This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0627
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL laying down measures concerning the European single market for electronic communications and to achieve a Connected Continent, and amending Directives 2002/20/EC, 2002/21/EC and 2002/22/EC and Regulations (EC) No 1211/2009 and (EU) No 531/2012
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta maidir leis an margadh aonair Eorpach sa chumarsáid leictreonach agus chun Ilchríoch Idirnasctha a bhaint amach, agus lena leasaítear Treoir 2002/20/CE, Treoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta maidir leis an margadh aonair Eorpach sa chumarsáid leictreonach agus chun Ilchríoch Idirnasctha a bhaint amach, agus lena leasaítear Treoir 2002/20/CE, Treoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012
/* COM/2013/0627 final - 2013/0309 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta maidir leis an margadh aonair Eorpach sa chumarsáid leictreonach agus chun Ilchríoch Idirnasctha a bhaint amach, agus lena leasaítear Treoir 2002/20/CE, Treoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 /* COM/2013/0627 final - 2013/0309 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS
AN TOGRA 1.1. Cuspóirí an togra Ní mór don Eoraip leas a bhaint as foinsí nua
fáis chun téarnamh a chur faoin iomaíochas, an nuálaíocht a bhrú chun cinn agus
jabanna nua a chruthú. Tá an geilleagar
domhanda ag éirí ina gheilleagar atá bunaithe ar an idirlíon, agus ba cheart a
aithint gur foinse fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach is ea an
teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide (TFC). Níl
sé ar acmhainn na hEorpa diúltú do bhuntáistí a ghabhann le teicneolaíochtaí
idirnasctha ar dá mbarr a tháinig méadú táirgeachta 50% le blianta beaga anuas
i ngach earnáil; teicneolaíochtaí lena
gcruthaítear cúig jab os coinne gach jab a chailltear agus a spreagann
seirbhísí nua nuálacha a bhfuil sé ar a gcumas méadú go scála domhanda ach iad
an deis a fháil fás. Is é seo an eochair a ligfidh don Eoraip an éigeandáil a
fhagáil ina diaidh agus éirí níos láidre lena linn; ach chun an eochair sin a
chasadh ní mór dúinn dul i ngleic leis na bacainní atá á gcur ag an ilroinnt leanúnach
ar an bhfás eacnamaíoch. Tá seo aitheanta go hiomlán ag Comhairle Eorpach
Earrach 2013, mar is léir óna Conclúidí, conclúidí lenar leagadh amach gur
chóir don Choimisiún tuairisc a thabhairt faoi Dheireadh Fómhair 2013 ar na
bacainní atá le sárú chun Margadh Aonair Digiteach lánfheidhmiúil a chur i
gcrích, agus bearta cinnte a thíolacadh maidir leis an gcaoi a mbunófar margadh
aonair don teicneolaíocht faisnéise agus teileachumarsáide. Is é cuspóir
ginearálta an togra druidim níos gaire do mhargadh aonair don chumarsáid
leictreonach: – ina mbeidh
saoránaigh agus gnólachtaí in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí cumarsáide
leictreonaí cibé áit a soláthraítear iad san Aontas, agus é sin a dhéanamh gan
srianta trasteorann ná costais bhreise gan údar dlisteanach; – ina bhféadfaidh
cuideachtaí a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí iad a
fheidhmiú agus a sholáthar is cuma cén áit san AE a bhfuil an chuideachta
bunaithe nó a custaiméirí lonnaithe. Tá an sprioc uaillmhianach seo tábhachtach
inti féin, tharla go bhfuil breis is deich mbliana imithe thart
d'idirghabhálacha reachtacha Aontais a bhí dírithe ar na margaí sin a
léirscaoileadh agus a chomhtháthú. Tá géarghá le bearta práinneacha agus
cinntitheacha chun an sprioc mar atá leagtha síos sa togra a bhaint amach, go
háirithe ó tharla go gcaithfear fanacht tamall eile, fiú tar éis an togra a
ghlacadh, sula bhfeicfear tairbhe na mbeart sin. Mar go gcothódh sé comhtháthú
an mhargaidh agus infheistíocht trasteorann i líonraí agus i soláthar
seirbhísí, beidh de thoradh ar mhargadh aonair don chumarsáid leictreonach go
spreagfaí an iomaíocht, an infheistíocht agus an nuálaíocht i dtaca le líonraí
agus seirbhísí. Maidir leis na bearta sonracha atá sa togra, ba chóir go mbeadh
de thoradh orthu méadú iomaíochta i dtaca le cáilíocht agus praghas an
bhonneagair, neartú ar an nuálaíocht agus ar an difreáil go ginearálta, agus go
háirithe i samhlacha gnó, agus éascú ar an bpleanáil a ghabhann leis na gnéithe
tráchtála agus teicniúla a bhaineann le cinntí infheistíochta, feadh a
mbaineann na cinntí sin le dul isteach nó forleathnú i margaí na líonraí
fosaithe nó na líonraí gan sreang. Ar an dóigh
sin, cuirfidh sé bonn daingean faoi bhearta eile atá dírithe ar na spriocanna
uaillmhianacha don teicneolaíocht leathanbhanda, spriocanna atá leagtha amach
sa Chlár Digiteach Eorpach, agus cuirfidh sé bonn freisin faoi bhunú
fíor-Mhargaidh Aonair Dhigitigh ina mbeidh saorghluaisteacht ag inneachar, ag
feidhmchláir agus ag seirbhísí digiteacha eile. Trí bhreis mhór iomaíochta agus
comhtháite a bhaint amach sa bhonneagar ar fud an Aontais, ba chóir gur lú dris
chosáin a bheadh sna margaí agus gur lú gá le rialáil ex ante ar na
margaí cumarsáide leictreonaí, ionas go ndéanfar díobh, le himeacht ama,
earnáil a bheidh faoi réir rialacha iomaíochta agus rialála cothrománacha ar
nós gach earnála eile. Mar gheall air go bhfuil ag méadú de shíor ar
an bhfáil atá ar an mbonneagar agus ar sheirbhísí digiteacha, mhéadófaí dá réir
sin an rogha agus an caighdeán seirbhíse a bheidh ag tomhaltóirí, agus
chuideodh sé le comhtháthú sóisialta agus críochach, chomh maith le
soghluaisteacht a éascú ar fud an AE; mar an
gcéanna, ar feadh a mbaineann leis an ngeilleagar digiteach ina iomláine, trí
fheabhas a chur ar fheidhmiú earnáil na cumarsáide leictreonaí, ba chóir go
dtiocfadh méadú ar ilrogha agus ar cháilíocht na n‑ionchur ó ghnólachtaí,
agus ar an dóigh sin ba chóir go bhféadfaí méaduithe táirgiúlachta a bhaint
amach ní amháin ó sheirbhísí poiblí nuachóirithe ach ó úsáid TFC freisin. Is é croí na sprice bonn daingean a chur faoi
chumas iomaíochta na hEorpa tráth a bhfuil an domhan ag brath níos mó ná riamh
ar an eacnamaíocht dhigiteach chun feidhmiú agus fás. Is iad seo a leanas na príomhdhúshláin a
bhaineann le comhtháthú an mhargaidh aonair: ar an gcéad dul síos, bacainní
neamhriachtanacha a chur i leataobh sa réimeas údaraithe agus sna rialacha a
bhaineann le soláthar seirbhísí ionas go mbeidh údarú a fhaightear i mBallstát
amháin bailí i ngach Ballstát, agus ionas go mbeidh oibreoirí abálta seirbhísí
a sholáthar ar bhun chur i bhfeidhm comhsheasmhach agus cobhsaí na ndualgas
rialála; ar an dara dul síos, a chinntiú gur mó comhchuibhiú a bheidh ann
maidir le rochtain a fháil ar acmhainní bunriachtanacha; ráthaíocht a thabhairt
d’oibreoirí móibíleacha maidir le dálaí sannacháin intuartha a bheith ar fáil
dóibh chomh maith le tráthchláir chomhordaithe i dtaca le rochtain ar
speictream don leathanbhanda gan sreang ar fud an AE; comhchuibhiú a dhéanamh
ar na bealaí a bhfaightear rochtain ar líonraí fosaithe Eorpacha ionas go
mbeidh sé níos éasca ag soláthróirí a seirbhísí a thairiscint ar fud an
mhargaidh aonair; ar an tríú dul síos, ardleibhéal coiteann sa chosaint
tomhaltóra a ráthú ar fud an Aontais, agus dálaí coiteanna tráchtála i dtaca
leis sin dó, lena n‑áirítear bearta chun deireadh a chur de réir a chéile
le formhuirir fánaíochta móibílí agus cosaint a thabhairt don rochtain ar an
idirlíon oscailte. Is dúshláin ar leith iad sin, dá gcuirtear réitigh ar leith
i láthair sa togra seo, agus is nithe iad atá ríthábhachtach don
chinnteoireacht tráchtála agus infheistíochta san earnáil seo, agus do leas na
dtomhaltóirí; dá réir sin ní mór dul i ngleic leo anois d'aon iarraidh amháin
má tá uainn an margadh aonair a thapú. Beidh na dúshláin sin in éineacht leis
na dúshláin níos ginearálta a bhaineann le cruthú an mhargaidh aonair
dhigitigh, m.sh. na rialacha a mbeidh feidhm leo maidir le hinneachar ar líne. D'fhonn Eorpaigh a bheith ábalta tairbhe a
bhaint as seirbhísí ardcháilíochta nua agus nuálacha, ní mór breis
infheistíochta a dhéanamh go tapa sa chéad staid forbartha eile ar an
mbonneagar. Le go mbeidh margadh dinimiciúil
agus iomaíoch againn ní mór dúinn timpeallacht cheart rialála a chruthú.
Caithfidh an timpeallacht sin an chothromaíocht cheart idir an riosca agus an
luach saothair a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil fonn infheistíochta orthu. Féadfaidh timpeallacht dá leithéid deireadh a chur
leis an ilroinnt sa soláthar seirbhísí, ionas go mbeidh tionscail agus
úsáideoirí uile an AE ábalta tairbhe iomlán a bhaint as a gcuid buntáistí. Chun tacú leis na cuspóirí sin, tá an Coimisiún ag
glacadh, maille leis an togra seo, Moladh maidir le dualgais neamh‑idirdhealaithe
agus maidir le modheolaíochtaí costasaithe comhsheasmhacha a mbeidh sé d’aidhm
acu iomaíocht a spreagadh agus borradh a chur faoin infheistíocht sa
leathanbhanda.[1]
Déanfaidh an Moladh sin iomaíocht a spreagadh agus borradh a chur faoin
infheistíocht i líonraí ardluais trí chobhsaíocht fhadtéarmach a sholáthar do
phraghsanna rochtana ar líonraí copair agus trína bhíthin sin rochtain
chomhionann a áirithiú do chách ar líonraí na n‑oibreoirí atá ann faoi
láthair, rud a áiritheoidh deis chothrom iomaíochta, agus trí na dálaí a leagan
amach nach mór a bheith ann chun nach mbeadh gá le rialú praghsanna a dhéanamh
ar líonraí NGA (rochtain den chéad ghlúin eile) feasta agus chun go mbeadh
breis saoirse ag infheisteoirí sna líonraí sin straitéisí praghsála iomchuí a
aimsiú a chinnteodh toradh ar a n‑infheistíocht d’ainneoin bonneagair
eile bheith san iomaíocht, bonneagair amhail líonraí copair, líonraí cábla i
limistéir áirithe agus, as seo amach, líonraí móibíleacha den 4ú glúin. Agus an togra seo á mheas, ní mór aird a
thabhairt ar an gcomhthéacs ar feadh a mbaineann le tionscnaimh eile a rinneadh
le déanaí sa réimse, nó atá le tarlú gan mhoill. Leis
an togra seo, forbraítear agus cuirtear le príomhthreoracha 2002, mar a
leasaíodh iad in 2009, treoracha lena rialaítear an soláthar i réimse na
cumarsáide leictreonaí; déantar sin trí fhorálacha reachtacha a bheidh
infheidhme go díreach a thabhairt isteach, forálacha a bheidh ag feidhmiú i
dteannta fhorálacha na dtreoracha maidir le hábhair amhail údarú, sannadh
speictrim agus rochtain ar líonraí. Glacadh an togra seo i gcomhthéacs an togra
ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur
in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú[2]. Leis an togra sin chuathas i
ngleic, trí ionstraim aonair, le roinnt gnéithe ar leith a bhaineann le costais
rialála ag staideanna éagsúla den phróiseas infheistíochta i líonraí; trí dhul
i ngleic leis na gnéithe sin uile, is féidir costais a bhaineann le feidhmiú
céimneach an leathanbhanda a ísliú a oiread le 30%. Chomh maith leis sin,
glacadh an togra seo i bhfianaise an eolais go ndéanfar athbhreithniú in 2014
ar an Moladh ón gCoimisiún maidir leis na margaí iomchuí[3], agus go bhfuil an obair
ullmhúcháin air sin dulta go maith chun cinn cheana; ach
an togra seo a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm go gasta, b’fhéidir go laghdófaí
líon nó raon na margaí a bheadh faoi réir rialála ex ante mar chuid den
anailís ionchasach ar fhorbairt na hiomaíochta i margadh aonair. 1.2. Comhthéacs ginearálta I saol an lae inniu, tá a lán seirbhísí agus
feidhmchlár digiteach nua á gcur ar líne laistigh de mhargadh aonair an AE. Sa lá atá inniu ann, is beag nach fíor a rá gur sa
réimse digiteach atá gach deis nuálachta agus fáis i ngach earnáil den
gheilleagar idir an earnáil mhótarfheithiclí (carranna nasctha), earnáil an
fhuinnimh (eangacha cliste), fhorais riaracháin phoiblí (ríomhsheirbhísí
rialtais) agus seirbhísí ginearálta (ríomhsheirbhísí sláinte), agus eile. Is cuma cén cineál gnólachta atá i gceist,
cuideachtaí nuathionscanta nó fiontair mhóra, teastaíonn seirbhísí agus
bonneagar den úrscoth chun iad a reáchtáil. Fós
féin, tá an t‑éiceachóras iomlán seo ag brath ar an idirnascacht a
chuirtear ar fáil le líonraí cumarsáide leictreonaí. Sa lá atá inniu ann, tá an AE ilroinnte ina 28
margadh cumarsáide náisiúnta ar leithligh, agus líon teoranta imreoirí i ngach
ceann díobh. Dá bharr sin, cé nach bhfuil aon
oibreoir i níos mó ná leath na mBallstát, agus cé gur i líon beag Ballstát atá
bunáite na n‑oibreoirí, tá breis is 200 oibreoir ag riar do mhargadh ina
bhfuil 510 milliún custaiméir. Déantar rialacha TFC an AE a chur i bhfeidhm ar
bhealaí éagsúla, na rialacha maidir le húdaruithe, dálaí rialála, sannadh
speictrim agus cosaint tomhaltóirí, mar shampla. Cuireann
an leagan amach aimhréidh seo bacainní agus breis costais ar oibreoirí ar mian
leo seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha críochacha, agus dá réir sin
cuireann sé moill orthu leathnú amach. Tá seo
i nglanchodarsnacht leis an tSín nó le Stáit Aontaithe Mheiriceá áit a bhfuil
margaí aonair de 1400 agus 330 milliún custaiméir, faoi seach, agus ceithre nó
cúig oibreoir mhóra ag riar dóibh, faoi réir reachtaíochta amháin, córais
cheadúnaithe amháin agus beartais speictrim amháin. Trí bharrainneachtaí scála agus dheiseanna nua
fáis, is féidir an toradh ar infheistíocht i líonraí ardluais a fheabhsú, agus
ag an am céanna, tiomáint a chur faoin iomaíocht agus faoin iomaíochas domhanda
freisin. Fós féin, laistigh den AE, ní féidir le hoibreoirí a ndóthain
buntáiste a bhaint astu. I gcodanna eile den
domhan, táthar ag déanamh iarrachtaí agus infheistíocht shuntasach i réimse na
forbartha digití agus tá a thoradh sin le feiceáil ag infheisteoirí agus ag
tomhaltóirí – ach san Eoraip níl a mhacasamhail sin de fheabhsúchán nua ag tarlú
tapa go leor. Ag an am céanna, de dheasca na hilroinnte ar
na margaí náisiúnta, is é mar atá ag tomhaltóirí gur lú rogha atá acu, gur lú
nuálacht agus cáilíocht atá sna seirbhísí atá ar fáil dóibh, agus fós go bhfuil
sé i bhfad níos daoire acu glaonna thar teorainn nó glaonna fánaíochta a
dhéanamh laistigh den AE. Is é a thoradh sin
nach féidir leo lántairbhe a bhaint as na seirbhísí a bhfuil fáil orthu sa lá
atá inniu ann. Dá dheasca sin, tá an Eoraip ag cailleadh
amach ar dheis ollmhór fáis. Mar go bhfuil an
TFC ina cuid de gach gné den saol, baineann an ilroinnt ar an margadh
cumarsáide leictreonaí den éifeachtúlacht agus den táirgiúlacht i réimsí
leathana den gheilleagar. Meastar gur fiú
oiread le 0.9% den OTI nó €110 billiún sa bhliain an acmhainn nár baineadh di
fós ach a d’fhéadfaí a thabhairt i dtír trí mhargadh aonair sa chumarsáid
leictreonach a thabhairt i gcrích san AE[4].
Fiú, gan a áireamh ach margadh aonair na seirbhísí gnó-chumarsáide, fós tá €90
billiún sa bhliain de thairbhe le gnóthú as sin.[5]
Bíonn margadh teileachumarsáide fónta ina
bhunsraith le geilleagar digiteach níos forleithne, agus is léir ón bhfás
inbhuanaithe fostaíochta cé chomh fuinniúil is atá an geilleagar sin. Mar
mhíniú ar scála agus ar stóinseacht an gheilleagair fhorleathain sin, tá breis
is 4 mhilliún saineolaí TFC ag obair san AE agus tá an líon sin ag dul i méid
d'ainneoin an chúlaithe eacnamaíochta. Sa gheilleagar i gcoitinne, d’fhéadfaí
borradh 5% a chur faoin OTI as seo go dtí 2020,[6]
agus 3.8 milliún jab a chruthú, ach breis infheistíochta TFC a dhéanamh,
feabhas a chur ar ríomhscileanna an fhórsa oibre agus athchóiriú a dhéanamh ar
dhálaí an gheilleagair idirlín.[7]
Srianta margaidh
ar an gcumarsáid leictreonach, cuireann siad bac ar an tairbhe atá i seirbhísí
tras‑Eorpacha, tairbhe amhail cáilíocht
níos fearr, barainneachtaí scála, infheistíocht níos mó, breis éifeachtúlachta
agus deiseanna margála níos láidre. Bíonn
tionchar diúltach aige sin ar an éiceachóras digiteach i gcoitinne san AE lena n‑áirítear
monaróirí trealaimh, agus soláthraithe inneachair agus feidhmchlár –
cuideachtaí de gach sórt idir chuideachtaí nuathionscanta agus rialtais. Bíonn tionchar aige freisin ar na hearnálacha sin
sa gheilleagar, amhail baincéireacht, an tionscal mótarfheithiclí, loighistic,
miondíol, sláinte, fuinneamh nó iompar, a bhíonn ag brath ar an lúdracht
leictreonach chun táirgiúlacht a fheabhsú, trí néalríomhaireacht, míreanna
nasctha agus soláthar seirbhíse comhtháite, mar shampla. 1.3. Cúlra polaitiúil Cheana féin, sa Chlár Oibre Digiteach don
Eoraip, tionscnamh suaitheanta de chuid na straitéise AE ‘Eoraip 2020’,
tarraingíodh aird ar an ról riachtanach seo atá ag TFC agus ag lúdracht líonra. Sa chlár oibre sin, leagtar amach a lán tionscnamh
chun infheistíocht a chur chun cinn, iomaíochas a fheabhsú agus laghdú a
dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le líonraí ardluais a chur i bhfeidhm go
céimneach, agus é d’aidhm aige sin a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach
Eorpach ar leathanbhanda tapa. Sheol an
Coimisiún freisin Comhghuaillíocht Mhór um Poist Dhigiteacha, d'fhonn acmhainn
na hearnála seo a thapú maidir le fostaíocht a chruthú.
Chomh maith leis sin, tá an Coimisiún ag cur
tionscnamh chun feidhme chun "Margadh Aonair Digiteach" a áirithiú,
agus chun inneachar ar líne a chur chun cinn, lena n‑áirítear
ríomhthráchtáil agus ríomhsheirbhísí rialtais. Mhol
an Coimisiún freisin Rialachán um Chosaint Sonraí an AE a athchóiriú, d'fhonn
príobháideacht an tsaoránaigh a chosaint, agus san am céanna, nuálacht agus gnó
laistigh de mhargadh aonair a éascú; agus mhol
sé straitéis a chuirfeadh an chibearshlándáil chun cinn agus a thabharfadh
cosaint do bhonneagair agus do líonraí ríthábhachtacha de chuid an AE, lena n‑áirítear
dréacht‑Treoir maidir le Slándáil Líonraí agus Faisnéise,[8] rud a d'imreodh ról tábhachtach
i measc na dtomhaltóirí agus na saoránach chun breis muiníne a spreagadh sa
timpeallacht ar líne. Dá ndéanfaí dul chun cinn i dtreo margaidh
aonair sa chumarsáid leictreonach bheadh tacaíocht ann d’éiceachóras an
Mhargaidh Aonair Dhigitigh. Bheadh i gceist
lena leitheíd sin de mhargadh, ní amháin bonneagar nua-aimseartha, ach
seirbhísí digiteacha a bheadh nuálach agus slán. Mar gur aithin sé an méid sin, leag Comhairle
Eorpach Earrach 2013 béim ar an tábhacht atá leis an margadh aonair digiteach
don fhás agus d’iarr sí ar an gCoimisiún bearta daingne a thíolacadh (in am do
Chomhairle Eorpach Dheireadh Fómhair) chun Margadh Aonair sa TFC a bhunú chomh
luath agus ab fhéidir. An togra sin, maille
leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le dualgais i dtaca le neamh‑idirdhealú
agus maidir le modheolaíochtaí costasaithe comhsheasmhacha a mbeidh sé d’aidhm
acu iomaíocht a spreagadh agus borradh a chur faoin infheistíocht sa
leathanbhanda, is éard atá iontu tacar de bhearta cóimheáite atá dírithe ar
dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo Margaidh Aonair sa Teileachumarsáid agus
infheistíocht a chothú. 2. TORTHAÍ
AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AN MEASÚNÚ TIONCHAIR 2.1. Dearcadh na ngeallsealbhóirí Tharla gur leagadh amach i gconclúidí Chomhairle
Eorpach an Earraigh gur ghá moltaí nithiúla a chur i láthair in am do
Chomhairle Eorpach Dheireadh Fómhair, b'éigean na comhairliúcháin phoiblí a
chur i gcrích laistigh den am gairid sin. Chomh maith le comhairliúcháin
fhoirmiúla shonracha a rinne sé, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil dhlúth le
raon leathan eagraíochtaí geallsealbhóirí chun measúnú a dhéanamh ar staid
ghinearálta mhargadh na cumarsáide leictreonaí agus ar an dóigh le margadh
aonair a bhunú. Chuaigh sé i mbun cainte le geallsealbhóirí, agus fuair
aighneachtaí ó gheallsealbhóirí in earnálacha uile an tionscail, ó eagraíochtaí
tomhaltóirí, ón tsochaí shibhialta, agus ó rialálaithe agus rialtais náisiúnta. De bhreis air sin, d’eagraigh an Coimisiún
roinnt ócáidí comhairliúcháin ar ar fhreastail geallsealbhóirí thar ceann
earnálacha uile an tionscail, na dtomhaltóirí agus na sochaí sibhialta[9]. Ba é a léirigh na
comhairliúcháin sin go bhfuil móramh mór de na geallsealbhóirí ar aon intinn
leis an gCoimisiún maidir le cineál na faidhbe agus go n‑aontaíonn siad
go bhfuil gá gníomhú go práinneach. Chomh maith leis sin, chuathas i mbun plé i
bParlaimint na hEorpa agus i gComhairle na nAirí (an Chomhairle Iompair,
Teileachumarsáide agus Fuinnimh). Sa phlé a rinneadh sa Chomhairle bhí bunáite
na dtoscaireachtaí ar aon tuairim maidir le cineál na faidhbe agus maidir leis
an ngá bearta a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo margaidh aonair,
d'fhonn iomaíocht agus an rogha atá ar fáil do thomhaltóirí a chosaint nó a
fheabhsú, d’fhonn dul i ngleic le ceist na glan‑neodrachta agus na
fánaíochta agus d’fhonn arbatráiste sa rialáil a sheachaint agus san am céanna
a áirithiú go mbeidh an rialáil níos comhsheasmhaí i ngach réimse, lena n‑áirítear
freisin an bhainistíocht speictrim, agus go seachnaítear an ró-lárú ar
inniúlachtaí. Sa phlé a rinneadh i bParlaimint na hEorpa, tacaíodh go láidir le
príomhaidhmeanna an togra ón gCoimisiún agus tarraingíodh aird ar leith ar a
phráinní is atá sé deireadh a chur le coincheap na fánaíochta sa mhargadh aonair
don chumarsáid leictreonach, agus ar an bpráinn atá ann ardleibhéal cosanta a
thabhairt do na tomhaltóirí agus rialacha soiléire a leagan síos maidir leis an
nglan‑neodracht. 2.2. Saineolas Cuireadh staidéar mór i gcrích in 2012 Steps
towards a truly internal market for e-communications (‘Céimeanna ionsair
fhíor-mhargadh imheánach don chumarsáid leictreonach’).[10] Sa staidéar sin rinneadh
measúnú ar an staid ina raibh margadh aonair an AE don chumarsáid leicreonach
agus rinneadh meastúchán ar acmhainn eacnamaíoch an mhargaidh aonair. Tharraing an Coimisiún freisin ar a lán foinsí
eile fianaise, amhail Scórchlár an Chláir Dhigitigh (scórchlár bliantúil) agus
staidéir eacnamaíocha a rinne Ard‑Stiúrthóireacht na nGnóthaí
Eacnamaíocha agus Airgeadais, mar shampla, an staidéar ar an ilroinnt ar an
margadh teileachumarsáide san Eoraip.[11]
Trí mheicníocht chomhairliúcháin an AE faoin gcreat rialála, tarraingíodh aird
freisin ar chleachtais neamhréireacha atá ag údaráis náisiúnta rialála agus iad
i mbun rialála ar na margaí ábhartha. Chomh maith leis sin, i gcomhthéacs an
Chláir Beartais um an Speictream Raidió, d'aimsigh an Coimisiún easpa mhór
comhleanúnachais ar fud na mBallstát maidir le húdarú agus oscailt bandaí
speictrim le haghaidh úsáide atá neodrach i dtaca le teicneolaíocht de, agus go
háirithe maidir leis na ceanglais a leagtar agus maidir le huainiú. 2.3. Measúnú ar thionchar an Rialacháin atá
beartaithe I gcomhréir lena
bheartas “Rialáil Níos Fearr”, rinne seirbhísí an Choimisiúin measúnú tionchair
ar na roghanna beartais éagsúla. Tá gaol idir na
príomhchúiseanna atá leis an ilroinnt ar an rialáil agus na príomhcheanglais
earnáil-shonracha a ghabhann le soláthar an bhonneagair cumarsáide leictreonaí,
ceanglais atá faoi réir an dlí Eorpaigh (údarú, rochtain ar bhonneagar fosaithe
agus ar bhonneagar gan sreang, comhlíonadh na rialacha lena dtugtar cosaint don
chríoch‑úsáideoir). Cé go bhfuil a gnéithe sainiúla féin ag gach eilimint
acu sin, agus cé go mbeidh réiteach ar leith ar an ilroinnt ag gabháil le gach
eilimint, tá gach ceann acu ríthábhachtach má tá i ndán is go gcuirtear i
leataobh na príomhbhacainní atá le sárú chun soláthar comhtháite líonraí agus
seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bhaint amach san Aontas. Go háirithe,
rinneadh an measúnú ar na réitigh (a) trí thagairt do bhacainní atá ann de
dheasca na réimeas rialála náisiúnta agus easpa comhsheasmhachta sa chur chuige
rialála a chuireann na húdaráis rialála náisiúnta chun feidhme; (b) trí
thagairt don easpa comhordaithe maidir le dálaí agus sannadh speictrim chomh
maith leis an éiginnteacht rialála i dtaca le hinfhaighteacht minicíochtaí; (c)
trí thagairt don easpa atá ann i dtáirgí mórdhíola a cheadaíonn seirbhísí a
sholáthar agus é sin a dhéanamh trí líonra oibreora eile ag a bhfuil leibhéil
chomhsheasmhacha idir-inoibritheachta seirbhísí, agus é sin á mheas i
bhfianaise na mbeart ceartaitheach atá ar fáil sa mhargadh nó trí chaibidlíocht
chómhalartach; (d) trí thagairt do mhéid na hilroinnte ar na rialacha cosanta
tomhaltóirí atá ina cúis le leibhéil éagothroma cosanta do thomhaltóirí agus le
dálaí tráchtála athraitheacha, lena n‑áirítear costais arda na fánaíochta
agus na nglaonna idirnáisiúnta, agus scóigeadh nó blocáil seirbhísí. Chun dul i ngleic
le bunchúiseanna na hilroinnte, toghadh trí rogha beartais agus rinneadh
tuilleadh anailíse orthu. Ba é an chéad rogha an ceann atá bunaithe ar an
gcreat rialála le haghaidh cumarsáide leictreonaí mar atá faoi láthair. Ba é an
dara rogha a ndearnadh anailís air ionstraim reachtach aonair (Rialachán) lena
ndéanfaí an creat rialála a oiriúnú nuair is gá do mhargadh aonair AE sa
chumarsáid leictreonach, agus é sin a bhunú ar chomhordú níos fearr san AE.
Áiríodh leis an tríú rogha an méid a bhí i gceist leis an dara rogha, ach faoin
rogha seo thiocfadh rialálaí aonair AE in ionad an struchtúir rialála reatha
ionas go n‑áiritheofaí comhordú iomlán sa rialáil. Rinneadh measúnú ar gach rogha beartais i
dtaca lena éifeachtaí a bhainfidís amach na cuspóirí beartais, agus díríodh sa
mheasúnú ar na costais agus ar na tairbhí ó thaobh éilimh agus soláthair de,
lena n‑áirítear an tionchar a bheadh aige ar struchtúr thionscal na
cumarsáide leictreonaí san AE, ar an ngeilleagar, ar jabanna, ar bharrachas
tomhaltóirí agus ar an gcomhshaol. Baintear de thátal
sa Mheasúnú Tionchair gurb é an dara rogha an ceann is fearr atá ar fáil. Ar an
gcéad dul síos, bheadh d’aidhm ag údarú Eorpach aonair an t‑ualach
riaracháin atá ar oibreoirí Eorpacha a laghdú agus ar an dóigh sin a áirithiú
go mbeadh comhsheasmhacht sa rialáil a dhéanfaí orthu. Trí chomhordú a
dhéanamh ar úsáid an speictrim raidió sa mhargadh aonair d’fhéadfaí a áirithiú
go mbeadh fáil shioncrónach ar acmhainní speictrim agus go gcuirfí i bhfeidhm
coinníollacha comhsheasmhacha i dtaca lena úsáid ar fud na hEorpa, agus a
áirithiú ar an dóigh sin go mbainfí úsáid éifeachtúil as an speictream. Ag an
am céanna, thacódh sé sin le hintuarthacht i dtimpeallacht infheistíochta na
líonraí ardluais, lena n‑áirítear cumhdach críochach leathan na líonraí,
rud a bheadh le leas fadtéarmach na gcríoch‑úsáideoirí. Ach táirgí
rochtana mórdhíola caighdeánaithe a bheith ar fáil ar leibhéal an AE mar dhóigh
le cumhacht shuntasach a bhaint amach sa mhargadh, d’fhéadfadh oibreoirí
líonraí fosaithe a gcuid seirbhísí lúdrachta a sholáthar dá gcustaiméirí ar fud
an Aontais agus sin a dhéanamh le hardcháilíocht seirbhíse. Dá gcuirtí na
táirgí sin ar fáil, meastar go gcuideodh sé go mór le hinfheistíocht a
spreagadh, infheistíocht thar theorainneacha Ballstát go háirithe, agus dá réir
sin go n‑éascódh sé do chuideachtaí dul isteach i margaí nua chun
freastal ar éilimh custaiméirí agus é sin a dhéanamh le táirgí rochtana
d'ardchaighdeán, agus go méadódh sin an iomaíocht agus go dtabharfadh sé ar
oibreoirí feabhas a chur ar a bpacáiste seirbhísí trí infheistiú i mbonneagar
agus i seirbhísí. Trí bhíthin
rialacha coiteanna maidir le cáilíocht seirbhísí, d’fhéadfaí a áirithiú go
mbeadh an tsaoirse ag úsáideoirí rochtain a fháil ar a rogha féin seirbhísí
agus feidhmchlár agus sin a dhéanamh faoi réir téarmaí conarthacha soiléire a
bheadh infheidhme ar fud an Aontais agus gan aon bhaol go ndéanfaí a rochtain
ar an idirlíon a bhlocáil nó a scóigeadh gan chúis iomchuí. Ag an am céanna,
d’áiritheoidís go mbeadh sé indéanta seirbhísí speisialaithe a fháil chun
inneachar, feidhmchláir agus seirbhísí sonracha a sholáthar, agus dá réir sin
ardcháilíocht seirbhísí a bhaint amach. Bheadh mar thoradh ar bhreis
trédhearcachta agus ar an treisiú ar chearta conartha go n‑áiritheofaí
spéis na dtomhaltóirí in ardcháilíocht agus in iontaofacht seirbhísí agus dá
réir sin threiseofaí leis an dinimic iomaíochta sa mhargadh. Chomh maith leis
sin uile, thacódh bearta maidir le difríochtaí gan bonn cirt idir praghsanna
glaonna intíre agus praghsanna glaonna ó Bhallstát go Ballstát den AE, agus
bearta lena n‑éascófaí soláthar tairiscintí amhail 'roaming like at home’
(is é sin, gurbh ionann an costas fánaíochta agus an costas ag baile) trí
bhíthin comhaontuithe fánaíochta, thacódh na bearta sin leis an aidhm ceal a
chur i gcostais bhreise gan bonn cirt ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a
sholáthraítear thar theorainneacha. Freisin, chuirfeadh an dara rogha sin feabhas,
ar an mbealach is éifeachtúla agus is tráthúla, ar an intuarthacht dhlíthiúil
agus ar an trédhearcacht. Go háirithe, ba chóir go mbeadh breis cóineasaithe
mar thoradh ar an rogha sin ós rud é go méadódh sé ar inchoimhlinteacht sna
margaí, ós rud é go gcruthódh sé dálaí oibríochtúla níos comhchoitinne
(rochtain ar acmhainní, rialacha dírithe go sonrach ar thomhaltóirí), agus
freisin mar go dtiocfadh buntáistí scála as de bharr praghasleaisteachais do
chustaiméirí nó brú ó iomaíocht. Toradh eile ba chóir bheith ar an rogha sin go
gcuirfí feabhas ar an timpeallacht infheistíochta in am trátha; thiocfadh an
feabhas sin de bharr an bhrú bhreise ó iomaíocht, agus na dreasachtaí chun
difreála a thiocfadh mar gheall air, agus de bharr an mhéadaithe a thiocfadh ar
bhuntáistí scála agus ar intuarthacht rialála, agus de bharr gurbh fhearr a
bheifí ábalta seirbhísí nuálacha a dháileadh ar an mórchóir. Cé go bhfuil súil
go mbeadh tionchar dearfach ag na tograí sin ar chruthú fostaíochta, is deacair
an fíorthionchar sóisialta agus fostaíochta a thuar go fóill. Tabharfaidh an
Coimisiún aird speisialta ar an ngné seo de le linn dó monatóireacht agus
meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht. I gcomórtas leis an mbarr-rogha sin (rogha 2),
theastódh 3 go 5 bliana chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach le rogha 1
(an creat reatha a chur chun feidhme) nó le rogha 3 (athrú iomlán ar an
rialachas rialála i dtaca le seirbhísí uile-AE), agus dá ngabhfaí na roghanna
sin d'fhéadfadh sé go gcaillfí amach ar OTI méadaithe de 3.7% sa tréimhse 2015
– 2020. Is leis an
mbarr-rogha sin freisin is luaithe a d'fheicfí torthaí agus a bhainfí amach na
cuspóirí sonracha, agus ar an gcaoi sin, is leis an rogha sin, thar aon rogha
eile a measúnaíodh, a bhainfí amach na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta ab
fhearr ar fad. Thug an Bord um
Measúnú Tionchair tuairim uaidh ar an dréacht‑mheasúnú tionchair ar an 6 Meán
Fómhair 2013. Tá an tuarascáil agus an achoimre
feidhmiúcháin a ghabhann léi foilsithe in éineacht leis an togra. 3. EILIMINTÍ
DLÍ AN TOGRA 3.1. Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, toisc go bhfuil baint aige le
margadh inmheánach na cumarsáide leictreonaí agus le feidhmiú an mhargaidh sin.
3.2. Coimhdeacht Ní raibh an creat rialála reatha in ann a
chuspóirí a bhaint amach go hiomlán, is é sin, margadh aonair don chumarsáid
leictreonach a bhunú. Cé go bhfuil na rialacha náisiúnta i gcomhoiriúint do
chreat rialála reatha an AE, tá difríochtaí eatarthu a chuireann bacainní roimh
sheirbhísí a oibriú agus a fháil ó thar teorainn, agus ar an dóigh sin fágann
siad nach bhfuil ach saoirse theoranta ann seirbhísí cumarsáide a sholáthar cé
gur saoirse í sin atá ráthaithe ag dlí an AE. Tá tionchar díreach aige sin ar
fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Níl sé d'inniúlacht ná de dhreasacht ag
Ballstáit an tírdhreach rialála reatha a athrú. Teastaíonn bearta ar leibhéal an AE chun dul i
ngleic le bunchúiseanna na faidhbe. Ar an gcéad dul síos, rachfar i ngleic leis
an ilroinnt atá ann faoin láthair de dheasca na gné náisiúnta atá ar na córais
údarúcháin ghinearálta, agus déanfar é sin trí údarú aonair AE a chur ina n‑ionad.
Trí chóras ina ndéanfaí dhá rud i gcomhar – sásra aonair AE don údarú agus
rialú ag leibheál an Bhallstáit ar astarraingt agus/nó ar fhionrú an údaraithe
sin – bheifí ábalta clárú na n‑oibreoirí AE a éascú agus comhordú na mbearta
forfheidhmithe is tromchúisí a bhaineann leis sin a éascú chomh maith. Ráthaíonn
an togra breis comhsheasmhachta sa rialáil agus san intuarthacht do
chuideachtaí dá leithéid mar go dtugann sé an chumhacht don Choimisiún ceanglas
a chur ar na rialálaithe náisiúnta bearta ceartaitheacha a bheadh beartaithe
acu, ach a bheadh ar neamhréir le dlí an AE, a astarraingt. Áirithíonn an togra
go ndéanfar i bhfad níos mó cóineasaithe ar na coinníollacha rialaithe a
bhaineann le rochtaina fháil ar acmhainní fosaithe agus ar acmhainní gan
sreang, agus a éascaíonn an soláthar atá á dhéanamh ar sheirbhísí pan‑Eorpacha.
Trí chomhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar chearta críoch‑úsáideoirí,
áiritheofar go mbeidh cearta agus dualgais den chineál céanna ar shaoránaigh
agus ar sholáthraithe ar fud an AE, ach go háirithe go mbeidh sé ar a gcumas
uile margaíocht a dhéanamh ar sheirbhísí agus seirbhísí a fháil thar
theorainneacha faoi dhálaí comhionanna. De bhrí nach bhfuil i gceist leis an togra ach
an méid is lú is gá d'idirghabháil AE chun bacainní áirithe ar an margadh
inmheánach a bhaint, urramaítear dá réir sin prionsabal na coimhdeachta. Ar an gcéad dul síos, bheadh an t‑údarú
aonair AE ar fáil d’oibreoirí a bhfuil sé i gceist acu bheith ag gníomhú go pan‑Eorpach
agus is faoi na Ballstáit a d’fhágfaí cinntí maidir leis na ceanglais rialála a
bhfuil dlúthcheangal acu leis an ionad ina bhfuil an líonra lonnaithe nó ina
bhfuil an tseirbhís á soláthar. Is i gciste na mBallstát ar leith a fhanfaidh
cibé ioncaim a thoibhítear ar shannadh spreictrim, agus beidh lamháil mhaith
rogha i dtaca le mionsonraí ag na Ballstáit ar leith a bhuí leis an mbreis
mionsonraithe a dhéantar sa togra ar na prionsabail rialála a bhaineann le
sannadh speictrim, prionsabail a leagadh síos i bhfianaise na mórchuspóirí atá
i gcreat rialála an AE. Ar an gcaoi céanna, is ar sheiceáil comhoiriúnachta
dlíthiúla a bhunófar an nós imeachta maidir le fógra mar gheall ar speictream a
thabhairt don Choimisiún, seachas rogha an Choimisiúin a chur in ionad rogha na
mBallstát ar leith, agus beidh sin uile faoi réir coimircí breise amhail an nós
imeachta scrúdúcháin trí bhíthin coisteolaíochta. Maidir le húsáid pointí
rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu, ní bheidh údarú ginearálta ar fáil
ach don chuid sin acu a chuirtear in úsáid le cumhacht íseal agus ar dhóigh
nach ndéanann dochar do thaitneamhacht na timpeallachta, agus beidh na
teorainneacha sin ar an gcur in úsáid arna saineadh le bearta cur chun feidhme.
Lena chois sin uile, tar éis anailíse a rinneadh ar an margadh sa chreat
reatha, is faoi údarás rialaithe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an líonra
lonnaithe a bheidh rialáil i dtaca le táirgí rochtana fíorúla Eorpacha a
shuíomh; san am céanna, beidh an sásra a úsáidfear chun comhchuibhiú a dhéanamh
ar tháirgí rochtana fíorúla ar aon dul leis an sásra atá leagtha síos cheana
faoin gcreat reatha agus a úsáidtear i gcás táirgí rochtana mórdhíola
fisiceacha. 3.3. Comhréireacht Ní théann gníomhaíocht an AE thar an méid is
gá a dhéanamh chun na cuspóirí sainaitheanta a bhaint amach. Beidh na bearta
dírithe ar dhriseanna cosáin atá ag cur bac ar an margadh aonair a chur i
leataobh, ach é sin a dhéanamh trína laghad agus is féidir de leasuithe
riachtanacha a dhéanamh ar an gcreat rialála reatha, is é sin an méid is gá
chun go bhféadfar na dálaí a chruthú ina mbeadh margaí nua trasteorann sa
chumarsáid leictreonach ábalta teacht chun cinn ag leibhéal an AE. Trí sin a
dhéanamh, déanfar cuspóirí insroichte den dá chuspóir sin de chuid an Mhargaidh
Aonair, mar atá, saoirse soláthair agus saoirse tomhailte a bheith ag gabháil
le seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Ag an am céanna, mar nach mbainfear, ach
sa bheag, leis an gcreat rialála reatha ná leis an gcaoi a ndéanann na húdaráis
rialála náisiúnta maoirseacht ar na margaí, seachnaítear aon chur isteach ar
oibríochtaí na soláthraithe sin arbh fhearr leo gan forleathnú lasmuigh dá
limistéar náisiúnta féin ná fiú lasmuigh dá limistéar fo-náisiúnta féin. Ina theannta sin, is faoi phrionsabal na
‘rialála níos fearr’ ba chóir don fhorbairt ar mhargaí nua trasteorann tarlú,
i.e. trí laghdú ar an mbrú rialála sa chás go gcruthaítear go bhfuil na margaí
sin iomaíoch i gcomhthéacs Eorpach níos comhtháite, agus ba chóir freisin go
ndéanfaí an fhorbairt sin i gcomhréir le hinniúlachtaí maoirseachta na n‑údarás
rialála náisiúnta agus faoi réir rialaithe ex post ar an iomaíocht. Tá
tairbhe ann sin mar is iad na húdarais rialála náisiúnta is fearr a bheadh
ábalta na sainiúlachtaí náisiúnta a thabhairt san áireamh agus iad (i) ag déanamh
rialála ar an rochtain ar bhonneagair fhisiceacha a fhanfaidh, de dheasca a
nádúir, laistigh den réimse geografach náisiúnta nó réigiúnach; agus (ii) ag
déileáil le ceisteanna na dtomhaltóirí sa chomhthéacs náisiúnta (ach go
háirithe ina dteanga féin). Dá réir sin, ní dhéanfaidh na bearta atáthar a
mholadh aon athruithe suntasacha ar an rialáil ná ní aistreoidh siad
inniúlachtaí go dtí an leibhéal Eorpach, amhail mar a bheadh i gcás rialálaí
Eorpaigh nó ceadúnaithe speictrim phan‑Eorpaigh. Cuirfidh na réitigh ar chumas na
ngeallsealbhóirí ábhartha na sineirgí a bhaineann le margadh aonair mór a
shaothrú agus neamhéifeachtúlachtaí ina gcuid oibríochtaí agus infheistíochtaí
a laghdú, ar an modh is tráthúla agus is éifeachtaí. Ag an am céanna, cinnteoidh
an togra seo leanúnachas rialacha do na hoibreoirí sin a roghnaíonn cloí le
soláthar seirbhísí laistigh d’aon Bhallstát amháin, ach chomh maith leis
cinnteoidh sé go mbainfidh na hoibreoirí sin tairbhe as rialacha feabhsaithe
agus soiléirithe i dtaca le cearta críoch‑úsáideoirí agus as timpeallacht
ina mbeidh breis intuarthachta maidir le rochtain a fháil ar acmhainní
speictrim agus ar tháirgí ardcháilíochta don rochtain ar líonraí fosaithe. 3.4. Cearta bunúsacha Rinneadh anailís ar thionchar an togra ar chearta
bunúsacha amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse
fiontraíochta, an neamh‑idirdhealú, an chosaint do thomhaltóirí agus an
chosaint ar shonraí pearsanta. Go háirithe, tabharfaidh an Rialachán cosaint
don rochtain ar an idirlíon oscailte; leagtar
síos caighdeán ard maidir le comhchuibheacht iomlán i gcearta críoch‑úsáideoirí,
tugtar breis saoirse gnó ag an leibhéal Eorpach agus ba chóir go dtiocfadh, de
thoradh an Rialacháin, laghdú in am tráth ar an méid rialála atá dírithe ar
earnálacha ar leith seachas a chéile. 3.5. An rogha ionstraime Rialachán is ea rogha ionstraime an
Choimisiúin toisc go n‑áirithítear leis go ndéanfar bacainní ar an
margadh aonair a bhaint tríd an gcreat rialála reatha le haghaidh na cumarsáide
leictreonaí a chomhlánú. Áirítear leis seo cearta agus dualgais shonracha, a
bheidh infheidhme go díreach, do sholáthraithe agus do chríoch‑úsáideoirí;
agus tá ann freisin, sásraí comhordaithe maidir le hionchuir áirithe ar an
leibhéal Eorpach a bheidh dírithe ar an soláthar trasteorann i seirbhísí
cumarsáide leictreonaí a éascú. Mar shampla, tá sé tábhachtach gur rialachán a
d’úsáidfí i réimse amhail an t‑idirlíon oscailte agus an bainistiú
tráchta, áit a bhfuil chur chuige ceartchoiteann riachtanach, ar an gcéad dul
síos chun go seachnófaí an claonadh atá ann faoi láthair réitigh náisiúnta a
cheapadh a dtarlaíonn díbhéirsiú dá ndeasca, agus ar an dara dul síos chun go
mbeifí ábalta bainistiú comhtháite a dhéanamh ar na líonraí agus inneachar,
feidhmchláir agus seirbhísí ar líne a fhorbairt ab fhéidir a chur ar fáil ar
mhodh coiteann ar fud an Aontais. 3.6. Struchtúr an togra, na príomhchearta agus
na príomhdhualgais Forálacha ginearálta (Caibidil I,
Airteagail 1 agus 2) Is i gCaibidil 1 atá na forálacha ginearálta,
lena n‑áirítear na sinmhínithe ábhartha. Bunaítear ann prionsabail
rialála a mbeidh ar na comhlachtaí rialála gníomhú dá réir agus iad ag cur an
rialacháin chun feidhme i dteannta fhorálacha an chreata reatha. Údarú aonair AE (Caibidil 1, Airteagal 3
go 7) Faoi láthair ní mór d’oibreoirí ar mian leo
seirbhísí a chur ar fáil i níos mó ná aon Bhallstát amháin údarú a bheith acu ó
na Ballstáit ar leith sin. Tugtar isteach leis an rialachán seo córas údaraithe
aonair AE, arna bhunú ar chóras aonair fógraí sa Bhallstát ina bhfuil
príomhlonnaíocht an tsoláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpaí (an tír bhaile),
agus leagtar síos ann na coinníollacha a bhaineann leis. Is faoi réir rialú na
tíre baile a bheidh astarraingt agus/nó fionrú an údaraithe aonair AE. Na
hoibreoirí sin a bhfuil údarú aonair AE acu, beidh siad i dteideal cóir rialála
chothrom a fháil, nuair atá siad faoi réir ag dálaí cosúla laistigh dá
mBallstát agus ó Bhallstát go Ballstát; agus imreoirí nua agus oibreoirí beaga
atá ag feidhmiú thar theorainneacha críochacha, beidh díolúine acu ó tháillí
agus ó thobhaigh a bhaineann le maoiniú na seirbhíse uilíche i mBallstáit
lasmuigh dá dtír bhaile (tíortha aíochta). Leanfaidh oibreoirí atá i seilbh
údaraithe aonair AE de bheith ag soláthar seirbhísí ar fud na hEorpa ar bhonn
breis comhsheasmhachta i gcur chun feidhme na gceanglas rialála. Dá réir sin, beidh de thoradh ar chóras an
údaraithe aonair AE go gcuirfear i leataobh bacainní riaracháin
neamhriachtanacha agus go ráthófar cearta agus dualgais níos comhsheasmhaí do
sholáthraithe Eorpacha i dtaca lena n‑oibríochtaí ar fud na hEorpa agus
chun cuidiú leo forleathnú. Acmhainní Eorpacha (Caibidil III) Roinn 1 (Airteagail 8 go 16) San am i láthair, níl dóthain intuarthachta i
dtaca le infhaighteacht speictrim ar fud an AE ar fáil do sholáthraithe
Eorpacha seirbhísí móibíleacha agus dá réir sin ní fóláir dóibh déileáil le
dálaí difriúla ar feadh a mbaineann le sannachán speictrim. Ar an ábhar sin, is
deacra pleanáil fhad‑téarmach a dhéanamh, is deacra infheistíocht a dhéanamh
thar teorainneacha críochacha agus dá réir sin is deacra dóibh a ngnó a
fhorbairt. De dheasca an leagain amach aimhréidh sin, cuireann déantúsóirí
trealaimh a gcuid dearthaí in oiriúint do mhargaí eile ina bhfuil breis scála
agus deiseanna fáis níos tarraingtí. Chun deireadh a chur leis an riocht neamh‑inbhuanaithe
sin, ní foláir a áirithiú go ndéantar comhchuibhiú ar na hacmhainní speictrim,
mar a leanas: ·
prionsabail rialála choiteanna a bheidh infheidhme
sna Ballstáit a shainiú nuair a bheifear ag sainiú na gcoinníollacha
comhchuibhithe maidir le húsáid speictrim sa chumarsáid leathanbhanda gan
sreang; ·
cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur
chun feidhme a ghlacadh d'fhonn comhchuibhiú a dhéanamh ar infhaighteacht
speictrim, ar uainiú sannachán agus ar thréimhse na gceart úsáide i gcás úsáide
speictrim; ·
sásra comhairliúcháin a bhunú a chuirfidh ar chumas
an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtbhearta náisiúnta maidir le
húsáid agus sannadh speictrim; ·
simpliú a dhéanamh ar na coinníollacha a ghabhann
le cur in úsáid agus le soláthar rochtana ar sheirbhísí leathanbhanda
ísealchumhachta gan sreang (‘WIFI’, mionchealla) agus ar an dóigh sin méadú ar
an iomaíocht agus laghdú ar chúngaigh sna líonraí. Roinn 2 (Airteagail 17 go 20) Dhéanfadh rochtain fhíorúil ar líonraí
fosaithe, agus í ar ardcháilíocht agus comhchuibhithe, éascú ar dhul isteach sa
mhargadh agus dhéanfadh sí níos easca é seirbhísí thar teorainneacha críochacha
a sholáthar to chríoch‑úsáideoirí agus do ghnólachtaí, agus chuirfeadh
sin tiomáint faoin iomaíocht agus faoin infheistíocht. San am i láthair, tá an‑éagsúlacht
ar fud an AE sa chaoi a sainítear táirgí rochtana fíorúla ar líonraí fosaithe.
Déantar an comhchuibhiú ar an rochtain fhíorúil ar líonraí fosaithe i dtaca le
seirbhísí thar theorainneacha críochacha a áirithiú mar a leanas: ·
déantar sainiú ar na gnéithe atá i gcoitinne ag na
táirgí rochtana fíorúla ar leathanbhanda a bhfuil comhchuibhiú déanta orthu ar
leibhéal an AE (díchuachadh fíorúil, sruth giotán IP agus deighleáin chríochta
línte ar léas), nuair a dhéantar sainordú a dhíriú ar oibreoirí a bhfuil
cumhacht mhargaidh shuntasach acu; ·
dá réir sin, cuirtear de cheanglas ar na
rialálaithe náisiúnta a thabhairt san áireamh go bhfuil na táirgí rochtana comhchuibhithe
sin ann sula ndéana siad aon bhearta ceartaitheacha rialála a fhorshuíomh, agus
aird iomchuí a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh bheith ag na bearta
ceartaitheacha sin ar an iomaíocht, ar an infheistíocht sa bhonneagar reatha
agus ar na ceanglais uileghabhálacha i dtaca le comhréireacht; tugann an togra
san áireamh an cleachtas cinnteoireachta atá ann, le foráil a dhéanann nasc
idir na dualgais i dtaca le rialú praghsanna mórdhíola sna líonraí NGA
(rochtain den ghlúin is déanaí) agus na srianta ar iomaíocht a thagann de
bhonneagair mhalartacha, agus an ráthaíocht éifeachtach ar rochtain neamh‑idirdhealaitheach
agus an leibhéal iomaíochta san earnáil mhiondíola, ar feadh a mbaineann le
praghas, rogha agus cáilíocht; ·
tugtar an ceart do sholáthraithe seirbhísí
cumarsáide leictreonaí rochtain a fháil ar théarmaí réasúnta ar tháirgí
lúdrachta comhchuibhithe, agus an ceart go mbeadh cáilíocht seirbhíse urrúsach
i dteannta na dtáirgí sin a ligfeadh cineálacha nua seirbhísí ar líne a chur ar
fáil. Cearta na gcríoch‑úsáideoirí
(Caibidil IV, Airteagail 21 go 29) San Eoraip, níl aon chomhsheasmhacht sna
rialacha i dtaca le cearta críoch‑úsáideoirí, agus is deacracht é sin atá
roimh sholáthraithe agus chríoch‑úsáideoirí araon agus atá ina chúis le
héagothromaíocht sna leibhéil chosanta agus le difríochtaí a bheith idir na
rialacha nach foláir cloí leo i mBallstáit éagsúla. Cuireann an ilroinnt sin
costas ar oibreoirí, mí-shásamh ar chríoch‑úsáideoirí agus i ndeireadh na
dála, cuireann sí bac ar sholáthar seirbhísí thar teorainneacha críochacha agus
ciallaíonn sí gur lú fonn a bhíonn ar chríoch‑úsáideoirí na seirbhísí sin
a úsáid. D’fhonn leibhéal iomchuí cosanta a ráthú do thomhaltóirí ar fud an AE,
déantar na rialacha i dtaca le cearta críoch‑úsáideoirí a chomhchuibhiú;
déantar foráil do na nithe seo a leanas: –
neamh‑idirdhealú idir seirbhísí cumarsáide
náisiúnta agus idirnáisiúnta (mura bhfuil bonn cirt oibiachtúil leis na
difríochtaí); –
ceanglais maidir le faisnéis réamhchonartha agus
faisnéis chonarthach a bheith éigeantach; –
breis trédhearcachta agus áiseanna dírithe ar
'bhillí scáfara’ a sheachaint; –
an ceart an conradh a fhoirceannadh tar éis sé mhí
gan aon chostais (cé is moite de luach iarmharach aon trealaimh fóiríoctha nó
próimóisean eile); –
cuirtear dualgas ar sholáthraithe gan aon teorannú
a dhéanamh ar an nascadh le hinneachar, feidhmchláir agus seirbhísí a bhfuil
críoch‑úsáideoirí ag fáil rochtana orthu – tugtar Glan‑neodracht
air seo freisin – agus déantar rialáil ar an úsáid a bhaineann oibreoirí as
bearta bainistíochta tráchta, ar feadh a mbaineann le rochtain ghinearálta ar
an idirlíon; déantar soileiriú freisin ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann le
seirbhísí speisialaithe lena ngabhann cáilíocht ardfheabhsaithe. Athrú soláthraí a éascú (Caibidil V, Airteagal 30) Déantar an iomaíocht idir na soláthraithe
cumarsáide leictreonaí a spreagadh trí fheabhas a chur ar na rialacha a
bhaineann le malairtí soláthraí, agus leis sin déantar níos éasca é do chríoch‑úsáideoirí
an soláthraí is fearr a riarann dá riachtanais féin a roghnú. Tugann na
forálacha san áireamh prionsabail chomhchuibhithe atá infheidhme maidir le
nósanna imeachta aistrithe, amhail treoshuíomh na dtáillí de réir an chostais,
próisis don bhainistiú a dhéanfaidh an soláthraí nua, agus an foirceannadh
uathoibríoch ar an gconradh leis an sean‑soláthraí. Forálacha eagraíochtúla agus forálacha
deiridh (Caibidil VI, Airteagail 31 go 40) Tá forálacha ginearálta sa Chaibidil seo a
bhaineann le cumhachtaí smachtbhannaí na n‑údarás inniúil náisiúnta agus
rialacha maidir leis an gcumhacht atá ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe
nó cur chun feidhme a ghlacadh. Leagtar amach, freisin, modhnuithe ar na Creat‑Treoracha
agus ar na Rialacháin Fánaíochta agus BEREC. Maidir le rialáil ex ante
ar an margadh, agus tharla go mbeidh gach údarás rialála náisiúnta (ÚRN) fós
freagrach as a mhargaí (náisiúnta) féin, díríonn na modhnuithe ar bhreis
comhsheasmhachta agus cobhsaíochta a bhaint amach ar fud an AE i dtaca leis an
measúnú a dhéanann ÚRN ar na margaí agus i dtaca le forshuíomh dualgas, tríd an
gcóras rialála, ar shealbhóirí údaraithe aonair AE, agus leis sin féachann siad
lena chinntiú nach dtitfeadh na sealbhóirí sin faoi réir ceanglas éagsúil sna
Ballstáit uile ina mbeidís lonnaithe i gcás go dtarlódh cliseadh margaidh de
chineál comhionann i margaí na mBallstát sin. Agus é sin de chuspóir aige, tá
beartaithe leis na forálacha go dtabharfaí cumhacht don Choimisiún a éileamh go
dtarraingeofaí siar bearta ceartaitheacha a fhorshuífí ar oibreoirí a bhfuil
údarú aonair AE acu, agus tá beartaithe chomh maith go gcuirfí ar fáil
deimhneacht dhlíthiúil maidir leis na critéir lena n‑aithnítear margaí ba
chóir a chur faoi réir beart ceartaitheach ex ante, agus le linn é sin a
dhéanamh go dtabharfaí san áireamh aon srianta ar iomaíocht ó sheirbhísí de
chineál cóibhéiseach arna gcur ar fáil ag imreoirí ‘seirbhísí de mhuin an
idirlín’ (SMI). Cé go mbeidh de thoradh ar an Rialachán
Fánaíochta III, gona bhearta struchtúracha, go gcuirfear breis iomaíochta ar
siúl sa mhargadh, níltear ag súil go gcruthóidh sé dálaí ina mbeidh custaiméirí
ábalta seirbhísí a thomhailt i dtíortha eile díreach ar an nós atá acu agus iad
ag baile ina dtír féin, agus mar sin níltear ag súil go gcuirfidh sé deireadh
ar fad le táillí fánaíochta san Eoraip. Le hAirteagal 33, déantar
tuilleadh le cois a ndearnadh leis an Rialachán Fánaíochta, trí dhreasachtaí a
thabhairt d'oibreoirí glaonna agus seirbhísí eile fánaíochta a sholáthar ag
praghasleibhéil intíre. Tugann an togra seo isteach sásra deonach a chuirfidh
ar chumas oibreoirí móibíleacha dul i gcomhaontuithe fánaíochta déthaobhacha nó
iltaobhacha ionas go bhféadfaidh siad costais mhórdhíola na fánaíochta a
inmheánú, agus ar an dóigh sin táillí seirbhísí fánaíochta a laghdú de réir a
chéile, as seo go dtí Iúil 2016, go dtí na praghasleibhéil intíre agus san am
céanna na rioscaí arbatráiste a theorannú. Rinneadh comhaontuithe fánaíochta
den sórt sin sa mhargadh roimhe agus, dá bhrí sin, ní rud úrnua iad. Tá
comhaontuithe fánaíochta ar an bhfód cheana a cheadaíonn dá gcomhpháirtithe
barrainneachtaí scála a bhaint amach (agus é sin de réir dhlí na hiomaíochta) i
dtaca le soláthar seirbhísí fánaíochta idir pháirtithe conarthacha. Leis an
togra seo, áfach, leagtar síos mar cheanglas go gcaithfear fógra a thabhairt do
na páirtithe d’fhonn feabhsú ar an trédhearcacht. An sásra deonach sin atá
molta, dearadh é le súil go meallfadh sé cuideachtaí chun barrainneachtaí scála
dlistineacha a chur ar aghaidh chuig na tomhaltóirí trí sheirbhísí fánaíochta a
sholáthar ag na praghasleibhéil intíre, agus é sin a dhéanamh faoi dhálaí a
chumhdódh an fhánaíocht ar fud an Aontais ionas go mbainfeadh na tomhaltóirí ar
fud an Aontais tairbhe as tairiscintí dá leithéid in am is i dtráth. San am
céanna, cuireann an togra ar fáil an chóimheá atá riachtanach chun ligean
d'oibreoirí a dtairiscintí miondíola a choigeartú agus a chinntiú go mbainfidh
a gcuid custaiméirí uile tairbhe astu de réir a chéile. Gan comhaontuithe
fánaíochta déthaobhacha nó iltaobhacha, ní bheadh sé réalaíoch bheith ag súil
go bhféadfadh oibreoir amháin ar bith, ag gníomhú dó as a chonlán féin, a
tháillí fánaíochta a ísliú go dtí na leibhéil intíre, ná é sin a bhaint amach
ar fud na Aontais san am atá beartaithe. Ar deireadh thiar, ní foláir athruithe a
dhéanamh ar an Rialachán BEREC chun breis cobhsaíochta a thabhairt don
chomhlacht sin agus chun a chur ar a chumas ról níos straitéisí a imirt, go
háirithe chaithfí a fhoráil go gceapfaí Cathaoirleach ar bhonn gairmiúil agus
ar bhonn tréimhse ceapacháin trí bliana. 4. IMPLEACHTAÍ
BUISÉADACHA Níl aon impleacht ag an Rialachán atá
beartaithe do bhuiséad an Aontais. Go háirithe, níl aon impleacht do líon na
bpost sa phlean bunaíochta ná do ranníocaíocht an AE le Oifig BEREC ag an togra
go ndéanfaí Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 a leasú agus tá sé ag teacht
leis na figiúirí atá leagtha amach sa Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa
agus chuig an gComhairle (COM(2013)519 final). 2013/0309 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN
gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta maidir leis an
margadh aonair Eorpach sa chumarsáid leictreonach agus chun Ilchríoch
Idirnasctha a bhaint amach, agus lena leasaítear Treoir 2002/20/CE, Treoir 2002/21/CE
agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 agus
Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[12], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[13], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Ní mór don Eoraip leas a
bhaint as gach foinse fáis is féidir le teacht aniar ón géarchéim, le poist a
chruthú agus lena bheith iomaíoch athuair. Is é is aidhm le Straitéis Eoraip 2020
fás a athbhunú agus poist a chruthú. I gComhairle Eorpach an Earraigh 2013
leagadh béim ar thábhacht an mhargaidh aonair don ábhar digiteach faoi choinne
fáis agus d'iarr siad bearta nithiúla, le margadh aonair do theicneolaíocht na
faisnéise agus na cumarsáide (TFC) a bhunú a luaithe agus is féidir. I
gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Eoraip 2020 agus leis an nglao seo, is
é is aidhm leis an rialachán seo margadh aonair don chumarsáid leictreonach a
bhunú trí Chreat Rialála an Aontais maidir le Cumarsáid Leictreonach a
chomhlánú agus a oiriúnú. (2) Sa Chlár Digiteach don Eoraip
(CDE), ceann de na tionscnaimh shuaitheanta den Straitéis Eoraip 2020, tá
aitheantas tugtha don ról TFC agus lúdracht líonra mar bhonn fíor-riachtanach
d'fhorbairt ár ngeilleagair agus ár sochaí. Le go mbainfeadh an Eoraip leas as
sochair an athraithe dhigitigh ó bhonn, tá margadh aonair dinimiciúil don
chumarsáid leictreonach do gach earnáil ar fud na hEorpa de dhíth ar an Aontas.
Mar fhíormhargadh aonair, beidh a leithéid de mhargadh aonair don chumarsáid
ina chnámh droma do gheilleagar nuálach agus 'cliste' agus mar bhunchloch an
mhargaidh aonair d’ábhar digiteach inar féidir le seirbhísí ar líne dul gan
bhac thar theorainneacha. (3) I margadh aonair don
chumarsáid leictreonach gan uaim, ba cheart an tsaoirse chun líonraí agus
seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar do gach custaiméir san Aontas a
áirithiú agus ceart gach críoch‑úsáideora an tairiscint is fearr ar an
margadh a roghnú a áirithiú, agus ba cheart nach gcuirfí bac ar an méid sin trí
ilroinnt margaí go feadh teorainneacha náisiúnta. Leis an gcreat rialála maidir
le cumarsáid leictreonach atá ann faoi láthair ní dhírítear ar an ilroinnt sin,
mar go bhfuil córais údaraithe náisiúnta, seachas uile-Aontais ann, scéimeanna
sannacháin speictrim náisiúnta, difríochtaí maidir le táirgí rochtana ar fáil
do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí ó Bhallstát go Ballstát, agus
sraitheanna éagsúla rialacha infheidhme ó thaobh earnála de maidir le
tomhaltóirí. I roinnt mhaith cásanna ní dhéanann na rialacha Aontais ach an
bhunlíne a shainiú, agus is minic a chuireann na Ballstáit chun feidhme iad ar
bhealaí éagsúla. (4) Ba cheart d'fhíormhargadh
aonair don chumarsáid leictreonach iomaíocht, infheistíocht agus nuáil i
líonraí agus seirbhísí nua agus feabhsaithe a chur chun cinn trí chomhtháthú
margaidh agus tairiscintí seirbhíse trasteorann a chothú. Ar an gcaoi sin ba
cheart na spriocanna uaillmhianacha maidir le leathanbhanda ardluais, atá
leagtha amach sa Chlár Digiteach don Eoraip, a bhaint amach leis. Le méadú ar
infhaighteacht na mbonneagar agus seirbhísí digiteacha, ba cheart rogha
tomhaltóirí, cáilíocht seirbhíse agus éagsúlacht an inneachair a bheith ag
méadú, agus cur le comhtháthú críochach agus sóisialta, chomh maith le
soghluaisteacht ar fud an Aontais a éascú. (5) Ba cheart go mbeadh tionchar
ag na sochair a thagann as margadh aonair don chumarsáid leictreonach ar an
éiceachóras digiteach níos leithne lena n‑áirítear monaróirí trealaimh de
chuid an Aontais, soláthróirí inneachair agus feidhmchlár agus an geilleagar
níos leithne, lena gcuimsítear earnálacha amhail baincéireacht,
mótarfheithiclí, lóistíocht, miondíol, fuinneamh agus iompar, a bhraitheann ar
lúdracht le cur lena dtáirgiúlacht trí, mar shampla, néalfheidhmchláir
uileláithreacha, rudaí atá nasctha agus deiseanna do sholáthar seirbhíse
comhtháite do chodanna éagsúla na cuideachta. Ba cheart d'údaráis riaracháin
phoiblí agus earnáil na sláinte tairbhiú den fáil níos leithne ar
ríomhsheirbhísí rialtais agus sláinte. I margadh aonair sa chumarsáid
leictreonach, d’fhéadfaí cur leis an rogha d’inneachar agus seirbhísí
cultúrtha, agus d’éagsúlacht chultúrtha i gcoitinne. Tá soláthar lúdracht tríd
na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí chomh tábhachtach sin don
gheilleagar níos leithne agus don tsochaí gur cheart ualaigh nach bhfuil bonn
cirt leo ó thaobh na hearnála de, cibé acu rialála nó eile, a sheachaint. (6) Is é is aidhm leis an
Rialachán seo an margadh aonair don chumarsáid leictreonach a chomhlánú trí
bheart a dhéanamh ar thrí ais ghinearálta, idirghaolmhara. Ar an gcéad dul
síos, ba cheart dó saoirse a bhaint amach le seirbhísí cumarsáide leictreonaí
thar teorainneacha agus thar lionraí i mBallstáit éagsúla a sholáthar, ag cur
le coincheap an údaraithe AE aonair lena mbunófar na coinníollacha chun
comhsheasmhacht agus intuarthacht níos fearr a áirithiú maidir le hábhar agus
le cur chun feidhme an rialachán sonrach ó thaobh earnála de ar fud an Aontais.
Ar an dara dul síos, is gá rochtain a chumasú, ar théarmaí agus ar
choinníollacha níos cóineasaithe, ar ionchuir fíor-riachtanacha do sholáthar
trasteorann líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ní amháin don
chumarsáid leathanbhanda gan sreang, a bhfuil speictream le ceadúnas agus gan
cheadúnas fíorthábhachtach di, ach don lúdracht líne fosaithe chomh maith. Ar
an tríú dul síos, ar mhaithe le coinníollacha gnó a ailíniú agus muinín
dhigiteach na saoránach a chothú, ba cheart don Rialachán seo rialacha maidir
le cosaint críoch‑úsáideoirí, go háirithe tomhaltóirí a chomhchuibhiú.
Áirítear leis sin rialacha maidir le neamh‑idirdhealú, faisnéis
chonarthach, foirceannadh conarthaí agus athrú, chomh maith le rialacha maidir
le rochtain ar ábhar, ar fheidhmchláir agus ar sheirbhísí ar líne, agus ar bhainistiú
tráchta a chosnaíonn críoch‑úsáideoirí agus ní hé sin amháin ach
ráthaíonn siad ag an am céanna feidhmiú leanúnach éiceachóras an Idirlín mar
inneall spreagtha. Thairis sin, trí leasuithe breise a dhéanamh i réimse na
fánaíochta, ba cheart muinín na gcríoch‑úsáideoirí a chothú le leanúint
de bheith nasctha agus iad ag taisteal san Aontas, agus ba cheart, le himeacht
ama, praghsáil chóineasaithe agus coinníollacha eile a chur chun cinn san
Aontas. (7) Ba cheart don rialachán seo,
dá bhrí sin, creat rialála an Aontais atá ann cheana (Treoir 2002/19/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14],
Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15], Treoir 2002/21/EC ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16],
Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17], Treoir 2002/58/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18],
Treoir ón gCoimisiún 2002/77/CE[19],
chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle[20],
Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21] agus Cinneadh Uimh. 243/2012/AE
ó Pharlaimint na hEorpa[22])
a chomhlánú mar aon leis an reachtaíocht náisiúnta infheidhme arna nglacadh i
gcomhréir le dlí an Aontais, trí chearta agus oibleagáidí sonracha a bhunú do
sholáthraithe agus críoch‑úsáideoirí cumarsáide leictreonaí, trí
leasuithe iarmhartacha a dhéanamh ar na Treoracha atá ann cheana agus ar
Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 chun cóineasú níos mó a áirithiú chomh maith
le roinnt athruithe substainteacha i gcomhréir le Margadh Aonair níos iomaíche. (8) Urramaíonn na bearta dá
bhforáiltear sa Rialachán seo prionsabal na neodrachta teicneolaíche, eadhon ní
dhéanann siad idirdhealí i bhfabhar ná in aghaidh úsáide cineáil áirithe
teicneolaíochta. (9) Tá soláthar cumarsáide
leictreonaí thar teorann i gcónaí faoi réir ualaí níos mó ná mar atá orthusan
atá laistigh de theorainneacha náisiúnta. Go háirithe, ní mór do sholáthraithe
trasteorann fógra a thabhairt fós i leith táillí agus iad a íoc i mBallstáit
aonair óstacha. Ba cheart sealbhóirí údaraithe aonair AE a bheith faoi réir
córas fógraíochta aonair i mBallstát a bpríomhbhunaíochta (Ballstát baile), rud
a laghdóidh an t‑ualach riaracháin do sholáthraithe trasteorann. Ba
cheart feidhm a bheith ag an údarú AE aonair maidir le haon ghnóthas a
sholáthraíonn seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí i níos mó ná
Ballstát amháin, nó a bheartaíonn iad a sholáthar, agus ar an gcaoi sin beidh
sé i dteideal leas a bhaint as na cearta a bhaineann leis an tsaoirse seirbhísí
agus líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán
seo i mBallstát ar bith. Le húdarú AE aonair lena sainítear an creat dlí is
infheidhme maidir le hoibreoirí cumarsáide leictreonaí a sholáthraíonn
seirbhísí ar fud na mBallstát ar bhonn údaraithe ghinearálta sa Bhallstát baile
ba cheart éifeachtacht na saoirse seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí
a sholáthar san Aontas iomlán a áirithiú. (10) D'fheadfadh soláthar seirbhísí
agus líonraí cumarsáide leictreonaí thar teorainneacha a bheith i bhfoirmeacha
éagsúla, ag brath ar roinnt fachtóirí amhail an cineál líonra nó seirbhísí a
sholáthraítear, méid an bhonneagair fhisiciúil a bhfuil gá leis nó an líon
rannpháirtithe sna Ballstáit éagsúla. Féadfar an rún maidir le seirbhísí cumarsáide
leictreonaí a sholáthar thar teorainneacha nó líonra cumarsáide leictreonaí a
oibriú i níos mó na Ballstát amháin a thaispeáint trí ghníomhaíochtaí amhail
idirbheartaíocht comhaontuithe maidir le rochtain ar líonraí i mBallstát
áirithe nó margaíocht tríd an suíomh idirlín i dteanga an Bhallstáit
spriocdhírithe. (11) Beag beann ar conas a
roghnaíonn soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí a oibriú nó seirbhísí
cumarsáide leictreonaí a sholáthar thar teorainneacha, ba cheart an córas
rialála is infheidhme maidir le soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a
bheith neodrach maidir le roghanna tráchtála atá taobh thiar d'eagrú
feidhmeanna agus gníomhaíochtaí ar fud Ballstát. Dá bhrí sin, gan aird ar
struchtúr corpartha an ghnóthais, ba cheart a mheas mar Bhallstát baile
soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach an Ballstát ina ndéantar cinntí
straitéiseacha maidir le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí. (12) Ba cheart an t‑údarú AE
aonair a bheith bunaithe ar an údarú ginearálta sa Bhallstát baile. Níor cheart
é bheith faoi réir coinníollacha atá infheidhme cheana de bhua dlí náisiúnta
atá ann cheana agus nach sonrach d'earnáil na cumarsáide leictreonaí é. Sa
bhreis air sin, beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012
maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha. (13) Tá an chuid is mó de na
coinníollacha sonracha ó thaobh earnála de, mar shampla maidir le rochtain ar
líonraí nó slándáil agus iontaofacht a bhaineann leo nó rochtain ar sheirbhísí
éigeandála, tá siad ceangailte leis an áit ina bhfuil an líonra sin lonnaithe
nó ina soláthraítear an tseirbhís. Dá thoradh sin féadfaidh soláthraí
cumarsáide leictreonaí Eorpach bheith faoi réir coinníollacha is infheidhme sa
Bhallstát ina n‑oibríonn sé, a mhéid nach bhforáiltear a mhalairt sa
Rialachán seo. (14) I gcás ina n‑éilíonn
Ballstáit ranníocaíocht ón earnáil chun oibleagáidí na seirbhíse uilíche agus
costais riaracháin na n‑údarás rialála náisiúnta a mhaoiniú, ba cheart na
critéir agus na nósanna imeachta maidir le ranníocaíochtaí a chionroinnt bheith
comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach i dtaca le soláthraithe
cumarsáide leictreonaí Eorpacha, ionas nach gcuirfear bac ar theacht isteach
trasteorann ar an margadh, go háirithe iontrálaithe nua agus oibreoirí beaga;
ba cheart, i ranníocaíochtaí gnóthas aonair dá bhrí sin, cion margaidh an
ranníocóra i dtéarmaí láimhdeachais arna réadú sa Bhallstát ábhartha a chur san
áireamh agus a bheith faoi réir cur i bhfeidhm thairseach de minimis. (15) Is gá a áirithiú im imthosca
comhchosúla nach mbeidh aon idirdhealú sa chaoi a gcaitheann Ballstáit éagsúla
le haon soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach agus go gcuirtear cleachtais
rialála comhsheasmhacha i bhfeidhm sa mhargadh aonair, go háirithe maidir le
bearta a thagann faoi raon feidhme Airteagal 15 nó Airteagal 16 de Threoir 2002/21/CE,
nó Airteagal 5 nó Airteagal 8 de Threoir 2002/19/CE. Ba cheart
dá bhrí sin go mbeidh ceart ag soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha ar
chóir chomhionann ó na Ballstáit éagsúla i gcásanna atá go hoibiachtúil
comhionann chun oibríochtaí ilchríochacha níos comhtháite a chumasú. Ina
theannta sin, ba cheart nósanna imeachta sonracha a bheith ann ar leibhéal an
Aontais chun athbhreithniú a dhéanamh ar dréachtchinntí maidir le réitigh de
réir bhrí Airteagal 7a de Threoir 2002/21/CE sna cásanna sin, le go
seachnófar díbhéirseachtaí gan bonn cirt in oibleagáidí is infheidhme maidir le
soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha i mBallstáit éagsúla. (16) Ba cheart leithdháileadh
inniúlachtaí rialála agus maoirseachta a bhunú idir an Ballstát baile agus aon
Bhallstát óstach de sholáthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha d'fhonn na
bacainní ar theacht isteach a laghdú agus lena áirithiú ag an am céanna go
bhforfheidhmítear na coinníollacha is infheidhme maidir le soláthar seirbhísí
agus líonraí cumarsáide leictreonaí ag na soláthraithe sin. Dá bhrí sin, cé gur
cheart do gach údarás rialála náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh
na gcoinníollacha is infheidhme ina chríoch i gcomhréir le reachtaíocht an
Aontais, lena n‑áirítear trí bhíthin smachtbhannaí agus bearta
eatramhacha, níor cheart ach an údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát baile a
bheith i dteideal cearta soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach, maidir le
líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas iomlán nó
i gcuid de, a fhionraí nó a aistarraingt. (17) Is chun leasa an phobail
speictream raidió agus is acmhainn fhíor-riachtanach é don mhargadh inmheánach
do chumarsáid shoghluaiste, leathanbhanda gan sreang agus satailíte san Aontas.
Cuidíonn forbairt na cumarsáide leathanbhanda gan sreang le cur chun feidhme an
Chláir Dhigitigh don Eoraip agus go háirithe leis an aidhm rochtain
leathanbhanda a fháil ar luas nach lú ná 30 Mbps faoi 2020 do shaoránaigh uile
an Aontais agus an luas agus an acmhainneacht leathanbhanda is airde agus is
féidir a sholáthar don Aontas Mar sin féin, tá an tAontas chun cúil ar na
príomhréigiúin dhomhanda eile – Meiriceá Thuaidh, an Afraic agus áiteanna áirithe
san Áis – ó thaobh feidhmiú chéimneach agus dul i bhfód ar an margadh maidir
leis an nglúin is déanaí de theicneolaíochtaí leathanbhanda gan sreang a bhfuil
gá leor chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Is léir ón bpróiseas ilroinnte ina
n‑údaraítear agus ina gcuirtear ar fáil an banda 800 MHz don
chumarsáid leathanbhanda gan sreang, agus leath na mBallstát ag lorg maolú nó ag
teip orthu ar bhealach eile é a dhéanamh faoin spriocam atá leagtha síos i
gCinneadh 243/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
Clár Beartais um an Speictream Raidió[23]is
léir go bhfuil beart práinneach de dhíth fiú laistigh de théarma reatha an RSPP
seo. Níor leor bearta an Aontais, maidir leis comhchuibhiú na gcoinníollacha
infhaighteachta agus úsáide éifeachtúla speictrim raidió don chumarsáid
leathanbhanda gan sreang de bhun Chinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[24],
le díríu ar an bhfadhb seo. (18) Trí beartais náisiúnta éagsúla
a chur i bhfeidhm cruthaítear neamhréireachtaí agus ilroinnt an mhargaidh
inmheánamigh, rud a chuireann bac ar fheidhmiú céimneach seirbhísí uile-Aontais
agus ar chomhlánu an mhargaidh inmheánaigh don chumarsáid leathanbhanda gan
sreang. D'fhéadfadh sé go háirithe coinníollacha neamhionanna a chruthú maidir
le rochtain ar na seirbhísí sin, bac a chur ar iomaíocht idir gnóthais atá
bunaithe i mBallstáit éagsúla, agus infheistíochtaí in ardlíonraí agus in
ardteicneolaíochtaí agus teacht chun cinn seirbhísí nuálacha a mhúchadh, rud a
choinneodh saoránaigh agus gnólachtaí ó sheirbhísí ardcháilíochta comhtháite
uileláithreacha agus a choinneodh oibreoirí leathanbhanda gan sreang ó
ghnóthachain éifeachtúlachta méadaithé ó oibríochtaí mórscála níos comhtháite.
Dá bhrí sin, ba cheart gníomh ar leibhéal an Aontais maidir le gnéithe áirithe
sannacháin speictrim raidió a bheith ag gabháil le forbairt clúdaigh
chomhtháite fhorleathan na ardseirbhísí cumarsáide leathanbhanda gan sreang ar
fud an Aontais. Ag an am céanna, ba cheart do Bhallstáit an ceart a
fhorchoimeád bearta a ghlacadh lena speictream raidió a eagrú d'ord poiblí,
chun críocha slándála poiblí agus do chosaint. (19) Ba cheart do sholáthraithe
seirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n‑áirítear oibreoirí soghluaiste
nó cuibhreannas de na hoibreoirí sin, bheith in ann an clúdach éifeachtach agus
ar chostas réasúnta ar chuid ollmhór de chríoch an Aontais a eagrú chun leasa
fadtéarmaigh críoch‑úsáideoirí, agus ar an gcaoi sin a bheith in ann
speictream raidió a úsáid thar roinnt Ballstát a bhfuil coinníollacha, nósanna
imeachta, costais, uainiú, fad ré i mbandaí comhchuibhithe comhchosúla acu,
agus a bhfuil pacáistí speictrim raidió comhlántacha acu, amhail comhcheangal
de mhinicíochtaí níos ísle agus níos airde chun ceantair dlúthdhaonra agus
ceantair ina bhfuil daonra níos lú. Ach tionscnaimh ar son comhordú agus
comhsheasmhachta níos mó a bheith ann chuirfí le hintuarthacht na timpeallachta
infheistíochta líonra. Chuideofaí lena a leithéid d'intuarthacht freisin trí
bheartas soiléir i bhfábhar ré fhadtéarmach do chearta úsáide a bhaineann le
speictream raidió, gan dochar do chineál éiginnte na gceart sin i mBallstáit
áirithe, agus nasctha ar a sheal le coinníollacha soiléire maidir le haistriú,
léasú nó comhroinnt cuid nó iomlán an speictrim raidió faoi réir an chirt indibhidiúil
úsáide sin. (20) Ba cheart comhordú agus
comhsheasmhacht na gceart úsáide do speictream raidió a fheabhsú, ar a laghad i
gcás na mbandaí atá comhchuibhithe don chumarsáid leathanbhanda fosaithe gan
sreang, fánaíochta agus soghluaiste. Áirítear leis sin na bandaí a aithnítear
ar leibhéal an ATI (Aontais Teileachumarsáide Idirnáisiúnta) d'Ardchórais
Teileachumarsáide Soghluaiste Idirnáisiúnta, chomh maith le bandaí a úsáidtear
do líonraí ceantair logánta raidió (RLAN) amhail 2.4 GHz agus 5 GHz. Ba cheart
bandaí a chlúdach freisin a fhéadfar a chomhchuibhiú sa todhchaí don chumarsáid
leathanbhanda gan sreang, mar atá beartaithe in Airteagal 3(b) den RSPP
agus sa Tuairim ón RSPG maidir le 'Dúshláin straitéiseacha roimh an Eoraip agus
aghaidh á tabhairt aici ar an éileamh speictrim raidió méadaitheach ar
leathanbhanda gan sreang' a glacadh an 13 Meitheamh 2013, amhail, san
am atá díreach romhainn, na bandaí 700 MHz, 1.5 GHz agus 3.8-4.2 GHz. (21) Chuideofaí le comhsheasmhacht
idir na nósanna éagsúla sannacháin speictrim raidió trí fhorálacha níos
sainráite maidir leis na critéir is ábhartha d'uainiú nósanna imeachta
údaraithe; an ré a bhfuil na cearta úsáide bronnta ina leith, na táillí agus a
modúlachtaí íocaíochta; oibleagáidí acmhainne agus clúdaigh; sainiú ar raon
speictrim raidió agus bloic ar speictream faoi réir nós imeachta deonta;
ceanglais tairsigh oibiachtúla maidir le hiomaíocht éifeachtach a chur chun
cinn; coinníollacha maidir le cumas trádála na gceart úsáide, lena n‑áirítear
coinníollacha a chomhroinnt. (22) Ach an t‑ualach táillí a
theorannú don mhéid is gá le bainistíocht bharrmhaith speictrim raidió, a
mbeidh comhardú idir íocaíochtaí láithreacha agus táillí tréimhsiúla ag gabháil
leis, spreagfaí infheistíocht san fheidhmiú céimneach bonneagair agus
teicneolaíochta, agus chuirfí na buntáistí costais ar aghaidh chuig na críoch‑úsáideoirí. (23) Ba cheart do shannacháin
speictrim raidió níos comhthráite agus feidhmiú céimneach leathanbhanda gan
sreang dá bharr sin ar fud an Aontais tacú le héifeachtaí scála i dtionscail
ghaolmhara amhail i gcás trealaimh líonra agus gléasra teirminéil. D'fhéadfadh
na tionscail sin ar a seal tionscnaimh Aontais agus beartais maidir le húsáid
speictrim raidió a chur san áireamh, níos mó ná mar a rinneadh le déanaí. Ba
cheart dá bhrí sin nós imeachta comhchuibhithe a bhunú do na tráthchláir do
shannachán agus d' íosré nó ré chomhchoiteann na gceart úsáide sna bandaí sin. (24) Maidir leis na
príomhchoinníollacha substainteacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta
maidir le húsáid speictrim raidió do leathanbhanda gan sreang, chuideofaí le
cur i bhfeidhm cóineasaithe na bprionsabal rialála agus na gcritéar atá leagtha
síos sa Rialachán seo ag Ballstáit aonair trí shásra comhordúcháin lena dtugtar
deis don Choimisiún agus do údaráis inniúla na mBallstát eile barúil a
thabhairt roimh do Bhallstát áirithe cearta úsáide a bhronnadh agus lena
dtugtar deis don Choimisiún tuairimí na mBallstát a chur san áireamh, le cur
chun feidhme aon togra ar léir nach bhfuil sé i gcomhlíonadh dhlí an Aontais a
chosc. (25) I bhfianaise an bhorrtha in
éilimh speictrim raidió ar leathanbhanda gan sreang, ba cheart réitigh i dtaca
le rochtain atá éifeachtúil go speictreach ar leathanbhanda gan sreang a chur
chun cinn. Airítear leis sin úsáid córas rochtana ísealchumhachta gan sreang a
bhfuil raon oibriúcháin beag aige amhail na cinn ar a dtugtar 'baill te' de
líonraí ceantair logánta raidió (RLAN ar a dtugtar 'Wi-Fi' freisin), chomh
maith le líonraí a bhfuil pointí rochtana cealla beaga ísealchumhachta
(ar a dtugtar freisin femto -,pico- nó meitreachealla) acu. (26) Trí chórais rochtana
comhlántacha gan sreang amhail RLAN, go háirithe pointí rochtana a bhfuil
rochtain phoiblí orthu, beidh rochtain níos mó ar an idirlíon do chríoch‑úsáideoirí,
agus beidh oibreoirí soghluaiste ábalta scar go pras le trácht soghluaiste,
agus acmhainní speictrim raidió comhchuibhithe á n‑úsáid nach n‑éilíonn
údarú aonair nó ceart úsáide an speictrim raidió. (27) Go n‑uige seo, is
úsáideoirí príobháideacha a úsáideann formhór na bpointí rochtana RLAN mar
shíneadh logánta gan sreang ar a nasc leathanbhanda fosaithe. Má roghnaíonn
críoch‑úsáideoirí, laistigh de shrianta a suibscríobh idirlín féin,
rochtain ar a RLAN féin a chomhroinnt le daoine eile, ba cheart, a bhuí do
infhaighteacht líon mór de na pointí rochtana sin, go háirithe i gceantair
dhlúthdhaonra, toilleadh sonraí gan sreang a uasmhéadú trí athúsáid speictrim
raidió agus bonneagar leathanbhanda gan sreang comhlántach a chruthú a mbeidh
rochtain ag críoch‑úsáideoirí eile air. Dá bhrí sin, ba cheart srianta
nach bhfuil gá leo do chríoch‑úsáideoirí lena rochtain ar a RLAN féin a
chomhroinnt le críoch‑úsáideoirí eile nó chun nascadh leis na pointí
rochtana sin, a bhaint nó a chosc. (28) Sa bhreis air sin, ba cheart
srianta nach bhfuil gá leo ar úsáid agus idirnascadh phointí rochtana RLAN a
bhaint chomh maith. Úsáideann údaráis phoiblí nó soláthraithe seirbhísí poiblí
pointí rochtana RLAN ar bhonn méadaitheach ina gcuid áitreabh chun a gcríoch
féin, mar shampla le húsáid ag a bpearsanra, chun rochtain chost‑éifeachtach
ar líne ar sheirbhísí ríomhrialtais a éascú níos fearr do shaoránaigh, nó chun
tacú le soláthar seirbhísí poiblí cliste le faisnéis réad‑ama, amhail i
gcás iompair phoiblí nó bainistiú tráchta. Ba cheart do na comhlachtaí sin
rochtain a sholáthar ar na pointí rochtana sin do shaoránaigh i gcoitinne mar
sheirbhís choimhdeach do sheirbhísí a thairgtear don phobal ar na háitribh sin,
agus ba cheart iad a chumasú lena dhéanamh i gcomhlíonadh rialacha iomaíochta
agus soláthair phoiblí. Má chuirtear rochtain logánta ar líonraí cumarsáide
leictreonaí ar fáil laistigh de mhaoin phríobháideach nó de cheantar poiblí
teoranta nó timpeall orthu, mar sheirbhís choimhdeach do ghníomhaíocht eile
nach bhfuil ag brath ar an rochtain sin, amhail baill te RLAN a chuirtear ar
fáil do chustaiméirí gníomhaíochtaí tráchtála eile nó do phobal i gcoitinne sa
cheantar sin, ní cháilítear an soláthraí sin mar sholáthraí cumarsáide
leictreonaí. (29) Is trealamh an‑bheag neamhshonraíoch
iad pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu cosúil le ródairí Wi-Fi
baile, ar cheart saintréithe teicniúla a shonrú ar leibhéal an Aontais ina
leith faoi choinne tús a chur leo agus a n‑úsáid i gcomhthéacs logánta
éagsúla faoi réir údarú ginearálta, gan srianta míchuí ó phleanáil indibhidiúil
nó ó cheadúnais eile. Ba cheart comhréireacht na mbeart lena sonraítear na
saintréithe teicniúla don úsáid sin a thairbheoidh d'údarú ginearálta a
áirithiú trí shaintréithe atá i bhfad níos sriantaí ná na huastairsigh is
infheidhme i mbearta an Aontais maidir le paraiméadair amhail aschur cumhachta.
(30) Ba cheart do na Ballstáit a
áirithiú nach gcuirfidh bainistíocht speictrim raidió ar leibhéal náisiúnta
cosc ar Bhallstáit eile an speictrim raidió a bhfuil siad ina theideal a úsáid,
nó a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le bandaí a bhfuil a n‑úsáid
choomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Ag cur le gníomhaíocht an RSPG atá ann
cheana, tá gá le sásra comhordúcháin lena áirithiú go mbeidh rochtain
chothromasach ag gach Ballstát ar speictream raidió agus go mbeidh torthaí
comhordúcháin comhsheasmhach agus infheidhmithe. (31) Is léir ón taithí a fuarthas i
gcur chun feidhme chreat rialála an Aontais nár éirigh le forálacha atá ann
cheana lena gceanglaítear cur i bhfeidhm comhsheasmhach beart rialála mar aon
leis an sprioc cuidiú le forbairt an mhargaidh inmheánaigh, nár éirigh leo
dóthain dreasachtaí a chruthú le táirgí rochtana a cheapadh ar bhonn caighdeán
agus próiseas comhchuibhithe, go háirithe i ndáil le líonraí fosaithe. Agus iad
ag oibriú i mBallstáit éagsúla, tá deacrachtaí ag oibreoirí ionchuir rochtana a
fháil atá den cháilíocht cheart agus a bhfuil na leibhéil idir-inoibritheachta
seirbhíse agus líonra chearta acu, agus nuair atá fáil orthu, léiríonn na
hionchuir sin gnéithe teicniúla éagsúla. Leis sin méadaítear costais agus is
bacainn é ar sholáthar seirbhísí thar theorainneacha náisiúnta. (32) Luatheofaí comhtháthú an
mhargaidh aonair don chumarsáid leictreonach trí chreat a bhunú ina saineofaí
príomhtháirgí fíorúla Eorpacha áirithe, atá thar a bheith tábhachtach do
sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun seirbhísí trasteorann a
sholáthar agus chun straitéis uile-Aontais a ghlacadh i dtimpeallacht atá
'uile-IP' (timpeallacht bunaithe ar Phrótacal Idirlín) ar bhonn méadaitheach. (33) Ba cheart díriú ar na
riachtanais oibríochtúla a bhfónann táirgí fíorúla éagsúla dóibh. Ba cheart
táirgí Eorpacha rochtana fíorúla ar leathanbhanda bheith ar fáil i gcás ina
gceanglaítear ar oibreoir, a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, faoi
théarmaí na Treorach Réime agus na Treorach maidir le Rochtain, rochtain a
sholáthar ar théarmaí rialáilte ag pointe rochtana sonrach ina líonra. Ar an
gcéad dul síos, ba cheart iontráil trasteorann a éascú trí tháirgí
comhchuibhithe a chumasaíonn soláthraithe trasteorann seirbhísí soláthar
tosaigh a chur ar fáil dá gcríoch‑úsáideoirí gan mhoill agus le cáilíocht
intuartha agus dhóthanach, lena n‑áirítear seirbhísí do chustaiméirí gnó
a bhfuil ilshuíomhanna acu i mBallstáit éagsúla, i gcás inar ghá agus inar
chomhréireach de bhun anailíse margaidh. Ba cheart na táirgí comhchuibhithe seo
a bheith ar fáil ar feadh tréimhse fada go leor le gur féidir le cuardaitheoirí
rochtana agus soláthraithe infheistíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha a
phleanáil. (34) Ar an dara dul síos, tá táirgí
rochtana fíorúla sofaisticiúla a éilíonn ardleibhéal infheistíochta ó
chuardaitheoirí rochtana agus a thugann leibhéal níos airde rialaithe agus
difreála dóibh, go háirithe trí rochtain a sholáthar ar leibhéal níos logánta,
tá siad thar a bheith tábhachtach chun coinníollacha a chruthú d'iomaíocht
inbhuanaithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Dá bharr sin, ba cheart na
príomhhtáirgí rochtana mórdhíola sin ar rochtain na céad glúine eile (NGA) a
chomhchuibhiú chun infheistíocht trasteorann a éascú. Ba cheart na táirgí
rochtana fíorúla ar leathanbhanda sin a cheapadh i gcaoi is go mbeidh
feidhmiúlachtaí iontu a bheidh coibhéiseach le díchuachadh fisiciúil, ionas go
leathnófar an raon réiteach mórdhíola ionchasach a bheidh ar fáil ag údaráis
rialála náisiúnta lena mheas faoin measúnú comhréireachta de bhun Threoir 2002/19/CE. (35) Ar an tríú dul síos, is gá
freisin táirge rochtana mórdhíola a chomhchuibhiú chun deighleáin de línte
léasaithe, a bhfuil comhéadain fheabhsaithe acu, a fhoirceannadh, chun soláthar
trasteorann seirbhísí lúdrachta atá ríthábhachtach ó thaobh misin de a chumasú
do na húsáideoirí gnó a éilíonn an méid is mó. (36) I gcomhthéacs ascnaimh
chéimnithigh go 'líonraí uile-IP', gan táirgí lúdrachta bunaithe ar phrótacal
IP le haghaidh aicmí éagsúla seirbhísí a bhfuil cáilíocht seirbhíse ráthaithe
acu lena gcumasaítear conair chumarsáide ar fud fearann líonra agus ar fud
teorainneacha líonra, laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, cuirtear bac ar
fhorbairt feidhmchlár a bhraitheann ar rochtain ar líonraí eile, agus cuirtear
srian ar nuáil theicneolaíoch ar an gcaoi sin. Thairis sin, tríd an staid sin
cuirtear cosc ar scaipeadh níos forleithne éifeachtúlachtaí a bhaineann le
bainistiú agus soláthar líonraí bunaithe ar IP agus ar tháirgí lúdrachta a
bhfuil cáilíocht seirbhíse ráthaithe acu, go háirithe slándáil fheabhsaithe,
iontaofacht agus solúbthacht, éifeachtúlacht costais agus soláthar níos tapa,
rud atá chun leasa oibreoirí líonraí, soláthraithe seirbhísí agus críoch‑úsáideoirí.
Tá gá dá bhrí sin, le cur chuige comhchuibhithe maidir le ceapadh agus
infhaighteacht na dtáirgí sin, ar théarmaí réasúnta lena n‑áirítear,
nuair a iarrtar é, an deis do na gnóthais cumarsáide leictreonaí lena mbaineann
tras‑soláthar a dhéanamh. (37) Ba cheart bunú táirgí Eorpacha
de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda faoin Rialachán seo a léiriú sa mheasúnú
arna dhéanamh ag údaráis rialála náisiúnta ar na réitigh rochtana is iomchuí ar
líonraí na n‑oibreoirí arna n‑ainmniú mar oibreoirí a bhfuil
cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, agus ba cheart ag an am céanna ró-rialáil
trí iolrú táirgí rochtana mórdhíola nach gá, cibé acu a fhorchuirtear é de bhun
anailíse margaidh nó a fhoráiltear ina leith faoi choinníollacha eile, a
sheachaint. Go háirithe, níor cheart go dtiocfadh méadú ar líon na dtáirgí
rochtana rialáilte arna bhforchur ar oibreoir áirithe de bharr táirgí Eorpacha
de rochtain fhíorúil a thabhairt isteach astu féin. Thairis sin, tar éis an
Rialachán seo a ghlacadh, níor cheart go ndéanfaí difear don fhreagracht atá ar
na húdaráis rialála náisiúnta an leigheas is oiriúnaí agus is comhréirí a
aimsiú le dul i ngleic le fadhb na hiomaíochta i gcomhréir le hAirteagal 16 de
Threoir 2002/21/CE i ngeall ar an ngá go ndéanfaidís measúnú féachaint ar
cheart táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a fhorchur in ionad
leigheasanna rochtana mórdhíola atá ann cheana, agus measúnú ar cé chomh
hoiriúnach agus atá sé táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a
fhorchur i gcomhthéacs athbhreithnithe ar an margadh amach anseo ina n-aimsíonn
siad cumhacht shuntasach sa mhargadh. (38) Ar mhaithe le hintuarthacht
rialála, ba cheart a léiriú sa reachtaíocht freisin, príomheilimintí de
chleachtas cinnteoireachta i mbun forbartha faoin gcreat dlíthiúil reatha a
dhéanann difear do na coinníollacha faoina gcuirtear táirgí rochtana mórdhíola,
lena n‑áirítear táirgí rochtana fíorúla Eorpacha ar leathanbhanda, ar
fáil do líonraí NGA. Ba cheart a áireamh anseo forálacha lena léirítear, le
haghaidh anailíse ar mhargaí rochtana mórdhíola agus go háirithe lena fháil
amach an bhfuil gá le rialuithe praghsanna ar an rochtain sin ar líonraí NGA,
tábhacht na gaolmhaireachta idir srianta iomaíocha ó bhonneagair gan sreang
agus fosaithe malartacha, ráthaíochtaí éifeachtacha maidir le rochtain neamh‑idirdhealaitheach,
agus an leibhéal iomaíochta atá ann cheana i dtéarmaí praghais, rogha agus
cáilíocht ar leibhéal miondíola. Is é an ghné is deireanaí a luaitear a
chinneann na sochair do chríoch‑úsáideoirí. Mar shampla, i seoladh an
mheasúnaithe cás i ndiaidh cáis a rinne siad de bhun Airteagal 16 de Threoir
2002/21/CE agus gan dochar don mheasúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh,
féadfaidh údaráis rialála náisiúnta glacadh leis, má tá dhá líonra fhosaithe
NGA ann, go bhfuil dálaí an mhargaidh iomaíoch go leor le huasghráduithe
líonraí a spreagadh agus le forbairt a dhéanamh i dtreo soláthar seirbhísí
sárghasta a spreagadh, ar paraiméadar tábhachtach amháin é d'iomaíocht
mhiondíola. (39) Is féidir a bheith ag súil
leis gurb é an toradh a bheidh ar iomaíocht níos dlúite go dtiocfaidh laghdú le
himeacht ama ar rialáil atá sonrach ó thaobh earnála de bunaithe ar anailís
mhargaidh. Ar ndóigh, ba cheart gurb é ceann de na torthaí as Comhlánú an
Mhargaidh Aonair go mbeadh claonadh níos mó i dtreo iomaíochta éifeachtaí ar
mhargaí ábhartha, agus go measfaí gur leor cur i bhfeidhm ex post dhlí
na hiomaíochta le feidhmiú an mhargaidh a áirithiú. Ar mhaithe le soiléire
dhlíthiúil agus intuarthacht cur chuige thar teorainneacha a áirithiú, ba
cheart foráil a dhéanamh maidir le critéir shoiléire agus cheangailteacha i
dtaca le conas measúnú a dhéanamh an bhfuil bonn cirt ann oibleagáidí rialála ex
ante a fhorchur ar mhargadh áirithe, trí thagairt do mharthanacht scrogall
agus ionchais iomaíochta, go háirithe iomaíocht atá bunaithe ar bhonneagar,
agus na coinníollacha iomaíochta ar leibhéal miondíola maidir le paraiméadair
amhail praghas, rogha agus cáilíocht, rudaí is ábhartha faoi dheoidh do chríoch‑úsáideoirí
agus don iomaíochas domhanda gheilleagar an AE. Ba cheart an méid sin a bheith
mar thaca d'athbhreithnithe leanúnacha ar an liosta margaí atá soghabhálach i
leith rialála ex ante agus cuidiú le rialtóirí náisiúnta a gcuid
iarrachtaí a dhíriú ar áiteanna nach bhfuil an iomaíocht éifeachtach fós agus
an méid sin a dhéanamh ar bhealach coinbhéarsach. D'fhéadfadh sé go ndéanfadh
bunú fíormhargaidh aonair don chumarsáid leictreonach difear do raon feidhme
geografach margaí, chun críocha rialála atá sonrach ó thaobh earnála de
bunaithe ar phrionsabail iomaíochta agus cur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta
féin araon. (40) Cruthaíonn éagothromaíochtaí i
gcur chun feidhme náisiúnta rialacha maidir le cosaint críoch‑úsáideoirí
atá sonrach ó thaobh earnála de bacainní suntasacha ar an margadh aonair don
ábhar digiteach, go háirithe i bhfoirm costas méadaithe comhlíonta do
sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal ar mian leo seirbhísí a
thairiscint ar fud na mBallstát. Thairis sin, i ngeall ar ilroinnt agus
éiginnteacht maidir leis an leibhéal cosanta a thugtar i mBallstáit éagsúla
baintear an bonn de mhuinín críoch‑úsáideoirí agus athchomhairlítear iad ó
sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a cheannach thar lear. Chun cuspóir an
Aontais maidir le bacainní ar an margadh inmheánach a bhaint is gá sraith
aonair agus lán‑chomhchuibhithe de rialacha atá sonrach ó thaobh earnála
de lena gcruthaítear ardleibhéal cosanta do chríoch‑úsáideoirí, a chur in
ionad beart dlíthiúil náisiúnta dibhéirseach atá ann cheana. Níor cheart go
gcuirfeadh lán‑chomhchuibhiú sin na bhforálacha dlíthiúla cosc ar
sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal socruithe conarthacha a théann
níos faide ná an leibhéal sin cosanta a thairiscint do chríoch‑úsáideoirí. (41) Ós rud nach gcomhchuibhíonn an
Rialachán seo ach rialacha áirithe atá sonrach ó thaobh earnála de, ba cheart
go mbeadh sé gan dochar do na rialacha ginearálta cosanta tomhaltóirí, arna
mbunú ag gníomhartha Aontais agus reachtaíocht náisiúnta dá gur chun feidhme. (42) I gcás ina dtagraíonn na
forálacha i gCaibidil 4 agus i gCaibidil 5 den Rialachán seo do chríoch‑úsáideoirí,
ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ní hé amháin maidir le
tomhaltóirí ach maidir le catagóirí eile críoch‑úsáideoirí chomh maith,
go príomha maidir le micrifhiontair. Arna iarraidh sin dóibh ar bhonn
indibhidiúil, ba cheart críoch‑úsáideoirí eile seachas tomhaltóirí bheith
in ann teacht ar chomhaontú, trí chonradh indibhidiúil, maidir le himeacht ó
fhorálacha áirithe. (43) Chun an margadh aonair don
chumarsáid leictreonach a chomhlánú ní mór na bacainní a bhaint do chríoch‑úsáideoirí
i dtaca le rochtain ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a fháil ar fud an
Aontais. Níor cheart dá bhrí sin, d'údaráis phoiblí bacainní a chruthú nó a
choinneáil ar cheannach trasteorann na seirbhísí sin. Níor cheart do
sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal rochtain a shéanadh nó a
shrianadh do chríoch‑úsáideoirí ná idirdhealú ina gcoinne ar bhonn a
náisiúntachta nó a mBallstát cónaithe. Ba cheart, mar sin féin, bheith in ann
difreáil a dhéanamh ar bhonn difríochtaí a bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo ó
thaobh costas, rioscaí agus dálaí margaidh de, amhail éagsúlachtaí éilimh agus
praghsáil ag iomaitheoirí. (44) Tá difríochtaí praghais an‑suntasach
ann i gcónaí, i gcás cumarsáide fosaithe agus soghluaiste, idir
teachtaireachtaí guthghlao agus teachtaireachtaí SMS baile agus na cinn a
chríochnaíonn i mBallstát eile. A fhad is atá éagsúlachtaí substainteacha idir
tíortha, oibreoirí agus pacáistí taraife, agus idir seirbhísí soghluaiste agus
fosaithe, leanann an méid seo de dhifear a dhéanamh do ghrúpaí custaiméirí níos
soghonta agus is bacainn é don chumarsáid gan uaim laistigh den Aontas.
Tarlaíonn an méid sin in ainneoin laghdú an‑suntasach, agus cóineasú i
ndearbhthéarmaí, rátaí críochnaithe i mBallstáit éagsúla, agus praghsanna ísle
ar mhargaí trasdula. Thairis sin, ba cheart laghduithe breise ar chostais
teacht as an ascnamh go timpeallacht cumarsáide leictreonaí 'uile-IP'. Ba
cheart dá bhrí sin, bonn cirt a thabhairt le haon difríochtaí taraife miondíola
suntasacha idir cianchumarsáid fhosaithe bhaile, ar cumarsáid í seachas an
chumarsáid laistigh de cheantar logánta amháin arna haithint trí chód ceantair
gheografaigh sa phlean uimhríochta náisiúnta, agus cumarsáid fhosaithe a
chríochnaíonn i mBallstát eile, trí thagairt do chritéir oibiachtúla. Níor
cheart go sáródh taraifí miondíola ar chumarsáid soghluaiste idirnáisiúnta na
taraifí Eora-ghuthghlao agus taraifí Eora-SMS do ghlaonna fánaíochta rialáilte
agus teachtaireachtaí SMS, faoi seach, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012
mura dtugtar bonn cirt leis trí chritéir oibiachtúla. Féadfar a áireamh ar na
critéir sin costais bhreise agus corrlach gaolmhar réasúnta. Ar na fachtóirí
oibiachtúla eile, féadfar a áireamh difríochtaí i bpraghasleastachas gaolmhar
agus infhaighteacht éasca taraifí malartacha ó sholáthraithe cumarsáide
leictreonaí don phobal a thairgeann cumarsáid trasteorann laistigh den Aontas
ar chostas an‑bheag nó saor in aisce a chur ar fáil do chríoch‑úsáideoirí,
(45) Tháinig forbairt ar an
idirlíon thar roinnt mhaith blianta mar ardán oscailte do nuálaíocht agus nach
bhfuil ach bacainní beaga ar rochtain ann do chríoch‑úsáideoirí, do
sholáthraithe inneachair agus feidhmchlár agus do sholáthraithe seirbhíse
idirlín. Is éard is aidhm leis an gcreat rialála atá ann cheana cumas críoch‑úsáideorí
teacht ar fhaisnéis agus é a scaipeadh nó a rogha feidhmchlár agus seirbhísí a
reáchtáil, a chur chun cinn. Le déanaí, mar sin féin, i dtuarascáil Comhlacht
na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) maidir le cleachtais
bainistíochta tráchta a foilsíodh i mBealtaine 2012 agus i staidéar, a
choimisiúnaigh an Ghníomhaireacht Fheidhmeannach um Thomhaltóirí agus Sláinte
agus a foilsíodh i Nollaig 2012, maidir le feidhmiú an mhargaidh do rochtain ar
an idirlíon agus soláthair ó thaobh dearcadh an tomhaltóra de, léiríodh go
bhfuil líon suntasach críoch‑úsáideoirí thíos le cleachtais bainistithe
tráchta a dhéanann feidhmchláir sonracha a chosc nó a mhoilliú. I ngeall ar na
treochtaí sin, ní mór rialacha soiléire ar leibhéal na Aontais chun an t‑idirlíon
oscailte a choinneáil agus chun ilroinnt an mhargaidh a thiocfadh as bearta
Ballstát aonair a sheachaint. (46) Tá saoirse na críoch‑úsáideoirí
rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ábhar dlíthiúil agus iad a dháileadh,
feidhmchláir a reáchtáil agus a rogha seirbhísí a úsáid faoi réir urramú dhlí
an Aontais agus an dlí náisiúnta chomhoiriúnaigh. Sa Rialachán seo sainítear na
teorainneacha d'aon srianta ar an tsaoirse seo ó sholáthraithe cumarsáide
leictreonaí don phobal ach tá sé gan dochar do reachtaíocht eile an Aontais,
lena n‑áirítear rialacha cóipchirt agus Treoir 2000/31/CE. (47) In idirlíon oscailte, níor
cheart do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, laistigh de
theorainneacha ar thoirteanna sonraí agus luasanna do rochtain ar sheirbhísí
idirlín arna gcomhaontú de réir conartha, níor cheart dóibh ábhar, feidhmchláir
nó seirbhísí sonracha, nó aicmí sonrach díobh a chosc, a mhoilliú, ná
idirdhealú a dhéanamh ina gcoinne, cé is moite de líon teoranta beart
bainistithe tráchta réasúnta. Ba cheart na bearta sin a bheith trédhearcach,
comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach. Cuimsíonn bainistiú tráchta
réasúnta cosc nó bac a chur le coireanna tromchúiseacha, lena n‑áirítear
gníomhaíochtaí deonacha soláthraithe chun rochtain ar phornagrafaíocht leanaí
agus a dáileadh a chosc. Mheasfaí íoslaghdú cúngaigh sna líonraí bheith
réasúnta ar an gcoinníoll nach dtarlaíonn cungach sna líonraí ach go sealadh
agus in imthosca eisceachtúla. (48) Ba cheart taraifí toirt‑bhunaithe
a mheas mar chomhoiriúnach le prionsabal an idirlín oscailte a fhad is go
ligtear do chríoch‑úsáideoirí an taraif a chomhfhreagraíonn lena
ngnáthúsáid sonraí a roghnú, bunaithe ar fhaisnéis thrédhearcach faoi
choinníollacha agus impleachtaí na rogha sin. Ag an am céanna, ba cheart do na
taraifí sin cur ar chumas soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal
acmhainní líonraí a oiriúnú níos fearr do thoirteanna sonraí a bhfuiltear ag
súil leo. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh críoch‑úsáideoirí go hiomlán
ar an eolas sula n‑aontaíonn siad le haon teorainneacha maidir le toirt
sonraí nó luas agus na taraifí is infheidhme, gur féidir leo faireachán a
dhéanamh ar bhonn leanúnach ar a n‑úsáid agus síntí ar na toirteanna
sonraí atá ar fáil a fháil go héasca más inmhianaithe. (49) Tá éileamh ó chríoch‑úsáideoirí
freisin ar sheirbhísí agus ar fheidhmchláir a éilíonn ardleibhéal cáilíochta
seirbhíse arna thairiscint ag soláthraihte cumarsáide leictreonaí don phobal nó
ag soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí. Féadfar craobhscaoileadh trí
Phrótacal Idirlín (IP-TV), trí fhíschomhdháil agus trí fheidhmchláir sláinte
áirithe a chuimsiú sna seirbhísí sin inter alia. Ba cheart críoch‑úsáideoirí
a bheith in ann comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí speisialaithe, a
bhfuil cáilíocht fheabhsaithe seirbhíse ag baint leo, a chur i gcrích le
soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal nó le soláthraithe ábhair,
feidhmchlár nó seirbhísí. (50) Ina theannta sin, tá éileamh
ag soláthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí, ar sholáthar seirbhísí
tarchuir bunaithe ar pharaiméadair cháilíochta sholúbtha, lena n‑áirítear
leibhéil níos ísle tosaíochta le haghaidh tráchta nach bhfuil íogair ó thaobh
ama de. Tá gá leis an bhféidearthacht do sholáthraithe ábhair, feidhmchlár agus
seirbhísí cáilíocht sholúbtha sin na leibhéal cáilíochta a chaibidliú le
soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal le haghaidh soláthair seirbhísí
speisialaithe agus táthar ag súil go mbeidh ról tábhachtach aici i bhforbairt
seirbhísí nua amhail cumarsáid meaisín go meaisín (M2M) Ag an am céanna ba
cheart, leis na socruithe sin, deis a thabhairt do sholáthraithe cumarsáide
leictreonaí don phobal, trácht a chothromú níos fearr agus cúngach sa líonra a
chosc. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfaidh soláthraithe ábhair, feidhmchlár
agus seirbhísí agus soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal
comhaontuithe um sheirbhísí speisialaithe maidir le leibhéil shainithe
cháilíochta seirbhíse a thabhairt i gcrích a fhad is nach ndéanfaidh na
comhaontuithe sin dochar substaintiúil do cháilíocht ghinearálta seirbhísí
rochtana idirlín. (51) Tá ról fíor-riachtanach ag
údaráis rialála náisiúnta chun a áirithiú gur féidir le críoch‑úsáideoirí
úsáid éifeachteach a bhaint as an tsaoirse seo le teacht ar rochtain oscailte
idirlín. Chun na críche sin, ba cheart oibleagáidí faireacháin agus tuairscithe
a bheith ag údaráis rialála naisiúnta, agus ba cheart comhlíonadh soláthraithe
cumarsáide leictreonaí don phobal a áirithiú agus infhaighteacht seirbhísí
rochtana idirlín neamh‑idirdhealaitheacha ardcháilíochta, nach ndéanann
seirbhísí speisialaithe dochar dóibh, a áirithiú. Le linn do na húdaráis rialála
náisiúnta measúnú a dhéanamh ar an dochar ginearálta a d’fhéadfaí a dhéanamh do
sheirbhísí rochtana idirlín, ba cheart dóibh aird a thabhairt ar pharaiméadair
cháilíochta amhail uainiú agus iontaofacht (aga folaigh, giodam agus
caillteanas paicéid), leibhéil agus éifeachtaí an chúngaigh sna líonraí, an
difríocht idir luasanna iarbhír agus luasanna a fógraíodh, feidhmíocht na
seirbhísí rochtana idirlín i gcomparáid le seirbhísí speisialaithe, agus an
cháilíocht mar a fheictear do na críoch-úsáideoirí í. Ba cheart cumhacht a
thabhairt d'údaráis rialála náisiúnta íoscheanglais cáilíochta seirbhíse a
fhorchur ar gach soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal nó ar
sholáthraithe aonair más gá é sin a dhéanamh chun díghrádú/dochar ginearálta
cháilíocht na seirbhíse a chosc. (52) Leis na bearta atá ann chun
trédhearcacht agus inchomparáideacht níos fearr maidir le praghsanna, taraifí,
téarmaí agus coinníollacha, agus paraiméadair i leith seirbhíse cáilíochta a
áirithiú lena n‑áirítear iad sin a bhaineann go sonrach le soláthar
seirbhísí rochtana idirlín, ba cheart cur le cumas críoch‑úsáideoirí a
rogha soláthraithe a bharrfheabhsú agus leas iomlán a bhaint ar an gcaoi sin as
iomaíochas. (53) Ba cheart críoch‑úsáideoir
a chur ar an eolas go leormhaith maidir le praghas agus an cineál seirbhíse atá
á tairiscint sula gceannaíonn siad seirbhís. Ba cheart an t‑eolas seo a
chur ar fáil díreach roimh nascadh an ghlao nuair atá glao ar uimhir nó ar
sheirbhís shonrach faoi réir coinníollacha praghsála áirithe, amhail glaonna
chuig seirbhísí préimhráta ar minic iad a bheith faoi réir ráta speisialta. I
gcás ina bhfuil an oibleagáid sin díréireach i bhfianaise fhad agus chostas na
faisnéise taraife don soláthraí seirbhíse i gcomparáid le gnáthfhad glao agus
an riosca costais atá ann don chríoch‑úsáideoir, féadfaidh údaráis
rialála náisiúnta maolú a thabhairt. Ba cheart críoch‑úsáideoirí a chur
ar an eolas freisin má tá uimhir shaorghlao faoi réir táillí breise. (54) Ba cheart do sholáthraithe
cumarsáide leictreonaí don phobal críoch‑úsáideoirí a chur ar an eolas go
leormhaith inter alia faoina seirbhísí agus a dtaraifí, paraiméadair i
leith cáilíochta seirbhíse, rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus aon
srianadh, agus an rogha seirbhísí agus táirgí arna gceapadh do thomhaltóirí
faoi mhíchumas. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ar bhealach soiléir trédhearcach
agus a bheith sonrach i leith na mBallstát ina soláthraítear na seirbhísí, agus
i gcás aon athraithe, a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart soláthraithe a
dhíolmhú ó na ceanglais faisnéise sin i dtaca leis na tairiscintí sin a
chaibidlítear go leithleach. (55) Tá infhaighteacht na faisnéise
inchomparáide ar tháirgí agus ar sheirbhísí ríthábhachtach le cur ar chumas na
gcríoch‑úsáideoirí meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar thairiscintí.
Is léir ón taithí a fuarthas go méadaítear muinín críoch‑úsáideoirí in
úsáid seirbhísí agus a dtoilteanas a rogha a úsáid trí infhaighteacht faisnéis
iontaofa agus inchomparáide. (56) Is uirlis thábhachtach iad
conarthaí do chríoch‑úsáideoirí d'fhonn ardleibhéal trédhearcachta a
thabhairt dóibh maidir le faisnéis agus deimhneacht dhlíthiúil. Ba cheart do
sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal faisnéis shoiléir agus
chuimsitheach faoi gach eilimint fhíor-riachtanach an chonartha a thabhairt don
chríoch‑úsáideoir sula mbeidh an críoch‑úsáideoir faoi cheangal ag
an gconradh. Ba cheart an fhaisnéis a bheithsainordaitheach agus níor cheart é
a athrú ach trí chomhaontú iarmhartach an chríoch‑úsáideora agus an
tsoláthraí Le déanaí, fuair an Coimisiún agus roinnt údarás rialála náisiúnta
neamhréitigh nach beag idir luas fógraithe seirbhísi rochtana idirlín agus an
luas atá ar fáil go hiarbhír do chríoch‑úsáideoirí. Ba cheart do
sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, dá bhrí sin, críoch‑úsáideoirí
a chur ar an eolas, roimh tabhairt i gcrích conartha, faoin luas agus faoi
pharaiméadair eile i leith cáilíocht seirbhíse is féidir leo a sheachadadh go
réadúil ag príomhláthair an chríoch‑úsáideora. (57) Maidir le trealamh teirminéil,
ba cheart a shonrú sna conarthaí aon srianta arna bhforchur ag an soláthraí ar
úsáid trealaimh, mar shampla trí bhíthin gléasanna soghluaiste 'glasála SIM'
agus aon mhuirir a bheadh dlite ar fhoirceannadh an chonartha roimh an dáta
éaga comhaontaithe. Níor cheart aon mhuirir a bheith dlite tar éis dhul in éag
fhad comhaontaithe an chonartha. (58) D'fhonn billí an‑ard a
thagann gan choinne a sheachaint, ba cheart go mbeadh críoch‑úsáideoirí
in ann, uasteorainneacha airgeadais a shainiú maidir leis na táillí a bhaineann
leis an úsáid a bhaineann siad as seirbhísí glaonna agus as seirbhísí rochtana
idirlín. Ba cheart an tsaoráid sin a bheith ar fáil saor in aisce, agus fógra
iomchuí a thabhairt is féidir a cheadú arís ina dhiaidh sin, nuair atá an teorainn
beagnach sroichte. Ar shroicheadh na huasteorann dóibh, níor cheart go
bhfaigheadh nó go ngearrfaí táille ar chríoch‑úsáideoirí as na seirbhísí
sin mura n‑iarrann siad go sonrach a soláthar leanúnach mar a
comhaontaíodh leis an soláthraí. (59) Is léir ón taithí a fuair na
Ballstáit agus ó staidéar le déanaí a choimisiúnaigh an Ghníomhaireacht
Fheidhmiúcháin um Thomhaltóirí agus Sláinte gurb ionann tréimhsí fada conartha
agus síntí uathoibríocha nó intuigthe agus bacainní suntasacha ar sholáthraí a
athrú. Is inmhianaithe dá réir sin go mbeidh críoch‑úsáideoirí in ann
tarraingt siar ón gconradh, gan phionóis, tar éis sé mhí ó chuirtear i gcrích
é. Sa chás sin, d'fhéadfaí a iarraidh ar chríoch‑úsáideoirí a gcuid
soláthraithe a chúiteamh as luach iarmharach trealaimh theirminéil
fóirdheontais nó luach pro rata temporis aon ábhar fógraíochta
eile. Ba cheart go mbeadh conarthaí a fadaíodh go hintuigthe faoi réir
foirceanta le tréimhse fógra mí amháin. (60) Aon athruithe suntasacha ar na
coinníollacha conarthacha arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide
leictreonaí don phobal chun aimhleas an chríoch‑úsáideora, mar shampla
iad sin a bhaineann le muirir, taraifí, teorainneacha ar thoirteanna sonraí,
luas sonraí, cumhdach nó próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart iad a mheas mar
chinn as a dtagann ceart an chríoch‑úsáideora an conradh a fhoirceannadh
gan aon chostais a thabhú. (61) Tá cuachtaí ina gcuimsítear
cumarsáid leictreonach agus seirbhísí eile cosúil le craolachán líneach i bhfad
níos forleithne ná mar a bhí siad roimhe seo agus iad ina ngné thábhachtach
d'iomaíochas. I gcás ina bhfuil feidhm ag rialacha conarthacha éagsúla maidir
le foirceannadh conartha agus aistriú conartha i dtaca leis na seirbhísí
éagsúla ina bhfuil na cuachtaí sin, cuirtear cosc go héifeachtach ar chríoch‑úsáideoirí
aistriú go tairiscintí iomaíocha don chuachadh iomlán nó do chodanna de. Tá
feidhm ag forálacha an Rialacháin seo, dá bhrí sin, maidir le foirceannadh agus
aistriú conartha, i dtaca le gach eilimint den chuachadh sin. (62) D'fhonn buntáiste iomlán a
bhaint as an timpeallacht iomaíoch, ba cheart go mbeadh críoch‑úsáideoirí
in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus soláthraithe a athrú nuair a théann
sé chun leasa dóibh sin a dhéanamh. Ba cheart do chríoch‑úsáideoirí dá
bhrí sin a bheith in ann aistriú gan bac a bheith orthu ag bacainní dlíthiúla,
teicniúla nó nós imeachta, lena n‑áirítear coinníollacha agus muirir
chonarthacha. Is é an deis uimhir a aistriú leat príomhéascaitheoir rogha
tomhaltóirí agus iomaíochta éifeachtaí. Ba cheart é a chur chun feidhme
laistigh den mhoill is lú ionas go ngníomhófar an uimhir laistigh d'aon lá
oibre ón gcomhaontú a thabhairt i gcrích maidir le huimhir a aistriú. Níor
cheart go mbeadh socrú billí gan íoc mar choinníoll chun iarratas ar aistriú a
chur i gcrích. (63) Ar mhaithe le tacú le soláthar
aonad‑uile-ghnó agus le heispéaras aistrithe gan uaim a éascú do chríoch‑úsáideoirí,
ba cheart gurb é an soláthraí fála cumarsáide leictreonaí don phobal a
stiúrfaidh an próiseas aistrithe. Níor cheart don soláthraí aistrithe
cumarsáide leictreonaí don phobal moill a chur ar an bpróiseas aistrithe ná cur
isteach air. Ba cheart próisis uathoibrithe a úsáid chomh fhorleathan agus is
féidir agus ardleibhéal cosanta sonraí pearsanta a áirithiú Trí infhaighteacht
faisnéis thrédhearcach, bheacht, agus thráthúil faoi aistriú ba cheart cur le
muinín na gcríoch‑úsáideoirí chun aistriú a dhéanamh agus iad a bheith
níos toilteanaí páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas iomaíoch. (64) Ba cheart conarthaí le
soláthraithe aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal a chealú go
huathoibríoch tar éis aistrí gan aon chéimeanna breise a éileamh ar chríoch‑úsáideoirí.
I gcás seirbhísí réamhíoctha ba cheart aon chomhardú creidmheasa nár caitheadh
a aisíoc leis an gcustaiméir aistrithe. (65) Ba cheart leanúnachas a chur
ar fáil do chríoch‑úsáideoirí agus iad ag athrú aitheantóirí tábhachtacha
seoltaí ríomhphoist. Chuige sin, agus lena áirithiú nach dtéann cumarsáid
ríomhphoist amú, ba cheart an deis a thabhairt do chríoch‑úsáideoirí áis
lena gcuirtear ar aghaidh ríomhphoist a roghnú arna tairiscint ag an soláthraí
seirbhíse rochtana idirlín aistrithe i gcásanna ina bhfuil seoladh ríomhphoist
ag an gcríoch‑úsáideoir arna sholáthar ag an soláthraí aistrithe. (66) Féadfaidh údaráis náisiúnta
inniúla na próisis dhomhanda maidir le huimhreacha a aistriú agus athrú a
leagan síos, ag cur forbairt teicneolaíochta san áireamh agus an gá próiseas
aistrithe tapa éifeachtúil agus áisiúil don tomhaltóir a áirithiú. Ba cheart d'údaráis
rialála náisiúnta bheith in ann bearta comhréireacha a fhorchur le críoch‑úsáideoirí
a chosaint go leormhaith ar feadh an phróisis aistrithe lena n‑áirítear
smachtbhannaí iomchuí a bhfuil gá leo le rioscaí a íoslaghdú maidir le mí-úsáid
nó moillithe nó críoch‑úsáideoirí a aistriú go soláthraí eile gan a
dtoiliú. Ba cheart dóibh freisin bheith in ann sásra cúitimh uathoibríoch a
shocrú do chríoch‑úsáideoirí sna cásanna sin (67) Ba cheart go mbeadh údaráis
rialála náisiúnta inniúla in ann gníomh éifeachtach a ghlacadh d'fhonn
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo agus an
comhlíonadh a áirithiú, lena n‑áirítear an chumhacht pionóis éifeachtacha
riaracháin nó airgeadais a fhorchur i gcás aon sárú ar an Rialachán sin. (68) Chun forbairtí margaidh agus
teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na
hIarscríbhinní a oiriúnú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an
Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin,
lena n‑áirítear le saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú
agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus
go hiomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (69) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí
cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh lena
gceanglaítear ar Bhallstáit a bpleananna a oiriúnú chun tráthchlár
comhchoiteann maidir le deonadh ceart úsáide agus ceadú úsáide iarbhíre a
chomhlíonadh. (70) Ba cheart na cumhachtaí cur
chun feidhme a bhaineann le comhchuibhiú agus comhordú údaraithe speictrim
raidió, saintréithe pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu, comhordú
idir Ballstáit maidir le leithdháileadh speictrim raidió, rialacha
teicneolaíochta agus modheolaíochta níos mionsonraithe maidir le táirgí
rochtana fíorúla Eorpacha agus cosaint rochtana idirlín agus maidir le
bainistiú tráchta réasúnta agus cáilíocht seirbhíse, ba cheart iad a fheidhmiú
i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle[25]. (71) Chun go n‑áiritheofar
comhsheasmhacht idir an cuspóir agus na bearta is gá leis an margadh aonair don
chumarsáid leictreonach a chomhlánú de bhun an Rialacháin seo agus roinnt
forálacha reachtacha sonracha atá ann cheana agus chun príomheilimintí
cleachtais cinnteoireachta i bun forbartha a léiriú, ba cheart Treoir 2002/21/CE,
Treoir 2002/20/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán Uimh. 531/2012
a leasú. Áirítear leis sin foráil a dhéanamh maidir le Treoir 2002/21/CE
agus na Treoracha gaolmhara a léamh in éineacht leis an Rialachán seo,
cumhachtaí treisithe de chuid an Choimisiúin a thabhairt isteach chun
comhsheasmhacht réiteach arna bhforchur ar sholáthraithe cumarsáide leictreonaí
Eorpach, a bhfuil cumhacht margaidh shuntasach acu i gcomhthéacs an tsásra
comhairliúcháin Eorpaigh, comhchuibhiú na gcritéar arna nglacadh agus sainiú
agus iomaíochas margaí ábhartha á measúnú, oiriúnú an chórais fógraíochta faoi
Threoir 2002/20/CE i bhfianaise an údarú AE aonair chomh maith le
haisghairm forálacha maidir le comhchuibhiú íosta ceart críoch‑úsáideoirí
dá bhforáiltear i dTreoir 2002/22/CE, a rinneadh iomarcach trí
chomhchuibhiú iomlán dá bhforáiltear sa Rialachán seo, a áirithiú. (72) Tá an margadh don chumarsáid
shoghluaiste ilroinnte i gcónaí san Aontas, agus níl aon líonra soghluaiste a
chumhdaíonn na Ballstáit uile. Mar gheall air sin, d'fhonn seirbhísí cumarsáide
soghluaiste a sholáthar dá gcustaiméirí baile a bhíonn ag taisteal laistigh den
Aontas, ní mór do sholáthraithe fánaíochta seirbhísí fánaíochta mórdhíola a
cheannach ó oibreoirí i mBallstát ar a dtugann siad cuairt. Cuimsítear sna
muirir mhórdhíola bac tábhachtach ar sheirbhísí fánaíochta a sholáthar ag
leibhéil praghsanna a chomhfhreagraíonn do sheirbhísí soghluaiste baile. Dá
bhrí sin ba cheart bearta breise a ghlacadh d'fhonn na muirir sin a ísliú
tuilleadh. Tugtar bealach chun costais mhórdhíola a inmheánú le comhaontuithe
tráchtála nó teicniúla i measc soláthraithe fánaíochta lena gceadaítear síneadh
fíorúil ar a gcumhdach líonra ar fud an AE. Ar mhaithe le dreasachtaí iomchuí a
sholáthar, ba cheart oibleagáidí rialála áirithe atá leagtha síos i
Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle[26]
a ghlacadh. Go háirithe, nuair a áirithíonn soláthraithe seirbhísí fánaíochta, trína
líonraí féin nó trí chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta
taraifí fánaíochta, go ndéantar taraifí fánaíochta ag leibhéal taraifí baile a
thairiscint trí mhainneachtain dá gcustaiméirí uile san Aontas, níor cheart go
mbeadh feidhm ag an oibleagáid atá ar sholáthraithe baile cur ar chumas a gcuid
custaiméirí seirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí aon soláthraí
fánaíochta eile a rochtain i gcás soláthraithe den sórt sin, faoi réir tréimhse
eatramhaí i gcás inar tugadh an rochtain sin cheana. (73) Is féidir le comhaontuithe déthaobhacha
nó iltaobhacha fánaíochta deis a thabhairt d'oibreoir soghluaiste caitheamh le
fánaíocht a dhéanann a chustaiméirí baile ar líonraí comhpháirtithe mar rud atá
comhionann a bheag nó mhór le seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí den sórt
ar a líonraí féin, le héifeachtaí dá réir sin ar a phraghsáil miondíola i
gcomhair cumhdaigh fhíorúil den sórt sin ar líne ar fud an Aontais. D'fhéadfadh
comhaontú den sórt sin ag an leibhéal mórdhíola deis a thabhairt táirgí nua
fánaíochta a fhorbairt agus dá réir sin rogha agus iomaíochas ag an leibhéal
miondíola a mhéadú. (74) Bunaítear sa Chlár Oibre
Digiteach don Eoraip agus i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 an cuspóir
beartais gur chóir don difríocht idir taraifí fánaíochta agus baile a bheith
cothrom le nialas. I dtéarmaí praiticiúla, éilítear leis seo gur cheart go
mbeadh tomhaltóirí atá in aon cheann de na catagóirí leathana inbhraite d'úsáid
bhaile, arna sainaithint trí thagairt do phacáistí miondíola baile éagsúla
páirtí, a bheith in ann aithris a dhéanamh go muiníneach ar a ngnáthphatrún
úsáide baile a bhaineann lena bpacáistí miondíola intíre faoi seach agus iad ag
taisteal taobh istigh den Aontas, gan aon chostais bhreise i gcoibhneas leo sin
a thabhaítear ag baile. Is féidir na catagóirí leathana sin a shainaithint ón
gcleachtas tráchtála reatha trí thagairt, mar shampla, don difreáil i bpacáistí
miondíola baile idir custaiméirí réamhíoctha agus custaiméirí iaríoctha.
Pacáistí-GSM amháin (i.e. guthghlao, SMS); pacáistí atá oiriúnaithe do
thoirteanna éagsúla úsáide; pacáistí don ghnó agus do thomhaltóirí faoi seach;
pacáistí miondíola a bhfuil praghsanna de réir an aonaid a úsáidtear orthu agus
pacáistí a thugann 'buicéad' aonad (e.g. nóiméid ghuthghlao, meigibhearta
sonraí) ar tháille caighdeánach, beag beann ar úsáid iarbhír. Freastalaítear
san éagsúlacht pleananna agus pacáistí taraife miondíola atá ar fáil do
chustaiméirí i margaí fón póca baile ar fud an AE ar éilimh éagsúla úsáideoirí
a bhaineann le margadh iomaíoch. Ba cheart solúbthacht den sórt sin i margaí
baile a léiriú freisin sa timpeallacht fánaíochta intíre-Aontais, agus a
thabhairt faoi deara go bhféadfadh an gá atá ag soláthraithe fánaíochta le hionchuir
mhórdhíola ó oibreoirí neamhspleácha líonra i mBallstáit difriúla bonn cirt a
thabhairt i gcónaí ar fhorchur teorainneacha trí thagairt d'úsáid réasúnta má
chuirtear taraifí baile i bhfeidhm ar úsáid fánaíochta den sórt sin. (75) Cé gur faoi na soláthraithe
seirbhísí fánaíochta atá sé ar an gcéad dul síos measúnú a dhéanamh iad féin ar
an gcineál réasúnta toirteanna guthghlaonna, SMS agus sonraí fánaíochta a
bhronntar faoina bpacáistí miondíola ar rátaí baile, ba cheart d'údaráis
rialála náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann soláthraithe
fánaíochta teorainneacha úsáide réasúnta den sórt sin i bhfeidhm agus a
áirithiú go bhfuil siad sainithe go sonrach trí thagairt a dhéanamh d'fhaisnéis
chainníochtúil mhionsonraithe sna conarthaí i dtéarmaí atá soiléir agus
trédhearcach do chustaiméirí. Agus sin á dhéanamh, ba cheart d'údaráis rialála
náisiúnta lánaird a thabhairt ar an treoir ábhartha a fhaigheann siad ó BEREC.
Ina treoir, ba cheart do BEREC patrúin úsáide éagsúla a aithint arna suíomh ag
buntreochtaí úsáide guthghlao, sonraí agus SMS ar leibhéal an Aontais, agus
éabhlóid na n‑ionchas, go háirithe i dtaca le húsáid sonraí gan sreang. (76) De bhreis air sin, leis an
laghdú suntasach ar rátaí críochnaithe soghluaiste ar fud an Aontais sa am seo
a ghabh tharainn, ba cheart deireadh a chur le muirir fánaíochta bhreise ar
ghlaonna isteach. (77) D'fhonn cobhsaíocht agus
ceannaireacht straitéiseach a thabhairt do ghníomhaíochtaí BEREC, ba cheart
Cathaoirleach lánaimseartha a bheith ag déanamh ionadaíochta do Bhord
Rialálaithe BEREC, ar bhonn tuillteanais, scileanna, eolais ar rannpháirtithe
sa mhargadh don chumarsáid leictreonach agus ar na margaí féin, agus ar bhonn
taithí is ábhartha do mhaoirseacht agus rialáil, i ndiaidh nós imeachta roghnúcháin
oscailte arna eagrú ag Bord na Rialálaithe le cúnamh ón gCoimisiún. Chun
an chéad chathaoirleach ar Bhord na Rialálaithe a ainmniú, ba cheart don
Choimisiún, inter alia, gearrliosta iarrthóirí a tharraingt suas ar
bhonn tuillteanais, scileanna, eolais ar rannpháirtithe sa mhargadh don
chumarsáid leictreonach agus ar na margaí féin, agus ar bhonn taithí is
ábhartha do mhaoirseacht agus rialáil. I gcás ainmniúchán ina dhiaidh
sin, ba cheart an deis maidir le gearrliosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún
a athbhreithniú i dtuarascáil atá le bunú de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart
dá bhrí sin Cathaoirleach Bhord na Rialálaithe, Coiste Bainistíochta agus
Bainisteoir Riaracháin a chuimsiú in Oifig BEREC. (78) Ba cheart Treoir 2002/20/CE,
Treoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009
agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a leasú dá réir. (79) Féadfaidh an Coimisiún tuairim
BEREC a lorg i gcónaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009,
nuair a mheasann sé go bhfuil gá leis chun forálacha an Rialacháin seo a chur
chun feidhme. (80) Urramaíonn an Rialachán seo
cearta bunúsacha agus urramaíonn sé na cearta agus na prionsabail atá
cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 8
(cosaint sonraí pearsanta), Airteagal 11 (saoirse cainte agus saoráil
faisnéise) Airteagal 16 (saoirse chun gnó a sheoladh), Airteagal 12
(neamh‑idirdhealú) agus Airteagal 38 (cosaint tomhaltóirí). (81) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na prionsabail rialála agus
rialacha mionsonraithe is gá le margadh aonair Eorpach don chumarsáid
leictreonach a chomhlánú, a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin,
de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a
bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh,
i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5
den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta,
atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil
riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Caibidil I
Forálacha ginearálta Airteagal 1 – Cuspóir agus raon
feidhme 1.
Bunaítear leis an Rialachán seo na prionsabail rialála
agus na rialacha mionsonraithe is gá chun margadh aonair Eorpach a chur i
gcrích le haghaidh cumarsáide leictreonaí sna cásanna seo a leanas: (a) tá sé de
cheart, de chumas agus de dhreasacht ag soláthraithe seirbhísí agus líonraí
cumarsáide leictreonaí a líonraí a fhorbairt, a leathnú agus a oibriú agus
seirbhísí a sholáthar beag beann ar an áit a bhfuil an soláthraí bunaithe nó a
bhfuil na custaiméirí lonnaithe san Aontas, (b) tá sé de
cheart agus de dheis ag saoránaigh agus ag gnólachtaí seirbhísí cumarsáide
leictreonaí atá iomaíoch, slán agus iontaofa a rochtain, beag beann ar cad as a
sholáthraítear iad san Aontas, gan cur isteach ó shrianta trasteorann nó ó
chostais bhreise nach bhfuil bonn leo. 2.
Bunaítear leis an Rialachán seo go háirithe prionsabail
rialála a ngníomhóidh an Coimisiún, Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um
Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus na húdaráis náisiúnta inniúla dá mbun,
gach ceann acu laistigh dá n‑inniúlachtaí féin, i gcomhréir le forálacha
Threoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/21/CE agus 2002/22/CE: a) coinníollacha
rialála atá simplithe, intuartha agus cóineasaithe a bhaint amach i ndáil le
príomhpharaiméadair riaracháin agus tráchtála, lena n‑áirítear maidir le
comhréireacht oibleagáidí aonair a d'fhéadfaí a fhorchur de bhun anailíse
margaidh; b) iomaíocht
inbhuanaithe laistigh den mhargadh aonair agus iomaíocht dhomhanda an Aontais a
chur chun cinn, agus rialáil margaidh earnáilshonrach a laghdú de réir mar a
bhaintear amach na cuspóirí sin; c) fabhar a
dhéanamh d'infheistíocht agus do nuálaíocht i mbonneagar nua feabhsaithe
ardtoillte atá scaipthe ar fud an Aontais agus a d'fhreastalódh ar éileamh atá
ag forbairt i gcónaí ó chríoch-úsáideoirí; d) soláthar
seirbhíse atá nuálaíoch agus ar ardcháilíocht a éascú; e) infhaighteacht
agus úsáid ardéifeachtach speictrim raidió a áirithiú, cibé a bhfuil sé faoi
réir údarúcháin ghinearálta nó ceart aonair úsáide, do sheirbhísí leathanbhanda
gan sreang, chun tacú le nuálaíocht, infheistíocht, postanna agus buntáistí don
chríoch-úsáideoir; f) freastal ar
leasanna saoránach agus críoch-úsáideoirí i lúdracht trí choinníollacha
infheistíochta a chothú chun rogha agus cáilíocht na rochtana ar líonra agus
seirbhíse a mhéadú, agus trí shoghluaiseacht ar fud an Aontais a éascú mar aon
le cuimsiú sóisialta agus críochach. 3.
D'fhonn cur chun feidhme na bprionsabal rialála
uileghabhálach atá leagtha amach i mír 2 a áirithiú, bunaítear leis an
Rialachán seo chomh maith na rialacha mionsonraithe is gá le haghaidh: (a) údarú AE
aonair le haghaidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha; (b) tuilleadh
cóineasaithe ar choinníollacha rialála maidir leis an ngá atá le réitigh, agus
comhréireacht na réiteach arna bhforchur ag údaráis rialála náisiúnta ar
sholáthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha; (c) soláthar
comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais táirgí áirithe mórdhíola don
leathanbhanda faoi choinníollacha rialála cóineasaithe; (d) creat
comhordaithe Eorpach chun speictream raidió comhchuibhithe a shannadh le
haghaidh seirbhísí cumarsáide leathanbhanda gan sreang, agus spás Eorpach gan
sreang á chruthú dá bhrí sin; (e) comhchuibhiú
rialacha a bhaineann le cearta críoch-úsáideoirí agus cur chun cinn iomaíochta
éifeachtaí i margaidh miondíola, agus spás Eorpach tomhaltóirí le haghaidh
cumarsáide leictreonaí á chruthú dá bhrí sin; (f) deireadh a
chur de réir a chéile le formhuirir gan bhunús le haghaidh cumarsáide laistigh
den Aontas agus le haghaidh cumarsáide fánaíochta laistigh den Aontas. Airteagal 2 – Sainmhínithe Chun críocha an
Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach sna
Treoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/21/CE, 2002/22/CE agus 2002/77/CE. Beidh feidhm
freisin ag na sainmhínithe seo a leanas: (1) ciallaíonn
'soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach' gnóthas atá bunaithe san Aontas agus
a sholáthraíonn, nó a bhfuil sé beartaithe aige a sholáthar, líonraí nó
seirbhísí cumarsáide leictreonaí, go díreach nó trí fhochuideachta amháin nó
níos mó, dírithe ar níos mó ná Ballstát amháin agus nach féidir a mheas mar
fhochuideachta de sholáthraí cumarsáide leictreonaí eile; (2) ciallaíonn
'soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal' gnóthas a sholáthraíonn líonraí
cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil
don phobal; (3) ciallaíonn
'fochuideachta' gnóthas a bhfuil cumhacht ag gnóthas eile ann go díreach nó go
hindíreach: (i) níos mó ná a
leath de na cearta vótála a fheidhmiú, nó (ii) níos mó ná a
leath de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó
comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil thar ceann an ghnóthais a
cheapadh, nó (iii) a bhfuil an
ceart aige, go díreach nó go hindíreach, gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú; (4) ciallaíonn
'údarú AE aonair' an creat dlí is infheidhme maidir le soláthraí cumarsáide
leictreonaí Eorpach san Aontas ar fad bunaithe ar an údarú ginearálta sa
Bhallstát baile agus i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(5) ciallaíonn
'Ballstát baile' an Ballstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí
cumarsáide leictreonaí Eorpaigh; (6) ciallaíonn
'príomhbhunaíocht' an áit bhunaíochta sa Bhallstát ina ndéantar na
príomhchinntí maidir le hinfheistíochtaí i seirbhísí nó líonraí cumarsáide
leictreonaí san Aontas, nó soláthar na seirbhísí nó líonraí sin; (7) ciallaíonn
'Ballstát óstach' aon Bhallstát nach é an Ballstát baile é áit a sholáthraíonn
soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach líonraí nó seirbhísí cumarsáide
leictreonaí; (8) ciallaíonn 'speictream raidió
comhchuibhithe le haghaidh cumarsáide leathanbhanda gan sreang' specitream
raidió dá gcomhchuibhítear na coinníollacha infhaighteachta agus úsáide
éifeachtaí ar leibhéal an Aontais, go háirithe de bhun Chinneadh 676/2002/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[27],
agus a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas
craoltóireacht; (9) ciallaíonn
'pointe rochtana gan sreang a bhfuil raon beag aige', trealamh ísealchumhachta
beag chun rochtain a fháil ar líonra gan sreang a oibríonn thar raon beag, a
d'fhéadfadh a bheith mar chuid de líonra cumarsáide soghluaiste trastíre
poiblí, agus a d'fhéadfadh a bheith feistithe le haeróg amháin nó níos mó gan
mórán tionchair amhairc, a thugann rochtain gan sreang don phobal ar líonraí
cumarsáide leictreonaí, beag beann ar an mbuntoipeolaíocht líonra; (10) ciallaíonn
'líonra ceantair logánta raidió' (RLAN) córas ísealchumhachta rochtana gan
spreag, a oibríonn thar raon beag, agus a mbaineann riosca íseal leis ó thaobh
cur isteach ar chórais chosúla eile atá in úsáid an‑ghar dó ag úsáideoirí
eile, agus a úsáideann, ar bhonn neamheisiach, speictream dá gcomhchuibhítear
na coinníollacha infhaighteachta agus úsáide éifeachtaí chun na críche sin ar
leibhéal an Aontais; (11) ciallaíonn
'rochtain fhíorúil ar leathanbhanda' cineál rochtana mórdhíola ar líonraí leathanbhanda
arb ionann í agus nasc rochtana fíorúla le háitreabh an chustaiméara thar
ailtireacht rochtana líonraí, cé is moite de dhíchuachadh fisiciúil, mar aon le
seirbhís tarchuir chuig tacar sainithe pointí aistrithe, agus lena n‑áirítear
eilimintí sonracha líonra, feidhmiúlachtaí sonracha líonra agus córais
choimhdeacha TF; (12) ciallaíonn
'táirge lúdrachta ar cháilíocht dhearbhaithe seirbhíse' táirge a chuirtear ar
fáil ag malartán prótacail idirlín (IP), a chuireann ar chumas custaiméirí nasc
cumarsáide IP a chur ar bun idir pointe idirnasctha agus pointe críche fosaithe
líonra amháin níos mó, agus a chumasaíonn leibhéil shainithe feidhmíochta
líonra ó cheann ceann chun seirbhísí sonracha a sholáthar do chríoch-úsáideoirí
ar bhonn cáilíochta ráthaithe sonraithe seirbhíse, bunaithe ar pharaiméadair
shonraithe; (13) ciallaíonn
'cianchumarsáid' seirbhísí guthghlaonna nó teachtaireachtaí a chuirtear i
gcrích lasmuigh den mhalartán áitiúil agus limistéir muirir réigiúnacha mar atá
sainaitheanta le cód ceantair geografach sa phlean náisiúnta uimhrithe; (14) ciallaíonn
'seirbhís rochtana idirlín' seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don
phobal agus a sholáthraíonn lúdracht leis an idirlíon, agus dá bhrí sin
lúdracht idir beagnach gach pointe deiridh atá ceangailte leis an idirlíon,
beag beann ar an teicneolaíocht líonra atá in úsáid; (15) ciallaíonn
'seirbhís speisialaithe' seirbhís cumarsáide leictreonaí nó seirbhís ar bith
eile a bhfuil de chumas inti inneachar sonrach, feidhmchláir nó seirbhísí, nó
teaglaim díobh, a rochtain agus a bhfuil a saintréithe teicniúla faoi rialú
ceann go ceann, nó a chumasaíonn sonraí a sheoladh chuig líon cinntithe
páirtithe nó pointí deiridh nó a fháil uathu; agus
ní dhéantar sin a mhargú ná a úsáid go forleathan mar ionadaí ar sheirbhís
rochtana idirlín; (16) ciallaíonn '
soláthraí fála cumarsáide leictreonaí don phobal' soláthraí cumarsáide
leictreonaí don phobal a n‑aistrítear an uimhir ghutháin nó an tseirbhís
chuige; (17) ciallaíonn
'soláthraí aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal' soláthraí cumarsáide
leictreonaí don phobal a n‑aistrítear uimhir ghutháin nó seirbhís uaidh; Caibidil II
Údarú AE aonair Airteagal 3 – Saoirse chun cumarsáid
leictreonach a sholáthar ar fud an Aontais 1.
Tá sé de cheart ag soláthraí cumarsáide leictreonaí
Eorpach líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas ar
fad agus na cearta a fheidhmiú atá nasctha le soláthar na líonraí agus na
seirbhísí sin i ngach Ballstát ina n‑oibríonn sé de bhun údaraithe AE
aonair nach bhfuil faoi réir ach na ceanglais fógartha dá bhforáiltear in Airteagal 4. 2.
Tá an soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach faoi réir
na rialacha agus na gcoinníollacha arna gcur i bhfeidhm i ngach Ballstát lena
mbaineann i gcomhréir le dlí an Aontais mura bhforáiltear a mhalairt sa
Rialachán seo agus gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 531/2012. 3.
De mhaolú ar Airteagal 12 de Threoir 2002/20/CÉ,
ní fhéadfaidh soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a bheith faoi réir
muirear riaracháin is infheidhme sa Bhallstát óstach ach amháin má tá
láimhdeachas bliantúil aige do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá os cionn
0.5 % den láimhdeachas iomlán náisiúnta do chumarsáid leictreonach. Ní chuirfear san áireamh i dtobhach na muirear sin
ach an láimhdeachas do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí sa Bhallstát lena
mbaineann. 4.
De mhaolú ar Airteagal 13(1)(b) de Threoir 2002/22/CE,
ní fhéadfaidh soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a bheith faoi réir na
ranníocaíochtaí arna bhforchur chun costas glan oibleagáidí na seirbhíse
uilíche a roinnt sa Bhallstát óstach ach amháin má tá láimhdeachas bliantúil
aige do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá os cionn 3 % den
láimhdeachas iomlán náisiúnta do chumarsáid leictreonach. Ní chuirfear san áireamh i dtobhach na
ranníocaíochta sin ach an láimhdeachas sa Bhallstát lena mbaineann. 5.
Beidh soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach i dteideal
córa comhionainne ó údaráis rialála náisiúnta na mBallstát éagsúil i gcásanna a
mbreathnaítear orthu go hoibiachtúil mar chásanna coibhéiseacha. 6.
I gcás agóide idir gnóthais a bhaineann le soláthraí
cumarsáide leictreonaí Eorpach i ndáil le hoibleagáidí is infheidhme i
gcomhréir le Treoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/21/CE
agus 2002/22/CE, an Rialachán seo nó Rialachán (AE) Uimh. 531/2012
i mBallstát óstach, féadfaidh an soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach dul i
gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát óstach, agus féadfaidh
siadsan tuairim a thabhairt d'fhonn forbairt cleachtas rialála atá
comhsheasmhach a áirithiú. Déanfaidh an t‑údarás
rialála náisiúnta sa Bhallstát óstach an tuairim arna heisiúint ag údarás
rialála náisiúnta an Bhallstáit óstaigh a chur san áireamh go huile agus go
hiomlán nuair atá an agóid á réiteach. 7.
Soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha a bhfuil sé
de cheart acu, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, líonraí agus
seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar i níos mó ná Ballstát amháin,
cuirfidh siad an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 4 isteach faoin 1 Iúil
2016 ar a dhéanaí. Airteagal 4 – Nós imeachta um fhógra a
thabhairt le haghaidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha 1.
Cuirfidh soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach fógra
aonair isteach i gcomhréir leis an Rialachán seo chuig údarás rialála náisiúnta
an Bhallstáit baile, sula gcuireann sé tús le gníomhaíocht i mBallstát amháin
ar a laghad. 2.
Sa fógra sin beidh dearbhú faoi sholáthar líonraí agus
seirbhísí cumarsáide leictreonaí, nó faoin tús atá beartaithe a chur lena
soláthar, agus ní bheidh ag gabháil leis ach an fhaisnéis seo a leanas: (a) ainm an tsoláthraí, a stádas dlíthiúil
agus a fhoirm dhlíthiúil, uimhir chlárúcháin, i gcás ina bhfuil an soláthraí
cláraithe ar chlár trádála, nó ar chlár cosúil poiblí eile, seoladh geografach
na príomhbhunaíochta, duine teagmhála, tuairisc ghairid ar na líonraí nó na
seirbhís arna soláthar nó atá beartaithe a sholáthar, lena n‑áirítear an
Ballstát baile a shainaithint; (b) an Ballstát óstach nó na Ballstáit óstacha
áit a sholáthraítear na seirbhísí agus na líonraí nó a bhfuil sé beartaithe iad
a sholáthar go díreach nó ag fochuideachtaí, agus i gcás fochuideachtaí, ainm,
stádas dlíthiúil agus foirm dhlíthiúil, seoladh geografach, uimhir chlárúcháin,
i gcás ina bhfuil an soláthraí cláraithe ar chlár trádála nó ar chlár cosúil
poiblí sa Bhallstát óstach, agus pointe teagmhála aon fhochuideachta lena
mbaineann agus na limistéir ábhartha oibriúcháin. I
gcás ina bhfuil fochuideachta faoi rialú dhá sholáthraí cumarsáide leictreonaí
nó níos mó le chéile, a bhfuil a bpríomhbhunaíochtaí i mBallstáit éagsúla,
cuirfidh an fhochuideachta an Ballstát baile ábhartha in iúl as measc
Bhallstáit na máthairchuideachtaí chun críche an Rialacháin seo, agus
tabharfaidh máthairchuideachta an Bhallstáit baile sin fógra dó dá réir sin. Tabharfar an fógra
sa teanga nó sna teangacha is infheidhme sa Bhallstát baile agus in aon
Bhallstát óstach. 3.
Déanfar aon athrú ar an bhfaisnéis a chuirtear isteach i
gcomhréir le mír 2 ar fáil d'údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile
laistigh de mhí ón athrú a dhéanamh. I gcás
ina mbaineann an t‑athrú atá le fógairt leis an rún líonraí nó seirbhísí
cumarsáide leictreonaí a sholáthar i mBallstát óstach nach bhfuil cumhdaithe ag
fógra cheana féin, féadfaidh an soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach tús a
chur le gníomhaíocht sa Bhallstát óstach sin tar éis fógra a fháil. 4.
Is ionann neamhchomhlíonadh an cheanglais maidir le fógra
a thabhairt atá leagtha síos san Airteagal seo agus sárú na gcoinníollacha
coiteanna is infheidhme maidir le soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach sa
Bhallstát baile. 5.
Cuirfidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile an
fhaisnéis a fhaigheann sé ar aghaidh i gcomhréir le mír 2, chomh maith le
haon athrú ar an bhfaisnéis sin i gcomhréir le mír 3, chuig údaráis
rialála náisiúnta na mBallstát óstach lena mbaineann agus chuig oifig BEREC
laistigh de sheachtain ón bhfaisnéis sin nó ó fhógra faoi athrú a fháil. Coimeádfaidh Oifig
BERC clárlann fógraí a mbeidh fáil ag an bpobal uirthi, i gcomhréir leis an
Rialachán seo. 6.
Arna iarraidh sin ag soláthraí cumarsáide leictreonaí
Eorpach, eiseoidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile dearbhú i
gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2002/20/CE, ina sonrófar go
bhfuil an gnóthas i dtrácht faoi réir an údaraithe AE aonair. 7.
I gcás ina measann údarás rialála náisiúnta amháin nó níos
mó i mBallstáit éagsúla nach bhfreagraíonn sainaithint an Bhallstáit baile i
bhfógra arna dhéanamh i gcomhréir le mír 2, nó aon athrú ar an bhfaisnéis
a soláthraíodh a cuireadh ar fáil i gcomhréir le mír 3, do
phríomhbhunaíocht an ghnóthais de bhun an Rialacháin seo, nó nach bhfreagraíonn
sé a thuilleadh don phríomhbhunaíocht sin, cuirfidh sé an cheist faoi bhráid an
Choimisiún agus tabharfaidh sé bunús leis an bhforas ar a bhfuil a mheasúnú
bunaithe. Cuirfidh cóip den mhéid sin chuig
Oifig BEREC mar eolas dóibh. Eiseoidh an
Coimisiún, tar éis dó deis a thabhairt don soláthraí ábhartha cumarsáide
leictreonaí Eorpach agus d'údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile atá faoi
dhíospóid a thuairimí a chur in iúl, cinneadh lena gcinnfear Ballstát baile an
ghnóthais i dtrácht de bhun an Rialacháin seo, laistigh de thrí mhí ón gceist a
chur faoina bhráid. Airteagal 5 – An t‑údarú AE
aonair a chomhlíonadh 1.
Déanfaidh údarás rialála náisiúnta gach Ballstáit lena
mbaineann faireachán agus áiritheoidh sé, i gcomhréir lena reachtaíocht
náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10
de Threoir 2002/20/CE, go gcomhlíonann soláthraithe cumarsáide leictreonaí
Eorpacha na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme ina chríoch i
gcomhréir le hAirteagal 3. 2.
Cuirfidh údarás rialála náisiúnta Ballstáit óstaigh aon
fhaisnéis ábhartha a bhaineann le bearta aonair arna nglacadh i ndáil le
soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach ar aghaidh chuig údarás rialála
náisiúnta an Bhallstáit baile d'fhonn comhlíonadh na rialacha agus na
coinníollacha is infheidhme ina chríoch i gcomhréir le hAirteagal 3 a
chomhlíonadh. Airteagal 6 – Cearta chun cumarsáid
leictreonach soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpach a chur ar fionraí agus
a tharraingt siar 1.
Gan dochar do na bearta a bhaineann le cearta úsáide don
speictream a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó uimhreacha arna mbronnadh
ag aon Bhallstát lena mbaineann agus bearta eatramhacha arna nglacadh i
gcomhréir le mír 3, ní féidir ach le húdarás rialála náisiúnta an
Bhallstáit baile cearta soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach i ndáil le
líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas ar fad nó
i gcuid de a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, i gcomhréir leis an
reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 10(5) de Threoir 2002/20/CE. 2.
I gcás sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís
agus arís eile ar na rialacha agus coinníollacha is infheidhme i mBallstát
óstach i gcomhréir le hAirteagal 3, nuair a theipeann ar bhearta a bhí
dírithe ar chomhlíonadh a rinne an t‑údarás rialála náisiúnta sa
Bhallstát óstach i gcomhréir le hAirteagal 5, cuirfidh sé an t‑údarás
rialála náisiúnta sa Bhallstát baile ar an eolas agus iarrfaidh sé air na
bearta dá bhforáiltear i mír 1 a ghlacadh. 3.
Go dtí go nglacfaidh údarás rialála náisiúnta an
Bhallstáit baile cinneadh críochnaitheach maidir le hiarraidh arna cur isteach
i gcomhréir le mír 2, féadfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit
baile bearta eatramhacha éigeandála a dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht
náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 10(6) de Threoir 2002/20/CE
i gcás ina bhfuil fianaise aige gur sáraíodh na rialacha agus na coinníollacha
is infheidhme ina chríoch i gcomhréir le hAirteagal 3. De mhaolú ón teorainn ama trí mhí dá bhforáiltear
in Airteagal 10(6) de Threoir 2002/20/CE, féadfaidh na bearta
eatramhacha sin a bheith bailí go dtí go nglacfaidh údarás rialála náisiúnta an
Bhallstáit baile cinneadh críochnaitheach. Cuirfear an
Coimisiún, BEREC agus údaráis rialála náisiúnta an Bhallstáit baile agus
Ballstát óstach eile ar an eolas faoin mbeart eatramhach arna ghlacadh in am
trátha. 4.
I gcás ina mbíonn údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit
baile ag cuimhneamh ar chinneadh a dhéanamh cearta soláthraí cumarsáide
leictreonaí Eorpach a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcomhréir le mír 1
ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag údarás rialála náisiúnta
Ballstáit óstaigh, cuirfidh sé an rún sin in iúl d'údaráis rialála náisiúnta
aon Bhallstáit óstaigh a ndéanfaidh an cinneadh sin difear dóibh. Féadfaidh údarás rialála náisiúnta Ballstáit
óstaigh tuairim a thabhairt uaidh laistigh de mhí amháin. 5.
Ag cur san áireamh go huile agus go hiomlán aon tuairime ó
údarás rialála náisiúnta na mBallstát óstach lena mbaineann, glacfaidh údarás
rialála náisiúnta an Bhallstáit baile cinneadh críochnaitheach agus cuirfidh sé
in iúl é don Choimisiún, do BEREC agus d'údaráis rialála náisiúnta na mBallstát
óstach a ndéanann an cinneadh sin difear dóibh, laistigh de sheachtain amháin
tar éis a ghlactha. 6.
I gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag údarás rialála
náisiúnta an Bhallstáit baile cearta soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a
chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcomhréir le mír 1, déanfaidh
údarás rialála náisiúnta aon Bhallstáit óstaigh lena mbaineann na bearta
iomchuí chun cosc a chur leis an soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach
tuilleadh seirbhísí nó líonraí a bhaineann leis an gcinneadh sin a sholáthar
laistigh dá chríoch. Airteagal 7 – Bearta forfheidhmiúcháin
a chomhordú 1.
Agus Airteagal 6 á chur i bhfeidhm, déanfaidh údarás
rialála náisiúnta an Bhallstáit baile bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin
a bhaineann le seirbhís nó líonra cumarsáide leictreonaí a sholáthraítear i
mBallstát eile nó a rinne damáiste i mBallstát eile, chomh díograiseach céanna
is a dhéanfadh dá mbeadh an tseirbhís nó líonra cumarsáide leictreonaí á
soláthar sa Bhallstát baile. 2.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé indéanta laistigh dá
gcríocha féin na doiciméid dhlíthiúla a bhaineann le bearta arna nglacadh i
gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 6 a sheirbheáil. Caibidil III
Ionchuir Eorpacha Roinn 1 - Úsáid an
speictrim raidió laistigh den mhargadh aonair a chomhordú Airteagal 8 – Raon feidhme agus
forálacha ginearálta 1.
Beidh feidhm ag an roinn seo maidir le speictream raidió
comhchuibhithe le haghaidh cumarsáide leathanbhanda gan sreang. 2. Beidh an roinn seo gan dochar do chearta na mBallstát leas a bhaint as
táillí arna bhforchur chun a áirithiú go mbaintear úsáid bharrmhaith as
acmhainní speictrim raidió i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2002/20/CE
agus speictream raidió a eagrú agus a úsáid ar mhaithe le hord poiblí, slándáil
phoiblí agus cosaint. 3.
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an roinn seo,
tabharfaidh an Coimisiún an aird is mó is féidir ar aon tuairim ábhartha a
eiseoidh an Grúpa um an mBeartas Radaispeictrim (RSPG) arna bhunú le Cinneadh
2002/622/CE ón gCoimisiún[28]. Airteagal 9 – Úsáid an speictrim
raidió le haghaidh cumarsáide leathanbhanda gan sreang:
prionsabail rialála 1. Na húdaráis
náisiúnta atá inniúil i speictream raidió, rannchuideoidh siad le spás gan
spreang a fhorbairt ina gcomhtháthófar an infheistíocht agus na coinníollacha
iomaíocha le haghaidh cumarsáide leathanbhanda ardluais gan sreang agus lena
bhfágfar gur féidir líonraí agus seirbhísí comhtháite ilchríochacha agus
barainneachtaí scála a phleanáil agus a sholáthar, sa chaoi is go gcothófar
nuálaíocht, fás eacnamaíoch agus leas fadtéarmach na gcríoch‑úsáideoirí. Staonfaidh na
húdaráis náisiúnta inniúla ó nósanna imeachta a chur i bhfeidhm nó
coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid an speictrim raidió más rud é go
gcuirfeadh siad bac míchuí ar sholáthraithe Eorpacha de chumarsáid leictreonach
ó thaobh seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí comhtháite a sholáthar i
roinnt Ballstát nó ar fud an Aontais. 2. Cuirfidh na
húdaráis náisiúnta inniúla an córas údaraithe lena mbaineann an t‑ualach
is éadroime agus is féidir i bhfeidhm d’fhonn úsáid an speictrim raidió a
údarú, ar bhonn critéar oibiachtúil, trédhearcach, neamh‑idirdhealaitheach
agus comhréireach, sa chaoi is go mbainfear an leas is mó is féidir as an
tsolúbthacht agus an éifeachtúlacht agus go ndéanfar coinníollacha
inchomparáide a chur chun cinn ar fud an Aontais le haghaidh infheistíochtaí
agus oibríochtaí ilchríochacha comhtháite a dhéanann soláthraithe Eorpacha de chumarsáid
leictreonach. 3.
Le linn dóibh coinníollacha agus nósanna imeachta
údaraithe a bhunú maidir le húsáid an speictrim raidió, tabharfaidh na húdaráis
náisiúnta inniúla aird go háirithe nach ndéanfar idirdhealú idir na hoibreoirí
atá ann cheana agus oibreoirí ionchasacha ná idir soláthraithe Eorpacha de chumarsáid
leictreonach agus gnóthais eile. 4.
Gan dochar do mhír 5, le linn do na húdaráis
náisiúnta inniúla coinníollacha agus nósanna imeachta údaraithe a bhunú maidir
le cearta úsáide an speictrim raidió, tabharfaidh siad aird ar na prionsabail
rialála seo a leanas agus tabharfaidh siad chun réitigh iad más gá: a) leas na gcríoch‑úsáideoirí
a uasmhéadú, lena n‑áirítear leas na gcríoch‑úsáideoirí i nuáil
agus in infheistíocht éifeachtúil fhadtéarmach i líonraí agus i seirbhísí gan
sreang agus in iomaíocht éifeachtach; b) a áirithiú go
mbainfear an úsáid is éifeachtúla as an speictream raidió agus go ndéanfar é a
bhainistiú sa tslí is éifeachtaí; c) coinníollacha
intuartha agus inchomparáide a áirithiú ionas gur féidir infheistíochtaí i
seirbhísí agus seirbhísí líonra a phleanáil ar bhonn ilchríochach agus
barainneachtaí scála a bhaint amach; d) an gá leis na
coinníollacha arna bhforchur agus a gcomhréireacht a áirithiú, lena n‑áirítear
trí mheasúnú oibiachtúil ar an mbonn cirt atá le coinníollacha breise a
fhorchur a d’fhéadfadh a bheith i bhfabhar nó chun aimhleas oibreoirí áirithe; e) cumhdach
críochach fairsing na líonaí leathanbhanda ardluais gan sreang agus leibhéal
ard dul i bhfód agus tomhaltais seirbhísí gaolmhara a áirithiú. 5.
Le linn d’údaráis náisiúnta inniúla breithniú a dhéanamh
faoinar cheart aon choinníollacha sonracha a fhorchur maidir le cearta úsáide
an speictrim raidió dá dtagraítear in Airteagal 10, tabharfaidh siad aird
ar leith ar na critéir atá leagtha síos san Airteagal sin. Airteagal 10 – Critéir ábhartha atá le
cur san áireamh maidir le húsáid an speictrim raidió 1. Le linn do na
húdaráis náisiúnta inniúla cinneadh a dhéanamh faoi mhéid agus chineál an
speictrim raidió a bheidh le sannadh i nós imeachta áirithe maidir le bronnadh
chearta úsáide an speictrim raidió, tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla
aird ar an méid seo a leanas: (a) saintréithe
teicniúla na mbandaí éagsúla de speictream raidió atá ar fáil, (b) an
fhéidearthacht bandaí comhlántacha a chónascadh in aon nós imeachta amháin; agus (c) cé chomh
hábhartha agus atá punanna comhleanúnacha de chearta úsáide an speictrim raidió
i mBallstáit éagsúla do sholáthar líonraí agus seirbhísí i margadh iomlán an
Aontais nó i gcuid shuntasach de. 2. Le linn do na
húdaráis náisiúnta inniúla cinneadh a dhéanamh ar cheart nó nár cheart méid
íosta nó méid uasta den speictream raidió a shonrú, méid a shaineofaí maidir le
ceart úsáide i mbanda ar leith nó i gcónascadh de bhandaí comhlántacha,
déanfaidh siad an méid seo a leanas a áirithiú: (a) an úsáid is
éifeachtúla a bhaint as an speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 9(4)(b),
agus saintréithe an bhanda nó na mbandaí lena mbaineann á gcur san áireamh; (b) infheistíocht
éifeachtúil sna líonraí i gcomhréir le hAirteagal 9(4)(a). Beidh an mhír seo
gan dochar do chur i bhfeidhm mhír 5 maidir leis na coinníollacha lena
sainítear na méideanna uasta den speictream raidió. 3. Áiritheoidh na
húdaráis náisiúnta inniúla go ndéanfaidh na táillí a bhaineann le cearta úsáide
an speictrim raidió, más ann dóibh: (a) luach
sóisialta agus eacnamaíoch an speictrim raidió, lena n‑áirítear
seachtrachtaí tairbhiúla, a léiriú go hiomchuí; (b) tearcúsáid a
sheachaint agus infheistíocht a chothú in acmhainneacht, i gcumhdach agus i
gcáilíocht na líonraí agus na seirbhísí; (c) idirdhealú a
sheachaint agus comhionannas deiseanna idir oibreoirí, lena n‑áirítear
idir oibreoirí atá ann cheana agus oibreoirí ionchasacha, a áirithiú; (d) cothromaíocht
bharrmhaith a bhaint amach idir íocaíochtaí láithreacha agus, más ann dóibh,
íocaíochtaí tréimhsiúla, ag féachaint go háirithe don ghá le feidhmiú céimneach
gasta na líonraí agus úsáid an speictrim raidió a dhreasú i gcomhréir le hAirteagal 9(4)(b)
agus (e). Beidh an mhír seo
gan dochar do chur i bhfeidhm mhír 5 maidir le haon choinníollacha as a
dtig táillí difreáilte idir na hoibreoirí agus atá leagtha síos d’fhonn
iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn. 4. Ní fhéadfaidh
na húdaráis náisiúnta inniúla oibleagáidí a fhorchur d’fhonn cumhdach críochach
íosta a bhaint amach, ach amháin más gá agus más comhréireach iad, i gcomhréir
le hAirteagal 9(4)(d), chun cuspóirí sonracha leasa choitinn a cinneadh ar
an leibhéal náisiúnta a bhaint amach. Le linn
do na húdaráis náisiúnta inniúla oibleagáidí den sórt sin a fhorchur,
tabharfaidh siad aird ar an méid seo a leanas: (a) aon chumhdach
atá á dhéanamh cheana sa chríoch náisiúnta ag na seirbhísí ábhartha, nó ag
seirbhísí cumarsáide leictreonaí eile; (b) líon na n‑oibreoirí
a d'fhéadfadh a bheith faoi réir oibleagáidí den sórt sin a íoslaghdú; (c) an deis an t‑ualach
a roinnt agus cómhalartacht a bheith ann idir oibreoirí éagsúla, lena n‑áirítear
soláthraithe de sheirbhísí cumarsáide leictreonaí eile; (d) na
hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo chun cumhdach den sórt sin a bhaint amach agus
an gá na hinfheistíochtaí sin a léiriú sna táillí is infheidhme; (e) oiriúnacht
theicniúil na mbandaí ábhartha chun cumhdach críochach fairsing a sholáthar go
héifeachtúil. 5. Le linn do na
húdaráis náisiúnta inniúla cinneadh a dhéanamh faoi aon cheann de na bearta
maidir le cur chun cinn na hiomaíochta éifeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)
de Chinneadh Uimh. 243/2012/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29] a fhorchur, bunóidh siad a
gcinneadh ar mheasúnú oibiachtúil fadbhreathnaitheach ar an méid seo a leanas,
agus tabharfaidh siad aird ar dhálaí an mhargaidh agus ar na tagarmharcanna atá
ar fáil: (a) an dócha nó
nach dócha go ndéanfar iomaíocht éifeachtach a chothabháil nó a bhaint amach in
éagmais na mbeart sin, agus (b) an éifeacht is
dócha a bheidh ag na bearta sealadacha sin ar infheistíochtaí atá á ndéanamh ag
oibreoirí an mhargaidh cheana nó a dhéanfaidh siad amach anseo. 6. Déanfaidh na
húdaráis náisiúnta inniúla dálaí a chinneadh faoina bhféadfaidh gnóthais cuid
dá gcearta indibhidiúla nó a gcearta indibhidiúla uile chun an speictream
raidió a úsáid, lena n‑áirítear comhroinnt an speictrim raidió sin, a
aistriú chuig gnóthais eile nó a léasú leo. Le
linn do na húdaráis náisiúnta inniúla na dálaí sin a chinneadh, tabharfaidh
siad aird ar an méid seo a leanas: (a) úsáid
éifeachtúil an speictrim raidió a bharrfheabhsú i gcomhréir le hAirteagal 9(4)(b); (b) a fhágáil gur
féidir úsáid a bhaint as deiseanna tairbhiúla comhroinnte; (c) leasanna na
sealbhóirí ceart atá ann cheana agus sealbhóirí ceart ionchasacha a thabhairt
chun réitigh; (d) margadh níos
solúbtha agus atá ag feidhmiú níos fearr a chruthú don rochtain ar an
speictream raidió. Beidh an mhír seo
gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta maidir le gnóthais. 7. Déanfaidh na
húdaráis náisiúnta inniúla comhroinnt an bhonneagair éighníomhaigh agus an
bhonneagair ghníomhaigh agus comhfheidhmiú céimneach an bhonneagair le haghaidh
cumarsáide leathanbhanda gan sreang a údarú, agus tabharfaidh siad aird ar an
méid seo a leanas: (a) an riocht ina
bhfuil an iomaíocht atá bunaithe ar bhonneagar agus aon iomaíocht bhreise atá
bunaithe ar sheirbhísí; (b) na ceanglais a
bhaineann le húsáid éifeachtúil an speictrim raidió; (c) rogha bhreise
seirbhíse agus seirbhís ar cháilíocht níos airde le haghaidh críoch‑úsáideoirí; (d) nuálaíocht
theicneolaíoch. Beidh an mhír seo
gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta maidir le gnóthais. Airteagal 11 – Forálacha breise maidir
le coinníollacha úsáide an speictrim raidió 1. I gcás ina
bhfágann na coinníollacha teicniúla maidir le hinfhaighteacht agus úsáid
éifeachtúil an speictrim raidió chomhchuibhithe le haghaidh cumarsáide
leathanbhanda gan sreang gur féidir an speictream raidió ábhartha a úsáid faoi
chóras údaraithe ginearálta, seachnóidh na húdaráis náisiúnta inniúla aon
choinníoll breise a fhorchur agus déanfaidh siad aon úsáid mhalartach a
chuirfeadh bac ar chur i bhfeidhm éifeachtach an chórais chomhchuibhithe sin a
chosc. 2. Bunóidh na
húdaráis náisiúnta inniúla coinníollacha údaraithe trína bhféadfar údarú aonair
nó ceart úsáide aonair a chúlghairm nó a chealú i gcás ina mainnítear go
leanúnach an speictream raidió ábhartha a úsáid. Féadfaidh
an chúlghairm nó an cealú sin bheith faoi réir cúiteamh iomchuí a fháil más
forais nach bhfuil neart ag an oibreoir orthu is cúis leis an mainneachtain an
speictream raidió a úsáid, agus go bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo. 3. Breithneoidh na
húdaráis náisiúnta inniúla an gá na híocaíochtaí cúitimh nó dreasachta seo a
leanas a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha iomaíochta, agus d’fhonn
speictream raidió comhchuibhithe leordhóthanach i mbandaí costéifeachtúla a
chur ar fáil nó a chomhroinnt go tráthúil le haghaidh seirbhísí leathanbhanda
ardtoillte gan sreang: (a) íocaíochtaí
cúitimh nó dreasachta cuí leis na húsáideoirí reatha nó le sealbhóirí chearta
úsáide an speictrim raidió, inter alia, trí chorprú sa chóras
tairisceana nó méid seasta i leith ceart úsáide; nó (b) íocaíochtaí
dreasachta le híoc le húsáideoirí reatha nó le sealbhóirí chearta úsáide an
speictrim raidió. 4. Breithneoidh na
húdaráis náisiúnta inniúla an gá le híosleibhéil feidhmíochta teicneolaíochta
iomchuí a shocrú le haghaidh bandaí éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 6(3)
de Chinneadh Uimh. 243/2012/CE d’fhonn éifeachtúlacht an speictrim a
fheabhsú agus gan dochar do na bearta arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 676/2002. Le linn dóibh na
leibhéil sin a shocrú, déanfaidh siad an méid seo a leanas go háirithe: (a) tabharfaidh
siad aird ar thimthriallta na forbartha teicneolaíochta agus ar thimthriallta
athnuachana an trealaimh, go háirithe an trealamh teirminéil; agus (b) cuirfidh siad
prionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de i bhfeidhm chun an
leibhéal feidhmíochta sonraithe a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 9
de Threoir 2002/21/CE. Airteagal 12 – Comhchuibhiú
coinníollacha údaraithe áirithe i ndáil le cumarsáid leathanbhanda gan sreang 1.
Bunóidh na húdaráis náisiúnta inniúla tráthchláir chun
cearta úsáide a bhronnadh nó a athshannadh, nó chun na cearta sin a athnuachan
faoi na téarmaí a bhaineann leis na cearta atá ann cheana, a mbeidh feidhm acu
maidir le speictream raidió atá comhchuibhithe le haghaidh cumarsáide
leathanbhanda gan sreang. Beidh an ré a
bhfuil na cearta úsáide bronnta ina leith nó na dátaí athnuachana ina dhiaidh
sin socraithe i bhfad roimh an nós imeachta ábhartha a áirítear sa tráthchlár
dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an gá
le timpeallacht infheistíochta intuartha, an deis éifeachtach aon bhandaí nua
speictrim raidió ábhartha atá comhchuibhithe le haghaidh cumarsáide
leathanbhanda gan sreang a scaoileadh agus an tréimhse chun infheistíochtaí
gaolmhara a amúchadh faoi choinníollacha iomaíocha a chur san áireamh sna
tráthchláir, sna réanna agus sna timthriallta athnuachana sin. 2. D’fhonn a áirithiú go
gcuirfear mír 1 i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud an Aontais agus go
háirithe ionas gur féidir seirbhísí gan sreang a chur ar
fáil ar chomhthráth laistigh den Aontas, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a
leanas a dhéanamh ag úsáid gníomhartha cur chun feidhme: (a) tráthchlár coiteann a bhunú don Aontas ina
iomláine, nó tráthchláir a bhaineann go sonrach leis na himthosca i gcatagóirí
éagsúla Ballstát a bhunú, maille leis an dáta nó na dátaí faoina mbronnfar
cearta úsáide aonair i leith banda chomhchuibhithe, nó i leith cónascadh de
bhandaí comhlántacha comhchuibhithe, agus faoina gceadófar an speictream raidió
a úsáid iarbhír chun cumarsáid leathanbhanda gan sreang a sholáthar ar fud an
Aontais ar bhonn eisiach nó comhroinnte; (b) ré íosta a chinneadh maidir leis na cearta
arna mbronnadh sna bandaí comhchuibhithe; (c) i gcás na gceart nach cearta de ré
éiginnte iad, dáta athnuachana nó éaga ar chomhthráth a chinneadh don Aontas
ina iomláine; (d) dáta éaga aon cheart úsáide reatha de
bhandaí comhchuibhithe seachas chun críche cumarsáid leathanbhanda gan sreang a
shainmhíniú, nó, i gcás ceart de ré éiginnte, an dáta faoina ndéanfar an ceart
úsáide a leasú, le go bhféadfar cumarsáid leathanbhanda gan sreang a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). 3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun
feidhme a ghlacadh freisin lena ndéanfar dáta éaga nó athnuachana chearta
úsáide aonair an speictrim raidió a chomhchuibhiú le haghaidh leathanbhanda gan
sreang i mbandaí comhchuibhithe, atá ann cheana ar an dáta a nglactar na
gníomhartha sin, d’fhonn an dáta ar a n‑athnuaitear nó a n‑athshanntar
na cearta úsáide le haghaidh na mbandaí sin a chur ar chomhthráth ar fud an
Aontais, lena n‑áirítear an deis é a chur ar chomhthráth leis an dáta ar
a n‑athnuaitear nó a n‑athshanntar bandaí eile a comhchuibhíodh trí
bhearta cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 nó leis an mír
seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an
nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). I gcás ina ndéantar dáta comhchuibhithe maidir
le hathnuachan nó athshannadh chearta úsáide an speictrim raidió a shainmhíniú
trí ghníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa mhír seo agus go bhfuil an
dáta comhchuibhithe sin níos deireanaí ná an dáta éaga nó an dáta athnuachana a
bhaineann le haon cheann de na cearta úsáide aonair atá ann cheana maidir leis
an speictream raidió sin in aon cheann de na Ballstáit, déanfaidh na húdaráis
náisiúnta inniúla na cearta sin atá ann cheana a shíneadh go dtí an dáta
comhchuibhithe faoi na coinníollacha údaraithe substainteacha céanna a bhí
infheidhme roimhe sin, lena n‑áirítear aon táillí tréimhsiúla is
infheidhme. I gcás go bhfuil an síneadh a bhronntar i
gcomhréir leis an dara fomhír i bhfad níos faide ná ré bhunaidh na gceart
úsáide, féadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla aon athruithe ar na
coinníollacha údaraithe a bhí infheidhme roimhe sin a dhéanamh ar shíneadh na
gceart más gá sin i bhfianaise na n‑imthosca atá athraithe, lena n‑áirítear
táillí breise a fhorchur. Beidh na táillí breise sin bunaithe ar pro rata
temporis a bheith curtha i bhfeidhm maidir le haon táille bhunaidh i leith
na gceart úsáide bunaidh a rinneadh a ríomh go sonrach de réir na ré a bhí
leagtha amach i dtosach. Ní cheanglóidh na gníomhartha cur chun feidhme
dá bhforáiltear sa mhír seo go mbeidh gá ré na gceart úsáide atá ann cheana in
aon cheann de na Ballstáit a ghiorrú ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 14(2)
de Threoir 2002/20/CE agus ní bheidh feidhm acu maidir leis na cearta de
ré éiginnte atá ann cheana. I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomh cur
chun feidhme de bhun mhír 2, féadfaidh sé forálacha na míre seo a chur i
bhfeidhm mutatis mutandis i leith aon cheart úsáide den bhanda
comhchuibhithe lena mbaineann le haghaidh leathanbhanda gan sreang. 4. Le linn don Choimisiún na gníomhartha
tarmligthe dá bhforáiltear i mír 2 agus mír 3 a ghlacadh, tabharfaidh
sé aird ar an méid seo a leanas: (a) na prionsabail rialála atá leagtha amach
in Airteagal 9; (b) éagsúlachtaí oibiachtúla atá ann ar fud an
Aontais maidir leis an ngá le speictream raidió breise chun leathanbhanda gan
sreang a sholáthar, agus tabharfaidh sé aird freisin ar an ngá le
comhspeictream raidió le haghaidh líonraí comhtháite a chlúdódh Ballstáit
éagsúla; (c) cé chomh hintuartha agus atá na
coinníollacha oibriúcháin d’úsáideoirí reatha an speictrim raidió; (d) glacadh, forbairt agus timthriallta
infheistíochta ó ghlúin amháin go glúin eile de theicneolaíochtaí leathanbhanda
gan sreang; (e) éileamh na gcríoch‑úsáideoirí ar
chumarsáid leathanbhanda ardtoillte gan sreang. Le linn don Choimisiún na tráthchláir a chinneadh
do chatagóirí éagsúla Ballstát nach bhfuil cearta úsáide aonair bronnta acu
agus nach bhfuil cead tugtha acu an banda comhchuibhithe lena mbaineann a úsáid
iarbhír, tabharfaidh sé aird chuí ar aon aighneachtaí a dhéanann Ballstáit
maidir leis an gcaoi ar bronnadh cearta úsáide an speictrim raidió go dtí sin,
ar na cúiseanna srianta dá bhforáiltear in Airteagal 9(3) agus (4) de Threoir 2002/21/CE,
ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann scaradh leis an mbanda lena mbaineann, ar
na héifeachtaí ar iomaíocht nó srianta geografacha nó teicniúla, agus
tabharfaidh sé aird ar an éifeacht ar an margadh inmheánach. Áiritheoidh an
Coimisiún nach ndéanfar an cur chun feidhme a chur siar go míchuí agus nach
mbeidh aon difríochtaí míchuí sna staideanna iomaíocha nó rialála idir
Ballstáit de thoradh aon éagsúlacht sna tráthchláir idir na Ballstáit. 5. Beidh mír 2 gan dochar don cheart atá
ag na Ballstáit cearta úsáide a bhronnadh i leith banda chomhchuibhithe agus
úsáid iarbhír banda chomhchuibhithe a cheadú sula nglacfar gníomh cur chun
feidhme i leith an bhanda sin, faoi réir chomhlíonadh na dara fomhír den mhír
seo, nó roimh an dáta comhchuibhithe a bhunaítear le gníomh cur chun feidhme i
leith an bhanda sin. I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta
inniúla cearta úsáide i mbanda comhchuibhithe a bhronnadh sula nglacfar gníomh
cur chun feidhme maidir leis an mbanda sin, saineoidh siad na coinníollacha
maidir le bronnadh den sórt sin, agus go háirithe na coinníollacha sin a
bhaineann le ré, le go mbeidh tairbhithe na gceart úsáide ar an eolas faoin
bhféidearthacht go nglacfadh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i
gcomhréir le mír 2 lena mbunaítear ré íosta do chearta den sórt sin nó
timthriall éaga nó athnuachana a bheidh ar chomhthráth ar fud an Aontais ina
iomláine. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le cearta de ré éiginnte a
bhronnadh. 6. I gcás na mbandaí comhchuibhithe sin a
bhfuil tráthchlár coiteann maidir le cearta úsáide a bhronnadh agus úsáid
iarbhír a cheadú bunaithe ina leith i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i
gcomhréir le mír 2, déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla faisnéis
thráthúil atá mionsonraithe a dóthain a chur ar fáil don Choimisiún maidir lena
bpleananna chun comhlíonadh a áirithiú. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur
chun feidhme a ghlacadh ina sainmhíneofar an fhormáid agus na nósanna imeachta
chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). I gcás ina measann an Coimisiún, ar
athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna mionsonraithe den sórt sin a chuireann
Ballstát ar fáil, nach dócha go hoibiachtúil go mbeidh an Ballstát lena
mbaineann in ann an tráthchlár is infheidhme maidir leis a chomhlíonadh, féadfaidh
an Coimisiún cinneadh a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme lena gceanglófar
ar an mBallstát sin a phleananna a oiriúnú ar bhealach iomchuí chun a áirithiú
go gcomhlíonfar an tráthchlár sin. Airteagal 13 – Comhordú na
gcoinníollacha agus nósanna imeachta údaraithe maidir le speictream raidió a
úsáid le haghaidh leathanbhanda gan sreang sa mhargadh inmheánach 1. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás
náisiúnta inniúil úsáid an speictrim raidió a chur faoi réir údaraithe
ghinearálta nó cearta aonair maidir le húsáid an speictrim raidió a bhronnadh,
nó cearta agus oibleagáidí a leasú maidir le húsáid an speictrim raidió i
gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2002/20/CE, cuirfidh sé a
dhréachbheart, maille leis an mbonn cirt leis, ar fáil an tráth céanna don
Choimisiún agus do na húdaráis atá inniúil i speictream raidió sna Ballstáit
eile, agus más infheidhme, tar éis don chomhairliúchán poiblí dá dtagraítear in
Airteagal 6 de Threoir 2002/21/CE teacht chun críche, agus ní
dhéanfaidh sé an méid sin, ar chor ar bith, ach ag céim sa phróiseas
ullmhúcháin a fhágann gur féidir leis faisnéis leormhaith agus sheasta a
thabhairt don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát eile i dtaobh na
gcúrsaí ábhartha uile. Tabharfaidh an t‑údarás náisiúnta inniúil
faisnéis ina mbeidh an t‑eolas seo a leanas ar a laghad, más infheidhme: (a) an cineál próisis údaraithe; (b) uainiú an phróisis údaraithe; (c) ré na gcearta úsáide; (d) cineál agus méid an speictrim raidió atá
ar fáil, ina iomláine nó d'aon ghnóthas ar leith; (e) méid agus struchtúr na dtáillí atá le
híoc; (f) cúiteamh nó dreasachtaí maidir le
húsáideoirí reatha a scarfadh leis an speictream raidió nó a chomhroinnfeadh é; (g) oibleagáidí maidir le cumhdach; (h) rochtain mhórdhíola, ceanglais fánaíochta náisiúnta
nó réigiúnacha; (i) speictream raidió a chur in áirithe do
chineálacha áirithe oibreoirí, nó cineálacha áirithe oibreoirí a eisiamh uaidh; (j) coinníollacha maidir le cearta úsáide a
shannadh, a aistriú nó a charnadh; (k) an deis an speictream raidió a úsáid ar
bhonn comhroinnte; (l) comhroinnt bonneagair; (m) íosleibhéil feidhmíochta teicneolaíochta; (n) srianta atá i bhfeidhm de réir Airteagal 9(3)
agus Airteagal 9(4) de Threoir 2002/21/CE; (o) ceart úsáide amháin nó níos mó, nó leasú
ar chearta nó ar choinníollacha a ghabhann le cearta den sórt sin nach féidir a
mheas gur mionleasú é de réir bhrí Airteagal 14(1) de Threoir 2002/20/CE,
a chúlghairm nó a tharraingt siar. 2. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla
agus an Coimisiún barúlacha a chur faoi bhráid an údaráis inniúil lena
mbaineann laistigh de thréimhse dhá mhí. Ní fhéadfar síneadh a chur leis an
tréimhse dhá mhí sin. Le linn don Choimisiún athbhreithniú a
dhéanamh ar an dréachtbheart i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh sé
aird ar an méid seo a leanas go háirithe: (a) forálacha Threoir 2002/20CE agus
Throier 2002/21/CE agus Chinneadh Uimh. 243/2012/CE; (b) na prionsabail rialála atá leagtha amach
in Airteagal 9; (c) na critéir ábhartha maidir le
coinníollacha sonracha áirithe atá leagtha amach in Airteagal 10 agus na
forálacha breise atá leagtha amach in Airteagal 11; (d) aon ghníomh cur chun feidhme a glacadh i
gcomhréir le hAirteagal 12; (e) comhleanúnachas le nósanna imeachta
reatha, atá ar feithimh nó atá beartaithe i mBallstáit eile, agus na
héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar thrádáil idir Ballstáit. Más rud é, laistigh den tréimhse sin, go
dtugann an Coimisiún fógra don údarás inniúil á rá go gcruthódh an
dréachtbheart bacainn ar an margadh inmheánach nó go bhfuil móramhras air i
dtaobh an bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais, ní ghlacfar an dréachtbheart
go ceann dhá mhí eile. Cuirfear an Coimisiún údaráis inniúla na mBallstát eile
ar an eolas faoin seasamh atá aige i dtaobh an dréachtbhirt i gcás den sórt sin. 3. Laistigh den tréimhse dhá mhí bhreise sin
dá dtagraítear i mír 2, oibreoidh an Coimisiún agus an t‑údarás
inniúil lena mbaineann go dlúth le chéile chun an beart is iomchuí agus is
éifeachtaí a shainaithint i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear i mír 2,
agus tabharfaidh siad aird chuí ar thuairimí na rannpháirtithe sa mhargadh agus
ar an ngá le forbairt cleachtais chomhsheasmhaigh rialála a áirithiú. 4. Ag céim ar bith le linn an nós imeachta,
féadfaidh an t‑údarás inniúil a dhréachtbheart a leasú nó a tharraingt
siar agus fógra an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 2 á chur san áireamh
go huile agus go hiomlán aige. 5. Le linn na tréimhse breise dhá mhí dá
dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún: a) dréachtchinneadh a chur faoi bhráid an
Choiste Cumarsáide lena gceanglófaí ar an údarás inniúil lena mbaineann an
dréachtbheart a tharraingt siar. Beidh anailís mhionsonraithe agus oibiachtúil
ar na cúiseanna lena bhfuil an Coimisiún den tuairim nár cheart an
dréachtbheart mar a fógraíodh é a ghlacadh ag gabháil leis an dréachtchinneadh,
maille le tograí sonracha chun an dréachtbheart a leasú más gá; nó b) cinneadh a dhéanamh a sheasamh i dtaobh an
dréachtbhirt lena mbaineann a athrú. 6. I gcás nach ndearna an Coimisiún
dréachtbheart dá dtagraítear i mír 5(a) a thíolacadh ná cinneadh dá
dtagraítear i mír 5(b) a dhéanamh, féadfaidh an t‑údarás inniúil
lena mbaineann an dréachtbheart a ghlacadh. I gcás ina ndearna an Coimisiún
dréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 5(a) a thíolacadh, ní ghlacfaidh an t‑údarás
inniúil an dréachtbheart go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí ó dháta an
fhógra a seoladh chuig an údarás inniúil de bhun mhír 2. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh a
sheasamh i dtaobh an dréachtbhirt lena mbaineann a athrú ag aon céim den nós
imeachta, lena n‑áirítear tar éis dréachtchinneadh a bheith curtha faoi
bhráid an Choiste Cumarsáide. 7. Déanfaidh an Coimisiún aon chinneadh lena
gceanglaítear ar an údarás inniúil a dhréachtbheart a tharraingt siar a
ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun
feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 33(2). 8. I gcás ina bhfuil cinneadh glactha ag an
gCoimisiún i gcomhréir le mír 7, déanfaidh an t‑údarás inniúil an dréachtbheart
a leasú nó a tharraingt siar laistigh de shé mhí ó dháta an fhógra faoi
chinneadh an Choimisiúin. Nuair a bheidh an dréachtbheart leasaithe,
tabharfaidh an t‑údarás inniúil faoi chomhairliúchán poiblí más iomchuí,
agus cuirfidh sé an dréachtbheart leasaithe ar fáil don Choimisiún i gcomhréir
le mír 1. 9. Cuirfidh an t‑údarás inniúil lena
mbaineann barúlacha údaráis inniúla na mBallstát eile agus an Choimisiúin san
áireamh go huile agus go hiomlán agus féadfaidh sé, cé is moite sna cásanna a
thagann faoin tríú fomhír de mhír 2, agus faoin dara fomhír de mhír 6
agus mír 7, an dréachtbheart a thig astu a ghlacadh agus i gcás ina ndéanann sé
sin, cuirfidh sé in iúl don Choimisiún é. 10. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an
Coimisiún ar an eolas faoi thorthaí an nós imeachta lena mbaineann a bheart a
luaithe a thabharfar an nós imeachta sin chun críche. Airteagal 14 – Rochtain ar líonraí
ceantair logánta raidió 1. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla
soláthar rochtana trí líonraí ceantair logánta raidió ar líonra soláthraí
cumarsáide leictreonaí, maille le húsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe
chun críche an tsoláthair sin, a cheadú don phobal, faoi réir údaraithe
ghinearálta amháin. 2. Ní chuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla
cosc ar sholáthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal rochtain a
thabhairt don phobal ar a gcuid líonraí, trí líonraí ceantair logánta raidió, a
d'fhéadadh a bheith in áitreabh an chríoch‑úsáideora, ar choinníoll gur
comhlíonadh coinníollacha an údaraithe ghinearálta agus go bhfuarthas comhaontú
roimh ré ón gcríoch‑úsáideoir. 3. Ní chuirfidh soláthraithe de chumarsáid
leictreonach don phobal srian go haontaobhach ar an méid seo a leanas: a) an ceart atá ag críoch‑úsáideoirí
aontú dá rogha líonraí ceantair logánta raidió atá á gcur ar fáil ag tríú
páirtithe; b) an ceart atá ag críoch‑úsáideoirí
rochtain ar líonraí na soláthraithe sin a thabhairt ar bhonn cómhalartach nó ar
bhonn níos ginearálta do chríoch‑úsáideoirí eile trí líonraí ceantair
logánta raidió, lena n‑áirítear ar bhonn tionscnamh ó thríú páirtithe a
dhéanann líonraí ceantair logánta raidió críoch‑úsáideoirí éagsúla a
chónascadh agus a chur ar fáil don phobal. 4. Ní chuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla
srian ar an gceart atá ag críoch‑úsáideoirí rochtain ar a líonraí
ceantair logánta raidió a thabhairt ar bhonn cómhalartach nó ar bhonn níos
ginearálta do chríoch‑úsáideoirí eile, lena n‑áirítear ar bhonn
tionscnamh ó thríú páirtithe a dhéanann líonraí ceantair logánta raidió críoch‑úsáideoirí
éagsúla a chónascadh agus a chur ar fáil don phobal. 5. Ní chuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla
srian ar rochtain phoiblí a thabhairt ar líonraí ceantair logánta raidió: (a) d’údaráis phoiblí atá in áitribh ina
bhfuil údaráis phoiblí den sórt sin nó atá i ngarchomharsanacht na n‑áitreabh
sin, más seirbhís í atá coimhdeach leis na seirbhísí poiblí a sholáthraítear
sna háitribh sin; (b) ar thionscnaimh eagraíochtaí
neamhrialtasacha nó údarás poiblí chun líonraí ceantair logánta raidió críoch‑úsáideoirí
éagsúla a chónascadh agus a chur ar fáil don phobal ar bhonn cómhalartach nó ar
bhonn níos ginearálta, lena n‑áirítear, nuair is infheidhme, na líonraí
ceantair logánta raidió a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu i gcomhréir le
fophointe (a). 6. Ní mheasfar gnóthas, údarás poiblí nó críoch‑úsáideoir
eile a bheith ina sholáthraí cumarsáide leictreonaí don phobal de bhua amháin
go dtugann sé rochtain don phobal ar líonraí ceantair logánta raidió, i gcás
nach soláthar tráchtála an soláthar sin, nó i gcás nach bhfuil ann ach seirbhís
atá coimhdeach le gníomhaíocht tráchtála nó seirbhís phoiblí eile nach bhfuil
ag brath ar chomharthaí a iompar ar na líonraí sin. Airteagal 15 – Úsáid agus oibriú
pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu 1. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla
úsáid, nascadh agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu
agus atá neamhshonraíoch a cheadú faoi chóras an údaraithe ghinearálta agus ní
chuirfidh siad srian míchuí ar an úsáid, nascadh nó oibriú sin trí cheadanna
aonair pleanála baile ná ar aon shlí eile, má tá an úsáid sin ag comhlíonadh na
mbeart cur chun feidhme a ghlacadh de bhun mhír 2. Tá an mhír seo gan dochar don chóras údaraithe
maidir leis an speictream raidió atá in úsáid chun na pointí rochtana gan
sreang a bhfuil raon beag acu a oibriú. 2. Chun críocha chur chun feidhme
aonfhoirmeach chóras an údaraithe ghinearálta maidir le húsáid, nascadh agus
oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu de bhun mhír 1,
féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a úsáid chun saintréithe
teicniúla a shonrú maidir le dearadh, úsáid agus oibriú pointí rochtana gan
sreang a bhfuil raon beag acu, agus áiritheoidh comhlíonadh an ghnímh sin go
mbeidh na pointí sin neamhshonraíoch agus iad in úsáid i gcomhthéacsanna
éagsúla logánta. Saineoidh an Coimisiún na saintréithe teicniúla sin trí
thagairt do mhéid uasta, do chumhacht, do shaintréithe leictreamaighnéadacha,
agus do thionchar amhairc, na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag
acu atá curtha in úsáid. Na saintréithe teicniúla sin maidir le húsáid pointí
rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu, comhlíonfaidh siad ar a laghad
ceanglais Threoir 2013/35/AE[30]
agus na tairseacha atá sainmhínithe i Moladh Uimh. 1999/519/CE ón
gComhairle[31]. Na saintréithe teicniúla sin atá sonraithe le
go bhféadfar úsáid, nascadh agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil
raon beag acu a chuimsiú faoi mhír 1, beidh siad gan dochar do cheanglais
bhunúsacha Threoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le táirgí den chineál sin a chur ar an margadh[32]. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). Airteagal 16 – Comhordú an speictrim
raidió i measc na mBallstát 1. Gan dochar dá n‑oibleagáidí faoi
chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear Rialacháin Raidió
an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide, áiritheoidh na húdaráis náisiúnta
inniúla go n‑eagrófar úsáid an speictrim raidió ar a gcríoch, agus
déanfaidh siad go háirithe gach beart is gá maidir le leithdháileadh nó sannadh
an speictrim raidió, ionas nach gcuirfear bac ar aon Bhallstát eile cead a
thabhairt banda sonrach comhchuibhithe a úsáid ar a chríoch i gcomhréir le
reachtaíocht an Aontais. 2. Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile
chun comhordú ar bhonn trasteorann a dhéanamh ar úsáid an speictrim raidió lena
áirithiú go gcomhlíonfar mír 1 agus lena áirithiú nach séanfaidh aon
Bhallstát rochtain chothromasach ar an speictream raidió. 3. Féadfaidh aon Bhallstát lena mbaineann
cuireadh a thabhairt don Ghrúpa um an mBeartas Radaispeictrim an dea-mhian atá
aige a úsáid chun cabhrú leis agus le haon Bhallstát eile chun an tAirteagal seo
a chomhlíonadh. Féadfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme
a ghlacadh lena áirithiú go n‑urraimeoidh torthaí an chomhordaithe an
ceanglas maidir le rochtain chothromasach ar an speictream raidió i measc na
mBallstát ábhartha, le haon neamhréireachtaí praiticiúla thorthaí ar leith an
chomhordaithe i mBallstáit dhifriúla a réiteach, nó chun forfheidhmiú réiteach
comhordaithe a áirithiú faoi dhlí an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun
feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 33(2). Roinn 2 – Táirgí Eorpacha de rochtain
fhíorúil Airteagal 17 – Táirge Eorpach de
rochtain fhíorúil ar leathanbhanda 1.
Measfar gurb é atá i soláthar táirge de rochtain fhíorúil
ar leathanbhanda atá ceangailte i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 12
de Threoir 2002/19/CE soláthar táirge Eorpaigh de rochtain fhíorúil ar
leathanbhanda má sholáthraítear é i gcomhréir leis na paraiméadair íosta atá
liostaithe i gceann de na Tairiscintí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I
agus go sásaíonn sé ar bhonn carnach na ceanglais shubstaineacha seo a leanas: (a) an deis é a thairiscint mar tháirge
ardcháilíochta aon áit san Aontas; (b) uasleibhéal idir-inoibritheachta líonra
agus seirbhíse agus bainistíocht líonra neamh‑idirdhealaitheach idir
oibreoirí i gcomhréir le típeolaíocht na líonraí; (c) acmhainn freastal ar chríoch‑úsáideoirí
ar bhonn iomaíoch; (d) éifeachtúlacht costais, agus aird a
thabhairt ar an acmhainn é a chur chun feidhme ar líonraí reatha agus nua agus
an acmhainn é a úsáid ag an am céanna le táirgí rochtana eile a fhéadfar a
sholáthar ar an mbonneagar líonra céanna; (e) éifeachtúlacht oibríochtúil, go háirithe
maidir le bacainní forfheidhmithe agus costais úsáide ar sholáthraithe de
rochtain fhíorúil ar leathanbhanda agus ar iarrthóirí ar rochtain fhíorúil ar
leathanbhanda a theorannú a mhéid is féidir; (f) go n‑urramófar na rialacha
maidir le cosaint ar phríobháideachas, sonraí pearsanta, slándáil
agus sláine líonraí agus an trédhearcacht i gcomhréir le dlí an
Aontais. 2. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
i gcomhréir le hAirteagal 32 d’fhonn Iarscríbhinn I a oiriúnú i
bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha, chun leanúint
de na ceanglais shubstainteacha atá liostaithe i mír 1 a chomhlíonadh. Airteagal 18 – Coinníollacha rialála
maidir le táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda 1.
I gcás go ndearna údarás náisiúnta rialála oibleagáid chun
rochtain mhórdhíola a thabhairt ar líonra den chéad ghlúin eile a fhorchur ar
oibreoir i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 12 de Threoir 2002/19/CE,
déanfaidh sé measúnú féachaint an mbeadh sé oiriúnach agus comhréireach
oibleagáid chun táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a
sholáthar ina ionad sin a bhfuil feidhmiúlachtaí aige atá coibhéiseach ar a
laghad leis an táirge rochtana mórdhíola atá á fhorchur aige faoi láthair. Na húdaráis
náisiúnta rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh siad an measúnú
riachtanach ar na leigheasanna atá ann cheana i dtaobh rochtana mórdhíola a
luaithe is féidir tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, is cuma faoi
uainiú na hanailíse ar na margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 16(6)
de Threoir 2002/21/CE. Más rud é go
bhfuil údarás náisiúnta rialála a d’fhorchuir oibleagáid chun rochtain fhíorúil
ar leathanbhanda a sholáthar den tuairim, tar éis dó measúnú a dhéanamh de bhun
na chéad fhomhíre, nach bhfuil táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar
leathanbhanda oiriúnach sna himthosca sonracha, tabharfaidh sé míniú
réasúnaithe faoi ina dhréachtbheart i gcomhréir leis an nós imeachta atá
leagtha amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 2002/21/CE. 2.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta
rialála oibleagáid chun rochtain mhórdhíola ar líonra den chéad ghlúin eile a
fhorchur ar oibreoir i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 12 de
Threoir 2002/19/CE, déanfaidh sé measúnú go háirithe, sa bhreis ar na
tosca atá leagtha síos in Airteagal 12(2) den Treoir sin, ar an bhfiúntas
faoi seach a bhainfeadh leis an méid seo a leanas a fhorchur: (i)
ionchur mórdhíola éighníomhach amhail rochtain fhisicúil
dhíchuachta ar an lúb nó ar an bhfolúb logánta; (ii)
ionchur mórdhíola neamhfhisiciúil nó fíorúil ina mbeadh
feidhmiúlachtaí coibhéiseacha, agus go háirithe táirge Eorpach de rochtain
fhíorúil ar leathanbhanda a chomhlíonann na ceanglais agus na paraiméadair
shubstainteacha atá leagtha amach in Airteagal 17(1) agus in Iarscríbhinn I,
pointe 1, den Rialachán seo. 3.
De mhaolú ar Airteagal 12(3) de Threoir 2002/19/CE,
más rud é go bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta rialála oibleagáid chun
rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a sholáthar a fhorchur ar oibreoir i
gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 12 den Treoir sin, déanfaidh
sé oibleagáid a fhorchur chun táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar
leathanbhanda a sholáthar a bhfuil na feidhmiúlachtaí is ábhartha aige leis an
riachtanas rialála a sainaithníodh sa mheasúnú a chomhlíonadh. I gcás ina bhfuil údarás náisiúnta rialála den
tuairim nach mbeadh táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda
oiriúnach sna himthosca sonracha sin, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe faoi ina
dhréachbheart i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 6
agus Airteagal 7 de Threoir 2002/21/CE. 4.
I gcás ina bhfuil measúnú á dhéanamh de bhun mhír 1,
mhír 2 nó mhír 3 faoinar cheart nó nár cheart táirge Eorpach de
rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a fhorchur in ionad aon táirge eile de
rochtain mhórdhíola, tabharfaidh an t‑údarás náisiúnta rialála aird ar an
spéis atá i gcoinníollacha rialála cóineasaithe ar fud an Aontais maidir le
leigheasanna i leith rochtana miondíola, ar riocht reatha agus ionchasach na
hiomaíochta atá bunaithe ar bhonneagar agus ar an éabhlóid ar dhálaí an
mhargaidh maidir le líonraí iomaíocha den chéad ghlúin eile a sholáthar, ar
infheistíochtaí a rinne an t‑oibreoir atá ainmnithe mar oibreoir a bhfuil
cumhacht shuntasach aige sa mhargadh agus ag cuardaitheoirí rochtana, agus ar
an tréimhse amúchta do na hinfheistíochtaí sin. Leagfaidh an t‑údarás
náisiúnta rialála síos idirthréimhse chun táirge Eorpach de rochtain fhíorúil
ar leathanbhanda a chur in ionad táirge de rochtain mhórdhíola atá ann cheana. 5.
De mhaolú ar Airteagal 9(3) de Threoir 2002/19/CE,
i gcás ina bhfuil oibleagáidí ar oibreoir faoi Airteagal 8 agus Airteagal 12
den Treoir sin táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a
sholáthar, áiritheoidh na húdaráis náisiúnta rialála go bhfoilseofar tairiscint
tagartha ina mbeidh, ar a laghad, na heilimintí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I,
pointe 1, pointe 2 nó pointe 3, de réir mar a bheidh. 6.
De mhaolú ar Airteagal 16(3) de Threoir 2002/21/CE,
ní dhéanfaidh údarás náisiúnta rialála tréimhse fógra shainordaitheach a
fhorchur sula dtarraingeofar siar oibleagáid a forchuireadh roimhe sin chun
táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a chomhlíonann na
ceanglais agus na paraiméadair shubstainteacha atá leagtha amach in Airteagal 17(1)
agus in Iarscríbhinn I, pointe 2 den Rialachán seo a thairiscint, má
thugann an t‑oibreoir lena mbaineann gealltanas ar bhonn deonach táirge
den sórt sin a chur ar fáil ar iarratas ó thríú páirtithe ar théarmaí córa agus
réasúnacha do thréimhse bhreise trí bliana. 7.
Más rud é go bhfuil údarás náisiúnta rialála ag déanamh
breithniú, maidir le measúnú de bhun mhír 2 nó mhír 3, faoinar cheart
dó rialuithe praghsanna a fhorchur nó a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 13
de Threoir 2002/19/CE maidir le rochtain mhórdhíola ar líonraí den chéad
ghlúin eile, bíodh sin trí tháirgí Eorpacha de rochtain fhíorúil ar
leathanbhanda nó ar shlí eile, tabharfaidh sé aird ar riocht na hiomaíochta i
dtaobh phraghsanna, rogha agus cháilíocht na dtáirgí atá á dtairiscint ar an
leibhéal miondíola. Tabharfaidh sé aird ar
éifeachtacht na cosanta i gcoinne idirdhealaithe ar an leibhéal mórdhíola agus
ar riocht na hiomaíochta atá bunaithe ar bhonneagar ó líonraí eile fosaithe nó
ó líonraí gan sreang, agus cuirfidh sé béim chuí ar an ról atá ag iomaíocht
bhonneagarbhunaithe atá ann idir líonraí den chéad ghlúin eile maidir le
feasbhsúcháin bhreise a éileamh maidir leis an gcáilíocht do chríoch‑úsáideoirí,
d’fhonn a chinneadh an mbeadh nó nach mbeadh gá le rialuithe praghsanna ar
rochtain mhórdhíola nó an mbeadh nó nach mbeadh siad comhréireach sa chás
sonrach sin. Airteagal 19 – Táirge lúdrachta ar
cháilíocht dhearbhaithe seirbhíse (ASQ) 1.
Beidh sé de cheart ag aon oibreoir táirge lúdrachta
Eorpach ASQ a sholáthar mar atá sonraithe i mír 4. 2.
Sásóidh gach oibreoir aon iarratas réasúnach ar tháirge
lúdrachta Eorpach ASQ a sholáthar mar atá sonraithe i mír 4 a chuirfidh
soláthraí údaraithe de sheirbhísí cumarsáide leictreonaí isteach i scríbhinn. Aon diúltú táirge Eorpach ASQ a sholáthar, beidh sé
bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Sonróidh an t‑oibreoir
na cúiseanna le haon diúltú laistigh de mhí amháin tar éis dó an t‑iarratas
i scríbhinn a fháil. Measfar gur foras
oibiachtúil le diúltú é nuair nach bhfuil an páirtí atá ag iarraidh go
soláthrófaí táirge Eorpach lúdrachta ASQ dó in ann nó nach bhfuil sé
toilteanach táirge Eorpach lúdrachta ASQ a chur ar fáil laistigh den Aontas nó
i dtríú tíortha don pháirtí ar ar iarradh sin ar théarmaí réasúnacha, má iarann
an páirtí deireanach sin amhlaidh. 3.
I gcás ina ndiúltaítear don iarratas, nó nach dtagtar ar
chomhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha, lena n‑áirítear
ó thaobh praghais de, laistigh de dhá mhí ón iarraidh i scríbhinn a fháil,
beidh ceachtar páirtí i dteideal an cheist a chur faoi bhráid an údaráis
rialála náisiúnta ábhartha de bhun Airteagal 20 de Threoir 2002/21/CE. Ina leithéid sin de chás, beidh feidhm ag Airteagal 3(6)
den Rialachán seo. 4.
Measfar gurb é atá i soláthar táirge lúdrachta soláthar
táirge Eorpaigh lúdrachta ASQ má sholáthraítear é i gcomhréir leis na
paraiméadair íosta atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus go sásaíonn sé ar
bhonn carnach na ceanglais shubstaineacha seo a leanas: (a) an deis é a
thairiscint mar tháirge ardcháilíochta aon áit san Aontas; (b) go gcuireann
sé ar chumas soláthraithe seirbhíse riachtanais a gcríoch‑úsáideoirí a
chomhlíonadh; (c) éifeachtúlacht
costais, agus réitigh atá ann cheana a fhéadfar a sholáthar ar na líonraí
céanna á gcur san áireamh; (d) éifeachtúlacht
oibríochtúil, go háirithe maidir le bacainní forfheidhmithe agus costais úsáide
ar chustaiméirí a theorannú a mhéid is féidir; agus (e) go n‑urramófar
na rialacha maidir le cosaint ar phríobháideachas, sonraí pearsanta,
slándáil agus sláine líonraí agus an trédhearcacht i gcomhréir
le dlí an Aontais. 5.
Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 d’fhonn Iarscríbhinn II
a oiriúnú i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha,
chun leanúint de na ceanglais shubstainteacha atá liostaithe i mír 4 a
chomhlíonadh. Airteagal 20 – Bearta maidir le táirgí
Eorpacha rochtana 1.
Déanfaidh an Coimisiún faoin 1 Eanáir 2016 bearta cur chun
feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha teicniúla agus modheolaíochta
aonfhoirmeacha chun táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a chur
chun feidhme de réir bhrí Airteagal 17 agus Iarscríbhinn I, pointe 1,
i gcomhréir leis na critéir agus leis na paraiméadair atá sonraithe iontu agus
d'fhonn a áirithiú go mbeidh feidhmiúlacht táirge den chineál sin de rochtain
fhíorúil mhórdhíola ar líonraí den chéad ghlúin eile coibhéiseach le táirge de
rochtain fhisiciúil dhíchuachta. Déanfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). 2.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a
ghlacadh lena leagfar síos rialacha teicniúla agus modheolaíochta
aonfhoirmeacha chun táirge Eorpach rochtana amháin nó níos mó a chur chun
feidhme de réir bhrí Airteagal 17 agus Airteagal 19 agus Iarscríbhinn I,
pointe 2 agus pointe 3, agus Iarscríbhinn II, i gcomhréir leis na critéir
agus na paraiméadair faoi seach ata sonraithe iontu. Déanfar
na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). Caibidil IV
Cearta comhchuibhithe críoch‑úsáideoirí Airteagal 21 – Deireadh a chur le
srianta agus idirdhealú 1.
Ní chuirfidh na húdaráis phoiblí srian le saoirse críoch‑úsáideoirí
úsáid a bhaint as líonraí poiblí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide
leictreonaí atá ar fáil go poiblí a chuireann gnóthas atá bunaithe i mBallstát
eile ar fáil. 2.
Ní chuirfidh soláthraithe de chumarsáid leictreonach don
phobal aon cheanglais idirdhealaithe ná coinníollacha rochtana ná úsáide i
bhfeidhm maidir le críoch‑úsáideoirí atá bunaithe ar náisiúntacht nó áit
chónaithe an chríoch‑úsáideora ach amháin má tá bonn cirt oibiachtúil
leis na héagsúlachtaí sin. 3.
Ní chuirfidh soláthraithe de chumarsáid leictreonach don
phobal aon taraifí i bhfeidhm ar chumarsáid laistigh den Aontas a dtagann
deireadh léi i mBallstát eile atá níos airde, ach amháin má tá bonn cirt
oibiachtúil leo: a) maidir le
cumarsáid fhosaithe, ná na taraifí ar chianchumarsáid intíre; b) maidir le
cumarsáid shoghluaiste, ná na hEora‑tharaifí ar chumarsáid fhánaíochta
rialáilte guthghlaonna agus SMS, faoi seach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 531/2012. Airteagal 22 – Réiteach díospóide
trasteorann 1.
Beidh feidhm ag na nósanna imeachta lasmuigh de chúirt a
bunaíodh le hAirteagal 34(1) de Threoir 2002/22/CE freisin maidir le
díospóidí a bhaineann le conarthaí idir custaiméirí, agus críoch‑úsáideoirí
eile a mhéad atá na nósanna imeachta sin lasmuigh de chúirt ar fáil dóibh
freisin, agus soláthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal atá bunaithe i
mBallstát eile. I gcás díospóidí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2013/11/AE[33], beidh feidhm ag forálacha na
Treorach sin. Airteagal 23 – Saoirse maidir le
rochtain oscailte idirlín a chur ar fáil agus fónamh a bhaint aisti, agus
bainistiú réasúnta tráchta 1. Féadfaidh críoch‑úsáideoirí rochtain
a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhar agus an fhaisnéis agus an t‑ábhar sin
a dháileadh, feidhmchláir a fheidhmiú agus na seirbhísí is rogha leo a úsáid
trína seirbhís rochtana idirlín. Féadfaidh críoch‑úsáideoirí
comhaontuithe a dhéanamh maidir le toirteanna agus luasanna sonraí le
soláthraithe de sheirbhísí rochtana idirlín agus, i gcomhréir le comhaontuithe
den chineál sin maidir le toirteanna sonraí, fónamh a bhaint as aon tairiscint
ó sholáthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí idirlín. 2. Féadfaidh críoch‑úsáideoirí
comhaontú le soláthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal nó le
soláthraithe de inneachair, feidhmchlár agus seirbhísí freisin maidir le
soláthar seirbhísí speisialaithe a bhfuil cáilíocht fheabhsaithe seirbhíse ag
baint leo. Ionas gur féidir
seirbhísí speisialaithe a sholáthar do chríoch‑úsáideoirí, féadfaidh
soláthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí agus soláthraithe de chumarsáid
leictreonach don phobal comhaontuithe a dhéanamh le chéile chun na toirteanna
nó trácht sonraí lena mbaineann a tharchur mar shainseirbhísí lena ngabhann
cáilíocht seirbhíse shainithe nó acmhainn thiomnaithe. Ní dhéanfaidh soláthar seirbhísí
speisialaithe dochar ar shlí athfhillteach nó leanúnach do cháilíocht ghinearálta
na seirbhísí rochtana idirlín. 3. Tá an tAirteagal
seo gan dochar do reachtaíocht an Aontais nó don reachtaíocht náisiúnta a
bhaineann le dlíthiúlacht na faisnéise, an ábhair, an fheidhmchláir nó na
seirbhísí arna dtarchur. 4. Déanfar
feidhmiú na saoirse dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 a éascú le
soláthar faisnéise iomláine i gcomhréir le hAirteagail 25(1), 26(2), agus
27(1) agus (2). 5. Laistigh de theorainneacha aon toirteanna
nó luasanna sonraí maidir le rochtain idirlín a comhaontaíodh le conradh, ní
chuirfidh soláthraithe de sheirbhísí rochtana idirlín srian leis an tsaoirse dá
bhforáiltear i mír 1 trí ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó
seirbhísí sonracha, nó aicmí sonracha díobh, a chosc, a mhoilliú, a dhíghrádú
nó a idirdhealú, seachas i gcásanna nuair is gá bearta bainistithe tráchta
réasúnta a chur i bhfeidhm. Beidh na bearta bainistithe tráchta réasúnta
trédhearcach, neamh‑idirdhealaitheach, agus comhréireach agus beidh gá
leo chun: a) foráil reachtach nó ordú cúirte a chur chun
feidhme, nó coireanna tromchúiseacha a chosc nó bac a chur orthu; b) sláine agus slándáil an líonra, seirbhísí a
chuirtear ar fáil tríd an líonra sin, agus teirminéil críoch‑úsáideoirí a
chaomhnú; c) tarchur cumarsáide gan iarraidh chuig críoch‑úsáideoirí
a bhfuil réamhthoiliú tugtha acu do na bearta sriantacha sin a chosc; d) éifeachtaí
plódaithe líonra sealadaigh nó eisceachtúil a íoslaghdú ar choinníoll go
gcaitear go cothrom le cineálacha coibhéiseacha tráchta. Ní bheidh i
gceist le bainistiú tráchta réasúnta ach próiseáil sonraí is gá agus atá
comhréireach chun na cuspóirí atá leagtha amach sa mhír seo a bhaint amach. Airteagal 24 – Coimircí maidir le
cáilíocht seirbhíse 1. Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta agus
déanfaidh siad dlúthfhaireachán ar chumas éifeachtach críoch-úsáideoirí tairbhe
a bhaint as an tsaoirse dá bhforáiltear in Airteagal 23(1) agus (2),
comhlíonadh Airteagal 23(5), agus fáil leanúnach a bheith ar sheirbhísí
rochtana idirlín neamh‑idirdhealaitheacha ar leibhéil cáilíochta a
léiríonn an dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta nach ndéanann seirbhísí
speisialaithe dochar dó. Déanfaidh siad, i gcomhar leis húdaráis inniúla
náisiúnta eile, faireachán ar éifeachtaí na seirbhísí speisialaithe ar
éagsúlacht chultúrtha agus ar nuálaíocht. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta
tuairsc bhliantúil don Choimisiún agus do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um
Chumarsáid Leictreonach (BEREC) ar a bhfaireachán agus a dtorthaí. 2. Chun dochar ginearálta na cáilíochta
seirbhíse do sheirbhísí rochtana idirlín a chosc nó chun cumas úsáideoirí ábhar
nó faisnéis a rochtain agus a dháileadh a chosaint nó chun na feidhmchláir agus
na seirbhísí is rogha leo a fheidhmiú, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis
rialála náisiúnta íoscheanglais maidir le cáilíocht seirbhíse a fhorchur ar sholáthraithe
cumarsáide leictreonaí don phobal. Cuirfidh na
húdaráis rialála náisiúnta, i dtráth cuí roimh aon cheanglais mar sin a
fhorchur, achoimre ar fáil don Choimisiún ar an bhforas gníomhaíochta, ar an
ceanglais atá beartaithe agus ar an ngníomhaíocht atá beartaithe. Cuirfear an
fhaisnéis sin ar fáil do BEREC freisin. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an
fhaisnéis sin a scrúdú, barúlacha nó moltaí a thabhairt, go háirithe chun a
áirithiú nach ndéanfaidh na ceanglais atá beartaithe dochar d'fheidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh. Ní ghlacfar na ceanglais atá beartaithe go ceann
tréimhse dhá mhí tar éis don Choimisiún an fhaisnéis iomlán a fháil ach amháin
má chomhaontaíonn an Coimisiún agus an t‑údarás rialála náisiúnta a
mhalairt, nó má tá an tréimhse ghiorraithe scrúdúcháin curtha in iúl don údarás
rialála náisiúnta ag an gCoimisiún, nó má tá barúlacha nó moltaí tugtha ag an
gCoimisiún. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar bharúlacha nó
moltaí an Choimisiúin agus cuirfidh siad na ceanglais ghlactha in iúl don
Choimisiún agus do BEREC. 3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh lena sainítear coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun
feidhme oibleagáidí na n‑údarás náisiúnta inniúil faoin Airteagal seo.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós
imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). Airteagal 25 – Trédhearcacht agus
foilsiú faisnéise 1. Foilseoidh soláthraithe de chumarsáid
leictreonach don phobal, seachas i gcás tairiscintí a ndéantar caibidlíocht
aonair orthu, faisnéis thrédhearcach, leordhóthanach agus cothrom le dáta
maidir leis na nithe seo a leanas: a) a n‑ainm, a seoladh agus a bhfaisnéis teagmhála; b) i gcás gach plean taraife, na seirbhísí a thairgtear agus na paraiméadair
ábhartha i leith cáilíochta seirbhíse, na praghsanna is infheidhme (do
chustaiméirí agus an cháin san áireamh) agus aon mhuirir is infheidhme
(rochtain, úsáid, cothabháil agus aon mhuirir bhreise), chomh maith le costais
i ndáil le trealamh críochfoirt. c) taraifí is infheidhme maidir le haon uimhir nó seirbhís atá faoi
réir coinníollacha praghsála ar leith; d) cáilíocht a seirbhísí, i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe dá
bhforáiltear i mír 2; e) seirbhísí rochtana idirlín, nuair is ann dóibh, ina sonraítear an
méid seo a leanas: (i) an luas sonraí
iarbhír atá ar fáil le híoslódáil agus le huaslódáil i mBallstát cónaithe an chríoch-úsáideora; (ii) leibhéal na
srianta le toirt sonraí is infheidhme, más ann dóibh;
na praghsanna maidir leis an toirt sonraí atá ar fáil a mhéadú ar bhonn
ad hoc nó fadtréimhseach; an luas sonraí, agus
an costas a bhaineann leis, atá ar fáil tar éis an toirt sonraí is infheidhme a
úsáid go hiomlán, má tá sí teoranta; agus na
modhanna atá ar fáil do chríoch-úsáideoirí faireachán a dhéanamh tráth ar bith
ar leibhéal reatha a n‑úsáide; (iii) míniú
soiléir agus sothuigthe ar conas is féidir le haon srian le toirt sonraí, an
luas iarbhír atá ar fáil agus paraiméadair eile i leith cáilíochta, agus úsáid
chomhuaineach seirbhísí speisialaithe a bhfuil cáilíocht fheabhsaithe seirbhíse
ag baint leo, difear praiticiúil a dhéanamh d'úsáid an ábhair, na bhfeidhmchlár
agus na seirbhísí; (iv) faisnéis
maidir le haon nósanna imeachta a chuireann an soláthraí i bhfeidhm chun trácht
a thomhas agus a mhúnlú chun plódú líonra a sheachaint, agus conas a
d'fhéadfadh na nósanna imeachta sin difear a dhéanamh do cháilíocht seirbhíse
agus do chosaint sonraí pearsanta; f) bearta a
dhéantar chun coibhéis rochtana a áirithiú do chríoch-úsáideoirí atá faoi
mhíchumas, lena n‑áirítear faisnéis rialta, cothrom le dáta faoi
mhionsonraí táirgí agus seirbhísí arna gceapadh dóibh; g) téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a gconartha, lena n‑áirítear
íostréimhse chonartha, na coinníollacha maidir leis an gconradh agus aon
mhuirir a bheadh dlite dá gcuirfí deireadh leis an gconradh roimh dhul in éag
an chonartha, na nósanna imeachta agus na muirir dhíreacha a bhaineann le
hathrú agus inaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí eile, agus socruithe
cúitimh i gcás moille ar an an athrú nó i gcás mí‑úsáid a bhaint as an
athrú; h) rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an
ghlaoiteora i gcás na seirbhísí ar fad a chuirtear ar fáil, aon srianta le
soláthar seirbhísí éigeandála faoi Airteagal 26 de Threoir 2002/22/CE,
agus aon athruithe orthu; i) cearta maidir le seirbhís uilíoch, lena n‑áirítear, más
iomchuí, na saoráidí agus seirbhísí atá luaite in Iarscríbhinn I a
ghabhann le Treoir 2002/22/CE. Foilseofar an fhaisnéis i bhfoirm shoiléir, chuimsitheach agus ar
féidir a rochtain go héasca i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina dtairgtear
an tseirbhís, agus tabharfar an fhaisnéis cothrom le dáta go rialta. Soláthrófar
an fhaisnéis, arna iarraidh sin, do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha roimh
í a fhoilsiú. Léireofar aon difreáil sna
coinníollacha arna gcur i bhfeidhm ar chustaiméirí agus críoch-úsáideoirí eile
go soiléir. 2. Féadfaidh an Coimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear na modhanna chun luas
seirbhísí rochtana idirlín a thomhas, na paraiméadair i leith cáilíochta
seirbhíse agus na modhanna chun iad a thomhas, agus ábhar, foirm agus modh na
faisnéise atá le foilsiú, lena n‑áirítear sásraí deimhnithe cáilíochta a
d'fhéadfadh a bheith ann. Féadfaidh an
Coimisiún na paraiméadair, sainmhínithe agus modhanna tomhais atá leagtha amach
in Iarscríbhinn III de Threoir 2002/22/CE a chur san áireamh. Glacfar
na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). 3. Beidh fáil ag críoch-úsáideoirí
ar uirlisí meastóireachta neamhspleáiche lena bhféadfaidh siad comparáid a
dhéanamh idir fheidhmíocht na rochtana líonra agus na seirbhísí cumarsáide
leictreonaí agus ar an gcostas a bhaineann le patrúin úsáide mhalartacha. Chuige
sin, bunóidh na Ballstáit scéim deimhniúcháin dheonach do shuíomhanna gréasáin
idirghníomhacha, treoirleabhair nó uirlisí cosúla. Bronnfar an deimhniú ar
bhonn ceanglas oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach, go háirithe
neamhspleáchas ar aon soláthraí de chumarsáid don phobal, úsáid teanga
soiléire, soláthar faisnéise iomláine agus chun dáta, agus oibriú nós imeachta
éifeachtach le haghaidh gearán. I gcás nach bhfuil saoráidí comparáide
deimhnithe le fáil saor in aisce nó ar phraghas réasúnta ar an margadh,
cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis náisiúnta inniúla eile na saoráidí
sin ar fáil iad féin nó trí thriú páirtithe i gcomhréir leis na ceanglais
deimhniúcháin. Beidh an fhaisnéis a fhoilsíonn soláthraithe cumarsáide
leictreonaí don phobal ar fáil, saor in aisce, ar mhaithe le saoráidí comparáide
a chur ar fáil. 4. Arna iarraidh sin do na
húdaráis ábhartha phoiblí, dáilfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don
phobal faisnéis ar mhaithe le leas an phobail saor in aisce ar chríoch-úsáideoirí,
más iomchuí, trí na modhanna céanna a úsáideann siad go hiondúil ina gcumarsáid
le críoch-úsáideoirí. I gcás mar sin, cuirfidh
na húdaráis ábhartha phoiblí an fhaisnéis sin ar fáil do na soláthraithe
cumarsáide leictreonaí don phobal i bhformáid chaighdeánach agus féadfar a
áireamh inti, inter alia, na topaicí seo a leanas: (a) na húsáidí is coitianta a bhaintear as seirbhísí cumarsáide
leictreonaí chun dul i mbun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó chun ábhar
díobhálach a scaipeadh, go háirithe i gcás ina bhféadfadh na húsáidí sin dochar
a dhéanamh d'urramú ceart agus saoirse daoine eile, lena n‑áirítear
sáruithe ar chearta cosanta sonraí, cóipcheart agus cearta lena mbaineann, agus
na hiarmhairtí dlí a bheadh acu; agus (b) trí bhíthin cosanta in aghaidh rioscaí do shlándáil phearsanta agus
rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta agus seirbhísí cumarsáide
leictreonaí in úsáid. Airteagal 26 – Ceanglais faisnéise
maidir le conarthaí 1.
Sula mbeidh conradh maidir le soláthar naisc le líonra poiblí
cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go
poiblí ina cheangal, cuirfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal ar
fáil do chustaiméirí, agus do chríoch-úsáideoirí eile ach amháin má tá a
mhalairt comhaontaithe acu go soiléir, an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad: (a) aitheantas,
seoladh agus faisnéis teagmhála an tsoláthraí agus, má tá siad difriúil,
seoladh agus faisnéis teagmhála le haghaidh gearán; (b) príomh‑shaintréithe
na seirbhísí arna gcur ar fáil, lena n‑áirítear go háirithe: (i) i gcás gach
plean taraife, na cineálacha seirbhísí a thairgtear, na toirteanna cumarsáide
atá san áireamh agus na paraiméadair ábhartha ar fad i leith cáilíochta
seirbhíse, lena n‑áirítear an tréimhse don chéad nasc; (ii) an bhfuil
rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus faisnéis eile faoi shuíomh an
ghlaoiteora á gcur ar fáil, agus má tá, cé na Ballstáit ina bhfuiltear á gcur
ar fáil, agus aon srianta le soláthar seirbhísí éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 26
de Threoir 2002/22/CE; (iii) na
cineálacha seirbhísí iardhíola, seirbhísí cothabhála agus seirbhísí tacaíochta
custaiméara atá á gcur ar fáil, na coinníollacha agus na muirir ar na seirbhísí
sin, agus na bealaí chun dul i dteagmháil leis na seirbhísí sin; (iv) aon srianta
arna bhforchur ag an soláthraí le húsáid a bhaint as an trealamh críochfoirt
arna sholáthar, lena n‑áirítear faisnéis faoi dhíghlasáil an trealaimh
chríochfoirt agus aon mhuirir lena mbaineann má chuirtear deireadh leis an
gconradh roimh dheireadh na híostréimhse conartha; (c) mionsonraí
faoi na praghsanna agus taraifí (do chustaiméirí lena n‑áirítear cáin
agus muirir bhreise a d'fhéadfadh a bheith dlite) agus na modhanna trína
gcuirtear faisnéis cothrom le dáta faoi na taraifí agus muirir ar fad is infheidhme
ar fáil; (d) na modhanna
íocaíochta a thairgtear agus aon éagsúlachtaí costais mar gheall ar an modh
íocaíochta, agus na saoráidí atá ar fáil chun trédhearcacht billí a chosaint
agus faireachán a dhéanamh ar an leibhéal úsáide; (e) tréimhse an
chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus
deireadh a chur leis, lena n‑áirítear: (i) aon íos‑úsáid
nó íostréimhse atá faoi cheangal chun tairbhe a bhaint as téarmaí maidir le
hardú céime; (ii)
aon mhuirir a bhaineann le hathrú agus inaistritheacht
uimhreacha agus aitheantóirí eile, lena n‑áirítear socruithe cúitimh i
gcás moille ar an athrú nó i gcás mí‑úsáid a bhaint as an athrú; (iii)
aon mhuirir a bheadh dlite dá gcuirfi deireadh leis an
gconradh roimh dhul in éag an chonartha, lena n‑áirítear aon ghnóthú
costas i ndáil le trealamh críochfoirt (ar bhonn modhanna gnáth‑dhímheasa)
agus buntáistí eile maidir le hardú céime (ar bhonn pro
rata temporis); (f) aon socruithe
cúitimh agus aisíocaíochta, lena n‑áirítear tagairt shoiléir do chearta
reachtúla an chríoch-úsáideora, a bhfuil feidhm acu mura gcomhlíontar na
leibhéil cáilíochta seirbhíse sa chonradh; (g) i gcás ina
bhfuil oibleagáid ann i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir 2002/22/CE,
roghanna an chríoch-úsáideora maidir le cé acu ba cheart a shonraí pearsanta a
chur in eolaire nó nár cheart, agus na sonraí lena mbaineann; (h) i gcás críoch-úsáideoirí
atá faoi mhíchumas, mionsonraí na dtáirgí agus na seirbhísí a ceapadh dóibh; (i) na modhanna
maidir le tús a chur le nósanna imeachta chun díospóidí a réiteach, lena n‑áirítear
díospóidí trasteorann, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Threoir 2002/22/CE
agus Airteagal 22 den Rialachán seo; (j) an cineál gníomhaíochta a d'fhéadfadh an soláthraí a dhéanamh agus
é ag freagairt d'eachtraí nó bagairtí slándála nó sláine agus leochaileachtaí. 2.
Anuas ar mhír 1, cuirfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí
don phobal ar fáil do chríoch-úsáideoirí, ach amháin má chomhaontaíonn críoch-úsáideoir
nach custaiméir é a mhalairt, an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i ndáil
lena seirbhísí rochtana idirlín: (a) leibhéal na
srianta le toirt sonraí is infheidhme, más ann dóibh;
na praghsanna maidir leis an toirt sonraí atá ar fáil a mhéadú ar bhonn
ad hoc nó fadtréimhseach; an luas sonraí, agus
an costas a bhaineann leis, atá ar fáil tar éis an toirt sonraí is infheidhme a
úsáid go hiomlán, má tá sí teoranta; agus
conas is féidir le críoch-úsáideoirí faireachán a dhéanamh tráth ar bith ar
leibhéal reatha a n‑úsáide; (b)
an luas sonraí iarbhír atá ar fáil le híoslódáil agus le
huaslódáil i bpríomhshuíomh an chríoch-úsáideora, lena n‑áirítear raonta
luais iarbhír, meáin luais agus luais buaic‑ama, lena n-áirítear an
tionchar féideartha má thugtar rochtain trí líonra ceantair logánta raidió tríú
páirtithe; (c) paraiméadair
eile i leith cáilíochta seirbhíse; (d) faisnéis
maidir le haon nósanna imeachta a chuireann an soláthraí i bhfeidhm chun trácht
a thomhas agus a mhúnlú chun plódú líonra a sheachaint, agus faisnéis faoi
conas a d'fhéadfadh na nósanna imeachta sin difear a dhéanamh do cháilíocht
seirbhíse agus do chosaint sonraí pearsanta; (iii) míniú
soiléir agus sothuigthe ar conas is féidir le haon srian le toirt, an luas
iarbhír atá ar fáil agus paraiméadair eile i leith cáilíochta seirbhíse, agus
úsáid chomhuaineach seirbhísí speisialaithe a bhfuil cáilíocht fheabhsaithe
seirbhíse ag baint leo, difear praiticiúil a dhéanmh d'úsáid an ábhair, na
bhfeidhmchlár agus na seirbhísí. 3. Cuirfear an
fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ar fáil ar bhealach
soiléir, cuimsitheach agus ar bhealach is féidir a rochtain go héasca i dteanga
oifigiúil de chuid Bhallstát cónaithe an chríoch-úsáideora, agus tabharfar an
fhaisnéis cothrom le dáta go rialta. Beidh an
fhaisnéis sin mar chuid dhílis den chonradh agus ní dhéanfar í a athrú ach
amháin má chomhaontaíonn na páirtithe conarthacha a mhalairt go soiléir. Gheobhaidh an críoch-úsáideoir cóip den chonradh i
scríbhinn. 4.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
ina sonraítear mionsonraí na gceanglas faisnéise atá liostaithe i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). 5. Sa chonradh freisin, arna
iarraidh sin do na húdaráis ábhartha phoiblí, beidh aon fhaisnéis arna cur ar
fáil ag na húdaráis sin chun na críche sin faoi úsáid líonraí agus seirbhísí
cumarsáide leictreonaí chun dul i mbun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó chun
ábhar díobhálach a scaipeadh, agus faoi na modhanna cosanta in aghaidh rioscaí
do shlándáil phearsanta agus próiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta, dá
dtagraítear in Airteagal 25(4) agus atá ábhartha maidir leis an tseirbhís
arna cur ar fáil. Airteagal 27 – Úsáid a rialú 1.
Tabharfaidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal
an deis do chríoch-úsáideoirí saoráid a roghnú, saor in aisce, a chuireann
faisnéis ar fáil faoi úsáid charnach seirbhísí cumarsáide leictreonaí éagsúla
san airgeadra ina ndéanfar an críoch-úsáideoir a bhilleáil. Áiritheofar leis an tsaoráid sin, gan toiliú an chríoch-úsáideora,
nach sáróidh an caiteachas carnach thar thréimhse shonraithe teorainn
shonraithe airgeadais arna socrú ag an gcríoch-úsáideoir. 2.
Áiritheoidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal
go dtabharfar fógra iomchuí don chríoch-úsáideoir nuair a bhainfidh úsáid na
seirbhíse 80 % den teorainn airgeadais arna socrú i gcomhréir le mír 1
amach. Léireofar san fhógra an nós imeachta
atá le leanúint chun soláthar na seirbhísí sin, lena n‑áirítear an costas
a bhaineann leo, a choinneáil. Éireoidh an
soláthraí as na seirbhísí sonraithe a sholáthar agus an críoch-úsáideoir a
mhuirearú as más rud é go sárófaí an teorainn airgeadais ar bhealach eile, ach
amháin má iarrann an críoch-úsáideoir, nó go dtí go n‑iarrfaidh sé,
soláthar leanúnach nó athnuaite na seirbhísí sin. Tar
éis an teorainn airgeadais a bhaint amach, beidh críoch-úsáideoirí fós in ann
glaonna agus teachtaireachtaí SMS a fháil agus uimhreacha saorghlaonna agus
seirbhísí éigeandála a rochtain tríd an uimhir éigeandála Eorpach 112 a
dhiailiú saor in aisce go dtí deireadh na tréimhse billeála comhaontaithe. 3.
Cuirfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal,
go díreach roimh an nglao a cheangal, ar chumas críoch-úsáideoirí faisnéis a
rochtain go héasca, agus gan aon chostais a thabhú, faoi tharaifí is infheidhme
maidir le haon uimhir nó seirbhís faoi réir coinníollacha praghsála ar leith
ach amháin má tá maolú tugtha roimhe sin ag an údarás rialála náisiúnta ar
chúiseanna comhréireachta. Cuirfear aon
fhaisnéis den chineál sin ar fáil ar bhealach inchomparáide do na huimhreacha
nó seirbhísí ar fad den chineál sin. 4. Tabharfaidh soláthraithe
cumarsáide leictreonaí don phobal an deis do chríoch-úsáideoirí an rogha a
dhéanamh, saor in aisce, billí miondealaithe a fháil.
Airteagal 28 – Deireadh a chur le
conradh 1.
I gconarthaí a thugtar i gcrích idir custaiméirí agus
soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, ní dhéanfar foráil maidir le
híostréimhse a théann thar 24 mí. Tairgfidh
soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal an deis do chríoch-úsáideoirí
conradh a thabhairt i gcrích ina bhfuil uastréimhse 12 mhí. 2.
Beidh sé de cheart ag custaiméirí, agus ag críoch-úsáideoirí
eile ach amháin má chomhaontaíonn siad a mhalairt, deireadh a chur le conradh a
bhfuil tréimhse fógra míosa i gceist leis, i gcás ina bhfuil sí mhí nó níos mó
caite ó tugadh an conradh i gcrích. Ní bheidh
aon chúiteamh dlite seachas luach iarmharach an trealaimh fóirdheontais a
cuachadh leis an gconradh tráth a tugadh an conradh i gcrích agus aisíocaíocht pro
rata temporis i dtaca le haon bhuntáistí eile maidir le hardú céime a
sonraíodh tráth a tugadh an conradh i gcrích. Cuirfidh an soláthraí deireadh le
haon srian le trealamh críochfoirt a úsáid ar líonraí eile, saor in aisce,
tráth a íoctar an cúiteamh sin ar a dheireanaí. 3.
I gcás ina ndéantar foráil sna conarthaí nó sa dlí
náisiúnta maidir le síneadh a chur le tréimhsí conarthaí ar bhealach intuigthe,
cuirfidh soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal an críoch-úsáideoir ar an
eolas in am trátha ionas go mbeidh aon mhí amháin ar a laghad ag an gcríoch-úsáideoir
chun cur in aghaidh sínidh intuigthe. Mura
gcuirfidh an críoch-úsáideoir ina aghaidh, measfar an conradh a bheith ina
chonradh buan ar féidir leis an gcríoch-úsáideoir deireadh a chur leis tráth ar
bith le tréimhse fógra míosa agus gan aon chostais a thabhú. 4.
Beidh sé de cheart ag críoch-úsáideoirí deireadh a chur
lena gconradh gan aon chostais a thabhú tar éis fógra a fháil faoi na
hathruithe ar choinníollacha an chonartha atá beartaithe ag an soláthraí
cumarsáide leictreonaí don phobal ach amháin más chun sochair don chríoch-úsáideoir
amháin na hathruithe atá beartaithe. Tabharfaidh
na soláthraithe fógra leordhóthanach do na críoch-úsáideoirí, fógra nach lú ná
aon mhí amháin, faoi aon athrú den chineál sin, agus cuirfidh siad ar an eolas
iad go comhuaineach faoina gceart deireadh a chur lena gconradh gan costais a
thabhú mura nglacann siad leis na coinníollacha nua. Beidh
feidhm mutatis mutandis ag mír 2. 5.
Measfar aon neamhréireacht shuntasach agus neamhshealadach
idir an fheidhmíocht iarbhír maidir le luas nó paraiméadair eile i leith
cáilíochta agus an fheidhmíocht arna cur in iúl ag an soláthraí cumarsáide
leictreonaí don phobal i gcomhréir le hAirteagal 26 mar neamhchomhréireacht
feidhmíochta chun leigheasanna an chríoch-úsáideora a chinneadh i gcomhréir
leis an dlí náisiúnta. 6.
Ní chuirfidh síntiús le seirbhísí breise arna gcur ar fáil
ag an soláthraí céanna cumarsáide leictreonaí don phobal tús in athuair leis an
tréimhse chonartha tosaigh ach amháin má théann an praghas atá ar na seirbhísí
breise thar an bpraghas atá ar an seirbhísí tosaigh go mór nó má thairgtear na
seirbhísí breise ar phraghas speisialta fógartha a bhaineann leis an gconradh
atá ann cheana a athnuachan. 7.
Cuirfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal
coinníollacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm maidir le deireadh a chur le
conradh, coinníollacha agus nósanna imeachta nach gcruthóidh bacainní ar
sholáthraí seirbhíse a athrú ná dídhreasachtaí ina aghaidh. Airteagal 29 – Tairiscintí cuachta Má chuimsíonn
cuach seirbhísí arna tairiscint do thomhaltóirí nasc chuig líonra cumarsáide
leictreonaí nó seirbhís cumarsáide leictreonaí amháin, beidh feidhm ag Airteagal 28
agus Airteagal 30 den Rialachán seo maidir le gach gné den chuach. Caibidil V
Athrú soláthraithe a éascú Airteagal 30 – Uimhreacha a athrú agus inaistritheacht uimhreacha 1.
Beidh sé de cheart ag gach críoch-úsáideoir a bhfuil
uimhir aige ó phlean náisiúnta uimhrithe teileafón a uimhir a choinneáil
neamhspleách ar an soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal a chuireann an
tseirbhís ar fáil i gcomhréir le Cuid C d'Iarscríbhinn I a ghabhann
le Treoir 2002/22/CE, má iarrann sé a leithéid, ar choinníoll gur
soláthraí cumarsáide leictreonaí an soláthraí sa Bhallstát lena mbaineann an
plean uimhrithe náisiúnta nó gur soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach é a
bhfuil fógra tugtha aige d'údarás rialála inniúil an Bhallstáit bhaile go
gcuireann sé na seirbhísí sin ar fáil, nó go bhfuil sé beartaithe aige na
seirbhísí sin a chur ar fáil, sa Bhallstát lena mbaineann an plean náisiúnta
uimhrithe. 2.
Beidh an phraghsáil idir soláthraithe cumarsáide
leictreonaí don phobal a bhaineann le soláthar inaistritheachta uimhreacha
dírithe ar chostas, agus ní bheidh athruithe díreacha ar chríoch-úsáideoirí,
más ann dóibh, mar dhídhreasacht do chríoch-úsáideoirí in aghaidh an soláthraí
a athrú. 3.
Déanfar uimhreacha a aistriú agus a ghníomhachtú laistigh
den tréimhse is giorra is féidir. I gcás críoch-úsáideoirí
a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu maidir le huimhir a aistriú go soláthraí
nua, déanfar an uimhir sin a ghníomhachtú laistigh d'aon lá oibre amháin tar
éis an comhaontú sin a thabhairt i gcrích. Ní
mhairfidh an easpa seirbhíse le linn phróiseas an aistrithe, más ann di, níos
faide ná aon lá oibre amháin. 4.
Beidh an soláthraí fála cumarsáide leictreonaí don phobal
ina cheann feadhna ar an bpróiseas athraithe agus aistrithe. Gheobhaidh na críoch-úsáideoirí faisnéis
leordhóthanach faoin athrú roimh an bpróiseas athraithe, agus lena linn, agus
go díreach tar éis é a thabhairt i gcrích freisin. Ní
aistreofar críoch-úsáideoirí go soláthraí eile in aghaidh a dtola. 5.
Cuirfear deireadh uathoibríoch le conarthaí na gcríoch-úsáideoirí
le soláthraithe aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal tar éis an t‑athrú
a thabhairt i gcrích. Déanfaidh soláthraithe
aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal aon chreidmheas atá fanta a aisíoc
le tomhaltóirí trí sheirbhísí réamhíoctha a úsáid. 6.
Beidh oibleagáid ar sholáthraithe cumarsáide leictreonaí
don phobal a chuireann moill ar an athrú nó a bhaineann mí‑úsáid as, lena
n‑áirítear gan an fhaisnéis is gá chun uimhreacha a aistriú i dtráth cuí
a chur ar fáil, cúiteamh a thabhairt do chríoch-úsáideoirí a mbaineann moill nó
mí‑úsáid den chineál sin dóibh. 7.
I gcás ina bhfuil ríomhphost arna chur ar fáil ag an
soláthraí aistrithe ag an gcríoch-úsáideoir atá ag aistriú go soláthraí
rochtana idirlín nua, cuirfidh an soláthraí aistrithe, arna iarraidh sin ag an gcríoch-úsáideoir,
gach teachtaireacht ríomhphoist arna seoladh chuig iarsheoladh ríomhphoist an chríoch-úsáideora
go ceann 12 mhí ar aghaidh, saor in aisce, chuig aon seoladh ríomhphoist arna
chur in iúl ag an gcríoch-úsáideoir. Cuimseoidh
an tseirbhís sin chun ríomhphoist a chur ar aghaidh teachtaireacht
uathfhreagartha chuig gach seoltóir ríomhphost ina gcuirtear ar an eolas iad
faoi sheoladh ríomhphoist nua an chríoch-úsáideora. Beidh
sé de rogha ag an gcríoch-úsáideoir a iarraidh nach gcuirfí an seoladh
ríomhphoist nua in iúl i dteachtaireacht uathfhreagartha. Tar éis na
tréimhse 12 mhí tosaigh, tabharfaidh an soláthraí aistrithe cumarsáide
leictreonaí don phobal rogha don chríoch-úsáideoir síneadh a chur leis an
tréimhse ina gcuirtear ríomhphoist ar aghaidh, ar tháille más gá. Ní leithdháilfidh an soláthraí aistrithe cumarsáide
leictreonaí don phobal seoladh ríomhphoist tosaigh an chríoch-úsáideora ar chríoch-úsáideoir
eile roimh thréimhse dhá bhliain a bheith caite tar éis deireadh a chur leis an
gconradh, agus i gcás ar bith le linn na tréimhse ina bhfuil síneadh curtha
leis an tseirbhís chun ríomhphoist a chur ar aghaidh.
8.
Féadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla an próiseas
domhanda athraithe agus aistrithe a bhunú, lena n‑áirítear soláthar smachtbhannaí
iomchuí ar sholáthraithe agus cúitimh do chríoch-úsáideoirí. Tabharfaidh siad aird ar chosaint críoch-úsáideoirí
is gá le linn an phróisis athraithe agus ar an ngá atá le héifeachtúlacht na
bpróiseas sin a áirithiú. Caibidil VI
Forálacha eagraíochtúla agus críochnaitheacha Airteagal 31 Pionóis Leagfaidh na
Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le
sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is
gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní
mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus
athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit
fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 1 Iúil 2016 ar a dhéanaí agus
tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh
difear dóibh. Maidir le
soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha, gearrfar pionóis orthu i
gcomhréir le Caibidil II maidir le hinniúlachtaí na n‑údarás rialála
náisiúnta sna Ballstáit bhaile agus sna Ballstáit óstacha. Airteagal 32- Cumhachtaí a tharmligean 1.
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal
seo. 2.
Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus in Airteagal 19(5),
tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse neamhchinntithe ón [dáta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo]. 3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an
tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus in Airteagal 19(5)
a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh
chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá
sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i
bhfeidhman lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon
ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh
an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus
don Chomhairle. 5.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 17(2)
agus Airteagal 19(5) i bhfeidhm ach amháin más rud é nach bhfuil aon agóid
léirithe ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá
mhí ón tráth a cuireadh an gníomh sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint
na hEorpa agus an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach
ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an
tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón
gComhairle. Airteagal 33 ‑ Nós imeachta
coiste 1.
Beidh an Coiste Cumarsáide a bunaíodh le hAirteagal 22(1)
de Threoir 2002/21/CE de chúnamh ag an gCoimisiún.
Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa
choiste sin. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír sin, beidh
feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 34 ‑ Leasuithe
ar Threoir 2002/20/CE In Airteagal 3(2),
scriostar an dara fomhír. Airteagal 35 ‑ Leasuithe
ar Threoir 2002/21/CE Leasaítear Treoir 2002/21/CE
mar seo a leanas: (1) In Airteagal 1,
cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas: ʻDéanfar an Treoir seo
agus na Treoracha Sonracha a léiriúmhíniú agus a chur chun feidhme i dteannta
fhoralácha Rialachán Uimh. [XX/2014].ʼ (2) Leasaítear Airteagal 7
a mar a leanas: –
(a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in
ionad na chéad fhomhíre: ʻ1. I gcás ina bhfuil sé i gceist le
beart beartaithe arna chumhdach ag Airteagal 7(3)oibleagáid ar oibreoir a
fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar le cur i bhfeidhm Airteagal 16 den
Treoir seo i dteannta Airteagal 5, agus Airteagal 9 go dtí Airteagal 13
de Threoir 2002/19/CE (an Treoir Rochtana), agus
i dteannta Airteagal 17 de Threoir 2002/22/CE
(an Treoir um Sheirbhís Uilíoch), féadfaidh an Coimisiún, laistigh de
thréimhse míosa dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) den Treoir seo, fógra a
thabhairt don údarás rialála náisiúnta lena mbaineann agus do BEREC i leith na
gcúiseanna atá aige lena mheas go gcuirfeadh an dréachtbheart bac leis an
margadh aonair nói leith an amhrais tromchúisigh atá air i ndáil le mar a
luíonn sé le dlí an Aontais, agus aird á tabhairt mar is iomchuí le haon
Mholadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 19(1) den Treoir seo i dtaca le
cur i bhfeidhm comhchuibhithe fhoralácha sonracha na Treorach seo agus na
dTreoracha Sonracha. Ina leithéid sin de chás, ní ghlacfar an dréachtbheart go
ceann trí mhí eile tar éis fhógra an Choimisiúin.ʼ –
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ʻ2. Laistigh den tréimhse trí mhí dá
dtagraítear in alt 1, comhoibreoidh an Coimisiún, BEREC agus an t‑údarás
rialála náisiúnta ábhartha lena mbaineann go dlúth lena chéile chun an beart is
iomchuí agus is éifeachtaí a shainaithint i bhfianaise na gcuspóirí arna leagan
síos in Airteagal 8, agus aird faoi leith á tabhairt ar dhearcthaí na
rannpháirtithe sa mhargadh agus an gá atá leis an bhforbairt ar chleachtas
comhsheasmhach rialála a áirithiú. Nuair atá
sé i gceist leis an mbeart beartaithe oibleagáid ar
sholathraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a
fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar de réir bhrí Rialachán [XXX/2014]i
mBallstát baile, féadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta ón mBallstát
baile a bheith rannpháirteach sa phróiseas comhair.ʼ –
(i) i mír 5, cuirtear isteach an pointe (aa)
seo a leanas: ʻ(aa) cinneadh a ghlacadh lena
gceanglaítear ar an údarás rialála náisúnta lena mbaineann an dréachtbheart a
tharraingt siar, mar aon le bearta sonracha lena leasú, nuair atá sé i gceist
leis an mbeart beartaithe oibleagáid ar sholáthraí cumarsáide leictreonaí
Eorpach a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar de réir bhrí Rialachán
[XXX/2014].ʼ –
(d) cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 6:
ʻBeidh feidhm ag Airteagal 7(6) sna cásanna sin ina nglacann an
Coimisiún cinneadh i gcomhréir le mír 5 pointe (aa)ʼ. (3) Leasaítear Airteagal 15
mar a leanas: –
(a) cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach idir
an chéad agus an dara fomhír de mhír 1: ʻAgus measúnú á dhéanamh an bhfuil na tréithe ag margadh faoi leith a
d’fhéadfadh bonn cirt a thabhairt le hoibleagáidí rialála ex-ante a fhorchur
air, agus an gá dá dheasca sin é a áireamh sa Mholadh, tabharfaidh an Coimisiún
aird go háirithe ar an ngá atá le rialáil chóineasaithe ar fud an Aontais, ar
an ngá atá le hinfheistíocht agus nuálaíocht a chur chun cinn chun leas críoch‑úsáideoirí
agus iomaíochas domhanda gheilleagar an Aontais, agus ar ábharthacht an
mhargaidh lena mbaineann, mar aon le tosca eile amhail an iomaíocht atá ann
cheana bunaithe ar an mbonneagar ar leibhéal an mhiondíola, iomaíocht maidir le
praghsanna, rogha agus cáilíocht na dtáirgí arna dtairiscint do chríoch‑úsáideoirí.
Déanfaidh an Coimisiún gach srian iomaíochta a mheas, is cuma má mheastar na
gréasáin, na seirbhísí nó na feidhmchláir a fhorchuireann srianta den sórt sin
a bheith ina líonraí cumarsáide leictreonaí, ina seirbhísí cumarsáide
leictreonaí, nó i gcineál eile seirbhíse nó feidhmchláir atá inchurtha ó thaobh
an chríoch‑úsáideora de, chun é a chinneadh, mar ghnáthchúrsa san Aontas nó
i gcuid shuntasach den Aontas, an gcomhlíontar na trí chritéar seo a leanas go
carnach : (a) bacainní
struchtúracha, dlíthiúla nó rialála ar iontráil atá mór agus neamhshealadach a
bheith ann: (b)ní gnách do
struchtúr an mhargaidh cur le hiomaíocht éifeachtach laistigh den spriocdháta
ábhartha, ag féachaint do chúrsaí iomaíochta atá bunaithe ar an mbonneagar agus
ar chúrsaí eile taobh thiar de na bacainní ar iontráil; (c) ní leor dlí
na hiomaíochta amháin chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar
theip(eanna)sa mhargadh.ʼ –
(b) cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 3: ʻ Agus a chuid cumhachtaí de bhun Airteagal 7 á gcur i bhfeidhm
aige, déanfaidh an Coimisiún a fhíorú an gcomhlíontar go carnach na trí
chritéar atá leagtha amach i mír 1 agus athbhreithniú á dhéanamh ar
chomhoiriúnacht le dlí an Aontais dréachtbheart a ina mbaintear an méid seo a
leanas de thátal: (a) go mbeadh
tréithe ag margadh faoi leith nach sainaithnítear sa Mholadh a thugann bonn
cirt le forchur oibleagáidí rialála, i ndálaí sonracha náisiúnta; nó b) nach bhfuil
aon ghá le rialachán sna dálaí sonracha náisiúnta i gcás margaidh a
shainaithnítear sa Mholadh.ʼ (4) Leasaítear an
chéad mhír d'Airteagal 19 mar seo a leanas: ʻ Gan dochar d’Airteagal 9 den Treoir seo ná d’Airteagal 6 ná
d’Airteagal 8 de Threoir 2002/20/CE (Treoir
maidir le hÚdarú), i gcás ina shuíonn an Coimisiún go bhféadfadh
éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na gcúraimí rialála ag na húdaráis rialála
náisiúnta dá sonraítear sa Treoir seo, sna Treoracha Sonracha agus i Rialachán Uimh. [XX/2014]
bacainn a chruthú ar an margadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún, agus
lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, moladh nó cinneadh a eisiúint maidir
le cur i bhfeidhm comhchuibhithe fhorálacha na Treorach seo, na dTreoracha
Sonracha agus Rialachán Uimh. [XX/2014] chun dlús a chur
leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 8.ʻ Airteagal 36 ‑ Leasuithe
ar Threoir 2002/22/CE 1. Le héifeacht ón
1 Iúil 2016, leasaítear Treoir 2002/22/CE mar seo a leanas: (1) In Airteagal 1
(3), scriostar an chéad abairt. (2) Scriostar
Airteagail 20, 21, 22, agus 30. 2.
Coimeádfaidh na Ballstáit gach beart lena dtrasuítear na
forálacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm go dtí 1 Iúil 2016. Airteagal 37 ‑ Leasuithe
ar Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 mar seo a
leanas: (1) In Airteagal 1(1),
cuirtear isteach an tríú fomhír seo a leanas: ʻ Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí fánaíochta arna
soláthar do chríoch‑úsáideoirí san Aontas ar soláthraí líonraí cumarsáide
leictreonaí don phobal i mBallstát é a soláthraí baile.ʻ (2) In Airteagal 2
(2), cuirtear isteach pointe (r) seo a leanas: ʻ(r) ciallaíonn "comhaontú déthaobhach nó iltaobhach
fánaíochta" comhaontú amháin tráchtála nó teicniúil, nó níos mó, ag
soláthraithe seirbhísí fánaíochta lena gceadaítear leathadh fíorúil ar an
gcumhdach líonra baile agus ar sholáthar inbhuanaithe seirbhísí fánaíochta
miondíola rialáilte ag gach soláthraí de sheirbhísí fánaíochta ar an leibhéal
praghais céanna lena seirbhísí baile cumarsáide soghluaiste faoi seach.ʻ (3) In Airteagal 4,
cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas: ʻ7.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir
le soláthraithe seirbhísí fánaíochta a sholáthraíonn seirbhísí
fánaíochta miondíola rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 4a.ʻ (4) Cuirtear
isteach Airteagal 4a mar seo a leanas: ʻAirteagal 4a 1. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir
le soláthraithe de sheirbhísí fánaíochta, más rud é: (a) go
gcuireann siad, trí mhainneachtain agus i ngach ceann dá bpacáistí miondíola
ina n‑áirítear seirbhísí fánaíochta rialáilte, an ráta seirbhíse baile is
infheidhme i bhfeidhm ar na seirbhísí baile agus ar na seirbhísí fánaíochta
rialáilte ar fud an Aontais, amhail is a úsáideadh na seirbhísí ar an líonra
baile; agus (b)go n‑áirithíonn
siad, bíodh sin trína líonraí féin nó de bhua comhaontuithe déthaobhacha nó
iltaobhacha fánaíochta le soláthraithe eile de sheirbhísí fánaíochta, go
gcomhlíonann soláthraí amháin ar a laghad de sheirbhísí fánaíochta i ngach
Ballstát forálacha phointe (a). 2. Ní fhágann mír 1, mír 6 agus
mír 7 nach gcuirfidh soláthraí de sheirbhísí fánaíochta srian ar úsáid
seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte ag an ráta seirbhíse baile is
infheidhme faoi threoir critéir i ndáil le húsáid réasúnta. Cuirfear aon chritéar i ndáil le
húsáid réasúnta i bhfeidhm ar shlí a mbeidh tomhaltóirí, a bheidh ag baint leas
as pacáistí miondíola baile faoi seach an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta, in
ann macasamhail an ghnáthphatrúin úsáide baile a bhaineann lena bpacáiste
miondíola baile féin a fháil gan stró agus turas á dhéanamh acu anois is arís
laistigh den Aontas. I gcomhréir le hAirteagal 25(1)(b)
de Rialachán XXX/2014, agus i gcomhréir le hAirteagail 26(1)(b) agus (c) den
Rialachán sin faoi seach, foilseoidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a bheidh ag
baint leas as an deis sin, agus áireoidh sé ina chonarthaí, faisnéis
mhionsonraithe chainníochtaithe faoi conas a chuirtear an critéar i ndáil le
húsáid réasúnta i bhfeidhm, faoi threoir na bpríomhpharaiméadar a bhaineann le
praghsáil, líon nó aon pharaméadar eile i leith an phacáiste mhiondála i
dtrácht. Faoin 31
Nollaig 2014, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i
ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leagfaidh BEREC síos treoirlínte ginearálta
do chur i bhfeidhm critéar i ndáil le húsáid réasúnta sna conarthaí miondíola
arna soláthar ag soláthraithe de sheirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal
seo. Is faoi threoir na gcuspóirí foriomlána
arna leagan amach sa chéad fhomhír a dhéanfaidh BEREC na treoirlínte sin a
fhorbairt, agus aghaidh á tabhairt go háirithe ar fhorfhás patrún praghsála
agus úsáide sna Ballstáit, ar an méid cóineasaithe atá ann i ndáil le leibhéil
praghsanna baile ar fud an Aontais, maidir le haon éifeacht inbhraite a bheadh
ag an bhfánaíocht ag na rátaí seirbhísí baile ar fhorfhás na rátaí sin, agus ar
fhorfhás rátaí fánaíochta mórdhíola do thrácht neamhchothrom idir soláthraithe
de sheirbhísí fánaíochta. Déanfaidh an t‑údarás
inniúil rialála náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar chur i bhfeidhm na
gcritéar úsáide réasúnach, agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte ginearálta
BEREC a luaithe is a ghlacfar iad, agus áiritheofar nach gcuirfear aon tearmaí
míréasúnta i bhfeidhm. 3. Féadfaidh críoch‑úsáideoirí ar
leith a fhaigheann seirbhís ó sholáthraí a bhaineann leas as an Airteagal seo,
arna iarraidh sin dóibh féin, rogha a dhéanamh d’aon ghnó agus go sainraite
tarraingt siar ón tairbhe a bhaineann leis an ráta seirbhíse baile is
infheidhme faoi phacáiste miondíola ar leith a ghabhann le seirbhísí fánaíochta
rialáilte ar mhaithe le tairbhí eile arna dtairiscint ag an soláthraí sin. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta i
gcuimhne do na críoch‑úsáideoirí sin cineál na mbuntáistí ar sheirbhísí
fánaíochta a chaillfí dá ndéanfaí amhlaidh. Déanfaidh
na húdaráis rialála náisiúnta faireachán féachaint go háirithe an mbíonn
soláthraithe de sheirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo
rannpháirteach i gcleachtais ghnó lena bhféadfaí dul timpeall ar an gcóras réamhshocraithe.
4. Ní bheidh feidhm ag muirir fánaíochta miondíola rialáilte arna leagan
síos in Airteagail 8, Airteagal 10 agus in Airteagal 13 maidir le
seirbhísí fánaíochta arna dtairiscint soláthraí seirbhísí fánaíochta a
bhaineann leas as an Airteagal seo sa mhéid go ndéantar iad sin a mhuirearú ar
leibhéal an ráta seirbhíse baile is infheidhme. I gcás ina
gcuireann soláthraí seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo
muirir i bhfeidhm ar muirir iad atá éagsúil ón ráta seirbhíse baile is
infheidhme maidir le húsáid seirbhísí fánaíochta rialáilte ar mó iad ná úsáid
réasúnta na seirbhísí sin i gcomhréir le mír 2, nó i gcás ina dtréigeann
críoch‑úsáideoir ar leith an tairbhe a bhaineann le rátaí seirbhíse baile
i leith seirbhísí fánaíochta rialáilte i gcomhréir le mír 3, ní rachaidh
na muirir ar na seirbhísí fánaíochta rialáilte thar na muirir fánaíochta
mhiondíola atá leagtha síos in Airteagal 8, Airteagal 10 agus ná Airteagal 13. 5. Soláthraí seirbhísí fánaíochta atá
ag iarraidh leas a bhaint as an Airteagal seo, déanfaidh sé fógra faoina
dhearbhú féin agus faoi aon chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha arb é dá
mbua a chomhlíonann sé coinníollacha mhír 1, agus aon athrú a dhéanfar
orthu, a chur chuig Oifig BEREC. Beidh ar áireamh san fhógra ag an soláthraí
seirbhísí fánaíochta atá ag tabhairt an fhógra cruthúnas den chomhaontú leis an
bhfógra sin a rinne aon pháirtithe conarthacha sna comhaontuithe déthaobhacha
nó iltaobhacha fánaíochta a tugadh fógra ina leith. 6. Le linn na tréimhse ó 1 Iúil 2014
go dtí 30 Meitheamh 2016, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na
soláthraithe seirbhísí fánaíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha atá
leagtha amach i mír 1, nuair a ghlacann siad leis na coinníollacha seo a
leanas: (a) déanfaidh
an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra faoina dhearbhú féin agus faoi aon
comhaontaithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta ábhartha a thabhairt
d’Oifig BEREC, agus tagairt shonrach á déanamh don mhír seo; (b) áiritheoidh
an soláthraí seirbhísí fánaíochta, bíodh sé trína líonraí féin nó de bhua
comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta le soláthraithe eile
seirbhísí fánaíochta, gur comhlíonadh coinníollacha phointí (c), (d) agus (e) i
17 mBallstát ar a laghad, arb ionann é agus ionadaíocht ar 70% de phobal an
Aontais; (c) geallann an
soláthraí seirbhísí fánaíochta agus aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí
phointe (b) araon go ndéanfaidh siad, ón 1 Iúil 2014 ar aghaidh ar a dhéanaí,
nó ó dháta an fhógra, cibé acu is déanaí, pacáiste amháin miondíola ar a laghad
a chur ar fáil agus a thairiscint go beo ar pacáiste é ag a bhfuil feidhm
maidir leis an ráta seirbhíse baile is infheidhme ar na seirbhísí baile agus ar
na seirbhísí fánaíochta rialáilte ar fud an Aontais, amhail is go raibh na
seirbhísí fánaíochta rialáilte sin á n‑úsáid ar an líonra baile; (d) geallann an
soláthraí seirbhísí fánaíochta agus aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí
phointe (b) araon go ndéanfaidh siad, ar a dhéanaí ón 1 Iúil 2015 ar aghaidh,
nó ó dháta an fhógra, cibé acu is déanaí, roghanna taraifí a chur ar fáil, a
bhí in úsáid ag 50% faoi seach ar a laghad dá mbonn custaiméirí ar 1 Eanáir na
bliana sin; (e) geallann an
soláthraí seirbhísí fánaíochta agus aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí
phointe (b) araon go gcomhlíonfaidh siad a bhfuil i mír 1(b) i ngach ceann
dá bpacáistí miondíola, ón 1 Iúil 2016 ar aghaidh ar a dhéanaí. Mar mhalairt ar
an ngealltanas dá dtagraítear ag pointe (d), ón 1 Iúil 2015 ar aghaidh, nó ó
dháta an fhógra, cibé acu is déanaí, féadfaidh an soláthraí seirbhísí
fánaíochta agus aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí phointe (b) a bhaineann
leas as an Airteagal seo gealltanas a thabhairt, nach mó aon fhormhuirear
fánaíochta a chuirtear i bhfeidhm sa bhreis ar an ráta seirbhíse baile is
infheidhme ina phacáistí éagsúla miondíola, go comhiomlán, ná 50% é de na
táillí ab infheidhme sna pacáistí sin an 1 Eanáir 2015, bíodh na muirir sin
ríofa ar bhonn aonad amhail nóiméid ghuthghlaonna nó meigibhearta, nó ar bhonn
tréimhsí amhail laethanta nó seachtainí fánaíochta, nó ar aon tslí eile nó
meascán díobh. Léireoidh soláthraithe
seirbhísí fánaíochta atá ag brath ar an bpointe seo don údarás rialála
náisiúnta go gcomhlíonann siad an ceangal i dtaca le laghdú 50% agus go
soláthróidh siad gach fianaise thacaíochta is gá a lorgaítear uathu. I gcás ina
dtugann an soláthraí seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo
fógra faoina dhearbhú féin agus ina dtugann aon pháirtithe conarthacha de réir
bhrí phointe (b) fógra faoi aon chaomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha
fánaíochta d’Oifig BEREC de bhun phointe (a) den chéad fhomhír agus go dtagann
siad faoin mír seo dá bharr, beidh de cheangal ar an soláthraí seirbhísí
fánaíochta a thug an fógra agus ar aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí
phointe (b) a ngealltanais faoi seach a chomhlíonadh i gcomhréir le pointí (c),
(d) agus (e) den chéad fhomhír, lena n‑áirítear aon mhalairt gealltanais
seachas an gealltanas dá bhforáiltear i bpointe (d) den fhomhír sin, go dtí an
1 Iúil 2018 ar a laghad. 7. Le linn na
tréimhse ó 1 Iúil 2014 go dtí 30 Meitheamh 2016, beidh feidhm ag an Airteagal seo
maidir leis na soláthraithe seirbhísí fánaíochta nach gcomhlíonann na
coinníollacha atá leagtha amach i mír 1, nuair a ghlacann siad leis na
coinníollacha seo a leanas: (a) déanfaidh an soláthraí seirbhísí
fánaíochta fógra faoina dhearbhú féin agus faoi aon comhaontaithe déthaobhacha
nó iltaobhacha fánaíochta ábhartha a thabhairt d’Oifig BEREC, agus tagairt
shonrach á déanamh don mhír seo; (b) áiritheoidh an soláthraí seirbhísí
fánaíochta, bíodh sé trína líonraí féin nó de bhua comhaontuithe déthaobhacha
nó iltaobhacha fánaíochta le soláthraithe eile seirbhísí fánaíochta, gur
comhlíonadh coinníollacha mhír 1(a) i 10 mBallstát ar a laghad, arb ionann
é agus ionadaíocht ar 30% de phobal an Aontais,ón 1
Iúil 2014 ar a dhéanaí, nó ó dháta an fhógra, cibé acu is déanaí; (c) áiritheoidh an soláthraí seirbhísí
fánaíochta, bíodh sé trína líonraí féin nó de bhua comhaontuithe déthaobhacha
nó iltaobhacha fánaíochta le soláthraithe eile seirbhísí fánaíochta, gur
comhlíonadh coinníollacha mhír 1(a) i 14 Bhallstát ar a laghad, arb ionann
é agus ionadaíocht ar 50% de phobal an Aontais, ón 1
Iúil 2015 ar a dhéanaí, nó ó dháta an fhógra, cibé acu is déanaí; (d) áiritheoidh an soláthraí seirbhísí
fánaíochta, bíodh sé trína líonraí féin nó de bhua comhaontuithe déthaobhacha
nó iltaobhacha fánaíochta le soláthraithe eile seirbhísí fánaíochta, gur
comhlíonadh coinníollacha mhír 1(a) i 17 mBallstát ar a laghad, arb ionann
é agus ionadaíocht ar 70% de phobal an Aontais,ón 1
Iúil 2016 ar a dhéanaí. I gcás ina
dtugann soláthraí seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo
fógra faoina dhearbhú féin agus faoi aon chaomhaontuithe déthaobhacha nó
iltaobhacha fánaíochta d’Oifig BEREC de bhun phointe (a) den chéad fhomhír agus
go dtagann sé faoin mír seo dá bharr, beidh de cheangal ar an soláthraí seirbhísí
fánaíochta a thug an fógra agus ar aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí
phointe (b) a ngealltanais faoi seach a chomhlíonadh i gcomhréir le
coinníollacha mhír 1(a), go dtí an 1 Iúil 2018 ar a laghad. 8. Rachaidh soláthraithe seirbhísí
fánaíochta i mbun caibidlíochta de mheon macánta maidir leis na socruithe chun
comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha fánaíochta a chur ar bun faoi
théarmaí cothroma agus réasúnta i bhfianaise an chuspóra gur cheart go n‑éascófaí
le comhaontuithe den sórt sin le soláthraithe eile
seirbhísí fánaíochta leathadh fíorúil ar an gcumhdach líonra baile agus
go ndéanfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal
seo soláthar inbhuanaithe seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte ar an
leibhéal praghais céanna lena seirbhísí baile cumarsáide soghluaiste. 9. De mhaolú ar mhír 1, tar éis
an 1 Iúil 2016, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthraithe
seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo nuair a léiríonn na
soláthraithe sin go bhfuil iarracht déanta acu de mheon macánta comhaontuithe
déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta a chur ar bun nó a leathadh bunaithe ar
théarmaí cothroma agus réasúnta i ngach Ballstát nach gcomhlíonann siad fós
coinníollacha mhír 1 iontu agus nár éirigh leo aon chomhaontú déthaobhach
nó iltaobhach a dhaingniú le soláthraí seirbhísí fánaíochta i mBallstát amháin
nó níos mó, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a bhaineann
leis an íoschumhdach dá dtagraítear i mír 6(b) agus na forálacha ábhartha
eile go léir san Airteagal seo. Sna cásanna
sin, leanfaidh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal
seo ag iarraidh tearmaí réasúnta a leagan síos le comhaontú fánaíochta a
thabhairt i gcrích le soláthraí seirbhísí fánaíochta ó aon Bhallstát gan
ionadaíocht. 10. I gcás ina bhfuil rochtain tugtha
cheana féin do sholáthraí malartach seirbhíse fánaíochta ar chustaiméirí
soláthraithe baile de bhun Airteagal 4(1) agus i gcás ina bhfuil na
hinfheistíochtaí is gá chun freastal ar na custaiméirí sin déanta aige, ní
bheidh feidhm ag Airteagal 4(7) maidir le soláthraí den chineál sin le
linn idirthréimhse trí bliana. Tá an
idirthréimhse gan dochar don ghá atá ann go ndéanfar aon tréimhse chonarthach
níos faide a aontaíodh le soláthraí malartach seirbhíse a urrumú. 11. Tá an tAirteagal seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Aontais maidir le
comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha fánaíochta.ʼ (5) In Airteagal 8,
leasaítear mír 2 mar a leanas: (a) cuirtear an
méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ʻ2. Le héifeacht ón 1 Iúil 2013, maidir
leis an muirear miondíola i ndáil le taraif Eora‑ghuthghlao (gan CBL a
áireamh) a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a
chustaiméir seirbhísí fánaíochta chun glao fánaíochta rialáilte a sholáthar,
féadfar é a athrú i gcás aon ghlao fánaíochta ach ní rachaidh sé thar EUR 0,24
in aghaidh an nóiméid d’aon ghlao a dhéantar nó thar EUR 0,07 in aghaidh an
nóiméid d’aon ghlao a fhaightear. Laghdófar an
muirear uasta miondíola ar ghlaonna a dhéantar go dtí EUR 0,19 an 1 Iúil 2014. Ón 1 Iúil 2014 ar aghaidh, ní thoibheoidh
soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon mhuirear ar a gcustaiméirí seirbhísí
fánaíochta i gcás glaonna a rinneadh, gan dochar do bhearta a rinneadh chun
úsáid aimhrialta nó calaoiseach a sheachaint. Gan
dochar d’Airteagal 19, leanfaidh na muirir uasta mhiondíola sin maidir
leis an taraif Eora‑ghuthghlao de bheith bailí go dtí an 30 Meitheamh
2017.ʼ (b) cuirtear an
méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: ʼ Déanfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta muirear a ghearradh ar a
chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta as aon ghlao fánaíochta rialáilte a
bhfuil feidhm ag taraif Eora‑ghuthghlao ina leith a sholáthar ar bhonn
ráta in aghaidh an tsoicind.ʼ (6) In Airteagal 14,
cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas: ʻ1a. Nuair atá teorainn le húsáid seirbhísí
fánaíochta miondíolta rialáilte ag an ráta seirbhíse baile is infheidhme faoi
threoir critéir i ndáil le húsáid réasúnta i gcomhréir le hAirteagal 4a(2),
tabharfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta foláireamh dá gcustaiméirí
seirbhísí fánaíochta nuair a bheidh usáid glaonna fánaíochta agus
teachtaireachtaí SMS ag teorainn na húsáide réasúnta agus ag an am céanna
tabharfaidh siad faisnéis bhunúsach phearsantaithe praghsála dóibh maidir leis
na muirir fánaíochta is infheidhme chun guthghlao a dhéanamh nó chun
teachtaireacht SMS a sheoladh lasmuigh de ráta nó pacáiste seirbhíse baile i
gcomhréir leis an dara, an ceathrú agus an gcúigiú fomhír de mhír 1 den Airteagal
seo.ʻ (7) In Airteagal 15,
cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas: ʻ2a. Nuair atá teorainn le húsáid seirbhísí
fánaíochta miondíola rialáilte ag an ráta seirbhíse baile is infheidhme faoi
threoir critéir i ndáil le húsáid réasúnta i gcomhréir le hAirteagal 4a(2),
tabharfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta foláireamh dá gcustaiméirí
seirbhísí fánaíochta nuair a bheidh úsáid seirbhísí fánaíochta sonraí ag
teorainn na húsáide réasúnta agus ag an am céanna tabharfaidh siad faisnéis
bhunúsach phearsantaithe praghsála dóibh maidir leis na muirir fánaíochta is
infheidhme maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí lasmuigh de ráta nó pacáiste
seirbhíse baile i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Beidh feidhm ag mír 3
den Airteagal seo maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí a úsáidfear lasmuigh de
na rátaí nó pacáistí seirbhísí baile is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 4a(2).ʼ (8) Leasaítear Airteagal 19
mar seo a leanas: (a) Leasaítear mír 1
mar seo a leanas: (i) cuirtear an
méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: ʻ Athbhreithneoidh an Coimisiún feidhmiú an Rialacháin seo agus, tar éis
comhairliúcháin phoiblí, cuirfidh sé tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus
chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016.ʻ (ii) cuirtear an
méid seo a leanas in ionad phointe (g): ʻ(g) a mhéid is atá torthaí ann de bharr chur chun feidhme na mbeart
struchtúrach dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 agus an
chórais mhalartaigh dá bhforáiltear in Airteagal 4a maidir le hiomaíocht a
fhorbairt sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí fánaíochta sa mhéid gur
fíorbheag an difear idir taraifí fánaíochta agus taraifí náisiúnta;ʼ (iii)
cuirtear isteach pointe (i) seo a leanas: '(i)
a mhéid, más ann dó, a bhraitear go bhfuil forfhás praghsanna miondíola baile
faoi thionchar an ráta seirbhíse baile a chuir soláthraithe seirbhísí
fánaíochta i bhfeidhm ar sheirbhísí baile agus ar sheirbhísí fánaíochta
rialáilte ar fud an Aontais. (b) Leasaítear mír 2
mar a leanas: (i) cuirtear an
méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: ʻ(Má léirítear sa tuarascáil nach soláthraítear roghanna taraifí i ngach
pacáiste miondíola d'úsáid réasúnta ag soláthraí amháin seirbhísí fánaíochta ar
a laghad i ngach Ballstát, ar roghanna taraifí iad a mbíonn feidhm ag an ráta
seirbhísí baile maidir le seirbhísí fánaíochta baile agus rialáilte, nó nach
bhfuil taraifí miondíola fánaíochta a bheadh cóibhéiseach cuid mhaith curtha ar
fáil go furasta sna tairiscintí ag soláthraithe malartacha seirbhísí fánaíochta
do thomhaltóiri ar fud an Aontais, cuirfidh an Coimisiún, faoin dáta céanna,
tograí iomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun aghaidh
a thabhairt ar an staid sin agus lena áirithiú nach mbeidh aon difear idir taraifí
náisiúnta agus taraifí fánaíochta laistigh den mhargadh inmheánach.ʻ (ii)Cuirtear an
méid seo a leanas in ionad phointe (d): ʻ(d) athrú a dhéanamh ar ré na muirear uasta mórdhíola dá bhforáiltear
in Airteagal 7, in Airteagal 9 agus in Airteagal 12 nó a
leibhéil a laghdú d’fhonn cumas gach soláthraithe seirbhísí fánaíochta a
atreisiú roghanna taraifí a chur ar fáil ina bpacáistí miondíola i ndáil le
húsáid réasúnta ina mbeadh feidhm ag an tseirbhís bhaile is infheidhme maidir
leis na seirbhísí baile agus leis na seirbhísí fánaíochta rialáilte, amhail is
gur úsáideadh na seirbhísí fánaíochta rialáilte ar an líonra baile.ʼ Airteagal 38 ‑ Leasuithe
ar Rialachán (AE) Uimh. 1211/2009 Leasaítear
Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 mar seo a leanas:
(1) In Airteagal 1,
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ʻ2. Gníomhóidh BEREC laistigh de raon
feidhme Threoir 2002/21/CE (an Chreat‑Treoir) agus Threoracha
2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/22/CE agus 2002/58/CE (Treoracha Sonracha), agus
laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus Rialachán Uimh. XX/2014.ʼ (2) In Airteagal 4,
scriostar mír 4 agus mír 5 (3) Cuirtear
isteach Airteagal 4a mar seo a leanas: Airteagal 4a – Ceapachán agus cúraimí an Chathaoirligh 1. Déanfaidh Cathaoirleach ionadaíocht
thar ceann an Bhoird Rialálaithe, duine gairmiúil neamhspleách lánaimseartha a
bheidh ann. Beidh an
Cathaoirleach fostaithe mar ghníomhaire sealadach de chuid na hOifige de réir Airteagal 2(a)
de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach
Eile. Beidh an
Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Rialálaithe a ullmhú agus
feidhmeoidh sé mar chathaoirleach gan aon cheart vótála ar chruinnithe de chuid
an Bhoird Rialálaithe agus an Choiste Bainistíochta. Gan dochar do
ról an Bhoird Rialálaithe i ndáil le cúraimí an Chathaoirligh, ní lorgóidh an
Cathaoirleach, ná ní ghlacfaidh sé aon treoir ó aon rialtas ná ó aon údarás
neamhrialtasach, ón gCoimisiún ná ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile. 2. Is é an Bord Rialálaithe a cheapfaidh an Cathaoirleach
ar bhonn fiuntais, scileanna agus eolais ar rannpháirtithe sa mhargadh don
chumarsáid leictreonach agus ar na margaí féin, agus ar
bhonn taithí a bhaineann le maoirseacht agus rialáil, tar éis nós imeachta
roghnúcháin oscailte. Sula gceapfar é, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a
roghnóidh an Bord Rialálaithe ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an
choiste sin a fhreagairt. Is le formheas
an Choiste Bainistíochta amháin a thiocfaidh ceapachán an Chathaoirligh i
bhfeidhm. As measc a
chomhaltaí féin, toghfaidh an Bord Rialálaithe Leas‑Cathaoirleach a
chomhlíonfaidh feidhmeanna an Chathaoirligh i gcás ina mbeidh sé as láthair. 3. Trí bliana a mhairfidh téarma
oifige an Chathaoirligh agus féadfar é a
athnuachan uair amháin. 4. Le linn na naoi mí roimh dheireadh na téarma oifige trí
bliana ag an gCathaoirleach, déanfaidh an Bord Rialálaithe
meastóireacht ar an méid seo a leanas: (a) na torthaí a baineadh amach i rith
na chéad téarma oifige agus mar a baineadh amach iad. (b) dualgais
agus ceanglais an Bhoird Rialálaithe sna blianta amach anseo. Má bheartaítear
téarma oifige an Chathaoirligh a shíneadh, cuirfidh an Bord Rialálaithe an méid
sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa. Laistigh de mhí
amháin roimh aon síneadh den sórt sin, féadfar a iarraidh ar an gCathaoirleach
ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus
ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt 5. Ní fhéadfar an Cathaoirleach a chur
as oifig ach amháin le cinneadh ón mBord Rialálaithe ag gníomhú dó ar thogra ón
gCoimisiún agus tar éis formheas an Choiste Bainistíochta a fháil. Ní choiscfidh
an Cathaoirleach an Bord Rialálaithe ná an Bord Bainistíochta ó ábhair a
bhaineann leis an gCathaoirleach a phlé, go háirithe an gá lena chur as oifig,
agus ní bheidh sé páirteach in aon phlé a bhaineann le hábhar den sórt sin.ʼ (4) Leasaítear Airteagal 6
mar seo a leanas: (a) Mír 2,
scriostar fleasc 4. (b) Leasaítear mír 3
mar seo a leanas: ʻ3. Is éard a bheidh san Oifig: (a) Cathaoirleach ar an mBord Rialálaithe; (b) Coiste Bainistíochta; (c) Bainisteoir Riaracháin.ʼ (5) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a
leanas: (a) Leasaítear mír 2 mar seo a leanas: ʻ2. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an
Bainisteoir Riaracháin agus, nuair is ábhartha é, cuirfidh sé síneadh lena
théarma/téarma oifige nó cuirfidh sé as oifig é/í i gcomhréir le hAirteagal 8. Ní ghlacfaidh an Bainisteoir Riaracháin
ainmnithe páirt in ullmhú an chinnidh sin ná ní vótálfaidh sé ar an gcinneadh
sin.ʼ
(4) Scriostar mír 4. (6) Scriostar mír 2, mír 3 agus mír 4
d’Airteagal 8 agus cuirtear an méid seo a leanas ina n‑ionad: ʻ2. Beidh an Bainisteoir
Riaracháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach de chuid na hOifige de réir Airteagal 2(a)
de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile. 3. Ceapfaidh an Coiste Bainistíochta an
Bainisteoir Riaracháin ó liosta iarrthóirí a bheidh molta ag an gCoimisiún, tar
éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Chun críche chonradh an Bhainisteora
Riaracháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Choiste
Bainistíochta ionadaíocht thar ceann na hOifige.f Sula gceapfar é,
féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Bainistíochta ráiteas a
dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa
agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt. 4. Cúig bliana a mhairfidh téarma oifige an
Bhainisteora Riaracháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an
Coimisiún faoi mheasúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht
an Bhainisteora Riaracháin agus ar thascanna agus ar dhúshláin na hOifige amach
anseo. 5. Féadfaidh an Coiste Bainistíochta, ag
gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá
dtagraítear i mír 4, tréimhse oifige an Bhainisteora Riaracháin a shíneadh
uair amháin, go ceann cúig bliana ar a mhéid. 6. Má bheartaítear téarma oifige an
Bhainisteora Riaracháin a shíneadh, cuirfidh an Coiste Bainistíochta an méid
sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa. Laistigh de mhí
amháin roimh aon síneadh den sórt sin, féadfar a iarraidh ar an mBainisteoir
Riaracháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil na Parlaiminte
agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt. 7. Ní fhéadfaidh Bainisteoir Riaracháin ar
cuireadh síneadh lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós
imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.
8. Ní fhéadfar an Bainisteoir Riaracháin a
chur as oifig ach amháin le cinneadh ón gCoiste Bainistíochta ag gníomhú dó ar
thogra ón gCoimisiún. 9. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta ar
chinntí faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an
Bhainisteora Riaracháin ar bhonn thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a
bhfuil ceart vótála acu.ʼ (7) In Airteagal 9, leasaítear mír 2
mar seo a leanas: ʻ2. Cuideoidh an Bainisteoir
Riaracháin le Cathaoirleach an Bhoird Rialálaithe clár oibre an Bhoird Rialálaithe,
an Choiste Bainistíochta agus na Meithleacha Saineolaithe a ullmhú. Beidh an
Bainisteoir Riaracháin rannpháirteach in obair an Bhoird Rialálaithe agus in
obair an Choiste Bainistíochta, ach gan aon cheart vótála aige.ʼ (8) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a
leanas: ʻ1. Na Rialacháin Foirne agus
Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh trí
chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na
Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile,
beidh feidhm acu maidir le foireann na hOifige, lena n‑áirítear
Cathaoirleach an Bhoird Rialálaithe agus an Bainisteoir Riaracháin. 2. Déanfaidh an Coiste Bainistíochta
rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh ionas go mbeidh feidhm ag na
Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhreir
le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne. 3. Na cumhachtaí a tugadh don Údarás
Ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus don Údarás atá Cumhachtaithe chun
Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích ("cumhachtaí an údaráis
cheapacháin") faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, déanfaidh
an Coiste Bainistíochta iad a fheidhmiú i dtaobh bhaill foirne na hOifige . 4. I gcomhréir le hAirteagal 110 de na
Rialacháin Foirne, glacfaidh an Coiste Bainistíochta cinneadh a bheidh bunaithe
ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de
Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena dtarmligtear cumhachtaí
ábhartha an údaráis cheapacháin chuig an mBainisteoir Riaracháin agus lena
sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur
ar fionraí. Beidh d’údarás ag an mBainisteoir Riaracháin na cumhachtaí sin a
fho-tharmligean. I gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla,
féadfaidh an Coiste Bainistíochta tarmligean cumhachtaí an údaráis cheapacháin
chuig an mBainisteoir Riaracháin agus na cumhachtaí sin arna bhfotharmligean ag
an mBainisteoir Riaracháin a chur ar fionraí go sealadach trí bhíthin cinnidh,
agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó
chuig ball foirne seachas an Bainisteoir Riaracháin.ʼ (9) Cuirtear
isteach Airteagal 10a mar seo a leanas: ʻAirteagal 10a ‑ Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
agus foireann eile 1. Féadfaidh an Oifig leas a bhaint as
saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe
ag an Oifig. 2. Glacfaidh an Coiste Bainistíochta
cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisúnta a
thabhairt ar iasacht chun na hOifige.ʼ Airteagal 39 – Clásal athbhreithnithe Cuirfidh an
Coimisiún tuarascálacha ar mheastóireacht ar an Rialachán seo agus ar
athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na
Comhairle go tráthrialta. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach tráth nach
déanaí ná 1 Iúil 2018. Cuirfear isteach tuarascálacha ina dhiaidh sin gach
ceithre bliana. Más gá, cuirfidh an Coimisiún tograí iomchuí isteach d'fhonn an
Rialachán seo a leasú agus d'fhonn ionstraimí dlíthiúla eile a ailíniú, agus
aird á tabhairt go háirithe ar fhorbairtí sa teicneolaíocht faisnéise agus an
dul chun cinn atá á dhéanamh sa tsochaí faisnéise. Déanfar na tuarascálacha a
phoibliú. Airteagal 40 - Teacht i bhfeidhm 1.
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis
lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 2.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2014. Beidh feidhm ag
Airteagail 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29 agus Airteagal 30 ón 1 Iúil
2016. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN I
NA PARAMÉADAIR ÍOSTA MAIDIR LE TÁIRGÍ EORPACHA DE ROCHTAIN FHÍORÚIL AR
LEATHANBHANDA 1. TAIRISCINT 1 – Táirge rochtana
mórdhíola do líonraí fosaithe a thairgfear thar líonraí na chéad ghlúine eile
ag Sraith 2 de shamhail seacht sraith do phrótacail chumarsáide de chuid
Eagraíocht na gCaighdeán Idirnáisiúnta (‘Sraith an Nasctha Sonraí’), lena
dtairgfear feidhmiúlachtaí a bheidh coibhéiseach le díchuachadh fisiciúil, le
pointí aistrithe ar leibhéal atá níos giorra do háitreabh an chustaiméara ná ar
leibhéal náisiúnta nó réigiúnach. 1.1 Eilimintí líonra agus faisnéis ghaolmhar: (a) cur síos ar an rochtain ar líonra a
sholáthrófar, lena n‑áireofar tréithe teicniúla (lena n‑áireofar
faisnéis i ndáil le cumraíocht an líonra nuair is gá chun úsáid éifeachtach a
bhaint as an rochtain líonra); (b) na suíomhanna ag a soláthrófar rochtain
líonra; (c) aon chaighdeáin theicniúla ábhartha a
bhaineann le rochtain líonra, lena n‑áireofar srianta úsáide agus aon
saincheist slándála eile; (d) sonraíochtaí teicniúla don chomhéadan ag
pointí aistrithe agus ag pointí críochnaithe líonra (áitreabh an chustaiméara); (e) sonraíochtaí i ndáil le trealamh a
úsáidfear ar an líonra; agus (f) sonraí faoi thástálacha
idir-inoibritheachta. 1.2 Feidhmiúlachtaí líonra: (a) leithdháileadh solúbtha VLANanna (Líonraí
Fíorúla Ceantair Logánta) a bheidh bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna; (b) lúdracht agnóisíoch ó thaobh seirbhíse de,
lena bhféadfar smacht a choimeád ar luasanna uaslódála agus íoslódála tráchta; (c) cumasúchán slándála; (d) rogha solúbtha i ndáil le trealamh ag
áitreabh an chustaiméara (chomh fada agus is féidir go teicniúil); (e) cianrochtain ar threalamh ag áitreabh an
chustaiméara; agus (f) feidhmiúlacht ilchraolacháin, i gcás ina
bhfuil gá agus an cineál feidhmiúlachta is gá chun inmhacasamhlaitheacht
theicniúil tairiscintí iomaíocha miondíola a áirithiú. 1.3 Próiseas oibríochtúil agus gnó: (a) próisis ceanglas cáilitheachta d’ordú agus
do sholáthrú; (b) faisnéis bhilleála; (c) nósanna imeachta i ndáil le hascnamh,
bogadh agus críochnú; agus (d) tréimhsí ama sonracha i gcomhair deisithe
agus cothabhála. 1.4 Seirbhísí coimhdeacha agus Córais TF: (a) faisnéis agus coinníollacha i ndáil le
comhshuí agus aisiompar; (b) sonraíochtaí do rochtain ar sheirbhísí
coimhdeacha TF agus a n‑úsáid do chóras tacaíochta oibriúcháin, do chóras
faisnéise agus do bhunachair i gcomhair réamhordaithe, soláthraithe, orduithe,
iarrataí ar chothabháil agus ar dheisiú agus billeála, lena n‑áirítear
srianta ar a n‑úsáid agus nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar na
seirbhísí sin. 2. TAIRISCINT 2: Táirge rochtana mórdhíola
do líonraí fosaithe a bheidh á thairiscint ag Sraith 3 de shamhail seacht
sraith do phrótacail chumarsáide de chuid Eagraíocht na gCaighdeán
Idirnáisiúnta (Sraith an Nasctha Sonraí’), ar leibhéal IP leibhéal an tsrutha
giotáin le pointí aistrithe lena dtairgfear céim níos airde comhbhailiúcháin
amhail atá ar leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach. 2.1 Eilimintí líonra agus faisnéis ghaolmhar:
(a) tréithe an naisc cheangail a sholáthrófar
ag na pointí aistrithe (i ndáil le luas, Cáilíocht Seirbhíse, etc.); (b) cur síos ar an líonra leathanbhanda a
cheanglaíonn áitreabh an chustaiméara leis na pointí aistrithe, i ndáil le
haisiompar agus rochtain ailtireachta líonraí; (c) suíomh an phointe aistrithe (na bpointí
aistrithe); agus (d) na sonraíochtaí teicniúla do na comhéadáin
ag pointí aistrithe. 2.2 Feidhmiúlachtaí líonra: An cumas tacú le leibhéil éagsúla caighdeán
seirbhíse (e.g. cáilíocht seirbhíse 1,2 agus 3) maidir le: (i) moill; (ii) giodam; (iii) caillteanas paicéid; agus (iv) cóimheas coimhlinte. 2.3 Próiseas oibríochtúil agus gnó: (a) próisis ceanglas cáilitheachta d’ordú agus
do sholáthrú; (b) faisnéis bhilleála; (c) nósanna imeachta i ndáil le hascnamh,
bogadh agus críochnú; agus (d) tréimhsí ama sonracha i gcomhair deisithe
agus cothabhála. 2.4 Seirbhísí Coimhdeacha TF: (b) Sonraíochtaí do rochtain ar sheirbhísí
coimhdeacha TF agus a n‑úsáid do chóras tacaíochta oibriúcháin, do chóras
faisnéise agus do bhunachair i gcomhair réamhordaithe, soláthraithe, ordaithe,
iarrataí ar chothabháil agus ar dheisiú agus billeála, lena n‑áirítear
srianta ar a n‑úsáid agus nósanna imeachta chun rochtain ar na seirbhísí
sin. 3. TAIRISCINT 3: Deighleáin chríochnaithe
mórdhíola de línte léasaithe, a bhfuil comhéadain fheabhsaithe acu, d’úsáid
eisiach an chuardaitheora rochtana lena soláthrófar acmhainn bhuan shiméadrach
gan srian maidir le húsáid lena mbeadh comhaontuithe de ghrád leibhéal na
seirbhíse, trí nasc ó phointe go pointe agus le Sraith 2 de shamhail seacht
sraith do chomhéadain líonra prótacail chumarsáide de chuid Eagraíocht na
gCaighdeán Idirnáisiúnta (‘Sraith an Nasctha Sonraí’). 3.1 Eilimintí líonra agus faisnéis ghaolmhar: (a) cur síos ar an rochtain ar líonra a
sholáthrófar, lena n‑áireofar tréithe teicniúla (lena n‑áireofar
faisnéis i ndáil le cumraíocht an líonra nuair is gá chun úsáid éifeachtach a
bhaint as an rochtain líonra); (b) na suíomhanna ag a soláthrófar rochtain
líonra; (c) na luasanna éagsúla agus an fhad uasta a
thairgfear; (c) aon chaighdeáin theicniúla ábhartha a
bhaineann le rochtain líonra, lena n‑áireofar srianta úsáide agus aon
saincheist slándála eile; (f) sonraí faoi thástálacha
idir-inoibritheachta; (f) sonraíochtaí i ndáil le trealamh a
cheadófar ar an líonra; (g) comhéadan idir líonraí ar fáil (NNI); (h) méid uasta an chreata a cheadófar, i
mbearta. 3.2 Feidhmiúlachtaí líonra agus táirge; (a) rochtain thiomnaithe shiméadrach saor ó
choimhlint; (b) lúdracht agnóiseach ó thaobh seirbhíse de,
lena bhféadfar smacht a choimeád ar luasanna agus ar shiméadracht tráchta; (a) trédhearcacht prótacail, leithdháileadh
solúbtha VLANanna (Líonraí Fiorúla Ceantair Logánta) a bheidh bunaithe ar
shonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna; (d) Paraiméadair eile i leith Cáilíochta
Seirbhíse, (moill, giodam, caillteanas paicéid) lena gcumasófar gníomhú ríthábhachtach
don ghnó. 3.3 Próiseas oibríochtúil agus gnó: (a) próisis ceanglas cáilitheachta d’ordú agus
do sholáthrú; (c) nósanna imeachta i ndáil le hascnamh,
bogadh agus críochnú; (d) tréimhsí ama sonracha i gcomhair deisithe
agus cothabhála; (d) athruithe ar chórais TF (a mhéid a
chuireann sé isteach ar oibreoirí malartacha); agus EUR muirir ábhartha, téarmaí íocaíochta agus
nósanna imeachta billeála. 3.4 Comhaontuithe leibhéal na seirbhíse, (a) an cúiteamh a bheidh le híoc ag páirtí
amháin go páirtí eile toisc nár comhlíonadh gealltanais chonarthacha, lena n‑áirítear
soláthrú agus am cothabhála, chomh maith leis na coinníollacha a bhaineann le hincháilitheacht
ar chúitimh; (b) sainmhíniú ar dhliteanas agus ar
shlánaíocht agus teorannú ina leith; (c) nósanna imeachta i gcás ina mholfaí
athruithe ar na seirbhísí tairgthe, mar shampla, seoladh seirbhísí nua,
athruithe ar sheirbhísí atá ann cheana nó athruithe ar phraghsanna; (d) sonraí i leith aon chearta maoine
intleachtúla ábhartha; (e) sonraí i leith fhad agus athchaibidlíocht
na gcomhaontuithe. 3.5 Seirbhísí Coimhdeacha TF: sonraíochtaí do rochtain ar sheirbhísí
coimhdeacha TF agus a n‑úsáid do chóras tacaíochta oibriúcháin, do chóras
faisnéise agus do bhunachair i gcomhair réamhordaithe, soláthraithe, ordaithe,
iarrataí ar chothabháil agus ar dheisiú agus billeála, lena n‑áirítear
srianta ar a n‑úsáid agus nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar na
seirbhísí sin. IARSCRÍBHINN II
NA PARAMÉADAIR ÍOSTA MAIDIR LE TÁIRGÍ EORPACHA LÚDRACHTA ASQ Eilimintí líonra agus faisnéis ghaolmhar ‑ Cur síos ar an táirge lúdrachta
atá le soláthar thar líonra fosaithe, lena n‑áirítear tréithe teicniúla
agus glacadh aon chaighdeán ábhartha. Feidhmiúlachtaí líonra: ‑ comhaontú lúdrachta lena n‑áireofar
Cáilíocht Seirbhíse ó cheann go ceann, bunaithe ar pharaiméadair shonraithe
chomhchoiteanna lenar féidir na haicmí seirbhísí seo a leanas a sholáthar ar a
laghad: ‑ guthghlaonna agus
físghlaonna; ‑ craoladh ábhair
chlosamhairc; agus ‑ feidhmchláir i ndáil le
sonraí criticiúla. [1] COM [cuirtear isteach an tagairt deiridh] [2] COM(2013) 147. [3] IO L 334, 28.12.2007, lch. 65. [4] Steps towards a truly
internal market for e-communications in the run‑up to 2020, Ecorys, TU Delft agus TNO, 2012. [5] Business communications, economic growth and the
competitive challenge, WIK, 2012. [6] Capturing the ICT dividend, Oxford Economics
Research, 2011. [7] Quantitative estimates of the demand for cloud
computing in Europe and the likely barriers to takeup, IDC, 2012. [8] COM(2013) 48. [9] Go sonrach, tionóladh seisiún eolais leis an bpobal sa
Bhruiséil an 17 Meitheamh 2013. Reáchtáladh ócáid eile mar
chuid den Tionól Bliantúil um an dTráthchlár Digiteach i mBaile Átha Cliath an
19 Meitheamh. [10] Steps towards a truly
internal market for e-communications in the run‑up to 2020, Ecorys, TU Delft agus TNO, 2012. [11] European Commission, European Economy Occasional Papers
129: Market Functioning in Network Industries -
Electronic Communications, Energy and Transport, 2013. [12] IO C , , lch. . [13] IO C , , lch. . [14] Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí
cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a
bheith eatarthu (Treoir na Rochtana) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 7) [15] Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus
seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe) (IO L 108, 24.4.2002,
lch. 21) [16] Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála do
líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir Réime) (IO L 108,
24.4.2002, lch. 33) [17] Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta
úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir
um Sheirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51). [18] Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a
phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide
leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas leictreonach) (IO L 201,
31.7.2002, lch. 37). [19] Treoir ón gCoimisiún 2002/77/CE an 16
Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht sna margaí do líonraí agus seirbhísí
cumarsáide leictreonaí (IO L 249, 17.9.2002, lch. 21.) [20] Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear
Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an
Oifig (IO L 337, 18.12.2009, lch. 1). [21] Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le
fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den
Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10). [22] Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 ó Pharlaimint na
hEorpa lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió (IO L
81, 21.3.2012, lch. 7). [23] Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 ó Pharlaimint na
hEorpa lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió, IO L
81, 21.3.2012. [24] Cinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas um an
speictream raidió sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh an Speictrim Raidió) (IO L
108, 24.4.2002, lch. 1). [25] Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2001 lena leagtar síos
na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir
le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an
Choimisiúin (IO L 55, 28.2 2011, lch. 13). [26] Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le
fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den
Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10). [27] Cinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas
um an speictream raidió sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh an Speictrim Raidió)
(IO L 109, 24.4.2002, lch. 1). [28] Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún an
26 Iúil 2002 maidir le Grúpa um an mBeartas Radaispeictrim a bhunú (IO L 198,
27.7.2002, lch. 49). [29] Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear
clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió (IO L 81, 21.3.2012, lch.
7). [30] Treoir 2013/35/AE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na híoscheanglais
sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a
bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (réimsí leictreamaighnéadacha) (an fichiú
Treoir leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)
agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/40/CE (IO L 179, 29.6.2013,
lch. 1). [31] Moladh 1999/519/CE ón gComhairle an
12 Iúil 1999 maidir leis an teorannú ar nochtadh an phobail i gcoitinne do
réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go 300 GHz) (IO L 1999, 30.7.1999, lch.
59). [32] Treoir 1999/5/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le trealamh
raidió agus trealamh teirminéil teileachumarsáide agus le haitheantas
frithpháirteach a gcomhréireachta (IO L 91, 7.4.1999, lch. 10). [33] Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le
haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE)
Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE, IO L 165, 18 Meitheamh 2013,
lch. 63.