Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0627

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta maidir leis an margadh aonair Eorpach sa chumarsáid leictreonach agus chun Ilchríoch Idirnasctha a bhaint amach, agus lena leasaítear Treoir 2002/20/CE, Treoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012

/* COM/2013/0627 final - 2013/0309 (COD) */

52013PC0627

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta maidir leis an margadh aonair Eorpach sa chumarsáid leictreonach agus chun Ilchríoch Idirnasctha a bhaint amach, agus lena leasaítear Treoir 2002/20/CE, Treoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 /* COM/2013/0627 final - 2013/0309 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1. Cuspóirí an togra

Ní mór don Eoraip leas a bhaint as foinsí nua fáis chun téarnamh a chur faoin iomaíochas, an nuálaíocht a bhrú chun cinn agus jabanna nua a chruthú. Tá an geilleagar domhanda ag éirí ina gheilleagar atá bunaithe ar an idirlíon, agus ba cheart a aithint gur foinse fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach is ea an teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide (TFC). Níl sé ar acmhainn na hEorpa diúltú do bhuntáistí a ghabhann le teicneolaíochtaí idirnasctha ar dá mbarr a tháinig méadú táirgeachta 50% le blianta beaga anuas i ngach earnáil; teicneolaíochtaí lena gcruthaítear cúig jab os coinne gach jab a chailltear agus a spreagann seirbhísí nua nuálacha a bhfuil sé ar a gcumas méadú go scála domhanda ach iad an deis a fháil fás. Is é seo an eochair a ligfidh don Eoraip an éigeandáil a fhagáil ina diaidh agus éirí níos láidre lena linn; ach chun an eochair sin a chasadh ní mór dúinn dul i ngleic leis na bacainní atá á gcur ag an ilroinnt leanúnach ar an bhfás eacnamaíoch. Tá seo aitheanta go hiomlán ag Comhairle Eorpach Earrach 2013, mar is léir óna Conclúidí, conclúidí lenar leagadh amach gur chóir don Choimisiún tuairisc a thabhairt faoi Dheireadh Fómhair 2013 ar na bacainní atá le sárú chun Margadh Aonair Digiteach lánfheidhmiúil a chur i gcrích, agus bearta cinnte a thíolacadh maidir leis an gcaoi a mbunófar margadh aonair don teicneolaíocht faisnéise agus teileachumarsáide.

Is é cuspóir ginearálta an togra druidim níos gaire do mhargadh aonair don chumarsáid leictreonach:

– ina mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí cibé áit a soláthraítear iad san Aontas, agus é sin a dhéanamh gan srianta trasteorann ná costais bhreise gan údar dlisteanach;

– ina bhféadfaidh cuideachtaí a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí iad a fheidhmiú agus a sholáthar is cuma cén áit san AE a bhfuil an chuideachta bunaithe nó a custaiméirí lonnaithe.

Tá an sprioc uaillmhianach seo tábhachtach inti féin, tharla go bhfuil breis is deich mbliana imithe thart d'idirghabhálacha reachtacha Aontais a bhí dírithe ar na margaí sin a léirscaoileadh agus a chomhtháthú. Tá géarghá le bearta práinneacha agus cinntitheacha chun an sprioc mar atá leagtha síos sa togra a bhaint amach, go háirithe ó tharla go gcaithfear fanacht tamall eile, fiú tar éis an togra a ghlacadh, sula bhfeicfear tairbhe na mbeart sin. Mar go gcothódh sé comhtháthú an mhargaidh agus infheistíocht trasteorann i líonraí agus i soláthar seirbhísí, beidh de thoradh ar mhargadh aonair don chumarsáid leictreonach go spreagfaí an iomaíocht, an infheistíocht agus an nuálaíocht i dtaca le líonraí agus seirbhísí. Maidir leis na bearta sonracha atá sa togra, ba chóir go mbeadh de thoradh orthu méadú iomaíochta i dtaca le cáilíocht agus praghas an bhonneagair, neartú ar an nuálaíocht agus ar an difreáil go ginearálta, agus go háirithe i samhlacha gnó, agus éascú ar an bpleanáil a ghabhann leis na gnéithe tráchtála agus teicniúla a bhaineann le cinntí infheistíochta, feadh a mbaineann na cinntí sin le dul isteach nó forleathnú i margaí na líonraí fosaithe nó na líonraí gan sreang. Ar an dóigh sin, cuirfidh sé bonn daingean faoi bhearta eile atá dírithe ar na spriocanna uaillmhianacha don teicneolaíocht leathanbhanda, spriocanna atá leagtha amach sa Chlár Digiteach Eorpach, agus cuirfidh sé bonn freisin faoi bhunú fíor-Mhargaidh Aonair Dhigitigh ina mbeidh saorghluaisteacht ag inneachar, ag feidhmchláir agus ag seirbhísí digiteacha eile. Trí bhreis mhór iomaíochta agus comhtháite a bhaint amach sa bhonneagar ar fud an Aontais, ba chóir gur lú dris chosáin a bheadh sna margaí agus gur lú gá le rialáil ex ante ar na margaí cumarsáide leictreonaí, ionas go ndéanfar díobh, le himeacht ama, earnáil a bheidh faoi réir rialacha iomaíochta agus rialála cothrománacha ar nós gach earnála eile.

Mar gheall air go bhfuil ag méadú de shíor ar an bhfáil atá ar an mbonneagar agus ar sheirbhísí digiteacha, mhéadófaí dá réir sin an rogha agus an caighdeán seirbhíse a bheidh ag tomhaltóirí, agus chuideodh sé le comhtháthú sóisialta agus críochach, chomh maith le soghluaisteacht a éascú ar fud an AE; mar an gcéanna, ar feadh a mbaineann leis an ngeilleagar digiteach ina iomláine, trí fheabhas a chur ar fheidhmiú earnáil na cumarsáide leictreonaí, ba chóir go dtiocfadh méadú ar ilrogha agus ar cháilíocht na n‑ionchur ó ghnólachtaí, agus ar an dóigh sin ba chóir go bhféadfaí méaduithe táirgiúlachta a bhaint amach ní amháin ó sheirbhísí poiblí nuachóirithe ach ó úsáid TFC freisin. Is é croí na sprice bonn daingean a chur faoi chumas iomaíochta na hEorpa tráth a bhfuil an domhan ag brath níos mó ná riamh ar an eacnamaíocht dhigiteach chun feidhmiú agus fás.

Is iad seo a leanas na príomhdhúshláin a bhaineann le comhtháthú an mhargaidh aonair: ar an gcéad dul síos, bacainní neamhriachtanacha a chur i leataobh sa réimeas údaraithe agus sna rialacha a bhaineann le soláthar seirbhísí ionas go mbeidh údarú a fhaightear i mBallstát amháin bailí i ngach Ballstát, agus ionas go mbeidh oibreoirí abálta seirbhísí a sholáthar ar bhun chur i bhfeidhm comhsheasmhach agus cobhsaí na ndualgas rialála; ar an dara dul síos, a chinntiú gur mó comhchuibhiú a bheidh ann maidir le rochtain a fháil ar acmhainní bunriachtanacha; ráthaíocht a thabhairt d’oibreoirí móibíleacha maidir le dálaí sannacháin intuartha a bheith ar fáil dóibh chomh maith le tráthchláir chomhordaithe i dtaca le rochtain ar speictream don leathanbhanda gan sreang ar fud an AE; comhchuibhiú a dhéanamh ar na bealaí a bhfaightear rochtain ar líonraí fosaithe Eorpacha ionas go mbeidh sé níos éasca ag soláthróirí a seirbhísí a thairiscint ar fud an mhargaidh aonair; ar an tríú dul síos, ardleibhéal coiteann sa chosaint tomhaltóra a ráthú ar fud an Aontais, agus dálaí coiteanna tráchtála i dtaca leis sin dó, lena n‑áirítear bearta chun deireadh a chur de réir a chéile le formhuirir fánaíochta móibílí agus cosaint a thabhairt don rochtain ar an idirlíon oscailte. Is dúshláin ar leith iad sin, dá gcuirtear réitigh ar leith i láthair sa togra seo, agus is nithe iad atá ríthábhachtach don chinnteoireacht tráchtála agus infheistíochta san earnáil seo, agus do leas na dtomhaltóirí; dá réir sin ní mór dul i ngleic leo anois d'aon iarraidh amháin má tá uainn an margadh aonair a thapú. Beidh na dúshláin sin in éineacht leis na dúshláin níos ginearálta a bhaineann le cruthú an mhargaidh aonair dhigitigh, m.sh. na rialacha a mbeidh feidhm leo maidir le hinneachar ar líne.

D'fhonn Eorpaigh a bheith ábalta tairbhe a bhaint as seirbhísí ardcháilíochta nua agus nuálacha, ní mór breis infheistíochta a dhéanamh go tapa sa chéad staid forbartha eile ar an mbonneagar. Le go mbeidh margadh dinimiciúil agus iomaíoch againn ní mór dúinn timpeallacht cheart rialála a chruthú. Caithfidh an timpeallacht sin an chothromaíocht cheart idir an riosca agus an luach saothair a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil fonn infheistíochta orthu. Féadfaidh timpeallacht dá leithéid deireadh a chur leis an ilroinnt sa soláthar seirbhísí, ionas go mbeidh tionscail agus úsáideoirí uile an AE ábalta tairbhe iomlán a bhaint as a gcuid buntáistí. Chun tacú leis na cuspóirí sin, tá an Coimisiún ag glacadh, maille leis an togra seo, Moladh maidir le dualgais neamh‑idirdhealaithe agus maidir le modheolaíochtaí costasaithe comhsheasmhacha a mbeidh sé d’aidhm acu iomaíocht a spreagadh agus borradh a chur faoin infheistíocht sa leathanbhanda.[1] Déanfaidh an Moladh sin iomaíocht a spreagadh agus borradh a chur faoin infheistíocht i líonraí ardluais trí chobhsaíocht fhadtéarmach a sholáthar do phraghsanna rochtana ar líonraí copair agus trína bhíthin sin rochtain chomhionann a áirithiú do chách ar líonraí na n‑oibreoirí atá ann faoi láthair, rud a áiritheoidh deis chothrom iomaíochta, agus trí na dálaí a leagan amach nach mór a bheith ann chun nach mbeadh gá le rialú praghsanna a dhéanamh ar líonraí NGA (rochtain den chéad ghlúin eile) feasta agus chun go mbeadh breis saoirse ag infheisteoirí sna líonraí sin straitéisí praghsála iomchuí a aimsiú a chinnteodh toradh ar a n‑infheistíocht d’ainneoin bonneagair eile bheith san iomaíocht, bonneagair amhail líonraí copair, líonraí cábla i limistéir áirithe agus, as seo amach, líonraí móibíleacha den 4ú glúin.

Agus an togra seo á mheas, ní mór aird a thabhairt ar an gcomhthéacs ar feadh a mbaineann le tionscnaimh eile a rinneadh le déanaí sa réimse, nó atá le tarlú gan mhoill. Leis an togra seo, forbraítear agus cuirtear le príomhthreoracha 2002, mar a leasaíodh iad in 2009, treoracha lena rialaítear an soláthar i réimse na cumarsáide leictreonaí; déantar sin trí fhorálacha reachtacha a bheidh infheidhme go díreach a thabhairt isteach, forálacha a bheidh ag feidhmiú i dteannta fhorálacha na dtreoracha maidir le hábhair amhail údarú, sannadh speictrim agus rochtain ar líonraí. Glacadh an togra seo i gcomhthéacs an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú[2]. Leis an togra sin chuathas i ngleic, trí ionstraim aonair, le roinnt gnéithe ar leith a bhaineann le costais rialála ag staideanna éagsúla den phróiseas infheistíochta i líonraí; trí dhul i ngleic leis na gnéithe sin uile, is féidir costais a bhaineann le feidhmiú céimneach an leathanbhanda a ísliú a oiread le 30%. Chomh maith leis sin, glacadh an togra seo i bhfianaise an eolais go ndéanfar athbhreithniú in 2014 ar an Moladh ón gCoimisiún maidir leis na margaí iomchuí[3], agus go bhfuil an obair ullmhúcháin air sin dulta go maith chun cinn cheana; ach an togra seo a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm go gasta, b’fhéidir go laghdófaí líon nó raon na margaí a bheadh faoi réir rialála ex ante mar chuid den anailís ionchasach ar fhorbairt na hiomaíochta i margadh aonair.

1.2. Comhthéacs ginearálta

I saol an lae inniu, tá a lán seirbhísí agus feidhmchlár digiteach nua á gcur ar líne laistigh de mhargadh aonair an AE. Sa lá atá inniu ann, is beag nach fíor a rá gur sa réimse digiteach atá gach deis nuálachta agus fáis i ngach earnáil den gheilleagar idir an earnáil mhótarfheithiclí (carranna nasctha), earnáil an fhuinnimh (eangacha cliste), fhorais riaracháin phoiblí (ríomhsheirbhísí rialtais) agus seirbhísí ginearálta (ríomhsheirbhísí sláinte), agus eile. Is cuma cén cineál gnólachta atá i gceist, cuideachtaí nuathionscanta nó fiontair mhóra, teastaíonn seirbhísí agus bonneagar den úrscoth chun iad a reáchtáil. Fós féin, tá an t‑éiceachóras iomlán seo ag brath ar an idirnascacht a chuirtear ar fáil le líonraí cumarsáide leictreonaí.

Sa lá atá inniu ann, tá an AE ilroinnte ina 28 margadh cumarsáide náisiúnta ar leithligh, agus líon teoranta imreoirí i ngach ceann díobh. Dá bharr sin, cé nach bhfuil aon oibreoir i níos mó ná leath na mBallstát, agus cé gur i líon beag Ballstát atá bunáite na n‑oibreoirí, tá breis is 200 oibreoir ag riar do mhargadh ina bhfuil 510 milliún custaiméir. Déantar rialacha TFC an AE a chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla, na rialacha maidir le húdaruithe, dálaí rialála, sannadh speictrim agus cosaint tomhaltóirí, mar shampla. Cuireann an leagan amach aimhréidh seo bacainní agus breis costais ar oibreoirí ar mian leo seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha críochacha, agus dá réir sin cuireann sé moill orthu leathnú amach. Tá seo i nglanchodarsnacht leis an tSín nó le Stáit Aontaithe Mheiriceá áit a bhfuil margaí aonair de 1400 agus 330 milliún custaiméir, faoi seach, agus ceithre nó cúig oibreoir mhóra ag riar dóibh, faoi réir reachtaíochta amháin, córais cheadúnaithe amháin agus beartais speictrim amháin.

Trí bharrainneachtaí scála agus dheiseanna nua fáis, is féidir an toradh ar infheistíocht i líonraí ardluais a fheabhsú, agus ag an am céanna, tiomáint a chur faoin iomaíocht agus faoin iomaíochas domhanda freisin. Fós féin, laistigh den AE, ní féidir le hoibreoirí a ndóthain buntáiste a bhaint astu. I gcodanna eile den domhan, táthar ag déanamh iarrachtaí agus infheistíocht shuntasach i réimse na forbartha digití agus tá a thoradh sin le feiceáil ag infheisteoirí agus ag tomhaltóirí – ach san Eoraip níl a mhacasamhail sin de fheabhsúchán nua ag tarlú tapa go leor.

Ag an am céanna, de dheasca na hilroinnte ar na margaí náisiúnta, is é mar atá ag tomhaltóirí gur lú rogha atá acu, gur lú nuálacht agus cáilíocht atá sna seirbhísí atá ar fáil dóibh, agus fós go bhfuil sé i bhfad níos daoire acu glaonna thar teorainn nó glaonna fánaíochta a dhéanamh laistigh den AE. Is é a thoradh sin nach féidir leo lántairbhe a bhaint as na seirbhísí a bhfuil fáil orthu sa lá atá inniu ann.

Dá dheasca sin, tá an Eoraip ag cailleadh amach ar dheis ollmhór fáis. Mar go bhfuil an TFC ina cuid de gach gné den saol, baineann an ilroinnt ar an margadh cumarsáide leictreonaí den éifeachtúlacht agus den táirgiúlacht i réimsí leathana den gheilleagar. Meastar gur fiú oiread le 0.9% den OTI nó €110 billiún sa bhliain an acmhainn nár baineadh di fós ach a d’fhéadfaí a thabhairt i dtír trí mhargadh aonair sa chumarsáid leictreonach a thabhairt i gcrích san AE[4]. Fiú, gan a áireamh ach margadh aonair na seirbhísí gnó-chumarsáide, fós tá €90 billiún sa bhliain de thairbhe le gnóthú as sin.[5]

Bíonn margadh teileachumarsáide fónta ina bhunsraith le geilleagar digiteach níos forleithne, agus is léir ón bhfás inbhuanaithe fostaíochta cé chomh fuinniúil is atá an geilleagar sin. Mar mhíniú ar scála agus ar stóinseacht an gheilleagair fhorleathain sin, tá breis is 4 mhilliún saineolaí TFC ag obair san AE agus tá an líon sin ag dul i méid d'ainneoin an chúlaithe eacnamaíochta. Sa gheilleagar i gcoitinne, d’fhéadfaí borradh 5% a chur faoin OTI as seo go dtí 2020,[6] agus 3.8 milliún jab a chruthú, ach breis infheistíochta TFC a dhéanamh, feabhas a chur ar ríomhscileanna an fhórsa oibre agus athchóiriú a dhéanamh ar dhálaí an gheilleagair idirlín.[7]

Srianta margaidh ar an gcumarsáid leictreonach, cuireann siad bac ar an tairbhe atá i seirbhísí tras‑Eorpacha, tairbhe amhail cáilíocht níos fearr, barainneachtaí scála, infheistíocht níos mó, breis éifeachtúlachta agus deiseanna margála níos láidre. Bíonn tionchar diúltach aige sin ar an éiceachóras digiteach i gcoitinne san AE lena n‑áirítear monaróirí trealaimh, agus soláthraithe inneachair agus feidhmchlár – cuideachtaí de gach sórt idir chuideachtaí nuathionscanta agus rialtais. Bíonn tionchar aige freisin ar na hearnálacha sin sa gheilleagar, amhail baincéireacht, an tionscal mótarfheithiclí, loighistic, miondíol, sláinte, fuinneamh nó iompar, a bhíonn ag brath ar an lúdracht leictreonach chun táirgiúlacht a fheabhsú, trí néalríomhaireacht, míreanna nasctha agus soláthar seirbhíse comhtháite, mar shampla.

1.3. Cúlra polaitiúil

Cheana féin, sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip, tionscnamh suaitheanta de chuid na straitéise AE ‘Eoraip 2020’, tarraingíodh aird ar an ról riachtanach seo atá ag TFC agus ag lúdracht líonra. Sa chlár oibre sin, leagtar amach a lán tionscnamh chun infheistíocht a chur chun cinn, iomaíochas a fheabhsú agus laghdú a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le líonraí ardluais a chur i bhfeidhm go céimneach, agus é d’aidhm aige sin a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach Eorpach ar leathanbhanda tapa. Sheol an Coimisiún freisin Comhghuaillíocht Mhór um Poist Dhigiteacha, d'fhonn acmhainn na hearnála seo a thapú maidir le fostaíocht a chruthú.

Chomh maith leis sin, tá an Coimisiún ag cur tionscnamh chun feidhme chun "Margadh Aonair Digiteach" a áirithiú, agus chun inneachar ar líne a chur chun cinn, lena n‑áirítear ríomhthráchtáil agus ríomhsheirbhísí rialtais. Mhol an Coimisiún freisin Rialachán um Chosaint Sonraí an AE a athchóiriú, d'fhonn príobháideacht an tsaoránaigh a chosaint, agus san am céanna, nuálacht agus gnó laistigh de mhargadh aonair a éascú; agus mhol sé straitéis a chuirfeadh an chibearshlándáil chun cinn agus a thabharfadh cosaint do bhonneagair agus do líonraí ríthábhachtacha de chuid an AE, lena n‑áirítear dréacht‑Treoir maidir le Slándáil Líonraí agus Faisnéise,[8] rud a d'imreodh ról tábhachtach i measc na dtomhaltóirí agus na saoránach chun breis muiníne a spreagadh sa timpeallacht ar líne.

Dá ndéanfaí dul chun cinn i dtreo margaidh aonair sa chumarsáid leictreonach bheadh tacaíocht ann d’éiceachóras an Mhargaidh Aonair Dhigitigh. Bheadh i gceist lena leitheíd sin de mhargadh, ní amháin bonneagar nua-aimseartha, ach seirbhísí digiteacha a bheadh nuálach agus slán.

Mar gur aithin sé an méid sin, leag Comhairle Eorpach Earrach 2013 béim ar an tábhacht atá leis an margadh aonair digiteach don fhás agus d’iarr sí ar an gCoimisiún bearta daingne a thíolacadh (in am do Chomhairle Eorpach Dheireadh Fómhair) chun Margadh Aonair sa TFC a bhunú chomh luath agus ab fhéidir. An togra sin, maille leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le dualgais i dtaca le neamh‑idirdhealú agus maidir le modheolaíochtaí costasaithe comhsheasmhacha a mbeidh sé d’aidhm acu iomaíocht a spreagadh agus borradh a chur faoin infheistíocht sa leathanbhanda, is éard atá iontu tacar de bhearta cóimheáite atá dírithe ar dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo Margaidh Aonair sa Teileachumarsáid agus infheistíocht a chothú.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

2.1. Dearcadh na ngeallsealbhóirí

Tharla gur leagadh amach i gconclúidí Chomhairle Eorpach an Earraigh gur ghá moltaí nithiúla a chur i láthair in am do Chomhairle Eorpach Dheireadh Fómhair, b'éigean na comhairliúcháin phoiblí a chur i gcrích laistigh den am gairid sin. Chomh maith le comhairliúcháin fhoirmiúla shonracha a rinne sé, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil dhlúth le raon leathan eagraíochtaí geallsealbhóirí chun measúnú a dhéanamh ar staid ghinearálta mhargadh na cumarsáide leictreonaí agus ar an dóigh le margadh aonair a bhunú. Chuaigh sé i mbun cainte le geallsealbhóirí, agus fuair aighneachtaí ó gheallsealbhóirí in earnálacha uile an tionscail, ó eagraíochtaí tomhaltóirí, ón tsochaí shibhialta, agus ó rialálaithe agus rialtais náisiúnta.

De bhreis air sin, d’eagraigh an Coimisiún roinnt ócáidí comhairliúcháin ar ar fhreastail geallsealbhóirí thar ceann earnálacha uile an tionscail, na dtomhaltóirí agus na sochaí sibhialta[9]. Ba é a léirigh na comhairliúcháin sin go bhfuil móramh mór de na geallsealbhóirí ar aon intinn leis an gCoimisiún maidir le cineál na faidhbe agus go n‑aontaíonn siad go bhfuil gá gníomhú go práinneach.

Chomh maith leis sin, chuathas i mbun plé i bParlaimint na hEorpa agus i gComhairle na nAirí (an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh). Sa phlé a rinneadh sa Chomhairle bhí bunáite na dtoscaireachtaí ar aon tuairim maidir le cineál na faidhbe agus maidir leis an ngá bearta a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo margaidh aonair, d'fhonn iomaíocht agus an rogha atá ar fáil do thomhaltóirí a chosaint nó a fheabhsú, d’fhonn dul i ngleic le ceist na glan‑neodrachta agus na fánaíochta agus d’fhonn arbatráiste sa rialáil a sheachaint agus san am céanna a áirithiú go mbeidh an rialáil níos comhsheasmhaí i ngach réimse, lena n‑áirítear freisin an bhainistíocht speictrim, agus go seachnaítear an ró-lárú ar inniúlachtaí. Sa phlé a rinneadh i bParlaimint na hEorpa, tacaíodh go láidir le príomhaidhmeanna an togra ón gCoimisiún agus tarraingíodh aird ar leith ar a phráinní is atá sé deireadh a chur le coincheap na fánaíochta sa mhargadh aonair don chumarsáid leictreonach, agus ar an bpráinn atá ann ardleibhéal cosanta a thabhairt do na tomhaltóirí agus rialacha soiléire a leagan síos maidir leis an nglan‑neodracht.

2.2. Saineolas

Cuireadh staidéar mór i gcrích in 2012 Steps towards a truly internal market for e-communications (‘Céimeanna ionsair fhíor-mhargadh imheánach don chumarsáid leictreonach’).[10] Sa staidéar sin rinneadh measúnú ar an staid ina raibh margadh aonair an AE don chumarsáid leicreonach agus rinneadh meastúchán ar acmhainn eacnamaíoch an mhargaidh aonair.

Tharraing an Coimisiún freisin ar a lán foinsí eile fianaise, amhail Scórchlár an Chláir Dhigitigh (scórchlár bliantúil) agus staidéir eacnamaíocha a rinne Ard‑Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, mar shampla, an staidéar ar an ilroinnt ar an margadh teileachumarsáide san Eoraip.[11] Trí mheicníocht chomhairliúcháin an AE faoin gcreat rialála, tarraingíodh aird freisin ar chleachtais neamhréireacha atá ag údaráis náisiúnta rialála agus iad i mbun rialála ar na margaí ábhartha. Chomh maith leis sin, i gcomhthéacs an Chláir Beartais um an Speictream Raidió, d'aimsigh an Coimisiún easpa mhór comhleanúnachais ar fud na mBallstát maidir le húdarú agus oscailt bandaí speictrim le haghaidh úsáide atá neodrach i dtaca le teicneolaíocht de, agus go háirithe maidir leis na ceanglais a leagtar agus maidir le huainiú.

2.3. Measúnú ar thionchar an Rialacháin atá beartaithe

I gcomhréir lena bheartas “Rialáil Níos Fearr”, rinne seirbhísí an Choimisiúin measúnú tionchair ar na roghanna beartais éagsúla.

Tá gaol idir na príomhchúiseanna atá leis an ilroinnt ar an rialáil agus na príomhcheanglais earnáil-shonracha a ghabhann le soláthar an bhonneagair cumarsáide leictreonaí, ceanglais atá faoi réir an dlí Eorpaigh (údarú, rochtain ar bhonneagar fosaithe agus ar bhonneagar gan sreang, comhlíonadh na rialacha lena dtugtar cosaint don chríoch‑úsáideoir). Cé go bhfuil a gnéithe sainiúla féin ag gach eilimint acu sin, agus cé go mbeidh réiteach ar leith ar an ilroinnt ag gabháil le gach eilimint, tá gach ceann acu ríthábhachtach má tá i ndán is go gcuirtear i leataobh na príomhbhacainní atá le sárú chun soláthar comhtháite líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bhaint amach san Aontas. Go háirithe, rinneadh an measúnú ar na réitigh (a) trí thagairt do bhacainní atá ann de dheasca na réimeas rialála náisiúnta agus easpa comhsheasmhachta sa chur chuige rialála a chuireann na húdaráis rialála náisiúnta chun feidhme; (b) trí thagairt don easpa comhordaithe maidir le dálaí agus sannadh speictrim chomh maith leis an éiginnteacht rialála i dtaca le hinfhaighteacht minicíochtaí; (c) trí thagairt don easpa atá ann i dtáirgí mórdhíola a cheadaíonn seirbhísí a sholáthar agus é sin a dhéanamh trí líonra oibreora eile ag a bhfuil leibhéil chomhsheasmhacha idir-inoibritheachta seirbhísí, agus é sin á mheas i bhfianaise na mbeart ceartaitheach atá ar fáil sa mhargadh nó trí chaibidlíocht chómhalartach; (d) trí thagairt do mhéid na hilroinnte ar na rialacha cosanta tomhaltóirí atá ina cúis le leibhéil éagothroma cosanta do thomhaltóirí agus le dálaí tráchtála athraitheacha, lena n‑áirítear costais arda na fánaíochta agus na nglaonna idirnáisiúnta, agus scóigeadh nó blocáil seirbhísí.

Chun dul i ngleic le bunchúiseanna na hilroinnte, toghadh trí rogha beartais agus rinneadh tuilleadh anailíse orthu. Ba é an chéad rogha an ceann atá bunaithe ar an gcreat rialála le haghaidh cumarsáide leictreonaí mar atá faoi láthair. Ba é an dara rogha a ndearnadh anailís air ionstraim reachtach aonair (Rialachán) lena ndéanfaí an creat rialála a oiriúnú nuair is gá do mhargadh aonair AE sa chumarsáid leictreonach, agus é sin a bhunú ar chomhordú níos fearr san AE. Áiríodh leis an tríú rogha an méid a bhí i gceist leis an dara rogha, ach faoin rogha seo thiocfadh rialálaí aonair AE in ionad an struchtúir rialála reatha ionas go n‑áiritheofaí comhordú iomlán sa rialáil.

Rinneadh measúnú ar gach rogha beartais i dtaca lena éifeachtaí a bhainfidís amach na cuspóirí beartais, agus díríodh sa mheasúnú ar na costais agus ar na tairbhí ó thaobh éilimh agus soláthair de, lena n‑áirítear an tionchar a bheadh aige ar struchtúr thionscal na cumarsáide leictreonaí san AE, ar an ngeilleagar, ar jabanna, ar bharrachas tomhaltóirí agus ar an gcomhshaol.

Baintear de thátal sa Mheasúnú Tionchair gurb é an dara rogha an ceann is fearr atá ar fáil. Ar an gcéad dul síos, bheadh d’aidhm ag údarú Eorpach aonair an t‑ualach riaracháin atá ar oibreoirí Eorpacha a laghdú agus ar an dóigh sin a áirithiú go mbeadh comhsheasmhacht sa rialáil a dhéanfaí orthu.

Trí chomhordú a dhéanamh ar úsáid an speictrim raidió sa mhargadh aonair d’fhéadfaí a áirithiú go mbeadh fáil shioncrónach ar acmhainní speictrim agus go gcuirfí i bhfeidhm coinníollacha comhsheasmhacha i dtaca lena úsáid ar fud na hEorpa, agus a áirithiú ar an dóigh sin go mbainfí úsáid éifeachtúil as an speictream. Ag an am céanna, thacódh sé sin le hintuarthacht i dtimpeallacht infheistíochta na líonraí ardluais, lena n‑áirítear cumhdach críochach leathan na líonraí, rud a bheadh le leas fadtéarmach na gcríoch‑úsáideoirí.

Ach táirgí rochtana mórdhíola caighdeánaithe a bheith ar fáil ar leibhéal an AE mar dhóigh le cumhacht shuntasach a bhaint amach sa mhargadh, d’fhéadfadh oibreoirí líonraí fosaithe a gcuid seirbhísí lúdrachta a sholáthar dá gcustaiméirí ar fud an Aontais agus sin a dhéanamh le hardcháilíocht seirbhíse. Dá gcuirtí na táirgí sin ar fáil, meastar go gcuideodh sé go mór le hinfheistíocht a spreagadh, infheistíocht thar theorainneacha Ballstát go háirithe, agus dá réir sin go n‑éascódh sé do chuideachtaí dul isteach i margaí nua chun freastal ar éilimh custaiméirí agus é sin a dhéanamh le táirgí rochtana d'ardchaighdeán, agus go méadódh sin an iomaíocht agus go dtabharfadh sé ar oibreoirí feabhas a chur ar a bpacáiste seirbhísí trí infheistiú i mbonneagar agus i seirbhísí.

Trí bhíthin rialacha coiteanna maidir le cáilíocht seirbhísí, d’fhéadfaí a áirithiú go mbeadh an tsaoirse ag úsáideoirí rochtain a fháil ar a rogha féin seirbhísí agus feidhmchlár agus sin a dhéanamh faoi réir téarmaí conarthacha soiléire a bheadh infheidhme ar fud an Aontais agus gan aon bhaol go ndéanfaí a rochtain ar an idirlíon a bhlocáil nó a scóigeadh gan chúis iomchuí. Ag an am céanna, d’áiritheoidís go mbeadh sé indéanta seirbhísí speisialaithe a fháil chun inneachar, feidhmchláir agus seirbhísí sonracha a sholáthar, agus dá réir sin ardcháilíocht seirbhísí a bhaint amach. Bheadh mar thoradh ar bhreis trédhearcachta agus ar an treisiú ar chearta conartha go n‑áiritheofaí spéis na dtomhaltóirí in ardcháilíocht agus in iontaofacht seirbhísí agus dá réir sin threiseofaí leis an dinimic iomaíochta sa mhargadh.

Chomh maith leis sin uile, thacódh bearta maidir le difríochtaí gan bonn cirt idir praghsanna glaonna intíre agus praghsanna glaonna ó Bhallstát go Ballstát den AE, agus bearta lena n‑éascófaí soláthar tairiscintí amhail 'roaming like at home’ (is é sin, gurbh ionann an costas fánaíochta agus an costas ag baile) trí bhíthin comhaontuithe fánaíochta, thacódh na bearta sin leis an aidhm ceal a chur i gcostais bhreise gan bonn cirt ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthraítear thar theorainneacha.

Freisin, chuirfeadh an dara rogha sin feabhas, ar an mbealach is éifeachtúla agus is tráthúla, ar an intuarthacht dhlíthiúil agus ar an trédhearcacht. Go háirithe, ba chóir go mbeadh breis cóineasaithe mar thoradh ar an rogha sin ós rud é go méadódh sé ar inchoimhlinteacht sna margaí, ós rud é go gcruthódh sé dálaí oibríochtúla níos comhchoitinne (rochtain ar acmhainní, rialacha dírithe go sonrach ar thomhaltóirí), agus freisin mar go dtiocfadh buntáistí scála as de bharr praghasleaisteachais do chustaiméirí nó brú ó iomaíocht. Toradh eile ba chóir bheith ar an rogha sin go gcuirfí feabhas ar an timpeallacht infheistíochta in am trátha; thiocfadh an feabhas sin de bharr an bhrú bhreise ó iomaíocht, agus na dreasachtaí chun difreála a thiocfadh mar gheall air, agus de bharr an mhéadaithe a thiocfadh ar bhuntáistí scála agus ar intuarthacht rialála, agus de bharr gurbh fhearr a bheifí ábalta seirbhísí nuálacha a dháileadh ar an mórchóir. Cé go bhfuil súil go mbeadh tionchar dearfach ag na tograí sin ar chruthú fostaíochta, is deacair an fíorthionchar sóisialta agus fostaíochta a thuar go fóill. Tabharfaidh an Coimisiún aird speisialta ar an ngné seo de le linn dó monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht.

I gcomórtas leis an mbarr-rogha sin (rogha 2), theastódh 3 go 5 bliana chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach le rogha 1 (an creat reatha a chur chun feidhme) nó le rogha 3 (athrú iomlán ar an rialachas rialála i dtaca le seirbhísí uile-AE), agus dá ngabhfaí na roghanna sin d'fhéadfadh sé go gcaillfí amach ar OTI méadaithe de 3.7% sa tréimhse 2015 – 2020.

Is leis an mbarr-rogha sin freisin is luaithe a d'fheicfí torthaí agus a bhainfí amach na cuspóirí sonracha, agus ar an gcaoi sin, is leis an rogha sin, thar aon rogha eile a measúnaíodh, a bhainfí amach na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta ab fhearr ar fad.

Thug an Bord um Measúnú Tionchair tuairim uaidh ar an dréacht‑mheasúnú tionchair ar an 6 Meán Fómhair 2013.

Tá an tuarascáil agus an achoimre feidhmiúcháin a ghabhann léi foilsithe in éineacht leis an togra.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1. Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, toisc go bhfuil baint aige le margadh inmheánach na cumarsáide leictreonaí agus le feidhmiú an mhargaidh sin.

3.2. Coimhdeacht

Ní raibh an creat rialála reatha in ann a chuspóirí a bhaint amach go hiomlán, is é sin, margadh aonair don chumarsáid leictreonach a bhunú. Cé go bhfuil na rialacha náisiúnta i gcomhoiriúint do chreat rialála reatha an AE, tá difríochtaí eatarthu a chuireann bacainní roimh sheirbhísí a oibriú agus a fháil ó thar teorainn, agus ar an dóigh sin fágann siad nach bhfuil ach saoirse theoranta ann seirbhísí cumarsáide a sholáthar cé gur saoirse í sin atá ráthaithe ag dlí an AE. Tá tionchar díreach aige sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Níl sé d'inniúlacht ná de dhreasacht ag Ballstáit an tírdhreach rialála reatha a athrú.

Teastaíonn bearta ar leibhéal an AE chun dul i ngleic le bunchúiseanna na faidhbe. Ar an gcéad dul síos, rachfar i ngleic leis an ilroinnt atá ann faoin láthair de dheasca na gné náisiúnta atá ar na córais údarúcháin ghinearálta, agus déanfar é sin trí údarú aonair AE a chur ina n‑ionad. Trí chóras ina ndéanfaí dhá rud i gcomhar – sásra aonair AE don údarú agus rialú ag leibheál an Bhallstáit ar astarraingt agus/nó ar fhionrú an údaraithe sin – bheifí ábalta clárú na n‑oibreoirí AE a éascú agus comhordú na mbearta forfheidhmithe is tromchúisí a bhaineann leis sin a éascú chomh maith. Ráthaíonn an togra breis comhsheasmhachta sa rialáil agus san intuarthacht do chuideachtaí dá leithéid mar go dtugann sé an chumhacht don Choimisiún ceanglas a chur ar na rialálaithe náisiúnta bearta ceartaitheacha a bheadh beartaithe acu, ach a bheadh ar neamhréir le dlí an AE, a astarraingt. Áirithíonn an togra go ndéanfar i bhfad níos mó cóineasaithe ar na coinníollacha rialaithe a bhaineann le rochtaina fháil ar acmhainní fosaithe agus ar acmhainní gan sreang, agus a éascaíonn an soláthar atá á dhéanamh ar sheirbhísí pan‑Eorpacha. Trí chomhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar chearta críoch‑úsáideoirí, áiritheofar go mbeidh cearta agus dualgais den chineál céanna ar shaoránaigh agus ar sholáthraithe ar fud an AE, ach go háirithe go mbeidh sé ar a gcumas uile margaíocht a dhéanamh ar sheirbhísí agus seirbhísí a fháil thar theorainneacha faoi dhálaí comhionanna.

De bhrí nach bhfuil i gceist leis an togra ach an méid is lú is gá d'idirghabháil AE chun bacainní áirithe ar an margadh inmheánach a bhaint, urramaítear dá réir sin prionsabal na coimhdeachta.

Ar an gcéad dul síos, bheadh an t‑údarú aonair AE ar fáil d’oibreoirí a bhfuil sé i gceist acu bheith ag gníomhú go pan‑Eorpach agus is faoi na Ballstáit a d’fhágfaí cinntí maidir leis na ceanglais rialála a bhfuil dlúthcheangal acu leis an ionad ina bhfuil an líonra lonnaithe nó ina bhfuil an tseirbhís á soláthar. Is i gciste na mBallstát ar leith a fhanfaidh cibé ioncaim a thoibhítear ar shannadh spreictrim, agus beidh lamháil mhaith rogha i dtaca le mionsonraí ag na Ballstáit ar leith a bhuí leis an mbreis mionsonraithe a dhéantar sa togra ar na prionsabail rialála a bhaineann le sannadh speictrim, prionsabail a leagadh síos i bhfianaise na mórchuspóirí atá i gcreat rialála an AE. Ar an gcaoi céanna, is ar sheiceáil comhoiriúnachta dlíthiúla a bhunófar an nós imeachta maidir le fógra mar gheall ar speictream a thabhairt don Choimisiún, seachas rogha an Choimisiúin a chur in ionad rogha na mBallstát ar leith, agus beidh sin uile faoi réir coimircí breise amhail an nós imeachta scrúdúcháin trí bhíthin coisteolaíochta. Maidir le húsáid pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu, ní bheidh údarú ginearálta ar fáil ach don chuid sin acu a chuirtear in úsáid le cumhacht íseal agus ar dhóigh nach ndéanann dochar do thaitneamhacht na timpeallachta, agus beidh na teorainneacha sin ar an gcur in úsáid arna saineadh le bearta cur chun feidhme. Lena chois sin uile, tar éis anailíse a rinneadh ar an margadh sa chreat reatha, is faoi údarás rialaithe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an líonra lonnaithe a bheidh rialáil i dtaca le táirgí rochtana fíorúla Eorpacha a shuíomh; san am céanna, beidh an sásra a úsáidfear chun comhchuibhiú a dhéanamh ar tháirgí rochtana fíorúla ar aon dul leis an sásra atá leagtha síos cheana faoin gcreat reatha agus a úsáidtear i gcás táirgí rochtana mórdhíola fisiceacha.

3.3. Comhréireacht

Ní théann gníomhaíocht an AE thar an méid is gá a dhéanamh chun na cuspóirí sainaitheanta a bhaint amach. Beidh na bearta dírithe ar dhriseanna cosáin atá ag cur bac ar an margadh aonair a chur i leataobh, ach é sin a dhéanamh trína laghad agus is féidir de leasuithe riachtanacha a dhéanamh ar an gcreat rialála reatha, is é sin an méid is gá chun go bhféadfar na dálaí a chruthú ina mbeadh margaí nua trasteorann sa chumarsáid leictreonach ábalta teacht chun cinn ag leibhéal an AE. Trí sin a dhéanamh, déanfar cuspóirí insroichte den dá chuspóir sin de chuid an Mhargaidh Aonair, mar atá, saoirse soláthair agus saoirse tomhailte a bheith ag gabháil le seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Ag an am céanna, mar nach mbainfear, ach sa bheag, leis an gcreat rialála reatha ná leis an gcaoi a ndéanann na húdaráis rialála náisiúnta maoirseacht ar na margaí, seachnaítear aon chur isteach ar oibríochtaí na soláthraithe sin arbh fhearr leo gan forleathnú lasmuigh dá limistéar náisiúnta féin ná fiú lasmuigh dá limistéar fo-náisiúnta féin.

Ina theannta sin, is faoi phrionsabal na ‘rialála níos fearr’ ba chóir don fhorbairt ar mhargaí nua trasteorann tarlú, i.e. trí laghdú ar an mbrú rialála sa chás go gcruthaítear go bhfuil na margaí sin iomaíoch i gcomhthéacs Eorpach níos comhtháite, agus ba chóir freisin go ndéanfaí an fhorbairt sin i gcomhréir le hinniúlachtaí maoirseachta na n‑údarás rialála náisiúnta agus faoi réir rialaithe ex post ar an iomaíocht. Tá tairbhe ann sin mar is iad na húdarais rialála náisiúnta is fearr a bheadh ábalta na sainiúlachtaí náisiúnta a thabhairt san áireamh agus iad (i) ag déanamh rialála ar an rochtain ar bhonneagair fhisiceacha a fhanfaidh, de dheasca a nádúir, laistigh den réimse geografach náisiúnta nó réigiúnach; agus (ii) ag déileáil le ceisteanna na dtomhaltóirí sa chomhthéacs náisiúnta (ach go háirithe ina dteanga féin).

Dá réir sin, ní dhéanfaidh na bearta atáthar a mholadh aon athruithe suntasacha ar an rialáil ná ní aistreoidh siad inniúlachtaí go dtí an leibhéal Eorpach, amhail mar a bheadh i gcás rialálaí Eorpaigh nó ceadúnaithe speictrim phan‑Eorpaigh.

Cuirfidh na réitigh ar chumas na ngeallsealbhóirí ábhartha na sineirgí a bhaineann le margadh aonair mór a shaothrú agus neamhéifeachtúlachtaí ina gcuid oibríochtaí agus infheistíochtaí a laghdú, ar an modh is tráthúla agus is éifeachtaí. Ag an am céanna, cinnteoidh an togra seo leanúnachas rialacha do na hoibreoirí sin a roghnaíonn cloí le soláthar seirbhísí laistigh d’aon Bhallstát amháin, ach chomh maith leis cinnteoidh sé go mbainfidh na hoibreoirí sin tairbhe as rialacha feabhsaithe agus soiléirithe i dtaca le cearta críoch‑úsáideoirí agus as timpeallacht ina mbeidh breis intuarthachta maidir le rochtain a fháil ar acmhainní speictrim agus ar tháirgí ardcháilíochta don rochtain ar líonraí fosaithe.

3.4. Cearta bunúsacha

Rinneadh anailís ar thionchar an togra ar chearta bunúsacha amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse fiontraíochta, an neamh‑idirdhealú, an chosaint do thomhaltóirí agus an chosaint ar shonraí pearsanta. Go háirithe, tabharfaidh an Rialachán cosaint don rochtain ar an idirlíon oscailte; leagtar síos caighdeán ard maidir le comhchuibheacht iomlán i gcearta críoch‑úsáideoirí, tugtar breis saoirse gnó ag an leibhéal Eorpach agus ba chóir go dtiocfadh, de thoradh an Rialacháin, laghdú in am tráth ar an méid rialála atá dírithe ar earnálacha ar leith seachas a chéile.

3.5. An rogha ionstraime

Rialachán is ea rogha ionstraime an Choimisiúin toisc go n‑áirithítear leis go ndéanfar bacainní ar an margadh aonair a bhaint tríd an gcreat rialála reatha le haghaidh na cumarsáide leictreonaí a chomhlánú. Áirítear leis seo cearta agus dualgais shonracha, a bheidh infheidhme go díreach, do sholáthraithe agus do chríoch‑úsáideoirí; agus tá ann freisin, sásraí comhordaithe maidir le hionchuir áirithe ar an leibhéal Eorpach a bheidh dírithe ar an soláthar trasteorann i seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éascú. Mar shampla, tá sé tábhachtach gur rialachán a d’úsáidfí i réimse amhail an t‑idirlíon oscailte agus an bainistiú tráchta, áit a bhfuil chur chuige ceartchoiteann riachtanach, ar an gcéad dul síos chun go seachnófaí an claonadh atá ann faoi láthair réitigh náisiúnta a cheapadh a dtarlaíonn díbhéirsiú dá ndeasca, agus ar an dara dul síos chun go mbeifí ábalta bainistiú comhtháite a dhéanamh ar na líonraí agus inneachar, feidhmchláir agus seirbhísí ar líne a fhorbairt ab fhéidir a chur ar fáil ar mhodh coiteann ar fud an Aontais.

3.6. Struchtúr an togra, na príomhchearta agus na príomhdhualgais

Forálacha ginearálta (Caibidil I, Airteagail 1 agus 2)

Is i gCaibidil 1 atá na forálacha ginearálta, lena n‑áirítear na sinmhínithe ábhartha. Bunaítear ann prionsabail rialála a mbeidh ar na comhlachtaí rialála gníomhú dá réir agus iad ag cur an rialacháin chun feidhme i dteannta fhorálacha an chreata reatha.

Údarú aonair AE (Caibidil 1, Airteagal 3 go 7)

Faoi láthair ní mór d’oibreoirí ar mian leo seirbhísí a chur ar fáil i níos mó ná aon Bhallstát amháin údarú a bheith acu ó na Ballstáit ar leith sin. Tugtar isteach leis an rialachán seo córas údaraithe aonair AE, arna bhunú ar chóras aonair fógraí sa Bhallstát ina bhfuil príomhlonnaíocht an tsoláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpaí (an tír bhaile), agus leagtar síos ann na coinníollacha a bhaineann leis. Is faoi réir rialú na tíre baile a bheidh astarraingt agus/nó fionrú an údaraithe aonair AE. Na hoibreoirí sin a bhfuil údarú aonair AE acu, beidh siad i dteideal cóir rialála chothrom a fháil, nuair atá siad faoi réir ag dálaí cosúla laistigh dá mBallstát agus ó Bhallstát go Ballstát; agus imreoirí nua agus oibreoirí beaga atá ag feidhmiú thar theorainneacha críochacha, beidh díolúine acu ó tháillí agus ó thobhaigh a bhaineann le maoiniú na seirbhíse uilíche i mBallstáit lasmuigh dá dtír bhaile (tíortha aíochta). Leanfaidh oibreoirí atá i seilbh údaraithe aonair AE de bheith ag soláthar seirbhísí ar fud na hEorpa ar bhonn breis comhsheasmhachta i gcur chun feidhme na gceanglas rialála.

Dá réir sin, beidh de thoradh ar chóras an údaraithe aonair AE go gcuirfear i leataobh bacainní riaracháin neamhriachtanacha agus go ráthófar cearta agus dualgais níos comhsheasmhaí do sholáthraithe Eorpacha i dtaca lena n‑oibríochtaí ar fud na hEorpa agus chun cuidiú leo forleathnú.

Acmhainní Eorpacha (Caibidil III)

Roinn 1 (Airteagail 8 go 16)

San am i láthair, níl dóthain intuarthachta i dtaca le infhaighteacht speictrim ar fud an AE ar fáil do sholáthraithe Eorpacha seirbhísí móibíleacha agus dá réir sin ní fóláir dóibh déileáil le dálaí difriúla ar feadh a mbaineann le sannachán speictrim. Ar an ábhar sin, is deacra pleanáil fhad‑téarmach a dhéanamh, is deacra infheistíocht a dhéanamh thar teorainneacha críochacha agus dá réir sin is deacra dóibh a ngnó a fhorbairt. De dheasca an leagain amach aimhréidh sin, cuireann déantúsóirí trealaimh a gcuid dearthaí in oiriúint do mhargaí eile ina bhfuil breis scála agus deiseanna fáis níos tarraingtí. Chun deireadh a chur leis an riocht neamh‑inbhuanaithe sin, ní foláir a áirithiú go ndéantar comhchuibhiú ar na hacmhainní speictrim, mar a leanas:

· prionsabail rialála choiteanna a bheidh infheidhme sna Ballstáit a shainiú nuair a bheifear ag sainiú na gcoinníollacha comhchuibhithe maidir le húsáid speictrim sa chumarsáid leathanbhanda gan sreang;

· cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh d'fhonn comhchuibhiú a dhéanamh ar infhaighteacht speictrim, ar uainiú sannachán agus ar thréimhse na gceart úsáide i gcás úsáide speictrim;

· sásra comhairliúcháin a bhunú a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtbhearta náisiúnta maidir le húsáid agus sannadh speictrim;

· simpliú a dhéanamh ar na coinníollacha a ghabhann le cur in úsáid agus le soláthar rochtana ar sheirbhísí leathanbhanda ísealchumhachta gan sreang (‘WIFI’, mionchealla) agus ar an dóigh sin méadú ar an iomaíocht agus laghdú ar chúngaigh sna líonraí.

Roinn 2 (Airteagail 17 go 20)

Dhéanfadh rochtain fhíorúil ar líonraí fosaithe, agus í ar ardcháilíocht agus comhchuibhithe, éascú ar dhul isteach sa mhargadh agus dhéanfadh sí níos easca é seirbhísí thar teorainneacha críochacha a sholáthar to chríoch‑úsáideoirí agus do ghnólachtaí, agus chuirfeadh sin tiomáint faoin iomaíocht agus faoin infheistíocht. San am i láthair, tá an‑éagsúlacht ar fud an AE sa chaoi a sainítear táirgí rochtana fíorúla ar líonraí fosaithe. Déantar an comhchuibhiú ar an rochtain fhíorúil ar líonraí fosaithe i dtaca le seirbhísí thar theorainneacha críochacha a áirithiú mar a leanas:

· déantar sainiú ar na gnéithe atá i gcoitinne ag na táirgí rochtana fíorúla ar leathanbhanda a bhfuil comhchuibhiú déanta orthu ar leibhéal an AE (díchuachadh fíorúil, sruth giotán IP agus deighleáin chríochta línte ar léas), nuair a dhéantar sainordú a dhíriú ar oibreoirí a bhfuil cumhacht mhargaidh shuntasach acu;

· dá réir sin, cuirtear de cheanglas ar na rialálaithe náisiúnta a thabhairt san áireamh go bhfuil na táirgí rochtana comhchuibhithe sin ann sula ndéana siad aon bhearta ceartaitheacha rialála a fhorshuíomh, agus aird iomchuí a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh bheith ag na bearta ceartaitheacha sin ar an iomaíocht, ar an infheistíocht sa bhonneagar reatha agus ar na ceanglais uileghabhálacha i dtaca le comhréireacht; tugann an togra san áireamh an cleachtas cinnteoireachta atá ann, le foráil a dhéanann nasc idir na dualgais i dtaca le rialú praghsanna mórdhíola sna líonraí NGA (rochtain den ghlúin is déanaí) agus na srianta ar iomaíocht a thagann de bhonneagair mhalartacha, agus an ráthaíocht éifeachtach ar rochtain neamh‑idirdhealaitheach agus an leibhéal iomaíochta san earnáil mhiondíola, ar feadh a mbaineann le praghas, rogha agus cáilíocht;

· tugtar an ceart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí rochtain a fháil ar théarmaí réasúnta ar tháirgí lúdrachta comhchuibhithe, agus an ceart go mbeadh cáilíocht seirbhíse urrúsach i dteannta na dtáirgí sin a ligfeadh cineálacha nua seirbhísí ar líne a chur ar fáil.

Cearta na gcríoch‑úsáideoirí (Caibidil IV, Airteagail 21 go 29)

San Eoraip, níl aon chomhsheasmhacht sna rialacha i dtaca le cearta críoch‑úsáideoirí, agus is deacracht é sin atá roimh sholáthraithe agus chríoch‑úsáideoirí araon agus atá ina chúis le héagothromaíocht sna leibhéil chosanta agus le difríochtaí a bheith idir na rialacha nach foláir cloí leo i mBallstáit éagsúla. Cuireann an ilroinnt sin costas ar oibreoirí, mí-shásamh ar chríoch‑úsáideoirí agus i ndeireadh na dála, cuireann sí bac ar sholáthar seirbhísí thar teorainneacha críochacha agus ciallaíonn sí gur lú fonn a bhíonn ar chríoch‑úsáideoirí na seirbhísí sin a úsáid. D’fhonn leibhéal iomchuí cosanta a ráthú do thomhaltóirí ar fud an AE, déantar na rialacha i dtaca le cearta críoch‑úsáideoirí a chomhchuibhiú; déantar foráil do na nithe seo a leanas:

– neamh‑idirdhealú idir seirbhísí cumarsáide náisiúnta agus idirnáisiúnta (mura bhfuil bonn cirt oibiachtúil leis na difríochtaí);

– ceanglais maidir le faisnéis réamhchonartha agus faisnéis chonarthach a bheith éigeantach;

– breis trédhearcachta agus áiseanna dírithe ar 'bhillí scáfara’ a sheachaint;

– an ceart an conradh a fhoirceannadh tar éis sé mhí gan aon chostais (cé is moite de luach iarmharach aon trealaimh fóiríoctha nó próimóisean eile);

– cuirtear dualgas ar sholáthraithe gan aon teorannú a dhéanamh ar an nascadh le hinneachar, feidhmchláir agus seirbhísí a bhfuil críoch‑úsáideoirí ag fáil rochtana orthu – tugtar Glan‑neodracht air seo freisin – agus déantar rialáil ar an úsáid a bhaineann oibreoirí as bearta bainistíochta tráchta, ar feadh a mbaineann le rochtain ghinearálta ar an idirlíon; déantar soileiriú freisin ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann le seirbhísí speisialaithe lena ngabhann cáilíocht ardfheabhsaithe.

Athrú soláthraí a éascú (Caibidil V, Airteagal 30)

Déantar an iomaíocht idir na soláthraithe cumarsáide leictreonaí a spreagadh trí fheabhas a chur ar na rialacha a bhaineann le malairtí soláthraí, agus leis sin déantar níos éasca é do chríoch‑úsáideoirí an soláthraí is fearr a riarann dá riachtanais féin a roghnú. Tugann na forálacha san áireamh prionsabail chomhchuibhithe atá infheidhme maidir le nósanna imeachta aistrithe, amhail treoshuíomh na dtáillí de réir an chostais, próisis don bhainistiú a dhéanfaidh an soláthraí nua, agus an foirceannadh uathoibríoch ar an gconradh leis an sean‑soláthraí.

Forálacha eagraíochtúla agus forálacha deiridh (Caibidil VI, Airteagail 31 go 40)

Tá forálacha ginearálta sa Chaibidil seo a bhaineann le cumhachtaí smachtbhannaí na n‑údarás inniúil náisiúnta agus rialacha maidir leis an gcumhacht atá ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlacadh.

Leagtar amach, freisin, modhnuithe ar na Creat‑Treoracha agus ar na Rialacháin Fánaíochta agus BEREC. Maidir le rialáil ex ante ar an margadh, agus tharla go mbeidh gach údarás rialála náisiúnta (ÚRN) fós freagrach as a mhargaí (náisiúnta) féin, díríonn na modhnuithe ar bhreis comhsheasmhachta agus cobhsaíochta a bhaint amach ar fud an AE i dtaca leis an measúnú a dhéanann ÚRN ar na margaí agus i dtaca le forshuíomh dualgas, tríd an gcóras rialála, ar shealbhóirí údaraithe aonair AE, agus leis sin féachann siad lena chinntiú nach dtitfeadh na sealbhóirí sin faoi réir ceanglas éagsúil sna Ballstáit uile ina mbeidís lonnaithe i gcás go dtarlódh cliseadh margaidh de chineál comhionann i margaí na mBallstát sin. Agus é sin de chuspóir aige, tá beartaithe leis na forálacha go dtabharfaí cumhacht don Choimisiún a éileamh go dtarraingeofaí siar bearta ceartaitheacha a fhorshuífí ar oibreoirí a bhfuil údarú aonair AE acu, agus tá beartaithe chomh maith go gcuirfí ar fáil deimhneacht dhlíthiúil maidir leis na critéir lena n‑aithnítear margaí ba chóir a chur faoi réir beart ceartaitheach ex ante, agus le linn é sin a dhéanamh go dtabharfaí san áireamh aon srianta ar iomaíocht ó sheirbhísí de chineál cóibhéiseach arna gcur ar fáil ag imreoirí ‘seirbhísí de mhuin an idirlín’ (SMI).

Cé go mbeidh de thoradh ar an Rialachán Fánaíochta III, gona bhearta struchtúracha, go gcuirfear breis iomaíochta ar siúl sa mhargadh, níltear ag súil go gcruthóidh sé dálaí ina mbeidh custaiméirí ábalta seirbhísí a thomhailt i dtíortha eile díreach ar an nós atá acu agus iad ag baile ina dtír féin, agus mar sin níltear ag súil go gcuirfidh sé deireadh ar fad le táillí fánaíochta san Eoraip. Le hAirteagal 33, déantar tuilleadh le cois a ndearnadh leis an Rialachán Fánaíochta, trí dhreasachtaí a thabhairt d'oibreoirí glaonna agus seirbhísí eile fánaíochta a sholáthar ag praghasleibhéil intíre. Tugann an togra seo isteach sásra deonach a chuirfidh ar chumas oibreoirí móibíleacha dul i gcomhaontuithe fánaíochta déthaobhacha nó iltaobhacha ionas go bhféadfaidh siad costais mhórdhíola na fánaíochta a inmheánú, agus ar an dóigh sin táillí seirbhísí fánaíochta a laghdú de réir a chéile, as seo go dtí Iúil 2016, go dtí na praghasleibhéil intíre agus san am céanna na rioscaí arbatráiste a theorannú. Rinneadh comhaontuithe fánaíochta den sórt sin sa mhargadh roimhe agus, dá bhrí sin, ní rud úrnua iad. Tá comhaontuithe fánaíochta ar an bhfód cheana a cheadaíonn dá gcomhpháirtithe barrainneachtaí scála a bhaint amach (agus é sin de réir dhlí na hiomaíochta) i dtaca le soláthar seirbhísí fánaíochta idir pháirtithe conarthacha. Leis an togra seo, áfach, leagtar síos mar cheanglas go gcaithfear fógra a thabhairt do na páirtithe d’fhonn feabhsú ar an trédhearcacht. An sásra deonach sin atá molta, dearadh é le súil go meallfadh sé cuideachtaí chun barrainneachtaí scála dlistineacha a chur ar aghaidh chuig na tomhaltóirí trí sheirbhísí fánaíochta a sholáthar ag na praghasleibhéil intíre, agus é sin a dhéanamh faoi dhálaí a chumhdódh an fhánaíocht ar fud an Aontais ionas go mbainfeadh na tomhaltóirí ar fud an Aontais tairbhe as tairiscintí dá leithéid in am is i dtráth. San am céanna, cuireann an togra ar fáil an chóimheá atá riachtanach chun ligean d'oibreoirí a dtairiscintí miondíola a choigeartú agus a chinntiú go mbainfidh a gcuid custaiméirí uile tairbhe astu de réir a chéile. Gan comhaontuithe fánaíochta déthaobhacha nó iltaobhacha, ní bheadh sé réalaíoch bheith ag súil go bhféadfadh oibreoir amháin ar bith, ag gníomhú dó as a chonlán féin, a tháillí fánaíochta a ísliú go dtí na leibhéil intíre, ná é sin a bhaint amach ar fud na Aontais san am atá beartaithe.

Ar deireadh thiar, ní foláir athruithe a dhéanamh ar an Rialachán BEREC chun breis cobhsaíochta a thabhairt don chomhlacht sin agus chun a chur ar a chumas ról níos straitéisí a imirt, go háirithe chaithfí a fhoráil go gceapfaí Cathaoirleach ar bhonn gairmiúil agus ar bhonn tréimhse ceapacháin trí bliana.

4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an Rialachán atá beartaithe do bhuiséad an Aontais.

Go háirithe, níl aon impleacht do líon na bpost sa phlean bunaíochta ná do ranníocaíocht an AE le Oifig BEREC ag an togra go ndéanfaí Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 a leasú agus tá sé ag teacht leis na figiúirí atá leagtha amach sa Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2013)519 final).

2013/0309 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta maidir leis an margadh aonair Eorpach sa chumarsáid leictreonach agus chun Ilchríoch Idirnasctha a bhaint amach, agus lena leasaítear Treoir 2002/20/CE, Treoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[12],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[13],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Ní mór don Eoraip leas a bhaint as gach foinse fáis is féidir le teacht aniar ón géarchéim, le poist a chruthú agus lena bheith iomaíoch athuair. Is é is aidhm le Straitéis Eoraip 2020 fás a athbhunú agus poist a chruthú. I gComhairle Eorpach an Earraigh 2013 leagadh béim ar thábhacht an mhargaidh aonair don ábhar digiteach faoi choinne fáis agus d'iarr siad bearta nithiúla, le margadh aonair do theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) a bhunú a luaithe agus is féidir. I gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Eoraip 2020 agus leis an nglao seo, is é is aidhm leis an rialachán seo margadh aonair don chumarsáid leictreonach a bhunú trí Chreat Rialála an Aontais maidir le Cumarsáid Leictreonach a chomhlánú agus a oiriúnú.

(2)       Sa Chlár Digiteach don Eoraip (CDE), ceann de na tionscnaimh shuaitheanta den Straitéis Eoraip 2020, tá aitheantas tugtha don ról TFC agus lúdracht líonra mar bhonn fíor-riachtanach d'fhorbairt ár ngeilleagair agus ár sochaí. Le go mbainfeadh an Eoraip leas as sochair an athraithe dhigitigh ó bhonn, tá margadh aonair dinimiciúil don chumarsáid leictreonach do gach earnáil ar fud na hEorpa de dhíth ar an Aontas. Mar fhíormhargadh aonair, beidh a leithéid de mhargadh aonair don chumarsáid ina chnámh droma do gheilleagar nuálach agus 'cliste' agus mar bhunchloch an mhargaidh aonair d’ábhar digiteach inar féidir le seirbhísí ar líne dul gan bhac thar theorainneacha.

(3)       I margadh aonair don chumarsáid leictreonach gan uaim, ba cheart an tsaoirse chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar do gach custaiméir san Aontas a áirithiú agus ceart gach críoch‑úsáideora an tairiscint is fearr ar an margadh a roghnú a áirithiú, agus ba cheart nach gcuirfí bac ar an méid sin trí ilroinnt margaí go feadh teorainneacha náisiúnta. Leis an gcreat rialála maidir le cumarsáid leictreonach atá ann faoi láthair ní dhírítear ar an ilroinnt sin, mar go bhfuil córais údaraithe náisiúnta, seachas uile-Aontais ann, scéimeanna sannacháin speictrim náisiúnta, difríochtaí maidir le táirgí rochtana ar fáil do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí ó Bhallstát go Ballstát, agus sraitheanna éagsúla rialacha infheidhme ó thaobh earnála de maidir le tomhaltóirí. I roinnt mhaith cásanna ní dhéanann na rialacha Aontais ach an bhunlíne a shainiú, agus is minic a chuireann na Ballstáit chun feidhme iad ar bhealaí éagsúla.

(4)       Ba cheart d'fhíormhargadh aonair don chumarsáid leictreonach iomaíocht, infheistíocht agus nuáil i líonraí agus seirbhísí nua agus feabhsaithe a chur chun cinn trí chomhtháthú margaidh agus tairiscintí seirbhíse trasteorann a chothú. Ar an gcaoi sin ba cheart na spriocanna uaillmhianacha maidir le leathanbhanda ardluais, atá leagtha amach sa Chlár Digiteach don Eoraip, a bhaint amach leis. Le méadú ar infhaighteacht na mbonneagar agus seirbhísí digiteacha, ba cheart rogha tomhaltóirí, cáilíocht seirbhíse agus éagsúlacht an inneachair a bheith ag méadú, agus cur le comhtháthú críochach agus sóisialta, chomh maith le soghluaisteacht ar fud an Aontais a éascú.

(5)       Ba cheart go mbeadh tionchar ag na sochair a thagann as margadh aonair don chumarsáid leictreonach ar an éiceachóras digiteach níos leithne lena n‑áirítear monaróirí trealaimh de chuid an Aontais, soláthróirí inneachair agus feidhmchlár agus an geilleagar níos leithne, lena gcuimsítear earnálacha amhail baincéireacht, mótarfheithiclí, lóistíocht, miondíol, fuinneamh agus iompar, a bhraitheann ar lúdracht le cur lena dtáirgiúlacht trí, mar shampla, néalfheidhmchláir uileláithreacha, rudaí atá nasctha agus deiseanna do sholáthar seirbhíse comhtháite do chodanna éagsúla na cuideachta. Ba cheart d'údaráis riaracháin phoiblí agus earnáil na sláinte tairbhiú den fáil níos leithne ar ríomhsheirbhísí rialtais agus sláinte. I margadh aonair sa chumarsáid leictreonach, d’fhéadfaí cur leis an rogha d’inneachar agus seirbhísí cultúrtha, agus d’éagsúlacht chultúrtha i gcoitinne. Tá soláthar lúdracht tríd na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí chomh tábhachtach sin don gheilleagar níos leithne agus don tsochaí gur cheart ualaigh nach bhfuil bonn cirt leo ó thaobh na hearnála de, cibé acu rialála nó eile, a sheachaint.

(6)       Is é is aidhm leis an Rialachán seo an margadh aonair don chumarsáid leictreonach a chomhlánú trí bheart a dhéanamh ar thrí ais ghinearálta, idirghaolmhara. Ar an gcéad dul síos, ba cheart dó saoirse a bhaint amach le seirbhísí cumarsáide leictreonaí thar teorainneacha agus thar lionraí i mBallstáit éagsúla a sholáthar, ag cur le coincheap an údaraithe AE aonair lena mbunófar na coinníollacha chun comhsheasmhacht agus intuarthacht níos fearr a áirithiú maidir le hábhar agus le cur chun feidhme an rialachán sonrach ó thaobh earnála de ar fud an Aontais. Ar an dara dul síos, is gá rochtain a chumasú, ar théarmaí agus ar choinníollacha níos cóineasaithe, ar ionchuir fíor-riachtanacha do sholáthar trasteorann líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ní amháin don chumarsáid leathanbhanda gan sreang, a bhfuil speictream le ceadúnas agus gan cheadúnas fíorthábhachtach di, ach don lúdracht líne fosaithe chomh maith. Ar an tríú dul síos, ar mhaithe le coinníollacha gnó a ailíniú agus muinín dhigiteach na saoránach a chothú, ba cheart don Rialachán seo rialacha maidir le cosaint críoch‑úsáideoirí, go háirithe tomhaltóirí a chomhchuibhiú. Áirítear leis sin rialacha maidir le neamh‑idirdhealú, faisnéis chonarthach, foirceannadh conarthaí agus athrú, chomh maith le rialacha maidir le rochtain ar ábhar, ar fheidhmchláir agus ar sheirbhísí ar líne, agus ar bhainistiú tráchta a chosnaíonn críoch‑úsáideoirí agus ní hé sin amháin ach ráthaíonn siad ag an am céanna feidhmiú leanúnach éiceachóras an Idirlín mar inneall spreagtha. Thairis sin, trí leasuithe breise a dhéanamh i réimse na fánaíochta, ba cheart muinín na gcríoch‑úsáideoirí a chothú le leanúint de bheith nasctha agus iad ag taisteal san Aontas, agus ba cheart, le himeacht ama, praghsáil chóineasaithe agus coinníollacha eile a chur chun cinn san Aontas.

(7)       Ba cheart don rialachán seo, dá bhrí sin, creat rialála an Aontais atá ann cheana (Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14], Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15], Treoir 2002/21/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16], Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17], Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18], Treoir ón gCoimisiún 2002/77/CE[19], chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20], Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21] agus Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa[22]) a chomhlánú mar aon leis an reachtaíocht náisiúnta infheidhme arna nglacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, trí chearta agus oibleagáidí sonracha a bhunú do sholáthraithe agus críoch‑úsáideoirí cumarsáide leictreonaí, trí leasuithe iarmhartacha a dhéanamh ar na Treoracha atá ann cheana agus ar Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 chun cóineasú níos mó a áirithiú chomh maith le roinnt athruithe substainteacha i gcomhréir le Margadh Aonair níos iomaíche.

(8)       Urramaíonn na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo prionsabal na neodrachta teicneolaíche, eadhon ní dhéanann siad idirdhealí i bhfabhar ná in aghaidh úsáide cineáil áirithe teicneolaíochta.

(9)       Tá soláthar cumarsáide leictreonaí thar teorann i gcónaí faoi réir ualaí níos mó ná mar atá orthusan atá laistigh de theorainneacha náisiúnta. Go háirithe, ní mór do sholáthraithe trasteorann fógra a thabhairt fós i leith táillí agus iad a íoc i mBallstáit aonair óstacha. Ba cheart sealbhóirí údaraithe aonair AE a bheith faoi réir córas fógraíochta aonair i mBallstát a bpríomhbhunaíochta (Ballstát baile), rud a laghdóidh an t‑ualach riaracháin do sholáthraithe trasteorann. Ba cheart feidhm a bheith ag an údarú AE aonair maidir le haon ghnóthas a sholáthraíonn seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí i níos mó ná Ballstát amháin, nó a bheartaíonn iad a sholáthar, agus ar an gcaoi sin beidh sé i dteideal leas a bhaint as na cearta a bhaineann leis an tsaoirse seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo i mBallstát ar bith. Le húdarú AE aonair lena sainítear an creat dlí is infheidhme maidir le hoibreoirí cumarsáide leictreonaí a sholáthraíonn seirbhísí ar fud na mBallstát ar bhonn údaraithe ghinearálta sa Bhallstát baile ba cheart éifeachtacht na saoirse seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas iomlán a áirithiú.

(10)     D'fheadfadh soláthar seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí thar teorainneacha a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, ag brath ar roinnt fachtóirí amhail an cineál líonra nó seirbhísí a sholáthraítear, méid an bhonneagair fhisiciúil a bhfuil gá leis nó an líon rannpháirtithe sna Ballstáit éagsúla. Féadfar an rún maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar thar teorainneacha nó líonra cumarsáide leictreonaí a oibriú i níos mó na Ballstát amháin a thaispeáint trí ghníomhaíochtaí amhail idirbheartaíocht comhaontuithe maidir le rochtain ar líonraí i mBallstát áirithe nó margaíocht tríd an suíomh idirlín i dteanga an Bhallstáit spriocdhírithe.

(11)     Beag beann ar conas a roghnaíonn soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí a oibriú nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar thar teorainneacha, ba cheart an córas rialála is infheidhme maidir le soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a bheith neodrach maidir le roghanna tráchtála atá taobh thiar d'eagrú feidhmeanna agus gníomhaíochtaí ar fud Ballstát. Dá bhrí sin, gan aird ar struchtúr corpartha an ghnóthais, ba cheart a mheas mar Bhallstát baile soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach an Ballstát ina ndéantar cinntí straitéiseacha maidir le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

(12)     Ba cheart an t‑údarú AE aonair a bheith bunaithe ar an údarú ginearálta sa Bhallstát baile. Níor cheart é bheith faoi réir coinníollacha atá infheidhme cheana de bhua dlí náisiúnta atá ann cheana agus nach sonrach d'earnáil na cumarsáide leictreonaí é. Sa bhreis air sin, beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha.

(13)     Tá an chuid is mó de na coinníollacha sonracha ó thaobh earnála de, mar shampla maidir le rochtain ar líonraí nó slándáil agus iontaofacht a bhaineann leo nó rochtain ar sheirbhísí éigeandála, tá siad ceangailte leis an áit ina bhfuil an líonra sin lonnaithe nó ina soláthraítear an tseirbhís. Dá thoradh sin féadfaidh soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach bheith faoi réir coinníollacha is infheidhme sa Bhallstát ina n‑oibríonn sé, a mhéid nach bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

(14)     I gcás ina n‑éilíonn Ballstáit ranníocaíocht ón earnáil chun oibleagáidí na seirbhíse uilíche agus costais riaracháin na n‑údarás rialála náisiúnta a mhaoiniú, ba cheart na critéir agus na nósanna imeachta maidir le ranníocaíochtaí a chionroinnt bheith comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach i dtaca le soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha, ionas nach gcuirfear bac ar theacht isteach trasteorann ar an margadh, go háirithe iontrálaithe nua agus oibreoirí beaga; ba cheart, i ranníocaíochtaí gnóthas aonair dá bhrí sin, cion margaidh an ranníocóra i dtéarmaí láimhdeachais arna réadú sa Bhallstát ábhartha a chur san áireamh agus a bheith faoi réir cur i bhfeidhm thairseach de minimis.

(15)     Is gá a áirithiú im imthosca comhchosúla nach mbeidh aon idirdhealú sa chaoi a gcaitheann Ballstáit éagsúla le haon soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach agus go gcuirtear cleachtais rialála comhsheasmhacha i bhfeidhm sa mhargadh aonair, go háirithe maidir le bearta a thagann faoi raon feidhme Airteagal 15 nó Airteagal 16 de Threoir 2002/21/CE, nó Airteagal 5 nó Airteagal 8 de Threoir 2002/19/CE. Ba cheart dá bhrí sin go mbeidh ceart ag soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha ar chóir chomhionann ó na Ballstáit éagsúla i gcásanna atá go hoibiachtúil comhionann chun oibríochtaí ilchríochacha níos comhtháite a chumasú. Ina theannta sin, ba cheart nósanna imeachta sonracha a bheith ann ar leibhéal an Aontais chun athbhreithniú a dhéanamh ar dréachtchinntí maidir le réitigh de réir bhrí Airteagal 7a de Threoir 2002/21/CE sna cásanna sin, le go seachnófar díbhéirseachtaí gan bonn cirt in oibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha i mBallstáit éagsúla.

(16)     Ba cheart leithdháileadh inniúlachtaí rialála agus maoirseachta a bhunú idir an Ballstát baile agus aon Bhallstát óstach de sholáthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha d'fhonn na bacainní ar theacht isteach a laghdú agus lena áirithiú ag an am céanna go bhforfheidhmítear na coinníollacha is infheidhme maidir le soláthar seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí ag na soláthraithe sin. Dá bhrí sin, cé gur cheart do gach údarás rialála náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha is infheidhme ina chríoch i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, lena n‑áirítear trí bhíthin smachtbhannaí agus bearta eatramhacha, níor cheart ach an údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát baile a bheith i dteideal cearta soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach, maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas iomlán nó i gcuid de, a fhionraí nó a aistarraingt.

(17)     Is chun leasa an phobail speictream raidió agus is acmhainn fhíor-riachtanach é don mhargadh inmheánach do chumarsáid shoghluaiste, leathanbhanda gan sreang agus satailíte san Aontas. Cuidíonn forbairt na cumarsáide leathanbhanda gan sreang le cur chun feidhme an Chláir Dhigitigh don Eoraip agus go háirithe leis an aidhm rochtain leathanbhanda a fháil ar luas nach lú ná 30 Mbps faoi 2020 do shaoránaigh uile an Aontais agus an luas agus an acmhainneacht leathanbhanda is airde agus is féidir a sholáthar don Aontas Mar sin féin, tá an tAontas chun cúil ar na príomhréigiúin dhomhanda eile – Meiriceá Thuaidh, an Afraic agus áiteanna áirithe san Áis – ó thaobh feidhmiú chéimneach agus dul i bhfód ar an margadh maidir leis an nglúin is déanaí de theicneolaíochtaí leathanbhanda gan sreang a bhfuil gá leor chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Is léir ón bpróiseas ilroinnte ina n‑údaraítear agus ina gcuirtear ar fáil an banda 800 MHz don chumarsáid leathanbhanda gan sreang, agus leath na mBallstát ag lorg maolú nó ag teip orthu ar bhealach eile é a dhéanamh faoin spriocam atá leagtha síos i gCinneadh 243/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Beartais um an Speictream Raidió[23]is léir go bhfuil beart práinneach de dhíth fiú laistigh de théarma reatha an RSPP seo. Níor leor bearta an Aontais, maidir leis comhchuibhiú na gcoinníollacha infhaighteachta agus úsáide éifeachtúla speictrim raidió don chumarsáid leathanbhanda gan sreang de bhun Chinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[24], le díríu ar an bhfadhb seo.

(18)     Trí beartais náisiúnta éagsúla a chur i bhfeidhm cruthaítear neamhréireachtaí agus ilroinnt an mhargaidh inmheánamigh, rud a chuireann bac ar fheidhmiú céimneach seirbhísí uile-Aontais agus ar chomhlánu an mhargaidh inmheánaigh don chumarsáid leathanbhanda gan sreang. D'fhéadfadh sé go háirithe coinníollacha neamhionanna a chruthú maidir le rochtain ar na seirbhísí sin, bac a chur ar iomaíocht idir gnóthais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, agus infheistíochtaí in ardlíonraí agus in ardteicneolaíochtaí agus teacht chun cinn seirbhísí nuálacha a mhúchadh, rud a choinneodh saoránaigh agus gnólachtaí ó sheirbhísí ardcháilíochta comhtháite uileláithreacha agus a choinneodh oibreoirí leathanbhanda gan sreang ó ghnóthachain éifeachtúlachta méadaithé ó oibríochtaí mórscála níos comhtháite. Dá bhrí sin, ba cheart gníomh ar leibhéal an Aontais maidir le gnéithe áirithe sannacháin speictrim raidió a bheith ag gabháil le forbairt clúdaigh chomhtháite fhorleathan na ardseirbhísí cumarsáide leathanbhanda gan sreang ar fud an Aontais. Ag an am céanna, ba cheart do Bhallstáit an ceart a fhorchoimeád bearta a ghlacadh lena speictream raidió a eagrú d'ord poiblí, chun críocha slándála poiblí agus do chosaint.

(19)     Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n‑áirítear oibreoirí soghluaiste nó cuibhreannas de na hoibreoirí sin, bheith in ann an clúdach éifeachtach agus ar chostas réasúnta ar chuid ollmhór de chríoch an Aontais a eagrú chun leasa fadtéarmaigh críoch‑úsáideoirí, agus ar an gcaoi sin a bheith in ann speictream raidió a úsáid thar roinnt Ballstát a bhfuil coinníollacha, nósanna imeachta, costais, uainiú, fad ré i mbandaí comhchuibhithe comhchosúla acu, agus a bhfuil pacáistí speictrim raidió comhlántacha acu, amhail comhcheangal de mhinicíochtaí níos ísle agus níos airde chun ceantair dlúthdhaonra agus ceantair ina bhfuil daonra níos lú. Ach tionscnaimh ar son comhordú agus comhsheasmhachta níos mó a bheith ann chuirfí le hintuarthacht na timpeallachta infheistíochta líonra. Chuideofaí lena a leithéid d'intuarthacht freisin trí bheartas soiléir i bhfábhar ré fhadtéarmach do chearta úsáide a bhaineann le speictream raidió, gan dochar do chineál éiginnte na gceart sin i mBallstáit áirithe, agus nasctha ar a sheal le coinníollacha soiléire maidir le haistriú, léasú nó comhroinnt cuid nó iomlán an speictrim raidió faoi réir an chirt indibhidiúil úsáide sin.

(20)     Ba cheart comhordú agus comhsheasmhacht na gceart úsáide do speictream raidió a fheabhsú, ar a laghad i gcás na mbandaí atá comhchuibhithe don chumarsáid leathanbhanda fosaithe gan sreang, fánaíochta agus soghluaiste. Áirítear leis sin na bandaí a aithnítear ar leibhéal an ATI (Aontais Teileachumarsáide Idirnáisiúnta) d'Ardchórais Teileachumarsáide Soghluaiste Idirnáisiúnta, chomh maith le bandaí a úsáidtear do líonraí ceantair logánta raidió (RLAN) amhail 2.4 GHz agus 5 GHz. Ba cheart bandaí a chlúdach freisin a fhéadfar a chomhchuibhiú sa todhchaí don chumarsáid leathanbhanda gan sreang, mar atá beartaithe in Airteagal 3(b) den RSPP agus sa Tuairim ón RSPG maidir le 'Dúshláin straitéiseacha roimh an Eoraip agus aghaidh á tabhairt aici ar an éileamh speictrim raidió méadaitheach ar leathanbhanda gan sreang' a glacadh an 13 Meitheamh 2013, amhail, san am atá díreach romhainn, na bandaí 700 MHz, 1.5 GHz agus 3.8-4.2 GHz.

(21)     Chuideofaí le comhsheasmhacht idir na nósanna éagsúla sannacháin speictrim raidió trí fhorálacha níos sainráite maidir leis na critéir is ábhartha d'uainiú nósanna imeachta údaraithe; an ré a bhfuil na cearta úsáide bronnta ina leith, na táillí agus a modúlachtaí íocaíochta; oibleagáidí acmhainne agus clúdaigh; sainiú ar raon speictrim raidió agus bloic ar speictream faoi réir nós imeachta deonta; ceanglais tairsigh oibiachtúla maidir le hiomaíocht éifeachtach a chur chun cinn; coinníollacha maidir le cumas trádála na gceart úsáide, lena n‑áirítear coinníollacha a chomhroinnt.

(22)     Ach an t‑ualach táillí a theorannú don mhéid is gá le bainistíocht bharrmhaith speictrim raidió, a mbeidh comhardú idir íocaíochtaí láithreacha agus táillí tréimhsiúla ag gabháil leis, spreagfaí infheistíocht san fheidhmiú céimneach bonneagair agus teicneolaíochta, agus chuirfí na buntáistí costais ar aghaidh chuig na críoch‑úsáideoirí.

(23)     Ba cheart do shannacháin speictrim raidió níos comhthráite agus feidhmiú céimneach leathanbhanda gan sreang dá bharr sin ar fud an Aontais tacú le héifeachtaí scála i dtionscail ghaolmhara amhail i gcás trealaimh líonra agus gléasra teirminéil. D'fhéadfadh na tionscail sin ar a seal tionscnaimh Aontais agus beartais maidir le húsáid speictrim raidió a chur san áireamh, níos mó ná mar a rinneadh le déanaí. Ba cheart dá bhrí sin nós imeachta comhchuibhithe a bhunú do na tráthchláir do shannachán agus d' íosré nó ré chomhchoiteann na gceart úsáide sna bandaí sin.

(24)     Maidir leis na príomhchoinníollacha substainteacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta maidir le húsáid speictrim raidió do leathanbhanda gan sreang, chuideofaí le cur i bhfeidhm cóineasaithe na bprionsabal rialála agus na gcritéar atá leagtha síos sa Rialachán seo ag Ballstáit aonair trí shásra comhordúcháin lena dtugtar deis don Choimisiún agus do údaráis inniúla na mBallstát eile barúil a thabhairt roimh do Bhallstát áirithe cearta úsáide a bhronnadh agus lena dtugtar deis don Choimisiún tuairimí na mBallstát a chur san áireamh, le cur chun feidhme aon togra ar léir nach bhfuil sé i gcomhlíonadh dhlí an Aontais a chosc.

(25)     I bhfianaise an bhorrtha in éilimh speictrim raidió ar leathanbhanda gan sreang, ba cheart réitigh i dtaca le rochtain atá éifeachtúil go speictreach ar leathanbhanda gan sreang a chur chun cinn. Airítear leis sin úsáid córas rochtana ísealchumhachta gan sreang a bhfuil raon oibriúcháin beag aige amhail na cinn ar a dtugtar 'baill te' de líonraí ceantair logánta raidió (RLAN ar a dtugtar 'Wi-Fi' freisin), chomh maith le líonraí a bhfuil pointí rochtana cealla beaga ísealchumhachta (ar a dtugtar freisin femto -,pico- nó meitreachealla) acu.

(26)     Trí chórais rochtana comhlántacha gan sreang amhail RLAN, go háirithe pointí rochtana a bhfuil rochtain phoiblí orthu, beidh rochtain níos mó ar an idirlíon do chríoch‑úsáideoirí, agus beidh oibreoirí soghluaiste ábalta scar go pras le trácht soghluaiste, agus acmhainní speictrim raidió comhchuibhithe á n‑úsáid nach n‑éilíonn údarú aonair nó ceart úsáide an speictrim raidió.

(27)     Go n‑uige seo, is úsáideoirí príobháideacha a úsáideann formhór na bpointí rochtana RLAN mar shíneadh logánta gan sreang ar a nasc leathanbhanda fosaithe. Má roghnaíonn críoch‑úsáideoirí, laistigh de shrianta a suibscríobh idirlín féin, rochtain ar a RLAN féin a chomhroinnt le daoine eile, ba cheart, a bhuí do infhaighteacht líon mór de na pointí rochtana sin, go háirithe i gceantair dhlúthdhaonra, toilleadh sonraí gan sreang a uasmhéadú trí athúsáid speictrim raidió agus bonneagar leathanbhanda gan sreang comhlántach a chruthú a mbeidh rochtain ag críoch‑úsáideoirí eile air. Dá bhrí sin, ba cheart srianta nach bhfuil gá leo do chríoch‑úsáideoirí lena rochtain ar a RLAN féin a chomhroinnt le críoch‑úsáideoirí eile nó chun nascadh leis na pointí rochtana sin, a bhaint nó a chosc.

(28)     Sa bhreis air sin, ba cheart srianta nach bhfuil gá leo ar úsáid agus idirnascadh phointí rochtana RLAN a bhaint chomh maith. Úsáideann údaráis phoiblí nó soláthraithe seirbhísí poiblí pointí rochtana RLAN ar bhonn méadaitheach ina gcuid áitreabh chun a gcríoch féin, mar shampla le húsáid ag a bpearsanra, chun rochtain chost‑éifeachtach ar líne ar sheirbhísí ríomhrialtais a éascú níos fearr do shaoránaigh, nó chun tacú le soláthar seirbhísí poiblí cliste le faisnéis réad‑ama, amhail i gcás iompair phoiblí nó bainistiú tráchta. Ba cheart do na comhlachtaí sin rochtain a sholáthar ar na pointí rochtana sin do shaoránaigh i gcoitinne mar sheirbhís choimhdeach do sheirbhísí a thairgtear don phobal ar na háitribh sin, agus ba cheart iad a chumasú lena dhéanamh i gcomhlíonadh rialacha iomaíochta agus soláthair phoiblí. Má chuirtear rochtain logánta ar líonraí cumarsáide leictreonaí ar fáil laistigh de mhaoin phríobháideach nó de cheantar poiblí teoranta nó timpeall orthu, mar sheirbhís choimhdeach do ghníomhaíocht eile nach bhfuil ag brath ar an rochtain sin, amhail baill te RLAN a chuirtear ar fáil do chustaiméirí gníomhaíochtaí tráchtála eile nó do phobal i gcoitinne sa cheantar sin, ní cháilítear an soláthraí sin mar sholáthraí cumarsáide leictreonaí.

(29)     Is trealamh an‑bheag neamhshonraíoch iad pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu cosúil le ródairí Wi-Fi baile, ar cheart saintréithe teicniúla a shonrú ar leibhéal an Aontais ina leith faoi choinne tús a chur leo agus a n‑úsáid i gcomhthéacs logánta éagsúla faoi réir údarú ginearálta, gan srianta míchuí ó phleanáil indibhidiúil nó ó cheadúnais eile. Ba cheart comhréireacht na mbeart lena sonraítear na saintréithe teicniúla don úsáid sin a thairbheoidh d'údarú ginearálta a áirithiú trí shaintréithe atá i bhfad níos sriantaí ná na huastairsigh is infheidhme i mbearta an Aontais maidir le paraiméadair amhail aschur cumhachta.

(30)     Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfidh bainistíocht speictrim raidió ar leibhéal náisiúnta cosc ar Bhallstáit eile an speictrim raidió a bhfuil siad ina theideal a úsáid, nó a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le bandaí a bhfuil a n‑úsáid choomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Ag cur le gníomhaíocht an RSPG atá ann cheana, tá gá le sásra comhordúcháin lena áirithiú go mbeidh rochtain chothromasach ag gach Ballstát ar speictream raidió agus go mbeidh torthaí comhordúcháin comhsheasmhach agus infheidhmithe.

(31)     Is léir ón taithí a fuarthas i gcur chun feidhme chreat rialála an Aontais nár éirigh le forálacha atá ann cheana lena gceanglaítear cur i bhfeidhm comhsheasmhach beart rialála mar aon leis an sprioc cuidiú le forbairt an mhargaidh inmheánaigh, nár éirigh leo dóthain dreasachtaí a chruthú le táirgí rochtana a cheapadh ar bhonn caighdeán agus próiseas comhchuibhithe, go háirithe i ndáil le líonraí fosaithe. Agus iad ag oibriú i mBallstáit éagsúla, tá deacrachtaí ag oibreoirí ionchuir rochtana a fháil atá den cháilíocht cheart agus a bhfuil na leibhéil idir-inoibritheachta seirbhíse agus líonra chearta acu, agus nuair atá fáil orthu, léiríonn na hionchuir sin gnéithe teicniúla éagsúla. Leis sin méadaítear costais agus is bacainn é ar sholáthar seirbhísí thar theorainneacha náisiúnta.

(32)     Luatheofaí comhtháthú an mhargaidh aonair don chumarsáid leictreonach trí chreat a bhunú ina saineofaí príomhtháirgí fíorúla Eorpacha áirithe, atá thar a bheith tábhachtach do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun seirbhísí trasteorann a sholáthar agus chun straitéis uile-Aontais a ghlacadh i dtimpeallacht atá 'uile-IP' (timpeallacht bunaithe ar Phrótacal Idirlín) ar bhonn méadaitheach.

(33)     Ba cheart díriú ar na riachtanais oibríochtúla a bhfónann táirgí fíorúla éagsúla dóibh. Ba cheart táirgí Eorpacha rochtana fíorúla ar leathanbhanda bheith ar fáil i gcás ina gceanglaítear ar oibreoir, a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, faoi théarmaí na Treorach Réime agus na Treorach maidir le Rochtain, rochtain a sholáthar ar théarmaí rialáilte ag pointe rochtana sonrach ina líonra. Ar an gcéad dul síos, ba cheart iontráil trasteorann a éascú trí tháirgí comhchuibhithe a chumasaíonn soláthraithe trasteorann seirbhísí soláthar tosaigh a chur ar fáil dá gcríoch‑úsáideoirí gan mhoill agus le cáilíocht intuartha agus dhóthanach, lena n‑áirítear seirbhísí do chustaiméirí gnó a bhfuil ilshuíomhanna acu i mBallstáit éagsúla, i gcás inar ghá agus inar chomhréireach de bhun anailíse margaidh. Ba cheart na táirgí comhchuibhithe seo a bheith ar fáil ar feadh tréimhse fada go leor le gur féidir le cuardaitheoirí rochtana agus soláthraithe infheistíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha a phleanáil.

(34)     Ar an dara dul síos, tá táirgí rochtana fíorúla sofaisticiúla a éilíonn ardleibhéal infheistíochta ó chuardaitheoirí rochtana agus a thugann leibhéal níos airde rialaithe agus difreála dóibh, go háirithe trí rochtain a sholáthar ar leibhéal níos logánta, tá siad thar a bheith tábhachtach chun coinníollacha a chruthú d'iomaíocht inbhuanaithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Dá bharr sin, ba cheart na príomhhtáirgí rochtana mórdhíola sin ar rochtain na céad glúine eile (NGA) a chomhchuibhiú chun infheistíocht trasteorann a éascú. Ba cheart na táirgí rochtana fíorúla ar leathanbhanda sin a cheapadh i gcaoi is go mbeidh feidhmiúlachtaí iontu a bheidh coibhéiseach le díchuachadh fisiciúil, ionas go leathnófar an raon réiteach mórdhíola ionchasach a bheidh ar fáil ag údaráis rialála náisiúnta lena mheas faoin measúnú comhréireachta de bhun Threoir 2002/19/CE.

(35)     Ar an tríú dul síos, is gá freisin táirge rochtana mórdhíola a chomhchuibhiú chun deighleáin de línte léasaithe, a bhfuil comhéadain fheabhsaithe acu, a fhoirceannadh, chun soláthar trasteorann seirbhísí lúdrachta atá ríthábhachtach ó thaobh misin de a chumasú do na húsáideoirí gnó a éilíonn an méid is mó.

(36)     I gcomhthéacs ascnaimh chéimnithigh go 'líonraí uile-IP', gan táirgí lúdrachta bunaithe ar phrótacal IP le haghaidh aicmí éagsúla seirbhísí a bhfuil cáilíocht seirbhíse ráthaithe acu lena gcumasaítear conair chumarsáide ar fud fearann líonra agus ar fud teorainneacha líonra, laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, cuirtear bac ar fhorbairt feidhmchlár a bhraitheann ar rochtain ar líonraí eile, agus cuirtear srian ar nuáil theicneolaíoch ar an gcaoi sin. Thairis sin, tríd an staid sin cuirtear cosc ar scaipeadh níos forleithne éifeachtúlachtaí a bhaineann le bainistiú agus soláthar líonraí bunaithe ar IP agus ar tháirgí lúdrachta a bhfuil cáilíocht seirbhíse ráthaithe acu, go háirithe slándáil fheabhsaithe, iontaofacht agus solúbthacht, éifeachtúlacht costais agus soláthar níos tapa, rud atá chun leasa oibreoirí líonraí, soláthraithe seirbhísí agus críoch‑úsáideoirí. Tá gá dá bhrí sin, le cur chuige comhchuibhithe maidir le ceapadh agus infhaighteacht na dtáirgí sin, ar théarmaí réasúnta lena n‑áirítear, nuair a iarrtar é, an deis do na gnóthais cumarsáide leictreonaí lena mbaineann tras‑soláthar a dhéanamh.

(37)     Ba cheart bunú táirgí Eorpacha de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda faoin Rialachán seo a léiriú sa mheasúnú arna dhéanamh ag údaráis rialála náisiúnta ar na réitigh rochtana is iomchuí ar líonraí na n‑oibreoirí arna n‑ainmniú mar oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, agus ba cheart ag an am céanna ró-rialáil trí iolrú táirgí rochtana mórdhíola nach gá, cibé acu a fhorchuirtear é de bhun anailíse margaidh nó a fhoráiltear ina leith faoi choinníollacha eile, a sheachaint. Go háirithe, níor cheart go dtiocfadh méadú ar líon na dtáirgí rochtana rialáilte arna bhforchur ar oibreoir áirithe de bharr táirgí Eorpacha de rochtain fhíorúil a thabhairt isteach astu féin.  Thairis sin, tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, níor cheart go ndéanfaí difear don fhreagracht atá ar na húdaráis rialála náisiúnta an leigheas is oiriúnaí agus is comhréirí a aimsiú le dul i ngleic le fadhb na hiomaíochta i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2002/21/CE i ngeall ar an ngá go ndéanfaidís measúnú féachaint ar cheart táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a fhorchur in ionad leigheasanna rochtana mórdhíola atá ann cheana, agus measúnú ar cé chomh hoiriúnach agus atá sé táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a fhorchur i gcomhthéacs athbhreithnithe ar an margadh amach anseo ina n-aimsíonn siad cumhacht shuntasach sa mhargadh.

(38)     Ar mhaithe le hintuarthacht rialála, ba cheart a léiriú sa reachtaíocht freisin, príomheilimintí de chleachtas cinnteoireachta i mbun forbartha faoin gcreat dlíthiúil reatha a dhéanann difear do na coinníollacha faoina gcuirtear táirgí rochtana mórdhíola, lena n‑áirítear táirgí rochtana fíorúla Eorpacha ar leathanbhanda, ar fáil do líonraí NGA. Ba cheart a áireamh anseo forálacha lena léirítear, le haghaidh anailíse ar mhargaí rochtana mórdhíola agus go háirithe lena fháil amach an bhfuil gá le rialuithe praghsanna ar an rochtain sin ar líonraí NGA, tábhacht na gaolmhaireachta idir srianta iomaíocha ó bhonneagair gan sreang agus fosaithe malartacha, ráthaíochtaí éifeachtacha maidir le rochtain neamh‑idirdhealaitheach, agus an leibhéal iomaíochta atá ann cheana i dtéarmaí praghais, rogha agus cáilíocht ar leibhéal miondíola. Is é an ghné is deireanaí a luaitear a chinneann na sochair do chríoch‑úsáideoirí. Mar shampla, i seoladh an mheasúnaithe cás i ndiaidh cáis a rinne siad de bhun Airteagal 16 de Threoir 2002/21/CE agus gan dochar don mheasúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta glacadh leis, má tá dhá líonra fhosaithe NGA ann, go bhfuil dálaí an mhargaidh iomaíoch go leor le huasghráduithe líonraí a spreagadh agus le forbairt a dhéanamh i dtreo soláthar seirbhísí sárghasta a spreagadh, ar paraiméadar tábhachtach amháin é d'iomaíocht mhiondíola.

(39)     Is féidir a bheith ag súil leis gurb é an toradh a bheidh ar iomaíocht níos dlúite go dtiocfaidh laghdú le himeacht ama ar rialáil atá sonrach ó thaobh earnála de bunaithe ar anailís mhargaidh. Ar ndóigh, ba cheart gurb é ceann de na torthaí as Comhlánú an Mhargaidh Aonair go mbeadh claonadh níos mó i dtreo iomaíochta éifeachtaí ar mhargaí ábhartha, agus go measfaí gur leor cur i bhfeidhm ex post dhlí na hiomaíochta le feidhmiú an mhargaidh a áirithiú. Ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil agus intuarthacht cur chuige thar teorainneacha a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le critéir shoiléire agus cheangailteacha i dtaca le conas measúnú a dhéanamh an bhfuil bonn cirt ann oibleagáidí rialála ex ante a fhorchur ar mhargadh áirithe, trí thagairt do mharthanacht scrogall agus ionchais iomaíochta, go háirithe iomaíocht atá bunaithe ar bhonneagar, agus na coinníollacha iomaíochta ar leibhéal miondíola maidir le paraiméadair amhail praghas, rogha agus cáilíocht, rudaí is ábhartha faoi dheoidh do chríoch‑úsáideoirí agus don iomaíochas domhanda gheilleagar an AE. Ba cheart an méid sin a bheith mar thaca d'athbhreithnithe leanúnacha ar an liosta margaí atá soghabhálach i leith rialála ex ante agus cuidiú le rialtóirí náisiúnta a gcuid iarrachtaí a dhíriú ar áiteanna nach bhfuil an iomaíocht éifeachtach fós agus an méid sin a dhéanamh ar bhealach coinbhéarsach. D'fhéadfadh sé go ndéanfadh bunú fíormhargaidh aonair don chumarsáid leictreonach difear do raon feidhme geografach margaí, chun críocha rialála atá sonrach ó thaobh earnála de bunaithe ar phrionsabail iomaíochta agus cur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta féin araon.

(40)     Cruthaíonn éagothromaíochtaí i gcur chun feidhme náisiúnta rialacha maidir le cosaint críoch‑úsáideoirí atá sonrach ó thaobh earnála de bacainní suntasacha ar an margadh aonair don ábhar digiteach, go háirithe i bhfoirm costas méadaithe comhlíonta do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal ar mian leo seirbhísí a thairiscint ar fud na mBallstát. Thairis sin, i ngeall ar ilroinnt agus éiginnteacht maidir leis an leibhéal cosanta a thugtar i mBallstáit éagsúla baintear an bonn de mhuinín críoch‑úsáideoirí agus athchomhairlítear iad ó sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a cheannach thar lear. Chun cuspóir an Aontais maidir le bacainní ar an margadh inmheánach a bhaint is gá sraith aonair agus lán‑chomhchuibhithe de rialacha atá sonrach ó thaobh earnála de lena gcruthaítear ardleibhéal cosanta do chríoch‑úsáideoirí, a chur in ionad beart dlíthiúil náisiúnta dibhéirseach atá ann cheana. Níor cheart go gcuirfeadh lán‑chomhchuibhiú sin na bhforálacha dlíthiúla cosc ar sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal socruithe conarthacha a théann níos faide ná an leibhéal sin cosanta a thairiscint do chríoch‑úsáideoirí.

(41)     Ós rud nach gcomhchuibhíonn an Rialachán seo ach rialacha áirithe atá sonrach ó thaobh earnála de, ba cheart go mbeadh sé gan dochar do na rialacha ginearálta cosanta tomhaltóirí, arna mbunú ag gníomhartha Aontais agus reachtaíocht náisiúnta dá gur chun feidhme.

(42)     I gcás ina dtagraíonn na forálacha i gCaibidil 4 agus i gCaibidil 5 den Rialachán seo do chríoch‑úsáideoirí, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ní hé amháin maidir le tomhaltóirí ach maidir le catagóirí eile críoch‑úsáideoirí chomh maith, go príomha maidir le micrifhiontair. Arna iarraidh sin dóibh ar bhonn indibhidiúil, ba cheart críoch‑úsáideoirí eile seachas tomhaltóirí bheith in ann teacht ar chomhaontú, trí chonradh indibhidiúil, maidir le himeacht ó fhorálacha áirithe.

(43)     Chun an margadh aonair don chumarsáid leictreonach a chomhlánú ní mór na bacainní a bhaint do chríoch‑úsáideoirí i dtaca le rochtain ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a fháil ar fud an Aontais. Níor cheart dá bhrí sin, d'údaráis phoiblí bacainní a chruthú nó a choinneáil ar cheannach trasteorann na seirbhísí sin. Níor cheart do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal rochtain a shéanadh nó a shrianadh do chríoch‑úsáideoirí ná idirdhealú ina gcoinne ar bhonn a náisiúntachta nó a mBallstát cónaithe. Ba cheart, mar sin féin, bheith in ann difreáil a dhéanamh ar bhonn difríochtaí a bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo ó thaobh costas, rioscaí agus dálaí margaidh de, amhail éagsúlachtaí éilimh agus praghsáil ag iomaitheoirí.

(44)     Tá difríochtaí praghais an‑suntasach ann i gcónaí, i gcás cumarsáide fosaithe agus soghluaiste, idir teachtaireachtaí guthghlao agus teachtaireachtaí SMS baile agus na cinn a chríochnaíonn i mBallstát eile. A fhad is atá éagsúlachtaí substainteacha idir tíortha, oibreoirí agus pacáistí taraife, agus idir seirbhísí soghluaiste agus fosaithe, leanann an méid seo de dhifear a dhéanamh do ghrúpaí custaiméirí níos soghonta agus is bacainn é don chumarsáid gan uaim laistigh den Aontas. Tarlaíonn an méid sin in ainneoin laghdú an‑suntasach, agus cóineasú i ndearbhthéarmaí, rátaí críochnaithe i mBallstáit éagsúla, agus praghsanna ísle ar mhargaí trasdula. Thairis sin, ba cheart laghduithe breise ar chostais teacht as an ascnamh go timpeallacht cumarsáide leictreonaí 'uile-IP'. Ba cheart dá bhrí sin, bonn cirt a thabhairt le haon difríochtaí taraife miondíola suntasacha idir cianchumarsáid fhosaithe bhaile, ar cumarsáid í seachas an chumarsáid laistigh de cheantar logánta amháin arna haithint trí chód ceantair gheografaigh sa phlean uimhríochta náisiúnta, agus cumarsáid fhosaithe a chríochnaíonn i mBallstát eile, trí thagairt do chritéir oibiachtúla. Níor cheart go sáródh taraifí miondíola ar chumarsáid soghluaiste idirnáisiúnta na taraifí Eora-ghuthghlao agus taraifí Eora-SMS do ghlaonna fánaíochta rialáilte agus teachtaireachtaí SMS, faoi seach, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 mura dtugtar bonn cirt leis trí chritéir oibiachtúla. Féadfar a áireamh ar na critéir sin costais bhreise agus corrlach gaolmhar réasúnta. Ar na fachtóirí oibiachtúla eile, féadfar a áireamh difríochtaí i bpraghasleastachas gaolmhar agus infhaighteacht éasca taraifí malartacha ó sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal a thairgeann cumarsáid trasteorann laistigh den Aontas ar chostas an‑bheag nó saor in aisce a chur ar fáil do chríoch‑úsáideoirí,

(45)     Tháinig forbairt ar an idirlíon thar roinnt mhaith blianta mar ardán oscailte do nuálaíocht agus nach bhfuil ach bacainní beaga ar rochtain ann do chríoch‑úsáideoirí, do sholáthraithe inneachair agus feidhmchlár agus do sholáthraithe seirbhíse idirlín. Is éard is aidhm leis an gcreat rialála atá ann cheana cumas críoch‑úsáideorí teacht ar fhaisnéis agus é a scaipeadh nó a rogha feidhmchlár agus seirbhísí a reáchtáil, a chur chun cinn. Le déanaí, mar sin féin, i dtuarascáil Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) maidir le cleachtais bainistíochta tráchta a foilsíodh i mBealtaine 2012 agus i staidéar, a choimisiúnaigh an Ghníomhaireacht Fheidhmeannach um Thomhaltóirí agus Sláinte agus a foilsíodh i Nollaig 2012, maidir le feidhmiú an mhargaidh do rochtain ar an idirlíon agus soláthair ó thaobh dearcadh an tomhaltóra de, léiríodh go bhfuil líon suntasach críoch‑úsáideoirí thíos le cleachtais bainistithe tráchta a dhéanann feidhmchláir sonracha a chosc nó a mhoilliú. I ngeall ar na treochtaí sin, ní mór rialacha soiléire ar leibhéal na Aontais chun an t‑idirlíon oscailte a choinneáil agus chun ilroinnt an mhargaidh a thiocfadh as bearta Ballstát aonair a sheachaint.

(46)     Tá saoirse na críoch‑úsáideoirí rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ábhar dlíthiúil agus iad a dháileadh, feidhmchláir a reáchtáil agus a rogha seirbhísí a úsáid faoi réir urramú dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta chomhoiriúnaigh. Sa Rialachán seo sainítear na teorainneacha d'aon srianta ar an tsaoirse seo ó sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal ach tá sé gan dochar do reachtaíocht eile an Aontais, lena n‑áirítear rialacha cóipchirt agus Treoir 2000/31/CE.

(47)     In idirlíon oscailte, níor cheart do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, laistigh de theorainneacha ar thoirteanna sonraí agus luasanna do rochtain ar sheirbhísí idirlín arna gcomhaontú de réir conartha, níor cheart dóibh ábhar, feidhmchláir nó seirbhísí sonracha, nó aicmí sonrach díobh a chosc, a mhoilliú, ná idirdhealú a dhéanamh ina gcoinne, cé is moite de líon teoranta beart bainistithe tráchta réasúnta. Ba cheart na bearta sin a bheith trédhearcach, comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach. Cuimsíonn bainistiú tráchta réasúnta cosc nó bac a chur le coireanna tromchúiseacha, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí deonacha soláthraithe chun rochtain ar phornagrafaíocht leanaí agus a dáileadh a chosc. Mheasfaí íoslaghdú cúngaigh sna líonraí bheith réasúnta ar an gcoinníoll nach dtarlaíonn cungach sna líonraí ach go sealadh agus in imthosca eisceachtúla.

(48)     Ba cheart taraifí toirt‑bhunaithe a mheas mar chomhoiriúnach le prionsabal an idirlín oscailte a fhad is go ligtear do chríoch‑úsáideoirí an taraif a chomhfhreagraíonn lena ngnáthúsáid sonraí a roghnú, bunaithe ar fhaisnéis thrédhearcach faoi choinníollacha agus impleachtaí na rogha sin. Ag an am céanna, ba cheart do na taraifí sin cur ar chumas soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal acmhainní líonraí a oiriúnú níos fearr do thoirteanna sonraí a bhfuiltear ag súil leo. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh críoch‑úsáideoirí go hiomlán ar an eolas sula n‑aontaíonn siad le haon teorainneacha maidir le toirt sonraí nó luas agus na taraifí is infheidhme, gur féidir leo faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar a n‑úsáid agus síntí ar na toirteanna sonraí atá ar fáil a fháil go héasca más inmhianaithe.

(49)     Tá éileamh ó chríoch‑úsáideoirí freisin ar sheirbhísí agus ar fheidhmchláir a éilíonn ardleibhéal cáilíochta seirbhíse arna thairiscint ag soláthraihte cumarsáide leictreonaí don phobal nó ag soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí. Féadfar craobhscaoileadh trí Phrótacal Idirlín (IP-TV), trí fhíschomhdháil agus trí fheidhmchláir sláinte áirithe a chuimsiú sna seirbhísí sin inter alia. Ba cheart críoch‑úsáideoirí a bheith in ann comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí speisialaithe, a bhfuil cáilíocht fheabhsaithe seirbhíse ag baint leo, a chur i gcrích le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal nó le soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí.

(50)     Ina theannta sin, tá éileamh ag soláthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí, ar sholáthar seirbhísí tarchuir bunaithe ar pharaiméadair cháilíochta sholúbtha, lena n‑áirítear leibhéil níos ísle tosaíochta le haghaidh tráchta nach bhfuil íogair ó thaobh ama de. Tá gá leis an bhféidearthacht do sholáthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí cáilíocht sholúbtha sin na leibhéal cáilíochta a chaibidliú le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal le haghaidh soláthair seirbhísí speisialaithe agus táthar ag súil go mbeidh ról tábhachtach aici i bhforbairt seirbhísí nua amhail cumarsáid meaisín go meaisín (M2M) Ag an am céanna ba cheart, leis na socruithe sin, deis a thabhairt do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, trácht a chothromú níos fearr agus cúngach sa líonra a chosc. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfaidh soláthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí agus soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal comhaontuithe um sheirbhísí speisialaithe maidir le leibhéil shainithe cháilíochta seirbhíse a thabhairt i gcrích a fhad is nach ndéanfaidh na comhaontuithe sin dochar substaintiúil do cháilíocht ghinearálta seirbhísí rochtana idirlín.

(51)     Tá ról fíor-riachtanach ag údaráis rialála náisiúnta chun a áirithiú gur féidir le críoch‑úsáideoirí úsáid éifeachteach a bhaint as an tsaoirse seo le teacht ar rochtain oscailte idirlín. Chun na críche sin, ba cheart oibleagáidí faireacháin agus tuairscithe a bheith ag údaráis rialála naisiúnta, agus ba cheart comhlíonadh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal a áirithiú agus infhaighteacht seirbhísí rochtana idirlín neamh‑idirdhealaitheacha ardcháilíochta, nach ndéanann seirbhísí speisialaithe dochar dóibh, a áirithiú. Le linn do na húdaráis rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh ar an dochar ginearálta a d’fhéadfaí a dhéanamh do sheirbhísí rochtana idirlín, ba cheart dóibh aird a thabhairt ar pharaiméadair cháilíochta amhail uainiú agus iontaofacht (aga folaigh, giodam agus caillteanas paicéid), leibhéil agus éifeachtaí an chúngaigh sna líonraí, an difríocht idir luasanna iarbhír agus luasanna a fógraíodh, feidhmíocht na seirbhísí rochtana idirlín i gcomparáid le seirbhísí speisialaithe, agus an cháilíocht mar a fheictear do na críoch-úsáideoirí í.  Ba cheart cumhacht a thabhairt d'údaráis rialála náisiúnta íoscheanglais cáilíochta seirbhíse a fhorchur ar gach soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal nó ar sholáthraithe aonair más gá é sin a dhéanamh chun díghrádú/dochar ginearálta cháilíocht na seirbhíse a chosc.

(52)     Leis na bearta atá ann chun trédhearcacht agus inchomparáideacht níos fearr maidir le praghsanna, taraifí, téarmaí agus coinníollacha, agus paraiméadair i leith seirbhíse cáilíochta a áirithiú lena n‑áirítear iad sin a bhaineann go sonrach le soláthar seirbhísí rochtana idirlín, ba cheart cur le cumas críoch‑úsáideoirí a rogha soláthraithe a bharrfheabhsú agus leas iomlán a bhaint ar an gcaoi sin as iomaíochas.

(53)     Ba cheart críoch‑úsáideoir a chur ar an eolas go leormhaith maidir le praghas agus an cineál seirbhíse atá á tairiscint sula gceannaíonn siad seirbhís. Ba cheart an t‑eolas seo a chur ar fáil díreach roimh nascadh an ghlao nuair atá glao ar uimhir nó ar sheirbhís shonrach faoi réir coinníollacha praghsála áirithe, amhail glaonna chuig seirbhísí préimhráta ar minic iad a bheith faoi réir ráta speisialta. I gcás ina bhfuil an oibleagáid sin díréireach i bhfianaise fhad agus chostas na faisnéise taraife don soláthraí seirbhíse i gcomparáid le gnáthfhad glao agus an riosca costais atá ann don chríoch‑úsáideoir, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta maolú a thabhairt. Ba cheart críoch‑úsáideoirí a chur ar an eolas freisin má tá uimhir shaorghlao faoi réir táillí breise.

(54)     Ba cheart do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal críoch‑úsáideoirí a chur ar an eolas go leormhaith inter alia faoina seirbhísí agus a dtaraifí, paraiméadair i leith cáilíochta seirbhíse, rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus aon srianadh, agus an rogha seirbhísí agus táirgí arna gceapadh do thomhaltóirí faoi mhíchumas. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ar bhealach soiléir trédhearcach agus a bheith sonrach i leith na mBallstát ina soláthraítear na seirbhísí, agus i gcás aon athraithe, a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart soláthraithe a dhíolmhú ó na ceanglais faisnéise sin i dtaca leis na tairiscintí sin a chaibidlítear go leithleach.

(55)     Tá infhaighteacht na faisnéise inchomparáide ar tháirgí agus ar sheirbhísí ríthábhachtach le cur ar chumas na gcríoch‑úsáideoirí meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar thairiscintí. Is léir ón taithí a fuarthas go méadaítear muinín críoch‑úsáideoirí in úsáid seirbhísí agus a dtoilteanas a rogha a úsáid trí infhaighteacht faisnéis iontaofa agus inchomparáide.

(56)     Is uirlis thábhachtach iad conarthaí do chríoch‑úsáideoirí d'fhonn ardleibhéal trédhearcachta a thabhairt dóibh maidir le faisnéis agus deimhneacht dhlíthiúil. Ba cheart do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal faisnéis shoiléir agus chuimsitheach faoi gach eilimint fhíor-riachtanach an chonartha a thabhairt don chríoch‑úsáideoir sula mbeidh an críoch‑úsáideoir faoi cheangal ag an gconradh. Ba cheart an fhaisnéis a bheithsainordaitheach agus níor cheart é a athrú ach trí chomhaontú iarmhartach an chríoch‑úsáideora agus an tsoláthraí Le déanaí, fuair an Coimisiún agus roinnt údarás rialála náisiúnta neamhréitigh nach beag idir luas fógraithe seirbhísi rochtana idirlín agus an luas atá ar fáil go hiarbhír do chríoch‑úsáideoirí. Ba cheart do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, dá bhrí sin, críoch‑úsáideoirí a chur ar an eolas, roimh tabhairt i gcrích conartha, faoin luas agus faoi pharaiméadair eile i leith cáilíocht seirbhíse is féidir leo a sheachadadh go réadúil ag príomhláthair an chríoch‑úsáideora.

(57)     Maidir le trealamh teirminéil, ba cheart a shonrú sna conarthaí aon srianta arna bhforchur ag an soláthraí ar úsáid trealaimh, mar shampla trí bhíthin gléasanna soghluaiste 'glasála SIM' agus aon mhuirir a bheadh dlite ar fhoirceannadh an chonartha roimh an dáta éaga comhaontaithe. Níor cheart aon mhuirir a bheith dlite tar éis dhul in éag fhad comhaontaithe an chonartha.

(58)     D'fhonn billí an‑ard a thagann gan choinne a sheachaint, ba cheart go mbeadh críoch‑úsáideoirí in ann, uasteorainneacha airgeadais a shainiú maidir leis na táillí a bhaineann leis an úsáid a bhaineann siad as seirbhísí glaonna agus as seirbhísí rochtana idirlín. Ba cheart an tsaoráid sin a bheith ar fáil saor in aisce, agus fógra iomchuí a thabhairt is féidir a cheadú arís ina dhiaidh sin, nuair atá an teorainn beagnach sroichte. Ar shroicheadh na huasteorann dóibh, níor cheart go bhfaigheadh nó go ngearrfaí táille ar chríoch‑úsáideoirí as na seirbhísí sin mura n‑iarrann siad go sonrach a soláthar leanúnach mar a comhaontaíodh leis an soláthraí.

(59)     Is léir ón taithí a fuair na Ballstáit agus ó staidéar le déanaí a choimisiúnaigh an Ghníomhaireacht Fheidhmiúcháin um Thomhaltóirí agus Sláinte gurb ionann tréimhsí fada conartha agus síntí uathoibríocha nó intuigthe agus bacainní suntasacha ar sholáthraí a athrú. Is inmhianaithe dá réir sin go mbeidh críoch‑úsáideoirí in ann tarraingt siar ón gconradh, gan phionóis, tar éis sé mhí ó chuirtear i gcrích é. Sa chás sin, d'fhéadfaí a iarraidh ar chríoch‑úsáideoirí a gcuid soláthraithe a chúiteamh as luach iarmharach trealaimh theirminéil fóirdheontais nó luach pro rata temporis aon ábhar fógraíochta eile. Ba cheart go mbeadh conarthaí a fadaíodh go hintuigthe faoi réir foirceanta le tréimhse fógra mí amháin.

(60)     Aon athruithe suntasacha ar na coinníollacha conarthacha arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal chun aimhleas an chríoch‑úsáideora, mar shampla iad sin a bhaineann le muirir, taraifí, teorainneacha ar thoirteanna sonraí, luas sonraí, cumhdach nó próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart iad a mheas mar chinn as a dtagann ceart an chríoch‑úsáideora an conradh a fhoirceannadh gan aon chostais a thabhú.

(61)     Tá cuachtaí ina gcuimsítear cumarsáid leictreonach agus seirbhísí eile cosúil le craolachán líneach i bhfad níos forleithne ná mar a bhí siad roimhe seo agus iad ina ngné thábhachtach d'iomaíochas. I gcás ina bhfuil feidhm ag rialacha conarthacha éagsúla maidir le foirceannadh conartha agus aistriú conartha i dtaca leis na seirbhísí éagsúla ina bhfuil na cuachtaí sin, cuirtear cosc go héifeachtach ar chríoch‑úsáideoirí aistriú go tairiscintí iomaíocha don chuachadh iomlán nó do chodanna de. Tá feidhm ag forálacha an Rialacháin seo, dá bhrí sin, maidir le foirceannadh agus aistriú conartha, i dtaca le gach eilimint den chuachadh sin.

(62)     D'fhonn buntáiste iomlán a bhaint as an timpeallacht iomaíoch, ba cheart go mbeadh críoch‑úsáideoirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus soláthraithe a athrú nuair a théann sé chun leasa dóibh sin a dhéanamh. Ba cheart do chríoch‑úsáideoirí dá bhrí sin a bheith in ann aistriú gan bac a bheith orthu ag bacainní dlíthiúla, teicniúla nó nós imeachta, lena n‑áirítear coinníollacha agus muirir chonarthacha. Is é an deis uimhir a aistriú leat príomhéascaitheoir rogha tomhaltóirí agus iomaíochta éifeachtaí. Ba cheart é a chur chun feidhme laistigh den mhoill is lú ionas go ngníomhófar an uimhir laistigh d'aon lá oibre ón gcomhaontú a thabhairt i gcrích maidir le huimhir a aistriú. Níor cheart go mbeadh socrú billí gan íoc mar choinníoll chun iarratas ar aistriú a chur i gcrích.

(63)     Ar mhaithe le tacú le soláthar aonad‑uile-ghnó agus le heispéaras aistrithe gan uaim a éascú do chríoch‑úsáideoirí, ba cheart gurb é an soláthraí fála cumarsáide leictreonaí don phobal a stiúrfaidh an próiseas aistrithe. Níor cheart don soláthraí aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal moill a chur ar an bpróiseas aistrithe ná cur isteach air. Ba cheart próisis uathoibrithe a úsáid chomh fhorleathan agus is féidir agus ardleibhéal cosanta sonraí pearsanta a áirithiú Trí infhaighteacht faisnéis thrédhearcach, bheacht, agus thráthúil faoi aistriú ba cheart cur le muinín na gcríoch‑úsáideoirí chun aistriú a dhéanamh agus iad a bheith níos toilteanaí páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas iomaíoch.

(64)     Ba cheart conarthaí le soláthraithe aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal a chealú go huathoibríoch tar éis aistrí gan aon chéimeanna breise a éileamh ar chríoch‑úsáideoirí. I gcás seirbhísí réamhíoctha ba cheart aon chomhardú creidmheasa nár caitheadh a aisíoc leis an gcustaiméir aistrithe.

(65)     Ba cheart leanúnachas a chur ar fáil do chríoch‑úsáideoirí agus iad ag athrú aitheantóirí tábhachtacha seoltaí ríomhphoist. Chuige sin, agus lena áirithiú nach dtéann cumarsáid ríomhphoist amú, ba cheart an deis a thabhairt do chríoch‑úsáideoirí áis lena gcuirtear ar aghaidh ríomhphoist a roghnú arna tairiscint ag an soláthraí seirbhíse rochtana idirlín aistrithe i gcásanna ina bhfuil seoladh ríomhphoist ag an gcríoch‑úsáideoir arna sholáthar ag an soláthraí aistrithe.

(66)     Féadfaidh údaráis náisiúnta inniúla na próisis dhomhanda maidir le huimhreacha a aistriú agus athrú a leagan síos, ag cur forbairt teicneolaíochta san áireamh agus an gá próiseas aistrithe tapa éifeachtúil agus áisiúil don tomhaltóir a áirithiú. Ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta bheith in ann bearta comhréireacha a fhorchur le críoch‑úsáideoirí a chosaint go leormhaith ar feadh an phróisis aistrithe lena n‑áirítear smachtbhannaí iomchuí a bhfuil gá leo le rioscaí a íoslaghdú maidir le mí-úsáid nó moillithe nó críoch‑úsáideoirí a aistriú go soláthraí eile gan a dtoiliú. Ba cheart dóibh freisin bheith in ann sásra cúitimh uathoibríoch a shocrú do chríoch‑úsáideoirí sna cásanna sin

(67)     Ba cheart go mbeadh údaráis rialála náisiúnta inniúla in ann gníomh éifeachtach a ghlacadh d'fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo agus an comhlíonadh a áirithiú, lena n‑áirítear an chumhacht pionóis éifeachtacha riaracháin nó airgeadais a fhorchur i gcás aon sárú ar an Rialachán sin.

(68)     Chun forbairtí margaidh agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a oiriúnú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear le saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(69)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh lena gceanglaítear ar Bhallstáit a bpleananna a oiriúnú chun tráthchlár comhchoiteann maidir le deonadh ceart úsáide agus ceadú úsáide iarbhíre a chomhlíonadh.

(70)     Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le comhchuibhiú agus comhordú údaraithe speictrim raidió, saintréithe pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu, comhordú idir Ballstáit maidir le leithdháileadh speictrim raidió, rialacha teicneolaíochta agus modheolaíochta níos mionsonraithe maidir le táirgí rochtana fíorúla Eorpacha agus cosaint rochtana idirlín agus maidir le bainistiú tráchta réasúnta agus cáilíocht seirbhíse, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[25].

(71)     Chun go n‑áiritheofar comhsheasmhacht idir an cuspóir agus na bearta is gá leis an margadh aonair don chumarsáid leictreonach a chomhlánú de bhun an Rialacháin seo agus roinnt forálacha reachtacha sonracha atá ann cheana agus chun príomheilimintí cleachtais cinnteoireachta i bun forbartha a léiriú, ba cheart Treoir 2002/21/CE, Treoir 2002/20/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán Uimh. 531/2012 a leasú. Áirítear leis sin foráil a dhéanamh maidir le Treoir 2002/21/CE agus na Treoracha gaolmhara a léamh in éineacht leis an Rialachán seo, cumhachtaí treisithe de chuid an Choimisiúin a thabhairt isteach chun comhsheasmhacht réiteach arna bhforchur ar sholáthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpach, a bhfuil cumhacht margaidh shuntasach acu i gcomhthéacs an tsásra comhairliúcháin Eorpaigh, comhchuibhiú na gcritéar arna nglacadh agus sainiú agus iomaíochas margaí ábhartha á measúnú, oiriúnú an chórais fógraíochta faoi Threoir 2002/20/CE i bhfianaise an údarú AE aonair chomh maith le haisghairm forálacha maidir le comhchuibhiú íosta ceart críoch‑úsáideoirí dá bhforáiltear i dTreoir 2002/22/CE, a rinneadh iomarcach trí chomhchuibhiú iomlán dá bhforáiltear sa Rialachán seo, a áirithiú.

(72)     Tá an margadh don chumarsáid shoghluaiste ilroinnte i gcónaí san Aontas, agus níl aon líonra soghluaiste a chumhdaíonn na Ballstáit uile. Mar gheall air sin, d'fhonn seirbhísí cumarsáide soghluaiste a sholáthar dá gcustaiméirí baile a bhíonn ag taisteal laistigh den Aontas, ní mór do sholáthraithe fánaíochta seirbhísí fánaíochta mórdhíola a cheannach ó oibreoirí i mBallstát ar a dtugann siad cuairt. Cuimsítear sna muirir mhórdhíola bac tábhachtach ar sheirbhísí fánaíochta a sholáthar ag leibhéil praghsanna a chomhfhreagraíonn do sheirbhísí soghluaiste baile. Dá bhrí sin ba cheart bearta breise a ghlacadh d'fhonn na muirir sin a ísliú tuilleadh. Tugtar bealach chun costais mhórdhíola a inmheánú le comhaontuithe tráchtála nó teicniúla i measc soláthraithe fánaíochta lena gceadaítear síneadh fíorúil ar a gcumhdach líonra ar fud an AE. Ar mhaithe le dreasachtaí iomchuí a sholáthar, ba cheart oibleagáidí rialála áirithe atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[26] a ghlacadh. Go háirithe, nuair a áirithíonn soláthraithe seirbhísí fánaíochta, trína líonraí féin nó trí chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta taraifí fánaíochta, go ndéantar taraifí fánaíochta ag leibhéal taraifí baile a thairiscint trí mhainneachtain dá gcustaiméirí uile san Aontas, níor cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid atá ar sholáthraithe baile cur ar chumas a gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí aon soláthraí fánaíochta eile a rochtain i gcás soláthraithe den sórt sin, faoi réir tréimhse eatramhaí i gcás inar tugadh an rochtain sin cheana.

(73)     Is féidir le comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta deis a thabhairt d'oibreoir soghluaiste caitheamh le fánaíocht a dhéanann a chustaiméirí baile ar líonraí comhpháirtithe mar rud atá comhionann a bheag nó mhór le seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí den sórt ar a líonraí féin, le héifeachtaí dá réir sin ar a phraghsáil miondíola i gcomhair cumhdaigh fhíorúil den sórt sin ar líne ar fud an Aontais. D'fhéadfadh comhaontú den sórt sin ag an leibhéal mórdhíola deis a thabhairt táirgí nua fánaíochta a fhorbairt agus dá réir sin rogha agus iomaíochas ag an leibhéal miondíola a mhéadú.

(74)     Bunaítear sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip agus i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 an cuspóir beartais gur chóir don difríocht idir taraifí fánaíochta agus baile a bheith cothrom le nialas. I dtéarmaí praiticiúla, éilítear leis seo gur cheart go mbeadh tomhaltóirí atá in aon cheann de na catagóirí leathana inbhraite d'úsáid bhaile, arna sainaithint trí thagairt do phacáistí miondíola baile éagsúla páirtí, a bheith in ann aithris a dhéanamh go muiníneach ar a ngnáthphatrún úsáide baile a bhaineann lena bpacáistí miondíola intíre faoi seach agus iad ag taisteal taobh istigh den Aontas, gan aon chostais bhreise i gcoibhneas leo sin a thabhaítear ag baile. Is féidir na catagóirí leathana sin a shainaithint ón gcleachtas tráchtála reatha trí thagairt, mar shampla, don difreáil i bpacáistí miondíola baile idir custaiméirí réamhíoctha agus custaiméirí iaríoctha. Pacáistí-GSM amháin (i.e. guthghlao, SMS); pacáistí atá oiriúnaithe do thoirteanna éagsúla úsáide; pacáistí don ghnó agus do thomhaltóirí faoi seach; pacáistí miondíola a bhfuil praghsanna de réir an aonaid a úsáidtear orthu agus pacáistí a thugann 'buicéad' aonad (e.g. nóiméid ghuthghlao, meigibhearta sonraí) ar tháille caighdeánach, beag beann ar úsáid iarbhír. Freastalaítear san éagsúlacht pleananna agus pacáistí taraife miondíola atá ar fáil do chustaiméirí i margaí fón póca baile ar fud an AE ar éilimh éagsúla úsáideoirí a bhaineann le margadh iomaíoch. Ba cheart solúbthacht den sórt sin i margaí baile a léiriú freisin sa timpeallacht fánaíochta intíre-Aontais, agus a thabhairt faoi deara go bhféadfadh an gá atá ag soláthraithe fánaíochta le hionchuir mhórdhíola ó oibreoirí neamhspleácha líonra i mBallstáit difriúla bonn cirt a thabhairt i gcónaí ar fhorchur teorainneacha trí thagairt d'úsáid réasúnta má chuirtear taraifí baile i bhfeidhm ar úsáid fánaíochta den sórt sin.

(75)     Cé gur faoi na soláthraithe seirbhísí fánaíochta atá sé ar an gcéad dul síos measúnú a dhéanamh iad féin ar an gcineál réasúnta toirteanna guthghlaonna, SMS agus sonraí fánaíochta a bhronntar faoina bpacáistí miondíola ar rátaí baile, ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann soláthraithe fánaíochta teorainneacha úsáide réasúnta den sórt sin i bhfeidhm agus a áirithiú go bhfuil siad sainithe go sonrach trí thagairt a dhéanamh d'fhaisnéis chainníochtúil mhionsonraithe sna conarthaí i dtéarmaí atá soiléir agus trédhearcach do chustaiméirí. Agus sin á dhéanamh, ba cheart d'údaráis rialála náisiúnta lánaird a thabhairt ar an treoir ábhartha a fhaigheann siad ó BEREC. Ina treoir, ba cheart do BEREC patrúin úsáide éagsúla a aithint arna suíomh ag buntreochtaí úsáide guthghlao, sonraí agus SMS ar leibhéal an Aontais, agus éabhlóid na n‑ionchas, go háirithe i dtaca le húsáid sonraí gan sreang.

(76)     De bhreis air sin, leis an laghdú suntasach ar rátaí críochnaithe soghluaiste ar fud an Aontais sa am seo a ghabh tharainn, ba cheart deireadh a chur le muirir fánaíochta bhreise ar ghlaonna isteach.

(77)     D'fhonn cobhsaíocht agus ceannaireacht straitéiseach a thabhairt do ghníomhaíochtaí BEREC, ba cheart Cathaoirleach lánaimseartha a bheith ag déanamh ionadaíochta do Bhord Rialálaithe BEREC, ar bhonn tuillteanais, scileanna, eolais ar rannpháirtithe sa mhargadh don chumarsáid leictreonach agus ar na margaí féin, agus ar bhonn taithí is ábhartha do mhaoirseacht agus rialáil, i ndiaidh nós imeachta roghnúcháin oscailte arna eagrú ag Bord na Rialálaithe le cúnamh ón gCoimisiún. Chun an chéad chathaoirleach ar Bhord na Rialálaithe a ainmniú, ba cheart don Choimisiún, inter alia, gearrliosta iarrthóirí a tharraingt suas ar bhonn tuillteanais, scileanna, eolais ar rannpháirtithe sa mhargadh don chumarsáid leictreonach agus ar na margaí féin, agus ar bhonn taithí is ábhartha do mhaoirseacht agus rialáil. I gcás ainmniúchán ina dhiaidh sin, ba cheart an deis maidir le gearrliosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún a athbhreithniú i dtuarascáil atá le bunú de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart dá bhrí sin Cathaoirleach Bhord na Rialálaithe, Coiste Bainistíochta agus Bainisteoir Riaracháin a chuimsiú in Oifig BEREC.

(78)     Ba cheart Treoir 2002/20/CE, Treoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a leasú dá réir.

(79)     Féadfaidh an Coimisiún tuairim BEREC a lorg i gcónaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009, nuair a mheasann sé go bhfuil gá leis chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme.

(80)     Urramaíonn an Rialachán seo cearta bunúsacha agus urramaíonn sé na cearta agus na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 8 (cosaint sonraí pearsanta), Airteagal 11 (saoirse cainte agus saoráil faisnéise) Airteagal 16 (saoirse chun gnó a sheoladh), Airteagal 12 (neamh‑idirdhealú) agus Airteagal 38 (cosaint tomhaltóirí).

(81)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na prionsabail rialála agus rialacha mionsonraithe is gá le margadh aonair Eorpach don chumarsáid leictreonach a chomhlánú, a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Forálacha ginearálta

Airteagal 1 – Cuspóir agus raon feidhme

1. Bunaítear leis an Rialachán seo na prionsabail rialála agus na rialacha mionsonraithe is gá chun margadh aonair Eorpach a chur i gcrích le haghaidh cumarsáide leictreonaí sna cásanna seo a leanas:

(a) tá sé de cheart, de chumas agus de dhreasacht ag soláthraithe seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí a líonraí a fhorbairt, a leathnú agus a oibriú agus seirbhísí a sholáthar beag beann ar an áit a bhfuil an soláthraí bunaithe nó a bhfuil na custaiméirí lonnaithe san Aontas,

(b) tá sé de cheart agus de dheis ag saoránaigh agus ag gnólachtaí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá iomaíoch, slán agus iontaofa a rochtain, beag beann ar cad as a sholáthraítear iad san Aontas, gan cur isteach ó shrianta trasteorann nó ó chostais bhreise nach bhfuil bonn leo.

2. Bunaítear leis an Rialachán seo go háirithe prionsabail rialála a ngníomhóidh an Coimisiún, Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus na húdaráis náisiúnta inniúla dá mbun, gach ceann acu laistigh dá n‑inniúlachtaí féin, i gcomhréir le forálacha Threoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/21/CE agus 2002/22/CE:

a) coinníollacha rialála atá simplithe, intuartha agus cóineasaithe a bhaint amach i ndáil le príomhpharaiméadair riaracháin agus tráchtála, lena n‑áirítear maidir le comhréireacht oibleagáidí aonair a d'fhéadfaí a fhorchur de bhun anailíse margaidh;

b) iomaíocht inbhuanaithe laistigh den mhargadh aonair agus iomaíocht dhomhanda an Aontais a chur chun cinn, agus rialáil margaidh earnáilshonrach a laghdú de réir mar a bhaintear amach na cuspóirí sin;

c) fabhar a dhéanamh d'infheistíocht agus do nuálaíocht i mbonneagar nua feabhsaithe ardtoillte atá scaipthe ar fud an Aontais agus a d'fhreastalódh ar éileamh atá ag forbairt i gcónaí ó chríoch-úsáideoirí;

d) soláthar seirbhíse atá nuálaíoch agus ar ardcháilíocht a éascú;

e) infhaighteacht agus úsáid ardéifeachtach speictrim raidió a áirithiú, cibé a bhfuil sé faoi réir údarúcháin ghinearálta nó ceart aonair úsáide, do sheirbhísí leathanbhanda gan sreang, chun tacú le nuálaíocht, infheistíocht, postanna agus buntáistí don chríoch-úsáideoir;

f) freastal ar leasanna saoránach agus críoch-úsáideoirí i lúdracht trí choinníollacha infheistíochta a chothú chun rogha agus cáilíocht na rochtana ar líonra agus seirbhíse a mhéadú, agus trí shoghluaiseacht ar fud an Aontais a éascú mar aon le cuimsiú sóisialta agus críochach.

3. D'fhonn cur chun feidhme na bprionsabal rialála uileghabhálach atá leagtha amach i mír 2 a áirithiú, bunaítear leis an Rialachán seo chomh maith na rialacha mionsonraithe is gá le haghaidh:

(a) údarú AE aonair le haghaidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha;

(b) tuilleadh cóineasaithe ar choinníollacha rialála maidir leis an ngá atá le réitigh, agus comhréireacht na réiteach arna bhforchur ag údaráis rialála náisiúnta ar sholáthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha;

(c) soláthar comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais táirgí áirithe mórdhíola don leathanbhanda faoi choinníollacha rialála cóineasaithe;

(d) creat comhordaithe Eorpach chun speictream raidió comhchuibhithe a shannadh le haghaidh seirbhísí cumarsáide leathanbhanda gan sreang, agus spás Eorpach gan sreang á chruthú dá bhrí sin;

(e) comhchuibhiú rialacha a bhaineann le cearta críoch-úsáideoirí agus cur chun cinn iomaíochta éifeachtaí i margaidh miondíola, agus spás Eorpach tomhaltóirí le haghaidh cumarsáide leictreonaí á chruthú dá bhrí sin;

(f) deireadh a chur de réir a chéile le formhuirir gan bhunús le haghaidh cumarsáide laistigh den Aontas agus le haghaidh cumarsáide fánaíochta laistigh den Aontas.

Airteagal 2 – Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach sna Treoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/21/CE, 2002/22/CE agus 2002/77/CE.

Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach' gnóthas atá bunaithe san Aontas agus a sholáthraíonn, nó a bhfuil sé beartaithe aige a sholáthar, líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, go díreach nó trí fhochuideachta amháin nó níos mó, dírithe ar níos mó ná Ballstát amháin agus nach féidir a mheas mar fhochuideachta de sholáthraí cumarsáide leictreonaí eile;

(2) ciallaíonn 'soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal' gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal;

(3) ciallaíonn 'fochuideachta' gnóthas a bhfuil cumhacht ag gnóthas eile ann go díreach nó go hindíreach:

(i) níos mó ná a leath de na cearta vótála a fheidhmiú, nó

(ii) níos mó ná a leath de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil thar ceann an ghnóthais a cheapadh, nó

(iii) a bhfuil an ceart aige, go díreach nó go hindíreach, gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;

(4) ciallaíonn 'údarú AE aonair' an creat dlí is infheidhme maidir le soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach san Aontas ar fad bunaithe ar an údarú ginearálta sa Bhallstát baile agus i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(5) ciallaíonn 'Ballstát baile' an Ballstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpaigh;

(6) ciallaíonn 'príomhbhunaíocht' an áit bhunaíochta sa Bhallstát ina ndéantar na príomhchinntí maidir le hinfheistíochtaí i seirbhísí nó líonraí cumarsáide leictreonaí san Aontas, nó soláthar na seirbhísí nó líonraí sin;

(7) ciallaíonn 'Ballstát óstach' aon Bhallstát nach é an Ballstát baile é áit a sholáthraíonn soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí;

(8) ciallaíonn 'speictream raidió comhchuibhithe le haghaidh cumarsáide leathanbhanda gan sreang' specitream raidió dá gcomhchuibhítear na coinníollacha infhaighteachta agus úsáide éifeachtaí ar leibhéal an Aontais, go háirithe de bhun Chinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[27], agus a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas craoltóireacht;

(9) ciallaíonn 'pointe rochtana gan sreang a bhfuil raon beag aige', trealamh ísealchumhachta beag chun rochtain a fháil ar líonra gan sreang a oibríonn thar raon beag, a d'fhéadfadh a bheith mar chuid de líonra cumarsáide soghluaiste trastíre poiblí, agus a d'fhéadfadh a bheith feistithe le haeróg amháin nó níos mó gan mórán tionchair amhairc, a thugann rochtain gan sreang don phobal ar líonraí cumarsáide leictreonaí, beag beann ar an mbuntoipeolaíocht líonra;

(10) ciallaíonn 'líonra ceantair logánta raidió' (RLAN) córas ísealchumhachta rochtana gan spreag, a oibríonn thar raon beag, agus a mbaineann riosca íseal leis ó thaobh cur isteach ar chórais chosúla eile atá in úsáid an‑ghar dó ag úsáideoirí eile, agus a úsáideann, ar bhonn neamheisiach, speictream dá gcomhchuibhítear na coinníollacha infhaighteachta agus úsáide éifeachtaí chun na críche sin ar leibhéal an Aontais;

(11) ciallaíonn 'rochtain fhíorúil ar leathanbhanda' cineál rochtana mórdhíola ar líonraí leathanbhanda arb ionann í agus nasc rochtana fíorúla le háitreabh an chustaiméara thar ailtireacht rochtana líonraí, cé is moite de dhíchuachadh fisiciúil, mar aon le seirbhís tarchuir chuig tacar sainithe pointí aistrithe, agus lena n‑áirítear eilimintí sonracha líonra, feidhmiúlachtaí sonracha líonra agus córais choimhdeacha TF;

(12) ciallaíonn 'táirge lúdrachta ar cháilíocht dhearbhaithe seirbhíse' táirge a chuirtear ar fáil ag malartán prótacail idirlín (IP), a chuireann ar chumas custaiméirí nasc cumarsáide IP a chur ar bun idir pointe idirnasctha agus pointe críche fosaithe líonra amháin níos mó, agus a chumasaíonn leibhéil shainithe feidhmíochta líonra ó cheann ceann chun seirbhísí sonracha a sholáthar do chríoch-úsáideoirí ar bhonn cáilíochta ráthaithe sonraithe seirbhíse, bunaithe ar pharaiméadair shonraithe;

(13) ciallaíonn 'cianchumarsáid' seirbhísí guthghlaonna nó teachtaireachtaí a chuirtear i gcrích lasmuigh den mhalartán áitiúil agus limistéir muirir réigiúnacha mar atá sainaitheanta le cód ceantair geografach sa phlean náisiúnta uimhrithe;

(14) ciallaíonn 'seirbhís rochtana idirlín' seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal agus a sholáthraíonn lúdracht leis an idirlíon, agus dá bhrí sin lúdracht idir beagnach gach pointe deiridh atá ceangailte leis an idirlíon, beag beann ar an teicneolaíocht líonra atá in úsáid;

(15) ciallaíonn 'seirbhís speisialaithe' seirbhís cumarsáide leictreonaí nó seirbhís ar bith eile a bhfuil de chumas inti inneachar sonrach, feidhmchláir nó seirbhísí, nó teaglaim díobh, a rochtain agus a bhfuil a saintréithe teicniúla faoi rialú ceann go ceann, nó a chumasaíonn sonraí a sheoladh chuig líon cinntithe páirtithe nó pointí deiridh nó a fháil uathu; agus ní dhéantar sin a mhargú ná a úsáid go forleathan mar ionadaí ar sheirbhís rochtana idirlín;

(16) ciallaíonn ' soláthraí fála cumarsáide leictreonaí don phobal' soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal a n‑aistrítear an uimhir ghutháin nó an tseirbhís chuige;

(17) ciallaíonn 'soláthraí aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal' soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal a n‑aistrítear uimhir ghutháin nó seirbhís uaidh;

Caibidil II Údarú AE aonair

Airteagal 3 – Saoirse chun cumarsáid leictreonach a sholáthar ar fud an Aontais

1. Tá sé de cheart ag soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas ar fad agus na cearta a fheidhmiú atá nasctha le soláthar na líonraí agus na seirbhísí sin i ngach Ballstát ina n‑oibríonn sé de bhun údaraithe AE aonair nach bhfuil faoi réir ach na ceanglais fógartha dá bhforáiltear in Airteagal 4.

2. Tá an soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach faoi réir na rialacha agus na gcoinníollacha arna gcur i bhfeidhm i ngach Ballstát lena mbaineann i gcomhréir le dlí an Aontais mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo agus gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 531/2012.

3. De mhaolú ar Airteagal 12 de Threoir 2002/20/CÉ, ní fhéadfaidh soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a bheith faoi réir muirear riaracháin is infheidhme sa Bhallstát óstach ach amháin má tá láimhdeachas bliantúil aige do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá os cionn 0.5 % den láimhdeachas iomlán náisiúnta do chumarsáid leictreonach. Ní chuirfear san áireamh i dtobhach na muirear sin ach an láimhdeachas do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí sa Bhallstát lena mbaineann.

4. De mhaolú ar Airteagal 13(1)(b) de Threoir 2002/22/CE, ní fhéadfaidh soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a bheith faoi réir na ranníocaíochtaí arna bhforchur chun costas glan oibleagáidí na seirbhíse uilíche a roinnt sa Bhallstát óstach ach amháin má tá láimhdeachas bliantúil aige do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá os cionn 3 % den láimhdeachas iomlán náisiúnta do chumarsáid leictreonach. Ní chuirfear san áireamh i dtobhach na ranníocaíochta sin ach an láimhdeachas sa Bhallstát lena mbaineann.

5. Beidh soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach i dteideal córa comhionainne ó údaráis rialála náisiúnta na mBallstát éagsúil i gcásanna a mbreathnaítear orthu go hoibiachtúil mar chásanna coibhéiseacha.

6. I gcás agóide idir gnóthais a bhaineann le soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach i ndáil le hoibleagáidí is infheidhme i gcomhréir le Treoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/21/CE agus 2002/22/CE, an Rialachán seo nó Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 i mBallstát óstach, féadfaidh an soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach dul i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát óstach, agus féadfaidh siadsan tuairim a thabhairt d'fhonn forbairt cleachtas rialála atá comhsheasmhach a áirithiú. Déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát óstach an tuairim arna heisiúint ag údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit óstaigh a chur san áireamh go huile agus go hiomlán nuair atá an agóid á réiteach.

7. Soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha a bhfuil sé de cheart acu, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh siad an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 4 isteach faoin 1 Iúil 2016 ar a dhéanaí.

Airteagal 4 – Nós imeachta um fhógra a thabhairt le haghaidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha

1. Cuirfidh soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach fógra aonair isteach i gcomhréir leis an Rialachán seo chuig údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile, sula gcuireann sé tús le gníomhaíocht i mBallstát amháin ar a laghad.

2. Sa fógra sin beidh dearbhú faoi sholáthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, nó faoin tús atá beartaithe a chur lena soláthar, agus ní bheidh ag gabháil leis ach an fhaisnéis seo a leanas:

(a) ainm an tsoláthraí, a stádas dlíthiúil agus a fhoirm dhlíthiúil, uimhir chlárúcháin, i gcás ina bhfuil an soláthraí cláraithe ar chlár trádála, nó ar chlár cosúil poiblí eile, seoladh geografach na príomhbhunaíochta, duine teagmhála, tuairisc ghairid ar na líonraí nó na seirbhís arna soláthar nó atá beartaithe a sholáthar, lena n‑áirítear an Ballstát baile a shainaithint;

(b) an Ballstát óstach nó na Ballstáit óstacha áit a sholáthraítear na seirbhísí agus na líonraí nó a bhfuil sé beartaithe iad a sholáthar go díreach nó ag fochuideachtaí, agus i gcás fochuideachtaí, ainm, stádas dlíthiúil agus foirm dhlíthiúil, seoladh geografach, uimhir chlárúcháin, i gcás ina bhfuil an soláthraí cláraithe ar chlár trádála nó ar chlár cosúil poiblí sa Bhallstát óstach, agus pointe teagmhála aon fhochuideachta lena mbaineann agus na limistéir ábhartha oibriúcháin. I gcás ina bhfuil fochuideachta faoi rialú dhá sholáthraí cumarsáide leictreonaí nó níos mó le chéile, a bhfuil a bpríomhbhunaíochtaí i mBallstáit éagsúla, cuirfidh an fhochuideachta an Ballstát baile ábhartha in iúl as measc Bhallstáit na máthairchuideachtaí chun críche an Rialacháin seo, agus tabharfaidh máthairchuideachta an Bhallstáit baile sin fógra dó dá réir sin.

Tabharfar an fógra sa teanga nó sna teangacha is infheidhme sa Bhallstát baile agus in aon Bhallstát óstach.

3. Déanfar aon athrú ar an bhfaisnéis a chuirtear isteach i gcomhréir le mír 2 ar fáil d'údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile laistigh de mhí ón athrú a dhéanamh. I gcás ina mbaineann an t‑athrú atá le fógairt leis an rún líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar i mBallstát óstach nach bhfuil cumhdaithe ag fógra cheana féin, féadfaidh an soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach tús a chur le gníomhaíocht sa Bhallstát óstach sin tar éis fógra a fháil.

4. Is ionann neamhchomhlíonadh an cheanglais maidir le fógra a thabhairt atá leagtha síos san Airteagal seo agus sárú na gcoinníollacha coiteanna is infheidhme maidir le soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach sa Bhallstát baile.

5. Cuirfidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile an fhaisnéis a fhaigheann sé ar aghaidh i gcomhréir le mír 2, chomh maith le haon athrú ar an bhfaisnéis sin i gcomhréir le mír 3, chuig údaráis rialála náisiúnta na mBallstát óstach lena mbaineann agus chuig oifig BEREC laistigh de sheachtain ón bhfaisnéis sin nó ó fhógra faoi athrú a fháil.

Coimeádfaidh Oifig BERC clárlann fógraí a mbeidh fáil ag an bpobal uirthi, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

6. Arna iarraidh sin ag soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach, eiseoidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2002/20/CE, ina sonrófar go bhfuil an gnóthas i dtrácht faoi réir an údaraithe AE aonair.

7. I gcás ina measann údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó i mBallstáit éagsúla nach bhfreagraíonn sainaithint an Bhallstáit baile i bhfógra arna dhéanamh i gcomhréir le mír 2, nó aon athrú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh a cuireadh ar fáil i gcomhréir le mír 3, do phríomhbhunaíocht an ghnóthais de bhun an Rialacháin seo, nó nach bhfreagraíonn sé a thuilleadh don phríomhbhunaíocht sin, cuirfidh sé an cheist faoi bhráid an Choimisiún agus tabharfaidh sé bunús leis an bhforas ar a bhfuil a mheasúnú bunaithe. Cuirfidh cóip den mhéid sin chuig Oifig BEREC mar eolas dóibh. Eiseoidh an Coimisiún, tar éis dó deis a thabhairt don soláthraí ábhartha cumarsáide leictreonaí Eorpach agus d'údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile atá faoi dhíospóid a thuairimí a chur in iúl, cinneadh lena gcinnfear Ballstát baile an ghnóthais i dtrácht de bhun an Rialacháin seo, laistigh de thrí mhí ón gceist a chur faoina bhráid.

Airteagal 5 – An t‑údarú AE aonair a chomhlíonadh

1. Déanfaidh údarás rialála náisiúnta gach Ballstáit lena mbaineann faireachán agus áiritheoidh sé, i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Threoir 2002/20/CE, go gcomhlíonann soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme ina chríoch i gcomhréir le hAirteagal 3.

2. Cuirfidh údarás rialála náisiúnta Ballstáit óstaigh aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le bearta aonair arna nglacadh i ndáil le soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach ar aghaidh chuig údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile d'fhonn comhlíonadh na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme ina chríoch i gcomhréir le hAirteagal 3 a chomhlíonadh.

Airteagal 6 – Cearta chun cumarsáid leictreonach soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpach a chur ar fionraí agus a tharraingt siar

1. Gan dochar do na bearta a bhaineann le cearta úsáide don speictream a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó uimhreacha arna mbronnadh ag aon Bhallstát lena mbaineann agus bearta eatramhacha arna nglacadh i gcomhréir le mír 3, ní féidir ach le húdarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile cearta soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach i ndáil le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas ar fad nó i gcuid de a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 10(5) de Threoir 2002/20/CE.

2. I gcás sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile ar na rialacha agus coinníollacha is infheidhme i mBallstát óstach i gcomhréir le hAirteagal 3, nuair a theipeann ar bhearta a bhí dírithe ar chomhlíonadh a rinne an t‑údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát óstach i gcomhréir le hAirteagal 5, cuirfidh sé an t‑údarás rialála náisiúnta sa Bhallstát baile ar an eolas agus iarrfaidh sé air na bearta dá bhforáiltear i mír 1 a ghlacadh.

3. Go dtí go nglacfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile cinneadh críochnaitheach maidir le hiarraidh arna cur isteach i gcomhréir le mír 2, féadfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile bearta eatramhacha éigeandála a dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 10(6) de Threoir 2002/20/CE i gcás ina bhfuil fianaise aige gur sáraíodh na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme ina chríoch i gcomhréir le hAirteagal 3. De mhaolú ón teorainn ama trí mhí dá bhforáiltear in Airteagal 10(6) de Threoir 2002/20/CE, féadfaidh na bearta eatramhacha sin a bheith bailí go dtí go nglacfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile cinneadh críochnaitheach.

Cuirfear an Coimisiún, BEREC agus údaráis rialála náisiúnta an Bhallstáit baile agus Ballstát óstach eile ar an eolas faoin mbeart eatramhach arna ghlacadh in am trátha.

4. I gcás ina mbíonn údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile ag cuimhneamh ar chinneadh a dhéanamh cearta soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcomhréir le mír 1 ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag údarás rialála náisiúnta Ballstáit óstaigh, cuirfidh sé an rún sin in iúl d'údaráis rialála náisiúnta aon Bhallstáit óstaigh a ndéanfaidh an cinneadh sin difear dóibh. Féadfaidh údarás rialála náisiúnta Ballstáit óstaigh tuairim a thabhairt uaidh laistigh de mhí amháin.

5. Ag cur san áireamh go huile agus go hiomlán aon tuairime ó údarás rialála náisiúnta na mBallstát óstach lena mbaineann, glacfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile cinneadh críochnaitheach agus cuirfidh sé in iúl é don Choimisiún, do BEREC agus d'údaráis rialála náisiúnta na mBallstát óstach a ndéanann an cinneadh sin difear dóibh, laistigh de sheachtain amháin tar éis a ghlactha.

6. I gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile cearta soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcomhréir le mír 1, déanfaidh údarás rialála náisiúnta aon Bhallstáit óstaigh lena mbaineann na bearta iomchuí chun cosc a chur leis an soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach tuilleadh seirbhísí nó líonraí a bhaineann leis an gcinneadh sin a sholáthar laistigh dá chríoch.

Airteagal 7 – Bearta forfheidhmiúcháin a chomhordú

1. Agus Airteagal 6 á chur i bhfeidhm, déanfaidh údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit baile bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin a bhaineann le seirbhís nó líonra cumarsáide leictreonaí a sholáthraítear i mBallstát eile nó a rinne damáiste i mBallstát eile, chomh díograiseach céanna is a dhéanfadh dá mbeadh an tseirbhís nó líonra cumarsáide leictreonaí á soláthar sa Bhallstát baile.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé indéanta laistigh dá gcríocha féin na doiciméid dhlíthiúla a bhaineann le bearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 6 a sheirbheáil.

Caibidil III Ionchuir Eorpacha

Roinn 1 - Úsáid an speictrim raidió laistigh den mhargadh aonair a chomhordú

Airteagal 8 – Raon feidhme agus forálacha ginearálta

1. Beidh feidhm ag an roinn seo maidir le speictream raidió comhchuibhithe le haghaidh cumarsáide leathanbhanda gan sreang.

2. Beidh an roinn seo gan dochar do chearta na mBallstát leas a bhaint as táillí arna bhforchur chun a áirithiú go mbaintear úsáid bharrmhaith as acmhainní speictrim raidió i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2002/20/CE agus speictream raidió a eagrú agus a úsáid ar mhaithe le hord poiblí, slándáil phoiblí agus cosaint.

3. I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an roinn seo, tabharfaidh an Coimisiún an aird is mó is féidir ar aon tuairim ábhartha a eiseoidh an Grúpa um an mBeartas Radaispeictrim (RSPG) arna bhunú le Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún[28].

Airteagal 9 – Úsáid an speictrim raidió le haghaidh cumarsáide leathanbhanda gan sreang: prionsabail rialála

1. Na húdaráis náisiúnta atá inniúil i speictream raidió, rannchuideoidh siad le spás gan spreang a fhorbairt ina gcomhtháthófar an infheistíocht agus na coinníollacha iomaíocha le haghaidh cumarsáide leathanbhanda ardluais gan sreang agus lena bhfágfar gur féidir líonraí agus seirbhísí comhtháite ilchríochacha agus barainneachtaí scála a phleanáil agus a sholáthar, sa chaoi is go gcothófar nuálaíocht, fás eacnamaíoch agus leas fadtéarmach na gcríoch‑úsáideoirí.

Staonfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla ó nósanna imeachta a chur i bhfeidhm nó coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid an speictrim raidió más rud é go gcuirfeadh siad bac míchuí ar sholáthraithe Eorpacha de chumarsáid leictreonach ó thaobh seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí comhtháite a sholáthar i roinnt Ballstát nó ar fud an Aontais.

2. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla an córas údaraithe lena mbaineann an t‑ualach is éadroime agus is féidir i bhfeidhm d’fhonn úsáid an speictrim raidió a údarú, ar bhonn critéar oibiachtúil, trédhearcach, neamh‑idirdhealaitheach agus comhréireach, sa chaoi is go mbainfear an leas is mó is féidir as an tsolúbthacht agus an éifeachtúlacht agus go ndéanfar coinníollacha inchomparáide a chur chun cinn ar fud an Aontais le haghaidh infheistíochtaí agus oibríochtaí ilchríochacha comhtháite a dhéanann soláthraithe Eorpacha de chumarsáid leictreonach.

3. Le linn dóibh coinníollacha agus nósanna imeachta údaraithe a bhunú maidir le húsáid an speictrim raidió, tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla aird go háirithe nach ndéanfar idirdhealú idir na hoibreoirí atá ann cheana agus oibreoirí ionchasacha ná idir soláthraithe Eorpacha de chumarsáid leictreonach agus gnóthais eile.

4. Gan dochar do mhír 5, le linn do na húdaráis náisiúnta inniúla coinníollacha agus nósanna imeachta údaraithe a bhunú maidir le cearta úsáide an speictrim raidió, tabharfaidh siad aird ar na prionsabail rialála seo a leanas agus tabharfaidh siad chun réitigh iad más gá:

a) leas na gcríoch‑úsáideoirí a uasmhéadú, lena n‑áirítear leas na gcríoch‑úsáideoirí i nuáil agus in infheistíocht éifeachtúil fhadtéarmach i líonraí agus i seirbhísí gan sreang agus in iomaíocht éifeachtach;

b) a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtúla as an speictream raidió agus go ndéanfar é a bhainistiú sa tslí is éifeachtaí;

c) coinníollacha intuartha agus inchomparáide a áirithiú ionas gur féidir infheistíochtaí i seirbhísí agus seirbhísí líonra a phleanáil ar bhonn ilchríochach agus barainneachtaí scála a bhaint amach;

d) an gá leis na coinníollacha arna bhforchur agus a gcomhréireacht a áirithiú, lena n‑áirítear trí mheasúnú oibiachtúil ar an mbonn cirt atá le coinníollacha breise a fhorchur a d’fhéadfadh a bheith i bhfabhar nó chun aimhleas oibreoirí áirithe;

e) cumhdach críochach fairsing na líonaí leathanbhanda ardluais gan sreang agus leibhéal ard dul i bhfód agus tomhaltais seirbhísí gaolmhara a áirithiú.

5. Le linn d’údaráis náisiúnta inniúla breithniú a dhéanamh faoinar cheart aon choinníollacha sonracha a fhorchur maidir le cearta úsáide an speictrim raidió dá dtagraítear in Airteagal 10, tabharfaidh siad aird ar leith ar na critéir atá leagtha síos san Airteagal sin.

Airteagal 10 – Critéir ábhartha atá le cur san áireamh maidir le húsáid an speictrim raidió

1. Le linn do na húdaráis náisiúnta inniúla cinneadh a dhéanamh faoi mhéid agus chineál an speictrim raidió a bheidh le sannadh i nós imeachta áirithe maidir le bronnadh chearta úsáide an speictrim raidió, tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla aird ar an méid seo a leanas:

(a) saintréithe teicniúla na mbandaí éagsúla de speictream raidió atá ar fáil,

(b) an fhéidearthacht bandaí comhlántacha a chónascadh in aon nós imeachta amháin; agus

(c) cé chomh hábhartha agus atá punanna comhleanúnacha de chearta úsáide an speictrim raidió i mBallstáit éagsúla do sholáthar líonraí agus seirbhísí i margadh iomlán an Aontais nó i gcuid shuntasach de.

2. Le linn do na húdaráis náisiúnta inniúla cinneadh a dhéanamh ar cheart nó nár cheart méid íosta nó méid uasta den speictream raidió a shonrú, méid a shaineofaí maidir le ceart úsáide i mbanda ar leith nó i gcónascadh de bhandaí comhlántacha, déanfaidh siad an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) an úsáid is éifeachtúla a bhaint as an speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 9(4)(b), agus saintréithe an bhanda nó na mbandaí lena mbaineann á gcur san áireamh;

(b) infheistíocht éifeachtúil sna líonraí i gcomhréir le hAirteagal 9(4)(a).

Beidh an mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm mhír 5 maidir leis na coinníollacha lena sainítear na méideanna uasta den speictream raidió.

3. Áiritheoidh na húdaráis náisiúnta inniúla go ndéanfaidh na táillí a bhaineann le cearta úsáide an speictrim raidió, más ann dóibh:

(a) luach sóisialta agus eacnamaíoch an speictrim raidió, lena n‑áirítear seachtrachtaí tairbhiúla, a léiriú go hiomchuí;

(b) tearcúsáid a sheachaint agus infheistíocht a chothú in acmhainneacht, i gcumhdach agus i gcáilíocht na líonraí agus na seirbhísí;

(c) idirdhealú a sheachaint agus comhionannas deiseanna idir oibreoirí, lena n‑áirítear idir oibreoirí atá ann cheana agus oibreoirí ionchasacha, a áirithiú;

(d) cothromaíocht bharrmhaith a bhaint amach idir íocaíochtaí láithreacha agus, más ann dóibh, íocaíochtaí tréimhsiúla, ag féachaint go háirithe don ghá le feidhmiú céimneach gasta na líonraí agus úsáid an speictrim raidió a dhreasú i gcomhréir le hAirteagal 9(4)(b) agus (e).

Beidh an mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm mhír 5 maidir le haon choinníollacha as a dtig táillí difreáilte idir na hoibreoirí agus atá leagtha síos d’fhonn iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn.

4. Ní fhéadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla oibleagáidí a fhorchur d’fhonn cumhdach críochach íosta a bhaint amach, ach amháin más gá agus más comhréireach iad, i gcomhréir le hAirteagal 9(4)(d), chun cuspóirí sonracha leasa choitinn a cinneadh ar an leibhéal náisiúnta a bhaint amach. Le linn do na húdaráis náisiúnta inniúla oibleagáidí den sórt sin a fhorchur, tabharfaidh siad aird ar an méid seo a leanas:

(a) aon chumhdach atá á dhéanamh cheana sa chríoch náisiúnta ag na seirbhísí ábhartha, nó ag seirbhísí cumarsáide leictreonaí eile;

(b) líon na n‑oibreoirí a d'fhéadfadh a bheith faoi réir oibleagáidí den sórt sin a íoslaghdú;

(c) an deis an t‑ualach a roinnt agus cómhalartacht a bheith ann idir oibreoirí éagsúla, lena n‑áirítear soláthraithe de sheirbhísí cumarsáide leictreonaí eile;

(d) na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo chun cumhdach den sórt sin a bhaint amach agus an gá na hinfheistíochtaí sin a léiriú sna táillí is infheidhme;

(e) oiriúnacht theicniúil na mbandaí ábhartha chun cumhdach críochach fairsing a sholáthar go héifeachtúil.

5. Le linn do na húdaráis náisiúnta inniúla cinneadh a dhéanamh faoi aon cheann de na bearta maidir le cur chun cinn na hiomaíochta éifeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) de Chinneadh Uimh. 243/2012/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29] a fhorchur, bunóidh siad a gcinneadh ar mheasúnú oibiachtúil fadbhreathnaitheach ar an méid seo a leanas, agus tabharfaidh siad aird ar dhálaí an mhargaidh agus ar na tagarmharcanna atá ar fáil:

(a) an dócha nó nach dócha go ndéanfar iomaíocht éifeachtach a chothabháil nó a bhaint amach in éagmais na mbeart sin, agus

(b) an éifeacht is dócha a bheidh ag na bearta sealadacha sin ar infheistíochtaí atá á ndéanamh ag oibreoirí an mhargaidh cheana nó a dhéanfaidh siad amach anseo.

6. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla dálaí a chinneadh faoina bhféadfaidh gnóthais cuid dá gcearta indibhidiúla nó a gcearta indibhidiúla uile chun an speictream raidió a úsáid, lena n‑áirítear comhroinnt an speictrim raidió sin, a aistriú chuig gnóthais eile nó a léasú leo. Le linn do na húdaráis náisiúnta inniúla na dálaí sin a chinneadh, tabharfaidh siad aird ar an méid seo a leanas:

(a) úsáid éifeachtúil an speictrim raidió a bharrfheabhsú i gcomhréir le hAirteagal 9(4)(b);

(b) a fhágáil gur féidir úsáid a bhaint as deiseanna tairbhiúla comhroinnte;

(c) leasanna na sealbhóirí ceart atá ann cheana agus sealbhóirí ceart ionchasacha a thabhairt chun réitigh;

(d) margadh níos solúbtha agus atá ag feidhmiú níos fearr a chruthú don rochtain ar an speictream raidió.

Beidh an mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta maidir le gnóthais.

7. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla comhroinnt an bhonneagair éighníomhaigh agus an bhonneagair ghníomhaigh agus comhfheidhmiú céimneach an bhonneagair le haghaidh cumarsáide leathanbhanda gan sreang a údarú, agus tabharfaidh siad aird ar an méid seo a leanas:

(a) an riocht ina bhfuil an iomaíocht atá bunaithe ar bhonneagar agus aon iomaíocht bhreise atá bunaithe ar sheirbhísí;

(b) na ceanglais a bhaineann le húsáid éifeachtúil an speictrim raidió;

(c) rogha bhreise seirbhíse agus seirbhís ar cháilíocht níos airde le haghaidh críoch‑úsáideoirí;

(d) nuálaíocht theicneolaíoch.

Beidh an mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta maidir le gnóthais.

Airteagal 11 – Forálacha breise maidir le coinníollacha úsáide an speictrim raidió

1. I gcás ina bhfágann na coinníollacha teicniúla maidir le hinfhaighteacht agus úsáid éifeachtúil an speictrim raidió chomhchuibhithe le haghaidh cumarsáide leathanbhanda gan sreang gur féidir an speictream raidió ábhartha a úsáid faoi chóras údaraithe ginearálta, seachnóidh na húdaráis náisiúnta inniúla aon choinníoll breise a fhorchur agus déanfaidh siad aon úsáid mhalartach a chuirfeadh bac ar chur i bhfeidhm éifeachtach an chórais chomhchuibhithe sin a chosc.

2. Bunóidh na húdaráis náisiúnta inniúla coinníollacha údaraithe trína bhféadfar údarú aonair nó ceart úsáide aonair a chúlghairm nó a chealú i gcás ina mainnítear go leanúnach an speictream raidió ábhartha a úsáid. Féadfaidh an chúlghairm nó an cealú sin bheith faoi réir cúiteamh iomchuí a fháil más forais nach bhfuil neart ag an oibreoir orthu is cúis leis an mainneachtain an speictream raidió a úsáid, agus go bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo.

3. Breithneoidh na húdaráis náisiúnta inniúla an gá na híocaíochtaí cúitimh nó dreasachta seo a leanas a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha iomaíochta, agus d’fhonn speictream raidió comhchuibhithe leordhóthanach i mbandaí costéifeachtúla a chur ar fáil nó a chomhroinnt go tráthúil le haghaidh seirbhísí leathanbhanda ardtoillte gan sreang:

(a) íocaíochtaí cúitimh nó dreasachta cuí leis na húsáideoirí reatha nó le sealbhóirí chearta úsáide an speictrim raidió, inter alia, trí chorprú sa chóras tairisceana nó méid seasta i leith ceart úsáide; nó

(b) íocaíochtaí dreasachta le híoc le húsáideoirí reatha nó le sealbhóirí chearta úsáide an speictrim raidió.

4. Breithneoidh na húdaráis náisiúnta inniúla an gá le híosleibhéil feidhmíochta teicneolaíochta iomchuí a shocrú le haghaidh bandaí éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Chinneadh Uimh. 243/2012/CE d’fhonn éifeachtúlacht an speictrim a fheabhsú agus gan dochar do na bearta arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 676/2002.

Le linn dóibh na leibhéil sin a shocrú, déanfaidh siad an méid seo a leanas go háirithe:

(a) tabharfaidh siad aird ar thimthriallta na forbartha teicneolaíochta agus ar thimthriallta athnuachana an trealaimh, go háirithe an trealamh teirminéil; agus

(b) cuirfidh siad prionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de i bhfeidhm chun an leibhéal feidhmíochta sonraithe a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2002/21/CE.

Airteagal 12 – Comhchuibhiú coinníollacha údaraithe áirithe i ndáil le cumarsáid leathanbhanda gan sreang

1. Bunóidh na húdaráis náisiúnta inniúla tráthchláir chun cearta úsáide a bhronnadh nó a athshannadh, nó chun na cearta sin a athnuachan faoi na téarmaí a bhaineann leis na cearta atá ann cheana, a mbeidh feidhm acu maidir le speictream raidió atá comhchuibhithe le haghaidh cumarsáide leathanbhanda gan sreang.

Beidh an ré a bhfuil na cearta úsáide bronnta ina leith nó na dátaí athnuachana ina dhiaidh sin socraithe i bhfad roimh an nós imeachta ábhartha a áirítear sa tráthchlár dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an gá le timpeallacht infheistíochta intuartha, an deis éifeachtach aon bhandaí nua speictrim raidió ábhartha atá comhchuibhithe le haghaidh cumarsáide leathanbhanda gan sreang a scaoileadh agus an tréimhse chun infheistíochtaí gaolmhara a amúchadh faoi choinníollacha iomaíocha a chur san áireamh sna tráthchláir, sna réanna agus sna timthriallta athnuachana sin.

2. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear mír 1 i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud an Aontais agus go háirithe ionas gur féidir seirbhísí gan sreang a chur ar fáil ar chomhthráth laistigh den Aontas, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh ag úsáid gníomhartha cur chun feidhme:

(a) tráthchlár coiteann a bhunú don Aontas ina iomláine, nó tráthchláir a bhaineann go sonrach leis na himthosca i gcatagóirí éagsúla Ballstát a bhunú, maille leis an dáta nó na dátaí faoina mbronnfar cearta úsáide aonair i leith banda chomhchuibhithe, nó i leith cónascadh de bhandaí comhlántacha comhchuibhithe, agus faoina gceadófar an speictream raidió a úsáid iarbhír chun cumarsáid leathanbhanda gan sreang a sholáthar ar fud an Aontais ar bhonn eisiach nó comhroinnte;

(b) ré íosta a chinneadh maidir leis na cearta arna mbronnadh sna bandaí comhchuibhithe;

(c) i gcás na gceart nach cearta de ré éiginnte iad, dáta athnuachana nó éaga ar chomhthráth a chinneadh don Aontas ina iomláine;

(d) dáta éaga aon cheart úsáide reatha de bhandaí comhchuibhithe seachas chun críche cumarsáid leathanbhanda gan sreang a shainmhíniú, nó, i gcás ceart de ré éiginnte, an dáta faoina ndéanfar an ceart úsáide a leasú, le go bhféadfar cumarsáid leathanbhanda gan sreang a sholáthar.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin lena ndéanfar dáta éaga nó athnuachana chearta úsáide aonair an speictrim raidió a chomhchuibhiú le haghaidh leathanbhanda gan sreang i mbandaí comhchuibhithe, atá ann cheana ar an dáta a nglactar na gníomhartha sin, d’fhonn an dáta ar a n‑athnuaitear nó a n‑athshanntar na cearta úsáide le haghaidh na mbandaí sin a chur ar chomhthráth ar fud an Aontais, lena n‑áirítear an deis é a chur ar chomhthráth leis an dáta ar a n‑athnuaitear nó a n‑athshanntar bandaí eile a comhchuibhíodh trí bhearta cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 nó leis an mír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

I gcás ina ndéantar dáta comhchuibhithe maidir le hathnuachan nó athshannadh chearta úsáide an speictrim raidió a shainmhíniú trí ghníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa mhír seo agus go bhfuil an dáta comhchuibhithe sin níos deireanaí ná an dáta éaga nó an dáta athnuachana a bhaineann le haon cheann de na cearta úsáide aonair atá ann cheana maidir leis an speictream raidió sin in aon cheann de na Ballstáit, déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla na cearta sin atá ann cheana a shíneadh go dtí an dáta comhchuibhithe faoi na coinníollacha údaraithe substainteacha céanna a bhí infheidhme roimhe sin, lena n‑áirítear aon táillí tréimhsiúla is infheidhme.

I gcás go bhfuil an síneadh a bhronntar i gcomhréir leis an dara fomhír i bhfad níos faide ná ré bhunaidh na gceart úsáide, féadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla aon athruithe ar na coinníollacha údaraithe a bhí infheidhme roimhe sin a dhéanamh ar shíneadh na gceart más gá sin i bhfianaise na n‑imthosca atá athraithe, lena n‑áirítear táillí breise a fhorchur. Beidh na táillí breise sin bunaithe ar pro rata temporis a bheith curtha i bhfeidhm maidir le haon táille bhunaidh i leith na gceart úsáide bunaidh a rinneadh a ríomh go sonrach de réir na ré a bhí leagtha amach i dtosach.

Ní cheanglóidh na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa mhír seo go mbeidh gá ré na gceart úsáide atá ann cheana in aon cheann de na Ballstáit a ghiorrú ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Threoir 2002/20/CE agus ní bheidh feidhm acu maidir leis na cearta de ré éiginnte atá ann cheana.

I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun mhír 2, féadfaidh sé forálacha na míre seo a chur i bhfeidhm mutatis mutandis i leith aon cheart úsáide den bhanda comhchuibhithe lena mbaineann le haghaidh leathanbhanda gan sreang.

4. Le linn don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 2 agus mír 3 a ghlacadh, tabharfaidh sé aird ar an méid seo a leanas:

(a) na prionsabail rialála atá leagtha amach in Airteagal 9;

(b) éagsúlachtaí oibiachtúla atá ann ar fud an Aontais maidir leis an ngá le speictream raidió breise chun leathanbhanda gan sreang a sholáthar, agus tabharfaidh sé aird freisin ar an ngá le comhspeictream raidió le haghaidh líonraí comhtháite a chlúdódh Ballstáit éagsúla;

(c) cé chomh hintuartha agus atá na coinníollacha oibriúcháin d’úsáideoirí reatha an speictrim raidió;

(d) glacadh, forbairt agus timthriallta infheistíochta ó ghlúin amháin go glúin eile de theicneolaíochtaí leathanbhanda gan sreang;

(e) éileamh na gcríoch‑úsáideoirí ar chumarsáid leathanbhanda ardtoillte gan sreang.

Le linn don Choimisiún na tráthchláir a chinneadh do chatagóirí éagsúla Ballstát nach bhfuil cearta úsáide aonair bronnta acu agus nach bhfuil cead tugtha acu an banda comhchuibhithe lena mbaineann a úsáid iarbhír, tabharfaidh sé aird chuí ar aon aighneachtaí a dhéanann Ballstáit maidir leis an gcaoi ar bronnadh cearta úsáide an speictrim raidió go dtí sin, ar na cúiseanna srianta dá bhforáiltear in Airteagal 9(3) agus (4) de Threoir 2002/21/CE, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann scaradh leis an mbanda lena mbaineann, ar na héifeachtaí ar iomaíocht nó srianta geografacha nó teicniúla, agus tabharfaidh sé aird ar an éifeacht ar an margadh inmheánach. Áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanfar an cur chun feidhme a chur siar go míchuí agus nach mbeidh aon difríochtaí míchuí sna staideanna iomaíocha nó rialála idir Ballstáit de thoradh aon éagsúlacht sna tráthchláir idir na Ballstáit.

5. Beidh mír 2 gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit cearta úsáide a bhronnadh i leith banda chomhchuibhithe agus úsáid iarbhír banda chomhchuibhithe a cheadú sula nglacfar gníomh cur chun feidhme i leith an bhanda sin, faoi réir chomhlíonadh na dara fomhír den mhír seo, nó roimh an dáta comhchuibhithe a bhunaítear le gníomh cur chun feidhme i leith an bhanda sin.

I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla cearta úsáide i mbanda comhchuibhithe a bhronnadh sula nglacfar gníomh cur chun feidhme maidir leis an mbanda sin, saineoidh siad na coinníollacha maidir le bronnadh den sórt sin, agus go háirithe na coinníollacha sin a bhaineann le ré, le go mbeidh tairbhithe na gceart úsáide ar an eolas faoin bhféidearthacht go nglacfadh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le mír 2 lena mbunaítear ré íosta do chearta den sórt sin nó timthriall éaga nó athnuachana a bheidh ar chomhthráth ar fud an Aontais ina iomláine. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le cearta de ré éiginnte a bhronnadh.

6. I gcás na mbandaí comhchuibhithe sin a bhfuil tráthchlár coiteann maidir le cearta úsáide a bhronnadh agus úsáid iarbhír a cheadú bunaithe ina leith i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 2, déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla faisnéis thráthúil atá mionsonraithe a dóthain a chur ar fáil don Choimisiún maidir lena bpleananna chun comhlíonadh a áirithiú. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina sainmhíneofar an fhormáid agus na nósanna imeachta chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

I gcás ina measann an Coimisiún, ar athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna mionsonraithe den sórt sin a chuireann Ballstát ar fáil, nach dócha go hoibiachtúil go mbeidh an Ballstát lena mbaineann in ann an tráthchlár is infheidhme maidir leis a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme lena gceanglófar ar an mBallstát sin a phleananna a oiriúnú ar bhealach iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tráthchlár sin.

Airteagal 13 – Comhordú na gcoinníollacha agus nósanna imeachta údaraithe maidir le speictream raidió a úsáid le haghaidh leathanbhanda gan sreang sa mhargadh inmheánach

1. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil úsáid an speictrim raidió a chur faoi réir údaraithe ghinearálta nó cearta aonair maidir le húsáid an speictrim raidió a bhronnadh, nó cearta agus oibleagáidí a leasú maidir le húsáid an speictrim raidió i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2002/20/CE, cuirfidh sé a dhréachbheart, maille leis an mbonn cirt leis, ar fáil an tráth céanna don Choimisiún agus do na húdaráis atá inniúil i speictream raidió sna Ballstáit eile, agus más infheidhme, tar éis don chomhairliúchán poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir 2002/21/CE teacht chun críche, agus ní dhéanfaidh sé an méid sin, ar chor ar bith, ach ag céim sa phróiseas ullmhúcháin a fhágann gur féidir leis faisnéis leormhaith agus sheasta a thabhairt don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát eile i dtaobh na gcúrsaí ábhartha uile.

Tabharfaidh an t‑údarás náisiúnta inniúil faisnéis ina mbeidh an t‑eolas seo a leanas ar a laghad, más infheidhme:

(a) an cineál próisis údaraithe;

(b) uainiú an phróisis údaraithe;

(c) ré na gcearta úsáide;

(d) cineál agus méid an speictrim raidió atá ar fáil, ina iomláine nó d'aon ghnóthas ar leith;

(e) méid agus struchtúr na dtáillí atá le híoc;

(f) cúiteamh nó dreasachtaí maidir le húsáideoirí reatha a scarfadh leis an speictream raidió nó a chomhroinnfeadh é;

(g) oibleagáidí maidir le cumhdach;

(h) rochtain mhórdhíola, ceanglais fánaíochta náisiúnta nó réigiúnacha;

(i) speictream raidió a chur in áirithe do chineálacha áirithe oibreoirí, nó cineálacha áirithe oibreoirí a eisiamh uaidh;

(j) coinníollacha maidir le cearta úsáide a shannadh, a aistriú nó a charnadh;

(k) an deis an speictream raidió a úsáid ar bhonn comhroinnte;

(l) comhroinnt bonneagair;

(m) íosleibhéil feidhmíochta teicneolaíochta;

(n) srianta atá i bhfeidhm de réir Airteagal 9(3) agus Airteagal 9(4) de Threoir 2002/21/CE;

(o) ceart úsáide amháin nó níos mó, nó leasú ar chearta nó ar choinníollacha a ghabhann le cearta den sórt sin nach féidir a mheas gur mionleasú é de réir bhrí Airteagal 14(1) de Threoir 2002/20/CE, a chúlghairm nó a tharraingt siar.

2. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla agus an Coimisiún barúlacha a chur faoi bhráid an údaráis inniúil lena mbaineann laistigh de thréimhse dhá mhí. Ní fhéadfar síneadh a chur leis an tréimhse dhá mhí sin.

Le linn don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtbheart i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh sé aird ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) forálacha Threoir 2002/20CE agus Throier 2002/21/CE agus Chinneadh Uimh. 243/2012/CE;

(b) na prionsabail rialála atá leagtha amach in Airteagal 9;

(c) na critéir ábhartha maidir le coinníollacha sonracha áirithe atá leagtha amach in Airteagal 10 agus na forálacha breise atá leagtha amach in Airteagal 11;

(d) aon ghníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(e) comhleanúnachas le nósanna imeachta reatha, atá ar feithimh nó atá beartaithe i mBallstáit eile, agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar thrádáil idir Ballstáit.

Más rud é, laistigh den tréimhse sin, go dtugann an Coimisiún fógra don údarás inniúil á rá go gcruthódh an dréachtbheart bacainn ar an margadh inmheánach nó go bhfuil móramhras air i dtaobh an bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais, ní ghlacfar an dréachtbheart go ceann dhá mhí eile. Cuirfear an Coimisiún údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin seasamh atá aige i dtaobh an dréachtbhirt i gcás den sórt sin.

3. Laistigh den tréimhse dhá mhí bhreise sin dá dtagraítear i mír 2, oibreoidh an Coimisiún agus an t‑údarás inniúil lena mbaineann go dlúth le chéile chun an beart is iomchuí agus is éifeachtaí a shainaithint i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear i mír 2, agus tabharfaidh siad aird chuí ar thuairimí na rannpháirtithe sa mhargadh agus ar an ngá le forbairt cleachtais chomhsheasmhaigh rialála a áirithiú.

4. Ag céim ar bith le linn an nós imeachta, féadfaidh an t‑údarás inniúil a dhréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar agus fógra an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 2 á chur san áireamh go huile agus go hiomlán aige.

5. Le linn na tréimhse breise dhá mhí dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún:

a) dréachtchinneadh a chur faoi bhráid an Choiste Cumarsáide lena gceanglófaí ar an údarás inniúil lena mbaineann an dréachtbheart a tharraingt siar. Beidh anailís mhionsonraithe agus oibiachtúil ar na cúiseanna lena bhfuil an Coimisiún den tuairim nár cheart an dréachtbheart mar a fógraíodh é a ghlacadh ag gabháil leis an dréachtchinneadh, maille le tograí sonracha chun an dréachtbheart a leasú más gá; nó

b) cinneadh a dhéanamh a sheasamh i dtaobh an dréachtbhirt lena mbaineann a athrú.

6. I gcás nach ndearna an Coimisiún dréachtbheart dá dtagraítear i mír 5(a) a thíolacadh ná cinneadh dá dtagraítear i mír 5(b) a dhéanamh, féadfaidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann an dréachtbheart a ghlacadh.

I gcás ina ndearna an Coimisiún dréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 5(a) a thíolacadh, ní ghlacfaidh an t‑údarás inniúil an dréachtbheart go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí ó dháta an fhógra a seoladh chuig an údarás inniúil de bhun mhír 2.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh a sheasamh i dtaobh an dréachtbhirt lena mbaineann a athrú ag aon céim den nós imeachta, lena n‑áirítear tar éis dréachtchinneadh a bheith curtha faoi bhráid an Choiste Cumarsáide.

7. Déanfaidh an Coimisiún aon chinneadh lena gceanglaítear ar an údarás inniúil a dhréachtbheart a tharraingt siar a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

8. I gcás ina bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 7, déanfaidh an t‑údarás inniúil an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar laistigh de shé mhí ó dháta an fhógra faoi chinneadh an Choimisiúin. Nuair a bheidh an dréachtbheart leasaithe, tabharfaidh an t‑údarás inniúil faoi chomhairliúchán poiblí más iomchuí, agus cuirfidh sé an dréachtbheart leasaithe ar fáil don Choimisiún i gcomhréir le mír 1.

9. Cuirfidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann barúlacha údaráis inniúla na mBallstát eile agus an Choimisiúin san áireamh go huile agus go hiomlán agus féadfaidh sé, cé is moite sna cásanna a thagann faoin tríú fomhír de mhír 2, agus faoin dara fomhír de mhír 6 agus mír 7, an dréachtbheart a thig astu a ghlacadh agus i gcás ina ndéanann sé sin, cuirfidh sé in iúl don Choimisiún é.

10. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas faoi thorthaí an nós imeachta lena mbaineann a bheart a luaithe a thabharfar an nós imeachta sin chun críche.

Airteagal 14 – Rochtain ar líonraí ceantair logánta raidió

1. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla soláthar rochtana trí líonraí ceantair logánta raidió ar líonra soláthraí cumarsáide leictreonaí, maille le húsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe chun críche an tsoláthair sin, a cheadú don phobal, faoi réir údaraithe ghinearálta amháin.

2. Ní chuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla cosc ar sholáthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal rochtain a thabhairt don phobal ar a gcuid líonraí, trí líonraí ceantair logánta raidió, a d'fhéadadh a bheith in áitreabh an chríoch‑úsáideora, ar choinníoll gur comhlíonadh coinníollacha an údaraithe ghinearálta agus go bhfuarthas comhaontú roimh ré ón gcríoch‑úsáideoir.

3. Ní chuirfidh soláthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal srian go haontaobhach ar an méid seo a leanas:

a) an ceart atá ag críoch‑úsáideoirí aontú dá rogha líonraí ceantair logánta raidió atá á gcur ar fáil ag tríú páirtithe;

b) an ceart atá ag críoch‑úsáideoirí rochtain ar líonraí na soláthraithe sin a thabhairt ar bhonn cómhalartach nó ar bhonn níos ginearálta do chríoch‑úsáideoirí eile trí líonraí ceantair logánta raidió, lena n‑áirítear ar bhonn tionscnamh ó thríú páirtithe a dhéanann líonraí ceantair logánta raidió críoch‑úsáideoirí éagsúla a chónascadh agus a chur ar fáil don phobal.

4. Ní chuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla srian ar an gceart atá ag críoch‑úsáideoirí rochtain ar a líonraí ceantair logánta raidió a thabhairt ar bhonn cómhalartach nó ar bhonn níos ginearálta do chríoch‑úsáideoirí eile, lena n‑áirítear ar bhonn tionscnamh ó thríú páirtithe a dhéanann líonraí ceantair logánta raidió críoch‑úsáideoirí éagsúla a chónascadh agus a chur ar fáil don phobal.

5. Ní chuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla srian ar rochtain phoiblí a thabhairt ar líonraí ceantair logánta raidió:

(a) d’údaráis phoiblí atá in áitribh ina bhfuil údaráis phoiblí den sórt sin nó atá i ngarchomharsanacht na n‑áitreabh sin, más seirbhís í atá coimhdeach leis na seirbhísí poiblí a sholáthraítear sna háitribh sin;

(b) ar thionscnaimh eagraíochtaí neamhrialtasacha nó údarás poiblí chun líonraí ceantair logánta raidió críoch‑úsáideoirí éagsúla a chónascadh agus a chur ar fáil don phobal ar bhonn cómhalartach nó ar bhonn níos ginearálta, lena n‑áirítear, nuair is infheidhme, na líonraí ceantair logánta raidió a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu i gcomhréir le fophointe (a).

6. Ní mheasfar gnóthas, údarás poiblí nó críoch‑úsáideoir eile a bheith ina sholáthraí cumarsáide leictreonaí don phobal de bhua amháin go dtugann sé rochtain don phobal ar líonraí ceantair logánta raidió, i gcás nach soláthar tráchtála an soláthar sin, nó i gcás nach bhfuil ann ach seirbhís atá coimhdeach le gníomhaíocht tráchtála nó seirbhís phoiblí eile nach bhfuil ag brath ar chomharthaí a iompar ar na líonraí sin.

Airteagal 15 – Úsáid agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu

1. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla úsáid, nascadh agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu agus atá neamhshonraíoch a cheadú faoi chóras an údaraithe ghinearálta agus ní chuirfidh siad srian míchuí ar an úsáid, nascadh nó oibriú sin trí cheadanna aonair pleanála baile ná ar aon shlí eile, má tá an úsáid sin ag comhlíonadh na mbeart cur chun feidhme a ghlacadh de bhun mhír 2.

Tá an mhír seo gan dochar don chóras údaraithe maidir leis an speictream raidió atá in úsáid chun na pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a oibriú.

2. Chun críocha chur chun feidhme aonfhoirmeach chóras an údaraithe ghinearálta maidir le húsáid, nascadh agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu de bhun mhír 1, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a úsáid chun saintréithe teicniúla a shonrú maidir le dearadh, úsáid agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu, agus áiritheoidh comhlíonadh an ghnímh sin go mbeidh na pointí sin neamhshonraíoch agus iad in úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla logánta. Saineoidh an Coimisiún na saintréithe teicniúla sin trí thagairt do mhéid uasta, do chumhacht, do shaintréithe leictreamaighnéadacha, agus do thionchar amhairc, na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu atá curtha in úsáid. Na saintréithe teicniúla sin maidir le húsáid pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu, comhlíonfaidh siad ar a laghad ceanglais Threoir 2013/35/AE[30] agus na tairseacha atá sainmhínithe i Moladh Uimh. 1999/519/CE ón gComhairle[31].

Na saintréithe teicniúla sin atá sonraithe le go bhféadfar úsáid, nascadh agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a chuimsiú faoi mhír 1, beidh siad gan dochar do cheanglais bhunúsacha Threoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí den chineál sin a chur ar an margadh[32].

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Airteagal 16 – Comhordú an speictrim raidió i measc na mBallstát

1. Gan dochar dá n‑oibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear Rialacháin Raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide, áiritheoidh na húdaráis náisiúnta inniúla go n‑eagrófar úsáid an speictrim raidió ar a gcríoch, agus déanfaidh siad go háirithe gach beart is gá maidir le leithdháileadh nó sannadh an speictrim raidió, ionas nach gcuirfear bac ar aon Bhallstát eile cead a thabhairt banda sonrach comhchuibhithe a úsáid ar a chríoch i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais.

2. Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun comhordú ar bhonn trasteorann a dhéanamh ar úsáid an speictrim raidió lena áirithiú go gcomhlíonfar mír 1 agus lena áirithiú nach séanfaidh aon Bhallstát rochtain chothromasach ar an speictream raidió.

3. Féadfaidh aon Bhallstát lena mbaineann cuireadh a thabhairt don Ghrúpa um an mBeartas Radaispeictrim an dea-mhian atá aige a úsáid chun cabhrú leis agus le haon Bhallstát eile chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh.

Féadfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh lena áirithiú go n‑urraimeoidh torthaí an chomhordaithe an ceanglas maidir le rochtain chothromasach ar an speictream raidió i measc na mBallstát ábhartha, le haon neamhréireachtaí praiticiúla thorthaí ar leith an chomhordaithe i mBallstáit dhifriúla a réiteach, nó chun forfheidhmiú réiteach comhordaithe a áirithiú faoi dhlí an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Roinn 2 – Táirgí Eorpacha de rochtain fhíorúil

Airteagal 17 – Táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda

1. Measfar gurb é atá i soláthar táirge de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda atá ceangailte i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 12 de Threoir 2002/19/CE soláthar táirge Eorpaigh de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda má sholáthraítear é i gcomhréir leis na paraiméadair íosta atá liostaithe i gceann de na Tairiscintí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus go sásaíonn sé ar bhonn carnach na ceanglais shubstaineacha seo a leanas:

(a) an deis é a thairiscint mar tháirge ardcháilíochta aon áit san Aontas;

(b) uasleibhéal idir-inoibritheachta líonra agus seirbhíse agus bainistíocht líonra neamh‑idirdhealaitheach idir oibreoirí i gcomhréir le típeolaíocht na líonraí;

(c) acmhainn freastal ar chríoch‑úsáideoirí ar bhonn iomaíoch;

(d) éifeachtúlacht costais, agus aird a thabhairt ar an acmhainn é a chur chun feidhme ar líonraí reatha agus nua agus an acmhainn é a úsáid ag an am céanna le táirgí rochtana eile a fhéadfar a sholáthar ar an mbonneagar líonra céanna;

(e) éifeachtúlacht oibríochtúil, go háirithe maidir le bacainní forfheidhmithe agus costais úsáide ar sholáthraithe de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda agus ar iarrthóirí ar rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a theorannú a mhéid is féidir;

(f) go n‑urramófar na rialacha maidir le cosaint ar phríobháideachas, sonraí pearsanta, slándáil agus sláine líonraí agus an trédhearcacht i gcomhréir le dlí an Aontais.

2.         Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 d’fhonn Iarscríbhinn I a oiriúnú i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha, chun leanúint de na ceanglais shubstainteacha atá liostaithe i mír 1 a chomhlíonadh.

Airteagal 18 – Coinníollacha rialála maidir le táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda

1. I gcás go ndearna údarás náisiúnta rialála oibleagáid chun rochtain mhórdhíola a thabhairt ar líonra den chéad ghlúin eile a fhorchur ar oibreoir i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 12 de Threoir 2002/19/CE, déanfaidh sé measúnú féachaint an mbeadh sé oiriúnach agus comhréireach oibleagáid chun táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a sholáthar ina ionad sin a bhfuil feidhmiúlachtaí aige atá coibhéiseach ar a laghad leis an táirge rochtana mórdhíola atá á fhorchur aige faoi láthair.

Na húdaráis náisiúnta rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh siad an measúnú riachtanach ar na leigheasanna atá ann cheana i dtaobh rochtana mórdhíola a luaithe is féidir tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, is cuma faoi uainiú na hanailíse ar na margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 16(6) de Threoir 2002/21/CE.

Más rud é go bhfuil údarás náisiúnta rialála a d’fhorchuir oibleagáid chun rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a sholáthar den tuairim, tar éis dó measúnú a dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre, nach bhfuil táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda oiriúnach sna himthosca sonracha, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe faoi ina dhréachtbheart i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 2002/21/CE.

2. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta rialála oibleagáid chun rochtain mhórdhíola ar líonra den chéad ghlúin eile a fhorchur ar oibreoir i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 12 de Threoir 2002/19/CE, déanfaidh sé measúnú go háirithe, sa bhreis ar na tosca atá leagtha síos in Airteagal 12(2) den Treoir sin, ar an bhfiúntas faoi seach a bhainfeadh leis an méid seo a leanas a fhorchur:

(i) ionchur mórdhíola éighníomhach amhail rochtain fhisicúil dhíchuachta ar an lúb nó ar an bhfolúb logánta;

(ii) ionchur mórdhíola neamhfhisiciúil nó fíorúil ina mbeadh feidhmiúlachtaí coibhéiseacha, agus go háirithe táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a chomhlíonann na ceanglais agus na paraiméadair shubstainteacha atá leagtha amach in Airteagal 17(1) agus in Iarscríbhinn I, pointe 1, den Rialachán seo.

3. De mhaolú ar Airteagal 12(3) de Threoir 2002/19/CE, más rud é go bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta rialála oibleagáid chun rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a sholáthar a fhorchur ar oibreoir i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 12 den Treoir sin, déanfaidh sé oibleagáid a fhorchur chun táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a sholáthar a bhfuil na feidhmiúlachtaí is ábhartha aige leis an riachtanas rialála a sainaithníodh sa mheasúnú a chomhlíonadh. I gcás ina bhfuil údarás náisiúnta rialála den tuairim nach mbeadh táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda oiriúnach sna himthosca sonracha sin, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe faoi ina dhréachbheart i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 2002/21/CE.

4. I gcás ina bhfuil measúnú á dhéanamh de bhun mhír 1, mhír 2 nó mhír 3 faoinar cheart nó nár cheart táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a fhorchur in ionad aon táirge eile de rochtain mhórdhíola, tabharfaidh an t‑údarás náisiúnta rialála aird ar an spéis atá i gcoinníollacha rialála cóineasaithe ar fud an Aontais maidir le leigheasanna i leith rochtana miondíola, ar riocht reatha agus ionchasach na hiomaíochta atá bunaithe ar bhonneagar agus ar an éabhlóid ar dhálaí an mhargaidh maidir le líonraí iomaíocha den chéad ghlúin eile a sholáthar, ar infheistíochtaí a rinne an t‑oibreoir atá ainmnithe mar oibreoir a bhfuil cumhacht shuntasach aige sa mhargadh agus ag cuardaitheoirí rochtana, agus ar an tréimhse amúchta do na hinfheistíochtaí sin.

Leagfaidh an t‑údarás náisiúnta rialála síos idirthréimhse chun táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a chur in ionad táirge de rochtain mhórdhíola atá ann cheana.

5. De mhaolú ar Airteagal 9(3) de Threoir 2002/19/CE, i gcás ina bhfuil oibleagáidí ar oibreoir faoi Airteagal 8 agus Airteagal 12 den Treoir sin táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a sholáthar, áiritheoidh na húdaráis náisiúnta rialála go bhfoilseofar tairiscint tagartha ina mbeidh, ar a laghad, na heilimintí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, pointe 1, pointe 2 nó pointe 3, de réir mar a bheidh.

6. De mhaolú ar Airteagal 16(3) de Threoir 2002/21/CE, ní dhéanfaidh údarás náisiúnta rialála tréimhse fógra shainordaitheach a fhorchur sula dtarraingeofar siar oibleagáid a forchuireadh roimhe sin chun táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a chomhlíonann na ceanglais agus na paraiméadair shubstainteacha atá leagtha amach in Airteagal 17(1) agus in Iarscríbhinn I, pointe 2 den Rialachán seo a thairiscint, má thugann an t‑oibreoir lena mbaineann gealltanas ar bhonn deonach táirge den sórt sin a chur ar fáil ar iarratas ó thríú páirtithe ar théarmaí córa agus réasúnacha do thréimhse bhreise trí bliana.

7. Más rud é go bhfuil údarás náisiúnta rialála ag déanamh breithniú, maidir le measúnú de bhun mhír 2 nó mhír 3, faoinar cheart dó rialuithe praghsanna a fhorchur nó a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2002/19/CE maidir le rochtain mhórdhíola ar líonraí den chéad ghlúin eile, bíodh sin trí tháirgí Eorpacha de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda nó ar shlí eile, tabharfaidh sé aird ar riocht na hiomaíochta i dtaobh phraghsanna, rogha agus cháilíocht na dtáirgí atá á dtairiscint ar an leibhéal miondíola. Tabharfaidh sé aird ar éifeachtacht na cosanta i gcoinne idirdhealaithe ar an leibhéal mórdhíola agus ar riocht na hiomaíochta atá bunaithe ar bhonneagar ó líonraí eile fosaithe nó ó líonraí gan sreang, agus cuirfidh sé béim chuí ar an ról atá ag iomaíocht bhonneagarbhunaithe atá ann idir líonraí den chéad ghlúin eile maidir le feasbhsúcháin bhreise a éileamh maidir leis an gcáilíocht do chríoch‑úsáideoirí, d’fhonn a chinneadh an mbeadh nó nach mbeadh gá le rialuithe praghsanna ar rochtain mhórdhíola nó an mbeadh nó nach mbeadh siad comhréireach sa chás sonrach sin.

Airteagal 19 – Táirge lúdrachta ar cháilíocht dhearbhaithe seirbhíse (ASQ)

1. Beidh sé de cheart ag aon oibreoir táirge lúdrachta Eorpach ASQ a sholáthar mar atá sonraithe i mír 4.

2. Sásóidh gach oibreoir aon iarratas réasúnach ar tháirge lúdrachta Eorpach ASQ a sholáthar mar atá sonraithe i mír 4 a chuirfidh soláthraí údaraithe de sheirbhísí cumarsáide leictreonaí isteach i scríbhinn. Aon diúltú táirge Eorpach ASQ a sholáthar, beidh sé bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Sonróidh an t‑oibreoir na cúiseanna le haon diúltú laistigh de mhí amháin tar éis dó an t‑iarratas i scríbhinn a fháil.

Measfar gur foras oibiachtúil le diúltú é nuair nach bhfuil an páirtí atá ag iarraidh go soláthrófaí táirge Eorpach lúdrachta ASQ dó in ann nó nach bhfuil sé toilteanach táirge Eorpach lúdrachta ASQ a chur ar fáil laistigh den Aontas nó i dtríú tíortha don pháirtí ar ar iarradh sin ar théarmaí réasúnacha, má iarann an páirtí deireanach sin amhlaidh.

3. I gcás ina ndiúltaítear don iarratas, nó nach dtagtar ar chomhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha, lena n‑áirítear ó thaobh praghais de, laistigh de dhá mhí ón iarraidh i scríbhinn a fháil, beidh ceachtar páirtí i dteideal an cheist a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta ábhartha de bhun Airteagal 20 de Threoir 2002/21/CE. Ina leithéid sin de chás, beidh feidhm ag Airteagal 3(6) den Rialachán seo.

4. Measfar gurb é atá i soláthar táirge lúdrachta soláthar táirge Eorpaigh lúdrachta ASQ má sholáthraítear é i gcomhréir leis na paraiméadair íosta atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus go sásaíonn sé ar bhonn carnach na ceanglais shubstaineacha seo a leanas:

(a) an deis é a thairiscint mar tháirge ardcháilíochta aon áit san Aontas;

(b) go gcuireann sé ar chumas soláthraithe seirbhíse riachtanais a gcríoch‑úsáideoirí a chomhlíonadh;

(c) éifeachtúlacht costais, agus réitigh atá ann cheana a fhéadfar a sholáthar ar na líonraí céanna á gcur san áireamh;

(d) éifeachtúlacht oibríochtúil, go háirithe maidir le bacainní forfheidhmithe agus costais úsáide ar chustaiméirí a theorannú a mhéid is féidir; agus

(e) go n‑urramófar na rialacha maidir le cosaint ar phríobháideachas, sonraí pearsanta, slándáil agus sláine líonraí agus an trédhearcacht i gcomhréir le dlí an Aontais.

5. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 d’fhonn Iarscríbhinn II a oiriúnú i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha, chun leanúint de na ceanglais shubstainteacha atá liostaithe i mír 4 a chomhlíonadh.

Airteagal 20 – Bearta maidir le táirgí Eorpacha rochtana

1. Déanfaidh an Coimisiún faoin 1 Eanáir 2016 bearta cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha teicniúla agus modheolaíochta aonfhoirmeacha chun táirge Eorpach de rochtain fhíorúil ar leathanbhanda a chur chun feidhme de réir bhrí Airteagal 17 agus Iarscríbhinn I, pointe 1, i gcomhréir leis na critéir agus leis na paraiméadair atá sonraithe iontu agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh feidhmiúlacht táirge den chineál sin de rochtain fhíorúil mhórdhíola ar líonraí den chéad ghlúin eile coibhéiseach le táirge de rochtain fhisiciúil dhíchuachta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha teicniúla agus modheolaíochta aonfhoirmeacha chun táirge Eorpach rochtana amháin nó níos mó a chur chun feidhme de réir bhrí Airteagal 17 agus Airteagal 19 agus Iarscríbhinn I, pointe 2 agus pointe 3, agus Iarscríbhinn II, i gcomhréir leis na critéir agus na paraiméadair faoi seach ata sonraithe iontu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Caibidil IV Cearta comhchuibhithe críoch‑úsáideoirí

Airteagal 21 – Deireadh a chur le srianta agus idirdhealú

1. Ní chuirfidh na húdaráis phoiblí srian le saoirse críoch‑úsáideoirí úsáid a bhaint as líonraí poiblí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a chuireann gnóthas atá bunaithe i mBallstát eile ar fáil.

2. Ní chuirfidh soláthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal aon cheanglais idirdhealaithe ná coinníollacha rochtana ná úsáide i bhfeidhm maidir le críoch‑úsáideoirí atá bunaithe ar náisiúntacht nó áit chónaithe an chríoch‑úsáideora ach amháin má tá bonn cirt oibiachtúil leis na héagsúlachtaí sin.

3. Ní chuirfidh soláthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal aon taraifí i bhfeidhm ar chumarsáid laistigh den Aontas a dtagann deireadh léi i mBallstát eile atá níos airde, ach amháin má tá bonn cirt oibiachtúil leo:

a) maidir le cumarsáid fhosaithe, ná na taraifí ar chianchumarsáid intíre;

b) maidir le cumarsáid shoghluaiste, ná na hEora‑tharaifí ar chumarsáid fhánaíochta rialáilte guthghlaonna agus SMS, faoi seach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 531/2012.

Airteagal 22 – Réiteach díospóide trasteorann

1. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta lasmuigh de chúirt a bunaíodh le hAirteagal 34(1) de Threoir 2002/22/CE freisin maidir le díospóidí a bhaineann le conarthaí idir custaiméirí, agus críoch‑úsáideoirí eile a mhéad atá na nósanna imeachta sin lasmuigh de chúirt ar fáil dóibh freisin, agus soláthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal atá bunaithe i mBallstát eile. I gcás díospóidí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2013/11/AE[33], beidh feidhm ag forálacha na Treorach sin.

Airteagal 23 – Saoirse maidir le rochtain oscailte idirlín a chur ar fáil agus fónamh a bhaint aisti, agus bainistiú réasúnta tráchta

1. Féadfaidh críoch‑úsáideoirí rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhar agus an fhaisnéis agus an t‑ábhar sin a dháileadh, feidhmchláir a fheidhmiú agus na seirbhísí is rogha leo a úsáid trína seirbhís rochtana idirlín.

Féadfaidh críoch‑úsáideoirí comhaontuithe a dhéanamh maidir le toirteanna agus luasanna sonraí le soláthraithe de sheirbhísí rochtana idirlín agus, i gcomhréir le comhaontuithe den chineál sin maidir le toirteanna sonraí, fónamh a bhaint as aon tairiscint ó sholáthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí idirlín.

2. Féadfaidh críoch‑úsáideoirí comhaontú le soláthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal nó le soláthraithe de inneachair, feidhmchlár agus seirbhísí freisin maidir le soláthar seirbhísí speisialaithe a bhfuil cáilíocht fheabhsaithe seirbhíse ag baint leo.

Ionas gur féidir seirbhísí speisialaithe a sholáthar do chríoch‑úsáideoirí, féadfaidh soláthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí agus soláthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal comhaontuithe a dhéanamh le chéile chun na toirteanna nó trácht sonraí lena mbaineann a tharchur mar shainseirbhísí lena ngabhann cáilíocht seirbhíse shainithe nó acmhainn thiomnaithe. Ní dhéanfaidh soláthar seirbhísí speisialaithe dochar ar shlí athfhillteach nó leanúnach do cháilíocht ghinearálta na seirbhísí rochtana idirlín.

3. Tá an tAirteagal seo gan dochar do reachtaíocht an Aontais nó don reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le dlíthiúlacht na faisnéise, an ábhair, an fheidhmchláir nó na seirbhísí arna dtarchur.

4. Déanfar feidhmiú na saoirse dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 a éascú le soláthar faisnéise iomláine i gcomhréir le hAirteagail 25(1), 26(2), agus 27(1) agus (2).

5. Laistigh de theorainneacha aon toirteanna nó luasanna sonraí maidir le rochtain idirlín a comhaontaíodh le conradh, ní chuirfidh soláthraithe de sheirbhísí rochtana idirlín srian leis an tsaoirse dá bhforáiltear i mír 1 trí ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha, nó aicmí sonracha díobh, a chosc, a mhoilliú, a dhíghrádú nó a idirdhealú, seachas i gcásanna nuair is gá bearta bainistithe tráchta réasúnta a chur i bhfeidhm. Beidh na bearta bainistithe tráchta réasúnta trédhearcach, neamh‑idirdhealaitheach, agus comhréireach agus beidh gá leo chun:

a) foráil reachtach nó ordú cúirte a chur chun feidhme, nó coireanna tromchúiseacha a chosc nó bac a chur orthu;

b) sláine agus slándáil an líonra, seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an líonra sin, agus teirminéil críoch‑úsáideoirí a chaomhnú;

c) tarchur cumarsáide gan iarraidh chuig críoch‑úsáideoirí a bhfuil réamhthoiliú tugtha acu do na bearta sriantacha sin a chosc;

d) éifeachtaí plódaithe líonra sealadaigh nó eisceachtúil a íoslaghdú ar choinníoll go gcaitear go cothrom le cineálacha coibhéiseacha tráchta.

Ní bheidh i gceist le bainistiú tráchta réasúnta ach próiseáil sonraí is gá agus atá comhréireach chun na cuspóirí atá leagtha amach sa mhír seo a bhaint amach.

Airteagal 24 – Coimircí maidir le cáilíocht seirbhíse

1. Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta agus déanfaidh siad dlúthfhaireachán ar chumas éifeachtach críoch-úsáideoirí tairbhe a bhaint as an tsaoirse dá bhforáiltear in Airteagal 23(1) agus (2), comhlíonadh Airteagal 23(5), agus fáil leanúnach a bheith ar sheirbhísí rochtana idirlín neamh‑idirdhealaitheacha ar leibhéil cáilíochta a léiríonn an dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta nach ndéanann seirbhísí speisialaithe dochar dó. Déanfaidh siad, i gcomhar leis húdaráis inniúla náisiúnta eile, faireachán ar éifeachtaí na seirbhísí speisialaithe ar éagsúlacht chultúrtha agus ar nuálaíocht. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuairsc bhliantúil don Choimisiún agus do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) ar a bhfaireachán agus a dtorthaí.

2. Chun dochar ginearálta na cáilíochta seirbhíse do sheirbhísí rochtana idirlín a chosc nó chun cumas úsáideoirí ábhar nó faisnéis a rochtain agus a dháileadh a chosaint nó chun na feidhmchláir agus na seirbhísí is rogha leo a fheidhmiú, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta íoscheanglais maidir le cáilíocht seirbhíse a fhorchur ar sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal.

Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta, i dtráth cuí roimh aon cheanglais mar sin a fhorchur, achoimre ar fáil don Choimisiún ar an bhforas gníomhaíochta, ar an ceanglais atá beartaithe agus ar an ngníomhaíocht atá beartaithe. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do BEREC freisin. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an fhaisnéis sin a scrúdú, barúlacha nó moltaí a thabhairt, go háirithe chun a áirithiú nach ndéanfaidh na ceanglais atá beartaithe dochar d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ní ghlacfar na ceanglais atá beartaithe go ceann tréimhse dhá mhí tar éis don Choimisiún an fhaisnéis iomlán a fháil ach amháin má chomhaontaíonn an Coimisiún agus an t‑údarás rialála náisiúnta a mhalairt, nó má tá an tréimhse ghiorraithe scrúdúcháin curtha in iúl don údarás rialála náisiúnta ag an gCoimisiún, nó má tá barúlacha nó moltaí tugtha ag an gCoimisiún. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar bharúlacha nó moltaí an Choimisiúin agus cuirfidh siad na ceanglais ghlactha in iúl don Choimisiún agus do BEREC.

3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sainítear coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme oibleagáidí na n‑údarás náisiúnta inniúil faoin Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Airteagal 25 – Trédhearcacht agus foilsiú faisnéise

1. Foilseoidh soláthraithe de chumarsáid leictreonach don phobal, seachas i gcás tairiscintí a ndéantar caibidlíocht aonair orthu, faisnéis thrédhearcach, leordhóthanach agus cothrom le dáta maidir leis na nithe seo a leanas:

a) a n‑ainm, a seoladh agus a bhfaisnéis teagmhála;

b) i gcás gach plean taraife, na seirbhísí a thairgtear agus na paraiméadair ábhartha i leith cáilíochta seirbhíse, na praghsanna is infheidhme (do chustaiméirí agus an cháin san áireamh) agus aon mhuirir is infheidhme (rochtain, úsáid, cothabháil agus aon mhuirir bhreise), chomh maith le costais i ndáil le trealamh críochfoirt.

c) taraifí is infheidhme maidir le haon uimhir nó seirbhís atá faoi réir coinníollacha praghsála ar leith;

d) cáilíocht a seirbhísí, i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 2;

e) seirbhísí rochtana idirlín, nuair is ann dóibh, ina sonraítear an méid seo a leanas:

(i) an luas sonraí iarbhír atá ar fáil le híoslódáil agus le huaslódáil i mBallstát cónaithe an chríoch-úsáideora;

(ii) leibhéal na srianta le toirt sonraí is infheidhme, más ann dóibh; na praghsanna maidir leis an toirt sonraí atá ar fáil a mhéadú ar bhonn ad hoc nó fadtréimhseach; an luas sonraí, agus an costas a bhaineann leis, atá ar fáil tar éis an toirt sonraí is infheidhme a úsáid go hiomlán, má tá sí teoranta; agus na modhanna atá ar fáil do chríoch-úsáideoirí faireachán a dhéanamh tráth ar bith ar leibhéal reatha a n‑úsáide;

(iii) míniú soiléir agus sothuigthe ar conas is féidir le haon srian le toirt sonraí, an luas iarbhír atá ar fáil agus paraiméadair eile i leith cáilíochta, agus úsáid chomhuaineach seirbhísí speisialaithe a bhfuil cáilíocht fheabhsaithe seirbhíse ag baint leo, difear praiticiúil a dhéanamh d'úsáid an ábhair, na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí;

(iv) faisnéis maidir le haon nósanna imeachta a chuireann an soláthraí i bhfeidhm chun trácht a thomhas agus a mhúnlú chun plódú líonra a sheachaint, agus conas a d'fhéadfadh na nósanna imeachta sin difear a dhéanamh do cháilíocht seirbhíse agus do chosaint sonraí pearsanta;

f) bearta a dhéantar chun coibhéis rochtana a áirithiú do chríoch-úsáideoirí atá faoi mhíchumas, lena n‑áirítear faisnéis rialta, cothrom le dáta faoi mhionsonraí táirgí agus seirbhísí arna gceapadh dóibh;

g) téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a gconartha, lena n‑áirítear íostréimhse chonartha, na coinníollacha maidir leis an gconradh agus aon mhuirir a bheadh dlite dá gcuirfí deireadh leis an gconradh roimh dhul in éag an chonartha, na nósanna imeachta agus na muirir dhíreacha a bhaineann le hathrú agus inaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí eile, agus socruithe cúitimh i gcás moille ar an an athrú nó i gcás mí‑úsáid a bhaint as an athrú;

h) rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora i gcás na seirbhísí ar fad a chuirtear ar fáil, aon srianta le soláthar seirbhísí éigeandála faoi Airteagal 26 de Threoir 2002/22/CE, agus aon athruithe orthu;

i) cearta maidir le seirbhís uilíoch, lena n‑áirítear, más iomchuí, na saoráidí agus seirbhísí atá luaite in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/22/CE.

Foilseofar an fhaisnéis i bhfoirm shoiléir, chuimsitheach agus ar féidir a rochtain go héasca i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina dtairgtear an tseirbhís, agus tabharfar an fhaisnéis cothrom le dáta go rialta. Soláthrófar an fhaisnéis, arna iarraidh sin, do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha roimh í a fhoilsiú. Léireofar aon difreáil sna coinníollacha arna gcur i bhfeidhm ar chustaiméirí agus críoch-úsáideoirí eile go soiléir.

2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear na modhanna chun luas seirbhísí rochtana idirlín a thomhas, na paraiméadair i leith cáilíochta seirbhíse agus na modhanna chun iad a thomhas, agus ábhar, foirm agus modh na faisnéise atá le foilsiú, lena n‑áirítear sásraí deimhnithe cáilíochta a d'fhéadfadh a bheith ann. Féadfaidh an Coimisiún na paraiméadair, sainmhínithe agus modhanna tomhais atá leagtha amach in Iarscríbhinn III de Threoir 2002/22/CE a chur san áireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

3. Beidh fáil ag críoch-úsáideoirí ar uirlisí meastóireachta neamhspleáiche lena bhféadfaidh siad comparáid a dhéanamh idir fheidhmíocht na rochtana líonra agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus ar an gcostas a bhaineann le patrúin úsáide mhalartacha. Chuige sin, bunóidh na Ballstáit scéim deimhniúcháin dheonach do shuíomhanna gréasáin idirghníomhacha, treoirleabhair nó uirlisí cosúla. Bronnfar an deimhniú ar bhonn ceanglas oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach, go háirithe neamhspleáchas ar aon soláthraí de chumarsáid don phobal, úsáid teanga soiléire, soláthar faisnéise iomláine agus chun dáta, agus oibriú nós imeachta éifeachtach le haghaidh gearán. I gcás nach bhfuil saoráidí comparáide deimhnithe le fáil saor in aisce nó ar phraghas réasúnta ar an margadh, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis náisiúnta inniúla eile na saoráidí sin ar fáil iad féin nó trí thriú páirtithe i gcomhréir leis na ceanglais deimhniúcháin. Beidh an fhaisnéis a fhoilsíonn soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal ar fáil, saor in aisce, ar mhaithe le saoráidí comparáide a chur ar fáil.

4. Arna iarraidh sin do na húdaráis ábhartha phoiblí, dáilfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal faisnéis ar mhaithe le leas an phobail saor in aisce ar chríoch-úsáideoirí, más iomchuí, trí na modhanna céanna a úsáideann siad go hiondúil ina gcumarsáid le críoch-úsáideoirí. I gcás mar sin, cuirfidh na húdaráis ábhartha phoiblí an fhaisnéis sin ar fáil do na soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal i bhformáid chaighdeánach agus féadfar a áireamh inti, inter alia, na topaicí seo a leanas:

(a) na húsáidí is coitianta a bhaintear as seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun dul i mbun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó chun ábhar díobhálach a scaipeadh, go háirithe i gcás ina bhféadfadh na húsáidí sin dochar a dhéanamh d'urramú ceart agus saoirse daoine eile, lena n‑áirítear sáruithe ar chearta cosanta sonraí, cóipcheart agus cearta lena mbaineann, agus na hiarmhairtí dlí a bheadh acu; agus

(b) trí bhíthin cosanta in aghaidh rioscaí do shlándáil phearsanta agus rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí in úsáid.

Airteagal 26 – Ceanglais faisnéise maidir le conarthaí

1. Sula mbeidh conradh maidir le soláthar naisc le líonra poiblí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí ina cheangal, cuirfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal ar fáil do chustaiméirí, agus do chríoch-úsáideoirí eile ach amháin má tá a mhalairt comhaontaithe acu go soiléir, an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) aitheantas, seoladh agus faisnéis teagmhála an tsoláthraí agus, má tá siad difriúil, seoladh agus faisnéis teagmhála le haghaidh gearán;

(b) príomh‑shaintréithe na seirbhísí arna gcur ar fáil, lena n‑áirítear go háirithe:

(i) i gcás gach plean taraife, na cineálacha seirbhísí a thairgtear, na toirteanna cumarsáide atá san áireamh agus na paraiméadair ábhartha ar fad i leith cáilíochta seirbhíse, lena n‑áirítear an tréimhse don chéad nasc;

(ii) an bhfuil rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus faisnéis eile faoi shuíomh an ghlaoiteora á gcur ar fáil, agus má tá, cé na Ballstáit ina bhfuiltear á gcur ar fáil, agus aon srianta le soláthar seirbhísí éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir 2002/22/CE;

(iii) na cineálacha seirbhísí iardhíola, seirbhísí cothabhála agus seirbhísí tacaíochta custaiméara atá á gcur ar fáil, na coinníollacha agus na muirir ar na seirbhísí sin, agus na bealaí chun dul i dteagmháil leis na seirbhísí sin;

(iv) aon srianta arna bhforchur ag an soláthraí le húsáid a bhaint as an trealamh críochfoirt arna sholáthar, lena n‑áirítear faisnéis faoi dhíghlasáil an trealaimh chríochfoirt agus aon mhuirir lena mbaineann má chuirtear deireadh leis an gconradh roimh dheireadh na híostréimhse conartha;

(c) mionsonraí faoi na praghsanna agus taraifí (do chustaiméirí lena n‑áirítear cáin agus muirir bhreise a d'fhéadfadh a bheith dlite) agus na modhanna trína gcuirtear faisnéis cothrom le dáta faoi na taraifí agus muirir ar fad is infheidhme ar fáil;

(d) na modhanna íocaíochta a thairgtear agus aon éagsúlachtaí costais mar gheall ar an modh íocaíochta, agus na saoráidí atá ar fáil chun trédhearcacht billí a chosaint agus faireachán a dhéanamh ar an leibhéal úsáide;

(e) tréimhse an chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus deireadh a chur leis, lena n‑áirítear:

(i) aon íos‑úsáid nó íostréimhse atá faoi cheangal chun tairbhe a bhaint as téarmaí maidir le hardú céime;

(ii) aon mhuirir a bhaineann le hathrú agus inaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí eile, lena n‑áirítear socruithe cúitimh i gcás moille ar an athrú nó i gcás mí‑úsáid a bhaint as an athrú;

(iii) aon mhuirir a bheadh dlite dá gcuirfi deireadh leis an gconradh roimh dhul in éag an chonartha, lena n‑áirítear aon ghnóthú costas i ndáil le trealamh críochfoirt (ar bhonn modhanna gnáth‑dhímheasa) agus buntáistí eile maidir le hardú céime (ar bhonn pro rata temporis);

(f) aon socruithe cúitimh agus aisíocaíochta, lena n‑áirítear tagairt shoiléir do chearta reachtúla an chríoch-úsáideora, a bhfuil feidhm acu mura gcomhlíontar na leibhéil cáilíochta seirbhíse sa chonradh;

(g) i gcás ina bhfuil oibleagáid ann i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir 2002/22/CE, roghanna an chríoch-úsáideora maidir le cé acu ba cheart a shonraí pearsanta a chur in eolaire nó nár cheart, agus na sonraí lena mbaineann;

(h) i gcás críoch-úsáideoirí atá faoi mhíchumas, mionsonraí na dtáirgí agus na seirbhísí a ceapadh dóibh;

(i) na modhanna maidir le tús a chur le nósanna imeachta chun díospóidí a réiteach, lena n‑áirítear díospóidí trasteorann, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Threoir 2002/22/CE agus Airteagal 22 den Rialachán seo;

(j) an cineál gníomhaíochta a d'fhéadfadh an soláthraí a dhéanamh agus é ag freagairt d'eachtraí nó bagairtí slándála nó sláine agus leochaileachtaí.

2. Anuas ar mhír 1, cuirfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal ar fáil do chríoch-úsáideoirí, ach amháin má chomhaontaíonn críoch-úsáideoir nach custaiméir é a mhalairt, an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i ndáil lena seirbhísí rochtana idirlín:

(a) leibhéal na srianta le toirt sonraí is infheidhme, más ann dóibh; na praghsanna maidir leis an toirt sonraí atá ar fáil a mhéadú ar bhonn ad hoc nó fadtréimhseach; an luas sonraí, agus an costas a bhaineann leis, atá ar fáil tar éis an toirt sonraí is infheidhme a úsáid go hiomlán, má tá sí teoranta; agus conas is féidir le críoch-úsáideoirí faireachán a dhéanamh tráth ar bith ar leibhéal reatha a n‑úsáide;

(b) an luas sonraí iarbhír atá ar fáil le híoslódáil agus le huaslódáil i bpríomhshuíomh an chríoch-úsáideora, lena n‑áirítear raonta luais iarbhír, meáin luais agus luais buaic‑ama, lena n-áirítear an tionchar féideartha má thugtar rochtain trí líonra ceantair logánta raidió tríú páirtithe;

(c) paraiméadair eile i leith cáilíochta seirbhíse;

(d) faisnéis maidir le haon nósanna imeachta a chuireann an soláthraí i bhfeidhm chun trácht a thomhas agus a mhúnlú chun plódú líonra a sheachaint, agus faisnéis faoi conas a d'fhéadfadh na nósanna imeachta sin difear a dhéanamh do cháilíocht seirbhíse agus do chosaint sonraí pearsanta;

(iii) míniú soiléir agus sothuigthe ar conas is féidir le haon srian le toirt, an luas iarbhír atá ar fáil agus paraiméadair eile i leith cáilíochta seirbhíse, agus úsáid chomhuaineach seirbhísí speisialaithe a bhfuil cáilíocht fheabhsaithe seirbhíse ag baint leo, difear praiticiúil a dhéanmh d'úsáid an ábhair, na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí.

3. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ar fáil ar bhealach soiléir, cuimsitheach agus ar bhealach is féidir a rochtain go héasca i dteanga oifigiúil de chuid Bhallstát cónaithe an chríoch-úsáideora, agus tabharfar an fhaisnéis cothrom le dáta go rialta. Beidh an fhaisnéis sin mar chuid dhílis den chonradh agus ní dhéanfar í a athrú ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe conarthacha a mhalairt go soiléir. Gheobhaidh an críoch-úsáideoir cóip den chonradh i scríbhinn.

4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear mionsonraí na gceanglas faisnéise atá liostaithe i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

5. Sa chonradh freisin, arna iarraidh sin do na húdaráis ábhartha phoiblí, beidh aon fhaisnéis arna cur ar fáil ag na húdaráis sin chun na críche sin faoi úsáid líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun dul i mbun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó chun ábhar díobhálach a scaipeadh, agus faoi na modhanna cosanta in aghaidh rioscaí do shlándáil phearsanta agus próiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta, dá dtagraítear in Airteagal 25(4) agus atá ábhartha maidir leis an tseirbhís arna cur ar fáil.

Airteagal 27 – Úsáid a rialú

1. Tabharfaidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal an deis do chríoch-úsáideoirí saoráid a roghnú, saor in aisce, a chuireann faisnéis ar fáil faoi úsáid charnach seirbhísí cumarsáide leictreonaí éagsúla san airgeadra ina ndéanfar an críoch-úsáideoir a bhilleáil. Áiritheofar leis an tsaoráid sin, gan toiliú an chríoch-úsáideora, nach sáróidh an caiteachas carnach thar thréimhse shonraithe teorainn shonraithe airgeadais arna socrú ag an gcríoch-úsáideoir.

2. Áiritheoidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal go dtabharfar fógra iomchuí don chríoch-úsáideoir nuair a bhainfidh úsáid na seirbhíse 80 % den teorainn airgeadais arna socrú i gcomhréir le mír 1 amach. Léireofar san fhógra an nós imeachta atá le leanúint chun soláthar na seirbhísí sin, lena n‑áirítear an costas a bhaineann leo, a choinneáil. Éireoidh an soláthraí as na seirbhísí sonraithe a sholáthar agus an críoch-úsáideoir a mhuirearú as más rud é go sárófaí an teorainn airgeadais ar bhealach eile, ach amháin má iarrann an críoch-úsáideoir, nó go dtí go n‑iarrfaidh sé, soláthar leanúnach nó athnuaite na seirbhísí sin. Tar éis an teorainn airgeadais a bhaint amach, beidh críoch-úsáideoirí fós in ann glaonna agus teachtaireachtaí SMS a fháil agus uimhreacha saorghlaonna agus seirbhísí éigeandála a rochtain tríd an uimhir éigeandála Eorpach 112 a dhiailiú saor in aisce go dtí deireadh na tréimhse billeála comhaontaithe.

3. Cuirfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, go díreach roimh an nglao a cheangal, ar chumas críoch-úsáideoirí faisnéis a rochtain go héasca, agus gan aon chostais a thabhú, faoi tharaifí is infheidhme maidir le haon uimhir nó seirbhís faoi réir coinníollacha praghsála ar leith ach amháin má tá maolú tugtha roimhe sin ag an údarás rialála náisiúnta ar chúiseanna comhréireachta. Cuirfear aon fhaisnéis den chineál sin ar fáil ar bhealach inchomparáide do na huimhreacha nó seirbhísí ar fad den chineál sin.

4. Tabharfaidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal an deis do chríoch-úsáideoirí an rogha a dhéanamh, saor in aisce, billí miondealaithe a fháil.

Airteagal 28 – Deireadh a chur le conradh

1. I gconarthaí a thugtar i gcrích idir custaiméirí agus soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, ní dhéanfar foráil maidir le híostréimhse a théann thar 24 mí. Tairgfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal an deis do chríoch-úsáideoirí conradh a thabhairt i gcrích ina bhfuil uastréimhse 12 mhí.

2. Beidh sé de cheart ag custaiméirí, agus ag críoch-úsáideoirí eile ach amháin má chomhaontaíonn siad a mhalairt, deireadh a chur le conradh a bhfuil tréimhse fógra míosa i gceist leis, i gcás ina bhfuil sí mhí nó níos mó caite ó tugadh an conradh i gcrích. Ní bheidh aon chúiteamh dlite seachas luach iarmharach an trealaimh fóirdheontais a cuachadh leis an gconradh tráth a tugadh an conradh i gcrích agus aisíocaíocht pro rata temporis i dtaca le haon bhuntáistí eile maidir le hardú céime a sonraíodh tráth a tugadh an conradh i gcrích. Cuirfidh an soláthraí deireadh le haon srian le trealamh críochfoirt a úsáid ar líonraí eile, saor in aisce, tráth a íoctar an cúiteamh sin ar a dheireanaí.

3. I gcás ina ndéantar foráil sna conarthaí nó sa dlí náisiúnta maidir le síneadh a chur le tréimhsí conarthaí ar bhealach intuigthe, cuirfidh soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal an críoch-úsáideoir ar an eolas in am trátha ionas go mbeidh aon mhí amháin ar a laghad ag an gcríoch-úsáideoir chun cur in aghaidh sínidh intuigthe. Mura gcuirfidh an críoch-úsáideoir ina aghaidh, measfar an conradh a bheith ina chonradh buan ar féidir leis an gcríoch-úsáideoir deireadh a chur leis tráth ar bith le tréimhse fógra míosa agus gan aon chostais a thabhú.

4. Beidh sé de cheart ag críoch-úsáideoirí deireadh a chur lena gconradh gan aon chostais a thabhú tar éis fógra a fháil faoi na hathruithe ar choinníollacha an chonartha atá beartaithe ag an soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal ach amháin más chun sochair don chríoch-úsáideoir amháin na hathruithe atá beartaithe. Tabharfaidh na soláthraithe fógra leordhóthanach do na críoch-úsáideoirí, fógra nach lú ná aon mhí amháin, faoi aon athrú den chineál sin, agus cuirfidh siad ar an eolas iad go comhuaineach faoina gceart deireadh a chur lena gconradh gan costais a thabhú mura nglacann siad leis na coinníollacha nua. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2.

5. Measfar aon neamhréireacht shuntasach agus neamhshealadach idir an fheidhmíocht iarbhír maidir le luas nó paraiméadair eile i leith cáilíochta agus an fheidhmíocht arna cur in iúl ag an soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal i gcomhréir le hAirteagal 26 mar neamhchomhréireacht feidhmíochta chun leigheasanna an chríoch-úsáideora a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

6. Ní chuirfidh síntiús le seirbhísí breise arna gcur ar fáil ag an soláthraí céanna cumarsáide leictreonaí don phobal tús in athuair leis an tréimhse chonartha tosaigh ach amháin má théann an praghas atá ar na seirbhísí breise thar an bpraghas atá ar an seirbhísí tosaigh go mór nó má thairgtear na seirbhísí breise ar phraghas speisialta fógartha a bhaineann leis an gconradh atá ann cheana a athnuachan.

7. Cuirfidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal coinníollacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm maidir le deireadh a chur le conradh, coinníollacha agus nósanna imeachta nach gcruthóidh bacainní ar sholáthraí seirbhíse a athrú ná dídhreasachtaí ina aghaidh.

Airteagal 29 – Tairiscintí cuachta

Má chuimsíonn cuach seirbhísí arna tairiscint do thomhaltóirí nasc chuig líonra cumarsáide leictreonaí nó seirbhís cumarsáide leictreonaí amháin, beidh feidhm ag Airteagal 28 agus Airteagal 30 den Rialachán seo maidir le gach gné den chuach.

Caibidil V Athrú soláthraithe a éascú

Airteagal 30 – Uimhreacha a athrú agus inaistritheacht uimhreacha

1. Beidh sé de cheart ag gach críoch-úsáideoir a bhfuil uimhir aige ó phlean náisiúnta uimhrithe teileafón a uimhir a choinneáil neamhspleách ar an soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal a chuireann an tseirbhís ar fáil i gcomhréir le Cuid C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/22/CE, má iarrann sé a leithéid, ar choinníoll gur soláthraí cumarsáide leictreonaí an soláthraí sa Bhallstát lena mbaineann an plean uimhrithe náisiúnta nó gur soláthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach é a bhfuil fógra tugtha aige d'údarás rialála inniúil an Bhallstáit bhaile go gcuireann sé na seirbhísí sin ar fáil, nó go bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil, sa Bhallstát lena mbaineann an plean náisiúnta uimhrithe.

2. Beidh an phraghsáil idir soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal a bhaineann le soláthar inaistritheachta uimhreacha dírithe ar chostas, agus ní bheidh athruithe díreacha ar chríoch-úsáideoirí, más ann dóibh, mar dhídhreasacht do chríoch-úsáideoirí in aghaidh an soláthraí a athrú.

3. Déanfar uimhreacha a aistriú agus a ghníomhachtú laistigh den tréimhse is giorra is féidir. I gcás críoch-úsáideoirí a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu maidir le huimhir a aistriú go soláthraí nua, déanfar an uimhir sin a ghníomhachtú laistigh d'aon lá oibre amháin tar éis an comhaontú sin a thabhairt i gcrích. Ní mhairfidh an easpa seirbhíse le linn phróiseas an aistrithe, más ann di, níos faide ná aon lá oibre amháin.

4. Beidh an soláthraí fála cumarsáide leictreonaí don phobal ina cheann feadhna ar an bpróiseas athraithe agus aistrithe. Gheobhaidh na críoch-úsáideoirí faisnéis leordhóthanach faoin athrú roimh an bpróiseas athraithe, agus lena linn, agus go díreach tar éis é a thabhairt i gcrích freisin. Ní aistreofar críoch-úsáideoirí go soláthraí eile in aghaidh a dtola.

5. Cuirfear deireadh uathoibríoch le conarthaí na gcríoch-úsáideoirí le soláthraithe aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal tar éis an t‑athrú a thabhairt i gcrích. Déanfaidh soláthraithe aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal aon chreidmheas atá fanta a aisíoc le tomhaltóirí trí sheirbhísí réamhíoctha a úsáid.

6. Beidh oibleagáid ar sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal a chuireann moill ar an athrú nó a bhaineann mí‑úsáid as, lena n‑áirítear gan an fhaisnéis is gá chun uimhreacha a aistriú i dtráth cuí a chur ar fáil, cúiteamh a thabhairt do chríoch-úsáideoirí a mbaineann moill nó mí‑úsáid den chineál sin dóibh.

7. I gcás ina bhfuil ríomhphost arna chur ar fáil ag an soláthraí aistrithe ag an gcríoch-úsáideoir atá ag aistriú go soláthraí rochtana idirlín nua, cuirfidh an soláthraí aistrithe, arna iarraidh sin ag an gcríoch-úsáideoir, gach teachtaireacht ríomhphoist arna seoladh chuig iarsheoladh ríomhphoist an chríoch-úsáideora go ceann 12 mhí ar aghaidh, saor in aisce, chuig aon seoladh ríomhphoist arna chur in iúl ag an gcríoch-úsáideoir. Cuimseoidh an tseirbhís sin chun ríomhphoist a chur ar aghaidh teachtaireacht uathfhreagartha chuig gach seoltóir ríomhphost ina gcuirtear ar an eolas iad faoi sheoladh ríomhphoist nua an chríoch-úsáideora. Beidh sé de rogha ag an gcríoch-úsáideoir a iarraidh nach gcuirfí an seoladh ríomhphoist nua in iúl i dteachtaireacht uathfhreagartha.

Tar éis na tréimhse 12 mhí tosaigh, tabharfaidh an soláthraí aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal rogha don chríoch-úsáideoir síneadh a chur leis an tréimhse ina gcuirtear ríomhphoist ar aghaidh, ar tháille más gá. Ní leithdháilfidh an soláthraí aistrithe cumarsáide leictreonaí don phobal seoladh ríomhphoist tosaigh an chríoch-úsáideora ar chríoch-úsáideoir eile roimh thréimhse dhá bhliain a bheith caite tar éis deireadh a chur leis an gconradh, agus i gcás ar bith le linn na tréimhse ina bhfuil síneadh curtha leis an tseirbhís chun ríomhphoist a chur ar aghaidh.

8. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla an próiseas domhanda athraithe agus aistrithe a bhunú, lena n‑áirítear soláthar smachtbhannaí iomchuí ar sholáthraithe agus cúitimh do chríoch-úsáideoirí. Tabharfaidh siad aird ar chosaint críoch-úsáideoirí is gá le linn an phróisis athraithe agus ar an ngá atá le héifeachtúlacht na bpróiseas sin a áirithiú.

Caibidil VI Forálacha eagraíochtúla agus críochnaitheacha

Airteagal 31 Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 1 Iúil 2016 ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.

Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí Eorpacha, gearrfar pionóis orthu i gcomhréir le Caibidil II maidir le hinniúlachtaí na n‑údarás rialála náisiúnta sna Ballstáit bhaile agus sna Ballstáit óstacha.

Airteagal 32- Cumhachtaí a tharmligean

1. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2. Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus in Airteagal 19(5), tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse neamhchinntithe ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus in Airteagal 19(5) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhman lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 17(2) agus Airteagal 19(5) i bhfeidhm ach amháin más rud é nach bhfuil aon agóid léirithe ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a cuireadh an gníomh sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 33 ‑ Nós imeachta coiste

1. Beidh an Coiste Cumarsáide a bunaíodh le hAirteagal 22(1) de Threoir 2002/21/CE de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír sin, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 34 ‑ Leasuithe ar Threoir 2002/20/CE

In Airteagal 3(2), scriostar an dara fomhír.

Airteagal 35 ‑ Leasuithe ar Threoir 2002/21/CE

Leasaítear Treoir 2002/21/CE mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 1, cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas:

ʻDéanfar an Treoir seo agus na Treoracha Sonracha a léiriúmhíniú agus a chur chun feidhme i dteannta fhoralácha Rialachán Uimh. [XX/2014].ʼ

(2) Leasaítear Airteagal 7 a mar a leanas:

– (a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

ʻ1. I gcás ina bhfuil sé i gceist le beart beartaithe arna chumhdach ag Airteagal 7(3)oibleagáid ar oibreoir a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar le cur i bhfeidhm Airteagal 16 den Treoir seo i dteannta Airteagal 5, agus Airteagal 9 go dtí Airteagal 13 de Threoir 2002/19/CE (an Treoir Rochtana), agus i dteannta Airteagal 17 de Threoir 2002/22/CE (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch), féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse míosa dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) den Treoir seo, fógra a thabhairt don údarás rialála náisiúnta lena mbaineann agus do BEREC i leith na gcúiseanna atá aige lena mheas go gcuirfeadh an dréachtbheart bac leis an margadh aonair nói leith an amhrais tromchúisigh atá air i ndáil le mar a luíonn sé le dlí an Aontais, agus aird á tabhairt mar is iomchuí le haon Mholadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 19(1) den Treoir seo i dtaca le cur i bhfeidhm comhchuibhithe fhoralácha sonracha na Treorach seo agus na dTreoracha Sonracha. Ina leithéid sin de chás, ní ghlacfar an dréachtbheart go ceann trí mhí eile tar éis fhógra an Choimisiúin.ʼ

– (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

ʻ2. Laistigh den tréimhse trí mhí dá dtagraítear in alt 1, comhoibreoidh an Coimisiún, BEREC agus an t‑údarás rialála náisiúnta ábhartha lena mbaineann go dlúth lena chéile chun an beart is iomchuí agus is éifeachtaí a shainaithint i bhfianaise na gcuspóirí arna leagan síos in Airteagal 8, agus aird faoi leith á tabhairt ar dhearcthaí na rannpháirtithe sa mhargadh agus an gá atá leis an bhforbairt ar chleachtas comhsheasmhach rialála a áirithiú. Nuair atá sé i gceist leis an mbeart beartaithe oibleagáid ar sholathraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar de réir bhrí Rialachán [XXX/2014]i mBallstát baile, féadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta ón mBallstát baile a bheith rannpháirteach sa phróiseas comhair.ʼ

– (i) i mír 5, cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

ʻ(aa) cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an údarás rialála náisúnta lena mbaineann an dréachtbheart a tharraingt siar, mar aon le bearta sonracha lena leasú, nuair atá sé i gceist leis an mbeart beartaithe oibleagáid ar sholáthraí cumarsáide leictreonaí Eorpach a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar de réir bhrí Rialachán [XXX/2014].ʼ

– (d) cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 6:

ʻBeidh feidhm ag Airteagal 7(6) sna cásanna sin ina nglacann an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le mír 5 pointe (aa)ʼ.

(3) Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

– (a) cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach idir an chéad agus an dara fomhír de mhír 1:

ʻAgus measúnú á dhéanamh an bhfuil na tréithe ag margadh faoi leith a d’fhéadfadh bonn cirt a thabhairt le hoibleagáidí rialála ex-ante a fhorchur air, agus an gá dá dheasca sin é a áireamh sa Mholadh, tabharfaidh an Coimisiún aird go háirithe ar an ngá atá le rialáil chóineasaithe ar fud an Aontais, ar an ngá atá le hinfheistíocht agus nuálaíocht a chur chun cinn chun leas críoch‑úsáideoirí agus iomaíochas domhanda gheilleagar an Aontais, agus ar ábharthacht an mhargaidh lena mbaineann, mar aon le tosca eile amhail an iomaíocht atá ann cheana bunaithe ar an mbonneagar ar leibhéal an mhiondíola, iomaíocht maidir le praghsanna, rogha agus cáilíocht na dtáirgí arna dtairiscint do chríoch‑úsáideoirí. Déanfaidh an Coimisiún gach srian iomaíochta a mheas, is cuma má mheastar na gréasáin, na seirbhísí nó na feidhmchláir a fhorchuireann srianta den sórt sin a bheith ina líonraí cumarsáide leictreonaí, ina seirbhísí cumarsáide leictreonaí, nó i gcineál eile seirbhíse nó feidhmchláir atá inchurtha ó thaobh an chríoch‑úsáideora de, chun é a chinneadh, mar ghnáthchúrsa san Aontas nó i gcuid shuntasach den Aontas, an gcomhlíontar na trí chritéar seo a leanas go carnach :

(a) bacainní struchtúracha, dlíthiúla nó rialála ar iontráil atá mór agus neamhshealadach a bheith ann:

(b)ní gnách do struchtúr an mhargaidh cur le hiomaíocht éifeachtach laistigh den spriocdháta ábhartha, ag féachaint do chúrsaí iomaíochta atá bunaithe ar an mbonneagar agus ar chúrsaí eile taobh thiar de na bacainní ar iontráil;

(c) ní leor dlí na hiomaíochta amháin chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar theip(eanna)sa mhargadh.ʼ

– (b) cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 3:

ʻ Agus a chuid cumhachtaí de bhun Airteagal 7 á gcur i bhfeidhm aige, déanfaidh an Coimisiún a fhíorú an gcomhlíontar go carnach na trí chritéar atá leagtha amach i mír 1 agus athbhreithniú á dhéanamh ar chomhoiriúnacht le dlí an Aontais dréachtbheart a ina mbaintear an méid seo a leanas de thátal:

(a) go mbeadh tréithe ag margadh faoi leith nach sainaithnítear sa Mholadh a thugann bonn cirt le forchur oibleagáidí rialála, i ndálaí sonracha náisiúnta; nó

b) nach bhfuil aon ghá le rialachán sna dálaí sonracha náisiúnta i gcás margaidh a shainaithnítear sa Mholadh.ʼ

(4) Leasaítear an chéad mhír d'Airteagal 19 mar seo a leanas:

ʻ Gan dochar d’Airteagal 9 den Treoir seo ná d’Airteagal 6 ná d’Airteagal 8 de Threoir 2002/20/CE (Treoir maidir le hÚdarú), i gcás ina shuíonn an Coimisiún go bhféadfadh éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na gcúraimí rialála ag na húdaráis rialála náisiúnta dá sonraítear sa Treoir seo, sna Treoracha Sonracha agus i Rialachán Uimh. [XX/2014] bacainn a chruthú ar an margadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, moladh nó cinneadh a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm comhchuibhithe fhorálacha na Treorach seo, na dTreoracha Sonracha agus Rialachán Uimh. [XX/2014] chun dlús a chur leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 8.ʻ

Airteagal 36 ‑ Leasuithe ar Threoir 2002/22/CE

1. Le héifeacht ón 1 Iúil 2016, leasaítear Treoir 2002/22/CE mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 1 (3), scriostar an chéad abairt.

(2) Scriostar Airteagail 20, 21, 22, agus 30.

2. Coimeádfaidh na Ballstáit gach beart lena dtrasuítear na forálacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm go dtí 1 Iúil 2016.

Airteagal 37 ‑ Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 531/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 1(1), cuirtear isteach an tríú fomhír seo a leanas:

ʻ Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí fánaíochta arna soláthar do chríoch‑úsáideoirí san Aontas ar soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí don phobal i mBallstát é a soláthraí baile.ʻ

(2) In Airteagal 2 (2), cuirtear isteach pointe (r) seo a leanas:

ʻ(r) ciallaíonn "comhaontú déthaobhach nó iltaobhach fánaíochta" comhaontú amháin tráchtála nó teicniúil, nó níos mó, ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta lena gceadaítear leathadh fíorúil ar an gcumhdach líonra baile agus ar sholáthar inbhuanaithe seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte ag gach soláthraí de sheirbhísí fánaíochta ar an leibhéal praghais céanna lena seirbhísí baile cumarsáide soghluaiste faoi seach.ʻ

(3) In Airteagal 4, cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:

ʻ7.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí fánaíochta a sholáthraíonn seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 4a.ʻ

(4) Cuirtear isteach Airteagal 4a mar seo a leanas:

ʻAirteagal 4a

1. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthraithe de sheirbhísí fánaíochta, más rud é:

(a) go gcuireann siad, trí mhainneachtain agus i ngach ceann dá bpacáistí miondíola ina n‑áirítear seirbhísí fánaíochta rialáilte, an ráta seirbhíse baile is infheidhme i bhfeidhm ar na seirbhísí baile agus ar na seirbhísí fánaíochta rialáilte ar fud an Aontais, amhail is a úsáideadh na seirbhísí ar an líonra baile; agus

(b)go n‑áirithíonn siad, bíodh sin trína líonraí féin nó de bhua comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta le soláthraithe eile de sheirbhísí fánaíochta, go gcomhlíonann soláthraí amháin ar a laghad de sheirbhísí fánaíochta i ngach Ballstát forálacha phointe (a).

2. Ní fhágann mír 1, mír 6 agus mír 7 nach gcuirfidh soláthraí de sheirbhísí fánaíochta srian ar úsáid seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte ag an ráta seirbhíse baile is infheidhme faoi threoir critéir i ndáil le húsáid réasúnta. Cuirfear aon chritéar i ndáil le húsáid réasúnta i bhfeidhm ar shlí a mbeidh tomhaltóirí, a bheidh ag baint leas as pacáistí miondíola baile faoi seach an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta, in ann macasamhail an ghnáthphatrúin úsáide baile a bhaineann lena bpacáiste miondíola baile féin a fháil gan stró agus turas á dhéanamh acu anois is arís laistigh den Aontas. I gcomhréir le hAirteagal 25(1)(b) de Rialachán XXX/2014, agus i gcomhréir le hAirteagail 26(1)(b) agus (c) den Rialachán sin faoi seach, foilseoidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a bheidh ag baint leas as an deis sin, agus áireoidh sé ina chonarthaí, faisnéis mhionsonraithe chainníochtaithe faoi conas a chuirtear an critéar i ndáil le húsáid réasúnta i bhfeidhm, faoi threoir na bpríomhpharaiméadar a bhaineann le praghsáil, líon nó aon pharaméadar eile i leith an phacáiste mhiondála i dtrácht.

Faoin 31 Nollaig 2014, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leagfaidh BEREC síos treoirlínte ginearálta do chur i bhfeidhm critéar i ndáil le húsáid réasúnta sna conarthaí miondíola arna soláthar ag soláthraithe de sheirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo. Is faoi threoir na gcuspóirí foriomlána arna leagan amach sa chéad fhomhír a dhéanfaidh BEREC na treoirlínte sin a fhorbairt, agus aghaidh á tabhairt go háirithe ar fhorfhás patrún praghsála agus úsáide sna Ballstáit, ar an méid cóineasaithe atá ann i ndáil le leibhéil praghsanna baile ar fud an Aontais, maidir le haon éifeacht inbhraite a bheadh ag an bhfánaíocht ag na rátaí seirbhísí baile ar fhorfhás na rátaí sin, agus ar fhorfhás rátaí fánaíochta mórdhíola do thrácht neamhchothrom idir soláthraithe de sheirbhísí fánaíochta.

Déanfaidh an t‑údarás inniúil rialála náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar chur i bhfeidhm na gcritéar úsáide réasúnach, agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte ginearálta BEREC a luaithe is a ghlacfar iad, agus áiritheofar nach gcuirfear aon tearmaí míréasúnta i bhfeidhm.

3. Féadfaidh críoch‑úsáideoirí ar leith a fhaigheann seirbhís ó sholáthraí a bhaineann leas as an Airteagal seo, arna iarraidh sin dóibh féin, rogha a dhéanamh d’aon ghnó agus go sainraite tarraingt siar ón tairbhe a bhaineann leis an ráta seirbhíse baile is infheidhme faoi phacáiste miondíola ar leith a ghabhann le seirbhísí fánaíochta rialáilte ar mhaithe le tairbhí eile arna dtairiscint ag an soláthraí sin. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta i gcuimhne do na críoch‑úsáideoirí sin cineál na mbuntáistí ar sheirbhísí fánaíochta a chaillfí dá ndéanfaí amhlaidh. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán féachaint go háirithe an mbíonn soláthraithe de sheirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo rannpháirteach i gcleachtais ghnó lena bhféadfaí dul timpeall ar an gcóras réamhshocraithe.

4. Ní bheidh feidhm ag muirir fánaíochta miondíola rialáilte arna leagan síos in Airteagail 8, Airteagal 10 agus in Airteagal 13 maidir le seirbhísí fánaíochta arna dtairiscint soláthraí seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo sa mhéid go ndéantar iad sin a mhuirearú ar leibhéal an ráta seirbhíse baile is infheidhme.

I gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo muirir i bhfeidhm ar muirir iad atá éagsúil ón ráta seirbhíse baile is infheidhme maidir le húsáid seirbhísí fánaíochta rialáilte ar mó iad ná úsáid réasúnta na seirbhísí sin i gcomhréir le mír 2, nó i gcás ina dtréigeann críoch‑úsáideoir ar leith an tairbhe a bhaineann le rátaí seirbhíse baile i leith seirbhísí fánaíochta rialáilte i gcomhréir le mír 3, ní rachaidh na muirir ar na seirbhísí fánaíochta rialáilte thar na muirir fánaíochta mhiondíola atá leagtha síos in Airteagal 8, Airteagal 10 agus ná Airteagal 13.

5. Soláthraí seirbhísí fánaíochta atá ag iarraidh leas a bhaint as an Airteagal seo, déanfaidh sé fógra faoina dhearbhú féin agus faoi aon chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha arb é dá mbua a chomhlíonann sé coinníollacha mhír 1, agus aon athrú a dhéanfar orthu, a chur chuig Oifig BEREC. Beidh ar áireamh san fhógra ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta atá ag tabhairt an fhógra cruthúnas den chomhaontú leis an bhfógra sin a rinne aon pháirtithe conarthacha sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta a tugadh fógra ina leith.

6. Le linn na tréimhse ó 1 Iúil 2014 go dtí 30 Meitheamh 2016, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na soláthraithe seirbhísí fánaíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i mír 1, nuair a ghlacann siad leis na coinníollacha seo a leanas:

(a) déanfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra faoina dhearbhú féin agus faoi aon comhaontaithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta ábhartha a thabhairt d’Oifig BEREC, agus tagairt shonrach á déanamh don mhír seo;

(b) áiritheoidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta, bíodh sé trína líonraí féin nó de bhua comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta le soláthraithe eile seirbhísí fánaíochta, gur comhlíonadh coinníollacha phointí (c), (d) agus (e) i 17 mBallstát ar a laghad, arb ionann é agus ionadaíocht ar 70% de phobal an Aontais;

(c) geallann an soláthraí seirbhísí fánaíochta agus aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí phointe (b) araon go ndéanfaidh siad, ón 1 Iúil 2014 ar aghaidh ar a dhéanaí, nó ó dháta an fhógra, cibé acu is déanaí, pacáiste amháin miondíola ar a laghad a chur ar fáil agus a thairiscint go beo ar pacáiste é ag a bhfuil feidhm maidir leis an ráta seirbhíse baile is infheidhme ar na seirbhísí baile agus ar na seirbhísí fánaíochta rialáilte ar fud an Aontais, amhail is go raibh na seirbhísí fánaíochta rialáilte sin á n‑úsáid ar an líonra baile;

(d) geallann an soláthraí seirbhísí fánaíochta agus aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí phointe (b) araon go ndéanfaidh siad, ar a dhéanaí ón 1 Iúil 2015 ar aghaidh, nó ó dháta an fhógra, cibé acu is déanaí, roghanna taraifí a chur ar fáil, a bhí in úsáid ag 50% faoi seach ar a laghad dá mbonn custaiméirí ar 1 Eanáir na bliana sin;

(e) geallann an soláthraí seirbhísí fánaíochta agus aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí phointe (b) araon go gcomhlíonfaidh siad a bhfuil i mír 1(b) i ngach ceann dá bpacáistí miondíola, ón 1 Iúil 2016 ar aghaidh ar a dhéanaí.

Mar mhalairt ar an ngealltanas dá dtagraítear ag pointe (d), ón 1 Iúil 2015 ar aghaidh, nó ó dháta an fhógra, cibé acu is déanaí, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta agus aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí phointe (b) a bhaineann leas as an Airteagal seo gealltanas a thabhairt, nach mó aon fhormhuirear fánaíochta a chuirtear i bhfeidhm sa bhreis ar an ráta seirbhíse baile is infheidhme ina phacáistí éagsúla miondíola, go comhiomlán, ná 50% é de na táillí ab infheidhme sna pacáistí sin an 1 Eanáir 2015, bíodh na muirir sin ríofa ar bhonn aonad amhail nóiméid ghuthghlaonna nó meigibhearta, nó ar bhonn tréimhsí amhail laethanta nó seachtainí fánaíochta, nó ar aon tslí eile nó meascán díobh. Léireoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta atá ag brath ar an bpointe seo don údarás rialála náisiúnta go gcomhlíonann siad an ceangal i dtaca le laghdú 50% agus go soláthróidh siad gach fianaise thacaíochta is gá a lorgaítear uathu.

I gcás ina dtugann an soláthraí seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo fógra faoina dhearbhú féin agus ina dtugann aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí phointe (b) fógra faoi aon chaomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta d’Oifig BEREC de bhun phointe (a) den chéad fhomhír agus go dtagann siad faoin mír seo dá bharr, beidh de cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta a thug an fógra agus ar aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí phointe (b) a ngealltanais faoi seach a chomhlíonadh i gcomhréir le pointí (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír, lena n‑áirítear aon mhalairt gealltanais seachas an gealltanas dá bhforáiltear i bpointe (d) den fhomhír sin, go dtí an 1 Iúil 2018 ar a laghad.

7. Le linn na tréimhse ó 1 Iúil 2014 go dtí 30 Meitheamh 2016, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na soláthraithe seirbhísí fánaíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i mír 1, nuair a ghlacann siad leis na coinníollacha seo a leanas:

(a) déanfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra faoina dhearbhú féin agus faoi aon comhaontaithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta ábhartha a thabhairt d’Oifig BEREC, agus tagairt shonrach á déanamh don mhír seo;

(b) áiritheoidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta, bíodh sé trína líonraí féin nó de bhua comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta le soláthraithe eile seirbhísí fánaíochta, gur comhlíonadh coinníollacha mhír 1(a) i 10 mBallstát ar a laghad, arb ionann é agus ionadaíocht ar 30% de phobal an Aontais,ón 1 Iúil 2014 ar a dhéanaí, nó ó dháta an fhógra, cibé acu is déanaí;

(c) áiritheoidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta, bíodh sé trína líonraí féin nó de bhua comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta le soláthraithe eile seirbhísí fánaíochta, gur comhlíonadh coinníollacha mhír 1(a) i 14 Bhallstát ar a laghad, arb ionann é agus ionadaíocht ar 50% de phobal an Aontais, ón 1 Iúil 2015 ar a dhéanaí, nó ó dháta an fhógra, cibé acu is déanaí;

(d) áiritheoidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta, bíodh sé trína líonraí féin nó de bhua comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta le soláthraithe eile seirbhísí fánaíochta, gur comhlíonadh coinníollacha mhír 1(a) i 17 mBallstát ar a laghad, arb ionann é agus ionadaíocht ar 70% de phobal an Aontais,ón 1 Iúil 2016 ar a dhéanaí.

I gcás ina dtugann soláthraí seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo fógra faoina dhearbhú féin agus faoi aon chaomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta d’Oifig BEREC de bhun phointe (a) den chéad fhomhír agus go dtagann sé faoin mír seo dá bharr, beidh de cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta a thug an fógra agus ar aon pháirtithe conarthacha de réir bhrí phointe (b) a ngealltanais faoi seach a chomhlíonadh i gcomhréir le coinníollacha mhír 1(a), go dtí an 1 Iúil 2018 ar a laghad.

8. Rachaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta i mbun caibidlíochta de mheon macánta maidir leis na socruithe chun comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha fánaíochta a chur ar bun faoi théarmaí cothroma agus réasúnta i bhfianaise an chuspóra gur cheart go n‑éascófaí le comhaontuithe den sórt sin le soláthraithe eile seirbhísí fánaíochta leathadh fíorúil ar an gcumhdach líonra baile agus go ndéanfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo soláthar inbhuanaithe seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte ar an leibhéal praghais céanna lena seirbhísí baile cumarsáide soghluaiste.

9. De mhaolú ar mhír 1, tar éis an 1 Iúil 2016, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo nuair a léiríonn na soláthraithe sin go bhfuil iarracht déanta acu de mheon macánta comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha fánaíochta a chur ar bun nó a leathadh bunaithe ar théarmaí cothroma agus réasúnta i ngach Ballstát nach gcomhlíonann siad fós coinníollacha mhír 1 iontu agus nár éirigh leo aon chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach a dhaingniú le soláthraí seirbhísí fánaíochta i mBallstát amháin nó níos mó, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a bhaineann leis an íoschumhdach dá dtagraítear i mír 6(b) agus na forálacha ábhartha eile go léir san Airteagal seo. Sna cásanna sin, leanfaidh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as an Airteagal seo ag iarraidh tearmaí réasúnta a leagan síos le comhaontú fánaíochta a thabhairt i gcrích le soláthraí seirbhísí fánaíochta ó aon Bhallstát gan ionadaíocht.

10. I gcás ina bhfuil rochtain tugtha cheana féin do sholáthraí malartach seirbhíse fánaíochta ar chustaiméirí soláthraithe baile de bhun Airteagal 4(1) agus i gcás ina bhfuil na hinfheistíochtaí is gá chun freastal ar na custaiméirí sin déanta aige, ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(7) maidir le soláthraí den chineál sin le linn idirthréimhse trí bliana.  Tá an idirthréimhse gan dochar don ghá atá ann go ndéanfar aon tréimhse chonarthach níos faide a aontaíodh le soláthraí malartach seirbhíse a urrumú.

11. Tá an tAirteagal seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha fánaíochta.ʼ

(5) In Airteagal 8, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

ʻ2. Le héifeacht ón 1 Iúil 2013, maidir leis an muirear miondíola i ndáil le taraif Eora‑ghuthghlao (gan CBL a áireamh) a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta chun glao fánaíochta rialáilte a sholáthar, féadfar é a athrú i gcás aon ghlao fánaíochta ach ní rachaidh sé thar EUR 0,24 in aghaidh an nóiméid d’aon ghlao a dhéantar nó thar EUR 0,07 in aghaidh an nóiméid d’aon ghlao a fhaightear. Laghdófar an muirear uasta miondíola ar ghlaonna a dhéantar go dtí EUR 0,19 an 1 Iúil 2014. Ón 1 Iúil 2014 ar aghaidh, ní thoibheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon mhuirear ar a gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta i gcás glaonna a rinneadh, gan dochar do bhearta a rinneadh chun úsáid aimhrialta nó calaoiseach a sheachaint. Gan dochar d’Airteagal 19, leanfaidh na muirir uasta mhiondíola sin maidir leis an taraif Eora‑ghuthghlao de bheith bailí go dtí an 30 Meitheamh 2017.ʼ

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

ʼ Déanfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta muirear a ghearradh ar a chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta as aon ghlao fánaíochta rialáilte a bhfuil feidhm ag taraif Eora‑ghuthghlao ina leith a sholáthar ar bhonn ráta in aghaidh an tsoicind.ʼ

(6) In Airteagal 14, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

ʻ1a. Nuair atá teorainn le húsáid seirbhísí fánaíochta miondíolta rialáilte ag an ráta seirbhíse baile is infheidhme faoi threoir critéir i ndáil le húsáid réasúnta i gcomhréir le hAirteagal 4a(2), tabharfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta foláireamh dá gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta nuair a bheidh usáid glaonna fánaíochta agus teachtaireachtaí SMS ag teorainn na húsáide réasúnta agus ag an am céanna tabharfaidh siad faisnéis bhunúsach phearsantaithe praghsála dóibh maidir leis na muirir fánaíochta is infheidhme chun guthghlao a dhéanamh nó chun teachtaireacht SMS a sheoladh lasmuigh de ráta nó pacáiste seirbhíse baile i gcomhréir leis an dara, an ceathrú agus an gcúigiú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo.ʻ

(7) In Airteagal 15, cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

ʻ2a. Nuair atá teorainn le húsáid seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte ag an ráta seirbhíse baile is infheidhme faoi threoir critéir i ndáil le húsáid réasúnta i gcomhréir le hAirteagal 4a(2), tabharfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta foláireamh dá gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta nuair a bheidh úsáid seirbhísí fánaíochta sonraí ag teorainn na húsáide réasúnta agus ag an am céanna tabharfaidh siad faisnéis bhunúsach phearsantaithe praghsála dóibh maidir leis na muirir fánaíochta is infheidhme maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí lasmuigh de ráta nó pacáiste seirbhíse baile i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Beidh feidhm ag mír 3 den Airteagal seo maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí a úsáidfear lasmuigh de na rátaí nó pacáistí seirbhísí baile is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 4a(2).ʼ

(8) Leasaítear Airteagal 19 mar seo a leanas:

(a) Leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

ʻ Athbhreithneoidh an Coimisiún feidhmiú an Rialacháin seo agus, tar éis comhairliúcháin phoiblí, cuirfidh sé tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016.ʻ

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

ʻ(g) a mhéid is atá torthaí ann de bharr chur chun feidhme na mbeart struchtúrach dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 agus an chórais mhalartaigh dá bhforáiltear in Airteagal 4a maidir le hiomaíocht a fhorbairt sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí fánaíochta sa mhéid gur fíorbheag an difear idir taraifí fánaíochta agus taraifí náisiúnta;ʼ

(iii) cuirtear isteach pointe (i) seo a leanas:

'(i) a mhéid, más ann dó, a bhraitear go bhfuil forfhás praghsanna miondíola baile faoi thionchar an ráta seirbhíse baile a chuir soláthraithe seirbhísí fánaíochta i bhfeidhm ar sheirbhísí baile agus ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte ar fud an Aontais.

(b) Leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

ʻ(Má léirítear sa tuarascáil nach soláthraítear roghanna taraifí i ngach pacáiste miondíola d'úsáid réasúnta ag soláthraí amháin seirbhísí fánaíochta ar a laghad i ngach Ballstát, ar roghanna taraifí iad a mbíonn feidhm ag an ráta seirbhísí baile maidir le seirbhísí fánaíochta baile agus rialáilte, nó nach bhfuil taraifí miondíola fánaíochta a bheadh cóibhéiseach cuid mhaith curtha ar fáil go furasta sna tairiscintí ag soláthraithe malartacha seirbhísí fánaíochta do thomhaltóiri ar fud an Aontais, cuirfidh an Coimisiún, faoin dáta céanna, tograí iomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin agus lena áirithiú nach mbeidh aon difear idir taraifí náisiúnta agus taraifí fánaíochta laistigh den mhargadh inmheánach.ʻ

(ii)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

ʻ(d) athrú a dhéanamh ar ré na muirear uasta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagal 7, in Airteagal 9 agus in Airteagal 12 nó a leibhéil a laghdú d’fhonn cumas gach soláthraithe seirbhísí fánaíochta a atreisiú roghanna taraifí a chur ar fáil ina bpacáistí miondíola i ndáil le húsáid réasúnta ina mbeadh feidhm ag an tseirbhís bhaile is infheidhme maidir leis na seirbhísí baile agus leis na seirbhísí fánaíochta rialáilte, amhail is gur úsáideadh na seirbhísí fánaíochta rialáilte ar an líonra baile.ʼ

Airteagal 38 ‑ Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1211/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

ʻ2. Gníomhóidh BEREC laistigh de raon feidhme Threoir 2002/21/CE (an Chreat‑Treoir) agus Threoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/22/CE agus 2002/58/CE (Treoracha Sonracha), agus laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus Rialachán Uimh. XX/2014.ʼ

(2) In Airteagal 4, scriostar mír 4 agus mír 5

(3) Cuirtear isteach Airteagal 4a mar seo a leanas:

Airteagal 4a – Ceapachán agus cúraimí an Chathaoirligh

1. Déanfaidh Cathaoirleach ionadaíocht thar ceann an Bhoird Rialálaithe, duine gairmiúil neamhspleách lánaimseartha a bheidh ann.

Beidh an Cathaoirleach fostaithe mar ghníomhaire sealadach de chuid na hOifige de réir Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Beidh an Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Rialálaithe a ullmhú agus feidhmeoidh sé mar chathaoirleach gan aon cheart vótála ar chruinnithe de chuid an Bhoird Rialálaithe agus an Choiste Bainistíochta.

Gan dochar do ról an Bhoird Rialálaithe i ndáil le cúraimí an Chathaoirligh, ní lorgóidh an Cathaoirleach, ná ní ghlacfaidh sé aon treoir ó aon rialtas ná ó aon údarás neamhrialtasach, ón gCoimisiún ná ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile.

2. Is é an Bord Rialálaithe a cheapfaidh an Cathaoirleach ar bhonn fiuntais, scileanna agus eolais ar rannpháirtithe sa mhargadh don chumarsáid leictreonach agus ar na margaí féin, agus ar bhonn taithí a bhaineann le maoirseacht agus rialáil, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte.

Sula gceapfar é, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Rialálaithe ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

Is le formheas an Choiste Bainistíochta amháin a thiocfaidh ceapachán an Chathaoirligh i bhfeidhm.

As measc a chomhaltaí féin, toghfaidh an Bord Rialálaithe Leas‑Cathaoirleach a chomhlíonfaidh feidhmeanna an Chathaoirligh i gcás ina mbeidh sé as láthair.

3. Trí bliana a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar é a athnuachan uair amháin.

4. Le linn na naoi mí roimh dheireadh na téarma oifige trí bliana ag an gCathaoirleach, déanfaidh an Bord Rialálaithe meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a) na torthaí a baineadh amach i rith na chéad téarma oifige agus mar a baineadh amach iad.

(b) dualgais agus ceanglais an Bhoird Rialálaithe sna blianta amach anseo.

Má bheartaítear téarma oifige an Chathaoirligh a shíneadh, cuirfidh an Bord Rialálaithe an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa. Laistigh de mhí amháin roimh aon síneadh den sórt sin, féadfar a iarraidh ar an gCathaoirleach ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt

5. Ní fhéadfar an Cathaoirleach a chur as oifig ach amháin le cinneadh ón mBord Rialálaithe ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis formheas an Choiste Bainistíochta a fháil.

Ní choiscfidh an Cathaoirleach an Bord Rialálaithe ná an Bord Bainistíochta ó ábhair a bhaineann leis an gCathaoirleach a phlé, go háirithe an gá lena chur as oifig, agus ní bheidh sé páirteach in aon phlé a bhaineann le hábhar den sórt sin.ʼ

(4) Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a) Mír 2, scriostar fleasc 4.

(b) Leasaítear mír 3 mar seo a leanas:

ʻ3. Is éard a bheidh san Oifig:

(a) Cathaoirleach ar an mBord Rialálaithe;

(b) Coiste Bainistíochta;

(c) Bainisteoir Riaracháin.ʼ

(5) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) Leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

ʻ2.

Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Bainisteoir Riaracháin agus, nuair is ábhartha é, cuirfidh sé síneadh lena théarma/téarma oifige nó cuirfidh sé as oifig é/í i gcomhréir le hAirteagal 8.

 Ní ghlacfaidh an Bainisteoir Riaracháin ainmnithe páirt in ullmhú an chinnidh sin ná ní vótálfaidh sé ar an gcinneadh sin.ʼ

(4) Scriostar mír 4.

(6) Scriostar mír 2, mír 3 agus mír 4 d’Airteagal 8 agus cuirtear an méid seo a leanas ina n‑ionad:

ʻ2.

Beidh an Bainisteoir Riaracháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach de chuid na hOifige de réir Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

3. Ceapfaidh an Coiste Bainistíochta an Bainisteoir Riaracháin ó liosta iarrthóirí a bheidh molta ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach.

Chun críche chonradh an Bhainisteora Riaracháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Choiste Bainistíochta ionadaíocht thar ceann na hOifige.f

Sula gceapfar é, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

4. Cúig bliana a mhairfidh téarma oifige an Bhainisteora Riaracháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún faoi mheasúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Bhainisteora Riaracháin agus ar thascanna agus ar dhúshláin na hOifige amach anseo.

5. Féadfaidh an Coiste Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 4, tréimhse oifige an Bhainisteora Riaracháin a shíneadh uair amháin, go ceann cúig bliana ar a mhéid.

6. Má bheartaítear téarma oifige an Bhainisteora Riaracháin a shíneadh, cuirfidh an Coiste Bainistíochta an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa. Laistigh de mhí amháin roimh aon síneadh den sórt sin, féadfar a iarraidh ar an mBainisteoir Riaracháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil na Parlaiminte agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

7. Ní fhéadfaidh Bainisteoir Riaracháin ar cuireadh síneadh lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

8. Ní fhéadfar an Bainisteoir Riaracháin a chur as oifig ach amháin le cinneadh ón gCoiste Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

9. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta ar chinntí faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Bhainisteora Riaracháin ar bhonn thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.ʼ

(7) In Airteagal 9, leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

ʻ2. Cuideoidh an Bainisteoir Riaracháin le Cathaoirleach an Bhoird Rialálaithe clár oibre an Bhoird Rialálaithe, an Choiste Bainistíochta agus na Meithleacha Saineolaithe a ullmhú. Beidh an Bainisteoir Riaracháin rannpháirteach in obair an Bhoird Rialálaithe agus in obair an Choiste Bainistíochta, ach gan aon cheart vótála aige.ʼ

(8) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

ʻ1. Na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann na hOifige, lena n‑áirítear Cathaoirleach an Bhoird Rialálaithe agus an Bainisteoir Riaracháin.

2. Déanfaidh an Coiste Bainistíochta rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh ionas go mbeidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhreir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3. Na cumhachtaí a tugadh don Údarás Ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích ("cumhachtaí an údaráis cheapacháin") faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, déanfaidh an Coiste Bainistíochta iad a fheidhmiú i dtaobh bhaill foirne na hOifige .

4. I gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, glacfaidh an Coiste Bainistíochta cinneadh a bheidh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena dtarmligtear cumhachtaí ábhartha an údaráis cheapacháin chuig an mBainisteoir Riaracháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh d’údarás ag an mBainisteoir Riaracháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla, féadfaidh an Coiste Bainistíochta tarmligean cumhachtaí an údaráis cheapacháin chuig an mBainisteoir Riaracháin agus na cumhachtaí sin arna bhfotharmligean ag an mBainisteoir Riaracháin a chur ar fionraí go sealadach trí bhíthin cinnidh, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne seachas an Bainisteoir Riaracháin.ʼ

(9) Cuirtear isteach Airteagal 10a mar seo a leanas:

ʻAirteagal 10a ‑ Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus foireann eile

1. Féadfaidh an Oifig leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Oifig.

2. Glacfaidh an Coiste Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisúnta a thabhairt ar iasacht chun na hOifige.ʼ

Airteagal 39 – Clásal athbhreithnithe

Cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha ar mheastóireacht ar an Rialachán seo agus ar athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go tráthrialta. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach tráth nach déanaí ná 1 Iúil 2018. Cuirfear isteach tuarascálacha ina dhiaidh sin gach ceithre bliana. Más gá, cuirfidh an Coimisiún tograí iomchuí isteach d'fhonn an Rialachán seo a leasú agus d'fhonn ionstraimí dlíthiúla eile a ailíniú, agus aird á tabhairt go háirithe ar fhorbairtí sa teicneolaíocht faisnéise agus an dul chun cinn atá á dhéanamh sa tsochaí faisnéise. Déanfar na tuarascálacha a phoibliú.

Airteagal 40 - Teacht i bhfeidhm

1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2. Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2014.

Beidh feidhm ag Airteagail 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29 agus Airteagal 30 ón 1 Iúil 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I NA PARAMÉADAIR ÍOSTA MAIDIR LE TÁIRGÍ EORPACHA DE ROCHTAIN FHÍORÚIL AR LEATHANBHANDA

1. TAIRISCINT 1 – Táirge rochtana mórdhíola do líonraí fosaithe a thairgfear thar líonraí na chéad ghlúine eile ag Sraith 2 de shamhail seacht sraith do phrótacail chumarsáide de chuid Eagraíocht na gCaighdeán Idirnáisiúnta (‘Sraith an Nasctha Sonraí’), lena dtairgfear feidhmiúlachtaí a bheidh coibhéiseach le díchuachadh fisiciúil, le pointí aistrithe ar leibhéal atá níos giorra do háitreabh an chustaiméara ná ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.

1.1 Eilimintí líonra agus faisnéis ghaolmhar:

(a) cur síos ar an rochtain ar líonra a sholáthrófar, lena n‑áireofar tréithe teicniúla (lena n‑áireofar faisnéis i ndáil le cumraíocht an líonra nuair is gá chun úsáid éifeachtach a bhaint as an rochtain líonra);

(b) na suíomhanna ag a soláthrófar rochtain líonra;

(c) aon chaighdeáin theicniúla ábhartha a bhaineann le rochtain líonra, lena n‑áireofar srianta úsáide agus aon saincheist slándála eile;

(d) sonraíochtaí teicniúla don chomhéadan ag pointí aistrithe agus ag pointí críochnaithe líonra (áitreabh an chustaiméara);

(e) sonraíochtaí i ndáil le trealamh a úsáidfear ar an líonra; agus

(f) sonraí faoi thástálacha idir-inoibritheachta.

1.2 Feidhmiúlachtaí líonra:

(a) leithdháileadh solúbtha VLANanna (Líonraí Fíorúla Ceantair Logánta) a bheidh bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna;

(b) lúdracht agnóisíoch ó thaobh seirbhíse de, lena bhféadfar smacht a choimeád ar luasanna uaslódála agus íoslódála tráchta;

(c) cumasúchán slándála;

(d) rogha solúbtha i ndáil le trealamh ag áitreabh an chustaiméara (chomh fada agus is féidir go teicniúil);

(e) cianrochtain ar threalamh ag áitreabh an chustaiméara; agus

(f) feidhmiúlacht ilchraolacháin, i gcás ina bhfuil gá agus an cineál feidhmiúlachta is gá chun inmhacasamhlaitheacht theicniúil tairiscintí iomaíocha miondíola a áirithiú.

1.3 Próiseas oibríochtúil agus gnó:

(a) próisis ceanglas cáilitheachta d’ordú agus do sholáthrú;

(b) faisnéis bhilleála;

(c) nósanna imeachta i ndáil le hascnamh, bogadh agus críochnú; agus

(d) tréimhsí ama sonracha i gcomhair deisithe agus cothabhála.

1.4 Seirbhísí coimhdeacha agus Córais TF:

(a) faisnéis agus coinníollacha i ndáil le comhshuí agus aisiompar;

(b) sonraíochtaí do rochtain ar sheirbhísí coimhdeacha TF agus a n‑úsáid do chóras tacaíochta oibriúcháin, do chóras faisnéise agus do bhunachair i gcomhair réamhordaithe, soláthraithe, orduithe, iarrataí ar chothabháil agus ar dheisiú agus billeála, lena n‑áirítear srianta ar a n‑úsáid agus nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar na seirbhísí sin.

2. TAIRISCINT 2: Táirge rochtana mórdhíola do líonraí fosaithe a bheidh á thairiscint ag Sraith 3 de shamhail seacht sraith do phrótacail chumarsáide de chuid Eagraíocht na gCaighdeán Idirnáisiúnta (Sraith an Nasctha Sonraí’), ar leibhéal IP leibhéal an tsrutha giotáin le pointí aistrithe lena dtairgfear céim níos airde comhbhailiúcháin amhail atá ar leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach.

2.1 Eilimintí líonra agus faisnéis ghaolmhar:

(a) tréithe an naisc cheangail a sholáthrófar ag na pointí aistrithe (i ndáil le luas, Cáilíocht Seirbhíse, etc.);

(b) cur síos ar an líonra leathanbhanda a cheanglaíonn áitreabh an chustaiméara leis na pointí aistrithe, i ndáil le haisiompar agus rochtain ailtireachta líonraí;

(c) suíomh an phointe aistrithe (na bpointí aistrithe); agus

(d) na sonraíochtaí teicniúla do na comhéadáin ag pointí aistrithe.

2.2 Feidhmiúlachtaí líonra:

An cumas tacú le leibhéil éagsúla caighdeán seirbhíse (e.g. cáilíocht seirbhíse 1,2 agus 3) maidir le:

            (i) moill;

            (ii) giodam;

            (iii) caillteanas paicéid; agus

            (iv) cóimheas coimhlinte.

2.3 Próiseas oibríochtúil agus gnó:

(a) próisis ceanglas cáilitheachta d’ordú agus do sholáthrú;

(b) faisnéis bhilleála;

(c) nósanna imeachta i ndáil le hascnamh, bogadh agus críochnú; agus

(d) tréimhsí ama sonracha i gcomhair deisithe agus cothabhála.

2.4 Seirbhísí Coimhdeacha TF:

(b) Sonraíochtaí do rochtain ar sheirbhísí coimhdeacha TF agus a n‑úsáid do chóras tacaíochta oibriúcháin, do chóras faisnéise agus do bhunachair i gcomhair réamhordaithe, soláthraithe, ordaithe, iarrataí ar chothabháil agus ar dheisiú agus billeála, lena n‑áirítear srianta ar a n‑úsáid agus nósanna imeachta chun rochtain ar na seirbhísí sin.

3. TAIRISCINT 3: Deighleáin chríochnaithe mórdhíola de línte léasaithe, a bhfuil comhéadain fheabhsaithe acu, d’úsáid eisiach an chuardaitheora rochtana lena soláthrófar acmhainn bhuan shiméadrach gan srian maidir le húsáid lena mbeadh comhaontuithe de ghrád leibhéal na seirbhíse, trí nasc ó phointe go pointe agus le Sraith 2 de shamhail seacht sraith do chomhéadain líonra prótacail chumarsáide de chuid Eagraíocht na gCaighdeán Idirnáisiúnta (‘Sraith an Nasctha Sonraí’).

3.1 Eilimintí líonra agus faisnéis ghaolmhar:

(a) cur síos ar an rochtain ar líonra a sholáthrófar, lena n‑áireofar tréithe teicniúla (lena n‑áireofar faisnéis i ndáil le cumraíocht an líonra nuair is gá chun úsáid éifeachtach a bhaint as an rochtain líonra);

(b) na suíomhanna ag a soláthrófar rochtain líonra;

(c) na luasanna éagsúla agus an fhad uasta a thairgfear;

(c) aon chaighdeáin theicniúla ábhartha a bhaineann le rochtain líonra, lena n‑áireofar srianta úsáide agus aon saincheist slándála eile;

(f) sonraí faoi thástálacha idir-inoibritheachta;

(f) sonraíochtaí i ndáil le trealamh a cheadófar ar an líonra;

(g) comhéadan idir líonraí ar fáil (NNI);

(h) méid uasta an chreata a cheadófar, i mbearta.

3.2 Feidhmiúlachtaí líonra agus táirge;

(a) rochtain thiomnaithe shiméadrach saor ó choimhlint;

(b) lúdracht agnóiseach ó thaobh seirbhíse de, lena bhféadfar smacht a choimeád ar luasanna agus ar shiméadracht tráchta;

(a) trédhearcacht prótacail, leithdháileadh solúbtha VLANanna (Líonraí Fiorúla Ceantair Logánta) a bheidh bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna;

(d) Paraiméadair eile i leith Cáilíochta Seirbhíse, (moill, giodam, caillteanas paicéid) lena gcumasófar gníomhú ríthábhachtach don ghnó.

3.3 Próiseas oibríochtúil agus gnó:

(a) próisis ceanglas cáilitheachta d’ordú agus do sholáthrú;

(c) nósanna imeachta i ndáil le hascnamh, bogadh agus críochnú;

(d) tréimhsí ama sonracha i gcomhair deisithe agus cothabhála;

(d) athruithe ar chórais TF (a mhéid a chuireann sé isteach ar oibreoirí malartacha); agus

EUR muirir ábhartha, téarmaí íocaíochta agus nósanna imeachta billeála.

3.4 Comhaontuithe leibhéal na seirbhíse,

(a) an cúiteamh a bheidh le híoc ag páirtí amháin go páirtí eile toisc nár comhlíonadh gealltanais chonarthacha, lena n‑áirítear soláthrú agus am cothabhála, chomh maith leis na coinníollacha a bhaineann le hincháilitheacht ar chúitimh;

(b) sainmhíniú ar dhliteanas agus ar shlánaíocht agus teorannú ina leith;

(c) nósanna imeachta i gcás ina mholfaí athruithe ar na seirbhísí tairgthe, mar shampla, seoladh seirbhísí nua, athruithe ar sheirbhísí atá ann cheana nó athruithe ar phraghsanna;

(d) sonraí i leith aon chearta maoine intleachtúla ábhartha;

(e) sonraí i leith fhad agus athchaibidlíocht na gcomhaontuithe.

3.5 Seirbhísí Coimhdeacha TF:

sonraíochtaí do rochtain ar sheirbhísí coimhdeacha TF agus a n‑úsáid do chóras tacaíochta oibriúcháin, do chóras faisnéise agus do bhunachair i gcomhair réamhordaithe, soláthraithe, ordaithe, iarrataí ar chothabháil agus ar dheisiú agus billeála, lena n‑áirítear srianta ar a n‑úsáid agus nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar na seirbhísí sin.

IARSCRÍBHINN II NA PARAMÉADAIR ÍOSTA MAIDIR LE TÁIRGÍ EORPACHA LÚDRACHTA ASQ

Eilimintí líonra agus faisnéis ghaolmhar

‑ Cur síos ar an táirge lúdrachta atá le soláthar thar líonra fosaithe, lena n‑áirítear tréithe teicniúla agus glacadh aon chaighdeán ábhartha.

Feidhmiúlachtaí líonra:

‑ comhaontú lúdrachta lena n‑áireofar Cáilíocht Seirbhíse ó cheann go ceann, bunaithe ar pharaiméadair shonraithe chomhchoiteanna lenar féidir na haicmí seirbhísí seo a leanas a sholáthar ar a laghad:

‑ guthghlaonna agus físghlaonna;

‑ craoladh ábhair chlosamhairc; agus

‑ feidhmchláir i ndáil le sonraí criticiúla.

[1]               COM [cuirtear isteach an tagairt deiridh]

[2]               COM(2013) 147.

[3]               IO L 334, 28.12.2007, lch. 65.

[4]               Steps towards a truly internal market for e-communications in the run‑up to 2020, Ecorys, TU Delft agus TNO, 2012.

[5]               Business communications, economic growth and the competitive challenge, WIK, 2012.

[6]               Capturing the ICT dividend, Oxford Economics Research, 2011.

[7]               Quantitative estimates of the demand for cloud computing in Europe and the likely barriers to takeup, IDC, 2012.

[8]               COM(2013) 48.

[9]               Go sonrach, tionóladh seisiún eolais leis an bpobal sa Bhruiséil an 17 Meitheamh 2013. Reáchtáladh ócáid eile mar chuid den Tionól Bliantúil um an dTráthchlár Digiteach i mBaile Átha Cliath an 19 Meitheamh.

[10]             Steps towards a truly internal market for e-communications in the run‑up to 2020, Ecorys, TU Delft agus TNO, 2012.

[11]             European Commission, European Economy Occasional Papers 129: Market Functioning in Network Industries - Electronic Communications, Energy and Transport, 2013.

[12]             IO C , , lch. .

[13]             IO C , , lch. .

[14]             Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu (Treoir na Rochtana) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 7)

[15]             Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 21)

[16]             Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir Réime) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33)

[17]             Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51).

[18]             Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

[19]             Treoir ón gCoimisiún 2002/77/CE an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht sna margaí do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO L 249, 17.9.2002, lch. 21.)

[20]             Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO L 337, 18.12.2009, lch. 1).

[21]             Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10).

[22]             Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 ó Pharlaimint na hEorpa lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió (IO L 81, 21.3.2012, lch. 7).

[23]             Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 ó Pharlaimint na hEorpa lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió, IO L 81, 21.3.2012.

[24]             Cinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas um an speictream raidió sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh an Speictrim Raidió) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 1).

[25]             Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2001 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2 2011, lch. 13).

[26]             Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10).

[27]             Cinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas um an speictream raidió sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh an Speictrim Raidió) (IO L 109, 24.4.2002, lch. 1).

[28]             Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 2002 maidir le Grúpa um an mBeartas Radaispeictrim a bhunú (IO L 198, 27.7.2002, lch. 49).

[29]             Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió (IO L 81, 21.3.2012, lch. 7).

[30]             Treoir 2013/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (réimsí leictreamaighnéadacha) (an fichiú Treoir leithleach laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/40/CE (IO L 179, 29.6.2013, lch. 1).

[31]             Moladh 1999/519/CE ón gComhairle an 12 Iúil 1999 maidir leis an teorannú ar nochtadh an phobail i gcoitinne do réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go 300 GHz) (IO L 1999, 30.7.1999, lch. 59).

[32]             Treoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le trealamh raidió agus trealamh teirminéil teileachumarsáide agus le haitheantas frithpháirteach a gcomhréireachta (IO L 91, 7.4.1999, lch. 10).

[33]             Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE, IO L 165, 18 Meitheamh 2013, lch. 63.

Top