíochta díreacha don Choimisiún. Mar sin féin, beidh coigiltis i
gcomparáid leis an ualach riaracháin atá ann faoi láthair mar thoradh ar
fheabhsú an nós imeachta roghnúcháin. Ina theannta sin, sna cásanna ‘spriocdhírithe’
agus ‘tríú tíortha go heisiach’, d’fhéadfadh tarraingteacht bhreise na scéime
agus tógáil ar thorthaí an bheartais cur chun cinn méadú ar an ualach oibre le
haghaidh na n-údarás náisiúnta agus seirbhísí an Choimisiúin. B’fhéidir go
mbeadh méadú mór ar líon na ngníomhaíochtaí a bheadh le bainistiú go lárnach ag
an gCoimisiún, go háirithe do chláir iltíre. Tá staidéar leanúnach ar siúl lena
scrúdú an bhféadfaí cuid de na tascanna sin a tharmligean chuig gníomhaireacht
feidhmiúcháin. Ar deireadh, beidh mar thoradh ar bhainistiú
feabhsaithe na gclár iltíre, mar atá beartaithe sna cásanna ‘spriocdhírithe’
agus sna cásanna ‘tríú tíortha go heisiach’, laghdú suntasach ar an
ualach riaracháin le haghaidh eagraíochtaí gairmiúla i gcomparáid leis an staid
reatha. 5.6. Gné idirnáisiúnta Cuireann an beartas cur chun cinn Eorpach
íomhá agus cáilíocht tháirgí talmhaíochta na hEorpa chun cinn laistigh den AE
agus i dtríú tíortha. Tá sé i gcomhréir leis an gComhaontú WTO um Thalmhaíocht
agus ag luí le rialacha an WTO. Níl aon cheann de na forálacha atá molta sna
cásanna éagsúla a bhfuil tionchar acu ar aicmiú na mbeart cur chun cinn i bhfógraí
don WTO faoi chaiteachas talmhaíochta na hEorpa. 5.7. Meastóireacht ar an
acmhainneacht le haghaidh simpliú Forálann na cásanna éagsúla do bhreis
simplithe i mbainistiú an bheartais; is é an cás 'tríú tíortha go heisiach' is
mó a bhaineann simpliú amach. Cuimsíonn sé roghnú aonchéime nach dtarlóidh ach
uair amháin sa bhliain (rud atá i bpáirt ag gach cás) agus bainistiú simplithe
na gclár iltíre mar beidh aonáin ag plé go díreach leis an gCoimisiún (is
amhlaidh a bheidh sa chás ‘spriocdhírithe’ freisin). Toisc nach
ndíreoidh an cás seo ach ar thríú tíortha, seachnóidh sé deacrachtaí féideartha
i léirmhíniú agus i gcur chun feidhme na scéime, deacrachtaí a d’fhéadfadh
teacht chun cinn dá mba rud é go raibh rialacha éagsúla don mhargadh inmheánach
agus do thríú tíortha. 6. COMPARÁID na gcásanna i
LEITH CUSPÓIRÍ AGUS A dTIONCHAR Is é is aidhm do gach ceann de na trí chás
earnáil talmhaíochta na hEorpa a dhéanamh níos iomaíche. Chuige sin beidh sé
riachtanach feasacht faoi cháilíocht na dtáirgí talmhaíochta Eorpach a ardú. Tá
achoimre ar a gcuid tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil sa tábla
thíos. || || An cás ‘status quo feabhsaithe’ || An cás ‘spriocdhírithe’ || An cás ‘tríú tíortha go heisiach’ Eacnamaíoch || Iomaíochas eacnamaíoch na hearnála talmhaíochta || + || +++ || ++ FBManna || + || ++ || +++ Tomhaltóirí na hEorpa || 0 || ++ || -- Réigiúin || + || +++ || ++ Feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh || 0 || ++ || + Sóisialta || Fostaíocht || + || ++ || ++ Cultúr, Oidhreacht || + || +++ || ++ Folláine na dtomhaltóirí Eorpacha || 0 || + || - Comhshaol || Táirgeadh inbhuanaithe || 0 || ++ || + Simpliú || + || ++ || +++ Ba cheart go mbeadh tionchar beag ach
suntasach dearfach i ngach réimse mar thoradh ar bhainistiú níos fearr faoi
chás an ‘status quo feabhsaithe’. Dá gcoimeádfaí an treocht atá ann faoi
láthair, leanfadh torthaí luachmhara de bheith ag gach clár ar leith. Mar sin
féin, beidh an easpa cur chuige domhanda ag baint faoi chomhtháthú an bheartais
ar fad, agus beidh baol ann faillí a dhéanamh i ndeiseanna in earnálacha ar
leith margaí, go háirithe i dtríú tíortha. D’fhéadfadh an tacaíocht theicniúil
nua treisiú le caidreamh idir thairbhithe agus cabhrú leo a comhpháirtithe a
aimsiú chun cláir iltíre a chur chun feidhme. Mar sin féin, ní thugann an cás
seo aghaidh ar shaincheisteanna bainistíochta arna dtarraingt anuas ag cláir
iltíre, cláir a fhanfaidh faoi bhainistíocht chomhpháirteach an Choimisiúin
agus na mBallstát. Ar an taobh eile den speictream, saothraíonn an
cás ‘tríú tíortha go heisiach’ cur chuige níos treise agus níos
tráchtálaí trí bhearta cur chun cinn a theorannú go margaí tríú tíortha agus
trí úsáid níos uaillmhianaí a bhaint as brandaí príobháideacha agus
tionscnaimh. Bheadh tionchair shuntasacha eacnamaíocha mar thoradh ar an gcás
seo, go háirithe maidir leis na FBManna a gceadófaí dóibh a gcuid brandaí féin a
lua i ngníomhartha cur chun cinn. Mar sin féin, ní shásaíonn sé riachtanais
faisnéise an tomhaltóra Eorpaigh. Ar deireadh, rachaidh an easpa gníomhartha
cur chun cinn ar an margadh inmheánach i bhfeidhm ar iompar ceannaigh na
dtomhaltóirí Eorpacha. Cuireann an cás 'spriocdhírithe' san áireamh
riachtanais na margaí inmheánacha agus seachtracha araon. Bheadh straitéis cur
chun cinn domhanda talmhaíochta éifeachtach agus thabharfadh sé aghaidh ar
dheiseanna eacnamaíocha i dtríú tíortha agus riachtanais faisnéise ar an
margadh inmheánach araon. Ní bheadh cur chun cinn cineálach ina bhuntáiste
eacnamaíoch don agra-ghnó go príomha. Mar sin féin, in ábhar poiblíochta do
thomhaltóirí a chuirfí ar fáil faoin gcás seo, thabharfaí feiceálacht do
bhrandaí príobháideacha agus do thionscnamh na dtáirgí, rud a dhéanfadh é sin a
fhritháireamh go páirteach. Ghinfeadh na cásanna 'spriocdhírithe'
agus 'tríú tíortha go heisiach' níos mó clár iltíre, rud a mhéadódh
breisluach na hEorpa. Léiríonn an anailís, áfach, nach féidir ualach méadaithe
riaracháin - go pointe áirithe - a sheachaint. I ndáil leis an mbuiséad, saineofar
acmhainní airgeadais an bheartais nua laistigh de theorainneacha an chreata
airgeadais ilbhliantúil nua do 2014-2020. Gan dochar d'infhaighteacht acmhainní
den sórt sin, is é an cás 'spriocdhírithe' is mó a d'éileodh acmhainní
ar bhuiséad an AE. Leanann sé sin ón bhfonn fanacht uaillmhianach le
gníomhaíochtaí a fhorbairt i margaí tríú tíortha agus ón méadú suntasach ar
chláir iltíre. B'ionann an buiséad le haghaidh an cháis 'tríú
tíortha go heisiach' agus leath an cháis 'spriocdhírithe', ag
glacadh leis go roinnfear caiteachas ar an dara ceann go cothrom idir na margaí
tríú tíortha agus na margaí inmheánacha. Fiú más lú an costas atá ar an gcás 'tríú
tíortha go heisiach', tá an dá chás coibhéiseach maidir le héifeachtacht
costais. Is léir nach féidir le cás na 'tríú tíortha go heisiach' dul i
ngleic ar bhealach leordhóthanach le hionchais na dtomhaltóirí Eorpacha; os a
choinne sin, d'ardódh an cás 'spriocdhírithe' feasacht faoi cháilíocht na
dtáirgí talmhaíochta Eorpacha ar an margadh inmheánach, rud a mhéadódh an
t-éileamh agus a spreagfadh táirgeadh inbhuanaithe. D'uasmhéadódh an cás 'spriocdhírithe'
breisluach an AE trí cháilíocht na dtáirgí talmhaíochta Eorpacha a chur
chun cinn níos fearr agus feasacht tomhaltóirí a ardú ar fud an AE, trí aghaidh
a thabhairt ar shaincheisteanna trasteorann tábhachtacha a bhaineann le cláir
iltíre a bhainistiú, agus trí mhalartú dea-chleachtas i measc na mBallstát a
neartú. Déanann an tábla seo a leanas cumas gach
ceann de na trí chás chun freastal ar shainchuspóirí an athchóirithe a mheas: || An cás 'status quo feabhsaithe' || An cás 'spriocdhírithe' || An cás 'tríú tíortha go heisiach' Feasacht faoi cháilíocht na dtáirgí talmhaíochta Eorpacha || ++ || +++ || + Margaí nua a fhorbairt agus a oscailt ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha || + || +++ || ++ Éifeachtacht agus éifeachtúlacht || + || ++ || ++ Breisluach an AE || + || +++ || ++ Dealraíonn sé nach leor mar atá an cás 'status
quo feabhsaithe' dírithe ar ghníomhaíochtaí lena mbaineann breisluach ard
don Aontas Eorpach, agus is cosúil go bhfuil an cás 'tríú tíortha go
heisiach' róchontúirteach i bhfianaise leibhéal íseal an eolais faoi
tháirgí talmhaíochta san Eoraip. Tugann an cás 'spriocdhírithe' an
chothromaíocht cheart chun an beartas cur chun cinn talmhaíochta a iompú go
comhleanúnach ina bheartas a bheidh níos spriocdhírithe ar riachtanais na
hearnála agus na margaí talmhaíochta, agus freisin ar leibhéal feasachta na
dtomhaltóirí maidir le raon leathan táirgí talmhaíochta. Is fearr a cheadóidh an cás 'spriocdhírithe'
don earnáil talmhaíochta na brúnna ar a cumas iomaíochais a fhreagairt; rachaidh
bearta spriocdhírithe i dtríú tíortha i ngleic leis an dian-iomaíocht ó
thíortha eile. Straitéis chuimsitheach chun gníomhaíochtaí faisnéise ar an
margadh inmheánach a fheabhsú, lena n-áirítear dianfhaireachán ar threochtaí
margaidh, a thabharfaidh aghaidh ar an easpa feasachta faoi cháilíocht tháirgí
an AE. An meall mór ar deireadh, ar na margaí inmheánach agus seachtracha
araon, rachaidh an cás seo i ngleic leis na brúnna méadaithe costais ar
gheilleagar feirmeoireachta an AE agus cabhróidh sé chun éagsúlacht táirgthe
agus comhshaoil thalmhaíocht an AE, agus dhomhan na tuaithe, a chaomhnú[6]. 7. Faireachán agus
meastóireacht Déantar measúnú ar thionchair gach cláir
faisnéise aonair agus cur chun cinn go córasach inniu, ag baint úsáide as
táscairí agus cuspóirí arna mbunú ag an eagraíocht a mhol agus arna meas trí
sheirbhísí an Choimisiúin agus an clár á fhormheas acu. Mar sin féin, ceal
straitéise foriomláine, is deacair torthaí na meastóireachtaí sin a
chomhiomlánú ar leibhéal leathan an bheartais cur chun cinn. Beidh sé tábhachtach amach anseo faireachán
agus meastóireacht a neartú ar an mbeartas Eorpach um tháirgí talmhaíochta a
chur chun cinn. Ba cheart don chóras faireacháin agus meastóireachta an cur
chuige straitéiseach treisithe a léiriú níos fearr freisin. Dá bhrí sin, ba
cheart táscairí coiteanna arna mbunú ar chuspóirí agus tosaíochtaí a chur chun
feidhme d’fhonn úsáid na meastóireachta sa phróiseas roghnúcháin clár a éascú. Ba cheart an córas faireacháin agus
meastóireachta don bheartas cur chun cinn talmhaíochta a nascadh leis an gcreat
coiteann faireacháin agus meastóireachta le haghaidh an CBT, mar a moladh sa
togra leasaithe maidir le maoiniú, bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar an
CBT [7]. Chun na críche sin, tá an
tsraith táscairí seo a leanas á moladh: ·
Táscairí tionchair a bheidh nasctha leis an
gcuspóir ginearálta; ·
Comhardú na trádála talmhaíochta ·
Ioncam fachtóra talmhaíochta ·
Táscairí toraidh a bheidh nasctha le cuspóirí ar
leith; ·
Onnmhairí talmhaíochta an AE ·
Luach na táirgeachta faoi scéimeanna cáilíochta an
AE ·
Feasacht na dtomhaltóirí faoi cháilíocht na dtáirgí
talmhaíochta Eorpacha ·
Táscairí táirgeachta a bheidh nasctha le bearta
éagsúla an bheartais cur chun cinn ·
Líon na gclár ar an margadh inmheánach agus i
margaí tríú tíortha ·
Líon na dtairbhithe nua ·
Líon na gclár iltíre [1] Féach an measúnú tionchair ar CBT i dtreo 2020 (SEC (2011) 1154 leagan
deireanach/2). [2] COM(2011)
436 final. [3] Teachtaireacht
i ndáil le bearta maidir le cur chun cinn agus soláthar faisnéise do tháirgí
talmhaíochta: straitéis bhreisluach Eorpach atreisithe chun blasanna na hEorpa
a chur chun cinn (2012/148). [4] Féach mar shampla
i mí Aibreáin 2012 an tionscnamh le cumann nua a chruthú i SAM: CCFN
– an Cuibhreannas um Ainmneacha Coiteanna Bia - tionscnamh idirnáisiúnta
chun an ceart a chaomhnú chun ainmneacha
cineálacha bia a úsáid. [5] STFC – sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint; TGFC – tásc
geografach faoi chosaint [6] Féach staidéar
Scenar 2020, a
léiríonn tionchair dhiúltacha an cháis gan aon CBT
http://ec.europa.eu/agriculture/agrista/2006/scenar2020/final_report/scenar2020final.pdf. [7] Féach Airteagal 110 de COM(2011)
628 final/2.